Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Nollaig 2022 ar Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 a uas-scálú: buiséad athléimneach AE a bheidh oiriúnach do dhúshláin nua (2022/2046(INI))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint d’Airteagail 311, 312 agus 323 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
– ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021-2027(1) (Rialachán CAI), agus do na dearbhuithe comhpháirteacha a comhaontaíodh idir an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún sa chomhthéacs sin(2), chomh maith leis na dearbhuithe aontaobhacha gaolmhara(3),
– ag féachaint do Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom(4),
– ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach(5) (IIA),
– ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint(6),
– ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012(7) (an Rialachán Airgeadais),
– ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023, mar a glacadh é an 23 Samhain 2022(8)1a
– ag féachaint do thogra an 16 Bealtaine 2022 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (COM(2022)0223),
– ag féachaint do thogra an 22 Aibreán 2022 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (COM(2022)0184),
– ag féachaint don Fhorógra Idirinstitiúideach maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta an 13 Nollaig 2017(9) agus do theachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Márta 2021 maidir le Plean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta,
– ag féachaint dá rún an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le seasamh na Comhairle ar dhréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023(10),
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid agus ón gCoiste um Rialú Buiséadach a glacadh an 8 Meán Fómhair 2022, a formhuiníodh ag páirtseisiún na Parlaiminte an 12 go dtí an 15 Meán Fómhair 2022,
– ag féachaint do rún uaithi an 13 Meán Fómhair 2022 maidir le togra 2021 le haghaidh athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil(11),
– ag féachaint do rún uaithi an 23 Meitheamh 2022 maidir le seasamh na Comhairle ar dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 3/2022 an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022 – maoiniú a dhéanamh ar an gcostas a bhaineann le daoine atá ag teitheadh ón Úcráin a ghlacadh(12),
– ag féachaint do rún uaithi an 19 Bealtaine 2022 maidir leis na hiarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha atá ag cogadh na Rúise san Úcráin don Aontas – ag treisiú inniúlacht ghníomhaíochta an Aontais(13),
– ag féachaint do rún uaithi an 24 Samhain 2021 maidir le hathbhreithniú an Rialacháin Airgeadais i bhfianaise theacht i bhfeidhm chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027(14),
– ag féachaint do rún uaithi an 21 Deireadh Fómhair 2021 maidir le seasamh na Comhairle ar dhréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022(15),
– ag féachaint dá seasamh an 16 Nollaig 2020 maidir leis an dréachtrialachán ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021-2027(16),
– ag féachaint do rún uaithi an 23 Iúil 2020 maidir le conclúidí an chruinnithe urghnách den Chomhairle Eorpach an 17-21 Iúil 2020(17),
– ag féachaint do rún uaithi an 10 Deireadh Fómhair 2019 dar teideal Creat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 agus acmhainní dílse: an t-am chun ionchais na saoránach a chomhlíonadh(18),
– ag féachaint do rún uaithi an 14 Samhain 2018 maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 – seasamh na Parlaiminte d’fhonn teacht ar chomhaontú(19),
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 24 Meitheamh 2022,
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 31 Bealtaine 2022,
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 25 Márta 2022,
– ag féachaint do Dhearbhú Versailles an 11 Márta 2022 tar éis chruinniú neamhfhoirmiúil na gCeann Stáit nó Rialtais,
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Deireadh Fómhair 2022 dar teideal ‘Clár oibre an Choimisiúin 2023’ (COM(2022)0548),
– ag féachaint do thuarascáil mhí Lúnasa 2022 ón mBanc Domhanda, ó Rialtas na hÚcráine agus ón gCoimisiún dar teideal ‘Mear-mheasúnú ar Dhamáiste agus ar Riachtanais na hÚcráine’,
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2022 maidir le fóirithint agus atógáil na hÚcráine (COM(2022)0233),
– ag féachaint do theachtaireacht an 11 Nollaig 2019 ón gCoimisiún maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640),
– ag féachaint do na tograí ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa a tíolacadh an 9 Bealtaine 2022,
– ag féachaint do Thuarascáil Speisialta 09/2022 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dar teideal ‘Caiteachas aeráide i mbuiséad AE 2014-2020 - Gan a bheith chomh hard lena thuairisc’,
– ag féachaint do Thuarascáil Speisialta 22/2021 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ‘Sustainable finance. More consistent EU action needed to redirect finance towards sustainable investment’, [Maoiniú inbhuanaithe. Gníomhaíocht níos comhsheasmhaí de chuid an Aontais a bhfuil gá léi chun maoiniú a atreorú i dtreo infheistíocht inbhuanaithe],
– ag féachaint do Thuarascáil Speisialta 10/2021 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dar teideal ‘Gender mainstreaming in the EU budget: time to turn words into action’ [Príomhshruthú inscne i mbuiséad AE: is mithid beart a dhéanamh de réir ár mbriathair],
– ag féachaint do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe,
– ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um Rialú Buiséadach, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach, ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe, ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas agus ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla,
– ag féachaint don seasamh i bhfoirm leasuithe ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,
– ag féachaint do na litreacha ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh agus ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0281/2022),
A. de bhrí, de bhun Airteagal 311 CFAE, nach mór don Aontas na hacmhainní is gá a sholáthar dó féin chun a chuspóirí a bhaint amach agus a chuid beartas a chur i gcrích; de bhrí go leagtar síos leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) tosaíochtaí buiséadacha an Aontais ar feadh seacht mbliana agus go gcuirtear acmhainní airgeadais ar fáil dá bheartais, dá chláir agus dá riachtanais; de bhrí go bhfuil teorainn le CAI le huasteorainn na nAcmhainní Dílse;
B. de bhrí, ó ghlacadh CAI atá ann faoi láthair i mí na Nollag 2020, go bhfuil athrú ó bhonn tagtha ar an gcomhthéacs polaitiúil, eacnamaíoch agus sóisialta, ag tosú le hiarmhairtí tromchúiseacha phaindéim COVID-19 ar scála nach bhfacthas cheana, paindéim nach bhfuil tagtha chun deiridh go fóill;
C. de bhrí gur tharla mór-ghéarchéim dhaonnúil mar thoradh ar an ionradh a rinne an Rúis ar an Úcráin gan chúis gan údar, agus gur spreag sé mórshuaitheadh eacnamaíoch agus sóisialta ar fud an domhain nach léir cathain a bheidh deireadh leis; de bhrí go bhfuil cur síos déanta ag na Cinn Stáit nó Rialtais ar an gcogadh mar ‘athrú ó bhonn aníos ar stair na hEorpa’ agus go bhfuil sé ráite ag an gCoimisiún gur mó i bhfad na riachtanais gan choinne a eascraíonn as an gcogadh san Eoraip ná na hacmhainní atá ar fáil sa chreat airgeadais ilbhliantúil reatha, rud a fhágann go bhfuil gá le foinsí nua maoiniúcháin;
D. de bhrí gur thacaigh an tAontas agus a mhuintir leis an Úcráin ó thús an chogaidh, rud a léirigh dlúthpháirtíocht le muintir na hÚcráine ina gcomhrac chun an daonlathas a chosaint i gcoinne an údarásaíochais, lena gcuirtear foscadh ar os cionn 8 milliún Úcránach ar fáil agus lena dtugtar cosaint shealadach do 4 mhilliún duine; de bhrí gur chuir AE, na Ballstáit agus institiúidí airgeadais Eorpacha níos mó ná EUR 19 mbilliún de chúnamh ar fáil don Úcráin; de bhrí, sa bhreis ar chabhair dhaonnúil agus mhíleata, gur thacaigh an tAontas leis an Úcráin i réimsí na sláinte, an fhuinnimh agus na talmhaíochta agus gur éascaigh sé an trádáil, go háirithe trí lánaí dlúthpháirtíochta a bhunú chun cabhrú leis an Úcráin earraí talmhaíochta a onnmhairiú; de bhrí go mbeidh gá le tuilleadh cúnaimh chun seirbhísí bunúsacha agus bonneagar riachtanach a chothú sa tír;
E. de bhrí go bhfuil 21.9 % de dhaonra AE i mbaol bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta; de bhrí gur cinnte go rachaidh an bhochtaineacht fuinnimh in olcas mar thoradh ar ionradh na Rúise ar an Úcráin; de bhrí go bhfuil géarchéim costais mhaireachtála á spreagadh mar thoradh ar an méadú atá ag teacht ar phraghsanna fuinnimh agus ar an mboilsciú, rud a chuireann marthanacht gnólachtaí, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), i mbaol, agus a bhrúnn níos mó daoine i dtreo na bochtaineachta;
F. de bhrí go bhfuil daoine ag súil leis, agus an ceart acu, go bhfreagróidh an tAontas agus a bhuiséad go tapa agus go héifeachtach do riachtanais atá ag teacht chun cinn agus go gcuirfidh siad an tacaíocht is gá ar fáil dóibh, go háirithe le linn géarchéime;
G. de bhrí go bhfuil ról lárnach ag buiséad AE maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais a bhaint amach, agus go gcaithfidh sé leanúint den ról sin a ghlacadh, lena n-áirítear rath a chur ar na haistrithe glasa agus digiteacha do chách, an bealach a réiteach don aeráidneodracht faoi 2050, téarnamh cuimsitheach agus sóisialta a chothú, fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur chun cinn, iomaíochas, nuálaíocht, neamhspleáchas straitéiseach agus slándáil agus neamhspleáchas fuinnimh a fheabhsú, tacaíocht a chur ar fáil do ghrúpaí leochaileacha agus do FBManna, forbairt inbhuanaithe nach bhfágann aon duine ar lár a chothú agus comhtháthú agus cóineasú aníos a áirithiú, Aontas Sláinte Eorpach níos láidre a áirithiú tar éis ghéarchéim COVID-19, an smacht reachta, luachanna AE, cearta bunúsacha agus comhionannas inscne a chosaint agus a chur chun cinn laistigh den Aontas agus lasmuigh de, rannchuidiú le deiseanna níos fearr do chách agus Aontas níos láidre a áirithiú dá mhuintir a bheidh in ann a fhreagrachtaí domhanda a chomhlíonadh agus dul i ngleic leis na géarchéimeanna aeráide agus bithéagsúlachta agus a n-iarmhairtí;
H. de bhrí, ina chlár oibre do 2023, go leagann an Coimisiún Eorpach amach sraith tionscnamh beartais nua a bhféadfadh impleachtaí buiséadacha suntasacha a bheith ag baint leo, go háirithe an Banc Eorpach Hidrigine atá beartaithe, an Pacáiste Fóirithinte le haghaidh FBManna agus an Ciste Eorpach Ceannasachta;
I. de bhrí, mar thoradh ar éifeacht chomhcheangailte géarchéimeanna iomadúla, uasteorainneacha ísle CAI agus nósanna imeachta anásta lena rialaítear glacadh nó athbhreithniú CAI, go bhfuil ualach ionstraimí ad hoc ann atá lasmuigh de bhuiséad an Aontais, i dteannta úsáid níos mó a bheith á baint as ioncam sannta seachtrach nach bhfuil faoi réir an nós imeachta bhuiséadaigh, go háirithe i gcás NextGenerationEU (NGEU); de bhrí gurb é an nós imeachta buiséadach amháin a éilíonn rannpháirtíocht iomlán na Parlaiminte agus go n-áirithíonn sé gur féidir léi grinnscrúdú a fheidhmiú ar an mbuiséad; de bhrí gur cheart go mbeadh róil chomhionanna ag an dá bhrainse den údarás buiséadach mar a fhoráiltear dóibh in CFAE; de bhrí gur cheart go mbeadh ról iomlán ag an bParlaimint i gcónaí sa timpeallacht bhuiséadach nua sin chun cuntasacht dhaonlathach agus trédhearcacht a áirithiú don chuid eile den CAI reatha;
J. de bhrí go leagtar amach in IIA socruithe sonracha don chomhar agus don idirphlé idir an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le hábhair bhuiséadacha; de bhrí gur cheart céimeanna breise a thabhairt chun feabhas a chur ar thrédhearcacht, ar chuntasacht agus ar infhaighteacht faisnéise maidir leis an gcaiteachas uile chun tacú le ceapadh beartais an Aontais;
K. de bhrí, i gcomhréir lena dhearbhú aontaobhach mar chuid de chomhaontú mhí na Nollag 2020 maidir le CAI 2021-2027, gur chuir an Coimisiún gealltanas san áireamh ina chlár oibre do 2023 athbhreithniú a dhéanamh ar CAI sa dara ráithe de 2023, a bhféadfadh athbhreithniú a bheith san áireamh ann;
L. de bhrí go ndéanfar seasamh na Parlaiminte maidir le hacmhainní dílse a leagan amach i rún a bheidh ann amach anseo;
Dúshláin agus suaití nua a léiríonn easnaimh sa chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
1. á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a mholadh ar CAI reatha a bheidh dírithe go príomha ar aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí an chogaidh i gcoinne na hÚcráine agus ar sholúbthacht leormhaith a thabhairt don Aontas chun freagairt do ghéarchéimeanna;
2. á chur i bhfios go láidir, tar éis an ionraidh mhíleata gan chúis gan údar ar an Úcráin, go bhfuil institiúidí AE aontaithe ina dtuairim gur cheart do AE an cúnamh daonnúil, sóisialta, eacnamaíoch agus airgeadais is láidre agus is féidir a chur ar fáil don Úcráin, agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar iarmhairtí tromchúiseacha eacnamaíocha agus sóisialta na géarchéime laistigh den Aontas agus an tacaíocht is gá á cur ar fáil dóibh siúd uile atá buailte; á chur i bhfios go láidir, sa chomhthéacs sin, spriocanna comhroinnte an Aontais maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, an t-aistriú digiteach agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a bhaint amach, comhar agus comhordú i dtaobh na cosanta a mhéadú, feabhas a chur ar a uathriail straitéiseach agus a neamhspleáchas agus slándáil fuinnimh, bochtaineacht fuinnimh a laghdú, slándáil dhomhanda bia a áirithiú, agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as boilsciú ard;
3. á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le réitigh uile-Aontais chun go mbeidh ann d’Aontas láidir bunaithe ar an dlúthpháirtíocht agus ar an gcomhar, atá in ann aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann faoi láthair agus tionchar na géarchéime costais maireachtála do dhaoine agus do ghnólachtaí a mhaolú chun machaire comhréidh a áirithiú do na Ballstáit uile ina gcumas tacú le daoine agus le gnólachtaí, agus ar an gcaoi sin sláine an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú, agus a ilroinnt nó a shaobhadh a chosc; á thabhairt chun suntais, i ndáil leis sin, a thábhachtaí atá tionscadail trasteorann, ar tionscadail bunriachtanacha iad chun Aontas ceannasach, straitéiseach agus uathrialach a thógáil;
4. á chur i bhfáth, chun gur féidir aghaidh a thabhairt ar thionchar an chogaidh i gcoinne na hÚcráine sa ghearrthéarma ar a laghad, go bhfuil gá le cabhair dhaonnúil ar mórscála san Úcráin agus tacaíocht airgeadais do na Ballstáit a óstálann daoine atá ag teitheadh ón gcoinbhleacht agus a chuidíonn leo; á mheabhrú nár tugadh na hacmhainní do na cláir ábhartha mar gheall ar an staid seo nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo; á mheas, thairis sin, gur cheart go mbeadh ról ceannasach ag an Aontas san fhadtéarma in atógáil na hÚcráine, trí chur chuige ‘atógáil ar bhonn níos fearr’, a luaithe a bheidh an cogadh thart, lena n-áiritheofar dea-rialachas, urraim don smacht reachta agus bainistíocht fhónta airgeadais; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an ról ba cheart a bheith ag buiséad AE in iarrachtaí atógála idirnáisiúnta;
5. á chur in iúl gur geal léi an cinneadh chun stádas tír is iarrthóir a thabhairt don Úcráin agus don Mholdóiv; ag cur béim ar an bhfíoras go mbaineann gealltanas fadtéarmach airgeadais agus buiséadach — agus cur chuige comhordaithe beartais — leis an gcinneadh sin chun tacú leis an atógáil, leis an téarnamh agus leis na hathchóirithe riachtanacha a bhaineann go sonrach le gach tír, mar a rinneadh le tíortha eile is iarrthóirí;
6. á chur in iúl gur oth léi go bhfuil, sna tionscnaimh beartais nua riachtanacha atá curtha chun cinn ó glacadh an CAI reatha, tograí ann chun airgead a aistriú ó chláir, ó bheartais agus ó chuspóirí AE a comhaontaíodh. nó chun cuspóir an airgid sin a athrú; á mheas nach bealach inmharthana iad ath-imlonnuithe athfhillteacha chun tosaíochtaí an Aontais a mhaoiniú agus gur athrú de facto iad ar CAI comhaontaithe;
7. ag tarraingt aird ar an úsáid fhorleathan a baineadh as na hionstraimí speisialta sa chéad dá bhliain de CAI; ag tabhairt dá haire gur slógadh an Ionstraim Sholúbthachta le haghaidh caiteachas faoi Cheannteideal 6 (Comharsanacht agus an Domhan) in 2022 agus go bhfuil sé le slógadh le haghaidh caiteachas suntasach faoin gceannteideal céanna agus faoi Cheannteidil 2b (Athléimneacht agus Luachanna) agus 5 (Slándáil agus Cosaint) in 2023; á chur i bhfios, faoin togra cosanta i mí Iúil 2022(20), go bhfuil leithreasaí breise le slógadh trí ionstraimí speisialta in 2024;
8. á thabhairt chun suntais go raibh an Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála (SEAR) beagnach ídithe in 2021 agus gur úsáideadh é go hiomlán in 2022 tar éis meascán de chabhair dhaonnúil agus tacaíocht a sholáthar do na Ballstáit chun dul i ngleic le tubaistí nádúrtha agus le tubaistí de dhéantús an duine; á chur i bhfios mar gheall ar leathnú raon feidhme Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (CDAE) chun éigeandálaí sláinte poiblí a áireamh, in éineacht le méadú agus minicíocht na dtubaistí nádúrtha, an ghéarchéim dhaonnúil san Úcráin agus líon mór dídeanaithe san Aontas dá bharr sin, gur cuireadh dianbhrú ar an gCúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála; ag dréim leis, thairis sin, go mbeidh gá le tacaíocht shuntasach airgeadais, lena n-áirítear ón gCúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála, de bharr iarmhairtí tromchúiseacha na bhfalscaithe nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo i samhradh 2022, a tharla i ndiaidh tuilte agus falscaithe móra shamhradh na bliana 2021;
9. á mheabhrú go méadaítear CAI go bliantúil ar bhonn díbhoilsceora 2 % a chuirtear i bhfeidhm ar phraghsanna 2018; á chur i bhfios go láidir go bhfuil méadú as cuimse ag teacht ar an mboilsciú mar gheall ar phraghsanna fuinnimh ag formhéadú agus ar luaineacht mhór sa mhargadh fuinnimh, arb é cinneadh na Rúise an soláthar gáis a laghdú ba chúis léis, agus go bhfuil tionchair thromchúiseacha aige sin ar dhaoine agus ar ghnólachtaí; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di go bhfuil na leibhéil bhoilscithe sin, nach rabhthas ag dréim leo, ag cur CAI faoi bhrú mór, ag déanamh a chumhacht ceannaigh a laghdú tuilleadh, agus ag cur brú ar a chumas oibríochtúil agus riaracháin, i gcomhthéacs ina bhfuil a leibhéal foriomlán níos ísle cheana féin ná CAInna roimhe seo mar sciar d’Ollioncam Náisiúnta (OIN) an Aontais; á chur i bhfáth, sa hiarbhír, go gciallaíonn sé sin go bhféadfar níos lú tionscadal agus gníomhaíochtaí de chuid an Aontais a chistiú, rud a imríonn tionchar diúltach ar thairbhithe agus ar chumas an Aontais a chuspóirí polaitiúla comhroinnte a bhaint amach;
10. á mheabhrú, thairis sin, in ainneoin éilimh na Parlaiminte gur de bhreis ar na huasteorainneacha a chuirfí Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh (EURI), déanfar na costais athmhaoiniúcháin a aisíoc ó laistigh d’uasteorainneacha CAI, rud a chuireann tuilleadh brú ar CAI agus chuireann cistiú do chláir a comhaontaíodh i mbaol, go háirithe i gcomhthéacs rátaí úis atá ag méadú agus costais iasachta NGEU; ag cur sonrú, ina leith sin, i méadú neamh-lánroghnach EUR 280 milliún ar leithreasaí ar líne EURI sa bhuiséad glactha don bhliain airgeadais 2023 i gcomparáid leis an ndréachtbhuiséad ón gCoimisiún, a bhaineann den Ionstraim Corrlaigh Aonair, ar an gcaoi sin, agus a laghdaíonn cumas an bhuiséid freagairt do riachtanais atá ag teacht chun cinn;
11. ag cur sonrú san éileamh leanúnach ar bhuiséad an Aontais a bheith ina ráthaíocht do chúnamh macra-airgeadais (CMA) breise, go háirithe do thíortha a ndearna an cogadh difear díreach dóibh; á chur in iúl gur geal léi tacaíocht ríthábhachtach an Aontais trí chúnamh macrairgeadais; á chur i bhfios go láidir, i gcás mainneachtana nó aistarraingt ráthaíochtaí náisiúnta, go ndéantar, i ndeireadh na dála, gach iasacht CMA a fhrithghealladh i mbuiséad AE agus, dá bhrí sin, go bhfuil dliteanais theagmhasacha shuntasacha agus dhothuartha ag gabháil leis;
12. ag cur béim ar an bhfíoras, dá bhrí sin, go bhfuil CAI reatha imithe go dtí an dóbair cheana féin níos lú ná dhá bhliain tar éis a ghlactha, de dheasca imeachtaí gan choinne 2022; á chur i bhfios nach bhfuil sé ullamh, ó thaobh méide, struchtúir nó rialacha de, chun freagairt go mear agus go héifeachtach don iliomad géarchéimeanna ar an scála sin, ná chun uaillmhianta beartais comhroinnte nua AE a mhaoiniú go leormhaith agus chun na réitigh riachtanacha uile-Aontais a chur chun feidhme go pras; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di go bhfágann CAI atá ann faoi láthair nach bhfuil ar chumas an Aontais freagairt d’aon ghéarchéimeanna agus riachtanais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo agus a ról straitéiseach a chomhlíonadh ar an leibhéal idirnáisiúnta;
13. á mheas nach bhfuil aon amhras ann go bhfuil gá le hathbhreithniú práinneach a dhéanamh ar CAI agus nach leor cur chuige ‘gnó mar is gnách’ chun dul i ngleic leis an iliomad dúshlán atá ann, cur chuige a d’fhéadfadh an bonn a bhaint ó mhuinín an Aontais;
Aghaidh a thabhairt ar na bearnaí cistiúcháin – níos mó acmhainneacht airgeadais lena ngabhann níos mó trédhearcachta agus cuntasacht dhaonlathach
14. á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, ní hamháin athbhreithniú domhain a dhéanamh ar fheidhmiú an CAI reatha ach chomh maith leis sin leanúint ar aghaidh le togra reachtach le haghaidh athbhreithniú cuimsitheach, uaillmhianach ar Rialachán CAI agus ar a iarscríbhinn a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná an chéad ráithe de 2023; á chur i bhfáth nár cheart go mbeadh aon athbhreithniú anuas ar na himchlúdaigh náisiúnta réamh-leithdháilte nó ar chláir an Aontais mar thoradh ar athbhreithniú CAI;
15. á chreidiúint go láidir nach mór don athbhreithniú aghaidh a thabhairt ar na riachtanais arda agus ar ídiú na modhanna atá ar fáil faoi CAI don Aontas chun réitigh riachtanacha a chur ar fáil; á áitiú, thairis sin, nach mór don athbhreithniú na heasnaimh is tromchúisí i bhfeidhmiú CAI a leigheas, cistiú nua a sholáthar do thosaíochtaí polaitiúla nua agus na huirlisí is gá a thabhairt don Aontas chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin agus ar ghéarchéimeanna atá ag teacht chun cinn ar bhealach éifeachtach;
16. á chur i bhfáth go bhfuil gá le CAI uas-scálaithe chun buiséad AE níos láidre agus níos sofhreagrúla a áirithiú a chomhlíonfaidh na caighdeáin is airde trédhearcachta agus cuntasachta daonlathaí; á iarraidh, dá bhrí sin, go méadófaí uasteorainneacha CAI, chomh maith le méadú agus athdhearadh ar sholúbthacht bhuiséadach;
17. á chur in iúl go bhfuil sí réidh chun dul i mbun caibidlíocht lánfheidhme idir an Chomhairle, an Pharlaimint agus an Coimisiún maidir le hathbhreithniú CAI, ag tógáil ar an gcleachtas a bhí ann roimhe seo agus ar IIA, trína bhfuil gealltanas tugtha ag na hinstitiúidí socruithe sonracha a chinneadh le haghaidh comhair agus idirphlé le linn an nós imeachta as a dtiocfaidh glacadh athbhreithniú shubstaintiúil ar CAI;
18. á áitiú gur ceanglas den Chonradh agus réamhchoinníoll bunúsach araon é prionsabal na haontachta, trína léirítear gach mír d’ioncam agus de chaiteachas an Aontais sa bhuiséad, maidir le cuntasacht, dlisteanacht dhaonlathach agus trédhearcacht airgeadas poiblí AE; á chur i bhfáth go bhfuil gá le rialú parlaiminteach i bhfad níos mó ar chaiteachas uile AE, lena n-áirítear ionstraimí seachbhuiséid, cistí, agus gníomhaíochtaí coiteanna chun iasachtaí a fháil agus a thabhairt; á athdhearbhú gur cheart go mbeadh gach ionstraim nua faoi chúram an údaráis bhuiséadaigh;
19. á chur i bhfios go láidir, sa chomhthéacs sin, gur cheart athbhreithniú CAI a bheith fite fuaite leis an athbhreithniú leanúnach ar an Rialachán Airgeadais, lenar cheart na hathruithe is gá a ionchorprú go díreach sna rialacha lena rialaítear bunú agus cur chun feidhme bhuiséad AE; á mheas, dá bhrí sin, gur gá raon feidhme an athbhreithnithe spriocdhírithe atá beartaithe ar an Rialachán Airgeadais a leathnú, chun aghaidh a thabhairt ar na gnéithe ábhartha uile;
20. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá na prionsabail chothrománacha atá mar bhonn agus mar thaca ag CAI agus ag beartais ghaolmhara uile an Aontais, go háirithe maidir le spriocanna aeráide agus bithéagsúlachta an Aontais a bhaint amach agus comhionannas inscne a chur chun cinn; á áitiú nach mór don athbhreithniú na prionsabail sin a choinneáil i gcroílár CAI agus gealltanas an Aontais a bhaint amach maidir le téarnamh cothrom, athléimneach, inbhuanaithe agus cothrom ó thaobh na sochaí de a áirithiú do chách, lena n-áirítear cur chun feidhme chreat athbhreithnithe 2030 do spriocanna aeráide, fuinnimh agus comhshaoil an Aontais agus é mar chuspóir aige AE a dhéanamh neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050;
21. ag athdhearbhú a seasaimh sheanbhunaithe nach mór tionscnaimh, cuspóirí nó cúraimí polaitiúla nua arna gcistiú trí bhuiséad AE a mhaoiniú le hairgead úr breise agus ní trí ath-imscaradh chun dochair do chláir nó do bheartais sheanbhunaithe de chuid an Aontais atá ann cheana arna gcomhaontú ag an reachtóir;
Ceannteideal 1: An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach
22. á iarraidh go méadófaí uasteorainn Cheannteideal 1 ar an bhforas nach leor na corrlaigh chun freastal ar na riachtanais níos mó agus toisc go bhfuil sé i gcoinne imchlúdaigh clár comhaontaithe a úsáid chun tionscnaimh nua a mhaoiniú;
23. á thabhairt chun suntais gur cheart go mbeadh caiteachas faoi Cheannteideal 1 san áireamh in go leor de na huaillmhianta beartais a leagadh amach le déanaí – go háirithe i réimsí an fhuinnimh agus na huathrialach straitéisí agus tionsclaíche – agus leis na tionscnaimh beartais nua ó mhí Eanáir 2021 i leith (an Gníomh Eorpach um Shliseanna, Nascacht Shlán, Ullmhacht agus Freagairt d’Éigeandáil Sláinte, Bauhaus Eorpach Nua);
24. ag cur béim ar an ról lárnach atá ag cistiú faoin gclár Fís Eorpach, faoin gclár don Eoraip Dhigiteach, faoi Chlár an Mhargaidh Aonair agus faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) maidir le nuálaíocht a spreagadh, tacú le gnólachtaí agus na haistrithe glasa agus digiteacha a chur chun cinn;
25. ag dréim leis an togra ón gCoimisiún maidir leis an gCiste nua Eorpach Ceannasachta arb é is aidhm dó uathriail straitéiseach an Aontais a áirithiú agus spleáchas ar thíortha nach bhfuil san Aontas i bpríomhearnálacha a laghdú; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach go bhfreagróidh an togra d’fhíor-riachtanais, go mbeidh sé bunaithe ar mheasúnú soiléir ar na costais agus ar na bearnaí infheistíochta agus go ndéanfaí foráil d’airgead úr; á áitiú gur cheart aon chiste nua den sórt sin a bhunú de réir an ghnáthnós imeachta reachtaigh agus gur cheart é a ionchorprú i CAI, agus ar an gcaoi sin maoirseacht iomlán ag an bParlaimint a áirithiú; á mheas gur cheart uasteorainneacha CAI a choigeartú chun freastal ar an gCiste;
Ceannteideal 2a Comhtháthú
26. á iarraidh nach mbainfear an bonn ó mhaoiniú comhaontaithe faoi Cheannteideal 2a agus go gcaomhnófar é chun na críche atá beartaithe dó; á iarraidh ar an gCoimisiún a mheas an leor é chun freagairt do riachtanais atá ag teacht chun cinn sa bheartas comhtháthaithe;
27. á chur i bhfios go láidir gur chabhraigh an tsolúbthacht shealadach agus ghearrthéarmach a tugadh isteach i gcistí an bheartais comhtháthaithe trí shraith na dtograí maidir le Gníomhaíocht Chomhtháthaithe do Dhídeanaithe san Eoraip (CARE) leis na Ballstáit déileáil go tapa le hiarmhairtí an chogaidh i gcoinne na hÚcráine, ar aon dul le samhail na dTionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas, CRII agus CRII+, lenar cumasaíodh gníomhaíocht AE ag tús phaindéim COVID-19;
28. á chur in iúl gur geal léi uaillmhian an Aontais dlús a chur lena iarrachtaí rátaí bochtaineachta leanaí ar cúis mhórimní iad a chomhrac agus rannchuidiú le bochtaineacht leanaí a dhíothú tríd an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí a cruthaíodh le déanaí; ag tabhairt rabhaidh, áfach, go bhfuil na géarchéimeanna reatha tar éis dul in olcas agus go gcuirfidh siad leis an staid reatha atá ag dul in olcas i gcás leanaí atá ag maireachtáil go fíorbhocht nó atá i mbaol na bochtaineachta, agus go mbeidh iarmhairtí fadtéarmacha acu; á iarraidh an athuair go ndéanfaí méadú práinneach ar chistiú don Ráthaíocht Eorpach do Leanaí le buiséad tiomnaithe EUR 20 billiún ar a laghad don tréimhse 2021-2027 agus á áitiú go mbeadh an buiséad tiomnaithe sin mar chuid den CAI athbhreithnithe agus den CSE+ treisithe; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, na hacmhainní uile atá ar fáil a chur ar fáil – agus ar na Ballstáit lánúsáid a bhaint astu – chun an Ráthaíocht do Leanaí a chur chun feidhme go héifeachtach, lena n-áirítear CSE+, ReactEU, agus RRF;
29. á chur i bhfáth, cé go bhfuil bearta freagartha ar ghéarchéimeanna riachtanach agus úsáideach, nach uirlis freagartha ar ghéarchéimeanna é an beartas comhtháthaithe; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil an beartas comhtháthaithe á úsáid níos mó agus níos mó chun beartais eile a threisiú agus chun easnaimh i solúbthacht bhuiséadach nó i sásraí freagartha ar ghéarchéimeanna in CAI a chúiteamh; den tuairim go bhfágann an fhéidearthacht atá ann faoi láthair, maidir le suas le 5% den leithdháileadh tosaigh a aistriú ó chistí an bheartais comhtháthaithe go cláir, gur féidir solúbthacht leordhóthanach a bheith ann;
30. á chur i bhfáth nár cheart go mbeadh aon athbhreithniú anuas ar na himchlúdaigh náisiúnta réamh-leithdháilte mar thoradh ar athbhreithniú CAI; ag cur béim ar an bhfíoras gur glacadh go déanach an comhaontú maidir le CAI do 2021-2027 agus maidir le pacáiste an bheartais chomhtháthaithe, agus, mar gheall ar ghéarchéim COVID-19 in éineacht leis sin, gur cuireadh moill ar an bpróiseas clársceidealaithe agus ar an gcur isteach ar thionscadail, ach ní mar gheall ar an mbeartas féin; á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur leis na hiarrachtaí simpliúcháin riaracháin; á chur i bhfios go láidir nach gcaitheann an tús mall amhras ar aon bhealach ar ról ríthábhachtach agus breisluach an bheartais comhtháthaithe atá ina bheartas infheistíochta agus ionstraim um chóineasú bunriachtanach de chuid an Aontais;
Ceannteideal 2b: Athléimneacht agus Luachanna
31. á iarraidh go ndéanfaí an líne bhuiséid atá tiomnaithe d’aisíoc na gcostas iasachta EURI a bhaint de Cheannteideal 2b agus a chur lasmuigh de na ceannteidil, agus go ndéanfaí na costais sin a chomhaireamh de bhreis ar uasteorainneacha CAI;
32. á chur in iúl gur oth léi gur áiríodh costais iasachtaíochta EURI agus aisíoc fiachais mar líne buiséid faoi Cheannteideal 2b don tréimhse 2021-2027, in éineacht le cláir shuaitheanta amhail Erasmus+, EU4Health, Eoraip na Cruthaitheachta agus Saoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna;
33. á chur i bhfáth go mbraitheann costais úis agus aisíocaíocht fiachais ar fhorbairtí sa mhargadh, nach caiteachas lánroghnach iad, nach leanann siad loighic na gcaidhpeanna ar chaiteachas agus nár cheart dóibh dul in iomaíocht riamh le cláir; á mheabhrú go bhfuil aon ghníomhachtú den Ionstraim Tacaíochta Éigeandála ag brath freisin ar chorrlach neamh-leithdháilte a bheith ar fáil faoi uasteorainn an cheannteidil seo; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil tionchar ag rátaí úis atá ag dul i méid go géar ar eisitheoirí ceannasacha; ag tabhairt rabhaidh go bhfuil méadú suntasach tagtha le déanaí ar chostais an chistithe mar gheall ar dhálaí dúshlánacha an mhargaidh agus go bhfuil éiginnteacht shuntasach ann maidir le rátaí úis fadtéarmacha; á áitiú, dá bhrí sin, go bhfuil rioscaí suntasacha ag baint leis an status quo do chaiteachas clár agus d’acmhainneacht CAI freagairt do riachtanais atá ag teacht chun cinn;
34. á chur i bhfáth a ríthábhachtaí atá clár EU4Health agus cláir oideachais, cultúir, óige agus luachanna an Aontais chun tacú leis na hearnálacha ábhartha tar éis na paindéime agus chun an bhréagaisnéis a chomhrac; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil Ciste Sóisialta na hEorpa+ ar cheann de na príomhspreagthaí chun gné shóisialta an Aontais a neartú; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil próifíl airgeadais atá an-siarchoinneáilte sa CAI reatha ag Erasmus+, mar chlár a bhfuil éileamh measartha cobhsaí aige ó bhliain go bliain;
Ceannteideal 3: Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol
35. á iarraidh go ndéanfaí uasteorainn Cheannteideal 3 a choigeartú a luaithe is féidir chun freastal go hiomlán ar an gCiste Aeráide Sóisialta (SCF), agus nár cheart an bonn a bhaint ón maoiniú a comhaontaíodh faoi Cheannteideal 3 agus ba cheart é a chaomhnú chun na críche atá beartaithe dó;
36. ag athdhearbhú a seasaimh nach mór SCF a ionchorprú go hiomlán i mbuiséad AE agus laistigh de CAI, gan tionchar diúltach a bheith aige sin ar chláir agus ar chistí eile faoin gceannteideal seo, agus aird á tabhairt ar a thábhachtaí atá sé slándáil bia a áirithiú agus an Comhaontú Glas a bhaint amach; á mheabhrú don bhrainse eile den údarás buiséadach go bhfuil sé d’oibleagáid air aontacht an bhuiséid a urramú;
37. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá an comhbheartas talmhaíochta (CBT) maidir le tacaíocht iontaofa a chur ar fáil d’fheirmeoirí chun slándáil bia a fheabhsú; á mheabhrú go bhfuil tionchar ag éagsúlachtaí maidir le híocaíochtaí CBT ar acmhainneacht feirmeoirí an brú a bhaineann leis an mboilsciú agus praghsanna méadaithe ionchuir a sheasamh le linn dóibh an cuspóir sin a ghnóthú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil feirmeoirí óga agus feirmeoirí le feirmeacha beaga an-leochaileach agus go mbíonn tionchar ag deiseanna infheistíochta teoranta orthu; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá an clár LIFE maidir le tacú le gníomhú ar son na haeráide, le caomhnú an dúlra agus le cosaint an chomhshaoil;
Ceannteideal 4: Imirce agus Bainistiú Teorainneacha
38. á iarraidh go méadófaí uasteorainn Cheannteideal 4 chun léiriú a dhéanamh ar chúrsaí mar atá i bhfírinne agus na fíor-riachtanais mhaoiniúcháin a bhaineann le beartais agus cláir bainistithe imirce agus teorainneacha an Aontais;
39. ag cur béim ar an bhfíoras go mbeidh gealltanas airgeadais níos fadtéarmaí i gceist leis an gcogadh i gcoinne na hÚcráine agus leis an gcinneadh a rinneadh ina dhiaidh sin chun an Treoir um Chosaint Shealadach a ghníomhachtú chun tacú leis na Ballstáit, rud a chuirfidh éilimh gan choinne ar an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF), ar an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (BMVI) agus rud a chruthóidh freagrachtaí breise do na gníomhaireachtaí díláraithe faoi Cheannteideal 4; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, thairis sin, go bhfuil tograí comhleanúnacha ón gCoimisiún le haghaidh síntí ar shainordú gníomhaireachta ag lagú imchlúdach airgeadais BMVI;
Ceannteideal 5: An tSlándáil agus an Chosaint
40. á iarraidh go méadófaí uasteorainn Cheannteideal 5;
41. á iarraidh go ndéanfar athbhreithniú go pras ar CAI chun ionstraimí cosanta AE a mhéadú amhail an Ciste Eorpach Cosanta, an tsoghluaisteacht mhíleata agus sásraí soláthair chomhpháirtigh do chosaint an Aontais amach anseo, eadhon neartú Thionscal Cosanta na hEorpa a Atreisiú trí Sholáthar Comhoibríoch agus tríd an gClár Eorpach Infheistíochta um Chosaint, ar choinníoll go dtreiseoidh siad Bonn teicneolaíoch agus tionsclaíoch cosanta an Aontais agus go n-áiritheofar breisluach Eorpach leo;
42. ag tabhairt dá haire, i bhfianaise an chomhthéacs geopholaitiúil an-difriúil, an togra ón gCoimisiún le haghaidh an Ghnímh um thionscal cosanta na hEorpa a Atreisiú trí Sholáthar comhoibríoch don tréimhse 2022-2024 agus an rún atá aige togra a chur ar aghaidh le haghaidh Clár Eorpach Infheistíochta um Chosaint don tréimhse ina dhiaidh sin, a ceapadh chun soláthar comhpháirteach agus bainistiú saolré ar chumais mhíleata a thabhairt isteach; á thabhairt chun suntais nach féidir an caiteachas is gá chun comhar agus infheistíocht cosanta a fheabhsú a chumhdach laistigh d’uasteorainn Cheannteideal 5; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le hinfheistíocht chun an beartas slándála a neartú agus chun nuálaíocht theicneolaíoch a mhaoiniú i dtimpeallacht slándála atá ag síorathrú;
Ceannteideal 6: An Chomharsanacht agus an Domhan
43. á iarraidh go méadófar uasteorainn Cheannteideal 6 chun riachtanais reatha agus riachtanais réamh-mheasta amach anseo i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais a chumhdach go hiomlán agus chun acmhainneacht leordhóthanach a chruthú chun freagairt do ghéarchéimeanna agus do riachtanais atá ag teacht chun cinn;
44. á chur in iúl gur saoth, fiú, roimh an gcogadh i gcoinne na hÚcráine, nár leor na cistí atá ar fáil faoi Cheannteideal 6 agus go bhfuil méadú suntasach tagtha ar an mbrú atá ar an gceannteideal sin ó shin; á chur i bhfios go láidir nár cuireadh an cistiú leanúnach do riachtanais na ndídeanaithe ón tSiria, ón Iaráic agus ó thíortha eile san áireamh i mbuiséad ionstraim CAI ná i mbuiséad na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI)-An Eoraip Dhomhanda agus, dá bhrí sin, gur cheart é a bheith á mhaoiniú le leithreasuithe úra ina bhfuil méadú comhfhreagrach ar uasteorainn Cheannteideal 6 seachas trí ath-imlonnuithe;
45. ag tabhairt dá haire go bhfuil meathlú tapa ag teacht ar an gcomhthéacs idirnáisiúnta ó thús CAI, i dtíortha comharsanachta agus níos faide i gcéin araon, mar thoradh ar na géarchéimeanna bia, fuinnimh, aeráide agus eacnamaíocha, a mhéadaigh go mór an brú ar Cheannteideal 6; ag tabhairt dá haire, sa bhreis ar dhul i muinín na hIonstraime Solúbthachta arís agus arís eile, gur ídíodh an cúlchiste NDICI-an Eoraip Dhomhanda go han-tapa agus gur úsáideadh é thar a phríomhchuspóir arb é freagairt do dhúshláin agus tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn, go háirithe chun cúnamh macrairgeadais a sholáthar; á mheas go bhfuil freagairt fheabhsaithe ar ghéarchéimeanna bunriachtanach i bhfianaise an iliomad dúshláin dhomhanda;
46. á chur i bhfios go láidir go bhfuil barr a chumais sroichte ag an gcabhair dhaonnúil faoi Cheannteideal 6, rud a éilíonn athneartú arís agus arís eile; á áitiú go bhfuil cistiú feabhsaithe don chabhair dhaonnúil (HUMA) agus colún mearfhreagartha NDICI-an Eoraip Dhomhanda bunriachtanach má tá an tAontas le cúnamh a sholáthar ní hamháin don Úcráin, ach freisin chun tacaíocht a áirithiú do phobail agus do réigiúin atá i ngátar agus chun a uaillmhian a bhaint amach maidir le bheith ina phríomhdheontóir daonnúil; á chur i bhfios go láidir nár cheart a bheith mar thoradh ar riachtanais bhreise san Úcráin go ndéanfaí airgead a atreorú ó réigiúin gheografacha eile atá i ngátar, go háirithe ó Chomharsanachtaí an Oirthir agus an Deiscirt, nó ó thosaíochtaí téamacha;
47. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé tacaíocht bhreise a chur ar fáil don Úcráin trí chúnamh macrairgeadais; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le ráta soláthair i bhfad níos airde ná an caighdeán 9 % le haghaidh iasachtaí don Úcráin mar gheall ar an riosca mainneachtana méadaithe; ag tabhairt dá haire sa chomhthéacs sin, na tograí ón gCoimisiún an 9 Samhain 2022(21); á chur i bhfios go láidir gurb é an bealach chun tosaigh ná dul ó chur chuige ad hoc go cur chuige struchtúrach;
48. á chur i bhfios go láidir go gciallaíonn an cinneadh chun stádas mar thír is iarrthóir a thabhairt don Úcráin agus don Mholdóiv ná go gcuirfear tacaíocht ar fáil faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA) in ionad NDICI-an Eoraip Dhomhanda, a d’fhéadfadh athbhreithniú a éileamh ar an mbunús dlí ábhartha; á áitiú gur gá an tacaíocht le haghaidh tíortha is iarrthóirí eile, go háirithe sna Balcáin Thiar, a choinneáil ar a leibhéal reatha;
49. á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcomhlíonfaidh an tAontas a ghealltanais idirnáisiúnta maidir leis an aeráid agus go háirithe cistiú a chur ar fáil don mhaoiniú idirnáisiúnta don chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus do na cláir ábhartha faoi NDICI-an Eoraip Dhomhanda;
Ceannteideal 7 - Riarachán Poiblí Eorpach
50. á iarraidh go socrófar caiteachas faoi Cheannteideal 7 ar leibhéal lena ráthaítear go bhfuil riarachán éifeachtach agus éifeachtúil ag an Aontas;
51. á áitiú go ndéanfar acmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh ar institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais chun cur chun feidhme agus forfheidhmiú éifeachtach reachtaíocht agus bheartais uile an Aontais a áirithiú i gcomhréir le cúraimí atá ag teacht chun cinn; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé acmhainní cuí a chur ar fáil do chreat treisithe cibearshlándála d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais;
52. á iarraidh go nglacfaí go pras an t-athbhreithniú spriocdhírithe ar an Rialachán Airgeadais i ndáil le hús mainneachtana a láimhseáil i gcás aisíocaíocht dhéanach a dhéanamh ar fhíneálacha iomaíochta a cuireadh ar ceal nó a laghdaíodh, chun brú ar chaiteachas faoi Cheannteideal 7 a sheachaint; á chur i bhfios go bhfuil a seasamh glactha ag an bParlaimint agus go bhfuil sí réidh le dul i mbun caibidlíochta; á mholadh don Chomhairle déileáil leis an togra seo mar thosaíocht agus dul i mbun caibidlíochta leis an bParlaimint;
Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí
53. á mheabhrú go n-eascraíonn leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí go díreach as gealltanais agus, dá bhrí sin, nach mór méadú comhréireach ar an uasteorainn d’íocaíochtaí do na blianta céanna nó do na blianta ina dhiaidh sin a bheith ag gabháil le haon mhéadú ar na huasteorainneacha do ghealltanais de réir an cheannteidil;
54. ag tabhairt dá haire na moilleanna ar chur chun feidhme na gclár agus á iarraidh ar an gCoimisiún anailís riosca a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar uasteorainn na n-íocaíochtaí mar chuid den athbhreithniú agus na tograí is gá a dhéanamh san athbhreithniú ar CAI d’fhonn géarchéim íocaíochtaí a sheachaint a dhéanfadh difear mór do thairbhithe bhuiséad an Aontais;
55. ag tabhairt rabhadh, thairis sin, maidir le hioncam atá sannta go seachtrach atá faoi réir luaineachtaí sa mhargadh a úsáid mar ionadú ar leithreasuithe faoi CAI agus an riosca a d’fhéadfadh a bheith aige sin chun íocaíochtaí a urramú;
Acmhainní dílse
56. á chur i bhfios go bhfuil CAI agus acmhainní dílse idirnasctha; ag cur béim, sa chomhthéacs sin, ar an ngá atá le hioncam inbhuanaithe agus athléimneach do bhuiséad AE; á mheabhrú gur thug an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún, in IIA atá ceangailte ó thaobh dlí de, gealltanas maidir le treochlár i dtreo acmhainní dílse nua leordhóthanacha a thabhairt isteach chun gur féidir aisíocaíocht fhiachas EURI a chumhdach ar a laghad;
57. ag athdhearbhú a seasaimh sheanbhunaithe go bhfuil gá le hathchóiriú acmhainní dílse chun taobh ioncaim bhuiséad AE a ailíniú níos fearr le tosaíochtaí beartais níos leithne AE; ag dréim, dá bhrí sin, le raon feidhme, dearadh agus comhdhéanamh an bhascaed d’acmhainní dílse nua, ní hamháin chun sreafaí ioncaim breise a dhaingniú, ach chun cabhrú le haghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna práinneacha beartais i dtimpeallacht eacnamaíoch ina bhfuil boilsciú agus praghsanna arda fuinnimh freisin;
58. á iarraidh ar an gComhairle dul chun cinn pras a dhéanamh le tograí mhí na Nollag 2021 maidir le hacmhainní dílse nua; á chur i bhfios go láidir, i gcomhréir leis an treochlár, go bhfuil sé beartaithe acmhainní dílse nua a eascraíonn as na tograí maidir le leagan leasaithe den Chóras Trádála Astaíochtaí agus leis an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha atá le tabhairt isteach an 1 Eanáir 2023; á chur i bhfáth go bhfuil an acmhainn dhílis nua bunaithe ar cholún I de chreat cuimsitheach ECFE/G20 le tabhairt isteach faoin dáta céanna freisin;
59. ag tnúth leis na tograí ón gCoimisiún maidir leis an dara baisc d’acmhainní dílse nua a bheidh dlite sa tríú ráithe de 2023; á chur in iúl go bhfuil muinín aici go n-áiritheofar rátáil láidir chreidmheasa AE go háirithe trí ghníomhaíocht ghasta agus dhiongbháilte chun acmhainní dílse a athchóiriú, rud atá fós ina sine qua non mar gheall ar na dúshláin iomadúla; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, i bhfianaise na riachtanas méadaithe maoinithe, machnamh a dhéanamh taobh amuigh den Chomhaontú Idirinstitiúideach agus scrúdú a dhéanamh ar an ngá atá le fíoracmhainní dílse breise nua agus nuálacha;
Solúbthacht agus freagairt ar ghéarchéimeanna i mbuiséad an Aontais: ó fhreagairtí ad hoc go hullmhacht chórasach agus fhadtéarmach
60. ag cur béim ar an bhfíoras nach mór an tsolúbthacht agus an ‘spás’ buiséadach is gá a bheith ag buiséad AE chun go mbeidh sé in ann freagairt do ghéarchéimeanna agus oiriúnú do riachtanais atá ag teacht chun cinn agus atá méadú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le hathchóiriú a dhéanamh ar ionstraimí freagartha ar ghéarchéimeanna agus ar ionstraimí solúbthachta chun a áirithiú go bhfuil siad den mhéid is gá, go bhféadfar iad a ghníomhachtú go tapa agus go bhfanfaidh siad faoi chúram iomlán dhá bhrainse an údaráis bhuiséadaigh;
61. á mheas leis an méadú géar ar bhoilsciú agus a éifeachtaí iarmhartacha ar chumhacht ceannaigh bhuiséad AE, gur chuir siad teorainn bhreise leis an spás is gá agus go raibh tionchar acu ar na cláir atá á maoiniú aige; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an raon feidhme chun sásra coigeartaithe sealadach a thabhairt isteach chun maolú ar an díbhoilsceoir uathoibríoch 2 % i gcás suaitheadh boilscithe;
62. á áitiú gur cheart do leithreasuithe saortha fanacht sa bhuiséad agus gur cheart don údarás buiséadach iad a ghealladh tríd an nós imeachta buiséadach bliantúil; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le hathruithe comhfhreagracha ar an Rialachán Airgeadais; á chur i bhfios go raibh leibhéal an tsaortha taighde leis féin suntasach sa chuid luath den CAI reatha; ag cur béim ar an bhfíoras go mbainfear amach solúbthacht bhuiséadach bhreise trí shaoradh a choinneáil sa bhuiséad;
63. á mheabhrú go bhfuil na hionstraimí speisialta lasmuigh d’uasteorainneacha CAI, agus ar an gcaoi sin, go n-áirithítear méid áirithe solúbthachta agus an cumas freagairt do ghéarchéimeanna, agus nach bhfuil siad le slógadh ach amháin i gcás cinneadh ó údarás buiséadach; ag tarraingt aird ar an úsáid fhorleathan a baineadh as na hionstraimí speisialta sa chéad dá bhliain de CAI;
64. á mheas go bhfuil srian ar na hionstraimí speisialta mar gheall ar an nganntanas acmhainní agus ar dholúbthacht an deartha araon, rud a chuireann bac ar a gcumas feidhmiú mar uirlisí éifeachtacha chun freagairt ar ghéarchéimeanna; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, go bhfuil an t-athbhreithniú ríthábhachtach chun acmhainneacht na bhforálacha solúbthachta atá ann cheana a leathnú; á chur in iúl gur oth léi an cinneadh an Cúlchiste um Chabhair Éigeandála (EAR) agus CDAE a chumasc sa CAI reatha, as ar eascair easnaimh thromchúiseacha, agus go laghdófar faoina leath an cistiú foriomlán a bheidh ar fáil;
65. á iarraidh go méadófaí leithreasuithe bliantúla don Ionstraim Sholúbthachta ó EUR 915 mhilliún go EUR 2 bhilliún; á iarraidh, ina theannta sin, go ndéanfaí an Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála a roinnt ina dhá shraith – an Cúlchiste um Chabhair Éigeandála agus Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh – agus go méadófaí na leithreasuithe bliantúla ó EUR 1.2 billiún don Chúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála san iomlán go EUR 1 bhilliún do gach sraith i bpraghsanna 2018; á mheas go gcuirfear acmhainní breise ríthábhachtacha ar fáil leis sin chun freagairt do riachtanais reatha agus do riachtanais atá ag teacht chun cinn, go háirithe i bhfianaise géarú agus iolrú eachtraí adhaimsire agus i bhfianaise na staide daonnúla domhanda;
66. á iarraidh go gcuirfí deireadh leis an uasteorainn bhliantúil i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus i leithreasuithe íocaíochta araon maidir le dul i muinín na hIonstraime Corrlaigh Aonair (SMI);
67. ag cur tuilleadh béim ar an bhfíoras go bhfuil na hionstraimí speisialta éagsúla faoi réir rialacha éagsúla maidir le tabhairt anonn agus ag iarraidh go ndéanfaí na rialacha sin a chomhchuibhiú ionas go bhféadfar méideanna suas le bliain n+3 a úsáid i gcás na n-ionstraimí speisialta uile, rud a chruthóidh solúbthacht bhreise; á áitiú go gcuirfear méideanna atá imithe i léig tar éis bhliain n+3 ar fáil uair amháin eile faoin Ionstraim Sholúbthachta nó faoin Ionstraim Corrlaigh Aonair;
68. á áitiú, sa bhreis ar na hionstraimí speisialta atá ann cheana a neartú, gur gá ionstraim speisialta bhuan bhreise de bhreis ar uasteorainneacha CAI ionas gur féidir le buiséad AE oiriúnú níos fearr do ghéarchéimeanna agus freagairt dóibh go tapa agus dá n-éifeachtaí sóisialta agus eacnamaíocha; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú gur féidir an ionstraim choiteann géarchéime sin a ghníomhachtú go héifeachtach agus go pras de réir mar a thagann riachtanais chun cinn;
69. ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil an beartas comhtháthaithe ar cheann de phríomhthosaíochtaí an Aontais, go bhfuil cuspóirí infheistíochta fadtéarmacha aige atá nasctha le clár oibre straitéiseach AE, go háirithe an Comhaontú Glas don Eoraip agus an Clár Oibre Digiteach, agus nár cheart é a úsáid chun cistiú a athshlánú le haghaidh beartais eile;
Gnéithe nua an CAI reatha a mheasúnú agus an bealach a réiteach do CAI iar-2027 chun tacú le buiséad AE níos athléimní
70. á chur i bhfios go n-ionchorpraítear leis an CAI reatha agus IIA roinnt gnéithe nua nach raibh i gclárthréimhsí roimhe seo ar cheart iad a scrúdú go críochnúil mar chuid den athscrúdú meántéarma agus den athbhreithniú meántéarma;
71. á mheas, cé gur ann do struchtúr nua CAI le ceannteidil go bhfuil caiteachas grúpa de réir braisle beartas níos simplí agus go n-éascaítear bainistiú buiséadach laistigh den Choimisiún leis; á chreidiúint nach bhfuil an ghráinneacht agus an trédhearcacht is gá ag an ainmníocht - le líon laghdaithe línte buiséid agus uaireanta aon líne amháin lena gcumhdaítear clár caiteachais leathan mar is amhlaidh i gcás an Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus na hIonstraime um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí, agus go ndéantar maoirseacht agus cinntí cuí ón údarás buiséadach a theorannú go suntasach; ag dréim leis go ndéanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na hathruithe ar an struchtúr agus ar an ainmníocht roimh an tréimhse nua CAI;
72. á chur in iúl gur geal léi tionchar dearfach an Rialacháin maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad AE a chosaint agus á chreidiúint gur ghníomhaigh sé cheana mar dhíspreagadh éifeachtach i gcoinne sáruithe ar an smacht reachta in úsáid chistí AE; ag cur béim ar an nasc soiléir idir urraim don smacht reachta agus cur chun feidhme éifeachtúil bhuiséad AE agus á iarraidh ar an gCoimisiún forfheidhmiú láidir an Rialacháin Coinníollachta a áirithiú; ag tabhairt dá haire gur cheart go mbeadh sé d’aidhm ag aon mhéadú ar CAI 2021-2027 cosaint an smachta reachta agus leasanna airgeadais an Aontais a threisiú; á áitiú, thairis sin, go bhfuil oibleagáid ann Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh agus buiséad AE á chur chun feidhme;
73. á athdhearbhú go bhfuil gá le trédhearcacht mhéadaithe maidir le caiteachas AE agus á iarraidh go dtabharfaí isteach bunachar sonraí idir-inoibritheach aonair éigeantach chun faireachán a dhéanamh ar thairbhithe díreacha agus deiridh chistí AE i bhformáid mheaisín-inléite agus, ar an gcaoi sin, forléargas soiléir a thabhairt ar fhaighteoirí uile chistiú AE; á chur in iúl gur geal léi togra ón gCoimisiún maidir le hathmhúnlú an Rialacháin Airgeadais an 16 Bealtaine 2022 mar thúsphointe réasúnach chun córas digiteach idir-inoibritheach a chruthú chun críocha iniúchóireachta agus rialaithe; ag tabhairt dá haire gur mhol an Coimisiún go mbeadh éifeacht ag na hathruithe sin in CAI iar-2027; á chur i bhfios go láidir, áfach, go bhfuil aistriú níos uaillmhianaí indéanta agus inmhianaithe; á chur i bhfáth, thairis sin, gur gá rochtain níos éasca a bheith ag an bpobal ar fhaisnéis;
74. ag meabhrú na spriocanna a bhaineann leis an aeráid agus leis an mbithéagsúlacht a leagtar síos in IIA; ag meabhrú a oibleagáide don Choimisiún faoi IIA chun breithniú a dhéanamh ar dhul chun cinn na n-iarrachtaí príomhshruthaithe aeráide agus scrúdú a dhéanamh an bhfuil na spriocanna bainte amach nó an bhfuiltear ar an mbóthar ceart chun iad a bhaint amach; á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an phrionsabail ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ agus bearta ceartaitheacha riachtanacha a dhéanamh más gá agus nuair is gá;
75. á chur i bhfáth go bhfuil gá le feabhas suntasach a dhéanamh ar mhodheolaíochtaí príomhshruthaithe aeráide agus bithéagsúlachta agus a áirithiú gur caiteachas breise ar an aeráid agus ar bhithéagsúlacht a bhíonn i gceist go fírinneach nuair a áirítear é i leith na spriocanna caiteachais íosta faoi seach, i gcomhréir le tograí Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus na Parlaiminte;
76. ag dréim le gealltanais airgeadais níos uaillmhianaí sa CAI atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo i gcomhréir le gealltanas domhanda AE aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus stop a chur le cailliúint na bithéagsúlachta; ag dréim leis go ndéanfar na gealltanais uile maidir le maoiniú idirnáisiúnta don aeráid a phleanáil go hiomlán i gcomhréir leis an gcaibidlíocht dhomhanda; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcomhlíonfar spriocanna príomhshruthaithe bithéagsúlachta 2026 agus 2027 a comhaontaíodh; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar conas is féidir spriocanna aeráide agus bithéagsúlachta a chomhtháthú níos fearr laistigh de CAI iar-2027 chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an tAontas a ghealltanais;
77. á athdhearbhú gur cheart cláir a chur chun feidhme ar bhealach lena gcuirtear comhionannas inscne chun cinn agus a gcuspóirí á mbaint amach acu; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, obair an Choimisiúin maidir le haicmiú nua chun tionchar inscne chaiteachas an Aontais a thomhas; á mheas gur cheart go soláthródh an t-aicmiú léiriú cruinn agus cuimsitheach ar thionchar na gclár ar chomhionannas inscne; á iarraidh go leathnófaí an t-aicmiú chuig gach clár CAI agus go ndéanfaí é a chomhtháthú níos fearr i gcreat CAI; á chur i bhfáth, ina leith sin, gur gá sonraí atá imdhealaithe ó thaobh inscne de a bhailiú agus a anailísiú go córasach; ag dréim leis go ndéanfar an tuairisciú uile atá ábhartha ó thaobh inscne de ar bhonn méideanna seachas líon na ngníomhaíochtaí;
78. á iarraidh ar an gCoimisiún cur chun feidhme Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe a rianú i gcláir ábhartha uile CAI de réir IIA agus, dá bhrí sin, modheolaíocht láidir a fhorbairt chun caiteachas a bhaineann le SDGanna agus caiteachas sóisialta laistigh de bhuiséad AE a rianú;
79. á mheabhrú go raibh NGEU ag gabháil leis an CAI reatha, ionstraim nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo chun borradh a chur faoin téarnamh tar éis na paindéime; á mheas gur éirigh leis an ionstraim sin go dtí seo agus gur cheart í a chur chun feidhme go hiomlán;
80. á mheas go bhfuil ról níos tábhachtaí ag an Aontas maidir le tacaíocht a chur ar fáil do chosaint fostaíochta agus do chúiteamh ioncaim i gcásanna géarchéime agus maidir le haistriú cóir chuig sochaí atá neodrach ó thaobh carbóin de a áirithiú; ag cur béim, sa chomhthéacs sin, ar ról lárnach na hionstraime le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE) maidir le tacaíocht a chur ar fáil do scéimeanna oibre sealadacha agus d’oibrithe sna Ballstáit agus maidir le rioscaí dífhostaíochta a mhaolú; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar thionchar SURE agus ar conas is féidir é a fhorbairt do ghníomhaíocht an Aontais amach anseo i gcomhthéacs géarchéimeanna sóisialta;
81. á chur i bhfios nach leanann go leor de na riachtanais chaiteachais a bhí ann le déanaí, i réimsí amhail téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta, beartais a bhaineann leis an athrú aeráide agus cistiú a bhaineann le géarchéim na hÚcráine, loighic thraidisiúnta na hintuarthachta infheistíochta meántéarmaí; á mheas gur cásanna iad an SCF agus an chosaint, an fhreagairt ar ghéarchéimeanna agus caiteachas idirghabhála éigeandála ina bhfuil réasúnaíocht shoiléir le gníomhaíocht AE; ag dréim leis go leanfaidh an treocht sin i dtreo tírdhreach caiteachais níos éagsúlaithe de réir mar a théann raon feidhme agus doimhneacht chomhar AE chun cinn; á chur i bhfios go láidir, dá bhrí sin, go bhfuil gá le CAI atá tógtha agus inoiriúnaithe i gceart ionas go gcuirfidh dearadh bhuiséad AE ar chumas AE cúraimí agus feidhmeanna nua a ghlacadh chuige féin gan acmhainní a atreorú ó chláir agus ó thosaíochtaí comhaontaithe;
82. á chur i bhfios go láidir go bhfuil go leor de na heasnaimh sa CAI reatha ina loighic agus ina dhearadh, áit a ndéanann intuarthacht caiteachais cinntí a spreagadh maidir le struchtúr agus méideanna agus solúbthacht a shrianadh;
83. á chur in iúl gur oth léi an laghdú de réir a chéile ar bhuiséad AE mar chéatadán d’ollioncam náisiúnta (OIN) AE agus an bhéim iomarcach ar chaiteachas foriomlán a theorannú ag thart ar 1 % de OIN AE; á mheas gur chuir sé sin cosc ar an Aontas a uaillmhianta comhaontaithe a bhaint amach agus nach bhfuil sé in ann freagairt ar ghéarchéimeanna agus ar riachtanais atá ag teacht chun cinn agus cuntasacht dhaonlathach á háirithiú;
84. á áitiú gur cheart go mbeadh an comharba ar an CAI reatha in ann déileáil go hiomlán agus go solúbtha le réimse tosaíochtaí beartais agus riachtanas caiteachais agus athléimneacht a áirithiú i gcás géarchéimeanna; á mheas go gcruthódh ardú uasteorainn na n-acmhainní dílse an ‘spás’ buiséadach chun freagairt ar ghéarchéimeanna agus ar riachtanais atá ag teacht chun cinn, agus intuarthacht caiteachais á ráthú; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, athbhreithniú a dhéanamh ar struchtúr iomlán CAI, lena n-áirítear fad na gclárthréimhsí, mar chuid de mhachnamh níos fadtéarmaí ar bhuiséad AE tar éis-2027 i bhfianaise riachtanais chaiteachais atá ag athrú;
85. á chur in iúl gur saoth léi, tar éis thabhairt isteach riachtanach NGEU agus SURE, go bhfuil sé molta arís agus arís eile ag an gCoimisiún úsáid a bhaint as ionstraimí seachbhuiséid, go háirithe faoi Airteagal 122 CFAE, nach n-éilíonn maoirseacht Pharlaimint na hEorpa agus, dá bhrí sin, a bhaineann an bonn ó thrédhearcacht agus ó chuntasacht an chaiteachais phoiblí; á mheas, ina leith sin, go mbeidh díospóireacht bhliantúil ag an seisiún iomlánach sa Pharlaimint maidir le hairgeadas uile AE, lena n-áirítear ionstraimí seachbhuiséid, ina céim thábhachtach i dtreo trédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú;
86. á chur in iúl go bhfuil sé ar intinn aige dlúthfhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chomhaontaithe maidir le grinnscrúdú buiséadach ar thograí nua bunaithe ar Airteagal 122 CFAE, a bhí mar chuid de chomhaontú CAI; á mheabhrú gur minic a bhíonn impleachtaí buiséadacha suntasacha ag tograí den sórt sin a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar fhorbairt chaiteachas AE; á chur in iúl go bhfuil rún daingean aici a áirithiú go mbeidh ról iomchuí ag an bParlaimint agus go mbeidh sí rannpháirteach sa phróiseas sin mar ghéag chomhionann den údarás buiséadach;
87. a chur i bhfáth nach réiteach sásúil í an treocht i dtreo úsáid mhéadaithe a bhaint as ioncam sannta seachtrach faoi na rialacha reatha toisc go lagaíonn sé ról an údaráis bhuiséadaigh (an Pharlaimint agus an Chomhairle), rud a bhaineann an bonn ó ghrinnscrúdú daonlathach agus a laghdaíonn trédhearcacht airgeadais AE; ag éileamh réitigh atá slán ó thaobh an dlí de lena gceadaítear breisithe spriocdhírithe, aonuaire nó riachtanais-bhunaithe ag a bhfuil na buntáistí céanna agus atá ag ioncam atá curtha in áirithe (i.e. nach n-áirítear in aghaidh na n-uasteorainneacha), ach atá faoi réir rialú iomlán an údaráis bhuiséadaigh ag an am céanna; ag meabhrú a tiomantais do phrionsabal na huilíochta;
88. á thabhairt chun suntais gur cheart go ndéanfaí leis an athbhreithniú leanúnach ar an Rialachán Airgeadais na rialacha lena rialaítear ionstraimí buiséadacha a chur in oiriúint do na himthosca reatha, ina n-úsáidtear ioncam sannta seachtrach, oibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe, cistí iontaobhais agus ionstraimí faoi Airteagal 122 CFAE ar bhonn níos minice in ainneoin gur minic an modh comhphobail a bheith á sheachaint agus dá bhrí sin grinnscrúdú an údaráis bhuiséadaigh agus ar an gcaoi sin, inrianaitheacht cistí agus cuntasachta a laghdú;
89. ag cur béim, go háirithe, ar an dearbhú maidir le hathmheasúnú a dhéanamh ar an ioncam sannta seachtrach agus ar na forálacha maidir le hiasachtaí a fháil agus iasachtaí a thabhairt sa Rialachán Airgeadais a comhaontaíodh i gcaibidlíocht faoi CAI; á mheas gur cheart go mbeadh ioncam sannta seachtrach, chomh maith le sócmhainní agus dliteanais atá nasctha le hoibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe, ina gcuid lárnach de bhuiséad AE agus gur cheart go nglacfadh an t-údarás buiséadach iad mar chuid den bhuiséad sin;
90. ag athdhearbhú a héilimh sheanbhunaithe go ndéanfaí ionstraimí caiteachais uile an Aontais lena gcumhdaítear caiteachas ar leibhéal AE a ionchorprú go hiomlán sa bhuiséad i gcomhréir leis an gConradh, agus ar an gcaoi sin trédhearcacht, rialú iomlán daonlathach agus cosaint ar airgeadas poiblí agus leasanna airgeadais an Aontais a áirithiú; á áitiú, áfach, nár cheart laghdú a bheith ar mhaoiniú do bheartais agus do chláir eile AE mar thoradh ar na hionstraimí sin a chomhtháthú i mbuiséad AE;
91. á thabhairt chun suntais gur cásanna suntasacha sa chomhthéacs sin iad an Ciste don Nuachóiriú agus an Ciste don Nuálaíocht (an Ciste Infheistíochta don Aeráid); á iarraidh ar an gCoimisiún a mholadh go ndéanfaí iad a áireamh go hiomlán in CAI iar-2027 leis an gcoigeartú cuasa-uathoibríoch ábhartha ar uasteorainneacha;
92. á chur i bhfios go láidir go gcuireann an ceanglas aontoilíochta chun Rialachán CAI a ghlacadh bac ar na cinntí is gá a dhéanamh sa phróiseas athbhreithniúcháin; á iarraidh ar an gCoimisiún tógáil ar obair na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa ar an mbuiséad; á mheas, i gcomhréir le tograí na Comhdhála, gur cheart feidhm a bheith ag an ngnáthnós imeachta reachtach maidir le glacadh Rialachán CAI agus maidir leis an gCinneadh maidir le hAcmhainní Dílse ionas go bhfaighidh an Pharlaimint na sainchumais bhuiséadacha iomlána atá ag na parlaimintí náisiúnta; á chreidiúint, thairis sin, gur cheart go mbeadh dearadh CAI ina phróiseas ón mbun aníos bunaithe ar rannpháirtíocht fhorleathan na ngeallsealbhóirí;
93. á mheabhrú go gceadaítear leis an gclásal passerelle a leagtar amach in Airteagal 312(2) CFAE Rialachán CAI a ghlacadh trí thromlach cáilithe agus á iarraidh ar an gComhairle Eorpach é a ghníomhachtú chun dlús a chur leis an gcinnteoireacht;
o o o
94. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
Togra an 19 Iúil 2022 le haghaidh rialachán maidir le bunú an Ghnímh um thionscal cosanta na hEorpa a Atreisiú trí Sholáthar comhoibríoch (COM(2022)0349).