Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Deireadh Fómhair 2022 ar an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le treoirlínte le haghaidh bheartais fostaíochta na mBallstát (COM(2022)0241 – C9-0199/2022 – 2022/0165(NLE))
(Comhairliúchán)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2022)0241),
– ag féachaint d’Airteagal 148(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9‑0199/2022),
– ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta (A9-0243/2022),
1. ag formheas an togra ón gCoimisiún arna leasú;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a athrú dá réir, i gcomhréir le hAirteagal 293(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;
3. á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún le haghaidh treoirlínte fostaíochta nuashonraithe do na Ballstáit, go háirithe a bhéim láidir ar thimpeallacht iar-COVID-19, ar a áirithiú go mbeidh na haistrithe glasa agus digiteacha cothrom go sóisialta agus inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair de, agus ar thionscnaimh bheartais a rinneadh le déanaí mar fhreagairt ar ionradh na Rúise ar an Úcráin; á athdhearbhú, d’fhonn cinnteoireacht dhaonlathach a neartú, a hiarraidh a bheith rannpháirteach treoirlínte comhtháite a shocrú ar leibhéal an Aontais ar comhchéim leis an gComhairle, i gcomhréir le rún reachtach uaithi an 10 Iúil 2020 ar an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le treoirlínte le haghaidh bheartais fostaíochta na mBallstát;
4. á iarraidh ar an gComhairle fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag Parlaimint na hEorpa;
5. á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa arís má tá sé ar intinn aici leasú substaintiúil a dhéanamh ar an togra ón gCoimisiún;
6. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Leasú 1 Togra le haghaidh cinnidh Aithris -1 (nua)
(-1) Chun sineirgí agus beartais uaillmhianacha a chruthú agus a spreagadh ar leibhéal na mBallstát, tá sé tábhachtach go ndéanfaí príomhspriocanna an Aontais maidir le fostaíocht, scileanna agus laghdú bochtaineachta do 2030 a ailíniú leis na treoirlínte fostaíochta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, ar spriocanna iad a chomhaontaigh ceannairí an Aontais, institiúidí an Aontais, na comhpháirtithe sóisialta agus ionadaithe na sochaí sibhialta ag Cruinniú Mullaigh Porto in 2021.
Leasú 2 Togra le haghaidh cinnidh Aithris 1
(1) Oibreoidh na Ballstáit agus an tAontas chun straitéis chomhordaithe don fhostaíocht a fhorbairt agus go háirithe chun fórsa saothair sciliúil oilte inoiriúnaithe a chur chun cinn, chomh maith le margaí saothair a bheidh dírithe ar an athrú eacnamaíoch agus a bheidh freagrúil sa todhchaí, d’fhonn na cuspóirí maidir le lánfhostaíocht agus dul chun cinn sóisialta, fás cothrom, ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus feabhsú cháilíocht an chomhshaoil mar a leagtar síos in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) a bhaint amach. Measfaidh na Ballstáit gur ábhar leasa choitinn é an fhostaíocht a chur chun cinn agus déanfaidh siad comhordú ar a ngníomhaíocht ina leith sin i dtionól na Comhairle, agus cleachtais náisiúnta a bhaineann le freagrachtaí an lucht bainistíochta agus an lucht saothair á gcur san áireamh.
(1) Oibreoidh an tAontas chun straitéis chomhordaithe d’ardleibhéil fostaíochta a fhorbairt agus go háirithe chun cóineasú eacnamaíoch agus sóisialta aníos, fostaíocht ardcháilíochta a chur chun cinn agus dálaí oibre a fheabhsú, trí thacú le gníomhaíochtaí na mBallstát, chomh maith le margaí saothair a bheidh a bheidh freagrúil sa todhchaí, dírithe ar an athrú cuimsitheach, athléimneach agus cobhsaí agus a chuireann deiseanna ar fáil le haghaidh soghluaisteachta agus dul chun cinn gairmiúil, d’fhonn forbairt inbhuanaithe an Aontais a bhaint amach, bunaithe ar fhás eacnamaíoch cothrom agus cobhsaíocht praghsanna, geilleagar sóisialta margaidh ina bhfuil iomaíocht ghéar, d’fhonn lánfhostaíocht agus dul chun cinn sóisialta a bhaint amach, agus ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus feabhsú cháilíocht an chomhshaoil mar a leagtar síos in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus in Airteagal 151 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a bhaint amach, agus cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip á n-urramú ag an am céanna chun aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas faoi 2050. Measfaidh na Ballstáit gur ábhar leasa choitinn é an fhostaíocht a chur chun cinn agus déanfaidh siad comhordú ar a ngníomhaíocht ina leith sin i dtionól na Comhairle, agus cleachtais náisiúnta a bhaineann le freagrachtaí an lucht bainistíochta agus an lucht saothair á gcur san áireamh.
Leasú 3 Togra le haghaidh cinnidh Aithris 3
(3) I gcomhréir le CFAE, d’fhorbair an tAontas ionstraimí comhordaithe beartas um bheartais eacnamaíocha agus fostaíochta, chomh maith lena gcur chun feidhme. Mar chuid de na hionstraimí sin, is iad na Treoirlínte maidir le Beartais Fostaíochta na mBallstát (na ‘Treoirlínte’) a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, mar aon leis na Treoirlínte Ginearálta maidir le Beartais Eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais a leagtar amach i Moladh (AE) 2015/11845 ón gComhairle, na Treoirlínte Comhtháite. Is leosan a dhéanfar cur chun feidhme beartais a threorú sna Ballstáit agus san Aontas, agus léireofar an t-idirspleáchas atá ann idir na Ballstáit. Is é a bheidh sa taca beartas agus athchóirithe comhordaithe idir an leibhéal Eorpach agus an leibhéal náisiúnta a eascraíonn as an méid sin, meascán beartas iomchuí inbhuanaithe foriomlán maidir le cúrsaí geilleagair agus fostaíochta, ar cheart dó éifeachtaí iarmharta dearfacha a bheith aige.
(3) I gcomhréir le CFAE, d’fhorbair an tAontas ionstraimí comhordaithe beartas um bheartais eacnamaíocha agus fostaíochta, chomh maith lena gcur chun feidhme. Mar chuid de na hionstraimí sin, is iad na Treoirlínte maidir le Beartais Fostaíochta na mBallstát (na ‘Treoirlínte’) a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, mar aon leis na Treoirlínte Ginearálta maidir le Beartais Eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais a leagtar amach i Moladh (AE) 2015/1184 ón gComhairle5, na Treoirlínte Comhtháite. Is leosan a dhéanfar cur chun feidhme beartais a threorú sna Ballstáit agus san Aontas, agus léireofar an t-idirspleáchas atá ann idir na Ballstáit. Is é a bheidh sa taca beartas agus athchóirithe comhordaithe idir an leibhéal Eorpach, an leibhéal náisiúnta agus an leibhéal réigiúnach a eascraíonn as an méid sin, meascán beartas iomchuí inbhuanaithe foriomlán maidir le cúrsaí geilleagair, fostaíochta agus sóisialta ar cheart dó éifeachtaí iarmharta dearfacha a bheith aige don tsochaí, do mhargaí saothair agus don lucht saothair, agus iarracht á déanamh aon iarmhairtí diúltacha sóisialta nó eacnamaíocha a sheachaint ag an am céanna, agus freagairt éifeachtach a thabhairt ar thionchar phaindéim COVID-19, ar ionradh na Rúise ar an Úcráin agus ar an méadú atá ag teacht ar an gcostas maireachtála.
__________________
__________________
5 Moladh (AE) 2015/1184 an 14 Iúil 2015 ón gComhairle maidir le mór-threoirlínte i leith beartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais Eorpaigh (IO L 192, 18.7.2015, lch. 27).
5 Moladh (AE) 2015/1184 an 14 Iúil 2015 ón gComhairle maidir le mór-threoirlínte i leith beartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais Eorpaigh (IO L 192, 18.7.2015, lch. 27).
Leasú 4 Togra le haghaidh cinnidh Aithris 3 a (nua)
(3a) D’fhonn samhail shóisialta an Aontais a fheabhsú tuilleadh, ba cheart do na Ballstáit pá cuibhiúil a chur chun cinn, cómhargáil a neartú agus a áirithiú go bhfuil na margaí saothair cuimsitheach. I ndáil leis an méid sin, ba cheart béim ar leith a chur ar mhná agus ar ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste, eadhon leanaí, daoine óga, daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas, tuismitheoirí aonair, mionlaigh ciníocha agus eitneacha, amhail muintir na Romach agus daoine a bhfuil cúlra imirceach acu, daoine LGBTIQA+ agus daoine atá ina gcónaí i réigiúin faoi mhíbhuntáiste, lena n-áirítear réigiúin iargúlta agus thuaithe, ceantair faoi mhíbhuntáiste, oileáin agus na réigiúin is forimeallaí.
Leasú 5 Togra le haghaidh cinnidh Aithris 3 b (nua)
(3b) Chun dul chun cinn eacnamaíoch agus sóisialta a fheabhsú, chun an dá aistriú a éascú agus chun margaí saothair cuimsitheacha, iomaíocha agus athléimneacha a bhaint amach san Aontas, ba cheart do na Ballstáit oideachas, oiliúint, uas-sciliú agus athsciliú ardcháilíochta a chur chun cinn, chomh maith le foghlaim ar feadh an tsaoil, déoideachas atá dírithe ar an todhchaí agus deiseanna gairme feabhsaithe trí na naisc idir an córas oideachais agus margadh an tsaothair a neartú agus trí scileanna, eolas agus inniúlachtaí a fhaightear trí fhoghlaim neamhfhoirmiúil agus neamhfhoirmeálta a aithint.
Leasú 6 Togra le haghaidh cinnidh Aithris 4
(4) Tá na Treoirlínte comhsheasmhach leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis, le reachtaíocht an Aontais atá ann cheana agus le tionscnaimh éagsúla de chuid an Aontais, lena n-áirítear Treoir ón gComhairle an 20 Iúil 20016, Moltaí ón gComhairle an 10 Márta 20147, an 15 Feabhra 20168, an 19 Nollaig 20169, an 15 Márta 201810, an 22 Bealtaine 201811, an 22 Bealtaine 201912, an 8 Samhain 201913, an 30 Deireadh Fómhair 202014, an 24 Samhain 202015, an 29 Samhain 202116, Moladh ón gCoimisiún an 4 Márta 202117, Moladh ón gComhairle an 14 Meitheamh 202118, Rún ón gComhairle an 26 Feabhra 202119, Teachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Nollaig 202120, Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Nollaig 202121 [, an Togra le haghaidh Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach22, an Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le haistriú cothrom i dtreo neodracht aeráide a áirithiú23, an Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le cur chuige Eorpach i leith micrea-chruthaithe d’fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus infhostaitheacht24, an Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le cuntais foghlama aonair25, an Togra le haghaidh Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar luach comhionann idir fir agus mná a neartú trí shásraí maidir le trédhearcacht pá agus forfheidhmiú26, an Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dálaí oibre a fheabhsú in obair na n-ardán27 agus an Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le foghlaim don inbhuanaitheacht chomhshaoil28].
(4) Tá na Treoirlínte comhsheasmhach leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis, mór-threoirlínte beartas eacnamaíoch agus le reachtaíocht an Aontais atá ann cheana agus le tionscnaimh éagsúla de chuid an Aontais, lena n-áirítear Treoir ón gComhairle an 20 Iúil 20016 (an ‘Treoir um Chosaint Shealadach’), Moltaí ón gComhairle an 10 Márta 20147, an 14 Iúil 20157a, an 15 Feabhra 20168, an 19 Nollaig 20169, an 15 Márta 201810, an 22 Bealtaine 201811, an 22 Bealtaine 201912, an 8 Samhain 201913, an 30 Deireadh Fómhair 202014, an 24 Samhain 202015, an 29 Samhain 202116, Moladh ón gCoimisiún an 4 Márta 202117, Moladh ón gComhairle an 14 Meitheamh 202118, Rún ón gComhairle an 26 Feabhra 202119, Teachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Nollaig 202120, Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Nollaig 202121, an Togra le haghaidh Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach22, an Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le haistriú cothrom i dtreo neodracht aeráide a áirithiú23, an Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le cur chuige Eorpach i leith micrea-chruthaithe d’fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus infhostaitheacht24, an Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le cuntais foghlama aonair25, an Togra le haghaidh Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar luach comhionann idir fir agus mná a neartú trí shásraí maidir le trédhearcacht pá agus forfheidhmiú26, an Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcothromaíocht inscne a fheabhsú i measc stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin cuideachtaí arna liostú ar stocmhalartáin agus bearta gaolmhara26a, an Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dálaí oibre a fheabhsú in obair na n-ardán27, an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta27a agus an Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le foghlaim don inbhuanaitheacht chomhshaoil28].
__________________
__________________
6 Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir Ballstáit agus na daoine sin á nglacadh isteach acu agus na hiarmhairtí lena mbaineann á mbraistint (IO L 212, 07.08.2001, lch. 12)
6 Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir Ballstáit agus na daoine sin á nglacadh isteach acu agus na hiarmhairtí lena mbaineann á mbraistint (IO L 212, 07.08.2001, lch. 12)
7 Moladh ón gComhairle an 10 Márta 2014 maidir le Creat Ardchaighdeáin do Chúrsaí Oiliúna (IO C 88, 27.3.2014, lch. 1).
7 Moladh ón gComhairle an 10 Márta 2014 maidir le Creat Ardchaighdeáin do Chúrsaí Oiliúna (IO C 88, 27.3.2014, lch. 1).
7a Moladh (AE) 2015/1184 ón gComhairle an 14 Iúil 2015 maidir le mór-threoirlínte i leith beartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais Eorpaigh (IO L 192, 18.7.2015, lch. 27).
8 Moladh ón gComhairle an 15 Feabhra 2016 maidir le daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach a chomhtháthú i margadh an tsaothair (IO C 67, 20.2.2016, lch. 1).
8 Moladh ón gComhairle an 15 Feabhra 2016 maidir le daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach a chomhtháthú i margadh an tsaothair (IO C 67, 20.2.2016, lch. 1).
9 Moladh ón gComhairle an 19 Nollaig 2016 maidir le Conairí Uasoiliúna: Deiseanna Nua do Dhaoine Fásta (IO C 484, 24.12.2016, lch. 1).
9 Moladh ón gComhairle an 19 Nollaig 2016 maidir le Conairí Uasoiliúna: Deiseanna Nua do Dhaoine Fásta (IO C 484, 24.12.2016, lch. 1).
10 Moladh ón gComhairle an 15 Márta 2018 maidir le Creat Eorpach do Phrintíseachtaí Ardchaighdeáin agus Éifeachtacha (IO C 153, 2.5.2018, lch. 1).
10 Moladh ón gComhairle an 15 Márta 2018 maidir le Creat Eorpach do Phrintíseachtaí Ardchaighdeáin agus Éifeachtacha (IO C 153, 2.5.2018, lch. 1).
11 Moladh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2018 maidir le hinniúlachtaí lárnacha d’fhoghlaim ar feadh an tsaoil (IO C 189, 4.6.2018, lch. 1).
11 Moladh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2018 maidir le hinniúlachtaí lárnacha d’fhoghlaim ar feadh an tsaoil (IO C 189, 4.6.2018, lch. 1).
12 Moladh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2019 maidir le Córais Oideachais agus Cúraim Luath-Óige ar Ardcháilíocht (IO C 189, 5.6.2019, lch. 4).
12 Moladh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2019 maidir le Córais Oideachais agus Cúraim Luath-Óige ar Ardcháilíocht (IO C 189, 5.6.2019, lch. 4).
13 Moladh ón gComhairle an 8 Samhain 2019 maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe (IO C 387, 15.11.2019, lch. 1).
13 Moladh ón gComhairle an 8 Samhain 2019 maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe (IO C 387, 15.11.2019, lch. 1).
14 Moladh an 30 Deireadh Fómhair 2020 ón gComhairle maidir le Droichead chun na Fostaíochta – Ráthaíocht don Aos Óg a Threisiú agus a chuirtear in ionad Mholadh an 22 Aibreán 2013 ón gComhairle maidir le Ráthaíocht don Aos Óg a bhunú (IO C 372, 4.11.2020, lch. 1).
14 Moladh an 30 Deireadh Fómhair 2020 ón gComhairle maidir le Droichead chun na Fostaíochta – Ráthaíocht don Aos Óg a Threisiú agus a chuirtear in ionad Mholadh an 22 Aibreán 2013 ón gComhairle maidir le Ráthaíocht don Aos Óg a bhunú (IO C 372, 4.11.2020, lch. 1).
15 Council Recommendation of 24 November 2020 on vocational education and training (VET) for sustainable competitiveness, social fairness and resilience [Moladh ón gComhairle an 24 Samhain 2020 maidir leis an ngairmoideachas agus leis an ngairmoiliúint (VET) don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht] (IO C 417, 2.12.2020, lch. 1).
15 Council Recommendation of 24 November 2020 on vocational education and training (VET) for sustainable competitiveness, social fairness and resilience [Moladh ón gComhairle an 24 Samhain 2020 maidir leis an ngairmoideachas agus leis an ngairmoiliúint (VET) don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht] (IO C 417, 2.12.2020, lch. 1).
16 Moladh ón gComhairle an 29 Samhain 2021 maidir le cineálacha cur chuige foghlama cumaiscthe i gcomhair bunoideachas agus meánoideachas cuimsitheach agus ardcháilíochta (IO C 66, 26.2.2021, lch. 1)
16 Moladh ón gComhairle an 29 Samhain 2021 maidir le cineálacha cur chuige foghlama cumaiscthe i gcomhair bunoideachas agus meánoideachas cuimsitheach agus ardcháilíochta (IO C 66, 26.2.2021, lch. 1)
17 Moladh ón gCoimisiún (AE) 2021/402 an 4 Márta 2021 maidir le tacaíocht ghníomhach éifeachtach don fhostaíocht tar éis ghéarchéim COVID-19 (EASE) (IO L 80, 8.3.2021, lch. 1).
17 Moladh ón gCoimisiún (AE) 2021/402 an 4 Márta 2021 maidir le tacaíocht ghníomhach éifeachtach don fhostaíocht tar éis ghéarchéim COVID-19 (EASE) (IO L 80, 8.3.2021, lch. 1).
18 Moladh (AE) 2021/1004 ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ráthaíocht Eorpach do Leanaí (IO L 223, 22.6.2021, lch. 14).
18 Moladh (AE) 2021/1004 ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ráthaíocht Eorpach do Leanaí (IO L 223, 22.6.2021, lch. 14).
19 Rún ón gComhairle maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhair Eorpaigh san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus i ndiaidh (2021-2030) (2021/C66/01) (IO C 66, 26.2.2021, lch. 1)
19 Rún ón gComhairle maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhair Eorpaigh san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus i ndiaidh (2021-2030) (2021/C66/01) (IO C 66, 26.2.2021, lch. 1)
20 Teachtaireacht COM(2021)0778 ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2021 maidir le geilleagar a thógáil a oibríonn do dhaoine: plean gníomhaíochta don gheilleagar sóisialta
20 Teachtaireacht COM(2021)0778 ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2021 maidir le geilleagar a thógáil a oibríonn do dhaoine: plean gníomhaíochta don gheilleagar sóisialta
21 Cinneadh (AE) 2021/2316 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Nollaig 2021 maidir le Bliain Eorpach na hÓige (2022) (IO L 462, 28.12.2021, lch. 1)
21 Cinneadh (AE) 2021/2316 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Nollaig 2021 maidir le Bliain Eorpach na hÓige (2022) (IO L 462, 28.12.2021, lch. 1)
22 COM/2020/682 críochnaitheach.
22 Nach bhfuil foilsithe fós in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
(5) Comhcheanglaíonn an Seimeastar Eorpach ionstraimí éagsúla le chéile i gcreat uileghabhálach a dhéanann comhordú agus faireachas comhtháite iltaobhach ar bheartais eacnamaíocha agus fostaíochta. Agus an inbhuanaitheacht chomhshaoil, an táirgiúlacht, an chothroime agus an chobhsaíocht á saothrú ag an Seimeastar Eorpach, comhtháthaítear prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus an uirlis faireacháin a ghabhann leis, an Scórchlár Sóisialta, agus déantar foráil maidir le rannpháirtíocht láidir leis na comhpháirtithe sóisialta, leis an tsochaí shibhialta agus le geallsealbhóirí eile. Tacaíonn sé leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach. Ba cheart beartais eacnamaíocha agus fostaíochta an Aontais agus na mBallstát a bheith fite fuaite le haistriú cothrom na hEorpa chuig geilleagar digiteach a bheidh neodrach ó thaobh díobháil aeráide de, inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, feabhas a chur ar an iomaíochas, dálaí oibre leordhóthanacha a áirithiú, an nuálaíocht a chothú, an ceartas sóisialta agus comhdheiseanna a chur chun cinn, chomh maith le dul i ngleic le héagothromaíochtaí agus éagothromaíochtaí réigiúnacha.
(5) Comhcheanglaíonn an Seimeastar Eorpach ionstraimí éagsúla le chéile i gcreat uileghabhálach a dhéanann comhordú agus faireachas comhtháite iltaobhach ar bheartais eacnamaíocha, fostaíochta, sóisialta agus comhshaoil. Agus inbhuanaitheacht, táirgeacht, cuimsitheacht, cothroime agus cobhsaíocht chomhshaoil á saothrú ag an Seimeastar Eorpach, ba cheart thairis sin go gcomhtháthódh sé tuilleadh prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (an ‘Colún’), lena n-áirítear Prionsabal Uimh. 11 maidir le cúram leanaí agus tacaíocht do leanaí, agus a uirlis faireacháin, an Scórchlár Sóisialta, agus déantar foráil leis maidir le rannpháirtíocht láidir leis na comhpháirtithe sóisialta, le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus geallsealbhóirí eile. Ba cheart dó tacú le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (SDGanna) a bhaint amach, lena n-áirítear SDG 1 maidir le ‘Deireadh leis an mBochtaineacht’, SDG 4 maidir le ‘Oideachas ar Ardchaighdeán’, SDG 5 maidir le ‘Comhionannas Inscne’, SDG 7 maidir le ‘Fuinneamh glan inacmhainne’, SDG 8 maidir le ‘Obair Chuibhiúil agus Fás Eacnamaíoch’ agus SFI 10 maidir le ‘Éagothromaíocht a laghdú’. Ba cheart oideachas ar ardchaighdeán agus deiseanna foghlama ar feadh an tsaoil atá cuimsitheach agus cothrom do chách a áirithiú agus a bheith fréamhaithe i mbeartais fostaíochta agus shóisialta. Ba cheart comhionannas inscne a phríomhshruthú i mbeartais uile an Aontais. D’fhéadfadh an t-innéacs comhionannais inscne feidhmiú mar cheann d’uirlisí an tSeimeastair chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn i dtreo spriocanna fostaíochta agus sóisialta agus chun tionchar inscne beartas fostaíochta agus sóisialta a thomhas. Ba cheart beartais eacnamaíocha agus fostaíochta an Aontais agus na mBallstát a bheith fite fuaite le haistriú cothrom agus cóir na hEorpa chuig geilleagar digiteach a bheidh neodrach ó thaobh díobháil aeráide de, inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus cuimsitheach ar bhonn sóisialta, lena n-áirithítear cóineasú sóisialta aníos, lena gcuirtear feabhas ar an iomaíochas ar bhealach inbhuanaithe, lena dtacaítear le FBManna, lena n-áirítear micrifhiontair, dálaí cuibhiúla oibre a áirithiú chomh maith le córais leasa shóisialaigh athléimneacha, an nuálaíocht a chothú, an ceartas sóisialta agus comhdheiseanna a chur chun cinn do chách, an bhochtaineacht a dhíothú, infheistiú i leanaí agus daoine óga agus tacú leo, chomh maith le dul i ngleic le heisiamh sóisialta agus éagothromaíochtaí réigiúnacha, go háirithe maidir leis na réigiúin iargúlta agus na réigiúin is forimeallaí. Is gá fostaíocht ardcháilíochta agus inbhuanaithe a áirithiú i ndlúthchomhar leis na comhpháirtithe sóisialta, bunaithe ar thionscnaimh reachtacha nó ar athbhreithniú ar an reachtaíocht atá ann cheana, i gcás inar gá, go háirithe d’fhonn teilea-obair, saoire do thuismitheoirí agus saoire a bhaineann le cúram, sláinte agus sábháilteacht cheirde, intleacht shaorga (IS) san ionad oibre, straitéis Eorpach i gcoinne na bochtaineachta, chomh maith le creat dlíthiúil ginearálta maidir le fochonraitheoireacht, lena ngabhann trédhearcacht mhéadaithe agus moltaí maidir le dliteanas. Tá gníomh reachtach de chuid an Aontais maidir leis an gceart chun dícheangail á phlé faoi láthair ag comhpháirtithe sóisialta na hEorpa i gcomhthéacs a gCreat-Chomhaontaithe maidir leis an Digitiú. Mar thoradh ar an bplé sin, ba cheart go dtiocfadh treoir maidir le caighdeáin agus coinníollacha íosta chun a áirithiú go mbeidh oibrithe in ann a gceart chun dícheangail a fheidhmiú go héifeachtach agus úsáid uirlisí digiteacha atá ann cheana agus uirlisí digiteacha nua a rialáil chun críocha oibre. Ba cheart comhchreat dlíthiúil a thabhairt isteach ar leibhéal an Aontais chun luach saothair cóir a áirithiú d’intéirneachtaí, do thréimhsí oiliúna agus do phrintíseachtaí chun dúshaothrú oibrithe óga agus sárú ar a gcearta a sheachaint. Ba cheart do na Ballstáit dálaí cuibhiúla oibre agus rochtain ar chosaint shóisialta a áirithiú d’intéirnigh, d’oiliúnaithe agus do phrintísigh.
Leasú 8 Togra le haghaidh cinnidh Aithris 5 a (nua)
(5a) Chun rioscaí ag an obair a dhíothú go héifeachtach, ba cheart an mheabhairshláinte agus an tsláinte choirp araon a chosaint; ba cheart aird ar leith a thabhairt ar nochtadh oibrithe do shubstaintí díobhálacha, ach freisin ar uaireanta fada oibre, ar bhrú síceasóisialta, ar dhrochstaidiúir, ar ghluaiseacht atriallach agus ar thógáil meáchain throm. Tá sláinte agus sábháilteacht ceirde níos fearr ríthábhachtach chun dálaí cuibhiúla oibre a áirithiú, go háirithe i bhfianaise athruithe déimeagrafacha agus an easpa oibrithe cáilithe atá ann cheana. Dá bhrí sin, tá géarghá le fostaíocht ardcháilíochta, shábháilte agus inbhuanaithe i gcomhréir leis na rúin ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Márta 2022 maidir le creat straitéiseach nua AE maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair tar éis 2020 agus an 5 Iúil 2022 maidir leis an meabhairshláinte sa saol digiteach oibre. Ba cheart, dá bhrí sin, seirbhísí leighis ceirde, lena n-áirítear tacaíocht shíceasóisialta agus seiceálacha rialta deonacha do gach oibrí, a neartú.
Leasú 9 Togra le haghaidh cinnidh Aithris 6
(6) An t-athrú aeráide agus dúshláin a bhaineann leis an gcomhshaol, an gá atá le dlús a chur le neamhspleáchas fuinnimh agus neamhspleáchas straitéiseach oscailte na hEorpa a áirithiú, an domhandú, an digitiú, an intleacht shaorga, méadú ar theilea-obair, geilleagar na n-ardán agus an t-athrú déimeagrafach, tá geilleagair agus sochaithe na hEorpa ag athrú ó bhonn. Beidh ar an Aontas agus ar na Ballstáit oibriú le chéile chun aghaidh a thabhairt ar na forbairtí struchtúracha sin go héifeachtach agus go réamhghníomhach agus chun na córais atá ann cheana a oiriúnú de réir mar is gá, agus aitheantas á thabhairt do dhlúth-idirspleáchas gheilleagair agus mhargaí saothair na mBallstát, agus do bheartais ghaolmhara. Chuige sin, teastaíonn gníomhaíocht beartais atá comhordaithe, uaillmhianach agus éifeachtach ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon, i gcomhréir le CFAE agus le forálacha an Aontais maidir le rialachas eacnamaíoch, agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta á chur chun feidhme ag an am céanna. Ba cheart go gcuimseodh gníomhaíocht beartais den sórt sin borradh faoi infheistíocht inbhuanaithe, gealltanas athnuaite d’athchóirithe atá leagtha síos go hiomchuí agus a fheabhsaíonn an fás eacnamaíoch, cruthú post ardcháilíochta, táirgiúlacht, dálaí oibre leordhóthanacha, comhtháthú sóisialta agus críochach, cóineasú aníos, athléimneacht agus feidhmiú freagrachta fioscaí, le tacaíocht ó chláir chistiúcháin AE atá ann cheana, agus go háirithe an tSaoráid um Théarnamh agus Athléimneacht agus Cistí an Bheartais Chomhtháthaithe (lena n-áirítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus agus Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa) chomh maith leis an gCiste Trasdula. Ba cheart di seachbhearta soláthair agus éilimh a chomhcheangail le chéile, agus na tionchair a bheidh acu ar chúrsaí comhshaoil, fostaíochta agus sóisialta a chur san áireamh san am céanna.
(6) An t-athrú aeráide agus dúshláin a bhaineann leis an gcomhshaol, an gá atá le neamhspleáchas fuinnimh agus aistriú glas atá cóir ó thaobh na sochaí de a bhaint amach, agus neamhspleáchas straitéiseach oscailte na hEorpa a áirithiú, an domhandú, an digitiú, an intleacht shaorga, méadú ar theilea-obair, geilleagar na n-ardán, an t-athrú déimeagrafach agus ionradh na Rúise ar an Úcráin, tá geilleagair agus sochaithe na hEorpa ag athrú ó bhonn. Beidh ar an Aontas agus ar na Ballstáit oibriú le chéile chun aghaidh a thabhairt ar na forbairtí struchtúracha sin chomh maith leis na méaduithe ar an mboilsciú go héifeachtach agus go réamhghníomhach agus chun na córais atá ann cheana a oiriúnú de réir mar is gá, agus aitheantas á thabhairt do dhlúth-idirspleáchas gheilleagair agus mhargaí saothair na mBallstát, agus do bheartais ghaolmhara. Chuige sin, teastaíonn gníomhaíocht beartais atá comhordaithe, thrasnach, uaillmhianach agus éifeachtach ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach lena mbaineann na comhpháirtithe sóisialta, i gcomhréir le CFAE agus le prionsabal na coimhdeachta, leis an gColún agus leis na cuspóirí a leagtar amach i bPlean Gníomhaíochta an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta an 4 Márta 2021 (an ‘Plean Gníomhaíochta’), chomh maith le forálacha an Aontais maidir le rialachas eacnamaíoch. Ba cheart go gcuimseodh gníomhaíochtaí beartais den sórt sin borradh faoi infheistíocht phoiblí agus phríobháideach inbhuanaithe, iomaíochas agus bonneagair, gealltanas athnuaite d’athchóirithe atá leagtha síos go hiomchuí agus a fheabhsaíonn an fás eacnamaíoch inbhuanaithe agus cuimsitheach, cruthú tuilleadh post ardcháilíochta, táirgiúlacht, dálaí cuibhiúla oibre, comhtháthú sóisialta agus críochach, cóineasú sóisialta aníos agus rathúnas eacnamaíoch, ceartas sóisialta, comhionannas deiseanna agus cuimsiú, soghluaisteacht chothrom lucht saothair, athléimneacht agus feidhmiú freagrachta fioscaí agus sóisialta, le tacaíocht ó chláir chistiúcháin AE atá ann cheana, agus go háirithe an tSaoráid um Théarnamh agus Athléimneacht agus Cistí an Bheartais Chomhtháthaithe (lena n-áirítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus agus Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa) chomh maith leis an gCiste um Aistriú Cóir. Ba cheart di seachbhearta soláthair agus éilimh a chomhcheangail le chéile, agus na tionchair a bheidh acu ar chúrsaí comhshaoil, fostaíochta agus sóisialta a chur san áireamh san am céanna. Le gníomhachtú ‘clásal éalaithe’ ginearálta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis i bhfianaise ghéarchéim COVID-19 i mí an Mhárta 2020, cuireadh ar chumas na mBallstát freagairt go tapa agus bearta éigeandála a ghlacadh chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta na paindéime a mhaolú. Mar gheall ar chineál sonrach na turrainge eacnamaíche a eascraíonn as ionradh na Rúise ar an Úcráin, chomh maith leis an ngéarchéim reatha maidir le costas maireachtála, tá gá le spás fioscach leanúnach do na Ballstáit. Dá bhrí sin, i gcomhréir leis an tuairim ón gCoimisiún, éilíonn an comhthéacs reatha síneadh a chur leis an ‘gclásal éalaithe’ ginearálta go dtí deireadh 2023 agus é a dhíghníomhachtú ó 2024. Ba cheart do na Ballstáit úsáid iomlán a bhaint as an bhféidearthacht a chuirtear ar fáil leis an ‘gclásal éalaithe’ ginearálta chun tacú le gnóthais atá i gcruachás nó a bhfuil easpa leachtachta orthu, go háirithe FBManna, lena n-áirítear micrifhiontair, chun bearta spriocdhírithe a ghlacadh chun poist, pá agus dálaí oibre a choimirciú agus chun infheistíocht a dhéanamh i ndaoine agus i gcórais leasa shóisialta. Ba cheart an riosca féideartha don airgeadas poiblí as an bhfadú, agus na hiarmhairtí diúltacha sóisialta féideartha a bhainfeadh lena dhíghníomhachtú a mheas ex-ante. Dá bhrí sin, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis.
Leasú 10 Togra le haghaidh cinnidh Aithris 6 a (nua)
(6a) Cé go bhfuil sé d’acmhainneacht ag an teilea-obair feabhas a chur ar chothromaíocht oibre is saoil, ídiú breosla iontaise a laghdú, feabhas a chur ar cháilíocht an aeir, teorainneacha geografacha a shárú agus grúpaí oibrithe a bhí eisiata go dtí seo a chumasú chun rochtain a fháil ar an margadh saothair, tá baol ann freisin go laghdófar léi na teorainneacha idir am oibre agus an saol príobháideach agus go bhféadfadh toradh diúltach a bheith ann do chearta bunúsacha oibrithe agus dá sláinte choirp agus mheabhairshláinte b’fhéidir. Ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfadh réitigh IS feabhas a chur ar dhálaí oibre agus ar cháilíocht saoil, inrochtaineacht a éascú do dhaoine faoi mhíchumas agus forbairtí sa mhargadh saothair a thuar; mar sin féin, is ábhar imní iad a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le príobháideachas, rialú sonraí pearsanta, sláinte agus sábháilteacht cheirde, idirdhealú san earcaíocht chomh maith le méadú ar phróifíliú ciníoch agus inscne, ar cheart aghaidh a thabhairt orthu.
Leasú 11 Togra le haghaidh cinnidh Aithris 7
(7) D’fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Colún Eorpach na gCeart Sóisialta29 . Leagtar amach ann fiche prionsabal agus ceart lena dtacófar le dea-fheidhmiú agus cothromas sna margaí saothair, a roinntear i dtrí chatagóir: comhionannas deiseanna agus rochtain chothrom ar an margadh saothair, dálaí oibre cothroma agus cosaint agus cuimsiú sóisialta. Leis na prionsabail agus na cearta tugtar treoir straitéiseach don Aontas lena áirithiú go mbeidh an t-aistriú chuig an neodracht aeráide agus chuig inbhuanaitheacht chomhshaoil, an digitiú agus an t-athrú déimeagrafach cothrom agus cóir ar bhonn sóisialta. Is creat tagartha é Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, mar aon leis an Scórchlár Sóisialta a ghabhann leis, chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht fostaíochta agus shóisialta na mBallstát, chun athchóirithe a chur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil agus chun réiteach a dhéanamh idir an ‘sóisialta’ agus an ‘margadh’ i ngeilleagar nua-aimseartha an lae inniu, lena n-áirítear tríd an ngeilleagar sóisialta a chur chun cinn. An 4 Márta 2021, chuir an Coimisiún Plean Gníomhaíochta chun cinn maidir le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (an ‘Plean Gníomhaíochta’), lena n-áirítear príomhspriocanna uaillmhianacha ach réadúla agus fospriocanna comhlántacha do 2030, i réimsí na fostaíochta, na scileanna, an oideachais agus laghdú na bochtaineachta, chomh maith leis an Scórchlár Sóisialta athbhreithnithe.
(7) D’fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Colún. Leagtar amach ann fiche prionsabal agus ceart lena dtacófar le dea-fheidhmiú agus cothromas sna margaí saothair, a roinntear i dtrí chatagóir: comhionannas deiseanna agus rochtain chothrom ar an margadh saothair, dálaí oibre cothroma agus cosaint agus cuimsiú sóisialta. Leis na prionsabail agus na cearta tugtar treoir straitéiseach don Aontas lena áirithiú go mbeidh an t-aistriú chuig an neodracht aeráide agus chuig inbhuanaitheacht chomhshaoil, an digitiú agus an t-athrú déimeagrafach cothrom agus cóir ar bhonn sóisialta agus geografach. Is creat tagartha é an Colún, mar aon leis an Scórchlár Sóisialta a ghabhann leis, chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht fostaíochta agus shóisialta na mBallstát, chun athchóirithe a chur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil agus chun réiteach a dhéanamh idir an ‘sóisialta’ agus an ‘margadh’ i ngeilleagar an lae inniu, lena n-áirítear tríd an ngeilleagar sóisialta a chur chun cinn chomh maith leis an ngeilleagar glas, digiteach agus ciorclach. Áirítear sa Phlean Gníomhaíochta príomhspriocanna uaillmhianacha ach réadúla agus fospriocanna comhlántacha do 2030, i réimsí na fostaíochta, na scileanna, an oideachais agus laghdú na bochtaineachta, chomh maith leis an Scórchlár Sóisialta athbhreithnithe. I ndáil leis an méid sin, ba cheart soghluaisteacht chothrom an lucht saothair agus inaistritheacht na gceart agus na dteidlíochtaí trí chosaint níos fearr d’oibrithe soghluaiste, lena n-áirítear oibrithe trasteorann agus séasúracha, trí chigireachtaí saothair níos éifeachtaí agus trí réitigh dhigiteacha éifeachtacha a thionscnamh a áirithiú ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach.
__________________
29 An Forógra Idirinstitiúideach maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta (IO C 428, 13.12.2017, lch. 10).
Leasú 12 Togra le haghaidh cinnidh Aithris 8 a (nua)
(8a) Tá beartais a thacaíonn le teaghlaigh agus infheistíochtaí sóisialta i leanaí, iad a chosaint ar an mbochtaineacht agus cabhrú le gach leanbh rochtain a fháil ar a gcearta, amhail infhaighteacht cúraim leanaí ar ardchaighdeán agus oideachas luath-óige agus oiliúint, bunriachtanach do thodhchaí na leanaí, d’fhorbairt inbhuanaithe na sochaí agus d’fhorbairt dhearfach dhéimeagrafach lena n-áiritheofar comhshaol sláintiúil agus aeráid shábháilte. Ba cheart do na Ballstáit bochtaineacht leanaí a dhíothú agus a n-iarrachtaí a dhíriú ar chur chun feidhme éifeachtach Mholadh (AE) 2021/1004 ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ráthaíocht Eorpach do Leanaí1a agus na bpleananna gníomhaíochta náisiúnta arna nglacadh dá bhun, chun rochtain ar sheirbhísí ardcháilíochta saor in aisce a áirithiú do gach leanbh atá i ngátar, agus ar an gcaoi sin rochtain chomhionann agus éifeachtach leanaí ar chúram sláinte saor in aisce, oideachas saor in aisce, cúram leanaí saor in aisce, tithíocht leordhóthanach agus cothú sláintiúil a áirithiú. Chuige sin, ba cheart maoiniú na Ráthaíochta Eorpaí do Leanaí a mhéadú go práinneach le buiséad tiomnaithe EUR 20 billiún ar a laghad mar a d’iarr Parlaimint na hEorpa arís agus arís eile. Ba cheart an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí a phríomhshruthú ar fud na n-earnálacha beartais uile gan mhoill agus ba cheart feabhas a chur ar chistiú do chearta leanaí agus lánúsáid á baint as beartais agus as cistí an Aontais atá ann cheana. Ba cheart do na Ballstáit borradh breise a chur faoin infheistíocht i bpoist inbhuanaithe ardcháilíochta agus cur chuige cuimsitheach a ghlacadh chun tacú le tuismitheoirí de leanaí atá i ngátar. Leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le hioncam íosta leordhóthanach lena n-áirithítear cuimsiú gníomhach, d’fhéadfaí rannchuidiú leis an sprioc an bhochtaineacht a laghdú faoi leath ar a laghad i ngach Ballstát faoi 2030.
____________________
1a Moladh (AE) 2021/1004 ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ráthaíocht Eorpach do Leanaí (IO L 223, 22.6.2021, lch. 14),
Leasú 13 Togra le haghaidh cinnidh Aithris 8 b (nua)
(8b) Tá an easpa dídine ar an eisiatacht shóisialta is measa, agus déanann sí difear diúltach do shláinte fhisiciúil agus mheabhrach daoine, dá ndea-bhail, agus dá gcáilíocht saoil, agus dá rochtain ar fhostaíocht agus ar sheirbhísí eacnamaíocha agus sóisialta eile. Tá Parlaimint na hEorpa, an Coimisiún, na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, chomh maith le heagraíochtaí sochaí sibhialta ar leibhéal an Aontais, tar éis comhaontú an tArdán Eorpach chun an Easpa Dídine a Chomhrac a lainseáil. Mar chuspóir deiridh chun deireadh a chur leis an easpa dídine faoi 2030, gheall siad an prionsabal ‘tús áite don tithíocht’ a chur chun feidhme, trína ndéanfaí cosc ar easpa dídine a chur chun cinn agus rochtain ar thithíocht agus seirbhísí tacaíochta leordhóthanacha, sábháilte agus inacmhainne a chur ar fáil do dhaoine gan dídean, agus ag an am céanna na bearta beartais riachtanacha a chur ar bun, trí chistiú leordhóthanach náisiúnta agus Aontais a úsáid. Ba cheart do na Ballstáit oibriú freisin chun rochtain ar thithíocht chuibhiúil agus inacmhainne a áirithiú do chách trí phleananna tithíochta inacmhainne, ar cheart dóibh a áirithiú ina gcláir náisiúnta um athchóiriú.
Leasú 14 Togra le haghaidh cinnidh Aithris 9
(9) Tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin, cháin an Chomhairle Eorpach, ina conclúidí an 24 Feabhra 2022, gníomhaíochtaí na Rúise, a fhéachann leis an mbonn a bhaint de shlándáil agus de chobhsaíocht na hEorpa agus an domhain, agus chuir sí dlúthpháirtíocht in iúl do mhuintir na hÚcráine, agus chuir sí i dtreis sárú an dlí idirnáisiúnta agus prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe. Sa chomhthéacs reatha, tá gá le cosaint shealadach, mar a thugtar í leis an gCinneadh ón gComhairle an 4 Márta 202230 lena ndéantar an Treoir um Chosaint Shealadach31 a ghníomhachtú, i bhfianaise scála insreabhadh na ndídeanaithe agus na ndaoine easáitithe. Cuireann sé sin ar chumas dhídeanaithe na hÚcráine leas a bhaint as cearta comhchuibhithe ar fud an Aontais a chuireann leibhéal leordhóthanach cosanta ar fáil, lena n-áirítear cearta cónaithe, rochtain agus lánpháirtiú ar an margadh saothair, rochtain ar oideachas agus oiliúint, rochtain ar thithíocht, chomh maith le rochtain ar chórais slándála sóisialta, cúram leighis, leas sóisialta, nó cúnamh eile, agus cóir mhaireachtála. Trí pháirt a ghlacadh i margaí saothair na hEorpa, is féidir le dídeanaithe ón Úcráin rannchuidiú le geilleagar an Aontais a neartú agus cabhrú lena dtír agus lena muintir sa bhaile. Amach anseo, féadfaidh an taithí agus na scileanna a fuarthas cuidiú leis an Úcráin a atógáil. I gcás leanaí gan tionlacan agus déagóirí, tugann cosaint shealadach an ceart chun caomhnóireacht dhlíthiúil agus chun rochtain a fháil ar oideachas agus ar chúram leanaí. Ba cheart do na Ballstáit ról a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta i gceapadh, i gcur chun feidhme agus i meastóireacht na mbeart beartais atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar na dúshláin fostaíochta agus scileanna a eascraíonn as ionradh na Rúise ar an Úcráin. Tá ról lárnach ag na comhpháirtithe sóisialta maidir le tionchar an chogaidh a mhaolú ó thaobh fostaíocht agus táirgeacht a chaomhnú.
(9) Tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin, cháin an Chomhairle Eorpach, ina conclúidí an 24 Feabhra 2022, gníomhaíochtaí na Rúise, a fhéachann leis an mbonn a bhaint de shlándáil agus de chobhsaíocht na hEorpa agus an domhain, agus chuir sí dlúthpháirtíocht in iúl do mhuintir na hÚcráine, agus chuir sí i dtreis sárú an dlí idirnáisiúnta agus prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe. Sa chomhthéacs reatha, tá gá le cosaint shealadach, mar a thugtar í leis an gCinneadh ón gComhairle an 4 Márta 202230 lena ndéantar an Treoir um Chosaint Shealadach a ghníomhachtú, i bhfianaise scála insreabhadh na ndídeanaithe agus na ndaoine easáitithe. Cuireann sé sin ar chumas dhídeanaithe na hÚcráine leas a bhaint as cearta comhchuibhithe ar fud an Aontais a chuireann leibhéal leordhóthanach cosanta ar fáil, lena n-áirítear cearta cónaithe, rochtain agus lánpháirtiú ar an margadh saothair, rochtain ar oideachas agus oiliúint, rochtain ar thithíocht, chomh maith le rochtain ar chórais slándála sóisialta, cúram leighis, leas sóisialta, nó cúnamh eile, agus cóir mhaireachtála. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar dhaoine faoi mhíchumas sa chomhthéacs sin. Trí pháirt a ghlacadh i margaí saothair na hEorpa, is féidir le dídeanaithe ón Úcráin rannchuidiú le geilleagar an Aontais a neartú agus cabhrú lena dtír agus lena muintir sa bhaile. Ós rud é gur mná agus leanaí iad formhór na ndídeanaithe ón Úcráin, ba cheart do na Ballstáit tacaíocht leordhóthanach a áirithiú d’fhorálacha tithíochta agus cúraim leanaí chun a gcuimsiú a éascú. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin go n-áiritheofar, agus an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí á cur chun feidhme acu, go mbeidh rochtain ar sheirbhísí saor in aisce ar ardchaighdeán do leanaí atá ag teitheadh ón Úcráin ar bhonn cothrom lena bpiaraí sa tír óstach. Amach anseo, féadfaidh an taithí agus na scileanna a fuarthas cuidiú leis an Úcráin a atógáil. I gcás leanaí gan tionlacan agus déagóirí, tugann cosaint shealadach an ceart chun caomhnóireacht dhlíthiúil agus chun rochtain a fháil ar oideachas agus ar chúram leanaí. Ba cheart do na Ballstáit ról a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta i gceapadh, i gcur chun feidhme agus i meastóireacht na mbeart beartais atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar na dúshláin fostaíochta agus scileanna a eascraíonn as ionradh na Rúise ar an Úcráin chomh maith le haitheantas do cháilíochtaí. Tá ról lárnach ag na comhpháirtithe sóisialta maidir le tionchar an chogaidh a mhaolú ó thaobh fostaíocht agus táirgeacht a chaomhnú. Ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar an gcosaint a chuirtear ar fáil leis an Treoir um Chosaint Shealadach a leathnú chuig gach dídeanaí agus aghaidh a thabhairt ar ábhair imní na bhfostóirí maidir le daoine a earcú nach bhfuil ach stádas sealadach acu.
__________________
__________________
30 Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle an 4 Márta 2022 lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach.
31 Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás mórphlódú daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir na Ballstáit a bhfuil na daoine sin á nglacadh isteach acu agus na hiarmhairtí lena mbaineann á mbraistint (IO L 212, 7.8.2001, lch. 12).
31 Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás mórphlódú daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir na Ballstáit a bhfuil na daoine sin á nglacadh isteach acu agus na hiarmhairtí lena mbaineann á mbraistint (IO L 212, 7.8.2001, lch. 12).
Leasú 15 Togra le haghaidh cinnidh Aithris 10
(10) Ba cheart go leanfadh athchóirithe ar mhargadh an tsaothair, lena n-áirítear sásraí náisiúnta chun pá a shocrú, cleachtais náisiúnta an idirphlé shóisialta, d’fhonn pá cothrom a sholáthar lena gcumasófar caighdeán maith maireachtála agus fás inbhuanaithe. Ba cheart dóibh an deis is gá a chur ar fáil chun gnéithe socheacnamaíocha a chur san áireamh go forleathan, lena n-áirítear feabhas a chur ar an inbhuanaitheacht, ar an iomaíochas, ar an nuálaíocht, cruthú post ar ardchaighdeán, dálaí oibre, bochtaineacht san obair, oideachas agus scileanna, sláinte agus cuimsiú an phobail, agus fíorioncaim. Ar an gcaoi sin, tá an tSaoráid um Théarnamh agus um Athléimneacht agus cistí eile de chuid an Aontais ag tacú leis na Ballstáit athchóirithe agus infheistíochtaí a chur chun feidhme atá i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais, rud a fhágfaidh go mbeidh geilleagair agus sochaithe na hEorpa níos inbhuanaithe, níos athléimní agus níos ullmhaithe don aistriú glas agus digiteach. Chuir ionradh na Rúise ar an Úcráin leis na dúshláin shocheacnamaíocha a bhí ann cheana de bharr ghéarchéim COVID-19. Ba cheart do na Ballstáit agus don Aontas leanúint dá n-áirithiú go maolófar na tionchair shóisialta, fostaíochta agus eacnamaíocha agus go mbeidh na haistrithe cothrom ar bhonn sóisialta de agus cóir, i bhfianaise freisin go gcuideoidh neamhspleáchas straitéiseach oscailte méadaithe agus aistriú glas luathaithe le laghdú a dhéanamh ar an spleáchas ar allmhairiú fuinnimh agus táirgí/teicneolaíochtaí straitéiseacha eile, go háirithe ón Rúis. Tá sé ríthábhachtach athléimneacht a neartú agus sochaí chuimsitheach athléimneach a shaothrú ina dtugtar cosaint do dhaoine agus ina dtugtar an chumhacht dóibh athruithe a thuar agus a bhainistiú, agus inar féidir leo páirt ghníomhach a ghlacadh sa tsochaí agus sa gheilleagar. Tá gá le tacar comhleanúnach de bheartais ghníomhacha maidir le margadh an tsaothair, lena gcuimsítear fruiliú sealadach agus dreasachtaí aistrithe, beartais scileanna agus seirbhísí fostaíochta feabhsaithe, chun tacú le haistrithe i margadh an tsaothair, i bhfianaise na gclaochlaithe glasa agus digiteacha freisin, mar a léiríodh i Moladh (AE) 2021/402 [agus sa Mholadh ón gComhairle maidir le haistriú cothrom i dtreo neodracht na haeráide a áirithiú].
(10) Ba cheart go leanfadh athchóirithe ar mhargadh an tsaothair, lena n-áirítear sásraí náisiúnta chun pá a shocrú, cleachtais náisiúnta an idirphlé shóisialta, d’fhonn pá cothrom a sholáthar lena gcumasófar caighdeán maith maireachtála, fás inbhuanaithe agus cóineasú sóisialta agus críochach aníos. Ba cheart dóibh an deis is gá a chur ar fáil chun gnéithe socheacnamaíocha a chur san áireamh go forleathan, lena n-áirítear feabhas a chur ar an inbhuanaitheacht, an t-iomaíochas, an nuálaíocht, cruthú post ar ardchaighdeán, dálaí cuibhiúla oibre, bochtaineacht lucht oibre, comhionannas inscne, oideachas, oiliúint, scileanna agus cáilíochtaí, sláinte phoiblí agus cuimsiú sóisialta, chomh maith le fíorioncaim agus cumhacht cheannaigh. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit an ceart chun cómhargála agus chun gníomhaíochta comhchoitinne chomh maith le saoirse comhthionóil agus comhlachais a urramú mar a leagtar amach i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus i gcoinbhinsiúin ábhartha idirnáisiúnta. Thairis sin, ba cheart do na Ballstáit ról na gcomhpháirtithe sóisialta a neartú, comhairlí oibre agus ionadaíocht na n-oibrithe a chothú, cómhargáil a chur chun cinn, agus tacú le dlús ard ceardchumann agus comhlachas fostóirí chun téarnamh atá cuimsitheach agus cothrom ó thaobh na sochaí de a áirithiú. Ar an gcaoi sin, tá an tSaoráid Téarnamh agus Athléimneachta agus cistí eile de chuid an Aontais ag tacú leis na Ballstáit athchóirithe agus infheistíochtaí a chur chun feidhme atá i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais, rud a fhágfaidh go mbeidh geilleagair agus sochaithe na hEorpa níos inbhuanaithe, níos athléimní agus níos ullmhaithe don aistriú glas agus digiteach. Chuir ionradh na Rúise ar an Úcráin leis na dúshláin shocheacnamaíocha a bhí ann cheana de bharr ghéarchéim COVID-19. Ba cheart do na Ballstáit agus don Aontas leanúint dá n-áirithiú go maolófar na tionchair shóisialta, fostaíochta agus eacnamaíocha agus go mbeidh na haistrithe cothrom ar bhonn sóisialta de agus cóir, i bhfianaise freisin go gcuideoidh neamhspleáchas straitéiseach oscailte méadaithe agus aistriú glas luathaithe le laghdú a dhéanamh ar an spleáchas ar allmhairiú fuinnimh agus táirgí/teicneolaíochtaí straitéiseacha eile, go háirithe ón Rúis. D’fhonn an athléimneacht a neartú agus sochaí chuimsitheach athléimneach a shaothrú ina dtugtar cosaint do dhaoine agus ina dtugtar an chumhacht dóibh athruithe a thuar agus a bhainistiú, agus inar féidir leo páirt ghníomhach a ghlacadh sa tsochaí agus sa gheilleagar, ba cheart pacáiste sealadach Eorpach maidir le hathléimneacht shóisialta a bhunú, lena gcomhordófar sraith beart agus modhanna chun córais leasa shóisialta agus cosanta sóisialta san Aontas a neartú, lena n-áireofar leanúint de SURE agus athmhaoiniú a dhéanamh air fad a leanfaidh iarmhairtí socheacnamaíocha ionradh na Rúise ar an Úcráin de thionchar diúltach a bheith acu ar mhargadh an tsaothair, i gcomhréir le rún ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine 2022 maidir leis na hiarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha atá ag cogadh na Rúise san Úcráin don Aontas - ag treisiú inniúlacht gníomhaíochta an Aontais, agus ba cheart saoráid tarrthála sóisialta a bhunú le tacaíocht phoiblí mhéadaithe d’ionstraimí atá ann cheana atá dírithe ar na daoine is boichte inár sochaí. Tá gá le tacar comhleanúnach de bheartais ghníomhacha maidir le margadh an tsaothair, lena gcuimsítear dreasachtaí aistrithe, cailíochtaí a fháil, inniúlachtaí a bhailíochtú agus a fháil, chomh maith le hoideachas atá dírithe ar an todhchaí, foghlaim ar feadh an tsaoil, gairmoideachas agus gairmoiliúint, uas-sciliú agus athsciliú agus seirbhísí fostaíochta feabhsaithe, chun tacú le haistrithe i margadh an tsaothair, i bhfianaise na gclaochlaithe glasa agus digiteacha freisin, mar a léiríodh i Moladh (AE) 2021/402 [agus sa Mholadh ón gComhairle maidir le haistriú cothrom i dtreo neodracht na haeráide a áirithiú]. Tá gá le meastóireacht chríochnúil ar bheartais náisiúnta agus scéimeanna tacaíochta náisiúnta, a imlonnaíodh ar mhaithe le héifeachtaí phaindéim COVID-19 a mhaolú, chun dea-chleachtais agus ionstraimí a shainaithint lena n-úsáid amach anseo.
Leasú 16 Togra le haghaidh cinnidh Aithris 11
(11) Ba cheart dul i ngleic le hidirdhealú de gach cineál, comhionannas inscne a áirithiú agus fostaíocht daoine óga a áirithiú. Ba cheart rochtain agus deiseanna do chách a áirithiú agus ba cheart an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta a laghdú, lena n-áirítear leanaí agus Romaigh, go háirithe trí fheidhmiú éifeachtach na margaí saothair agus córais chosanta sóisialta leordhóthanacha agus cuimsitheacha a áirithiú, agus trí dheireadh a chur le bacainní ar oideachas, ar oiliúint agus ar rannpháirtíocht i margadh an tsaothair a bheidh cuimsitheach agus dírithe ar an todhchaí, lena n-áirítear trí infheistíochtaí in oideachas agus i gcúram na luath-óige, agus i scileanna digiteacha glasa. Tá tábhacht ar leith ag baint le rochtain thráthúil chomhionann ar chúram fadtéarmach inacmhainne agus ar sheirbhísí cúraim sláinte inacmhainne, lena n-áirítear cosc agus cur chun cinn cúraim sláinte, i bhfianaise phaindéim COVID-19 a thosaigh in 2020 agus i gcomhthéacs sochaithe atá ag dul in aois. Ba cheart an acmhainneacht atá ag daoine faoi mhíchumas rannchuidiú le fás eacnamaíoch agus leis an bhforbairt shóisialta a chothú a thuilleadh. De réir mar a ghlacann samhlacha nua eacnamaíocha agus gnó áiteanna oibre ar fud an Aontais, tá caidrimh fostaíochta ag athrú freisin. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanann caidrimh fostaíochta a eascraíonn ó chineálacha nua oibre múnla sóisialta na hEorpa a neartú.
(11) Ba cheart deireadh a chur le hidirdhealú de gach cineál, comhionannas inscne a áirithiú agus fostaíocht daoine óga, go háirithe daoine óga ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste, a chur chun cinn go gníomhach. Ba cheart rochtain chomhionann agus deiseanna comhionanna do chách a áirithiú agus ba cheart deireadh a chur leis an mbochtaineacht agus leis an eisiamh sóisialta, lena n-áirítear maidir le leanaí, daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas agus Romaigh, go háirithe trí fheidhmiú éifeachtach na margaí saothair agus córais cosanta sóisialta leormhaithe agus chuimsitheacha a áirithiú32, agus trí dheireadh a chur le bacainní ar oideachas, oiliúint, foghlaim ar feadh an tsaoil, gairmoideachas agus gairmoiliúint agus rannpháirtíocht i margadh an tsaothair a bheidh cuimsitheach agus dírithe ar an todhchaí, lena n-áirítear trí infheistíochtaí in oideachas agus i gcúram na luath-óige, agus i scileanna digiteacha glasa. Tá gá ar leith le rochtain thráthúil, uilíoch, éifeachtach agus chomhionann ar chúram fadtéarmach agus ar sheirbhísí cúraim sláinte, i gcomhréir le rún ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Iúil 2022 i dtreo comhghníomhaíocht Eorpach ar chúram, lena n-áirítear cosc, go háirithe saincheisteanna meabhairshláinte san áit oibre i gcomhréir le rún ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Iúil 2022 maidir leis an meabhairshláinte i saol digiteach na hoibre, agus cur chun cinn cúraim sláinte, go háirithe i bhfianaise phaindéim COVID-19 agus i gcomhthéacs sochaithe atá ag dul in aois freisin. Is réamhriachtanas é sláinte agus sábháilteacht ag an obair agus cothromaíocht shláintiúil oibre is saoil a áirithiú d’oibrithe le linn a ngairmréimeanna le haghaidh saol cuibhiúil oibre agus le haghaidh aosú gníomhach agus sláintiúil. Ba cheart an acmhainneacht atá ag daoine faoi mhíchumas rannchuidiú le fás eacnamaíoch agus forbairt shóisialta a chothú a thuilleadh, lena n-áirítear trí chóiríocht réasúnta san áit oibre, i gcomhréir le Treoir 2000/78/CE ón gComhairle32a agus i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas. De réir mar a ghlacann samhlacha nua eacnamaíocha agus gnó áiteanna oibre ar fud an Aontais, tá caidrimh fostaíochta ag athrú freisin. Ba cheart do na Ballstáit samhail shóisialta na hEorpa a neartú tuilleadh trína áirithiú go mbeidh na cearta céanna, dálaí cuibhiúla oibre agus fostaíochta, agus pá cuibhiúil ag gach oibrí. Tá an ceart ag gach duine chun dálaí oibre atá cothrom, cóir, sláintiúil agus sábháilte agus chun cosaint iomchuí a fháil sa timpeallacht dhigiteach mar atá san áit oibre fhisiciúil, gan beann ar a stádas fostaíochta, ar shocruithe oibre, ar fhad a gcaidreamh fostaíochta, ná ar mhéid a bhfostóra. Thairis sin, ba cheart do na Ballstáit dul i ngleic le dúshaothrú oibrithe agus le gach cineál fostaíochta forbhásaí, lena n-áirítear féinfhostaíocht bhréagach, obair neamhdhearbhaithe, mí-úsáid conarthaí neamhthipiciúla agus conarthaí gan íosmhéid uaireanta, agus ba cheart dóibh a áirithiú go mbeidh caidrimh fostaíochta a eascraíonn as cineálacha nua oibre i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta. Ba cheart do na Ballstáit dul i ngleic leis an ngeilleagar neamhfhoirmiúil freisin trí oibrithe neamhfhoirmiúla a aistriú chuig an ngeilleagar foirmiúil. Ba cheart fiontraíocht a spreagadh agus soghluaisteacht cheirde a éascú, lena n-áirítear trí inaistritheacht na gceart slándála sóisialta agus trí réitigh dhigiteacha éifeachtacha a thabhairt isteach.
__________________
__________________
32 Moladh ón gComhairle an 8 Samhain 2019 maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe, 2019/C 387/01 (IO C 387, 15.11.2019, lch. 1).
32 Moladh ón gComhairle an 8 Samhain 2019 maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe, 2019/C 387/01 (IO C 387, 15.11.2019, lch. 1).
32a Treoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha (IO L 303, 2.12.2000, lch. 16).
Leasú 17 Togra le haghaidh cinnidh Aithris 12
(12) Ba cheart go bhfeidhmeodh na Treoirlínte Comhtháite mar bhunús do mholtaí tír-shonracha a fhéadfaidh an Chomhairle a dhíriú ar na Ballstáit. Tá na Ballstáit le leas iomlán a bhaint as a n-acmhainní REACT-EU a bunaíodh le Rialachán (AE) 2020/222133, lena dtreisítear cistí an Bheartais Chomhtháthaithe 2014-2020 agus an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (FEAD) go dtí 2023, agus mar gheall ar an ngéarchéim san Úcráin atá ann faoi láthair, feabhsóidh siad tuilleadh leis an Rialachán maidir le Gníomhaíocht Comhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip (CARE)34, agus le leasú breise ar Rialachán na bhForálacha Coiteanna35 maidir le réamh-mhaoiniú méadaithe le haghaidh REACT-EU agus le costas aonaid nua a fhágáil chun cabhrú le lánpháirtiú daoine atá ag teacht isteach san Aontas ón Úcráin a luathú36. Ina theannta sin, don tréimhse clársceidealaithe 2021-2027, ba cheart do na Ballstáit úsáid iomlán a bhaint as Ciste Sóisialta na hEorpa Plus a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/105737, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/105838, an tSaoráid um Théarnamh agus Athléimneacht, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/24139, agus cistí eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear an Ciste um Aistriú Cóir arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/105640 chomh maith le InvestEU arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/52341, chun fostaíocht, infheistíochtaí sóisialta, cuimsiú sóisialta agus inrochtaineacht a chothú, agus deiseanna uas-scilithe agus athscilithe don fhórsa saothair, don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus d’oideachas agus d’oiliúint ar ardchaighdeán do chách, lena n-áirítear litearthacht dhigiteach agus scileanna digiteacha, a chur chun cinn. Ina theannta sin, bainfidh na Ballstáit lánúsáid as an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Easáitithe a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/69142 chun tacú le hoibrithe arna ndéanamh iomarcach mar thoradh ar mhórtheagmhais athstruchtúraithe, amhail paindéim COVID-19, claochluithe socheacnamaíocha ar toradh ar threochtaí níos domhanda iad, agus athruithe teicneolaíochta agus comhshaoil. Cé go ndírítear na Treoirlínte Comhtháite ar na Ballstáit agus ar an Aontas, ba cheart iad a chur chun feidhme i gcomhpháirtíocht leis na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla uile, i ndlúthchomhar le parlaimintí, chomh maith le comhpháirtithe sóisialta agus ionadaithe na sochaí sibhialta.
(12) Ba cheart go bhfeidhmeodh na Treoirlínte Comhtháite mar bhunús do mholtaí tír-shonracha a fhéadfaidh an Chomhairle a dhíriú ar na Ballstáit. Tá na Ballstáit le leas iomlán a bhaint as a n-acmhainní REACT-EU a bunaíodh le Rialachán (AE) 2020/222133, lena dtreisítear cistí an Bheartais Chomhtháthaithe 2014-2020 agus an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (FEAD) go dtí 2023, agus mar gheall ar an ngéarchéim san Úcráin atá ann faoi láthair, go ndearnadh iad a fheabhsú tuilleadh leis an Rialachán maidir le Gníomhaíocht Comhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip (CARE)34, agus le leasú breise ar Rialachán na bhForálacha Coiteanna35 maidir le réamh-mhaoiniú méadaithe le haghaidh REACT-EU agus maidir le costas aonaid nua chun cabhrú le lánpháirtiú daoine atá ag teacht isteach san Aontas ón Úcráin a luathú36. Ina theannta sin, don tréimhse clársceidealaithe 2021-2027, ba cheart do na Ballstáit úsáid iomlán a bhaint as Ciste Sóisialta na hEorpa Plus a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/105737, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/105838, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/24139, agus cistí eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear an Ciste um Aistriú Cóir a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/105640 chomh maith le InvestEU a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/52341, chun inbhuanaitheacht, fostaíocht ar ardchaighdeán agus infheistíochtaí sóisialta a chothú, chun deireadh a chur leis an mbochtaineacht, le hidirdhealú agus le heisiamh sóisialta, chun inrochtaineacht a áirithiú, agus chun deiseanna uas-scilithe agus athscilithe don fhórsa saothair, don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus d’oideachas agus d’oiliúint ar ardchaighdeán do chách, go háirithe litearthacht dhigiteach agus scileanna digiteacha, a chur chun cinn, d’fhonn iad a chumhachtú leis an eolas agus leis na cailíochtaí atá ag teastáil le haghaidh geilleagar atá digiteach, níos glaise agus níos ciorclaí. Ina theannta sin, bainfidh na Ballstáit lánúsáid as an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Easáitithe a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/69142 chun tacú le hoibrithe arna ndéanamh iomarcach mar thoradh ar mhórtheagmhais athstruchtúraithe, amhail paindéim COVID-19, claochluithe socheacnamaíocha ar toradh ar threochtaí domhanda iad, géarchéimeanna nua domhanda, airgeadais agus eacnamaíocha, agus athruithe teicneolaíochta agus dúshláin chomhshaoil. Cé go ndírítear na Treoirlínte Comhtháite ar na Ballstáit agus ar an Aontas, ba cheart iad a chur chun feidhme, scrúdú a dhéanamh orthu i gcomhpháirtíocht leis na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla uile, i ndlúthchomhar agus i gcomhar gníomhach le parlaimintí ag an leibhéal faoi seach, chomh maith le comhpháirtithe sóisialta agus ionadaithe na sochaí sibhialta.
__________________
__________________
33 Rialachán (AE) 2020/2221 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní breise agus socruithe cur chun feidhme chun cúnamh a chur ar fáil chun leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí sóisialta agus téarnamh glas, digiteach agus athléimneach a ullmhú don gheilleagair (REACT-EU) (IO L 437, 28.12.2020, lch. 30).
33 Rialachán (AE) 2020/2221 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní breise agus socruithe cur chun feidhme chun cúnamh a chur ar fáil chun leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí sóisialta agus téarnamh glas, digiteach agus athléimneach a ullmhú don gheilleagair (REACT-EU) (IO L 437, 28.12.2020, lch. 30).
34 Rialachán (AE) 2022/562 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 maidir le gníomhaíocht chomhtháthaithe do dhídeanaithe san Eoraip (CARE)
34 Rialachán (AE) 2022/562 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le Gníomhaíocht Chomhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip (CARE) (IO L 109, 8.4.2022, Ich.1).
35 Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).
35 Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).
36 Rialachán (AE) 2022/613 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le réamh-mhaoiniú méadaithe ó acmhainní REACT EU agus le costas aonaid a bhunú (IO L 115, 13.4.2022, lch. 38).
36 Rialachán (AE) 2022/613 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le réamh-mhaoiniú méadaithe ó acmhainní REACT EU agus le costas aonaid a bhunú (IO L 115, 13.4.2022, lch. 38).
37 Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 231, 30.6.2021, lch. 21).
37 Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 231, 30.6.2021, lch. 21).
38 Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe (IO L 231, 30.6.2021, lch. 60).
38 Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe (IO L 231, 30.6.2021, lch. 60).
39 Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17)
39 Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17)
40 Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (IO L 231, 30.6.2021, lch. 1).
40 Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (IO L 231, 30.6.2021, lch. 1).
41 Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30).
41 Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30).
42 Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 (IO L 153, 3.5.2021, lch. 48).
42 Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 (IO L 153, 3.5.2021, lch. 48).
Leasú 18 Togra le haghaidh cinnidh Iarscríbhinn I – Treoirlíne 5 – mír 1
Ba cheart do na Ballstáit geilleagar margaidh sóisialta inbhuanaithe a chur chun cinn go gníomhach agus infheistíocht i gcruthú post ardcháilíochta a éascú agus tacú léi, agus leas a bhaint freisin as an acmhainneacht a bhaineann leis na haistrithe digiteacha agus glasa, i bhfianaise phríomhsprioc 2030 an Aontais maidir leis an bhfostaíocht. Chun na críche sin, ba cheart dóibh na bacainní a bhíonn ar ghnólachtaí agus iad ag earcú daoine a laghdú, fiontraíocht atá freagrach agus fíor-fhéinfhostaíocht a chothú agus, go háirithe, tacú le cruthú agus fás fiontar beag agus fiontar meánmhéide, lena n-áirítear trí rochtain a thabhairt ar mhaoiniú. Ba cheart do na Ballstáit forbairt an gheilleagair shóisialta a chur chun cinn go gníomhach agus leas a bhaint as acmhainneacht iomlán an gheilleagair shóisialta, nuálaíocht shóisialta agus fiontair shóisialta a chothú, agus na samhlacha gnó sin atá ag cruthú deiseanna fostaíochta ar ardchaighdeán agus ata ag giniúint sochair shóisialta ar an leibhéal áitiúil a spreagadh, go háirithe sa gheilleagar ciorclach agus sna réimsí is mó atá thíos leis an aistriú chuig geilleagar glas i ngeall ar a speisialtóireacht earnála.
Ba cheart do na Ballstáit lánfhostaíocht a chur chun cinn go gníomhach bunaithe ar gheilleagar sóisialta margaidh atá iomaíoch, nuálach agus inbhuanaithe agus tacú le hinfheistíocht i gcruthú post ardcháilíochta. Ba cheart do na Ballstáit beartais fostaíochta chliste, uaillmhianacha agus chuimsitheacha a chur chun feidhme chun ganntanais i margadh an tsaothair a réamh-mheas, chun leas a bhaint as an acmhainneacht a bhaineann leis na haistrithe digiteacha agus glasa, agus chun príomhsprioc 2030 an Aontais maidir le fostaíocht a bhaint amach. Ba cheart do na Ballstáit tacú le gnólachtaí agus iad ag earcú daoine agus gairmoideachas agus gairmoiliúint, fiontraíocht atá freagrach agus fíor-fhéinfhostaíocht a chothú, lena n-áirítear i measc ban, daoine óga, daoine scothaosta agus grúpaí eile faoi mhíbhuntáiste. Ba cheart dóibh, go háirithe, tacú le cruthú agus fás fiontar beag agus meánmhéide, lena n-áirítear trí rochtain a thabhairt ar mhaoiniú, le fothú acmhainneachta agus le treoir agus bearta spriocdhírithe chun foireann nua a fhostú agus foireann atá ann cheana a choinneáil. Ba cheart do na Ballstáit an Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Sóisialta agus an Comhaontú Glas don Eoraip a chur chun feidhme go hiomlán agus forbairt an gheilleagair shóisialta, ghlais agus dhigitigh a chur chun cinn go gníomhach agus leas iomlán a bhaint as acmhainneacht an gheilleagair sin, nuálaíocht shóisialta a chothú agus fiontair shóisialta a neartú, agus samhlacha gnó a spreagadh, lena gcruthaítear deiseanna fostaíochta inbhuanaithe ar ardchaighdeán, go háirithe do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste, agus sochair shóisialta a ghiniúint ar an leibhéal áitiúil, go háirithe sa gheilleagar ciorclach agus in earnálacha agus i réimsí ina bhfuil gá le níos mó tacaíochta don aistriú chuig geilleagar glas agus digiteach.
Leasú 19 Togra le haghaidh cinnidh Iarscríbhinn I – Treoirlíne 5 – mír 2
Tar éis ghéarchéim COVID-19, ba cheart do scéimeanna oibre gearr-ama atá dea-cheaptha agus socruithe comhchosúla próisis athstruchtúraithe a éascú agus tacú leo, sa bhreis ar an bhfostaíocht a chaomhnú i gcás inarb iomchuí, chun cabhrú le nuachóiriú an gheilleagair, lena n-áirítear trí scileanna gaolmhara a fhorbairt. Ba cheart breithniú a dhéanamh ar dhreasachtaí fruilithe agus ar dhreasachtaí aistrithe atá dea-cheaptha agus ar bhearta uas-scilithe agus athoiliúna d’fhonn tacú le cruthú post agus le haistrithe, agus d’fhonn aghaidh a thabhairt ar ghanntanais lucht saothair agus scileanna, i bhfianaise na gclaochluithe digiteacha agus glasa freisin, chomh maith le tionchar ionradh na Rúise ar an Úcráin.
Tar éis ghéarchéim COVID-19, ba cheart do scéimeanna oibre gearr-ama dea-cheaptha agus socruithe comhchosúla fostaíocht a chaomhnú i gcás inar féidir agus próisis athstruchtúraithe a éascú agus tacú leo freisin, chun cabhrú le hoibrithe agus iad a chumhachtú san aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe, lena n-áirítear trí scileanna gaolmhara a fhorbairt. Ba cheart breithniú a dhéanamh ar dhreasachtaí fruilithe agus ar dhreasachtaí aistrithe atá dea-cheaptha, ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil, ar ghairmoideachas agus gairmoiliúint agus ar bhearta uas-scilithe agus athscilithe chun tacú le cruthú post agus chun aistrithe a bhainistiú, chomh maith le haghaidh a thabhairt ar ghanntanais lucht saothair agus scileanna agus na ganntanais sin a thuar, agus an bhearna idir an t-oideachas agus margadh an tsaothair a dhúnadh, i bhfianaise na gclaochluithe digiteacha agus glasa is gá, chomh maith le tionchar ionradh na Rúise ar an Úcráin agus an costas maireachtála atá ag dul i méid san Eoraip a theorannú. Ba cheart do na Ballstáit a mbeartais fostaíochta a oiriúnú agus cur chun feidhme na ndea-chleachtas a chomhordú ar leibhéal an Aontais maidir le bearta sealadacha lena gcosnaítear oibrithe agus margaí saothair tráth géarchéime agus páirt a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta ina leith sin. D’fhéadfaí a áireamh ar na bearta sin fóirdheontais phá, tacaíocht ioncaim agus síneadh a chur le scéimeanna um shochar dífhostaíochta chomh maith le síneadh a chur le saoire bhreoiteachta íoctha, saoire cúramóirí agus socruithe teilea-oibre. Ba cheart do na Ballstáit tacú le claochlú na n-earnálacha eacnamaíocha ríthábhachtacha chun neamhthuilleamaíocht agus uathriail straitéiseach a áirithiú. D’fhonn soghluaisteacht chothrom an lucht saothair a éascú, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar chearta agus poist oibrithe taistil a choimirciú, ar dhioplómaí a aithint agus ar chláir oideachais agus malartaithe trasteorann a neartú. Tá ról tábhachtach ag an Údarás Eorpach Saothair maidir le cuidiú leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar rialacha an Aontais maidir le soghluaisteacht an lucht saothair agus comhordú na slándála sóisialta a fhorfheidhmiú ar bhealach cothrom, simplí agus éifeachtach.
Leasú 20 Togra le haghaidh cinnidh Iarscríbhinn I – Treoirlíne 5 – mír 3
Ba cheart an cánachas a aistriú ón saothar go dtí foinsí cánacha eile a thugann níos mó tacaíochta don fostaíocht agus don fhás cuimsitheach, agus atá ailínithe le cuspóirí aeráide agus comhshaoil, ag féachaint d’éifeacht athdháilte an cháinchórais, agus ioncam le haghaidh cosaint shóisialta leordhóthanach agus caiteachas spreagtha fáis a chosaint san am céanna.
Ba cheart don chánachas náisiúnta tacú leis an bhfostaíocht agus leis an bhfás cuimsitheach i gcomhréir leis na cuspóirí beartais a leagtar amach in Airteagal 3 CAE, chomh maith leis na SDGanna, Comhaontú Pháras agus cuspóirí aeráide agus comhshaoil an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Ba cheart éifeacht dáileacháin ar an gcáinchóras a chur san áireamh le hathchóirithe cánach agus ba cheart ioncam le haghaidh infheistíocht phoiblí, go háirithe seirbhísí poiblí ar ardchaighdeán, cosaint shóisialta agus caiteachas inbhuanaithe spreagtha fáis a chosaint.
Leasú 21 Togra le haghaidh cinnidh Iarscríbhinn I – Treoirlíne 5 – mír 4
Ba cheart do na Ballstáit, lena n-áirítear iad sin a bhfuil pá íosta náisiúnta i bhfeidhm acu, cómhargáil a chur chun cinn d’fhonn socrú pá a chur i bhfeidhm, agus rannpháirtíocht éifeachtach comhpháirtithe sóisialta a áirithiú ar bhealach trédhearcach intuartha, lena gcuirfí freagrúlacht leormhaith an phá i leith forbairtí táirgiúlachta san áireamh agus lena gcothófaí pá cothrom le haghaidh caighdeán sásúil maireachtála, agus aird ar leith á tabhairt ar ghrúpaí ar ioncam íseal nó ar mheánioncam ar mhaithe leis an gcóineasú aníos a neartú. Ba cheart dálaí socheacnamaíocha, lena n-áirítear forbairtí réigiúnacha agus earnálacha, a chur san áireamh sna sásraí chun pá a shocrú. Agus urraim á tabhairt do chleachtais náisiúnta agus do neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta, ba cheart do na Ballstáit agus na comhpháirtithe sóisialta a áirithiú go mbeidh pá cothrom ag gach oibrí trí tairbhe a bhaint, go díreach nó go hindíreach, as comhaontuithe comhchoiteanna nó as pá íosta reachtúil leordhóthanach, agus a dtionchar ar an iomaíochas, ar chruthú post agus ar bhochtaineacht lucht oibre á chur san áireamh.
Tá beartais lena n-áirithítear go lamhálann pá caighdeán cuibhiúil maireachtála, lena n-áirítear do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste, tábhachtach i gcónaí chun dul i ngleic leis an mbochtaineacht lucht oibre. Ba cheart do na Ballstáit, lena n-áirítear iad sin a bhfuil pá íosta náisiúnta i bhfeidhm acu, cómhargáil a chur chun cinn d’fhonn socrú pá a chur i bhfeidhm, agus rannpháirtíocht éifeachtach comhpháirtithe sóisialta a áirithiú ar bhealach trédhearcach intuartha, lena lamhálfaí freagrúlacht leormhaith an phá i leith forbairtí táirgiúlachta fadtéarmaí agus lena gcothófaí pá cothrom le haghaidh caighdeán cuibhiúil maireachtála do gach oibrí, agus aird ar leith á tabhairt ar ghrúpaí ar ioncam íseal agus ar mheánioncam agus ar a gcumhacht cheannaigh ar mhaithe leis an gcóineasú aníos a neartú. Ba cheart dálaí socheacnamaíocha, lena n-áirítear forbairtí réigiúnacha agus earnálacha, a chur san áireamh sna sásraí chun pá a shocrú, agus úsáid á baint, mar shampla, as ciseán earraí agus seirbhísí ar fhíorphraghsanna arna mbunú ar an leibhéal náisiúnta nó luachanna tagartha idirnáisiúnta nó náisiúnta. Agus urraim á tabhairt do chleachtais náisiúnta agus do neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta i gcomhréir leis na conarthaí, ba cheart do na Ballstáit agus na comhpháirtithe sóisialta a áirithiú go mbeidh pá cothrom ag gach oibrí trí tairbhe a bhaint, go díreach nó go hindíreach, as comhaontuithe comhchoiteanna nó as pá íosta reachtúil leormhaith, agus a dtionchar ar an iomaíochas, ar chruthú post, ar chomhionannas inscne agus ar bhochtaineacht lucht oibre á chur san áireamh. Gan dochar d’inniúlacht na mBallstát an pá íosta reachtúil a shocrú agus éagsúlachtaí agus asbhaintí a lamháil, tá sé tábhachtach úsáid fhorleathan éagsúlachtaí agus asbhaintí a sheachaint, ós rud é go bhfuil an baol ann go mbeadh tionchar diúltach acu ar leordhóthanacht an phá. Áiritheoidh siad go n-urramófar leis na héagsúlachtaí agus na hasbhaintí sin prionsabail an neamh-idirdhealaithe agus na comhréireachta agus go saothrófar aidhm dhlisteanach leo i gcomhréir leis an Treoir maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach1a.
______________________
1a Nár foilsíodh fós in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Leasú 22 Togra le haghaidh cinnidh Iarscríbhinn I – Treoirlíne 5 – mír 4 a (nua)
Urramóidh faighteoirí chistí an Aontais dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le cearta sóisialta agus saothair agus maidir le cánachas. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear tacaíocht airgeadais phoiblí ar fáil do ghnólachtaí chun éifeachtaí eacnamaíocha na paindéime agus ionradh na Rúise ar an Úcráin a chomhrac ar choinníoll go n-úsáidfear an cistiú chun tairbhe na bhfostaithe agus go staonfaidh na gnólachtaí faighteora ó bhónais a íoc leis an mbainistíocht, díbhinní a íoc nó scéimeanna aischeannaigh scaireanna a thairiscint fad a mbeidh an tacaíocht sin á fáil acu.
Leasú 23 Togra le haghaidh cinnidh Iarscríbhinn I – Treoirlíne 6 – mír 1
I gcomhthéacs na n-aistrithe digiteacha agus ghlasa, an athraithe dhéimeagrafaigh agus an chogaidh san Úcráin, ba cheart do na Ballstáit an inbhuanaitheacht, an táirgiúlacht, an infhostaitheacht agus an caipiteal daonna a chur chun cinn, lena gcothófaí sealbhú scileanna agus inniúlachtaí ar fud shaol na ndaoine agus lena bhfreagrófaí do riachtanais an mhargaidh saothair atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, i bhfianaise phríomhsprioc 2030 an Aontais maidir le scileanna. Ba cheart do na Ballstáit a gcórais oideachais agus oiliúna a chur in oiriúint agus infheistíocht a dhéanamh iontu chun oideachas ardcháilíochta cuimsitheach a chur ar fáil, lena n-áirítear gairmoideachas agus gairmoiliúint, rochtain ar an bhfoghlaim dhigiteach, agus oiliúint teanga (e.g. i gcás dídeanaithe, lena n-áirítear dídeanaithe ón Úcráin). Ba cheart do na Ballstáit oibriú i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta, le soláthraithe oideachais agus oiliúna, le fiontair agus le páirtithe leasmhara eile chun aghaidh a thabhairt ar na laigí struchtúracha sna córais oideachais agus oiliúna agus chun feabhas a chur ar a gcáilíocht agus a n-ábharthacht i leith mhargadh an tsaothair, d’fhonn an t-aistriú glas agus digiteach a bhaint amach, d’fhonn aghaidh a thabhairt ar neamhréir scileanna atá ann cheana agus d’fhonn teacht chun cinn ganntanas nua a chosc, go háirithe i gcás gníomhaíochtaí a bhaineann le REPowerEU, amhail imscaradh fuinnimh inathnuaite nó athchóiriú foirgneamh. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar na dúshláin atá os comhair ghairm na múinteoireachta, lena n-áirítear trí infheistíocht a dhéanamh in inniúlachtaí digiteacha múinteoirí agus oiliúnóirí. Ba cheart do chórais oideachais agus oiliúna príomhinniúlachtaí a thabhairt do gach foghlaimeoir, lena n-áirítear scileanna bunúsacha agus scileanna digiteacha chomh maith le hinniúlachtaí idirdhisciplíneacha chun bunchloch a leagan síos a chuideoidh lena n-inoiriúnaitheacht agus lena n-athléimneacht ar feadh an tsaoil. Ba cheart do na Ballstáit féachaint le soláthar teidlíochtaí oiliúna aonair a neartú agus a áirithiú go mbeidh siad inaistrithe le linn aistrithe gairmiúla, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí chuntais foghlama aonair, chomh maith le córas iontaofa measúnaithe cáilíochta oiliúna. Ba cheart do na Ballstáit na cuspóirí maidir leis an acmhainneacht atá ag micridhintiúir chun tacú leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil agus leis an infhostaitheacht a bhaint amach. Ba cheart go gcuirfeadh siad ar chumas gach duine riachtanais an mhargaidh saothair a réamh-mheas agus iad féin a chur in oiriúint níos fearr dóibh go háirithe trí uasoiliúint agus athoiliúint leanúnach agus trí threoir agus comhairleoireacht chomhtháite a sholáthar, d’fhonn tacú le haistrithe cothroma agus córa do chách, torthaí sóisialta a neartú, aghaidh a thabhairt ar ghanntanais sa mhargadh saothair agus ar neamhréir scileanna, athléimneacht fhoriomlán an gheilleagair ó thaobh turraingí a fheabhsú agus coigeartuithe féideartha a dhéanamh níos éasca.
I gcomhthéacs na n-aistrithe digiteacha agus ghlasa, an athraithe dhéimeagrafaigh agus ionradh na Rúise ar an Úcráin, chomh maith leis an gcostas maireachtála atá ag dul i méid, ba cheart do na Ballstáit cearta sóisialta, an inbhuanaitheacht, an táirgiúlacht, an infhostaitheacht agus infheistíochtaí in oibrithe agus i ndaoine a chur chun cinn trí shealbhú scileanna agus inniúlachtaí ar fud shaol na ndaoine a chothú agus trí fhreagairt do riachtanais an mhargaidh saothair atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, i bhfianaise phríomhsprioc 2030 an Aontais maidir le scileanna, go háirithe scileanna digiteacha. Ba cheart do na Ballstáit a gcórais oideachais agus oiliúna a oiriúnú, a nuachóiriú agus infheistíocht a dhéanamh iontu chun oideachas ardcháilíochta agus cuimsitheach a chur ar fáil, go háirithe gairmoideachas agus gairmoiliúint, eolas fiontraíochta, lena n-áirítear fiontraíocht shóisialta, rochtain ar an bhfoghlaim dhigiteach, agus oiliúint teanga (e.g. i gcás dídeanaithe uile, lena n-áirítear dídeanaithe ón Úcráin), chomh maith le foghlaim fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil ar feadh an tsaoil. Ba cheart do na Ballstáit oibriú i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta, le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, le soláthraithe oideachais agus oiliúna, le fiontair agus le páirtithe leasmhara eile chun aghaidh a thabhairt ar na laigí struchtúracha agus na laigí atá ag teacht chun cinn i gcórais oideachais agus oiliúna agus chun feabhas a chur ar a gcáilíocht agus a n-ábharthacht i leith mhargadh an tsaothair, chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do na haistrithe glasa agus digiteacha agus dlús a chur leo, chun aghaidh a thabhairt ar neamhréir scileanna atá ann cheana agus ar dhífheidhmíocht scileanna agus chun teacht chun cinn ganntanas nua a chosc, go háirithe i gcás gníomhaíochtaí a bhaineann le REPowerEU, amhail imscaradh fuinnimh inathnuaite, éifeachtúlacht fuinnimh agus athchóiriú domhain foirgneamh. Ba cheart do na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar riachtanais na n-earnálacha agus na réigiún a bhfuil ganntanais struchtúracha maidir le margadh an tsaothair agus scileanna acu, inter alia d’fhonn na haistrithe glasa, teicneolaíocha agus digiteacha a chumasú ag an am céanna. Ba cheart do na Ballstáit tacú le gnóthais agus iad a spreagadh chun infheistíocht a dhéanamh i scileanna a bhfoirne agus dálaí cuibhiúla oibre agus fostaíochta a sholáthar chun oibrithe cáilithe a mhealladh. Thairis sin, ba cheart do na Ballstáit na hacmhainní uile atá ar fáil ó CSE+ agus ó chláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais, amhail Next Generation EU, a úsáid chun cáilíochtaí daoine óga a neartú agus chun déchórais oideachais a chur chun cinn. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar na dúshláin atá os comhair ghairm na múinteoireachta, lena n-áirítear trí infheistíocht a dhéanamh in inniúlachtaí digiteacha múinteoirí agus oiliúnóirí, chomh maith le hinfheistíocht a dhéanamh i dtaobh a n-eolais maidir leis an athrú aeráide agus an fhorbairt inbhuanaithe. Ba cheart do chórais oideachais agus oiliúna príomhinniúlachtaí a thabhairt do gach foghlaimeoir, lena n-áirítear scileanna bunúsacha agus digiteacha chomh maith le hinniúlachtaí idirdhisciplíneacha foirmiúla agus neamhfhoirmiúla, amhail cumarsáid agus an smaointeoireacht chriticiúil, chun bunchloch a leagan síos don inoiriúnaitheacht agus don athléimneacht ar feadh an tsaoil agus ba cheart dóibh múinteoirí a ullmhú chun a bheith in ann na hinniúlachtaí sin a sholáthar dá bhfoghlaimeoirí. Chun forbairt agus soghluaisteacht na bhfoghlaimeoirí a chothú i bhfianaise sprioc 2030 maidir le rannpháirtíocht bhliantúil daoine fásta san oiliúint a mhéadú go 60 %, ba cheart do na Ballstáit féachaint le soláthar teidlíochtaí oiliúna aonair a neartú agus a áirithiú go mbeidh siad inaistrithe le linn aistrithe gairmiúla, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí chuntais foghlama aonair, chomh maith le córas iontaofa measúnaithe cáilíochta oiliúna. Ba cheart do na Ballstáit an acmhainneacht atá ag micridhintiúir chun tacú leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil agus leis an infhostaitheacht a bhaint amach. Ba cheart dóibh a áirithiú ag an am céanna go gcaomhnófar taobh daonnachaíoch an oideachais agus go n-urramófar mianta daoine aonair. D’fhonn tacú le haistrithe cothroma agus córa do chách, chomh maith le riachtanais mhargadh an tsaothair a thuar agus oiriúnú dóibh ar bhealach níos fearr, tá sé ríthábhachtach go gcuirfidh na Ballstáit feabhas ar athléimneacht fhoriomlán an gheilleagair. Ba cheart dóibh dálaí cuibhiúla oibre agus coigeartuithe féideartha a éascú trí uas-sciliú agus athsciliú leanúnach, trí na córais agus na seirbhísí cosanta sóisialta a neartú agus trí threoir agus comhairleoireacht chomhtháite a sholáthar, chomh maith le beartais ghníomhacha maidir le margadh an tsaothair i bhfianaise suaití geilleagair a bheidh ann amach anseo freisin.
Leasú 24 Togra le haghaidh cinnidh Iarscríbhinn I – Treoirlíne 6 – mír 2
Ba cheart do na Ballstáit comhdheiseanna a chothú do chách trí aghaidh a thabhairt ar neamh-chomhionannas i gcórais oideachais agus oiliúna. Go háirithe, ba cheart rochtain ar oideachas agus ar chúram luath-óige d’ardchaighdeán a thabhairt do leanaí, i gcomhréir leis an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí. Ba cheart do na Ballstáit na leibhéil cháilíochta fhoriomlána a ardú, líon na ndaoine a fhágann an t-oideachas agus an oiliúint go luath a laghdú, tacú le rochtain ar oideachas leanaí ó cheantair iargúlta, tarraingteacht an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna (VET), rochtain ar oideachas treasach agus críochnú oideachais threasaigh a mhéadú, an t-aistriú ón oideachas go dtí an fhostaíocht do dhaoine óga a éascú trí chúrsaí oiliúna agus printíseachtaí ar ardchaighdeán, chomh maith le rannpháirtíocht daoine fásta i bhfoghlaim leanúnach a mhéadú, go háirithe i measc foghlaimeoirí ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste agus ó na daoine is lú atá cáilithe. Agus ceanglais nua na sochaithe digiteacha, sochaithe glasa agus sochaithe atá ag dul in aois á gcur san áireamh, ba cheart do na Ballstáit an fhoghlaim obairbhunaithe ina gcórais gairmoideachais agus gairmoiliúna (VET) a neartú, lena n-áirítear trí phrintíseachtaí éifeachtacha ar ardchaighdeán, agus líon na gcéimithe san eolaíocht, sa teicneolaíocht, san innealtóireacht agus sa mhatamaitic (STEM) a mhéadú sa ghairmoideachas agus gairmoiliúint agus san oideachas treasach araon, go háirithe líon na mban. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit ábharthacht an oideachais threasaigh a fheabhsú maidir le margadh an tsaothair, agus i gcás inarb iomchuí, taighde a fheabhsú freisin maidir leis an margadh sin; feabhas a chur ar fhaireachán agus ar réamhaisnéis scileanna; scileanna a dhéanamh níos feiceálaí agus cáilíochtaí a dhéanamh inchomparáide lena chéile, lena n-áirítear na cáilíochtaí a gnóthaíodh thar lear; agus deiseanna a mhéadú chun scileanna agus inniúlachtaí a sealbhaíodh lasmuigh den oideachas foirmiúil agus den oiliúint fhoirmiúil a aithint agus a bhailíochtú. Ba cheart dóibh soláthar na gairmoiliúna agus an ghairmoideachais atá solúbtha leanúnach a uasghrádú agus an ráta iontrála a bhaineann leo a mhéadú. Ba cheart do na Ballstáit freisin tacú le daoine fásta ar bheagán oiliúna a n-infhostaitheacht fadtéarmach a choinneáil ar bun nó a fhorbairt trí bhorradh a chur faoi rochtain ar dheiseanna foghlama ar ardchaighdeán agus borradh a chur faoin méid daoine a théann ina mbun, tríd an Moladh maidir le Conairí Uas-scilithe a chur chun feidhme, lena n-áirítear measúnú scileanna, tairiscint oideachais agus oiliúna de réir deiseanna i leith an mhargaidh saothair, agus aitheantas a thabhairt do na scileanna a fuarthas agus iad a bhailíochtú.
Ba cheart do na Ballstáit comhdheiseanna a chothú do chách trí dheireadh a chur le neamh-chomhionannas i gcórais oideachais agus oiliúna. Go háirithe, ba cheart rochtain chomhionann ar oideachas agus ar chúram luath-óige d’ardchaighdeán a thabhairt do leanaí, i gcomhréir leis an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí agus le spriocanna Barcelona. Ba cheart do na Ballstáit na leibhéil cháilíochta fhoriomlána a ardú, líon na ndaoine a fhágann an t-oideachas agus an oiliúint go luath a laghdú, tacú le rochtain ar oideachas leanaí ó ghrúpaí agus réigiúin faoi mhíchumas, tarraingteacht an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna a mhéadú, rochtain ar oideachas treasach agus críochnú oideachais threasaigh a chur chun cinn, an t-aistriú ón oideachas go dtí an fhostaíocht do dhaoine óga a éascú trí chúrsaí oiliúna agus printíseachtaí cuimsitheacha íoctha ar ardchaighdeán, chomh maith le rannpháirtíocht daoine fásta i bhfoghlaim leanúnach a mhéadú, go háirithe i measc foghlaimeoirí ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste agus ó na daoine is lú atá cáilithe. Agus ceanglais nua na sochaithe digiteacha, sochaithe glasa agus sochaithe atá ag dul in aois á gcur san áireamh, ba cheart do na Ballstáit an fhoghlaim obairbhunaithe ina gcórais gairmoideachais agus gairmoiliúna a neartú, lena n-áirítear trí phrintíseachtaí éifeachtacha cuimsitheacha íoctha ar ardchaighdeán, agus infheistíocht leanúnach san fhoghlaim ar feadh an tsaoil a áirithiú, líon na gcéimithe san eolaíocht, sa teicneolaíocht, san innealtóireacht agus sa mhatamaitic (ETIM) a mhéadú sa ghairmoideachas agus gairmoiliúint agus san oideachas treasach araon, go háirithe líon na mban. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit ábharthacht an oideachais threasaigh a fheabhsú maidir le margadh an tsaothair, agus i gcás inarb iomchuí, taighde a fheabhsú freisin maidir leis an margadh sin; dé-oiliúint a neartú, faireachán agus réamhaisnéis scileanna a fheabhsú; scileanna a dhéanamh níos feiceálaí agus inchomparáideacht agus aithint cáilíochtaí, lena n-áirítear na cáilíochtaí a gnóthaíodh thar lear, a shimpliú; agus deiseanna a mhéadú chun scileanna agus inniúlachtaí a sealbhaíodh lasmuigh den oideachas foirmiúil agus den oiliúint fhoirmiúil a aithint agus a bhailíochtú, agus i gcás náisiúnaigh tríú tíortha chomh maith. Ba cheart dóibh soláthar leanúnach an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna atá níos solúbtha agus níos cuimsithí a uasghrádú agus an ráta iontrála a bhaineann leo a mhéadú. Ba cheart do na Ballstáit tacú le cruthú post agus infheistíocht a dhéanamh i scéimeanna cosanta sóisialta, lena n-áirítear do dhaoine faoi mhíchumas agus d’oibrithe a bhfuil deacrachtaí acu uas-sciliú agus athsciliú a dhéanamh, agus tacú freisin le daoine fásta ar bheagán oiliúna chun rochtain a fháil ar mhargadh an tsaothair agus ar fhostaíocht chobhsaí ar ardchaighdeán. Tá sé tábhachtach sa chomhthéacs seo a n-infhostaitheacht fadtéarmach a choinneáil ar bun nó a fhorbairt trí bhorradh a chur faoi rochtain ar dheiseanna foghlama ar ardchaighdeán agus borradh a chur faoin méid daoine a théann ina mbun, tríd an Moladh maidir le Conairí Uas-scilithe a chur chun feidhme, lena n-áirítear measúnú scileanna, tairiscint oideachais agus oiliúna de réir deiseanna i leith an mhargaidh saothair. Ba cheart an ceart chun saoire oideachais íoctha chun críocha gairmiúla a spreagadh, i gcomhréir le coinbhinsiúin ábhartha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS), lena gceadaítear d’oibrithe freastal ar chláir oiliúna le linn uaireanta oibre. Ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun rochtain uilíoch, éifeachtach agus chomhionann ar chianfhoghlaim agus ar chianoiliúint a chur chun cinn, agus aird iomlán á tabhairt ar riachtanais daoine faoi mhíchumas, daoine atá ina gcónaí i gceantair iargúlta agus tuismitheoirí, go háirithe tuismitheoirí aonair.
Leasú 25 Togra le haghaidh cinnidh Iarscríbhinn I – Treoirlíne 6 – mír 3
Ba cheart do na Ballstáit cúnamh éifeachtach, tráthúil, comhordaithe agus saincheaptha a chur ar fáil do dhaoine dífhostaithe agus daoine neamhghníomhacha, cúnamh atá bunaithe ar thacaíocht do chuardach poist, d’oiliúint, d’athcháiliú agus do rochtain ar sheirbhísí cumasúcháin eile, agus aird ar leith á tabhairt ar ghrúpaí leochaileacha agus ar dhaoine a ndéanann na haistrithe glasa agus digiteacha difear ar leith dóibh. Ba cheart straitéisí cuimsitheacha lena n-áirítear measúnaithe aonair grinn ar dhaoine atá dífhostaithe a shaothrú a luaithe is féidir, tar éis 18 mí den dífhostaíocht ar a dhéanaí, d’fhonn an dífhostaíocht fhadtéarmach struchtúrach a laghdú agus a chosc. Ba cheart leanúint d’aghaidh a thabhairt ar an dífhostaíocht i measc na hóige agus ar shaincheist na ndaoine óga nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna (NEETanna), tríd an luathfhágáil scoile a chosc agus trí fheabhas struchtúrach a chur ar an aistriú ón scoil go dtí an obair, lena n-áirítear tríd an Ráthaíocht don Aos Óg a chur chun feidhme go hiomlán, rud a thacóidh, thar aon ní eile, le deiseanna fostaíochta óige ar ardcháilíocht sa téarnamh iarphaindéime. Ina theannta sin, agus i bhfianaise Bhliain Eorpach na hÓige 2022, ba cheart do na Ballstáit dlús a chur leis na hiarrachtaí chun béim a leagan ar an gcaoi a dtairgtear, leis na haistrithe glasa agus digiteacha, dearcadh athnuaite don todhchaí agus deiseanna chun tionchar diúltach na paindéime ar dhaoine óga a chomhrac.
Ba cheart do na Ballstáit cúnamh éifeachtach, tráthúil, comhordaithe agus saincheaptha a chur ar fáil do dhaoine dífhostaithe agus neamhghníomhacha atá in aois oibre, go háirithe daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach, chun na deiseanna atá acu sa mhargadh saothair a fheabhsú, cúnamh atá bunaithe ar thacaíocht do chuardach poist, don oiliúint, don athcháiliú agus don rochtain ar sheirbhísí cumasúcháin eile, i réimsí na sláinte agus na tithíochta freisin, agus aird ar leith á tabhairt ar ghrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste agus ar dhaoine a dteastaíonn breis tacaíochta uathu chun an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a bhainistiú. Ba cheart straitéisí cuimsitheacha lena n-áirítear measúnaithe aonair grinn ar dhaoine dífhostaithe a shaothrú a luaithe agus is féidir, tráth nach déanaí ná tar éis 18 mí de dhífhostaíocht, d’fhonn laghdú suntasach a dhéanamh ar an dífhostaíocht fhadtéarmach agus struchtúrach, agus tráth nach déanaí ná tar éis ocht mí de dhífhostaíocht i gcás oibrithe a dífhostaíodh le déanaí chun an baol a bhaineann le dífhostaíocht fhadtéarmach a sheachaint, agus aird ar leith á tabhairt ar dhaoine atá faoi mhíchumas agus ar ghrúpaí leochaileacha eile. Ba cheart do na Ballstáit, le rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta, aistrithe post a éascú, le tacaíocht ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus, ón gCiste um Aistriú Cóir agus ó thionscnaimh amhail RePowerEU. Ba cheart aghaidh a thabhairt ar an dífhostaíocht i measc na hóige, ar dhífhostaíocht neamhbhuan na ndaoine óga agus ar shaincheist na ndaoine óga nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna (NEETanna) ar bhonn práinne tríd an luathfhágáil scoile a chosc, lena n-áirítear printíseachtaí ionchuimsitheacha ar íocaíocht, agus trí fheabhas struchtúrach a chur ar an aistriú ón scoil go dtí an obair, lena n-áirítear tríd an Ráthaíocht threisithe don Aos Óg a chur chun feidhme go hiomlán agus go héifeachtach agus trí úsáid a bhaint as an gcistiú ábhartha de chuid an Aontais amhail Ciste Sóisialta na hEorpa Plus agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, rud a thacódh le fostaíocht ar ardcháilíocht don aos óg sa téarnamh iarphaindéime. Thairis sin, ba cheart do na Ballstáit dálaí cuibhiúla oibre agus rochtain ar chosaint shóisialta a áirithiú d’intéirnigh, d’oiliúnaithe agus do phrintísigh. Ina theannta sin, agus i bhfianaise Bhliain Eorpach na hÓige 2022, ba cheart do na Ballstáit dlús a chur leis na hiarrachtaí chun béim a leagan ar an gcaoi a dtairgtear, leis na haistrithe glasa agus digiteacha, dearcadh athnuaite don todhchaí agus deiseanna chun tionchar diúltach na paindéime ar dhaoine óga a chomhrac. Ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar chlásal i dtaobh na hóige a chur chun feidhme lena ndéanfaí measúnú ar an tionchar atá ag tionscnaimh nua i ngach réimse beartais ar dhaoine óga.
Leasú 26 Togra le haghaidh cinnidh Iarscríbhinn I – Treoirlíne 6 – mír 4
Ba cheart é a bheith d’aidhm ag na Ballstáit deireadh a chur le bacainní agus le dídhreasuithe i leith rannpháirtíocht sa mhargadh saothair agus dreasuithe a chur ar fáil ina leith, go háirithe le haghaidh daoine ar ioncam íseal, an dara duine sa teaghlach atá ag tuilleamh agus na ndaoine sin is faide ón margadh saothair, lena n-áirítear daoine a bhfuil cúlra imirceach acu agus pobail imeallacha na Romach. I bhfianaise ganntanas ard lucht saothair i ngairmeacha agus in earnálacha áirithe, ba cheart do na Ballstáit rannchuidiú leis an soláthar saothair a chothú, go háirithe trí phá leordhóthanach agus dálaí oibre cuibhiúla a chur chun cinn, chomh maith le beartais ghníomhacha éifeachtacha maidir le margadh an tsaothair. Ba cheart do na Ballstáit tacú le timpeallacht oibre oiriúnaithe do dhaoine faoi mhíchumas, lena n-áirítear trí bhíthin tacaíocht airgeadais agus seirbhísí spriocdhírithe a chuireann ar a gcumas dóibh a bheith rannpháirteach sa mhargadh saothair agus sa tsochaí.
Ba cheart é a bheith d’aidhm ag na Ballstáit deireadh a chur le bacainní agus dídhreasuithe i leith rannpháirtíocht sa mhargadh saothair agus dreasuithe a chur ar fáil chun rochtain a fháil ar an margadh saothair agus rannpháirt a ghlacadh ann, go háirithe le haghaidh grúpaí atá faoi mhíbhuntáiste agus na ndaoine sin is faide ón margadh saothair, lena n-áirítear daoine atá faoi mhíchumas, daoine a bhfuil cúlra imirceach acu agus Romaigh atá imeallaithe. I bhfianaise ganntanas ard lucht saothair i ngairmeacha agus in earnálacha áirithe, ba cheart do na Ballstáit rannchuidiú leis an soláthar saothair a chothú, go háirithe trí phá agus dálaí oibre atá cuibhiúil a chur chun cinn, chomh maith le beartais ghníomhacha éifeachtacha maidir le margadh an tsaothair. Ba cheart do na Ballstáit tacú le timpeallacht oibre inrochtana do dhaoine atá faoi mhíchumas agus le cóiriú réasúnta ar an áit oibre, lena n-áirítear trí bhíthin tacaíocht airgeadais, táirgí, seirbhísí agus timpeallacht spriocdhírithe a chuireann ar a gcumas dóibh a bheith rannpháirteach sa mhargadh saothair agus sa tsochaí. Is féidir leis an teilea-obair rialaithe agus teicneolaíochtaí nua deiseanna a chur ar fáil, go háirithe le haghaidh grúpaí atá faoi mhíbhuntáiste, fad a bheidh an bonneagar digiteach is gá i bhfeidhm, go mbeidh sé ar phraghas réasúnta agus go mbeidh sé inrochtana ag cách. Níor cheart don teilea-obair, áfach, fostóirí a scaoileadh ón oibleagáid cóiriú réasúnta a dhéanamh ar an áit oibre agus cultúir ionchuimsitheacha a chur chun cinn san áit oibre d’oibrithe atá faoi mhíchumas.
Leasú 27 Togra le haghaidh cinnidh Iarscríbhinn I – Treoirlíne 6 – mír 5
Ba cheart dul i ngleic leis na bearnaí fostaíochta agus na bearnaí pá idir na hinscní. Ba cheart do na Ballstáit comhionannas inscne agus rannpháirtíocht mhéadaithe na mban sa mhargadh saothair a áirithiú, lena n-áirítear trí chomhionannas deiseanna agus dul chun cinn gairme a áirithiú agus trí dheireadh a chur le bacainní ar rochtain ar cheannaireacht ag gach leibhéal den chinnteoireacht. Ba cheart pá comhionann as obair chomhionann nó as obair ar comhionann a luach, chomh maith leis an trédhearcacht pá, a áirithiú. Ba cheart comhréiteach idir an saol oibre, an saol teaghlaigh agus an saol príobháideach le haghaidh mná agus fir araon a chur chun cinn, go háirithe trí rochtain a bheith ann ar chúram fadtéarmach agus oideachas agus seirbhísí cúraim luathóige atá inacmhainne ar ardchaighdeán. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú do thuismitheoirí agus do dhaoine eile a bhfuil freagrachtaí cúraim orthu, go bhfuil rochtain acu ar shaoire teaghlaigh iomchuí agus ar shocruithe solúbtha oibre chun cothromaíocht idir an saol oibre, an saol teaghlaigh agus an saol príobháideach a bhaint amach, agus úsáid chothrom na dteidlíochtaí sin idir mná agus fir a chur chun cinn.
Ba cheart na bearnaí fostaíochta, pá agus pinsin atá ann cheana idir na hinscní a dhúnadh. Ba cheart do na Ballstáit comhionannas inscne agus rannpháirtíocht mhéadaithe na mban sa mhargadh saothair a áirithiú, lena n-áirítear trí chomhionannas deiseanna, oideachas agus dul chun cinn gairme a áirithiú agus trí dheireadh a chur le bacainní ar an rochtain ar cheannaireacht ag gach leibhéal den chinnteoireacht. Ba cheart do na Ballstáit an Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feabhas a chur ar an gcothromaíocht inscne i measc stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin cuideachtaí a liostaítear ar stocmhalartáin, agus bearta gaolmhara1a a chur chun feidhme go pras. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar tréimhsí saoire máithreachais agus tuismitheora a luacháil go leormhaith ó thaobh ranníocaíochtaí agus teidlíochtaí pinsin de, chun léiriú a thabhairt ar a thábhachtaí atá sé na glúnta atá le teacht a thógáil i gceart, go háirithe i gcomhthéacs sochaí atá ag dul in aois. Ba cheart pá comhionann as obair chomhionann, nó as obair ar comhionann a luach, agus trédhearcacht pá, a áirithiú go héifeachtach i gcomhréir leis conarthaí, mar shampla trí innéacsanna náisiúnta cothromais pá a dhéanann comparáid idir fir agus mná a bhunú ina n-éagsúlacht uile. Ba cheart an chothromaíocht idir an saol oibre, an saol teaghlaigh agus an saol príobháideach do mhná agus fir araon a chur chun cinn, go háirithe trí rochtain uilíoch agus éifeachtach a bheith ann ar chúram fadtéarmach agus oideachas agus seirbhísí cúraim luathóige ar ardchaighdeán agus trí fhreagrachtaí cúraim agus tí a bheith á roinnt go cothrom. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú do thuismitheoirí agus do dhaoine eile a bhfuil freagrachtaí cúraim orthu, go bhfuil rochtain acu ar shaoire teaghlaigh iomchuí agus ar shocruithe solúbtha oibre chun cothromaíocht idir an saol oibre, an saol teaghlaigh agus an saol príobháideach a bhaint amach, agus úsáid chothrom na dteidlíochtaí sin idir mná agus fir a chur chun cinn.Thairis sin, ba cheart dóibh a áirithiú go bhfuil rochtain ag oibrithe cúraim ar oiliúint ghairmiúil ar ardchaighdeán agus go dtugtar aitheantas dá gcuid cáilíochtaí agus ba cheart dóibh tacú le fostóirí in earnáil an chúraim foireann cháilithe a aimsiú agus a choinneáil, agus béim ar leith á leagan ar dhálaí cuibhiúla oibre. De réir a chéile, ba cheart do na Ballstáit dul i dtreo saoire mháithreachais agus atharthachta atá ar íocaíocht iomlán agus ar comhfhad.
_________________________
1a Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.
Leasú 28 Togra le haghaidh cinnidh Iarscríbhinn I – Treoirlíne 7 – mír 1
Chun tairbhe a bhaint as lucht saothair dinimiciúil táirgiúil, agus as patrúin nua oibre agus as samhlacha nua gnó, ba cheart do na Ballstáit oibriú in éineacht leis na comhpháirtithe sóisialta ar dhálaí oibre cothroma trédhearcacha intuartha, agus an chothromaíocht idir cearta agus oibleagáidí á hurramú. Ba cheart dóibh deighilt sna margaí saothair a laghdú agus a chosc, an obair neamhdhearbhaithe agus an fhéinfhostaíocht bhréagach a chomhrac, agus an t-aistriú i dtreo cineálacha fostaíochta nach bhfuil dáta deiridh luaite leo a chothú. Leis na rialacha maidir le cosaint fostaíochta, le dlí an tsaothair agus leis na hinstitiúidí, ba cheart timpeallacht oiriúnach le haghaidh earcaíochta a chur ar fáil chomh maith leis an tsolúbthacht is gá d’fhostóirí chun iad féin a chur in oiriúint go tapa d’athruithe sa chomhthéacs eacnamaíoch, agus cearta saothair á gcosaint ag an am céanna agus cosaint shóisialta á háirithiú, mar aon le leibhéal iomchuí slándála agus timpeallachtaí oibre sláintiúla, sábháilte agus dea-oiriúnaithe do gach oibrí. Trí úsáid socruithe solúbtha oibre a chur chun cinn, amhail teilea-obair, d’fhéadfaí cur le leibhéil fostaíochta níos airde agus le margaí saothair níos cuimsithí i gcomhthéacs na timpeallachta iarphaindéime. Ag an tráth céanna, tá sé tábhachtach a áirithiú go ndéanfar cearta oibrithe i dtéarmaí am oibre, dálaí oibre agus cothromaíocht oibre is saoil a urramú. Ba cheart cosc a chur le caidrimh fostaíochta a mbíonn dálaí oibre forbhásacha mar thoradh orthu, lena n-áirítear i gcás na n-oibrithe ardáin, go háirithe más oibrí ar bheagán oiliúna iad, agus trí mhí-úsáid conarthaí neamhthipiciúla a chomhrac. Ba cheart rochtain ar réiteach éifeachtach neamhchlaonta ar dhíospóidí a áirithiú i gcásanna dífhostaithe éagóraigh, mar aon leis an gceart chun sásaimh, lena n-áirítear cúiteamh iomchuí.
Chun tairbhe a bhaint as lucht saothair dinimiciúil táirgiúil, agus as patrúin nua oibre agus as samhlacha nua gnó, ba cheart do na Ballstáit oibriú in éineacht leis na comhpháirtithe sóisialta ar dhálaí oibre cothroma trédhearcacha intuartha, agus an chothromaíocht idir cearta agus oibleagáidí á hurramú d’oibrithe agus fostóirí. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit bearta nithiúla a dhéanamh chun an chómhargáil agus an t-idirphlé sóisialta a chur chun cinn agus a neartú ina leith sin. Ba cheart dóibh deighilt sna margaí saothair a laghdú agus a chosc, an obair neamhdhearbhaithe agus an fhéinfhostaíocht bhréagach a chomhrac, agus an t-aistriú i dtreo cineálacha fostaíochta nach bhfuil dáta deiridh luaite leo a chothú. Ba cheart do na rialacha maidir le cosaint fostaíochta, do dhlí an tsaothair agus d’institiúidí cosaint na gceart saothair, ardleibhéal cosanta sóisialta, fostaíocht shlán, earcaíocht ionchuimsitheach agus sláinte agus sábháilteacht ag an obair a áirithiú mar aon le timpeallachtaí oibre atá curtha in oiriúint do gach oibrí. Ag an am céanna, ba cheart do na Ballstáit timpeallacht oiriúnach a áirithiú chun go mbeidh rath ar ghnóthais agus a áirithiú go mbeidh an tsolúbthacht ag fostóirí dul in oiriúint d’athruithe. Trí shocruithe solúbtha oibre arna gcomhaontú idir fostóirí agus oibrithe nó a gcuid ionadaithe a chur chun cinn, amhail an teilea-obair, is féidir rannchuidiú le leibhéil fostaíochta níos airde agus le margaí saothair níos ionchuimsithí i gcomhthéacs na timpeallachta iarphaindéime, go háirithe do thuismitheoirí aonair, do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine atá ina gcónaí i gceantair thuaithe agus iargúlta. Ag an am céanna, tá sé tábhachtach a áirithiú go ndéanfar cearta oibrithe i dtaca le huaireanta oibre, dálaí oibre, lena n-áirítear sláinte agus sábháilteacht cheirde, mar aon le cosaint shóisialta agus cothromaíocht oibre is saoil a urramú. Ba cheart dul i ngleic ar bhonn práinne le caidrimh fostaíochta as a dtagann dálaí oibre forbhásacha agus iomaíocht éagórach, lena n-áirítear i gcás na n-oibrithe ardáin, go háirithe má tá siad ar bheagán oiliúna, trí mhí-úsáid conarthaí neamhthipiciúla a chomhrac. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil dálaí oibre cuibhiúla, cearta sóisialta agus rochtain ar chosaint shóisialta leormhaith ag gach oibrí. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit Coinbhinsiún Uimh. 81 de chuid EIS maidir le Cigireacht Saothair a chur chun feidhme go hiomlán agus infheistíocht a dhéanamh i gcigireachtaí saothair éifeachtacha trí údaráis inniúla a chumhachtú agus a n-iarrachtaí a chomhordú chun mí-úsáid trasteorann a chomhrac faoi chuimsiú an Údaráis Eorpaigh Saothair. Ba cheart rochtain ar réiteach éifeachtach neamhchlaonta ar dhíospóidí a áirithiú i gcásanna dífhostaithe éagóraigh, mar aon leis an gceart chun sásaimh, lena n-áirítear cúiteamh iomchuí. Ba cheart do na Ballstáit leas a bhaint as na gníomhaireachtaí Eorpacha agus as na seirbhísí poiblí fostaíochta ar fud an Aontais chun dea-chleachtais fianaise-bhunaithe a shainaithint, an tagairfhoghlaim a spreagadh agus tuilleadh comhordaithe ar bheartais fostaíochta a chur chun cinn.
Leasú 29 Togra le haghaidh cinnidh Iarscríbhinn I – Treoirlíne 7 – mír 2
Ba cheart é a bheith d’aidhm ag beartais feabhas a chur ar rannpháirtíocht sa mhargadh saothair, ar chomhoiriúnú ina leith agus ar aistrithe sa mhargadh saothair, agus tacú leis na tionscnaimh sin freisin, lena n-áirítear sna réigiúin is mó atá faoi mhíbhuntáiste. Ba cheart do na Ballstáit iad siúd atá in ann páirt a ghlacadh i margadh an tsaothair a ghníomhachtú agus a chumasú ar bhealach éifeachtach, go háirithe grúpaí leochaileacha amhail daoine ar bheagán oiliúna, daoine a mbaineann cúlra imirceach leo, lena n-áirítear daoine faoi stádas cosanta sealadach, agus Romaigh atá imeallaithe. Ba cheart do na Ballstáit raon feidhme agus éifeacht na mbeartas gníomhach maidir leis an margadh saothair a neartú tríd an spriocadh, an fhor-rochtain agus an raon atá acu a mhéadú agus tríd an méid sin a nascadh níos fearr le seirbhísí sóisialta, le cúrsaí oiliúna agus le tacaíocht ioncaim le haghaidh daoine dífhostaithe, fad is a mbíonn siad ag lorg oibre agus é sin a bheith bunaithe ar a gcearta agus a bhfreagrachtaí. Ba cheart do na Ballstáit feabhas a chur ar chumas na seirbhísí poiblí fostaíochta chun cúnamh tráthúil saincheaptha a chur ar fáil do chuardaitheoirí poist, chun freagairt do riachtanais an mhargaidh saothair atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, agus chun bainistiú feidhmíochtbhunaithe a chur chun feidhme, agus tacaíocht a bheith tugtha freisin trí dhigitiú.
Ba cheart é a bheith d’aidhm ag beartais feabhas a chur ar an rannpháirtíocht, an comhoiriúnú agus aistrithe sa mhargadh saothair agus tacú leis an méid sin, go háirithe san aistriú glas agus san aistriú digiteach agus i réigiúin agus ceantair atá faoi mhíbhuntáiste, lena n-áirítear réigiúin iargúlta agus tuaithe, oileáin agus na réigiúin is forimeallaí. Ba cheart do na Ballstáit é a chur ar a gcumas siúd atá in ann páirt a ghlacadh sa mhargadh saothair fosaíocht ardcháilíochta a fháil, go háirithe grúpaí atá faoi mhíbhuntáiste amhail daoine óga, daoine aosta, daoine ar bheagán oiliúna, oibrithe neamhfhoirmiúla, daoine atá faoi mhíchumas, daoine a bhfuil cúlra imirceach acu, lena n-áirítear daoine atá faoi chosaint shealadach agus Romaigh atá imeallaithe. Ba cheart do na Ballstáit raon feidhme agus éifeacht na mbeartas gníomhach maidir leis an margadh saothair a neartú trí dhíriú níos mó ar spriocghrúpaí, tríd an bhfor-rochtain agus an raon atá acu a mhéadú agus trí na beartais sin a nascadh ar bhealach níos fearr le seirbhísí sóisialta, le cúrsaí oiliúna agus le tacaíocht ioncaim atá cuibhiúil le haghaidh daoine atá dífhostaithe, fad a bhíonn siad ag lorg fostaíocht ardcháilíochta, agus é sin bunaithe ar a gcearta agus ar na freagrachtaí atá orthu. Ba cheart do na Ballstáit feabhas a chur ar chumas na seirbhísí poiblí fostaíochta i dtaobh cúnamh tráthúil saincheaptha a chur ar fáil do chuardaitheoirí poist, i dtaobh freagairt do riachtanais an mhargaidh saothair atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo agus do mhianta na gcuardaitheoirí poist, agus i dtaobh bainistiú feidhmíochtbhunaithe a chur chun feidhme, agus tacaíocht á tabhairt don mhéid sin freisin tríd an digitiú. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar na seirbhísí agus an tacaíocht sin a thairiscint ar líne agus as líne araon chun go mbeidh siad inrochtana ag cách, lena n-áirítear ag daoine aosta agus ag daoine atá faoi mhíchumas, chun a áirithiú nach bhfágfar aon duine ar lár.
Leasú 30 Togra le haghaidh cinnidh Iarscríbhinn I – Treoirlíne 7 – mír 3
Ba cheart do na Ballstáit sochair leordhóthanacha dhífhostaíochta ar feadh tréimhse réasúnta a sholáthar do dhaoine dífhostaithe, i gcomhréir leis na ranníocaíochtaí atá déanta acu agus leis na rialacha náisiúnta maidir le hincháilitheacht. Níor cheart go ndéanfadh sochair dhífhostaíochta filleadh pras ar an bhfostaíocht a dhídhreasú agus ba cheart beartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair a bheith ag gabháil leo.
Ba cheart do na Ballstáit sochair leordhóthanacha dhífhostaíochta ar feadh tréimhse réasúnta a sholáthar do dhaoine dífhostaithe, i gcomhréir leis na ranníocaíochtaí atá déanta acu agus leis na rialacha náisiúnta maidir le hincháilitheacht. Ní dídhreasacht a bheidh sna sochair sin i dtaca le filleadh go tapa ar an obair mar a leagtar amach i bPrionsabal Uimh. 13 den Cholún agus ba cheart beartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair a bheith ag gabháil leo.
Leasú 31 Togra le haghaidh cinnidh Iarscríbhinn I – Treoirlíne 7 – mír 4
Ba cheart tacaíocht leordhóthanach a thabhairt do shoghluaisteacht an lucht foghlama agus an lucht saothair d’fhonn a gcuid scileanna agus a n-infhostaitheacht a fheabhsú agus d’fhonn acmhainneacht iomlán mhargadh saothair na hEorpa a shaothrú; agus, an tráth céanna, dálaí cothroma a áirithiú freisin i leith daoine i mbun gníomhaíochta trasteorann chomh maith le dlús a chur le comhar riaracháin idir na húdaráis riaracháin náisiúnta maidir le hoibrithe taistil, agus tairbhe á baint as an Údarás Eorpach Saothair. Ba cheart tacú le soghluaisteacht oibrithe i ngairmeacha criticiúla agus oibrithe trasteorann, oibrithe séasúracha agus oibrithe ar postú i gcás ina bhfuil dúnadh sealadach teorann mar thoradh ar chúinsí sláinte poiblí.
Ba cheart do na Ballstáit tacú le soghluaisteacht an lucht saothair ar fud an Aontais chun ganntanais réigiúnacha agus earnála sa mhargadh saothair a shárú agus chun leas a bhaint as acmhainneacht iomlán mhargadh saothair an Aontais, agus iad ag dul i ngleic le drochthionchar ‘imirce daoine oilte’ i réigiúin áirithe san am céanna. Ag an am céanna, ba cheart tacú le soghluaisteacht foghlaimeoirí agus oibrithe chun a bhfios gnó, a gcuid scileanna agus a n-infhostaitheacht a mhéadú, go háirithe trí Erasmus+ a neartú tuilleadh. Ba cheart do na Ballstáit cearta agus dálaí cuibhiúla oibre agus fostaíochta na ndaoine ar fad atá i mbun gníomhaíocht trasteorann a áirithiú, mar aon leis an deis cearta agus teidlíochtaí slándála sóisialta a aistriú trí chomhar riaracháin níos fearr idir údaráis náisiúnta riaracháin maidir le hoibrithe taistil, agus tairbhe á baint as cúnamh ón Údarás Eorpach Saothair freisin. Ba cheart tacú le soghluaisteacht chothrom an lucht saothair i ngairmeacha criticiúla agus na n-oibrithe trasteorann, lena n-áirítear oibrithe teorann, oibrithe séasúracha agus oibrithe ar postú, agus ba cheart urraim a thabhairt dá gcearta freisin i gcás ina ndúntar teorainn go sealadach, mar shampla ó thaobh sláinte agus sábháilteachta, cónaí cánach agus comhordú slándála sóisialta de.
Leasú 32 Togra le haghaidh cinnidh Iarscríbhinn I – Treoirlíne 7 – mír 4 a (nua)
Ba cheart do na Ballstáit oibriú i gcomhar le chéile i dtaca le slándáil shóisialta a chomhordú d’oibrithe taistil, lena n-áirítear oibrithe féinfhostaithe atá ag obair i mBallstát eile. Ba cheart nuachóiriú na gcóras slándála sóisialta cloí le prionsabail mhargadh saothair an Aontais, lena sonraítear gur cheart do chórais náisiúnta slándála sóisialta a bheith inbhuanaithe agus cuimsitheach agus lena n-áirithítear sa deireadh go bhfuil an lucht saothair táirgiúil. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit, trína gcuid pleananna náisiúnta faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ionstraimí eile de chuid an Aontais, feabhas a chur ar dhigitiú na seirbhísí poiblí chun cáilíocht a gcuid oibre a fheabhsú, go háirithe tríd an gcóras chun faisnéis slándála sóisialta a mhalartú go leictreonach a chur chun feidhme go hiomlán. Ba cheart do na Ballstáit comhpháirtíochtaí trasteorann a mhéadú agus uirlisí Eorpacha ábhartha eile a chur chun cinn agus a úsáid ar bhealach níos fearr, amhail an Líonra Eorpach Seirbhísí Fostaíochta (EURES) agus an líonra seirbhísí poiblí fostaíochta (líonra SPF), chun tacú le hoibrithe taistil, go háirithe trí fhaisnéis chuimsitheach a thabhairt dóibh faoi dheiseanna fostaíochta agus cosaint shóisialta.
Leasú 33 Togra le haghaidh cinnidh Iarscríbhinn I – Treoirlíne 7 – mír 5
Ba cheart do na Ballstáit a ndícheall a dhéanamh na coinníollacha iomchuí a chruthú le haghaidh cineálacha nua oibre, a ngealltanais a chomhlíonadh maidir lena n-acmhainneacht poist a chruthú, agus a áirithiú, ag an am céanna, go bhfuil na cearta sóisialta atá ann cheana á gcomhlíonadh acu. Ba cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, comhairle agus treoir a chur ar fáil maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí is infheidhme i gcomhthéacs conarthaí neamhthipiciúla agus foirmeacha nua oibre, amhail obair trí ardáin dhigiteacha. I ndáil leis an méid sin, is féidir le comhpháirtithe sóisialta ról ríthábhachtach a imirt agus ba cheart do na Ballstáit tacú leo teagmháil a dhéanamh le daoine agus ionadaíocht a dhéanamh ar dhaoine a bhíonn i mbun obair neamhthipiciúil agus obair ardáin. Ba cheart do na Ballstáit tacaíocht a chur ar fáil freisin don fhorfheidhmiú – amhail treoirlínte nó oiliúint thiomnaithe do chigireachtaí saothair – maidir leis na dúshláin a eascraíonn as cineálacha nua eagrúcháin oibre, amhail bainistiú algartamach, faireachas sonraí agus teilea-obair bhuan nó leathbhuan.
Ba cheart do na Ballstáit a ndícheall a dhéanamh na dálaí iomchuí a chruthú le haghaidh cineálacha nua oibre agus leas a bhaint as an deis a bhaineann leo ó thaobh poist a chruthú agus ba cheart dóibh a áirithiú, ag an am céanna, go bhfuil dlí an tsaothair agus na cearta sóisialta atá ann cheana á gcomhlíonadh acu. Ba cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, na cearta agus na hoibleagáidí a bhfuil feidhm acu maidir le conarthaí neamhthipiciúla agus cineálacha nua oibre, amhail an obair trí ardáin dhigiteacha, a áirithiú agus comhairle agus treoir a chur ar fáil i gcás inar gá. Ag an am céanna, ba cheart do na Ballstáit an t-aistriú chuig cineálacha fostaíochta nach bhfuil dáta deiridh luaite leo a chothú i gcomhréir leis an gColún. I ndáil leis an méid sin, is féidir le comhpháirtithe sóisialta ról ríthábhachtach a imirt agus ba cheart do na Ballstáit tacú leo teagmháil a dhéanamh le daoine a bhíonn i mbun obair neamhthipiciúil agus ardáin agus ionadaíocht a dhéanamh orthu agus, ag an am céanna, ionadaíocht agus gníomhaíocht chomhchoiteann a éascú do dhaoine atá féinfhostaithe i ndáiríre. Ba cheart do na Ballstáit tacaíocht a chur ar fáil don fhorfheidhmiú freisin, lena n-áirítear trí acmhainní leormhaithe daonna agus airgeadais, treoirlínte nó oiliúint thiomnaithe a sholáthar do chigireachtaí saothair maidir leis na dúshláin a eascraíonn as na bealaí nua chun obair a eagrú, amhail an bainistiú algartamach, faireachas sonraí agus an teilea-obair bhuan nó leathbhuan mar aon le pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha.
Leasú 34 Togra le haghaidh cinnidh Iarscríbhinn I – Treoirlíne 7 – mír 6
Agus forbairt á déanamh ar na cleachtais náisiúnta atá ann cheana, agus chun idirphlé sóisialta níos éifeachtaí agus torthaí socheacnamaíocha níos fearr a bhaint amach, lena n-áirítear le linn géarrchéimeanna amhail an cogadh san Úcráin, ba cheart do na Ballstáit rannpháirtíocht thráthúil fhiúntach na gcomhpháirtithe sóisialta a áirithiú i ndearadh agus i gcur chun feidhme athchóirithe agus beartas fostaíochta, sóisialta agus, i gcás inarb ábhartha, eacnamaíocha, lena n-áirítear trí thacú le hacmhainneacht mhéadaithe na comhpháirtithe sóisialta. Ba cheart do na Ballstáit an t-idirphlé sóisialta agus an chómhargáil a chothú. Ba cheart na comhpháirtithe sóisialta a spreagadh chun dul i mbun caibidlíochta agus chun comhaontuithe comhchoiteanna a chur i gcrích maidir le saincheisteanna atá ábhartha dóibh, agus a neamhspleáchas agus an ceart atá acu gníomhaíocht chomhchoiteann a dhéanamh á lánurramú.
Chun cur na cleachtais náisiúnta atá ann cheana agus chun idirphlé sóisialta níos éifeachtaí agus níos déine agus torthaí socheacnamaíocha níos fearr a chur chun cinn agus a bhaint amach, lena n-áirítear le linn géarchéimeanna amhail ionradh na Rúise ar an Úcráin, an t-ardú ar an gcostas maireachtála agus an géarú ar an athrú aeráide, ba cheart do na Ballstáit tacú le neartú na gcomhpháirtithe sóisialta ar gach leibhéal agus a áirithiú go mbeidh siad rannpháirteach ar bhealach tráthúil agus fiúntach i gceapadh agus cur chun feidhme na n-athchóirithe agus na mbeartas fostaíochta, sóisialta agus, i gcás inarb ábhartha, eacnamaíocha. Ba cheart do na Ballstáit an t-idirphlé sóisialta agus cumhdach níos mó ar an gcómhargáil a chothú agus a chur chun cinn. Ba cheart na comhpháirtithe sóisialta a spreagadh chun dul i mbun caibidlíochta agus chun comhaontuithe comhchoiteanna a chur i gcrích maidir le saincheisteanna atá ábhartha dóibh, agus a neamhspleáchas agus an ceart atá acu gníomhaíocht chomhchoiteann a dhéanamh á lánurramú.
Leasú 35 Togra le haghaidh cinnidh Iarscríbhinn I – Treoirlíne 7 – mír 7
I gcás inarb ábhartha, agus ag tógáil ar na cleachtais náisiúnta atá ann cheana, ba cheart do na Ballstáit an taithí atá ag eagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta ar shaincheisteanna fostaíochta agus sóisialta a chur san áireamh.
I gcás inarb ábhartha, agus chun cur leis na cleachtais náisiúnta atá ann cheana, ba cheart do na Ballstáit an saineolas agus an taithí atá ag eagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta ar shaincheisteanna fostaíochta agus sóisialta a chur san áireamh, lena n-áirítear iad siúd a dhéanann ionadaíocht ar ghrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste a bhfuil bac orthu rochtain a fháil ar an margadh saothair agus ar fhostaíocht ardcháilíochta agus a bhíonn ag obair i gcomhar leo. Thairis sin, ba cheart do na Ballstáit tacú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta a sholáthraíonn seirbhísí sóisialta agus fostaíochta neamhbhrabúis.
Leasú 36 Togra le haghaidh cinnidh Iarscríbhinn I – Treoirlíne 7 – mír 7 a (nua)
Tá áit oibre atá sláintiúil agus sábháilte ríthábhachtach. Ba cheart do na Ballstáit tacú le fostóirí agus a áirithiú go bhfuil na rialacháin sláinte agus sábháilteachta á gcomhlíonadh acu agus go dtugann siad faisnéis leormhaith d’oibrithe agus dá n-ionadaithe mar aon le measúnuithe riosca agus bearta coisctheacha a dhéanamh. Mar chuid de sin, ba cheart tionóiscí marfacha ag an obair agus cásanna den ailse cheirde a chosc go hiomlán trí theorainnluachanna ceangailteacha a leagan síos, i measc nithe eile, le haghaidh nochtadh do shubstaintí guaiseacha san áit oibre. I dtaca leis sin, ba cheart do na Ballstáit aird a thabhairt ar an tionchar atá ag rioscaí síceasóisialta ceirde agus galair cheirde mar aon le rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide, amhail tonnta teasa, triomach nó loscadh sléibhe, ar shláinte agus sábháilteacht oibrithe, go háirithe in earnálacha na tógála, na talmhaíochta agus na seirbhíse poiblí. Ba cheart do na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar thionchar na ngéarchéimeanna atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo ar an margadh saothair, i gcomhthéacs na géarchéime aeráide agus uathriail straitéiseach oscailte na hEorpa, trí thacú le hoibrithe atá dífhostaithe ar bhonn sealadach nó a dhéanann obair ghearr-ama mar go mbíonn ar fhostóirí stop a chur lena gcuid gníomhaíochtaí nó seirbhísí agus trí thacú le hoibrithe féinfhostaithe agus gnólachtaí beaga ionas gur féidir leo foireann a choinneáil agus leanúint ar aghaidh lena gcuid gníomhaíochtaí nó seirbhísí.
Leasú 37 Togra le haghaidh cinnidh Iarscríbhinn I – Treoirlíne 8 – mír 1
Ba cheart do na Ballstáit margaí saothair cuimsitheacha atá oscailte do chách, a chur chun cinn, trí bhearta éifeachtacha a chur i bhfeidhm chun an t-idirdhealú de gach cineál a chomhrac agus chun comhionannas deiseanna a chur chun cinn, go háirithe le haghaidh grúpaí faoi ghannionadaíocht sa mhargadh saothair, agus an aird chuí á tabhairt ar na gnéithe réigiúnacha agus críochacha. Ba cheart dóibh cóir chothrom a áirithiú i dtaca leis an bhfostaíocht, an chosaint shóisialta, an cúram sláinte agus an cúram fadtéarmach, an t-oideachas agus rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí, beag beann ar inscne, bunadh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh.
Ba cheart do na Ballstáit cearta sóisialta agus margaí saothair ionchuimsitheacha atá inrochtana ag cách a chur chun cinn trí bhearta éifeachtacha a chur i bhfeidhm chun an t-idirdhealú agus steiréitíopaí de gach cineál a chomhrac agus an comhionannas deiseanna a chur chun cinn do chách, go háirithe le haghaidh grúpaí atá faoi ghannionadaíocht nó faoi mhíbhuntáiste sa mhargadh saothair, agus an aird chuí á tabhairt ar na gnéithe réigiúnacha agus críochacha. Ba cheart dóibh pá comhionann as obair chomhionann nó as obair ar comhionann a luach, tacaíocht phearsantaithe do chuardaitheoirí poist agus cóir agus cearta comhionanna a áirithiú maidir le fostaíocht, cosaint shóisialta, cúram sláinte, cúram leanaí, cúram fadtéarmach, oideachas agus rochtain ar thithíocht, earraí agus seirbhísí, gan beann ar inscne, bunadh ciníoch nó eitneach, cúlra sóisialta, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh.
Leasú 38 Togra le haghaidh cinnidh Iarscríbhinn I – Treoirlíne 8 – mír 2
Ba cheart do na Ballstáit córais cosanta sóisialta a nuachóiriú chun cosaint shóisialta atá leordhóthanach éifeachtach, éifeachtúil inbhuanaithe a sholáthar do chách, ag gach céim den saol, an cuimsiú sóisialta agus an tsoghluaisteacht shóisialta aníos a chothú, rannpháirtíocht sa mhargadh saothair a dhreasú, tacú le hinfheistíocht shóisialta, an bhochtaineacht a chomhrac agus aghaidh a thabhairt ar an neamh-chomhionannas, lena n-áirítear leis an gcaoi a ndeartar a gcáinchórais agus a gcórais sochair agus trí mheasúnú a dhéanamh ar thionchar dáileach na mbeartas. Agus cur chuige de chineálacha uilíocha á gcomhlánú le cineálacha roghnaíocha, déanfar éifeachtacht na gcóras cosanta sóisialta a fheabhsú. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag nuachóiriú na gcóras cosanta sóisialta freisin feabhas a chur ar a athléimneacht ó dhúshláin ilghnéitheacha.
Ba cheart do na Ballstáit córais cosanta sóisialta a nuachóiriú agus infheistíocht a dhéanamh iontu chun cosaint shóisialta atá leormhaith, éifeachtach, éifeachtúil agus inbhuanaithe a sholáthar do chách, ag gach céim den saol, an cuimsiú sóisialta agus cóineasú agus soghluaisteacht shóisialta aníos a chothú, tacú le rannpháirtíocht sa mhargadh saothair agus leis an rochtain ar fhostaíocht ardcháilíochta agus an méid sin a spreagadh, tacú leis an infheistíocht shóisialta, an bhochtaineacht a dhíothú lena n-áirítear bochtaineacht lucht oibre, agus aghaidh a thabhairt ar an neamhionannas, lena n-áirítear trína gcórais chánach agus sochar a cheapadh de réir a chéile agus trí mheasúnú a dhéanamh ar thionchar dáileacháin na mbeartas. Agus cur chuige uilíoch á chomhlánú le cur chuige spriocdhírithe, déanfar éifeachtacht na gcóras cosanta sóisialta a fheabhsú. Ba cheart do na Ballstáit athléimneacht agus inbhuanaitheacht a gcóras cosanta sóisialta a fheabhsú i leith dúshláin ilghnéitheacha.
Leasú 39 Togra le haghaidh cinnidh Iarscríbhinn I – Treoirlíne 8 – mír 3
Ba cheart do na Ballstáit trí ghné an chuimsithe ghníomhaigh a fhorbairt agus a chomhtháthú: tacaíocht leordhóthanach ioncaim, margaí saothair cuimsitheacha agus rochtain ar sheirbhísí cumasúcháin ar ardchaighdeán, chun freastal ar riachtanais an duine aonair. Ba cheart do chórais cosanta sóisialta sochair leordhóthanacha ioncaim íosta a áirithiú le haghaidh gach duine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu féin agus an cuimsiú sóisialta a chur chun cinn trí dhaoine a spreagadh le bheith rannpháirteach sa mhargadh saothair agus sa tsochaí, lena n-áirítear trí bhíthin soláthar seirbhísí sóisialta spriocdhírithe.
Ba cheart do na Ballstáit trí ghné an chuimsithe ghníomhaigh a fhorbairt agus a chomhtháthú: tacaíocht leormhaith ioncaim, margaí saothair cuimsitheacha agus rochtain ar sheirbhísí ardcháilíochta, chun freastal ar riachtanais an duine aonair. Ba cheart a áirithiú mar chuid de chórais cosanta sóisialta gur ann do shochair leormhaithe i dtaobh ioncam íosta1a atá inrochtana ag gach duine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu chun saol lándínite a chaitheamh agus an cuimsiú sóisialta a chur chun cinn trí thacú le daoine agus iad a spreagadh le bheith rannpháirteach go gníomhach sa mhargadh saothair agus sa tsochaí, lena n-áirítear trí sheirbhísí sóisialta cumasúcháin a sholáthar ar bhealach spriocdhírithe agus trí rochtain a thabhairt orthu. Ba cheart faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar a inrochtana atá córais cosanta sóisialta trí chur chuige atá bunaithe ar chearta.
__________________
1a Togra ón gCoimisiún le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le hioncam íosta leormhaith lena n-áirithítear cuimsiú gníomhach, an 28 Meán Fómhair 2022 https://ec.europa.eu/social/main.jsp?langId=en&catId=89&furtherNews=yes&newsId=10417
Leasú 40 Togra le haghaidh cinnidh Iarscríbhinn I – Treoirlíne 8 – mír 4
Seirbhísí inacmhainne inrochtana ar ardchaighdeán a bheith ar fáil, amhail oideachas agus seirbhísí cúram luathóige, cúram iarscoile, oideachas, oiliúint, tithíocht, cúram sláinte agus cúram fadtéarmach, is coinníoll riachtanach é sin chun comhionannas deiseanna a áirithiú. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar an mbochtaineacht agus ar an eisiamh sóisialta a chomhrac, lena n-áirítear bochtaineacht lucht oibre, i gcomhréir le príomhsprioc 2030 an Aontais maidir leis an mbochtaineacht a laghdú. Ba cheart aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht leanaí go háirithe trí bhearta cuimsitheacha comhtháite, go háirithe tríd an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí a chur chun feidhme go hiomlán.
Agus aird á tabhairt ar an leibhéal bochtaineachta atá as cuimse ard i gcónaí, ar thionchar ghéarchéim COVID-19, ar ionradh na Rúise ar an Úcráin, ar an méadú atá ag teacht ar an gcostas maireachtála, agus ar an ngéarú ar an athrú aeráide, tá gá le tuilleadh iarrachtaí chun an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta a chomhrac trí straitéis chothrománach maidir le bochtaineacht lucht oibre, an bhochtaineacht fuinnimh agus iompair, an bhochtaineacht bia agus an easpa dídine. Sa chomhthéacs sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar leanaí, daoine aosta, tuismitheoirí aonair, go háirithe máithreacha aonair, mionlaigh eitneacha, imircigh agus daoine atá faoi mhíchumas. Ba cheart aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht leanaí go háirithe trí bhearta cuimsitheacha agus comhtháite, go háirithe tríd an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí a chur chun feidhme go hiomlán agus tríd an mbuiséad tiomnaithe a mhéadú go EUR 20 billiún ar a laghad, i gcomhréir le rún ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine 2022 ar na hiarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha atá ag cogadh na Rúise san Úcráin ar an Aontas Eorpach – cumas gníomhaíochta an Aontais a threisiú. Ba cheart do na Ballstáit a gcuid pleananna náisiúnta gníomhaíochta chun bochtaineacht leanaí a chomhrac agus comhionannas deiseanna a chothú i dtaca leis an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí a thíolacadh trí rochtain éifeachtach agus shaor in aisce ar chúram sláinte, ar oideachas agus gníomhaíochtaí scoilbhunaithe, ar oideachas luath-óige agus ar chúram leanaí a ráthú do leanaí atá i ngátar mar aon le rochtain éifeachtach ar thithíocht leormhaith agus ar chothú sláintiúil i gcomhréir leis an bpríomhsprioc atá ag AE do 2030 go ndéanfaí laghdú 15 mhilliún duine ar a laghad, cúig mhilliún leanbh ar a laghad ina measc, ar líon na ndaoine atá i mbaol bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta. Ba cheart do na Ballstáit uile níos mó ná 5 % de na cistí a leithdháiltear orthu faoi Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) a chaitheamh ar chomhrac na bochtaineachta i measc leanaí agus dea-bhail leanaí a chur chun cinn.
Leasú 41 Togra le haghaidh cinnidh Iarscríbhinn I – Treoirlíne 8 – mír 5
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil rochtain ag cách, lena n-áirítear leanaí, ar sheirbhísí fíor-riachtanacha. Ba cheart do na Ballstáit rochtain ar thithíocht shóisialta nó ar chúnamh tithíochta a áirithiú do dhaoine atá i ngátar nó atá i staid leochaileach. Ba cheart dóibh aistriú chuig fuinneamh glan agus cothrom a áirithiú agus aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh mar chineál bochtaineachta atá ag éirí níos tábhachtaí i ngeall ar an ardú ar phraghsanna fuinnimh, rud a bhfuil nasc go páirteach aige leis an gcogadh san Úcráin, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí bhearta spriocdhírithe sealadacha tacaíochta ioncaim. Ba cheart beartais chuimsitheacha maidir le hathchóiriú tithíochta a chur chun feidhme freisin. Ba cheart riachtanais shonracha daoine faoi mhíchumas, lena n-áirítear an inrochtaineacht, a áirithiú i ndáil leis na seirbhísí sin. Ba cheart dul i ngleic leis an easpa dídine go sonrach. Ba cheart do na Ballstáit rochtain thráthúil ar chúram sláinte inacmhainne coisctheach leigheasach agus ar chúram fadtéarmach ar ardchaighdeán a áirithiú, agus an inbhuanaitheacht a chosaint san fhadtéarma san am céanna.
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil rochtain ag cách, lena n-áirítear leanaí, ar sheirbhísí fíor-riachtanacha de chaighdeán maith. Maidir le daoine atá i ngátar, atá leochaileach nó atá faoi mhíbhuntáiste, ba cheart do na Ballstáit rochtain ar thithíocht shóisialta chuibhiúil nó ar chúnamh tithíochta a áirithiú dóibh, dul i ngleic le fadhb na ndíshealbhuithe éigeantacha agus a n-iarmhairtí, infheistíocht a dhéanamh i dtithíocht atá inrochtana ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus bearta a dhéanamh chun aistriú cothrom agus ionchuimsitheach a áirithiú i dtaca le feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh an stoic tithíochta atá ann cheana. Ba cheart dóibh aistriú chuig fuinneamh glan agus cothrom a áirithiú agus aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh mar chineál bochtaineachta atá ag éirí níos tábhachtaí i ngeall ar an ardú ar phraghsanna fuinnimh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí bhearta sealadacha spriocdhírithe maidir le tacaíocht ioncaim agus infheistíochtaí struchtúracha. Ba cheart beartais ionchuimsitheacha maidir le hathchóiriú tithíochta chun tithíocht inrochtana, inacmhainne agus shláintiúil a áirithiú a chur chun feidhme freisin chun nach dtiocfaidh méadú díréireach ar chostas maireachtála na dtionóntaí. Ba cheart riachtanais shonracha daoine faoi mhíchumas, lena n-áirítear an inrochtaineacht, a áirithiú i ndáil leis na seirbhísí sin. Ba cheart deireadh a chur leis an easpa dídine faoi 2030, i gcomhréir le rún ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Samhain 2020 maidir le dul i ngleic leis na rátaí easpa dídine in AE, agus an cur chuige ‘Tús Áite don Tithíocht’ á ghlacadh mar bhonn. Léiríonn géarchéim COVID-19 an gá atá le níos mó infheistíocht phoiblí chun leibhéil leordhóthanacha foirne cúraim agus leighis atá dea-oilte agus rochtain ar chúram sláinte do chách a áirithiú, lena n-áirítear grúpaí atá faoi mhíbhuntáiste. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil rochtain éifeachtach agus chothrom ag daoine ar chúram sláinte poiblí atá inbhuanaithe, coisctheach agus íceach, go háirithe cúram meabhairshláinte agus cúram fadtéarmach ar ardcháilíocht.
Leasú 42 Togra le haghaidh cinnidh Iarscríbhinn I – Treoirlíne 8 – mír 6
I gcomhréir le gníomhachtú na Treorach um Chosaint Shealadach43, ba cheart do na Ballstáit leibhéal leordhóthanach cosanta a thairiscint do dhídeanaithe ón Úcráin, lena n-áirítear cearta cónaithe, rochtain agus lánpháirtiú ar an margadh saothair, rochtain ar oideachas, ar oiliúint agus ar thithíocht, chomh maith le rochtain ar chórais slándála sóisialta, ar chúram leighis, ar leas sóisialta nó cúnamh eile, agus ar chóir mhaireachtála. Ba cheart rochtain ar oideachas na hóige, ar chúram leanaí agus ar sheirbhísí riachtanacha a áirithiú do leanaí, i gcomhréir leis an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí. I gcás leanaí agus déagóirí neamhthionlactha, ba cheart do na Ballstáit an ceart chun caomhnóireacht dhlíthiúil a chur chun feidhme.
I gcomhréir le gníomhachtú na Treorach um Chosaint Shealadach43, ba cheart do na Ballstáit leibhéal leordhóthanach cosanta a thairiscint do dhídeanaithe ón Úcráin, lena n-áirítear Romaigh agus náisiúnaigh tríú tír atá ina gcónaí go dleathach san Úcráin agus atá ag teitheadh chun na hEorpa de dheasca ionradh na Rúise ar an Úcráin. Ba cheart cearta cónaithe, rochtain ar an margadh saothair agus lánpháirtiú ann, rochtain ar oideachas, ar thacaíocht teanga, ar oiliúint agus ar thithíocht, chomh maith le rochtain ar chórais slándála sóisialta, ar chúram leighis agus síceasóisialta, ar leas sóisialta nó cúnamh eile, agus ar chóir mhaireachtála a sholáthar ina leith sin. Ba cheart rochtain ar oideachas na hóige, ar chúram leanaí agus ar sheirbhísí riachtanacha saor in aisce atá ar chaighdeán ard agus ar an mbonn céanna le leanaí eile sa Bhallstát óstach a áirithiú do leanaí i gcomhréir leis an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí. I gcás leanaí agus déagóirí neamhthionlactha, ba cheart do na Ballstáit an ceart chun caomhnóireacht dhlíthiúil a chur chun feidhme. Ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar an gcosaint a chuirtear ar fáil leis an Treoir um Chosaint Shealadach a leathnú chuig gach dídeanaí agus aghaidh a thabhairt ar ábhair imní na bhfostóirí maidir le daoine a earcú nach bhfuil ach stádas sealadach acu.
__________________
__________________
43 Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás mórphlódú daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir na Ballstáit a bhfuil na daoine sin á nglacadh isteach acu agus na hiarmhairtí lena mbaineann á mbraistint (IO L 212, 7.8.2021, lch. 12).
43 Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás mórphlódú daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir na Ballstáit a bhfuil na daoine sin á nglacadh isteach acu agus na hiarmhairtí lena mbaineann á mbraistint (IO L 212, 7.8.2001, lch. 12).
Leasú 43 Togra le haghaidh cinnidh Iarscríbhinn I – Treoirlíne 8 – mír 7
I gcomhthéacs an mhéadaithe ar an bhfad saoil agus ar an athrú déimeagrafach, ba cheart do na Ballstáit leordhóthanacht agus inbhuanaitheacht na gcóras pinsin le haghaidh oibrithe agus daoine féinfhostaithe a áirithiú, agus comhionannas deiseanna a sholáthar do mhná agus d’fhir maidir le cearta pinsin a fháil agus a fhabhrú, lena n-áirítear trí scéimeanna forlíontacha chun ioncam leordhóthanach i seanaois a áirithiú. Ba cheart tacaíocht a thabhairt d’athchóirithe pinsean le beartais a bhfuil sé d’aidhm acu an bhearna phinsin idir na hinscní a laghdú agus bearta a chuireann síneadh leis an saol oibre, amhail an aois scoir iarbhír a ardú, go háirithe trí rannpháirtíocht daoine scothaosta i margadh an tsaothair a éascú, agus ba cheart iad a cheapadh laistigh de straitéisí gníomhacha aosaithe. Ba cheart do na Ballstáit idirphlé cuiditheach a bhunú le comhpháirtithe sóisialta agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile, agus céimniú isteach iomchuí na n-athchóirithe a cheadú.
I gcomhthéacs an fhaid saoil atá ag méadú agus an athraithe dhéimeagrafaigh, ba cheart do na Ballstáit leormhaitheas agus inbhuanaitheacht na gcóras pinsin d’oibrithe agus daoine féinfhostaithe a áirithiú, agus comhionannas deiseanna a sholáthar do dhaoine maidir le cearta pinsin a fháil agus a fhabhrú sna scéimeanna poiblí nó ceirde nó i meascán díobh móide scéimeanna forlíontacha chun ioncam cuibhiúil scoir atá os cionn thairseach na bochtaineachta a áirithiú. Ba cheart athchóirithe pinsin a bheith bunaithe ar aosú gníomhach trí na deiseanna is fearr is féidir a thabhairt d’oibrithe de gach aois a bheith ag obair faoi dhea-dhálaí táirgiúla agus sláintiúla go dtí an aois scoir reachtúil. Ag an am céanna, maidir le hoibrithe ar mian leo leanúint orthu ag obair tar éis dóibh an aois scoir a bhaint amach, ba cheart an deis sin a bheith acu. Ba cheart bearta sonracha a shainaithint i dtaca le déimeagrafaíocht an lucht saothair, sláinte agus sábháilteacht san áit oibre, oideachas agus oiliúint, bainistiú scileanna agus inniúlachtaí, eagrú na hoibre ar mhaithe le saol oibre atá folláin agus táirgiúil agus ba cheart cur chuige idirghlúine a ghlacadh ina leith sin. Ba cheart do na Ballstáit an fhostaíocht le haghaidh daoine óga agus an t-aistriú luathscoir araon a éascú, in éineacht leis an aistriú eolais agus taithí ó ghlúin amháin go dtí an chéad ghlúin eile. Ba cheart do na Ballstáit idirphlé cuiditheach a bhunú le comhpháirtithe sóisialta, le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le geallsealbhóirí ábhartha eile agus ba cheart dóibh céimniú isteach iomchuí na n-athchóirithe a éascú mar aon le hathrú ar an dearcadh i leith daoine aosta agus a infhostaithe atá siad a chothú. Sa bhreis air sin, ba cheart do na Ballstáit pleananna maidir leis an aosú folláin a chur le chéile ina gcumhdófaí an rochtain ar sheirbhísí sláinte agus cúraim mar aon le straitéisí chun an tsláinte a chur chun cinn agus galair a chosc.