Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Téacsanna atá glactha
PDF 118kWORD 43k
Dé Céadaoin, 14 Nollaig 2022 - Strasbourg
Ionstraim 'Cúnamh Macra-Airgeadais+' chun tacaíocht a thabhairt don Úcráin le haghaidh 2023
P9_TA(2022)0439

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Nollaig 2022 ar an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfaí rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear ionstraim chun tacaíocht a thabhairt don Úcráin le haghaidh 2023 (cúnamh macra-airgeadais +) (15727/2022 – C9-0424/2022 – 2022/0371(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an dara léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh (15727/2022 – C9-0424/2022),

–  ag féachaint don seasamh uaithi ar an gcéad léamh(1) ar an togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0597),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Rialacha 67 agus 163 dá Rialacha Nós Imeachta,

1.  ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh;

2.  ag tabhairt dá haire go nglactar an gníomh i gcomhréir leis an seasamh ón gComhairle;

3.  á threorú dá hUachtarán an gníomh a shíniú le hUachtarán na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 297(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

4.  á threorú dá hArd-Rúnaí an gníomh a shíniú, a luaithe a bheidh sé fíoraithe go bhfuil na nósanna imeachta ar fad curtha i gcrích go cuí, agus, i gcomhaontú le hArd-Rúnaí na Comhairle, socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

5.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) Téacsanna arna nglacadh, 24.11.2022, P9_TA(2022)0412.

An nuashonrú is déanaí: 6 Márta 2023Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais