Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2021/0204(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0145/2022

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0145/2022

Díospóireachtaí :

PV 07/06/2022 - 2
CRE 07/06/2022 - 2

Vótaí :

PV 08/06/2022 - 10.8
CRE 08/06/2022 - 10.8
PV 13/12/2022 - 8.3

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2022)0231
P9_TA(2022)0428

Téacsanna atá glactha
PDF 120kWORD 46k
Dé Máirt, 13 Nollaig 2022 - Strasbourg
Fógra faoin Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA)
P9_TA(2022)0428A9-0145/2022
Rún
 Téacs

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Nollaig 2022 maidir leis an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2003/87/CE a mhéid a bhaineann leis an bhfógra maidir le fritháireamh i leith beart domhanda margadhbhunaithe d’oibreoirí aerárthaigh atá bunaithe san Aontas (COM(2021)0567 – C9-0323/2021 – 2021/0204(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0567),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0323/2021),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Seanad Éireann, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 20 Deireadh Fómhair 2021(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 28 Aibreán 2022(2),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 11 Samhain 2022 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A9-0145/2022),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é(3);

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 105, 4.3.2022, lch. 140.
(2) IO C 301, 5.8.2022, lch. 116.
(3) Tá an seasamh seo ag gabháil in ionad na leasuithe a glacadh an 8 Meitheamh 2022 (Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0231)


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Nollaig 2022 chun go nglacfaí Cinneadh (AE) 2023/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2003/87/CE a mhéid a bhaineann leis an bhfógra maidir le fritháireamh i leith beart domhanda margadhbhunaithe d’oibreoirí aerárthaí atá bunaithe san Aontas
P9_TC1-COD(2021)0204

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2023/136)

An nuashonrú is déanaí: 6 Márta 2023Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais