Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Samhain 2022 ar an Ollstruchtúr Airgeadais Eorpach don Fhorbairt a bheidh ann amach anseo (2021/2252(INI))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don Ráiteas Comhpháirteach ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, Pharlaimint na hEorpa agus an Choimisiúin Eorpaigh an 30 Eanáir 2008 dar teideal The European Consensus on Humanitarian Aid [Comhdhearcadh Eorpach maidir le Cabhair Dhaonnúil](1),
– ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre an Choimisiúin an 30 Aibreán 2014 dar teideal Tool-box – A rights-based approach, encompassing all human rights for EU development cooperation [Bosca uirlisí – Cur chuige atá bunaithe ar chearta, lena gcuimsítear cearta uile an duine ar mhaithe le comhar AE um fhorbairt] (SWD(2014)0152),
– ag féachaint do rún ó na Náisiúin Aontaithe an 21 Deireadh Fómhair 2015 dar teideal Transforming our World: the 2030 Agenda for Sustainable Development [I mbun athrú: Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe] a glacadh ag Cruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe maidir le Forbairt Inbhuanaithe an 25 Meán Fómhair 2015 i Nua-Eabhrac, agus do na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna),
– ag féachaint don Tríú Comhdháil Idirnáisiúnta um Maoiniú Forbraíochta a tionóladh in Addis Ababa an 13 go dtí an 16 Iúil 2015, agus do Chlár Oibre Gníomhaíochta Addis Ababa,
– ag féachaint don chomhaontú a glacadh ag an 21ú Comhdháil de Pháirtithe Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (COP21) i bPáras an 12 Nollaig 2015 (Comhaontú Pháras),
– ag féachaint don ráiteas comhpháirteach ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2017 dar teideal The New European Consensus on Development – Our world, our dignity, our future [An Comhdhearcadh Eorpach Nua maidir le Forbairt – ‘Ár ndomhan, ár ndínit, ár dtodhchaí](2),
– ag féachaint don tuarascáil ón nGrúpa Ardleibhéil Saoithe i nDeireadh Fómhair 2019 ar an Ollstruchtúr Airgeadais Eorpach don Fhorbairt dar teideal Europe in the World – The future of the European Architecture for Development [An Eoraip sa Domhan – an tOllstruchtúr Airgeadais Eorpach don Fhorbairt a bheidh ann amach anseo],
– ag féachaint do Staidéar Féidearthachta ón gComhairle an 14 Aibreán 2021 maidir le roghanna chun an tOllstruchtúr Airgeadais Eorpach don Fhorbairt a neartú,
– ag féachaint do Chonclúidí ón gComhairle an 10 Meitheamh 2021 maidir leis an ollstruchtúr airgeadais Eorpach don fhorbairt a fheabhsú,
– ag féachaint do threochlár ón gCoimisiún an 24 Márta 2022 le haghaidh ollstruchtúr airgeadais Eorpach feabhsaithe don fhorbairt agus tuarascáil 2021 ar dhul chun cinn (COM(2022)0139),
– ag féachaint do Thuarascáil Chomhpháirteach ó BEI-BEAF an 25 Samhain 2021 maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh i gcomhthéacs na gConclúidí ón gComhairle maidir leis an Ollstruchtúr Airgeadais Eorpach don Fhorbairt (EFAD),
– ag féachaint do thuairim Uimh. 7/2020 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 11 Meán Fómhair 2020 a ghabhann leis an tuarascáil ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme an Chiste Eorpaigh um Fhorbairt Inbhuanaithe (CEFI),
– ag féachaint do rún uaithi an 25 Márta 2021 dar teideal A new EU-Africa Strategy – a partnership for sustainable and inclusive development [Straitéis nua idir AE agus an Afraic – comhpháirtíocht don fhorbairt inbhuanaithe agus chuimsitheach](3),
– ag féachaint do rún uaithi an 7 Deireadh Fómhair 2021 ar an tuarascáil cur chun feidhme maidir le Cistí Iontaobhais AE agus an tSaoráid do Dhídeanaithe sa Tuirc(4),
– ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 1 Nollaig 2021 dar teideal The Global Gateway (JOIN(2021)0030),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle(5),
– ag féachaint don 6ú Cruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach an 17-18 Feabhra 2022 agus don ráiteas deiridh gaolmhar dar teideal A Joint Vision for 2030 [Fís chomhpháirteach do 2030],
– ag féachaint d’Airteagal 209 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus do reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI), atá i gceangal leis na Conarthaí agus lena leagtar síos gurb é BEI institiúid airgeadais an Aontais Eorpaigh, go bhfuil sé faoi úinéireacht eisiach na 27 mBallstát go léir de AE agus go bhfuil sé de chúram air rannchuidiú le cur chun feidhme bheartas forbartha AE,
– ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Buiséid agus ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt (A9-0270/2022),
A. de bhrí go bhfuil paindéim COVID-19 tar éis cur leis an mbearna shuntasach mhaoiniúcháin atá ann cheana féin le haghaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) agus gur tháinig laghdú foriomlán USD 700 billiún ar acmhainní, agus, ag an am céanna, go bhfuil méadú USD 1 trilliún tagtha ar na riachtanais (ar a dtugtar ‘éifeacht siosúir’), rud a fhágann go meastar go dtiocfaidh méadú 70 % ar an mbearna bhliantúil chistiúcháin i dtíortha atá i mbéal forbartha, ó USD 2.5 trilliún a bhí ann roimh an bpaindéim go USD 4,2 trilliún (EUR 3,7 trilliún)(6);
B. de bhrí go bhfuil bearna bhliantúil mhaoiniúcháin USD 148 mbilliún i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim ísil i dtaca le SDG 4 a bhaint amach idir seo agus 2030; de bhrí go bhféadfadh costais bhreise a bhaineann le dúnadh scoileanna de dheasca COVID-19 an bhearna mhaoiniúcháin sin a mhéadú faoina trian;
C. de bhrí go bhfuil cogadh na Rúise san Úcráin tar éis cás na SDGanna san Úcráin agus sna tíortha máguaird a dhéanamh i bhfad níos measa; de bhrí go mbeidh tionchar ag cogadh na Rúise san Úcráin ar chur chun feidhme na SDGanna ar fud an domhain, go háirithe i ndáil leis an gcomhrac i gcoinne na bochtaineachta agus an ocrais, rud a chuireann leis an mbaol go mbeidh níos mó corraíl shibhialta, coinbhleachtaí agus imirce neamhrialta ann; de bhrí go bhfuil na hacmhainní a bhaineann leis an gcabhair um fhorbairt, atá gann cheana féin, curtha ar atreo i ngeall ar an scrios atá déanta ag gníomh coiriúil Putin; de bhrí nach eol fós iarmhairtí fadtéarmacha an chogaidh sin; de bhrí go bhfuil freagairt leanúnach neamhghnách ó ghníomhaithe uile AE agus athbhreithniú uilechórais ar an Ollstruchtúr Airgeadais Eorpach don Fhorbairt (EFAD) ag teastáil de dheasca an laghdaithe mhóir atá tagtha ar mhaoiniú na SDGanna agus iarmhairtí phaindéim COVID-19;
D. de bhrí nach leor an cheannaireacht pholaitiúil agus airgeadais atá ann faoi láthair agus na hiarrachtaí atá déanta ag AE chun na SDGanna agus spriocanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach agus chun aghaidh a thabhairt ar mhórdhúshláin dhomhanda eile, go háirithe an t-athrú aeráide atá ag dul in olcas, an méadú mór atá tagtha ar ualach fiachais na dtíortha comhpháirtíochta, iarmhairtí COVID-19 agus coinbhleachtaí foréigneacha, agus, dá bhrí sin, gur gá oibriú i gcomhar le chéile ar an leibhéal idirnáisiúnta chun a áirithiú go mbeidh EFAD in ann freagairt do na dúshláin sin atá ag teacht chun cinn;
E. de bhrí, chun na SDGanna a bhaint amach agus paindéim COVID-19 a shárú, go bhfuil géarghá le comhtháthú beartas agus dlúthchomhar idir na hinstitiúidí oifigiúla maoinithe forbraíochta uile, a gcuid scairshealbhóirí rialtais, institiúidí AE agus na comhpháirtithe uile atá ann cheana chun a áirithiú go n-úsáidfear airgead poiblí atá gann ar an mbealach is éifeachtaí agus is éifeachtúla; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach caipiteal breise, idir chaipiteal príobháideach agus chaipiteal poiblí, a shlógadh go rathúil, mar aon le cúnamh oifigiúil um fhorbairt (ODA) agus cineálacha eile maoinithe forbraíochta atá ann cheana, agus gur gá é sin a ailíniú le cuspóirí an bheartais forbartha, go háirithe d’fhonn an neamhionannas agus an bhochtaineacht a laghdú mar an chéad sprioc atá ag Clár Oibre 2030;
F. de bhrí, ag féachaint d’fhorbairt inbhuanaithe an Domhain Theas freisin, go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfaí sreafaí fuinnimh an domhain a atheagrú amach anseo agus go n-imreodh mór-roinn na hAfraice ról tábhachtach; de bhrí, trína ról maidir le giniúint, úsáid agus onnmhairiú fuinnimh inbhuanaithe a neartú, go n-éascófar an fhorbairt eacnamaíoch inbhuanaithe atá dírithe ar an todhchaí agus go bhféadfaí feabhas a chur ar dhálaí maireachtála fhormhór mór an daonra;
G. de bhrí gur bac mór í an neamhshlándáil bia ar bhaint amach na SDGanna, go háirithe san Afraic, áit nach bhfuil a ndóthain cothaithe á fáil ag beirt as gach deichniúr; de bhrí go mbeidh an dúshlán sin níos géire amach anseo mar thoradh ar fhás an daonra; de bhrí gur gá do AE dul i ngleic go héifeachtach leis an dúshlán sin ar bhealach inbhuanaithe trí oibriú i gcomhar le tíortha comhpháirtíochta;
H. de bhrí gurb iad institiúidí AE agus na 27 mBallstát le chéile an deontóir is mó cabhair do thíortha atá i mbéal forbartha – is uathusan a thagann thart ar 46 % den chúnamh oifigiúil um fhorbairt (ODA) iomlán a thugann ballstáit uile na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) do thíortha atá i mbéal forbartha;
I. de bhrí go bhféadfadh bunú chur chuige Fhoireann na hEorpa, mar fhreagairt dhomhanda AE ar COVID-19, cabhrú chun creat aonair um chomhordú straitéiseach a bhunú le haghaidh fhreagairt sheachtrach AE ar an bpaindéim agus ar mhórdhúshláin eile, amhail iarmhairtí chogadh na Rúise san Úcráin, chun tacú le tíortha comhpháirtíochta; de bhrí gur próiseas a bhfuil gealladh faoi é an cur chuige sin i dtaca le tuilleadh comhair a éascú idir institiúidí AE, na Ballstáit agus institiúidí Eorpacha maoinithe forbraíochta ar bhonn déthaobhach agus iltaobhach, an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF), rud a mhéadaíonn éifeachtacht agus infheictheacht AE i gcoitinne ar bhonn leanúnach;
J. de bhrí gurb ionann teacht i bhfeidhm na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda (NDICI – an Eoraip Dhomhanda), ag a bhfuil buiséad foriomlán EUR 79.5 billiún, agus athrú stairiúil ar bheartais sheachtracha agus forbartha AE, rud a fhágann go bhfuil caiteachas AE ar an bhforbairt á chuíchóiriú agus á chomhdhlúthú agus go bhfuiltear ag spreagadh comhar níos fearr idir gníomhaithe Eorpacha na forbartha an athuair; de bhrí go ndéanann NDICI – an Eoraip Dhomhanda modhnú suntasach ar an gcreat infheistíochta seachtraí, rud a thugann maoiniú cumaiscthe agus ráthaíochtaí faoin gCiste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus (CEFI+) – an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha (EAG) le chéile; de bhrí go gcuireann CEFI+ go mór le raon feidhme geografach agus imchlúdach airgeadais a réamhtheachtaí, CEFI, agus go mbeidh sé in ann oibríochtaí suas le EUR 53.4 billiún a ráthú trí EAG; de bhrí gurb ionann an prionsabal ‘tús áite don bheartas’ atá i gcroílár NDICI – an Eoraip Dhomhanda agus aistriú i dtreo comhar atá bunaithe ar chuspóirí beartais agus go n-áirithítear leis go gcuirtear an úsáid a bhaintear as ráthaíochtaí buiséadacha AE san áireamh sa phróiseas clársceidealaithe;
K. de bhrí go gcuireann CEFI+, a bunaíodh faoin Ionstraim NDICI – an Eoraip Dhomhanda, cistiú ar fáil d’oibríochtaí maoinithe cumaiscthe agus d’oibríochtaí ráthaíochta buiséadaí, atá le cur chun feidhme ag comhpháirtithe incháilithe i gcur chuige oscailte agus comhoibríoch;
L. de bhrí go leagtar amach in Airteagal 36 de NDICI – an Eoraip Dhomhanda an ról sonrach atá ag BEI faoin ionstraim sin;
M. de bhrí go raibh ar chuideachtaí agus institiúidí maoiniúcháin AE atá ag feidhmiú i dtíortha atá i mbéal forbartha le deich mbliana anuas dul i ngleic le hiomaíocht éagórach ó ghníomhaithe domhanda atá ag oibriú lasmuigh den chóras iltaobhach maoinithe forbraíochta ina bhfuil sraith idirnáisiúnta rialacha agus rialachán, amhail ceanglais shonracha maidir le ODA, creidmheasanna a fhaigheann tacaíocht oifigiúil, iasachtú inbhuanaithe agus inbhuanaitheacht fiachais, fóirdheontais onnmhairiúcháin a bhfuil toirmeasc orthu agus caighdeáin idirnáisiúnta chun breabaireacht agus éilliú a chomhrac;
N. de bhrí go bhfuil Comhtháthú Beartas ar mhaithe le Forbairt atá ag feidhmiú mar is ceart agus an tacaíocht do Shlógadh Acmhainní Intíre ina ndlúthchuid den bhainistíocht fhónta airgeadais agus go bhfuil siad dírithe ar a éifeachtaí atá cabhair a mhéadú trí thionscnaimh nithiúla, amhail tacú leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe, córais fhorásacha chánach a fhorbairt agus dul i ngleic le seachaint agus imghabháil cánach;
O. de bhrí go ndearnadh moladh sa tuarascáil ón nGrúpa Ardleibhéil Saoithe a eisíodh i mí Dheireadh Fómhair 2019, i measc moltaí eile, go mbunófaí Banc Eorpach na hAeráide agus na Forbartha Inbhuanaithe, rogha ar dhiúltaigh na Ballstáit di láithreach de bharr go mbeadh sí ródhaor agus go dtógfadh sé rófhada í a chur chun feidhme laistigh den tréimhse bhuiséadach nua; de bhrí, ina ionad sin, gur ghlac an Chomhairle le rogha eile a mhol an Grúpa Ardleibhéil Saoithe, ar a dtugtar ‘Status Quo+’, rogha nach ndéanann athrú bunúsach ar na struchtúir atá ann cheana ach a bhfuil sé mar aidhm léi feabhas a chur orthu; de bhrí go bhfuil na feabhsuithe seo a leanas beartaithe faoin rogha Status Quo+, gan aon chostas breise a bheith á chur ar na Ballstáit: feabhas a chur ar láithreacht BEI ar an talamh agus a shamhail ghnó a athrú i dtreo ceann atá níos dírithe ar bhanc forbartha, cur le raon gníomhaíochta BEAF de réir a chéile chun go mbeidh sé ag feidhmiú san Afraic fho-Shahárach agus acmhainn an Choimisiúin, na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) agus thoscaireachtaí AE a mhéadú;
P. de bhrí gur iarr na Ballstáit ar na bainc Eorpacha forbartha agus ar na hinstitiúidí airgeadais uile cur leis an gcomhar agus leis an gcomhordú a dhéanann siad eatarthu féin agus le hinstitiúidí airgeadais iltaobhacha agus idirnáisiúnta eile, ag tógáil ar láidreachtaí agus saineolas gach institiúide, rud a chuirfeadh feabhas ar éifeachtúlacht, infheictheacht agus tionchar EFAD agus a thabharfadh spreagadh breise don earnáil phríobháideach a bheith rannpháirteach agus rannpháirtíocht na hearnála poiblí á comhlánú agus tacaíocht á tabhairt di ag an am céanna;
Prionsabail agus cuspóirí an Ollstruchtúir Airgeadais Eorpaigh don Fhorbairt
1. ag leagan béim ar na conclúidí ón gComhairle maidir le feabhas a chur ar EFAD agus maidir leis an treochlár ón gCoimisiún le haghaidh ollstruchtúr airgeadais Eorpach feabhsaithe agus tuarascáil 2021 ar dhul chun cinn an 24 Márta 2022 (COM(2022)0139); ag leagan béim ar an ról lárnach atá ag NDICI – an Eoraip Dhomhanda, ag CEFI+ agus ag an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha maidir le creat straitéiseach a chur ar fáil le haghaidh maoiniú cumaiscthe, chun na rioscaí a bhaineann le hinfheistíochtaí agus ráthaíochtaí a laghdú agus chun acmhainní ón earnáil phríobháideach a chur chun úsáide le tacaíocht ó bhuiséad AE, go háirithe i bhfianaise na hiomaíochta geopholaitiúla agus eacnamaíche atá ag dul i méid;
2. ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart do EFAD ollstruchtúr éifeachtúil, éifeachtach, comhleanúnach agus cuimsitheach a sholáthar, atá bunaithe ar an bprionsabal ‘tús áite don bheartas’ atá mar chrann taca ag struchtúr EFAD, agus i gcomhréir le leasanna agus luachanna straitéiseacha an Aontais; á éileamh go gcuirfeadh na comhpháirtithe cur chun feidhme uile atá mar chuid de EFAD agus a bhfuil rochtain acu ar chistí buiséid AE faoi CEFI+ i bhfeidhm raon iomlán chaighdeáin, bheartais agus nósanna imeachta AE a bhaineann leis an tsochaí, cearta an duine, soláthar, trédhearcacht, an comhshaol agus an smacht reachta; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú, faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha sin de chuid AE; á chur i bhfáth gur cheart do EFAD, ina dtugtar tús áite don bheartas, a bheith bunaithe ar na prionsabail agus na cuspóirí a leagtar amach i gClár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe, i gComhaontú Pháras agus i gClár Oibre Gníomhaíochta Addis Ababa agus gur cheart dó rannchuidiú le baint amach na SDGanna; á athdhearbhú nach mór tionscadail a bhfuil baint ag gníomhaithe EFAD leo a dhíonadh ó thaobh na haeráide, an chomhshaoil agus na hinbhuanaitheachta sóisialta de d’fhonn aon drochthionchar a d’fhéadfadh a bheith ann a íoslaghdú agus an tairbhe atá ag baint le gnéithe na haeráide agus an chomhshaoil agus leis an gné shóisialta a uasmhéadú, i gcomhréir leis na gealltanais a thug an tAontas agus a Bhallstát faoi Airteagal 2.1(c) de Chomhaontú Pháras; ag éileamh go láidir go rannchuideodh oibríochtaí faoin EFAD nua leis an maolú ar an athrú aeráide agus leis an oiriúnú dó; ag éileamh thairis sin, sa chomhthéacs sin, nach ndéanfadh oibríochtaí a bhfuil baint ag gníomhaithe EFAD leo maoiniú ar earnálacha a chuireann leis an ngéarchéim aeráide ach, ina ionad sin, go ndéanfaidís maoiniú ar earnálacha a rannchuidíonn leis an aistriú chuig giniúint fuinnimh inbhuanaithe; á mheabhrú gur cheart rannpháirtíocht pholaitiúil AE a chorprú ina Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus a léiriú go hiomlán ina Ollstruchtúr Airgeadais Eorpach don Fhorbairt;
3. ag éileamh go láidir go neartófaí le EFAD na comhpháirtíochtaí straitéiseacha idir an tAontas Eorpach agus a chomhpháirtithe domhanda forbartha; á athdhearbhú gur cheart go mbeadh na comhpháirtíochtaí sin bunaithe i gcónaí ar chóimheas agus dínit agus ar leasanna agus luachanna coiteanna, go háirithe cearta an duine, an comhionannas inscne, an fhreagracht chomhshaoil, shóisialta agus aeráide, an tsláinte agus an tslándáil, a bhfuil sé mar aidhm leo an neamhionannas agus an bhochtaineacht a laghdú; á athdhearbhú gur cheart na comhpháirtíochtaí sin a bhunú i gcónaí agus aird á tabhairt ar na SDGanna agus ar mhaithe le hiad a bhaint amach; á chur i bhfios, i ndáil leis sin, go bhfuil tionchar ilghnéitheach ag mór-roinn na hAfraice ar réimeas Putin agus go bhfaigheann sé tacaíocht uaithi agus á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit teagmháil a dhéanamh leis na tíortha comhpháirtíochta sin san Afraic agus comhpháirtíochtaí iontaofa a bhunú leo; á iarraidh ar an gCoimisiún ról a thabhairt d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus d’eagraíochtaí neamhrialtasacha, lena n-áirítear eagraíochtaí áitiúla, i mbunú agus cur chun feidhme na gcomhpháirtíochtaí sin; á chur i bhfios go láidir gur réamhchoinníoll é do na tionscadail chomhpháirtíochta a mhaoinítear trí EFAD go ndéanfaidís forbairt agus breisíocht airgeadais a áirithiú, mar aon le freagracht tíre agus éifeachtacht forbartha; á chur in iúl go bhfuil sí i bhfách leis na beartais agus na tionscnaimh de chuid AE a thugann tacaíocht don chomhordú agus an comhar idir na Ballstáit i réimse an bheartais forbartha agus leis na gníomhaíochtaí de chuid AE a chomhlánaíonn tionscnaimh na mBallstát agus a thacaíonn leo; á chur i bhfáth, maidir le díothú na bochtaineachta (SDG 1), dea-shláinte agus dea-bhail a chothú (SDG 3), rochtain ar oideachas ardcháilíochta a áirithiú do chách (SDG 4), neamhionannais a laghdú (SDG 10) agus an ghníomhaíocht ar son na haeráide a chur chun cinn (SDG 13), agus béim ar leith á leagan ar na grúpaí is imeallaithe agus ar an bprionsabal ‘gan aon duine a fhágáil ar lár’, gur dúshláin iad sin atá níos deacra a bhaint amach i saol an lae inniu; ag éileamh, thairis sin, gur cheart tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh chun freastal ar na riachtanais infheistíochta atá ag tionscail inbhuanaithe na n-aigéan, ós rud é go bhfuil SDG 14 maidir le ‘beathra faoin uisce’ fós ar cheann de na spriocanna forbartha inbhuanaithe is lú maoiniú;
4. ag cur béim ar an nasc atá idir an chabhair dhaonnúil, an comhar um fhorbairt agus an tsíocháin; á thabhairt chun suntais go n-imríonn an fhorbairt ról i dtaobh coinbhleachtaí a chosc, bealaí amach marthanacha ó choinbhleachtaí a áirithiú agus bainistiú géarchéime a neartú; á áitiú a thábhachtaí atá sé nasc triarach saincheaptha a fhorbairt tuilleadh, nasc a bheadh dírithe ar théarnamh fadtéarmach struchtúrach agus inbhuanaithe a bheadh dírithe ar an duine chun aghaidh a thabhairt ar na castachtaí a bhaineann le géarchéimeanna fadtréimhseacha agus intuartha agus cásanna foréigneacha; á mheabhrú, gan an tsíocháin agus an tslándáil, nach féidir forbairt agus díothú na bochtaineachta a bhaint amach, agus, gan an fhorbairt agus díothú na bochtaineachta, nach féidir síocháin inbhuanaithe, slándáil an duine ná slándáil an stáit a bhaint amach; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go gcuireann easpa slándála leis na leochaileachtaí atá ann cheana i dtíortha atá i mbéal forbartha agus go méadaíonn sí an bhearna chistiúcháin i dtaca leis na SDGanna a bhaint amach; ag tabhairt dá haire go bhfuil an tslándáil, an smacht reachta agus institiúidí a bhfuil teacht aniar iontu ríthábhachtach d’infheistíochtaí agus don fhorbairt inbhuanaithe; ag tabhairt dá haire go ndéanann geallsealbhóirí áitiúla, lena n-áirítear comhlachtaí rialtais áitiúil, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí creideamhbhunaithe, gníomhaíochtaí chun coinbhleachtaí a réiteach agus a bhainistiú, rud a chothaíonn síocháin agus slándáil; á mheabhrú gur cheart ODA a úsáid i gcónaí i gcomhréir leis na cuspóirí forbartha arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta agus NDICI – an Eoraip Dhomhanda;
5. ag cur béim ar an ról atá ag cur chuige coiteann agus comhleanúnach de chuid AE a bhfuil tacaíocht faighte aige ó Bhallstáit uile an Aontais, cur chuige atá feasach ó thaobh na polaitíochta de agus atá curtha in oiriúint do shainghnéithe na tíre comhpháirtíochta agus a d’fhéadfadh a bheith éifeachtach ó thaobh leathnú a dhéanamh ar na córais cosanta sóisialta atá i gcomhréir le coinbhinsiúin ábhartha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) agus ar na seirbhísí poiblí bunriachtanacha i dtíortha atá i mbéal forbartha; á chur i bhfios go gcabhródh cur chuige den sórt sin de chuid AE lena chinntiú go mbeadh an chosaint shóisialta ar cheann de bhunchlocha an chonartha shóisialta, rud a réiteodh an bealach chun feabhas a chur ar an teacht aniar; á mheas gur rogha é an maoiniú cumaiscthe ó bhosca uirlisí an mhaoinithe forbraíochta a d’fhéadfadh infheistíocht phoiblí a chomhlánú i gcomhthéacs buiséid shrianta; á iarraidh go ndéanfaí oibríochtaí measctha a theorannú do na réimsí inar féidir leo luach a chur leis an ngeilleagar áitiúil, agus á iarraidh, ina leith sin, go ndéanfaí measúnú cúramach, go háirithe nuair a dhírítear ar na tíortha is lú forbairt, d’fhonn ualaí fiachais a theorannú, seirbhísí riachtanacha poiblí amhail an tsláinte, an t-oideachas agus an chosaint shóisialta a choimirciú, agus gan cur leis na neamhionannais atá ann cheana;
6. á chur i bhfios go láidir go bhfuil comhsheasmhacht idir beartais, straitéisí, tionscnaimh agus ionstraimí maoinithe uile an Aontais, go háirithe an ionstraim nua ‘NDICI – an Eoraip Dhomhanda’, an tionscnamh ‘Foireann na hEorpa’ agus an straitéis nua ‘Global Gateway’, mar aon le hailíniú dlúth le straitéis an Aontais maidir le Comhtháthú Beartas ar mhaithe le Forbairt (PCD) agus Comhtháthú Beartas ar mhaithe le Forbairt Inbhuanaithe (PCSD) ríthábhachtach chun a chinntiú go dtabharfaidh AE an fhreagairt dhomhanda is fearr is féidir ar mhaithe leis an bhfás inbhuanaithe, an fhorbairt agus an tsíocháin; den tuairim gur cheart go gcuirfeadh EFAD feabhas ar a infheicthe atá AE agus ar thionchar a mhaoinithe forbraíochta ar fud an domhain, chun a áirithiú go mbeidh an ról a mheastar atá ag AE ar fud an domhain ag teacht le méid a chuid tacaíochta;
7. á chur in iúl gur cúis mhór imní di an chaoi ar nocht paindéim COVID-19 na struchtúir sheanbhunaithe a chuireann leis an neamhionannas sláinte; den tuairim gur cheart go rannchuideodh EFAD le hinfheistíochtaí i gcórais sláinte poiblí a bhfuil teacht aniar iontu, i gcúram sláinte, i seirbhísí cúraim sláinte, agus sa taighde ar theicneolaíochtaí nua sláinte, vacsaíní agus cóireálacha agus ina bhforbairt, agus béim á cur ar ghalair a thagann chun cinn arís agus arís eile i dtíortha atá i mbéal forbartha; á iarraidh go mbeadh an deis ann ardán a chruthú chun nuálaíocht, oideachas agus oiliúint, eolas agus saineolas a chomhroinnt, rud a thacódh le comhpháirtíochtaí ina bhfuil geallsealbhóirí éagsúla, a chothódh idirphlé príobháideach poiblí agus a mholfadh réitigh nuálacha ghnó chun dlús a chur leis an bhforbairt inbhuanaithe; ag cur béim ar ról na n-infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha agus na gcomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí agus ar an tábhacht atá le hacmhainní intíre a shlógadh i dtíortha comhpháirtíochta agus úsáid níos éifeachtúla a bhaint as cistiú ón Aontas chun an bhearna chistiúcháin USD 2.5 trilliún a dhúnadh, rud a theastaíonn chun na SDGanna a bhaint amach faoi 2030, agus an dea-rialachas á neartú agus an t-éilliú á chomhrac ag an am céanna;
Dúshláin nach mór aghaidh a thabhairt orthu
8. á chur i bhfios go láidir gur ar thíortha forbartha agus ar thíortha atá i mbéal forbartha araon atá an fhreagracht na SDGanna a bhaint amach; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go bhfágfadh ranníocaíocht airgeadais AE leis an bhforbairt inbhuanaithe i dtíortha comhpháirtíochta gur féidir le tíortha comhpháirtíochta rannchuidiú lena bhforbairt eacnamaíoch agus shóisialta féin agus na SDGanna a bhaint amach; á chur i bhfios go láidir a ríthábhachtaí atá an fhreagracht ar an leibhéal náisiúnta sa chomhthéacs sin; á chur i bhfáth nach mór go ndéanfadh EFAD agus straitéis AE maidir leis na SDGanna, a bhfuiltear ag dréim léi le fada, tacar beartas agus gealltanas inmheánach agus seachtrach de chuid AE atá comhordaithe agus comhleanúnach a léiriú agus a éascú, lena n-áirítear trí thacar uirlisí an bheartais forbartha atá ann cheana; á chur i bhfios go láidir nach mór an maoiniú poiblí agus príobháideach a chur i gcomhréir le cuspóirí na SDGanna agus Comhaontú Pháras; á chur in iúl gurb oth léi, sa chomhthéacs sin, nach bhfuil straitéis chomhtháite agus iomlánaíoch maidir le cur chun feidhme na SDGanna curtha le chéile ag an gCoimisiún go fóill, rud a chuireann bac mór ar an mian go ndéanfaí comhtháthú beartas a bhaint amach, cheal spriocanna soiléire agus intomhaiste uile-Aontais atá faoi cheangal ama le haghaidh na SDGanna uile mar thagarmharc tuairiscithe;
9. den tuairim gur cheart go mbeadh EFAD bunaithe ar shaineolas agus líonraí reatha a chuid gníomhaithe éagsúla uile (i.e. BEI, BEAF, na hInstitiúidí Eorpacha Maoinithe Forbraíochta agus eile); á aithint go ndearnadh dul chun cinn agus feabhsuithe maidir leis an EFAD a bheidh ann amach anseo ó thug an Chomhairle a cuid conclúidí, ach ag tabhairt dá haire gur príomhthréith den status quo reatha i gcónaí iad an easpa stiúrtha agus comhordaithe a dhéantar ar bheartais, an ilroinnt, an dúbláil agus an iomaíocht nach iomaíocht chuiditheach í idir na gníomhaithe thuasluaite; á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh iarrachtaí comhordú agus comhar níos fearr a bhaint amach chun an córas atá ann faoi láthair a dhéanamh níos éifeachtúla, níos comhoibríche agus níos dírithe ar an úsáid is fearr is féidir a bhaint as acmhainní, lena mbaintear an leas is fearr is féidir as saineolas ábhartha geografach, earnálach agus airgeadais na bpríomh-chomhpháirtithe ar mhaithe le toradh níos fearr ar airgead cháiníocóirí AE agus tionchar forbartha níos láidre a bhaint amach;
10. á aithint gur gá leagan amach institiúideach an Aontais a fheabhsú, agus aghaidh a thabhairt ar ‘easnamh éifeachtacht na forbartha’, chun an comhordú trom maorlathach a laghdú agus chun an tsolúbthacht institiúideach a neartú d’fhonn acmhainn EFAD a uasmhéadú agus a thionchar forbartha a mhéadú;
11. á iarraidh ar an gCoimisiún oibriú ar rialachas éifeachtach na straitéise ‘Global Gateway’, a chaithfear a chur chun cinn faoi stiúir ghinearálta Uachtarán an Choimisiúin, agus comhordú go dlúth ina leith sin leis an Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, le SEGS, leis an gComhairle agus le Parlaimint na hEorpa; á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh an straitéis ag teacht le EFAD agus nach iomchuí leas a bhaint as cúlchiste maoinithe na hionstraime NDICI – an Eoraip Dhomhanda i dtaca le dúshláin agus tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn; ag tathant ar an gCoimisiún faisnéis bhreise a chur ar fáil maidir leis an ríomh atá déanta aige ar an gcóimheas giarála le haghaidh oibríochtaí infheistíochta na straitéise ‘Global Gateway’ de chuid AE a fógraíodh le déanaí;
12. á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil na príomhghnéithe de phrionsabail an Chomhtháthaithe Beartas ar mhaithe le Forbairt Inbhuanaithe (PCSD) in easnamh go córasach ó thionscnaimh rialála AE; á chur i bhfáth go bhfuil gá le tuilleadh iarrachtaí chun na prionsabail sin a chomhlíonadh go hiomlán, chun cuspóirí na héifeachtachta cabhrach a bhaint amach; á éileamh go ndéanfaí na sásraí chun PCSD a áirithiú a chumhdach in EFAD; á iarraidh go ndéanfaí níos mó measúnuithe tionchair ex ante agus go mbunófaí córas réamhrabhaidh le haghaidh neamhréireachtaí beartais ag toscaireachtaí AE; ag moladh d’institiúidí ábhartha uile AE agus do na Ballstáit PCSD a úsáid ar bhealach níos córasaí agus níos éifeachtúla, lena n-áirítear ar an leibhéal polaitiúil is airde, agus go ndéanfaí é a phríomhshruthú i gceapadh agus cur chun feidhme gach sórt beartais de chuid AE chun a áirithiú nach mbeidh drochthionchar ag beartais ar bhaint amach na SDGanna; á mheabhrú gur cheart do BEI, do BEAF, do na hinstitiúidí Eorpacha maoinithe forbraíochta agus dá n-idirghabhálaithe sásraí PCSD a chur chun feidhme freisin; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá PCSD a phríomhshruthú i mbeartais sheachtracha AE go háirithe agus gur gá aghaidh a thabhairt air chun na SDGanna a bhaint amach;
13. ag aithint iarrachtaí an Choimisiúin maidir le rialáil níos fearr a bhaint amach agus é d’aidhm aige infheistíochtaí inbhuanaithe fadtéarmacha a chruthú lena gcuirtear sláinte agus folláine na ndaoine agus an phláinéid araon chun cinn, agus lena gcosnaítear cearta an duine; á éileamh go mbeadh EFAD comhsheasmhach leis an reachtaíocht de chuid AE maidir le dícheall cuí agus freagracht chorparáideach a bheidh ann amach anseo, rud a áiritheoidh go mbeidh caighdeáin chearta an duine agus forbairtí rialála á gcomhlíonadh ag corparáidí, go mbeidh an dícheall cuí éigeantach agus go mbeifear ag cloí leis na gealltanais idirnáisiúnta maidir le gnó agus cearta an duine; á chur i bhfios go láidir nach mór do EFAD na caighdeáin is airde maidir le trédhearcacht agus cuntasacht a chomhlíonadh; á iarraidh ar chomhaltaí EFAD dícheall cuí a gcuid oibríochtaí a neartú, comhairliúchán fóinteach leis an bpobal áitiúil i rith chur chun feidhme na dtionscadal a áirithiú, tuilleadh forbartha a dhéanamh ar a gcuid saineolais forbartha agus ar a n-acmhainn thiomnaithe agus a gcuid acmhainní daonna ar an talamh, an príomhshruthú inscne a chur chun feidhme agus cearta an duine a chosaint i ngach oibríocht, sásraí daingne cuntasachta a bheith acu do na pobail a ndéantar difear dóibh agus dlúthfhaireachán a dhéanamh ar easnaimh a gcuid rannpháirtíochta agus ar ról a n-idirghabhálaithe i dtionscadail a raibh drochthionchar acu ar phobail áitiúla i dtíortha atá i mbéal forbartha agus tuairisciú a dhéanamh ar an méid sin;
14. á athdhearbhú nach mór do na comhpháirtithe cur chun feidhme agus na hidirghabhálaithe airgeadais uile atá rannpháirteach i dtionscadail a bhaineann le ráthaíochtaí AE nó atá á maoiniú ó bhuiséad AE caighdeáin, beartais, rialacha agus nósanna imeachta sóisialta, comhshaoil, cánach, trédhearcachta, frithchalaoise agus frithéillitheachta a chomhlíonadh go hiomlán; á iarraidh ar Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) grinnscrúdú iomlán agus tuairisciú rialta a dhéanamh ar oibríochtaí a bhfuil ráthaíochtaí ó bhuiséad AE mar thaca leo, agus aghaidh á tabhairt aici ar aon easnaimh ina cuid modhanna oibre atá ag cur cosc uirthi faoi láthair é sin a dhéanamh; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé meastóireacht neamhspleách a dhéanamh in am trátha ar CEFI+ agus ar an gcur chuige ‘Foireann na hEorpa’ chun a n-éifeachtacht, a bhfeidhmíocht agus a dtionchar forbartha a mheasúnú;
15. ag tabhairt dá haire gur tháinig cur chuige Fhoireann na hEorpa chun cinn mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19; den tuairim gur cheart go mbeadh ról lárnach ag cur chuige Fhoireann na hEorpa maidir le feabhas breise a chur ar chomhar straitéiseach, ar chomhordú domhanda agus ar chomhleanúnachas agus éifeachtacht na n-iarrachtaí forbartha, go háirithe ar leibhéal na tíre comhpháirtíochta, agus ar leibhéal AE agus na mBallstát freisin, lena n-áirítear ar leibhéal an rialtais réigiúnaigh; ag dréim le fócas agus treo níos láidre i dtaca le beartais, agus le sásraí níos láidre maidir leis an gcumarsáid agus an infheictheacht a mhéid a bhaineann leis an ionstraim CEFI+/NDICI – an Eoraip Dhomhanda; á éileamh, thairis sin, go ndéanfaí sásra grinnscrúdaithe Pharlaimint na hEorpa a chur chun feidhme go hiomchuí chun dlisteanacht dhaonlathach a thabhairt do ghníomhaíochtaí Fhoireann na hEorpa;
16. á iarraidh ar an gCoimisiún treo cumhachtach beartais de chuid AE a chur chun tosaigh maidir le beartais forbartha agus EFAD a chomhordú ar bhealach lena bhféadfaí gníomhaíochtaí na nInstitiúidí Eorpacha Maoinithe Forbraíochta a ailíniú tuilleadh laistigh den ollstruchtúr nua oscailte, comhoibríoch, trédhearcach agus cuimsitheach chun cuspóirí beartais forbartha AE a bhaint amach, chun na dlúth-chomhpháirtíochtaí le réigiúin a neartú agus chun cur lena bhforbairt;
17. ag cur béim ar an bhfíoras go gcuireann próiseas clársceidealaithe na hionstraime NDICI – an Eoraip Dhomhanda deis ar fáil chun feabhas a chur ar an úsáid a bhaintear as ráthaíochtaí buiséadacha AE, go háirithe CEFI+; á chur i bhfios go láidir gur cheart go gcuirfeadh an t-ollstruchtúr airgeadais a bheidh ann amach anseo ar chumas na ngníomhaithe maoinithe forbraíochta ar fad a bhfuil suim acu ann a bheith rannpháirteach, lena n-áirítear gníomhaithe beaga agus meánmhéide agus bainc agus geallsealbhóirí forbartha nach bainc agus geallsealbhóirí as AE iad; á iarraidh, sa chomhthéacs sin, go mbeadh cothrom iomaíochta daingean ann ó thaobh rialachas CEFI+ agus rochtain ar acmhainní AE de; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go mbeadh ann do chreat bainistíochta riosca leormhaith, bainistiú éifeachtach agus maoirseacht ar chur chun feidhme na n-ionstraimí maoinithe forbraíochta; á iarraidh ar an gCoimisiún úsáid níos éifeachtaí a bhaint as a chuid acmhainní maidir le saineolas baincéireachta agus as a chuid acmhainní airgeadais agus teicniúla;
18. á chur in iúl gur geal léi gur fhoilsigh an Coimisiún an chéad treochlár uaidh le haghaidh ollstruchtúr airgeadais Eorpach feabhsaithe don fhorbairt agus tuarascáil 2021 ar dhul chun cinn; á mheabhrú, faoi NDICI – an Eoraip Dhomhanda, go gcuirtear ceangal ar an gCoimisiún comhdhéanamh, téarmaí tagartha agus rialacha nós imeachta an ghrúpa measúnaithe theicniúil a chur in iúl don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa agus a áirithiú go bhfuil comhaltaí an ghrúpa neamhchlaonta agus nach bhfuil aon choinbhleachtaí leasa acu; ag tathant ar an gCoimisiún bearta comhchosúla a chur i bhfeidhm chun trédhearcacht agus neamhchlaontacht an Ghrúpa Ardleibhéil Saineolaithe a áirithiú, grúpa a chuirfidh moltaí ar fáil don Choimisiún maidir le dlús breise a chur le sreabhadh an chaipitil phríobháidigh chuig tíortha ísealioncaim agus meánioncaim;
19. á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcloífidh EFAD leis an sprioc maidir leis an gcóras iltaobhach maoinithe forbraíochta a athbhunú chun cabhrú le deireadh a chur leis na cleachtais iasachtaithe neamh-inbhuanaithe atá ag roinnt tíortha atá ag feidhmiú lasmuigh den chóras sin, cleachtais a chuireann ní hamháin cothrom iomaíochta AE agus tíortha comhlíontacha eile i mbaol, ach a dhéanann méadú mór freisin ar an bhfiachas ard seachtrach atá ag go leor tíortha atá i mbéal forbartha, tíortha atá níos leochailí fós mar thoradh ar phaindéim COVID-19; á thabhairt chun suntais sa chomhthéacs sin go bhfuil an t-ualach fiachais i roinnt mhaith tíortha atá i mbéal forbartha ag dul in olcas de dheasca chogadh na Rúise san Úcráin; á thabhairt chun suntais nach bhfuil na tíortha is lú forbairt in ann na SDGanna a chur chun feidhme gan tacaíocht airgeadais agus, dá bhrí sin, á iarraidh go láidir go ndéanfaí bearta faoisimh fiachais i gcomhréir leis na gealltanais inbhuanaitheachta;
20. á mheas gur cheart do thacsanomaíocht AE rannchuidiú le sreafaí caipitil a atreorú i dtreo infheistíochtaí inbhuanaithe agus inbhuanaitheacht a thabhairt isteach i measc na gcritéar atá le cur san áireamh le haghaidh bainistiú riosca; á iarraidh ar an gCoimisiún tacsanomaíocht AE a fhorbairt tuilleadh agus institiúidí maoinithe forbraíochta, ar leibhéal AE agus ar leibhéal na mBallstát araon, mar aon le gníomhaithe príobháideacha atá gníomhach san fhorbairt, a spreagadh chun a gcuid gníomhaíochtaí, go háirithe na gníomhaíochtaí sin i dtíortha atá i mbéal forbartha, a ailíniú le cuspóirí na SDGanna agus cuspóirí Chomhaontú Pháras;
Institiúidí Eorpacha agus náisiúnta airgeadais
21. á athdhearbhú go bhfuil ról sonrach ag BEI ar leibhéal AE agus ar bhonn domhanda – mar a leagtar amach é in Airteagal 209 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus in Airteagal 36 den Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról tábhachtach ag BEI maidir le hinfheistíochtaí AE a chur i gcrích agus dul i gcomhpháirtíocht leis an gCoimisiún chun an straitéis ‘Global Gateway’ a chur chun feidhme;
22. ag aithint go bhfuil ról suaitheanta ag BEI sa Chomhaontú Glas don Eoraip agus sa gheilleagar gorm inbhuanaithe agus gur rannchuidigh sé go mór le freagairt eacnamaíoch AE ar phaindéim COVID-19; á iarraidh ar AE cumas BEI a uasmhéadú tuilleadh mar uirlis chun neamhspleáchas straitéiseach AE a threisiú agus chun a chuid leasanna agus tosaíochtaí maidir leis an mbeartas seachtrach a chur chun cinn ina chaidreamh le tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad; á iarraidh ar BEI feabhas a chur ar a chuid beartas agus cleachtas agus ar a thrédhearcacht, go háirithe trí na moltaí a chuir an tOmbudsman Eorpach le chéile a chur chun feidhme chun roinnt céimeanna trédhearcachta a ghlacadh chun é a chur ar chumas an phobail an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na tionscadail a mhaoiníonn sé ar an gcomhshaol a fheiceáil ar bhealach níos éasca, mar a leagtar amach i gcásanna 1065/2020/PB, 1251/2020/PB agus 1252/2020/PB;
23. á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh BEI Domhanda, brainse laistigh de Ghrúpa BEI atá tiomnaithe don fhorbairt mar atá sainmhínithe ag BEI, atá i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2022 i leith; á iarraidh ar BEI a láithreacht ar an talamh a neartú agus leas á bhaint as sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le SEGS, le toscaireachtaí AE, le BEAF agus le hinstitiúidí Eorpacha maoinithe forbraíochta eile; á chur i bhfios go gcuireann an easpa faisnéise faoin gcaoi a maoinítear BEI Domhanda a shainordú i mbaol ón tús, agus freisin mar gheall ar ghealltanais an eintitis nua sin ó thaobh na gcuspóirí forbartha de; á iarraidh, dá bhrí sin, go mbeadh sainordú nithiúil agus láidir forbartha ann don BEI Domhanda; ag dréim leis go mbeidh an struchtúr nua sin agus a bhord comhairleach, a chuid spriocanna agus forálacha buiséadacha, feidhmiú eagraíochtúil agus spriocanna sonracha an bhrainse, mar aon lena chuid sásraí comhordaithe le hinstitiúidí eile maoinithe forbraíochta, go hiomlán trédhearcach, lena n-áirítear trí dhoiciméid a fhoilsiú go réamhghníomhach, trí ionadaíocht fhiúntach na dtíortha is faighteoirí a áirithiú agus trí mhalartuithe rialta le Parlaimint na hEorpa agus trí idirphlé oscailte le geallsealbhóirí, go háirithe eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus gníomhaithe áitiúla;
24. ag spreagadh BEI chun leanúint de pháirt ghníomhach a ghlacadh i bhforbairt pleanála, faireacháin agus meastóireachta ar leibhéal na tíre, i gcomhar le toscaireachtaí AE agus trí chómhaoiniú leis na hinstitiúidí maoinithe forbraíochta; á iarraidh go mbeadh comhordú níos láidre ann idir an Coimisiún agus SEGS agus á iarraidh ar thoscaireachtaí AE plé agus comhar leis na gníomhaithe ábhartha ar an talamh a éascú chun na tionscadail is fearr a chomhlíonann cuspóirí éifeachtacht na forbartha a shainaithint;
25. ag moladh do BEI agus BEAF a gcomhlántacht agus a gcuid samhlacha gnó a threisiú tuilleadh trí thionscnaimh níos fearr maidir le spleáchas frithpháirteach, ós rud é gur mó na riachtanais ná a gcuid comhacmhainní; á iarraidh ar BEI agus BEAF a gcuid oibre a chomhordú feadh conairí éagsúla agus roinnt a gcuid saothair a shoiléiriú chun cabhrú le gach banc díriú ar a chuid chroí-inniúlachtaí faoi seach, agus dúbláil agus sladghearradh praghsanna a sheachaint ar an gcaoi sin; ag tabhairt dá haire gur gá modhanna oibre agus uirlisí BEI agus BEAF a chur in oiriúint do na riachtanais infheistíochta san Afraic, go háirithe chun infheistíochtaí mórscála a éascú, agus tacaíocht AE do thionscadail áitiúla ar scála níos lú á coinneáil ag an am céanna; á chur i bhfios go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh láithreacht AE le feiceáil agus go mbeadh idirphlé leanúnach polaitiúil ann i gcás infheistíochtaí Eorpacha; ag tabhairt dá haire gur gá do EFAD an leas is fearr is féidir a bhaint as na buntáistí a bhaineann le cúlraí struchtúracha agus modhanna oibre éagsúla na mbanc forbartha agus na n-institiúidí airgeadais atá ann cheana ar an leibhéal Eorpach chun a éifeachtúla atá rannchuidiú AE leis an bhforbairt inbhuanaithe a mhéadú; ag dréim leis go n-áiritheoidh agus go soláthróidh BEI, BEAF agus institiúidí Eorpacha maoinithe forbraíochta eile fianaise i bhfoirm measúnuithe tionchair ex ante go rannchuidíonn gach tionscadal, agus go háirithe tionscadail maoinithe chumaiscthe, le cuspóirí forbartha AE, lena n-áirítear na cuspóirí sin a bhaineann leis na tíortha is lú forbairt, agus go gcomhlíonann sé caighdeáin idirnáisiúnta chearta an duine; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar BEI, ar BEAF agus ar institiúidí Eorpacha maoinithe forbraíochta a áirithiú go mbeidh a bhfoirne comhairleacha agus cúnaimh theicniúil in ann an comhionannas inscne agus an fhorbairt ionchuimsitheach a chur chun cinn;
26. á iarraidh ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit, ar BEI, ar an mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF) agus ar bhainc forbartha agus institiúidí airgeadais eile ar an leibhéal Eorpach, lena n-áirítear institiúidí beaga maoinithe forbraíochta, a gcomhar a neartú, go háirithe faoi chuimsiú NDICI – an Eoraip Dhomhanda agus a chuid cuspóirí, agus ó thaobh spriocanna Chlár Oibre 2030 a bhaint amach ar fud an domhain freisin, agus acmhainní agus maoiniú a chomhthiomsú, agus feabhas a chur ar an gcomhordú agus ar an gcumarsáid i gcomhthionscadail, trí leas a bhaint as a gcuid saineolais airgeadais faoi seach; á iarraidh ar an gCoimisiún ról níos láidre a imirt ó thaobh cúnamh teicniúil a chur ar fáil do thionscadail agus cúnamh a thabhairt d’institiúidí maoinithe forbraíochta agus do ghníomhaithe forbartha eile leis an gcomhordú; á iarraidh go mbeadh cur chuige cuimsitheach ann i leith institiúidí beaga maoinithe forbraíochta na mBallstát ó thaobh rochtain a fháil ar chistiú faoin ollstruchtúr airgeadais Eorpach don fhorbairt;
27. á chur i bhfios go láidir go bhfuil tábhacht ag baint le sineirgí a úsáid ar bhealach níos éifeachtúla agus comhchuibhiú níos fearr a dhéanamh ar thionscnaimh mhaoiniúcháin BEAF, BEI agus institiúidí maoinithe forbraíochta eile atá ag díriú ar thíortha comharsanachta na hEorpa, agus tábhacht á leagan go háirithe ar thíortha is iarrthóirí AE; á mheabhrú, i bhfianaise an chogaidh atá fós ar siúl san Úcráin, go bhfuil an maoiniú Eorpach i dtíortha comharsanachta agus i dtíortha is iarrthóirí ina chuid fhíor-riachtanach de na hathchóirithe is gá chun na critéir aontachais a chomhlíonadh, i gcomhréir le leasanna AE i réimse an bheartais eachtraigh;
28. á iarraidh ar BEI oibriú ar bhealach níos dlúithe le Banc Forbartha na hAfraice agus measúnú a dhéanamh ar na buntáistí a bhaineann le fochuideachta chomhpháirteach a bhunú tar éis do phlean gníomhaíochta comhpháirtíochta BEI-Bhanc Forbartha na hAfraice a bhfuiltear ina bhun faoi láthair a bheith curtha chun feidhme; á iarraidh ar BEI tuairisc a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa maidir leis na chéad chéimeanna eile atá le glacadh; á chur i bhfios go láidir gur gá maoiniú a dhéanamh ar infheistíochtaí fadtéarmacha a chothaíonn forbairt inbhuanaithe agus a chuireann leis an gcomhar go dtí seo, chun tuilleadh deiseanna forbartha inbhuanaithe a chur ar fáil do mhór-roinn na hAfraice; ag moladh go gcruthófaí moil tionscadail agus chomhairleacha, arna n-oibriú go comhpháirteach ag BEI agus Banc Forbartha na hAfraice, chun pointí teagmhála éifeachtacha a chruthú do ghníomhaithe áitiúla ar mhaithe le comhairle a fháil agus tionscadail a thionscnamh agus chun freastal níos fearr ar na riachtanais forbartha ar an talamh, chomh maith le feabhas a chur ar an rannpháirtíocht áitiúil i dtionscadail choiteanna forbartha; á iarraidh, ina leith sin, go dtabharfaí tacaíocht d’fhorbairt na hearnála príobháidí áitiúla san Afraic, go háirithe trí níos mó cistí a sholáthar do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide san Afraic;
29. á chur i bhfáth, sa chomhthéacs sin, go bhfuil gá le rannpháirtíocht áitiúil agus le cur chuige comhoibríoch agus cuimsitheach agus gur cheart creat láidir a bheith mar bhonn leis do chomhairliúcháin áitiúla chórasacha le geallsealbhóirí agus tairbhithe chun tionchar buan a fhágáil ar an bhforbairt; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfaí an creat do chomhairliúcháin áitiúla chórasacha leis na geallsealbhóirí agus na tairbhithe a fheabhsú tuilleadh;
30. á iarraidh ar institiúidí maoinithe forbraíochta na mBallstát an cuimsiú airgeadais a leathnú tuilleadh chun tacú leis an rochtain ar mhaoiniú inbhuanaithe dóibh siúd is mó atá i ngátar, lena n-áirítear mná, toisc go gcuireann sé lena gcumhachtú eacnamaíoch; á iarraidh ar EFAD, sa chomhthéacs sin, rannchuidiú leis an tríú plean gníomhaíochta inscne de chuid AE a chur chun feidhme ina iomláine; ag meabhrú na sprice maidir leis an gcomhionnanas inscne a bheith mar phrionsabal nó mar chuspóir tábhachtach ag 85 % ar a laghad de ghníomhaíochtaí, ar cheart go mbeadh comhionannas inscne agus cearta agus cumhachtú na mban agus na gcailíní mar phríomhchuspóir ag 5 % díobh ar a laghad; á iarraidh go mbeadh oibleagáid ann, i gcás na n-oibríochtaí ar fad a dhéantar faoi EFAD, sonraí atá imdhealaithe ó thaobh inscne de a bhailiú agus meastóireachtaí tionchair inscne ex ante agus meastóireachtaí tionchair inscne ex post a áireamh iontu;
31. ag moladh do na bainc agus na hinstitiúidí forbartha uile gealltanais inbhuanaithe a thabhairt agus infheistíochtaí misniúla a dhéanamh i gcomhréir le cuspóirí an bheartais forbartha, go háirithe an neamhionannas a laghdú agus an bhochtaineacht a dhíothú, seachas ó thaobh toradh ar infheistíocht de; á aithint, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá sé infheistíochtaí a spreagadh lena mbaineann níos mó riosca i suíomhanna forbartha atá níos dúshlánaí, amhail tíortha leochaileacha nó tíortha a bhfuil coinbhleachtaí iontu, agus earnálacha tearcfhreastail amhail earnáil na haeráide, earnáil na bithéagsúlachta, earnáil an oideachais agus earnáil na sláinte; á chur i bhfios go láidir, ag an am céanna, nach mór aon rioscaí gaolmhara a bhaineann le buiséad AE, amhail éileamh méadaithe ar ráthaíochtaí buiséadacha AE, a íoslaghdú, agus nach mór rátáil ard chreidmheasa BEI a chaomhnú; ag moladh d’institiúidí maoinithe forbraíochta níos mó riosca a ghlacadh ina gcláir infheistíochta trí CEFI+, ionas go mbainfidh siad na geilleagair is leochailí amach; á iarraidh ar an gCoimisiún, ina leith sin, ról níos mó a ghlacadh maidir le tionchar intomhaiste agus breise na forbartha a áirithiú gan an margadh áitiúil a shaobhadh ná gan dul in iomaíocht go héagórach le gníomhaithe áitiúla eacnamaíocha, agus maidir le cabhrú le tionscadail a fhorbairt ó thaobh an tsoláthair de trí thacaíocht a chur ar fáil d’ullmhú tionscadal agus trí chabhrú le hinstitiúidí maoinithe forbraíochta comhordú a dhéanamh, agus lánpháirtiú na n-institiúidí beaga maoinithe forbraíochta á áirithiú ag an am céanna;
32. ag aithint a thábhachtaí atá bainc forbartha na mBallstát laistigh de struchtúr EFAD agus an acmhainneacht a bhaineann leo; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, áfach, ról na n-idirghabhálaithe atá i gcomhpháirtíocht le hinstitiúidí maoinithe forbraíochta, go háirithe maidir le sáruithe ar chearta an duine a tuairiscíodh; á chur i bhfáth go bhféadfadh ról tábhachtach a bheith ag forbairt na hearnála príobháidí áitiúla san Afraic fho-Shahárach ó thaobh cumhacht a thabhairt do thíortha comhpháirtíochta iad féin a chur ar bhealach na forbartha inbhuanaithe;
33. á iarraidh ar an gCoimisiún tuairisciú bliantúil a dhéanamh ar thionscnaimh Fhoireann na hEorpa bunaithe ar tháscairí cainníochtúla agus cáilíochtúla faoi chuimsiú NDICI – an Eoraip Dhomhanda, agus meastóireacht á déanamh ag an am céanna ar na hacmhainní a shlógtar, ar phleanáil agus tionchar na forbartha, ar chomhchuibhiú agus cur i bhfeidhm chaighdeáin AE, ar ghné na lánpháirtíochta Eorpaí agus ar rannpháirtíocht na mBallstát; á éileamh go ndéanfaí an tuairisciú sin a chomhroinnt le Parlaimint na hEorpa agus go gcuirfí ar fáil go poiblí é; á chur i bhfáth go bhfuil ról lárnach ag Parlaimint na hEorpa ó thaobh grinnscrúdú a dhéanamh ar na cuspóirí polaitiúla atá le tionscnaimh Fhoireann na hEorpa agus ar na torthaí orthu a bhfuiltear ag dréim leo, ar an leibhéal ginearálta agus ar leibhéal an tionscadail araon, ar bhealach a áirithíonn go bhfuil tionscnaimh Fhoireann na hEorpa ag obair in éineacht leis na sásraí atá ann cheana agus go gcuireann siad leis na cláir tháscacha ilbhliantúla seachas a bheith ina bhforlíonadh orthu;
34. á athdhearbhú go gcothaíonn rialú agus grinnscrúdú institiúideach ar mhaoiniú AE díospóireacht dhaonlathach agus go gcuidíonn sé le hinchreidteacht agus trédhearcacht AE a threisiú; ag tarraingt aird ar ról tábhachtach Parlaimint na hEorpa agus ar a ról grinnscrúdaithe faoi NDICI – an Eoraip Dhomhanda ina leith sin; á iarraidh go mbeadh oibleagáidí ann lena n-áiritheofaí go bhfuil cur chun feidhme EFAD le feiceáil go hiomchuí; á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhaíocht a dhéanamh ar bhealach iomchuí agus tráthúil i gcás nach gcomhlíontar na hoibleagáidí sin; á iarraidh ar Chúirt Iniúchóirí na hEorpa tuarascálacha rialta a tharraingt suas maidir le cur chun feidhme EFAD, a chuirfear ar fáil go poiblí agus as a dtiocfaidh moltaí beartais, lena n-áirítear maidir leis na gníomhaíochtaí atá le déanamh ar mhaithe le feabhsuithe; á chur in iúl gurb oth léi an easpa faisnéise a chuirtear ar fáil don phobal i gcoitinne maidir le ról AE ó thaobh tacaíocht a thabhairt do phobail áitiúla agus ag moladh go ndéanfaí cumarsáid níos fearr leis an bpobal;
35. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar institiúidí EFAD an trédhearcacht a chur chun cinn ina gcuid nósanna imeachta soláthair; á mheabhrú gur cheart go mbeadh gnólachtaí AE in ann dul san iomaíocht ar an mbonn céanna le gnólachtaí atá lonnaithe i dtíortha nach bhfuil in AE;
36. á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach faisnéis ábhartha, chomhsheasmhach agus inchomparáide a fháil go tráthúil chun dul chun cinn agus torthaí iarbhír a thomhas, agus chun a shuí an raibh maoiniú forbraíochta AE éifeachtach agus sa bhreis ar mhaoiniú eile; á chur in iúl gurb oth léi nach ann do chreat aontaithe maidir le tuairisciú agus tomhas torthaí lena ngabhann táscairí inchomparáide le haghaidh CEFI+; ag spreagadh an Choimisiúin creat den sórt sin a fhorbairt chun gur féidir bainistiú torthaí a chomhchuibhiú; á iarraidh ar an gCoimisiún an t-eolas is déanaí a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa maidir le hábhar agus cur chun feidhme an chreata sin;
37. á chur in iúl go bhfuil sí ag súil leis an tuarascáil speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir le cúnamh forbartha don chlársceidealú, ina ndéanfar a mheas ar leithdháileadh cúnamh forbartha AE do 2021-2027 de réir straitéis dhea-shainithe; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé measúnú a dhéanamh ar bhreisíocht an mhaoinithe chumaiscthe chun éifeachtacht na n-ionstraimí sin a chinneadh ó thaobh torthaí forbartha agus cuspóirí beartais a bhaint amach bunaithe ar luachanna AE; á iarraidh ar an gCúirt Iniúchóirí machnamh a dhéanamh ar mheasúnú den sórt sin a dhéanamh;
Maoiniú forbraíochta
38. ag éileamh ar na Ballstáit seasamh leis an ngealltanas a thug siad go gcaithfidís 0.7 % dá n-ollioncam náisiúnta ar chúnamh oifigiúil um fhorbairt (ODA); á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach raibh sa chúnamh oifigiúil um fhorbairt (ODA) ó gheilleagair ardfhorbartha in 2020 ach 0.32 % dá n-ollioncam náisiúnta (OIN) ar an meán – níos lú ná leath den ghealltanas 0,7 %, gealltanas nach bhfuil bainte amach ach ag ceithre Bhallstát; á thabhairt chun suntais go gcuirfidh tionchar chogadh na Rúise san Úcráin ar an gcaiteachas rialtais ar fud an domhain tuilleadh brú ar na buiséid chabhrach, buiséid atá íseal cheana féin; ag tabhairt dá haire gur gheall na Ballstáit a tháinig isteach san Aontas tar éis 2002 go ndéanfaidís a ndícheall ODA/OIN a dtíre a mhéadú go 0.33 %; á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí atá déanta go dtí seo ag na Ballstáit sin agus ag Ballstáit eile a gcaiteachas ar ODA a mhéadú de réir a chéile; ag moladh dóibh leanúint orthu ar an mbealach sin; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról tábhachtach ag ODA mar spreagthóir an athraithe agus mar luamhán chun acmhainní eile a shlógadh; á mheas gur cheart do AE a dhícheall a dhéanamh a sheasamh mar cheannaire domhanda i dtaca le ODA a choinneáil; á mheabhrú nach mór do 93 % ar a laghad den chaiteachas faoi NDICI – an Eoraip Dhomhanda na critéir le haghaidh ODA a chomhlíonadh;
39. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá gealltanas AE go ndéanfaidh sé acmhainní a shlógadh ar mhaithe leis an ngníomhaíocht ar son na haeráide agus ról BEI agus chomhaltaí eile EFAD ó thaobh dul chun cinn a dhéanamh sa réimse sin; ag tabhairt dá haire gur thug an Chomhairle gealltanas go ndéanfadh sí EFAD a stiúradh i dtreo Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, na SDGanna agus Comhaontú Pháras a bhaint amach chun teorainn 1.5 °C a chur leis an téamh domhanda; ag meabhrú na sprice atá leagtha síos faoi NDICI – an Eoraip Dhomhanda gur ar mhaithe leis an aeráid a bheadh 30 % den chaiteachas iomlán agus na sprice gur ar an mbithéagsúlacht a chaithfí 7,5 % den olltáirgeacht intíre (OTI) faoi 2024 mar a leagtar amach sa chreat airgeadais ilbhliantúil; á chur in iúl gurb oth léi nach bhfuil gealltanais níos sonraí i ndáil le spriocanna an bheartais aeráide tugtha ag an gCoimisiún sa treochlár uaidh, agus á chur in iúl go bhfuil sí ag dréim leis go ndéanfar é sin a leigheas i ndoiciméad clársceidealaithe atá ar na bacáin; á iarraidh go gcuirfí toirmeasc ar na hoibríochtaí uile lena maoinítear earnálacha a chuireann leis an ngéarchéim aeráide, tionscal na mbreoslaí iontaise den chuid is mó; á aithint gur cheart do EFAD a bheith cuimsitheach le haghaidh na réigiún agus na dtíortha comhpháirtíochta uile, agus á aithint ag an am céanna go bhfuil sciar suntasach den infheistíocht á dhíriú chuig na Balcáin Thiar agus chuig Comharsanacht an Oirthir agus an Deiscirt;
40. ag aithint ról na micrifhiontar áitiúil, na bhfiontar beag agus meánmhéide, na gcomharchumann, na samhlacha cuimsitheacha gnó agus na n-institiúidí taighde mar nithe a thiomáineann an fás, an fhostaíocht agus an nuálaíocht áitiúil, rud a chuideoidh, dá réir sin, le baint amach na SDGanna; á chur i bhfios go láidir gur gá an rochtain ar mhaoiniú a shimpliú, an ionchuimsitheacht a neartú agus tacú le gníomhaithe beaga, lena n-áirítear trí fheabhas a chur ar an rochtain ar shonraí ábhartha atá ar fáil go poiblí; á chur i bhfios go láidir, dá bhrí sin, nach mór rochtain éasca a bheith ag fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) áitiúla ar sheirbhísí airgeadais i gcreat EFAD; ag tabhairt dá haire gur cheart go mbeadh sé mar thoradh ar bheartais AE go spreagfaí comhar idir cuideachtaí agus fiontair, go háirithe FBManna, chun go mbeidh ról gníomhach acu i dtionscnaimh a chuireann leis an bhforbairt inbhuanaithe i dtíortha atá i mbéal forbartha;
41. á iarraidh ar an gCoimisiún nasc a bhunú idir gníomhaíochtaí laghdaithe riosca a d’fhéadfadh a bheith ann agus an tacaíocht airgeadais le haghaidh rochtain ar an oideachas agus ar an ngairmoiliúint, go háirithe ar mhaithe le bonneagar agus oiliúint chuí a chur ar fáil do mhúinteoirí, faoi NDICI – an Eoraip Dhomhanda, chun baint amach SDG 4 a éascú;
42. ag tabhairt dá haire go bhfuil tábhacht ar leith le hinfheistíochtaí AE i réimse na talmhaíochta inbhuanaithe, lena n-áirítear cleachtais agrai-éiceolaíocha, i gcás ina bhfuil infheistíochtaí príobháideacha agus poiblí in easnamh; ag cur béim ar an bhfíoras go gcaithfidh rochtain a bheith ag feirmeoirí áitiúla, feirmeoirí beaga agus feirmeacha teaghlaigh ar sheirbhísí airgeadais, agus, go háirithe, ar mhicreamhaoiniú;
43. ag tabhairt dá haire go bhfuil an easpa rochtana ar an margadh de dheasca deacrachtaí nascachta ar cheann de na príomhbhaic atá ar an tslándáil bia i roinnt mhaith réigiún san Afraic; á mheas go bhféadfadh tionchar mór a bheith ag infheistíochtaí AE sa réimse sin;
44. ag cur sonrú sa réiteach dhá cholún chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chánach a eascraíonn as digitiú agus domhandú an gheilleagair, mar a chomhaontaigh comhaltaí Chreat Cuimsitheach ECFE/G20 um Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit a áirithiú go bhfuil an t-íosráta cánach corparáide 15 % a comhaontaíodh le haghaidh fiontair ilnáisiúnta ar an leibhéal domhanda á chur i bhfeidhm go héifeachtach; á chur i bhfios go láidir, de réir na meastachán, go bhfuiltear ag dréim leis go nginfidh an cháin íosta sin thart ar USD 150 billiún d’ioncam breise cánach ar domhan gach bliain;
45. á iarraidh ar an gCoimisiún comhar idirnáisiúnta i gcúrsaí cánach a chur chun cinn chun imghabháil cánach, sreabhadh aindleathach airgeadais agus an t-éilliú a chomhrac chun maoiniú forbraíochta a chothú atá fiúntach agus inbhuanaithe agus a rannchuidíonn leis an neamhionannas agus an bhochtaineacht a laghdú;
o o o
46. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta agus chuig na Náisiúin Aontaithe.