Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Samhain 2022 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013, a mhéid a bhaineann le srianta ar an rochtain ar uiscí an Aontais (COM(2021)0356 – C9-0254/2021 – 2021/0176(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0356),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0254/2021),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 22 Meán Fómhair 2021(1),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 12 Deireadh Fómhair 2022 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach (A9-0206/2022),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. ag formheas an ráitis chomhpháirtigh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún a ghabhann leis an rún seo, agus a fhoilseofar i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
3. ag cur sonrú sa ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo, agus a fhoilseofar i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
4. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
5. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 22 Samhain 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a mhéid a bhaineann le srianta ar an rochtain ar uiscí an Aontais
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/2495)
IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH
Ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún maidir le hiascaigh i Muir nIocht
Tugann an Coimisiún agus Parlaimint na hEorpa dá n‑aire staid na n‑iascach i Muir nIocht agus na hábhair imní a chuir páirtithe leasmhara áitiúla agus réigiúnacha, lena n‑áirítear iascairí, in iúl maidir leis an úsáid a bhaineann roinnt soithí as líonta saighne grinneallacha.
Molann an Coimisiún agus Parlaimint na hEorpa dlúthchomhar idir na páirtithe leasmhara sin agus na tionscnaimh uathu agus iarrann siad ar na Ballstáit obair leantach a dhéanamh, i gcás inarb ábhartha, trí mholtaí comhpháirteacha a chur isteach. Déanfaidh an Coimisiún bearta leantacha, i gcás inarb iomchuí, lena n‑áirítear bearta teicniúla, bunaithe ar chomhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara agus ar an measúnú a dhéanfaidh comhlachtaí eolaíochta ábhartha lena n‑áirítear an measúnú ar na tionchair shocheacnamaíocha. Maidir leis sin, áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh cistiú ar fáil le haghaidh taighde eolaíoch agus comhairle eolaíoch.
Ráiteas ón gCoimisiún maidir le hathbhreithniú ar an Rialachán CBI
I gcás ina measfaidh sé Rialachán CBI a athbhreithniú, déanfaidh an Coimisiún measúnú tionchair, i gcomhréir leis na prionsabail maidir le Rialáil Níos Fearr. Cuirfidh an Coimisiún an measúnú tionchair ar fáil do na comhreachtóirí an tráth a fhoilseoidh sé togra den sórt sin.
De rogha air sin, smaoineoidh sé ar thuairisciú ar chur chun feidhme an Chomhbheartais Iascaigh faoin 2032 ar a dhéanaí.