Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2021/0104(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0059/2022

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0059/2022

Díospóireachtaí :

PV 09/11/2022 - 16
CRE 09/11/2022 - 16

Vótaí :

PV 10/11/2022 - 5.5

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2022)0380

Téacsanna atá glactha
PDF 119kWORD 54k
Déardaoin, 10 Samhain 2022 - Brussels
Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach
P9_TA(2022)0380A9-0059/2022
Rún
 Téacs

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Samhain 2022 ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2013/34/AE, Treoir 2004/109/CE, Treoir 2006/43/CE agus Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, a mhéid a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach (COM(2021)0189 – C9-0147/2021 – 2021/0104(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0189),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 50 agus 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0147/2021),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 7 Meán Fómhair 2021(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 22 Meán Fómhair 2021(2),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 29 Meitheamh 2022 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta, ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um an Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, ón gCoiste um Fhorbairt agus ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne,

–  ag féachaint don litir ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0059/2022),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 446, 3.11.2021, lch. 2.
(2) IO C 517, 22.12.2021, lch. 51..


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 10 Samhain 2022 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2022/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, Treoir 2004/109/CE, Treoir 2006/43/CE agus Treoir 2013/34/AE, a mhéid a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach
P9_TC1-COD(2021)0104

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2022/2464).

An nuashonrú is déanaí: 3 Márta 2023Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais