Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2016/0399(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0237/2022

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0237/2022

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 18/10/2022 - 5.4

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2022)0358

Téacsanna atá glactha
PDF 114kWORD 43k
Dé Máirt, 18 Deireadh Fómhair 2022 - Strasbourg
Roinnt gníomhartha dlí i réimse an cheartais a oiriúnú d’Airteagal 290 CFAE (Gníomhartha tarmligthe ón gCoimisiún) ***II
P9_TA(2022)0358A9-0237/2022

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Deireadh Fómhair 2022 ar an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfaí rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 805/2004 maidir le húsáid an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú chun é a oiriúnú d’Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (09279/1/2022 – C9-0282/2022 – 2016/0399(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an dara léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh (09279/1/2022 – C9‑0282/2022),

–  ag féachaint don seasamh uaithi ar an gcéad léamh(1) ar an togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2016)0798),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do Riail 67 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh don dara léamh ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0237/2022),

1.  ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh;

2.  á thabhairt dá haire go nglactar an gníomh i gcomhréir leis an seasamh ón gComhairle;

3.  á threorú dá hUachtarán an gníomh a shíniú le hUachtarán na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 297(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

4.  á threorú dá hArd-Rúnaí an gníomh a shíniú, a luaithe a bheidh sé fíoraithe go bhfuil na nósanna imeachta ar fad curtha i gcrích go cuí, agus, i gcomhaontú le hArd-Rúnaí na Comhairle, socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

5.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 158, 30.4.2021, lch. 832.

An nuashonrú is déanaí: 21 Feabhra 2023Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais