Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Lárionad ‘AccessibleEU’ chun tacú le beartais inrochtaineachta i margadh inmheánach AE (2022/2013(INI))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint d’Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach,
– ag féachaint d’Airteagail 19, 48, 67(4), 153, 165, 168 agus 174 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagail 3, 21, 24, 26, 34, 35, 41 agus 47 di,
– ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (CRPD), agus dá theacht i bhfeidhm an 21 Eanáir 2011, i gcomhréir le Cinneadh 2010/48/CE ón gComhairle an 26 Samhain 2009 maidir leis an gComhphobal Eorpach do thabhairt Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas i gcrích(1),
– ag féachaint do na barúlacha ginearálta maidir le CRPD, a dhréachtaigh Coiste na Náisiún Aontaithe um Chearta Daoine faoi Mhíchumas mar threoir údarásach maidir lena chur chun feidhme, agus go háirithe barúil ghinearálta Uimh. 2 maidir le hAirteagal 9: Inrochtaineacht, arna ghlacadh an 11 Aibreán 2014,
– ag féachaint don Chód Iompair idir an Chomhairle, na Ballstáit agus an Coimisiún lena leagtar amach socruithe inmheánacha maidir le cur chun feidhme Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas ag an Aontas Eorpach agus ionadaíocht an Aontais Eorpaigh ina leith(2),
– ag féachaint do na breithnithe deiridh ó Choiste na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas an 2 Deireadh Fómhair 2015 maidir leis an tuarascáil tosaigh ón Aontas Eorpach,
– ag féachaint d’fhiosrúchán straitéiseach an Ombudsman Eorpaigh maidir leis an mbealach a ndéanann an Coimisiún faireachán ar Chistí AE arna n-úsáid chun cearta daoine faoi mhíchumas agus daoine scothaosta atá ag maireachtáil go neamhspleách a chur chun cinn,
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Márta 2021 dar teideal Union of Equality: Strategy for the Rights of Persons with Disabilities 2021-2030 [An tAontas Comhionannais: Straitéis maidir le Cearta Daoine atá faoi Mhíchumas 2021-2030] (COM(2021)0101),
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le prionsabal na córa comhionainne a chur chun feidhme idir daoine gan beann ar reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéasach (COM(2008)0426, ‘an treoir frith-idirdhealaithe’) agus do sheasamh na Parlaiminte an 2 Aibreán 2009 ina leith sin(3),
– ag féachaint do rún uaithi an 18 Meitheamh 2020 maidir leis an straitéis Eorpach um Míchumas tar éis 2020(4),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/782 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid(5),
– ag féachaint do Threoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí(6) (an Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht),
– ag féachaint do Threoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht suíomhanna gréasáin agus feidhmchlár móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí(7),
– ag féachaint do Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach(8),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/612 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (athmhúnlú)(9),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘2030 Digital Compass: the European way for the Digital Decade [Compás Digiteach 2030: an modh Eorpach do na Deich mBliana Digiteacha] (COM(2021)0118),
– ag féachaint do Threoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos le dlí, le rialachán nó le gníomh riaracháin sna Ballstáit a bhaineann le seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc)(10),
– ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘Sustainable and Smart Mobility Strategy – putting European transport on track for the future’ [An Straitéis um tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste – iompar Eorpach a chur ar an mbóthar ceart don todhchaí].(COM(2020)0789),
– ag féachaint don Chlár Oibre Nua do Thomhaltóirí (COM(2020)0696), a bhfuil na riachtanais shonracha atá ag grúpaí tomhaltóirí áirithe i measc na gcúig thosaíocht aige, ina measc, daoine faoi mhíchumas,
– ag féachaint do Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE(11) (An Treoir maidir le Soláthar Poiblí),
– ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027(12),
– ag féachaint do Chinneadh (AE) 2018/254 ón gComhairle an 15 Feabhra 2018 maidir le tabhairt i gcrích Chonradh Marrakech, thar ceann an Aontais Eorpaigh, maidir le rochtain ar shaothair fhoilsithe a éascú do dhaoine dalla, do dhaoine lagamhairc nó dóibh siúd atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar aon bhealach eile(13),
– ag féachaint do na caighdeáin inrochtaineachta a eascraíonn as sainorduithe 376, 554, 420 agus 473 ón gCoimisiún,
– ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 181/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cearta paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004(14),
– ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le cearta paisinéirí agus iad ag taisteal ar muir agus ar uiscebhealaí intíre agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004(15),
– ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir leis na cearta atá ag daoine faoi mhíchumas agus daoine faoi mhíchumas luaineachta agus iad ag taisteal d’aer(16),
– ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91(17),
– ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1300/2014 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2014 maidir leis na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh idir-inoibritheachta a bhaineann le hinrochtaineacht chóras iarnróid an Aontais do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe(18),
– ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (A9-0209/2022),
A. de bhrí go bhfuil cearta comhionanna ag daoine faoi mhíchumas ar bhonn comhionann le daoine eile i ngach réimse den saol agus go bhfuil na cearta doshannta acu chun dínite, cóir chomhionann, maireachtáil neamhspleách, neamhspleáchas agus rannpháirtíocht iomlán sa tsochaí, rud a théann chun tairbhe do gach leibhéal den tsochaí;
B. de bhrí go bhfuil míchumas de chineál éigin ar níos mó ná 87 milliún duine san Aontas, agus de bhrí nach mór an treocht dhéimeagrafach atá ag dul in aois san Aontas a chur san áireamh;
C. de bhrí gur réamhchoinníoll riachtanach í an inrochtaineacht chun go mbeidh daoine faoi mhíchumas in ann leas iomlán a bhaint as cearta an duine agus as saoirsí bunúsacha; de bhrí, de réir Airteagal 9 de CRPD maidir le hinrochtaineacht, chun cur ar chumas daoine faoi mhíchumas maireachtáil go neamhspleách agus páirt iomlán a ghlacadh i ngach gné den saol, nach mór do pháirtithe stáit bearta iomchuí a ghlacadh chun a áirithiú go mbeidh rochtain acu, ar bhonn comhionann le daoine eile, ar an timpeallacht fhisiciúil, ar iompar, ar fhaisnéis agus ar chumarsáid, lena n-áirítear teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFC) agus córais, agus ar shaoráidí agus seirbhísí eile atá oscailte nó curtha ar fáil don phobal, i gceantair uirbeacha agus i gceantair thuaithe araon;
D. de bhrí nach mór do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar inrochtaineacht a phríomhshruthú ar gach leibhéal, ní hamháin i bhfoirgnimh phoiblí agus san iompar poiblí, ach freisin sa tsláinte agus san oideachas, chomh maith le soghluaisteacht do dhaoine faoi mhíchumas agus lánpháirtiú daoine faoi mhíchumas a mhéadú;
E. de bhrí go sainmhínítear ‘dearadh uilíoch’ in CRPD mar dhearadh táirgí, timpeallachtaí, clár agus seirbhísí atá le húsáid ag gach duine, a mhéid is féidir, gan gá le hoiriúnú ná dearadh speisialaithe agus gan feistí cúnta do ghrúpaí áirithe daoine faoi mhíchumas a eisiamh; de bhrí go bhfuil inrochtaineacht ar cheann de phrionsabail ghinearálta CRPD, agus go bhfuil AE agus na Ballstáit faoi cheangal dlíthiúil ag CRPD faoi Chinneadh 2010/48/CE; de bhrí go dtugann barúil ghinearálta Uimh. 2 maidir le CRPD dá haire an oibleagáid atá ar pháirtithe stáit pleananna gníomhaíochta agus straitéisí a ghlacadh chun bacainní ar inrochtaineacht atá ann cheana a shainaithint, creataí ama a shocrú le spriocdhátaí sonracha agus na hacmhainní daonna agus ábhartha araon is gá a sholáthar chun na bacainní a bhaint; de bhrí go bhfuil inrochtaineacht ríthábhachtach chun go mbeidh daoine faoi mhíchumas in ann leas a bhaint as na cearta chun príobháideachta, chun neamh-idirdhealaithe, chun fostaíochta, chun oideachais chuimsithigh, chun rannpháirtíocht pholaitiúil, agus chun cearta eile a chumhdaítear in CRPD;
F. de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag údaráis áitiúla maidir le tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit i bhforbairt beartas sóisialta, lena n-áirítear beartais maidir le míchumas agus inrochtaineacht, trí anailís a dhéanamh ar na riachtanais ar an láthair agus trí bhearta sonracha a chur chun feidhme;
G. de bhrí go gcothóidh teicneolaíochtaí cúnta ardcháilíochta agus inacmhainne cuimsiú iomlán daoine faoi mhíchumas sa tsochaí agus go rachaidh sé chun tairbhe do dhaoine faoi mhíchumas agus do sholáthraithe na dteicneolaíochtaí sin, chomh maith leis an tsochaí ina hiomláine; de bhrí go gcuideoidh teicneolaíochtaí cúnta le héagothromaíochtaí i measc na mBallstát a laghdú agus de bhrí nach féidir leis na teicneolaíochtaí sin oibriú ach i dtimpeallachtaí inrochtana;
H. de bhrí go bhfuil acmhainneacht eacnamaíoch shoiléir ag leibhéil fostaíochta níos airde do dhaoine faoi mhíchumas, inrochtaineacht níos fearr agus cuimsiú níos mó an ghrúpa sin sa lucht saothair;
I. de bhrí gur bhunaigh an tAontas creat dlíthiúil cuimsitheach maidir le hinrochtaineacht sa mhargadh inmheánach, go háirithe trí reachtaíocht shonrach inrochtaineachta a ghlacadh amhail an Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht, agus lena n-áirítear oibleagáidí inrochtaineachta i bpíosaí éagsúla reachtaíochta earnála, lena n-áirítear rialacháin AE maidir le cistí; de bhrí go dtabharfaidh an Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht, a mbeidh feidhm aici ón 28 Meitheamh 2025, ceanglais nua shuntasacha isteach maidir le hinrochtaineacht táirgí agus seirbhísí;
J. de bhrí go rannchuideoidh cur chun feidhme iarbhír na mbeartas a bhaineann le míchumais go dearfach le hiomaíochas mhargadh inmheánach AE agus, dá bhrí sin, gur acmhainn dhílis é do gheilleagar AE;
K. de bhrí gur léiríodh sa mheastóireacht ar an Straitéis Eorpach um Míchumas 2010-2020 gur chuir a rannchuidiú feabhas ar an staid i roinnt réimsí, ach gur cuireadh chun suntais freisin go bhfuil bacainní suntasacha fós roimh dhaoine faoi mhíchumas maidir le rochtain ar chúram sláinte, oideachas, iompar, an timpeallacht thógtha, TFC, fostaíocht agus gníomhaíochtaí áineasa, chomh maith le rannpháirtíocht sa saol polaitiúil agus i réimsí eile den saol;
1. á chur in iúl gur geal léi an teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘Aontas an Chomhionannais: Straitéis Eorpach maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030’ (an Straitéis), arb é is aidhm di a áirithiú go mbeidh gach duine faoi mhíchumas san Eoraip in ann leas a bhaint as a gcearta, páirt a ghlacadh sa tsochaí agus sa gheilleagar faoi choinníollacha comhionanna agus gan a bheith ina n-ábhar idirdhealaithe a thuilleadh, agus aghaidh á tabhairt ar na bacainní suntasacha a léiríodh sa mheastóireacht ar an Straitéis Eorpach um Míchumas 2010-2020
2. á chur in iúl gur geal léi an tionscnamh ón gCoimisiún, a fógraíodh sa Straitéis, chun Lárionad AccessibleEU (an Lárionad) a bhunú; á aithint go bhfuil sé mar aidhm ag an Lárionad comhleanúnachas na mbeartas inrochtaineachta comhchuibhithe a mhéadú, tacú lena gcur chun feidhme, agus rochtain ar eolas agus scileanna ábhartha a éascú, cultúr comhdheiseanna agus rannpháirtíocht iomlán sa tsochaí do dhaoine faoi mhíchumas a chur chun cinn, lena n-áirítear ar an leibhéal gairmiúil, i spás comhoibríoch idir riaracháin phoiblí, ionadaithe gnó, an tsochaí shibhialta faoi mhíchumas, saineolaithe agus úsáideoirí inrochtaineachta;
3. ag tabhairt dá haire nach mbeifear in ann torthaí inrochtaineachta níos fearr a bhaint amach sa tsochaí ach amháin má leanann an Lárionad an cur chuige ‘dearadh uilíoch’; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá a áirithiú go gcuirfear an cur chuige cuimsitheach sin maidir le hinrochtaineacht san áireamh mar is cuí, go háirithe maidir leis an timpeallacht fhisiciúil, iompar, faisnéis, cumarsáid, seirbhísí, agus réimse na gconarthaí agus na dtairiscintí soláthair phoiblí; á mheas go dtugtar le tuiscint leis an gcur chuige sin freisin rannpháirtíocht éifeachtach na ngeallsealbhóirí agus na sealbhóirí cirt uile ina n-imeachtaí;
4. á thabhairt chun suntais gur bhunaigh AE creat dlíthiúil cuimsitheach don inrochtaineacht sa mhargadh aonair bunaithe ar shainordú CRPD, lena n-áirítear, inter alia, an Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht, an Treoir maidir le hInrochtaineacht Suíomhanna Gréasáin, treoracha maidir le seirbhísí meán closamhairc agus cumarsáid leictreonach, agus sonraíochtaí teicniúla do stáisiúin iarnróid agus d’fheithiclí; á mheabhrú go bhfuil spriocdhátaí cur chun feidhme ag gnéithe den chreat sin amach anseo agus á mholadh go ndéantar iarrachtaí breise chun cur chun feidhme luath a bhaint amach; á chur in iúl gur oth léi, i gcás inar gá cheana féin, go bhfuil éagsúlacht mhór i gcur chun feidhme na reachtaíochta ríthábhachtaí sin ar fud na mBallstát agus, go ginearálta, nach bhfuil sé sásúil go fóill, mar gheall ar easpa saineolaithe inrochtaineachta cáilithe den chuid is mó; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur gá feabhas a chur ar an eolas foriomlán, chomh maith le saineolas praiticiúil agus teoiriciúil ar bheartais inrochtaineachta i measc riaracháin phoiblí, oibreoirí eacnamaíocha agus na sochaí i gcoitinne, chun cabhrúle teacht ar réitigh oiriúnacha, inbhuanaithe agus inacmhainne i ngach Ballstát agus, ar an gcaoi sin, feabhas a chur ar chur chun feidhme na gceanglas inrochtaineachta atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo; á chur i bhfáth sa chomhthéacs sin gur cheart don Lárionad gníomhú mar acmhainn thábhachtach chun an t-eolas agus an tacaíocht sin a chur ar fáil do na Ballstáit le linn chéim an chur chun feidhme;
5. ag aithint bunú meithleacha ad hoc chun reachtaíocht inrochtaineachta áirithe a chur chun feidhme; á chreidiúint, áfach, go bhfuil easpa creata comhordúcháin agus comhair idir AE, na Ballstáit, go háirithe údaráis phoiblí a dhéanann faireachán agus forfheidhmiú ar dhlíthe inrochtaineachta, agus na geallsealbhóirí ábhartha a thacaíonn le réitigh trasghearrtha, eadhon daoine faoi mhíchumas trína n-eagraíochtaí ionadaíocha, gairmithe inrochtaineachta agus an earnáil phríobháideach, ina mbacainn bhreise ar chur chun feidhme na ndlíthe inrochtaineachta agus ar a bhforfheidhmiú comhchuibhithe ar fud an Aontais;
6. ag iarraidh ar an gCoimisiún acmhainní leordhóthanacha a áirithiú, i dtéarmaí maoinithe agus acmhainní daonna araon, chun an Lárionad a bhunú agus a fheidhmiú; ag iarraidh ar na Ballstáit na hacmhainní is gá a áirithiú chun beartais inrochtaineachta a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear trí chistí AE; á chur i bhfáth go bhfuil cistiú leordhóthanach ríthábhachtach chun beartais phoiblí éifeachtacha maidir le hinrochtaineacht a shaothrú, chomh maith le dul chun cinn a bhaint amach maidir le raon leathan topaicí amhail feasacht a mhúscailt trí ghníomhaíochtaí cumarsáide, go háirithe i dtreo eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine faoi mhíchumas, míchumais dhofheicthe a aithint agus cártaí míchumais náisiúnta nó caighdeáin inrochtaineachta a chomhchuibhiú;
Struchtúr
7. ag iarraidh ar an gCoimisiún rúnaíocht agus fóram a bhunú chun obair an Lárionaid a stiúradh agus a threorú; á chur i bhfios go láidir gur cheart don fhóram rannpháirtíocht chothrom geallsealbhóirí ó na hearnálacha poiblí agus príobháideacha agus ó shealbhóirí cirt a bhfuil taithí oiriúnach acu i réimse na hinrochtaineachta a ráthú; á chur i bhfáth gur cheart cothromaíocht inscne a áirithiú; á chur i bhfios go láidir nach mór rannpháirtíocht eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine faoi mhíchumas a áirithiú mar chuid bhunriachtanach d’obair an Lárionaid, chun an leibhéal trédhearcachta is airde is féidir a áirithiú maidir lena ghníomhaíochtaí; á chreidiúint gur cheart don Lárionad clár oibre bliantúil a fhoilsiú agus gur cheart ionadaithe i measc Fheisirí Pharlaimint na hEorpa a áireamh san fhóram;
8. á thabhairt chun suntais na dúshláin shonracha a bhaineann le réimsí áirithe de bheartais inrochtaineachta, amhail an timpeallacht thógtha, soláthar poiblí, teicneolaíochtaí digiteacha, na meáin agus cultúr, iompar, teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus teicneolaíochtaí cúnta, agus táirgí agus seirbhísí atá ar fáil don phobal; ag iarraidh ar an gCoimisiún foghrúpaí speisialaithe saineolaithe a bhunú do réimsí áirithe; á chur in iúl go bhfuil sí cinnte de gur cheart do na grúpaí sin oibriú i ndlúthchomhar leis an Lárionad, leis na Ballstáit, le daoine faoi mhíchumas agus le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine faoi mhíchumas, chun measúnú, cur chun feidhme, faireachán agus forfheidhmiú níos fearr ar reachtaíocht a bhaineann le hinrochtaineacht a ráthú;
9. ag iarraidh ar na Ballstáit moil inrochtaineachta náisiúnta a bhunú, a d’fhéadfadh a bheith comhdhéanta de phointí teagmhála agus de ghrúpaí saineolaithe atá ar aon dul le chéile chun oibriú leis an Lárionad maidir le reachtaíocht inrochtaineachta a chur chun feidhme, faireachán a dhéanamh uirthi agus í a fhorfheidhmiú; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart do na moil inrochtaineachta náisiúnta malartú agus comhordú a éascú i measc geallsealbhóirí agus sealbhóirí ceart ábhartha, lena n-áirítear oibreoirí eacnamaíocha, eagraíochtaí daoine faoi mhíchumas agus údaráis náisiúnta atá freagrach as inrochtaineacht agus cur chun feidhme na reachtaíochta earnála; á chur in iúl go bhfuil sí cinnte de gur cheart do shaineolaithe ábhair an Lárionaid treoir agus oiliúint a chur ar fáil do na geallsealbhóirí ábhartha uile; á chreidiúint go bhféadfadh grúpaí den sórt sin cabhrú le teacht ar réitigh inrochtaineachta lena gcuirtear na sainiúlachtaí náisiúnta san áireamh;
Sainordú
10. á chreidiúint gur cheart go bhfeidhmeodh an Lárionad mar mhol a sholáthraíonn cúnamh rialta agus saineolas a bhaineann le beartais inrochtaineachta agus ceanglais theicniúla d’institiúidí agus comhlachtaí ábhartha AE agus dá Bhallstáit agus dlí an Aontais á chur chun feidhme acu; á chreidiúint gur cheart don Lárionad creat comhair a bhunú agus a chomhordú lena dtabharfaí le chéile na comhlachtaí ábhartha náisiúnta agus comhlachtaí ábhartha de chuid an Aontais le gach grúpa úsáideoirí, go háirithe eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine faoi mhíchumas, ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ar an saol acadúil, ar chuideachtaí agus ar ghairmithe ó gach réimse inrochtaineachta agus ceart tomhaltóirí, chun tacú le cur chun feidhme agus forfheidhmiú comhchuibhithe ar fud an Aontais, chun treoir agus oiliúint a chur ar fáil, agus chun forbairtí beartais agus nuálaíocht a spreagadh ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear trí dhea-chleachtais a shainaithint agus a chomhroinnt ar fud earnálacha, agus trí uirlisí a chruthú arb é is aidhm dóibh cur chun feidhme dhlí an Aontais a éascú; á chreidiúint, thairis sin, go bhféadfadh an Lárionad feabhas a chur ar an gcomhar idir na comhlachtaí agus na heagraíochtaí thuasluaite le geallsealbhóirí an-nuálach, chun forbairt teicneolaíochtaí cúnta a chur chun cinn; á mheas gur cheart don Lárionad comhairle a chur ar fáil freisin, lena n-áirítear treoirlínte, d’institiúidí agus comhlachtaí ábhartha AE agus dá Bhallstáit maidir lena mbeartais agus cleachtais inmheánacha inrochtaineachta;
11. á chur i bhfáth na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag an Lárionad maidir le tacaíocht a thabhairt d’obair an Choimisiúin, inter alia bearnaí agus neamhréireachtaí sa reachtaíocht reatha a shainaithint agus a shárú, moltaí beartais a sholáthar chun dlíthe inrochtaineachta a nuashonrú agus a fhorbairt, inrochtaineacht a phríomhshruthú i ngach beartas ábhartha atá faoi chúram Ard-Stiúrthóireachtaí éagsúla an Choimisiúin, lena n-áirítear trí réimsí tosaíochta a shainaithint inar cheart feabhas a chur ar inrochtaineacht, trí thionscadail a dhéanamh ina bhféachtar ar bhealaí nuálacha chun inrochtaineacht a chur chun feidhme, trí chúnamh a thabhairt i ndréachtú sonraíochtaí inrochtaineachta teicniúla, agus trí chabhrú le gníomhaireachtaí agus comhlachtaí AE le hábhair a bhaineann le hinrochtaineacht;
12. á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart don Lárionad eolas luachmhar ar inrochtaineacht a ghiniúint trí thaighde agus staidéir a úsáid, ar cheart é a sholáthar don Choimisiún agus do na Ballstáit araon, agus gur cheart dó faisnéis speisialaithe agus inchomparáide agus sonraí a bhfuil rochtain iomlán orthu a bhailiú agus a chomhdhlúthú, lena n-áirítear aiseolas maidir le cur chun feidhme na ndlíthe inrochtaineachta; á thabhairt chun suntais go gcabhródh na gníomhaíochtaí sin le beartais inrochtaineachta a bheith bunaithe go daingean ar riachtanais agus ar thaithí úsáideoirí; á chur i bhfáth gur cheart don Lárionad cabhrú chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí i mbailiú sonraí staidrimh ar an leibhéal náisiúnta maidir le staid daoine faoi mhíchumas agus gur cheart comhar leis na comhlachtaí ábhartha staidrimh, go háirithe Eurostat, a bheith beartaithe;
13. á mheas go mbeadh ról an Lárionaid bunriachtanach maidir le heolas agus tacaíocht a chur ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit, do gheallsealbhóirí agus do shealbhóirí cirt maidir le beartais inrochtaineachta a chur chun feidhme, faireachán a dhéanamh orthu agus iad a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear trí oiliúint agus treoirdhoiciméid i dteangacha oifigiúla uile an Aontais agus scríofa i dteanga inrochtana, intuigthe agus éasca le léamh;
14. á chur i bhfáth gur cheart don Lárionad cabhrú le neamhréireachtaí idir CRPD agus beartais AE a shárú, agus, ar an gcaoi sin, gur cheart dó cabhrú leis na Ballstáit an phríomhsprioc a bhaint amach, is é sin leibhéil fostaíochta a mhéadú i measc daoine faoi mhíchumas; á chur i bhfios gur gá don Aontas agus do na Ballstáit a bheith rannpháirteach sa ghníomhaíocht phríomhshruthaithe sin freisin trí dhlúthchomhar le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine faoi mhíchumas agus ar eagraíochtaí eile na sochaí sibhialta, ar údaráis phoiblí, agus ar an earnáil phríobháideach;
15. á thabhairt dá haire go n-éilítear ardleibhéal saineolais theicniúil chun beartais inrochtaineachta a chur chun feidhme agus nach n-áirítear go leordhóthanach iad i gcláir ardoideachais, rud a chuireann, ar an gcaoi sin, le heaspa saineolaithe inrochtaineachta cáilithe san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach ar fud na réimsí; á chur i bhfáth gur cheart don Lárionad tacú leis na Ballstáit cláir oideachais thiomnaithe a fhorbairt le haghaidh ábhair a bhaineann le hinrochtaineacht agus gur cheart dó oiliúint a chur ar fáil do ghairmithe, d’oifigigh phoiblí AE agus náisiúnta chomh maith le geallsealbhóirí ábhartha agus sealbhóirí cirt chun feasacht ar na saincheisteanna sin a mhéadú;
16. á chur in iúl gur oth léi nach gceadaíonn an córas caighdeánaithe go leordhóthanach do dhaoine faoi mhíchumas agus dá n-eagraíochtaí ionadaíocha a bheith rannpháirteach ar bhonn cothrom le geallsealbhóirí eile i ngníomhaíochtaí comhlachtaí Eorpacha agus náisiúnta um chaighdeánú agus caighdeáin inrochtaineachta á ndréachtú acu; á iarraidh, dá bhrí sin, go mbeadh ionadaíocht níos fearr ann laistigh den chóras caighdeánaithe agus go mbeadh ionadaíocht chothrom ann i measc saineolaithe ainmnithe, chun toradh cothrom ar reachtaíocht agus ar chaighdeáin inrochtaineachta an Aontais a ráthú; á mheas gur cheart go mbeadh ról suntasach ag an Lárionad sa chóras socraithe caighdeán agus go bhféadfadh sé saineolas a chur ar fáil don Choimisiún nuair a bheidh an Coimisiún rannpháirteach in obair na gcoistí um chaighdeánú, lena n-áirítear trí chomhairle a sholáthar ó shaineolaithe um chaighdeánú ó eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine faoi mhíchumas, agus, i gcás inar féidir, cúnamh a thabhairt don Choimisiún sonraíochtaí teicniúla agus iarrataí ar chaighdeáin Eorpacha agus ar tháirgí insoláthartha Eorpacha a dhréachtú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012(19), lena n-áirítear trí rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí ábhartha agus na sealbhóirí cirt uile; á chreidiúint go mbeadh tairbhí soiléire ag baint le rannpháirtíocht an Lárionaid do dhaoine faoi mhíchumas maidir le gluaiseacht ar fud AE agus go dtabharfaí de chumhacht dóibh leas a bhaint as a gceart chun obair, maireachtáil agus taisteal gan bhac;
17. ag iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh laistigh de chúig bliana ó cruthaíodh an Lárionad chun meastóireacht a dhéanamh ar a éifeachtacht agus ar a bhreisluach maidir le feabhas a chur ar bheartais inrochtaineachta laistigh de AE; á chur i bhfios go láidir gur cheart don Choimisiún, ar bhonn an mheasúnaithe sin, céimeanna iomchuí a ghlacadh chun an Lárionad a nuashonrú agus a fheabhsú, lena n-áirítear meastóireacht a dhéanamh ar an bhféidearthacht gníomhaireacht a bhunú mura mbainfear amach na cuspóirí a liostaítear ina shainordú; ag iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar obair an Lárionaid agus ar a bhfuil bainte amach aige trí thuarascálacha bliantúla a thíolacadh don Pharlaimint;
o o o
18. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit.
Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).