Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2022/2064(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0251/2022

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0251/2022

Díospóireachtaí :

PV 22/11/2022 - 23
CRE 22/11/2022 - 23

Vótaí :

PV 23/11/2022 - 4.5
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2022)0406

Téacsanna atá glactha
PDF 177kWORD 64k
Dé Céadaoin, 23 Samhain 2022 - Strasbourg
Straitéis nua AE don mhéadú
P9_TA(2022)0406A9-0251/2022

Moladh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Samhain 2022 chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir le straitéis nua AE don mhéadú (2022/2064(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagal 49 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE),

–   ag féachaint do chonclúidí ón uachtaránacht ó chruinniú na Comhairle Eorpaí a tionóladh i gCóbanhávan an 21 agus an 22 Meitheamh 1993, ar a dtugtar freisin Critéir Chóbanhávan,

–   ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Gnóthaí Ginearálta an 29 agus 30 Aibreán 1997 maidir le cur i bhfeidhm na coinníollachta d’fhonn forbairt a dhéanamh ar straitéis chomhleanúnach de chuid an Aontais don chaidreamh le tíortha i réigiún na mBalcán Thiar,

–  ag féachaint don dearbhú a glacadh ag Cruinniú Mullaigh AE-na mBalcán Thiar a reáchtáladh in Thessaloniki an 21 Meitheamh 2003, maidir leis an ionchas i dtaobh thíortha na mBalcán Thiar a dhul isteach san Aontas Eorpach,

–  ag féachaint do Phróiseas Bheirlín, a seoladh an 28 Lúnasa 2014,

–  ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir leis an ábhar, go háirithe rún an 24 Deireadh Fómhair 2019 maidir le tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an Macadóin Thuaidh agus leis an Albáin(1), don mholadh uaithi an 19 Meitheamh 2020 chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir leis na Balcáin Thiar, tar éis chruinniú mullaigh 2020(2), do na rúin uaithi maidir le tuarascálacha 2021 ón gCoimisiún maidir le tíortha an mhéadaithe, agus don rún uaithi an 23 Meitheamh 2022 maidir le stádas mar iarrthóir na hÚcráine, Phoblacht na Moldóive agus na Seoirse(3),

–  ag féachaint do Straitéis Dhomhanda AE 2016, lena sonraítear gurb ionann beartas inchreidte um méadú agus infheistíocht straitéiseach i slándáil agus rathúnas na hEorpa, agus go bhfuil rannchuidiú mór i leith na síochána déanta cheana ag an straitéis i réigiúin a bhí léirscriosta ag an gcogaíocht roimhe seo,

–   ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Feabhra 2018 dar teideal ‘A credible enlargement perspective for and enhanced EU engagement with the Western Balkans’ [Peirspictíocht inchreidte faoi mhéadú le haghaidh na mBalcán Thiar agus rannpháirtíocht fheabhsaithe ón Aontas leis na Balcáin Thiar] (COM(2018)0065),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Feabhra 2020 dar teideal ‘Enhancing the accession process – A credible EU perspective for the Western Balkans’ [An próiseas aontachais a fheabhsú – Peirspictíocht inchreidte AE do na Balcáin Thiar] (COM(2020)0057),

–   ag féachaint do chruinnithe mullaigh AE-na Balcáin Thiar a tionóladh i Sóifia agus Ságrab an 17 Bealtaine 2018 agus an 6 Bealtaine 2020, agus dá ndearbhuithe faoi seach,

–  ag féachaint do Dhearbhú Brdo, a glacadh ag Cruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus na Balcáin Thiar an 6 Deireadh Fómhair 2021,

–   ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 24 agus an 25 Márta 2022,

–  ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 30 Bealtaine 2022 maidir leis an Úcráin, le Poblacht na Moldóive agus leis an tSeoirsia,

–  ag féachaint do na hiarratais ar bhallraíocht AE a chuir an Úcráin, an Mholdóiv agus an tSeoirsia isteach agus do na tuairimí fabhracha gaolmhara ón gCoimisiún agus do na conclúidí ón gComhairle Eorpach, eadhon iad siúd an 23 agus an 24 Meitheamh 2022 maidir leis an Eoraip i gcoitinne, an Úcráin, iarratais ar bhallraíocht na hÚcráine, Phoblacht na Moldóive agus na Seoirsia, na Balcáin Thiar, saincheisteanna eacnamaíocha, an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa agus an caidreamh seachtrach, lenar tugadh stádas mar thír is iarrthóir don Úcráin agus do Phoblacht na Moldóive agus lenar cuireadh in iúl go rabhthas réidh chun an rud céanna a dhéanamh don tSeoirsia,

–  ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 26 Meitheamh 2018, an 18 Meitheamh 2019, an 25 Márta 2020 agus an 14 Nollaig 2021 maidir leis an méadú agus maidir leis an bpróiseas cobhsaíochta agus comhlachais, do chonclúidí ón gComhairle an 15 Iúil 2019 agus an 14 Deireadh Fómhair 2019 maidir le gníomhaíochtaí druileála neamhdhleathacha Türkiye sa Mheánmhuir Thoir, do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 12 Nollaig 2019, an 1 agus an 2 Deireadh Fómhair 2020 agus an 15 agus an 16 Deireadh Fómhair 2020, do ráiteas ó airí gnóthaí eachtracha an Aontais an 15 Bealtaine 2020 agus do phríomhthorthaí fhíschomhdháil na n-airí dar dáta an 14 Lúnasa 2020 maidir leis an staid sa Mheánmhuir Thoir, agus do thoradh chruinniú neamhfhoirmiúil airí gnóthaí eachtracha an Aontais in Gymnich an 27 agus an 28 Lúnasa 2020,

–  ag féachaint don Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile(4), lena n-áirítear Limistéar Domhain agus Cuimsitheach Saorthrádála, a tháinig an bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2017, agus don Chlár Oibre Comhlachais a ghabhann leis,

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III)(5),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal ‘An Economic and Investment Plan for the Western Balkans’ [Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar] (COM(2020)0641),

–  ag féachaint do thuarascáil speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa 01/2022 an 10 Eanáir 2022 dar teideal EU support for the rule of law in the Western Balkans: despite efforts, fundamental problems persist [Tacaíocht AE don smacht reachta sna Balcáin Thiar: in ainneoin na n-iarrachtaí atá déanta, tá fadhbanna bunúsacha fós ann],

–  ag féachaint do thuarascáil speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa 09/2021 an 3 Meitheamh 2021 dar teideal ‘Disinformation affecting the EU: tackled but not tamed’ [Bréagaisnéis lena ndéantar difear don Aontas: tugadh fúithi ach ní bhfuarthas smacht uirthi fós],

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Deireadh Fómhair 2021 dar teideal ‘2021 Communication on EU Enlargement Policy’ [Teachtaireacht 2021 maidir le Beartas AE um Méadú] COM(2021)0644,

–  ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 13 Iúil 2020 dar teideal ‘Promoting values and rules-based pan-European cooperation and supporting a reinvigorated Council of Europe’ [Luacha agus comhar uile-Eorpach atá bunaithe ar rialacha a chur chun cinn agus tacú le Comhairle na hEorpa a athbheochan],

–  ag féachaint don Chompás Straitéiseach don tSlándáil agus don Chosaint a d’fhormheas an Chomhairle go foirmiúil an 21 Márta 2022,

–  ag féachaint don chomhaontú polaitiúil an 12 Meitheamh 2022 maidir le prionsabail chun a áirithiú go mbeidh an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin feidhmiúil agus go rachaidh sí chun cinn ar an gconair Eorpach,

–  ag féachaint do rún uaithi an 17 Feabhra 2022 maidir le cur chun feidhme an chomhbheartais eachtraigh agus slándála – tuarascáil bhliantúil 2021(6),

–  ag féachaint do rún uaithi an 9 Meitheamh 2022 maidir leis an iarraidh ar Choinbhinsiún chun athbhreithniú a dhéanamh ar na Conarthaí(7),

–  ag féachaint do mholadh uaithi an 8 Meitheamh 2022 chuig an gComhairle agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir le Beartas Eachtrach, Slándála agus Cosanta AE tar éis chogadh ionsaithe na Rúise i gcoinne na hÚcráine(8),

–  ag féachaint do Riail 118 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0251/2022),

A.  de bhrí gurb é an méadú an ionstraim beartais eachtraigh is éifeachtaí de chuid an Aontais agus go bhfuil sé ar cheann de na beartais is rathúla de chuid an Aontais, agus gur infheistíocht straitéiseach, dírithe ar an todhchaí gheopholaitiúil, é i síocháin, slándáil, cobhsaíocht agus rathúnas ar mhór-roinn na hEorpa; de bhrí, i bhfianaise bhagairt mhéadaitheach na Rúise ar shíocháin agus ar chobhsaíocht na hEorpa, go bhfuil beartas feabhsaithe um méadú fós ar an uirlis gheopholaitiúil is láidre atá ar fáil don Aontas;

B.  de bhrí gur próiseas é an méadú a théann chun tairbhe do chách agus gur ionstraim an-éifeachtach agus rathúil é chun borradh a chur faoi na hathchóirithe riachtanacha laistigh den Aontas agus i dtíortha is iarrthóirí araon, lena gcabhraítear le claochlú daonlathach a spreagadh; de bhrí gur laghdaíodh a éifeachtacht thar na blianta mar gheall ar mhainneachtain an Aontais a ghealltanais féin a chomhlíonadh;

C.  de bhrí nár cheart breathnú ar an mbeartas um méadú mar phróiseas polaitiúil, riaracháin nó teicneolaíoch amháin, ach gur cheart dó a bheith níos dinimiciúla agus níos dírithe ar fhor-rochtain, ós rud é gurb é atá i gceist le caibidlíocht aontachais luachanna agus beartais an Aontais a aistriú agus a threisiú de réir a chéile i dtíortha is iarrthóirí;

D.  de bhrí go bhfuil an tAontas tiomanta do thacaíocht a thabhairt do thíortha is iarrthóirí agus do thíortha a d’fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas agus a bhfuil luachanna coiteanna AE acu; de bhrí gurb é an tAontas i gcónaí an comhpháirtí trádála is mó atá acu agus an soláthraí is mó infheistíochta agus cúnaimh airgeadais trí IPA III, tríd an bPlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar, tríd an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI) — an Eoraip Dhomhanda, agus trí chúnamh macra-airgeadais;

E.  de bhrí gur cheart don Aontas machnamh cuimsitheach a dhéanamh ar inchreidteacht agus éifeachtacht a bheartais um méadú, agus é féin á athchóiriú agus á neartú aige, go háirithe feidhmiú a chuid institiúidí, a bheartais agus a nósanna imeachta vótála;

F.  de bhrí go bhfuil géarghá le spreagadh, tiomantas polaitiúil agus fís nua, atá sainithe go soiléir agus dírithe go straitéiseach, go polaitiúil agus go geopholaitiúil chun an status quo a shárú, chun aghaidh a thabhairt ar an easpa tola polaitiúla atá ag an Aontas le deich mbliana anuas agus chun borradh a chur faoin bpróiseas um méadú laistigh den Aontas agus sna tíortha is iarrthóirí go háirithe, agus a leanúnachas, a chomhsheasmhacht, a inchreidteacht agus a thionchar á n-áirithiú ag an am céanna, ag baint amach torthaí nithiúla sna tíortha atá mar chuid de phróiseas an mhéadaithe trí athchóirithe nithiúla a chur chun feidhme agus tagarmharcanna mhodheolaíocht nua an mhéadaithe a bhaint amach;

G.  de bhrí go bhfuil Parlaimint na hEorpa fós ina comhpháirtí iontaofa do thíortha aontachais agus go dtacaíonn sí le próiseas an mhéadaithe, lena gcumasaítear athchóirithe institiúideacha agus socheacnamaíocha ar mhaithe leis na saoránaigh;

H.  de bhrí, mar gheall ar bhacainní inmheánacha le blianta beaga anuas, gur lig an Chomhairle síos tíortha an mhéadaithe tríd an bpróiseas aontachais a bhlocáil agus gan gealltanais sheanbhunaithe an Aontais a chomhlíonadh, rud a d’fhág go raibh moill ar thús na gcainteanna aontachais leis an Albáin agus leis an Macadóin Thuaidh, chomh maith le léirscaoileadh víosaí don Chosaiv, in ainneoin gur bhain siad amach na tagarmharcanna riachtanacha, mar a dheimhnigh an Coimisiún féin; de bhrí go bhfuil folús cruthaithe ag easpa rannpháirtíochta agus inchreidteachta an Aontais le blianta beaga anuas, rud a d’fhág spás don Rúis, don tSín agus do thríú gníomhaithe urchóideacha eile;

I.  de bhrí go bhfuil dul chun cinn teoranta ann freisin mar gheall ar easpa fíorthola polaitiúla ó thaobh na gceannairí polaitiúla i dtíortha an mhéadaithe chun athchóirithe bunúsacha a chur chun cinn, ó tharla nach raibh na dearbhuithe a rinne siad i gcónaí i gcomhréir le leibhéal na n-athchóirithe i bpróiseas aontachais na dtíortha faoi seach;

J.  de bhrí nach mór an beartas um méadú a thabhairt cothrom le dáta chun go mbeidh sé níos solúbtha, níos dinimiciúla agus níos tairbhí, trí aird a thabhairt ar na réaltachtaí polaitiúla agus ar an gcomhthéacs geopholaitiúil nua a cruthaíodh le cogadh ionsaithe na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus an próiseas aontachais bunaithe ar fhiúntas á choinneáil ar bun ag an am céanna; de bhrí, chun go mbeidh sé níos éifeachtaí, go gcaithfidh beartas um méadú an Aontais díriú go tréan ar na saincheisteanna bunúsacha – an smacht reachta, caighdeáin dhaonlathacha, athchóirithe eacnamaíocha, cearta agus saoirsí bunúsacha – agus na tíortha is iarrthóirí a chéimniú isteach de réir a chéile in earnálacha éagsúla de lánpháirtiú an Aontais, ag bogadh go feiceálach agus i gcónaí i dtreo ballraíocht iomlán chun an móiminteam don athchóiriú a choinneáil i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha;

K.  de bhrí gur cheart straitéis nua um méadú an Aontais a bheith bunaithe go docht ar sheasamh le prionsabal gach tíre a bheith in ann a conair féin a roghnú gan bhac, agus na ceachtanna a foghlaimíodh sa phróiseas leanúnach le tíortha na mBalcán Thiar agus Chomhpháirtíocht an Oirthir á gcur san áireamh; de bhrí nár cheart cead a thabhairt do thríú páirtithe dúmhál ná bagairt a dhéanamh ar an Aontas trína mhaíomh go bhfuil méadú an Aontais spriocdhírithe ina gcoinne;

L.  de bhrí go bhfuil dúshláin ann do thíortha aontachais an Aontais, ar dúshláin iad a eascraíonn as cur isteach eachtrach urchóideach agus as feachtais bhréagaisnéise; de bhrí gur léirigh forbairtí san am atá thart go mbaineann costas suntasach straitéiseach leis an neamh-mhéadú agus gur féidir leis an bonn a bhaint ón tslándáil agus ón gcobhsaíocht ar an mór-roinn seo againne;

M.  de bhrí gur ardán iontaofa leanúnach í an chomhpháirtíocht thrasatlantach chun tacú le méadú an Aontais; de bhrí go bhfuil tábhacht na comhpháirtíochta sin dearbhaithe arís ag cogadh ionsaithe na Rúise i gcoinne na hÚcráine;

N.  de bhrí gur spreag cogadh ionsaithe na Rúise i gcoinne na hÚcráine trí thír a bhfuil Comhaontuithe Comhlachais acu leis an Aontas – an Úcráin, an tSeoirsia agus an Mholdóiv – iarratais ar bhallraíocht a chur isteach, lena gcuirtear in iúl gur mian lena bpobail maireachtáil i dtíortha saora agus daonlathacha atá fréamhaithe go daingean sa teaghlach Eorpach; de bhrí, an 17 Meitheamh 2022, gur fhoilsigh an Coimisiún a thuairimí maidir le hiarratais ar bhallraíocht ón Úcráin, ó Phoblacht na Moldóive agus ón tSeoirsia, inar moladh don Chomhairle gur cheart an deis a thabhairt do na trí thír a bheith ina mbaill den Aontas Eorpach, chomh maith lena mholadh, go háirithe, go dtabharfaí stádas mar iarrthóir don Úcráin agus do Phoblacht na Moldóive, agus don tSeoirsia a luaithe a bheidh critéir áirithe comhlíonta ag an tír;

O.  de bhrí gur dheonaigh an Chomhairle Eorpach stádas mar iarrthóir don Úcráin agus don Mholdóiv an 23 Meitheamh 2022, agus peirspictíocht Eorpach na Seoirsia á aithint aici ag an am céanna;

P.  de bhrí gur limistéar d’iomaíocht straitéiseach agus gheopholaitiúil iad na Balcáin Thiar agus go bhfuil baol ann go ndíchobhsófar cuid dá dtíortha, rud a chuireann slándáil agus cobhsaíocht ár mór-roinne i mbaol; de bhrí go bhfuil tríú tíortha ag saothrú na leochaileachtaí sin, lena n-áirítear trí infheistíochtaí straitéiseacha agus feachtais bhréagaisnéise; de bhrí go bhfuil dlúthbhaint idir cobhsaíocht, slándáil agus athléimneacht dhaonlathach na dtíortha aontachais agus slándáil, cobhsaíocht agus athléimneacht dhaonlathach an Aontais;

Q.  de bhrí gur chuir an Chomhairle Eorpach in iúl ina conclúidí an 23 agus an 24 Meitheamh 2022 go bhfuil sí tiomanta go huile agus go hiomlán do pheirspictíocht AE na mBalcán Thiar agus gur iarr sí go gcuirfí dlús leis an bpróiseas aontachais;

R.  de bhrí gur leag an Chomhairle béim sa Chompás Straitéiseach don tSlándáil agus don Chosaint ar gur gá do thíortha na mBalcán Thiar leanúint de dhul chun cinn nithiúil a dhéanamh maidir leis an smacht reachta agus athchóirithe bunaithe ar luachanna, rialacha agus caighdeáin Eorpacha chun dul chun cinn a dhéanamh ar a gconair Eorpach;

S.  de bhrí gur cheart plean gníomhaíochta nithiúil a bheith mar thaca leis an gcinneadh ón gComhairle, plean lena n-áirítear ní hamháin spriocanna le comhlíonadh, a bhfuiltear ag súil leo ó na tíortha is iarrthóirí, ach lena n-áirithítear freisin go mbeidh an tacaíocht uile is gá ag Poblacht na Moldóive agus ag an Úcráin le bheith ina mBallstáit de chuid an Aontais; de bhrí gur cheart, leis an bplean, go mbeadh treochlár soiléir ann don tSeoirsia ina mbeidh na ceanglais nithiúla is gá di a chomhlíonadh chun stádas mar iarrthóir a fháil agus ina mbeidh an pheirspictíocht maidir le dul isteach san Aontas;

T.  de bhrí go bhfuil géarú déanta ag cogadh fuinnimh na Rúise agus ag scriosadh bhonneagar criticiúil na hÚcráine ar spleáchas agus leochaileachtaí na dtíortha is iarrthóirí, lena dtugtar chun suntais an deis agus an géarghá atá le tacaíocht airgeadais shuntasach láithreach ón Aontas, agus atá le hinfheistíochtaí in idirnascacht fhadtéarmach inbhuanaithe fuinnimh leis an Aontas, in éagsúlú fuinnimh agus neamhspleáchas straitéiseach;

U.  de bhrí gur tír is iarrthóir ar aontachas AE í Türkiye; de bhrí go bhfuil Türkiye fós go mór i bhfad ó luachanna agus ó chreat normatach an Aontais, bearna atá ag leathnú i réimsí bunúsacha, amhail an urraim don dlí idirnáisiúnta, don smacht reachta, do chearta an duine, do shaoirsí aonair, do chearta sibhialta agus don tsaoirse tuairimí a nochtadh, chomh maith le dea-chaidreamh comharsanachta agus comhar réigiúnach;

V.  de bhrí gur cheart gach tír de chuid an mhéadaithe a mheas ar a fiúntas féin agus gur cheart go mbeadh an dul chun cinn ar chonair an Aontais Eorpaigh ag brath ar dhul chun cinn marthanach agus do-aisiompaithe a dhéantar trí athchóirithe riachtanacha a bhaineann leis an Aontas, go háirithe i réimse an smachta reachta;

W.  de bhrí nach mór aontachas leis an Aontas Eorpach a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 49 CAE, bunaithe ar urraim do na nósanna imeachta ábhartha agus faoi réir chomhlíonadh na gcritéar bunaithe;

X.  de bhrí nach mór don Aontas a phrionsabail agus a luachanna a chosaint trí dhlúthpháirtíocht a léiriú leo siúd a sheasann d’idéil chomhroinnte;

Y.  de bhrí nach bhfuil aon áit san Aontas, ná i dtíortha ar mian leo a bheith ina mBallstáit, don reitric ghríosaitheach, do shéanadh an chinedhíothaithe nó do ghlóiriú coirpeach cogaidh is cuma cibé taobh; de bhrí gurb é an teacht chun réitigh leis an am atá caite an t-aon bhealach amháin chun fíor-athmhuintearas a bhaint amach, rud atá ríthábhachtach do shochaithe rathúla agus do lánpháirtiú rathúil;

1.  ag moladh an mhéid seo a leanas don Chomhairle, don Choimisiún agus do Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála:

  

An comhthéacs geopholaitiúil agus todhchaí agus comhtháthú an Aontais Eorpaigh

   (a) a aithint go bhfuil rathúnas agus slándáil an Aontais ag brath ar a chumas an tsíocháin, an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine lena n-áirítear cearta mionlaigh, saoirsí agus luachanna bunúsacha, agus an t-ord iltaobhach riailbhunaithe, lena n-áirítear ina gharchomharsanacht, a chosaint agus a chur chun cinn;
   (b) beartas méadaithe an Aontais a chur chun cinn mar an ionstraim aonair is éifeachtaí de chuid an Aontais chun síocháin, rathúnas agus bunluachanna a dhaingniú ar mhór-roinn na hEorpa;
   (c) ábharthacht agus inchreidteacht gheostraitéiseach agus gheopholaitiúil an Aontais a choinneáil trí fheabhas a chur ar chomhtháthú na mBallstát agus ar an gcomhar le comhpháirtithe atá ar aon intinn leis, go háirithe tíortha is iarrthóirí agus tíortha a d’fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí, i réimsí na gcomhbheartas eachtrach, slándála agus cosanta, agus trína phróisis chinnteoireachta a chuíchóiriú d’fhonn a bheith ina ghníomhaí domhanda níos inchreidte agus níos éifeachtúla, agus feidhmiú agus trédhearcacht a bheartas inmheánach á bhfeabhsú ag an am céanna, rud a fhágann gur fusa do thíortha is iarrthóirí iad a ghlacadh;
   (d) feabhas a chur ar chumas an Aontais gníomhú trí chinnteoireacht a athchóiriú, lena n-áirítear trí vótáil trí thromlach cáilithe a thabhairt isteach i réimsí atá ábhartha don phróiseas aontachais, agus trí fheidhmiú éifeachtach aontais mhéadaithe ina iomláine a áirithiú; deireadh a chur, go háirithe, leis an gceanglas maidir le haontoilíocht agus cinneadh á dhéanamh maidir le tús a chur leis an bpróiseas caibidlíochta chomh maith le braislí agus caibidlí caibidlíochta aonair a oscailt agus a dhúnadh;
   (e) aitheantas a thabhairt do chumhacht chlaochlaitheach an Aontais le linn phróiseas na lánpháirtíochta agus le linn na mbabhtaí rathúla a bhí ann roimhe seo de mhéadú an Aontais; torthaí dearfacha a bhaint amach do thíortha iarrthacha na mBalcán Thiar faoin bpróiseas cobhsaíochta agus comhlachais agus do thíortha iarrthacha Chomhpháirtíocht an Oirthir faoin bpróiseas comhlachais;
   (f) a aithint gur gá don Aontas feabhas a chur ar éifeachtacht a bheartais um méadú, a straitéis um méadú a uasghrádú agus measúnú agus athbhreithniú críochnúil criticiúil a dhéanamh ar chumas agus ar dhearcthaí méadaithe an Aontais, agus é a fheabhsú trí straitéis nua an Aontais don mhéadú, lena n-áirítear trí chuspóirí beartais atá soiléir agus trédhearcach a shainiú agus trí na hathchóirithe institiúideacha riachtanacha tráthúla a chur chun feidhme, agus é á dheimhniú ag an am céanna nach féidir aontachas iomlán leis an Aontas a ionadú agus go spreagfaidh próiseas an mhéadaithe athchóirithe AE a bhfuiltear ag súil go mór leo;
   (g) bailíocht chritéir Chóbanhávan agus ábharthacht chumas lánpháirtíochta an Aontais a athdhearbhú; páirt a thabhairt do na tíortha is iarrthóirí sa phlé maidir le hathchóirithe an Aontais Eorpaigh; leanúint de chruinnithe mullaigh rialta le tíortha na mBalcán Thiar agus le tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir chun úinéireacht pholaitiúil a neartú agus chun próiseas an mhéadaithe a stiúradh ar bhealach níos fearr; beart a dhéanamh maidir le rún an Choimisiúin tús a chur leis na hullmhúcháin is gá chun coinbhinsiún Eorpach a sheoladh agus aitheantas a thabhairt don tábhacht a bhaineann lena rath chun méadú an Aontais a bhaint amach go héifeachtach;
   (h) a áirithiú go leanfaidh an tAontas de bheith ina chomhphobal de stáit Eorpacha atá ag forbairt de réir a chéile agus atá oscailte d’aontachas daonlathais atá ar aon intinn leo, ar comhphobal é a roinneann agus a chosnaíon go hiomlán luachanna, prionsabail agus leasanna coiteanna agus a urramaíonn Conarthaí an Aontais Eorpaigh;
   (i) tiomantas na mBallstát a neartú i leith an mhéadaithe trí thiomantas an Aontais i leith thíortha na mBalcán Thiar agus thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir a chomhlíonadh; méadú an Aontais a dhéanamh mar phróiseas polaitiúil atá bunaithe ar fhiúntas; a dtoil pholaitiúil neamhshrianta a athdhearbhú maidir le dul chun cinn tuilleadh leis an bpróiseas aontachais do thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir agus a dtiomantas seanbhunaithe do thíortha na mBalcán Thiar a choinneáil, a théann siar go dtí Cruinniú Mullaigh Thessaloniki 2003 agus cruinniú mullaigh Chóbanhávan 1993; a áirithiú nach mbeidh aon roghanna malartacha ann a thiocfadh in ionad an mhéadaithe;
   (j) rannpháirtíocht ghníomhach na mBallstát i bpróiseas an mhéadaithe a spreagadh chun a áirithiú go mbainfear amach a chuspóirí trína mhodheolaíocht nua, lena gcomhcheanglaítear coinníollacht agus ionstraimí tacaíochta teicniúla agus airgeadais do na tíortha is iarrthóirí; dlús a chur le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta agus na n-údarás áitiúil agus réigiúnach i mBallstáit an Aontais agus i dtíortha is iarrthóirí araon sa phróiseas aontachais;
   (k) gan úsáid a bhaint as díospóidí déthaobhacha agus réigiúnacha nach bhfuil réitithe chun bac a chur ar phróisis aontachais na dtíortha is iarrthóirí agus sásra oifigiúil a ghlacadh chun na díospóidí sin a réiteach agus a eadránú chun tacú lena réiteach ar leithligh ón aontachas leis an Aontas, toisc gur féidir leo bac a chur ar chur chun feidhme bheartais Eorpacha agus tionchar réigiúnach agus domhanda an Aontais a lagú;
   (l) a aithint go bhfuil an úsáid a bhaineann na Ballstáit as saincheisteanna déthaobhacha ar mhaithe leo féin contrártha le spiorad Chonarthaí an Aontais Eorpaigh; obair a dhéanamh chun comhar réigiúnach agus cur chun cinn luachanna Eorpacha a bhaint amach;
   (m) cumarsáid straitéiseach a neartú agus faisnéis ábhartha a sholáthar maidir leis na tairbhí frithpháirteacha agus na deiseanna frithpháirteacha a bhaineann leis an méadú sna tíortha aontachais agus sna Ballstáit araon chun an tacaíocht a thugtar don phróiseas aontachais a mhéadú tuilleadh agus an tuiscint atá air a fheabhsú, go háirithe lasmuigh de na príomhchathracha, agus béim ar leith á leagan ar an daonlathas, ar an smacht reachta agus ar leas na saoránach; feabhas a chur ar infheictheacht chistiú an Aontais agus ar thorthaí nithiúla an chistithe sin i dtíortha an mhéadaithe;
   (n) oibriú go straitéiseach agus go réamhghníomhach chun bagairtí hibrideacha a chomhrac agus chun cur isteach tríú páirtí ar phróisis pholaitiúla, toghcháin agus dhaonlathacha eile na dtíortha aontachais a chosc, go háirithe gníomhartha mailíseacha arb é is aidhm dóibh tuairimí an phobail a chúbláil agus an bonn a bhaint de lánpháirtiú na hEorpa; cur leis an teacht aniar i gcoinne na bréagaisnéise agus feachtais shuaiteacha atá ceaptha an bonn a bhaint de phróisis dhaonlathacha agus deighiltí a chruthú, agus tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha a spreagadh chun bearta cinntitheacha a dhéanamh chun dul i ngleic le bréagaisnéis ionramhálach, bolscaireacht mhailíseach agus bagairtí hibrideacha eile;
  

An próiseas aontachais

   (o) bac sháinn an mhéadaithe a shárú trí athchóiriú a dhéanamh ar an bpróiseas aontachais chun aidhmeanna polaitiúla agus socheacnamaíocha a shainiú go soiléir, agus leas iomlán á bhaint as modheolaíocht nua an mhéadaithe chun a inchreidteacht, a intuarthacht agus a dinimiceas a mhéadú; machnamh a dhéanamh ar phríomh-idirbheartaithe an Aontais a cheapadh chun caibidlíocht a dhéanamh faoi shainordú leathan caibidlíochta, a bheadh cuntasach do Pharlaimint na hEorpa freisin;
   (p) dlús a chur le lánpháirtiú tíortha a léiríonn treoshuíomh straitéiseach agus tiomantas daingean d’athchóirithe a bhaineann leis an Aontas, don chomhdhlúthú daonlathach, do bhunluachanna agus d’ailíniú beartas eachtrach, lena n-áirítear smachtbhannaí;
   (q) a áirithiú go ndéanfar dul chun cinn gach tíre maidir le conair an aontachais a mheasúnú ar a fhiúntas féin agus ar a mhéid atá athchóirithe bunúsacha agus acquis an Aontais Eorpaigh glactha agus curtha chun feidhme ag an tír sin; an próiseas aontachais a athdhíriú ar shaoránaigh;
   (r) treochláir atá dírithe ar bhallraíocht a thairiscint do gach tír aontachais ar leith le céimeanna nithiúla mar aon le haiseolas rialta ar na torthaí a baineadh amach trí mhodheolaíocht an mhéadaithe a fheabhsú tuilleadh; modheolaíocht nua an Choimisiúin a dhaingniú mar choigeartú beartais fadtéarmach;
   (s) tagarmharcanna feidhmíochta soiléire, trédhearcacha agus comhsheasmhacha, lena n-áirítear amlínte, a chur i bhfeidhm, feabhas a chur ar thomhas an dul chun cinn agus tacaíocht chomhsheasmhach agus leanúnach pholaitiúil agus theicniúil a áirithiú ar fud an phróisis aontachais bunaithe ar fheidhmíocht aonair; cáilíocht, inléiteacht agus inrochtaineacht thuarascálacha an Choimisiúin a fheabhsú, go háirithe maidir leis an smacht reachta; tuairisciú rialta a sholáthar maidir leis an easpa dul chun cinn nó maidir le cúlú, ar bhealach córasach agus trédhearcach, lena n-áirítear coinníollacha soiléire don mheasúnú agus táscairí chun aon mharbhántacht nó cúlú tromchúiseach nó fada a thomhas; spriocdhátaí soiléire a bhunú chun an chaibidlíocht leis na tíortha aontachais a thabhairt chun críche faoi dheireadh na ndeich mbliana reatha ar a dhéanaí;
   (t) dlús a chur le dreasachtaí polaitiúla, eacnamaíocha agus teicniúla do thíortha aontachais, lena n-áiritheofar nach ndéanfaidh céimeanna idirmheánacha lánpháirtíochta ionadú ar an sprioc dheiridh a bhaineann le ballraíocht leis an Aontas Eorpach ach go n-éascófar an sprioc dheiridh sin;
   (u) dul chun cinn inbhuanaithe a chúiteamh le tíortha is iarrthóirí trí chéimniú isteach níos leithne i mbeartais, tionscnaimh agus an margadh aonair faoi seach de chuid an Aontais, lena n-áirítear rochtain ar chistí an Aontais sna réimsí faoi seach, rud a chuirfidh ar chumas na saoránach tairbhe a bhaint as an aontachas le linn an phróisis agus ní hamháin nuair a bheidh sé curtha i gcrích; obair a dhéanamh chun na bearnaí forbartha idir na Ballstáit agus na tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas a laghdú;
   (v) a áirithiú go mbeidh comhtháthú laistigh de mhargadh aonair an Aontais agus i réimsí eile bunaithe ar choinníollacht dhocht agus ar dhul chun cinn nithiúil maidir le hathchóirithe, agus smachtbhannaí á gcur, i bhfíor-am, i gcás aon chúlú nó moill gan údar sa phróiseas athchóirithe, go háirithe i réimsí an daonlathais, shaoirse na meán, an chomhraic i gcoinne an éillithe, chearta an duine agus an smachta reachta;
   (w) cur leis na deiseanna atá ag tíortha is iarrthóirí páirt a ghlacadh in obair institiúidí an Aontais agus breathnú ar an obair sin;
   (x) idirphlé polaitiúil struchtúrtha feabhsaithe a bhunú le tíortha comhlachaithe, tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha, lena n-áirítear cruinnithe na gceannairí ar imeall na Comhairle Eorpaí; comhar earnálach a oscailt le tíortha aontachais agus dlús a chur le malartuithe maidir le dea-chleachtais chun tuilleadh comhtháthaithe eacnamaíoch agus comhchuibhithe reachtaigh a chur chun cinn agus chun comhtháthú de réir a chéile a éascú;
   (y) aitheantas a thabhairt don ról atá ag comhlachtaí agus fóraim idir-rialtasacha atá ann cheana amhail an Tionscnamh Aidriadach Iónach, an Tionscnamh na hEorpa Láir agus Próiseas Bheirlín, agus sineirgí a chur chun cinn eatarthu chun na naisc iltaobhacha idir na Balcáin Thiar agus na Ballstáit a mhéadú mar bhealach chun an lánpháirtiú a chur chun cinn;
   (z) tacú leis an tús a cuireadh leis na cainteanna aontachais, a rabhthas ag súil leo le fada an lá, ag na chéad chomhdhálacha idir-rialtasacha le Poblachtaí na hAlbáine agus na Macadóine Thuaidh a tionóladh an 19 Iúil 2022; an méid atá bainte amach ag tíortha na mBalcán Thiar a aithint go tráthúil, lena n-áirítear trí léirscaoileadh víosaí a dheonú don Chosaiv gan mhoill;
   (aa) an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin a spreagadh agus tacú léi chun a creat reachtach agus institiúideach a fheabhsú chun dul chun cinn fóinteach a áirithiú maidir le haghaidh a thabhairt ar na 14 phríomhthosaíocht, mar a athdhearbhaíodh sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 23 agus an 24 Meitheamh 2022; sa chomhthéacs sin, is díol sásaimh do Pharlaimint na hEorpa an moladh ón gCoimisiún ina bhfuil coinníollacha maidir le stádas mar thír is iarrthóir a thabhairt don Bhoisnia agus an Heirseagaivéin mar theachtaireacht shoiléir tacaíochta agus mar thiomantas aonchiallach dá peirspictíocht Eorpach chomh maith le céim i dtreo chobhsú na tíre agus an réigiúin, agus á iarraidh ar an gComhairle Eorpach obair leantach a dhéanamh ar an moladh a luaithe is féidir;
   (ab) á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le dul chun cinn soiléir a dhéanamh maidir le príomh-athchóirithe a chur chun feidhme d’fhonn stádas tíre is iarrthóir a dheonú;
   (ac) leanúint de spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do dhlús a chur le haontachas Mhontainéagró, mar cheannródaí i bpróiseas aontachais an Aontais; cúnamh a thabhairt don tír na coinníollacha uile is gá a chomhlíonadh, lena n-áirítear trí thagarmharcanna deiridh a shocrú le haghaidh caibidlí caibidlíochta; a iarraidh go n-urramófar féiniúlacht il-eitneach na tíre; sa chomhthéacs seo, cuireann Parlaimint na hEorpa in iúl gur cúis bhuartha di an ghéarchéim pholaitiúil leanúnach i Montainéagró, a raibh iarmhairtí diúltacha aici cheana féin agus a bhfuil iarmhairtí diúltacha aici i gcónaí do chonair aontachais na tíre le AE; á mheabhrú nach mór gach gníomhaíocht reachtach a ailíniú le bunreacht na tíre, ós rud é go bhfuil an smacht reachta ar cheann de luachanna agus de phrionsabail bhunúsacha na hEorpa;
   (ad) tacú le cinneadh fíorghasta na Comhairle Eorpaí maidir le hiarratais ar bhallraíocht AE ón Úcráin, ó Phoblacht na Moldóive agus ón tSeoirsia agus leanúint de thacaíocht pholaitiúil agus theicniúil a chur ar fáil dóibh i gcomhthéacs chogadh ionsaithe na Rúise i gcoinne na hÚcráine; iarraidh ar údaráis na dtrí thír a dtiomantas polaitiúil a léiriú go soiléir maidir le mianta Eorpacha a bpobal a bhaint amach trí dhul chun cinn suntasach a dhéanamh maidir le hathchóirithe suntasacha, go háirithe na tosaíochtaí a leagtar amach i dtuairimí an Choimisiúin an 17 Meitheamh 2022, chun na critéir maidir le ballraíocht AE a chomhlíonadh go héifeachtach a luaithe is féidir; tréimhse mhachnaimh a sheoladh maidir le conas feabhas a chur ar éifeachtacht an chúnaimh airgeadais agus theicniúil a bhaineann le haontachas i gcomhréir leis na tosaíochtaí athchóirithe sonraithe;
   (ae) tacú le cur chun feidhme leanúnach agus éifeachtach na gComhaontuithe Comhlachais agus na Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála leis an Úcráin, le Poblacht na Moldóive agus leis an tSeoirsia; athbhreithniú a dhéanamh ar straitéis Chomhpháirtíocht an Oirthir de chuid an Aontais agus comhar réigiúnach a fheabhsú;
   (af) cúnamh a thabhairt don Úcráin agus do Phoblacht na Moldóive chun cabhrú leo na coinníollacha a leag an Coimisiún síos le haghaidh céimeanna breise i dtreo ballraíocht AE a chomhlíonadh, agus cabhrú leis an tSeoirsia na céimeanna is gá a thabhairt i gcrích chun stádas mar iarrthóir a fháil; díriú go háirithe ar neamhspleáchas na mbreithiúna, ar an gcomhrac i gcoinne an éillithe, ar fhormhaoirseacht dhaonlathach, ar chearta an duine agus ar an dí-olagarcú; trasdul na dtíortha sin ó Chomhpháirtíocht an Oirthir chuig an gcreat um méadú a éascú, lena n-áirítear an t-aistriú ó ionstraim NDICI — an Eoraip Dhomhanda chuig an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA); buiséad foriomlán IPA III a mhéadú go leordhóthanach chun cistiú a choinneáil do thairbhithe reatha IPA III;
   (ag) dlús a chur le rannpháirtíocht chuiditheach an Aontais le húdaráis na Seirbia agus na Cosaive araon chun comhaontú cuimsitheach um normalú atá ceangailteach ó thaobh dlí a bhaint amach, comhaontú a bheidh bunaithe ar aitheantas frithpháirteach idir an dá thír faoi chuimsiú an Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine, rud atá ríthábhachtach don dá thír chun dul chun cinn a dhéanamh ar a gconairí Eorpacha faoi seach agus lena rannchuideofar leis an gcobhsaíocht réigiúnach, leis an rathúnas agus le normalú an chaidrimh; a athdhearhbú a ríthábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna uile atá fós gan réiteach tríd an Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine go pras, go trédhearcach agus de mheon macánta;
   (ah) tús áite a thabhairt d’ailíniú na dtíortha aontachais le comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais agus gan caibidlíocht aontachais leis an tSeirbia a chur chun cinn ach amháin má ailíníonn an tír le smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na Rúise agus má dhéanann sí dul chun cinn suntasach maidir leis na hathchóirithe a bhaineann le AE; a iarraidh ar an tSeirbia ailíniú córasach a dhéanamh le bearta sriantacha agus le beartas ginearálta an Aontais i leith na Rúise, dul chun cinn sa daonlathas agus sa smacht reachta a léiriú agus glacadh le luachanna agus tosaíochtaí an Aontais; athmhachnamh a dhéanamh ar aon chiste déthaobhach agus aon chiste de chuid an Aontais don tSeirbia a d’fhéadfadh dul chun tairbhe d’údaráis na Seirbia, go háirithe maidir le haon tionscadal a mhaoinítear faoin bPlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar, chun a áirithiú go mbeidh caiteachas uile an Aontais i gcomhréir go hiomlán le spriocanna agus leasanna straitéiseacha an Aontais;
   (ai) próiseas na caibidlíochta aontachais le Türkiye a choinneáil reoite, i gcomhréir leis an gcreat caibidlíochta, go dtí go mbeidh an tír rannpháirteach i ndáiríre leis an Aontas agus go léireoidh sí go bhfuil dul chun cinn soiléir agus suntasach déanta i réimse na saoirsí bunúsacha, i réimse chearta sibhialta agus chearta an duine agus i réimse an smachta reachta, chomh maith le hathchóirithe eile a bhaineann leis an Aontas, agus sláine chríochach na mBallstát á hurramú go hiomlán, agus leanúint de chomhpháirtíocht i réimsí bunriachtanacha leasa chomhpháirtigh agus comhar eacnamaíoch agus cultúrtha a choinneáil ar bun, go háirithe leis an tsochaí shibhialta;
   (aj) toilmhianta mhuintir na Bealarúise atá ar son na hEorpa, atá ag iarraidh maireachtáil i sochaí shaor agus dhaonlathach, a aithint agus tacú leo, agus obair go rannpháirteach ar bhonn foirmiúil le freasúra daonlathach na Bealarúise;
  

Coinníollacht

   (ak) a dheimhniú go bhfuil ról lárnach ag an gclaochlú daonlathach agus ag an smacht reachta i bpróiseas aontachais an Aontais, i gcomhréir leis an modheolaíocht nua; tosaíocht a thabhairt do neamhspleáchas breithiúnach, don chomhar réigiúnach agus breithiúnach, don dea-rialachas, don chomhrac i gcoinne an éillithe, na gáinneála, na bréagaisnéise, an sciúrtha airgid agus na coireachta eagraithe, deireadh a chur le tionchar míchuí olagarcaí ar údaráis, ar na meáin agus ar an ngeilleagar, agus cearta an duine a chur chun cinn, lena n-áirítear cearta mionlaigh, comhionannas inscne, saoirsí bunúsacha agus saoirse na meán, mar réamhchoinníollacha ríthábhachtacha, doshannta chun dul chun cinn a dhéanamh ar chonair an Aontais;
   (al) rannpháirtíocht na sochaí sibhialta, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus saineolaithe a neartú san fhaireachán ar an bpróiseas aontachais; a aithint agus a leabú ina straitéis um méadú go bhfuil dlúthbhaint ag an smacht reachta, ag institiúidí daonlathacha neamhspleácha láidre, ag saoirse na meán agus ag sochaí shibhialta bhríomhar leis an athléimneacht dhaonlathach;
   (am) córas smachtbhannaí an Aontais i ndáil le cearta an duine (Ionstraim Eorpach Magnitsky) a chur chun feidhme, agus é a leathnú chun smachtbhannaí ar choireanna éillithe a chuimsiú, lena gcumhdaítear tíortha aontachais;
   (an) a áirithiú nach mbainfear an bonn de chaighdeáin dhaonlathacha agus dhlíthiúla ná nach ndéanfar beag díobh ó laistigh d’institiúidí an Aontais ná ó na Ballstáit; a mheabhrú do na Coimisinéirí Eorpacha go bhfuil sé d’oibleagáid orthu gníomhú le hionracas, le discréid agus le neamhspleáchas i gcomhréir lena gcód iompair;
   (ao) feabhas a chur ar chomhsheasmhacht, éifeachtúlacht, infheictheacht agus trédhearcacht an chúnaimh réamhaontachais, lena léirítear go soiléir na tosaíochtaí sna réimsí bunúsacha i leithdháileadh chistiú IPA III; na bearta ceartaitheacha is gá a dhéanamh agus treoirlínte a fhorbairt maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha IPA III maidir le coinníollacht i gcomhréir le torthaí Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ina tuarascáil speisialta an 10 Eanáir 2022 maidir le tacaíocht ón Aontas don smacht reachta sna Balcáin Thiar;
   (ap) meastóireacht iomlán chuimsitheach a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa ar úsáid na gcistí réamhaontachais uile, lena n-áirítear cistí agus tionscadail i dtíortha aonair sa réigiún ó 2015 ar aghaidh;
   (aq) cur i bhfeidhm straitéiseach a dhéanamh ar an gcoinníollacht spriocdhírithe bunaithe ar thagarmharcanna soiléire dul chun cinn, athchóirithe a chúiteamh agus smachtbhannaí a chur i bhfeidhm i gcás easpa leanúnach dul chun cinn;
   (ar) tuairisciú ar an smacht reachta a neartú do na tíortha aontachais uile trí mhodheolaíocht an mhéadaithe agus an próiseas tuairiscithe bhliantúil a chur chun feidhme agus a fheabhsú go hiomlán, agus trí shásraí faireacháin, idirphlé agus rabhaidh a bhunú chun móreasnaimh sa smacht reachta a cheartú, trí choinníollacht dhearfach a thairiscint i bhfoirm rochtana ar bheartais an Aontais nó trí choinníollacht dhiúltach a thionscnamh trí chaibidlíochtaí aontachais agus cistiú réamhaontachais a chur ar fionraí, go háirithe trí fhorálacha ábhartha Rialachán (AE) 2021/1529 maidir le IPA III a chur i bhfeidhm go tapa agus go hiomlán, agus trí athoscailt na gcaibidlí caibidlíochta faoi chlásail in-aisiompaitheachta a chumasú, agus trí dhlúthpháirt a thabhairt don tsochaí shibhialta sa phróiseas;
   (as) creat a bhunú le haghaidh comhar éifeachtach idir Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) agus na tíortha aontachais; ugach a thabhairt d’iarrthóirí agus d’iarrthóirí ionchasacha ar aontachas AE chun socruithe oibre déthaobhacha a thabhairt i gcrích go pras le OIPE chun dlúthchomhar a éascú agus mí-úsáid chistí an Aontais a ionchúiseamh, lena n-áirítear trí oifigigh náisiúnta idirchaidrimh a thabhairt ar iasacht do OIPE;
   (at) measúnú foirmiúil a dhéanamh ar thíortha aontachais faoi shásra smachta reachta agus tuairiscithe an Aontais, agus faoi Scórchlár Ceartais AE, ag úsáid na dtáscairí céanna a bhfuil feidhm acu maidir leis na Ballstáit, agus é mar aidhm leis sin léargas oibiachtúil agus soiléir a thabhairt ar staid na himeartha chun easpa leanúnach dul chun cinn, easnaimh thromchúiseacha agus cúlchéimniú a chosc;
   (au) tascfhórsa tiomnaithe maidir leis an smacht reachta a bhunú, a mbeidh sé de chúram air tacaíocht níos substaintiúla agus níos éifeachtaí a fhorbairt do thíortha is iarrthóirí agus do thíortha is iarrthóirí ionchasacha, le rannpháirtíocht ghníomhach bhreithiúna agus ionchúisitheoirí ó na Ballstáit; a áirithiú go bhforfheidhmeofar comhlíonadh chomhluachanna an Aontais trí nósanna imeachta inmheánacha a chur i bhfeidhm agus a neartú chun dul i ngleic go cinntitheach le fadhbanna a bhaineann leis an smacht reachta;
  

Claochlú daonlathach agus socheacnamaíoch i dtíortha is iarrthóirí

   (av) páirt ghníomhach a ghlacadh i gcultúr an iolrachais pholaitiúil agus an chuimsithe pholaitiúil a chothú, agus san idirphlé cuiditheach polaitiúil agus feidhmeanna parlaiminteacha i ndáil le reachtaíocht, grinnscrúdú agus maoirseacht;
   (aw) athchóirithe toghcháin a chothú a bhfuil sé d’aidhm acu próisis toghcháin shaora, chothroma agus dhaonlathacha, nach bhfuil aon cheist fúthu, a áirithiú i ngach tír is iarrthóirí agus is iarrthóirí ionchasacha agus an próiseas toghcháin a neartú i ndáil le hOifig ESCE um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine, Coimisiún na Veinéise agus gealltanais, oibleagáidí agus caighdeáin idirnáisiúnta eile, iolrachas daonlathach, daonlathas laistigh den pháirtí, agus glacadh creataí inmheánacha chun sláine agus éilliú a chomhrac laistigh de pháirtithe polaitiúla, trédhearcacht chistiú na bpáirtithe agus na meán, agus neamhspleáchas agus saoirse bhreithiúnach agus na meán, trí na tagarmharcanna sin a leagan síos mar réamhchoinníollacha le haghaidh tacaíocht airgeadais agus aon dul chun cinn breise sa phróiseas aontachais;
   (ax) misin fheabhsaithe rialta de shaineolaithe ar an smacht reachta agus misin bhreathnóireachta toghcháin chuig tíortha aontachais a sheoladh;
   (ay) feidhmiú i gcoinne na fuathchainte, feachtais chlúmhillte, bagairtí agus imeaglú i gcoinne iriseoirí agus soláthraithe meáin agus a aitiú go ndéanfaí na cionta sin a imscrúdú agus a ionchúiseamh, lena gcumasófaí timpeallacht shábháilte d’iriseoirí, agus aghaidh á tabhairt ar na saincheisteanna maidir le comhchruinniú meáin, leis an mbrú polaitiúil agus eacnamaíoch agus leis an easpa trédhearcachta maidir le húinéireacht na meán; leanúint dá chomhar le Comhairle na hEorpa chun tacú le tíortha aontachais agus athchóirithe agus oiliúint riachtanach á gcur i gcrích acu;
   (az) cuntasacht dhaonlathach a chosaint, trédhearcacht agus cuimsitheacht a mhéadú, agus gné pharlaiminteach an phróisis aontachais, go háirithe formhaoirseacht pharlaiminteach, a fheabhsú; tacú le hobair pharlaiminteach i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha agus gníomhaíochtaí grinnscrúdaithe a bhaineann le haontachas agus gníomhaíochtaí tacaíochta daonlathais Pharlaimint na hEorpa agus uirlisí tacaíochta daonlathais a éascú, amhail idirphlé Jean Monnet agus idirphlé idirpháirtí; tacú le glúin nua de cheannairí polaitiúla sna tíortha aontachais;
   (ba) a áirithiú go mbeidh institiúidí formhaoirseachta agus comhlachtaí daonlathacha neamhspleácha eile in ann a ról a chomhlíonadh go héifeachtach i bpróisis pholaitiúla na dtíortha is iarrthóirí, dá bhforáiltear ina mbunreachtanna;
   (bb) cruinnithe parlaiminteacha déthaobhacha idir parlaimintí na mBallstát agus na dtíortha aontachais araon a spreagadh agus bealaí a mheas chun an tréimhse a thabhairt chun tosaigh inar féidir le breathnóirí ó thíortha is iarrthóirí a suíochán a ghlacadh i bParlaimint na hEorpa, chomh maith le clabhsúr a chur ar chaibidlíocht maidir le braislí sonracha;
   (bc) a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí an chomhdhlúthaithe dhaonlathaigh, na sláine institiúidí, an fháis fhadtéarmaigh agus an chomhtháthaithe shocheacnamaíoch le próiseas an mhéadaithe, agus béim á leagan ag an am céanna ar an nasc díreach idir an smacht reachta agus an comhrac in aghaidh an éillithe agus forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe agus chothrom; díriú ar na hiarmhairtí diúltacha sóisialta a bhaineann leis na próisis chlaochlaithe is gá i dtíortha is iarrthóirí a mhaolú, agus faisnéis a chur isteach sna tuarascálacha bliantúla maidir le comhfhogasú a dhéanamh ar acquis sóisialta an Aontais; obair a dhéanamh chun eisimirce daoine oilte ó thíortha is iarrthóirí a chosc agus a aisiompú;
   (bd) iarrachtaí a threisiú go tréan chun coinbhleachtaí a réiteach, muinín a chur chun cinn, athmhuintearas inbhuanaithe a bhaint amach lena gcumhdaítear ionchúiseamh éifeachtach neamhchlaonta coireanna cogaidh, agus rochtain ar fhírinne, ar cheartas agus ar chúiteamh éifeachtach agus neamhroghnach a áirithiú, lena n-áirítear d’íospartaigh an fhoréigin ghnéasaigh; cur chun feidhme iomlán rialuithe cúirte intíre agus idirnáisiúnta agus comhlíonadh na n-oibleagáidí idirnáisiúnta maidir le coireanna cogaidh agus daoine ar iarraidh a éascú, agus aghaidh á tabhairt ar ghlóiriú coirpeach cogaidh agus athbhreithnitheacht stairiúil;
   (be) dlús a chur leis na hiarrachtaí i dtreo dea-chaidreamh comharsanachta, comhar socheacnamaíoch atá cuimsitheach agus éifeachtach ar an leibhéal réigiúnach agus dlúthpháirtíocht i dtíortha aontachais an Aontais chomh maith le comhar trasteorann réigiúnach idir Ballstáit an Aontais agus tíortha comhpháirtíochta feadh theorainneacha seachtracha an Aontais; iomaíochas eacnamaíoch agus comhtháthú sóisialta sna Balcáin Thiar a fheabhsú trí athchóirithe struchtúracha agus trí chomhar eacnamaíoch réigiúnach a bhunú a bheidh inghlactha ag gach ceann de na sé thír, agus tuilleadh ailínithe le caighdeáin agus acquis an Aontais á shaothrú agus rannchuidiú le próiseas lánpháirtithe an Aontais; sa chomhthéacs sin, is díol sásaimh do Pharlaimint na hEorpa na comhaontuithe a rinneadh le déanaí ag Cruinniú Mullaigh Phróiseas Bheirlín, go háirithe tabhairt i gcrích na gcomhaontuithe soghluaisteachta réigiúnacha maidir leis an tsaoirse chun taistil le cártaí aitheantais agus le haitheantas a thabhairt do dhioplómaí acadúla agus deimhnithe gairme; cúiseanna mór imní a chur in iúl maidir le haon tionscnamh um chomhar eacnamaíoch réigiúnach nach gcuimsíonn gach ceann de shé thír na mBalcán Thiar agus nach bhfuil bunaithe ar rialacha an Aontais, amhail tionscnamh na mBalcán Oscailte;
   (bf) a áitiú gur gá sochaí chuimsitheach a thógáil atá saor ó idirdhealú, ciníochas, náisiúnachas foréigneach agus antoisceachas; díriú ar mhionlaigh a chosaint, lena n-áirítear na Romaigh, daoine LGBTIQ+, pobail eitneacha agus reiligiúnacha, agus daoine faoi mhíchumas agus ar chaomhnú na héagsúlachta cultúrtha agus teanga; comhionannas inscne agus cearta na mban agus na gcailíní a phríomhshruthú, mná agus daoine óga a chumhachtú agus infheistíocht a dhéanamh iontu, agus dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne an fhoréigin inscnebhunaithe;
   (bg) sáruithe ar chearta an duine agus an chóireáil mhídhaonna a chuirtear ar iarrthóirí tearmainn agus ar imircigh a cháineadh go láidir; oibriú chun a áirithiú go mbeidh na coinníollacha do dhaoine atá á gcoinneáil agus do phríosúnaigh ina gcoinníollacha díniteacha agus go mbeidh siad i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta; céasadh agus saoirse ó phionós i gcás mí-úsáid thromchúiseach ag gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí a cháineadh;
   (bh) dlús a chur le rannpháirtíocht na saoránach agus le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta i bpróiseas an mhéadaithe trí chomhar a mhéadú leis an tsochaí sibhialta, tacú léi agus cistí a leithdháileadh uirthi; a áirithiú go leanfaidh eagraíochtaí na sochaí sibhialta de thacaíocht airgeadais leordhóthanach a fháil tar éis aontachas AE;
   (bi) infheistíocht a dhéanamh i soghluaisteacht agus nascacht na hóige agus idir-réigiúnach, lena n-áirítear trí rochtain leathan ar Erasmus+ a chur ar fáil, agus a bhuiséad a mhéadú, chomh maith le cláir shoghluaisteachta eile d’acadóirí óga, do speisialtóirí agus do thaighdeoirí ó thíortha is iarrthóirí; ina theannta sin, comhtháthú breise na dtíortha comhpháirtíochta i gcláir an Aontais a chothú, amhail Erasmus+, Fís Eorpach agus Eoraip na Cruthaitheachta, agus feabhas a chur ar an gcomhar faoi chuimsiú na gclár atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo; obair a dhéanamh chun dul i ngleic leis an dífhostaíocht i measc na hóige;
   (bj) teagmháil duine le duine a chur chun cinn idir Ballstáit an Aontais agus na tíortha is iarrthóirí agus cláir malartaithe óige a threisiú; aitheantas a thabhairt don tábhacht a bhaineann le soghluaisteacht trasteorann chun na teagmhálacha sin a neartú, agus forbairt bonneagair teorann chun na críche sin a spreagadh; iarrachtaí coiteanna an Aontais agus thíortha na mBalcán Thiar maidir le teagmhálacha agus malartuithe duine le duine a threisiú agus, i gcás inar féidir, a mhéadú chun íomhánna dearfacha frithpháirteacha a chothú i measc an phobail;
   (bk) tacaíocht a mhéadú don fhorbairt eacnamaíoch, don gheilleagar margaidh, don nascacht iompair, don iomaíochas agus don aistriú glas;
   (bl) comhpháirtíochtaí a neartú idir tíortha is iarrthóirí agus AE trí phríomhthionscadail bhonneagair faoi chuimsiú na nGréasán Tras-Eorpach Fuinnimh (GTE‑F) agus na nGréasán Iompair (TEN-T), agus ag an am céanna cúnamh airgeadais a mhéadú do thíortha is iarrthóirí chun caolas trasteorann a mhaolú agus naisc iompair a fhorbairt do phaisinéirí agus d’iompar lastais;
   (bm) éifeachtúlacht fuinnimh, nascacht agus an t-aistriú chuig fuinneamh glan a chur chun cinn, lena méadófar éagsúlú agus slándáil an tsoláthair fuinnimh, chomh maith leis an bhforbairt inbhuanaithe; a áirithiú go ndéanfar an t-aistriú fuinnimh go cothrom agus ar bhealach atá inbhuanaithe go sóisialta, le tacaíocht leordhóthanach ón Aontas agus óna Bhallstáit do ghrúpaí leochaileacha; bearta a dhéanamh láithreach chun nascadh fadtéarmach inbhuanaithe na dtíortha is iarrthóirí a bhaint amach le gréasán tarchurtha fuinnimh na hEorpa; infheistíochtaí suntasacha a shlógadh chun tacú leis an bhforbairt ar réitigh áitiúla in-athnuaite; na tíortha is iarrthóirí a áireamh i straitéisí beartais fuinnimh an Aontais, agus béim ar leith á leagan orthu siúd atá ag brath go mór ar ghás na Rúise agus a ndearnadh difear mór dóibh mar gheall ar a rogha Eorpach;
   (bn) treochlár a chur chun feidhme chun deireadh a chur de réir a chéile le táillí fánaíochta idir an tAontas Eorpach agus tíortha aontachais;

2.  á threorú dá hUachtarán an moladh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, agus, mar fhaisnéis, chuig rialtais agus parlaimintí na dtíortha aontachais.

(1) IO C 202, 28.5.2021, lch. 86.
(2) IO C 362, 8.9.2021, lch. 129.
(3) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0249.
(4) IO L 161, 29.5.2014, lch. 3.
(5) IO L 330, 20.9.2021, lch. 1.
(6) IO C 342, 6.9.2022, lch. 148.
(7) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0244.
(8) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0235.

An nuashonrú is déanaí: 1 Márta 2023Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais