Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Nollaig 2022 ar chur chun feidhme chomhaontú comhlachais an Aontais leis an tSeoirsia (2021/2236(INI))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint d’Airteagal 8 agus do Theideal V, agus go háirithe Airteagail 21, 22, 36 agus 37, den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), mar aon le Cuid a Cúig den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
– ag féachaint don Chomhaontú Comhlachais (CC) idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an tSeoirsia, den pháirt eile(1), a tháinig i bhfeidhm go hiomlán an 1 Iúil 2016,
– ag féachaint do thuairim ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2022 maidir le hiarratas na Seoirsia ar bhallraíocht san Aontas Eorpach (COM(2022)0405),
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 23-24 Meitheamh 2022 maidir le hiarratais ar bhallraíocht ón Úcráin, ó Phoblacht na Moldóive agus ón tSeoirsia,
– ag féachaint dá rúin roimhe seo maidir leis an tSeoirsia,
– ag féachaint do mholadh uaithi an 8 Meitheamh 2022 chuig an gComhairle agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir le Beartas Eachtrach, Slándála agus Cosanta AE tar éis chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine(2),
– ag féachaint don chomhaontú ar thángthas air idir fórsaí polaitiúla na Seoirsia an 19 Aibreán 2021, ar a ndearna Uachtarán na Comhairle Eorpaí idirghabháil,
– ag féachaint don ‘Tuarascáil ar Chur Chun Feidhme maidir le Comhlachas na Seoirsia’ an 10 Lúnasa 2022 (SWD(2022)0215),
– ag féachaint don Chlár Oibre Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an tSeoirsia do 2021-2027, arna ghlacadh an 16 Lúnasa 2022(3),
– ag féachaint don toradh ar an seachtú cruinniú de chuid na Comhairle Comhlachais idir an tAontas agus an tSeoirsia an 6 Meán Fómhair 2022,
– ag féachaint don Phlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do Chomhpháirtíocht an Oirthir, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I de Recovery, resilience and reform: post 2020 Eastern Partnership priorities [Téarnamh, athléimneacht agus athchóiriú: tosaíochtaí Chomhpháirtíocht an Oirthir tar éis 2020] an 2 Iúil 2021 (SWD(2021)0186),
– ag féachaint d’Innéacs Domhanda de Shaoirse an Phreasa 2022, arna fhoilsiú ag Tuairisceoirí gan Teorainneacha,
– ag féachaint don tuairim phráinneach ó Choimisiún na Veinéise i gComhairle na hEorpa an 26 Lúnasa 2022 maidir leis an dréacht-dlí ar na leasuithe ar an gCód Nós Imeachta Coiriúil a ghlac Parlaimint na Seoirsia an 7 Meitheamh 2022, dá thuairim an 20 Meitheamh 2022 maidir le leasuithe mhí na Nollag 2021 ar an dlí orgánach maidir le cúirteanna coiteanna, do thuairim phráinneach uaithi an 2 Iúil 2021 maidir leis na leasuithe ar an dlí orgánach maidir le cúirteanna coiteanna, dá chomhthuairim phráinneach an 5 Iúil 2022 maidir leis na dréachtleasuithe athbhreithnithe ar an gcód toghcháin, dá tuairim an 8 Deireadh Fómhair 2020 maidir leis an dréacht-dlí orgánach lena leasaítear an dlí orgánach maidir le cúirteanna coiteanna agus dá tuairim phráinneach an 16 Aibreán 2019 maidir le breithiúna den Chúirt Uachtarach a roghnú agus a cheapadh,
– ag féachaint do thuairim na hOifige um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine (ODIHR) de chuid OSCE an 18 Feabhra 2022 maidir leis na leasuithe reachtacha ar Sheirbhís Cigire Stáit na Seoirsia agus dá tuarascáil chríochnaitheach an 23 Lúnasa 2021 maidir le breithiúna den Chúirt Uachtarach a ainmniú agus a cheapadh sa tSeoirsia,
– ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta, mar aon le hAirteagal 1(1)(e) de chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 12 Nollaig 2002 maidir leis an nós imeachta i gcomhair údarú a dheonú chun tuarascálacha féintionscnaimh a tharraingt suas agus Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gCinneadh sin,
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0274/2022),
A. de bhrí gur thíolaic an tSeoirsia a hiarratas ar bhallraíocht san Aontas an 3 Márta 2022 i gcomhthéacs tacaíocht láidir phoiblí leanúnach d’ardmhianta Eorpacha na Seoirsia, chomh maith leis an staid gheopholaitiúil nua a d’eascair as cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine;
B. de bhrí, sna conclúidí uaithi an 23-24 Meitheamh 2022, gur aithin an Chomhairle Eorpach peirspictíocht Eorpach na Seoirsia agus gur chuir sí in iúl go raibh sí réidh stádas mar thír is iarrthóir a dheonú di a luaithe a thabharfar aghaidh ar na tosaíochtaí a shonraítear sa tuairim ón gCoimisiún maidir le hiarratas na Seoirsia;
C. de bhrí go leanann Cónaidhm na Rúise dá forghabháil neamhdhleathach ar réigiúin na hAbcáise agus Tskhinvali/na hOiséite Theas sa tSeoirsia, de shárú ar cheannasacht agus ar iomláine chríochach na Seoirsia, chomh maith le comhaontú sos cogaidh an 12 Lúnasa 2008 a raibh an tAontas ina idirghabhálaí ann;
D. de bhrí go bhfuil Cónaidhm na Rúise agus a réimis forghabhála ag cur isteach d’aon turas ar fhilleadh sábháilte agus díniteach daoine easáitithe ina dtír féin agus dídeanaithe a díbríodh le lámh láidir mar thoradh ar ghlanadh eitneach ó réigiúin na hAbcáise agus Tskhinvali/na hOiséite Theas sa tSeoirsia atá faoi fhorghabháil ag an Rúis;
E. de bhrí go bhfuil Cónaidhm na Rúise ag leanúint dá próiseas ionghabhála ‘téaltaitheach’ ar chríocha na Seoirsia atá faoi fhorghabháil, lena n-áirítear trína rún ‘reifreann’ a reáchtáil i réigiún Tskhinvali maidir le ‘comhtháthú’ na Rúise, coimpléasc maoine Bichvinta agus an limistéar máguaird a aistriú chuig Cónaidhm na Rúise, agus réigiúin na hAbcáise agus Tskhinvali/na hOiséite Theas a ionchorprú tuilleadh in earnálacha míleata, eacnamaíocha, ceartais, sóisialta agus eile Chónaidhm na Rúise;
F. de bhrí go ndéanann idirdhealú eitneach leanúnach agus sáruithe tromchúiseacha eile ar chearta an duine i gcoinne na Seoirseach i gcríocha na Seoirsia atá faoi fhorghabháil na Rúise, suiteáil fálta sreinge deilgní agus bacainní saorga eile, dúnadh fada na bpointí trasnaithe, mar a thugtar orthu, feadh na líne forghabhála agus coinneáil agus fuadach neamhdhleathach shaoránaigh na Seoirsia ag fórsaí forghabhála na Rúise an staid a dhíchobhsú ar fud na tíre;
G. de bhrí ó seoladh cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, go bhfuil na mílte Rúiseach tagtha chun na Seoirsia chun éalú ó smachtbhannaí an Iarthair agus ón slógadh a d’ordaigh Putin, agus go bhfuil líon mór Bealarúiseach tar éis déanamh amhlaidh, lena n-áirítear iad siúd atá ag iarraidh éalú ó ghéarleanúint;
H. de bhrí go leanann an Rúis d’úsáid a bhaint as bréagaisnéis, cibirionsaithe agus modhanna hibrideacha eile chun an bonn a bhaint d’athléimneacht shochaíoch agus institiúideach na Seoirsia;
I. de bhrí go leanann an tSeoirsia de bheith rannpháirteach in oibríochtaí bainistithe géarchéime sibhialta agus míleata faoin gcomhbheartas slándála agus cosanta (CBSC) agus gur chuir sí 32 thrúpa ar fáil do Mhisean AE le haghaidh Oiliúint Mhíleata i bPoblacht na hAfraice Láir agus oifigeach amháin do Mhisean Oiliúna AE i Mailí;
J. de bhrí go bhfuil iarUachtarán na Seoirsia, Mikheil Saakashvili, a bhfuil a shláinte ag dul in olcas go leanúnach de réir na dtuairiscí is déanaí, fós gan cúram chuí agus go bhfuil a bheatha ina cúis imní dá bharr;
K. de bhrí gur chuir Dr David E. Smith, M.D. & Associates tuarascáil tocsaineolaíochta i dtoll a chéile inar thángthas ar an gconclúid gur nochtadh láithreacht miotal trom agus oibreán eile, amhail mearcair agus arsanaic i measc oibreáin eile, trí shamplaí gruaige agus iongan ó Mikheil Saakashvili a thástáil, agus go bhfuil cuid mhaith de na siomptóim phaiteolaíocha a léirigh Mikheil Saakashvili mar thoradh ar nimhiú miotail throm, rud a chuir leis an meath tapa ar a shláinte;
L. de bhrí, ina CC atá i bhfeidhm ón 1 Iúil 2016, gur gheall an tSeoirsia agus an tAontas comhlachas polaitiúil agus comhtháthú eacnamaíoch a chur chun cinn bunaithe ar a luachanna coiteanna agus ar a bprionsabail chomhchoiteanna maidir leis an daonlathas, an smacht reachta, an dea-rialachas, cearta an duine agus saoirsí bunúsacha;
M. de bhrí go leanann an tSeoirsia de dhul chun cinn a dhéanamh maidir le cur chun feidhme CC agus an Limistéir Dhomhain Chuimsithigh Saorthrádála (LDCST) agus go bhfuil sí fós ag ailíniú le acquis an Aontais agus le caighdeáin de chuid an Aontais; de bhrí, cé gurb é an tAontas príomh-chomhpháirtí trádála na Seoirsia, nár baineadh leas iomlán as acmhainneacht an chomhair sin go fóill;
N. de bhrí go ndearnadh roinnt dlíthe ríthábhachtacha, lena n-áirítear maidir le feidhmiú na mbreithiúna agus príomhnósanna imeachta ceapacháin, nósanna imeachta maidir le faireachas ceilte agus scor Sheirbhís an Chigire Stáit, a chur faoi dheifir trí Pharlaimint na Seoirsia gan na comhairliúcháin ná an anailís ba ghá ar chomhlíonadh chaighdeáin AE nó Chomhairle na hEorpa, mar a tugadh faoi deara i dTuarascáil 2022 ar Chur Chun Feidhme maidir le Comhlachas na Seoirsia;
O. de bhrí gur leagadh béim i gComhaontú an 19 Aibreán 2021, arna idirghabháil ag Uachtarán na Comhairle Eorpaí, ar an ngá atá le haghaidh a thabhairt ar dhearcadh an cheartais pholaitithe trí athchóiriú breithiúnach chun neamhspleáchas, trédhearcacht agus cuntasacht an chórais bhreithiúnaigh a mhéadú;
P. de bhrí, le himscrúduithe agus ionchúisimh roghnaíocha atá dírithe orthu siúd atá cáinteach faoin rialtas reatha, go mbaintear an bonn ón muinín atá ag an bpobal ní hamháin as institiúidí breithiúnacha, ach as údaráis na Seoirsia freisin;
Q. de bhrí go bhfuil an staid maidir le saoirse tuairimí a nochtadh, saoirse na meán agus sábháilteacht iriseoirí, ar bunchlocha de dhaonlathas feidhmiúil iad, ag dul in olcas agus in 2022, gur thit an tSeoirsia ón 60ú go dtí an 89ú háit as 180 san Innéacs Domhanda de Shaoirse an Phreasa; de bhrí gur fíorbheag muinín atá ag an bpobal sna meáin sa tSeoirsia;
R. de bhrí gur gearradh téarma príosúnachta 3 bliana go leith ar Nika Gvaramia, stiúrthóir an chainéil teilifíse Mtavari, ar chúiseanna amhrasacha maidir le sciúradh airgid, breabaireacht agus brionnú doiciméad;
S. de bhrí go bhfuil méadú suntasach tagtha le déanaí ar bholscaireacht i gcoinne an i Iarthair agus ar bhréagaisnéis ar na meáin agus na líonraí sóisialta sa tSeoirsia; de bhrí go leanann comhaltaí an pháirtí rialaithe de theanga dheighilteach agus naimhdeach a úsáid agus iad ag tagairt d’institiúidí an Aontais agus dá n-ionadaithe;
T. de bhrí gur dúshlán fós é an comhionannas inscne, mar a léirítear le sleamhnú na Seoirsia in Innéacs Domhanda an Dealaithe Inscne de chuid an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda ón 49ú háit as 154 thír in 2021 go dtí an 55ú háit as 146 thír in 2022, rud a léiríonn meath ar réimsí na gnóthachtála oideachais, na sláinte agus an mharthanais, agus an chumhachtaithe pholaitiúil; de bhrí gur ábhar imní fós iad saincheisteanna an fhoréigin inscnebhunaithe agus an fhoréigin teaghlaigh agus an idirdhealaithe in aghaidh daoine LADTIA+;
1. á chur in iúl gur geal léi an cinneadh ón gComhairle Eorpach peirspictíocht Eorpach na Seoirsia a aithint, laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta; ag tabhairt dá haire gur comhartha láidir é an cinneadh sin de thacaíocht pholaitiúil d’ardmhianta Eorpacha mhuintir na Seoirsia agus, dá bhrí sin, ag tathant ar an tSeoirsia an deis stairiúil sin a thapú; á athdhearbhú gur gá don tSeoirsia aghaidh a thabhairt go rathúil ar na príomhthosaíochtaí a chuir an Coimisiún in iúl ina thuairim maidir le hiarratas na Seoirsia ar bhallraíocht san Aontas Eorpach agus a d’fhormhuinigh Comhairle an Aontais Eorpaigh, chun stádas mar iarrthóir a dheonú di;
2. á iarraidh ar údaráis na Seoirsia seasamh leis na caighdeáin is airde a mhéid a bhaineann leis an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine agus saoirsí bunúsacha agus na tosaíochtaí le haghaidh athchóiriú a leagadh amach i dtuairim an Choimisiúin agus lena léirítear an comhaontú a socraíodh an 19 Aibreán 2021 a shaothrú go diongbháilte chun a dtiomantas polaitiúil a léiriú go soiléir maidir le mianta uaillmhianacha Eorpacha an náisiúin a chur chun feidhme, mar a cuireadh in iúl leis an iarratas ar bhallraíocht AE a thíolaic an tSeoirsia an 3 Márta 2022; á chur in iúl gur geal léi na céimeanna láithreacha atá glactha ag an tSeoirsia chun tús a chur leis an bpróiseas oibre chun aghaidh a thabhairt ar na tosaíochtaí sin agus ag spreagadh údaráis na Seoirsia an próiseas sin a stiúradh ar bhealach cuimsitheach agus trédhearcach; á iarraidh ar fhórsaí polaitiúla uile na Seoirsia páirt chuiditheach a ghlacadh sna hiarrachtaí sin agus rannchuidiú leo agus á iarraidh ar údaráis na Seoirsia tograí arna dtíolacadh ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta a chur san áireamh, chun rannpháirtíocht fhónta agus inchreidte na sochaí sibhialta i bpróisis chinnteoireachta ar gach leibhéal a áirithiú, go háirithe maidir leis na hathchóirithe tábhachtacha sin; á chur i bhfáth go leanfar de mheasúnú a dhéanamh ar thairiscint na Seoirsia ar aontachas leis an Aontas bunaithe ar a fiúntas féin agus ar a rath i gcomhlíonadh chritéir Chóbanhávan maidir le ballraíocht AE, go háirithe a mhéid a bhaineann le hathchóirithe daonlathacha;
3. ag spreagadh na Seoirsia leanúint dá comhar feabhsaithe leis an Úcráin agus le Poblacht na Moldóive ar gach leibhéal rialachais, dea-chleachtais a mhalartú maidir le critéir bhallraíochta AE a chomhlíonadh don phróiseas aontachais amach anseo agus borradh a chur faoin gcomhar réigiúnach i gComhpháirtíocht an Oirthir;
Sláine críche agus slándáil
4. á chur i bhfios go láidir go n-éilíonn cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine go mbeadh aontacht agus dlúthpháirtíocht ann ó thaobh an chomhphobail idirnáisiúnta de, ós rud é go mbeidh sé sin cinntitheach freisin chun sláine críche na Seoirsia a athbhunú, rud nár chosain an comhphobal idirnáisiúnta le neart leordhóthanach in 2008; á chur in iúl gur geal léi freagairt láidir shochaí na Seoirsia chun tacú leis an Úcráin; ag tabhairt ómós do shaighdiúirí Léigiún na tSeoirse san Úcráin atá ag troid i gcoinne ionsaitheoirí na Rúise ó 2014 i leith; á iarraidh ar údaráis na Seoirsia ailíniú a dhéanamh le ráitis ábhartha ó Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála thar ceann Aontais agus le cinntí ón gComhairle, i gcomhréir le huaillmhianta Eorpacha na tíre; á iarraidh ar na húdaráis ailíniú le smachtbhannaí AE agus a áirithiú nach rachfar timpeall ar smachtbhannaí idirnáisiúnta a bhaineann le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine tríd an tSeoirsia;
5. á chur in iúl gur cúis imní di na tuairiscí lena líomhnaítear go bhfuil muintir na Rúise agus eintitis na Rúise ag baint úsáid as an tSeoirsia chun smachtbhannaí an Iarthair a sheachaint; á iarraidh ar institiúidí an Aontais tuilleadh scrúdaithe a dhéanamh ar na líomhaintí sin, go háirithe ar thuarascálacha éagsúla, lena n-áirítear tuarascáil ó Ghníomhaireacht Náisiúnta na hÚcráine um Éilliú a Chosc, a bhaineann le naisc Bidzina Ivanishvili leis an Rúis; i gcás ina ndeimhnítear na líomhaintí sin a bheith fíor, á iarraidh go dtabharfaí isteach smachtbhannaí pearsanta ina choinne agus i gcoinne iad siúd is dlúithe a bhaineann leis; á mheabhrú go ndearna an Úcráin smachtbhannaí a fhorchur i gcoinne bhaill teaghlaigh Ivanishvili agus ar a dhlúthchomhlaigh as a naisc leis an gCreimil, atá freagrach as seasamh débhríoch Rialtas reatha na Seoirsia i leith na Rúise; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, gur glacadh an t-ochtú pacáiste smachtbhannaí i gcoinne na Rúise, lena n-áirítear critéar nua liostaithe lena gcuirfear ar chumas an Aontais smachtbhannaí a fhorchur ar dhaoine a éascaíonn sáruithe ar an toirmeasc i gcoinne teacht timpeall ar smachtbhannaí;
6. ag athdhearbhú a tacaíochta daingne do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na Seoirsia laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta; á iarraidh go leanfaí d’iarrachtaí chun réiteach síochánta idirbheartaithe ar an gcoinbhleacht a bhaint amach agus deireadh a chur le forghabháil na Rúise ar chríoch na Seoirsia; ag spreagadh na Seoirsia, agus an comhthéacs dúshlánach á aithint, chun tuilleadh idirphlé cuiditheach a dhéanamh leis na pobail san Abcáis agus san Oiséit Theas, ar réigiúin sa tSeoirsia iad na réigiúin sin, chun muinín agus iontaoibh a chothú maidir leis an réiteach coinbhleachtaí inbhuanaithe; á iarraidh ar an Aontas leanúint dá rannpháirtíocht chun an choinbhleacht idir an Rúis agus an tSeoirsia a réiteach go síochánta trí úsáid éifeachtach a bhaint as na hionstraimí uile atá ar fáil, lena n-áirítear an tIonadaí Speisialta do Chugas Theas agus don ghéarchéim sa tSeoirsia, Idirphlé Idirnáisiúnta na Ginéive, na Sásraí um Theagmhais a Chosc agus a Fhreagairt, Misean Faireacháin AE (EUMM) sa tSeoirsia, agus a bheartas neamhaitheantais agus rannpháirtíochta; á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh síneadh le sainordú EUMM sa tSeoirsia go dtí an 14 Nollaig 2024 ionas go mbeidh sí in ann leanúint dá cúraimí a chomhlíonadh chun an staid a chobhsú agus a normalú agus muinín a chothú idir na páirtithe sa choinbhleacht i dtimpeallacht slándála atá ag éirí níos déine;
7. ag cáineadh go láidir an fhorghabháil neamhdhleathach atá déanta ag Cónaidhm na Rúise ar réigiúin na hAbcáise agus Tskhinvali/na hOiséite Theas sa tSeoirsia agus na gníomhaíochtaí neamhdhleathacha ‘teorannaithe’ leanúnacha sna réigiúin sin; á chur in iúl gur cúis imní di an staid uafásach slándála, dhaonnúil agus chearta an duine i gcríocha na Seoirsia atá faoi fhorghabháil, agus ag cáineadh go láidir an t-idirdhealú i gcoinne Seoirsigh eitneacha sna limistéir Gali agus Akhalgori, an sárú ar a gceart chun rochtain a fháil ar oideachas ina máthairtheanga, coinneáil neamhdhleathach, fuadach agus srianta ar shaoirse gluaiseachta a tharlaíonn feadh na Líne Teorann Riaracháin, agus an sárú ar an gceart atá ag daoine easáitithe ina dtír féin agus dídeanaithe a díbríodh go foréigneach ó chríocha na Seoirsia atá faoi fhorghabháil, lena n-áirítear mar thoradh ar ghlanadh eitneach, filleadh go sábháilte agus go maorga ar a dtithe; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá teagmhálacha idirphearsanta agus bearta cothaithe muiníne idir na pobail atá deighilte ag an gcoinbhleacht;
8. á iarraidh ar Chónaidhm na Rúise a hoibleagáidí idirnáisiúnta faoi chomhaontú an tsosa comhraic an 12 Lúnasa 2008 a raibh an tAontas ina idirghabhálaí ann a chomhlíonadh, go háirithe an oibleagáid atá uirthi a pearsanra míleata agus slándála uile a tharraingt siar ó chríocha faoi fhorghabháil na Seoirsia agus bunú sásraí slándála idirnáisiúnta a cheadú inti, agus rochtain gan bhac ar chríoch iomlán na Seoirsia a cheadú de bhun a sainordaithe;
9. á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ag an tSeoirsia mar chomhpháirtí iontaofa slándála de chuid an Aontais trína rannchuidiú suntasach le hoibríochtaí CBSC AE; á iarraidh ar an gComhairle agus ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí tuilleadh teagmhála a dhéanamh leis an tSeoirsia maidir le CBSC, go háirithe i bhfianaise leas na Seoirsia a bheith rannpháirteach i dTionscadail maidir le Buanchomhar Struchtúrtha agus comhar a fhorbairt le gníomhaireachtaí ábhartha AE;
10. á iarraidh go mbeadh níos mó cúnaimh ann don tSeoirsia agus go mbeadh comhpháirtíocht fheabhsaithe ann léi i réimse na slándála agus na cosanta, mar a dearbhaíodh i gCompás Straitéiseach AE, lena n-áirítear tríd an tSaoráid Eorpach Síochána; á chur in iúl gur geal léi tiomantas agus diongbháilteacht an Aontais tacú leis an tSeoirsia chun bagairtí hibrideacha a chomhrac agus á chur in iúl gur geal léi an t-aitheantas go bhfuil an tslándáil mhuirí sa Mhuir Dhubh ríthábhachtach do shlándáil an Aontais;
Idirphlé polaitiúil agus toghcháin
11. á chur in iúl gur oth léi go bhfuil deighilt dhomhain fós mar ghné shainiúil de thimpeallacht pholaitiúil na Seoirsia; á iarraidh ar na geallsealbhóirí polaitiúla go léir staonadh ó aon reitric dheighilteach agus ionsaitheach, agus a gcuid fórsaí a aontú chun nach gcuirfear a bpríomhsprioc maidir le ballraíocht na Seoirsia san Aontas i mbaol trí athchóirithe uaillmhianacha daonlathacha, breithiúnacha agus frith-éillithe a chur chun feidhme; ag cur béim ar an ngá atá le muinín a chothú agus a mhéadú i measc na ngeallsealbhóirí polaitiúla agus institiúideacha uile, agus eatarthu féin agus muintir na Seoirsia; á chur i bhfios go láidir, áfach, go bhfuil formhór na n-uirlisí ag an bpáirtí rialaithe agus go bhfuil an phríomhfhreagracht air an méid sin a bhaint amach; á athdhearbhú go leanann croífhorálacha an chomhaontaithe a bhí faoi stiúir an Aontais an 19 Aibreán 2021 de bhealach i dtreo neartú an daonlathais agus an smachta reachta agus laghdú an pholaraithe sa tSeoirsia a chur i láthair agus go léirítear iad, dá bhrí sin, i gClár Oibre Comhlachais 2021-2027 idir an tAontas agus an tSeoirsia; á chur in iúl gur oth léi gur tarraingíodh siar an páirtí ‘Georgian Dream’ ó chomhaontú an 19 Aibreán agus á iarraidh ar na fórsaí polaitiúla uile na gealltanais a tugadh mar chuid den chomhaontú a chomhlíonadh; ag tabhairt dá haire gur léiriú soiléir ar cheartas polaitithe é cinneadh na cúirte ceannairí an pháirtí ‘Lelo for Georgia’, Mamuka Khazaradze agus Badri Japaridze, a chiontú mar aon le húsáid fhíorasc na cúirte chun sainordú parlaiminteach Japaridze a bhaint de; á chur i bhfáth go mbeidh ciontuithe breise na gceannairí polaitiúla ag teacht salach ar na rúin dhearbhaithe chun polarú a laghdú;
12. á iarraidh ar cheannairí polaitiúla na Seoirsia deireadh a chur le hionsaithe trodacha ó bhéal i gcoinne Feisirí de Pharlaimint na hEorpa agus ionadaithe eile ó chomhpháirtithe Eora-Atlantacha, amhail an tAontas nó SAM, chomh maith leis an reitric dhochrach gan bhunús lena n-éilítear go bhfuil rún líomhnaithe ag comhpháirtithe idirnáisiúnta ‘an tSeoirsia a tharraingt isteach sa chogadh’; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil bolscaireacht, bréagaisnéis agus reitric fhrith-Iarthair ag dul i méid sa tSeoirsia, agus go bhfuil sé sin ag teacht salach ar an tacaíocht phoiblí as cuimse atá ann do lánpháirtiú Eora-Atlantach na tíre agus nach bhfuil aon laghdú tagtha uirthi;
13. á iarraidh ar údaráis na Seoirsia athchóiriú toghchánach na tíre a chur i gcrích agus aghaidh a thabhairt ar easnaimh leanúnacha i bhfeachtais toghcháin agus i reáchtáil toghchán in am do thoghcháin pharlaiminteacha 2024 agus i gcomhréir le moltaí ESCE/ODIHR, go háirithe maidir le brú ó oifigigh phoiblí agus iomaitheoirí toghcháin ar vótálaithe agus iarrthóirí agus maidir le líomhaintí a bhaineann le himeaglú, comhéigean agus ceannach vótaí, agus maidir le mí-úsáid acmhainní riaracháin le linn an phróisis toghcháin; á chur in iúl gur geal léi gur chuir údaráis na Seoirsia na dréachtleasuithe ar an gCód Toghcháin faoi bhráid an ODHIR/OSCE agus Choimisiún na Veinéise chun tuairim a fháil orthu agus á iarraidh ar na húdaráis sin na moltaí atá le teacht a chur chun feidhme go hiomlán sula nglactar iad; ag moladh d’údaráis na Seoirsia aghaidh a thabhairt ar shaincheist chearta vótála shaoránaigh na Seoirsia atá ina gcónaí thar lear; á chur in iúl gur oth léi eisiamh na Sochaí Idirnáisiúnta um Thoghcháin Chóra agus um Dhaonlathas ón meitheal pharlaiminteach um athchóiriú toghchánach agus á iarraidh go ndéanfaí é a áireamh sa phróiseas; á mheabhrú d’údaráis na Seoirsia gur gheall siad an tairseach toghcháin do thoghcháin pharlaiminteacha a ísliú;
14. á chur i bhfios go láidir gur gá deireadh a chur le tionchar iomarcach na leasanna dílsithe sa saol eacnamaíoch, polaitiúil agus poiblí mar cheann de na tosaíochtaí a shainaithin an Coimisiún a dtabharfar aghaidh orthu sula ndeonaítear stádas mar iarrthóir don tSeoirsia; á mholadh go dtabharfaí aghaidh ar thionchar iomarcach leasanna dílsithe, go háirithe i gcás an olagarc agus an iarPhríomh-Aire Bidzina Ivanishvili, ar bhealach sistéamach trí bhíthin athchóirithe struchtúracha agus rialála i réimsí éagsúla de shaol polaitiúil, eacnamaíoch agus poiblí na tíre; á athdhearbhú gur iarr sí ar an gComhairle agus ar na páirtithe daonlathacha bearta iomchuí a dhéanamh, lena n-áirítear smachtbhannaí pearsanta a fhorchur ar Ivanishvili agus ar gach duine aonair a chumasaíonn meath an phróisis pholaitiúil dhaonlathaigh agus atá freagrach as;
15. á chur in iúl gur geal léi go ndearna Coimisiún na Veinéise comhairliúcháin i leith an dréacht-dlí is déanaí maidir le ‘cumhachtaí na n-olagarcaí a laghdú’; ag tathant ar Pharlaimint na Seoirsia go gcuirfí an tuairim a bheidh ag Coimisiún na Veinéise san áireamh go cuí agus go ndéanfaí glacadh aon dreacht-dlí ar an ábhar a áirthiú i gcomhréir leis na moltaí ó Choimisiún na Veinéise agus bunaithe ar an gcuspóir atá ann maidir le tionchar iomarcach leasanna dílsithe a dhíothú sa saol eacnamaíoch, polaitiúil agus poiblí trí chur chuige córasach;
16. á chur in iúl gur cúis mhór imní di go ndearna Dr David E. Smith, MD & Associates, an tuarascáil tocsaineolaíochta inar thángthas ar an gconclúid go bhfuil cuid mhaith de na siomptóim phaiteolaíocha a léirigh Mikheil Saakashvili mar thoradh ar nimhiú miotail throm, rud a chuireann leis an meath tapa ar a shláinte; á athdhearbhú go bhfuil an fhreagracht iomlán ar Rialtas na Seoirsia as sláinte agus folláine an iar-Uachtaráin agus nach mór é a thabhairt chun cuntais má tharlaíonn aon rud dó; á iarraidh ar Uachtarán na Seoirsia go mbainfeadh sí úsáid as a sainchumais bhunreachtúla chun an tsaincheist sin a réiteach; á iarraidh ar Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála go nglacfaí páirt ghníomhach i scaoileadh an iar-Uachtaráin a áirithiú; á iarraidh an athuair ar údaráis na Seoirsia an t-iarUachtarán Mikheil Saakashvili a scaoileadh saor agus cead a thabhairt dó cóir leighis chuí a fháil thar lear i gcomhréir le hAirteagal 283 de Chód Nós Imeachta Coiriúil na Seoirsia, ar fhorais dhaonnúla agus mar bhealach chun polarú polaitiúil a laghdú;
An smacht reachta, dea-rialachas agus saoirse na meán
17. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé fíor-athchóiriú ceartais uaillmhianach agus críochnúil a chur chun feidhme ar bhonn straitéis agus plean gníomhaíochta um athchóiriú breithiúnach tar éis 2021 a bheidh trédhearcach agus éifeachtach trí phróiseas comhairliúcháin leathan, cuimsitheach agus traspháirtí; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil stad tagtha ar an athchóiriú ar na breithiúna agus fiú amháin go bhfuil sé imithe ar gcúl i roinnt príomhréimsí; á iarraidh ar na húdaráis aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a shainaithin Coimisiún na Veinéise maidir le hainmniú agus ceapadh breithiúna ar gach leibhéal, go háirithe an Chúirt Uachtarach, agus an tArd-Ionchúisitheoir chun an próiseas a thabhairt i gcomhréir go hiomlán le caighdeáin Eorpacha; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil céimeanna curtha i bhfeidhm chun ceapadh an Phríomh-Ionchúisitheora a ailíniú le moltaí Chomisiún na Veinéise; á iarraidh go ndéanfaí athchóiriú críochnúil ar an Ard-Chomhairle um Cheartas, ar cheart é a dhéanamh sula gceapfar na comhaltaí eile dá cuid, ar cheart an nós imeachta ina leith a bheith trédhearcach, bunaithe ar fhiúntas agus i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha; ag cur sonrú i gClár Oibre Comhlachais 2021-2027 idir an tAontas agus an tSeoirsia a comhaontaíodh go frithpháirteach agus na gealltanais ábhartha a rinne údaráis na Seoirsia ann, go háirithe maidir leis an Ard-Chomhairle Ceartais agus leis an Ard-Ionchúisitheoir;
18. á chur i bhfáth go n-eascraíonn polaitiú breise na mbreithiúna as gníomhaíochtaí tobanna agus neamh-thrédhearcacha maidir le príomhcheapacháin nó le hathruithe institiúideacha a dhéanamh, rud ar cheart aghaidh a thabhairt air go práinneach; á chur in iúl gur oth léi, go háirithe, i ndáil leis sin, gur ceapadh breithiúna na Cúirte Uachtaraí le haghaidh téarmaí ar feadh an tsaoil sular tugadh aghaidh ar na heasnaimh sa phróiseas ainmniúcháin a shainaithin ODIHR agus Coimisiún na Veinéise agus in ainneoin na n-éileamh a rinneadh arís agus arís eile chun an próiseas ceapacháin a stad agus a thabhairt i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha; á athdhearbhú gur fhág an easpa dul chun cinn maidir le hathchóiriú breithiúnach nár comhlíonadh na coinníollacha chun an tráinse EUR 75 mhilliún de chúnamh macrairgeadais AE a fháil faoi mhí Mheán Fómhair 2021; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá na ceapacháin uile a bheith trédhearcach, i gcomhréir go hiomlán le caighdeáin Eorpacha, agus go ndéanfar iad ar bhonn sláine, neamhspleáchais, neamhchlaontachta agus inniúlachta;
19. á chur in iúl gur cúis imní di greamú leanúnach an stáit agus marbhántacht an chomhraic i gcoinne an éillithe; ag athdhearbhú a hiarrata ar údaráis na Seoirsia dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe agus na coireachta eagraithe; ag tabhairt dá haire gur glacadh na hathruithe reachtacha lena mbunaítear Biúró Frith-Éillithe nua agus á iarraidh ar údaráis na Seoirsia iad a chur faoi bhráid Choimisiún na Veinéise chun tuairim a fháil orthu agus na moltaí atá le teacht a chur chun feidhme go hiomlán, go háirithe ionas gur féidir leis an mBiúró Frith-Éillithe nua aghaidh a thabhairt go dian ar chásanna éillithe ardleibhéil, agus modhanna agus acmhainní leormhaithe a chur ar fáil di chun a sainordú a fheidhmiú go hiomlán; á iarraidh, thairis sin, ar údaráis na Seoirsia na noirm reachtacha maidir le cosc an éillithe, maidir le prionsabail na sláine agus maidir le coinbhleachtaí leasa sa tseirbhís phoiblí a fhorfheidhmiú, agus a áirithiú go mbraitear aon sáruithe ina leith sin;
20. á iarraidh ar údaráis na Seoirsia imscrúdú éifeachtach a dhéanamh ar an gcúléisteacht teileafóin neamhdhleathach ollmhór a nochtadh i mí Mheán Fómhair 2021, lenar áiríodh cumarsáid ó cheann Thoscaireacht an Aontais chuig an tSeoirsia; á chur in iúl gur cúis imní di na leasuithe ar Chód Nós Imeachta Coiriúil na Seoirsia lena méadaítear líon na gcoireanna a gceadaítear gníomhaíochtaí imscrúdaithe ceilte ina leith agus fad na ngníomhaíochtaí sin, a ghlac Parlaimint na Seoirsia an 7 Meitheamh 2022 agus a chros an t-uachtarán an 22 Meitheamh 2022; á iarraidh ar údaráis na Seoirsia na moltaí ó Choimisiún na Veinéise a eisíodh an 26 Lúnasa 2022 a chur chun feidhme, go háirithe chun próiseas reachtach trédhearcach agus cuimsitheach a áirithiú trí na geallsealbhóirí ábhartha uile agus an tsochaí shibhialta a áireamh;
21. á chur i bhfios go láidir go leagtar béim i dtuairim ón gCoimisiúin ar rialachas il-leibhéil, ar phróiseas an díláraithe agus ar athchóirithe ar an riarachán poiblí chun féinrialtas áitiúil rathúil ar chaighdeán Eorpach a bhunú agus chun cosc a chur ar chomhchruinniú na cumhachta ar an leibhéal lárnach; á áitiú go bhfuil ról tábhachtach ag an gcomhar díláraithe idir an tAontas agus an tSeoirsia; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an acmhainneacht riaracháin a neartú tuilleadh ar leibhéal an rialtais láir agus áitiúil;
22. á chur in iúl gur cúis mhór imní di go raibh meath ar thimpeallacht na meán agus ar shábháilteacht iriseoirí in 2021 in ainneoin chreat dlíthiúil daingean na Seoirsia chun saoirse tuairimí a nochtadh agus saoirse na meán a ráthú; ag cáineadh na gcásanna imeaglaithe, bagairtí agus foréigin in aghaidh iriseoirí agus géarleanúna orthu, lena n-áirítear líon méadaitheach imscrúduithe coiriúla i gcoinne oibrithe agus úinéirí na meán; á iarraidh ar údaráis na Seoirsia freagairt go pras do líomhaintí maidir le cur isteach neamhdhleathach agus mí-úsáid cumhachta i leith ionadaithe na meán agus imscrúdú éifeachtach a dhéanamh orthu, chomh maith le dlíthe a bhaineann le saoirse na meán, amhail an Dlí maidir le Cumarsáid Leictreonach, a thabhairt i gcomhréir le caighdeáin agus moltaí idirnáisiúnta ó Choimisiún na Veinéise;
23. á iarraidh ar an tSeoirsia saoirse na meán a áirithiú, lena mbaineann neamhspleáchas eagarthóireachta, úinéireacht thrédhearcach na meán agus cumhdach iolraíoch, neamhchlaonta agus neamh-idirdhealaitheach ar thuairimí polaitiúla i gclársceidealú ag craoltóirí príobháideacha agus, go háirithe, ag craoltóirí poiblí, le linn tréimhsí feachtais toghcháin ach go háirithe, chomh maith le rochtain gan bhac ar fhaisnéis atá ceaptha a bheith ar fáil go poiblí agus sábháilteacht, cosaint agus cumhachtú iriseoirí agus gairmithe eile na meán a áirithiú; á iarraidh ar ionadaithe uile údaráis na Seoirsia staonadh ó reitric ionsaitheach a úsáid agus ó chaitheamh go hidirdhealaitheach le hionadaithe na meán sa tSeoirsia agus tacú le cur chuige fulangach lena n-urramaítear cearta an duine ina ráitis phoiblí;
24. á iarraidh ar údaráis na Seoirsia stop a chur le cásanna coiriúla a bhfuil cúis pholaitiúil leo agus athbhreithniú a dhéanamh ar na cásanna coiriúla atá ar siúl faoi láthair i gcoinne oibrithe na meán, úinéirí eagraíochtaí meán atá cáinteach faoin rialtas, agus i gcoinne a ndlúthbhall teaghlaigh; á mheabhrú, ina leith sin, cás Nika Gvaramia, stiúrthóir Mtavari TV, agus cásanna stiúrthóirí agus bunaitheoirí eagraíochtaí meán eile, amhail Formula TV agus Pirveli TV; á chur in iúl gur cúis mhór imní di gur sheas Cúirt Achomhairc Tbilisi, an 2 Samhain 2022, leis an bpianbhreith a gearradh ar Nika Gvaramia ar bhonn cúisimh amhrasacha in ainneoin na gceisteanna suntasacha a tarraingíodh anuas faoin gcás, go háirithe a uainiú agus na cúisimh; á iarraidh ar Uachtarán na Seoirsia, Salome Zourabichvili, go dtabharfaí pardún do Nika Gvaramia; ag meabhrú na bpríomhthosaíochtaí a léirigh an Coimisiún sa tuairim uaidh an 17 Meitheamh 2022, lena n-áirítear an iarraidh ar údaráis na Seoirsia a áirithiú go gcomhlíonann nósanna imeachta coiriúla arna dtabhairt in aghaidh úinéirí na meán na caighdeáin dhlíthiúla is airde; ag tabhairt dá haire ráiteas ó Chosantóir Poiblí na Seoirsia an 7 Nollaig 2022, ina n-iarrtar ar Uachtarán na Seoirsia úsáid a bhaint as an sásra chun pardún a thabhairt lena mbaineann Nika Gvaramia, toisc nach bhfuil údar cuí leis an gcás agus nach gcomhfhreagraíonn sé le bunphrionsabail an dlí choiriúil; ag dréim leis go leanfaidh an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus Toscaireacht an Aontais chuig an tSeoirsia d’fhaireachán a dhéanamh ar an láthair ar gach triail sa tSeoirsia a bhaineann le cásanna a bhfuil cúis pholaitiúil leo;
25. ag dréim leis go nglacfaidh Rialtas agus údaráis na Seoirsia go dáiríre a n-oibleagáid sábháilteacht a chur ar fáil do na daoine sin atá ag dul ar foscadh ó réimis fhorlámhacha, tar éis tuairiscí a fháil gur fhulaing iriseoirí neamh-Seoirseacha ciapadh agus cur isteach ón rialtas ag teorainn na Seoirsia;
26. á mheabhrú go bhfuil an tSeoirsia nochta go mór ar bholscaireacht agus feachtais bhréagaisnéise na Rúise; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá iarrachtaí leanúnacha chun frithbheartaíocht shochaí na Seoirsia a mhéadú i gcoinne feachtais den sórt sin agus iarrachtaí chun tionchar a imirt ar pholaitíocht na Seoirsia agus ar thuairimí an phobail, lena n-áirítear trí iolrachas agus neamhspleáchas na meán a chosaint agus trí litearthacht sna meáin a fheabhsú; á iarraidh ar institiúidí an Aontais agus ar na Ballstáit leanúint den chomhar le hinstitiúidí ábhartha na Seoirsia a neartú chun aghaidh a thabhairt ar bhréagaisnéis na Rúise agus ar a hiarmhairtí;
27. ag tabhairt dá haire go n-úsáideann bolscaireacht na Rúise an stair ollsmachtach agus cultas na gceannairí ollsmachtacha cumannacha mar uirlis tionchair sa tSeoirsia; á chur i bhfáth go ndéantar oidhreacht fhuilteach agus chruálach an chumannachais a shaobhadh le glóiriú Stailín, lena n-áirítear trí dhealbha nua a chur suas, agus gur masla an méid sin do na milliúin íospartach de sceimhle Stailíneach; ag moladh na sochaí sibhialta as cur i gcoinne bhréagaisnéis na Rúise, lena n-áirítear trí thionscnaimh amhail an tSaotharlann Taighde um Stair na Sóivéide (SovLab);
Urraim do chearta an duine agus saoirsí bunúsacha
28. ag cáineadh an fhoréigin a rinneadh i gcoinne rannpháirtithe síochánta de mhórshiúl Pride Tbilisi an 5 Iúil 2021 agus i gcoinne na n-iriseoirí a chumhdaigh an t-imeacht; ag cáineadh go láidir an easpa imscrúduithe dícheallacha nó ionchúisimh orthu siúd atá freagrach as an bhforéigean a eagrú; ag tabhairt dá haire gur gearradh téarma príosúnachta cúig bliana ar a mhéad ar sheisear déantóirí an fhoréigin i mí Aibreáin 2022, ach á iarraidh ar Oifig an Ard-Ionchúisitheora imscrúdú cuimsitheach agus éifeachtach a dhéanamh ar eagraithe agus déantóirí uile an fhoréigin i bhfianaise an mhéid ollmhór fianaise a bhailigh na meáin, an tsochaí shibhialta agus Cosantóir Poiblí na Seoirsia; ag tabhairt dá haire gur tharla na himeachtaí a bhí beartaithe do Tbilisi Pride 2022 taobh istigh agus gur ghníomhaigh na póilíní in am chun cur isteach agus foréigean ó ghrúpaí atá ag cur i gcoinne imeachtaí Pride a chosc; ag tathant ar Rialtas na Seoirsia seasamh leis an gceart chun comhthionóil shíochánta agus saoirse chun tuairimí a nochtadh, agus á iarraidh ar údaráis na Seoirsia sábháilteacht léirsitheoirí a áirithiú;
29. á iarraidh ar na húdaráis cosaint chearta an duine, go háirithe do mhná agus do ghrúpaí leochaileacha eile a áirithiú, amhail pobal LADTIA+ agus mionlaigh eitneacha, agus reachtaíocht maidir le cearta an duine agus frith-idirdhealú a chur chun feidhme go hiomlán sa chleachtas agus saoirse ó a chomhrac go héifeachtach i gcás gach sáraithe ar chearta an duine, go háirithe i gcás sáruithe tromchúiseacha; ag tathant go nglacfaí straitéis agus plean gníomhaíochta 2021-2030 um chearta an duine; ag moladh Rialtas na Seoirsia as an gCoiste Comhordúcháin Idirghníomhaireachta a chruthú atá freagrach as Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas a chur chun feidhme, faoi mhaoirseacht an Phríomh-Aire; á iarraidh ar údaráis na Seoirsia oibriú ar a straitéis agus plean gníomhaíochta maidir le dí-institiúidiú, i gcomhréir le ceanglais an Chóid um Chearta an Linbh, ós rud é gur fadhb shuntasach fós é foréigean in aghaidh leanaí i gcomhthéacs teaghlaigh agus i gcúram cónaithe, i gcúram altrama agus in institiúidí oideachais;
30. á iarraidh ar údaráis na Seoirsia tuilleadh feabhais a chur ar ionadaíocht na mban agus ar an gcóir chomhionann ar gach leibhéal den saol polaitiúil, eacnamaíoch agus sochaíoch chun deireadh a chur leis an neamhionannas i margadh an tsaothair agus leis an mbearna phá idir na hinscní; ag tathant ar Rialtas agus údaráis na Seoirsia reachtaíocht a ghlacadh agus a chur chun feidhme go héifeachtach i gcoinne foréigean agus feimeamharú inscnebhunaithe agus teaghlaigh, dlús a chur le tacaíocht do mharthanóirí, agus cláir athshlánaithe do dhéantóirí coire agus feachtais múscailte feasachta a chur chun feidhme, go háirithe ar leibhéal an phobail áitiúil;
31. ag cáineadh an idirdhealaithe leanúnaigh ar ghrúpaí agus ar dhaoine LADTIA+, lena n-áirítear i réimsí saothair, sláinte, sóisialta agus eacnamaíocha, chomh maith leis an spriocdhíriú a dhéanann fuathghrúpaí ultra-náisiúnacha orthu;
32. á athdhearbhú a thábhachtaí atá maoirseacht neamhspleách ar institiúidí stáit na Seoirsia; á chur in iúl gur cúis mhór imní di, ina leith sin, díchóimeáil Sheirbhís an Chigire Stáit in aghaidh mholtaí ODIHR agus gan réamhchomhairliúcháin fhónta a bheith ann; á thabhairt chun suntais an ról dearfach atá ag Nino Lomjaria, Cosantóir Poiblí na Seoirsia, maidir le cearta an duine a chosaint, dea-rialachas a chur chun cinn, an smacht reachta a neartú, saoirse na meán a choimirciú agus maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh bheartais agus ghníomhaíochtaí an fheidhmeannais le caighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine; ag cáineadh na n-iarrachtaí rialta, lena n-áirítear iarrachtaí na n-údarás, chun an bonn a bhaint de neamhspleáchas Chosantóir Poiblí na Seoirsia agus chun amhras a chaitheamh ar shláine na hoifige agus ar an bhfoireann; á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh bord neamhspleách chun meastóireacht a dhéanamh ar na hiarrthóirí don phost mar Chosantóir Poiblí na Seoirsia agus á iarraidh ar an tromlach parlaiminteach go roghnófaí duine den triúr iarrthóirí neamhspleácha is fearr gan mhoill, ar iarrthóirí iad a bhí molta ag an mbord;;
33. ag cur béim ar an ról ríthábhachtach atá ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta i dtaobh maoirseacht dhaonlathach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacaíocht pholaitiúil, theicniúil agus airgeadais a chur ar fáil don tsochaí shibhialta agus do na meáin neamhspleácha agus croíchistí a dháileadh ar an tsochaí shibhialta chun borradh a chur faoin bhfothú acmhainneachta agus faoin saineolas;
34. á iarraidh ar an tSeoirsia srian a chur le húsáid cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí lena ndírítear ar chosantóirí chearta an duine agus ar ionadaithe na meán agus, ar an gcaoi sin, bac a chur ar a n-obair chriticiúil agus neamhspleách;
35. á chur in iúl gur cúis imní di líon na n-iarrthóirí tearmainn ón tSeoirsia san Aontas agus á iarraidh ar údaráis na Seoirsia an comhar lena gcomhpháirtithe Eorpacha a mhéadú agus bearta breise a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin;
Caidreamh eacnamaíoch agus trádála
36. á chur in iúl gur geal léi teist dhearfach na Seoirsia maidir lena dlíthe a chóineasú agus maidir le geilleagar margaidh lánfheidhmiúil a thógáil; á iarraidh go n-úsáidfí na deiseanna a chuirtear i láthair leis an bPlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta chun geilleagar dinimiciúil agus athléimneach a thógáil atá réidh le comhtháthú i margadh aonair AE; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, gurb é an tAontas príomh-chomhpháirtí trádála na Seoirsia, ós rud é go bhfuil thart ar 21 % de thrádáil iomlán na Seoirsia leis an Aontas; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar acmhainneacht DCFTA méideanna trádála a mhéadú idir an tAontas agus an tSeoirsia trí chúnamh comhordaithe, agus béim á leagan ar thacaíocht d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus ar athchóirithe struchtúracha, lena n-áirítear bonneagar ardcháilíochta a fhorbairt, amhail saotharlanna sa tSeoirsia le haghaidh deimhniú AE maidir le bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta, agus ar bhacainní teicniúla ar chaighdeáin trádála; á chur in iúl gur geal léi iarratas na Seoirsia ar dhul isteach sa Limistéar Aonair d’Íocaíochtaí Euro;
37. ag moladh d’údaráis na Seoirsia borradh a chur faoi rannpháirtíocht fiontar beag agus meánmhéide in DCFTA, go háirithe trí chumarsáid a mhéadú maidir leis na deiseanna atá ar fáil dóibh, trí rochtain ar shaoráidí onnmhairiúcháin a fheabhsú agus tríd an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na cláir de chuid an Choimisiúin atá ann cheana, amhail ENPARD (clár Comharsanachta na hEorpa don talmhaíocht agus don fhorbairt tuaithe) sa tSeoirsia agus EU4Business;
Comhar earnálach
38. á athdhearbhú go gcuireann an Comhaontú Comhlachais, DCFTA agus Clár Oibre Comhlachais 2021-2027 creat daingean ar fáil chun an tSeoirsia a thabhairt níos gaire don Aontas trí chomhtháthú de réir a chéile i margadh aonair an Aontais agus trí chomhar earnálach feabhsaithe;
39. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle idirphlé polaitiúil feabhsaithe agus struchtúrtha a bhunú leis an tSeoirsia agus le tíortha eile is iarrthóirí agus tíortha eile is iarrthóirí ionchasacha chun tuilleadh comhtháthú eacnamaíoch agus comhchuibhiú reachtach a chur chun cinn; á chreidiúint gur cheart go n-áireofaí san idirphlé sin cruinnithe ar imeall na Comhairle Eorpaí le ceannairí na dtíortha ábhartha, gur cheart dá n-ionadaithe a bheith rannpháirteach go rialta i gcruinnithe mheithleacha agus choistí na Comhairle Eorpaí ar bhonn struchtúrtha, agus gur cheart na tíortha sin a áireamh mar bhreathnóirí in imeachtaí na gcoistí arna mbunú de bhun Airteagal 291 CFAE agus Rialachán (AE) Uimh. 182/2011(4) chun treoshuíomh athchóirithe agus fios gnó riaracháin na dtíortha sin a neartú;
40. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá iompar, fuinneamh agus nascacht dhigiteach fheabhsaithe mar mhodh chun leas iomlán a bhaint as acmhainneacht gheografach agus eacnamaíoch na Seoirsia ar gach leibhéal, go háirithe i mbardais bheaga, mheánmhéide agus tuaithe;
41. á iarraidh ar an tSeoirsia a hearnáil fuinnimh agus a nascacht a fheabhsú, agus, ag an am céanna, inbhuanaitheacht chomhshaoil a áirithiú, feabhas a chur ar a comhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus an comhshaol a chosaint, go háirithe tríd an mbithéagsúlacht agus láithreáin chosanta a chaomhnú, lena n-áirítear trí ailíniú reachtach breise le acquis an Aontais agus le beartais an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, chomh maith le riarachán na Seoirsia a neartú chun an t-aistriú glas a chumasú;
42. á iarraidh ar údaráis na Seoirsia tabhairt faoi chéimeanna ríthábhachtacha chun oibreoirí córais tarchurtha leictreachais agus gáis a dhíchuachadh agus a dheimhniú ionas go gcuirfear dlús leis an aistriú glas agus go seachnófar spleáchas fuinnimh ar an Rúis, i gcomhréir le Plean REPowerEU;
43. ag moladh don Choimisiún, do Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tarchurtha agus don tSeoirsia measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht eangach leictreachais na Seoirsia a shioncrónú le heangach ilchríochach na hEorpa agus an tSeoirsia a áireamh i Limistéar Sioncronach Mhór-Roinn na hEorpa;
44. á iarraidh ar Rialtas na Seoirsia dlús a chur lena iarrachtaí forbairt shocheacnamaíoch a mhéadú agus a chothú chun leibhéil méadaitheach ioncaim agus forbairt réigiúnach a áirithiú; á athdhearbhú go dtacaíonn sí le caipiteal daonna a fhorbairt trí ról na hearnála príobháidí a neartú maidir leis an gcóras gairmoideachais a bhainistiú agus aghaidh a thabhairt ar neamhréir scileanna chun ionchais fostaíochta a fheabhsú;
45. ag tathant ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit agus ar an tSeoirsia comhar a mhéadú maidir le hathléimneacht sláinte poiblí, lena n-áirítear idir údaráis sláinte poiblí, maidir le saoráidí taighde agus maidir le cumais éigeandála, chomh maith le dea-chleachtas a mhalartú agus obair leis an tsochaí shibhialta maidir le straitéisí eipidéime a bhunú lena ndíreofar ar na grúpaí is leochailí, lena n-áireofar daoine scothaosta, oibrithe gan dídean, oibrithe séasúracha agus imircigh;
46. á chur in iúl gur geal léi gur glacadh straitéis náisiúnta uileghabhálach na Seoirsia maidir leis an tsláinte phoiblí do 2022-2030 agus an plean gníomhaíochta a ghabhann léi a ghlacadh go pras, chomh maith leis an straitéis nua maidir le meabhairshláinte do 2022-2030 agus an plean gníomhaíochta a ghabhann léi;
47. á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí leanúnacha na Seoirsia a comhar idirnáisiúnta i bhforfheidhmiú an dlí a neartú le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL), lena n-áirítear socrú oibre nua idir CEPOL agus an tSeoirsia a shíniú an 22 Meitheamh 2022, lena bhfeabhsófar comhroinnt eolais, saineolais, dea-chleachtas agus cineálacha cur chuige comhordaithe i leith na foghlama;
48. á chur in iúl gur geal léi gur glacadh athchóirithe saothair agus á iarraidh ar Rialtas na Seoirsia tuilleadh feabhais a chur ar chreat na Seoirsia chun cearta saothair a chosaint, lena n-áireofar trí chóras éifeachtach cigireachta saothair a áirithiú a mbeidh inniúlachtaí, acmhainneachtaí agus acmhainní leormhaithe aige, trí fheabhas a chur ar chroí-reachtaíocht saothair chun é a thabhairt go hiomlán i gcomhréir le caighdeáin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair agus le rialacháin AE, pá íosta a achtú i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta agus le heagraíochtaí um chearta saothair, scéimeanna cosanta sóisialta éifeachtacha a fhorbairt d’oibrithe agus plean gníomhaíochta a chruthú chun an earnáil neamhfhoirmiúil a chur ar bhonn foirmiúil;
49. á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le spás fánaíochta comhchoiteann a chruthú idir an tSeoirsia agus an tAontas trí chúnamh comhordaithe lena ndíreofar ar tharaifí idirnáisiúnta fánaíochta idir an tSeoirsia agus an tAontas a laghdú de réir a chéile i gcomhréir le rialacháin AE, agus ar an gcaoi sin cearta tomhaltóirí a chosaint, chomh maith le cuidiú leis an tSeoirsia teacht i gcomhréir de réir a chéile le acquis an Aontais agus rannchuidiú le próiseas lánpháirtíochta Eorpaí na Seoirsia;
50. á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le hiarrachtaí na Seoirsia a bheith ina mol réigiúnach don nascacht dhigiteach agus do sheirbhísí digiteacha agus a ceannasacht dhigiteach a chur chun cinn trí nascacht straitéiseach idirnáisiúnta agus conairí iompair dhigitigh a fhorbairt idir an Eoraip agus codanna éagsúla den Áise tríd an tSeoirsia; á chur in iúl gur geal léi cláir chúnaimh AE i dtaobh tacú leis an digitiú, amhail EU4Digital agus EaP Connect, ach á thabhairt chun suntais freisin an gá atá le nascacht dhigiteach inrochtana, go háirithe i gceantair thuaithe, agus na hiarrachtaí a rinneadh ina leith; á chur in iúl gur geal léi an tionscnamh infheistíochta le haghaidh leathanbhanda tapa do lonnaíochtaí tuaithe; á chur in iúl gur geal léi gur glacadh straitéis agus plean gníomhaíochta náisiúnta cibearshlándála 2021-2024; á iarraidh ar údaráis na Seoirsia oibriú leis an Aontas chun cibear-athléimneacht na tíre a neartú i gcomhréir le dea-chleachtais agus reachtaíocht an Aontais, go háirithe Treoir an Aontais maidir le slándáil líonra agus córas faisnéise(5);
51. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an tSeoirsia breithniú a dhéanamh ar líon na dtionscadal de chuid an Ghréasáin Thras-Eorpaigh Iompair sa tSeoirsia a mhéadú; á thabhairt chun suntais go bhfuil impleachtaí diúltacha slándála ag infheistíochtaí na Síne i mbonneagar straitéiseach; á chur in iúl gur oth léi na moilleanna leanúnacha ar fhorbairt Chalafort Domhainfharraige Anaklia, tar éis do Rialtas na Seoirsia an conradh tionscadail le Cuibhreannas Forbartha Anaklia a chur ar ceal in 2020; á chur in iúl go bhfuil súil aici go gcuirfidh an tSeoirsia dlús le tógáil an chalafoirt, i gcomhréir le cuspóirí straitéiseacha Eora-Atlantacha na Seoirsia;
52. á chur in iúl gur geal léi comhlachas na Seoirsia le Fís Eorpach, clár taighde agus nuálaíochta de chuid an Aontais do 2021-2027, lena gcuirtear deiseanna nua ar fáil do phobal eolaíochta agus nuálaíochta na Seoirsia, agus á chur in iúl gur geal léi tiomantas na Seoirsia tús a chur leis an bpróiseas chun bheith ina tríú tír chomhlachaithe de chlár Erasmus+;
Forálacha institiúideacha
53. ag athdhearbhú a tiomantais tacú le daonlathas parlaiminteach na Seoirsia trí fhothú acmhainneachta; á chur in iúl gur oth léi nár glacadh le tairiscint Pharlaimint na hEorpa do Pharlaimint na Seoirsia Idirphlé Jean Monnet a bhunú;
o o o
54. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig Rialtas agus Parlaimint na Seoirsia.
Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta chun ardleibhéal comhchoiteann slándála líonra agus córas faisnéise a áirithiú ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch. 1).