Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2012/0299(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0275/2022

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0275/2022

Díospóireachtaí :

PV 22/11/2022 - 3
CRE 22/11/2022 - 3

Vótaí :

PV 22/11/2022 - 7.8

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2022)0393

Téacsanna atá glactha
PDF 113kWORD 43k
Dé Máirt, 22 Samhain 2022 - Strasbourg
Cothromaíocht inscne i measc stiúrthóirí cuideachtaí liostaithe
P9_TA(2022)0393A9-0275/2022

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Samhain 2022 ar an seasamh ón gComhairle ag an gcéad léamh chun go nglacfaí treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feabhas a chur ar an gcothromaíocht inscne i measc stiúrthóirí cuideachtaí liostaithe agus bearta gaolmhara (10521/1/2022 – C9-0354/2022 – 2012/0299(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an dara léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh (10521/1/2022 – C9-0354/2022),

–  ag féachaint dá seasamh ar an gcéad léamh(1) ar an togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2012)0614),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas na coistí freagracha faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do Riail 67 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Gnóthaí Dlíthiúla agus an Choiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne faoi Riail 58 de na Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh don dara léamh ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (A9-0275/2022),

1.  ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh;

2.  á thabhairt dá haire go nglactar an gníomh i gcomhréir leis an seasamh ón gComhairle;

3.  á threorú dá hUachtarán an gníomh a shíniú le hUachtarán na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 297(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

4.  á threorú dá hArd-Rúnaí an gníomh a shíniú, ach a mbeidh sé fíoraithe go bhfuil na nósanna imeachta go léir curtha i gcrích go cuí, agus, i gcomhaontú le hArd-Rúnaí na Comhairle, socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

5.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 436, 24.11.2016, lch. 225.

An nuashonrú is déanaí: 1 Márta 2023Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais