Innéacs 
Téacsanna atá glactha
Déardaoin, 19 Bealtaine 2022 - Brussels
Léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme maidir le táirgí ón Úcráin faoin gComhaontú Comhlachais idir AE agus an Úcráin***I
 Fianaise a bhailiú, a chaomhnú agus a anailísiú ag Eurojust, ar fianaise í a bhaineann le cinedhíothú, le coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus le coireanna cogaidh ***I
 Rialachán (AE) 2016/1628: Leathnú na cumhachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh***I
 Tuarascáil bhliantúil cur chun feidhme maidir le comhaontú comhlachais AE le Poblacht na Moldóive
 Tuarascáil 2021 an Choimisiúin maidir leis an Smacht Reachta
 Tuarascáil 2021 maidir leis an Macadóin Thuaidh
 Tuarascáil 2021 maidir leis an Albáin
 Ionchúiseamh an fhreasúra agus coinneáil ceannairí ceardchumann sa Bhealarúis
 Íosleibhéal cánachais do ghrúpaí ilnáisiúnta *
 Limistéar Eorpach Oideachais a bhunú faoi 2025 - micridhintiúir, cuntais foghlama aonair agus foghlaim maidir le comhshaol inbhuanaithe
 An comhrac i gcoinne saoirse ó phionós i gcás coireanna cogaidh san Úcráin
 Na hiarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha atá ag cogadh na Rúise san Úcráin ar an Aontas Eorpach – cumas gníomhaíochta an Aontais a threisiú

Léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme maidir le táirgí ón Úcráin faoin gComhaontú Comhlachais idir AE agus an Úcráin***I
PDF 114kWORD 44k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine 2022 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (COM(2022)0195 – C9-0159/2022 – 2022/0138(COD))
P9_TA(2022)0208A9-0146/2022

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0195),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 207(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a chuir an Coimisiún an togra faoi bhráid na Parlaiminte (C9-0159/2022),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dár dáta an 13 Bealtaine 2022 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A9‑0146/2022),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 19 Bealtaine 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile

P9_TC1-COD(2022)0138


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/870.)


Fianaise a bhailiú, a chaomhnú agus a anailísiú ag Eurojust, ar fianaise í a bhaineann le cinedhíothú, le coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus le coireanna cogaidh ***I
PDF 130kWORD 43k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine 2022 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le fianaise a bhailiú, a chaomhnú agus a anailísiú in Eurojust ar fianaise í a bhaineann le cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus le coireanna cogaidh (COM(2022)0187 – C9-0155/2022 – 2022/0130(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0187),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 85 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra don Pharlaimint (C9-0155/2022),

—  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 18 Bealtaine 2022 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Rialacha 59 agus 163 dá Rialacha Nós Imeachta,

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 19 Bealtaine 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1727 a mhéid a bhaineann le fianaise a chaomhnú, a anailísiú agus a stóráil ag Eurojust, ar fianaise í a bhaineann le cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna, coireanna cogaidh agus cionta coiriúla gaolmhara

P9_TC1-COD(2022)0130


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/838.)


Rialachán (AE) 2016/1628: Leathnú na cumhachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh***I
PDF 129kWORD 43k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine 2022 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1628 a mhéid a bhaineann le leathnú chumhacht an Choimisiúin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh (COM(2022)0113 – C9-0119/2022 – 2022/0080(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0113),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra don Pharlaimint (C9-0119/2022),

—  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 18 Bealtaine 2022(1),

–  ag féachaint don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 11 Bealtaine 2022 chun seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Rialacha 59 agus 163 dá Rialacha Nós Imeachta,

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 19 Bealtaine 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1628 a mhéid a bhaineann le leathnú chumhacht an Choimisiúin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh

P9_TC1-COD(2022)0080


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/992.)

(1)Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.


Tuarascáil bhliantúil cur chun feidhme maidir le comhaontú comhlachais AE le Poblacht na Moldóive
PDF 200kWORD 75k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine 2022 maidir le cur chun feidhme Chomhaontú Comhlachais AE le Poblacht na Moldóive (2021/2237(INI))
P9_TA(2022)0211A9-0143/2022

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagal 8 agus do Theideal V, go háirithe Airteagail 21, 22, 36 agus 37, den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), agus do Chuid a Cúig den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

–  ag féachaint don Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach d’Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Moldóive (dá ngairtear ‘an Mholdóiv’ anseo feasta), den pháirt eile (CC), lena n-áirítear Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála (DCFTA) agus a tháinig i bhfeidhm go hiomlán an 1 Iúil 2016,

–  ag féachaint do bhunú córais gan víosa do shaoránaigh na Moldóive i mí an Mhárta 2014, mar thoradh ar na leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle(1) a rinne Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle,

–  ag féachaint dá moladh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir le Comhpháirtíocht an Oirthir, roimh chruinniú mullaigh mhí an Mheitheamh 2020,

–  ag féachaint don doiciméad inmheánach oibre comhpháirteach ón gCoimisiún agus ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí i ndáil leis an Tuarascáil ar Chur Chun Feidhme an Chomhlachais maidir le Poblacht na Moldóive an 13 Deireadh Fómhair 2021 (SWD(2021)0295),

–  ag féachaint don toradh ar an séú cruinniú de chuid na Comhairle Comhlachais idir AE agus an Mholdóiv an 28 Deireadh Fómhair 2021,

–  ag féachaint do na Dearbhuithe Comhpháirteacha ó Chruinnithe Mullaigh Chomhpháirtíocht an Oirthir, arbh é an ceann is déanaí díobh ceann an 15 Nollaig 2021 sa Bhruiséil,

–  ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre comhpháirteach ón gCoimisiún agus SEGS an 2 Iúil 2021 dar teideal ‘Téarnamh, athléimneacht agus athchóiriú: tosaíochtaí Chomhpháirtíocht an Oirthir’ (SWD(2021)0186),

–  ag féachaint don Mheabhrán Tuisceana idir Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Seoirsia, an Aireacht Gnóthaí Eachtracha agus Lánpháirtíocht Eorpach Phoblacht na Moldóive agus Aireacht Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine maidir le Comhar Feabhsaithe i ndáil le Lánpháirtiú na hEorpa a bhunú - an ‘Comhlachas’, a síníodh an 17 Bealtaine 2021,

–  ag féachaint don Dearbhú Comhpháirteach a d’eisigh na Ceannairí Stáit/Rialtas Comhlachais - an tSeoirsia, Poblacht na Moldóive agus an Úcráin tar éis 6ú Cruinniú Mullaigh de Chomhpháirtíocht an Oirthir an 15 Nollaig 2021,

–  ag féachaint d’iarratas na Moldóive ar bhallraíocht san Aontas Eorpach, a cuireadh isteach an 3 Márta 2022,

–  ag féachaint don litir ó Phríomh-Aire na Moldóive chuig Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, a fuarthas an 16 Márta 2022, inar iarradh cúnamh macrairgeadais don Mholdóiv a mhéadú,

–  ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Gnóthaí Eachtracha maidir le Poblacht na Moldóive an 26 Feabhra 2018,

–  ag féachaint don rún ó Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa an 26 Eanáir 2021 dar teideal ‘Caithfidh Breithiúna sa Pholainn agus i bPoblacht na Moldóive fanacht neamhspleách’(2),

–  ag féachaint do thuairimí agus do na moltaí ón Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip an Oifige um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine ESCE/ODIHR) agus ó Choimisiún na Veinéise de chuid Chomhairle na hEorpa, go háirithe an 15 Márta 2018 maidir le hathchóiriú toghcháin sa Mholdóiv, an 24 Meitheamh 2019, maidir leis an staid bhunreachtúil agus tagairt ar leith á déanamh don fhéidearthacht parlaimint a dhíscaoileadh, an 14 Deireadh Fómhair 2019 maidir leis an dréacht-dlí i ndáil le hathchóiriú na Cúirte Uachtaraí Breithiúnais agus Oifig an Ionchúisitheora, agus an 13 Nollaig 2021 maidir leis na leasuithe arna ndéanamh ar an 24 Lúnasa 2021 ar an dlí maidir leis an tseirbhís ionchúisimh phoiblí

–  ag féachaint don anailís dhlíthiúil ar an Dlí maidir leis an Leasú ar Chód Sheirbhísí na Meán Closamhairc i bPoblacht na Moldóive, a thíolaic Ionadaí ESCE maidir le Saoirse na Meán an 14 Eanáir 2022,

–  ag féachaint don toradh a bhí ar 12ú Idirphlé AE agus an Mholdóiv maidir le Cearta an Duine a tionóladh an 13 Meán Fómhair 2021 trí fhíschomhdháil,

–  ag féachaint do mholtaí agus do ghníomhaíochtaí Choiste Parlaiminteach Comhlachais idir AE agus an Mholdóiv, Thionól Parlaiminteach Euronest, Fhóram Sochaí Sibhialta Chomhpháirtíocht an Oirthir, Ardán Sochaí Sibhialta AE-na Moldóive agus ionadaithe eile ón tsochaí shibhialta sa Mholdóiv,

–  ag féachaint don Straitéis Náisiúnta Forbraíochta Réigiúnaí (SNDR) do 2022-2028 a ghlac Rialtas na Moldóive,

–  ag féachaint do Phlean Gníomhaíochta nua an Rialtais do 2020-2023,

–  ag féachaint do na conclúidí ó mhisean breathnóireachta toghcháin Pharlaimint na hEorpa chuig na luaththoghcháin pharlaiminteacha an 11 Iúil 2021 arna lánpháirtiú sa mhisean idirnáisiúnta breathnóireachta toghchán faoi stiúir ESCE/ODIHR,

–  ag féachaint do ráiteas ón Ardionadaí Josep Borrell agus ón gCoimisinéir Olivér Várhelyi maidir leis na toghcháin pharlaiminteacha, a eisíodh an 12 Iúil 2021,

–  ag féachaint dá rúin roimhe seo maidir leis an Moldóiv, go háirithe an rún roimhe seo maidir le cur chun feidhme Chomhaontú Comhlachais idir AE agus an Mholdóiv an 20 Deireadh Fómhair 2020(3), dóibh siúd an 5 Iúil 2018 maidir leis an ngéarchéim pholaitiúil sa Mholdóiv tar éis neamhbhailíochtú na toghchán méarachta in Chișinău(4), an 4 Iúil 2017 maidir le cúnamh macra-airgeadais a chur ar fáil do Phoblacht na Moldóive(5), agus an 21 Eanáir 2016 maidir le Comhaontuithe Comhlachais/Limistéir Dhoimhne Chuimsitheacha Shaorthrádála leis an tSeoirsia, leis an Moldóiv agus leis an Úcráin(6),

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta, agus d’Airteagal 1(1)(e) den chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 12 Nollaig 2002 maidir leis an nós imeachta i gcomhair údarú a dheonú chun tuarascálacha féintionscnaimh a tharraingt suas agus d’Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gcinneadh sin,

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0143/2022),

A.  de bhrí gur fhág cogadh gan chúis, gan údar agus mídhleathach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, a thosaigh an 24 Feabhra 2022, go ndearnadh difear díréireach don Mholdóiv mar stát comharsanachta, a fuair breis agus 360 000 dídeanaí ón Úcráin laistigh de choicís, agus ar fhan breis agus 100 000 díobh sin sa tír, rud a fhágann go bhfuil brú ollmhór ar acmhainní na tíre;

B.  de bhrí go bhfuil imní ann faoi oibríochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann faoi bhratach bhréagach sa Mholdóiv ó thús chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine;

C.  de bhrí gur luaigh an Maor-Ghinearál Rustam Minnekayev, leascheannasaí cheantar míleata láir na Rúise, an 22 Aibreán 2022, go bhfuil sé ar cheann de spriocanna ionradh leanúnach na Rúise ar an Úcráin conair talún a chruthú go réigiún na Tras-dnístria; de bhrí gur mhaígh an Maor-Ghinearál Minnekayev go bréagach freisin gur tugadh gníomhartha faoi deara sa Tras-dnístria maidir le cos ar bolg a bheith á déanamh ar phobal labhartha na Rúisise;

D.  de bhrí gur tugadh aitheantas, ag cruinniú mullaigh Chomhpháirtíocht an Oirthir, do thoilmhianta Eorpacha agus do rogha Eorpach na gcomhpháirtithe lena mbaineann agus gur spreagadh cur chun feidhme iomlán na gComhaontuithe Comhlachais agus a gComhaontuithe Doimhne Cuimsitheacha Saorthrádála;

E.  de bhrí, tar éis tréimhse d’éagobhsaíocht pholaitiúil agus de chúlú daonlathach, gur bhuaigh Maia Sandu toghchán na huachtaránachta le 57,75 % den vótáil an 15 Samhain 2020 agus go bhfuair an Páirtí Gníomhaíochta agus Dlúthpháirtíochta (PAS) 52,8 % den vótáil agus gur bhain sé 63 cinn as measc na 101 shuíochán i bParlaimint na Moldóive sna luath-thoghcháin pharlaiminteacha an 11 Iúil 2021, lena léirítear tiomantas láidir mhuintir na Moldóive don daonlathas, don smacht reachta agus do thodhchaí Eorpach a dtíre agus lena dtugtar sainordú láidir do PAS ar son clár uaillmhianach athchóirithe;

F.  de bhrí go bhfuil an Comhaontú Comhlachais agus an Comhaontú Domhain Cuimsitheach Saorthrádála bunaithe ar na comhluachanna ar a bhfuil AE tógtha, eadhon an daonlathas, urraim do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha, agus an smacht reachta, agus go bhfuil na luachanna sin i gcroílár an chomhlachais pholaitiúil agus an chomhtháthaithe eacnamaíoch mar a bheartaítear sa Chomhaontú Comhlachais agus sa Chomhaontú Domhain Cuimsitheach Saorthrádála;

G.  de bhrí, de réir pobalbhreitheanna le déanaí, go dtacaíonn 71,6 % de shaoránaigh na Moldóive leis an gcuspóir maidir le lánpháirtiú a dtíre féin san Eoraip;

H.  de bhrí gur thug rannpháirtithe an 11ú cruinniú de Choiste Parlaiminteach Comhlachais idir AE agus an Mholdóiv (PAC) a tionóladh an 6 agus an 7 Aibreán 2022 aird ar dhiongbháilteacht Uachtarán, Rialtas agus thromlach parlaiminteach na Moldóive an Clár Oibre Comhlachais idir AE agus an Mholdóiv a chur chun feidhme go críochnúil, agus ar an gcaoi sin cur go nithiúil le saol shaoránaigh na Moldóive;

I.  de bhrí go dtugann na torthaí nithiúla a bhí ar an séú Comhairle Comhlachais idir AE agus an Mholdóiv a tionóladh an 28 Deireadh Fómhair 2021 spreagadh nua do chomhar níos dlúithe agus níos fearr i réimsí tábhachtacha;

J.  de bhrí gur moladh an Plean Téarnaimh Eacnamaíoch don Mholdóiv mar chuid den chlár oibre athnuaite le haghaidh téarnaimh, athléimneachta agus athchóirithe do thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir, agus Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do théarnamh socheacnamaíoch agus athléimneacht fhadtéarmach i ndiaidh COVID-19 mar bhonn taca leis, faoin mana ‘atógáil chun feabhais’; de bhrí go bhfuil sé i gceist le tionscnaimh shuaitheanta an Phlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta don Mholdóiv infheistíochtaí a dhéanamh san éifeachtúlacht fuinnimh, sa bhonneagar agus sa nascacht, ach ní san aistriú chuig fuinneamh glan;

K.  de bhrí gur tugadh clár éigeandála reatha COVID-19 AE um Chúnamh Macra-airgeadais don Mholdóiv chun críche, agus an chéad tráinse de EUR 50 milliún eisíoctha i mí na Samhna 2020 agus an dara tráthchuid EUR 50 milliún eisíoctha an 7 Deireadh Fómhair 2021, tar éis dul chun cinn suntasach a bheith déanta i gcomhlíonadh choinníollacha beartais an Mheabhráin Tuisceana;

L.  de bhrí go bhfuil an Mholdóiv sa 105ú háit as 180 tír san Innéacs um Braistint Éillithe 2021 (suas ón 115ú háit in 2020) agus, in ainneoin na n-athruithe sa rialtas, gur cúis mhór bhuartha an easpa feabhsuithe suntasacha sa chomhrac i gcoinne an éillithe, ós rud é, le blianta anuas, go bhfuil tionchar tromchúiseach ag an éilliú ar ghaireas an stáit, gur chuir sé bac ar an bhfás agus athchóiriú eacnamaíoch, agus gur bhain sé an bonn den daonlathas;

M.  de bhrí gur gá don rialtas nua fós dul i ngleic leis na heasnaimh chriticiúla in earnáil an cheartais agus sa smacht reachta a chuireann bac ar rialachas daonlathach sa Mholdóiv i gcónaí;

N.  de bhrí go bhfuil an Mholdóiv sa 89ú háit as 180 tír san Innéacs Domhanda de Shaoirse an Phreasa 2021 (suas dhá áit i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin) agus go bhfuil imní fós ann maidir le comhchruinniú úinéireacht na meán, monaplacht an mhargaidh fógraíochta, an easpa neamhspleáchas eagarthóireachta, agus an smacht atá ag grúpaí eacnamaíocha agus polaitiúla ar institiúidí na meán;

O.  de bhrí go leanann eagraíochtaí na sochaí sibhialta de níos mó trédhearcachta a éileamh sa chinnteoireacht sa Pharlaimint agus in údaráis phoiblí eile, ag athdhearbhú a dtograí a cuireadh isteach in 2016 agus in 2017 maidir leis an gcreat reachtach maidir le rochtain ar fhaisnéis;

P.  de bhrí go bhfuil comhar idir na húdaráis phoiblí agus an tsochaí shibhialta fós fánach agus nach bhfuil sé institiúidithe den chuid is mó;

Q.  de bhrí gur shainaithin an Coimisiún, ina thuarascáil cur chun feidhme is déanaí, príomhfhadhbanna maidir leis an gceart chun rochtain a fháil ar chúram sláinte agus ar fhaisnéis ar mhaithe le leas an phobail, an ceart chun obair a dhéanamh, an ceart chun saol cuibhiúil, saoirse gluaiseachta agus saoirse cainte;

R.  de bhrí go bhfuil neamhionannas inscne i gcónaí roimh mhná agus go bhfuil a rannpháirtíocht sa chinnteoireacht teoranta de bharr steiréitíopaí agus noirm inscne;

S.  de bhrí nach gcuireann an creat dlíthiúil toirmeasc a thuilleadh ar rochtain ar ghairmeacha áirithe, ach fós féin go bhfuil a chur chun feidhme mall fós agus go bhfuil bacainní de facto roimh mhná fós, amhail easpa rochtana ar sheirbhísí cúraim inacmhainne;

T.  de bhrí go bhfuil an fhuathchaint ina hábhar imní i gcónaí agus gur ar mhná agus ar dhaoine LADTI a bhíonn sí dírithe den chuid is mó;

U.  de bhrí, ina thuarascáil cur chun feidhme, go dtarraingíonn an Coimisiún aird ar shaincheisteanna tromchúiseacha amhail básmhaireacht naíonán, saothar leanaí, lena n-áirítear naisc le gáinneáil agus teacht i dtír gnéasach, cás ar leith leanaí Romacha agus na leanaí a bhfágann a dtuismitheoirí ina ndiaidh iad, an líon marbhánta naíonán agus leanaí faoi mhíchumas i saoráidí cúraim institiúidigh, agus cáilíocht neamhleor seirbhísí sóisialta tacú le teaghlaigh i gcásanna leochaileacha;

V.  de bhrí go ndéanann an Mholdóiv tuairim is 80 % dá fuinneamh a allmhairiú, agus nach gcuimsíonn fuinneamh gaoithe, grianfhuinneamh agus hidrea-fhuinneamh ar mionscála ach thart ar 1 % de mheascán fuinnimh na Moldóive;

W.  de bhrí gurb í an bhithmhais an t-aon fhoinse shuntasach fuinnimh intíre atá ag an Moldóiv, lena gcuirtear 19 % den soláthar iomlán fuinnimh ar fáil;

X.  de bhrí, faoi Chomhaontú Pháras, go bhfuil gealltanas tugtha ag an Moldóiv astaíochtaí a laghdú 70 % in 2030 i gcomparáid le 1990;

Luachanna coiteanna agus prionsabail ghinearálta

1.  á chur in iúl gur geal léi na torthaí stairiúla a bhí ar an toghchán uachtaránachta in 2020 agus ar na toghcháin pharlaiminteacha in 2021, inar vótáil tromlach mór na Moldóive ar son fórsaí polaitiúla atá ar son an athchóirithe agus ar son na hEorpa, atá lánfhreagrach anois as an stát; ag moladh d’institiúidí an Aontais agus do cheannaireacht pholaitiúil na Moldóive an deis uathúil seo a thapú chun oibriú le chéile ar mhaithe le hathchóirithe fadtéarmacha a chur chun feidhme agus lánpháirtiú na Moldóive san Eoraip a chur ar aghaidh bunaithe ar chomhluachanna an daonlathais, ar urraim do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha, agus ar an smacht reachta;

2.  á chur in iúl gur geal léi gur thíolaic an Mholdóiv a hiarratas ar bhallraíocht san Aontas an 3 Márta 2022, lenar deimhníodh an chonair Eorpach a roghnaigh sí; ag tabhairt dá haire go leagtar béim, leis an gcéim sin, ar an ngá atá le hidirphlé polaitiúil ardleibhéil treisithe le húdaráis na Moldóive chun dul chun cinn nithiúil, inbhuanaithe a bhaint amach maidir le cur chun feidhme na bpríomh-athchóirithe; á iarraidh ar institiúidí AE stádas iarrthóra ar bhallraíocht AE a dheonú don Mholdóiv, mar aon leis an Úcráin agus an tSeoirsia, i gcomhréir le hAirteagal 49 CAE agus ar bhonn fiúntais, agus, idir an dá linn, leanúint de bheith ag obair chun í a lánpháirtiú i margadh aonair AE; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS a rannpháirtíocht lena gcontrapháirtithe ón Moldóiv a mhéadú tuilleadh agus an tacaíocht pholaitiúil, theicniúil agus airgeadais a thugann siad don Mholdóiv a uasmhéadú le linn na tréimhse ríthábhachtaí seo d’fhonn dlús breise a chur le dul chun cinn agus d’fhonn acmhainneacht ionsúcháin leormhaith a áirithiú do chúnamh AE; á chur i bhfáth gur gá féachaint ar bhealaí chun acmhainneacht institiúidí poiblí na Moldóive a chomhdhlúthú agus a fheabhsú i ndáil leis sin, lena n-áirítear comhthionscadal idir AE agus an Mholdóiv chun institiúid ardoideachais a bhunú ar mhaithe le hoiliúint acmhainní daonna do riarachán poiblí na Moldóive, lena n-áiritheofar a oiread trédhearcachta agus is féidir maidir leis an nós imeachta roghnúcháin agus ceapacháin agus lena gcuirfear cúnamh AE ar fáil do na breisithe is gá i dtuarastail na seirbhíseach sibhialta i rialtas na Moldóive atá ag obair i bpríomhréimsí athchóirithe lánpháirtíochta na hEorpa;

3.  á thabhairt chun suntais gur cheart don Aontas Eorpach a bheith níos straitéisí agus tacaíocht á tabhairt aige agus á iarraidh go mbunófaí, ar leibhéal an Choimisiúin, Grúpa Tacaíochta do Phoblacht na Moldóive a bheidh bunaithe ar shamhail an Ghrúpa Tacaíochta don Úcráin (SGUA), mar a bheartaítear i sainordú bunaidh SGUA; á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh grúpa den sórt sin ról ríthábhachtach a imirt maidir le sruthlíniú níos fearr a dhéanamh ar thacaíocht airgeadais agus theicniúil an AE, cúnamh ilghnéitheach a chur ar fáil d’údaráis na Moldóive chun athchóirithe a chur chun cinn i bpríomhréimsí an cheartais, an chomhraic in aghaidh an éillithe agus an riaracháin phoiblí, na Pleananna Infheistíochta Seachtraí do thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir agus an Plean Téarnaimh Eacnamaíoch don Mholdóiv a chur chun feidhme, chomh maith le cuidiú leis an Moldóiv ullmhú do chaibidlíocht aontachais amach anseo;

4.  á iarraidh ar an gCoimisiún cabhrú leis an Moldóiv straitéis réamhaontachais inchreidte a ullmhú maidir le ballraíocht AE; á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún tuarascálacha cuimsitheacha bliantúla rialta a ghlacadh ina ndéanfar measúnú ar chur chun feidhme na n-athchóirithe ar bhonn tagarmharcanna soiléire agus úsáid á baint as an modheolaíocht chéanna a cuireadh i bhfeidhm i gcás thíortha na mBalcán Thiar;

5.  á chur i bhfáth gur osclaíodh caibidil nua maidir le lánpháirtiú na hÚcráine, na Moldóive agus na Seoirsia san Eoraip lena n-iarratais ar bhallraíocht AE, agus gur cheart go mbeadh iarrachtaí atreisithe chun na Comhaontuithe Comhlachais agus na Comhaontuithe Doimhne Cuimsitheacha Saorthrádála ábhartha a chur chun feidhme mar aon le cur chuige AE níos straitéisí maidir le tacú leis na tíortha sin a bheith ina saintréith den chaibidil sin;

6.  á chur in iúl gur geal léi na torthaí a bhí ar an séú cruinniú mullaigh de chuid Chomhpháirtíocht an Oirthir a tionóladh an 15 Nollaig 2021, inar athdhearbhaíodh an méid suntasach comhair atá bainte amach san fhormáid sin agus inar leagadh amach cúrsa uaillmhianach don chomhar amach anseo bunaithe ar luachanna comhroinnte agus lena ndírítear ar théarnamh, ar athléimneacht agus ar athchóiriú;

7.  á chur in iúl gur geal léi gur tugadh aitheantas sa chruinniú mullaigh don tionscnamh ón Moldóiv, ón tSeoirsia agus ón Úcráin feabhas a chur ar a gcomhar mar thrí chomhpháirtí comhlachaithe an Aontais agus ar a n-ardmhianta Eorpacha agus a rogha Eorpach; ag spreagadh na dtrí thír chun oibriú le chéile chun a sprioc shonraithe maidir le ballraíocht AE a bhaint amach tríd an gclár oibre don athchóiriú a chur chun cinn tuilleadh agus trí dhea-chleachtais maidir le dea-rialachas agus cur chun feidhme Comhaontuithe Comhlachais agus Comhaontuithe Doimhne Cuimsitheacha Saorthrádála a mhalartú mar bhonn d’aontachas le AE amach anseo, bunaithe ar fhiúntas; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar iarratas na Moldóive ar aontachas le AE agus, idir an dá linn, freagairt do leas na dtíortha comhlachaithe tríd an gcomhar earnála le AE a dhoimhniú i réimsí leasa choitinn, agus prionsabal na cuimsitheachta á choinneáil ag an am céanna;

8.  á chur in iúl gur geal léi rannchuidiú cuiditheach na Moldóive leis an gcomhar laistigh de Chomhpháirtíocht an Oirthir, go háirithe faoi chuimsiú na dtíortha comhlachaithe, agus á chur in iúl go bhfuil súil aici go ndéanfar cinntí agus gníomhaíochtaí nithiúla as na ráitis maidir le clár oibre uaillmhianach agus comhtháthú earnálach na tíre san iompar, san fhuinneamh agus i réimsí eile, ó thaobh údaráis na Moldóive agus an Aontais araon;

9.  á iarraidh ar institiúidí AE, anailís a dhéanamh ar an bhféidearthacht an Mholdóiv a chur san áireamh mar bhreathnóir in imeachtaí na gcoistí a bunaíodh de bhun Airteagal 291 CFAE agus Rialachán (AE) Uimh. 182/2011(7), agus i gcruinnithe mheithleacha agus choistí na Comhairle, chun gealltanas AE a léiriú maidir le tuilleadh comhtháthaithe agus chun treoshuíomh athchóirithe agus saineolas riaracháin na dtíortha a neartú;

10.  ag aithint go bhfuil tionchar díréireach ag an gcogadh san Úcráin ar gheilleagar na Moldóive de bharr deiseanna allmhairithe agus onnmhairithe a bheith caillte, costais iompair níos airde, praghsanna fuinnimh a bheith ag méadú go tapa agus gur gá déileáil le cás criticiúil daonnúil mar gheall ar an líon mór dídeanaithe atá ag teacht ón Úcráin; ag moladh mhuintir agus institiúidí stáit na Moldóive as na héachtaí atá déanta acu agus iad ag déileáil leis an líon ard dídeanaithe ón Úcráin atá ag teacht isteach sa tír, rud a fhágann gurb í an Mholdóiv an tír ina bhfuil an líon is airde dídeanaithe ón Úcráin per capita; á chur i bhfáth go gciallaíonn sé sin go bhfuil méadú as cuimse tagtha ar riachtanais na Moldóive ó thaobh tacaíocht eacnamaíoch de, lena n-áirítear cúnamh macrairgeadais; á iarraidh ar AE agus ar chomhpháirtithe idirnáisiúnta eile na Moldóive athbhreithniú a dhéanamh go práinneach ar a gcuid beartas dá réir agus cur leis an tacaíocht a thugann siad don tír chun a staid shocheacnamaíoch a chobhsú agus a áirithiú go leanfar dá forbairt;

11.  á chur in iúl gur geal léi gníomhaíocht chinntitheach an Aontais agus na mBallstát mar ‘Fhoireann na hEorpa ’ maidir le tionchar socheacnamaíoch phaindéim COVID-19 a mhaolú trí dheonú vacsaíní agus tacaíocht airgeadais; á iarraidh ar SEGS cabhrú le húdaráis na Moldóive, trí Thascfhórsa Cumarsáide Straitéisí an Oirthir agus trí Thoscaireacht an Aontais Eorpaigh chuig Poblacht na Moldóive, mífhaisnéis faoi vacsaíní in aghaidh COVID-19 a chomhrac agus idirphlé sóisialta a chothú d’fhonn an sprioc go ndéanfaí 70 % den daonra ar a laghad a vacsaíniú a bhaint amach;

12.  á chur i bhfáth gur príomhghné de théarnamh na Moldóive é an Plean Téarnaimh Eacnamaíoch do Phoblacht na Moldóive, ar fiú suas le EUR 600 milliún é, ina gcuirtear deis ar leith ar fáil chun dlús a chur le hathchóirithe struchtúracha, an geilleagar a athstruchtúrú, an bhochtaineacht agus an neamhionannas sóisialta a chomhrac, borradh a chur faoin gclaochlú glas agus digiteach agus an tír a ullmhú do dhúshláin eile amach anseo; á chur in iúl gur geal léi gur íocadh an chéad chuid de dheontas EUR 36,4 milliún leis an Moldóiv, mar chuid den Phacáiste Téarnaimh Eacnamaíoch, chun leanúint den tacaíocht d’athchóiriú na bpóilíní agus do chomhrac na tíre i gcoinne COVID-19;

13.  á chur in iúl gur geal léi clár nua athchóirithe eacnamaíoch na Moldóive, a d’fhormheas an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta i mí na Nollag 2021, lena réitítear an bealach don togra nua ón gCoimisiún le haghaidh pacáiste cúnaimh macrairgeadais don Mholdóiv ar fiú suas le EUR 150 milliún é; á chur in iúl gur geal léi gur ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an pacáiste cúnaimh macrairgeadais go pras; á chur i bhfios go láidir a ríthábhachtaí atá na coinníollacha dochta a bhaineann go príomha le hathchóirithe daonlathacha seachas le tosca eacnamaíocha, rud atá amhlaidh freisin maidir leis an gcistiú eile ar fad a thugann AE dá chomhpháirtithe; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh cúnamh teicniúil ar fáil d’údaráis na Moldóive chun na hathchóirithe a comhaontaíodh i gcomhthéacs an chúnaimh macrairgeadais a chur chun feidhme go leordhóthanach;

Athchóirithe agus creat institiúideach

14.  á chur in iúl gur geal léi clár oibre uaillmhianach rialtas Natalia Gavriliţa, clár nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, agus an dul chun cinn tosaigh atá déanta cheana féin maidir lena chur chun feidhme, go háirithe i dtaca leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe, an méadú atá ag teacht ar an trédhearcacht sa rialachas poiblí, dul chun cinn na n-athchóirithe i réimse an smachta reachta agus an digitithe, caighdeán maireachtála na ndaoine is leochailí sa tsochaí a fheabhsú agus timpeallacht ghnó na tíre a fheabhsú; á athdhearbhú gur príomhchoinníoll é go ndéanfaí dul chun cinn leordhóthanach maidir le hathchóirithe a comhaontaíodh chun go leanfaidh an tAontas de thacaíocht airgeadais a thabhairt agus chun go gcuirfear i bhfeidhm an prionsabal ‘tuilleann breis tuilleadh’;

15.  ag moladh go láidir do Rialtas na Moldóive leanúint dá chuid oibre chun an tír a chur i gcomhréir leis an Aontas Eorpach go buan; ag tathant ar na húdaráis agus ar lucht an fhreasúra oibriú le chéile ar bhealach cuiditheach chun a dtír a athrú ina stát atá ag dea-fheidhmiú agus a bheidh in ann deiseanna a chur ar fáil dá cuid saoránach agus feabhsuithe a chothú i ngach réimse a bhfuil sé freagrach as, mar go mbeidh dea-thionchar aige sin ar an gcaighdeán maireachtála sa Mholdóiv agus go gcuirfidh sé ina luí ar mhuintir na Moldóive atá ina gcónaí thar lear filleadh ar a dtír dhúchais;

16.  á chur i bhfáth go bhfuil muintir na Moldóive ag dréim le go leor agus gur gá é sin a chomhlíonadh trí fheabhas nithiúil a chur ar a gcuid gairmeacha beatha, an mhuinín atá acu as institiúidí stáit a athbhunú, agus an t-éilliú agus na struchtúir olagarcacha a chomhrac;

17.  ag tabhairt dá haire, cé go ndearnadh dea-bhainistiú ar thoghchán na huachtaránachta agus ar an toghchán parlaiminte luath agus go raibh siad iomaíoch, go raibh an feachtas toghcháin conspóideach agus gur cuireadh i gcrích é ar bhealach diúltach, feachtas ina raibh caint éadulangach agus ionsaithe pearsanta; á chur i bhfios go láidir nach mór aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh atá fós ann trí na moltaí ó Choimisiún na Veinéise i gComhairle na hEorpa agus ón Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE)/an Oifig um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine (ODIHR) a chur chun feidhme, lena n-áirítear feabhas a chur ar an gcreat dlíthiúil toghcháin i gcomhréir le gealltanais ESCE agus caighdeáin idirnáisiúnta eile, imscrúdú a dhéanamh go pras agus go críochnúil ar líomhaintí iontaofa maidir le ceannach vótaí agus dreasachtaí neamhdhleathacha do vótálaithe, dul i ngleic le mí-úsáid acmhainní stáit, feabhas a chur ar an trédhearcacht agus an chuntasacht a bhaineann le maoiniú feachtas, na forálacha atá ann cheana de Chód Sheirbhísí na Meán Closamhairc maidir le clúdach neamhchlaonta le linn feachtas a fhorfheidhmiú ar bhealach níos déine, agus ráthaíochtaí níos fearr a sholáthar i ndáil le saoirse na gcúirteanna chun a áirithiú go gcosnófar iad ar bhrú polaitiúil agus go mbeidh siad go hiomlán neamhchlaonta agus iad ag déileáil le cásanna a bhaineann le toghcháin; ag tathant ar Rialtas na Moldóive gach beart is gá a dhéanamh chun a áirithiú gur féidir le saoránaigh na Moldóive atá ina gcónaí lasmuigh den tír páirt a ghlacadh i dtoghcháin ar bhealach ionchuimsitheach, trédhearcach agus cothrom atá saor ó chur isteach eachtrach;

Slándáil fuinnimh agus teacht aniar

18.  á chur in iúl gur geal léi an cinneadh ón gCoimisiún EUR 60 milliún a chur ar fáil don Mholdóiv trí chlár nua tacaíochta buiséadaí chun dul i ngleic le géarchéim soláthair gáis a chruthaigh Gazprom go saorga agus chun tionchar an ardaithe ar phraghsanna ar na daoine is leochailí a mhaolú; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí na Polainne, na Rómáine agus na hÚcráine, i measc tíortha eile, soláthairtí malartacha gáis a sholáthar go pras; á chur i bhfios gurb é fuinneamh an acmhainn is tábhachtaí atá ag cláir bhuiséid, mhíleata agus shóisialta na Rúise, agus go n-úsáidtear Gazprom mar uirlis chun leasanna eacnamaíocha agus geopholaitiúla na Creimile a chur chun cinn thar lear; á chur in iúl gur geal léi, anuas ar an gcúnamh a thug AE cheana féin i gcomhthéacs na géarchéime fuinnimh, gur chuir Toscaireacht AE in Chișinău EUR 5 mhilliún ar fáil chun tacaíocht a thabhairt do na grúpaí leochaileacha is mó atá thíos leis an ardú ar phraghsanna fuinnimh; ag aithint, mar sin féin, go bhfuil gá le tacaíocht níos substaintiúla i bhfianaise ardú leanúnach na bpraghsanna fuinnimh;

19.  ag tabhairt dá haire go léiríonn cogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus an úsáid atá á baint ag an Rúis as acmhainní fuinnimh mar arm an tábhacht gheostraitéiseach atá le hathchóirithe a dhéanamh in earnáil an fhuinnimh, rud a chuirfeadh deireadh leis an spleáchas ar ghás na Rúise agus a chuirfeadh dlús le héagsúlú na soláthairtí agus na mbealaí fuinnimh, faoina ndéanfaí an athléimneacht fhadtéarmach a fhorbairt trí aistriú chuig foinsí fuinnimh in-athnuaite agus faoina ndéanfaí uasghrádú ar an mbonneagar atá ann cheana agus faoina gcruthófaí bonneagar nua mar aon le héifeachtúlacht fuinnimh a chothú, lena n-áirítear san earnáil ginte fuinnimh, san earnáil iompair agus in earnáil na dteaghlach, agus go gcuirfí feabhas ar an nascacht ar an gcaoi sin agus go ndéanfaí inbhuanaitheacht chomhshaoil a áirithiú san am céanna; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh an méid sin cuidiú le teacht aniar a chothú i gcás ina ndéanfadh tríú páirtithe iarracht fuinneamh a úsáid mar sheift gheopholaitiúil;

20.  á chur i bhfáth nach féidir glacadh leis go bhfuil an Rúis ag úsáid an tsoláthair gáis chun brú polaitiúil a chur ar Rialtas na Moldóive a chlaonadh geopholaitiúil a athrú agus gan seasamh le mianta dlisteanacha toghthóirí na Moldóive; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar SEGS an Mholdóiv a chur san áireamh i bpleananna AE a bheith neamhspleách ar sholáthar gáis na Rúise agus cur le tacaíocht airgeadais agus theicniúil AE don Mholdóiv, rud atá riachtanach chun a áirithiú go mbeidh sí seasmhach in aghaidh cur isteach eachtrach den chineál sin agus go laghdófar a spleáiche atá sí ar fhuinneamh na Rúise; á iarraidh ar AE dlúthpháirtíocht fuinnimh níos láidre a léiriú leis an Moldóiv, i gcomhréir leis an gComhaontú Comhlachais, trí na hidirnaisc ó thaobh an bhonneagair fuinnimh de idir AE agus na tíortha sa réigiún a mhéadú; ag cur béim ar an tábhacht atá leis na hinfheistíochtaí ar fad is gá a chur chun feidhme gan mhoill agus le bonneagar fuinnimh na hEorpa a chothabháil ionas gur féidir gás a tharchur ar scála leordhóthanach ó AE chuig tíortha comhpháirtíochta trí shaoráidí stórála agus idirnascairí Bhallstáit AE; á iarraidh ar údaráis na Moldóive, san fhadtéarma, seasamh le gealltanas na tíre mar bhall den Chomhphobal Fuinnimh go gcuirfidh sí an Tríú Pacáiste Fuinnimh de chuid an Aontais chun feidhme, go háirithe maidir le díchuachadh tharchur agus dháileadh an gháis agus an leictreachais;

21.  á chur i bhfios go láidir gur gá an cumas giniúna cumhachta a mhéadú sa Mholdóiv, atá ag brath 80 % faoi láthair ar leictreachas a ghintear i réigiún na Tras-dnístria; á chur in iúl gur geal léi go ndearnadh eangacha leictreachais na Moldóive agus na hÚcráine a shioncrónú go rathúil le hEangach Mhór-Roinn na hEorpa an 16 Márta 2022, rud a chuideoidh lena gcobhsaíocht agus lena slándáil soláthair a áirithiú; ag moladh Líonra Eorpach na nOibreoirí Córais Tharchurtha Leictreachais (ENTSO-E) as a chuid oibre chun an chloch mhíle sin a bhaint amach faoi chúinsí eisceachtúla; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de thacaíocht a thabhairt do lánpháirtiú na Moldóive agus na hÚcráine in eangach chumhachta mhór-roinn na hEorpa agus struchtúr tiomnaithe a bhunú go práinneach laistigh dá chóras riaracháin chun na críche sin; á chur in iúl gur geal léi na céimeanna a glacadh chun córas leictreachais na Moldóive a cheangal le córas leictreachais AE tríd an Rómáin; á iarraidh ar na húdaráis uile an cuspóir a chomhlíonadh maidir leis an Moldóiv a nascadh le greille chumhachta na Rómáine faoi 2024, le tacaíocht ó AE; á iarraidh ar an gCoimisiún an Mholdóiv a áireamh sna tástálacha struis a dhéantar ar mhaithe leis an margadh inmheánach fuinnimh; ag tabhairt dá haire go gcruthófar fás eacnamaíoch agus go neartófar seasmhacht fuinnimh an réigiúin trí thacú le comhar feabhsaithe AE leis na tíortha comhlachaithe i gComhpháirtíocht an Oirthir sna hearnálacha sin agus tríd an gcomhar sin a chur chun cinn;

22.  á chur in iúl gur geal léi gur seoladh an tIdirphlé Ardleibhéil i ndáil le Fuinneamh idir AE agus an Mholdóiv i gcomhthéacs na staide éigeandála in earnáil gáis na Moldóive; ag moladh don Choimisiún machnamh a dhéanamh ar idirphlé ardleibhéil den chineál céanna le AE a sheoladh chun comhar a neartú i réimsí eile, amhail an ceartas nó an aeráid/an Comhaontú Glas, rud a chuideodh leis na cuspóirí a bhaint amach laistigh den Chomhaontú Comhlachais nó den Chomhaontú Domhain Cuimsitheach Saorthrádála;

23.  á iarraidh ar an Moldóiv agus ar AE feabhas a chur ar nascacht na Moldóive in imchuach na Mara Duibhe agus i réigiún Shléibhte Cairp, obair a dhéanamh ar chodanna na Moldóive den Ghréasán Tras-Eorpach Iompair (TEN-T) do na tíortha i gComhpháirtíocht an Oirthir, tacú le hathchóirithe na hearnála iarnróid agus féidearthachtaí a fhiosrú, in éineacht leis na Ballstáit agus le hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais, chun na naisc iarnróid idir AE agus an Mholdóiv a uasghrádú agus inbhuanaitheacht chomhshaoil a áirithiú san am céanna; ag moladh don Mholdóiv dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an acquis ábhartha a chur chun feidhme, agus á iarraidh go mbeadh níos mó comhair ann agus go ndéanfaí an Mholdóiv a lánpháirtiú de réir a chéile i margadh iompair agus Comhphobal Iompair AE;

24.  á iarraidh ar AE ardán pleanála infheistíochta a chur ar fáil don Mholdóiv chun clár oibre nascachta bonneagair ar scála mór a chur chun feidhme, go háirithe trí acmhainn chomhtháthaithe na Moldóive a mhéadú agus tríd an gcúnamh teicniúil is gá a chur ar fáil, mar a rinneadh do thíortha na mBalcán Thiar faoi Chreat Infheistíochta na mBalcán Thiar (WBIF), is é sin ardán cúnaimh acmhainne arna riar ag an gCoimisiún;

25.  á chur in iúl gur geal léi an spéis atá ag an Moldóiv i dtaca leis an gcomhar leis an Aontas a chur chun cinn i réimse an digitithe agus na teileachumarsáide agus go dtacaíonn sí leis an méid sin; ag tathant ar AE agus ar an Moldóiv araon deireadh a chur le taraifí fánaíochta idir an Mholdóiv agus an tAontas Eorpach;

26.  á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí agus an dul chun cinn leanúnach atá déanta ag údaráis na Moldóive ó thaobh córas maoirseachta sábháilteachta na Moldóive a fheabhsú tuilleadh agus na caighdeáin idirnáisiúnta sábháilteachta eitlíochta a chur chun feidhme, rud a d’fhág gur baineadh na haeriompróirí uile atá deimhnithe sa Mholdóiv ó Liosta Aershábháilteachta AE, agus á iarraidh ar údaráis na Moldóive a áirithiú go ndéanfar an Comhaontú um an gComhlimistéar Eitlíochta idir AE agus an Mholdóiv a chur chun feidhme;

Comhar i réimse an chomhbheartais eachtraigh agus slándála (CBES) agus dul chun cinn maidir le coinbhleacht an Tras-dnístria a réiteach

27.  á chur in iúl gur geal léi an comhaontú idir an tAontas agus an Mholdóiv maidir le hIdirphlé Ardleibhéil Polaitiúil agus Slándála a sheoladh agus an rannpháirtíocht athnuaite maidir leis an tslándáil agus le CBSC trí chomhairliúcháin dhéthaobhacha idir foirne polaitiúla a chéile; ag spreagadh SEGS agus an Mholdóiv leas iomlán a bhaint as na hardáin sin chun comhar a thabhairt ar aghaidh maidir le hábhair amhail bagairtí hibrideacha a chomhrac, athléimneacht a fheabhsú, an chibearshlándáil a neartú agus bonneagar criticiúil a chosaint, agus an chumarsáid straitéiseach a fheabhsú, ach gan a bheith teoranta dóibh; á iarraidh ar an Moldóiv a seasaimh a ailíniú tuilleadh le seasaimh CBES agus leanúint de bheith ag rannchuidiú le CBSC agus lena mhisin, agus feabhas a chur ar an rannchuidiú sin; ag spreagadh an Aontais agus na Moldóive bealaí a shainaithint chun an comhar sin a leathnú, go háirithe i bhfianaise a luainí atá an staid slándála i gcomharsanacht an Oirthir;

28.  á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na forbairtí a tharla le déanaí ar chríoch réigiún na Tras-dnístria agus á gcáineadh mar ghníomhartha contúirteacha briogtha a rinneadh i staid slándála a bhí an-luaineach; á iarraidh go mbeadh suaimhneas ann chun slándáil agus folláine na ndaoine atá ina gcónaí ar an dá thaobh d’abhainn Nistru agus sna tíortha máguaird a chaomhnú; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, freagairt shuaimhneach agus shrianta na n-údarás in Chişinău;

29.  ag diúltú do ráiteas an 3 Márta 2022 ó na húdaráis i réigiún an Tras-dnístria sa Mholdóiv, ar réigiún é atá faoi fhorghabháil, agus á chur in iúl gur cúis bhuartha di an ráiteas sin, inar fógraíodh go raibh deireadh á chur leis an bpróiseas socraíochta agus inar iarradh an athuair go dtabharfaí aitheantas do neamhspleáchas an Tras-dnístria, mar a thugtar air; á athdhearbhú go dtacaíonn sí le réiteach cuimsitheach, síochánta ar choinbhleacht an Tras-dnístria trí phróiseas caibidlíochta 5+2, bunaithe ar cheannasacht agus iomláine chríochach na Moldóive, laistigh dá teorainneacha faoi mar a aithnítear go hidirnáisiúnta iad, agus stádas speisialta ag dul do réigiún an Tras-dnístria laistigh den Mholdóiv agus í ina stát inmharthana; á chur i bhfios go gcaithfear urraim a thabhairt, le haon aon réiteach ar shaincheist an Tras-dnístria, do cheart ceannasach na Moldóive a treoshuíomh cosanta agus beartais eachtraigh féin a roghnú; ag tacú leis na hiarrachtaí na tairbhí a bhaineann leis an gcomhaontú domhain cuimsitheach saorthrádála agus leis an gcóras saor ó víosaí a leathnú chuig réigiún an Tras-dnístria, lena gcumasófaí fás suntasach ar an tsoghluaisteacht agus an trádáil leis an réigiún;

30.  ag tabhairt dá haire go bhfuil ról an-tábhachtach ag Misean Cúnaimh Teorann AE chuig an Moldóiv agus an Úcráin maidir le córais bainistithe teorainneacha agus córais chustaim a chomhchuibhiú le córais an Aontais, agus freisin maidir leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe agus na smuigleála agus le rannchuidiú le saincheist an Tras-dnístria a réiteach ar bhealach síochánta trí bhearta cothaithe muiníne agus trí fhaireachán a dhéanamh ag deighleog an Tras-dnístria ar an teorainn idir an Mholdóiv agus an Úcráin; á mholadh do Rialtas na Moldóive leanúint de thimpeallacht atá fabhrach do réiteach coinbhleachtaí a chur chun cinn agus de bheith ag tacú le gníomhaíochtaí lena méadaítear muinín agus teagmhálacha idirphearsanta sna pobail atá scoilte ag coinbhleachtaí; á chreidiúint gurb amhlaidh, ach saincheist an Tras-dnístria a bheith tugtha chun críche, a bheidh cobhsaíocht agus rathúnas ní hamháin sa Mholdóiv, ach sa limistéar mórthimpeall freisin;

31.  á iarraidh ar an Moldóiv, ar Chónaidhm na Rúise, ar Bhallstáit an Aontais agus ar chomhpháirtithe idirnáisiúnta eile dul i gcomhar le chéile maidir leis an 20 000 tona seanarmlón ón ré Shóivéadach atá á stóráil in iosta armlóin Cobasna a bhaint agus a scriosadh, ar contúirt mhór é an t-armlón sin do shlándáil na ndaoine agus don chomhshaol ar dhá bhruach na Dnístire, ós rud é go ndeachaigh sé in éag na cianta ó shin; á chur in iúl gur cúis bhuartha di na freachnaimh iomadúla atá déanta ag fórsaí míleata na Rúise sa Tras-dnístria agus á iarraidh ar Chónaidhm na Rúise a cuid fórsaí míleata agus armálacha a tharraingt siar go hiomlán agus gan choinníoll ó réigiún na Tras-dnístria, agus sin ar bhealach ordúil, i gcomhréir leis na hiarrataí a rinne údaráis na Moldóive arís agus arís eile, agus á iarraidh uirthi urraim a thabhairt do cheannasacht agus iomláine chríochach na Moldóive;

32.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil staid chearta an duine ag dul in olcas i réigiún an Tras-dnístria, go háirithe maidir leis an ngéarleanúint ar dhaoine a cháineann an riarachán de facto agus imscaradh arm na Rúise, agus srianta ar thionóil phoiblí agus gníomhaíochtaí ENRanna áitiúla; á mheabhrú do Chónaidhm na Rúise go bhfuil sé de fhreagracht uirthi urraim a thabhairt do chearta an duine i réigiún na Tras-dnístria, mar a dearbhaíodh le roinnt rialuithe ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine; á iarraidh ar údaráis na Rúise na breithiúnais uile ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine a bhaineann le sáruithe ar chearta an duine agus leis an gceart chun saoirse agus slándála i réigiún na Tras-dnístria a fhorghníomhú;

33.  ag tabhairt moladh d’údaráis na Moldóive as an tacaíocht a tairgeadh do réigiún na Tras-dnístria i gcomhthéacs phaindéim COVID-19, lena n-áirítear trí 10 % dá soláthar vacsaíní a dheonú, trí oiliúint a chur ar bhaill foirne leighis agus trí thástálacha COVID-19 a phróiseáil;

34.  á chur in iúl gur geal léi an cinneadh ón gComhairle EUR 7 milliún a sholáthar mar chúnamh faoi Shaoráid Eorpach Síochána d’Fhórsaí Armtha na Moldóive chun trealamh leighis agus diúscartha ordanáis a fháil; ag spreagadh SEGS agus na Comhairle réimsí an chomhair leis an Moldóiv a leathnú tuilleadh agus tacú le hacmhainneacht na hearnála cosanta a neartú trí bhearta cúnaimh faoin ionstraim sin;

35.  ag spreagadh údaráis na Moldóive leas níos mó a bhaint as an gcúnamh a d’fhéadfaí a fháil faoin tSaoráid Eorpach Síochána i gcláir bhliantúla as seo amach chun a hinniúlacht cur i gcoinne cibearbhagairtí agus bagairtí hibrideacha a chomhdhlúthú; á iarraidh ar institiúidí an Aontais an Mholdóiv a áireamh i bhformáidí nua comhair maidir le cibearshlándáil, le bagairtí hibrideacha agus le himscrúduithe cibearchoireachta, lena n-áirítear trí pháirt a thabhairt don Lárionad Eorpach nua um Inniúlachtaí Tionsclaíochta Cibearshlándála, Teicneolaíochta Cibearshlándála agus Taighde Cibearshlándála sna hiarrachtaí sin;

An smacht reachta agus dea-rialachas

36.  ag athdhearbhú na tábhachta bunúsaí a bhaineann le hathchóiriú an cheartais, go háirithe maidir le treisiú le neamhspleáchas agus inniúlachtaí na mbreithiúna agus leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe; ag aithint mhéid an dúshláin atá os comhair na n-údarás agus ag spreagadh na n-údarás sin díriú ar thosaíochtaí bunaithe; ag tabhairt dá haire gur thug an tUachtarán Maia Sandu agus rialtas Natalia Gavriliţa gealltanas a mbeartais a bhunú ar rialuithe Chúirt Bhunreachtúil na Moldóive; á iarraidh go gcuirfí dlús leis an athchóiriú atá fós á dhéanamh ar an gceartas, lena n-áirítear cur chun feidhme na leasuithe ar fhorálacha an Bhunreachta maidir leis an gceartas ar vótáil Parlaimint na Moldóive ina leith an 23 Meán Fómhair 2021, chomh maith le cur chun feidhme Straitéis 2022-2025 chun Neamhspleáchas agus Sláine Earnáil an Cheartais a áirithiú;

37.  á chur i bhfáth nach mór don Aontas níos mó tacaíochta a thairiscint, lena n-áirítear tuilleadh leithdháiltí airgeadais, d’athchóiriú casta an chórais ceartais sa Mholdóiv; ag aithint gur gá athchóiriú ó bhonn a dhéanamh ar an gcóras breithiúnach, agus é mar aidhm leis an athchóiriú sin éifeachtúlacht agus fíor-neamhspleáchas iomlán na mbreithiúna a bhaint amach, iontaoibh an phobail as na breithiúna agus as an gcóras riaracháin phoiblí a fháil ar ais, deireadh a chur leis na naisc le líonraí iarchumannacha neamhfhoirmiúla agus le holagarcaí, agus an t-éilliú agus sciúradh airgid a chomhrac freisin ar an leibhéal polaitiúil agus gnó is airde; ag tacú go láidir leis an gcuspóir daoine a bhfuiltear in amhras faoina ionraice atá siad a bhaint as an gcóras ceartais agus athruithe cuimsitheacha lena gcuirfí bonn láidir faoin smacht reachta sa tír a thabhairt isteach;

38.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé tábhachtach próiseas roghnúcháin atá bunaithe ar fhiúntas agus atá trédhearcach a áirithiú i gcás ceapacháin na mbreithiúna; á iarraidh ar údaráis na Moldóive leanúint den chomhar le Comhairle na hEorpa agus leis an Aontas Eorpach maidir le hathchóiriú an cheartais, lena n-áirítear maidir le tionscnaimh a bhaineann le meastóireacht urghnách a dhéanamh ar bhreithiúna agus ar ionchúisitheoirí (grinnfhiosrúchán), agus le meastóireacht a dhéanamh ar ionracas iarrthóirí ar phoist mar chomhaltaí den Uaschomhairle Giúistíseachta agus d’Uaschomhairle na nIonchúisitheoirí (réamh-ghrinnfhiosrúchán); á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé dul i gcomhairle le Coimisiún na Veinéise agus a chuid moltaí a chur chun feidhme faoi chuimsiú phróiseas an athchóirithe bhreithiúnaigh;

39.  á chur in iúl go bhfuil sí suite de go bhfuil an t-éilliú ar mhórscála ar cheann de na príomhfhadhbanna atá ag cur bac ar dhul chun cinn na Moldóive; á iarraidh ar Rialtas na Moldóive an bonneagar dlíthiúil agus institiúideach frithéillithe a dhéanamh níos éifeachtaí; á chur in iúl gur geal léi gur cruthaíodh an Coiste Comhairleach Neamhspleách maidir leis an bhFrithéilliú, a imscrúdóidh an t-éilliú in earnálacha airgeadais agus baincéireachta na tíre agus ina cuid institiúidí stáit;

40.  á iarraidh ar Rialtas na Moldóive an trédhearcacht, an fhormhaoirseacht dhaonlathach agus cuntasacht a mhéadú ar fud próisis chinnteoireachta agus oibriú i ndlúthchomhar leis an tsochaí shibhialta, chun gur féidir grinnscrúdú poiblí leormhaith a dhéanamh ar na próisis sin agus chun go mbeidh ionchur cuimsitheach iontu; á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé cistiú inbhuanaithe a áirithiú don tsochaí shibhialta, go háirithe i bhfianaise na ciorruithe suntasacha buiséid le linn na paindéime; á chur i bhfáth go bhfuil sé tábhachtach, i gcoitinne, go rachadh an rialtas i mbun idirphlé oscailte gníomhach le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, le ceardchumainn, le comhlachais ghnó, agus leis an bhfreasúra parlaiminteach agus seachpharlaiminteach chun próiseas cinnteoireachta ionchuimsitheach agus rannpháirteach a áirithiú;

41.  ag tabhairt dá haire gur ghlac na húdaráis céimeanna agus ag tathant orthu leanúint dá n-iarrachtaí aghaidh a thabhairt ar shaincheist na n-iarratas gan bhunús ar thearmann agus ar ailíniú bheartas víosaí na Moldóive le liostaí an Aontais de thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad agus a mbíonn víosaí ag teastáil ina leith;

42.  á iarraidh ar Rialtas na Moldóive leanúint de na hiarrachtaí gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí agus institiúidí poiblí frithéillithe a dhípholaitiú agus infheistíocht a dhéanamh chun iontaoibh níos fearr a chothú idir saoránaigh agus gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí;

43.  á iarraidh go gcuirfear an t-athchóiriú póilíneachta chun feidhme go cinntitheach; á chur in iúl gur geal léi an méadú ar líon na mban san fhórsa póilíneachta; á iarraidh go gcuirfear leis an gcomhar idir údaráis bhreithiúnacha agus gníomhaireachtaí forfheidhmiúcháin na Moldóive agus údaráis bhreithiúnacha agus gníomhaireachtaí forfheidhmiúcháin na mBallstát chun an choireacht trasteorann a laghdú, go háirithe an gháinneáil ar dhrugaí neamhdhleathacha agus ar dhaoine, ós rud é, ar an drochuair, gur foinse gáinneála ar dhaoine í an Mholdóiv i gcónaí chun críoch teacht i dtír gnéasach agus saothair, arna déanamh ag gréasáin choiriúla de chuid na Moldóive agus ag gréasáin idirnáisiúnta araon; á chur in iúl gur geal léi gur síníodh an comhaontú idir an tAontas agus an Mholdóiv maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) sa Mholdóiv agus gur imscaradh foireann Frontex chun tacú le húdaráis na Moldóive ina gcuid gníomhaíochtaí bainistithe teorainneacha; á iarraidh go gcuirfear feabhas ar an gcomhar le Europol, le Interpol agus le heagraíochtaí custaim amhail an Eagraíocht Dhomhanda Chustaim agus Líonraí Frithéillithe na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta;

44.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar údaráis na Moldóive dul i gcomhar le chéile, comhordú agus bearta práinneacha a dhéanamh chun na dídeanaithe ón Úcráin atá á n-óstáil sa Mholdóiv nó atá ar idirthuras sa tír a chosaint, go háirithe mná agus leanaí, atá i mbaol na gáinneála agus arb iad atá i dtromlach na ndídeanaithe ón Úcráin iad;

45.  á iarraidh ar na húdaráis an ceart chun triail chóir a fháil agus urraim do chearta an duine i saoráidí coinneála a ráthú, lena n-áirítear trí aghaidh a thabhairt ar sholáthar cúraim sláinte neamhleor, agus freisin trína sheachtaint go mbeadh ceartas á riar go roghnaitheach agus ar chúiseanna polaitiúla; á chur i bhfios go láidir gur gá an chéastóireacht agus an drochíde a dhíothú agus imscrúdú a dhéanamh ar líomhaintí maidir le céastóireacht agus le sáruithe eile ar chearta an duine arna ndéanamh ag póilíní agus ag oifigigh eile um fhorfheidhmiú an dlí;

46.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé dul i ngleic le calaois airgeadais, sciúradh airgid agus coireacht eagraithe trí reachtaíocht chuimsitheach agus cur chun feidhme éifeachtach; á chur in iúl gur geal léi na pleananna chun athruithe dlíthiúla a achtú i bParlaimint na Moldóive, arb é is aidhm leo feabhas a chur ar an gcreat dlíthiúil ionas gur féidir an sásra maidir le coigistiú leathnaithe sócmhainní arna gcruinniú trí éilliú a chur chun feidhme;

47.  á iarraidh go mbeidh beartas soiléir agus éifeachtach ann i réimse na haisghabhála cistí claonchasta agus sócmhainní calaoiseacha trí chomhar idirnáisiúnta a bhunú, agus béim á leagan ar idirchaidreamh níos fearr le Europol agus le Eurojust; ag spreagadh údaráis na Moldóive creat a thógáil a bheidh tiomnaithe do chomhar straitéiseach le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh chun imscrúduithe calaoise agus frithéillithe a bhainistiú ar bhealach níos fearr;

48.  ag spreagadh Oifig an Ionchúisitheora Ghinearálta in Chișinău agus oifig Eurojust dul i mbun dlúthcomhar leanúnach, lena n-áirítear ionadaithe ar an Moldóiv a chur ar iasacht go rialta d’oifig Eurojust mar chéim ullmhúcháin chun tascfhórsa a thógáil a bheidh tiomanta do chistí claonchasta agus sócmhainní calaoiseacha a aisghabháil;

49.  á chur i bhfáth a phráinní atá sé dlús a chur leis an imscrúdú ar an gcalaois bhainc a nochtadh in 2014, nach bhfuil torthaí suntasacha bainte amach aige go fóill ó thaobh na daoine atá freagrach a thabhairt os comhair na cúirte agus na sócmhainní a cailleadh a aisghabháil; á chur i bhfáth go bhfuil tionchar diúltach tromchúiseach ag an easpa dul chun cinn sin ar chlú idirnáisiúnta na Moldóive agus, go háirithe, ar inchreidteacht an chórais cheartais, ní hamháin i súile mhuintir na Moldóive ach i súile chomhpháirtithe idirnáisiúnta na tíre freisin; á iarraidh go gcuirfí dlús leis an bpróiseas chun cásanna coiriúla a thabhairt chun críche i gcoinne daoine a bhfuil baint acu le scéim Laundromat na Rúise agus le calaois bhainc; á iarraidh, i ndáil leis sin, go neartófaí an comhar idir Ballstáit an Aontais agus údaráis na Moldóive maidir le himscrúdú a dhéanamh ar chalaois bhainc, chun a áirithiú go ndéanfar sócmhainní goidte a aisghabháil go tráthúil;

50.  á iarraidh an athuair go leathnófaí Córas Domhanda Smachtbhannaí AE um Chearta an Duine (Acht Magnitsky AE) chun éilliú a chur san áireamh mar chion smachtbhannaí, lena bhféadfaí smachtbhannaí a chur ar fáil dóibh siúd atá freagrach as calaois bhainc 2014 agus chun coireanna éillithe comhchosúla a dhíspreagadh;

Cearta an duine agus saoirsí bunúsacha

51.  á chur in iúl gur geal léi gur dhaingnigh Parlaimint na Moldóive an 14 Deireadh Fómhair 2021 Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh (Coinbhinsiún Iostanbúl) a chosc agus a chomhrac; ag tabhairt dá haire gur eisíodh achoimre dhlíthiúil maidir leis na himpleachtaí bunreachtúla a bhaineann le daingniú Choinbhinsiún Iostanbúl ag Coimisiún na Veinéise an 10 agus an 11 Nollaig 2021 arna iarraidh sin do Chúirt Bhunreachtúil na Moldóive; á iarraidh go n-áiritheofaí cur chun feidhme éifeachtach Choinbhinsiún Iostanbúl ar gach leibhéal chun staid na mban agus na gcailíní a fheabhsú, agus go ndéanfaí iarrachtaí breise chun comhionannas inscne a bhaint amach, go háirithe maidir le feabhas a chur ar rochtain na mban ar an margadh saothair, dul i ngleic leis an mbearna phá idir na hinscní, idirdhealú aoisbhunaithe agus ionadaíocht na mban, agus cóir chomhionann a áirithiú ar gach leibhéal den saol polaitiúil agus sochaíoch;

52.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé an creat dlíthiúil don chomhionannas agus don neamh-idirdhealú a neartú tuilleadh, go háirithe trí na bearnaí reachtacha atá ann cheana a dhúnadh chun aghaidh a thabhairt ar an idirdhealú san fhostaíocht, chun gníomhú go héifeachtach i gcoinne coireanna fuatha agus fuathchainte agus chun cearta na mionlach, lena n-áirítear Romaigh, daoine LADTI agus inimircigh, a chosaint tuilleadh; á iarraidh ar an Moldóiv deireadh a chur leis an gcosc bunreachtúil ar phósadh comhghnéis a cuireadh i bhfeidhm in 1994 agus bearta frith-idirdhealaithe a bhunú do dhaoine LADTI;

53.  á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus SEGS an comhionannas inscne a phríomhshruthú sna beartais, cláir agus gníomhaíochtaí go léir acu a bhaineann leis an Moldóiv; á iarraidh ar Rialtas na Moldóive dlús a chur le glacadh agus le cur chun feidhme na reachtaíochta maidir le cearta an duine agus an fhrith-idirdhealaithe, atá ailínithe le caighdeáin AE, agus comhlíonadh na gceart sin a chumasú trí chúirteanna dlí atá neamhspleách agus ag feidhmiú go cuí;

54.  á iarraidh ar Rialtas na Moldóive, ina fhreagra ar phaindéim COVID-19, béim ar leith a chur ar dhul i ngleic leis an neamh-chomhionannas inscne, le foréigean inscne, agus le hidirdhealú i gcoinne grúpaí imeallaithe atá níos measa de bharr na paindéime; ag tathant ar na húdaráis aghaidh a thabhairt ar an méadú atá tagtha ar an bhforéigean in aghaidh leanaí agus ar bhochtaineacht leanaí mar thoradh ar phaindéim COVID-19 agus ar na bearta a rinneadh chun é a rialú;

Trádáil agus comhar eacnamaíoch

55.  á athdhearbhú a thábhachtaí atá cur chun feidhme éifeachtach na n-athchóirithe is gá chun tairbhe iomlán a bhaint as CDCS, chun dul chun cinn a dhéanamh maidir le tuilleadh comhtháthaithe eacnamaíoch le margadh inmheánach AE agus chun éagsúlú agus iomaíochas gheilleagar na Moldóive a mhéadú, go háirithe i dtaca le hearraí breisluacha; á iarraidh ar an Moldóiv caibidil CDCS maidir le Trádáil agus Forbairt Inbhuanaithe a chur chun feidhme ina hiomláine agus a gealltanais idirnáisiúnta a urramú, go háirithe Comhaontú Pháras agus rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT); á iarraidh go gceartófar an dlí maidir le trádáil intíre, atá ag teacht salach ar ghealltanais na Moldóive faoi CDCS agus faoi fhorálacha na hEagraíochta Domhanda Trádála;

56.  á thabhairt chun suntais go mbíonn éifeacht dhearfach ag CDCS idir AE agus an Mholdóiv ar thrádáil don dá thaobh, agus méadú níos mó ná 33 % ar thrádáil iomlán idir 2015 agus 2020, níos mó ná 61 % d’onnmhairí na Moldóive chuig margadh an Aontais agus os cionn 70 % de chuideachtaí na Moldóive rannpháirteach i ngníomhaíochtaí onnmhairiúcháin chuig margadh an Aontais; ag tabhairt dá haire gur dócha go mbeidh margadh an Aontais níos tábhachtaí fós don Mholdóiv amach anseo mar gheall ar an suaitheadh trádála a tharla mar thoradh ar chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine; á chur in iúl gur geal léi gurb é an tAontas an t-infheisteoir is mó sa tír; ag moladh go ndéanfaí tuilleadh dul chun cinn i réimsí amhail an cód custaim, an chosaint ar chearta maoine intleachtúla, na caighdeáin sláintíochta agus fíteashláintíochta a fheabhsú, feabhas a chur ar dhálaí an mhargaidh i réimse an fhuinnimh, an tsoláthair phoiblí agus na rochtana ar mhaoiniú do FBManna;

57.  ag cur béim ar an bhfíoras go bhféadfadh méadú teacht ar onnmhairí na Moldóive trí tháirgeacht leathnaithe, trí onnmhairí a chur in ord nua tosaíochta agus trí chaighdeáin cháilíochta a choigeartú; á athdhearbhú gur táirgí ainmhithe agus glasraí iad na príomhchatagóirí earraí atá le honnmhairiú fós, arb iad na táirgí is lú brabús is féidir leis an Moldóiv a thairiscint do na Ballstáit; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú leis an Moldóiv a honnmhairí chuig AE a éagsúlú, lena n-áirítear trína tharaif-chuótaí do tháirgí ardbhrabúis a chomhlíonadh ar bhealach níos fearr;

58.  á iarraidh ar an gCoimisiún tús a chur leis an bpróiseas chun tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir a chomhtháthú sa mhargadh aonair Eorpach tríd an gcéad chéim a ghlacadh trí anailís a dhéanamh ar a n-ailíniú ó thaobh an dlí, an gheilleagair agus na teicneolaíochta de, agus trí rialacháin agus caighdeáin a fhorbairt lena ndírítear ar thíortha comhpháirtíochta a ullmhú ar mhaithe le comhtháthú eacnamaíoch i gcómhargadh;

59.  ag tabhairt dá haire go bhfuil méadú ag teacht ar an spéis atá ag an tSín infheistíocht a dhéanamh i ngeilleagar na Moldóive, inter alia in earnáil an fhuinnimh, in earnáil na teileachumarsáide agus in earnáil na cógaisíochta; á mheabhrú go bhfuil sé ar intinn ag an tSín bonneagar iompair suntasach a chruthú sa Mholdóiv mar chuid de Thionscnamh an Chreasa agus an Bhóthair i gcoitinne; á athdhearbhú go bhfuil Tionscnamh an Chreasa agus an Bhóthair i gcroílár bheartas eachtrach na Síne agus gur tionscadal geopholaitiúil é ó nádúr;

60.  ag moladh na leasuithe ar son an daonlathais a d’achtaigh Rialtas na Moldóive cheana féin; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit infheistíocht fheabhsaithe AE a sholáthar agus a spreagadh sa Mholdóiv ar bhonn an phrionsabail ‘dá mhéad... is ea is mó...’ agus spreagadh a thabhairt don Mholdóiv a bheith réamhghníomhach maidir le dul i ngleic le hinstitiúidí airgeadais AE agus Eorpacha;

61.  á iarraidh go leanfaí leis na hiarrachtaí chun fíorgheilleagar margaidh dhigitigh a fhorbairt, lena n-áirítear dul chun cinn maidir le sonraí oscailte a fhorbairt, rochtain ar chórais rochtana coinníollaí le haghaidh seirbhísí teilifíse digití agus líonraí fíorúla a leathnú, líon na seirbhísí cumarsáide leictreonaí do shaoránaigh agus do chláir phoiblí a mhéadú; ag tacú leis an bpróiseas chun próisis eacnamaíocha a dhigitiú agus le sásraí speisialta a fhorbairt do chuideachtaí TF, go háirithe cuideachtaí nuálaíochta agus gnólachtaí nuathionscanta a bhfuil fadhbanna acu foinsí maoinithe a aimsiú agus nach bhfuil in ann tacú lena bpróisis aistrithe agus fáis dá thoradh sin; á thabhairt chun suntais nach mór tuilleadh oibre a dhéanamh chun a áirithiú go gcosnófar cearta agus riachtanais shaoránaigh na Moldóive a bhaineann úsáid as an idirlíon agus chun ceanglais an mhargaidh aonair dhigitigh a chur chun feidhme ina n-iomláine;

62.  á chur in iúl gur geal léi comhfhogasú 499 (ar tháinig 152 díobh go páirteach) as 681 acquis AE i reachtaíocht náisiúnta na Moldóive arna soláthar ag CC/CDCS agus á chur i bhfios a thábhachtaí atá leasuithe leanúnacha sa riarachán poiblí, sa chóras baincéireachta agus neamhspleáchas na mbreithiúna a áirithiú; á iarraidh ar an Moldóiv leanúint dá comhfhogasú rialála le acquis AE; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le hinstitiúidí na Moldóive agus lena riarachán poiblí leis an saineolas agus an cúnamh teicniúil agus airgeadais is gá; á iarraidh ar údaráis na Moldóive dul chun cinn níos gasta a dhéanamh maidir le comhfhogasú do CC/CDCS;

63.  ag moladh caighdeáin cháilíochta náisiúnta a chomhchuibhiú le caighdeáin cháilíochta AE; á chur i bhfios go láidir go bhfuil míbhuntáiste ann d’fhiontraithe agus do ghnólachtaí na Moldóive, ar míbhuntáiste é a eascraíonn as an líon mór caighdeán a chaithfidh siad a chomhlíonadh le haghaidh onnmhairí isteach sna Ballstáit agus ag cur béim ar an ngá atá le beartas chun caighdeáin nach bhfuil ailínithe nó atá i gcoinbhleacht dhíreach le caighdeáin Eorpacha a eisiamh;

64.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil luascadh mór tagtha ar threo na trádála ón Aontas Eacnamaíoch Eoráiseach go dtí AE de bharr CDCS, trí rochtain saor ó tharaifí ar mhargaí AE a ráthú do ghnólachtaí na Tras-dnístria atá cláraithe ar bhruach thiar na Dnístire agus atá faoi réir seiceálacha custaim ag oifigigh na Moldóive; ag moladh d’údaráis na Moldóive tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh i dtreo na trádála agus na rannpháirtíochta le margaí AE chun rochtain ar an margadh, trédhearcacht agus dea-chleachtais ghnó a fheabhsú, agus chun cumas na n-olagarcachtaí a laghdú i dtaca le cúbláil agus monaplacht an mhargaidh;

65.  á chur in iúl gur geal léi tacaíocht AE do théarnamh eacnamaíoch micrifhiontar, fiontar beag agus meánmhéide (MFBManna); á iarraidh ar institiúidí freagracha AE agus na Moldóive a áirithiú go gcuirfear an tacaíocht theicniúil agus airgeadais sin in oiriúint do riachtanais MFBManna na Moldóive, go mbeidh cumhdach náisiúnta aici, lena n-áirítear réigiún na Tras-dnístria, agus go neartófar cumais MFBManna agus a rannpháirtíocht i margadh inmheánach AE araon;

66.  á chur in iúl gur geal léi na rialacháin nua i réimse an tsoláthair phoiblí, ach ag cur béim ar an ngá atá le faireachán poiblí a dhéanamh ar na próisis soláthair agus a thábhachtaí atá tuarascálacha níos soiléire agus buana don phobal i gcoitinne; ag moladh go ndéanfaí simpliú ar na sásraí trína bhféadfaidh ionadaithe na sochaí sibhialta a bheith mar chuid de phróisis soláthair agus ag cur béim ar an ngá atá ann próisis thrédhearcacha a chur in ionad na bpróiseas maorlathach lena mbaintear bacainní agus lena n-athbhunaítear muinín i leithdháileadh agus in úsáid na mbuiséad poiblí;

67.  ag aithint na ngealltanas atá tugtha ag an Moldóiv comhfhogasú a dhéanamh le reachtaíocht talmhaíochta an Aontais chun onnmhairí chuig an Aontas a mhéadú agus deiseanna nua tráchtála a chur ar fáil do phobail áitiúla; á iarraidh ar údaráis na Moldóive dul chun cinn níos gasta a dhéanamh maidir le comhfhogasú do CC/CDCS maidir le sláinte ainmhithe agus sábháilteacht bia;

68.  á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé na saotharlanna náisiúnta atá freagrach as ceanglais sláintíochta agus fíteashláintíochta a nuachóiriú, onnmhairiú táirgí de bhunadh ainmhíoch a chumasú agus dul i ngleic leis an easpa foirne saotharlainne cáilithe;

69.  á chur i bhfáth go bhfuil gá le trédhearcacht níos fearr maidir le torthaí mhisin iniúchóireachta Ard-Stiúrthóireacht um Shláinte agus Sábháilteacht Bia an Choimisiúin agus ag cur béim ar an ngá atá le líonra na saotharlann um anailís sláintíochta agus fíteashláintíochta a fhás agus a neartú, agus dlús a chur le hoiliúint na gcigirí agus na speisialtóirí atá ag obair sna saotharlanna sin chun na rialacháin a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr i réimse na sábháilteachta fíteashláintíochta agus bia;

70.  á mholadh don Mholdóiv lánúsáid a bhaint as na deiseanna fabhracha onnmhairiúcháin isteach in AE trí thalamh feirme a shaothrú ar bhealach níos éifeachtúla agus níos inbhuanaithe, agus trí rochtain níos daonlathaí ar thalamh, agus trí úsáid níos daonlathaí a bhaint as, agus ar an gcaoi sin táirgí talmhaíochta a ghiniúint lena gcuirfear le buntáistí coibhneasta talmhaíochta na Moldóive;

71.  ag tathant ar an Moldóiv a comhar bonneagair leis an Aontas agus le tíortha sa réigiún a mhéadú, agus athchóirithe struchtúracha doimhne a chur chun feidhme in earnáil an fhuinnimh, lena n-áirítear trí sholáthar fuinnimh a éagsúlú, éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú, infheistíocht i bhfuinneamh in-athnuaite a mhealladh agus nascacht a fheabhsú, agus inbhuaine comhshaoil á háirithiú ag an am céanna; á iarraidh ar an Moldóiv a gealltanais faoin gConradh um Chomhphobal Fuinnimh a chur chun feidhme go hiomlán;

72.  á iarraidh ar institiúidí AE tacaíocht nithiúil a thabhairt don Mholdóiv chun na ceanglais riachtanacha uile a chomhlíonadh chun dul isteach sa Limistéar Aonair d’Íocaíochtaí Euro;

73.  á iarraidh ar Rialtas na Moldóive freisin díriú ar ghné shóisialta na trádála agus na forbartha inbhuanaithe trí chaighdeáin saothair a urramú agus a fhorfheidhmiú, trí choinbhinsiúin uile na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair a dhaingniú agus a chur chun feidhme go hiomlán, agus trí dheireadh a chur leis na heasnaimh atá fós sa chóras cigireachta saothair;

74.  ag tabhairt dá haire go mbaintear úsáid as bithmhais agus hidreachumhacht in iarrachtaí éagsúlaithe na Moldóive, ach á mheabhrú gur gá a n-inbhuanaitheacht, a n-éifeachtúlacht agus na ceanglais ábhartha chomhshaoil a áirithiú; á chur i bhfáth go bhfuil an fhorbairt ar fhoinsí fuinnimh in-athnuaite ina cuid ríthábhachtach de na hiarrachtaí chun an t-aistriú chuig fuinneamh glan agus neamhspleáchas fuinnimh a bhaint amach, agus rannchuidiú á dhéanamh freisin le poist a chruthú go háitiúil, le cáilíocht an aeir agus le sláinte na saoránach;

75.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá ról an chomhair réigiúnaigh maidir leis an tír a nuachóiriú agus maidir le hacmhainneachtaí a mhéadú sna hiarrachtaí chun an CC a chur chun feidhme; á iarraidh go gcuirfí feabhas ar an gcomhar réigiúnach, idir réigiúin éagsúla na Moldóive agus idir réigiúin na Moldóive agus an AE araon; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar ghníomhaireachtaí AE faoi seach an próiseas sin a éascú i ndlúthchomhar le Rialtas na Moldóive;

76.  á chur in iúl gur geal léi gur formheasadh an Straitéis Náisiúnta um Fhorbairt Réigiúnach do na blianta 2022-2028 agus á iarraidh go ndéanfar athchóiriú riaracháin-chríochach a chur i gcrích a bheidh dírithe ar bhorradh a chur faoin iomaíochas agus faoin bhforbairt inbhuanaithe; á chur i bhfios go láidir a riachtanaí atá fás sóisialta agus eacnamaíoch cothromaithe i réigiúin uile na Moldóive agus cur chun feidhme éifeachtúil na mbeartas náisiúnta forbartha réigiúnaí;

77.  á iarraidh ar údaráis na Moldóive seasamh le prionsabail an daonlathais áitiúil agus an neamhspleáchais áitiúil, i gcomhréir leis an gCairt Eorpach um Fhéinrialú Áitiúil, lena gcuirtear cumhachtaí cuí agus cistiú leordhóthanach ar fáil do rialtais áitiúla agus trína bhfeidhmiú éifeachtach a áirithiú, lena n-áirítear trí fheabhsuithe sa bhreis a dhéanamh ar an smacht reachta agus trí phrionsabail dea-rialachais a chur chun feidhme ar gach leibhéal;

78.  á iarraidh ar údaráis na Moldóive tuilleadh iarrachtaí a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar na deiseanna a chuirtear ar fáil le CC/CDCS agus le cúnamh agus cláir AE ar an leibhéal áitiúil a bhaint amach, lena n-áirítear na ceantair iargúlta den tír, agus go háirithe ceantair thuaithe, ionas go gcuirfear ar chumas na n-áitritheoirí athruithe dearfacha a chur chun cinn; á iarraidh go gcuirfear méadú ar thacaíocht AE agus go ndéanfar é a chur in iúl ar bhonn níos fearr do thionscadail forbraíochta in Aonad Críochach Féinrialaithe Gagauzia;

Comhar earnálach

79.  á chur in iúl gur údar misnigh di comhlachas na Moldóive le Fís Eorpach, clár taighde agus nuálaíochta AE, don tréimhse 2021-2027, lena gcuirtear deiseanna nua ar fáil dá pobal eolaíochta agus nuálaíochta chun comhpháirtíochtaí a chothú lena comhghleacaithe in AE, mar aon le rannpháirtíocht na Moldóive sna Cláir um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna;

80.  á iarraidh go mbeidh comhar níos fearr ann idir institiúidí uile AE, na Ballstáit agus údaráis na Moldóive nuair a bheidh na tairbhí a bhaineann le CC/CDCS agus cúnamh AE á gcur in iúl do shaoránaigh na Moldóive; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá creat institiúideach agus tacar comhsheasmhach beartas poiblí chun an bhréagaisnéis a chomhrac, lena n-áirítear bréagaisnéis i gcoinne an Aontais, ionramháil faisnéise, bréagnuacht agus bolscaireacht, mar aon le haon trasnaíocht eachtrach mhailíseach, go háirithe trí chumarsáid straitéiseach agus athléimneacht i gcoinne na bréagaisnéise agus ionramháil faisnéise ag gníomhaithe intíre agus eachtracha, ar líne agus as líne; á iarraidh ar údaráis na Moldóive agus ar an gCoimisiún comhoibriú maidir le cláir agus athchóirithe lena gcuirtear litearthacht meán agus faisnéise chun cinn i gcomhthéacs na ré digití atá ann faoi láthair, chomh maith le feabhas a chur ar an gcomhar earnálach sa gheilleagar digiteach;

81.  á athdhearbhú gur cheart go mbeadh neartú iolrachas agus neamhspleáchas na meán mar thosaíocht ag an Aontas agus ag an Moldóiv araon; á iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh tacaíochta a thabhairt do na meáin neamhspleácha, lena n-áirítear lasmuigh den chaipiteal, agus do na hiarrachtaí chun faisnéis inchreidte a chur ar fáil do shaoránaigh na Moldóive i ngach cuid den tír; á iarraidh ar an Dearlaic Eorpach i gcomhair Daonlathais tuilleadh tacaíochta a thabhairt do na hiarrachtaí sin;

82.  ag tathant ar an Moldóiv tuilleadh tacaíochta a thabhairt do na meáin shaora agus neamhspleácha trí chlár náisiúnta forbartha a chur ar bun do na meáin chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat dlíthiúil chun dul i ngleic le comhchruinniú úinéireacht na meán, le monaplacht an mhargaidh fógraíochta, leis an easpa neamhspleáchas eagarthóireachta agus le rialú institiúidí na meán ag grúpaí eacnamaíocha agus polaitiúla, agus leis na bacainní ar an rochtain ar fhaisnéis, chomh maith le hionsaithe ar iriseoirí agus imeaglú iriseoirí;

83.  á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán géar a dhéanamh ar earnáil na meán sa Mholdóiv; á chur in iúl go bhfuil go bhfuil sí ag dréim leis go gcuirfidh an Chomhairle Teilifíse agus Raidió athbhunaithe a cuid tascanna mar mhaoirseoir ar na meáin i gcrích go héifeachtach agus go dtabharfaidh sí aghaidh ar easnaimh sheanbhunaithe thírdhreach na meán, lena n-áirítear an tsaincheist maidir le neamhspleáchas polaitiúil na cuideachta craolacháin phoiblí; á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé a áirithiú go gcuirfear an Cód Closamhairc chun feidhme ina iomláine;

Forálacha institiúideacha

84.  á chur in iúl gur geal léi síniú an Mheabhráin Tuisceana idir Parlaimint na hEorpa agus Parlaimint na Moldóive an 29 Samhain 2021 maidir le creat comhpháirteach le haghaidh tacaíocht daonlathais pharlaimintigh, lena gcuirtear deiseanna ar fáil chun a acmhainneacht institiúideach agus an daonlathas parlaiminteach, dá bhrí sin, sa Mholdóiv a neartú trí naisc dhéthaobhacha institiúideacha níos dlúithe a bheith ann;

85.  á iarraidh ar Pharlaimint na Moldóive raon iomlán na ngníomhaíochtaí tacaíochta daonlathais atá ar fáil di a chur chun feidhme, lena n-áirítear Idirphlé Jean Monnet agus clár Simone Veil, ar bhonn treochlár a chomhaontófar go frithpháirteach;

86.  á chur i bhfios go bhfuil ról tábhachtach ag Coiste Parlaiminteach Comhlachais AE-Phoblacht na Moldóive agus ag Tionól Parlaiminteach Euronest maidir le comhar déthaobhach agus réigiúnach a chothú le AE agus maidir le taithí agus dea-chleachtais a mhalartú le parlaiminteoirí na Moldóive; á iarraidh go ndéanfar an comhar struchtúrach idir Feisirí de Pharlaimint na hEorpa agus Teachtaí de Pharlaimint na Moldóive a dhoimhniú chun oibriú le chéile chun tacú le hathchóirithe agus chun faireachán a dhéanamh ar a gcur chun feidhme;

87.  ag athdhearbhú a tacaíochta do rannpháirtíocht na sochaí sibhialta, lena n-áirítear ceardchumainn, i bpróisis chinnteoireachta ar mhaithe leis an ngrinnscrúdú poiblí ar athchóirithe a mhéadú agus trédhearcacht agus inghlacthacht shóisialta na n-athchóirithe a chur chun cinn; á chur i bhfios go láidir go bhfuil breisluach leis an méid a chuireann eagraíochtaí éagsúla ar fáil maidir le saincheisteanna tábhachtacha a bhaineann le leas an phobail sa Mholdóiv; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an comhar cuibheasach measartha atá ann idir na húdaráis phoiblí agus an tsochaí shibhialta in ainneoin straitéis agus plean gníomhaíochta a bheith ann chun an tsochaí shibhialta a fhorbairt; á chur in iúl gur cúis bhuartha di freisin an laghdú 17 % ar dheontais a thugtar d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta;

88.  á iarraidh ar an Aontas agus ar an Moldóiv tuilleadh feabhais a chur ar theagmháil idir daoine agus ar mhalartuithe ar mhaithe le híomhánna atá dearfach go frithpháirteach dá chéile a fhorbairt i measc a ndaonraí faoi seach trí thionscadail chomhpháirteacha a fhorbrófar ar leibhéal na sochaí sibhialta, lena n-áirítear trí thacaíocht a chur ar fáil do mhic léinn óga agus do ghairmithe óga chun bheith rannpháirteach i gcláir oideachais agus oiliúna an Aontais amhail Erasmus+; á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint an bhféadfaí cláir áirithe de chuid an Aontais a leathnú chun saoránaigh na Moldóive agus tíortha eile Chomhpháirtíocht an Oirthir a chur san áireamh; á chur i bhfáth go bhféadfaí meon ar son na hEorpa sa tír a neartú tuilleadh dá leathnófaí cláir amhail ‘DiscoverEU’ sa Mholdóiv;

Cearta sóisialta

89.  ag tabhairt dá haire go bhfuil an tearcfhostaíocht agus an fhostaíocht fhorbhásach fós ard sa Mholdóiv agus go bhfuil an daonra atá in aois oibre leochaileach i leith turraingí eacnamaíocha; á iarraidh go nglacfar straitéis téarnaimh lena bhfreastalófar ar riachtanais an phobail agus lena n-ionchorprófar an t-aistriú glas agus an fhorbairt inbhuanaithe;

90.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di eisimirce ar mhórscála shaoránaigh na Moldóive, lena ngéaraítear ar threochtaí diúltacha déimeagrafacha agus ar bagairt thromchúiseach í ar thodhchaí na Moldóive; ag moladh do Rialtas na Moldóive bearta sa bhreis a chur chun feidhme chun an feiniméan sin a chosc agus a chomhrac, go háirithe trí dheiseanna a chruthú agus coinníollacha agus pá a fheabhsú d’oibrithe óga;

91.  á iarraidh ar an rialtas an-aird a thabhairt ar iarrataí Ombudsman na Moldóive ar fheabhsúchán maidir le rochtain ar chúram sláinte, an ceart chun oibre agus saoirse gluaiseachta agus cainte;

92.  á iarraidh ar Rialtas na Moldóive an córas cúraim sláinte a neartú, dul i ngleic leis na ganntanais saothair atá á lagú agus caighdeáin sláintíochta a fheabhsú, go háirithe sna hospidéil; ag tathant ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit agus ar an Moldóiv comhar a mhéadú maidir le hathléimneacht na sláinte poiblí, dea-chleachtais a mhalartú agus oibriú leis an tsochaí shibhialta maidir le straitéisí eipidéimeacha a chur ar bun lena ndíreofar ar na grúpaí is leochailí sa tsochaí;

93.  ag tacú leis an gcomhar leanúnach idir an Mholdóiv agus an tAontas maidir le haghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19 agus ar a iarmhairtí, mar aon le feabhas a chur ar an gcomhar fadtéarmach i réimse na sláinte poiblí; ag tathant ar údaráis na Moldóive an deis a thapú agus leas a bhaint as cistí téarnaimh COVID-19 chun ospidéil a nuachóiriú agus feabhas a chur ar cháilíocht agus ar inrochtaineacht na seirbhísí leighis, go háirithe sna réigiúin;

94.  á chur in iúl gur geal léi gur ghlac an Coimisiún an cinneadh i dtaobh choibhéis na ndeimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag an Moldóiv i leith Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais, ag moladh do na Ballstáit leanúint dá chur i bhfeidhm;

95.  ag tabhairt dá haire go bhfuil cleachtais mhí-úsáideacha mar thoradh ar na heasnaimh i ndlí an tsaothair, go háirithe uaireanta oibre laethúla atá iomarcach i gcásanna áirithe, pá íseal agus caidreamh fostaíochta nach bhfuil go hiomlán doiciméadaithe; á chur in iúl gur cúis bhuartha di cur i bhfeidhm páirteach na rialacha atá beartaithe chun cleachtais den sórt sin a chosc;

96.  ag tabhairt dá haire go bhfuil an t-idirphlé sóisialta ag dul in olcas le blianta beaga anuas agus gur cuireadh ar fionraí go hiomlán é le linn phaindéim COVID-19; á iarraidh ar an rialtas a áirithiú go ndéanfar fíor-idirphlé sóisialta a chur ar bun agus go mbeidh mar thoradh air sin rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta uile sa phróiseas téarnaimh i ndiaidh na paindéime;

97.  á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta ag an Moldóiv maidir leis an gcóras cúraim leanaí a dhí-institiúidiú agus na céimeanna a glacadh chun Clár agus Plean Gníomhaíochta nua um Chosaint Leanaí a fhorbairt do 2022-2026;

98.  á chur in iúl gur geal léi gealltanais na Moldóive i réimse an chomhshaoil agus an athraithe aeráide; á iarraidh ar an Moldóiv tuilleadh feabhais a chur ar a rannpháirtíocht sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus á iarraidh ar an gCoimisiún rannpháirtíocht na Moldóive sa Chomhaontú Glas don Eoraip a éascú agus a áirithiú nach mbeidh CDCS contrártha do na cuspóirí agus na tionscnaimh chomhshaoil a leagtar amach ann;

99.  ag tacú le beartas níos fearr chun beartais chomhshaoil a chomhtháthú sna hearnálacha eacnamaíocha éagsúla agus le rannpháirtíocht níos leithne na saoránach sa phróiseas chun beartais maidir le cosaint an chomhshaoil a fhorbairt; á iarraidh go mbeidh do ann chur chuige níos tréine i leith comhpháirtíochtaí leis an tsochaí shibhialta chun feidhmiú níos fearr na gníomhaíochta bailithe agus athchúrsála dramhaíola a áirithiú, chomh maith le haird níos mó a thabhairt ar fhoraoisiú talún, ar dhíghrádú ithreach a laghdú agus ar cháilíocht an uisce a fheabhsú;

o
o   o

100.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún Eorpach agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Beartas Slándála, agus chuig Uachtarán, rialtas agus parlaimint Phoblacht na Moldóive.

(1) 30 Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle an 15 Márta 2001 lena liostaítear na tríú tíortha ar gá dá náisiúnaigh bheith i seilbh víosa agus na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 81, 21.3.2001, lch. 1).
(2) Rún 2359 (2021).
(3) IO C 404, 6.10.2021, lch. 136.
(4) IO C 118, 8.4.2020, lch. 109.
(5) IO C 334, 19.9.2018, lch. 199.
(6) IO C 11, 12.1.2018, lch. 82.
(7) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).


Tuarascáil 2021 an Choimisiúin maidir leis an Smacht Reachta
PDF 201kWORD 69k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine 2022 ar Thuarascáil 2021 ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta (2021/2180(INI))
P9_TA(2022)0212A9-0139/2022

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), agus go háirithe Airteagal 2, Airteagal 3(1), Airteagal 3(3), an dara fomhír, Airteagal 4(3) agus Airteagail 5, 6, 7,11, 19 agus 49 de,

–  ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus go háirithe na hairteagail de a bhaineann le hurraim a thabairt don daonlathas, don smacht reachta agus do na cearta bunúsacha san Aontas, agus lena gcosaint agus lena gcur chun cinn, lena n-áirítear Airteagail 70, 258, 259, 260, 263, 265 agus 267,

–  ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’),

–  ag féachaint do chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE), go háirithe do na cinntí i gCásanna C-156/21, an Ungáir v Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh(1) agus C-157/21, an Pholainn v Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh(2) maidir leis na bearta chun buiséad an Aontais a chosaint,

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Iúil 2021 maidir le Tuarascáil 2021 maidir leis an Smacht Reachta – staid an smachta reachta san Aontas Eorpach (COM(2021)0700),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí)(3),

–  ag féachaint do Threoir (AE) 2018/1808 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena leasaítear Treoir 2010/13/AE maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos le dlí, le rialachán nó le gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) i bhfianaise athruithe ar an margadh(4),

–  ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint(5) (An Rialachán maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/692 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 390/2014 ón gComhairle(6),

–  ag féachaint do Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine,

–  ag féachaint d’ionstraimí de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le cosaint chearta an duine agus cosaint saoirsí bunúsacha agus ag féachaint do na moltaí agus na tuarascálacha atá in Athbhreithniú Tréimhsiúil Uilechoiteann na Náisiún Aontaithe, chomh maith le cásdlí chomhlachtaí conartha na Náisiún Aontaithe agus nósanna imeachta speisialta na Comhairle um Chearta an Duine,

–  ag féachaint do na moltaí agus tuarascálacha ón Oifig um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine, ón Ard-Choimisinéir um Mionlaigh Náisiúnta, ón Ionadaí maidir le Saoirse na Meán agus ó chomhlachtaí eile de chuid na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE),

–  ag féachaint don Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, do Chairt Shóisialta na hEorpa, do chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, don Choiste Eorpach ar Chearta Sóisialta, do na coinbhinsiúin, na moltaí, na rúin, na tuairimí agus na tuarascálacha ón gComhthionól Parlaiminteach, ó Choiste na nAirí, ón gCoimisinéir um Chearta an Duine, ón gCoimisiún Eorpach i gcoinne an Chiníochais agus na hÉadulaingthe, ón nGrúpa Stiúrtha ar Fhrith-Idirdhealú, Éagsúlacht agus Cuimsiú, ó Choimisiún na Veinéise agus ó chomhlachtaí eile de Chomhairle na hEorpa,

–  ag féachaint do Mheabhrán Tuisceana an 23 Bealtaine 2007 idir Comhairle na hEorpa agus an tAontas Eorpach agus do chonclúidí ón gComhairle an 8 Iúil 2020 maidir le tosaíochtaí an Aontais don chomhar le Comhairle na hEorpa 2020-2022,

–  ag féachaint don togra réasúnaithe ón gCoimisiún le haghaidh cinneadh ón gComhairle an 20 Nollaig 2017 maidir le riosca soiléir a chinneadh i dtaca le sárú tromchúiseach ag Poblacht na Polainne ar an smacht reachta, arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 7(1) CAE (COM(2017)0835),

–  ag féachaint do phlean gníomhaíochta frithchiníochais AE 2020-2025 dar teideal ‘Aontas an Chomhionannais’, a seoladh an 18 Meán Fómhair 2020 (COM(2020)0565),

–  ag féachaint don tuarascáil ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha an 9 Samhain 2021 dar teideal ‘Frithsheimíteachas: Forléargas ar eachtraí frithsheimíteacha a taifeadadh san Aontas Eorpach 2010-2020’,

–  ag féachaint do thuarascáil ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha an 22 Meán Fómhair 2021 dar teideal Protecting civic space in the EU [An spás sibhialta san Aontas a chosaint], agus dá tuarascálacha, sonraí agus uirlisí eile, go háirithe Córas Faisnéise an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (EFRIS),

–  ag féachaint do rún uaithi an 25 Deireadh Fómhair 2016 maille le moltaí don Choimisiún maidir le sásra AE a bhunú um an daonlathas, um an smacht reachta agus um chearta bunúsacha(7),

–  ag féachaint do rún uaithi an 1 Márta 2018 maidir leis an gcinneadh ón gCoimisiún Airteagal 7(1) CAE a ghníomhachtú maidir leis an staid sa Pholainn(8),

–  ag féachaint do rún uaithi an 19 Aibreán 2018 maidir leis an ngá atá le hIonstraim na Luachanna Eorpacha a bhunú chun tacú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta a chuireann luachanna bunúsacha chun cinn laistigh den Aontas Eorpach ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal náisiúnta(9),

–  ag féachaint do rún uaithi an 12 Meán Fómhair 2018 ar an togra lena n-iarrtar ar an gComhairle cinneadh a dhéanamh, de bhun Airteagal 7(1) CAE, an ann do riosca soiléir go bhfuil shárú tromchúiseach á dhéanamh ag an Ungáir ar na luachanna ar a bhfuil an tAontas bunaithe(10),

–  ag féachaint do rún uaithi an 14 Samhain 2018 maidir leis an ngá atá le sásra cuimsitheach AE a bheith ann chun an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha a chosaint(11),

–  ag féachaint do rún uaithi an 16 Eanáir 2020 maidir le héisteachtaí leanúnacha faoi Airteagal 7(1) CAE maidir leis an bPolainn agus an Ungáir(12),

–  ag féachaint don rún uaithi an 8 Deireadh Fómhair 2020 maidir leis an smacht reachta agus cearta bunúsacha sa Bhulgáir(13),

–  ag féachaint do rún uaithi an 7 Deireadh Fómhair 2020 maidir le Sásra AE um an Daonlathas, um an Smacht Reachta agus um Chearta Bunúsacha a bhunú(14),

–  ag féachaint do rún uaithi an 13 Samhain 2020 ar thionchar bhearta COVID-19 ar an daonlathas, ar an smacht reachta agus ar chearta bunúsacha(15),

–  ag féachaint do rún uaithi an 26 Samhain 2020 ar staid na gCeart Bunúsach san Aontas Eorpach – Tuarascáil Bhliantúil do na blianta 2018-2019(16),

–  ag féachaint do rún uaithi an 24 Meitheamh 2021 maidir le Tuarascáil 2020 ón gCoimisiún ar an Smacht Reachta(17),

–  ag féachaint do rún uaithi an 8 Iúil 2021 ar chruthú treoirlínte do chur i bhfeidhm an chórais ghinearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint(18),

–  ag féachaint do rún uaithi an 8 Iúil 2021 maidir le sáruithe ar dhlí AE agus ar chearta saoránach LADTIA san Ungáir mar thoradh ar na hathruithe dlíthiúla a ghlac Parlaimint na hUngáire(19),

–  ag féachaint do rún uaithi an 14 Meán Fómhair 2021 maidir le cearta LADTIA san Aontas(20),

–  ag féachaint do rún uaithi an 16 Meán Fómhair 2021 maidir le saoirse na meán agus tuilleadh meatha ar an smacht reachta sa Pholainn(21),

–  ag féachaint do rún uaithi an 20 Deireadh Fómhair 2021 ar Mheáin na hEorpa sa Deacáid Dhigiteach: Plean Gníomhaíochta chun Tacú le Téarnamh agus Claochlú(22),

–  ag féachaint do rún uaithi an 21 Deireadh Fómhair 2021 maidir le géarchéim an smachta reachta sa Pholainn agus tosaíocht dhlí AE(23),

–  ag féachaint do rún uaithi an 11 Samhain 2021 maidir leis an daonlathas agus saoirse agus iolrachas na meán a neartú in AE: an úsáid mhíchuí a bhaintear as gníomhaíochtaí faoin dlí sibhialta agus faoin dlí coiriúil chun iriseoirí, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus an tsochaí shibhialta a chur ina dtost(24),

–  ag féachaint do rún uaithi an 11 Samhain 2021 ar chomóradh bliana an toirmisc de facto ar ghinmhilleadh sa Pholainn(25),

–  ag féachaint do rún uaithi an 15 Nollaig 2021 maidir leis an meastóireacht ar bhearta coisctheacha chun éilliú, caiteachas neamhrialta agus mí-úsáid chistí AE agus cistí náisiúnta a sheachaint i gcás cistí éigeandála agus réimsí caiteachais a bhaineann le géarchéimeanna(26),

–  ag féachaint do rún uaithi an 16 Nollaig 2021 maidir le cearta bunúsacha agus an smacht reachta sa tSlóivéin, go háirithe moill ar ainmniúchán ionchúisitheoirí OIPE(27),

–  ag féachaint do thuarascáil uaithi an 9 Márta 2022 maidir le trasnaíocht eachtrach ar na próisis dhaonlathacha uile san Aontas Eorpach, lena n-áirítear bréagaisnéis(28),

–  ag féachaint do Thuarascáil Speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 3 Meitheamh 2021 dar teideal Disinformation affecting the EU: tackled but not tamed [Bréagaisnéis a dhéanann difear do AE: tugtha fúithi seachas ceansaithe],

–  ag féachaint do Thuarascáil Speisialta 01/2022 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 10 Eanáir 2022 dar teideal EU support for the rule of law in the Western Balkans: despite efforts, fundamental problems persist [Tacaíocht AE don smacht reachta sna Balcáin Thiar: d’ainneoin iarrachtaí, tá fadhbanna bunúsacha ann fós],

–  ag féachaint d’Airteagal 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Rialú Buiséid, ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla, ón gCoiste um Buiséid, ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla agus ón gCoiste um Achainíocha,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0139/2022),

A.  de bhrí go bhfuil an tAontas fothaithe ar na luachanna coiteanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE ar mheas ar dhínit an duine, saoirse, daonlathas, comhionannas, an smacht reachta agus meas ar dhínit an duine, lena n-áirítear cearta na ndaoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad – luachanna atá comhchoiteann idir Ballstáit an Aontais agus nach mór do thíortha is iarrthóirí cloí leo chun dul isteach san Aontas mar chuid de chritéir Chóbanhávan, nach féidir neamhaird a thabhairt orthu ná iad a léirmhíniú an athuair tar éis an aontachais; de bhrí gur luachanna a threisíonn a chéile iad an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha a d’fhéadfadh a bheith ina mbagairt shistéamach ar an Aontas agus ar chearta agus ar shaoirsí a shaoránach; de bhrí go bhfuil an smacht reachta ina cheangal ar an Aontas ina iomláine agus ar a Bhallstáit ar gach léibhéal rialachais lena n-áirítear eintitis fho-náisiúnta;

B.  de bhrí go gcuireann prionsabal an chomhair dhílis in Airteagal 4(3) CAE oibleagáid ar an Aontas agus ar na Ballstáit cúnamh a thabhairt dá chéile i gcomhlíonadh oibleagáidí a thig ó na Conarthaí, agus lánurraim fhrithpháirteach á tabhairt acu dá chéile, agus de bhrí go gcuirtear d’oibleagáid ar na Ballstáit aon bheart is iomchuí a dhéanamh, go ginearálta nó go háirithe, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a thig ó na Conarthaí nó de dhroim gníomhartha de chuid institiúidí an Aontais;

C.  de bhrí gur díol sásaimh é an timthriall athbhreithnithe bliantúil ar an smacht reachta sna huirlisí atá ar fáil chun luachanna Airteagal 2 CAE a chaomhnú, trí aghaidh a thabhairt ar an staid i ngach Ballstát AE i dtuarascáil atá bunaithe ar cheithre cholún, agus go bhfuil tionchar díreach aige sin ar urraim don smacht reachta;

D.  de bhrí, gan moltaí nithiúla agus bearta leantacha éifeachtacha a dhéanamh, go bhféadfadh sé tarlú nach ndéanfadh an tuarascáil ar an smacht reachta dúshláin shistéamacha agus cúlú ar an smacht reachta, mar a chonacthas i roinnt Ballstát de chuid AE le blianta beaga anuas, a chosc, a bhrath agus aghaidh a thabhairt orthu go héifeachtach agus go tráthúil;

E.  de bhrí gur thug na Ballstáit bearta éigeandála isteach chun freagairt a thabhairt ar phaindéim COVID-19; de bhrí, chun iad a bheith dleathach, gur ghá prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta a urramú leo, agus srian á chur leo ar chearta bunúsacha nó ar shaoirsí bunúsacha; de bhrí gurbh ann do threocht dhiúltach maidir leis an smacht reachta i roinnt Ballstát mar go bhfuil úsáid bainte ag rialtais as na bearta urghnácha mar leithscéal chun srianta agus ceartúcháin daonlathais a lagú;

F.  de bhrí gur gá na sásraí atá ann cheana a neartú agus a shruthlíniú agus sásra cuimsitheach aonair AE a fhorbairt chun an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha a chosaint go héifeachtach agus chun a áirithiú go gcloífear le luachanna Airteagal 2 CAE ar fud an Aontais agus go gcloítear leo i dtíortha is iarrthóirí, cé go bhfuil córais faireacháin éagsúla acu, ionas go gcoiscfear na Ballstáit ó dhlí náisiúnta a fhorbairt atá bunoscionn le cosaint Airteagal 2 CAE;

G.  de bhrí go bhfuil na cearta chun saoirse tuairimí a nochtadh agus chun faisnéise agus an ceart chun rannpháirtíochta poiblí, i measc bhunchlocha an daonlathais;

H.  de bhrí gur ullmhaigh Coiste Saineolaithe Chomhairle na hEorpa maidir leis an gcomhrac i gcoinne na fuathchainte dréachtmholadh ó Choiste na nAirí maidir leis an bhfuathchaint a chomhrac, ar moladh é lena gcuirtear treoir neamhcheangailteach ar fáil maidir le conas aghaidh a thabhairt ar an bhfeiniméan agus atá ag fanacht lena ghlacadh in 2022;(29) de bhrí go dtugtar de chúram ar an gCoiste Saineolaithe nuabhunaithe maidir le Coireacht a Chomhrac, dréachtmholadh ó Choiste na nAirí a ullmhú faoi dheireadh 2023 maidir leis an bhfuathchoireacht;

I.  de bhrí go gceadaítear leis an gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna tacaíocht sholúbtha dhíreach a thabhairt do ghníomhaithe na sochaí sibhialta a chuireann chun cinn agus a chosnaíonn na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach;

Tuarascáil 2021 ar an Smacht Reachta: breithnithe ginearálta

1.  á chur in iúl gur díol sásaimh di an dara tuarascáil bhliantúil maidir leis an smacht reachta ón gCoimisiún; á thabhairt dá haire go mbaineann an Pharlaimint úsáid rialta as an tuarascáil bhliantúil sin mar fhoinse faisnéise agus ionchuir, agus staid an smachta reachta i mBallstát sonrach á plé aici; á chur in iúl gur oth léi nár thug an Coimisiún aghaidh ar bhealach iomlán ar na moltaí a rinne an Pharlaimint ina rún an 24 Meitheamh 2021 maidir le Tuarascáil 2020 ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta, go háirithe an leathnú ar raon feidhme a thuarascálacha chun na luachanna uile a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE a chumhdach, an difreáil idir sáruithe sistéamacha agus aonair, agus measúnú trédhearcach níos doimhne, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a dhéanamh mar fhreagairt ar sháruithe; á mheas go bhfuil na moltaí sin fós bailí agus athdhearbhaíonn sí iad;

2.  á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil feidhmiú na gcóras ceartais, an creat frithéillithe, iolrachas na meán agus saincheisteanna institiúideacha áirithe a bhaineann le córas srianta agus ceartúchán, lena n-áirítear go pointe áirithe, an spás sibhialta, go léir mar chuid den tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiúin; á chur in iúl gur oth léi, áfach, nár cumhdaíodh saincheisteanna uile an smachta reachta ar bhealach a bhí mionsonraithe agus leathan go leor i dtuarascáil 2021; á mholadh go ndéanfadh an Coimisiún anailís ar shaincheisteanna a bhaineann leis an smacht reachta i ngach colún ó dhearcadh na luachanna uile a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE agus na gceart bunúsach mar a thuairiscítear sa Chairt; á iarraidh go n-áireofaí sa tuarascáil bhliantúil gnéithe tábhachtacha eile de Sheicliosta Smacht Reachta Choimisiún na Veinéise 2016, amhail mí-úsáid cumhachtaí a chosc, comhionannas os comhair an dlí agus neamh-idirdhealú agus rochtain ar cheartas lena n-áirítear gnéithe den cheart chun triail chóir a fháil; á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún meastóireacht ar dhálaí i bpríosúin a áireamh i dtuarascálacha amach anseo;

3.  á thabhairt dá haire agus is díol sásaimh di go bhfuil caibidlí tírshonracha sa tuarascáil; ag moladh iarrachtaí an Choimisiúin dul i mbun plé le rialtais náisiúnta, le parlaimintí náisiúnta agus le Parlaimint na hEorpa, chomh maith leis an tsochaí shibhialta agus le gníomhaithe náisiúnta eile; á iarraidh ar na Ballstáit comhoibriú go réamhghníomhach leis an gCoimisiún agus a n-aighneachtaí i scríbhinn a chur ar fáil don phobal, ionas go mbeidh saineolaithe neamhspleácha agus grúpaí sochaí sibhialta in ann fíricí a sheiceáil agus freagairt orthu agus trédhearcacht iomlán a áirithiú; á mholadh don gCoimisiún leanúint den anailís a dhoimhniú, agus á iarraidh ar an gCoimisiún acmhainní cuí a áirithiú lena aghaidh sin, lena n-áirítear acmhainní daonna, chun iarracht a dhéanamh raon leathan éagsúil geallsealbhóirí a bhaint amach; á chreidiúint gur cheart níos mó ama a chur i leataobh do chuairteanna an Choimisiúin ar thíortha, agus an tábhacht a mheastar leo a mhéadú, lena n-áirítear cuairteanna ar an láthair; á iarraidh ar an gCoimisiún feasacht níos mó a mhúscailt i measc an phobail maidir leis na cuairteanna sin chun cultúr an smachta reachta a chothú ar an leibhéal náisiúnta; á chur in iúl gur geal léi na cuairteanna a thug an Coimisiún ar na parlaimintí náisiúnta chun torthaí na tuarascála a chur i láthair;

Modheolaíocht

4.  á chur i bhfáth go ndéantar grinnscrúdú ar na Ballstáit uile i gcomhréir leis na táscairí céanna agus an mhodheolaíocht chéanna, gan aon idirdhealú a dhéanamh i gcoinne aon Bhallstáit; á iarraidh ar an gCoimisiún mionléiriú a dhéanamh ar na táscairí a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar staid an smachta reachta sna mBallstát; á iarraidh ar an gCoimisiún Seachtain Luachanna AE gach mí Mheán Fómhair a bhunú, lena linn a gcuirfí an tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na bparlaimintí náisiúnta ag an am céanna agus ina gcomhtháthofaí ar bhealach níos fearr í laistigh de Scórchlár Ceartais AE, den tuarascáil ar chearta bunúsacha Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, agus d’Fhaireachán Iolrachas na Meán; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil an tuarascáil ar an smacht reachta ag fónamh faoi láthair mar dhoiciméadacht thuairisciúil ar an staid sna Ballstáit, ach gur cheart gur ionstraim anailíseach agus saintreorach a bheadh inti chun a cuspóirí coisctheacha agus maolaithe a chomhlíonadh; á chur i bhfáth go bhfuil gá le hanailís chuimsitheach agus meastóireacht fhoriomlán ar an smacht reachta sna Ballstáit chun anailís chríochnúil a dhéanamh ar staid na himeartha sna Ballstáit; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil an baol ann go ndéanfadh easnaimh nó sáruithe de chineál nó déine éagsúil beag is fiú de na sáruithe is tromchúisí ar an smacht reachta; ag tathant ar an gCoimisiún idirdhealú a dhéanamh idir a thuairisciú tríd an éagsúlacht a léiriú ar bhealach níos soiléire agus níos sothuigthe idir sáruithe sistéamacha agus sáruithe d’aon ghnó ar an smacht reachta agus sáruithe aonair;

5.  á chur in iúl gur oth léi nach n-aithnítear go soiléir sa tuarascáil an próiseas lena ndéantar cúlú ar an smacht reachta d’aonghnó i dtíortha atá faoi réir nósanna imeachta leanúnacha Airteagal 7(1) CAE, go háirithe sa Pholainn agus san Ungáir, agus easnaimh sa smacht i roinnt Ballstát reachta a shainaithint; á iarraidh ar an gCoimisiún a shoiléiriú nuair a dhéantar sárú ar luachanna Airteagal 2 CAE go córasach, d’aon ghnó, go tromchúiseach agus go buan thar thréimhse ama, go bhféadfadh teip ar na Ballstáit na critéir uile lena sainítear cad is daonlathas ann a chomhlíonadh agus go bhféadfadh siad athrú ina réimis fhorlámhacha;

6.  á chur in iúl gur oth léi gur ghá don Choimisiún roinnt Ballstát, go háirithe an Ungáir agus an Pholainn, a lua roinnt uaireanta mar phointí imní sa tuarascáil sintéise agus nach ndearnadh aon fheabhsú inbhraite ó foilsíodh an tuarascáil; á mheabhrú go bhfuil aghaidh tugtha ag an bParlaimint freisin, ó mhí an Mheithimh 2021, ar staid an smachta reachta san Ungáir, sa Pholainn agus sa tSlóivéin ina rúin iomlánacha; á mheabhrú thairis sin gur thug Coiste na Parlaiminte um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, an Grúpa Faireacháin um an Smacht Reachta agus um Chearta Bunúsacha agus an Coiste um Rialú Buiséadach aghaidh freisin ar fhadhbanna i roinnt Ballstát; á chur i bhfáth, tar éis roinnt toscaireachtaí ad-hoc a bheith curtha i gcrích chuig roinnt de na Ballstáit sin, gur léir anois go bhfuil staid an smachta reachta, an daonlathais agus na gceart bunúsach sna Ballstáit sin i bhfad níos measa ná mar a chuir an Coimisiún síos air sa tuarascáil uaidh; á chreidiúint gur cheart don Choimisiún measúnú níos cuimsithí a dhéanamh ar na heilimintí céanna i gcaibidlí uile na dtíortha chun tíortha ina bhfuil cúlú á dhéanamh a shainaithint ar bhealach níos fearr;

7.  á iarraidh ar an gCoimisiún caibidil gach tíre a thabhairt i gcrích le measúnú ar fheidhmíocht na mBallstát i leith cholúin aonair na tuarascála, lena léirítear a mhéid a comhlíonadh coinníollacha an Rialacháin maidir le Comhréireacht maidir leis an Smacht Reachta; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún, i dteannta an mheasúnaithe cháilíochtúil, innéacs smachta reachta a fhorbairt do na colúin éagsúla bunaithe ar chóras atá oibiachtúil, inrochtana, trédhearcach, inléite agus neamh-idirdhealaitheach, a bheidh le déanamh ag saineolaithe neamhspleácha, rud a d’fhéadfadh leibhéal na hurraime don smacht reachta sna Ballstáit a chur in iúl;

8.  á mheas gur cheart go sainaithneofaí sa tuarascáil bhliantúil treochtaí trasghearrtha ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear leochaileachtaí sistéamacha a d’fhéadfadh a bheith ann; á iarraidh ar an gCoimisiún cásanna a shainaithint ina ndéantar eiseamláirí de bhearta nó de chleachtais a bhaineann an bonn den smacht reachta i mBallstát amháin, nó ina bhfuil an baol ann go ndéanfaí eiseamláirí díobh do Bhallstáit eile; á thabhairt chun suntais go bhfuil an díriú d’aon ghnó ar chearta grúpaí mionlaigh tar éis dul i nirt i roinnt Ballstát, rud atá le feiceáil tríd an dul ar gcúl ar chearta na mban, cearta daoine LGBTIQ agus cearta grúpaí mionlaigh; á iarraidh ar an gCoimisiún, ina theannta sin, aird a tharraingt ar an éifeacht dhiúltach a d’fhéadfadh a bheith ag sáruithe ar an smacht reachta ar an Aontas ina iomláine;

9.  á mheas gur cheart dul níos faide sa tuarascáil ná léargais bhliantúla agus dearcadh atá ag forbairt agus atá dinimiciúil a thabhairt ar an urraim don smacht reachta nó an cúlú ar an smacht reachta atá i gcórais cheartais na mBallstát uile; ag moladh na hiarrachta a rinneadh i dtuarascáil 2021 chun an staid a chur i gcomparáid leis an staid i dtuarascáil 2020; á chreidiúint gur gá treochtaí dearfacha agus diúltacha a shainaithint go soiléir maidir le staid an smachta reachta agus anailís a chur ar fáil ar na cúiseanna bunúsacha leis sin;

10.  á mheas go mbeadh caibidil nua ar leith maidir le hinstitiúidí an Aontais inmhianaithe, ar caibidil i ina ndéanfaí measúnú ar an staid maidir le scaradh cumhachtaí, cuntasachta agus srianta agus ceartúchán;

Measúnú agus moltaí

11.  á mheas go bhféadfadh measúnuithe níos soiléire a bheith curtha ar fáil i dtuarascáil 2021, agus a lua an raibh easnaimh ann, an raibh baol ann go ndéanfaí sárú tromchúiseach nó an ndearnadh sárú iarbhír ar luachanna Airteagal 2 CAE i ngach ceann de na colúin a ndearnadh anailís orthu sna caibidlí tíre; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú ar na bearta uile maidir leis an smacht reachta a cuireadh chun feidhme an bhliain roimhe sin a chur san áireamh, agus anailís ar éifeachtacht na mbeart sin agus ar na bealaí ina bhféadfaí iad a fheabhsú ag gabháil leis; á iarraidh go ndéanfaí anailís níos comhtháite ar na hidirnaisc idir na ceithre cholún agus an chaoi a bhféadfadh sé gurb ionann easnaimh chomhcheangailte agus sáruithe ar luachanna Airteagal 2 CAE nó gurb ionann iad agus baol go sárófaí iad; á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé friotal díreach gan débhrí a úsáid, agus a thábhachtaí atá sé béim shoiléir a leagan ar an tsaincheist i dtrácht i gcomhréir le seasamh an Choimisiúin;

12.  á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún moltaí tírshonracha a áireamh i dtuarascáil 2022; á iarraidh ar an gCoimisiún spriocdhátaí maidir le cur chun feidhme, spriocanna agus gníomhaíochtaí nithiúla a bheidh le déanamh a chur leis na moltaí sin; á iarraidh ar an gCoimisiún faisnéis maidir leis an dul chun cinn a rinneadh i ndáil le cur chun feidhme a mholtaí a áireamh i dtuarascálacha ina dhiaidh sin, agus, ina theannta sin, í a bheith mar chuid den idirphlé struchtúrtha leis an bParlaimint le linn na bliana; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndírítear ina thuarascálacha bliantúla freisin ar aon mholtaí tírshonracha ábhartha don Seimeastar Eorpach, go háirithe na moltaí sin a bhaineann le neamhspleáchas na mbreithiúna agus an ionchúisitheora phoiblí agus leis an éilliú a chomhrac agus trédhearcacht agus sláine a áirithiú;

13.  ag moladh go gcuirfeadh an Coimisiún in iúl in éineacht le gach ceann dá mholtaí an liosta neamh-uileghabhálach d’uirlisí is iomchuí a úsáid ag institiúidí an Aontais i gcás nach ndéanfar na heasnaimh a leigheas; á iarraidh ar an gCoimisiún gan aon drogall a bheith air na huirlisí sin a úsáid, go háirithe nuair nach bhfuil aon mhuinín ann i gcur chun feidhme tapa na moltaí nó más baol go mbeadh tuilleadh meatha ann, gan fanacht leis an gcéad timthriall tuairiscithe bliantúil eile;

Raon feidhme

14.  á chur in iúl gur oth léi nach gcuimsítear go hiomlán, i dtuarascáil 2020 ná i dtuarascáil 2021, luachanna an daonlathais agus na gceart bunúsach de chuid Airteagal 2 CAE, ar luachanna iad a ndéantar difear dóibh láithreach nuair a thosaíonn tíortha ag déanamh cúlú ar an smacht reachta; á athdhearbhú gurb ann do nasc bunúsach idir an smacht reachta, an daonlathas agus cearta bunúsacha;

Córais cheartais

15.   ag cur béim ar an bhfíoras gur codanna ríthábhachtacha den smacht reachta iad cuntasacht bhreithiúnach, neamhspleáchas ionchúisimh agus breithiúnach, agus forfheidhmiú breithiúnas; á chur in iúl gur saoth léi na fadhbanna tromchúiseacha struchtúracha a bhaineann le neamhspleáchas breithiúnach i mBallstáit áirithe; á chur i bhfáth go bhfuil ról bunúsach ag na gairmeacha dlíthiúla maidir le cosaint na gceart bunúsach a áirithiú agus an smacht reachta a neartú; á iarraidh ar na Ballstáit breithiúna agus ionchúisitheoirí a chosaint ar ionsaithe polaitiúla agus ar bhrúnna lena ndéantar iarracht an bonn a bhaint dá gcuid oibre agus á áitiú nach mór do na Ballstáit dlí an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta maidir le neamhspleáchas breithiúnach a chomhlíonadh go hiomlán; á iarraidh ar an gCoimisiún moltaí nithiúla a chur isteach sa tuarascáil uaidh in 2022 chun neamhspleáchas na mbreithiúna a áirithiú sna Ballstáit uile, agus chun neamhspleáchas dlíodóirí agus cumann barra a chumhdach sa tuarascáil bhliantúil, ar an ábhar go bhfuil siad bunriachtanach do chórais cheartais neamhspleácha;

16.  á mheabhrú go bhfuil tosaíocht ag dlí an Aontais ar an dlí náisiúnta gan beann ar an gcaoi a n-eagraítear córais cheartais náisiúnta; á iarraidh ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar rialuithe na gcúirteanna náisiúnta maidir le tosaíocht dhlí AE ar reachtaíocht náisiúnta agus go háirithe neamh-chomhoiriúnacht airteagal áirithe de na Conarthaí le bunreachtanna náisiúnta; ag tathant ar an gCoimisiún freagairtí nithiúla, láithreacha agus leordhóthanacha a áirithiú do dhiúltuithe rialuithe ó CBAE a chur chun feidhme agus a urramú agus tuarascáil a thabhairt don Pharlaimint maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh ina leith sin;

17.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról tábhachtach ag comhairlí na mbreithiúna chun neamhspleáchas na mbreithiúna a choimirciú; á chur in iúl go bhfuil fadhbanna seanbhunaithe ag roinnt Ballstát maidir le comhdhéanamh a gcomhairlí de na breithiúna agus maidir le ceapadh na mbreithiúna, ar fadhbanna iad a mbíonn an baol ann uaireanta go ndéanfaí cur isteach polaitiúil míchuí orthu; á mholadh do na Ballstáit tuairim Choimisiún na Veinéise a iarraidh go córasach i gcás ina bhféachfaidh sé le comhdhéanamh agus feidhmiú na gcomhlachtaí sin a oiriúnú agus obair leantach a dhéanamh ar na moltaí sin; á mheas gur gá don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an obair leantach sin sa tuarascáil bhliantúil;

18.  á chur in iúl gur príomhghné í an tseirbhís ionchúisimh sa chomhrac i gcoinne na coireachta, an éillithe agus na mí-úsáide cumhachta; á chur i bhfáth gur gá coimircí a chur i bhfeidhm chun neamhspleáchas na seirbhíse ionchúisimh agus na n-ionchúisitheoirí aonair a chaomhnú ionas go mbeidh siad saor ó bhrú polaitiúil míchuí, go háirithe ón rialtas, agus coinníollacha riachtanacha cuntasachta á gcomhlíonadh acu chun mí-úsáid nó faillí a chosc; ag cur a dlúthpháirtíochta iomláine agus a tacaíochta iomláine d’íospartaigh uile na sceimhlitheoireachta in iúl;

19.   á chur i bhfios nach amháin go mbaineann cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí SLAPPanna an bonn go mór ón gceart chun rochtana éifeachtaí ar cheartas atá ag a n-íospartaigh, agus dá bhrí sin ón smacht reachta, ach gur mí-úsáid iad freisin ar chórais cheartais agus creataí dlí na mBallstát, go háirithe trí bhac a chur ar chumas na mBallstát aghaidh a thabhairt go rathúil ar dhúshláin atá ann cheana amhail fad na n-imeachtaí agus cáilíocht na gcóras ceartais, mar aon le riar na gcásanna agus riaráistí na gcásanna;

Creat frithéillithe

20.  ag athdhearbhú a tuairime gur bagairt thromchúiseach é an t-éilliú, don daonlathas, do chistí Eorpacha agus don smacht reachta; á chur in iúl gur cúis mhór imní di an méadú atá ag teacht ar an éilliú agus ar an meath i mBallstáit áirithe, teacht chun cinn leanúnach na gcásanna éillithe lena mbaineann oifigigh ardleibhéil agus polaiteoirí agus insíothlú na coireachta eagraithe sa gheilleagar agus san earnáil phoiblí; á chur in iúl gur geal léi an fhaisnéis a áirítear i dtuarascáil 2021 ar an smacht reachta maidir leis an ábhar sin agus á iarraidh go ndéanfar soiléiriú i dtuarascálacha amach anseo maidir le cibé an ndearnadh difear do chistí AE;

21.   ag tathant ar an gCoimisiún beartas agus ionstraimí frithéillithe an Aontais a nuashonrú agus a fheabhsú, lena n-áirítear trí shainmhíniú aonfhoirmeach a sholáthar ar choir an éillithe agus trí chaighdeáin agus tagarmharcanna comhchoiteanna a chruthú agus trína gcur chun feidhme agus a bhforfheidhmiú cuí a áirithiú; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé do na Ballstáit dul i dteagmháil le OIPE agus tacú go gníomhach lena chúraimí; á iarraidh ar Bhallstáit nach ndeachaigh isteach in OIPE go fóill déanamh amhlaidh; á chur in iúl gur geal léi gur sheol an Coimisiún litreacha fógra foirmiúil chuig beagnach gach Ballstát mar gheall ar nach ndearnadh an Treoir um Chosaint na Sceithirí(30) a thrasuí;

Saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, saoirse agus iolrachas na meán

22.  á mheabhrú, maidir le saoirse agus iolrachas na meán, lena n-áirítear meáin nuachta ardcháilíochta, atá maoinithe ar bhealach inbhuanaithe agus trédhearcach, agus neamhspleách, idir na meáin thraidisiúnta agus na meáin dhigiteacha, le hiriseoirí neamhspleácha, seiceálaithe fíoras agus taighdeoirí, agus meáin láidre seirbhíse poiblí, go bhfuil siad ríthábhachtach don daonlathas, gur ráthú iad i gcoinne mhí-úsáid na cumhachta agus gurb iad an leigheas is fearr ar an mbréagaisnéis iad; á chur in iúl go bhfuil imní uirthi maidir le neamhspleáchas polaitiúil na meán i roinnt Ballstát mar go léiríonn tuairimí eagarthóireachta an deighilt láidir atá ann sa saol polaitiúil;

23.  á chur in iúl gur cúis mhór imní di go bhfuil an timpeallacht ina bhfuil iriseoirí agus gníomhaithe na meán ag feidhmiú ag éirí níos naimhdí laistigh de roinnt mhaith Ballstát, go háirithe nuair a dhíríonn a gcuid oibre ar mhí-úsáid cumhachta, ar éilliú, ar sháruithe ar chearta bunúsacha agus ar ghníomhaíochtaí coiriúla; á mheabhrú go bhfuil méadú ag teacht ar an imeaglú, na bagairtí (lena n-áirítear ar na meáin shóisialta), na cúisimh choiriúla, na hionsaithe fisiciúla, na teagmhais fhoréigneacha agus na dúnmharuithe atá á bhfulaingt ag iriseoirí agus eagraíochtaí na meán i roinnt Ballstát; ag cáineadh na straitéisí leatromacha a úsáideann rialtais i roinnt Ballstát amhail úsáid SLAPPanna agus feachtais chlúmhillte, chomh maith le rialú méadaitheach ag an stát ar na meáin phoiblí, ar an tsochaí shibhialta agus ar institiúidí acadúla, as a n-eascraíonn féinchinsireacht agus meathlú méadaitheach ar shaoirse na meán agus ar shaoirse acadúil; á mheabhrú, tráth a feallmharaíodh í, go raibh 47 gcás dlí clúmhillte idir shibhialta agus choiriúla os comhair an iriseora iniúchta Daphne Caruana Galizia, ar cásanna iad a bhfuil go leor acu fós os comhair a teaghlaigh; ag tabhairt rabhadh go bhféadfadh na heachtraí doghlactha sin a bheith ina gcúis le beaguchtach maidir le saoirse chun cainte agus saoirse an phreasa agus nár cheart go gceadófaí fasach a leagan síos leo laistigh den Aontas agus do thíortha is iarrthóirí agus do thíortha is iarrthóirí ionchasacha araon;

24.  á chur in iúl gur oth léi nach léirítear i dtuarascáil 2021 a thromchúisí atá na treochtaí sin, go háirithe a mhéid a bhaineann le rialú stáit, le cásanna dlí straitéiseacha agus le feachtais chlúmhillte a dtéann Ballstáit áirithe ina mbun; ag tathant ar an gCoimisiún feabhas a chur ar na caibidlí a bhaineann leis na meáin trí mheasúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht na gcreataí náisiúnta chun saoirse na meán, iolrachas na meán agus trédhearcacht úinéireacht na meán a chosaint, reachtaíocht de chuid an Aontais a thabhairt isteach i gcoinne úsáid SLAPPanna lena mbunaítear íoschaighdeáin agus creat uaillmhianach dlí a thíolacadh chun cur i gcoinne pholaitiú méadaitheach na meán i mBallstáit áirithe san Acht um Shaoirse na Meán atá ar na bacáin; á chur i bhfáth gur cheart go n-áireofaí sa tuarascáil measúnú críochnúil ar neamhspleáchas rialtóirí seirbhísí meán closamhairc na mBallstát, nach mór dóibh, faoi dhlí an Aontais, a bheith neamhspleách ar a rialtais faoi seach; á iarraidh ar an gCoimisiún cistiú breise agus níos solúbtha a áirithiú d’iriseoireacht iniúchta neamhspleách san Aontas;

25.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá meáin na seirbhíse poiblí atá neamhspleách ó thaobh na eagarthóireachta de chun clúdach ardchaighdeáin, neamhchlaonta agus saor ar ghnóthaí poiblí a chur ar fáil, go háirithe nuair a bhíonn toghcháin ar siúl; á iarraidh ar na Ballstáit cistiú cobhsaí, oscailte, trédhearcach, inbhuanaithe agus leordhóthanach a áirithiú do mheáin na seirbhíse poiblí ar bhonn ilbhliantúil chun a gcáilíocht agus a neamhspleáchas ó bhrúnna rialtais, polaitiúla, eacnamaíocha agus eile a ráthú; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil meáin na seirbhíse poiblí fágtha ar lár sa tuarascáil bhliantúil; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú críochnúil a dhéanamh ar mheáin na seirbhíse poiblí sna tuarascálacha uaidh amach anseo;

26.  á thabhairt faoi deara gur bagairt don daonlathas agus don smacht reachta san Aontas í an bhréagnuacht agus an mhífhaisnéis a thagann as sin agus atá dírithe ar shaoránaigh an Aontais, ós rud é go ndéanann scaipeadh na bréagaisnéise an daonlathas a dheighilt agus a lagú; á chur in iúl gur geal léi an cur síos a rinne an Coimisiún sa tuarascáil bhliantúil maidir le brú agus tionchar polaitiúil ar na meáin agus á iarraidh ar an gCoimisiún cur síos níos soiléire a dhéanamh ar na feachtais chórasacha bréagaisnéise agus ar an trasnaíocht eachtrach a bhfuil sé mar aidhm leo muinín an phobail as institiúidí stáit agus as na meáin neamhspleácha a laghdú; á aithint go bhféadfadh tionchar ollmhór suaiteach ar earnáil na meán a bheith ag ardáin dhomhanda ar líne; á chur i bhfáth, i ndáil leis sin, nach ndéantar foráil iomlán sa reachtaíocht reatha do thimpeallacht chothrom san éiceachóras ar líne, amhail sa chomhrac i gcoinne na bréagaisnéise agus ar son na cuntasachta algartamaí; á mheas gur chéim sa treo ceart é reachtaíocht ábhartha a ghlacadh, go háirithe an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha agus an Ionstraim um Margaí Digiteacha, ach gur gá níos mó a dhéanamh san Ionstraim Eorpach um na Meáin chun dálaí cothroma a chruthú i bhfianaise chlaochlú digiteach earnáil na meán agus scaipeadh na n-ardán ar líne;

27.  á chur i bhfáth go bhfuil dlúthbhaint ag saoirse na meán le saoirse ealaíne agus acadúil; á cháineadh go láidir go bhfuil an tsaoirse cainte, saoirse na n-ealaíon agus saoirse comhthionóil, i roinnt Ballstát, ciorraithe agus srianta go mór; á chur i bhfios go láidir go mbíonn neamhspleáchas na gcóras oideachais faoi bhagairt aon uair nach ráthaítear struchtúr eagrúcháin uathrialach a chuid institiúidí; á iarraidh ar an gCoimisiún gach gné den tsaoirse cainte a áireamh ina thuarascáil ar an smacht reachta;

Daonlathas agus srianta agus ceartúcháin

28.  ag cosaint an tseasaimh go bhfuil prionsabal scaradh na gcumhachtaí bunriachtanach d’fheidhmiú éifeachtach an stáit, lena n-áirítear feidhmiú éifeachtach, neamhspleách, neamhchlaonta agus éifeachtúil na gcóras ceartais ar fud an Aontais, agus go n-éilítear leis sin go staonfadh institiúidí ó aon bhrú a chur ar bhreithiúna agus ar ionchúisitheoirí, go háirithe brú ó leibhéil polaitiúla agus eacnamaíocha;

29.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil toghcháin chothroma agus shaora i measc na gcaighdeán is ísle ar fad is gá le haghaidh daonlathas feidhmiúil a bheith ann agus gur cheart gach próiseas toghcháin san Aontas a bheith gan tionchar míchuí ná neamhrialtachtaí míchuí; á chur i bhfáth, i gcás an bharúil ó ESCE nach raibh toghcháin ar siúl ar bhealach cothrom agus saor, nach mór gníomhaíochtaí nithiúla a dhéanamh, lena n-áirítear faoi nós imeachta Airteagal 7(1) CAE; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit gach beart is gá a dhéanamh nuair a shainaithnítear an riosca cúblála ar thoghcháin i mBallstát, bíodh sin ag gníomhaithe stáit, gníomhaithe eachtracha nó gníomhaithe príobháideacha;

30.  á mheabhrú gur gné lárnach de shochaí shaor agus dhaonlathach é saoirsí bunúsacha a fheidhmiú, lena n-áirítear an ceart chun cáineadh a dhéanamh go poiblí; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an spás do na saoránaigh a bheith ag dul i laghad i mBallstáit éagsúla, rud a léirítear trí úsáid SLAPPanna i gcoinne na meán agus i gcoinne iriseoirí, cosantóirí chearta an duine, gníomhaithe agus lucht gníomhaíochta na sochaí sibhialta, agus lucht an fhreasúra pholaitiúil, agus faireachas a bheith á dhéanamh orthu siúd; á chur in iúl gur geal léi an gealltanas a thug an Coimisiúin treoir a mholadh i gcoinne mí-úsáid na dlíthíochta lena spriocdhírítear ar iriseoirí agus ar chosantóirí chearta an duine agus á chur i bhfios go láidir nach mór don raon feidhme a bheith cuimsitheach go leor chun iad siúd uile ar cosantóirí chearta an duine iad, lena n-áirítear gníomhaithe aonair, a chuimsiú;

31.  á chur i bhfáth gur bagairt dhíreach don daonlathas, don smacht reachta agus do chearta an duine é úsáid neamhdhleathach Pegasus agus spiairearraí comhionanna ag na Ballstáit i gcoinne iriseoirí, dlíodóirí agus polaiteoirí den fhreasúra agus daoine eile; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar mhí-úsáid uirlisí faireachais agus ar a tionchar ar phróisis dhaonlathacha laistigh den Aontas chomh maith le sáruithe féideartha ar luachanna Airteagal 2 CAE agus ar an gCairt;

32.  á chreidiúint gur cheart go mbeadh caibidil ar leith sa tuarascáil maidir le staid an spáis shibhialta sna Ballstáit agus maidir le ‘Innéacs Eorpach Spás na Sochaí Sibhialta’ a chruthú, i bhfianaise a thábhachtaí atá an tsochaí shibhialta chun sochaí atá iomlán dhaonlathach agus chuimsitheach a choinneáil, bunaithe ar urraim do chearta an duine agus ag féachaint do na dúshláin atá os comhair na sochaí sibhialta i mBallstáit éagsúla, lena n-áirítear bearta reachtacha agus riaracháin, rochtain theoranta ar chistiú agus feachtais chlúmhillte;

33.  á mholadh go ndéanfadh an Coimisiún ceathrú colún na tuarascála bliantúla maidir le ‘saincheisteanna institiúideacha eile atá nasctha le srianta agus ceartúcháin’ a fhorbairt ina cholún maidir leis an daonlathas agus srianta agus ceartúcháin, lena ndéanfaí measúnú ar ghnéithe amhail bagairtí féideartha ar phróisis dhaonlathacha san Aontas agus sna Ballstáit, lena n-áirítear ionramháil toghchán;

Tionchar bhearta COVID-19 ar an daonlathas, ar an smacht reachta agus ar chearta bunúsacha

34.  á mheabhrú go raibh tionchar mór ag na beart a bhain le paindéim COVID-19, lena n-áirítear córais éigeandála agus dlíthe foraithne, ar an daonlathas, ar an smacht reachta agus ar chearta bunúsacha laistigh den Aontas, go háirithe i réimsí an cheartais, shaoirse na meán agus an fhrithéillithe;

35.  á chur in iúl gur oth léi cineál agus úsáid iomarcach na mbeart éigeandála le linn phaindéim COVID-19 agus nach raibh rialaithe ex-post déanta ag roinnt parlaimintí náisiúnta ar na bearta sin, agus gur dúnadh parlaimintí fiú in go leor Ballstát, rud a mhéadaigh cumhacht na rialtas agus a raibh easpa chuntasacht agus thrédhearcacht an fheidhmeannais mar thoradh air;

36.  á mheabhrú go raibh tionchar diúltach ag paindéim COVID-19 ar rochtain ar an gceartas agus ar éifeachtúlacht na gcúirteanna náisiúnta araon, lena n-áirítear dúnadh páirteach cúirteanna náisiúnta; á thabhairt chun suntais gur léiríodh leis an staid urghnách a bhí ann de dheasca na paindéime go bhfuil géarghá le himeachtaí ceartais a nuachóiriú agus le gnéithe digiteacha a thabhairt isteach chun éifeachtúlacht na gcóras ceartais a mhéadú agus rochtain ar chúnamh dlí agus ar fhaisnéis a éascú;

37.  á chur in iúl gur geal léi go bhfuil roinn sa tuarascáil maidir le tionchar phaindéim COVID-19 ar an smacht reachta; á chur i bhfáth gur cheart leanúint le faireachán a dhéanamh ar úsáid agus ar chomhréireacht na mbeart sin go dtí go gcuirfear deireadh leis na bearta uile gan aon eisceacht; á thabhairt dá haire, maidir leis sin, go bhfuil baol ann go mbainfí mí-úsáid as cistí ó Shaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an Aontais; á athdhearbhú nach féidir na cistí sin a dháileadh go dtí go dtabharfar aghaidh go hiomlán ar na hábhair imní sin; ag tathant ar an gCoimisiún a mheas in am trátha an amhlaidh i ndáiríre a bhí na bearta a rinne na Ballstáit teoranta ó thaobh ama de, an raibh siad riachtanach agus comhréireach, agus an raibh srianta agus ceartúcháin i bhfeidhm agus iad á ndéanamh; á iarraidh ar an gCoimisiún moltaí a leagan amach chun cabhrú leis na Ballstáit tionchar diúltach na paindéime i réimsí an cheartais, an fhrith-éillithe agus shaoirse na meán a mhaolú;

Cearta bunúsacha agus comhionannas

38.  á chur i bhfáth, agus é ina chúis imní di, maidir le mná agus daoine i gcásanna leochaileacha, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, leanaí, mionlaigh reiligiúnacha, go háirithe tráth atá an frith-Sheimíteachas, an frithghiofógachas agus an fuath frith-Mhuslamach ag méadú san Eoraip, daoine Romacha, daoine de bhunadh na hAfraice agus na hÁise agus daoine eile a bhaineann le mionlaigh eitneacha agus teanga, imircigh, iarrthóirí tearmainn, dídeanaithe, daoine LGBTIQ agus daoine scothaosta, go háirithe daoine a bhfuil cónaí orthu i lonnaíochtaí imeallaithe, nach bhfuil cearta na mban sin agus cearta na ndaoine sin i gcásanna leochaileacha á n-urramú go hiomlán go fóill ar fud an Aontais agus go bhfuil siad ag fulaingt go fóill mar gheall ar chleachtais idirdhealaitheacha; ag leagan béim ar an nasc soiléir idir caighdeáin an smachta reachta a bheith ag dul in olcas agus sáruithe ar chearta bunúsacha agus ar chearta mionlaigh, amhail úsáid fornirt iomarcaigh ag údaráis forfheidhmithe dlí le linn agóidí agus ag teorainneacha an Aontais; á mheabhrú, i gcásanna áirithe, go dtéann na Ballstáit i muinín beart d’aon ghnó a bhfuil amhras fúthu ó thaobh an smachta reachta de, amhail reachtaíocht a ghlactar trí nósanna imeachta meara gan comhairliúchán poiblí nó fiú, i gcásanna eisceachtúla, athruithe bunreachtúla mar bhealach chun beartais idirdhealaitheacha a dhlisteanú, ar beartais iad nach bhféadfaí a reachtú murach sin, amhail forálacha lena spriocdhírítear go sonrach ar dhaoine LGBTIQ nó toirmeasc beagnach iomlán a fhorchur ar an nginmhilleadh; á mheabhrú go bhfuil freagracht ar na Ballstáit i leith daoine aonair a chuirtear i gcásanna leochaileacha agus gur cheart dóibh sábháilteacht agus cosaint ar idirdhealú a thabhairt dóibh; á iarraidh go láidir an athuair ar an gCoimisiún measúnú domhain ar na sáruithe leanúnacha ar chearta bunúsacha ar fud an Aontais a chur san áireamh laistigh de raon feidhme tuarascálacha amach anseo, lena comhionannas agus cearta daoine a bhaineann le mionlaigh; á iarraidh ar institiúidí an Aontais, idir an dá linn, na tuarascálacha bliantúla maidir leis an smacht reachta a léamh i bhfianaise na dtuarascálacha maidir le cearta bunúsacha arna bhfoilsiú ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha;

39.  á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil an Cinneadh Réime ón gComhairle maidir le Ciníochas agus Seineafóibe(31) ionchorpraithe go hiomlán agus i gceart sa dlí náisiúnta ag roinnt Ballstát, agus nach bhfuil forálacha na Treorach maidir le Comhionannas Ciníocha(32) á gcur chun feidhme ina n-iomláine go fóill sna Ballstáit uile; á mholadh go dtabharfaí níos mó airde ar dhioscúrsaí polaitiúla agus meán a spreagann fuath i gcoinne mionlach agus ar an tionchar díreach a bhíonn acu sin ar dhlíthe nó cleachtais idirdhealaitheacha a bheith á nglacadh nó ar chleachtais lena mbaintear den smacht reachta do chách, lena n-áirítear i réimse na frithsceimhlitheoireachta agus na mbeartas slándála i bhfianaise rún George Floyd(33) a ghlac an Pharlaimint in 2020;

40.  á chur in iúl gur cúis imní ar leith di an meathlú atá tagtha ar staid na sláinte gnéis agus atáirgthe agus ar chearta na mban i roinnt Ballstát, lena n-áirítear dlíthe an-sriantacha a fhorchur ar an nginmhilleadh, agus na hionsaithe córasacha agus leanúnacha ar chearta bunúsacha daoine LGBTIQ, rud atá á atreisíodh le meathlú an smachta reachta i roinnt Ballstát; á chur in iúl gur oth léi nach léirítear na cúrsaí sin go comhsheasmhach sa tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an smacht reachta; á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt go córasach ar na saincheisteanna sin sna tuarascálacha tíre ábhartha uile agus sa tuarascáil sintéise;

41.  á chur in iúl gur díol sásaimh di na nósanna imeachta maidir le sárú a thionscain an Coimisiún i ndáil leis an Ungáir agus an Pholainn mar chuid den phacáiste maidir le sárú i mí Iúil 2021 a bhaineann le hurraim do chearta daonna daoine LGBTIQ agus sáruithe ar dhlí an Aontais; á thabhairt dá haire gurb é sin an chéad uair a chuir an Coimisiún tús le nósanna imeachta um shárú chun cearta daoine LGBTIQ a choimirciú;

42.  ag cur suntas, agus iad ina gcúis imní di, sna tuarascálacha iomadúla maidir le sáruithe suntasacha córasacha ar chearta bunúsacha imirceach agus iarrthóirí tearmainn ar fud an Aontais agus go háirithe ag a theorainneacha seachtracha; á chur in iúl gur saoth léi gurb amhlaidh a ghlac roinnt Ballstát reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear srian mór ar chearta na n-iarrthóirí tearmainn agus, i gcásanna áirithe, ar bagairt í fiú ar phrionsabal an non-refoulement agus ar an gceart chun leigheas éifeachtach a fháil; á chur in iúl gur oth léi, in ainneoin iarrataí ón bParlaimint, nár chuir an Coimisiún bailchríoch ar a mheasúnú ar chomhoiriúnacht an iliomad beart reachtach náisiúnta i réimse an tearmainn agus na himirce le dlí an Aontais; á athdhearbhú gur cuid dhílis d’fheidhmiú cuí an smachta reachta é cearta bunúsacha amhail na cearta chun tearmainn agus chun leighis éifeachtaigh a urramú;

Foinsí

43.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-idirphlé rialta, cuimsitheach agus struchtúrtha le rialtais agus le parlaimintí náisiúnta, ENRanna, institiúidí náisiúnta chearta an duine, ombudsmain, comhlachtaí comhionannais, cumainn ghairmiúla agus geallsealbhóirí eile a neartú tuilleadh agus á iarraidh air a bheith níos trédhearcaí maidir leis na critéir a úsáidtear chun faisnéis ó na geallsealbhóirí sin a roghnú agus a thuarascálacha bliantúla á ndréachtú aige; á mheas gur cheart dlúthbhaint a bheith ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta le gach céim den timthriall athbhreithnithe trí phróiseas trédhearcach, bunaithe ar chritéir shoiléire; á thabhairt chun suntais, dá rachfaí i mbun comhairliúcháin struchtúrtha de réir téama; go méadófaí éifeachtúlacht an phróisis agus an méid aiseolais luachmhair a gheofaí; á chur in iúl gur geal léi go gcuireann an ceistneoir comhairliúcháin ar chumas na ngeallsealbhóirí anois gnéithe a thuairisciú thar an raon feidhme atá beartaithe ag an gCoimisiún, agus á iarraidh ar an gCoimisiún struchtúr na dtuarascálacha náisiúnta a oiriúnú más gá; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar uirlisí ar líne le haghaidh ionchur ó gheallsealbhóirí agus feabhas a chur orthu agus a bheith solúbtha maidir leis na teorainneacha ar an spás atá ar fáil;

44.  á mheas go raibh na teorainneacha ama le haghaidh comhairliúcháin leis an tsochaí shibhialta róghearr nó míthráthúil san am a chuaigh thart agus gur cheart iad a oiriúnú go fóirsteanach agus a dhéanamh solúbtha chun lamháil d’ionchur iomlán agus cuimsitheach; á thabhairt le fios go bhfuil sé níos deacra ar gheallsealbhóirí a n-ionchur agus a ngníomhaíochtaí múscailte feasachta a ullmhú agus a phleanáil, agus na teorainneacha ar a n-acmhainneachtaí agus ar a n-acmhainní airgeadais á gcur san áireamh, go háirithe má tharlaíonn an comhairliúchán i gcomhthráth le laethanta saoire bliantúla; á iarraidh an gCoimisiún deis comhairliúcháin ar feadh na bliana a thabhairt isteach don tsochaí shibhialta seachas díriú go príomha ar ghlaonna ar ionchur atá teoranta ó thaobh ama de; á chur in iúl gur díol sásaimh di go gceadaíonn an Coimisiún aighneachtaí ilteangacha i dteangacha oifigiúla uile an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún a amlíne don tuarascáil atá ar na bacáin a shainiú agus a fhoilsiú roimh ré, agus dátaí á leagan síos do na céimeanna éagsúla sa phróiseas lena n-áirítear féilire de chuairteanna tíre chomh maith le dáta foilsithe na tuarascála; á thabhairt dá haire gur féidir bunús breise a thabhairt don chomhairliúchán agus á mholadh don Choimisiún obair leantach a dhéanamh le gníomhaithe na sochaí sibhialta maidir leis an ionchur a chuirfidh siad ar fáil;

45.  á mholadh don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar obair leantach chuí, faoi chuimsiú bheart na tuarascála bliantúla, ar achainíocha agus ábhair eile a léireoidh na saoránaigh aonair imní ina leith agus ar theistiméireachtaí maidir le heasnaimh smachta reachta; á chreidiúint, d’fhonn cultúr an smachta reachta agus rannpháirtíocht institiúidí an Aontais leis na saoránaigh a neartú, gur cheart fóraim agus struchtúir rannpháirtíochta a chur ar bonn chun treochtaí a shainaithint agus infheictheacht níos mó a thabhairt ar fud an Aontais maidir leis na bagairtí agus na heasnaimh agus na sáruithe ar na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE;

46.  á mheabhrú gur cheart don Choimisiún leanúint d’fhaisnéis ábhartha ó fhoinsí ábhartha agus ó institiúidí aitheanta a chur san áireamh ar bhealach córasach; á mheabhrú gur cheart torthaí na gcomhlachtaí ábhartha idirnáisiúnta, amhail na cinn sin atá faoi choimirce na Náisiún Aontaithe, ESCE agus Chomhairle na hEorpa, a chur san áireamh; á iarraidh ar an gCoimisiún na sonraí agus na torthaí ó innéacsanna ábhartha amhail an tionscadal um Tháscairí Rialachais Dhomhanda (WGI), Innéacs an Tionscadail Dhomhanda um Smacht Reachta agus na Cineálacha Daonlathais (V-DEM) a chur san áireamh ar bhealach níos fearr;

47.  á chur in iúl gur geal léi an comhaontú ón gComhairle maidir le sainordú Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) a mhodhnú mar chéim chun tosaigh; á iarraidh ar an gCoimisiún leas a bhaint as an móiminteam sin agus á iarraidh ar FRA comhairle modheolaíochta a sholáthar agus taighde comparáideach a dhéanamh chun mionsonraí a chur le príomhréimsí den tuarascáil bhliantúil, á chur san áireamh go bhfuil naisc bhunúsacha idir an ceart chun triail chóir a fháil, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus cearta bunúsacha eile agus an smacht reachta, chomh maith leis an ionchur a thagann cheana ón nGníomhaireacht, mar shampla trí EFRIS agus a chuid tuarascálacha maidir le spás sibhialta;

48.  á mheas go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le comhar le Comhairle na hEorpa agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile chun an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha in AE a chur chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh go córasach ar shonraí maidir le neamhchomhlíonadh bhreithiúnais na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine (ECtHR) agus maidir le tuairimí Chomhlachtaí Conartha na Náisiún Aontaithe maidir le teachtaireachtaí aonair;

An sásra um an daonlathas, um an smacht reachta agus um chearta bunúsacha

49.  á chur in iúl gur oth léi drogall an Choimisiúin agus na Comhairle freagairt dhearfach a thabhairt ar iarraidh na Parlaiminte, i rún uaithi an 7 Deireadh Fómhair 2020, ar shásra comhpháirteach AE um an daonlathas, um an smacht reachta agus um chearta bunúsacha, lenar cheart raon feidhme iomlán luachanna Airteagal 2 CAE a chumhdach; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle tús a chur láithreach le caibidlíochtaí leis an bParlaimint maidir leis an gcomhaontú idirinstitiúideach;

50.  á mheabhrú a seasamh maidir le rannpháirtíocht painéil saineolaithe neamhspleácha chun comhairle a thabhairt do na trí institiúid, i ndlúthchomhar le FRA; á iarraidh ar a Biúró, i bhfianaise dhrogall an Choimisiúin agus na Comhairle, nós imeachta soláthair phoiblí a eagrú chun painéal den sórt sin a chruthú faoi choimirce na Parlaiminte, i gcomhréir leis an ngealltanas a tugadh ina rún an 24 Meitheamh 2021 maidir le Tuarascáil 2020 ón gCoimisiúin ar an Smacht Reachta, chun comhairle a chur ar an bParlaimint maidir le comhlíonadh luachanna Airteagal 2 CAE i mBallstáit éagsúla agus chun a léiriú mar shampla conas a d’fhéadfadh painéal den sórt sin oibriú go hiarbhír;

51.  á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún féachaint ar athbhreithniú níos cuimsithí agus níos uaillmhianaí a dhéanamh ar Rialachán FRA(34); á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, féachaint san fhadtéarma ar an acmhainneacht iomlán a bhaineann le forbairt FRA i gcomhréir le prionsabail a bhaineann le stádas agus feidhmiú na n-institiúidí náisiúnta maidir le cearta an duine a chosaint agus a chur chun cinn (Prionsabail Pháras) chun go mbeidh sé ina chomhlacht iomlán neamhspleách a sholáthróidh seasaimh a bheidh neamhchlaonta agus a bheidh ar fáil go poiblí maidir le staideanna tírshonracha i réimse an daonlathais, an smachta reachta agus na gceart bunúsach; á chur i bhfios go láidir gur cheart don fhorbairt sin a bheith fite fuaite le méadú sna hacmhainní atá ar fáil;

Comhlántacht le hionstraimí eile um an smacht reachta

52.  á athdhearbhú nach mór don tuarascáil bhliantúil a bheith oiriúnach chun fónamh mar fhoinse thábhachtach agus mar dhoiciméad tagartha tábhachtach chun cinneadh a dhéanamh an ngníomhófar ceann amháin nó níos mó d’uirlisí ábhartha amhail Airteagal 7 CAE, an Rialachán maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta, ionstraimí eile atá ar fáil faoi reachtaíocht airgeadais AE agus na rialacha airgeadais agus earnála is infheidhme chun buiséad AE, Creat an Smachta Reachta nó nósanna imeachta um shárú a chosaint go héifeachtach, lena n-áirítear nósanna imeachta brostaithe, iarratais ar bhearta eatramhacha os comhair CBAE agus gníomhaíochtaí maidir le neamh-chur chun feidhme breithiúnais CBAE; á iarraidh ar an gCoimisiún na hionstraimí sin a nascadh go sainráite sa tuarascáil le saincheisteanna maidir leis an smacht reachta atá sainaitheanta nó a d’fhéadfadh a bheith ann; á iarraidh ar na hinstitiúidí uirlisí agus ionstraimí den sórt sin a ghníomhú gan mhoill, lena n-áirítear Sásra Coinníollachta an Smachta Reachta, chun tacaíocht réamhghníomhach a sholáthar don smacht reachta agus chun dul i ngleic le cúlú ar an daonlathas san Aontas, ós rud é, i dTuarascáil 2021 ón gCoimisiúin maidir leis an Smacht Reachta, go bhfuil roinnt samplaí mionsonraithe ann de sháruithe ar an smacht reachta a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin Coinníollachta; á iarraidh athuair ar an gCoimisiún nasc díreach a chruthú idir na tuarascálacha bliantúla ar an smacht reachta, mar aon le foinsí eile maidir leis an smacht reachta, agus Sásra Coiníollachta an Smachta Reachta;

53.  á meabhrú gurb iad na nósanna imeachta um shárú an phríomhionstraim chun dlí an Aontais agus na luachanna coiteanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE a chosaint; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur laghdaíodh go mór líon na nósanna imeachta um shárú a sheol an Coimisiún ó 2004 i leith; á chur in iúl gur ábhar iontais di nach spreagtar nósanna imeachta um shárú go córasach ar a laghad a luaithe a dhéantar an sárú ábhartha a dhoiciméadú sa tuarascáil bhliantúil; ag cáineadh dhrogall an Choimisiúin faireachán gníomhach córasach a dhéanamh ar chur chun feidhme dhlí an Aontais agus leas a bhaint as iomlán na bhféidearthachtaí maidir le nósanna imeachta um shárú in aghaidh na mBallstát, mar an ionstraim is saincheaptha chun na saincheisteanna a réiteach go héifeachtúil agus gan mhoill, a ídiú; ag tabhairt dá haire gur iarradh ar na Ballstáit, mar thoradh ar an drogall sin, cásanna idirstáit a thionscnamh i gcomhréir le hAirteagal 259 CFAE; á chur in iúl gur cúis imní di go dtiocfaidh meath ar chumas coisctheach na nósanna imeachta um shárú gan cur i bhfeidhm córasach agus tráthúil a bheith ann; á iarraidh go n-áireofaí sa tuarascáil forléargas ar na gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin uile a rinne an Coimisiún do gach Ballstát, lena n-áirítear nósanna imeachta um shárú atá ar feitheamh, chomh maith leis an staid ina gcomhlíontar na bearta sealadacha agus na rialuithe ó CBAE agus ón ECtHR, lena gcuirfear le cur i bhfeidhm cuimsitheach Scórchlár Ceartais an Aontais Eorpaigh;

54.  á mheabhrú a thábhachtaí atá réamhrialuithe maidir leis an smacht reachta; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur chuidigh cásdlí ábhartha CBAE leis an smacht reachta a shainiú tuilleadh agus go bhféadfadh sé fónamh don Choimisiún chun a thagarmharcanna a bheachtú tuilleadh chun staid an smachta reachta sna Ballstáit a mheas;

55.  á chur in iúl gur cúis imní di mainneachtain leanúnach roinnt Ballstát, lena n-áirítear an Ungáir agus an Pholainn, breithiúnais intíre, agus breithiúnais ó CBAE agus ó ECtHR a chur chun feidhme, rud a chuireann le creimeadh an smachta reachta; á chur i bhfáth go bhféadfaí sáruithe ar chearta an duine a fhágáil gan leigheas mar thoradh ar neamhchur chun feidhme breithiúnas; á thabhairt chun suntais go bhféadfadh a thabhairt le tuiscint i measc an phobail gur féidir neamhaird a dhéanamh de bhreithiúnais, rud a bhainfeadh an bonn de neamhspleáchas na mbreithiúna agus de mhuinín ghinearálta as cumhacht an bhreithiúnais chothroim; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de thuairisciú a dhéanamh ar chaibidlí na dtíortha faoi seach faoi chur chun feidhme breithiúnas na mBallstát i gcásanna cur chun feidhme páirteach nó easpa cur chun feidhme; á mholadh don Choimisiún dul i rannpháirtíocht leis na húdaráis chun teacht ar réitigh oiriúnacha le haghaidh cur chun feidhme iomlán agus chun an fhaisnéis a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn bliantúil; á mheabhrú gurbh é an toradh a bhí ar mhainneachtain breithiúnas Coman & Hamilton ó CJEU(35) a chur chun feidhme ná go raibh ar na gearánaithe dul i muinín ECtHR le haghaidh sásaimh;

56.  á mheabhrú a thábhachtaí atá an Rialachán maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta i gcás ina ndéanann sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta difear do bhainistiú fónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais nó go bhfuil riosca tromchúiseach ann go ndéanfaidh na sáruithe difear dóibh; á chur in iúl gur geal léi na breithiúnais ó CBAE an 16 Feabhra 2022 agus na cinntí atá iontu gurb amhlaidh i ndairíre atá inniúlachtaí ag an Aontas maidir leis an smacht reachta sna Ballstáit, go bhfuil an Rialachán maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta i gcomhréir le dlí an Aontais, agus lena ndéantar na caingne arna dtionscnamh ag an Ungáir agus ag an bPolainn i gcoinne an Rialacháin maidir le Coinníollacht maidir leis an Smacht Reachta a chaitheamh amach; á iarraidh a athuair ar an gCoimisiún gníomhú láithreach faoin Rialachán, uirlis atá i bhfeidhm ó mhí Eanáir 2021 i leith;

57.  á mheas gur sa tuarascáil bhliantúil is iomchuí roinn a dhíriú go hiomlán ar anailíse ábhartha a dhéanamh faoin Rialachán maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta; ag tabhairt dá haire gur thionscain an Coimisiún nós imeachta foirmiúil i gcoinne na hUngáire ar deireadh an 27 Aibreán 2022 faoin Rialachán maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta trí fhógra i scríbhinn a sheoladh; ag tathant ar an gCoimisiún an nós imeachta atá cumhdaithe in Airteagal 6(1) den Rialachán sin a sheoladh chomh maith ar a laghad i gcás na Polainne; á mheabhrú go bhfuil infheidhmeacht, cuspóir agus raon feidhme an Rialacháin sainithe go soiléir agus nach gá tuilleadh mínithe a thabhairt; ag cáineadh an chinnidh ón gCoimisiún leanúint de threoirlínte a dhréachtú fiú tar éis an rialaithe ó CBAE lena ndeimhnítear dlíthiúlacht agus bailíocht an Rialacháin; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú, trí bhíthin togra reachtach, b’fhéidir, nach ndéanfar difear go díreach ná go hindíreach do chur i bhfeidhm Airteagal 6 den Rialachán maidir le Coinníollacht Reachta, ós rud é gur ionadaithe rialtais nó cinn stáit iad na daoine atá freagrach as sáruithe ar an smacht reachta, agus go bhféadfaidh institiúidí poiblí áitiúla nó eintitis phríobháideacha rochtain dhíreach a fháil ar na cistí sin atá fágtha i mbuiséad comhdhlúite an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún Rialachán na bhForálacha Coiteanna agus an Rialachán Airgeadais a chur i bhfeidhm ar bhealach níos déine chun dul i ngleic le húsáid idirdhealaitheach chistí an Aontais, go háirithe aon úsáid de chineál atá spreagtha go polaitiúil agus chun féachaint ar acmhainneacht iomlán na n-ionstraimí sin agus an Rialacháin maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta chun an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha a chosaint, agus ar an gcaoi sin, a áirithiú nach n-úsáidfear cistí an Aontais le haghaidh tionscnaimh nach gcomhlíonann luachanna an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE, agus leasanna na dtairbhithe deiridh nach eintitis rialtais iad á n-urramú ag an am céanna;

58.  á chur in iúl gur cúis imní di torthaí Thuarascáil 2021 ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta go bhfuil ciapadh agus imeaglú státurraithe ar eagraíochtaí LGBTIQ ag imirt tionchar ar a gcumas rochtain a fháil ar mhaoiniú i roinnt tíortha; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú níos dlúithe a dhéanamh ar an tsaincheist agus a áirithiú, trí na modhanna is gá, go ndéanfar prionsabal an neamh-idirdhealaithe lena rialaítear an rochtain ar chistí an Aontais a chomhlíonadh go hiomlán i ngach áit san Aontas; á mheas go ndéanann na torthaí sin treisiú ar sheasamh seanbhunaithe na Parlaiminte gur cheart raon feidhme na tuarascála maidir leis an smacht reachta a leathnú chun na luachanna uile de chuid Airteagal 2 CAE a áireamh;

59.  á chur in iúl go láidir gur oth léi nach bhfuil an Chomhairle in ann dul chun cinn fónta a dhéanamh i nósanna imeachta leanúnacha faoi Airteagal 7(1) CAE; ag tathant ar an gComhairle a áirithiú go mbeidh éisteachtaí ann uair amháin in aghaidh na hUachtaránachta ar a laghad le linn nósanna imeachta leanúnacha faoi Airteagal 7 agus go dtabharfar aghaidh freisin ar fhorbairtí nua a bhfuil tionchar acu ar an smacht reachta, ar an daonlathas agus ar chearta bunúsacha; á chur i bhfios go láidir nach bhfuil gá le haontoilíocht sa Chomhairle chun go sainaithneofar riosca soiléir go ndéanfaí sárú tromchúiseach ar luachanna an Aontais faoi Airteagal 7(1) CAE, ná chun aghaidh a thabhairt ar mholtaí nithiúla do na Ballstáit lena mbaineann agus chun spriocdhátaí a chur ar fáil chun na moltaí sin a chur chun feidhme; á iarraidh an athuair ar an gComhairle é sin a dhéanamh, agus béim á leagan aici ar an bhfíoras gurbh ionann aon mhoilleanna breise ar ghníomhaíocht den sórt sin agus sárú ar phrionsabal an smachta reachta ag an gComhairle féin; á áitiú go n-urramófar ról agus inniúlachtaí na Parlaiminte;

60.  á thabhairt dá haire go ndearnadh plé tírshonrach sa Chomhairle Gnóthaí Ginearálta ar bhonn na dtuarascálacha bliantúla ón gCoimisiún ar an smacht reachta faoi chuimsiú Idirphlé Bliantúil na Comhairle maidir leis an Smacht Reachta; á mholadh go ndíreofaí an plé sin ar an gcéad dul síos ar na Ballstáit lena mbaineann na saincheisteanna is práinní maidir leis an smacht reachta, agus cleachtas ord na haibítre á choinneáil ag an am céanna; á chur i bhfios go láidir go gcuirfeadh trédhearcacht mhéadaithe feabhas ar an idirphlé faoin smacht reachta laistigh den Aontas agus á iarraidh ar an gComhairle, dá bhrí sin, na pléití tírshonracha sin a chur ar fáil don phobal, lena n-áirítear conclúidí poiblí mionsonraithe;

61.  Ag cáineadh go láidir na n-údarás de chuid na mBallstát a dhiúltaíonn páirt a ghlacadh in Idirphlé bliantúil an Choimisiúin maidir leis an Smacht Reachta; á mheas gur leor aon diúltú den sórt sin le bheith ina fhoras don Choimisiún dlús a chur leis an scrúdú ar staid an smachta reachta sna tíortha lena mbaineann agus an scrúdú sin a bheachtú tuilleadh; á chur in iúl go bhfuil sí go láidir den tuairim nach féidir leis an timthriall smachta reachta a bheith éifeachtach ach amháin má dhéanann na hinstitiúidí Eorpacha agus na Ballstáit prionsabal an chomhair dhílis a leagtar amach in Airteagal 4(3) CAE a urramú agus a chur i bhfeidhm a an mbealach céanna;

62.  ag tathant ar an gCoimisiún páirt ghníomhach a ghlacadh i ndíospóireachtaí poiblí ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal náisiúnta agus tuilleadh infheistíochta a dhéanamh chun feasacht a mhúscailt faoi luachanna an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE agus uirlisí is infheidhme, lena n-áirítear an tuarascáil bhliantúil, go háirithe sna tíortha sin a bhfuil ábhair imní thromchúiseacha iontu; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá cumarsáid straitéiseach chun cur i gcoinne insintí frithdhaonlathais, agus a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar na hinsintí sin trí ghníomhaíochtaí an Aontais a mhíniú ar bhealach níos fearr; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, feachtais chumarsáide a eagrú maidir lena thábhachtaí atá sé an smacht reachta a urramú; á iarraidh ar an gCoimisiún clár tiomnaithe a sheoladh a thacóidh le tionscnaimh nuálacha a bhfuil sé mar aidhm leo oideachas foirmiúil a chur chun cinn, go háirithe i measc gairmithe dlí, chomh maith le hoideachas neamhfhoirmiúil maidir leis an smacht reachta agus institiúidí daonlathacha i measc shaoránaigh AE de gach aois;

63.  á ghealleadh go rachaidh sí i mbun rannpháirtíochta rialta le rialtais agus parlaimintí na mBallstát maidir le torthaí na tuarascála bliantúla; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go nglacfaidh a gcuid ionadaithe ar an leibhéal is airde is féidir páirt i malartuithe leis an bParlaimint maidir leis an smacht reachta; á chur in iúl gur oth léi gur dhiúltaigh an Pholainn buaileadh le misean traschoiste de Pharlaimint na hEorpa i mí Feabhra 2022 agus nár thug sé freagairt ar an gcuireadh oifigiúil, rud atá go díreach i gcoinne Airteagal 9 de Phrótacal (Uimh. 1) a ghabhann le Conarthaí AE maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach;

64.  á chur i bhfáth go bhféadfadh éifeacht dhochrach a bheith ag easnaimh inmheánacha smachta reachta ar chreidiúnacht bheartas eachtrach an Aontais, go háirithe a mhéid a bhaineann lena gharchomharsanacht agus lena iarrthóirí agus a iarrthóirí ionchasacha ar bhallraíocht san Aontas;

65.  á thabhairt chun suntais gur cheart srianta agus ceartúcháin ar leibhéal an Aontais a mheasúnú go neamhspleách freisin; ag gealladh chun na críche sin, a iarraidh ar Choimisiún na Veinéise a staidéar a dhéanamh ar phríomhphrionsabail an daonlathais i rialachas an Aontais, go háirithe scaradh cumhachtaí, cuntasacht agus srianta agus ceartúchán;

o
o   o

66.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, chuig Comhairle na hEorpa agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.

(1) Breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Ungáir v Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh, C-156/21, ECLI:EU:C:2022:97.
(2) Breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Pholainn v Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh maidir leis na bearta chun buiséad an Aontais a chosaint, C-157/21, ECLI:EU:C:2022:98.
(3) IO L 119, 4.5.2016, lch. 1.
(4) IO L 303, 28.11.2018, lch. 69.
(5) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 1.
(6) IO L 156, 5.5.2021, lch. 1.
(7) IO C 215, 19.6.2018, lch. 162.
(8) IO C 129, 5.4.2019, lch. 13.
(9) IO C 390, 18.11.2019, lch. 117.
(10) IO C 433, 23.12.2019, lch. 66.
(11) IO C 363, 28.10.2020, lch. 45.
(12) IO C 270, 7.7.2021, lch. 91.
(13) IO C 395, 29.9.2021, lch. 63.
(14) IO C 395, 29.9.2021, lch. 2.
(15) IO C 415, 13.10.2021, lch. 36.
(16) IO C 425, 20.10.2021, lch. 107.
(17) IO C 81, 18.2.2022, lch. 27.
(18) IO C 99, 1.3.2022, lch. 146.
(19) IO C 99, 1.3.2022, lch. 218.
(20) IO C 99, 1.3.2022, lch. 218.
(21) IO C 117, 11.3.2022, lch. 151.
(22) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0428.
(23) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0439.
(24) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0451.
(25) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0455.
(26) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0502.
(27) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0512.
(28) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0064.
(29) Dréacht-téacs den mholadh ó Choiste na nAirí maidir leis an bhfuathchaint a chomhrac; is féidir é a rochtain ag https://rm.coe.int/draft-recommendation-on-combating-hate-speech-public-consultation-v-18/native/1680a2ef25; Nuacht fógartha ag https://www.coe.int/en/web/committee-antidiscrimination-diversity-inclusion/-/the-cdadi-finalised-important-deliverables-at-its-fourth-plenary-meeting.
(30) Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).
(31) Cinneadh Réime 2008/913/CGB ón gComhairle an 28 Samhain 2008 maidir le cineálacha agus léirithe áirithe ciníochais agus seineafóibe a chomhrac trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 328, 6.12.2008, lch. 55).
(32) Treoir 2000/43/CE an 29 Meitheamh 2000 maidir le cóir chomhionann a chur chun feidhme idir daoine gan spleáchas ar a mbunús cine ná a mbunús eitneach (IO L 180, 19.7.2000, lch. 22).
(33) Rún an 19 Meitheamh 2020 maidir le hagóidí frithchiníochais tar éis bhás George Floyd (IO C 362, 8.9.2021, lch. 63).
(34) Tuarascáil eatramhach an 25 Márta 2021 maidir le togra le haghaidh rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (COM(2020)0225).
(35) Breithiúnas an 5 Meitheamh 2018, Relu Adrian Coman and Others v Inspectoratul General pentru Imigrări and Ministerul Afacerilor Interne, C-673/16, ECLI:EU:C:2018:385.


Tuarascáil 2021 maidir leis an Macadóin Thuaidh
PDF 179kWORD 63k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine 2022 ar Thuarascáil 2021 ón gCoimisiún maidir leis an Macadóin Thuaidh (2021/2248(INI))
P9_TA(2022)0213A9-0133/2022

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Macadóine Thuaidh, den pháirt eile(1),

–  ag féachaint d’iarratas na Macadóine Thuaidh an 22 Márta 2004 ar bhallraíocht san Aontas Eorpach,

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III)(2),

–  ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 19-20 Meitheamh 2003 agus do Chlár Oibre Thessaloniki do na Balcáin Thiar,

–  ag féachaint do chinneadh ón gComhairle Eorpach an 16 Nollaig 2005 maidir le stádas iarrthóra ar bhallraíocht AE a dheonú don Mhacadóin Thuaidh,

–  ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 28 Meitheamh 2018,

–  ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 17-18 Deireadh Fómhair 2019,

–  ag féachaint don Chonradh maidir le Cairdeas, Dea-Chomharsanacht agus Comhar idir an Bhulgáir agus Poblacht na Macadóine Thuaidh, a síníodh an 1 Lúnasa 2017 agus a daingníodh i mí Eanáir 2018,

–  ag féachaint don Chomhaontú Deiridh maidir le Socrú na nDifríochtaí a thuairiscítear i rúin 817 (1993) agus 845 (1993) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, d’fhoirceannadh Chomhaontú Eatramhach 1995, agus do bhunú Comhpháirtíochta Straitéisí idir an Ghréig agus an Mhacadóin Thuaidh an 17 Meitheamh 2018, ar a dtugtar freisin Comhaontú Prespa,

–  ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 5 Meitheamh 2020 maidir le feabhas a chur ar an gcomhar le comhpháirtithe na mBalcán Thiar i réimse na himirce agus na slándála,

–  ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 18 Meitheamh 2019, an 25 Márta 2020 agus an 14 Nollaig 2021 maidir leis an méadú agus leis an bpróiseas cobhsaíochta agus comhlachais,

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Feabhra 2020 dar teideal ‘An próiseas aontachais a fheabhsú – Peirspictíocht inchreidte AE do na Balcáin Thiar’ (COM(2020)0057),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2020 dar teideal ‘Tacaíocht do na Balcáin Thiar chun dul i ngleic le COVID-19 agus leis an téarnamh iar-phaindéimeach’ (COM(2020)0315),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Iúil 2020 dar teideal ‘Plean gníomhaíochta an Aontais 2020-2025 maidir le gáinneáil ar airm thine’ (COM(2020)0608),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal ‘Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar’ (COM(2020)0641),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Aibreán 2021 maidir le Straitéis AE chun dul i ngleic leis an gCoireacht Eagraithe 2021-2025 (COM(2021)0170),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Deireadh Fómhair 2021 dar teideal ‘Teachtaireacht 2021 maidir le Beartas um Méadú AE’ (COM(2021)0644), a raibh doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin dar teideal ‘Tuarascáil 2019 maidir leis an Macadóin Thuaidh’ (SWD(2021)0294) ag gabháil léi,

–  ag féachaint do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa um Sciúradh, Cuardach, Urghabháil agus Coigistiú na bhFáltas ó Choireacht agus um Maoiniú Sceimhlitheoireachta,

–  ag féachaint do thuarascáil chríochnaitheach an 2 Deireadh Fómhair 2020 ó Oifig um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine (ODIHR) ó Mhisean Breathnóireachta Toghchán na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) maidir le luaththoghcháin pharlaiminteacha na Macadóine Thuaidh an 15 Iúil 2020 agus dá tuarascáil chríochnaitheach an 25 Márta 2022 maidir le toghcháin áitiúla an 17 agus an 31 Deireadh Fómhair 2021,

–  ag féachaint do thuairim Choimisiún na Veinéise an 18 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis an dréacht-dlí i ndáil leis an staid éigeandála agus dá thuairimí roimhe sin,

–  ag féachaint do chruinnithe mullaigh AE-na Balcáin Thiar a tionóladh i Sóifia, i Ságrab agus in Brdo pri Kranju in 2018, 2020 agus 2021, agus dá ndearbhuithe faoi seach,

–  ag féachaint do Chruinniú Mullaigh Shóifia an 10 Samhain 2020, lena n-áirítear an Dearbhú maidir leis an gCómhargadh Réigiúnach agus an Dearbhú maidir leis an gClár Oibre Glas do na Balcáin Thiar,

–  ag féachaint do Dhearbhú Shóifia ó chruinniú mullaigh AE-na Balcáin Thiar an 17 Bealtaine 2018 agus do chlár oibre tosaíochtaí Shóifia san iarscríbhinn a ghabhann leis;

–  ag féachaint do 8ú Cruinniú Mullaigh Phróiseas Bheirlín, a seoladh an 5 Iúil 2021,

–  ag féachaint don dearbhú críochnaitheach ó 8ú Fóram na Sochaí Sibhialta um na Balcáin Thiar dar dáta an 1 Deireadh Fómhair 2021,

–  ag féachaint do Thuarascáil Speisialta 01/2022 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 10 Eanáir 2022 dar teideal EU support for the rule of law in the Western Balkans: despite efforts, fundamental problems persist [Tacaíocht AE don smacht reachta sna Balcáin Thiar: in ainneoin na n-iarrachtaí atá déanta, tá fadhbanna bunúsacha fós ann],

–  ag féachaint do rún uaithi an 24 Deireadh Fómhair 2019 maidir le tús a chur leis na caibidlíochtaí aontachais leis an Macadóin Thuaidh agus leis an Albáin(3),

–  ag féachaint do moladh uaithi an 19 Meitheamh 2020 chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir leis na Balcáin Thiar, tar éis chruinniú mullaigh 2020(4),

–  ag féachaint do rún uaithi an 25 Samhain 2020 ar shaoirse na meán a neartú: cosaint iriseoirí san Eoraip, an fhuathchaint, an bhréagaisnéis agus ról na n-ardán(5),

–  ag féachaint do rún uaithi an 15 Nollaig 2021 ar an gcomhar i ndáil leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe sna Balcáin Thiar(6),

–  ag féachaint do rún uaithi an 9 Márta 2022 maidir le trasnaíocht eachtrach ar na próisis dhaonlathacha uile san Aontas Eorpach, lena n-áirítear bréagaisnéis(7),

–  ag féachaint do rúin uaithi roimhe seo maidir leis an Macadóin Thuaidh,

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0133/2022),

A.  de bhrí gurb ionann lánpháirtiú AE agus mianta shaoránaigh na Macadóine Thuaidh i dtreo an daonlathais agus an rathúnais agus go bhfeidhmíonn sé mar chatalaíoch cumhachtach d’athchóirithe lena bhfeabhsaítear cáilíocht na beatha agus feidhmiú institiúidí stáit agus lena gcuirtear leis an bhfás eacnamaíoch agus leis an gcomhar réigiúnach; de bhrí gur chun leasanna polaitiúla, slándála agus eacnamaíocha an Aontais féin atá ballraíocht bunaithe ar fhiúntas na Macadóine Thuaidh;

B.  de bhrí gur comhpháirtí iontaofa í an Mhacadóin Thuaidh, tar éis di dul chun cinn comhsheasmhach a dhéanamh ar a cosán i dtreo ballraíochta san AE agus tar éis di na coinníollacha is gá a chomhlíonadh agus leanúint leo chun tús a chur leis an gcaibidlíocht aontachais, agus í féin a ailíniú go hiomlán le beartas eachtrach agus slándála an AE, lena n-áirítear smachtbhannaí ar an Rúis;

C.  de bhrí nach mór don Aontas bealach soiléir a chur ar fáil do thíortha atá ag iarraidh teacht isteach san AE;

D.  de bhrí gur tír is iarrthóir í an Mhacadóin Thuaidh ó 2005 i leith; de bhrí go bhfuil sé molta go leanúnach ag an gCoimisiún tús a chur le caibidlíocht aontachais ó 2009 i leith agus gur léirigh an tír gealltanas tiomnaithe maidir lena dul isteach in AE, rud a d’fhág gur chinn an Chomhairle an 26 Márta 2020 tús a chur le caibidlíochtaí aontachais;

E.  de bhrí gur comhaontuithe cinniúnacha iad Comhaontú Prespa agus an Conradh maidir le cairdeas, dea-chomharsanacht agus comhar arb ionann iad agus samhail don chobhsaíocht agus don athmhuintearas ar fud na mBalcán Thiar agus a chuir feabhas ar mheon an dea-chaidrimh comharsanachta agus an chomhair réigiúnaigh;

F.  de bhrí go bhfuil luas seasta agus diongbháilte á choineád ag an Macadóin Thuaidh maidir le hathchóirithe AE a chur chun cinn, ag díriú ar na bunphrionsabail, agus gur cheart di leanúint de mhóiminteam an athchóirithe a choinneáil agus de léiriú a thabhairt ar an taifead is fearr maidir le haistriú daonlathach ar fud réigiún na mBalcán Thiar;

G.  de bhrí go bhfuil mí-úsáid an phróisis aontachais chun díospóidí cultúrtha agus stairiúla a shocrú ina fasach contúirteach do phróisis aontachais amach anseo agus go gcuireann sé inchreidteacht, tionchar agus cumhacht chlaochlaitheach an Aontais i mbaol;

H.  de bhrí gur céim shoiléir í ballraíocht ECAT i dtreo cobhsaíocht, idir-inoibritheacht agus comhtháthú cosanta níos fearr sa phobal Eora-Atlantach;

I.  de bhrí go bhfuil AE lántiomanta i gcónaí tacú le cuspóir straitéiseach na Macadóine Thuaidh maidir le lánpháirtiú AE, ar bhonn an smachta reachta agus an dea-chaidrimh comharsanachta, agus go leanann sé de bheith ar an gcomhpháirtí trádála agus infheistíochta is mó atá ag an Macadóin Thuaidh agus an soláthraí cúnaimh airgeadais is mó atá ag an Macadóin Thuaidh, go háirithe trí IPA III, tríd an bPlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta (EIP) do na Balcáin Thiar agus Cúnamh Macrai-Airgeadais; lena n-áirítear tacaíocht shuntasach chun aghaidh a thabhairt ar an bpaindéim COVID-19;

J.  de bhrí gur ionstraim éifeachtach beartais eachtraigh é lánpháirtiú na hEorpa a chuidíonn le cur chun cinn na síochána agus le leathadh luachanna bunúsacha AE maidir le hómós don daonlathas, do chearta an duine, don smacht reachta agus don tsaoirse tuairimí a nochtadh;

K.  de bhrí go bhfuil sé mar aidhm ag cur isteach eachtrach díobhálach díreach agus seachvótála agus bréagaisnéis easaontas a chothú, foréigean agus teannas idir-eitneach a spreagadh, agus an réigiún ina iomláine a dhíchobhsú;

1.  á athdhearbhú go dtacaíonn sí go soiléir le tiomantas na Macadóine Thuaidh don daonlathas agus don smacht reachta, a bhfuil a treoshuíomh straitéiseach ar son na hEorpa mar bhonn agus taca leis, a tiomantas daingean do luachanna Eorpacha, athchóirithe a bhaineann leis an Aontas agus próiseas lánpháirtithe AE, agus dea-chaidreamh comharsanachta agus comhar réigiúnach cuimsitheach;

2.  á chur in iúl gur oth léi mainneachtain na Comhairle caibidlíochtaí aontachais, a raibh sé thar am tabhairt futhu, leis an Macadóin Thuaidh agus leis an Albáin a oscailt go hoifigiúil; ag cur béim ar a dlúthpháirtíocht iomlán le saoránaigh na dtíortha agus ar a comhbhrón leo agus á mheas go ndéanann an mainneachtain sin dochar do chlú AE mar chomhpháirtí iontaofa agus mar ghníomhaí geopholaitiúil dáiríre, rud a bhaineann an bonn ó dhearcadh an phobail i leith AE agus a chruthaíonn baol tromchúiseach don bheartas um méadú ina iomláine; á mholadh don Bhulgáir agus don Mhacadóin Thuaidh a ndíospóid chultúrtha stairiúil a réiteach ar leithligh ó phróiseas aontachais na Macadóine Thuaidh agus cead láithreach a thabhairt go n-eagrófaí an chéad chomhdháil idir-rialtasach toisc go bhfuil na critéir oifigiúla uile comhlíonta ag an Macadóin Thuaidh;

3.  ag athdhearbhú an tábhacht gheostraitéiseach a bhaineann leis an Macadóin Thuaidh agus le réigiúin iomlán na mBalcán Thiar agus a dtodhchaí mar chuid den AE; á mheabhrú do na Ballstáit nach mór an beartas um mhéadú a bheith á stiúradh ag critéir oibiachtúla; á athdhearbhú gurb é beartas an Aontais um méadú an ionstraim beartais eachtraigh is éifeachtaí de chuid an Aontais, agus go bhfuil comhtháthú iomlán na mBalcán Thiar i leasanna polaitiúla, slándála agus eacnamaíocha AE mar infheistíocht gheostraitéiseach in Aontas atá cobhsaí agus rathúil; ag cur béim ar an bhfíoras go mbeidh tús oifigiúil na caibidlíochta aontachais ina infheistíocht in inchreidteacht AE, chomh maith le cobhsaíocht, rathúnas agus próisis leanúnacha athmhuintearais sa réigiún;

4.  á iarraidh ar AE go nglacfaí bearta nithiúla i lánpháirtiú na mBalcán Thiar i gcomhthéacs straitéiseach agus slándála níos leithne, lena n-áirítear impleachtaí slándála ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine, an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an Rúis sa réigiún agus gníomhaíochtaí mailíseacha lena bhféachfaí leo an bonn a bhaint de chobhsaíocht pholaitiúil agus de lánpháirtiú AE thíortha na mBalcán Thiar; ag meabhrú nádúr claochlaitheach na gcaibidlíochta aontachais atá le déanamh faoi mhodheolaíocht athbhreithnithe an mhéadaithe;

5.  á mheabhrú go bhfuil an AE bunaithe ar dhíospóidí réigiúnacha agus stair dheacair a sáraíodh chun oibriú i dtreo todhchaí níos fearr, níos síochánta agus níos rathúla; ag iarraidh ar an mBulgáir agus ar an Mhacadóin Thuaidh teacht ar chomhaontú go tapa lena réiteofar saincheisteanna déthaobhacha chun moilleanna breise agus bacainní ar dhul chun cinn an aontachais a chosc;

6.  ag tathant ar an gComhairle chun tiomantas polaitiúil iomlán don mhéadú a léiriú agus dlús a chur le luas agus inchreidteacht lánpháirtiú AE agus é a neartú trí thús oifigiúil a chur leis an gcaibidlíocht aontachais leis an Albáin agus leis an Macadóin Thuaidh, go háirithe i gcomhthéacs geostraitéiseach an chaidrimh leis an Rúis agus a ionsaí i gcoinne na hÚcráine, ós rud é go bhfuil na coinníollacha riachtanacha comhlíonta ag an dá thír agus go bhfuil torthaí marthanacha bainte amach acu, lena n-áirítear i réimsí na mbunphrionsabal;

7.  ag moladh na Macadóine Thuaidh as an dul chun cinn seasta atá déanta aici maidir le ballraíocht AE a bhaint amach, as a tiomantas do Chreat-Chomhaontú Ohrid a chur chun feidhme chun ilchultúrthacht agus comhchuibheas idir-eitneach a áirithiú, agus na hiarrachtaí leanúnacha dearfacha agus comhleanúnacha atá á ndéanamh aici chun saincheisteanna déthaobhacha atá ar feitheamh a réiteach; á chur in iúl gur geal léi an cur chuige straitéiseach i leith na n-athchóirithe a bhaineann leis an Aontas, lena n-áirítear faoin gclár oibre ‘Europe at Home’ [An Eoraip ag Baile] agus faoin gClár Náisiúnta chun an Acquis a ghlacadh;

8.  á chur i bhfios go láidir gur cheart luas aontachais AE a chinneadh trí dhul chun cinn maidir le feidhmiú cuí na n-institiúidí daonlathacha, atá bunaithe ar an smacht reachta, ar an dea-rialachas agus ar chearta bunúsacha; ag moladh an Mhacadóin Thuaidh as a hiarrachtaí leanúnacha chun an smacht reachta, neamhspleáchas na mbreithiúna agus cearta mionlaigh a neartú, an t-éilliú agus an choireacht eagraithe a chomhrac, a riarachán poiblí a athchóiriú agus saoirse na meán a chomhdhlúthú; ag spreagadh na tíre na hiarrachtaí sin a chothú agus a threisiú;

Feidhmiú na n-institiúidí daonlathacha

9.  á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil an Mhacadóin Thuaidh fós ag léiriú an teist is fearr maidir le haistriú daonlathach ar fud réigiún na mBalcán Thiar, agus feabhas suntasach tagtha ar thrédhearcacht, ar idirphlé polaitiúil agus ar iomaíochas toghchánach;

10.  á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí uile chun polarú a laghdú agus chun dlús a chur le hidirphlé cuiditheach polaitiúil agus ag tathant ar pháirtithe polaitiúla ról níos cuidithí a bheith acu i ndáil leis sin, rud a chuideoidh le hinstitiúidí daonlathacha a neartú trína rialachas, a sláine agus a gcuntasacht a fheabhsú tuilleadh;

11.  á athdhearbhú go bhfuil gá rannpháirtíocht chuiditheach a chothú idir an rialtas agus an freasúra agus comhdhearcadh leathan traspháirtí maidir le hathchóirithe a bhaineann leis an Aontas, trí acmhainneachtaí reachtacha, maoirseachta agus buiséadacha Thionól na Macadóine Thuaidh (Sobranie) a neartú tuilleadh; á chur in iúl gur geal léi tiomantas polaitiúil traspháirtí leanúnach na Macadóine Thuaidh do phróiseas Idirphlé Jean Monnet (JMD), lena neartaítear cumas na gceannairí polaitiúla fíor-idirphlé idirpháirtí a fhorbairt agus an comhdhearcadh is gá a fhorbairt chun muinín agus cultúr parlaiminteach daonlathach a chothú; ag tathant ar reachtóirí an gealltanas a chur chun feidhme go pras maidir lena rialacha nós imeachta arna ndéanamh faoi JMD a athbhreithniú agus an t-idirphlé le Parlaimint na hEorpa agus leis na parlaimintí náisiúnta a threisiú;

12.  á chur in iúl gur geal léi trédhearcacht agus cuntasacht mhéadaitheach Sobranie agus ag tathant air cáilíocht na reachtaíochta a fheabhsú, lena n-áirítear trí chomhairliúcháin chuí agus measúnuithe tionchair cuí a dhéanamh le haghaidh príomhreachtaíocht, chun úsáid nósanna imeachta meara a theorannú go docht chomh híseal agus is féidir agus chun polarú parlaiminteach a laghdú; á chur in iúl gur geal léi tacaíocht traspháirtí do ghlacadh dlíthe maidir le hidirdhealú, foréigean in aghaidh na mban agus foréigean baile a chosc agus a chosaint, agus leasuithe ar an dlí maidir le cearta an linbh;

13.  á chur i bhfáth go bhfuil gá bailchríoch a chur ar na hathchóirithe toghcháin ar bhealach tráthúil, trédhearcach agus cuimsitheach i gcomhréir leis na moltaí fós gan réiteach ó Oifig ESCE um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine (ODIHR) agus ó Choimisiún na Veinéise; á chur in iúl gur geal léi reáchtáil réidh agus iomaíoch na dtoghcháin áitiúla an 17 agus an 31 Deireadh Fómhair 2021, a tionóladh ar bhealach saor agus cothrom;

14.  á iarraidh ar pháirtithe polaitiúla na Macadóine Thuaidh trédhearcacht maoinithe páirtí a fheabhsú agus feabhas a chur ar dhaonlathas iomaíoch agus iomláine laistigh de pháirtí;

15.  á iarraidh go leanfaí d’athchóiriú i dtreo riarachán poiblí cuntasach fiúntais-bhunaithe, le neamhspleáchas gairmiúil feabhsaithe agus línte cuntasachta, creat institiúideach sruthlínithe, agus comhordú inseirbhíse maidir le lánpháirtiú AE agus athchóirithe gaolmhara, nósanna imeachta riaracháin simplithe agus rialachas áitiúil feabhsaithe; ag aithint na bearta a glacadh chun éifeachtúlacht agus cáilíocht na seirbhísí a fheabhsú agus chun deireadh a chur leis an éilliú tríd an digitiú;

16.  á chur in iúl gur geal léi gur reáchtáladh daonáireamh 2021 i gcomhréir le caighdeáin ábhartha na Náisiún Aontaithe agus le reachtaíocht staidrimh AE, ar cheart cinnteoireacht fhianaise-bhunaithe fheabhsaithe a bheith mar thoradh air; á chur in iúl gur geal léi gur foilsíodh na torthaí agus tá sí ag tnúth lena gcur chun feidhme i gceapadh beartas;

17.  á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh bearta chun cuntasacht shistéamach na n-institiúidí poiblí a áirithiú trí chomhairliúcháin phoiblí fhiúntacha le páirtithe leasmhara, agus á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta sa réimse go dtí seo;

18.  ag tathant ar Rialtas na Macadóine Thuaidh maoiniú leordhóthanach agus cur chun feidhme comhsheasmhach na gcinntí agus na moltaí ó chomhlachtaí agus gníomhaireachtaí neamhspleácha, amhail an tOmbudsman, a áirithiú;

19.  á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh an Choimisiún um Chosc agus um Chosaint i gcoinne Idirdhealaithe agus an obair leanúnach atá ar bun aige; ag tathant ar an rialtas na hacmhainní is gá a leithdháileadh le go mbeidh sé ag feidhmiú go hiomlán;

Na meáin agus an tsochaí shibhialta

20.  á mheabhrú go bhfuil gá an creat dlíthiúil do na meáin ar líne agus as líne a ailíniú tuilleadh, ar bhealach cuimsitheach agus trédhearcach, i gcomhréir le acquis AE agus caighdeáin AE i gcomhar le comhlachais ghairmiúla, leis an tsochaí shibhialta agus le saineolaithe chun a neamhspleáchas ar chur isteach polaitiúil, príobháideach agus seachtrach eile a neartú, lena n-áiritheofar trédhearcacht úinéireachta, inbhuanaitheacht airgeadais agus féinrialáil; á iarraidh ar Rialtas na Macadóine Thuaidh acmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh chun gairmiúlacht agus neamhspleáchas an chraoltóra phoiblí a áirithiú;

21.  ag athdhearbhú a hiarrataí go ndéanfaí athchóiriú ar na rialacha lena rialaítear maoiniú stáit agus fógraí páirtithe polaitiúla sna meáin chun dáileadh iomaíoch agus cothrom an mhaoinithe phoiblí a áirithiú agus iomaíocht chóir agus neamhspleáchas eagarthóireachta a choimirciú;

22.  ag moladh go ndéanfaí bearta gasta chun dlús a chur le neamhspleáchas eagarthóireachta agus airgeadais, le neamhchlaontacht agus gairmiúlacht chraoltóirí na seirbhíse poiblí agus rialtóirí na meán, agus á chur in iúl gur geal léi nuachóiriú leanúnach an dá chomhlacht sin;

23.  á iarraidh go gcuirfí chun feidhme bearta lena méadaítear sábháilteacht gairmithe na meán agus lena dtéitear i ngleic le hiarrachtaí imeaglú a dhéanamh orthu; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé cur chuige neamhfhulaingthe a fhorfheidhmiú maidir le himeaglú, bagairtí agus gníomhartha foréigin i gcoinne iriseoirí; ag tabhairt dá haire gur gá aon iarrachtaí den sórt sin a imscrúdú agus a ionchúiseamh agus dálaí oibre iriseoirí a fheabhsú chun iriseoireacht ardcháilíochta a áirithiú;

24.  á mheabhrú gur gá an iriseoireacht neamhspleách iniúchta, seiceáil fíricí neamhchlaonta agus litearthacht sna meáin a neartú mar mhodh chun dul i ngleic leis an bhfuathchaint, leis an mbréagaisnéis agus le feachtais trasnaíochta eachtraí, ar feachtais iad a bhfuil dlús curtha leo le linn éigeandáil COVID-19 agus le linn chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá comhar institiúideach maidir le creat éifeachtach a bhunú chun dul i ngleic le bréagaisnéis chúblála; á iarraidh go gcuirfí dlús leis na hiarrachtaí chun iolrachas agus neamhspleáchas na meán a áirithiú agus chun timpeallacht meán a chothú atá saor ó thionchair sheachtracha agus a chabhródh le hiompar gairmiúil i measc na meáin sa Mhacadóin Thuaidh; á chur in iúl go dtacaíonn sí le hiolrachas na meán agus an chultúir a chur chun cinn chun feasacht agus malartú cultúrtha a chothú agus chun comhthuiscint a fheabhsú;

25.  ag moladh iarrachtaí an rialtais chun rannpháirtíocht leis an tsochaí shibhialta a fheabhsú agus á iarraidh go mbeadh creat ann chun inbhuanaitheacht airgeadais eagraíochtaí na sochaí sibhialta a áirithiú, lena n-áirítear iad siúd a dhéanann ionadaíocht ar chearta na bpobal eitneach éagsúil agus a chosnaíonn na cearta sin; á mheabhrú go bhfuil gá le hiarrachtaí breise chun próiseas comhairliúcháin níos tráthúla, níos fónta agus níos trédhearcaí a áirithiú leis an tsochaí shibhialta i ndáil leis sin; á chur in iúl gur geal léi samplaí dearfacha de shineirge idir an tsochaí shibhialta agus institiúidí, amhail cruthú an Ghrúpa Pharlaimintigh Idir-Pháirtí um Chearta LGBTI+;

Cearta bunúsacha

26.  ag tabhairt dá haire go ndearnadh feabhsuithe maidir le cearta na mban agus beartais a fhreagraíonn do chúrsaí inscne a áirithiú; á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an dlí atá dírithe ar fhoréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus ag spreagadh na tíre feabhas a chur ar chur chun feidhme an phlean gníomhaíochta náisiúnta chun forálacha Choinbhinsiún Iostanbúl a chur chun feidhme; á iarraidh ar an Macadóin Thuaidh leanúint de na hiarrachtaí uile atá dírithe ar chomhionannas inscne agus ar chearta na mban, lena n-áirítear trí thús áite a thabhairt do phríomhshruthú inscne agus do chomhar méadaithe leis an tsochaí shibhialta, go háirithe le heagraíochtaí na mban;

27.  á iarraidh ar an Mhacadóin Thuaidh bearta a dhéanamh chun ionadaíocht leordhóthanach na mban i ngach post cinnteoireachta a áirithiú, agus aghaidh a thabhairt tuilleadh ar an easpa cur chun feidhme maidir le cearta oibrithe ban agus dul i ngleic le steiréitíopáil ar bhonn inscne, éagothroime inscne agus an bhearna phá idir na hinscní sa lucht saothair; á chur i bhfios go bhfuil difríochtaí suntasacha inscne ann ó thaobh rannpháirtíochta agus cáilíocht na hoibre de, gníomhaíocht neamhleor maidir le gnéaschiapadh san ionad oibre, idirdhealú i bhforálacha dlíthiúla a bhaineann le saoire mháithreachais agus easpa acmhainne cúraim leanaí agus réamhscoile; ag aithint na leasuithe ar an dlí maidir le cearta an linbh agus cur i gcrích an phróisis dí-institiúidithe;

28.  ag spreagadh céimeanna leanúnacha a thógáil chun tuilleadh muiníne a chothú i measc pobail agus i bhfeidhmiú sochaí agus daonlathas il-eitneach, agus á mheabhrú ag an am céanna a thábhachtaí atá sé cearta na bpobal uile a chaomhnú agus dul i ngleic go héifeachtach le gach cás a bhaineann le hidirdhealú; ag spreagadh an rialtais cosaint chomhionann bhunreachtúil chearta na bpobal eitneach uile a áirithiú, i gcás inarb iomchuí trí leasuithe reachtacha, agus a n-oidhreacht chultúrtha, a dteangacha agus a dtraidisiúin a chosaint agus a chur chun cinn trí rochtain chomhionann, chuimsitheach agus neamh-idirdhealaitheach ar an oideachas agus ar na meáin;

29.  á iarraidh ar na húdaráis go bhforbrófaí straitéis nua chun dul i ngleic leis na saincheisteanna atá os comhair an phobail Romach, in ionad na straitéise a chuaigh in éag in 2020, agus athmhachnamh a dhéanamh ar an gcinneadh an buiséad do chuimsiú na Romach a laghdú, rud ba cheart a mhéadú i ndáiríre;

30.  á chur in iúl gur geal léi an rath a bhí ar an dara Pride Scóipé a tionóladh in 2021; á iarraidh ar Pharlaimint na Macadóine Thuaidh plean gníomhaíochta náisiúnta maidir le saincheisteanna LGBTI+ a ghlacadh go práinneach agus a áirithiú go ndéanfar acmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh chun é a chur chun feidhme; ag tathant ar na gníomhaithe polaitiúla uile an Dlí maidir le Clárlann Shibhialta a leasú agus aitheantas dlíthiúil inscne atá tapa agus gan bhac a áirithiú ar bhonn féinchinntiúcháin;

31.  á iarraidh go ndéanfar tuilleadh feabhsuithe ar fhorfheidhmiú na gceart atá ag daoine, ar de ghrúpaí mionlaigh iad, lena n-áirítear féinaitheantas agus oideachas idirchultúrtha cuimsitheach; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé dlíthe oideachais a thabhairt cothrom le dáta agus a ghlacadh óna mbaintear ábhar idirdhealaitheach agus stiogma agus atá comhchuibhithe leis an Dlí maidir le Cosc agus Cosaint i gcoinne Idirdhealaithe;

32.  á chur i bhfáth go bhfuil gá le tuilleadh dul chun cinn chun a áirithiú go gcloífear le cearta daoine faoi mhíchumas; á chur in iúl gur geal léi an sásra chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Choinbhinsiúin um Chearta Daoine faoi Mhíchumas a bunaíodh laistigh d’Oifig an Ombudsman; á chur i bhfáth go bhfuil gá an t-idirdhealú atá os comhair daoine faoi mhíchumas a chomhrac, idir idirdhealú díreach agus indíreach, mar thoradh ar bhacainní a bhaineann leis an mbonneagar, easpa faisnéise agus seirbhísí, dearcthaí idirdhealaitheacha agus eisiamh sóisialta; ag tathant ar na húdaráis an próiseas dí-institiúidithe a thabhairt chun críche go pras; á chur i bhfáth go bhfuil gá le hacmhainní agus bonneagar leordhóthanach chun seasamh leis an gcosaint shóisialta is gá agus chun dálaí maireachtála cuibhiúla a áirithiú do dhaoine faoi mhíchumas sa Mhacadóin Thuaidh;

33.  ag tathant ar na comhlachtaí ábhartha gach cás fuathchainte, coireanna fuatha agus imeaglaithe a chosc agus a ionchúiseamh go córasach, imscrúdú críochnúil a dhéanamh ar ionsaithe gaolmhara agus sábháilteacht agus slándáil a gcuid spriocanna a áirithiú, amhail iriseoirí, daoine a bhaineann le grúpaí mionlaigh agus grúpaí leochaileacha eile; ag athdhearbhú a hiarrata ar na húdaráis ábhartha feabhas a chur ar acmhainneachtaí institiúideacha chun fuathchaint, coireacht fuatha agus idirdhealú ar aon fhoras a chosc agus a chomhrac i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta;

34.  ag tathant ar na gníomhaithe polaitiúla uile deireadh a chur leis an bhfuathchaint, le feachtais chlúmhillte agus le ciapadh eagraíochtaí neamhspleácha na sochaí sibhialta agus iad a cháineadh agus ag iarraidh ar na húdaráis inniúla cur chuige neamhfhulaingthe a fhorfheidhmiú maidir le himeaglú, bagairtí agus gníomhartha foréigin i gcoinne iriseoirí agus cosantóirí chearta an duine agus a áirithiú go dtabharfar déantóirí na coire os comhair na cúirte;

35.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di an méadú soiléir atá tagtha ar an mhífhaisnéis agus ar an óráid idirdhealaitheach i gcoinne lucht LGBTI+ agus chosantóirí chearta an duine sna meáin agus sa dioscúrsa polaitiúil; ag cáineadh ciapadh, fuathchaint, coireanna fuatha agus bagairtí báis atá dírithe ar lucht LGBTI+ agus ar chosantóirí cearta agus ag tathant go ndéanfaí na teagmhais sin a imscrúdú go hiomlán agus smachtbhannaí a fhorchur ina leith;

36.  á mheabhrú go bhfuil gá dlús a chur le maoirseacht neamhspleách na bpóilíní, cuntasacht a chosc agus a áirithiú do shaoirse ó phionós na bpóilíní i gcoinne pobail imeallaithe, amhail na Romaigh, agus feabhas a chur ar an gcaoi a gcaitear le coinneálaithe agus dálaí príosúin trí na moltaí ábhartha a chur chun feidhme ina n-iomláine;

37.  á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí leanúnacha údaráis na Bulgáire agus na Macadóine Thuaidh caidreamh measúil a thógáil bunaithe ar mhuinín fhrithpháirteach, rapprochement agus teagmhálacha níos dlúithe idir daoine; ag cáineadh go láidir an reitric ghríosaitheach agus ag tathant go neartófaí na hiarrachtaí frithpháirteacha chun gach cás fuathchainte agus choireacht fuatha atá bunaithe ar thionscnamh náisiúnta nó eitneach a chosc agus a ionchúiseamh;

38.  á chur in iúl gur díol sásaimh di ballraíocht na Macadóine Thuaidh sa Chomhghuaillíocht Idirnáisiúnta Cuimhneacháin Uileloiscthe;

39.  á mheabhrú gur gá seirbhís rúnda na hIúgslaive (UDBA) agus cartlanna sheirbhís rúnda Arm na hIúgslaive (KOS) a oscailt ar fud an réigiúin chun taighde críochnúil a dhéanamh ar choireanna ón ré chumannach agus ar eagraíochtaí coiriúla agus aghaidh a thabhairt orthu; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur céim i dtreo tuilleadh daonlathaithe, cuntasachta agus neart institiúideach é láimhseáil thrédhearcach na gcoireanna ollsmachtacha, lena n-áirítear oscailt na gcartlann sin;

40.  á iarraidh ar AE borradh a chur faoina thacaíocht do chúnamh daonnúil agus do bhainistiú teorainneacha sa réigiún, agus cearta bunúsacha á n-urramú go hiomlán; ag moladh iarrachtaí na Macadóine Thuaidh dídeanaithe a óstáil agus an ról cuiditheach leanúnach atá ag an tír maidir leis an imirce neamhrialta a bhainistiú; ag athdhearbhú a hiarrata ar an tír rochtain ar dhálaí tearmainn agus glactha a fheabhsú agus córas cuí bainistithe agus clárúcháin imirce a chur i bhfeidhm; á mheabhrú go bhfuil gá cur chuige córasach a ghlacadh chun smuigleáil daoine a chomhrac agus chun aghaidh a thabhairt ar an imirce neamhrialta, á chur in iúl gur geal léi an comhar idirnáisiúnta i ndáil leis sin agus ag tabhairt dá haire nár síníodh fós an comhaontú stádais leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) mar gheall ar shaincheisteanna déthaobhacha atá ar feitheamh;

An smacht reachta

41.  á chur i bhfios go láidir, cé go n-aithnítear an dul chun cinn atá déanta, go bhfuil gá athchóiriú an smachta reachta a chur chun cinn mar chnámh droma an chlaochlaithe dhaonlathaigh, lena n-áirithítear deimhneacht dhlíthiúil, trédhearcacht, rochtain ar cheartas agus neamh-idirdhealú;

42.  ag tathant ar an gCoimisiún moltaí Thuarascáil Speisialta Uimh. 01/2022 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a chur chun feidhme chun tionchar éifeachtach an smachta reachta a áirithiú maidir le cúnamh airgeadais sna Balcáin Thiar, lena n-áirítear sa Mhacadóin Thuaidh;

43.  á chur in iúl gur geal léi bearta breise chun an cuntas teiste maidir le cásanna éillithe agus coireachta eagraithe a imscrúdú, a ionchúiseamh agus a chur faoi thriail, lena n-áirítear ar ardleibhéal, agus institiúidí maoirseachta neamhspleácha agus córais bhreithiúnacha a neartú;

44.  á mheabhrú gur cheart go gcumhdófaí leis na nuashonruithe ar an gcód coiriúil, inter alia, na forálacha maidir le foréigean in aghaidh na mban, coireacht eacnamaíoch, sciúradh airgid, éilliú, coigistiú sócmhainní agus scaipeadh na bréagaisnéise, agus gur cheart go gcuirfí dlús leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe, lena n-áirítear gearradh neamhdhleathach adhmaid;

45.  ag cur béim ar an ngá atá leis an athchóiriú breithiúnach a chur chun cinn tuilleadh, agus ar an gcaoi sin, neamhspleáchas institiúideach, cistiú, cáilíocht, comhordú agus trédhearcacht na mbreithiúnachta agus feidhmiú a gcomhlachtaí féinrialachais a neartú; ag tathant ar fhórsaí polaitiúla teacht ar chomhaontú go pras maidir le breithiúna den Chúirt Bhunreachtúil a cheapadh chun a feidhmiú cuí a áirithiú;

46.  á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn suntasach atá déanta agus go dtacaíonn sí leis na bearta a fhorfheidhmítear chun an t-éilliú agus an choireacht eagraithe a chomhrac, amhail faoin bplean frith-éillithe ‘Beart 21’, lena n-áirítear trí imscrúduithe réamhghníomhacha arna ndéanamh ag an gCoimisiún Stáit um Éilliú a Chosc agus ag an Ionchúisitheoir don Choireacht Eagraithe agus don Éilliú, a thug tús áite do chiontuithe agus do choigistiú sócmhainní coiriúla i gcásanna ardleibhéil; á iarraidh ar na Ballstáit go gcuirfí feabhas ar an gcomhar breithiúnach trasteorann le tíortha na mBalcán Thiar in ábhair choiriúla, agus acquis cosanta sonraí AE á urramú go hiomlán ag an am céanna;

47.  á iarraidh go dtabharfar chun críche bearta athchóirithe na hearnála slándála agus faisnéise, lena n-áiritheofar neamhspleáchas na hearnála agus maoirseacht pharlaiminteach fhiúntach; á iarraidh go ndéanfaí an sásra cosanta do sceithirí a nuashonrú, feabhas a chur ar ailíniú le Treoir AE maidir le Sceithirí(8) agus ar chur chun feidhme na Treorach sin agus ar Mholadh CM/Rec(2014)7 ó Chomhairle na hEorpa maidir le sceithirí a chosaint agus cur chun feidhme éifeachtach an dlí nua-leasaithe brústocaireachta a áirithiú;

48.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé leanúint de chuntasacht dhlíthiúil a bhunú, lena n-áirítear i ngach cás mór dlí a bhaineann le mí-úsáid oifige, saoirse ó phionós do phóilíní, éilliú, ionsaithe 2017 i bParlaimint na Macadóine Thuaidh, cúléisteacht theileafóin neamhdhleathach agus sracadh neamhdhleathach;

49.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé imscrúduithe, ionchúiseamh agus ciontuithe críochnaitheacha atá comhsheasmhach agus réamhghníomhach a shaothrú i gcásanna éillithe ardleibhéil;

50.  á iarraidh go ndéanfaí gníomhaíocht chinntitheach i gcoinne sciúradh airgid agus coireacht airgeadais a shaothrú trí chomhordú feabhsaithe, lena n-áirítear le Europol, agus ailíniú iomlán á dhéanamh le acquis sonraí AE agus é á urramú; ag tathant go neartófaí acmhainneacht comhlachtaí forfheidhmithe dlí chun an choireacht eagraithe, an sceimhlitheoireacht agus an radacú a chomhrac; ag iarraidh ar na húdaráis an reachtaíocht is gá a ghlacadh agus a chur chun feidhme chun gníomhaíocht na hOifige um Aisghabháil Sócmhainní a rialáil agus chun éifeachtacht an chórais náisiúnta aisghabhála sócmhainní a fheabhsú;

51.  á chur in iúl gur díol sásaimh di an dul chun cinn marthanach a rinneadh go dtí seo, ar cheart go dtiocfadh feabhsuithe sistéamacha as maidir le dul i ngleic leis an ngáinneáil ar dhaoine, ar dhrugaí, ar airm thine agus ar earraí, mar aon le cibearchoireacht agus faireachas, coireacht fhoréigneach, antoisceachas agus bagairtí sceimhlitheoireachta; ag moladh na n-imscrúduithe agus an chomhair dhéthaobhaigh agus idirnáisiúnta atá ar siúl maidir le líonraí coireachta trasnáisiúnta a dhíchóimeáil, lena n-áirítear le gníomhaireachtaí ceartais agus gnóthaí baile idirnáisiúnta agus AE, amhail Eurojust, Europol agus Frontex, a chuir dlús le gníomhaíocht i gcoinne na gáinneála ar dhaoine, ar dhrugaí agus ar airm neamhdhleathacha agus ar chontúirt an radacaithe; ag tabhairt dá haire tacaíocht pholaitiúil, oibríochtúil agus lóistíochta na Macadóine Thuaidh do Frontex agus do sheirbhísí garda teorann agus cósta na mBallstát; ag tathant ar an Mhacadóin Thuaidh a hathléimneacht i leith bagairtí hibrideacha, bréagaisnéis agus bréagnuacht a neartú; á chur in iúl gur saoth léi na cibirionsaithe a rinneadh i gcoinne institiúidí na tíre;

Athchóirithe socheacnamaíocha

52.  ag tabhairt dá haire tionchar tromchúiseach eacnamaíoch agus sóisialta ghéarchéim COVID-19 agus á chur in iúl go dtacaíonn sí leis an raon beart arna ndéanamh ag na húdaráis chun an tsláinte phoiblí a chosaint agus chun tionchar socheacnamaíoch na géarchéime a mhaolú, lena n-áirítear leas maith a bhaint as an tacaíocht shuntasach a chuireann AE ar fáil ó thaobh cúnamh airgeadais, trealamh leighis agus vacsaíní; á chur in iúl gur geal léi téarnamh na Macadóine Thuaidh in 2021, níos tapúla ná mar a bhíothas ag súil leis, agus fás eacnamaíoch méadaithe;

53.  á mholadh go leanfadh an Mhacadóin Thuaidh de bhearta a shaothrú chun feabhas a chur ar chúinsí gnó agus ar an mbonneagar gnó faoin bPlean Maoinithe um Ghéarú Fáis, imghabháil cánach a chomhrac, oideachas a nuachóiriú, cumhdach slándála sóisialta a leathnú, an claochlú digiteach a chur chun cinn, agus na margaí fuinnimh agus iompair a athchóiriú, chomh maith le bearta gearrthéarmacha chun tionchar paindéimí agus ardú ar phraghsanna fuinnimh agus bia a mhaolú;

54.  á chur in iúl gur geal léi na bearta a glacadh chun córas cánachais phearsanta dhírigh a bhunú atá bunaithe ar rátaí forchéimnitheacha; ag tabhairt dá haire an filleadh ar shamhail chothrom chánach ag spreagadh an rialtais chun an cód cánach a nuachóiriú chun béim níos mó a chur ar rátaí forchéimnitheacha ar ioncam agus ar chánachas ar mhaoin agus ar thosca comhshaoil, chun luach leordhóthanach a chur ar fáil chun athchóirithe sóisialta a chur chun feidhme agus chun éagothromaíocht a chomhrac;

55.  ag spreagadh na n-údarás an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta a laghdú trí fheabhas a chur ar rochtain uilíoch ar sheirbhísí sóisialta, oideachais agus cúraim sláinte, go háirithe do phobail faoi mhíbhuntáiste agus do ghrúpaí leochaileacha;

56.  ag moladh don Mhacadóin Thuaidh leanúint de dhul chun cinn a dhéanamh maidir le cur chun feidhme na n-athchóirithe a bhaineann leis an óige agus leis an oideachas; á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar an Dlí maidir leis an Meánoideachas trí phróiseas cuimsitheach ina mbeidh saineolaithe, cleachtóirí agus an tsochaí shibhialta rannpháirteach, agus aird ar leith á tabhairt ar chearta na mac léinn atá faoi mhíchumas;

57.  ag spreagadh na Macadóine Thuaidh leanúint de leas a bhaint as an acmhainneacht a chuirtear ar fáil leis an digitiú chun próisis riaracháin, toghcháin, bhreithiúnachta, shóisialta, sláinte, fhioscacha agus eacnamaíocha a nuachóiriú, chun trédhearcacht agus cuntasacht a mhéadú, agus chun dul i ngleic leis an éilliú agus leis an ngeilleagar neamhfhoirmiúil i gcomhréir le acquis an Aontais; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá dlús a chur le tacaíocht AE don smacht reachta, don fhás glas inbhuanaithe, don bhithéagsúlacht, don nuálaíocht, don iomaíochas, do chearta maoine, agus d’athrú ó thaobh imirce daoine oilte agus an mheatha dhéimeagrafaigh; á chur i bhfios go láidir gur gá borradh a chur faoin infheistíocht i gcumhachtú agus cuimsiú na hóige, mar aon le bearta chun leibhéil arda dífhostaíochta i measc na n-óg a laghdú;

58.  á chur in iúl gur geal léi cur chun feidhme na Ráthaíochta don Aos Óg sa Mhacadóin Thuaidh mar chlár chun dífhostaíocht i measc na n-óg a laghdú, go háirithe i bhfianaise na neamhchinnteachta eacnamaíche agus na ndeiseanna fostaíochta laghdaithe do dhaoine óga mar thoradh ar phaindéim COVID-19; ag athdhearbhú a thábhachtaí atá cistí a chuirtear ar fáil trí EIP do na Balcáin Thiar do thionscadail shuaitheanta amhail an Ráthaíocht don Aos Óg sa Mhacadóin Thuaidh;

59.  á mheabhrú go bhfuil cistiú AE faoi IPA III agus EIP do na Balcáin Thiar, ionstraimí ar díol sásaimh dó iad, bunaithe ar choinníollacht dhocht; á chur i bhfáth go mbeartaítear le IPA III nach mór cistiú a mhodhnú nó a chur ar fionraí fiú i gcás cúlchéimniú suntasach nó i gcás easpa leanúnach dul chun cinn i réimse na mbunphrionsabal, go háirithe i réimse an smachta reachta agus na gceart bunúsach, lena n-áirítear an comhrac i gcoinne an éillithe agus na coireachta eagraithe, chomh maith le saoirse na meán; á chur i bhfáth gur chun leasa slándála AE féin é agus go bhfuil sé de fhreagracht air a ráthú nach gcuireann cistí AE leis an éilliú; ag iarraidh ar AE agus ar thíortha na mBalcán Thiar, sa chomhthéacs sin, comhar breithiúnach trasteorann a fheabhsú agus creat a bhunú le haghaidh comhar éifeachtach le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, go háirithe i réimse chistí IPA III; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá infheictheacht chistiú AE a fheabhsú agus a áirithiú go mbeidh aon infheistíocht i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras agus spriocanna dícharbónaithe AE;

60.  á chur in iúl gur geal léi glacadh EIP agus an Chláir Oibre Ghlais do na Balcáin Thiar, arb é is aidhm dó téarnamh eacnamaíoch fadtéarmach an réigiúin a spreagadh, tacú le haistriú glas agus digiteach, agus nascacht réigiúnach agus comhtháthú agus cóineasú leis an Aontas Eorpach a chothú; á mheabhrú go bhféadfadh comhar Eorpach a bheith ann i réimsí amhail bainistiú uisce, dramhuisce agus teicneolaíochtaí cóireála dramhaíola, fuinneamh in-athnuaite, teicneolaíochtaí talmhaíochta agus próiseála bia, TFC, cógaisíocht agus trealamh leighis; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá comhordú feabhsaithe le heagraíochtaí idirnáisiúnta amhail Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach;

An comhshaol, fuinneamh agus iompar

61.  ag tathant ar an rialtas dlús suntasach a chur lena uaillmhianta agus an toil pholaitiúil a mhéadú chun moltaí na bliana seo caite maidir leis an aistriú glas a chur chun feidhme, go háirithe i gcomhthéacs an Chláir Oibre Ghlais do na Balcáin Thiar, agus leas á bhaint as acmhainneacht EIP do na Balcáin Thiar i ndáil leis sin;

62.  á chur in iúl gur geal léi gealltanas nuashonraithe aeráide na Macadóine Thuaidh maidir le glanlaghdú 82 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030, agus á iarraidh ag an am céanna go gcuirfear Comhaontú Pháras chun feidhme, lena n-áirítear trí straitéis chuimsitheach aeráide agus dlí a ghlacadh a bheidh comhsheasmhach le creat aeráide agus fuinnimh AE 2030; á mheabhrú go bhfuil gá le hiarrachtaí breise chun na spriocanna maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, fuinneamh inathnuaite, slándáil an tsoláthair fuinnimh agus laghduithe ar astaíochtaí a chomhlíonadh; ag tathant ar AE dlús a chur lena thacaíocht chun aistriú inbhuanaithe ó ghual a aisiompú agus chun foinsí fuinnimh iontaise a chéimniú amach de réir a chéile i bhfianaise an ghéarchor fuinnimh dhomhanda; ag tathant ar na húdaráis reachtaíocht maidir leis an gcomhshaol agus leis an athrú aeráide a ailíniú le acquis AE agus forfheidhmiú na reachtaíochta sin a áirithiú;

63.  á chur i bhfáth go bhfuil géarghá le cáilíocht an aeir a fheabhsú, go háirithe i limistéir uirbeacha; ag tathant go láidir ar na húdaráis dlús a chur le bearta maidir le bithéagsúlacht, uisce, cosaint aeir agus aeráide, athchúrsáil agus bainistiú dramhaíola réigiúnaí, lena n-áirítear trí mheasúnuithe tionchair cuimsitheacha, comhairliúcháin phoiblí chuí, comhordú idirearnálach feabhsaithe, acmhainní airgeadais méadaithe agus dian-ionchúiseamh na coireachta comhshaoil;

64.  ag tathant ar na húdaráis feabhas suntasach a chur ar cháilíocht a measúnuithe straitéiseacha comhshaoil (SEA), agus Treoir SEA(9) a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú d’fhonn tionchar diúltach éiceolaíoch a chosc go héifeachtach agus deireadh a chur le héilliú san earnáil; ag iarraidh ar na húdaráis an moladh ó eagraíochtaí comhshaoil agus ó shaineolaithe neamhspleácha maidir leis na leasuithe atá beartaithe ar an Dlí maidir le hUirbiú, a chur san áireamh go hiomlán;

65.  ag spreagadh an Choimisiúin tacaíocht iomlán a thabhairt don Mhacadóin Thuaidh chun plean gníomhaíochta a dhréachtú agus a chur chun feidhme lena mbeartaítear an spleáchas ar fhoinsí fuinnimh a allmhairítear ón Rúis a laghdú, agus é mar aidhm leis sin athléimneacht agus slándáil fuinnimh a mhéadú, chomh maith le cur ar a cumas mianta AE maidir le haeráidneodracht a chomhlíonadh; ag aithint ailíniú méadaitheach na tíre le tríú pacáiste fuinnimh AE agus ag tathant go dtabharfaí an díchuachadh gáis chun críche agus go gcuirfí an reachtaíocht maidir le héifeachtúlacht fuinnimh chun feidhme;

66.  ag tathant ar an tír dlús a chur leis na hiarrachtaí chun bonneagar iompair agus fuinnimh a uasghrádú, chomh maith le nascacht réigiúnach; ag athdhearbhú a thábhachtaí atá sé mórthionscadail bhonneagair réigiúnacha a thabhairt chun críche go tapa, agus na nósanna imeachta cuí do na measúnuithe cuimsitheacha tionchair is gá á n-urramú go hiomlán, lena n-áirítear conairí iarnróid agus bóthair VIII agus X, idirnascairí gáis leis an mBulgáir, leis an nGréig, leis an gCosaiv agus leis an tSeirbia, agus an t-idirnascaire leictreachais leis an Albáin;

67.  á chur in iúl gur geal léi gur osclaíodh nasc aeir idir Scóipé agus Sóifia agus á mholadh go gcuirfí feabhas ar naisc iompair eile agus go n-osclófar seicphointí nua teorann le tíortha comharsanachta;

68.  á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh deireadh le táillí fánaíochta i measc na Macadóine Thuaidh agus cúig stát eile de chuid na mBalcán Thiar amhail ón 1 Iúil 2021; ag tathant, ina leith sin, go gcruthófaí treochlár mear chun muirir fánaíochta a laghdú agus a dhíothú ar fud na mBallstát go léir;

Comhar réigiúnach agus an beartas eachtrach

69.  ag iarraidh ar AE measúnú criticiúil a dhéanamh ar impleachtaí slándála a bhfuil tábhacht stairiúil ag baint leo do chobhsaíocht agus d’aontacht ar mhór-roinn na hEorpa agus sna Balcáin Thiar i gcomhthéacs ionsaí na Rúise in aghaidh na hÚcráine; ag tathant ar na Ballstáit aontacht na hEorpa a léiriú trí thús oifigiúil a chur le caibidlíocht aontachais leis an Macadóin Thuaidh agus leis an Albáin, agus impleachtaí geopholaitiúla agus comhlíonadh critéar oifigiúil araon á gcur san áireamh, mar infheistíocht san iontaoibh, sa chobhsaíocht, sa rathúnas agus sa phróiseas leanúnach athmhuintearais sa réigiún;

70.  á chur in iúl gur geal léi tiomantas na Macadóine Thuaidh don dlúthpháirtíocht, don iltaobhachas agus don dea-comharsanacht; á chur in iúl go dtacaíonn sí le lánpháirtiú AE agus bearta leanúnacha chun teagmhálacha idirphearsanta a chur chun cinn ar fud Oirdheisceart na hEorpa agus comhtháthú réigiúnach cuimsitheach freisin, rud a thugann an réigiún ar fad níos gaire don Aontas tríd an gComhmhargadh Réigiúnach a fhorbairt; á chur in iúl go dtacaíonn sí le scéimeanna cuimsitheacha réigiúnacha um chomhar eacnamaíoch lena mbunaítear comhar ar bhonn cothrom i measc na sé thír uile, lena neartaítear ailíniú le caighdeáin AE agus le acquis AE, agus lena gcuirtear le próisis lánpháirtithe AE;

71.  ag tnúth le Cathaoirleacht na Macadóine Thuaidh ar an ESCE in 2023 mar léiriú ar a freagracht idirnáisiúnta agus ar a hiontaofacht mar chomhalta de ECAT agus mar Bhallstát den Aontas amach anseo, agus mar rannchuidiú le cur chun cinn phrionsabail bhunaidh ESCE i réimse na slándála, chearta an duine agus an daonlathais; ag moladh lánpháirtiú thar a bheith gasta na Macadóine Thuaidh i struchtúir ECAT, agus béim á leagan aici ar a roghanna straitéiseacha slándála agus, ar an gcaoi sin, ag cuidiú agus ar cur cobhsaíocht ar fáil sna Balcáin Thiar;

72.  á chur in iúl gur geal léi tiomantas leanúnach na Macadóine Thuaidh don chreat slándála Eora-Atlantach; ag moladh ailíniú iomlán na tíre le comhbheartas eachtrach, slándála agus cosanta AE; á chur in iúl gur geal léi a rannchuidiú leanúnach le misin bhainistithe géarchéime AE agus le hoibríochtaí faoi stiúir ECAT; ag moladh a hailíniú gasta leis na smachtbhannaí a forchuireadh i gcomhthéacs ionsaí na Rúise atá dírithe ar an mbonn a bhaint d’iomláine chríochach agus de cheannasacht na hÚcráine, agus ar an gcaoi sin ailíniú a beartais eachtraigh a mhéadú go 100 %;

73.  ag tabhairt dá haire na rioscaí a bhaineann le spleáchas méadaitheach eacnamaíoch agus fuinnimh ar an tSín agus ar an Rúis ar fud an réigiúin; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an leochaileacht agus an spleáchas a eascraíonn as iasachtaí infheistíochta arna gcistiú ag an tSín; á chur in iúl gur geal léi tiomantas na Macadóine Thuaidh slándáil teorann a áirithiú, mar aon le príobháideacht agus slándáil sonraí faoin tionscnamh ‘Líonra Glan’;

74.  á chur in iúl gur geal léi an próiseas leanúnach chun dea-chomharsanacht le tíortha comharsanachta a neartú agus comhar réigiúnach feabhsaithe, a chumhdaítear le Comhaontú Prespa leis an nGréig agus leis an gConradh maidir le cairdeas, dea-chomharsanacht agus comhar leis an mBulgáir; ag iarraidh ar na páirtithe uile leanúint d’idirphlé cuiditheach a shaothrú chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go hiomlán agus go comhsheasmhach iad de mheon macánta, agus ag an am céanna staonadh ó ghníomhaíochtaí a d’fhéadfadh an bonn a bhaint de lánpháirtiú AE agus de leasanna níos leithne an Aontais in aghaidh trasnaíocht eachtrach; ag iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur lena iarrachtaí chun idirphlé a éascú, agus ar an gcaoi sin an bealach a réiteach do chomhaontú inmharthana agus inbhuanaithe;

75.  á mholadh don Bhulgáir agus don Mhacadóin Thuaidh teacht ar réiteach a bheidh inghlactha go frithpháirteach ar shaincheisteanna déthaobhacha atá ar feitheamh; á chur in iúl gur geal léi go mór an spreagadh polaitiúil don rannpháirtíocht fhadréimseach, chuiditheach idir an dá thaobh, agus comhthuiscint á lorg i réimsí éagsúla leasa choitinn, seachas línte deighilte breise a tharraingt; ag spreagadh na gcomhpháirtithe dlús a chur leis an rannpháirtíocht sin de mheon macánta agus i gcomhréir leis an gConradh maidir le cairdeas, dea-chomharsanacht agus comhar agus tús a chur le caibidlíocht aontachais, agus réiteach á sholáthar ar na saincheisteanna déthaobhacha atá ar feitheamh sna ‘bearta 4+ 1’ a bheidh le cur chun feidhme go leordhóthanach agus aghaidh le tabhairt orthu le linn phróiseas lánpháirtithe AE; ag tathant ar na comhpháirtithe a ndícheall a dhéanamh chun teacht ar réitigh a bheidh inghlactha go frithpháirteach, cothrom agus inbhuanaithe ar shaincheisteanna déthaobhacha atá ar feitheamh a luaithe is féidir; á chur in iúl gur geal léi gur atosaíodh obair an Chomhchoimisiún Saineolaithe Ildisciplínigh maidir le Saincheisteanna Stairiúla agus Oideachais na Bulgáire agus na Macadóine Thuaidh, agus ar an gcaoi sin sochaithe a thabhairt níos gaire dá chéile trí thodhchaí chomhchoiteann a chumasú san Aontas, agus gan aon tionchar a bheith aige ar phróiseas aontachais na Macadóine Thuaidh;

76.  ag athdhearbhú a hiarrata go mbeidh ann d’athmhuintearais stairiúil bunaithe ar an stair choiteann shainithe, mar a leagtar síos sa Chonradh maidir le Cairdeas, Dea-chomharsanacht agus Comhar;

77.  á athdhearbhú go dtacaíonn sí go hiomlán le cur chun feidhme frithpháirteach comhsheasmhach agus luathaithe Chomhaontú Prespa leis an nGréig mar ghné thábhachtach den chaidreamh déthaobhach, lena n-áirítear daingniú na meabhrán a síníodh idir an dá thír atá ar feitheamh;

78.  ag tréaslú leis an Macadóin Thuaidh as insealbhú Idirphlé Fhóram Prespa, mar ardán réigiúnach chun idirphlé, athmhuintearas, dea-chomharsanachta agus comhar réigiúnach a spreagadh agus a chur chun cinn de mheon lánpháirtiú AE;

79.  ag iarraidh arís ar na ceannairí polaitiúla réigiúnacha uile an Coimisiún Réigiúnach um theacht ar an bhfírinne faoi choireanna cogaidh agus an fhírinne sin a nochtadh agus faoi Fhoréigean Eile ar Chearta an Duine arna nDéanamh ar Chríoch na hIar-Iúgslaive (RECOM) a bhunú, ag tógáil ar an obair shuntasach a rinne an Chomhghuaillíocht do RECOM;

80.  ag tathant go láidir go gcuirfí tús arís leis an obair ar théacsleabhair staire scoile sa Bhulgáir agus sa Mhacadóin Thuaidh; á chur i bhfáth gur cheart go léireodh na téacsanna an léirmhíniú ar fhíricí agus ar fhigiúirí stairiúla ó stair choiteann an dá phobal, bunaithe ar dhoiciméid/foinsí stairiúla barántúla; á chreidiúint gurb é sin an bonn ar ar cheart don dá thír a gcaidreamh a fhorbairt, agus go mbeidh an caidreamh idir na glúine atá le teacht den Mhacadóin Thuaidh agus an Bhulgáir mar léiriú ar na próisis oideachais sa dá thír;

81.  ag cáineadh aon iarracht ar shéadchomharthaí stairiúla agus/nó déantáin stairiúla a ionadú, lena n-áirítear an oidhreacht chultúrtha bharántúil a scriosadh agus aon iarrachtaí chun an stair a athscríobh; á chur i bhfáth gur cúis mhór imní iad teagmhais den sórt sin, lena n-áirítear i gcomhthéacs easpa cur chun feidhme an Chonrartha maidir le cairdeas, dea-chomharsanacht agus comhar 2017;

o
o   o

82.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig Uachtarán na Comhairle Eorpaí, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig Uachtarán, Rialtas agus Tionól Phoblacht na Macadóine Thuaidh.

(1) IO L 84, 20.3.2004, lch. 13.
(2) IO L 330, 20.9.2021, lch. 1.
(3) IO C 202, 28.5.2021, lch. 86.
(4) IO C 362, 8.9.2021, lch. 129.
(5) IO C 425, 20.10.2021, lch. 28.
(6) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0506.
(7) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0064.
(8) Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).
(9) Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le héifeachtaí pleananna agus clár áirithe ar an gcomhshaol a mheasúnú (IO L 197, 21.7.2001, lch. 30).


Tuarascáil 2021 maidir leis an Albáin
PDF 181kWORD 64k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine 2022 ar Thuarascáil 2021 ón gCoimisiún maidir leis an Albáin (2021/2244(INI))
P9_TA(2022)0214A9-0131/2022

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAlbáine, den pháirt eile(1),

–  ag féachaint d’iarratas na hAlbáine ar bhallraíocht san Aontas Eorpach a cuireadh isteach an 24 Aibreán 2009,

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III)(2),

–  ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 19-20 Meitheamh 2003 agus do Chlár Oibre Thessaloniki do na Balcáin Thiar,

–  ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 26-27 Meitheamh 2014, lenar áiríodh cinneadh chun stádas tír is iarrthóir do bhallraíocht AE a dheonú don Albáin,

–  ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 28 Meitheamh 2018,

–  ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 17-18 Deireadh Fómhair 2019,

–  ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 18 Meitheamh 2019, an 25 Márta 2020 agus an 14 Nollaig 2021 maidir leis an méadú agus leis an bpróiseas cobhsaíochta agus comhlachais,

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Feabhra 2020 dar teideal ‘An próiseas aontachais a fheabhsú – Peirspictíocht inchreidte AE do na Balcáin Thiar’ (COM(2020)0057),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2020 dar teideal Tacaíocht do na Balcáin Thiar chun dul i ngleic le COVID-19 agus leis an téarnamh iar-phaindéimeach’ (COM(2020)0315),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Iúil 2020 dar teideal ‘2020-2025 EU action plan on firearms trafficking’ [Plean gníomhaíochta AE 2020-2025 maidir le gáinneáil ar airm thine’ (COM(2020)0608),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal ‘Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar’ (COM(2020)0641),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Aibreán 2021 maidir le straitéis AE chun dul i ngleic leis an gcoireacht eagraithe 2021-2025 (COM(2021)0170),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Deireadh Fómhair 2021 dar teideal ‘Teachtaireacht 2021 maidir le Beartas um Méadú AE’ (COM(2021)0644), a raibh doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin dar teideal ‘Tuarascáil 2021 maidir leis an Albáin’ ag gabháil léi (SWD(2021)0289),

–  ag féachaint do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa um Sciúradh, Cuardach, Urghabháil agus Coigistiú na bhFáltas ón gCoireacht agus um Maoiniú na Sceimhlitheoireachta,

–  ag féachaint do thuarascáil ón gComhairle Eorpach i Samhain 2021 dar teideal Beyond Definitions: a call for action against hate speech in Albania – a comprehensive study [Thar Shainmhíniúcháin: glao ar ghníomhú i gcoinne na fuathchainte san Albáin - staidéar cuimsitheach],

–  ag féachaint do thuarascáil chríochnaitheach an 26 Iúil 2021 ó Mhisean Breathnóireachta Toghcháin na hOifige um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine (ODIHR) de chuid na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) maidir le toghcháin pharlaiminteacha Phoblacht na hAlbáine a reáchtáladh an 25 Aibreán 2021,

–  ag féachaint do thuairim Choimisiún na Veinéise an 14 Nollaig 2021 maidir le síneadh a chur le téarma oifige na gcomhlachtaí idirthréimhseacha atá i gceannas ar athmheastóireacht a dhéanamh ar bhreithiúna agus ar ionchúisitheoirí,

–  ag féachaint do Thuairim Chomhpháirteach ó Choimisiún na Veinéise agus ó ESCE/ODIHR an 11 Nollaig 2020 maidir le leasuithe an 30 Iúil 2020 ar Bhunreacht na hAlbáine agus an 5 Deireadh Fómhair 2020 ar an gCód Toghcháin,

–  ag féachaint do na tuairimí uile ó Choimisiún na Veinéise maidir leis an Albáin,

–  ag féachaint do Chruinniú Mullaigh Shóifia an 10 Samhain 2020, lena n-áirítear an Dearbhú maidir leis an gCómhargadh Réigiúnach agus an Dearbhú maidir leis an gClár Oibre Glas do na Balcáin Thiar,

–  ag féachaint do Dhearbhú Shóifia ó chruinniú mullaigh AE-na mBalcán Thiar an 17 Bealtaine 2018 agus do chlár oibre tosaíochtaí Shóifia,

–  ag féachaint do chruinniú mullaigh AE-na mBalcán Thiar, a tionóladh i Ságrab an 6 Bealtaine 2020, agus don dearbhú uaidh,

–  ag féachaint do chruinniú mullaigh AE-na mBalcán Thiar, a tionóladh in Brdo pri Kranju an 6 Deireadh Fómhair 2021, agus don dearbhú uaidh,

–  ag féachaint do 8ú Cruinniú Mullaigh Phróiseas Bheirlín an 5 Iúil 2021,

–  ag féachaint d’Fhóram Aireachta AE-na mBalcán Thiar maidir le Ceartas agus Gnóthaí Baile a tionóladh in Brdo pri Kranju an 1-3 Nollaig 2021 agus don phreasráiteas comhpháirteach uaidh,

–  ag féachaint don dearbhú críochnaitheach ó 8ú Fóram um Shochaí Shibhialta na mBalcán Thiar dar dáta an 1 Deireadh Fómhair 2021,

–   ag féachaint do thuarascáil speisialta 01/2022 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 10 Eanáir 2022 dar teideal EU support for the rule of law in the Western Balkans: Despite efforts, fundamental problems persist [Tacaíocht AE don Smacht Reachta sna Balcáin Thiar: in ainneoin na n-iarrachtaí atá déanta, tá fadhbanna bunúsacha fós ann],

–  ag féachaint do rún uaithi an 24 Deireadh Fómhair 2019 maidir le tús a chur leis an gcaibidlíocht aontachais leis an Macadóin Thuaidh agus leis an Albáin(3),

–  ag féachaint do mholadh uaithi an 19 Meitheamh 2020 chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir leis na Balcáin Thiar, i ndiaidh chruinniú mullaigh 2020(4),

–  ag féachaint do rún uaithi an 25 Samhain 2020 ar shaoirse na meán a neartú: cosaint iriseoirí san Eoraip, an fhuathchaint, an bhréagaisnéis agus ról na n-ardán(5),

–  ag féachaint do rún uaithi an 15 Nollaig 2021 ar an gcomhar i ndáil leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe sna Balcáin Thiar(6),

–  ag féachaint do thuarascáil uaithi an 9 Márta 2022 maidir le trasnaíocht eachtrach ar na próisis dhaonlathacha uile san Aontas Eorpach, lena n-áirítear bréagaisnéis(7),

–  ag féachaint do rúin uaithi roimhe seo maidir leis an Albáin,

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9‑0131/2022),

A.  de bhrí go bhfuil an méadú ar cheann de na hionstraimí beartais eachtraigh is éifeachtaí de chuid an Aontais, toisc go rannchuidíonn sé le méadú a dhéanamh ar réimse bhunluachanna an Aontais maidir le saoirse, an daonlathas, an smacht reachta, cothú na síochána agus urraim do chearta an duine;

B.  de bhrí gurb ionann lánpháirtiú na hEorpa agus mianta shaoránaigh na hAlbáine i leith an daonlathais agus an rathúnais agus go bhfeidhmíonn sé mar chatalaíoch cumhachtach le haghaidh athchóirithe lena ndéanfaí feidhmiú institiúidí an stáit agus caighdeán na beatha a fheabhsú;

C.  de bhrí gur chun leas polaitiúil, slándála agus eacnamaíoch an Aontais féin é an t-ionchas go mbeidh an Albáin ina Ballstát bunaithe ar fhiúntas;

D.  de bhrí gur tír is iarrthóir í an Albáin ó 2014 i leith agus go raibh an Coimisiún ag moladh go gcuirfí tús le cainteanna um aontachas ó 2018 i leith agus gur chuir an Coimisiún dréachtchreat caibidlíochta don Albáin isteach an 1 Iúil 2020;

E.  de bhrí nach mór don AE conair shoiléir agus iontaofa a chur ar fáil do thíortha ar mian leo dul leis an AE; de bhrí gur cheart go gcinnfí an clár ama maidir le haontachas ar bhonn chaighdeán athchóirithe riachtanacha na tíre; de bhrí gur mhéadaigh an Albáin a cuid iarrachtaí agus gur sholáthair an tír torthaí follasacha agus inbhuanaithe maidir le príomhréimsí arna sainaithint ag an gComhairle le bheith riachtanach le haghaidh an creat caibidlíochta a ghlacadh roimh an gcéad chomhdháil idir-rialtasach;

F.  de bhrí nach mór don Albáin leanúint ar aghaidh leis an daonlathas, leis an smacht reachta agus le cearta an duine a chomhdhlúthú, lena n-áirítear cosaint daoine a bhaineann le mionlaigh, in éineacht leis an gcomhrac i gcoinne éillithe mar phríomh-thagarmhairc le haghaidh dul chun cinn i dtreo aontachas AE a mheasúnú;

G.  de bhrí go bhfuil AE tiomanta go hiomlán do thacú le rogha straitéiseach na hAlbáine maidir le lánpháirtiú AE, bunaithe ar dhea-chaidrimh chomharsanúla, agus go bhfuil sé fós ina chomhpháirtí trádála agus infheistíochta is mó de chuid na hAlbáine agus go bhfuil sé ina sholáthraí cúnaimh airgeadais is mó de chuid na tíre; de bhrí gur bhain an tír tairbhe as EUR 1,24 billiún mar mhaoiniú réamhaontachais AE faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA) I agus faoi IPA II ó 2007;

H.  de bhrí gur léirigh AE a tiomantas do pheirspictíocht Eorpach thíortha na mBalcán Thiar agus go ndearna sé EUR 3,3 billiún a shlógadh chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim sláinte láithreach agus chun iarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta phaindéim COVID-19 a mhaolú;

I.  de bhrí go bhfuil sé mar aidhm ag cur isteach agus ag bréagaisnéis eachtrach atá díobhálach, díreach agus ionadaíoch easaontas, foréigean agus teannas idir eitneachtaí a chothú agus chun an réigiún iomlán a dhíchobhsú;

J.  de bhrí go bhfuil an Albáin fós ina comhghuaillí geopholaitiúil agus ina comhpháirtí iontaofa maidir le beartas eachtrach, agus í ailínithe ina hiomláine leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála agus lena iarrachtaí chun comhar réigiúnach agus dea-chaidrimh chomharsanúla a chur chun cinn;

K.  de bhrí gur ghlac an Albáin páirt in iarrachtaí AE chun tacú leis an Úcráin trí smachtbhannaí a chur ar an Rúis, agus í ag ailíniú le vótaí Bhallstáit an AE i gComhthionól Ginearálta na NA agus ag obair ina cáil mar bhall de Chomhairle Slándála na NA;

L.  de bhrí go ndearna an Albáin iarrachtaí leanúnacha chun na coinníollacha uile a chomhlíonadh le haghaidh an chéad Chomhdháil Idir-rialtasach a sceidealú, mar a Dearbhaíodh cheana féin sa tuarascáil ón bPárlaimint ar thuarascáil 2019-2020 ón gCoimisiún maidir leis an Albáin, agus go bhfuil an próiseas aontachais dá cuid á cur chun cinn aici;

M.  de bhrí gur bhain saoránaigh na hAlbáine leas as taisteal saor ó víosaí chuig limistéar Schengen ó Nollaig 2010 i leith agus go raibh siad in ann páirt a ghlacadh i malartuithe mac léinn, acadúla agus óige faoi chlár Erasmus+ ó 2015 i leith;

1.  ag athdhearbhú a tacaíochta soiléire d’athrú daonlathach ó bhonn na hAlbáine, faoina gcuirtear taca ag a claonadh straitéiseach agus tiomantas daingean do lánpháirtiú na hEorpa, in éineacht le dea-chaidrimh chomharsanúla agus comhar réigiúnach cuimsitheach; á dhearbhú an athuair todhchaí Eorpach na hAlbáine agus réigiún iomlán na mBalcán Thiar;

2.  á chur in iúl gurb oth léi an mainneachtain i dtús a chur le caibidlíocht aontachais thar am leis an Albáin agus leis an Macadóin Thuaidh; ag cur béim ar a dlúthpháirtíocht iomlán agus ar a bánna le saoránaigh na dtíortha agus measann sí gur teip í sin, rud lena mbaintear an bonn ó dhearcadh an phobail i leith AE, agus gur contúirt í sin maidir le beartas méadaithe AE tríd is tríd, lena ndéantar damáiste do cháil AE mar chomhpháirtí iontaofa agus gníomhaí geopholaitiúil dáiríre;

3.  ag tathant na Comhairle chun seasamh le creidiúnacht lánpháirtiú na hEorpa trí chaibidlíocht aontachais a oscailt go prap leis an Albáin agus leis an Macadóin Thuaidh, mar a mhol an Coimisiún go leanúnach, ós rud é gur chomhlíon an dá thír na coinníollacha arna leagan amach ag an gComhairle Eorpach agus go leanann siad le torthaí leanúnacha a sholáthar thar réimsí bunúsacha; á iarraidh ar na Ballstáit chun tiomantas polaitiúil iomlán a thaispeáint i dtreo an mhéadaithe agus chun spreagadh inchreidte a thabhairt maidir le hiarrachtaí athchóirithe i dtíortha eile an mhéadaithe trí thús a chur le caibidlíocht aontachais leis an Albáin agus leis an Macadóin Thuaidh;

4.  ag glacadh le nádúr bunathraitheach na caibidlíochta aontachais a bheidh le cur chun feidhme faoi mhodheolaíocht athbhreithnithe an mhéadaithe laistigh de chomhthéacs geostraitéiseach níos leithne, lena n-áirítear gníomhaíochtaí mailíseacha chun an bonn a bhaint ó lánpháirtiú níos dlúithe na mBalcán Thiar san AE agus ó cobhsaíocht thíortha na mBalcán Thiar;

5.  á mheabhrú go bhfuil aontachas AE deiridh na hAlbáine ag brath ar athchóirithe buana, doimhne agus do-aisiompaithe ar fud réimsí bunúsacha, ag tosú leis an smacht reachta agus feidhmiú na n-institiúidí daonlathacha; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go ndéanfaí luas a haontachas AE ar bhonn tuillteanais a chinneadh ag an dul chun cinn maidir le feidhmiú iomchuí na n-institiúidí uile agus go bhfuil sé bunaithe ar an smacht reachta, ar dhea-rialachas agus ar chearta bunúsacha; ag tathant na hAlbáine chun iarrachtaí a choimeád ar siúl agus a threisiú chun feidhmiú na mbreithiúna a threisiú, chun an daonlathas, an smacht reachta agus an geilleagar a neartú, chun an tsochaí shibhialta a chumasú, chun cur i gcoinne éillithe agus na coireachta eagraithe, chun saoirse na meán a chinntiú agus cosaint chearta na mionlach a ráthú , lena n-áirítear an pobal LADTI+; á mheabhrú go dtéann tíortha faoi athruithe doimhne ó bhonn d’fhonn critéir ballraíochta a chomhlíonadh le linn na caibidlíochta aontachais, a mhaireann chomh fada agus atá riachtanach chun na hathchóirithe riachtanacha a chur i bhfeidhm;

Institiúidí daonlathacha, na meáin agus an tsochaí shibhialta

6.  á dhearbhú an athuair freagracht chomhpháirteach fhórsaí polaitiúla na hAlbáine chun idirphlé polaitiúil agus comhar atá tairbheach a neartú, agus feidhmiú éifeachtach institiúidí daonlathacha na tíre á chumasú trí leanúint le rialachas, le follasacht agus le hiolrachas a fheabhsú agus trí rannpháirtíocht ghníomhach na sochaí sibhialta a chumasú; á chur in iúl gur cúis thromchúiseach bhuartha di an t-atmaisféar polaitíochta deighilte agus an easpa comhair thraspháirtí inbhuanaithe lena gcuirtear bac go fóill ar an bpróiseas daonlathach; á mheabhrú an tábhacht a bhaineann leis an gcomhaontú riachtanach idir na gníomhaithe polaitiúla uile chun cultúr parlaiminteach daonlathach, traidisiún parlaiminteach tairbheach, iontaoibh agus idirphlé idirpháirtí dáiríre san Albáin a neartú; ag spreagadh úsáid Idirphlé Jean Monnet maidir leis sin;

7.  á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí uile a rinneadh chun deighilt a laghdú roimh na holltoghcháin in 2021, rud a mheall páirtithe an fhreasúra ar ais isteach sa phróiseas polaitiúil sa pharlaimint; á chur in iúl gurb oth léi na hathruithe a rinne an tromlach i gceannas ar an mbunreacht agus ar dhlí toghcháin gan chomhthoil roimh na holltoghcháin; á iarraidh ar pháirtithe polaitiúla na hAlbáine chun aibíocht pholaitiúil a thaispeáint sa dóigh a bpléann siad le nithe ar spéis leis an bpobal iad agus chun daonlathas agus macántacht idirpháirtithe iomaíoch a mhéadú mar chéim aistir le haghaidh iolrachais agus athrú daonlathach ó bhonn;

8.  á mheabhrú gur mór tabhairt faoi na heasnaimh atá fágtha maidir le toghcháin ar aon dul le moltaí OSCE/ODIHR agus Choimisiún na Veinéise go tráthúil roimh an gcéad toghchán eile, trí inrochtaineacht agus macántacht a fheabhsú a thuilleadh maidir le toghcháin agus trí cheannach vótaí agus mí-úsáid acmhainní riaracháin a chosc, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as digitiú, follasacht, cosaint sonraí, rochtain chothrom ar na meáin, mar aon le reachtaíocht agus rialuithe athbhreithnithe maidir le maoiniú agus feidhmiú páirtithe polaitiúla; á thabhairt dá haire go raibh na toghcháin don pharlaimint in 2021 dea-eagraithe agus iomaíoch go ginearálta, in ainneoin na n-easnamh agus na bhfadhbanna sin; á chur in iúl gurb oth léi easpa na gciontuithe deiridh i gcásanna ardleibhéil ceannaithe vótaí; á mholadh go seolfaí Misean Breathnóireachta AE chuig an Albáin roimh na chéad toghcháin pharlaiminte eile;

9.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di an reitric ghríosaitheach, agus polaiteoirí ardleibhéil, oifigigh phoiblí agus pearsana poiblí eile i gceist léi, atá ina cúis le cultúr an imeaglaithe, le feachtais chlúmhillte, le foréigean agus le círéibeacha; ag tathant ar ghníomhaithe polaitiúla ceannaireacht a thabhairt le dea-shampla trí idirphlé sochaíoch a chur chun cinn agus iarrann sí go gcinnteofaí go gciontaítear daoine a dhéanann ionsaí ar iriseoirí;

10.  ag cur béim ar an bhfíoras nach mór borradh a chur faoi rannpháirtíocht Pharlaimint na hAlbáine (Kuvendi) i bpróiseas lánpháirtithe AE d’fhonn a cumais reachtaíochta, mhaoirseachta agus bhuiséadacha a mhéadú a thuilleadh; ag tathant ar Kuvendi chun dul chun cinn a dhéanamh maidir le hathchóirithe toghcháin agus críche agus cuireann sí in iúl gur geal léi bunú na gcoistí parlaiminteacha ábhartha;

11.  ag spreagadh an rialtais chun ullmhúcháin riaracháin a luathú don chaibidlíocht aontachais atá le teacht agus chun an úsáid is fearr a bhaint as an gcúnamh agus as an saineolas ábhartha arna gcur ar fáil ag Ballstáit AE; á chur i bhfáth an tábhacht a bhaineann le struchtúir rialtais shoiléire agus éifeachtúla a chur i bhfeidhm chun gnóthaí AE a chomhordú go héifeachtach a bhaineann leis an tsochaí shibhialta agus le páirtithe leasmhara ábhartha, agus follasacht i leith an phobail i gcoitinne á cinntiú ag an am céanna;

12.  á chur i bhfios nach mór comhordú, measúnú agus monatóireacht laistigh de sheirbhísí a fheabhsú ar athchóirithe a bhaineann leis an AE, d’fhonn dílárú, nuachóiriú ar fud na tíre agus dípholaitiú na seirbhíse sibhialta a chur chun cinn agus chun dálaí a chruthú chun an daonáireamh atá le teacht a chur chun feidhme ar aon dul le caighdeáin idirnáisiúnta maidir le follasacht agus rúndacht, ionas gur féidir gach mionlach náisiúnta a chomhaireamh go cruinn, gan aon imeaglú; á athdhearbhú nach mór athchóiriú riaracháin críche a chomhdhlúthú a thuilleadh mar chuid den chlár oibre díláraithe níos leithne d’fhonn neamhspleáchas fioscach áitiúil a rathú agus bardasachtaí a chumasú seirbhísí poiblí ardchaighdeáin a sholáthar;

13.  a mheabhrú go bhfuil sé de fhreagacht ar údaráis náisiúnta agus áitiúla follasacht, cuntasacht agus ionchuimsitheacht a fheabhsú trí réamhchomhairliúcháin, fiúntacha, rialta a dhéanamh le páirtithe leasmhara agus trí chumas na Comhairle Náisiúnta don tSochaí Shibhialta a neartú tosaíochtaí eagraíochtaí na sochaí sibhialta a léiriú; á iarraidh go gcuirfí comhairliúcháin chearta agus idirphlé ceart ar bun leis an bpobal, lena n-áirítear an óige agus mionlaigh, lena gclúdófar, i measc nithe eile, saincheisteanna an chomhshaoil agus tionscadail atógála agus uirbithe; á chur i bhfios go láidir an gá le daonlathas rannpháirtíoch a mhéadú, lena n-áirítear trí dhlí reifrinn cothrom a ghlacadh; ag tathant ar na húdaráis chun maoiniú leordhóthanach a áirithiú do chomhlachtaí agus do ghníomhaireachtaí neamhspleácha, mar aon lena bhfeidhmiú éifeachtach agus neamhchlaonta, chomh maith le feidhmiú comhsheasmhach na gcinntí agus na moltaí dá gcuid;

14.  á athdhearbhú gur gá cultúr de chuntasacht, de rochtain neamh-chlaonpháirteach ar fhaisnéis phoiblí agus de ghrinnscrúdú ar institiúidí poiblí a chothú, go háirithe trí thimpeallacht fhioscach agus slándála chumasaithe agus trí chomhoibriú leis na meáin agus leis an tsochaí shibhialta; á iarraidh go ndéanfaí dul chun cinn follasach níos mó maidir le hinbhuanaitheacht dhlíthiúil agus airgeadais agus féinrialú na n-earnálacha neamhrialtasacha agus na meán, lena n-áirítear na meáin ar líne;

15.  á thabhairt dá haire gur gá feabhas práinneach a chur ar shaoirse cainte, ar neamhspleáchas na meán agus ar iolrachas agus gur cúis bhuartha di nach bhfuil dul chun cinn á dhéanamh sa réimse sin, ós rud é gur thit an Albáin ocht n-áit i ‘World Press Freedom Index’ [Innéacs Domhanda um Shaoirse na Meán] de chuid Iriseoirí Gan Teorainneacha ó 2018;

16.  á iarraidh ar na húdaráis chun beartas neamhfhulaingthe a chur i bhfeidhm agus chun gníomhú go deimhneach i gcoinne imeallú agus imeaglú bhealaí na meán agus iriseoirí agus in aghaidh foréigin ina gcoinne, trí bheart a dhéanamh i gcoinne cásanna dlí straitéiseacha in aghaidh rannpháirtíocht phoiblí, feachtas clúmhillte agus brú polaitiúil agus airgeadais indíreach lena gcuirtear srian tromchúiseach ar shaoirse na meán, lena spreagtar féinchinsireacht agus lena mbaintear an bonn ar bhonn tromchúiseach ó iarrachtaí chun coireacht agus éilliú a nochtadh agus chun tuairisciú neamhspleách a dhéanamh; ag tathant ar phearsana polaitiúla chun ionsaithe béil, feachtais chlúmhillte agus gníomhaíochtaí imeaglaithe a stad, amhail cásanna dlí atá dírithe ar iriseoirí, a bhfuil mar aidhm acu an bonn a bhaint ó thábhacht na hiriseoireachta agus neamhspleáchas na meán nó drochtheist a chur orthu;

17.  ag athrá a glaonna chun dálaí oibre iriseoirí a fheabhsú trí chosaint chearta saothair agus sóisialta na n-iriseoirí a neartú, agus chun rialacháin a ghlacadh lena méadófar follasacht maidir le húinéireacht na meán, foinsí maoinithe agus fógraíocht phoiblí, mar aon le nochtadh poiblí ina leith;

18.  á mheabhrú gur cheart go mbeadh athbhreithniú ar bith a dhéanfaidh Kuvendi ar dhlíthe na meán ar aon dul le moltaí Choimisiún na Veinéise agus gur cheart go dtarlódh siad ar bhealach follasach agus ionchuimsitheach, i gcomhairle le heagraíochtaí na meán, agus an aidhm ann saoirse na meán agus féinrialú a fheabhsú agus comhchruinniú, mí-úsáid, cur isteach seachtrach agus féinchinsireacht i leith na meán a laghdú; á athdhearbhú gur cúis thromchúiseach di an ‘pacáiste frith-chlúmhillte’ a moladh roimhe seo agus cuireann sí in iúl gur geal léi gur chuir Kuvendi tús le próiseas chun athbhreithniú a dhéanamh ar na dlíthe reatha maidir leis an gcreat frith-chlúmhillte;

19.  á mheabhrú gur gá iriseoireacht iniúchta, seiceáil fíricí agus litearthacht sna meáin a neartú mar bhealach chun dul i ngleic le fuathchaint, le bréagaisnéis agus le bhréagnuacht; ag spreagadh tacaíochta do mheicníocht féinrialála do na meáin agus cuireann sí i bhfáth nach mór feidhmiú rialála neamhchlaontach Údarás na Meán Closamhairc a áirithiú; á iarraidh go ndéanfaí athchóiriú ar an gcraoltóir seirbhíse poiblí d’fhonn a neamhspleáchas eagarthóireachta agus airgeadais, a neamhchlaontacht agus a ghairmiúlacht a mhéadú;

20.  á chur i bhfios go láidir gur cheart do Gníomhaireacht na Meán agus na Faisnéise a bunaíodh lé déanaí follasacht agus dílárú a mhéadú agus nár cheart di, ar bhealach ar bith, srian a chur ar rochtain iriseoirí ar fhaisnéis ó fhoinsí rialtais; á iarraidh ar an rialtas chun rochtain a fheabhsú ar thuairisciú agus ar scrúdú a chuid oibre trí bhealaí oifigiúla agus foirmiúla, amhail preasócaidí agus agallaimh;

21.  á iarraidh ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus ar an gCoimisiún comhar a fheabhsú agus aghaidh a thabhairt ar an mbréagaisnéis agus ar bhagairtí hibrideacha lena bhféachtar an bonn a bhaint ó dhearcadh AE, trí bhéim a chur ar bhealach níos straitéisí ar ábharthacht AE do dhaoine sna Balcáin Thiar;

Cearta bunúsacha

22.  ag tathant ar na comhlachtaí ábhartha gach cás den fhuathchaint as líne agus ar líne, de choireanna fuatha, d’ionsaithe ó bhéal agus fisiciúla agus d’imeaglú a chosc agus a iniúchadh agus a ionchúiseamh go gasta agus go críochnúil , lena n-áirítear iad siúd a dhéantar i gcoinne iriseoirí, cosantóirí chearta an duine agus daoine de chuid grúpaí leochaileacha agus mionlaigh, amhail LADTI+ nó Romaigh, d’fhonn a sábháilteacht agus a slándáil a áirithiú; ag spreagadh oifig an Choimisinéara um Chosaint ar Leithcheal chun a bheith níos réamhghníomhaí sa chomhrac i gcoinne na fuathchainte, go háirithe i gcoinne daoine LADTI+, agus chun bailiú sonraí imdhealaithe a fhorbairt maidir leis an ábhar; ag spreagadh an rialtais chun smaoineamh ar fhuathchaint a shainiú ina chód coiriúil;

23.  á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn maidir le comhdheiseanna a áirithiú agus iarrann sí feabhsuithe breise maidir le comhionannas inscne cearta maoine, cosaint sonraí, cearta daoine faoi mhíchumais agus cearta mionlach sna réimsí a bhaineann le hoideachas, teangacha, féinaithint agus cosaint oidhreachta cultúrtha; á iarraidh ar na húdaráis chun caitheamh cothrom a áirithiú do dhaoine LADTI+ agus do mhionlaigh Romach agus chun dul i ngleic leis an leithcheal trasnach a dhéantar ar na grúpaí sin trí chur chuige institiúideach, córasach agus éifeachtach; á chur in iúl gur geal léi glacadh an fhodhlí maidir le hoideachas mionlaigh agus iarrann sí ar an rialtas chun an reachtaíocht feidhmithe atá fós ar feitheamh a ghlacadh go gasta a bhaineann le dlí creatlaí 2017 maidir le mionlaigh náisiúnta a chosaint, lena n-áirítear féinaithint agus úsáid teangacha mionlaigh; ag tathant ar na húdaráis chun rochtain neamhleithchealach ar oideachas a áirithiú agus iarrann sí ar an Albáin chun cosaint éifeachtach a áirithiú maidir le cearta maoine agus oidhreacht chultúrtha mionlach eitneach agus náisiúnta uile agus go n-áirithíonn sí go mbeidh comhdheiseanna agus ionadaíocht leordhóthanach ag grúpaí mionlaigh sa saol polaitiúil agus cultúrtha, sna meáin phoiblí agus i measc na mbreithiúna;

24.  á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí breise chun a áirithiú go mbíonn cearta daonna agus saoirsí bunúsacha iomlána ag daoine faoi mhíchumais, agus go gcosnófaí na cearta sin, ar daoine iad a bhí i measc na ndaoine is mó a ndeachthas i bhfeidhm orthu ag Paindéim COVID-19; á chur in iúl gur saoth léi gur cuireadh baic roimh dhaoine faoi mhíchumais le linn thoghcháin Aibreán 2021 agus iad ag iarraidh vótaí a chaitheamh; á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí breise chun tabhairt faoi fhoréigean i gcoinne daoine faoi mhíchumais, chun inrochtaineacht fhoriomlán a fheabhsú (lena n-áirítear seirbhísí agus faisnéis), agus chun fostaíocht a chur chun cinn; á chur i bhfios gur cúis bhuartha fós di cáilíocht an oideachais atá ar fáil do pháistí faoi mhíchumais, go speisialta páistí bodhra; á thabhairt dá haire nach bhfuil an Prótacal Roghnach leis an gCoinbhinsiún maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumais daingnithe go fóill ag an Albáin;

25.  á mheas gur cúis bhuartha an-mhór dúbailt ionfhabhtuithe VEID ón mbliain seo caite; á mheabhrú go ndeachaigh an straitéis náisiúnta do dhaoine atá ag maireachtáil le VEID in éag in 2020; á iarraidh ar an rialtas chun bearta iomchuí a ghlacadh, i gcomhar leis an tsochaí shibhialta, chun tabhairt faoi líon na n-ionfhabhtuithe VEID atá ag dul i méid agus chun rochtain ar chúram sláinte a áirithiú do na daoine is leochailí;

26.  á mholadh gur glacadh plean gníomhaíochta náisiúnta 2021-2027 maidir le LADTI+ agus spreagann sí go gcuirfí i bhfeidhm é ina iomlán agus go gcuirfí buiséad ceart ar fáil ina leith trí chomhlacht comhordaithe agus monatóireachta trína ndéanfaí maoirseacht air; á mheabhrú nach mór Deireadh a chur le leithcheal, le hiompar bagrach agus le fuathchaint atá forleathan agus comhchearta a áirithiú do dhaoine LADTI+, go speisialta maidir le rochtain ar chúram sláinte, ar oiDeachas, ar cheartas, ar fhostaíocht agus ar thithíocht;

27.  á iarraidh ar an Albáin chun moltaí Choimisiún na Veinéise a chur i bhfeidhm ina n-iomláine trí athchóiriú cuimsitheach ar earnáil na talún a chur chun cinn trí chlárú agus cúiteamh maoine a chomhdhlúthú ar bhonn soiléir;

28.  á chur in iúl gur cúis bhuartha mhór di an sceitheadh ollmhór sonraí pearsanta; á iarraidh ar údaráis na hAlbáine feabhas a chur ar chosc ar mhí-úsáid sonraí, cuntasacht a áirithiú maidir le mí-úsáid sonraí agus dlús a chur le hailíniú le rialacha AE maidir le cosaint sonraí pearsanta;

29.  ag glacadh leis go ndearnadh dul chun cinn maidir le Coinbhinsiún Iostanbúl a chur i bhfeidhm; á iarraidh ar údaráis chun borradh a chur faoi chosc agus faoi fhreagairtí maidir le foréigean ar bhonn inscne agus feimeamharú, chun tacaíocht airgeadais, ath-imeasctha agus dhlíthiúil a mhéadú do mharthanóirí agus chun maoiniú a mhéadú d’eagraíochtaí neamhrialtasacha ábhartha do mhná; á chur i bhfios go láidir nach mór ionchúiseamh cásanna ciaptha, foréigin sa bhaile agus foréigin i gcoinne páistí a chur chun cinn, lena n-áirítear trí líon na n-oifigeach forfheidhmithe dlí agus na mbreithiúna atá inscne-íogair agus oilte go ceart a mhéadú; ag tathant ar údaráis chun beart a dhéanamh i gcoinne drochúsáidí gnéasacha uile, go háirithe iad siúd a bhaineann le páistí, go speisialta páistí atá ina n-inimircigh agus ina ndídeanaithe atá thar a bheith leochaileach agus páistí faoi mhíchumais, ós rud é go ndéantar an chuid is mó de choireanna drochúsáide gnéasaí san Albáin i gcoinne cailíní;

30.  á mheabhrú nach mór an ceart ar shaoirse tionóil shíochánta a áirithiú gan bhearta treallacha nó leithchealacha agus tugann sí dá haire an tábhacht a bhaineann le tabhairt faoi líomhaintí mí-iompair ag na póilíní agus le húsáid dhíréireach fórsa a iniúchadh agus a ionchúiseamh; a chur in iúl go dtacaíonn sí le grinnfhiosrú neamhspleách ar phóilíní ardchéimiúla agus molann sí go smaoineodh an Albáin ar sheiceálacha macántachta rialta ar phóilíní a thabhairt isteach; á iarraidh go gcuirfí athchóiriú peannaideach chun cinn d’fhonn dálaí sna príosúin agus caitheamh le príosúnaigh a fheabhsú a thuilleadh ar aon dul leis na moltaí ón gCoimisiún Eorpach maidir le Céasadh agus Íde nó Pionós atá Mídhaonna nó Táireach a Chosc; á mheabhrú nach mór tabhairt faoi choireanna sa ré chumannach, daoine a fuadaíodh a imscrúdú, na daoine ciontacha a ionchúiseamh agus cúiteamh a chur ar fáil do mharthanóirí agus dá dteaghlaigh;

31.  a chur in iúl gur geal léi tiomantas cruthaithe seanbhunaithe na hAlbáine chun teifigh a óstáil; á mheabhrú go bhfuil oibleagáid ar na húdaráis próiseas iomchuí tearmainn a áirithiú agus chun tabhairt faoi riachtanais teifeach, iarrthóirí tearmainn agus imirceach; á iarraidh ar an AE chun borradh a chur faoina thacaíocht le cúnamh daonnúil agus le bainistíocht na himirce sa réigiún; á chur in iúl gur geal léi cinneadh na hAlbáine maidir le saoránaigh na hAfganastáine agus na hÚcráine a óstáil go sealadach a bhfuil tearmann á lorg acu tar éis dóibh a dtíortha féin a fhágáil;

An smacht reachta

32.  a chur i bhfios go láidir gur cnámh droma iad an smacht reachta agus athchóirithe breithiúnacha de bhunathrú daonlathach agus go ndéantar cinnteacht dhlíthiúil, follasacht, rochtain ar cheartas agus bearta i gcoinne leithcheala a áirithiú leo; ag tathant ar an gCoimisiún chun moltaí thuarascáil speisialta 01/2022 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a chur i bhfeidhm, lena n-áirithítear go gcuirtear an smacht reachta chun cinn sna Balcáin Thiar agus san Albáin freisin le maoiniú AE;

33.  ag cur béim ar an oibleagáid atá ar údaráis na hAlbáine chun leanúint d’éilliú agus de ghníomhaíochtaí coiriúla a dhíothú ó réimsí uile an tsaoil phoiblí, lena n-áirítear nósanna imeachta soláthair phoiblí agus maoiniú páirtithe polaitiúla; á thabhairt dá haire gur thit an Albáin 27 n-áit ar Innéacs na Braistinte i dtaca le hÉilliú do 2021 de chuid Transparency International, ó 2016; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an mhaoirseacht agus an chuntasacht atá lagaithe ar sholáthar poiblí agus ar chaitheamh ar chúnamh don iasacht le linn na paindéime agus tá sí ag tathant go ndéanfaí na heasnaimh a leigheas go gasta;

34.  ag moladh an dul chun cinn seasta atá á dhéanamh maidir le hathchóiriú cuimsitheach ceartais, faoina gcuirtear taca ag an gcreat reachtaíochta neartaithe agus ag an bpróiseas grinnfhiosraithe gan fasach, lena gcuirtear torthaí soiléire ar fáil ar bhonn leanúnach; a chur in iúl gur geal léi an tacaíocht thraspháirtí lena gcumasaíodh cinneadh Kuvendi sainchúram na gcomhlachtaí grinnfhiosraithe a shíneadh go dtí an 31 Nollaig 2024 agus tá sí ag tathant ar gach taobh chun tabhairt chun críche phróiseas an ghrinnfhiosraithe a luathú; a chur i bhfios go láidir nach mór bearta riachtanacha a ghlacadh chun fáil réidh le fo-iarmhairtí an ghrinnfhiosraithe, amhail imeachtaí fadálacha, ráta íseal imréitigh agus riaráiste ard cásanna; á chur in iúl gur geal léi feidhmiúlacht athchóirithe na Cúirte Bunreachtúla agus na hArdchúirte, rud a d’fhéadfadh a bheith ina fheabhsúchán ar rochtain na saoránach ar cheartas agus lena ndéanfaí imeachtaí breithiúnacha a luathú;

35.  á mheabhrú go bhfuil sé ríthábhachtach cumas chóras na mbreithiúna a chur chun cinn agus a chomhdhlúthú a thuilleadh d’fhonn athrú do-aisiompaithe a chumasú i dtreo institiúidí breithiúnacha agus rialachais atá cuntasach, neamhspleách agus feidhmiúil; á chur i bhfáth nach mór acmhainní airgeadais, teicniúla agus daonna a áirithiú, mar aon le neamhspleáchas airgeadais agus oibríochtúil institiúidí breithiúnacha agus forfheidhmithe an dlí; a chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn a rinneadh maidir le gairmiúlacht, neamhchlaontacht agus cuntasacht na mbreithiúna, a bhfuil mar aidhm aige a neamhspleáchas a áirithiú ar thionchar míchuí agus riaráiste cásanna atá ag dul i méid a réiteach; á mheabhrú go bhfuil an oibleagáid ann chun feidhmiú éifeachtach na gcomhlachtaí breithiúnacha féinrialaitheacha a ráthú;

36.  á chur in iúl gur geal léi obair an Struchtúir Speisialaithe um Fhrith-Éilliú agus Coireacht Eagraithe lena n-áirítear na cúirteanna, chun dul i ngleic le héilliú agus le coireacht eagraithe; á thabhairt dá haire gur gá le hiarrachtaí breise chun urghabháil agus coigistiú sócmhainní coiriúla a mhéadú a eascraíonn ó chionta a bhaineann le héilliú agus chun cuntas teiste a fhorbairt i gcásanna ardleibhéil; a chur in iúl gur saoth léi go bhfuil líon na n-ionchúiseamh i gcásanna a bhaineann le hoifigigh ardleibhéil fós teoranta, rud lena gcothaítear cultúr de shaoirse ó phionós;

37.  á chur in iúl gur geal léi gur glacadh le 10 ndlí a bhfuil mar aidhm acu éifeachtúlacht chóras na mbreithiúna a neartú a thuilleadh agus cuireann sí i bhfios go láidir a thábhachtaí agus atá bearta breise amhail cur i bhfeidhm na léarscáile breithiúnaí, córas bainistíochta cásanna comhtháite nua agus córas um oideachas dlí neartaithe; á thabhairt chun suntais gur cheart go dtabharfaí tuairimí páirtithe leasmhara agus dálaí socheacnamaíocha grúpaí leochaileacha san áireamh le hathchóiriú chóras na gcúirteanna faoi léarscáil na mbreithiúna agus go bhfeabhsófaí rochtain ar cheartas agus ar phróis chuí an dlí;

38.  á chur i bhfios go láidir cé chomh tábhachtach agus atá sé beart cinntitheach a dhéanamh i gcoinne sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta trí chuntas teiste comhsheasmhach a áirithiú maidir le himscrúdú réamhghníomhach, ionchúiseamh agus ciontuithe deiridh le haghaidh éilliú ardleibhéil agus maidir le coigistiú sócmhainní; ag spreagadh go ndéanfaí easnaimh a leigheas go gasta maidir le tabhairt faoi phlean gníomhaíochta an Táscfhórsa um Ghníomhú Airgeadais agus faoi ‘mholtaí Moneyval’ agus go gcuirfí an reachtaíocht arna leasú le déanaí i bhfeidhm ina hiomláine ar aon dul le rialacha ábhartha AE;

39.  á mheabhrú go mbaineann poitéinseal ollmhór le digitiú le haghaidh fónamh a dhéanamh don cheartas agus le haghaidh deireadh a chur le gníomhaíochtaí coiriúla agus le coinbhleachtaí leasa trí nochtadh agus trí fhíordheimhniú sócmhainní agus leasanna; á iarraidh ar an rialtas chun bearta a fheidhmiú chun neamhfhoirmiúlacht a laghdú, nuair is féidir;

40.  ag spreagadh na hAlbáine chun staonadh ó scéim um shaoránacht trí infheistíocht a bhunú, rud trína bhféadfaí rioscaí tromchúiseacha slándála, sciúrtha airgid, éillithe agus imghabhála cánach a chruthú;

41.  á chur in iúl gur geal léi rannpháirteachas cuiditheach nua SAM sna Balcáin Thiar, lena n-áirítear an fócas dá gcuid ar an gcomhrac i gcoinne éillithe; á thabhairt chun suntais, sa chomhthéacs sin, ordú forghníomhaithe SAM lena ndéantar smachtbhannaí ar dhaoine a chuireann le staid dhíchobhsaithe sna Balcáin Thiar, mar aon le gníomhú SAM atá spriocdhírithe ar dhaoine agus ar eintitis as ucht a gcuid beart suntasach éillithe; á iarraidh ar AE ailíniú féideartha lena leithéid de bhearta a mheas go críochnúil;

42.  a chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí leanúnacha chun feabhsuithe córasacha a dhéanamh ar dhul i ngleic le coireacht eagraithe, lena n-áirítear gáinneáil ar dhaoine, ar dhrugaí, ar airm thine, ar earraí cultúrtha agus ar earraí eile, mar aon le cibearchoireacht, coireacht fhoréigneach, antoisceachas agus bagairtí sceimhlitheoireachta; ag moladh an chomhoibrithe dhéthaobhaigh, réigiúnaigh agus idirnáisiúnta atá ar siúl chun líonraí coireachta trasnáisiúnta a tharraingt ó chéile, lena n-áirítear gníomhaireachtaí Ceartais agus Gnóthaí Baile AE, amhail Europol, Eurojust agus Frontex, lena gclúdaítear an gníomhú neartaithe i gcoinne drugaí a thairgeadh agus iad, airm mhídhleathacha agus daoine a gháinneáil ar bhonn eagraithe;

43.  á thabhairt chun suntais gurb í an Albain an tír amháin sa réigiún a shínigh comhaontuithe comhair le gníomhaireachtaí Ceartais agus Gnóthaí Baile AE uile agus go ndearnadh an chéad oibríocht chomhpháirteach lánfhorbartha leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) lasmuigh den AE a imscaradh ag teorainn na Gréige-na hAlbáine i mBealtaine 2019; ag moladh an fhíorais gur cheadaigh an Albain monatóireacht san aer ag seirbhísí forfheidhmithe an dlí de chuid Bhallstáit an AE d’fhonn táirgeadh drugaí a bhrath; ag comhairliú don Albáin an reachtaíocht a nuashonrú a bhaineann le réamhtheachtaithe drugaí;

44.  a chur in iúl gur cúis bhuartha léi leitheadúlacht arm tine san Albáin; a chur i bhfáth nach mór nósanna imeachta agus meicníochtaí a fheabhsú chun an trádáil mhídhleathach i mionairm agus in airm éadroma a chomhrac agus chun imscrúdú agus ionchúiseamh a threisiú maidir lena ngáinneáil;

45.  á chur i bhfios go láidir rannchuidiú ríthábhachtach na hAlbáine le bainistíocht theorainn sheachtrach an Aontais agus le coireacht thrasteorann a chosc, rud nach mór a choinneáil mar thosaíocht agus nach mór a dhéanamh agus na cearta bunúsacha á gcomhlíonadh atá cumhdaithe i ndlíthe agus i bprionsabail idirnáisiúnta agus réigiúnacha infheidhme;

46.  á thabhairt dá haire go bhfuil tíortha na mBalcán Thiar fós ina mbealach aistir d’imircigh agus go gcuirtear dúshlán roimh an réigiún agus roimh Bhallstáit AE le gluaiseachtaí móra teifeach, iarrthóirí tearmainn agus imirceach; á thabhairt dá haire go bhfuil líon daoine atá ag dul i méid fós ag teacht chun na hAlbáine atá ina n-imircigh Den chuid is mó atá ag taisteal tríd an réigiún; á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí breise chun imircigh leochaileacha a chosaint, lena n-áirítear trí thabhairt faoi smuigléireacht daoine, go háirithe mionaoisigh neamhthionlactha; á thabhairt dá haire laghdú leanúnach ar éilimh gan bhunús ó shaoránaigh na hAlbáine, óna dteastaíonn iarrachtaí breise ar thaobh údaráis na hAlbáine agus tugann sí dá haire go ndearnadh tagarmharcanna um léirscaoileadh víosaí a chomhlíonadh;

Athchóirithe socheacnamaíocha

47.  á thabhairt chun suntais maoiniú inbhuanaithe AE do théarnamh tar éis an chreatha talún agus na paindéime agus tacaíonn sí le hiarrachtaí leanúnacha chun bunathrú daonlathach, glas agus digiteach na hAlbáine a chur i bhfeidhm; á chur in iúl gur geal léi tacaíocht AE don atógáil, lena n-áirítear atógáil scoileanna agus naíscoileanna agus suíomhanna oidhreachta cultúrtha tar éis Chomhdháil Deontóirí Together4Albania tar éis an chreatha talún uafásach i Samhain 2019; á chur i bhfios go láidir nach mór cúnamh agus maoiniú ón AE a mhéadú le haghaidh an smacht reachta a fheabhsú agus le haghaidh fás glas inbhuanaithe, bithéagsúlacht, nuáil, iomaíochas, cearta maoine agus ais-iompú an laghdaithe dhéimeagrafaigh a spreagadh;

48.  a chur i bhfios go láidir go ndéanfaí bainistíocht caiteachais phoiblí agus an t-easnamh mar gheall ar phraghsanna fuinnimh agus bia atá ag méadú a éascú trí shimpliú agus trí nuachóiriú an chórais cánach agus trí bhailiú feabhsaithe cánach;

49.  a chur i bhfáth go bhfuil rialachas feabhsaithe, follasacht, cinnteacht dhlíthiúil, ionchuimsitheacht agus idirphlé sóisialta ríthábhachtach le haghaidh infheistíocht dhíreach choigríche a spreagadh agus oibrithe oilte a choinneáil; á iarraidh go gcuimseofaí an tsochaí shibhialta agus páirtithe leasmhara eile sa díospóireacht maidir le gníomhaíochtaí beartais;

50.  ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé an óige a chumasú agus á chur in iúl gur díol sásaimh di gur ainmníodh Tiorána mar Phríomhchathair Óige na hEorpa 2022; á chur i bhfáth go láidir a thábhachtaí agus atá an clár do na Balcáin Thiar mar dheis chun luachanna lánpháirtiú na hEorpa a chothú mar aon le dea-chaidrimh chomharsanúla a chothú i measc na hóige ó gach cúinne na hEorpa, agus éagsúlacht chultúrtha agus theangeolaíoch á cur chun cinn ag an am céanna;

51.  ag spreagadh údaráis na hAlbáine riosca na bochtaineachta agus eisiamh shóisialta a laghdú trí rochtain ar sheirbhísí sóisialta, oideachais agus cúraim sláinte a fheabhsú, go speisialta do dhaonraí faoi mhíbhuntáiste amhail Romaigh agus pobail Éigipteacha, grúpaí mionlaigh, daoine faoi mhíchumais agus na bochtáin; ag tathant go leagfaí caighdeán íosta maireachtála síos, mar mheán chun riosca na bochtaineachta a laghdú; a chur in iúl gurb oth léi nach raibh sa leithdháileadh buiséadach do 2021 ach 2,7% de OTI na hAlbáine; á iarraidh go ndéanfaí infheistíocht mhéadaithe i nuachóiriú an chórais oideachais;

52.  ag tathant ar an Albáin chun iarrachtaí a mhéadú atá dírithe ar chomhionannas inscne agus ar chearta na mban trí phríomhshruthú inscne agus comhar méadaithe leis an tsochaí shibhialta, go háirithe le heagraíochtaí na mban; á iarraidh ar reachtóirí san Albáin chun bearta a dhéanamh chun ionadaíocht leordhóthanach na mban a áirithiú i bpoist chinnteoireachta uile, agus chun tabhairt faoin easpa feidhmithe ar bhonn níos mó maidir le cearta oibrithe ban, steiréitíopáil ar bhonn inscne, éagothroime inscne agus an bhearna phá idir na fir agus na mná san fhórsa saothair; a chur in iúl gur geal léi, maidir leis sin, an chéad chomh-aireacht le tromlach ban sa rialtas reatha; á chur i bhfios go bhfuil difríochtaí inscne suntasacha ann maidir le rannpháirtíocht san obair agus i gcáilíocht na hoibre, go bhfuil gníomhú neamhleor ann maidir le ciapadh gnéasach san áit oibre, go bhfuil leithcheal ann maidir le forálacha dlíthiúla a bhaineann le saoire mháithreachais agus easpa cúram leanaí agus toillte sna naíscoileanna;

53.  ag glacadh le tábhacht IPA III agus an Phlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar maidir leis an bpróiseas athchóirithe, nascacht inbhuanaithe, caipiteal daonna, iomaíochas agus fás ionchuimsitheach a thacú, agus le haghaidh comhar réigiúnach agus trasteorann a threisiú; á thabhairt chun suntais nach mór go mbeidh infheistíocht ar bith ar aon dul le cuspóirí Chomhaontú Pháras agus le spriocanna dícharbónaithe AE;

54.  á mheabhrú go ndéantar foráil le IPA III do choinníollacht láidir nuair nach mór maoiniú a mhionathrú nó a chur ar fionraí i gcásanna de chúlú suntasach nó d’easpa leanúnach dul chun cinn sa réimse a bhaineann leis na ‘bunphrionsabail’, go háirithe sa réimse a bhaineann leis an smacht reachta agus le cearta bunúsacha, lena n-áirítear an comhrac i gcoinne éillithe agus i gcoinne na coireachta eagraithe, mar aon le saoirse na meán; á chur i bhfáth go bhfuil sé chun leasa slándála féin an AE agus go bhfuil sé de fhreagracht air chun a ráthú nach gcuireann cistí AE le héilliú; á iarraidh, sa chomhthéacs sin, go méadódh an AE agus tíortha na mBalcán Thiar comhar breithiúnach trasteorann agus go mbunódh siad creat maidir le comhar éifeachtach le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, go háirithe sa réimse a bhaineann le cistí IPA III;

55.  a chur i bhfáth nach mór infheictheacht agus cumarsáid a fheabhsú maidir le maoiniú AE san Albáin; á mheabhrú, maidir leis sin, an tacaíocht shubstaintiúil a chuir an AE ar fáil do na Balcáin Thiar chun paindéim COVID-19 a chomhrac agus chun an drochthoradh mar gheall air sin a shrianadh;

An comhshaol, fuinneamh agus iompar

56.  ag tathant go láidir ar na húdaráis chun bearta a threisiú maidir le bithéagsúlacht, uisce, aer, cosaint na haeráide agus bainistíocht réigiúnach ar dhramhaíl, lena n-áirítear trí mheasúnachtaí tionchair comhshaoil agus straitéiseacha cuimsitheacha, trí chomhairliúcháin phoiblí chearta, trí nósanna imeachta follasacha ar fud earnálacha atá íogair ó thaobh an chomhshaoil de agus trí ionchúiseamh dian na coireachta i gcoinne an chomhshaoil;

57.  á chur in iúl gur geal léi ainmniú an Vjosa mar pháirc dúlra(8), agus tá sí ag tathant ar údaráis na hAlbáine chun Páirc Náisiúnta Vjosa(9) a bhunú a luaithe agus is féidir lena gcumhdófar an abhainn iomlán, lena n-áirítear a craobh-aibhneacha a shreabhann go saor;

58.  a chur in iúl gur bhúis bhuartha di go ndearnadh athbhreithniú ar léarscáil líonraí na limistéar cosanta, agus nár cheart go gcuirfeadh sé sin le díghrádú comhshaoil i limistéir chósta agus bogaigh na hAlbáine atá saibhir ó thaobh na bithéagsúlachta ach atá faoi bhagairt;

59.  á iarraidh ar údaráis chun tús áite a thabhairt do mhonatóireacht agus do thuairisciú bliantúil ar thruailliú aeir, ar thruailliú ó thorann agus ar cháilíocht uisce dromchla; á thabhairt dá haire nach mór an daonra a chur ar an eolas ar bhonn rialta maidir le stádas an truaillithe thimpeallaigh;

60.  á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar an straitéis náisiúnta maidir le bainistíocht dramhaíola do 2018-2035 agus go gcuirfí fócas nua ar na modhanna is sofaisticiúla le haghaidh athchúrsáil ar aon dul le caighdeáin AE; a chur i bhfáth nach mór teicneolaíocht scagtha chomhaimseartha do ghléasraí loiscthe go dtí go gcuirfear straitéis athchúrsála i bhfeidhm d’fhonn guaiseacha sláinte agus comhshaoil a laghdú;

61.  á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí breise i réimse na talmhaíochta agus na forbartha tuaithe, lena n-áirítear trí chóras nithiúil a bhunú maidir le comhairliúcháin le grúpaí leasa éagsúla i dtuathlimistéir; á chur i bhfáth nach mór talmhaíocht bheag agus mheánmhéide atá neamhdhíobhálach don chomhshaol lena n-áirithítear slí bheatha feirmeoirí agus cosaint acmhainní nádúrtha agus bithéagsúlacht na hAlbáine;

62.  ag tathant ar údaráis na hAlbáine dul chun cinn a dhéanamh ar fheidhmiú an chláir oibre ghlais do na Balcáin Thiar, atá mar an gcéanna le tosaíochtaí Chomhaontú Glas na hEorpa agus le Dearbhú Brdo, arna ghlacadh ag cruinniú mullaigh AE-na mBalcán Thiar in Brdo pri Kranju an 6 Deireadh Fómhair 2021;

63.  a mheabhrú go dteastaíonn iarrachtaí substaintiúla chun spriocanna a bhaint amach a bhaineann le héagsúlacht, slándáil, éagsúlú agus glasú sholáthar an fhuinnimh agus an iompair tríd an Dlí Comhshaoil Eorpach(10) a chur i bhfeidhm, ionstraimí praghsála carbóin a fhorbairt agus trí thabhairt faoi bhochtaineacht fuinnimh; á mheabhrú nach mór inbhuanaitheacht hidreachumhachta ó thaobh an chomhshaoil de a mhéadú, a thionchar diúltach a íoslaghdú agus a fhorbairt i limistéir chosanta a stopadh;

64.  a chur in iúl gur geal léi an pacáiste infheistíochta EUR 3,2 billiún faoi Phlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta AE do na Balcáin Thiar agus tugann sí chun suntais ról bunathraitheach na n-infheistíochtaí sin; á thabhairt dá haire go sásúil go mbeidh an chéad ghléasra cumhachta gréine ar snámh san Albain i dtaiscumar Vau i Dejës ina cheann de na tionscadail mhaoinithe; á dhearbhú an athuair ról nasc iarnróid Thiorána-Phodgairítse, idirnascaire leictreachais Elbasan-Bitola agus phíblíne gáis Fier-Vlora maidir le nascacht réigiúnach agus tras-Eorpach a fheabhsú; a chur in iúl gur geal léi an tús a cuireadh le hobair ar idirnascaire chórais tarchurtha leictreachais na Macadóine Thuaidh agus na hAlbáine; á mheabhrú nach mór go gcomhlíontar caighdeáin AE maidir le soláthar poiblí le tionscadail bhonneagair, agus calafort Durrës san áireamh, atá sa Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais;

65.  a chur in iúl gur geal léi baint na dtáillí fánaíochta idir na sé stát sna Balcáin Thiar; ag tathant ar pháirtithe ábhartha uile chun plean a idirbheartú lena mbeadh díothú táillí fánaíochta idir an Albáin agus Ballstáit AE ina thoradh;

Beartas eachtrach agus slándáil

66.  á chur in iúl gur ábhar sásaimh di go bhfuil an Albáin fós ina comhpháirtí beartais sheachtraigh atá iontaofa agus tiomanta, agus go bhfuil sí ag teacht go hiomlán le beartas eachtrach, slándála agus cosanta an Aontais, agus go rannchuidíonn sí go gníomhach le misin agus oibríochtaí bainistithe géarchéime AE;

67.  ag moladh freagairt agus ailíniú gasta na hAlbáine leis an AE maidir le smachtbhannaí a chur ar Chónaidhm na Ruise agus ar a ceannaireacht pholaitiúil mar gheall ar a hionsaitheacht i gcoinne na hÚcráine, lena n-áirítear an smachtbhanna ar iontráil ina haerspás; á chur in iúl gur geal léi a comhlíonadh iomlán leanúnach le bearta sriantacha AE;

68.  ag cur béim ar an bhfíoras go ndéanann an Albáin rannchuidiú ríthábhachtach, mar bhall ECAT, le cosaint theorainn sheachtrach an AE agus iarrann sí ar an AE chun a thacaíocht a threisiú do shlándáil teorainneacha sa réigiún;

69.  á chur in iúl gur díol sásaimh di é tiomantas na tíre don dlúthpháirtíocht agus don iltaobhachas, lena n-áirítear trína ballraíocht i gComhairle Slándála na Náisiún Aontaithe in 2022-2023;

70.  á iarraidh ar an AE chun measúnú criticiúil a dhéanamh ar iarmhairtí slándála atá tábhachtach ó thaobh na staire de maidir le cobhsaíocht agus aontacht ar ilchríoch na hEorpa agus sna Balcáin Thiar i gcomhthéacs ionsú na Rúise i gcoinne na hÚcráine; ag tathant ar na Ballstáit chun aontacht na hEorpa a thaispeáint trí chaibidlíocht aontachais a thosú leis an Macadóin Thuaidh agus leis an Albáin, agus impleachtaí geopholaitiúla agus comhlíonadh na gcritéar oifigiúil acu á gcur san áireamh;

71.  á mheabhrú go mbíonn sé de nós ag gníomhaithe eachtracha mailíseacha deis a thapú as teannas eitneach sna Balcáin Thiar, agus an Albáin san áireamh, lena n-áirítear trí láimhsiú faisnéise agus teicnící cogaíochta hibrideacha a thástáil a bhfuil mar aidhm acu an bonn a bhaint ón AE; ag moladh go ndéanann an AE agus an Albáin dea-chleachtais agus a mhalartú agus go ndéanann siad gníomhaíochtaí a chomhordú maidir le cur isteach eachtrach; a chur i bhfios go láidir nach mór don AE agus do Stáit Aontaithe Mheiriceá a gcomhpháirtíocht agus a gcomhordú a neartú sna Balcáin Thiar;

72.  á iarraidh ar Rialtas na hAlbáine chun leanúint de dhea-chaidrimh chomharsanúla a chur chun cinn agus comhtháthú réigiúnach a mhéadú lena mbunaítear comhar cothrom i measc na sé thír uile, agus ailíniú le caighdeáin agus le acquis AE a neartú a thuilleadh tríd an gCómhargadh Réigiúnach a fhorbairt, agus ar an mbealach sin forbairt a dhéanamh ar ghnóthachtálacha an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch chun nascacht agus comhtháthú réigiúnach a mhéadú; a chur in iúl gur geal léi gur ghlac an Albáin le prótacail bhreise i dtaca le Comhaontú Saorthrádála Lár na hEorpa;

o
o   o

73.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig Uachtarán na Comhairle Eorpaí, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig Uachtarán, Rialtas agus Parlaimint Phoblacht na hAlbáine.

(1) IO L 107, 28.4.2009, lch. 166.
(2) IO L 330, 20.9.2021, lch. 1.
(3) IO C 202, 28.5.2021, lch. 86.
(4) IO C 362, 8.9.2021, lch. 129.
(5) IO C 425, 20.10.2021, lch. 28.
(6) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0506.
(7) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0064.
(8) Arna hainmniú mar chatagóir IV: Limistéar bainistíochta Gnáthóg/Speiceas ag an Aontas Idirnáisiúnta do Chaomhnú an Dúlra (IUCN).
(9) Catagóir IUCN II: Páirc Náisiúnta.
(10) Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).


Ionchúiseamh an fhreasúra agus coinneáil ceannairí ceardchumann sa Bhealarúis
PDF 81kWORD 49k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine 2022 ar ionchúiseamh an fhreasúra agus coinneáil ceannairí ceardchumann sa Bhealarúis (2022/2664(RSP))
P9_TA(2022)0215RC-B9-0270/2022

Níl an téacs seo ar fáil as Gaeilge


Íosleibhéal cánachais do ghrúpaí ilnáisiúnta *
PDF 183kWORD 66k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine 2022 ar an togra le haghaidh treoir ón gComhairle maidir le híosleibhéal domhanda cánachais a áirithiú do ghrúpaí ilnáisiúnta san Aontas (COM(2021)0823 – C9-0040/2022 – 2021/0433(CNS))
P9_TA(2022)0216A9-0140/2022

(An nós imeachta reachtach speisialta – comhairliúchán)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2021)0823),

–  ag féachaint d’Airteagal 115 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9‑0040/2022),

–  ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0140/2022),

1.  ag formheas an togra ón gCoimisiún arna leasú;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a athrú dá réir, i gcomhréir le hAirteagal 293(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

3.  á iarraidh ar an gComhairle fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag Parlaimint na hEorpa;

4.  á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa arís má tá sé ar intinn aici an togra ón gCoimisiún a leasú go substaintiúil;

5.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún   Leasú
Leasú 1
Togra le haghaidh treorach
Aithris 6
(6)   Tá sé riachtanach Rialacha Samhla GloBE arna gcomhaontú ag na Ballstáit a chur chun feidhme ar bhealach a bheidh chomh gar agus is féidir don chomhaontú domhanda. Cloíonn an Treoir seo go dlúth le hinneachar agus le struchtúr Rialacha Samhla GloBE. Chun an chomhoiriúnacht le dlí príomha an Aontais a áirithiú, agus ar bhealach níos cruinne, leis an tsaoirse bhunaíochta, ba cheart feidhm a bheith ag rialacha na Treorach seo maidir le heintitis a bhfuil cónaí orthu i mBallstát mar aon le heintitis neamhchónaitheacha máthaireintitis atá lonnaithe sa Bhallstát sin. Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo freisin maidir le grúpaí an-mhóra náisiúnta. Ar an gcaoi sin, cheapfaí an creat dlíthiúil sa chaoi nach mbeadh aon bhaol ann go ndéanfaí idirdhealú idir cásanna trasteorann agus cásanna náisiúnta. Gach eintiteas, lena n-áirítear an máthaireintiteas a chuireann RCI i bhfeidhm, atá lonnaithe i mBallstát ina bhfuil córas ísealchánach, bheidís faoi réir na cánach breisiúcháin. Ar an gcuma chéanna, na heintitis chomhdhéanaimh de chuid an mháthaireintiteahs chéanna atá lonnaithe i mBallstát eile, Ballstát a bhfuil córas ísealchánach ann, bheidís faoi réir na cánach breisiúcháin.
(6)   Tá sé riachtanach Rialacha Samhla GloBE arna gcomhaontú ag na Ballstáit a chur chun feidhme ar bhealach a bheidh chomh gar agus is féidir don chomhaontú domhanda. Beidh rath an chomhaontaithe ag brath go hiomlán ar chur chun feidhme trédhearcach agus comhsheasmhach laistigh den Aontas agus ar fud an domhain. Cloíonn an Treoir seo go ginearálta le hábhar agus le struchtúr Rialacha Samhla GloBE) ach imíonn sí uathu i ngnéithe áirithe, lena n-áirítear maidir le cur i bhfeidhm rialacha áirithe san Aontas. Chun an chomhoiriúnacht le dlí príomha an Aontais a áirithiú, agus ar bhealach níos cruinne, leis an tsaoirse bhunaíochta, ba cheart feidhm a bheith ag rialacha na Treorach seo maidir le heintitis a bhfuil cónaí orthu i mBallstát mar aon le heintitis neamhchónaitheacha máthaireintitis atá lonnaithe sa Bhallstát sin. Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo freisin maidir le grúpaí an-mhóra náisiúnta. Ar an gcaoi sin, cheapfaí an creat dlíthiúil sa chaoi nach mbeadh aon bhaol ann go ndéanfaí idirdhealú idir cásanna trasteorann agus cásanna náisiúnta. Gach eintiteas, lena n-áirítear an máthaireintiteas a chuireann RCI i bhfeidhm, atá lonnaithe i mBallstát ina bhfuil córas ísealchánach, bheidís faoi réir na cánach breisiúcháin. Ar an gcuma chéanna, na heintitis chomhdhéanaimh de chuid an mháthaireintiteahs chéanna atá lonnaithe i mBallstát eile, Ballstát a bhfuil córas ísealchánach ann, bheidís faoi réir na cánach breisiúcháin.
Leasú 2
Togra le haghaidh treorach
Aithris 7
(7)   Cé gur gá a áirithiú go ndíspreagfar cleachtais seachanta cánach, ba cheart drochthionchair ar FINanna níos lú sa mhargadh inmheánach a sheachaint. Chun na críche sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo ach maidir le heintitis atá lonnaithe san Aontas, eintitis ar comhaltaí iad de ghrúpaí FIN nó de ghrúpaí náisiúnta mórscála a bhfuil an tairseach bhliantúil EUR 750 000 000 ar a laghad d’ioncam comhdhlúite á comhlíonadh acu. Bheadh an tairseach sin comhsheasmhach le tairseach na rialacha idirnáisiúnta cánach atá ann cheana, mar atá na rialacha maidir le tuairisciú de réir tíre9 . Tagraítear d’eintitis a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo mar eintitis chomhdhéanaimh. Ba cheart eintitis áirithe a eisiamh ón raon feidhme bunaithe ar a gcuspóir agus ar a stádas ar leith. Na heintitis nach bhfuil dírithe ar bhrabús agus a dhéanann gníomhaíochtaí ar mhaithe leis an leas coiteann agus nach dócha, ar na cúiseanna sin, go mbeidís faoi réir cánach sa Bhallstát ina bhfuil siad lonnaithe, sin iad na heintitis eisiata a bheadh ann. Chun na leasanna sonracha sin a chosaint, is gá eintitis rialtais, eagraíochtaí idirnáisiúnta, eagraíochtaí neamhbhrabúis agus cistí pinsin a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo. Ba cheart cistí infheistíochta agus meáin infheistíochta eastáit réadaigh a eisiamh ón raon feidhme freisin nuair atá siad ag barr an tslabhra úinéireachta, ós rud é, i gcás na n-eintiteas sin ar a dtugtar sreabhadh tríothu, go ngearrtar cáin ar an ioncam a thuilltear ar leibhéal na n-úinéirí.
(7)   Cé gur gá a áirithiú go ndíspreagfar cleachtais seachanta cánach, ba cheart drochthionchair ar FINanna níos lú sa mhargadh inmheánach a sheachaint. Chun na críche sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo ach maidir le heintitis atá lonnaithe san Aontas, eintitis ar comhaltaí iad de ghrúpaí FIN nó de ghrúpaí náisiúnta mórscála a bhfuil an tairseach bhliantúil EUR 750 000 000 d’ioncam comhdhlúite á comhlíonadh acu. Bheadh an tairseach sin comhsheasmhach le tairseach na rialacha idirnáisiúnta cánach atá ann cheana, mar atá na rialacha maidir le tuairisciú de réir tíre9 agus ba cheart do na Ballstáit uile í a urramú dá bhrí sin. Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil Rialacha Samhla GloBE á gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit ar eintitis bheaga, agus ar a mhéid atá siad á gcur i bhfeidhm acu, agus ba cheart dó bearta iomchuí a dhéanamh má tá siad á gcur i bhfeidhm acu ar bhealach a thagann salach ar phrionsabail dhlí an Aontais nó a bhaineann an bonn de shláine an mhargaidh inmheánaigh. Tagraítear d’eintitis a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo mar eintitis chomhdhéanaimh. Ba cheart eintitis áirithe a eisiamh ón raon feidhme bunaithe ar a gcuspóir agus ar a stádas ar leith. Na heintitis nach bhfuil dírithe ar bhrabús agus a dhéanann gníomhaíochtaí ar mhaithe leis an leas coiteann agus nach dócha, ar na cúiseanna sin, go mbeidís faoi réir cánach sa Bhallstát ina bhfuil siad lonnaithe, sin iad na heintitis eisiata a bheadh ann. Chun na leasanna sonracha sin a chosaint, is gá eintitis rialtais, eagraíochtaí idirnáisiúnta, eagraíochtaí neamhbhrabúis agus cistí pinsin a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo. Ba cheart cistí infheistíochta agus meáin infheistíochta eastáit réadaigh a eisiamh ón raon feidhme freisin nuair atá siad ag barr an tslabhra úinéireachta, ós rud é, i gcás na n-eintiteas sin ar a dtugtar sreabhadh tríothu, go ngearrtar cáin ar an ioncam a thuilltear ar leibhéal na n-úinéirí.
__________________
__________________
9 Treoir (AE) 2016/881 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2016 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir leis an uathmhalartú faisnéise sainordaitheach i réimse na cánach (IO L 146, 3.6.2016, lch. 8) [DAC 4].
9 Treoir (AE) 2016/881 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2016 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir leis an uathmhalartú faisnéise sainordaitheach i réimse na cánach (IO L 146, 3.6.2016, lch. 8) [DAC 4].
Leasú 3
Togra le haghaidh treorach
Aithris 13
(13)   Chun go mbeidh na Ballstáit in ann tairbhe a bhaint as an ioncam ón gcáin bhreisiúcháin a bhailítear ar a gcomheintitis ísealchánach atá lonnaithe ar a gcríoch, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann rogha a dhéanamh córas náisiúnta um cháin bhreisiúcháin a chur i bhfeidhm. Comheintitis de ghrúpa FIN atá lonnaithe i mBallstát a roghnaigh rialacha a chur chun feidhme atá coibhéiseach leis an RCI agus an RÍFTC ina gcóras cánach náisiúnta féin, ba cheart dóibh an cháin bhreisiúcháin a íoc leis an mBallstát sin. Agus roinnt solúbthachta á fágáil ag na Ballstáit maidir le cur chun feidhme teicniúil an chórais náisiúnta um cháin bhreisiúcháin, ba cheart go n-áiritheofaí leis an gcóras sin an cánachas íosta éifeachtach ar ioncam cáilitheach nó ar chaillteanas cáilitheach na gcomheintiteas ar an mbealach céanna, nó ar bhealach coibhéiseach, le RCI agus RÍFTC na Treorach seo.
(13)   Chun go mbeidh na Ballstáit in ann tairbhe a bhaint as an ioncam ón gcáin bhreisiúcháin a bhailítear ar a gcomheintitis ísealchánach atá lonnaithe ar a gcríoch, ba cheart an rogha bheith ag na Ballstáit córas náisiúnta um cháin bhreisiúcháin a chur i bhfeidhm. Comheintitis de ghrúpa FIN atá lonnaithe i mBallstát a roghnaigh rialacha a chur chun feidhme atá coibhéiseach leis an RCI agus an RÍFTC ina gcóras cánach náisiúnta féin, ba cheart dóibh an cháin bhreisiúcháin a íoc leis an mBallstát sin. Agus roinnt solúbthachta á fágáil ag na Ballstáit maidir le cur chun feidhme teicniúil na cánach breisithe intíre, ba cheart don Mheitheal um an gCód Iompair (cánachas gnó) faireachán cúramach a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na cánach sin. Ba cheart don Choimisiún cúnamh a thabhairt ina leith sin.
Leasú 4
Togra le haghaidh treorach
Aithris 14
(14)   Chun cur chuige comhréireach a áirithiú, ba cheart a chur san áireamh leis an gcleachtadh sin cásanna sonracha áirithe ina laghdaítear rioscaí BEPS. Dá bhrí sin, ba cheart go n-áireofaí sa Treoir díolmhú bunaithe ar thábhacht eacnamaíoch agus bunaithe ar na costais a bhaineann le fostaithe agus ar luach sócmhainní inláimhsithe i ndlínse ar leith. Leis sin, d’fhéadfaí aghaidh a thabhairt, go pointe áirithe, ar chásanna ina ndéanann grúpa FIN nó grúpa náisiúnta mórscála gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhfuil láithreacht ábhartha ag teastáil uathu i ndlínse ísealchánach mar nach dócha go dtiocfadh borradh faoi chleachtais BEPS i gcás den sórt sin. Ba cheart cás sonrach na ngrúpaí FIN atá ag na chéad chéimeanna dá ngníomhaíocht idirnáisiúnta a mheas freisin ionas nach ndíspreagfaí forbairt gníomhaíochtaí trasteorann do ghrúpaí FIN a bhaineann leas as cáin íseal ina ndlínse náisiúnta ina bhfuil siad ag feidhmiú den chuid is mó. Dá bhrí sin, ba cheart gníomhaíochtaí náisiúnta na ngrúpaí sin a bhfuil cáin íseal orthu a eisiamh ó chur i bhfeidhm na rialacha ar feadh idirthréimhse cúig bliana, agus sin ar choinníoll nach bhfuil comheintitis ag an ngrúpa FIN i níos mó ná sé dhlínse eile. Chun cóir chomhionann a áirithiú do ghrúpaí baile mórscála, ba cheart an t-ioncam ó ghníomhaíochtaí na ngrúpaí sin a eisiamh freisin ar feadh idirthréimhse cúig bliana.
(14)   Chun cur chuige comhréireach a áirithiú, ba cheart a chur san áireamh leis an gcleachtadh sin cásanna sonracha áirithe ina laghdaítear rioscaí BEPS. Dá bhrí sin, ba cheart go n-áireofaí sa Treoir díolmhú bunaithe ar thábhacht eacnamaíoch agus bunaithe ar na costais a bhaineann le fostaithe agus ar luach sócmhainní inláimhsithe i ndlínse ar leith. Leis sin, d’fhéadfaí aghaidh a thabhairt, go pointe áirithe, ar chásanna ina ndéanann grúpa FIN nó grúpa náisiúnta mórscála gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhfuil láithreacht ábhartha ag teastáil uathu i ndlínse ísealchánach mar nach dócha go dtiocfadh borradh faoi chleachtais BEPS i gcás den sórt sin. Ba cheart cás sonrach na ngrúpaí FIN atá ag na chéad chéimeanna dá ngníomhaíocht idirnáisiúnta a mheas freisin ionas nach ndíspreagfaí forbairt gníomhaíochtaí trasteorann do ghrúpaí FIN a bhaineann leas as cáin íseal ina ndlínse náisiúnta ina bhfuil siad ag feidhmiú den chuid is mó. Dá bhrí sin, ba cheart gníomhaíochtaí náisiúnta na ngrúpaí sin a bhfuil cáin íseal orthu a eisiamh ó chur i bhfeidhm na rialacha ar feadh idirthréimhse trí bliana, agus sin ar choinníoll nach bhfuil comheintitis ag an ngrúpa FIN i níos mó ná sé dhlínse eile. Chun cóir chomhionann a áirithiú do ghrúpaí baile mórscála, ba cheart an t-ioncam ó ghníomhaíochtaí na ngrúpaí sin a eisiamh freisin ar feadh idirthréimhse trí bliana.
Leasú 5
Togra le haghaidh treorach
Aithris 16
(16)   Chun cothromaíocht a bhaint amach idir cuspóirí an athchóirithe dhomhanda maidir le cáin íosta agus an t-ualach riaracháin ar riaracháin chánach agus ar cháiníocóirí, ba cheart foráil a dhéanamh sa Treoir seo maidir le heisiamh de minimis i gcás grúpaí FIN nó grúpaí baile mórscála ag a bhfuil meánioncam níos lú ná EUR 10 000 000 agus meánioncam cáilitheach nó caillteanas cáilitheach faoi bhun EUR 1 000 000 i ndlínse ar leith. Níor cheart go n-íocfadh grúpaí FIN nó grúpaí baile mórscála den sórt sin cáin bhreisiúcháin fiú má tá ETR seo acu faoi bhun an íosráta cánach sa dlínse sin.
(16)   I gcomhréir leis an gcomhaontú ar thángthas air i gCreat Cuimsitheach OECD/G20 maidir le CBAB, foráiltear leis an Treoir seo d’eisiamh de minimis i gcás grúpaí FIN nó grúpaí baile mórscála ag a bhfuil meánioncam níos lú ná EUR 10 000 000 agus meánioncam cáilitheach nó caillteanas cáilitheach faoi bhun EUR 1 000 000 i ndlínse ar leith. Níor cheart go n-íocfadh grúpaí FIN nó grúpaí baile mórscála den sórt sin cáin bhreisiúcháin fiú má tá ETR seo acu faoi bhun an íosráta cánach sa dlínse sin.
Leasú 6
Togra le haghaidh treorach
Aithris 18
(18)   Chun an córas a chur i bhfeidhm go héifeachtúil, tá sé ríthábhachtach go ndéanfar na nósanna imeachta a chomhordú ar leibhéal grúpa. Beidh sé riachtanach córas a oibriú lena n-áiritheofar an sreabhadh faisnéise gan bhac laistigh den ghrúpa FIN agus i dtreo riaracháin chánach ina bhfuil comheintitis lonnaithe. Ba cheart gur ar an gcomheintiteas féin a bheadh an phríomhfhreagracht an tuairisceán faisnéise a chomhdú. Ba cheart feidhm a bheith ag tarscaoileadh na freagrachta sin, áfach, i gcás ina bhfuil eintiteas eile ainmnithe ag an ngrúpa FIN chun an tuairisceán faisnéise a chomhdú agus a chomhroinnt. D’fhéadfadh sé gur eintiteas áitiúil nó eintiteas ó dhlínse eile a bhfuil comhaontú údaráis inniúil i bhfeidhm aige le Ballstát an chomheintitis a bheadh i gceist. Sa chéad dhá mhí dhéag tar éis a theacht i bhfeidhm, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir seo i gcomhréir leis an gcomhaontú ar thángthas air leis an gCreat Cuimsitheach maidir le ceanglais a chomhdú faoin gcreat cur chun feidhme GloBE. I bhfianaise na gcoigeartuithe comhlíontachta a cheanglaítear leis an gcóras seo, ba cheart tréimhse 18 mhí a dheonú do ghrúpaí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo den chéad uair chun na ceanglais faisnéise a chomhlíonadh.
(18)   Chun an córas a chur i bhfeidhm go héifeachtúil, tá sé ríthábhachtach go ndéanfar na nósanna imeachta a chomhordú ar leibhéal grúpa. Beidh sé riachtanach córas a oibriú lena n-áiritheofar an sreabhadh faisnéise gan bhac laistigh den ghrúpa FIN agus i dtreo riaracháin chánach ina bhfuil comheintitis lonnaithe. Ba cheart gur ar an gcomheintiteas féin a bheadh an phríomhfhreagracht an tuairisceán faisnéise a chomhdú. Ba cheart feidhm a bheith ag tarscaoileadh na freagrachta sin, áfach, i gcás ina bhfuil eintiteas eile ainmnithe ag an ngrúpa FIN chun an tuairisceán faisnéise a chomhdú agus a chomhroinnt. D’fhéadfadh sé gur eintiteas áitiúil nó eintiteas ó dhlínse eile a bhfuil comhaontú údaráis inniúil i bhfeidhm aige le Ballstát an chomheintitis a bheadh i gceist. Sa chéad dhá mhí dhéag tar éis a theacht i bhfeidhm, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir seo, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe ábhartha, i gcomhréir leis an gcomhaontú ar thángthas air leis an gCreat Cuimsitheach maidir le ceanglais a chomhdú faoin gcreat cur chun feidhme GloBE. I bhfianaise na gcoigeartuithe comhlíontachta a cheanglaítear leis an gcóras seo, ba cheart tréimhse 18 mhí a dheonú do ghrúpaí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo den chéad uair chun na ceanglais faisnéise a chomhlíonadh.
Leasú 7
Togra le haghaidh treorach
Aithris 19
(19)   I bhfianaise na dtairbhí a bhaineann le trédhearcacht sa réimse cánach, is ábhar misnigh é go ndéanfar méid suntasach faisnéise a chomhdú leis na húdaráis chánach sna dlínsí rannpháirteacha go léir. Ba cheart go mbeadh sé d’oibleagáid ar ghrúpaí FIN laistigh de raon feidhme na Treorach seo faisnéis chuimsitheach agus mhionsonraithe a chur ar fáil maidir lena mbrabúis agus a ráta éifeachtach cánach i ngach dlínse ina bhfuil comheintitis acu. D’fhéadfaí a bheith ag súil leis go méadófaí an trédhearcacht dá ndéanfaí tuairisciú forleathan den sórt sin.
(19)   I bhfianaise na dtairbhí a bhaineann le trédhearcacht sa réimse cánach, is ábhar misnigh é go ndéanfar méid suntasach faisnéise a chomhdú leis na húdaráis chánach sna dlínsí rannpháirteacha go léir. Ba cheart go mbeadh sé d’oibleagáid ar ghrúpaí MNE laistigh de raon feidhme na Treorach seo faisnéis chuimsitheach agus mhionsonraithe a chur ar fáil maidir lena mbrabúis agus a ráta éifeachtach cánach i ngach dlínse ina bhfuil comheintitis acu. D’fhéadfaí a bheith ag súil leis go méadófaí an trédhearcacht dá ndéanfaí tuairisciú forleathan den sórt sin. Is é an toradh a bhíonn ar níos mó trédhearcachta i nochtadh airgeadais ná sochair don riarachán cánach agus níos mó cinnteachta do cháiníocóirí. Sa chomhthéacs sin, beidh ról ag Treoir 2011/16/AE ón gComhairle1a maidir le héascú a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach seo agus beidh an t-athbhreithniú amach anseo ar Threoir 2011/16/AE faoi réir measúnú tionchair a dhéanfar roimh an 31 Nollaig 2022.
___________
1a Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO L 64, 11.3.2011, lch. 1).
Leasú 8
Togra le haghaidh treorach
Aithris 19 a (nua)
(19a)  Ba cheart faireachán a dhéanamh ar bhearta a d‘fhéadfadh a bheith díobhálach agus saobhach agus arb é is aidhm dóibh an méadú a d’fhéadfadh teacht ar cháin ioncaim chorparáidigh a chúiteamh agus ba cheart fógra an Choimisiúin maidir le cur i bhfeidhm na rialacha maidir le státchabhair i ndáil le bearta a bhaineann le cánachas díreach gnó a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is gá.
Leasú 9
Togra le haghaidh treorach
Aithris 19 b (nua)
(19b)  Ba cheart don Mheitheal um an gCód Iompair (cánachas gnó) sa Chomhairle faireachán leanúnach a dhéanamh ar fhorbairt na gcaighdeán cuntasaíochta agus ar a gcur i bhfeidhm chun críocha cánach íosta. Más gá, ba cheart dó moltaí a dhéanamh chun na rialacha a bhaineann le cinneadh brabúis a choigeartú. Ba cheart don Choimisiún cúnamh a thabhairt ina leith sin.
Leasú 10
Togra le haghaidh treorach
Aithris 20
(20)   Tá éifeachtacht agus cothroime an athchóirithe dhomhanda maidir le cáin íosta ag brath go mór ar a chur chun feidhme ar fud an domhain. Beidh sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go gcuirfidh príomh-chomhpháirtithe trádála uile an Aontais RCI cáilithe nó sraith rialacha coibhéiseacha i bhfeidhm maidir le cáin íosta. Sa chomhthéacs sin, agus chun tacú le deimhneacht dhlíthiúil agus éifeachtúlacht na rialacha cánach íosta domhanda, tá sé tábhachtach na coinníollacha a shonrú tuilleadh faoinar féidir na rialacha a chuirtear chun feidhme i ndlínse tríú tír nach ndéanfaidh rialacha an chomhaontaithe dhomhanda a thrasuí a chur ar choibhéis le IR cáilithe. Chuige sin, ba cheart foráil a dhéanamh leis an Treoir seo maidir leis an gCoimisiún measúnú a dhéanadh ar na critéir choibhéise agus sin bunaithe ar pharaiméadair áirithe mar aon le liostú de na dlínsí tríú tír a chomhlíonann na critéir choibhéise. Féadfar an liosta sin a mhodhnú trí ghníomh tarmligthe, tar éis aon mheasúnú a dhéanfar ina dhiaidh sin ar an gcreat dlíthiúil a chuir dlínse tríú tír chun feidhme ina dlí baile.
(20)   Tá éifeachtacht agus cothroime an athchóirithe dhomhanda maidir le cáin íosta ag brath go mór ar a chur chun feidhme pras agus comhsheasmhach ar fud an domhain agus ag na Ballstáit faoi dheireadh 2023. Beidh sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go gcuirfidh príomh-chomhpháirtithe trádála uile an Aontais RCI cáilithe nó sraith rialacha coibhéiseacha i bhfeidhm maidir le cáin íosta. Sa chomhthéacs sin, agus chun tacú le deimhneacht dhlíthiúil agus éifeachtúlacht na rialacha cánach íosta domhanda, tá sé tábhachtach na coinníollacha a shonrú tuilleadh faoinar féidir na rialacha a chuirtear chun feidhme i ndlínse tríú tír nach ndéanfaidh rialacha an chomhaontaithe dhomhanda a thrasuí a chur ar choibhéis le IR cáilithe. Chuige sin, ba cheart foráil a dhéanamh leis an Treoir seo le haghaidh chéad mheasúnú, arna dhéanamh ag an gCoimisiún, ar na critéir choibhéise agus sin bunaithe ar pharaiméadair áirithe mar aon le liostú de na dlínsí tríú tír a chomhlíonann na critéir choibhéise ar bhealach tráthúil. Féadfar an liosta sin a mhodhnú trí ghníomh tarmligthe, tar éis aon mheasúnú a dhéanfar ina dhiaidh sin ar an gcreat dlíthiúil a chuir dlínse tríú tír chun feidhme ina dlí baile. Chun an Treoir seo a chur chun feidhme, beidh gá le malartú méadaithe faisnéise idir na Ballstáit agus dlínsí tríú tíortha. Chuige sin, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 2011/16/AE i gcomhréir le hobair ECFE amach anseo ar chomhaontú údaráis inniúil a bheidh le forbairt faoi dheireadh 2022.
Leasú 11
Togra le haghaidh treorach
Aithris 21 a (nua)
(21a)  Is dócha go modhnófar Rialacha Samhla GloBE, go háirithe na rialacha maidir le calafoirt shábháilte arb é is aidhm dóibh na ceanglais chomhdúcháin a shimpliú do chomheintitis. Ba cheart a áirithiú leis an Treoir seo go bhfuil coimircí leormhaithe i bhfeidhm le haghaidh rialú na n-eintiteas sin. Dá bhrí sin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun a áirithiú go mbeidh an Treoir seo fós ailínithe le gealltanais idirnáisiúnta na mBallstát.
Leasú 12
Togra le haghaidh treorach
Aithris 23 a (nua)
(23a)  Tugtar clásal athbhreithnithe isteach sa Treoir seo chun a ráthú go mbeidh cur i bhfeidhm na Treorach seo faoi réir meastóireachta cuí cúig bliana tar éis a teacht i bhfeidhm. Leis an athbhreithniú sin, ba cheart measúnú agus athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an chomhaontaithe ECFE/Rialacha Samhla GloBE, chomh maith le díolúintí agus maoluithe áirithe, go háirithe maidir le córais chánach dáileacháin agus eisiamh ioncaim substaint-bhunaithe, ábharthacht na tairsí don Ghrúpa FIN agus do ghnólachtaí intíre ar mhórscála i raon feidhme agus an tionchar ar ioncam cánach ar thíortha atá i mbéal forbartha. Mar chuid den athbhreithniú, d’fhéadfaí modhnuithe ar Rialacha Samhla GloBE a chomhtháthú i ndlí an Aontais más gá.
Leasú 13
Togra le haghaidh treorach
Aithris 24 a (nua)
(24a)  Faoi chuimsiú Chreat Cuimsitheach OECD/G20 maidir le CBAB, sa bhreis ar dhá riail a bheartaítear a thabhairt isteach i ndlíthe cánach intíre náisiúnta, is éard atá i gColún 2, mar a thugtar air, riail atá bunaithe ar chonradh, eadhon an Riail faoi réir Cánach (STTR), a cheadaíonn do dhlínsí foinseacha cánachas foinse teoranta a ghearradh ar íocaíochtaí páirtithe gaolmhara áirithe atá faoi réir cánach faoi bhun íosráta. Ba cheart don Choimisiún a mholadh do na Ballstáit a gcomhaontuithe cánach déthaobhacha le tíortha ar ioncam íseal a mhodhnú chun an riail sin a chur san áireamh.
Leasú 14
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 21 a – mír 1 – fomhír 1
Comheintiteas nach eintiteas tréshreafa é, measfar é a bheith lonnaithe sa dlínse ina meastar é a bheith ina chónaí chun críoch cánach bunaithe ar a áit bhainistíochta, ar a áit chruthaithe nó ar chritéir chomhchosúla.
Comheintiteas nach eintiteas tréshreafa é, measfar é a bheith lonnaithe sa dlínse ina meastar é a bheith ina chónaí chun críoch cánach bunaithe ar a áit bhainistíochta éifeachtaí, eadhon an áit ina ndéantar príomhchinntí bainistíochta agus tráchtála a bhfuil gá leo chun gnó a sheoladh, ar a áit chruthaithe nó ar chritéir chomhchosúla ina léirítear fíorghníomhaíochtaí eacnamaíocha i gcomhréir leis an Treoir seo agus le Rialacha Samhla GloBE.
Leasú 15
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 4 a (nua)
Airteagal 4a
Rialacha frithsheachanta
1.  Chun críoch an cháin bhreisiúcháin a ríomh, tabharfaidh Ballstát neamhaird ar shocrú nó ar thacar socruithe, tar éis dóibh a bheith curtha i bhfeidhm chun na críche bunriachtanaí buntáiste cánach a fháil lena sáraítear cuspóir nó críoch na Treorach seo, nach fíor-shocrú nó fíor-shocruithe iad, ag féachaint do na fíorais agus na himthosca ábhartha uile. Féadfaidh níos mó ná céim amháin nó cuid amháin a bheith i socrú.
2.  Chun críoch mhír 1, féachfar ar shocrú nó ar thacar socruithe mar shocrú nó socruithe nach bhfuil fíor i gcás nach gcuirtear i bhfeidhm iad ar chúiseanna tráchtála bailí lena léirítear fíorghníomhaíochtaí eacnamaíocha.
3.  Chun an bonn cánach a ríomh, déileálfar le comhshocraíocht nó le sraith comhshocraíochtaí a dtugtar neamhaird orthu de réir mhír 1 faoi threoir a substainte eacnamaíche.
4.  Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 52 chun rialacha níos mionsonraithe a leagan síos i gcoinne seachaint cánach, go háirithe chun modhnuithe a dhéanfar amach anseo ar Rialacha Samhla GloBE a chur san áireamh.
Leasú 16
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 10 – mír 3
3.   Maidir leis an méid cánach breisiúcháin náisiúnta cáilithe a chuirtear san áireamh sa ríomh ar an gcáin mbreisiúcháin dhlínsiúil i gcomhréir le hAirteagal 26 le haghaidh bliain fhioscach, i gcás nár íocadh an méid sin ina iomláine laistigh de na 3 bliana fhioscacha ina dhiaidh sin, cuirfear an méid cánach breisiúcháin náisiúnta nár íocadh leis an gcáin bhreisiúcháin dhlínsiúil a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 26(3).
3.   Maidir leis an méid cánach breisiúcháin náisiúnta cáilithe a chuirtear san áireamh sa ríomh ar an gcáin mbreisiúcháin dhlínsiúil i gcomhréir le hAirteagal 26 le haghaidh bliain fhioscach, i gcás nár íocadh an méid sin ina iomláine laistigh den bhliain fhioscach ina dhiaidh sin, cuirfear an méid cánach breisiúcháin náisiúnta nár íocadh leis an gcáin bhreisiúcháin dhlínsiúil a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 26(3).
Leasú 17
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 13 – mír 8 a (nua)
8a.  Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, brí na dtéarmaí a úsáidtear i míreanna 5 agus 6 den Airteagal seo a shonrú tuilleadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52a.
Leasú 18
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 8 – mír 8 b (nua)
8b.  Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 52 chun modhnú a dhéanamh ar fhoirmle mhír 5, chun na modhnuithe comhfhreagracha ar Rialacha Samhla GloBE a chur san áireamh.
Leasú 19
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 15 – mír 11 a (nua)
11a.  Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 52 chun aon cheann de na sainmhínithe a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo a mhodhnú, nó chun leasú a dhéanamh ar aon cheann de na hítimí dá bhforáiltear do choigeartuithe faoi mhíreanna 2, 3, 6, 7, 10 agus 11 den Airteagal seo, go háirithe chun modhnuithe amach anseo ar Rialacha Samhla GloBE a chur san áireamh.
Leasú 20
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 19 – mír 3 a (nua)
3a.  Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, brí na dtéarmaí a úsáidtear i mír 1 den Airteagal seo a shonrú tuilleadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52a.
Leasú 21
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 21 – mír 7 – fomhír 1
Maidir le dliteanas cánach iarchurtha nach n-íoctar nó nach n-aisiompaítear laistigh de na 5 bliana fhioscacha ina dhiaidh sin, athghabhfar é a mhéid a cuireadh san áireamh é i méid coigeartaithe cánach iarchurtha iomlán comheintitis.
Maidir le dliteanas cánach iarchurtha nach n-íoctar nó nach n-aisiompaítear laistigh de na 3 bliana fhioscacha ina dhiaidh sin, athghabhfar é a mhéid a cuireadh san áireamh é i méid coigeartaithe cánach iarchurtha iomlán comheintitis.
Leasú 22
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 21 – mír 7 – fomhír 2
An méid den dliteanas cánach iarchurtha athghafa a chinntear le haghaidh na bliana fioscaí, caithfear leis mar laghdú ar cháin chumhdaithe an chúigiú bliain fhioscach roimhe sin agus athríomhfar an ráta cánach éifeachtach agus cáin bhreisiúcháin na bliana sin i gcomhréir le hAirteagal 28(1).
An méid den dliteanas cánach iarchurtha athghafa a chinntear le haghaidh na bliana fioscaí, caithfear leis mar laghdú ar cháin chumhdaithe an tríú bliain fhioscach roimhe sin agus athríomhfar an ráta cánach éifeachtach agus cáin bhreisiúcháin na bliana sin i gcomhréir le hAirteagal 28(1).
Leasú 23
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 21 – mír 8 a (nua)
8a.  Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 52 chun leasú a dhéanamh ar aon cheann de na hítimí lena mbaineann fabhruithe eisceachta faoi mhír 8 den Airteagal seo, go háirithe chun modhnuithe amach anseo ar Rialacha Samhla GloBE a chur san áireamh.
Leasú 24
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 27 – mír 9 a (nua)
9a.  Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, brí na dtéarmaí a úsáidtear sna sainmhínithe a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo a shonrú tuilleadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52a.
Leasú 25
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 29 – mír 5 a (nua)
5a.  Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 52 chun na suimeanna a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo a leasú, go háirithe chun modhnuithe a dhéanfar amach anseo ar Rialacha Samhla GloBE a chur san áireamh.
Leasú 26
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 31 – mír 4 – an chuid réamhráiteach
4.   I gcás ina ndíchumascann grúpa FIN aonair ina dhá ngrúpa nó níos mó (gach ceann ina ‘ghrúpa díchumaiscthe’), measfar an tairseach ioncaim chomhdhlúite a bheith comhlíonta ag gach grúpa díchumaiscthe má thuairiscíonn sé an méid seo a leanas:
4.   I gcás ina ndíchumascann grúpa FIN aonair ina dhá ngrúpa nó níos mó (gach ceann ina ‘ghrúpa díchumaiscthe’), measfar an tairseach ioncaim chomhdhlúite a bheith comhlíonta ag gach grúpa díchumaiscthe ar feadh sé bliana ar a laghad tar éis an díleá má thuairiscíonn sé an méid seo a leanas:
Leasú 27
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 41 – mír 1
1.   Arna roghnú sin don chomheintiteas is comhdaitheoir, féadfaidh úinéir comheintitis eintitis infheistíochta modh dáilte inchánach a chur i bhfeidhm i leith a leasa úinéireachta san eintiteas infheistíochta, ar choinníoll nach eintiteas infheistíochta é an t-úinéir comheintitis agus gur féidir a mheas go réasúnach go mbeidh sé faoi réir cáin ar dháileacháin ón eintiteas infheistíochta ag ráta cánach atá cothrom leis an íosráta cánach nó níos mó ná sin.
1.   Arna roghnú sin don chomheintiteas is comhdaitheoir, féadfaidh úinéir comheintitis ar eintiteas infheistíochta nó eintiteas infheistíochta árachais modh dáilte inchánach a chur i bhfeidhm i leith a leasa úinéireachta san eintiteas infheistíochta, ar choinníoll nach eintiteas infheistíochta é an t-úinéir comheintitis agus gur féidir a mheas go réasúnach go mbeidh sé faoi réir cáin ar dháileacháin ón eintiteas infheistíochta ag ráta cánach atá cothrom leis an íosráta cánach nó níos mó ná sin.
Leasú 28
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 42 – mír 2 – fomhír 2 a (nua)
I gcás nach mbeidh eintitis eile an ghrúpa FIN tar éis comheintiteas a cheapadh, is é a bheidh san eintiteas áitiúil ainmnithe atá i bhfeighil ar an bhfaisnéis cánach breisiúcháin a chomhdú ná an t-eintiteas is mó den ghrúpa FIN atá lonnaithe sa Bhallstát céanna ó thaobh ioncaim bhliantúla le dhá bhliain roimhe sin i ndiaidh a chéile;
Leasú 29
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 42 – mír 7 a (nua)
7a.  Ag gníomhú di d’aon toil ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis tuairim a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, glacfaidh an Chomhairle na bearta is gá chun na hoibleagáidí comhdaithe faoin Treoir seo a chur chun feidhme agus an malartú faisnéise is gá a áirithiú.
Leasú 30
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 47 – mír 1
1.   An cháin bhreisiúcháin atá dlite ag máthaireintiteas deiridh atá lonnaithe i mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 5(2), laghdófar go nialas é sa chéad 5 bliana de chéim thosaigh ghníomhaíocht idirnáisiúnta an ghrúpa FIN d’ainneoin na gceanglas a leagtar síos i gCaibidil V.
1.   An cháin bhreisiúcháin atá dlite ag máthaireintiteas deiridh atá lonnaithe i mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 5(2), laghdófar go nialas é sa chéad 3 bliana de chéim thosaigh ghníomhaíocht idirnáisiúnta an ghrúpa FIN d’ainneoin na gceanglas a leagtar síos i gCaibidil V.
Leasú 31
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 47 – mír 2
2.   I gcás ina bhfuil máthaireintiteas deiridh grúpa FIN lonnaithe i ndlínse tríú tír, an cháin bhreisiúcháin atá dlite ag comheintiteas atá lonnaithe i mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 13(2), laghdófar go nialas í sa chéad 5 bliana de chéim thosaigh ghníomhaíocht idirnáisiúnta an ghrúpa FIN sin d’ainneoin na gceanglas a leagtar síos i gCaibidil V.
2.   I gcás ina bhfuil máthaireintiteas deiridh grúpa FIN lonnaithe i ndlínse tríú tír, an cháin bhreisiúcháin atá dlite ag comheintiteas atá lonnaithe i mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 13(2), laghdófar go nialas í sa chéad 3 bliana de chéim thosaigh ghníomhaíocht idirnáisiúnta an ghrúpa FIN sin d’ainneoin na gceanglas a leagtar síos i gCaibidil V.
Leasú 32
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 47 – mír 4 – fomhír 1
An tréimhse 5 bliana fhioscacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, tosóidh sí ó thús na bliana fioscaí ina dtagann an grúpa FIN faoi raon feidhme na Treorach seo den chéad uair.
An tréimhse 3 bliana fhioscacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, tosóidh sí ó thús na bliana fioscaí ina dtagann an grúpa FIN faoi raon feidhme na Treorach seo den chéad uair.
Leasú 33
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 47 – mír 4 – fomhír 2
Maidir le grúpaí FIN a bheidh faoi raon feidhme na Treorach seo tráth a thiocfaidh sí i bhfeidhm, tosóidh an tréimhse 5 bliana dá dtagraítear i mír 1 ar an 1 Eanáir 2023.
Maidir le grúpaí FIN a bheidh faoi raon feidhme na Treorach seo tráth a thiocfaidh sí i bhfeidhm, tosóidh an tréimhse 3 bliana dá dtagraítear i mír 1 ar an 1 Eanáir 2023.
Leasú 34
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 47 – mír 4 – fomhír 3
Maidir le grúpaí FIN a bheidh faoi raon feidhme na Treorach seo tráth a thiocfaidh sí i bhfeidhm, tosóidh an tréimhse 5 bliana dá dtagraítear i mír 2 ar an 1 Eanáir 2024.
Maidir le grúpaí FIN a bheidh faoi raon feidhme na Treorach seo tráth a thiocfaidh sí i bhfeidhm, tosóidh an tréimhse 3 bliana dá dtagraítear i mír 2 ar an 1 Eanáir 2024.
Leasú 35
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 50 – mír 1
1.   An cháin bhreisiúcháin atá dlite ag máthaireintiteas deiridh atá lonnaithe i mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 49, laghdófar go nialas í sa chéad 5 bliana fhioscacha, ón gcéad lá den bhliain fhioscach a thagann an grúpa náisiúnta mórscála faoi raon feidhme na Treorach seo den chéad uair.
1.   An cháin bhreisiúcháin atá dlite ag máthaireintiteas deiridh atá lonnaithe i mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 49, laghdófar go nialas í sa chéad 3 bliana fhioscacha, ón gcéad lá den bhliain fhioscach a thagann an grúpa náisiúnta mórscála faoi raon feidhme na Treorach seo den chéad uair.
Leasú 36
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 50 – mír 2
2.  Maidir le grúpaí náisiúnta mórscála a bheidh faoi raon feidhme na Treorach seo tráth a thiocfaidh sí i bhfeidhm, tosóidh an tréimhse 5 bliana thuasluaite ar an 1 Eanáir 2023.
scriosta
Leasú 37
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 52 – mír 2
2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 51(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo.
2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 4a(4), 13(8b), 15(11a), 21(8a), 29(5a) agus 51(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo.
Leasú 38
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 52 – mír 3
3.   Féadfaidh an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 51(3) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
3.   Féadfaidh an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 4a(4), 13(8b), 15(11a), 21(8a), 29(5a) agus 51(3) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
Leasú 39
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 52 – mír 5
5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 51(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh an Chomhairle tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh sí aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh na Comhairle.
5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 4a(4), 13(8b), 15(11a), 21(8a), 29(5a) agus 51(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh an Chomhairle tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh sí aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh na Comhairle.
Leasú 40
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 52 a (nua)
Airteagal 52a
Nós imeachta coiste
1.  Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.  I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Leasú 41
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 53 – mír 1
Cuirfear in iúl do Pharlaimint na hEorpa gníomhartha tarmligthe a bheith glactha ag an gCoimisiún, cuirfear in iúl di é má chuirtear aon agóid ina leith in iúl, nó má dhéanann an Chomhairle aisghairm ar tharmligean cumhachtaí.
Cuirfear in iúl do Pharlaimint na hEorpa gníomhartha tarmligthe a bheith glactha ag an gCoimisiún, cuirfear in iúl di é má chuirtear aon agóid ina leith in iúl, nó má dhéanann an Chomhairle aisghairm ar tharmligean cumhachtaí go tráthúil.
Leasú 42
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 53 a (nua)
Airteagal 53a
Athbhreithniú
Faoin ... [cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo], déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur i bhfeidhm na Treorach seo agus déanfaidh sé tuairisciú chuig an gComhairle ar a hoibriú. Tabharfar aghaidh sa tuarascáil ar cibé atá nó nach bhfuil gá ann an Treoir seo a leasú i bhfianaise na n-athruithe agus na bhforbairtí sa chomhthéacs cánach idirnáisiúnta, go háirithe a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme Rialacha Samhla GloBE lasmuigh den Aontas agus forbairt cineálacha cur chuige eile, aontaobhacha i dtreo chánachas éifeachtach íosta na ngrúpaí FIN. Ba cheart dó díriú freisin ar dhíolúintí agus maoluithe a úsáid agus ar a dtionchar ar chomhleanúnachas an mhargaidh inmheánaigh.
Déanfar measúnú sa tuarascáil ar an tionchar a bheidh ag an bhforáil maidir le cuimsiú ioncaim bunaithe ar shubstaint, ag cur chun feidhme na cánach breisiúcháin intíre cáilithe roghnaí agus ag an gcaoi a gcaitear le córais cánach dáileacháin ar an éifeachtacht a bhaineann le híosleibhéal éifeachtach cánachais a áirithiú.
Breithneofar sa tuarascáil tionchar na Treorach ar ioncam na dtíortha is lú forbairt agus ar ioncam cánach na mBallstát, cinntí infheistíochta na gcuideachtaí, chomh maith le hiomaíochas an Aontais laistigh den gheilleagar domhanda. Déanfaidh sé meastóireacht ar an tionchar a bheadh ag laghdú tairsí do Ghrúpaí FIN agus do ghnólachtaí intíre ar mhórscála. I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin.
Leasú 43
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 53 b (nua)
Airteagal 53b
Clásal um theorannú
1.  Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do chur i bhfeidhm forálacha intíre nó forálacha atá bunaithe ar chomhaontú ag na Ballstáit, ar forálacha iad atá dírithe ar leibhéal níos airde cosanta a choimirciú do bhoinn chánach corparáide intíre, a bhaineann leis an riail maidir le cuideachtaí coigríche rialaithe de réir bhrí Airteagal 7 de Threoir (AE) 2016/11641a, ón gComhairle, go háirithe i gcás ina leanann riail níos déine maidir le cuideachtaí eachtracha na moltaí i dTuarascáil Deiridh 2015 maidir le Gníomhaíocht 3 de Thionscadal ECFE/G20 maidir le Creimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabús.
2.  Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do chur i bhfeidhm forálacha intíre maidir le cineálacha malartacha íoschánachais do ghrúpaí nó cuideachtaí intíre.
_________
1a Treoir (AE) 2016/1164 ón gComhairle an 12 Iúil 2016 lena leagtar síos rialacha i gcoinne cleachtais seachanta cánach a mbíonn tionchar díreach acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh (IO L 193, 19.7.2016, lch. 1).

Limistéar Eorpach Oideachais a bhunú faoi 2025 - micridhintiúir, cuntais foghlama aonair agus foghlaim maidir le comhshaol inbhuanaithe
PDF 82kWORD 48k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine 2022 maidir le limistéar Eorpach Oideachais a bhunú faoi 2025 - micridhintiúir, cuntais foghlama aonair agus foghlaim maidir le comhshaol inbhuanaithe (2022/2568(RSP))
P9_TA(2022)0217B9-0266/2022

Níl an téacs seo ar fáil as Gaeilge


An comhrac i gcoinne saoirse ó phionós i gcás coireanna cogaidh san Úcráin
PDF 80kWORD 48k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine 2022 ar an comhrac i gcoinne saoirse ó phionós i gcás coireanna cogaidh san Úcráinn (2022/2655(RSP))
P9_TA(2022)0218RC-B9-0281/2022

Níl an téacs seo ar fáil as Gaeilge


Na hiarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha atá ag cogadh na Rúise san Úcráin ar an Aontas Eorpach – cumas gníomhaíochta an Aontais a threisiú
PDF 81kWORD 49k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine 2022 ar na hiarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha atá ag cogadh na Rúise san Úcráin ar an Aontas Eorpach – cumas gníomhaíochta an Aontais a threisiú (2022/2653(RSP))
P9_TA(2022)0219RC-B9-0267/2022

Níl an téacs seo ar fáil as Gaeilge

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais