Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Deireadh Fómhair 2022 maidir le dlúthpháirtíocht chultúrtha leis an Úcráin agus comhshásra práinnfhreagartha le haghaidh téarnamh cultúrtha san Eoraip (2022/2759(RSP))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint d’Airteagal 167 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, go háirithe don Bhrollach de, d’Airteagal 3 de agus do Phrótacal Uimh. 2 de maidir le cur i bhfeidhm phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta,
– ag féachaint don Bhrollach de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do rún uaithi an 1 Márta 2022 maidir le fogha na Rúise i gcoinne na hÚcráine(1),
– ag féachaint do mholadh uaithi an 8 Meitheamh 2022 don Chomhairle agus do Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir le Beartas Eachtrach, Slándála agus Cosanta an Aontais tar éis chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine(2),
– ag féachaint do na ráitis maidir leis an Úcráin ó cheannairí Pharlaimint na hEorpa an 16 agus an 24 Feabhra 2022,
– ag féachaint do rún uaithi an 17 Meán Fómhair 2020 maidir le tearnamh cultúrtha na hEorpa(3),
– ag féachaint do rún uaithi an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir le staid na n-ealaíontóirí agus an téarnamh cultúrtha san Aontas(4),
– ag féachaint do Chonclúidí ón gComhairle an 18 Bealtaine 2021 maidir le téarnamh, athléimneacht agus inbhuanaitheacht na n-earnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha,
– ag féachaint don cheist a cuireadh ar an gCoimisiún maidir le dlúthpháirtíocht chultúrtha leis an Úcráin agus comhshásra práinnfhreagartha le haghaidh téarnamh cultúrtha san Eoraip (‑000030/2022 – B9‑0026/2022),
– ag féachaint do Riail 136(5) agus Riail 132(2) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tairiscint i gcomhair rún ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas,
A. de bhrí gur iarracht atá i gcogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine chun féiniúlacht agus cultúr náisiúin cheannasaigh a dhíothú, agus freisin trí ghníomhartha scriosta straitéiseacha agus spriocdhírithe ar láithreáin oidhreachta cultúrtha(5), agus gur coir chogaidh é sin faoi Choinbhinsiún na Háige 1954(6) ar sínitheoirí iad an dá thír sin leis;
B. de bhrí gurb ionann an t-ionsaí ar an Úcráin agus ionsaí ar ár bhféiniúlacht choiteann Eorpach, ar ár luachanna agus ar ár modh maireachtála, a bhfuil sochaithe oscailte atá bunaithe ar an daonlathas, an urraim do chearta an duine, an dínit, an smacht reachta agus an éagsúlacht chultúrtha ina mbuntréithe; de bhrí go bhfuil na hiarmhairtí thar a bheith díobhálach le brath ag na milliúin duine ar fud an domhain, ón mbás go ganntanas bia, an laghdú atá ag teacht ar sholáthairtí fuinnimh domhanda agus an méadú ar an mboilsciú agus ar shreabha imirce; de bhrí go bhfuil úsáid á baint ag an Rúis as na hiarmhairtí beartaithe sin mar bhagairtí polaitiúla agus straitéiseacha;
C. de bhrí go gcuireann ionradh na Rúise ar an Úcráin ealaíontóirí agus oibrithe cultúrtha, iriseoirí agus acadóirí i mbaol, lena scaiptear eagla agus amhras rud a théann chun dochair do shaoirse na n-ealaíon, don nuacht ardcháilíochta, do neamhspleáchas na meán agus don rochtain ar fhaisnéis, saoirse acadúil agus don tsaoirse chun tuairimí a nochtadh i gcoitinne;
D. de bhrí go bhfuil scriosadh aindleathach na hoidhreachta cultúrtha agus creachadh agus smuigleáil maoine cultúrtha agus déantán ina mórbhagairt ar fhéiniúlacht mhuintir na hÚcráine agus na mionlach uile laistigh den tír, agus go gcuirfear bac leis sin ar athmhuintearas náisiúnta iarchoinbhleachta;
E. de bhrí go ndeachaigh tionchair fhadréimseacha phaindéim COVID-19 i gcion go mór ar gach gné dár saol agus dár dtimpeallacht bheo, go háirithe ar an éiceachóras cultúrtha ina iomláine, a bhfuil struchtúir leochaileacha eagraíochtúla agus airgeadais, agus dálaí oibre ar minic leo a bheith forbhásach, mar aon le bagairtí ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh ina mbuntréithe aige; de bhrí nach bhfuil earnálacha agus tionscail an chultúir agus na cruthaitheachta (CCSI) téarnaithe go hiomlán fós as géarchéim COVID-19;
F. de bhrí nach é amháin gur thug na mórghéarchéimeanna sin dúshlán do neamhspleáchas straitéiseach an Aontais, ach gur léiríodh leo freisin go bhfuil fíoracmhainneacht ann i dtaobh muintearas láidir a chothú san Eoraip, chun teacht ar fhreagairtí comhpháirteacha ar riachtanais phráinneacha agus tacaíocht do lánpháirtiú na hEorpa a chomhdhlúthú;
G. de bhrí go bhfuil an cultúr fós ina ghné thábhachtach den chomhthuiscint agus den tsíochánaíocht i measc phobail an domhain;
Tacaíocht agus dlúthpháirtíocht i leith éiceachóras cultúrtha na hÚcráine a threisiú
1. á chur in iúl gur geal léi an tacaíocht láidir fhoriomlán a thug AE agus a Bhallstáit do CCSInna na hÚcráine agus na hionstraimí airgeadais a rinne an Coimisiún, gníomhaithe rialtais, eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna) agus an tsochaí shibhialta a shlógadh go mear chun tacú leis na healaíontóirí agus leis na gairmithe cultúir atá ar a dteitheadh ón gcogadh, le heagraíochtaí cultúrtha na dtíortha a fhaigheann dídeanaithe ón Úcráin, chomh maith le cosaint na hoidhreachta cultúrtha; á chur in iúl gur geal léi, go háirithe, na tionscnaimh mhearfhreagartha amhail an Ciste um Chultúr na Dlúthpháirtíochta don Úcráin;
2. á chur in iúl go bhfuil dlúthpháirtíocht dhílis aici le taibheoirí, ealaíontóirí, cruthaitheoirí, údair, foilsitheoirí, a gcuideachtaí agus gach cruthaitheoir agus oibrí cultúrtha eile, lena n-áirítear cruthaitheoirí amaitéaracha, ós rud é go mbeidh ról bunúsach ag an ealaín agus ag an gcultúr i leigheas agus in atógáil na hÚcráine; ag moladh, go háirithe, gníomhaíocht ealaíontóirí agus chruthaitheoirí na hÚcráine a ghníomhaigh i gcoinne ionradh na Rúise trína n-ealaín a chleachtadh;
3. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit riachtanais éigeandála earnálacha an chultúir agus na hoidhreachta cultúrtha a áireamh laistigh de thacaíocht dhaonnúil an Aontais don Úcráin; á chreidiúint go láidir, i gcomhréir leis an gcinneadh stairiúil ón gComhairle Eorpach an 23 Meitheamh 2022 maidir le stádas iarrthóra AE a dheonú don Úcráin, nach mór tacaíocht thiomnaithe a leithdháileadh freisin laistigh de Chiste Iontaobhais na hÚcráine a bheidh ann sa todhchaí, a d’fhormhuinigh na Cinn Stáit agus Rialtais sna Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 24-25 Márta 2022;
4. ag tathant ar an Aontas tacaíocht spriocdhírithe a chur ar fáil do ghníomhaithe cultúrtha na hÚcráine, d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, do ENRanna, do ghníomhaíochtaí cultúrtha áitiúla, d’ollscoileanna agus don tsochaí shibhialta chun treochlár na tíre i leith atógáil agus téarnamh a cheapadh agus a fhorbairt;
5. á chreidiúint gur cheart don Aontas a thacaíocht a thabhairt d’údaráis na hÚcráine, go háirithe ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, in éineacht leis an tsochaí shibhialta mar chomhpháirtí cuiditheach in atógáil na tíre agus, go háirithe, maidir le láithreáin chultúrtha a athbhunú; á chur i bhfáth, ina leith sin, gur cheart don Aontas iad siúd a bhfuil baint acu leis an atógáil a spreagadh chun machnamh a dhéanamh i dtaobh na caighdeáin cháilíochta is airde a chur i bhfeidhm; á aithint go bhfuil sé d’acmhainneacht ag an mBauhaus Eorpach Nua rannchuidiú a dhéanamh leis an athbhunú i ndiaidh an chogaidh le rannpháirtíocht CCSI na hÚcráine;
6. á mheas nach foláir aird ar leith a thabhairt ar shaothair chultúrtha agus stairiúla na hÚcráine agus ar chosaint oidhreacht chultúrtha na tíre; á dhearbhú go bhfuil an tAontas Eorpach toilteanach a bheith rannpháirteach i gcaomhnú saothar ealaíne agus oidhreachta cultúrtha trí na huirlisí dlíthiúla uile a chur i bhfeidhm chun gáinneáil ar an oidhreacht chultúrtha nó onnmhairiú neamhdhleathach na hoidhreachta cultúrtha a chosaint agus a chosc le linn cogaidh;
7. á chur i bhfáth a phráinní atá sé tacú leis an Úcráin gach ionsaí ar an oidhreacht chultúrtha a dhoiciméadú, go háirithe na hionsaithe sin a d’fhéadfadh a bheith ina gcoireanna cogaidh agus a dhéantar i gcoinne na hoidhreachta cultúrtha a chosnaítear le coinbhinsiúin idirnáisiúnta; á mheabhrú gur cheart don Aontas, sa bhreis ar chosaint fhisiciúil séadchomharthaí agus déantán, tacaíocht do dhigitiú agus do dhoiciméadú digiteach na hoidhreachta cultúrtha a neartú tuilleadh;
8. á mheas nár cheart go ndéanfadh aon tacaíocht airgeadais a thugtar don Úcráin i réimse an chultúir an cistiú a chuirtear ar fáil do CCSInna san Aontas Eorpach trí chlár Eoraip na Cruthaitheachta a chur i mbaol;
Tacú le hathléimneacht agus téarnamh iar-ghéarchéime éiceachóras cultúrtha an Aontais ina iomláine
9. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit béim a leagan ar an gcultúr i ngach príomhbheartas agus príomhthosaíocht an Aontais amhail gníomhú ar son na haeráide, an claochlú digiteach, téarnamh eacnamaíoch agus caidreamh idirnáisiúnta; á iarraidh ar an gCoimisiún úsáid bhreise a bhaint as acmhainneacht ilghnéitheach CCSInna ar mhaithe le dea-bhail na sochaithe agus na saoránach san Eoraip, agus dioscúrsa cultúrtha poiblí a chur chun cinn go réamhghníomhach agus é mar aidhm leis an oiread daoine agus is féidir a bheith rannpháirteach i gcruthú tuairimí an phobail agus i gcomhar cultúrtha idirnáisiúnta a chothú;
10. á thabhairt chun suntais gur gá tacú le gníomhaíochtaí agus iad a chomhordú ar gach leibhéal rialachais agus le geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha araon, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta agus gníomhaithe daonchairdiúla, lena n-áirítear tacaíocht spriocdhírithe d’éiceachórais na hoidhreachta cultúrtha, cruthaitheacha agus cultúrtha agus do dhálaí oibre cothroma dá n-oibrithe;
11. ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a n-acmhainneacht nuálaíochta a mhéadú ó thaobh comhair agus comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha de chun athléimneacht a mhéadú i gcoinne géarchéimeanna a dhéanfaidh difear do CCSInna amach anseo; sa chomhthéacs sin, ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit digitiú CCSInna a chothú tuilleadh agus rochtain leathan dhigiteach ar shaothair ealaíne agus chultúrtha a áirithiú;
12. á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint an bhféadfaí sásra práinnfhreagartha agus téarnaimh de chuid an Aontais a chur ar bun nó gníomhú mar chomhpháirtí ann, ar sásra é a bheadh tiomanta go sonrach don chultúr, don oidhreacht chultúrtha agus d’éiceachórais chruthaitheacha, a bheadh bunaithe ar chur chuige il-gheallsealbhóra; á iarraidh ar an gCoimisiún an creat dlíthiúil agus fioscach a mholadh le haghaidh sásra den sórt sin agus liosta de chomhpháirtithe straitéiseacha comhlachaithe a tharraingt suas ó na hearnálacha uile lena mbaineann, idir phoiblí agus phríobháideach agus lena n-áirítear samhlacha comhpháirtíochta daonchairdis, i gcomhréir iomlán le prionsabal na breisíochta, chun comhthiomsú straitéiseach acmhainní a chumasú, lena neartófaí, dá bhri sin, cistiú poiblí agus lena ndéanfaí tacaíocht do CCSInna a bharrfheabhsú;
o o o
13. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.
Amhail ón 21 Meán Fómhair 2022, d’fhíoraigh UNESCO go ndearnadh damáiste do 192 láithreán ón 24 Feabhra 2022 – 81 láthair reiligiúnacha, 13 mhúsaem, 37 bhfoirgneamh stairiúla, 35 fhoirgneamh atá tiomnaithe do ghníomhaíochtaí cultúrtha, 17 séadchomhartha agus 10 leabharlann. https://www.unesco.org/en/articles/damaged-cultural-sites-ukraine-verified-unesco