Leasú a dhéanamh ar Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027
P9_TA(2022)0410
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Samhain 2022 ar an dréachtrialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (14471/2022 – C9‑0386/2022 – 2022/0369(APP))
(An nós imeachta reachtach speisialta – toiliú)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don dréachtrialachán ón gComhairle (14471/2022),
– ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 312 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus le hAirteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (C9-0386/2022),
– ag féachaint do Riail 92, Riail 105(1) agus (4) agus Riail 163 dá Rialacha Nós Imeachta,
1. ag tabhairt a toilithe don dréachtrialachán ón gComhairle;
2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.