Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Samhain 2022 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh (AE) 2015/2169 maidir le cur i gcrích an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile (12600/2022 – C9-0343/2022 – 2022/0257(NLE))
(Toiliú)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (12600/2022),
– ag féachaint don Chomhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile,
– ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 91, Airteagal 100(2), Airteagal 167(3), Airteagal 207 agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a) (v), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9-0343/2022),
– ag féachaint do Riail 105(1) agus (4), agus Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A9-0277/2022),
1. ag tabhairt a toilithe don dréachtchinneadh ón gComhairle;
2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Phoblacht na Cóiré.