Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Deireadh Fómhair 2022 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (COM(2021)0656 – C9-0396/2021- 2021/0340(COD))
(Gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0656),
– ag féachaint d'Airteagal 294(2) agus d'Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a chuir an Coimisiún an togra faoi bhráid na Parlaiminte (C9‑0396/2021),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 8 Nollaig 2021(1),
– tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 29 Meitheamh 2022 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don togra ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A9-0092/2022),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é(2);
2. ag cur sonrú sa ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo;
3. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
4. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Tá an seasamh seo ag gabháil in ionad na leasuithe a glacadh an 3 Bealtaine 2022 (Téacsanna arna nglacadh, (P9_TA(2022)0130).
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 4 Deireadh Fómhair 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/2400.)
IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH
Ráiteas ón gCoimisiún
Ráiteas ón gCoimisiún tráth glacadh Rialachán (AE) 2022/2400(1), maidir le cód dramhaíola 17 05 04 ‘ithir agus clocha seachas iad siúd a luaitear in 17 05 03’ a áireamh i gcuid 2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021
Níor cheart go dtuigfí le háireamh an chóid dramhaíola le haghaidh ‘ithreacha agus clocha seachas iad siúd a luaitear in 170503’ i gcuid 2 d’Iarscríbhinn V go bhfuiltear i bhfabhar ithir a dhiúscairt mar dhramhaíl seachas feabhsúchán d’fhonn giniúint dramhaíola a chosc.
I gcás ina dtairgtear an rogha bainistithe dramhaíola comhshaoil is fearr leis an diúscairt, tá an maolú eisceachtúil ar chóireáil dhíobhálach faoi réir cheanglais Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) 2019/1021.’
Rialachán (AE) 2022/2400 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena leasaítear Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (IO L 317, 9.12.2022, lch. 24).