Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2022/0212(BUD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0241/2022

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0241/2022

Díospóireachtaí :

PV 18/10/2022 - 7
CRE 18/10/2022 - 7

Vótaí :

PV 19/10/2022 - 7.3
CRE 19/10/2022 - 7.3
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2022)0366

Téacsanna atá glactha
PDF 212kWORD 77k
Dé Céadaoin, 19 Deireadh Fómhair 2022 - Strasbourg
Buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh do bhliain airgeadais 2023 - na ranna uile
P9_TA(2022)0366A9-0241/2022

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Deireadh Fómhair 2022 ar sheasamh na Comhairle ar dhréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh do bhliain airgeadais 2023 (12108/2022 – C9-0306/2022 – 2022/0212(BUD))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagal 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

–  ag féachaint d’Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

–  ag féachaint do Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom(1),

–  ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012(2) (‘an Rialachán Airgeadais’),

–  ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027(3) (‘Rialachán CAI’), agus do na dearbhuithe comhpháirteacha a comhaontaíodh idir an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún sa chomhthéacs sin(4), chomh maith leis na dearbhuithe aontaobhacha gaolmhara(5),

–  ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach(6),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’)(7),

–  ag féachaint do rún uaithi an 19 Bealtaine 2022 maidir leis na hiarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha atá ag cogadh na Rúise san Úcráin don Aontas – ag treisiú inniúlacht ghníomhaíochta an Aontais(8),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640), agus don rún uaidh ina leith sin an 15 Eanáir 2020(9),

–  ag féachaint do thuarascáil speisialta an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide (IPCC) maidir le téamh domhanda de 1,5 °C, dá thuarascáil speisialta ar an athrú aeráide agus ar thalamh, agus dá thuarascáil speisialta maidir leis an aigéan agus an crióisféar in aeráid atá ag athrú,

–  ag féachaint don Chomhaontú a glacadh ag an 21ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP21) i bPáras an 12 Nollaig 2015 (“Comhaontú Pháras”),

–  ag féachaint do Thuarascáil Speisialta 22/2021 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, “Sustainable finance. More consistent EU action needed to redirect finance towards sustainable investment”, [Maoiniú inbhuanaithe. Gníomhaíocht níos comhsheasmhaí de chuid an Aontais a bhfuil gá léi chun maoiniú a atreorú i dtreo infheistíocht inbhuanaithe],

–  ag féachaint do Thuarascáil Speisialta 09/2022 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, “Climate spending in the 2014-2020 EU budget - Not as high as reported” [Caiteachas ar an aeráid i mbuiséad 2014-2020 an Aontais — Níl sé chomh hard agus a tuairiscíodh],

–  ag féachaint do Thuarascáil Speisialta 10/2021 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, “Gender mainstreaming in the EU budget: time to turn words into action” [Príomhshruthú inscne i mbuiséad an Aontais Eorpaigh: ní mór dúinn anois beart a dhéanamh],

–  ag féachaint do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe,

–  ag féachaint dá rún an 8 Iúil 2021 maidir leis an Tuarascáil Bhliantúil ar Fheidhmiú Limistéar Schengen(10),

–  ag féachaint do thogra an 22 Aibreán 2022 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (COM(2022)0184), agus do thuarascáil A9-0230/2022 ina leith, arna ghlacadh an 8 Meán Fómhair 2022 ag an gCoiste um Buiséid agus ag an gCoiste um Rialú Buiséadach agus arna fhormhuiniú ag páirtseisiún na Parlaiminte an 12 go dtí an 15 Meán Fómhair 2022,

–  ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus dá rún an 19 Eanáir 2017 ina leith(11),

–  ag féachaint do Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le Comhionannas Inscne, 2020-2025,

–  ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint(12),

–  ag féachaint do rún uaithi an 5 Aibreán 2022 maidir le treoirlínte ginearálta chun buiséad 2023 a ullmhú, Roinn III — an Coimisiún(13),

–  ag féachaint dá rún an 7 Aibreán 2022 maidir le meastacháin Pharlaimint na hEorpa ar ioncam agus caiteachas don bhliain airgeadais 2023(14),

–  ag féachaint do dhréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh do bhliain airgeadais 2023, a ghlac an Coimisiún an 1 Iúil 2022 (COM(2022)0400) (‘DB’), agus do Litir Leasaitheach Uimh. 1 a ghabhann leis (COM(2022)0670)),

–  ag féachaint don seasamh maidir le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh do bhliain airgeadais 2023, a ndearna an Chomhairle é a ghlacadh an 6 Meán Fómhair 2022 agus é a chur ar aghaidh chuig an bParlaimint an 9 Meán Fómhair 2022 (12108/2022 – C9-0306/2022),

–  ag féachaint do Riail 94 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do na tuairimí ó na coistí lena mbaineann,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0241/2022),

Forléargas ginearálta ar Roinn III

1.  á mheabhrú, i rún uaithi an 5 Aibreán 2022 maidir le treoirlínte ginearálta d’ullmhú bhuiséad 2023, gur shocraigh an Pharlaimint tosaíochtaí polaitiúla soiléire do bhuiséad 2023; ag athdhearbhú a tiomantais láidre do na tosaíochtaí sin agus á chur in iúl go bhfuil an seasamh seo a leanas á leagan amach aici chun leibhéal iomchuí maoinithe a áirithiú chun iad a bhaint amach; á chreidiúint nach mór gach modh buiséadach is féidir a bheith ag an Aontas chun freagairt do ghéarchéimeanna reatha agus chun díriú ar riachtanais daoine;

2.  de bhrí gur cheart, le buiséad an Aontais Eorpaigh, infheistíocht phoiblí a chur chun cinn, trí thacaíocht a thabhairt d’earnálacha táirgiúla agus straitéiseacha, seirbhísí poiblí, fostaíocht le cearta a chruthú, bochtaineacht, eisiamh sóisialta agus neamhionannais a chomhrac, an comhshaol a chosaint agus úsáid iomlán a bhaint as acmhainneacht gach tíre agus réigiúin, chomh maith le caidreamh seachtrach a lorg atá bunaithe ar dhlúthpháirtíocht, comhar, meas frithpháirteach agus ar an tsíocháin a chur chun cinn agus a choimirciú;

3.  á chur i bhfáth go bhfuil ar an Aontas aghaidh a thabhairt ar shraith dúshlán thar a bheith casta, lena n-áirítear iarmhairtí díreacha agus indíreacha an chogaidh san Úcráin, boilsciú ard, bochtaineacht mhéadaitheach, praghsanna arda fuinnimh agus rioscaí don tslándáil soláthair, ionchas eacnamaíoch atá ag dul in olcas, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus do na teaghlaigh is leochailí, an gá atá le téarnamh cóir, cuimsitheach agus inbhuanaithe a dhaingniú ón bpaindéim, géarchéimeanna in go leor áiteanna eile ar domhan, athrú teicneolaíoch, lena n-áirítear digitiú méadaitheach, neamhionannas inscne, chomh maith leis an bpráinn mhéadaitheach a bhaineann le dul i ngleic leis an athrú aeráide agus le géarchéim na bithéagsúlachta agus a n-iarmhairtí agus an gá atá le dlús a chur leis an aistriú cóir, lena n-áirítear trí infheistíochtaí san éifeachtúlacht fuinnimh; á mheas gur cheart do bhuiséad an Aontais rannchuidiú le dul i ngleic leis na dúshláin sin, agus tacaíocht leordhóthanach a chur ar fáil do chách, agus imní á léiriú ag an am céanna faoi na corrlaigh thar a bheith teoranta, arb ionann iad agus thart ar aon trian de chinn na bliana seo caite, nó, i gcás Cheannteideal 6, an easpa corrlaigh, agus an tsolúbthacht agus acmhainneacht theoranta freagairt do ghéarchéimeanna atá mar chuid den bhuiséad; á mheas go bhfuil sé fíor-riachtanach, go háirithe tráth cogaidh, borradh a chur faoi infheistíocht agus dul i ngleic leis an dífhostaíocht agus an dúshraith a leagan síos d’Aontas níos athléimní agus níos inbhuanaithe, agus díriú ag an am céanna ar ghníomhaíochtaí nithiúla chun déileáil le hiarmhairtí an chogaidh ar domhan chomh maith; á chur in iúl gur saoth léi gur freagairt neamhleor é an dréachtbhuiséad ar na dúshláin atá ann faoi láthair; á mheabhrú nár bunaíodh an creat airgeadais ilbhliantúil (CAI) chun aghaidh a thabhairt ar phaindéim, ar chogadh, ar bhoilsciú ard, ar phraghsanna arda fuinnimh, ar líon ard dídeanaithe, ar aontachas nua, ar neamhshlándáil bia, agus ar ghéarchéimeanna daonnúla;

4.  á chur in iúl gur oth léi seasamh na Comhairle maidir leis an dréachtbhuiséad, lena laghdaítear EUR 1,64 billiún i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus EUR 530 milliún i leithreasuithe íocaíochta do cheannteidil CAI i gcomparáid leis an togra ón gCoimisiún; á mheas nach léiríonn na ciorruithe atá molta ag an gComhairle a thromchúisí atá na dúshláin thuasluaite a bhfuil ar an Aontas agus a shaoránaigh aghaidh a thabhairt orthu ná nach bhfuil siad bunaithe ar mheasúnú oibiachtúil ar threochtaí cur chun feidhme nó ar acmhainneachtaí ionsúcháin agus go bhfuil siad contrártha le croíthosaíochtaí beartais comhroinnte lena gcuirtear cumas an Aontais a phríomhchuspóirí agus a thosaíochtaí polaitiúla a chur chun feidhme go rathúil i mbaol; á mheas nár cheart don Chomhairle díriú ar chláir a bhaineann tairbhe as an gcoigeartú dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán CAI maidir le “athchothromú agus cobhsú”, ós rud é go mbeadh sé sin ag teacht salach ar chuspóir an Airteagal sin, arb é a bhí ann tosaíochtaí polaitiúla sonracha a neartú; á mheabhrú, go háirithe, nach soláthraítear “breisithe” san Airteagal sin, mar a mhol an Chomhairle; á mheas go bhfuil an seasamh ón gComhairle i bhfad ó ionchais na Parlaiminte; á chinneadh, dá bhrí sin, mar riail ghinearálta, leithreasuithe ar línte arna ngearradh ag an gComhairle a athbhunú go dtí leibhéal an dréachtbhuiséid, le haghaidh caiteachas oibríochtúil agus riaracháin araon, agus an dréachtbhuiséad a ghlacadh mar thúsphointe do sheasamh na Parlaiminte;

5.  ag áitiú go gcoimeádfar na leithreasuithe a iontráladh sa dréachtbhuiséad le haghaidh na n-ionstraimí speisialta téamacha, eadhon an Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála, an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha agus an Cúlchiste Coigeartaithe Brexit; á mheas, agus na dúshláin gan choinne, neamhghnácha agus nach bhfacthas a leithéid cheana a bhfuil ar an Aontas aghaidh a thabhairt orthu á gcur san áireamh, gur cheart méid iomlán na hIonstraime Solúbthachta a úsáid; á mheas, i bhfianaise na ngéarchéimeanna tromchúiseacha comhghlasála atá ann faoi láthair, gur gá corrlaigh 2021 faoi urrann (a) den Ionstraim Corrlaigh Aonair agus leithreasuithe breise faoi urrann (c) den Ionstraim sin a shlógadh;

6.  á mheabhrú go bhfuil seasamh seanbhunaithe aici gur cheart acmhainní úra a bheith ag gabháil le tosaíochtaí beartais nua nó le cúraimí nua beartais; á chur in iúl go bhfuil sé ar intinn aici an cur chuige sin a leanúint don togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat beart chun éiceachóras leathsheoltóirí na hEorpa a neartú (Ghnímh Eorpaigh um Shliseanna) (COM(2022)0046) agus an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár an Aontais um Nascacht Shlán le haghaidh na tréimhse 2023-2027 (COM(2022)0057); á chur in iúl gur geal léi, maidir leis sin, nach n-áirítear ath-imlonnuithe ó chláir eile, nó cur in áirithe laistigh díobh, sa togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear treisiú thionscal cosanta na hEorpa (COM(2022)0349) trí ghníomh coiteann soláthair;

7.  á mheas go bhfuil acmhainneacht an-teoranta ag buiséad an Aontais, mar gheall ar a mhéid, a struchtúr agus a rialacha, freagairt go hiomchuí do na dúshláin atá os comhair an Aontais nó maoiniú agus cur chun feidhme leormhaith a dhéanamh ar uaillmhianta beartais nó tionscnaimh chomhroinnte nua de chuid an Aontais a fógraíodh in aitheasc Uachtarán an Choimisiúin ar Staid an Aontais; á mheabhrú, go háirithe, go ndearna na Ceannairí Stáit nó Rialtais cur síos ar chogadh ionsaithe na Rúise i gcoinne na hÚcráine mar ‘athrú as éadan i stair na hEorpa’ agus go bhfuil sé ráite ag an gCoimisiún go bhfuil ‘na riachtanais gan choinne a eascraíonn as cogadh san Eoraip i bhfad lastuas de na hacmhainní atá ar fáil sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil reatha’, rud a d’fhág go raibh gá le foinsí nua maoinithe; á chur i bhfios go láidir gur cheart don Aontas ról ceannasach a ghlacadh maidir le tacaíocht leordhóthanach, thráthúil agus iontaofa a chur ar fáil don Úcráin in éineacht le comhpháirtithe idirnáisiúnta; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur léiriú breise é sin ar an ngá práinneach atá le hathbhreithniú suntasach a dhéanamh ar CAI, atá le tíolacadh a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná an chéad ráithe de 2023, lena n-áirítear é a dhéanamh níos solúbtha, na huasteorainneacha a ardú i gcás inar gá chun riachtanais atá ag teacht chun cinn agus tosaíochtaí nua a léiriú agus chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a chruthaítear trí chostais mhaoinithe Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh (EURI) a áireamh i gCeannteideal 2b;

8.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil fíor-dhul chun cinn maidir le hacmhainní dílse nua bunriachtanach le haghaidh aisíocaíochtaí EURI do chur chun feidhme NextGenerationEU (NGEU) agus le haghaidh stóinseacht airgeadais agus chur chun feidhme na gcreataí airgeadais ilbhliantúla atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go dtabharfar isteach acmhainní dílse nua go tráthúil, i gcomhréir leis an treochlár a leagtar amach i gComhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020, agus dlús a chur leis an togra don dara bascaed; ag tathant ar an gComhairle an t-uainiú a comhaontaíodh a urramú agus an dul chun cinn is gá a dhéanamh maidir leis na hacmhainní dílse atá sa chéad bhascaed a mhol an Coimisiún an 22 Nollaig 2021, d’fhonn iad a chur chun feidhme go pras;

9.  á chur i bhfáth gur gá freagairt do na hiarmhairtí a bhaineann le cogadh foghachna Rúise i gcoinne na hÚcráine agus paindéim COVID-19, méadú ar an mboilsciú agus méadú ar neamhshlándáil fuinnimh agus bia ar leibhéal an Aontais; á chur i bhfáth go háirithe go bhfuil gá le hinfheistíochtaí glasa leordhóthanacha chun neamhspleáchas fuinnimh an Aontais a neartú agus chun an Comhaontú Glas a chur chun feidhme; á mheabhrú nach féidir leis an mbeartas comhtháthaithe agus talmhaíochta a bheith ina phríomhfhoinse do mhaoiniú tosaíochtaí práinneacha, lena gcuirtear cur chun feidhme cuspóirí fadtéarmacha i mbaol agus á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le tacaíocht do réigiúin atá buailte go dona ag an bpaindéim agus ag an ngéarchéim fuinnimh; á iarraidh ar an gCoimisiún, i bhfianaise acmhainní teoranta ó bhuiséad an Aontais freagairt do phraghsanna arda fuinnimh, anailís a dhéanamh ar sholúbthachtaí agus acmhainní breise a d’fhéadfadh a bheith ann, lena n-áirítear aon chistí nár úsáideadh lena n-áirítear ó CAI 2014-2020, chun tacú le FBManna agus le teaghlaigh leochaileacha;

10.  á mheas gur cheart don Aontas gníomhaíocht chomhbheartaithe a dhéanamh chun dul i ngleic leis an ngéarchéim fuinnimh agus á mholadh go ndéanfaí infheistíochtaí breise suntasacha sa réimse sin; á mheabhrú go mbeidh gá le tuilleadh acmhainní airgeadais tar éis bhuiséad 2023 chun an cuspóir sin a bhaint amach; á mheabhrú, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá sé tacaíocht airgeadais bhreise a chur ar fáil trí REPowerEU; á iarraidh go dtiocfar ar chomhaontú pras maidir le REPowerEU agus go gcuirfear chun feidhme é ionas gur féidir cistí a scaoileadh a luaithe is féidir d’fhonn neamhspleáchas fuinnimh an Aontais a mhéadú go tapa trí infheistíochtaí straitéiseacha, lena n-áirítear tacaíocht do FBManna agus do theaghlaigh leochaileacha;

11.  á chur in iúl gur geal léi obair an Choimisiúin maidir le haicmiú nua chun tionchar inscne chaiteachas an Aontais a thomhas; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndíreofar leis an aicmiú sin ar léiriú cruinn agus cuimsitheach ar thionchar na gclár ar chomhionannas inscne, d’fhonn an tionchar is fearr ar chomhionannas inscne a bhaint amach ó chláir atá aicmithe mar nialas (réalta) faoi láthair agus chun ceachtanna a fhoghlaim chun na cláir a dhearadh; thairis sin, á iarraidh go leathnófaí an t-aicmiú sin chuig cláir uile CAI chun torthaí do bhuiséad 2023 a léiriú; á chur i bhfáth, ina leith sin, gur gá sonraí atá imdhealaithe ó thaobh inscne de a bhailiú agus a anailísiú go córasach; ag súil leis go ndéanfar an tuairisciú uile atá ábhartha ó thaobh inscne de ar bhonn méideanna seachas líon na ngníomhaíochtaí;

12.  á chur in iúl gur cúis mhór imní di gur mhaoinigh nó gur chómhaonaigh an Coimisiún feachtais le déanaí lena gcuirtear an hijab chun cinn, ina luaitear, mar shampla, go bhfuil ‘saoirse sa hijab’; á chur i bhfáth nár cheart do bhuiséad an Aontais maoiniú a thabhairt d’aon fheachtas amach anseo lena bhféadfaí an hijab a chur chun cinn;

13.  ag dréim leis go mbainfear amach spriocanna príomhshruthaithe aeráide agus bithéagsúlachta; i ndáil leis an méid sin, á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí chun tuairisciú níos trédhearcaí agus níos cuimsithí a bhaint amach agus cur béim ar an ngá atá ann le meastóireachtaí ex-post leordhóthanacha agus obair a dhéanamh ar ghráinneacht na sonraí atá ar fáil; á iarraidh ar an gCoimisiún an athuair aghaidh a thabhairt ar na conclúidí ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir leis an eolas míchruinn a tugadh faoin gcaiteachas aeráide; á chur in iúl gur geal léi freisin an tuairisciú ar chaiteachas a bhaineann leis an mbithéagsúlacht; á chur in iúl, mar sin féin, gur cúis bhuartha di go bhféadfadh sé nach mbainfí amach spriocanna 2026 agus 2027 agus á iarraidh ar an gCoimisiún feabhas a chur ar a iarrachtaí chun na spriocanna a bhaint amach; á iarraidh ar an gCoimisiún méideanna agus sciartha an chaiteachais a rannchuideoidh leis an dá sprioc in aghaidh an chláir a fhoilsiú agus buiséid bhliantúla á dtíolacadh aige; á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme DNSH agus bearta ceartaitheacha riachtanacha a dhéanamh más gá agus nuair is gá;

14.  á athdhearbhú gur gá go léireodh buiséad 2023 cur chun feidhme na moltaí a d’fhormhuinigh an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa;

15.  dá bhrí sin, ag leagan síos leibhéal foriomlán na leithreasuithe do bhuiséad 2023 (gach roinn) ag EUR 187 293 119 206 i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, arb ionann é agus méadú EUR 1 702 055 778 i gcomparáid leis an dréachtbhuiséad; á chinneadh, chomh maith leis sin, EUR 836 090 000 a chur ar fáil i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas de thoradh saortha faoi Airteagal 15(3) den Rialachán Airgeadais; ag leagan síos leibhéal foriomlán na leithreasuithe do bhuiséad 2023 (gach roinn) ag EUR 167 612 834 087 i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí;

Ceannteideal 1 – An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Cúrsaí Digiteacha;

16.  ag cur béim ar rannchuidiú suntasach Cheannteideal 1 i ndáil le dul i ngleic le hiarmhairtí an chogaidh san Úcráin, agus spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais a bhaint a bhaint amach, inter alia chun spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise a laghdú, lena n-áirítear ón Rúis, trí thacú le taighde agus infheistíocht in earnálacha an fhuinnimh agus an iompair inbhuanaithe; ag athdhearbhú acmhainneacht chláir an cheannteidil seo chun an Úcráin a dhaingniú sa Mhargadh Aonair, sa ghréasán bonneagair agus sa réimse taighde;

17.  ag tacú leis an togra sa dréachtbhuiséad chun EUR 78,8 milliún a chur ar fáil i saoradh do na trí chnuasach dá dtagraítear sa ráiteas comhpháirteach polaitiúil ábhartha a ghabhann leis an Rialachán maidir le Fís Eorpach(15); ag tabhairt dá haire, áfach, gurb ionann fuílleach an tsaortha taighde in 2021 agus 2020 agus EUR 836,09 milliún; á áitiú, i gcomhthéacs na n-acmhainní teoranta atá ar fáil agus riachtanas suntasach, gur cheart an méid ard sin de shaoradh taighde, nach raibh tuartha ag an gCoimisiún le linn chaibidlíocht CAI, a chur ar fáil ina iomláine don chlár Fís Eorpach, i gcomhréir le hAirteagal 15(3) den Rialachán Airgeadais; ag meabhrú bhreisluach an-ard an Aontais agus ráta cur chun feidhme sármhaith an chláir sin; á chreidiúint go láidir, dá bhrí sin, gur cheart go gcuirfeadh na méideanna atá fágtha méaduithe suntasacha ar fáil do phríomhthosaíochtaí taighde, amhail sláinte (lena n-áirítear COVID-19 agus iar-COVID-19, amhail le haghaidh trialacha cliniciúla), an aeráid, soghluaisteacht agus fuinneamh, cultúr agus cruthaitheacht, lena n-áirítear chun an Bauhaus Nua Eorpach a fhorbairt tuilleadh, agus bia, bithgheilleagar, acmhainní nádúrtha agus an comhshaol, chun dul i ngleic leis na dúshláin phráinneacha a bhfuil ar an Aontas aghaidh a thabhairt orthu agus chun tacaíocht bhreise a chur ar fáil do thaighdeoirí trí ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie, lena n-áirítear taighdeoirí ón Úcráin, agus béim ar leith á leagan ar an gComhaontú Glas don Eoraip, ar an gClár Oibre Digiteach agus ar an Eoraip a dhéanamh níos láidre ar fud an domhain;

18.  á chur i bhfios go láidir gur cúis mhór bhuartha di modh bainistíochta beartaithe Chiste na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus á iarraidh ar an gCoimisiún dul i mbun idirphlé oscailte leis an bParlaimint maidir le modh bainistithe an Chiste chun cur chun feidhme cuí buiséadach a áirithiú;

19.  ag freaschur na n-ath-imlonnuithe atá molta ag an gCoimisiún chun an Gníomh Eorpach um Shliseanna agus an Clár um Nascacht Shlán a chistiú, i gcomhréir lena sheasamh gur cheart tionscnaimh nua a chistiú le hairgead úr, agus ag scriosadh chúlchistí ábhartha na Comhairle, agus ar an gcaoi sin leibhéal cuí cistiúcháin a áirithiú do thosaíochtaí an Chláir Fís Eorpach, an Chláir don Eoraip Dhigiteach agus Chlár Spáis an Aontais; á chur in iúl go gcuirfidh sí saoradh taighde ar fáil arís chun cúiteamh a dhéanamh ar chur in áirithe faoin gClár Fís Eorpach le haghaidh Ghnímh um Shliseanna agus an Chláir um Nascacht Shlán, ionas nach mbainfidh na tograí nua sin ó thosaíochtaí taighde atá ann cheana; ag cur béim ar an bhfíoras nach féidir ionsú cistí ó NGEU a úsáid chun údar a thabhairt gan Airteagal 15(3) den Rialachán Airgeadais a chur chun feidhme agus gan méideanna suntasacha saortha a úsáid le linn géarchéimeanna;

20.  á mheabhrú go bhfuil an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) ríthábhachtach chun infheistíocht a spreagadh i bhforbairt gréasán tras-Eorpach ardfheidhmíochta agus inbhuanaithe; á chur i bhfáth nach mór ról ríthábhachtach a bheith ag SCE maidir le geilleagar an Aontais a dhícharbónú trí thacú le bonneagar breoslaí malartacha agus le fuinneamh in-athnuaite, agus ar an gcaoi sin dlús a chur leis an aistriú glas agus neamhspleáchas agus slándáil fuinnimh an Aontais a mhéadú, agus idirnascacht a chur chun cinn ar fud chríoch an Aontais, lena n-áirítear le leithinis na hIbéire agus réigiúin iargúlta inar tearc an daonra; á chur i bhfios go láidir go n-iarrtar le hionsaí míleata gan chúis a thug an Rúis faoin Úcráin go dtabharfaí tacaíocht phráinneach do bhonneagar iompair san Úcráin agus i leith na hÚcráine (lánaí dlúthpháirtíochta), chun iompar earraí criticiúla sa dá threo a chumasú; á mholadh, dá bhrí sin, go méadófaí cistiú na sraitheanna Iompair agus Fuinnimh de SCE le méid iomlán EUR 90 milliún i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas os cionn leibhéal an dréachtbhuiséid;

21.  á chur i bhfáth go bhfuil Margadh Aonair dea-fheidhmiúil i gcroílár théarnamh agus iomaíochas fadtéarmach an Aontais; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé é a chaomhnú agus a oiriúnú i gcomhthéacs an iliomad dúshlán; á iarraidh ar an gCoimisiún na tograí is gá a dhéanamh, lena n-áirítear faoi chuimsiú na litreach leasaithí, chun aon bhearna a d’fhéadfadh a bheith ann idir teacht i bhfeidhm an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha agus gnóthú na dtáillí maoirseachta a líonadh;

22.  ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gnólachtaí agus, go háirithe, FBManna, atá mar chnámh droma gheilleagar na hEorpa, buailte go dona ag na géarchéimeanna reatha, lena n-áirítear gnólachtaí in earnálacha na turasóireachta agus an chultúir agus na cruthaitheachta, a d’fhulaing crapadh tromchúiseach, agus mar gheall ar iarmhairtí chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, go háirithe praghsanna arda fuinnimh; ag tacú le méadú EUR 10 milliún os cionn an dréachtbhuiséid le haghaidh shraith FBM de Bhraisle an Mhargaidh Aonair; ag moladh freisin méadú EUR 1 mhilliún os cionn an dréachtbhuiséid chun tacú le hobair leanúnach an Ghrúpa Chomhairligh Eorpaigh um Thuairisciú Airgeadais (EFRAG) maidir le caighdeáin tuairiscithe ardcháilíochta a cheapadh, ar choinníoll go nglacfaidh EFRAG plean oibre ina leagfar amach na bearta chun próiseas cuí trédhearcach agus maoirseacht phoiblí chuí a áirithiú chomh maith le hionadaíocht chothrom ar gheallsealbhóirí;

23.  ag méadú, dá bhrí sin, ar leibhéal na leithreasaí faoi chomhair gealltanas faoi Cheannteideal 1 le EUR 663 650 000 os cionn an dréachtbhuiséid (seachas treoirthionscadail agus gníomhaíochtaí ullmhúcháin), a bheidh le maoiniú trí úsáid a bhaint as an gcorrlach atá ar fáil agus trí na hionstraimí speisialta a shlógadh; á chur in iúl, thairis sin, go gcuirfidh sí ar fáil don cheannteideal méid foriomlán EUR 836 090 000 i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a chomhfhreagraíonn do shaorthaí arna ndéanamh faoi Airteagal 15(3) den Rialachán Airgeadais, agus ar an gcaoi sin méadú EUR 677 278 157 a dhéanamh ar na saorthaí a cuireadh ar fáil arís i gcomparáid leis an dréachtbhuiséad;

Fo-cheannteideal 2a – Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach

24.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ríthábhachtach ag an mbeartas comhtháthaithe mar bheartas infheistíochta agus ionstraim chóineasaithe riachtanach de chuid an Aontais chun fás inbhuanaithe a chur chun cinn agus chun tacú le forbairt chomhchuí fhoriomlán na mBallstát agus a réigiún, lena n-áirítear idir réigiúin agus laistigh díobh; ag súil leis, tar éis moill a bheith ar thús an phróisis clársceidealaithe sa chéad dá bhliain de CAI 2021-2027, go dtiocfaidh luas faoina chur chun feidhme in 2022; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún dlús a chur le próiseas an chlársceidealaithe chun go bhféadfar tús a chur le cur chun feidhme na gcistí comhtháthaithe in 2023, rud a chuideoidh le haghaidh a thabhairt ar neamhionannais shóisialta, eacnamaíocha agus chríochacha agus lena gcuirfear borradh faoi gheilleagar an Aontais agus a chuideoidh leis na hearnálacha poiblí agus príobháideacha, FBManna, agus saoránaigh le linn na tréimhse deacra seo; á chur i bhfios go láidir go bhfuil riosca ann go gcuirfear moill ar thionscadail mar gheall ar an bpaindéim agus ar an gcogadh san Úcráin; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh agus, i gcás inarb ábhartha, na coigeartuithe beartais agus na bearta tacaíochta is gá a mholadh chun a áirithiú go leanfar de na tionscadail uile agus go gcuirfear chun feidhme go hiomlán iad;

25.  á iarraidh go ndéanfaidh cláir AE tosaíocht a thabhairt do thionscadail lena dtacaítear le poist a chruthú agus a chur chun cinn le cearta, lena n-áirítear leibhéil phá agus caidrimh fostaíochta atá cobhsaí agus rialaithe;

26.  ag glacadh leis an seasamh ón gComhairle maidir le Fo-cheannteideal 2a;

Fo-cheannteideal 2b – Athléimneacht agus Luachanna

27.  á athdhearbhú, in ainneoin éilimh na Parlaiminte lena gcuirfí EURI os cionn na n-uasteorainneacha, go n-íocfar na costais athmhaoinithe ó laistigh de Fo-chheannteideal 2b; ag tabhairt dá haire, i bhfianaise na staide gan choinne sna margaí airgeadais mar gheall ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, a bhfuil tionchar diúltach fós aige ar gheilleagar an Aontais, agus é á chur ar chonair fáis níos ísle, boilscithe níos airde agus rátaí úis atá ag ardú, gur dócha go mbeidh gá leis an líne a thiomnaítear do chostais mhaoinithe EURI ina n-iomláine agus go bhféadfadh riachtanais a bheith i bhfad níos mó ná an méid atá buiséadaithe; á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil tionchar de facto aige sin ar chláir faoin gceannteideal céanna trí shrian a chur ar chumas an Choimisiúin athneartuithe clársceidealaithe os cionn airgeadais a mholadh i gcás ina bhfuil gá leo; ag tabhairt dá haire nár cheart costais mhaoiniúcháin EURI a bhaint as ionstraimí speisialta, atá ceaptha chun dul i ngleic le dúshláin gan choinne, amhail iarmhairtí an chogaidh san Úcráin agus an ghéarchéim fuinnimh;

28.  ag moladh, dá bhrí sin, EUR 200 milliún os cionn an dréachtbhuiséid le haghaidh chlár suaitheanta Erasmus± dírithe ar shoghluaisteacht foghlama san oideachas agus san oiliúint - i gcomhréir leis an ngá atá sainaitheanta ag an gCoimisiún tacaíocht a chur ar fáil do mhic léinn agus d’fhoireann teagaisc na hÚcráine, agus do gach mac léinn chun dul i ngleic leis an mboilsciú ard; á chur i bhfios go láidir go gcuideoidh na leithreasuithe sin freisin le próifíl airgeadais Erasmus+, ar próifíl í atá an-chúl-ualaithe, a chothromú, lena gcuirfear maoiniú bliantúil níos comhsheasmhaí ar fáil do chlár ina mbeidh éileamh cobhsaí bliain ar bhliain; á chur i bhfáth, thairis sin, go rannchuideoidh acmhainní méadaithe leis na hiarrachtaí leanúnacha chun an clár a dhéanamh níos glaise agus níos cuimsithí agus chun obair leagáide a chumasú tar éis Bhliain Eorpach na hÓige 2022; á chur i bhfios gur fhógair an tUachtarán von der Leyen ina haitheasc ar Staid an Aontais gur cheart 2023 a bheith mar Bhliain Eorpach na Scileanna, a mbeadh tacaíocht ag teastáil ina leith i mbuiséad 2023;

29.  á mheabhrú, faoin tsraith ‘spórt’, go dtacaíonn Erasmus+ le himeachtaí neamhbhrabúis spóirt arb é is aidhm dóibh gné Eorpach an spóirt a fhorbairt tuilleadh agus saincheisteanna a bhaineann le spórt an phobail a chur chun cinn; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ríthábhachtach ag an spórt maidir le dul i ngleic leis an idirdhealú agus maidir le cuimsiú sóisialta a chur chun cinn; ag tacú, dá bhrí sin, le hathneartú riachtanach agus spriocdhírithe de EUR 10 milliún ar an líne ‘spórt’ chun go mbeidh an clár in ann tacú leis na Cluichí Oilimpeacha Speisialta a bheidh ar siúl i mBeirlín in 2023;

30.  á chur i bhfios go láidir go gcabhraíonn an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach le daoine óga taithí phraiticiúil a fháil i mBallstát eile, a chuireann lena n-infhostaitheacht agus lena ndeiseanna saoil; á chur i bhfáth, thairis sin, go maoiníonn ESC obair dhaonnúil dheonach a dhéantar tríd an gCór um Chabhair Dhaonnúil, ar féidir leis cúnamh daonnúil tábhachtach a sholáthar lasmuigh de limistéir choinbhleachta; á chinneadh, dá bhrí sin, leithreasuithe do CES a mhéadú EUR 8 milliún os cionn an dréachtbhuiséid;

31.  á chur i bhfáth nach bhfuil deireadh fós le paindéim COVID-19 agus ag cur béim ar an ngá atá le tacaíocht a choinneáil do chórais sláinte chun a n-athléimneacht agus a n-ullmhacht a threisiú trí Chlár gníomhaíochta an Aontais i réimse na sláinte (EU4Health); á chur i bhfios go láidir, thairis sin, go bhfuil ról lárnach ag an gclár maidir le tacú leis an bPlean Sáraithe Ailse, leis an Straitéis Chógaisíochta don Eoraip agus leis an Údarás Eorpach um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte a cruthaíodh le déanaí; ag freaschur, dá bhrí sin, an chiorraithe dhíréirigh agus gan údar atá molta ag an gComhairle agus ag athneartú an chláir le EUR 25 mhilliún os cionn an dréachtbhuiséid; lena n-áirítear tacú le gníomhaíochtaí chun cumhdach sláinte uilíoch a bhaint amach ar fud an Aontais, lena gcuimsítear rochtain ardcháilíochta ar sheirbhísí sláinte gnéis agus atáirgthe;

32.  á thabhairt chun suntais go bhfuil méadú ag teacht ar líon na dtubaistí nádúrtha atá ag dul i méid san Eoraip, mar a léiríodh le déanaí leis na tinte fiáine is mó riamh i samhradh 2022; á chur in iúl gur oth léi, mar gheall ar an athrú aeráide, go bhfuil teagmhais adhaimsire den sórt sin, a mbíonn éigeandálaí mar thoradh orthu go minic, ag dul in olcas agus i méid; á chinneadh, dá bhrí sin agus i gcomhréir le gealltanas Uachtarán an Choimisiúin ina haitheasc ar Staid an Aontais in 2022, an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta a threisiú le EUR 20 milliún chun acmhainneacht freagartha an Aontais a fheabhsú agus a shaoránaigh a chosaint ar bhealach níos fearr, lena n-áirítear acmhainneachtaí chun aonaid leighis a shlógadh i gcásanna éigeandála, agus á chur i bhfios go láidir gur gá infheistíocht a dhéanamh sa mhaolú ar an athrú aeráide agus san oiriúnú don athrú aeráide do réigiúin atá an-leochaileach;

33.  á mheabhrú go ndearna paindéim COVID-19 agus na bearta gaolmhara sláinte poiblí difear mór d’earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, ar minic gnólachtaí beaga, ealaíontóirí aonair agus eagraíochtaí pobail brabúis go minic acu; ag cur béim ar an ról lárnach atá ag Eoraip na Cruthaitheachta maidir le tacú le saothair Eorpacha agus luachanna Eorpacha chomh maith le téarnamh earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, litearthacht sna meáin a chothú agus bréagaisnéis a chomhrac; á chinneadh, dá bhrí sin, leithreasuithe 2023 an chláir a mhéadú EUR 12 mhilliún os cionn an dréachtbhuiséid;

34.  á chur i bhfios go láidir gur gá urraim don smacht reachta agus do chearta bunúsacha a chur chun cinn; á chur i bhfáth go bhfuil ról ríthábhachtach ag an gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna maidir le luachanna an Aontais, saoránacht agus daonlathas an Aontais, comhionannas agus comhionannas inscne agus an smacht reachta san Aontas a neartú, agus maidir le tacaíocht a thabhairt d’íospartaigh an fhoréigin inscnebhunaithe; ag freaschur, dá bhrí sin, chiorruithe na Comhairle ar an gclár; á chinneadh, thairis sin, sraith Daphne a mhéadú EUR 2 mhilliún os cionn an dréachtbhuiséid chun dul i ngleic leis an bhforéigean inscnebhunaithe, atá imithe in olcas ó bhí an phaindéim ann, chomh maith le gach cineál foréigin a dhéantar i gcoinne dídeanaithe, leanaí, daoine óga agus grúpaí eile atá i mbaol, amhail daoine LADTIA+ agus daoine faoi mhíchumas, agus an tsraith ‘rannpháirteachas agus rannpháirtíocht na saoránach’ a mhéadú EUR 1,5 milliún os cionn an dréachtbhuiséid, go háirithe chun obair leantach chuí ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa a áirithiú;

35.  á chur in iúl gur cúis mhór imní di na tuarascálacha iomadúla ina gcuirtear béim ar mhaoiniú comhlachas a bhfuil naisc acu le heagraíochtaí reiligiúnacha agus polaitiúla radacacha, amhail an Bráithreachas Moslamach; á iarraidh ar an gCoimisiún a ráthú nach maoineoidh cistí an Aontais ach eagraíochtaí a dhéanann luachanna uile na hEorpa a urramú go docht, lena n-áirítear an tsaoirse smaointeoireachta, an tsaoirse cainte agus an comhionannas idir fir agus mná, go háirithe tríd an gclár Saoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, a fhorchur ar na heagraíochtaí is tairbhithe a síniú a chur ar Chairt lena ngeallfaidh siad go n-urramóidh siad na luachanna sin sula gcuirfear cistí ar fáil;

36.  á mheabhrú a thábhachtaí atá sé tacú leis an idirphlé sóisialta agus le hoiliúint oibrithe agus cistiú cobhsaí a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go n-ionsúfar go maith na buiséid ghaolmhara;

37.  á mheas gur cheart go mbeadh leithreasuithe leordhóthanacha ann do líne bhuiséid Phobal Turcach na Cipire chun rannchuidiú go cinntitheach le leanúint de mhisean an Choiste um Dhaoine ar Iarraidh sa Chipir agus leis an misean sin a threisiú, agus chun tacú leis an gCoiste Teicniúil déphobail um Oidhreacht Chultúrtha;

38.  ag tabhairt dá haire gur ann do roinnt mhaith doiciméad agus teachtaireachtaí ó institiúidí comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais nach bhfuil ar fáil ach i mBéarla amháin; ag tabhairt dá haire freisin go dtionóltar cruinnithe oibre gan aon fhéidearthacht ateangaireachta; á iarraidh go n-urramófar na prionsabail, na cearta agus na hoibleagáidí a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus i Rialachán Uimh. 1/1958, agus i dtreoirlínte agus cinntí inmheánacha, amhail an cód um dhea-iompraíocht riaracháin; á iarraidh ar institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais, dá bhrí sin, na hacmhainní daonna is gá a sholáthar chun ilteangachas a áirithiú, trí líon na mball foirne atá freagrach as aistriúchán agus ateangaireacht a mhéadú;

39.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé buiséad an Aontais a chosaint ar chalaois, ar éilliú agus ar iompar toirmiscthe eile, a dhéanann dochar do bhuiséid an Aontais agus do bhuiséid náisiúnta; á chur i bhfáth go bhfuil ról lárnach ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, lena n-áirítear maidir le cistí NextGenerationEU a úsáid, agus maidir le comhlíonadh an smachta reachta a áirithiú; á chinneadh, dá bhrí sin, athneartuithe spriocdhírithe a chur i bhfeidhm ar OIPE agus a leibhéil foirne a mhéadú chun go mbeidh an comhlacht in ann a shainordú a chomhlíonadh, agus ar an gcaoi sin iarrachtaí i gcoinne na calaoise, an éillithe, an sciúrtha airgid agus na coireachta eagraithe a threisiú; á iarraidh ar na Ballstáit uile dul isteach in OIPE agus cosaint níos fearr a áirithiú do leasanna airgeadais an Aontais; á mheabhrú a thábhachtaí atá comhlíonadh an chórais ghinearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint;

40.  á mheas gur gá cistiú leormhaith agus cobhsaí a áirithiú le haghaidh cumarsáid institiúideach, chun a chur ar chumas an Aontais teagmháil a dhéanamh leis na saoránaigh, lena n-áirítear ar an leibhéal áitiúil, chun bréagaisnéis a chomhrac agus rannpháirtíocht na saoránach sa saol daonlathach a éascú, rud atá níos práinní fós i bhfianaise chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine; ag athbhunú, dá bhrí sin, leibhéal an dréachtbhuiséid ar na línte ábhartha;

41.  ag treisiú Fho-Cheannteideal 2b ar an iomlán le EUR 272 821 707 os cionn an dréachtbhuiséid i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (seachas treoirthionscadail agus gníomhaíochtaí ullmhúcháin), a bheidh le maoiniú trí úsáid a bhaint as an gcorrlach atá ar fáil agus trí na hionstraimí speisialta a shlógadh;

Ceannteideal 3 – Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol

42.  á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di tionchar chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus a drochiarmhairtí eacnamaíocha chomh maith leis na heachtraí adhaimsire, lena n-áirítear diantriomaigh agus triomaigh fhaidréiseacha, ar tháirgeadh agus ar dháileadh in earnáil na talmhaíochta agus i margaí an bhia; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról straitéiseach atá ag an talmhaíocht chun géarchéim bia a sheachaint trí bhia sábháilte ardcháilíochta a chur ar fáil ar phraghsanna inacmhainne ar fud na hEorpa; á mheabhrú gurb í 2023 an chéad bhliain den chomhbheartas talmhaíochta nua a thacóidh le feirmeoirí an Aontais, a bhfuil ról bunúsach acu maidir le hathléimneacht eacnamaíoch na limistéar tuaithe a chothabháil, tríd an ualach fiachais ar fheirmeoirí óga a mhaolú agus trí chabhrú leo déileáil le rátaí úis iasachta atá ag méadú agus costais ionchuir níos airde; á chreidiúint go bhfuil bonn cirt le EUR 10 milliún ar a laghad d’fheirmeoirí óga leis an gcúlchiste talmhaíochta nua a shlógadh go páirteach mar gheall ar an ngéarchéim; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta eisceachtúla ábhartha a ullmhú i gcomhréir leis na forálacha ábhartha sa bhunghníomh agus an méid atá le slógadh a mhéadú, de réir mar is ábhartha;

43.  ag athdhearbhú a thábhachtaí atá clár LIFE maidir le tacú le gníomhú ar son na haeráide agus le cosaint an chomhshaoil agus a ról lárnach maidir le hidirghabháil eiseamláireach a cheapadh agus maidir le bearta a spreagadh chun an t-athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide a mhaolú agus chun stop a chur le cailliúint na bithéagsúlachta; á iarraidh go méadófaí leibhéal na tacaíochta buiséadaí do LIFE ar fud shraitheanna éagsúla na gclár; á thabhairt chun suntais go mbeidh dul chun cinn i dtreo na spriocanna agus na n-uaillmhianta príomhshruthaithe i réimsí na haeráide agus na bithéagsúlachta i gceist le haon treisiú bliantúil ar chlár LIFE; á mheas go dtugann na himthosca reatha údar le béim ar leith a leagan ar an airteagal lena gcumhdaítear an t-aistriú chuig fuinneamh glan;

44.  á chur i bhfáth gur gá buiséad na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil a mhéadú go suntasach chun acmhainní leordhóthanacha airgeadais agus foirne a sholáthar chun cur chun feidhme iomlán an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus a bheartais ghaolmhara a chumasú mar cheann de na príomhcholúin chun geilleagar an Aontais a chlaochlú go geilleagar cothrom, cuimsitheach, inbhuanaithe, athléimneach agus neodrach ó thaobh carbóin de; á chreidiúint gur cheart don Choimisiún, ar ais nó ar éigean, cur i mbaol chur chun feidhme agus fhorfheidhmiú na mbeartas comhshaoil agus reachtaíochta comhshaoil a sheachaint;

45.  á chur i bhfáth go bhfuil ról tábhachtach ag na pleananna um aistriú cóir agus gur gá iad a fhormheas go tráthúil sa staid eacnamaíoch agus gheopholaitiúil atá ann faoi láthair chun na hinfheistíochtaí agus an fás is gá san Aontas a áirithiú; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá cur chun feidhme rianúil an Chiste um Aistriú Cóir a áirithiú mar uirlis riachtanach chun neamhspleáchas fuinnimh agus acmhainneacht nuálach an Aontais a mhéadú agus chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shocheacnamaíocha agus ar an aistriú fuinnimh mar fhreagairt do spriocanna aeráide;

46.  ag treisiú Cheannteideal 3 le EUR 61 240 000 leithreasaí faoi chomhair gealltanas os cionn leibhéil an dréachtbhuiséid (cé is moite de threoirthionscadail agus gníomhaíochtaí ullmhúcháin), atá le maoiniú trí chuid den chorrlach atá ar fáil a úsáid;

47.  á mheabhrú go ndéanfar, mar is iondúil, na bailchríocha a chur ar chúrsaí i Litir Leasaitheach maidir le hinfhaighteacht CERT agus gur féidir an cur chuige i leith leasuithe i gCeannteideal 3 a choigeartú dá réir le linn an idir-réitigh;

Ceannteideal 4 – Imirce agus Bainistiú Teorainneacha

48.  á thabhairt dá haire go raibh sé riachtanach, in 2022, mar thoradh ar an gcogadh i gcoinne na hÚcráine, maoiniú breise EUR 150 milliún a sholáthar don Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF) chun tacú leis na Ballstáit a fhaigheann daoine atá ag teitheadh ón gcoinbhleacht; á chur in iúl gur geal léi an cinneadh an Treoir um Chosaint Shealadach(16) a ghníomhachtú, a mbeidh gealltanas airgeadais níos fadtéarmaí ag baint leis, mar gheall ar chineál na coinbhleachta agus iarrachtaí na mBallstát chun mná agus leanaí a chosaint ar gháinneáil ar dhaoine, lena n-áirítear gáinneáil chun críche teacht i dtír gnéasach, agus a mbeidh gá le tacaíocht bhuiséadach leanúnach do na Ballstáit ina leith; á chinneadh, dá bhrí sin, AMIF a threisiú le EUR 100 milliún os cionn an dréachtbhuiséid in 2023;

49.  á mheabhrú, in 2022, gur ghá cistiú breise a chur ar fáil don Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí (IBTV) chun tacaíocht bhreise a chur ar fáil do na Ballstáit túslíne i gcomhthéacs an chogaidh, chomh maith le tacú le comhtháthú breise na Rómáine, na Bulgáire agus na Cróite i limistéar Schengen; á chur in iúl gur oth léi, thairis sin, gur mhol an Coimisiún arís agus arís eile go mbainfí an t-imchlúdach airgeadais a comhaontaíodh do BMVI chun acmhainní a aimsiú do ghníomhaireachtaí ceartais agus gnóthaí baile a bhfuil sainorduithe leathnaithe acu, lena n-áirítear Europol sa dréachtbhuiséad; á chinneadh, ar bhonn na mbreithnithe thuas, BMVI a mhéadú EUR 25 mhilliún os cionn an dréachtbhuiséid in 2023;

50.  á mheabhrú go bhfuil ról ríthábhachtach ag Gníomhaireacht Tearmainn an Aontais Eorpaigh maidir le tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit i ndáil le nósanna imeachta tearmainn agus cosanta idirnáisiúnta agus ag tabhairt dá haire go bhfuil méadú tagtha ar ualach oibre na gníomhaireachta, mar thoradh ar an gcogadh i gcoinne na hÚcráine agus mar gheall ar na cúraimí nua a cuireadh uirthi faoina sainordú feabhsaithe; á chinneadh, dá bhrí sin, líon foirne na gníomhaireachta a mhéadú;

51.  á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le méadú breise ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ar bhaill foirne do eu-LISA i gcomhréir le riachtanais shainaitheanta na gníomhaireachta, rud a chuirfidh ar a cumas leanúint de roinnt tionscadal criticiúil de chuid an Aontais a chur chun feidhme maidir le slándáil inmheánach agus bainistiú teorainneacha in 2023;

52.  á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá Gníomhaireacht éifeachtach Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) chun cabhrú leis na Ballstáit comhtheorainneacha seachtracha an Aontais a bhainistiú agus chun bainistiú comhtháite teorainneacha a áirithiú i gcomhréir iomlán le cearta bunúsacha; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé fós deacair ag Frontex an méadú géar bliain ar bhliain ar leithreasaí a ionsú agus na baill foirne bhreise oibríóchtúla a theastaíonn a earcú; á iarraidh ar an gCoimisiún grinnanailís a dhéanamh ar an ábhar chun feabhas a chur ar chur chun feidhme faoi ghrinnscrúdú na Parlaiminte; á chinneadh, dá bhrí sin, tacú leis an laghdú EUR 50 milliún a mhol an Chomhairle do Frontex in 2023; á chur i bhfios go láidir mar sin féin gur gá a áirithiú go bhfuil na hacmhainní buiséadacha is gá ag Frontex chun a shainordú agus a oibleagáidí a chomhlíonadh;

53.  ag treisiú Cheannteideal 4 ar an iomlán le EUR 130 430 664 os cionn sheasamh na Comhairle agus EUR 80 430 664 os cionn an dréachtbhuiséid, atá le maoiniú trí chuid den chorrlach atá ar fáil a úsáid;

Ceannteideal 5 – Slándáil agus Cosaint

54.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar chomhar Eorpach i gcúrsaí cosanta agus cogadh ionsaithe na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus an timpeallacht idirnáisiúnta atá thar a bheith éagobhsaí á gcur san áireamh; á mheas gur mar thoradh ar an gcomhar sin go bhfuil an Eoraip agus a saoránaigh níos sábháilte ach ní hamháin sin, go bhfuil éifeachtúlacht níos fearr agus coigiltis fhéideartha ann freisin; á iarraidh, ina leith sin, go ndéanfaí cistiú méadaithe do shraith forbartha cumais an Chiste Eorpaigh Cosanta chun bonn tionsclaíoch cosanta nuálach agus iomaíoch a chothú a rannchuideoidh le neamhspleáchas straitéiseach an Aontais;

55.  á mholadh freisin go méadófaí cistiú do shoghluaisteacht mhíleata agus é mar aidhm cabhrú leis na Ballstáit gníomhú ar bhealach níos tapúla agus níos éifeachtaí; ag tabhairt dá haire go bhfuil gá le cistiú leordhóthanach chun tacú le misin agus oibríochtaí faoin gcomhbheartas slándála agus cosanta, lena n-áirítear trí bhearta amhail bonneagar iompair dé-úsáide a chistiú agus ceadanna taidhleoireachta agus rialacha custaim a shimpliú; ag tabhairt dá haire go bhféadfaí borradh a chur faoin tsoghluaisteacht mhíleata freisin le haontachas práinneach na Rómáine, na Bulgáire agus na Cróite le Limistéar Schengen; á mheabhrú go bhfuil tionchar díobhálach eacnamaíoch agus geostraitéiseach ag an mainneachtain an t-ábhar sin a réiteach; á chur i bhfios go láidir gur gá leibhéal DB an Chiste Slándála Inmheánaí a athbhunú chun cistiú leordhóthanach a áirithiú don chomhrac i gcoinne na coireachta tromchúisí agus eagraithe a bhfuil gné thrasteorann ag baint léi agus i gcoinne na cibearchoireachta;

56.  ag treisiú Cheannteideal 5 ar an iomlán le EUR 81 192 700 os cionn an dréachtbhuiséid, a bheidh le maoiniú trí úsáid a bhaint as an gcorrlach atá ar fáil agus trí na hionstraimí speisialta a shlógadh;

Ceannteideal 6 – Comharsanacht agus an Domhan

57.  ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis mhór bhuartha, go bhfuil ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus na héifeachtaí a ghabhann leis sin ar bhonn domhanda ina shiocair leis an méadú ollmhór atá tagtha ar na riachtanais maidir le cabhair dhaonnúil, a bhí faoi bhrú cheana féin i ngeall ar bhearnaí maoinithe agus iolrú géarchéimeanna agus coinbhleachtaí ar fud an domhain; á iarraidh go ndéanfaí an chabhair dhaonnúil a mhéadú go mór chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna nach bhfacthas a leithéid cheana idir na riachtanais atá ann agus na hacmhainní atá ar fáil; á chur in iúl gur saoth léi nach bhfuil aon lamháil ag Ceannteideal 6 agus, dá bhrí sin, nach bhfuil sé oiriúnach don staid reatha nó chun dul i ngleic le héigeandálaí nua a d’fhéadfadh a bheith ann; á mheas gur cheart uasteorainn Cheannteideal 6 a mhéadú mar ábhar práinne; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil an dréachtbhuiséad in ann ar a laghad an leibhéal freagartha atá ann faoi láthair a choinneáil ar bun agus go bhfuil méadú mór ag teacht ar riachtanais dhaonnúla agus ar éigeandálaí ar fud an domhain ag an am céanna, go háirithe neamhdheimhneacht an tsoláthair bia a bheith ag dul in olcas mar gheall ar thionchar chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine, neartú thionchar an athraithe aeráide agus tubaistí atá ag éirí níos déine de dheasca na haeráide agus coinbhleachtaí atá ag teacht chun cinn le déanaí; á chun in iúl gur cúis mhór bhuartha di, fiú leis na méaduithe a mhol Parlaimint na hEorpa, nach mbeadh dóthain acmhainní ann chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais maidir le cabhair dhaonnúil in 2023;

58.  á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht leanúnach agus shuntasach do Chomharsanacht an Oirthir, go háirithe do thíortha a chabhraíonn le dídeanaithe atá ag teitheadh ón Úcráin agus atá ag tabhairt aghaidh ar bhoilsciú agus ar phraghsanna arda fuinnimh; á mheas gur gá tacú le hathchóirithe polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta agus le gníomhaithe na sochaí sibhialta, go háirithe gníomhaithe chearta an duine agus gníomhaithe daonlathais, eagraíochtaí na sochaí sibhialta a chosnaíonn cearta na mban agus cearta phobal LADTIA+ nó cúnamh a sholáthar do dhaoine faoi ghéarleanúint agus do phríosúnaigh pholaitiúla, in éineacht le heagraíochtaí na hÚcráine agus na Moldóive ar cuireadh iallach orthu a ngníomhaíochtaí a athstruchtúrú mar thoradh ar chogadh ionsaithe na Rúise, eagraíochtaí a chuireann leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe, agus meáin neamhspleácha a chuidíonn leis an mbréagaisnéis agus an bholscaireacht a nochtadh;

59.  á iarraidh go ndéanfaí acmhainní breise a leithdháileadh ar Chomharsanacht an Deiscirt chun tacú le hathchóirithe polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta; á chur in iúl gur geal léi an fógra a rinneadh le déanaí maidir le tiomantas leanúnach an Aontais do chistiú ilbhliantúil do UNRWA; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé beartaithe go háirithe leis an méadú ar leithreasuithe do Chomharsanacht an Deiscirt cistiú intuartha a sholáthar do UNRWA, i bhfianaise an róil ríthábhachtaigh atá aige maidir le riachtanais riachtanacha dídeanaithe Palaistíneacha a chosaint agus a áirithiú chomh maith le rannchuidiú lena bhforbairt dhaonna;

60.  ag treisiú chláir théamacha agus ghníomhaíochtaí mearfhreagartha NDICI-na hEorpa Domhanda, go háirithe tríd an gclár ‘Daoine’, chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí an chogaidh san Úcráin, chun córais sláinte níos láidre a fhorbairt agus chun bearnaí rochtana ar sheirbhísí sláinte riachtanacha a dhúnadh chomh maith le bearta oiriúnaithe don athrú aeráide agus bearta maolaithe don athrú aeráide a mhaoiniú tríd an gclár “Plainéad”, agus trí úsáid a bhaint as an líne ‘Athléimneacht’ chun sineirgí a chothú idir gníomhaíochtaí daonnúla, forbartha, poiblí agus síochána, go háirithe i dtíortha is iarrthóirí ar aontachas ach nach mbaineann tairbhe fós as an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA);

61.  ag cur béim ar an bhfíoras gur gá cistiú a mhéadú do thíortha na mBalcán Thiar faoi chuimsiú na hIonstraime um Chúnamh Réamhaontachais chun tacú leis an bhfás eacnamaíoch agus leis an bhfostaíocht agus mar thosaíocht gheopholaitiúil freisin, go háirithe i gcomhthéacs chogadh gan chúis na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ar cogadh é a bhí go mór ar fud an réigiúin, ach ag áitiú na gceanglas coinníollachta maidir leis an smacht reachta do gach euro a gealladh i mbuiséad 2023; sa chomhthéacs sin, á iarraidh ar an gCoimisiún sciar den chistiú breise do chlársceidealú Erasmus+ a úsáid chun cistiú méadaithe a chur ar fáil d’institiúidí ardoideachais le haghaidh clár nua scoláireachta do mhic léinn ó thíortha na mBalcán Thiar;

62.  á iarraidh go n-áireofaí an Úcráin agus Poblacht na Moldóive a luaithe is féidir laistigh de raon feidhme na hIonstraime um Chúnamh Réamhaontachais agus go ndéanfaí imchlúdach airgeadais an chláir a mhéadú dá réir sin; á mheas gur gá tacaíocht a sholáthar don Úcráin agus don Mholdóiv, mar thíortha is iarrthóirí nua ar bhallraíocht an Aontais, agus don tSeoirsia, mar iarratasóir ionchasach, ar a mbealach chuig ballraíocht an Aontais; á iarraidh go soláthrófaí cúnamh airgeadais breise faoi IPA III chun an ghné idirnáisiúnta de chlár Erasmus+ a chur chun cinn;

63.  á chinneadh go ndéanfar an tacaíocht don chumarsáid straitéiseach a mhéadú, go háirithe maidir le bearta atá dírithe ar chur i gcoinne na bréagaisnéise domhanda tríd an mbréagaisnéis a scaipeann an stát agus gníomhaithe eile a rianú agus a nochtadh go córasach;

64.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról lárnach ag Cúnamh Macra-Airgeadais AE don Mholdóiv, don Albáin, don Bhoisnia-Heirseagaivéin, don tSeoirsia, don Chosaiv, do Mhontainéagró, don Mhacadóin Thuaidh, agus don Úcráin chun infheistíochtaí a chur chun cinn, tacú le téarnamh ó ghéarchéim COVID-19 agus ó iarmhairtí an chogaidh;

65.  ag treisiú Cheannteideal 6 ar an iomlán le EUR 465 000 000 os cionn an dréachtbhuiséid, atá le maoiniú trí ionstraimí speisialta a shlógadh;

Ceannteideal 7 – Riarachán Poiblí Eorpach

66.  á mheas, maidir le ciorruithe na Comhairle ar an gceannteideal seo - atá ceaptha dul ar iontaoibh na hIonstraime Solúbthachta a sheachaint, mar a mholtar sa dréachtbhuiséad, nach bhfuil bonn cirt leo agus nach ligfí leo don Choimisiún a chúraimí a chomhlíonadh; dá bhrí sin, ag athbhunú an dréachtbhuiséid le haghaidh chaiteachas riaracháin an Choimisiúin, lena n-áirítear i leith a chuid Oifigí;

67.  ag leagan béim ar na rioscaí do shlándáil inmheánach an Aontais a eascraíonn as ionradh na Rúise ar an Úcráin; sa chomhthéacs sin, á chur in iúl gur geal léi seoladh an Mhoil Tacaíochta don tSlándáil Inmheánach agus don Bhainistiú Teorainneacha sa Mholdóiv agus á iarraidh ar an gCoimisiún inoibritheacht iomlán an Mhoil a éascú agus a luathú trí thacaíocht lóistíochta agus airgeadais a chur ar fáil trí chomhar le AS Home agus AS Just, chomh maith le saineolaithe an Aontais ó ghníomhaireachtaí ábhartha CGB an Aontais arna n-imscaradh sa Mholdóiv;

68.  ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeidh dóthain foirne ag an gCoimisiún chun a chúraimí a chomhlíonadh, lena n-áirítear na cúraimí sin a bhaineann le tionscnaimh nua agus le reachtaíocht nua a glacadh; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, a áirithiú go bhfuil an fhoireann bhreise aige atá riachtanach le haghaidh cur chun feidhme éifeachtúil agus éifeachtach; ag leagan béim, sa chomhthéacs sin, ar thionchar na dtograí reachtacha faoin gComhaontú Glas don Eoraip, faoin nGníomh um an Margadh Digiteach agus faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, agus faoi chaiteachas méadaithe an Aontais, mar gheall ar NGEU agus ar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, ar riachtanais foirne i seirbhísí áirithe, go háirithe Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil (AS ENV), Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta (AS COMP), Ard-Stiúrthóireacht na Líonraí Cumarsáide, an Ábhair Dhigitigh agus na Teicneolaíochta (AS CNECT) agus an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF); á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach bhfuil an fhoireann is gá ag an gCoimisiún don obair is gá; á iarraidh ar an gCoimisiún na riachtanais foirne sin a chur san áireamh, gan an bonn a bhaint ó leibhéil foirne i gcodanna eile den institiúid;

69.  á iarraidh go nglacfaí go pras an t-athbhreithniú spriocdhírithe ar an Rialachán Airgeadais a mhol an Coimisiún i ndáil le hús mainneachtana a láimhseáil i gcás aisíocaíocht dhéanach a dhéanamh ar fhíneálacha iomaíochta a cuireadh ar ceal nó a laghdaíodh, chun brú ar chaiteachas faoi Cheannteideal 7 a sheachaint;

Treoirthionscadail agus gníomhaíochtaí ullmhúcháin (PP-PAnna)

70.  á mheabhrú a thábhachtaí atá treoirthionscadail agus gníomhaíochtaí ullmhúcháin (PP-PAnna) mar uirlisí chun tosaíochtaí polaitiúla a cheapadh agus chun tionscnaimh nua a thabhairt isteach a d’fhéadfadh gníomhaíochtaí agus cláir bhuana de chuid an Aontais a dhéanamh díobh; ag glacadh, tar éis anailís chúramach a dhéanamh ar na tograí go léir a tíolacadh agus aird iomlán á tabhairt ar mheasúnú an Choimisiúin ar an urraim a thugann siad do cheanglais dhlíthiúla agus ar chur chun feidhme, phacáiste cothromaithe PP-PAnna a léiríonn tosaíochtaí polaitiúla na Parlaiminte; á iarraidh ar an gCoimisiún PP-PAnna a chur chun feidhme go pras agus aiseolas a sholáthar maidir lena bhfeidhmíocht agus lena dtorthaí a baineadh amach ar an láthair;

Íocaíochtaí

71.  á chur i bhfios go láidir gur gá leibhéal leordhóthanach leithreasuithe íocaíochta a sholáthar i mbuiséad 2023 agus á chinneadh, mar riail ghinearálta, ciorruithe na Comhairle a aisiompú agus leithreasuithe íocaíochta ar na línte sin a leasaítear i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a threisiú; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá dlús a chur le cur chun feidhme an chláir chun riaráiste íocaíochtaí a sheachaint sa dara leath den tréimhse CAI;

Rannóga Eile

Roinn I – Parlaimint na hEorpa

72.  á chur in iúl nach ndéanfar athrú ar leibhéal foriomlán a bhuiséid do 2023 arna shocrú ag EUR 2 268 777 642, i gcomhréir lena mheastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas arna nglacadh ag an seisiún iomlánach an 7 Aibreán 2022 agus arna nuashonrú an 3 Bealtaine 2022 arna iarraidh sin don Choimisiún mar gheall ar athrú ar an ráta innéacsaithe measta; á chinneadh 98 bpost a áireamh go saorga agus ar bhealach atá neodrach ó thaobh an bhuiséid de ar feadh bliana amháin ar a chairt bhunaithe chun go bhféadfar buaiteoirí iomaíochta inmheánaí a chomhtháthú i bhfianaise chur i bhfeidhm Airteagal 29(4) de na Rialacháin Foirne, ar an gcaoi chéanna leis an méid a rinneadh i mbuiséad 2020; nótaí ó 5 líne bhuiséadacha a thabhairt cothrom le dáta, chomh maith leis an bhféidearthacht costais rannpháirtíochta na n-achainíoch a aisíoc, lena n-áirítear speansais taistil, chothaithe agus theagmhasacha, le linn mhisin oifigiúla an Choiste um Achainíocha lasmuigh d’áitreabh Pharlaimint na hEorpa;

73.  ag aithint an róil thábhachtaigh atá ag an Údarás um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus um Fhondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha (PPEnna/FPEnna) maidir le trédhearcacht, bainistíocht fhónta airgeadais agus éagsúlacht an chórais pholaitiúil trí chur i bhfeidhm rialacha comhchoiteanna ag PPEnna/FPEnna a áirithiú; ag tabhairt dá haire, cé go n-áirítear a bhuiséad faoi Roinn I — Parlaimint na hEorpa, gur comhlacht neamhspleách de chuid an Aontais é an tÚdarás; á chinneadh, dá bhrí sin, mír ar leith a chruthú maidir le luach saothair agus liúntais na foirne atá ag obair don Údarás agus líne ar leith a chruthú i gcairt bhunaíochta Pharlaimint na hEorpa lena gcumhdaítear a poist, gan leithreasuithe breise a chur leis an dréachtbhuiséad;

74.  á iarraidh ar an mBiúró acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil d’Airteagal 3 2 3 — Tacaíocht don daonlathas agus d’fhothú acmhainneachta do pharlaimintí tríú tíortha chun go rannchuideoidh Parlaimint na hEorpa go héifeachtúil le heagrú an tríú heagrán de chomhdháil ardleibhéil Champas Domhanda Chearta an Duine, más gá agus más féidir, lena n-áirítear trí iarraidh ar aistriú ó riarachán na Parlaiminte le linn bhliain forghníomhaithe an bhuiséid;

75.  I gcomhréir leis an rún thuasluaite uaithi an 7 Aibreán 2022 maidir lena meastacháin ar ioncam agus caiteachas don bhliain airgeadais 2023 agus na freagraí a thug an tArd-Rúnaí an 20 Iúil 2022 á gcur san áireamh:

   (a) á mheabhrú gur féidir le laigí sa chomhrac i gcoinne na cibearshlándála agus na slándála hibrideacha in aon institiúid amháin tionchar a imirt ar chách; á athdhearbhú, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá sé go mbeadh buiséad na Parlaiminte ullmhaithe go leormhaith chun a chumais i gcoinne cibearbhagairtí agus bagairtí hibrideacha a neartú chun tairbhe na n-institiúidí uile, go háirithe i bhfianaise chogadh ionsaithe na Rúise i gcoinne na hÚcráine, líon méadaitheach na n-ionsaithe le blianta beaga anuas agus toghcháin Eorpacha 2024 atá ar na bacáin;
   (b) ag tabhairt dá haire go bhfuil bearta leanúnacha á ndéanamh ag an údarás riaracháin chun cur i gcoinne na bréagaisnéise nó aon ghníomhaíochtaí atá dírithe ar mhífhaisnéis a thabhairt ar sheasaimh Fheisirí, go háirithe i bhfianaise thoghcháin Eorpacha 2024; á iarraidh an athuair go mbeadh comhar feabhsaithe ann idir na gníomhaithe uile lena mbaineann ar an leibhéal idirinstitiúideach;
   (c) ag tabhairt dá haire gur tugadh tacaíocht don Ghrúpa Tacaíochta agus Comhordaithe don Daonlathas agus dá Phríomh-Fheisirí agus iad i mbun gníomhaíochtaí tacaíochta daonlathais; á chur in iúl gur díol sásaimh di na gníomhaíochtaí feabhsaithe agus á iarraidh go leanfaí de thacaíocht a thabhairt don chumarsáid leis na saoránaigh trí fhaisnéis a chur ar fáil freisin i dteangacha na mionlach teanga, na réigiún agus na bpobal i gcás inarb iomchuí agus tríd an mbréagaisnéis a chomhrac agus béim ar leith á leagan ar na tíortha nua tosaíochta;
   (d) ag athdhearbhú, i gcomhthéacs an athbhreithnithe atá ar siúl ar na forálacha cur chun feidhme ginearálta a bhaineann le haisíocaíocht speansas misin agus taistil dualgais agus ar na rialacha inmheánacha lena rialaítear misin agus taisteal dualgais oifigigh agus sheirbhísigh eile Pharlaimint na hEorpa, gur chuir an seisiún iomlánach in iúl roinnt uaireanta gur cheart don Bhiúró a áirithiú go bhfaighidh cúntóirí parlaiminteacha creidiúnaithe (APAnna) na liúntais chéanna i leith na misean a dhéanann siad ag trí ionad oibre na Parlaiminte agus na liúntais a fhaigheann státseirbhísigh agus gníomhairí eile;
   (e) á iarraidh ar Chomhdháil na nUachtarán agus ar an mBiúró athbhreithniú a dhéanamh arís ar na forálacha cur chun feidhme lena rialaítear obair na dtoscaireachtaí agus na misean lasmuigh den Aontas Eorpach agus ar an gcinneadh maidir le ‘Misin an Choiste lasmuigh de na trí áit oibre’; á chur i bhfios go láidir, leis an athbhreithniú sin, gur cheart go ndéanfaí machnamh ar an bhféidearthacht do APAnna dul in éineacht leis na Feisirí, faoi réir coinníollacha áirithe, ar thoscaireachtaí oifigiúla agus misin oifigiúla na Parlaiminte, agus an chothromaíocht cheart á baint amach idir an breisluach ard d’Fheisirí agus na srianta comhshaoil, lóistíochta agus buiséadacha;
   (f) á chur i bhfios go láidir gur gá don Choiste um Buiséid i bParlaimint na hEorpa an fhaisnéis ábhartha uile a bhaineann le buiséad na Parlaiminte a fháil ar bhealach tráthúil agus intuigthe chun bheith in ann cinntí eolasacha a dhéanamh; á iarraidh, agus aithint á tabhairt aici ar an tábhacht a bhaineann le Europa Experiences a bhunú i ngach Ballstát mar bhealach chun an tAontas a thabhairt níos gaire do na daoine, go gcuirfí ar fáil nuashonrú ar chostais reatha na n-ionad Europa Experience, i bhfianaise chomhthéacs an bhoilscithe aird; á iarraidh freisin go ndéanfaí nuashonrú ar an iasacht EUR 37,9 milliún atá beartaithe chun ceannach fhoirgneamh Europa Experience i mBaile Átha Cliath a mhaoiniú mar a cheanglaítear le hAirteagal 266(6) den Rialachán Airgeadais;
   (g) ag meabhrú a thábhachtaí atá próiseas cinnteoireachta trédhearcach agus cothrom i réimse an bheartais tógála, agus aird chuí á tabhairt ar Airteagal 266 den Rialachán Airgeadais, i ndáil le beartas tógála na Parlaiminte;
   (h) á mheabhrú don Bhiúró go bhfuil gá le faisnéis chuí agus comhairliúchán cuí leis an gCoiste um Buiséid sula nglacfaidh sé aon chinneadh mór maidir le saincheisteanna a bhaineann le foirgnimh mar gheall ar na himpleachtaí buiséadacha tábhachtacha a bhaineann leo; á iarraidh ar an mBiúró deiseanna coigiltis a fhiosrú agus athmhachnamh a dhéanamh ar an tionscadalmaidir le foirgneamh Spaak sa Bhruiséil;
   (i) á mheas gur cheart d’institiúidí an Aontais, gan eisceacht, dlúthpháirtíocht a léiriú agus dea-shampla a thabhairt, go háirithe i ndáil le tomhaltas agus laghdú fuinnimh, nuair a bhíonn saoránaigh AE ag dul i ngleic le harduithe suntasacha ar a gcostas saoil laethúil; ag tabhairt dá haire go bhfuil brú ollmhór ar bhuiséad na Parlaiminte mar gheall ar bhoilsciú agus ar phraghsanna fuinnimh atá ag dul i méid; ag tabhairt dá haire na cinntí ón mBiúró an 2 Bealtaine 2022 agus an 3 Deireadh Fómhair 2022 maidir le bearta gearrthéarmacha arb é is aidhm dóibh tomhaltas fuinnimh na bParlaimintí a ísliú; á iarraidh ar úsáideoirí a bheith in ann an teocht sna hoifigí agus sna seomraí cruinnithe a mhionchoigeartú iad féin agus fanacht fós faoin gcreat comhaontaithe chun coigilteas a dhéanamh; á iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa gach beart is gá a dhéanamh chun tomhaltas fuinnimh meántéarmach agus fadtéarmach a laghdú chun na billí fuinnimh a laghdú san athbhreithniú atá ar na bacáin ar an gcur chuige reatha maidir le gníomhaíochtaí coigilte fuinnimh; i bhfianaise na géarchéime fuinnimh agus an chomhthéacs geopholaitiúil, á chur in iúl gur geal léi na hinfheistíochtaí san fhuinneamh in-athnuaite agus chun deireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise agus go háirithe suiteáil teaschaidéal, agus á spreagadh an méid sin freisin; á iarraidh go ndéanfaí uas-scálú ar tháirgeadh fuinnimh radhairc, go háirithe trí fhótavoltas úrscothach dín a shuiteáil don acmhainneacht uasta sa Bhruiséil agus in Strasbourg a luaithe is féidir, agus á chur in iúl gur geal léi an staidéar nua maidir leis na painéil fhótavoltacha atá ar siúl faoi láthair; á chur in iúl gur geal léi an córas bainistithe fuinnimh foirgnimh a bunaíodh in EMAS agus á iarraidh go mbeadh an iniúchóireacht bhliantúil mar chuid de na dréachtmheastacháin arna dtíolacadh ag na seirbhísí; á iarraidh ar an mBiúró tús a chur le malartú dea-chleachtas idir comhlachtaí rialaithe institiúidí an Aontais chun athbhreithniú a dhéanamh ar a straitéisí caiteachais ilbhliantúla chun teacht ar bhealaí chun tuilleadh coigiltis a dhéanamh; ag spreagadh tuilleadh malartaithe tuairimí maidir le dea-chleachtais na mbeartas tomhaltais fuinnimh lasmuigh d’institiúidí an Aontais, mar shampla le húdaráis áitiúla;
   (j) á chur in iúl gur geal léi na réamhchéimeanna a glacadh chun sprioc neodrachta carbóin a cheapadh; á mheabhrú do na Feisirí agus do na grúpaí polaitiúla agus á iarraidh orthu rannchuidiú leis an laghdú leanúnach ar loingseoireacht truncanna idir an Bhruiséil agus Strasbourg ag seisiúin iomlánacha, mar atá geallta ag an mBiúró; á iarraidh go ndéanfaí na hinfheistíochtaí ábhartha a phleanáil sna buiséid atá le teacht maidir le hathshlánú agus athúsáid uisce báistí agus uisce a úsáid ar bhonn níos réasúnta;

76.  á iarraidh ar an bParlaimint leanúint de mheasúnuithe rialta a dhéanamh ar eagrú a riachtanas pearsanra, chun poist a ath-leithdháileadh idir stiúrthóireachtaí i gcomhréir le tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn chun cúraimí nua a dhéanamh a mhéid is féidir ar leibhéil foirne leanúnacha agus chun measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le líon méadaitheach gníomhairí ar conradh a fhostú, lena n-áirítear an baol a bhaineann le struchtúr foirne de dhá shraith a chruthú laistigh den Pharlaimint; á chur i bhfios go láidir, i bhfianaise oibleagáidí dlíthiúla na Parlaiminte, go bhfuil athbheartú tosaíochta acmhainní ag éirí níos tábhachtaí i dtimpeallacht bhoilscithe;

Ranna eile (Ranna IV-X)

77.  á chur i bhfáth go gcuireann an comhthéacs ard boilscitheach brú ar chaiteachas na n-institiúidí eile; á thabhairt chun suntais go bhfuil na codanna is mó dá mbuiséid socraithe ag oibleagáidí reachtúla nó conarthacha a bhfuil tionchar ag boilsciú orthu agus nach bhfuil aon smacht acu ar rátaí boilscithe agus ar phraghsanna fuinnimh a mhéadú; á chur i bhfios gur gá go mbeadh foireann leordhóthanach ag na hinstitiúidí chun a sainordú a chomhlíonadh; á chur in iúl gur díol sásaimh di na hiarrachtaí leanúnacha atá déanta ag na hinstitiúidí chun baill foirne a ath-imlonnú agus chun gnóthachain éifeachtúlachta bhreise a aimsiú ach ag aithint go bhfuil teorainneacha leis an gcur chuige sin sa chomhthéacs reatha i gcomhthéacs comhthreomhar le freagrachtaí méadaitheacha; á chur in iúl gur oth léi nár dheonaigh an Coimisiún aon cheann de na poist bhreise a d’iarr na hinstitiúidí eile, gan beann ar a gcúraimí nua; ag cáineadh an chuir chuige chothrománaigh a ghlac an Chomhairle chun an ráta laghdaithe a mhéadú 1,8 pointe céatadáin i ngach institiúid agus á mheas nach bhfuil údar leis; á mheabhrú go gcuirfeadh méadú ar an ráta laghdaithe d’oibleagáid ar na hinstitiúidí eile líon níos airde post a choinneáil folamh, rud a laghdódh a lucht saothair, a gcumas freagairt d’ábhair imní na saoránach agus a sainordú a chomhlíonadh;

78.  á chinneadh, dá bhrí sin, leibhéal an dréachtbhuiséid a athbhunú do Choiste Eorpach na Réigiún; á chur in iúl, i gcomhréir leis an gcomhaontú oinigh, nach modhnóidh sí léamh na Comhairle maidir leis an gComhairle agus maidir leis an gComhairle Eorpach;

79.  ag méadú, i gcás na gcásanna seo a leanas a bhfuil údar cuí leo, leibhéal na leithreasaí nó na mball foirne os cionn an dréachtbhuiséid chun dóthain acmhainní a thabhairt do na hinstitiúidí chun líon méadaitheach na gcúraimí óna sainordú a dhéanamh go leormhaith, go héifeachtúil agus go héifeachtach agus chun go mbeidh siad feistithe do na dúshláin atá ag teacht chun cinn, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an gcibearshlándáil; á chur i bhfios go láidir, i ndáil leis sin, nach bhfuil an tAontas ullamh go leor chun cibearbhagairtí a chomhrac, ar cibearbhagairtí iad atá ag méadú thar na blianta ó thaobh minicíochta agus castachta de; á chreidiúint gur cheart go mbeadh acmhainní agus foireann iomchuí ag institiúidí uile an Aontais chun dul i ngleic leis na bagairtí sin go hinmheánach agus i gcomhthéacs an chomhair idirinstitiúidigh; dá bhrí sin, ag moladh go ndéanfar an méid seo a leanas:

   (a) leibhéal na leithreasaí a athbhunú i gcomhréir le meastacháin Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus an Ombudsman Eorpaigh, trí leibhéal na leithreasaí os cionn an dréachtbhuiséid do línte buiséadacha a mhéadú lena gcumhdaítear leithreasaí i ndáil leis an bhfoireann nua, chomh maith le líon na bpost ina bpleananna bunaíochta;
   (b) leibhéal na leithreasaí a athbhunú i gcomhréir go páirteach le meastacháin Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí agus na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí trí na leithreasaí os cionn an dréachtbhuiséid do línte buiséadacha a mhéadú lena gcumhdaítear leithreasaí i ndáil leis an bhfoireann nua chomh maith leis an líon post atá ina bpleananna bunaíochta;
   (c) roinnt línte oibríochtúla a threisiú, i gcomhréir le hiarraidh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí, chun go mbeidh buiséad 2023 ina léiriú ar na hardchostais mhaireachtála gan choinne nár cuireadh san áireamh agus a meastacháin á n-ullmhú acu.

Measúnú ar an Litir Leasaitheach

80.  ag tabhairt dá haire, maidir le Litir Leasaitheach Uimh. 1 a ghabhann le dréachtbhuiséad ginearálta 2023, arb ionann an glantionchar foriomlán aige ar chaiteachas agus EUR 758,3 milliún breise i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus EUR 2 394,9 milliún i leithreasuithe íocaíochta, lena n-áirítear méadú an-suntasach ar leithreasuithe íocaíochta mar thoradh ar FAST-CARE; ag tabhairt dá haire freisin go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún, ar an iomlán, an Ionstraim Sholúbthachta a shlógadh le haghaidh méid EUR 822,1 milliún le haghaidh cheannteidil 2b, 5 agus 6

81.  ag tabhairt dá haire nach n-áirítear sa Litir Leasaitheach ach roinnt d’ábhair imní agus de thosaíochtaí na Parlaiminte mar a leagtar amach sa rún seo iad, amhail na hathneartuithe don chabhair dhaonnúil, UCPM agus Erasmus+ agus tacaíocht níos mó don chosaint; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, mar sin féin, nach leor na hathneartuithe atá beartaithe agus gur tús-ualú seachas leithreasuithe breise atá i gcuid de na hathneartuithe atá beartaithe

82.  ag tabhairt dá haire sna bearta agus sna gníomhaíochtaí a rinneadh chun tacú leis an Úcráin go dtí seo ó thús an chogaidh, agus á iarraidh ar an gCoimisiúin bearta breise a mholadh; á chur in iúl gur oth léi nach dtugtar freagairt iomchuí leis na tograí buiséadacha ón gCoimisiún do 2023 ar iarmhairtí leathana chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; á chreidiúint go bhfuil na riachtanais do 2023 i bhfad níos airde ná mar a mholtar sa Litir Leasaitheach;

83.  ag tabhairt dá haire sa togra maidir leis an Ionstraim Corrlaigh Aonair a shlógadh do mhéid EUR 450 milliún chun costais mhaoiniúcháin EURI a chumhdach; á thabhairt chun suntais go mbraitheann na méideanna iarbhír is gá le haghaidh costais mhaoinithe EURI in aon bhuiséad bliantúil ar leith ar na rátaí úis ar iasachtaí lena dtugtar leibhéal suntasach éiginnteachta isteach sa chaibidlíocht maidir leis an mbuiséad bliantúil; á chur i bhfáth nár cheart go mbeadh na costais sin chun dochair riamh do mhaoiniú na gclár; ag cur béim ar an bhfíoras, má úsáidtear SMI le haghaidh costais mhaoinithe EURI, go laghdaítear solúbthacht agus corrlaigh chúnga an bhuiséad freisin, atá an-teoranta cheana féin, agus, dá bhrí sin, go laghdaítear an cumas freagairt ar riachtanais reatha agus ar riachtanais atá ag teacht chun cinn; á mheabhrú a phráinní atá sé athbhreithniú suntasach a dhéanamh ar an CAI agus ar éilimh na Parlaiminte EURI a chur os cionn uasteorainneacha an CAI;

84.  ag tabhairt dá haire i leibhéal coigeartaithe na leithreasuithe do na ranna Eile, agus aird á tabhairt ar an meastachán reatha ar an gcoigeartú tuarastail do 2022 atá níos ísle ná mar ar tuaradh é in DB 2023, agus ar aistriú leithreasuithe ó na hinstitiúidí eile chuig CERT-EU, chun feabhas a chur ar chumais cibearshlándála an Aontais, rud a dhéanfadh, dá bhrí sin, laghdú EUR 45 mhilliún ar leibhéal leithreasaí institiúidí eile

o
o   o

85.  á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis na leasuithe ar an dréachtbhuiséad ginearálta, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig na hinstitiúidí agus na comhlachtaí eile lena mbaineann agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO L 424, 15.12.2020, lch. 1.
(2) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
(3) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11
(4) IO C 444 I, 22.12.2020.
(5) Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Nollaig 2020 ar an dréachtrialachán ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027, Iarscríbhinn 2: Dearbhuithe (Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0357).
(6) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.
(7) IO L 243, 9.7.2021, lch. 1.
(8) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0219.
(9) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0005.
(10) IO C 99, 1.3.2022, lch. 158.
(11) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2017)0010.
(12) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 1.
(13) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0106.
(14) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0127.
(15) Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).
(16) Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir Ballstáit agus na daoine sin á nglacadh isteach acu agus na hiarmhairtí lena mbaineann á mbraistint (IO L 212, 7.8.2001, lch. 12)

An nuashonrú is déanaí: 21 Feabhra 2023Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais