Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2022/0164(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0260/2022

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0260/2022

Díospóireachtaí :

PV 09/11/2022 - 14
CRE 09/11/2022 - 14
PV 13/02/2023 - 12
CRE 13/02/2023 - 12

Vótaí :

PV 10/11/2022 - 5.9
CRE 10/11/2022 - 5.9
Mínithe ar vótaí
PV 14/02/2023 - 8.8
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2022)0384
P9_TA(2023)0036

Téacsanna atá glactha
PDF 269kWORD 88k
Déardaoin, 10 Samhain 2022 - Brussels
Caibidlí REPowerEU maidir le pleananna téarnaimh agus athléimneachta
P9_TA(2022)0384A9-0260/2022
Téacs
 Téacs comhdhlúite

Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 10 Samhain 2022 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/241 a mhéid a bhaineann sé le caibidlí REPowerEU i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1060, Rialachán (AE) 2021/2115, Treoir 2003/87/CE agus Cinneadh (AE) 2015/1814 (COM(2022)0231 – C9-0183/2022 – 2022/0164(COD))(1)
LEASUITHE PHARLAIMINT NA hEORPA(2)
ar an togra ón gCoimisiún
---------------------------------------------------------
2022/0164(COD)

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

[Leasú 1, mura léirítear a mhalairt]

(1) Rinneadh an t-ábhar a tharchur ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0260/2022).
(2)* Leasuithe: léirítear téacs nua nó leasaithe le cló trom iodálach; léirítear téacs atá scriosta trí leas a bhaint as an tsiombail ▌.


Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/241 a mhéid a bhaineann sé le caibidlí REPowerEU i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1060, Rialachán (AE) 2021/2115, Treoir 2003/87/CE agus Cinneadh (AE) 2015/1814

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an tríú mír d’Airteagal 175, an chéad mhír d’Airteagal 177, Airteagal 192(1), Airteagal 194(2) agus Airteagal 322(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún(2),

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Ó glacadh Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta,(3) tá tionchar suntasach ag imeachtaí geopholaitiúla nach bhfacthas a leithéid roimhe agus a spreag ionradh míleata gan chúis agus neamhdhleathach na Rúise ar an Úcráin agus bhí tionchar nach beag ag a n-iarmhairtí socheacnamaíocha díreacha agus indíreacha ar shochaí agus ar gheilleagar an Aontais, ar a mhuintir agus ar a chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach. Go háirithe, tá sé níos soiléire ná riamh go bhfuil slándáil fuinnimh agus neamhspleáchas fuinnimh an Aontais fíor-riachtanach chun téarnamh rathúil, inbhuanaithe agus cuimsitheach a bhaint amach ón ngéarchéim COVID-19, mar is gné mhór é freisin a rannchuidíonn le hathléimneacht gheilleagar na hEorpa.

(2)  Mar gheall ar na naisc dhíreacha idir téarnamh inbhuanaithe, teacht aniar an Aontais agus slándáil fuinnimh an Aontais a fhorbairt, spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú, go háirithe ón Rúis, agus an ról atá aige maidir le haistriú cóir cuimsitheach, is ionstraim oiriúnach í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun rannchuidiú le freagairt an Aontais ar na dúshláin nua sin atá ag teacht chun cinn, agus comhlíonadh reachtaíocht an Aontais(4)a agus na ngealltanas idirnáisiúnta atá ann cheana á áirithiú.

(3)  I nDearbhú Versailles an 10-11 Márta 2022 ó na Ceannairí Stáit agus Rialtais, iarradh ar an gCoimisiún plean REPowerEU a mholadh faoi dheireadh mhí na Bealtaine chun deireadh a chur de réir a chéile leis an spleáchas ar allmhairiú breosla iontaise ón Rúis, a athdhearbhaíodh ina dhiaidh sin sna Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 24-25 Márta 2022. Ba cheart é sin a dhéanamh i bhfad roimh 2030 ar bhealach atá comhsheasmhach leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus le cuspóirí aeráide an Aontais do 2030 agus do 2050 atá cumhdaithe sa Dlí Aeráide Eorpach. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2021/241 a leasú chun feabhas a chur ar a chumas tacú le hathchóirithe agus infheistíochtaí atá tiomnaithe do sholáthairtí fuinnimh a éagsúlú, go háirithe breoslaí iontaise, agus chun an córas fuinnimh a dhéanamh níos sláine, níos inacmhainne, níos inrochtana agus níos inbhuanaithe, go háirithe maidir le glacadh foinsí in-athnuaite fuinnimh, éifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainneacht mhéadaithe stórála fuinnimh, agus, ar an gcaoi sin, neamhspleáchas straitéiseach an Aontais a neartú in éineacht le geilleagar oscailte. Ba cheart tacaíocht a thabhairt freisin d’athchóirithe agus d’infheistíochtaí lena méadaítear éifeachtúlacht fuinnimh agus coigilteas fuinnimh gheilleagair na mBallstát trí chomhleanúnachas níos fearr leis an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite, leis an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, leis an Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh agus leis an Rialachán maidir le hÉicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe.

(3a)  Ba cheart go dtiocfadh laghdú ar spleáchas foriomlán fuinnimh an Aontais mar thoradh ar an spleáchas ar allmhairí breosla iontaise ón Rúis a chéimniú amach. I gcomhréir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, ba cheart do chaibidlí REPowerEU de na pleananna téarnaimh agus athléimneachta rannchuidiú le neamhspleáchas straitéiseach an Aontais a mhéadú agus a neartú, gan a spleáchas ar allmhairí amhábhar ó thríú tíortha a mhéadú an iomarca.

(4)  Chun comhlántacht, comhsheasmhacht agus comhleanúnachas na mbeartas agus na ngníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an Aontas agus ag na Ballstáit a uasmhéadú chun neamhspleáchas agus slándáil agus inbhuanaitheacht sholáthar fuinnimh an Aontais a chothú, ba cheart na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí sin a bhaineann le fuinneamh a bhunú trí chaibidil thiomnaithe ‘REPowerEU’ de na pleananna téarnaimh agus athléimneachta.

(4a)  Chun cuspóirí an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a bhaineann le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a chur chun cinn, chun caibidlí REPowerEU a ullmhú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndáilfear cistí go hiomchuí idir réigiúin, agus riachtanais agus dúshláin gach réigiúin á gcur san áireamh.

(4b)  Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar réigiúin iargúlta, fhorimeallacha agus leithlisithe agus ar oileáin a bhfuil srianta breise orthu cheana féin.

(5)  Chun raon feidhme fhreagairt an Aontais a uasmhéadú, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit uile a mbeidh plean téarnaimh agus athléimneachta á thíolacadh acu tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo caibidil REPowerEU a áireamh ina bplean. Ba cheart feidhm a bheith ag an gceanglas sin, go háirithe, maidir le pleananna athbhreithnithe arna dtíolacadh ag na Ballstáit ón 30 Meitheamh 2022 chun an ranníocaíocht uasta airgeadais nuashonraithe a chur san áireamh. Ba cheart ualach riaracháin mhíchuí a sheachaint.

(6)  Ba cheart go n-áireofaí i gcaibidil REPowerEU athchóirithe agus infheistíochtaí nua a rannchuidíonn le haidhmeanna REPowerEU agus a théann i ngleic le héifeacht na géarchéime a eascraíonn as ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin. Ina theannta sin, ba cheart achoimre a bheith sa chaibidil sin ar bhearta eile, a mhaoinítear ó fhoinsí seachas an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, lena gcuirtear leis na cuspóirí a bhaineann le fuinneamh a leagtar amach in aithris (3). Ba cheart go gcumhdófaí sa chur síos bearta ar cheart a chur chun feidhme idir an 1 Feabhra 2022 agus an 31 Nollaig 2026, an tréimhse ina mbainfear amach na cuspóirí a leagtar síos leis an Rialachán seo. Tá sé ríthábhachtach an infheistíocht i mbearta éifeachtúlachta fuinnimh a mhéadú go pras, amhail réitigh téimh agus fuaraithe inbhuanaithe agus éifeachtúla a ghlacadh, ar bhealach inbhuanaithe agus éifeachtach é chun aghaidh a thabhairt ar chuid de na dúshláin is práinní a bhaineann le soláthar fuinnimh agus le costas fuinnimh. I bhfianaise an tionchair shóisialta a bhíonn ag praghsanna fuinnimh atá ard agus luaineach i gcónaí agus i bhfianaise phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, ba cheart béim ar leith a leagan ar aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht fuinnimh, trí thacú le tomhaltóirí atá lag ó thaobh fuinnimh de agus leochaileach. Maidir le bonneagar gáis nádúrtha, ba cheart go dtógfadh infheistíochtaí agus athchóirithe chaibidlí REPowerEU chun an soláthar a éagsúlú ón Rúis ar na riachtanais atá sainaitheanta faoi láthair tríd an measúnú arna dhéanamh agus arna chomhaontú ag an Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tarchurtha Gáis (ENTSOG), a bunaíodh de mheon na dlúthpháirtíochta maidir le slándáil an tsoláthair, agus ba cheart na bearta ullmhachta treisithe, lena n-áirítear stóráil fuinnimh, a chur san áireamh chun iad féin a chur in oiriúint do bhagairtí nua geopholaitiúla, chomh maith le rannchuidiú fadtéarmach leis an trasdul glas trí bheith réidh don hidrigin. Ba cheart cion suntasach de na bearta a bheith sa chaibidil a bhfuil gné nó éifeachtaí trasteorann nó ilnáisiúnta acu, rud a chuireann, i measc nithe eile, le breisluach Eorpach. Ar deireadh, ba cheart míniú agus cainníochtú ar éifeachtaí chomhcheangal na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí arna maoiniú ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus na bearta eile arna maoiniú ag foinsí eile seachas an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a chur ar fáil i gcaibidlí REPowerEU.

(6a)  Le haistriú éifeachtach i dtreo fuinneamh glas agus le laghdú tapa ar spleáchas fuinnimh, ba cheart go gcuirfí san áireamh na dúshláin nua atá ag teacht chun cinn roimh theaghlaigh agus micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide, go háirithe na cinn is leochailí. Baineann dúshláin den sórt sin leis an mbochtaineacht fuinnimh, is é sin gan bheith in ann, mar gheall ar neamh-inacmhainneacht, freastal ar bhunriachtanais soláthair fuinnimh agus easpa rochtana ar sheirbhísí fuinnimh riachtanacha chun bunleibhéil chompord agus sláinte, caighdeán sásúil maireachtála agus sláinte a ráthú, lena n-áirítear téamh leordhóthanach, uisce te, fuarú, soilsiú, agus fuinneamh chun fearais chumhachta, sa chomhthéacs náisiúnta ábhartha, beartas sóisialta atá ann cheana agus beartais ábhartha eile, arb é caiteachas ard ar fhuinneamh agus droch-éifeachtúlacht fuinnimh tithe agus foirgneamh is cúis leo.

(6b)  Ina theannta sin, sa chomhthéacs geopholaitiúil reatha, éilítear ar an Aontas gníomhú chun a shlándáil fuinnimh a chaomhnú, is é sin infhaighteacht leanúnach fuinnimh gan bhriseadh, slándáil soláthair agus sábháilteacht theicniúil is féidir a bhaint amach trí éifeachtúlacht agus idir-inoibritheacht na ngréasán tarchurtha agus dáileacháin a mhéadú, solúbthacht an chórais a chur chun cinn, plódú a sheachaint, slabhraí soláthair athléimneacha a áirithiú, cibearshlándáil agus cosaint agus oiriúnú don athrú aeráide do gach bonneagar, agus go háirithe do bhonneagar criticiúil, agus spleáchais straitéiseacha fuinnimh á laghdú ag an am céanna.

(7)  Ba cheart critéar iomchuí measúnaithe a chur isteach chun go bhfeidhmeoidh an Coimisiún mar bhonn chun go ndéanfaidh an Coimisiún measúnú ar athchóirithe agus ar infheistíochtaí a áirítear i gcaibidil REPowerEU chun a áirithiú go mbeidh athchóirithe agus infheistíochtaí oiriúnach chun na cuspóirí sonracha a bhaineann le REPowerEU a bhaint amach. Ba cheart rátáil a bheith ag teastáil faoin gcritéar measúnaithe nua seo le go ndéanfaidh an Coimisiún measúnú dearfach ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta ábhartha.

(7a)  Éilíonn an t-aistriú éifeachtach i dtreo fuinneamh glas agus laghdú tapa ar spleáchas fuinnimh ar bhealach cuimsitheach bearta chun éifeachtúlacht fuinnimh agus coigilteas fuinnimh i bhfoirgnimh a threisiú agus chun tionscail a dhícharbónú níos tapúla. Chun dlús a chur le haistriú glas na hEorpa, ní mór an sciar de chineálacha fuinnimh inbhuanaithe agus in-athnuaite sa mheascán fuinnimh a mhéadú agus ní mór bearta a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar scrogaill bhonneagair agus ar ghanntanas saothair agus scileanna agus chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanas saothair agus scileanna. Ba cheart leas a bhaint as acmhainneacht na scileanna digiteacha agus na dteicneolaíochtaí digiteacha chun freastal ar an aistriú glas.

(8)  Ní leor infheistíochtaí i mbonneagar agus i dteicneolaíochtaí amháin chun a áirithiú go laghdófar spleáchas ar bhreoslaí iontaise. Ba cheart acmhainní a thiomnú d’athoiliúint agus d’uasoiliúint daoine, chun scileanna glasa a thabhairt don lucht saothair. Tá sé sin i gcomhréir le cuspóir Chiste Sóisialta na hEorpa Plus, a bhfuil sé mar aidhm leis tacú leis na Ballstáit fórsa saothair oilte athléimneach a bhaint amach, a bheidh réidh don saol oibre a bheidh ann amach anseo. I bhfianaise an méid sin, ba cheart go gcuideodh acmhainní arna n-iarraidh ó imchlúdach Chiste Sóisialta Plus na hEorpa chun tacú le cuspóirí REPowerEU le bearta tacaíochta chun an lucht saothair a athoiliúint agus a uas-sciliú. Déanfaidh an Coimisiún measúnú féachaint an gcuireann na bearta a áirítear i gcaibidlí REPowerEU go mór le tacú le hathcháiliú an lucht saothair i dtreo scileanna glasa.

(9)  Ba cheart cur i bhfeidhm an chórais seo a bheith gan dochar do na ceanglais dhlíthiúla eile go léir faoi Rialachán (AE) 2021/241 mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo.

(9a)  Níor cheart go mbainfeadh na bearta i gcaibidlí REPowerEU an bonn de leibhéil fhoriomlána ghlasa agus dhigiteacha uaillmhéine na gcinntí cur chun feidhme ón gComhairle a glacadh cheana féin lena bhformheastar na pleananna téarnaimh agus athléimneachta.

(10)  Ba cheart don phlean téarnaimh agus athléimneachta, lena n-áirítear an chaibidil maidir le REPowerEU, rannchuidiú le haghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na dúshláin ar fad nó ar fhothacar suntasach de na dúshláin arna sainaithint sna moltaí tír-shonracha, lena n-áirítear na moltaí tír-shonracha atá le glacadh faoi thimthriall Sheimeastar 2022 ina ndéantar tagairt inter alia do na dúshláin fuinnimh atá roimh na Ballstáit.

(11)  Tá infheistíochtaí suntasacha digiteacha i gceist le haistriú éifeachtach i dtreo fuinneamh glas agus le laghdú ar spleáchas ar fhuinneamh. I bhfianaise Rialachán (AE) 2021/241, ba cheart do na Ballstáit míniú a thabhairt ar an gcaoi a bhfuiltear ag súil leis go rannchuideoidh na bearta sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, lena n-áirítear iad siúd a áirítear i gcaibidil REPowerEU, leis an aistriú digiteach nó leis na dúshláin a eascraíonn as agus an dtugann siad cuntas ar an méid a chuireann siad leis an sprioc dhigiteach bunaithe ar an modheolaíocht le haghaidh clibeáil dhigiteach. Mar sin féin, i bhfianaise phráinn agus thábhacht na ndúshlán fuinnimh atá roimh an Aontas gan fasach, níor cheart athchóirithe agus infheistíochtaí a áirítear i gcaibidil REPowerEU a chur san áireamh agus leithdháileadh iomlán an phlean á ríomh chun críche an ceanglas maidir le sprioc dhigiteach a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/241 a chur i bhfeidhm. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit féachaint le bearta a chur san áireamh, a mhéid is féidir, i gcaibidil REPowerEU, ar bearta iad a rannchuidíonn leis an sprioc dhigiteach ar bhonn na modheolaíochta le haghaidh clibeáil dhigiteach.

(11a)  Tá ré iomarcach na nósanna imeachta riaracháin ar cheann de na príomhbhacainní atá ar thionscadail fuinnimh in-athnuaite a úsáid i gcomhréir leis na cuspóirí atá leagtha síos maidir le hinfheistíochtaí i bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh. Áirítear ar na bacainní sin castacht na rialacha is infheidhme le haghaidh suíomhanna a roghnú agus na húdaruithe riaracháin le haghaidh tionscadal, castacht agus fad an mheasúnaithe ar thionchair chomhshaoil na dtionscadal, nó easpa foirne leordhóthanaí ag na húdarás deonaithe ceadanna. Is gá na próisis riaracháin deonaithe ceadanna a shimpliú agus a ghiorrú tuilleadh, lena n-áirítear spriocdhátaí níos giorra agus níos soiléire a bheith ann le haghaidh cinntí atá le déanamh ag údaráis inniúla, chun a áirithiú go mbainfidh an tAontas a spriocanna fuinnimh agus aeráide amach. Chun dlús a chur leis na próisis deonaithe ceadanna, ba cheart don Choimisiún tacú leis na Ballstáit limistéir a shainaithint atá an-oiriúnach chun tionscadail fuinnimh inathnuaite a chur in úsáid, agus an acquis comhshaoil ábhartha á chur i bhfeidhm ina iomláine, rud ar féidir spriocdhátaí a bheith níos giorra ina leith.

(12)  De bhun Airteagal 18(4) pointe (q) de Rialachán (AE) 2021/241, ba cheart do na Ballstáit tuarascáil mhionsonraithe a sholáthar freisin ar phróiseas comhairliúcháin éigeantach agus leormhaith na n-údarás áitiúil agus réigiúnach, na gcomhpháirtithe sóisialta, agus na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha chomh maith, agus na ngeallsealbhóirí ábhartha eile atá ábhartha chun cuspóirí REPowerEU a bhaint amach, lena n-áirítear, de réir mar is ábhartha, ó earnáil na talmhaíochta, le haghaidh na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí a áirítear i gcaibidil REPowerEU. In achoimrí den sórt sin, ba cheart léiriú a thabhairt ar amlíne agus ar chéimeanna na gcomhairliúchán sin, cé hiad na geallsealbhóirí a ndeachthas i gcomhairle leo a chur in iúl, toradh na gcomhairliúchán sin a mhíniú agus achoimre a thabhairt ar an gcaoi ar léiríodh an t-ionchur a fuarthas i gcaibidlí REPowerEU, cén ionchur nár léiríodh agus cén fáth nár léiríodh é agus conas a bheidh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus geallsealbhóirí ábhartha eile rannpháirteach i gcur chun feidhme chaibidil REPowerEU agus i bhfaireachán na caibidle sin. Faoi réir creataí dlíthiúla náisiúnta, iarrtar ar na Ballstáit ról a thabhairt do pharlaimintí náisiúnta i ndíospóireachtaí a bhaineann le modhnú na bpleananna. D’fhéadfadh caighdeáin an Aontais maidir le rannpháirtíocht phoiblí agus go háirithe an Cód Iompair maidir le Comhpháirtíocht a bheith ina spreagadh do na húdaráis náisiúnta agus an próiseas comhairliúcháin á sheoladh acu.

(13)  Tá cur i bhfeidhm an phrionsabail ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ bunriachtanach chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme ar bhealach inbhuanaithe na hinfheistíochtaí agus na hathchóirithe a dhéantar mar chuid den téarnamh ón bpaindéim. Ba cheart go leanfadh sé d’fheidhm a bheith aige maidir leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón tSaoráid, agus díolúine spriocdhírithe chúng amháin á thabhairt maidir le hathchóirithe agus infheistíochtaí atá le bheith i bhfeidhm faoin 31 Nollaig 2024, ábhar imní láithreach an Aontais maidir le slándáil fuinnimh a chosaint, ar choinníoll go mbeidh feidhm ag sraith coinníollacha carnacha. Ba cheart méid iomlán na n-acmhainní le haghaidh athchóirithe agus infheistíochtaí a thairbhíonn den díolúine sin a theorannú d’uasmhéid a bhunóidh an Coimisiún tar éis measúnú cuimsitheach bunaithe ar riachtanais le haghaidh riachtanais láithreacha an bhonneagair. Ba cheart don mheasúnú sin na meastacháin arna ndéanamh ag an gCoimisiún i mí na Bealtaine 2022 a thabhairt cothrom le dáta, meastacháin ar dá réir a bheidh gá le hinfheistíochtaí a meastar luach EUR 10 mbilliún a bheith acu faoi 2030 le haghaidh leibhéal leordhóthanach bonneagair gáis, lena n-áirítear críochfoirt allmhairithe GNL, píblínte chun críochfoirt allmhairithe GNL atá tearcúsáidte agus gréasán an Aontais a nascadh, agus acmhainní sreafa cúltreo.

(13a)  Ba cheart caibidlí REPowerEU a bheith comhsheasmhach le Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide an Bhallstáit sin agus le spriocanna aeráide an Aontais a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119.

(13b)  Ba cheart go n-áireofaí i gcaibidil REPowerEU bearta a bhfuil gné nó éifeacht trasteorann nó ilnáisiúnta ag baint leo. Ba cheart dlúthchomhar idir an Coimisiún agus na Ballstáit a lorg agus a bhaint amach ar feadh an phróisis. Thairis sin, ba cheart a mholadh do na Ballstáit comhoibriú eatarthu féin a luaithe is féidir d’fhonn bearta a fhorbairt a mbeadh gné nó éifeacht trasteorann nó ilnáisiúnta ag baint leo agus a bheadh le háireamh i gcaibidlí REPowerEU.

(14)  Ba cheart tuilleadh dreasachtaí a thabhairt do na Ballstáit iasachtaí a iarraidh, tríd an nós imeachta maidir le leithdháileadh iasachtaí a shoiléiriú. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/241, féadfaidh na Ballstáit iasachtaí a iarraidh go dtí an 31 Lúnasa 2023, ar choinníoll gur chuir siad in iúl don Choimisiún go bhfuil sé de rún acu tacaíocht iasachta den sórt sin a iarraidh. Ba cheart rún chun iarratas iasachta a chur isteach a chur in iúl don Choimisiún 30 lá tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo ionas gur féidir athdháileadh na gcistí atá fágtha a chur i gcrích ar bhealach ordúil agus ionas gur féidir leis na Ballstáit tacaíocht den sórt sin a iarraidh. Agus an rún á léiriú acu tacaíocht iasachta a iarraidh agus le linn dóibh iarraidh ar iasacht den sórt sin a thíolacadh, ba cheart do na Ballstáit gníomhú de mheon macánta agus, a mhéid is féidir, an tacaíocht sin a iarraidh go héifeachtach, chun intuarthacht agus éifeachtacht an athdháilte a áirithiú. Ba cheart don Choimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas ag an am céanna, ar bhonn cothrom agus gan moill mhíchuí, faoi stádas na n-iarrataí ar iasacht agus faoi leithdháileadh beartaithe na dtacaíochtaí iasachta.

(14a)  Moltar do na Ballstáit caibidlí REPowerEU a chur isteach a luaithe is féidir agus, más féidir, laistigh de dhá mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo chun sineirgí a chothú i measc na gcaibidlí maidir le REPowerEU sna pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta. Chun cur chun feidhme tapa a áirithiú, ba cheart don Choimisiún agus don Chomhairle an measúnú agus an formheas ar na pleananna téarnaimh agus athléimneachta arna leasú trí chaibidlí REPowerEU a chur san áireamh a luaithe is féidir, agus, más féidir é, laistigh de mhí amháin tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo. Ar an gcaoi chéanna, moltar go láidir don Choimisiún agus do na Ballstáit socruithe oibríochtúla a thabhairt i gcrích mí amháin ar a dhéanaí tar éis an cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle a ghlacadh. Chuige sin, moltar don Choimisiún agus do na Ballstáit cur leis an taithí a fuarthas ó na réamhchaibidlí do na comhaontuithe oibríochtúla a tugadh i gcrích cheana féin.

(15)  Ina theannta sin, d’fhonn ardleibhéal uaillmhéine a dhreasú le haghaidh athchóirithe agus infheistíochtaí atá le cur san áireamh i gcaibidil REPowerEU, ba cheart foinsí cistiúcháin tiomnaithe nua a chur ar fáil.

(15a)  Ghlac an Coimisiún togra le haghaidh rialachán ón gComhairle maidir le hidirghabháil éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh lena n-áirítear rannchuidiú dlúthpháirtíochta don tionscal iontaise is infheidhme i ngach Ballstát. D’fhéadfaí cion den ioncam a ghintear leis an ranníocaíocht nua seo a chur ar fáil i bhfoirm ioncam sannta seachtrach chun tairbhe chaibidlí REPowerEU i gcomhréir leis na riachtanais chun cuspóirí REPowerEU a bhaint amach.

(16)  ▌ Mar gheall ar an staid eacnamaíoch agus gheopholaitiúil atá ann faoi láthair, ní mór don Aontas na hacmhainní atá ar fáil a shlógadh chun soláthar fuinnimh an Aontais a éagsúlú go tapa agus chun an spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú roimh 2030. Sa chomhthéacs sin, ▌ba cheart Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(5) a leasú chun ceantáil lamháltas ón uasteorainn a thús-ualú i dtreo athchóirithe agus infheistíochtaí a rannchuidíonn le cuspóirí REPowerEU, i gcreat na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta. I gcomhréir le cuspóirí Threoir 2003/87/CE, níor cheart go dtacódh ioncaim den sórt sin le hinfheistíochtaí i mbonneagar nó i saoráidí breoslaí iontaise.

(16a)   Tá gá le ráta iontógála reatha na lamháltas maidir le Cúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh chun cosc a chur san fhadtéarma le méadú suntasach ar bharrachas lamháltas sa trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (AE) 2015/1814 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(6)aagus Treoir 2003/87/CE a leasú chun síneadh a chur le ráta iontógála Chúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh a dhúbláil go 24 % go dtí 2030 agus chun na huastairseacha agus na tairseacha maolánacha a laghdú i gcomhréir leis an laghdú ar chainníocht uile-Aontais na lamháltas amhail ó 2025.

(16b)  Ba cheart don Choimisiún foinsí breise a shainaithint chun an maoiniú do chaibidlí REPowerEU a chomhlánú, lena n-áirítear trí sholúbthacht a sholáthar a mhéid a bhaineann le cistí gan chaitheamh.

(16c)  Maidir le leithdháileadh na ranníocaíochtaí uasta airgeadais a eascraíonn as na hioncaim nua le haghaidh chaibidlí REPowerEU, ba cheart an mhodheolaíocht a leagtar amach in [Iarscríbhinní I/ II/ II] a thabhairt cothrom le dáta chun an staid gheopholaitiúil nua agus imthosca athraithe a chur i gcuntas. Ar na táscairí sin, d’fhéadfadh ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas a bheith san áireamh: ráta spleáchais fuinnimh, go háirithe spleáchas ar thríú tíortha, go háirithe an Rúis; méadú ar chostais teaghlach a bhaineann le fuinneamh le haghaidh earraí agus seirbhísí riachtanacha; an sciar de bhreoslaí iontaise in olltomhaltas fuinnimh intíre.

(17)  Chun solúbthacht leordhóthanach a sholáthar do na Ballstáit agus do na réigiúin chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin nua atá ag teacht chun cinn, ba cheart Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(7) a leasú chun foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht suas le 7.5 % d’acmhainní faoi chláir bainistíochta comhroinnte a iarraidh chun rannchuidiú le cuspóirí REPowerEU mar a bhunaítear i Rialachán (AE) 2021/241 trí thacú leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 21c(1)(b) de cé is moite de hidrigin atá saor ó iontaise, in Airteagal 21c(1)(c) de cé is moite de shaoráidí atá tiomnaithe do bhreoslaí iontaise a iompar, agus in Airteagal 21c(1)(d) de, agus ceanglais nós imeachta atá nasctha le cur chun feidhme an chláir á simpliú ag an am céanna, sa bhreis ar an bhféidearthacht atá ann cheana maidir le haistriú suas le 5 %, ar choinníoll go mbeidh an fhéidearthacht sin ídithe go hiomlán. Tá údar leis an bhféidearthacht sin mar gheall ar an ngá atá le cuspóirí REPowerEU a chumhdach, rud a thugann solúbthacht bhreise do na Ballstáit agus do na réigiúin, ar solúbthacht í atá ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais phráinneacha sin agus ar cheart údar cuí a bheith ina leith mar gheall ar riachtanas airgeadais níos airde atá nasctha le hinfheistíochtaí breise a áirítear i gcaibidil REPowerEU de Rialachán (AE) 2021/241.

(17a)   Bunaíodh CTA AE chun córas éifeachtúil, intuartha agus margadhthiomáinte a chruthú chun astaíochtaí a laghdú agus chun dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide. Cé go bhfuil údar leis an leasú ar Threoir 2003/87/CE mar gheall ar chás eisceachtúil, tá sé tábhachtach i gcónaí gan an bonn a bhaint den mhuinín atá i margadh CTA AE trí bhíthin idirghabhálacha gearrthéarmacha, agus ba cheart, dá bhrí sin, breathnú ar an leasú sin mar bheart aonuaire, nach ndéanfar an athuair.

(17b)  Chun solúbthacht bhreise a sholáthar do na Ballstáit le haghaidh ath-leithdháileadh acmhainní d’fhonn freagairtí saincheaptha ar an ngéarchéim fuinnimh a sholáthar, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht aistrithe airgeadais faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post idir CRFE, CSE agus an Ciste Comhtháthaithe a cheadú don dá thréimhse chlársceidealaithe.

(19)  Déanfar eisíocaíochtaí faoi REPowerEU de réir rialacha na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta go dtí deireadh 2026. Déanfar íocaíochtaí i ndáil leis na hacmhainní a iarrtar faoi Airteagal 26a de Rialachán (AE) 2021/1060 de réir rialacha Rialachán (AE) 2021/1060 agus na rialachán ciste-shonrach faoi seach agus beidh siad faoi réir infhaighteacht na gcistí arna bhformheas i mbuiséad bliantúil an Aontais.

(20)  Ba cheart údar a bheith le hiarraidh ar chistiú tiomnaithe do bhearta faoi REPowerEU, lena n-áirítear lamháltais le haghaidh ceantáil thús-ualaithe laistigh de CTA AE faoi Airteagal 26a de Rialachán (AE) 2021/1060 ▌de bharr riachtanais airgeadais níos airde a bhaineann le hathchóirithe agus infheistíochtaí breise a áirítear sa chaibidil maidir le REPowerEU.

(20a)  Chun a áirithiú go dtabharfar tús áite don tacaíocht airgeadais chun freagairt níos fearr a thabhairt ar an ngéarchéim fuinnimh atá ann faoi láthair, arna iarraidh sin do Bhallstát atá le tíolacadh in éineacht le caibidil REPowerEU i bplean athbhreithnithe téarnaimh agus athléimneachta, is féidir méid suas le 20 % den chistiú breise is gá chun bearta dá chaibidil REPowerEU a mhaoiniú a íoc i bhfoirm réamh-mhaoinithe, a mhéid is féidir agus faoi réir infhaighteacht cistí, laistigh de 2 mhí tar éis don Choimisiún na gealltanais dhlíthiúla a ghlacadh.

(21)  Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí a leagtar amach i gcaibidil REPowerEU agus ar a mhéid a rannchuidíonn siad le cuspóirí REPowerEU, a bhunaítear le Rialachán (AE) 2021/241.

(22)  Bhí tionchar suntasach ag imeachtaí geopholaitiúla a tharla le déanaí ar phraghsanna fuinnimh, bia agus ábhar tógála agus bhí siad ina siocair le ganntanais sna slabhraí soláthair domhanda, tháinig méadú ar an mboilsciú agus cruthaíodh dúshláin nua mar thoradh orthu, lena n-áirítear baol bochtaineachta fuinnimh agus costas maireachtála níos airde. D’fhéadfadh tionchar díreach a bheith ag na forbairtí sin ar an gcumas bearta a áirítear sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme. A mhéid is féidir leis na Ballstáit a léiriú go bhfuil cloch mhíle nó sprioc shonrach ag baint leis na forbairtí sin, bíodh sin ina n-iomláine nó i bpáirt, nach féidir iad a bhaint amach a thuilleadh, féadfar na cásanna sin a agairt mar imthosca oibiachtúla faoi Airteagal 21. Thairis sin, a mhéid is féidir leis na Ballstáit a léiriú go bhfuiltear i gcoinbhleacht le cuspóirí na Saoráide a bhaint amach trí chloch mhíle nó sprioc shonrach a ghnóthú, lena n-áirítear cuspóirí REPowerEU, féadfar na cásanna sin a agairt mar imthosca oibiachtúla faoi Airteagal 21. Ina theannta sin, níor cheart go mbainfeadh aon iarraidh ar leasuithe an bonn de chur chun feidhme foriomlán na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin go bhfreagróidh tograí chun a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta a leasú do dhúshláin a leanann as imeachtaí geopholaitiúla a tharla le déanaí;

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2021/241 mar a leanas:

(1)  In Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:"

‘1. I gcomhréir leis na sé cholún dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán seo, an comhleanúnachas agus na sineirgí a ngintear leo, agus i gcomhthéacs ghéarchéim COVID-19, ba cheart gurb é cuspóir ginearálta na Saoráide ná comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a chur chun cinn trí fheabhas a chur ar athléimneacht, ar ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna, ar acmhainn choigeartaithe agus ar acmhainneacht fáis na mBallstát, trí tionchar sóisialta agus eacnamaíoch na géarchéime sin, go háirithe ar na mná, a mhaolú, trí rannchuidiú le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, trí thacú leis an aistriú glas, agus trí rannchuidiú le spriocanna aeráide 2030 an Aontais a ghnóthú, ar spriocanna iad a leagtar amach i bpointe (11) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2018/1999, trí athléimneacht, slándáil agus inbhuanaitheacht chóras fuinnimh an Aontais a mhéadú trí spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú go suntasach agus trí ghlacadh foinsí in-athnuaite fuinnimh, éifeachtúlacht fuinnimh agus éagsúlú soláthairtí fuinnimh a mhéadú agus trí sholáthar fuinnimh a éagsúlú ar leibhéal an Aontais (‘cuspóirí REPowerEU’) lena rannchuideofar, dá bhrí sin, le cóineasú eacnamaíoch agus sóisialta aníos, fás inbhuanaithe agus comhtháthú inbhuanaithe gheilleagair an Aontais a athbhunú agus a chur chun cinn, cothú á dhéanamh ar fhostaíocht ardcháilíochta a chruthú, agus lena rannchuideofar le huathriail straitéiseach an Aontais in éineacht le geilleagar oscailte agus lena nginfear breisluach Eorpach.’

"

(1a)  Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:"

‘Airteagal 13a

Réamh-mhaoiniú REPowerEU

Féadfaidh iarraidh ar réamh-mhaoiniú a bheith ag gabháil leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta ina bhfuil caibidil REPowerEU. Faoi réir an chinnidh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagail 20(1) agus 21(2) a bheith glactha ag an gComhairle faoin 31 Nollaig 2023, déanfaidh an Coimisiún íocaíocht réamh-mhaoinithe de mhéid suas le 20 % den chistiú breise arna iarraidh chun a chaibidil REPowerEU a mhaoiniú, faoi Airteagail 12 agus 21a.’

"

(2)  Leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:

(-a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:"

‘Féadfaidh Ballstát tacaíocht iasachta a iarraidh tráth thíolacadh an phlean téarnaimh agus athléimneachta dá dtagraítear in Airteagal 18, nó ag tráth éigin eile suas go dtí an 31 Lúnasa 2023, mar riail ar choinníoll gur chuir siad an Coimisiún ar an eolas faoin rún atá acu tacaíocht iasachta den sórt sin a iarraidh laistigh de 30 lá tar éis [theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo]. Sa chás deireanach, beidh plean téarnaimh agus athléimneachta athbhreithnithe, clocha míle agus spriocanna breise san áireamh, ag gabháil leis an iarraidh sin. Féadfaidh an Coimisiún iasacht a dheonú do Bhallstát nach bhfuil sé curtha in iúl aige tacaíocht den sórt sin a iarraidh laistigh de 30 lá tar éis [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo], ach amháin faoi réir acmhainní a bheith ar fáil, tar éis formheas a thabhairt do na hiarrataí ar thacaíocht iasachta ag na Ballstáit a chuir a rún in iúl laistigh de 30 lá tar éis [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].’;

"

(a)  I mír 3, cuirtear an pointe seo a leanas isteach tar éis phointe (b):"

‘(Ba) i gcás inarb infheidhme, na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 21c(1);’;

"

(b)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:"

‘4. Ní bheidh an tacaíocht iasachta do phlean téarnaimh agus athléimneachta an Bhallstáit lena mbaineann níos airde ná an difríocht idir costais iomlána an phlean téarnaimh agus athléimneachta, mar a athbhreithníodh, agus an ranníocaíocht uasta airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 11, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, an t-ioncam dá dtagraítear in Airteagal 21d agus, i gcás inarb ábhartha, acmhainní ó chláir bhainistithe chomhroinnte chun tacú le cuspóirí REPowerEU dá dtagraítear in Airteagal 21b.’

"

(c)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:"

‘6. De mhaolú ar mhír 5, faoi réir acmhainní a bheith ar fáil, féadfar, in imthosca eisceachtúla, méid na tacaíochta iasachta a mhéadú, agus riachtanais an Bhallstáit iarrthaigh á gcur san áireamh, mar aon le hiarrataí ar thacaíocht iasachta atá curtha isteach cheana féin ag Ballstáit eile nó atá beartaithe acu a thíolacadh, agus prionsabail na córa comhionainne, na dlúthpháirtíochta, na comhréireachta agus na trédhearcachta á gcur i bhfeidhm ag an am céanna. Chun cur i bhfeidhm na bprionsabal sin a éascú, cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún laistigh de 30 lá tar éis [theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo], an bhfuil sé ar intinn acu tacaíocht iasachta a iarraidh. A luaithe a chuirfidh Ballstát in iúl go bhfuil sé ar intinn aige tacaíocht iasachta a iarraidh, tabharfaidh an Coimisiún fógra, gan moill mhíchuí, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, go comhuaineach agus ar théarmaí comhionanna. Laistigh de 60 lá tar éis [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo], cuirfidh an Coimisiún in iúl, gan moill mhíchuí, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, go comhuaineach agus ar théarmaí comhionanna, leithdháileadh beartaithe na dtacaíochtaí iasachta do na Ballstáit a bhfuil a rún curtha in iúl acu.

"

(2a)  In Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:"

‘2. Beidh bearta ar cuireadh tús leo ón 1 Feabhra 2020 ar aghaidh incháilithe ar choinníoll go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo, cé is moite de bhearta a áirítear i gcaibidlí REPowerEU, nach bhféadfar tús a chur leo ach ón 1 Feabhra 2022.

"

(2b)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h) d’Airteagal 18(4):"

‘(h) eolas táscach i dtaobh an tionscadail trasteorann nó tionscadail ilnáisiúnta atá sna bearta a áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta. Maidir le caibidil REPowerEU, deimhniú go leithdháiltear 35 % ar a laghad de na deontais agus 35 % ar a laghad de na hiasachtaí, de réir mar is infheidhme, lena úsáid faoi chaibidil REPowerEU ar bhearta a bhfuil gné nó éifeacht trasteorann nó ilnáisiúnta ag baint leo, fiú más Ballstát amháin a dhéanann iad, agus rannchuideoidh sé leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 21c(1);’

"

(2c)  Cuirtear pointe (da) isteach i mír 4 d’Airteagal 18:"

‘(da) míniú go gcomhlíonann na bearta faoi Airteagal 21c(1)(a) na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 21c(4) agus (4a);’

"

(3)  In Airteagal 18 (4) (q), cuirtear an abairt seo a leanas isteach:"

‘(q) chun an plean téarnaimh agus athléimneachta a ullmhú agus, i gcás ina mbeidh fáil air, a chur chun feidhme, tuarascáil mhionsonraithe ar an bpróiseas comhairliúcháin, a bheidh éigeantach agus leormhaith agus curtha i gcrích i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil náisiúnta, le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, eagraíochtaí don óige, agus geallsealbhóirí ábhartha eile, a rinneadh i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil náisiúnta, agus an chaoi a léirítear ionchur na ngeallsealbhóirí sa phlean téarnaimh agus athléimneachta; go háirithe, léireofar sa tuarascáil mhionsonraithe an próiseas comhairliúcháin, an amlíne agus na céimeanna, an toradh a bhí ar na comhairliúchán leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, leis na comhpháirtithe sóisialta agus leis na ENRanna agus le geallsealbhóirí eile atá ábhartha chun cuspóirí REPowerEU a bhaint amach, luafar na geallsealbhóirí a ndeachthas i gcomhairle leo, míneofar toradh na gcomhairliúchán sin maidir le hathchóirithe agus infheistíochtaí a áirítear i gcaibidil REPowerEU, leagfar amach conas a léiríodh an t-ionchur a fuarthas i gcaibidil REPowerEU, cén t-ionchur nár léiríodh agus cén chúis agus cén chaoi a mbeidh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus geallsealbhóirí ábhartha eile rannpháirteach i gcur chun feidhme chaibidil REPowerEU agus i bhfaireachán na caibidle sin;’

"

(4)  In Airteagal 19(3), cuirtear isteach na pointí a leanas:"

‘(-da) maidir leis na bearta faoi Airteagal 21c(1)(a) lena gcomhlíontar na coinníollacha carnacha a leagtar amach in Airteagal 21c(4):

   an bhfuil gá leis an mbeart chun freastal ar riachtanais láithreacha shlándáil an tsoláthair mar a shainaithnítear in Airteagal 21c(1)(a);
   cibé an amhlaidh nach bhfuil aon rogha mhalartach leordhóthanach ann ó thaobh costas nó amlíne cur chun feidhme chun cuspóirí REPowerEU faoi Airteagal 21c(1)(a) a bhaint amach;
   an ndéantar an díobháil fhéideartha do chuspóirí comhshaoil an Aontais de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 a chúngú go dtí an méid docht dosheachanta;
   an maolaítear an dochar a d’fhéadfadh a bheith ann do chuspóirí comhshaoil an Aontais le bearta tionlacain, nó le bearta eile a chuireann le cuspóirí REPowerEU, agus an amhlaidh nach gcuirtear sláine spriocanna aeráide 2030 agus 2050 an Aontais i mbaol;
   an mbeidh an beart i bhfeidhm faoin 31 Nollaig 2024;’

‘(da) an rannchuidíonn na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 21c(1) go héifeachtach le slándáil fuinnimh, le héagsúlú sholáthar fuinnimh an Aontais, le méadú na hacmhainneachtaí stórála fuinnimh nó le laghdú suntasach ar spleáchas ar bhreoslaí iontaise roimh 2030, i dtreo chuspóirí 2030 an Aontais lena n-áirítear éifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh in-athnuaite agus i dtreo chuspóir aeráidneodrachta an Aontais’;

‘(fa) an leithdháiltear 35 % ar a laghad de na deontais agus 35 % ar a laghad de na hiasachtaí, de réir mar is infheidhme, le húsáid faoi chaibidil REPowerEU ar bhearta a bhfuil gné nó éifeacht trasteorann nó ilnáisiúnta ag baint leo, fiú más Ballstát amháin a dhéanann iad, agus an rannchuideoidh siad leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 21c(1), mura ndeonaítear maolú don Bhallstát de bhun Airteagal 21c(1a);’

‘(ka) an bhfuil an próiseas comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(4)(q) a bhaineann leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 21c(1) leordhóthanach agus an léirítear an t-ionchur ábhartha ó na geallsealbhóirí ábhartha i mbunábhar chaibidil REPowerEU chomh maith le cibé an léirítear amlíne agus céimeanna an chomhairliúcháin sa tuarascáil mhionsonraithe ar an bpróiseas comhairliúcháin, an luaitear na geallsealbhóirí a ndeachthas i gcomhairle leo, an míníonn sé toradh na gcomhairliúchán sin, agus an dtugann sí breac-chuntas ar an gcaoi ar léiríodh an t-ionchur a fuarthas i gcaibidil REPowerEU, cén t-ionchar nár léiríodh agus cén chúis agus cén chaoi a mbeidh na geallsealbhóirí ábhartha rannpháirteach i gcur chun feidhme chaibidil REPowerEU agus ina fhaireachán ;’

"

(4a)  In Airteagal 21, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1"

‘1. I gcás nach féidir leis an mBallstát lena mbaineann an plean téarnaimh agus athléimneachta, lena n-áirítear garspriocanna agus spriocanna ábhartha, a bhaint amach a thuilleadh, go páirteach nó go hiomlán, de bharr imthosca oibiachtúla, lena n-áirítear an ghéarchéim a eascraíonn as ionsaí míleata na Rúise i gcoinne na hÚcráine, nó i gcás ina bhfuil gá le bearta nua chun dul i ngleic le héifeachtaí na géarchéime sin, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann iarraidh réasúnaithe a dhéanamh ar an gCoimisiún togra a dhéanamh chun na cinntí cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 20(1) agus (3) a leasú nó a ionadú. Chuige sin, féadfaidh an Ballstát plean leasaithe nó plean nua téarnaimh agus athléimneachta a mholadh. Féadfaidh na Ballstáit tacaíocht theicniúil a iarraidh chun go n-ullmhófaí togra den sórt sin faoin Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil. ’

"

(4b)  In Airteagal 21, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:"

‘2. I gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil údar maith le leasú a dhéanamh ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta ábhartha de bharr na gcúiseanna arna gcur chun cinn ag an mBallstát lena mbaineann, déanfaidh an Coimisiún an plean téarnaimh agus athléimneachta leasaithe nó nua a mheas i gcomhréir le hAirteagal 19, agus déanfaidh sé togra le haghaidh cinneadh nua cur chun feidhme ón gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 20(1) laistigh de mhí amháin ó thíolacadh oifigiúil na hiarrata. Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann agus an Coimisiún teacht ar chomhaontú i dtaca le síneadh a chur leis an sprioc-am sin ar feadh tréimhse réasúnta más gá. Glacfaidh an Chomhairle an cinneadh nua cur chun feidhme, mar riail ghinearálta, laistigh de cheithre seachtaine den togra ón gCoimisiún a bheith glactha. ’

"

(5)  In Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:"

‘A luaithe a ghlacfaidh an Chomhairle cinneadh cur chun feidhme mar a thagraítear dó in Airteagal 20(1), tabharfaidh an Coimisiún comhaontú i gcrích leis an mBallstát lena mbaineann ina mbeidh gealltanas dlíthiúil aonair de réir bhrí an Rialacháin Airgeadais. Maidir le gach Ballstát, ní bheidh an gealltanas dlíthiúil níos mó ná iomlán na ranníocaíochta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 11(1) le haghaidh 2021 agus 2022, an ranníocaíocht airgeadais nuashonraithe dá dtagraítear in Airteagal 11(2) le haghaidh 2023 agus an méid a ríomhtar faoi Airteagal 21d(2)

"

(6)  Cuirfear isteach an chaibidil seo a leanas i ndiaidh Chaibidil III:"

‘CAIBIDIL IIIa

REPowerEU

Airteagal 21 a

Úsáid an ioncaim a ghintear le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais (CTA AE)

   (1) Beidh EUR 20 000 000 000 i bpraghsanna reatha ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 10e(4) de Threoir 2003/87/CE, le cur chun feidhme faoin Rialachán seo chun athléimneacht, shlándáil agus inbhuanaitheacht chóras fuinnimh an Aontais a mhéadú trí spleáchas ar bhreoslaí iontaise agus éagsúlú na soláthairtí fuinnimh ar leibhéal an Aontais a laghdú go suntasach, acmhainneachtaí stórála fuinnimh a mhéadú ar leibhéal an Aontais agus borradh a chur faoi infheistíochtaí in éifeachtúlacht fuinnimh agus i nginiúint fuinnimh in-athnuaite, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le fuinneamh inacmhainne a áirithiú san Aontas. Cuirfear an méid sin ar fáil i bhfoirm ioncam sannta seachtrach de réir bhrí Airteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais.
   (2) Déanfar sciar na n-acmhainní dá dtagraítear i mír 1 atá ar fáil do gach Ballstát a ríomh ar bhonn na dtáscairí a shainítear don ranníocaíocht uasta airgeadais, mar a leagtar amach sa mhodheolaíocht in Iarscríbhinn II, le haghaidh 70 % den mhéid agus den mhodheolaíocht a leagtar amach in Iarscríbhinn III le haghaidh 30 % den mhéid.
   (3) Leithdháilfear an méid dá dtagraítear i mír 1 go heisiach ar bhearta dá dtagraítear in Airteagal 21c(1).
   (4) Déanfar leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí lena gcumhdaítear an méid dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil go huathoibríoch suas go dtí na méideanna faoi seach dá dtagraítear sa mhír sin ón [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].
   (5) Féadfaidh gach Ballstát iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun méid nach mó ná a sciar a leithdháileadh, trí na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a bhfuil tuairisc orthu in Airteagal 21c(1) a áireamh ina phlean agus a gcostais mheasta á lua.
   (6) Leagfar síos leis an gcinneadh cur chun feidhme ón gComhairle arna ghlacadh de bhun Airteagal 20(1) tar éis togra a fháil ón gCoimisiún méid an ioncaim dá dtagraítear in Airteagal 10e (1) de Threoir 2003/87/CE a leithdháiltear ar an mBallstát tar éis chur i bhfeidhm mhír 2, a bheidh le híoc i dtráthchodanna, faoi réir an chistithe atá ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 24 den Rialachán seo, a luaithe a bheidh na garspriocanna agus na spriocanna a sainaithníodh maidir le cur chun feidhme na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 21c (1) comhlíonta go sásúil ag an mBallstát.

Airteagal 21b

Acmhainní ó chláir bhainistíochta comhroinnte chun tacú le cuspóirí REPowerEU

   (1) Laistigh de na hacmhainní a leithdháiltear orthu faoi bhainistíocht chomhroinnte, féadfaidh na Ballstáit a iarraidh go dtacófar leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 21c(1)(b) den Rialachán seo cé is moite de hidrigin inathnuaite, in Airteagal 21c(1)(c) den Rialachán seo cé is moite de shaoráidí atá tiomnaithe do bhreoslaí iontaise a iompar, agus in Airteagal 21c(1)(d) den Rialachán seo faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 26a de Rialachán (AE) 2021/1060. Úsáidfear na hacmhainní sin chun leas an Bhallstáit lena mbaineann, agus chuige sin amháin.
   (a) Féadfar acmhainní arna leithdháileadh faoi Airteagal 26a de Rialachán (AE) 2021/1060 a iarraidh chun go dtacófar le bearta tacaíochta dá dtagraítear in Airteagal 21c(1)(b) den Rialachán seo cé is moite de hidrigin inathnuaite, in Airteagal 21c(1)(c) den Rialachán seo cé is moite de shaoráidí atá tiomnaithe do bhreoslaí iontaise a iompar, agus in Airteagal 21c(1)(d) den Rialachán seo ar choinníoll gur iarr an Ballstát aistrithe ó Chiste ar leith cheana suas go dtí uasteorainn 5 % i gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus an dara fomhír d’Airteagal 26(1).

   (2) Déanfar na hacmhainní arna n-iarraidh faoi mhír 1 a chur chun feidhme i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1060 agus leis an rialachán ciste-shonrach maidir leis an gciste bainistíochta comhroinnte faoi seach. Déanfar íocaíochtaí gaolmhara i gcomhréir le hAirteagal 91 de Rialachán (AE) 2021/1060 agus beidh siad faoi réir an chistithe atá ar fáil.
   (3) Déanfaidh an Coimisiún na hacmhainní sin a chur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte i gcomhréir le hAirteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (b) den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 21c

Caibidil REPowerEU sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta

   (1) Beidh caibidil REPowerEU sa phlean téarnaimh agus athléimneachta a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin tar éis [theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo]. Déanfar caibidlí REPowerEU a thíolacadh a luaithe is féidir tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo. I gcás inarb ábhartha, leis na bearta atá i gcaibidil REPowerEU tabharfar tosaíocht leordhóthanach do riachtanais na ndaoine sin a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh agus laghdófar leochaileachtaí le linn shéasúr an gheimhridh atá le teacht. I gcaibidil REPowerEU, leagfar amach athchóirithe agus infheistíochtaí, ón 1 Feabhra 2022 ar aghaidh, mar aon lena ngarspriocanna agus a spriocanna comhfhreagracha, míniú ar an rannchuidiú chun aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht fuinnimh agus ar laghdú spleáchais ar bhreosla iontaise, go háirithe ón Rúis, agus ar chainníochtú an choigiltis fuinnimh, seachas bearta dá dtagraítear i mír 2(a), arb é is aidhm dóibh rannchuidiú le cuspóirí REPowerEU, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
   (a) feabhas a chur ar bhonneagar fuinnimh agus ar shaoráidí fuinnimh chun freastal ar riachtanais láithreacha slándála an tsoláthair gáis, lena n-áirítear GNL, go háirithe le go mbeifear in ann an soláthar a éagsúlú ar mhaithe le leas an Aontais ina iomláine, fad a áirithítear go bhfuil na bonneagair ábhartha ullamh le haghaidh hidrigine;
   (b) borradh a chur faoin éifeachtúlacht fuinnimh agus faoin gcoigilteas i bhfoirgnimh, lena n-áirítear trí scéimeanna infheistíochta atá dírithe ar theaghlaigh leochaileacha, ar FBManna agus ar mhicrifhiontair,
   (ba) an tionscal a dhícharbónú, acmhainneacht stórála fuinnimh a mhéadú, táirgeadh agus glacadh bithmheatáin inbhuanaithe, fuinneamh in-athnuaite, breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch (RFNBOnna), agus hidrigin in-athnuaite nó saor ó iontaise a mhéadú agus dlús a chur le próisis cheadaithe do ghléasraí a tháirgeann fuinneamh in-athnuaite, lena n-áirítear feabhas a chur ar ghiniúint ghaolmhar leictreachais agus ar bhonneagar eile, lena n-áirítear trí dhlús a chur le nósanna imeachta ceadaithe,
   (bb) aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht fuinnimh, go háirithe trí bhearta a théann chun tairbhe do theaghlaigh leochaileacha agus do theaghlaigh ar ioncam íseal,
   (bc) laghdú ar an éileamh ar fhuinneamh a dhreasú, lena n-áirítear trí na réitigh choigiltis fuinnimh atá ann cheana a mhéadú,
   (bd) borradh a chur faoi fhoinsí fuinnimh ísealcharbóin laistigh den Aontas,
   (c) aghaidh a thabhairt ar scrogaill tarchurtha fuinnimh inmheánacha agus trasteorann, lena n-áirítear eangacha a nascadh le foinsí fuinnimh in-athnuaite nua, agus tacaíocht a thabhairt d’iompar astaíochtaí nialasacha agus dá bhonneagar ar bhealach cóir agus cuimsitheach, iarnróid san áireamh, agus ag cur le fuinneamh agus iompar inacmhainne san Aontas a áirithiú dá bharr,
   (d) tacú leis na cuspóirí i bpointí (a), (b) agus (c) trí bhorradh a chur faoi athcháiliú an lucht saothair i dtreo scileanna glasa agus na scileanna digiteacha gaolmhara agus i dtreo an aistrithe fuinnimh, lena n-áirítear le haghaidh cur chun feidhme riaracháin na gcuspóirí sin, chomh maith le tacú le slabhraí luacha i bpríomhábhair agus i bpríomhtheicneolaíochtaí atá nasctha leis an aistriú glas agus le húsáid ábhar agus táirgí tógála inbhuanaithe, agus ar an gcaoi sin, go laghdófar an spleáchais ar amhábhair chriticiúla phríomhúla atá ábhartha don aistriú fuinnimh.
   (1a) Leithdháilfear 35 % ar a laghad de na deontais agus 35 % ar a laghad de na hiasachtaí, de réir mar is infheidhme, lena úsáid faoi chaibidil REPowerEU ar bhearta a bhfuil gné nó éifeacht trasteorann nó ilnáisiúnta ag baint leo, fiú más Ballstát amháin a dhéanann iad, agus rannchuideoidh sé leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 21c(1). De mhaolú air sin, féadfaidh an Coimisiún maolú a cheadú ar an gceanglas sin a bheith ar Bhallstát i gceann amháin de na cásanna seo a leanas:
   (a) is féidir leis an mBallstát a léiriú go dtabharfaidh bearta eile atá san áireamh dá chaibidil REPowerEU aghaidh ar na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 21c(1) ar bhealach níos fearr, nó
   (b) is féidir leis an mBallstát a léiriú nach bhfuil dóthain tionscadal réalaíoch ar fáil a bhfuil gné nó tionchar trasteorann nó ilnáisiúnta acu, nó
   (c) faigheann an Ballstát díolúine ón gceanglas sin sa mheasúnú ar riachtanais hornáisiúnta i dtaca leis an tslándáil fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 21ca, nó
   (d) is féidir leis an mBallstát a léiriú nach féidir aon ghné ná tionchar trasteorann nó ilnáisiúnta a thabhairt chun críche le linn shaolré na Saoráide.
   (2) Beidh an méid seo a leanas sa chaibidil REPowerEU freisin:
   (a) I gcás inarb infheidhme, tuairisc mhionsonraithe ar athchóirithe agus ar infheistíochtaí sna cinntí cur chun feidhme ón gComhairle a glacadh cheana, ar cinntí iad a mheastar a rannchuideoidh le cuspóirí REPowerEU;
   (b) achoimre ar bhearta eile, lena n-áirítear bearta comlántacha nó tionlacain náisiúnta agus maoinithe ag an Aontas, lena rannchuidítear le cuspóirí REPowerEU le féilire comhfhreagrach agus leithdháileadh airgeadais, a bheidh le cur chun feidhme ón 1 Feabhra 2022 go dtí an 31 Nollaig 2026 gan tacaíocht airgeadais faoin tSaoráid;
   (c) measúnú mionsonraithe ar chomhleanúnachas gach birt dá dtagraítear i mír 1 le bearta eile sa phlean agus míniú ar an gcaoi a bhfuil teaglaim de na bearta dá dtagraítear i mír 1 agus i bpointe (a) agus i bpointe (b) den mhír seo comhleanúnach agus éifeachtach agus a bhfuiltear ag dréim leis go rannchuideofar leo le cuspóirí REPowerEU, lena n-áirítear cainníochtú ar an gcoigilteas fuinnimh;
   (ca) míniú cáilíochtúil ar an tslí a meastar go gcuirfidh na bearta i gcaibidil REPowerEU leis an aistriú glas, lena n-áirítear an bhithéagsúlacht, nó go dtabharfaidh siad aghaidh ar na dúshláin a bheidh ann ,ar thoradh air seo; déanfar an cuspóir aeráide 37% sin a ríomh ar leithligh do chaibidil REPowerEU agus don chuid eile den phlean téarnaimh agus athléimneachta.
   (3) Ní chuirfear costais mheasta na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí atá i gcaibidil REPowerEU faoi mhír 1 san áireamh agus leithdháileadh iomlán an phlean faoi Airteagal 18(4), pointe (f) agus Airteagal 19(3), pointe (f) á ríomh. D’ainneoin na forála sin, molfaidh an Coimisiún do na Ballstáit bearta a mholadh i gcaibidlí REPowerEU a dhéanann éascaíocht, a mhéid agus is féidir, ar chuspóir digiteach na Soaráide a bhaint amach ar a laghad.
   (4) ▌Beidh feidhm ag prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh” de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 ▌ maidir leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a bhfuiltear ag súil go rannchuideoidh siad le cuspóirí REPowerEU faoi mhír 1, pointe (a) den Airteagal seo, mura bhfuil feidhm ag na coinníollacha carnacha seo a leanas:
   (a) tá gá leis an mbeart chun freastal ar riachtanais láithreacha shlándáil an tsoláthair mar a shainaithnítear in Airteagal 21c(1)(a);

agus

   (b) níl aon rogha mhalartach leordhóthanach ann ó thaobh costais nó amlíne cur chun feidhme de chun cuspóirí REPowerEU faoi Airteagal 21c(1)(a) a bhaint amach;

agus

   (c) maolaítear an dochar fhéideartha do chuspóirí comhshaoil an Aontais le bearta tionlacain, nó le bearta eile a rannchuidíonn le cuspóirí REPowerEU, agus ní chuirtear sláine spriocanna aeráide 2030 agus 2050 an Aontais i mbaol;

agus

   (d) tá an beart le bheith i bhfeidhm faoin 31 Nollaig 2024.
   (4a) Déanfar na bearta a bhaineann leas as an díolúine ó Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2021/241, mar a shonraítear i mír 4 den Airteagal seo, a mheasúnú mar seo a leanas:
   mura bhfuil aon mhalartach leordhóthanach ann ó thaobh costais nó amlíne cur chun feidhme de chun cuspóirí REPowerEU faoi Airteagal 21c(1)(a) a bhaint amach;
   má dhéantar an díobháil fhéideartha do chuspóirí comhshaoil an Aontais de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 a chúngú go dtí an méid atá go hiomlán dosheachanta;
   má mhaolaítear an dochar fhéideartha do chuspóirí comhshaoil an Aontais le bearta tionlacain, nó le bearta eile a rannchuidíonn le cuspóirí REPowerEU, agus ní chuirtear sláine spriocanna aeráide 2030 agus 2050 an Aontais i mbaol;
   má tá an beart le bheith i bhfeidhm faoin 31 Nollaig 2024.
   (4b) Déanfar méid iomlán na n-acmhainní le haghaidh athchóirithe agus infheistíochtaí a bhfuil sé mar aidhm aici cur le cuspóirí REPowerEU i gcomhréir le hAirteagal 21c(1)(a) den Rialachán sin a theorannú d’uasmhéid EUR [ ] billiún, a bhunóidh an Coimisiún tar éis measúnú cuimsitheach bunaithe ar riachtanais le haghaidh riachtanais láithreacha an bhonneagair. Ní rannchuideoidh méid an ioncaim a chuirtear ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 10e(1) de Threoir 2003/87/CE [ioncaim arna nginiúint ag an gcóras AE i ndáil le trádáil astaíochtaí] le haghaidh na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí faoi Airteagal 21c(1)(a) den Rialachán sin.
   (5) Beidh forálacha an Rialacháin seo infheidhme mutatis mutandis maidir le hathchóirithe agus infheistíochtaí chaibidil REPowerEU, cé is moite d’infheistíochtaí chaibidil REPowerEU arna maoiniú le hacmhainní arna n-iarraidh faoi Airteagal 26a de Rialachán (AE) 2021/1060 agus beidh feidhm ag na rialacha ciste-shonracha ina leith.

Airteagal 21ca

Measúnú ar riachtanais fhornáisiúnta i dtaca leis an tslándáil fuinnimh

1.  Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na riachtanais i dtaca le soláthar fuinnimh a áirithiú san Aontas ina iomláine, sula ndéanfar aon phlean téarnaimh agus athléimneachta ina bhfuil caibidil REPowerEU a fhormheas. Beidh sé mar aidhm ag an measúnú sin dearcadh fornáisiúnta ar riachtanais an Aontais i dtaca leis an tslándáil fuinnimh a chur ar fáil chun na hacmhainní a úsáid ar an mbealach is éifeachtaí chun cuspóirí REPowerEU a bhaint amach. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún seo a leanas ar a dhéanaí faoi ... [mí amháin i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo] tuarascáil a tharraingt suas ina ndéantar na riachtanais is práinní i dtaca leis an mbonneagar agus an infheistíocht chun an soláthar fuinnimh a áirithiú san Aontas ina iomláine, lena n-áirítear tionscadail trasteorann agus ilnáisiúnta den chuid is mó.

2.  Cumhdófar sa tuarascáil dá dtagraítear i mír an méid seo a leanas ar a laghad:

   (a) na rioscaí a bhaineann le bristeacha sa soláthar fuinnimh i ngach Ballstát sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma; agus
   (b) na riachtanais is ábhartha i dtaca leis an mbonneagar agus an infheistíocht chun an soláthar fuinnimh a áirithiú san Aontas ina iomláine, lena n-áirítear gné thrasteorann agus ilnáisiúnta.

3.  Cuirfidh na Ballstáit le hullmhú na dtionscadal dá dtagraítear i mír 1 trí faisnéis a chur ar fáil maidir le riachtanais náisiúnta i dtaca leis an tslándáil fuinnimh agus tionscadail mar a d’iarr an Coimisiún.

Airteagal 21d

Faireachán ar chur chun feidhme chaibidlí REPowerEU

   (1) Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme na mbeart a leagtar amach i gcaibidil REPowerEU agus ar a mhéid a rannchuidíonn siad le cuspóirí REPowerEU. Chuige sin, laistigh de ... [2 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo], déanfaidh an Coimisiún leasú ar na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 29(4)(a) agus in Airteagal 30(2) chun críche táscairí breise agus faisnéis atá ábhartha do chuspóirí REPowerEU a áireamh. Beidh na táscairí breise atá beartaithe teoranta do na cuspóirí a liostaítear in Airteagal 21c(1). Beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 33 maidir le glacadh agus cur i bhfeidhm an leasaithe ar na gníomhartha tarmligthe.
   (2) Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil maidir leis an dul chun cinn i ndáil le cur chun feidhme chaibidil REPowerEU trí roinn thiomnaithe sa tuarascáil bhliantúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, i gcomhréir le hAirteagal 31, lena n-áirítear trí cheachtanna a foghlamaíodh trí mheasúnú a dhéanamh ar shonraí ar fáil faoi na tairbhithe deiridh, chomh maith le trí mhalartuithe rialta trédhearcach faisnéise ag an Idirphlé Téarnaimh agus Athléimneachta.
   (2a) Faoi ... [2 bhliain ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo], déanfaidh an Coimisiún tuarascáil meastóireachta neamhspleách a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún maidir le cur chun feidhme chaibidlí REPowerEU agus lena rannchuidiú le cuspóirí REPowerEU agus le cuspóirí na Saoráide.
   (2b) Cruthóidh gach Ballstát tairseach phoiblí atá éasca le húsáid ina mbeidh sonraí fíor-ama maidir leis na bearta a chur chun feidhme san áireamh i gcaibidlí REPowerEU, lena n-áirítear faighteoirí deiridh agus tairbhithe.’

"

(7)  Leasaítear Iarscríbhinn V i gcomhréir leis an Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Leasaítear Rialachán (AE) 2021/1060 mar a leanas:

(1)  Cuirtear an pointe seo a leanas le hAirteagal 11(1):"

‘(e) i gcás inarb infheidhme, miondealú na n-acmhainní airgeadais de réir catagóir an réigiúin arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 108(2) agus méideanna na leithdháiltí a bheartaítear a iarraidh de bhun Airteagal 26a nó a aistriú de bhun Airteagal 26, nó de bhun Airteagal 111, lena n-áirítear údar leis na haistrithe sin;’

"

(2)  In Airteagal 22(3)(g), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:"

‘(I) tábla ina sonrófar na leithdháiltí airgeadais iomlána do gach ceann de na Cistí agus, i gcás inarb infheidhme, do gach catagóir réigiúin don chlárthréimhse ina hiomláine agus de réir bliana, lena n-áirítear aon mhéideanna arna n-iarraidh de bhun Airteagal 26a de bhun Airteagal 27;’

"

(2a)  In Airteagal 24, cuirtear an mhír seo a leanas leis:"

‘7a. Maidir le cláir a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ón gCiste Comhtháthaithe nó ó CSE+, féadfaidh an Ballstát nó an t-údarás bainistíochta a iarraidh, go dtí an 31 Nollaig 2025, suas le 7,5 % den bhuiséad den leithdháileadh náisiúnta tosaigh a bheidh le ranníoc chun bearta a mhaoiniú lena dtacaítear le cuspóirí REPowerEU dá dtagraítear in Airteagal 21c(1)(b) de Rialachán (AE) 2021/241 cé is moite de hidrigin in-athnuaite, in Airteagal 21c(1)(c) de Rialachán (AE) 2021/241 cé is moite de shaoráidí atá tiomnaithe do bhreoslaí iontaise a iompar, agus in Airteagal 21c(1)(d) de Rialachán (AE) 2021/241. I gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ón gCiste Comhtháthaithe nó ó CSE+, ní dhéanfar na ranníocaíochtaí sin ach laistigh den chlár céanna agus beidh gá le cinneadh ón gCoimisiún lena leasaítear an clár. Comhlíonfaidh siad na ceanglais rialála uile agus formheasfaidh an coiste faireacháin iad roimh ré. Cuirfidh an Ballstát nó an t-údarás bainistíochta na táblaí airgeadais athbhreithnithe agus an clár athbhreithnithe in iúl don Choimisiún.’

"

(3)  In Airteagal 26(1), cuirtear an méid seo a leanas isteach tar éis dheireadh na chéad fhomhíre:"

‘I gcás ina mbeidh an Comhaontú Comhpháirtíochta formheasta agus nach bhfuil clár amháin nó níos mó glactha go fóill, féadfar aistriú chuig an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta i gcomhréir leis an Airteagal seo a iarraidh trí fhógra a thabhairt faoi athbhreithniú na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 11(1) pointe (c), pointe (e) agus pointe (h) i gcomhréir le hAirteagal 69(9).’

"

(4)  In Airteagal 26(1) cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

▌"

‘3. I gcás inar formheasadh an Comhaontú Comhpháirtíochta agus ina n-iarrtar an t-aistriú mar chuid d’aighneacht cláir, ní chuirfear an neamhréireacht a d’eascair as sin san áireamh nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar an gclár de bhun Airteagal 23(1).’

"

(5)  Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:"

‘Airteagal 26a

Tacaíocht do chuspóirí REPowerEU

   (1) Na Ballstáit a chuirfidh plean téarnaimh agus athléimneachta faoi bhráid an Choimisiúin ina bhfuil caibidil REPowerEU i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/241, féadfaidh siad a iarraidh go ndéanfar suas le 7.5 % dá leithdháileadh náisiúnta tosaigh de gach Ciste a ranníoc le cuspóirí REPowerEU mar a bhunaítear i Rialachán (AE) 2021/241 trí thacú leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 21c(1)(b) di cé is moite de hidrigin in-athnuaite, in Airteagal 21c(1)(c) di cé is moite de shaoráidí atá tiomnaithe do bhreoslaí iontaise a iompar, agus in Airteagal 21c(1)(d) de, ar choinníoll gur iarr an Ballstát aistrithe ón gCiste sonrach sin cheana suas go dtí uasteorainn 5 % i gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus leis an dara fomhír d’Airteagal 26(1). I gcás nár formheasadh an Comhaontú Comhpháirtíochta go fóill, déanfar an iarraidh ar thacaíocht a thabhairt do chuspóirí REPowerEU sa Chomhaontú Comhpháirtíochta, lena n-áirítear trí fhógra a thabhairt faoi athbhreithniú ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 11(1) pointe (c), pointe (e) agus pointe (h) i gcomhréir le hAirteagal 69(9) nó in iarraidh ar leasú ar chlár. I gcás iarraidh a bhaineann le leasú ar chlár, ní fhéadfar ach acmhainní na mblianta féilire atá le teacht a iarraidh. Beidh an fhéidearthacht a bhaineann leis an iarraidh sin sa bhreis ar an bhféidearthacht acmhainní a bheartaítear faoi Airteagal 26 den Rialachán seo a aistriú.
   (2) Cuirfear acmhainní aistrithe faoi Airteagal 26 den Rialachán seo chun feidhme i gcomhréir le forálacha Rialachán (AE) 2021/241. Déanfar na hacmhainní a iarradh faoi Airteagal 26a den Rialachán seo a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1060 agus leis na forálacha a leagtar amach sa rialachán ciste-shonrach maidir leis an gciste bainistíochta comhroinnte faoi seach. Úsáidfear acmhainní arna n-aistriú nó acmhainní a iarradh chun tacú le cuspóirí REPowerEU go heisiach chun leasa an Bhallstáit lena mbaineann.
   (3) I gcás inar formheasadh an Comhaontú Comhpháirtíochta, agus ina dtíolacfar an iarraidh ar thacaíocht a thabhairt do chuspóirí REPowerEU sula bhformheasfar ceann amháin nó níos mó de na cláir, ní chuirfear an neamhréireacht idir an Comhaontú Comhpháirtíochta agus na cláir san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar an gclár de bhun Airteagal 23(1). Sna cásanna sin, tíolacfaidh an Ballstát lena mbaineann athbhreithniú ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointí (c), (e) agus (h) d’Airteagal 11(1), lena n-áirítear achoimre ar an gcomhairliúchán éigeantach le comhpháirtithe i gcomhréir le hAirteagal 8(1), a bheidh ina iarraidh chun tacú le cuspóirí REPowerEU de réir bhrí an Airteagail seo.
   (3a) De mhaolú ar Airteagal 13, ní dhéanfar Comhaontuithe Comhpháirtíochta formheasta a leasú agus ní bheidh aon leasú ar Chomhaontuithe Comhpháirtíochta formheasta sna leasuithe ar na cláir.
   (4) I gcás inar clár a leasú chun críche an iarraidh ar thacaíocht a thabhairt do chuspóirí REPowerEU a leagtar amach san Airteagal seo, de mhaolú ar Airteagal 24(2) agus (4), glacfaidh an Coimisiún an leasú nó diúltóidh sé é maidir leis an iarraidh sin agus leis na hathruithe a dhéantar dá bharr ar an gclár laistigh de mhí amháin tar éis an dáta a chuirfidh an Ballstát an clár isteach. Leagfar amach in iarrataí ar chlár a leasú an méid iomlán a rannchuidigh le cuspóirí REPowerEU do gach bliain de réir Ciste agus de réir catagóir réigiúin, i gcás inarb infheidhme.
   (5) Ní bheidh acmhainní CUAC, lena n-áirítear aon acmhainní arna n-aistriú ó CFRE agus ó CSE+ i gcomhréir le hAirteagal 27, inaistrithe chuig an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ní iarrfar iad le haghaidh tacaíocht a thabhairt do chuspóirí REPowerEU de bhun an Airteagail seo.

   (6a) Caiteachas arna thabhú agus bearta arna íoc i leith na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 21c(1)(b) de Rialachán (AE) 2021/241 cé is moite de hidrigin in-athnuaite, in Airteagal 21c(1)(c) de cé is moite de shaoráidí atá tiomnaithe do bhreoslaí iontaise a iompar, agus in Airteagal 21c(1)(d) de, áireofar é faoi sciar na spriocanna aeráide agus an tsásra coigeartaithe aeráide i gcomhréir le hAirteagal 6 den Rialachán seo.’

"

(5a)  In Airteagal 112, cuirtear an mhír seo a leanas leis:"

‘6a. Má chinneann Ballstát iarratas a dhéanamh ar acmhainní faoi Airteagal 26a den Rialachán seo, de mhaolú ar Airteagal 112(3) agus (4), féadfar ráta cómhaoinithe 100 % a chur i bhfeidhm maidir le caiteachas arna dhearbhú in iarratais ar íocaíocht sna blianta cuntasaíochta dar tús an 1 Iúil 2022 agus dar críoch an 30 Meitheamh 2026 le haghaidh ais tosaíochta amháin nó níos mó ó chlár a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ó CSE+ nó ón gCiste Comhtháthaithe, chun bearta a mhaoiniú lena dtacaítear le cuspóirí REPowerEU dá dtagraítear in Airteagal 21c(1)(b) de Rialachán (AE) 2021/241 cé is moite de hidrigin in-athnuaite, in Airteagal 21c(1)(c) den Rialachán sin cé is moite de shaoráidí atá tiomnaithe do bhreoslaí iontaise a iompar, agus in Airteagal 21c(1)(d) den Rialachán sin.

Iarratas ar mhodhnú ar an ráta cómhaoinithe, déanfar é a thíolacadh mar leasú ar chlár i gcomhréir le hAirteagal 24 agus beidh clár athbhreithnithe ag gabháil leo.’

"

(6)  Déantar Iarscríbhinní II agus V a leasú i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2a

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 mar a leanas:

(1)  Cuirtear na míreanna seo a leanas le hAirteagal 60:"

‘2a. De mhaolú ar Airteagal 60(1) agus ar an gcéad fhomhír agus ar an gceathrú fomhír d’Airteagal 120(3), arna iarraidh sin do Bhallstát, féadfar ráta cómhaoinithe 100 % a chur i bhfeidhm maidir le caiteachas chun acmhainneachtaí freagartha ar ghéarchéimeanna fuinnimh a chothú i gcomhréir le ‘cuspóirí REPowerEU’ agus tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh leochaileacha agus do mhicrifhiontair, d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide ón 1 Feabhra 2022 le haghaidh ais tosaíochta amháin nó níos mó ó chlár a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ó CSE nó ón gCiste Comhtháthaithe.

Déanfar iarrataí ar mhodhnú ar an ráta cómhaoinithe a thíolacadh i gcomhréir leis an nós imeachta maidir le leasú clár a leagtar amach in Airteagal 30 agus beidh clár athbhreithnithe nó cláir athbhreithnithe ag gabháil leo.

Ní bheidh feidhm ag an ráta cómhaoinithe 100 % ach amháin má dhéanann an Coimisiún an leasú ábhartha ar an gclár oibríochtúil a fhormheas sula gcuirfear isteach an t-iarratas deiridh ar íocaíocht eatramhach i gcomhréir le hAirteagal 135(2).

2b.  Mar fhreagairt ar an ngéarchéim fuinnimh mar thoradh ar fhogha na Rúise faoin Úcráin, féadfar, arna iarraidh sin do Bhallstát, na hacmhainní atá ar fáil don tréimhse chlársceidealaithe 2014-2020 le haghaidh sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post a aistriú idir CFAE, CSE agus an Ciste Comhtháthaithe, gan beann ar na céatadáin dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) d’Airteagal 92(1). Chun críoch na n‐aistrithe sin, ní bheidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 92(4).

Déanfar acmhainní a aistreofar idir CFRE, CSE agus an Ciste Comhtháthaithe faoin mír seo a chur chun feidhme i gcomhréir le rialacha an Chiste a n‐aistreofar iad chuige.’

"

Airteagal 4

Leasaítear Treoir 2003/87/CE mar a leanas:

(-1)   in Airteagal 10(3), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach tar éis na chéad fhomhíre:"

‘De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo agus mar bheart urghnách agus aonuaire, don tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2025, bainfear líon lamháltas as méid na lamháltas a bheidh le cur ar ceant ag na Ballstáit ón 1 Eanáir 2027 go dtí an 31 Nollaig 2030 i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo agus cuirfear ar ceant iad thar an tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2025 i gcomhréir le hAirteagal 10e, go dtí go sroichfear EUR 20 billiún i méid an ioncaim arna fháil ó cheantáil den sórt sin.’

"

(1)  cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:"

‘Airteagal 10e

An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

   (1) Ar feadh na tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2025, cuirfear na lamháltais dá dtagraítear in Airteagal 10(3), an dara fomhír, ar ceant go dtí go mbeidh EUR 20 billiún sroichte ag an méid ioncaim arna fháil ó cheantáil den sórt sin.

Cuirfear an t-ioncam dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo ar fáil don tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/241 chun rannchuidiú le cuspóirí REPowerEU mar a leagtar amach in Airteagal 21c(1) den Rialachán sin agus cuirfear chun feidhme é i gcomhréir le forálacha an Rialacháin sin.

   (2) Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear na lamháltais atá ceaptha don tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ar ceant i gcomhréir leis na prionsabail agus na rialacha mionsonraithe a leagtar síos in Airteagal 10(4) de Threoir 2003/87/CE agus i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010 ón gCoimisiún.
   (3) Is é an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) a bheidh ina cheantálaí le haghaidh na lamháltas a bheidh le ceantáil de bhun an Airteagail seo ar an ardán ceant arna cheapadh de bhun Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010 ón gCoimisiún agus cuirfidh sé ioncam an cheant ar fáil don Choimisiún.
   (4) Is éard a bheidh sna fáltais ó na liúntais sin a chur ar ceant ioncam sannta seachtrach chun críche Airteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.’

"

Airteagal 5

Leasuithe ar Chinneadh (AE) 2015/1814

Leasaítear Airteagal 1 de Chinneadh (AE) 2015/1814 mar a leanas:

I mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:"

‘In aon bhliain ar leith, más idir 700 milliún agus 921 mhilliún líon iomlán na lamháltas i gcúrsaíocht, bainfear líon lamháltas atá cothrom leis an difríocht idir líon iomlán na lamháltas i gcúrsaíocht, mar a leagtar amach san fhoilseachán is déanaí dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, agus 700 milliún, ó mhéid na lamháltas a bheidh le cur ar ceant ag na Ballstáit faoi Airteagal 10(2) de Threoir 2003/87/CE agus cuirfear sa chúlchiste iad thar thréimhse 12 mhí dar tús an 1 Meán Fómhair den bhliain sin. Más os cionn 921 mhilliún líon iomlán na lamháltas i gcúrsaíocht, beidh líon na lamháltas a bheidh le baint ó mhéid na lamháltas a bheidh le cur ar ceant ag na Ballstáit faoi Airteagal 10(2) de Threoir 2003/87/CE agus a bheidh le cur sa chúlchiste thar thréimhse 12 mhí dar tús an 1 Meán Fómhair den bhliain sin comhionann le 12 % de líon iomlán na lamháltas i gcúrsaíocht. De mhaolú ar an abairt dheireanach, déanfar an céatadán a dhúbailt go dtí an 31 Nollaig 2030. Ó 2025 ar aghaidh, laghdófar na tairseacha dá dtagraítear san fhomhír seo i gcomhréir leis an laghdú ar chainníocht uile-Aontais na lamháltas dá dtagraítear in Airteagal 9 de Threoir 2003/87/CE sa bhliain chéanna.’

"

Airteagal 5a

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 6

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/241 mar a leanas:

(a)  I roinn 2, cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

‘2.12. Tá coinne leis go gcuirfidh na bearta dá dtagraítear in Airteagal 21c (1) agus (2) ar bhealach éifeachtach le slándáil soláthair an Aontais don Aontas ina iomláine, go háirithe tríd an soláthar fuinnimh a éagsúlú, acmhainneachtaí stórála fuinnimh a mhéadú nó tríd an spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú roimh 2030, i dtreo chuspóirí 2030 an Aontais, lena n-áirítear éifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh inathnuaite agus i dtreo chuspóir aeráidneodrachta an Aontais Eorpaigh. I gcás inarb ábhartha, tabharfaidh bearta atá i gcaibidil REPowerEU tosaíocht leordhóthanach do riachtanais na ndaoine sin a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh chomh maith le leochaileachtaí a laghdú le linn shéasúr an gheimhridh is gaire.”.

Agus measúnú á dhéanamh ar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 21c (1) faoin gcritéar seo, cuirfidh an Coimisiún na heilimintí seo a leanas san áireamh:

Raon feidhme

—  tá coinne leis go rannchuideoidh cur chun feidhme na mbeart atá beartaithe go mór le feabhas a chur ar an mbonneagar fuinnimh agus ar shaoráidí fuinnimh chun freastal ar riachtanais láithreacha shlándáil an tsoláthair gáis, lena n-áirítear GNL, go háirithe ionas go mbeifear in ann an soláthar a éagsúlú ar mhaithe leis an Aontas ina iomláine, agus á áirithiú go mbeidh na bonneagair ábhartha réidh don hidrigin,

—  meastar go rannchuideoidh cur chun feidhme na mbeart atá beartaithe go mór le borradh a chur faoin éifeachtúlacht fuinnimh agus faoin gcoigilteas i bhfoirgnimh, lena n-áirítear trí scéimeanna infheistíochta atá dírithe ar theaghlaigh leochaileacha, ar FBManna agus ar mhicrifhiontair,

—  an tionscal a dhícharbónú, acmhainneacht stórála fuinnimh a mhéadú, táirgeadh agus glacadh bithmheatáin inbhuanaithe a mhéadú, fuinneamh in-athnuaite, breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch (RFNBOnna), hidrigin in-athnuaite nó hidrigin saor ó iontaise a mhéadú agus dlús a chur le próisis cheadaithe do ghléasraí a tháirgeann fuinneamh in-athnuaite, lena n-áirítear feabhas a chur ar ghiniúint ghaolmhar leictreachais agus ar bhonneagar eile, lena n-áirítear trí dhlús a chur le nósanna imeachta ceadaithe,

—  aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht fuinnimh, go háirithe trí bhearta a théann chun tairbhe do theaghlaigh leochaileacha agus do theaghlaigh ar ioncam íseal,

—  laghdú ar an éileamh ar fhuinneamh a dhreasú, lena n-áirítear trí na réitigh coigiltis fuinnimh atá ann cheana a mhéadú,

—  le cur chun feidhme na mbeart atá beartaithe, meastar go dtabharfar aghaidh ar scrogaill sa bhonneagar fuinnimh, lena n-áirítear trí eangacha a nascadh le foinsí nua fuinnimh in-athnuaite, go háirithe trí naisc thrasteorann a thógáil le Ballstáit eile, nó go dtacófar le hiompar astaíochtaí nialasacha agus lena bhonneagar ar bhealach cóir agus cuimsitheach, lena n-áirítear iarnróid, agus ar an gcaoi sin, go rannchuideofar le fuinneamh agus iompar inacmhainne a áirithiú san Aontas,

—  meastar go rannchuideoidh cur chun feidhme na mbeart atá beartaithe go mór le tacú le hathcháiliú an lucht saothair i dtreo scileanna glasa agus na scileanna digiteacha gaolmhara agus i dtreo an aistrithe fuinnimh, lena n-áirítear le haghaidh cur chun feidhme riaracháin na gcuspóirí sin, chomh maith le tacú le slabhraí luacha i bpríomhábhair agus i bpríomhtheicneolaíochtaí atá nasctha leis an aistriú glas agus le húsáid ábhar agus táirgí tógála inbhuanaithe, agus ar an gcaoi sin, go laghdófar an spleáchais ar amhábhair chriticiúla phríomhúla atá ábhartha don aistriú fuinnimh,

agus

—  an bhfuil na bearta agus an míniú, dá bhforáiltear faoi Airteagal 21c (1), comhlántach ar a chéile agus an rannchuidíonn siad go suntasach, in éineacht le bearta faoi Airteagal 21c(2), pointí (a) agus (b), le slándáil fuinnimh, éagsúlú an tsoláthair fuinnimh san Aontas, méadú ar acmhainneachtaí stórála fuinnimh nó spleáchas suntasach nó laghdú ar spleáchas ar bhreoslaí iontaise a bhaint amach roimh 2030, i dtreo spriocanna 2030 an Aontais lena n-áirítear éifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh in-athnuaite agus i dtreo chuspóir aeráidneodrachta an Aontais.

Rátáil

A – go mór

B – go measartha

C – beagán

2.12a.  Tá an próiseas comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(4)(q) a bhaineann leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 21c(1) leordhóthanach agus déantar an t-ionchur ábhartha ó na geallsealbhóirí ábhartha a léiriú go cuí i substaint chaibidil REPowerEU.

Cuirfidh an Coimisiún na gnéithe seo a leanas san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar an gcritéar seo.

Raon feidhme:

—  próiseas leordhóthanach atá sa phróiseas comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(4)(q) a bhaineann leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 21c(1)

agus

—  léirítear amlíne agus céimeannana gcomhairliúchán sa tuarascáil mhionsonraithe ar an gcomhairliúchán, tugtar le fios inti cé hiad na geallsealbhóirí a ndeachthas i gcomhairle leo agus mínítear toradh na gcomhairliúchán sin inti,

agus

—  léirítear go cuí an t-ionchur ábhartha ó na geallsealbhóirí ábhartha i substaint chaibidil REPowerEU

agus

—   tá faisnéis curtha ar fáil ag na Ballstáit faoi cén fhaisnéis nár léiríodh ionchur ina leith agus faoi cén chúis a bhí leis sin,

agus

—   tá faisnéis curtha ar fáil ag an mBallstát faoin gcaoi a mbeidh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus geallsealbhóirí ábhartha eile rannpháirteach i gcur chun feidhme chaibidil REPowerEU agus i bhfaireachán na caibidle sin.

Rátáil

A – go mór

B – go measartha

C – beagán

2.12b.  Mura ndeonófar maolú don Bhallstát de bhun Airteagal 21c(1d), leithdháiltear 35 % ar a laghad de na deontais agus 35 % ar a laghad de na hiasachtaí, de réir mar is infheidhme, lena úsáid faoi chaibidil REPowerEU ar bhearta a bhfuil gné nó éifeacht trasteorann nó ilnáisiúnta ag baint leo, fiú más Ballstát amháin a dhéanann iad, agus rannchuideoidh sé leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 21c(1).

Rátáil

A – Leithdháiltear 35 % ar a laghad de na deontais agus 35 % ar a laghad de na hiasachtaí, de réir mar is infheidhme, lena úsáid faoi chaibidil REPowerEU ar bhearta a bhfuil gné nó éifeacht trasteorann nó ilnáisiúnta ag baint leo, mura ndeonaítear maolú

C – Leithdháiltear níos lú ná 35 % de na deontais nó níos lú ná 35 % de na hiasachtaí, de réir mar is infheidhme, lena úsáid faoi chaibidil REPowerEU ar bhearta a bhfuil gné nó éifeacht trasteorann nó ilnáisiúnta ag baint leo, gan maolú a dheonú

2.12c.  Na bearta faoi Airteagal 21c(1)(a) lena gcomhlíontar na coinníollacha carnacha a leagtar amach in Airteagal 21c(4), comhlíonann siad ceanglais Airteagal 21c(4a).

Cuirfidh an Coimisiún na gnéithe seo a leanas san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar an gcritéar seo.

Raon feidhme:

–  níl aon rogha mhalartach leordhóthanach ann ó thaobh costais nó amlíne cur chun feidhme de chun cuspóirí REPowerEU faoi Airteagal 21c(1)(a) a bhaint amach;

agus

–  déantar an díobháil fhéideartha do chuspóirí comhshaoil an Aontais de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 a chúngú go dtí an méid atá go hiomlán dosheachanta;

agus

–  maolaítear an dochar fhéideartha do chuspóirí comhshaoil an Aontais le bearta tionlacain, nó le bearta eile a rannchuidíonn le cuspóirí REPowerEU, agus ní chuirtear sláine spriocanna aeráide 2030 agus 2050 an Aontais i mbaol;

agus

–  tá an beart le bheith i bhfeidhm faoin 31 Nollaig 2024.

Rátáil

A – na bearta uile faoi Airteagal 21c(1)(a) lena gcomhlíontar na coinníollacha carnacha a leagtar amach in Airteagal 21c(4), comhlíonann siad ceanglais Airteagal 21c(4a)

C – tá ceann amháin nó níos mó de na bearta faoi Airteagal 21c(1)(a) lena gcomhlíontar na coinníollacha carnacha a leagtar amach in Airteagal 21c(4) nach gcomhlíonann ceanglais Airteagal 21c(4a)’

(b)  I roinn 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda a thosaíonn leis na focail ‘Mar thoradh ar an bpróiseas measúnaithe, agus ag cur san na rátálacha san áireamh:’

Mar thoradh ar an bpróiseas measúnaithe, agus ag cur na rátálacha san áireamh:

(a)  Comhlíonann an plean téarnaimh agus athléimneachta go sásúil na critéir mheasúnaithe:

Má áirítear leis an rátáil deiridh le haghaidh na gcritéar faoi phointe 2 scóir agus:

—  grád A le haghaidh chritéir 2.2, 2.3, 2.5, 2.6, 2.12, 2.12a, 2.12b agus 2.12c;

agus le haghaidh na gcritéar eile:

—  grád A tríd síos,

—  gan aon tromlach de ghráid B i gcomórtas le gráid A, agus gan grád C ar bith,

(b)  Ní chomhlíonann an plean téarnaimh agus athléimneachta go sásúil na critéir mheasúnaithe:

Má áirítear leis an rátáil deiridh le haghaidh na gcritéar faoi phointe 2 scóir agus:

—  gan aon ghrád A le haghaidh chritéir 2.2, 2.3, 2.5, 2.6, 2.12, 2.12a, 2.12b agus 2.12c;

agus le haghaidh na gcritéar eile:

—  tromlach de ghráid B i gcomórtas le gráid A,

—  grád C amháin ar a laghad.’

IARSCRÍBHINN II

(2)  leasaítear mír 3.1 d’Iarscríbhinn V de Rialachán (AE) 2021/1060 mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas isteach:

‘Tagairt: Airteagail 14, 26, 26a agus 27 RFC’

(b)  leasaítear an chéad tábla mar a leanas:

 

ranníocaíocht le InvestEU

‘Leasú ar chlár a bhaineann le

aistriú chuig ionstraimí atá faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach

 

aistriú idir CFRE, CSE+, an Ciste Comhtháthaithe nó chuig Ciste nó Cistí eile

 

tacaíocht do chuspóirí REPowerEU’

(c)  I bhfonóta 1, cuirtear an méid seo a leanas isteach:

‘ Infheidhme maidir le leasuithe ar chláir i gcomhréir le hAirteagail 14, 26 agus 26a agus maidir leosan amháin, cé is moite d’aistrithe comhlántacha chuig CUAC (an Ciste um Aistriú Cóir) i gcomhréir le hAirteagal 27 RFC.▌’

(1) IO C , , lch. .
(2) IO C , , lch. .
(3) Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).
(4) aTreoir 92/43/CEE ón gComhairle, Treoir 2009/147/CE, Treoir 2000/60/CE, Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006, Rialachán (AE) 2021/1767 agus Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathbhunú dúlra (COM(2022)0304).
(5) Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
(6) aCinneadh (AE) 2015/1814 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2015 maidir le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú do scéim an Aontais i ndáil le trádáil astaíochtaí gás ceaptha teasa agus lena leasaítear Treoir 2003/87/CE (IO L 264, 9.10.2015, lch. 1).
(7) Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).

An nuashonrú is déanaí: 13 Márta 2023Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais