Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2020/0268(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0340/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0340/2021

Díospóireachtaí :

PV 09/11/2022 - 17
CRE 09/11/2022 - 17

Vótaí :

PV 10/11/2022 - 5.7

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2022)0382

Téacsanna atá glactha
PDF 114kWORD 45k
Déardaoin, 10 Samhain 2022 - Brussels
Airgeadas digiteach: Treoir leasaitheach maidir le ceanglais Athléimneachta Digití Oibríochtúla
P9_TA(2022)0382A9-0340/2021
Rún
 Téacs

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Samhain 2022 ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/43/CE, Treoir 2009/65/CE, Treoir 2009/138/CE, Treoir 2011/61/AE, Treoir 2013/36/AE, Treoir 2014/65/AE, Treoir (AE) 2015/2366 agus Treoir (AE) 2016/2341 (COM(2020)0596 – C9-0303/2020 – 2020/0268(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2020)0596),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 53(1) agus 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0303/2020),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 4 Meitheamh 2021(1),

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 24 Feabhra 2021(2),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 29 Meitheamh 2022 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0340/2021),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.  ag moladh go ndéanfaí an gníomh a ghairm mar ‘Treoir DORA’;

3.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

4.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1)1 IO C 343, 26.8.2021, lch. 1.
(2)2 IO C 155, 30.4.2021, lch. 38.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 10 Samhain 2022 d’fhonn go nglacfaí Treoir (AE) 2022/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/59/AE, 2014/65/AE, (AE) 2015/2366 agus (AE) 2016/2341 a mhéid a bhaineann le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil le haghaidh na hearnála airgeadais
P9_TC1-COD(2020)0268

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2022/2556.)

An nuashonrú is déanaí: 3 Márta 2023Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais