Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2020/0365(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0289/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0289/2021

Díospóireachtaí :

PV 22/11/2022 - 2
CRE 22/11/2022 - 2

Vótaí :

PV 22/11/2022 - 7.9

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2022)0394

Téacsanna atá glactha
PDF 91kWORD 59k
Dé Máirt, 22 Samhain 2022 - Strasbourg
Athléimneacht eintiteas criticiúil
P9_TA(2022)0394A9-0289/2021
Rún
 Téacs

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Samhain 2022 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil (COM(2020)0829 – C9-0421/2020 – 2020/0365(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2020)0829),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0421/2020),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 27 Aibreán 2021(1),

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 1 Iúil 2021(2),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 21 Meán Fómhair 2022 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh, ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0289/2021),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo é;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 286, 16.7.2021, lch. 170.
(2) IO C 440, 29.10.2021, lch. 99.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 22 Samhain 2022 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2022/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/114/CE ón gComhairle
P9_TC1-COD(2020)0365

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2022/2557.)

An nuashonrú is déanaí: 1 Márta 2023Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais