Innéacs 
Téacsanna atá glactha
Déardaoin, 9 Meitheamh 2022 - Strasbourg
Staid chearta an duine in Xinjiang, comhaid póilíní Xinjiang san áireamh
 Ionstraimiú an cheartais mar uirlis diansmachta i Nicearagua
 Sáruithe ar shaoirse na meán agus ar shábháilteacht iriseoirí sa tSeoirsia
 An smacht reachta agus an fhéidearthacht go bhformheasfaí Plean Téarnaimh Náisiúnta na Polainne (RRF)
 Ionstraim Soláthair Phoiblí Idirnáisiúnta ***I
 Ceart tionscnaimh na Parlaiminte
 Bagairtí domhanda ar chearta ginmhillte: aisiompú féideartha na gceart ginmhillte sna Stáit Aontaithe ag an gCúirt Uachtarach
 An iarraidh ar Choinbhinsiún chun na Conarthaí a athbhreithniú
 Ionstraim nua trádála chun toirmeasc a chur ar tháirgí ar de thoradh saothar éigeantais iad

Staid chearta an duine in Xinjiang, comhaid póilíní Xinjiang san áireamh
PDF 80kWORD 48k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meitheamh 2022 maidir le staid chearta an duine in Xinjiang, lena n-áirítear comhaid póilíní Xinjiang (2022/2700(RSP))
P9_TA(2022)0237RC-B9-0310/2022

Níl an téacs seo ar fáil as Gaeilge


Ionstraimiú an cheartais mar uirlis diansmachta i Nicearagua
PDF 81kWORD 48k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meitheamh 2022 maidir le teacht i dtír ar an gceartas mar uirlis diansmachta i Nicearagua (2022/2701(RSP))
P9_TA(2022)0238RC-B9-0293/2022

Níl an téacs seo ar fáil as Gaeilge


Sáruithe ar shaoirse na meán agus ar shábháilteacht iriseoirí sa tSeoirsia
PDF 80kWORD 48k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meitheamh 2022 maidir le sáruithe ar shaoirse na meán agus ar shábháilteacht iriseoirí sa tSeoirsia (2022/2702(RSP))
P9_TA(2022)0239RC-B9-0300/2022

Níl an téacs seo ar fáil as Gaeilge


An smacht reachta agus an fhéidearthacht go bhformheasfaí Plean Téarnaimh Náisiúnta na Polainne (RRF)
PDF 81kWORD 48k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meitheamh 2022 maidir leis an smacht reachta agus an fhéidearthacht go bhformheasfaí plean téarnaimh náisiúnta na Polainne (RRF) (2022/2703(RSP))
P9_TA(2022)0240RC-B9-0317/2022

Níl an téacs seo ar fáil as Gaeilge


Ionstraim Soláthair Phoiblí Idirnáisiúnta ***I
PDF 122kWORD 56k
Rún
Téacs
Iarscríbhinn
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meitheamh 2022 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rochtain earraí agus seirbhísí tríú tíortha ar mhargadh inmheánach soláthair phoiblí an Aontais agus maidir le nósanna imeachta atá ceaptha an chaibidlíocht i leith rochtain earraí agus seirbhísí an Aontais ar mhargaí soláthair phoiblí tríú tíortha a éascú (COM(2016)0034 – C9-0018/2016 – 2012/0060(COD))
P9_TA(2022)0241A9-0337/2021

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2012)0124) agus an togra leasaithe (COM(2016)0034),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0018/2016),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 27 Aibreán 2016(1),

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 30 Márta 2022 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

–  ag féachaint do Rialacha 59 agus 60 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A7-0454/2013),

–  ag féachaint do Chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 16 Deireadh Fómhair 2019 maidir le gnó nach bhfuil críochnaithe ón ochtú téarma parlaiminteach,

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra,

–  ag féachaint don litir ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla,

–  ag féachaint don dara tuarascáil ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A9-0337/2021),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é(2);

2.  ag formheas an ráitis chomhpháirtigh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith L d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh in éineacht leis an ngníomh reachtach críochnaitheach;

3.  ag cur sonrú sna ráitis ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo; ceann amháin maidir leis an athbhreithniú ar an Rialachán maidir le hIonstraim Soláthair Phoiblí Idirnáisiúnta, a fhoilseofar i sraith L d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh in éineacht leis an ngníomh reachtach críochnaitheach, agus ceann eile ar an inniúlacht eisiach, a fhoilseofar i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

4.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

5.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 9 Meitheamh 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí tríú tíortha ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais an Aontais agus maidir le nósanna imeachta a thacaíonn leis an gcaibidlíocht maidir le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí an Aontais ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais tríú tíortha (Ionstraim Soláthair Phoiblí Idirnáisiúnta - IPI)

P9_TC1-COD(2012)0060


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/1031.)

IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

RÁITEAS COMHPHÁIRTEACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE I nDÁIL LE RIALACHÁN (AE) 2022/1031(3)

Aithníonn Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle nach ndéanann na rialacha maidir le nós imeachta coiste a comhaontaíodh san ionstraim seo réamhbhreith ar thoradh na caibidlíochta reachtaí a choimeádtar ar bun nó a dhéanfar amach anseo agus nach bhféachfar orthu mar fhasach do chomhaid reachtacha eile.

RÁITEAS ÓN gCOIMISIÚN MAIDIR LEIS AN ATHBHREITHNIÚ AR AN RIALACHÁN (AE) 2022/1031 MAIDIR LE hIONSTRAIM SOLÁTHAIR PHOIBLÍ IDIRNÁISIÚNTA

Agus athbhreithniú á dhéanamh aige ar raon feidhme, ar fheidhmiú agus ar éifeachtúlacht Rialachán (AE) 2022/1031, i gcomhréir le hAirteagal 14 de, déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar an ngá atá le haon cheann de na tíortha atá i mbéal forbartha a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm an Rialacháin, tíortha i mbéal forbartha ar tairbhithe an tsocraithe ghinearálta iad dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012, agus go háirithe tairbhithe an tsocraithe speisialta dreasachta um fhorbairt inbhuanaithe agus dea-rialachas mar a shainmhínítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012. San athbhreithniú, tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar earnálacha a mheastar a bheith straitéiseach i ndáil le soláthar poiblí an Aontais.

RÁITEAS ÓN gCOIMISIÚN MAIDIR LEIS AN INNIÚLACHT EISIACH I nDÁIL LE RIALACHÁN (AE) 2022/1031

Mar a dheimhnítear i dTuairim 2/15 ón gCúirt Bhreithiúnais, tagann rannpháirtíocht oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí tríú tíortha i nósanna imeachta soláthair an Aontais faoi raon feidhme an chomhbheartais tráchtála a bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas ina leith, mar a luaitear go sainráite in Airteagal 3(1)(e) CFAE. Dá bhrí sin, ní dhéanfaidh na Ballstáit ná a n-údaráis chonarthacha ná a n-eintitis chonarthacha aon bheart reachtach ná aon bheart eile is infheidhme go ginearálta a ghlacadh ná a choinneáil ar bun lena rialaítear rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí tríú tíortha thar na bearta sin a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le reachtaíocht eile de chuid an Aontais.

(1) IO C 264, 20.7.2016, lch. 110.
(2) Tá an seasamh seo ag gabháil in ionad na leasuithe a glacadh an 14.12.2021 (Téacsanna arna nglacadh P9_TA(2021)0497).
(3) Rialachán (AE) 2022/1031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meitheamh 2022 maidir le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí tríú tíortha ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais an Aontais agus maidir le nósanna imeachta a thacaíonn leis an gcaibidlíocht maidir le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí an Aontais ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais tríú tíortha (Ionstraim Soláthair Phoiblí Idirnáisiúnta - IPI) (IO L 173, 30.6.2022, lch. 1)


Ceart tionscnaimh na Parlaiminte
PDF 167kWORD 56k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meitheamh 2022 ar cheart tionscnaimh na Parlaiminte (2020/2132(INI))
P9_TA(2022)0242A9-0142/2022

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

–  ag féachaint do Chreat-Chomhaontú an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach, arna leasú(1) (Creat-Chomhaontú 2010),

–  ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr(2) (Comhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr),

–  ag féachaint do rún uaithi an 16 Feabhra 2017 maidir le feidhmiú an Aontais Eorpaigh a fheabhsú trí chur le hacmhainneacht Chonradh Liospóin(3),

–  ag féachaint do rún uaithi an 16 Feabhra 2017 ar fhorbairtí agus coigeartuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar leagan amach institiúideach reatha an Aontais Eorpaigh(4),

–  ag féachaint do rún uaithi an 13 Feabhra 2019 ar staid na díospóireachta ar Thodhchaí na hEorpa(5),

–  ag féachaint do rún uaithi an 15 Eanáir 2020 maidir le seasamh Pharlaimint na hEorpa ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa(6),

–  ag féachaint do rún uaithi an 18 Meitheamh 2020 maidir le seasamh Pharlaimint na hEorpa ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa(7),

–  ag féachaint do na treoirlínte polaitiúla don chéad Choimisiún Eorpach eile, 2019-2024, a thíolaic a Uachtarán, Ursula von der Leyen, an 16 Iúil 2019 dar teideal A Union that strives for more – My agenda for Europe [Aontas níos uaillmhianaí – An clár oibre agamsa don Eoraip],

–  ag féachaint do staidéar a choimisiúnaigh an Parlaimint na hEorpa i mí Iúil 2020 agus dar teideal The European Parliament’s right of initiative [Ceart tionscnaimh Pharlaimint na hEorpa],

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A9-0142/2022),

A.  de bhrí go sonraítear in Airteagal 15(1) CAE nach bhfeidhmeoidh an Chomhairle Eorpach feidhmeanna reachtacha;

B.  de bhrí gurb í an Pharlaimint an t-aon institiúid amháin de chuid an Aontais a thoghann na saoránaigh go daonlathach agus go díreach; de bhrí gurb amhlaidh, murab ionann agus córais bhunreachtúla na mBallstát, nach bhfuil aon cheart díreach ginearálta tionscnaimh reachtaigh ag an bParlaimint, ar ceart é, de bhun Airteagal 17(2) CAE, a luíonn leis an gCoimisiún, cé is moite de chásanna ina sonraítear a mhalairt sna Conarthaí;

C.  de bhrí go dtugtar leis na Conarthaí ceart indíreach tionscnaimh reachtaigh de bharr an mhéid seo a leanas, de bhun Airteagal 225 CFAE: ‘féadfaidh Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú di trí thromlach na gcomhaltaí a chomhdhéanann í, a iarraidh ar an gCoimisiún aon togra iomchuí a chur faoina bráid ar na hábhair ar gá, dar léi, gníomh Aontais ina leith chun na Conarthaí a chur chun feidhme’;

D.  de bhrí go sonraítear freisin in Airteagal 225 CFAE an méid seo a leanas: ‘mura gcuirfidh an Coimisiún aon togra faoina bráid, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi na cúiseanna’;

E.  de bhrí gur uirlis thábhachtach iad tuarascálacha agus rúin féintionscnaimh na Parlaiminte chun clár oibre polaitiúil an Aontais a chur ar bun;

F.  de bhrí gur gheall an Coimisiún, faoi Chreat-Chomhaontú 2010, go dtabharfadh sé tuairisc ar an obair leantach nithiúil ar aon iarraidh ón bParlaimint togra a thíolacadh de bhun Airteagal 225 CFAE laistigh de 3 mhí i ndiaidh ghlacadh an rúin ábhartha sa suí iomlánach; de bhrí go bhféadfadh sé a bheith ina mhainneachtain gníomhú de bhun Airteagal 265 CFAE mura mbeadh an oibleagáid sin á comhlíonadh ag an gCoimisiún;

G.  de bhrí nach féidir a mheas go raibh rath ach ar aon trian de nósanna imeachta féintionscnaimh reachtacha agus neamhreachtacha na Parlaiminte chomh fada le 2019 agus, maidir leis an gcuid is mó de na tuarascálacha féintionscnaimh reachtacha (INLanna) a glacadh ó 2011, gur 2019 a bhí ann sula ndearna an Coimisiún aon leantach orthu trí thograí iomchuí a thíolacadh ina leith(8);

H.  de bhrí go sonraítear sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr nach mór don Choimisiún teachtaireacht shonrach a ghlacadh maidir leis an obair leantach ar na hiarrataí sin, chomh maith leis an méid seo a leanas: ‘Má chinneann an Coimisiún gan togra a thíolacadh, mar fhreagra ar iarratas den sórt sin, tabharfaidh sé na cúiseanna mionsonraithe don institiúid lena mbaineann agus cuirfidh sé, i gcás inarb iomchuí, anailís ar fáil ar roghanna malartacha a d’fhéadfadh a bheith ann agus tabharfaidh sé freagra ar aon saincheisteanna a d’ardaigh na comhreachtóirí maidir leis na hanailísí maidir le “breisluach Eorpach” agus maidir le “costas neamh-Eorpa”’;

I.  de bhrí go dtugtar leis na Conarthaí cearta tionscnaimh díreacha don Pharlaimint maidir lena comhdhéanamh féin, toghadh a Feisirí agus a Reacht, Reacht an Ombudsman Eorpaigh agus ceart fiosrúcháin na Parlaiminte, a bhfuil feidhm ag nós imeachta speisialta ina leith, agus maidir le nósanna imeachta a thionscnamh a bhaineann le hurraim don smacht reachta agus d’athbhreithnithe ar na Conarthaí;

J.  de bhrí nach leor iad cearta tionscnaimh díreacha na Parlaiminte chun go mbeadh sí in ann ionadaíocht a dhéanamh ar ghuth na saoránach, na sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta laistigh de na hinstitiúidí Eorpacha, ná baol air, rud a fhágann go bhfuil monaplacht, a bheag nó a mhór, ag an gCoimisiún ar fheidhmiú an tionscnaimh reachtaigh;

K.  de bhrí gur gá freisin an gnáthnós imeachta reachtach a leathnú chuig réimsí eile beartais agus an comhar idirinstitiúideach a atreisiú chun ról níos suntasaí a thabhairt don Pharlaimint maidir le clár oibre an Aontais a shocrú trí cheart tionscnaimh na Parlaiminte a neartú;

L.  de bhrí go ndearna an Pharlaimint tionscnamh reachtach an-uaillmhianach a chur i dtoll a chéile maidir le sásra de chuid an Aontais um an daonlathas, um an smacht reachta agus um chearta bunúsacha a bhunú, ar tionscnamh é a glacadh i mí Dheireadh Fómhair 2016(9) agus i mí Dheireadh Fómhair 2020(10), trína iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle dul i mbun caibidlíochtaí leis an bParlaimint maidir le comhaontú idirinstitiúideach i gcomhréir le hAirteagal 295 CFAE; de bhrí go bhfuil an smacht reachta ar cheann de na réimsí ina bhféadfaí forbairt a dhéanamh ar cheart tionscnaimh na Parlaiminte;

M.  de bhrí go ndéanfaí próiseas reachtach an Aontais a athchothromú dá dtabharfaí ceart díreach tionscnaimh don Pharlaimint;

N.  de bhrí go léirítear le fianaise eimpíreach go mbíonn rath thionscnaimh na Parlaiminte ag brath, go bunúsach, ar an nós imeachta cinnteoireachta a leanann an Chomhairle (tromlach cáilithe nó aontoilíocht)(11);

O.  de bhrí, ina rún maidir le staid na díospóireachta ar thodhchaí na hEorpa, gur mheabhraigh an Pharlaimint ‘i gcás ina bhféadfaí athbhreithniú a dhéanamh ar na Conarthaí amach anseo, go bhféadfaí an ceart chun tionscnaimh reachtaigh a chur i leith na Parlaiminte freisin mar ionadaí díreach shaoránaigh an Aontais’; de bhrí go raibh deis stairiúil í an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, i measc nithe eile, chun athchóiriú ar dhaonlathas na hEorpa agus ar na Conarthaí a chur chun cinn le rannpháirtíocht na saoránach;

P.  de bhrí go raibh daonlathas na hEorpa ar cheann de na saincheisteanna is mó a rinne na saoránaigh rannchuidiú ina leith ar ardán digiteach na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa;

Q.  de bhrí gur mhol an Pharlaimint ina rún maidir le héabhlóidí agus coigeartuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar leagan amach institiúideach reatha an Aontais Eorpaigh, gur cheart, i gcomhréir leis an gcleachtas coiteann i roinnt Ballstát, an ceart chun tionscnaimh reachtaigh a thabhairt, gan dochar do shaincheart reachtach bunúsach an Choimisiúin, do dhá sheomra reachtóir an Aontais, don Chomhairle agus, go háirithe, don Pharlaimint, mar an t-aon institiúid a thoghann na saoránaigh go díreach;

R.  de bhrí gur i Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte a chinntear na rialacha maidir le rúin faoi Airteagal 225 CFAE a dhréachtú agus a ghlacadh; de bhrí go ndéantar idirdhealú sa chleachtas idir tuarascálacha féintionscnaimh (INI) agus tuarascálacha INL; de bhrí nach ndéantar an t-idirdhealú sin i gCreat-Chomhaontú 2010 ná sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr;

Ceart díreach / cearta díreacha tionscnaimh na Parlaiminte a bunaíodh leis na Conarthaí

1.  ag cur béim ar bhfíoras agus á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil ceart díreach ginearálta tionscnaimh ag an bParlaimint, cé gurb í an t-aon institiúid de chuid an Aontais a thoghtar go díreach í;

2.  á chur i bhfios go láidir go dtugtar cearta díreacha tionscnaimh don Pharlaimint mar atá le Conradh Liospóin, agus go n-aithnítear a hinniúlacht ann maidir le féineagrú, feidhm grinnscrúdaithe agus dlisteanacht dhaonlathach na Parlaiminte mar an t-aon institiúid amháin de chuid an Aontais a thoghtar go díreach;

3.  á thabhairt chun suntais, i leagan amach institiúideach nach bhfuil ceart díreach ginearálta tionscnaimh ag an bParlaimint go fóill ann, go bhfuil dínit bhunreachtúil speisialta agus tosaíocht ar ghnáthnós imeachta reachtacha ag na nósanna imeachta reachtacha speisialta a thionscnaíonn sí;

4.  á mheabhrú gur bhain an Pharlaimint úsáid as na cearta reachtacha speisialta sin arís agus arís eile le 20 bliain anuas, cé nach leor iad; á chur in iúl gur oth léi, áfach, gur ró-annamh a tugadh na nósanna imeachta reachtacha speisialta sin i gcrích go rathúil mar gheall ar easpa comhaontaithe ón gCoimisiún agus ón gComhairle(12);

5.  á thabhairt chun suntais gur bhain an Pharlaimint leas as a ceart tionscnaimh trí nós imeachta um an smacht reachta a sheoladh faoi Airteagal 7 CAE; á cháineadh nach ndearnadh an Comhairle obair leantach ar an nós imeachta sin ná ar na iarrataí ar ghníomhaíocht a rinne an Pharlaimint arís agus arís eile ina dhiaidh sin, agus á chur i bhfios gurb amhlaidh, toisc nár bhain an Chomhairle úsáid éifeachtach as Airteagal 7 CAE, atá an bonn á bhaint ó shláine na gcomhluachanna Eorpacha, ón muinín fhrithpháirteach, agus ó inchreidteacht an Aontais ina iomláine; á mheas gur den riachtanas é a áirithiú go ndéantar Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint(13), a chur chun feidhme ina iomláine agus láithreach, agus urraim á tabhairt do ról na Parlaiminte mar chomhreachtóir, á mheas go bhfuil an tAontas fós neamhullmhaithe ó thaobh struchtúir de chun cur in aghaidh an chúlaithe ar an daonlathas, ar an smacht reachta agus ar chearta bunúsacha, agus ar an sárú a dhéantar orthu sna Ballstáit; á chreidiúint go léirítear leis an meath ar na saincheisteanna sin i mBallstáit éagsúla go bhfuil gá le fíorchomhar idirinstitiúideach; á chur in iúl gur oth léi go mór go bhfuil freagairt chuí ar thionscnamh na Parlaiminte maidir le sásra de chuid an Aontais um an daonlathas, um an smacht reachta agus um chearta bunúsacha a bhunú de dhíth, agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle an athuair dul i mbun caibidlíochtaí leis an bParlaimint gan mhoill maidir le comhaontú idirinstitiúideach;

6.  ag athdhearbhú a togra réasúnaithe maidir le baol soiléir a bheith ann go ndéanfadh an Ungáir sárú tromchúiseach ar na luachanna ar a bhfuil an tAontas bunaithe; á athdhearbhú gur cúis mhór imní di nach n-áirithítear le nósanna imeachta caighdeánacha na n-éisteachtaí go dtugtar cóir chomhionann don Pharlaimint, ar lámh amháin, agus don Choimisiún agus d’aon trian de na Ballstáit, ar an lámh eile, maidir le an togra réasúnaithe a thíolacadh agus i dtéarmaí rochtain ar fhaisnéis; á chur in iúl gur oth léi nach raibh sé mar thoradh ar na héisteachtaí go fóill go ndearnadh dul chun cinn suntasach ar bith maidir le haghaidh a thabhairt ar an mbaol soiléir go ndéanfaí sárú tromchúiseach ar luachanna an Aontais;

7.  á chur in iúl gur oth léi nach ndearna trí Bhallstát dlí toghcháin leasaithe an Aontais Eorpaigh a glacadh in 2018 a dhaingniú go fóill;

8.  á chur in iúl gur oth léi, thairis sin, gur dhiúltaigh an Chomhairle go dtí seo dul i mbun caibidlíochta leis an bParlaimint maidir lena ceart chun fiosrúcháin, cé gurb ionann é sin agus trasnáil ar Airteagal 226 CFAE agus ar phrionsabal an chomhair dhílis, rud a fhágann nach bhfuil foráil sa Chonradh á cur chun feidhme in ainneoin an dualgais amhlaidh a dhéanamh;

9.  á chur in iúl gur geal léi gur glacadh Reacht nua an Ombudsman Eorpaigh, ar thionscnamh na Parlaiminte, lena n-áirithítear go bhfuil an Reacht comhsheasmhach le Conradh Liospóin;

Cearta tionscnaimh na Comhairle agus na Comhairle Eorpaí arna mbunú leis na Conarthaí

10.  á chur in iúl gur oth léi, i réimse an bheartais eacnamaíoch agus airgeadaíochta, nach bhforáiltear in Airteagal 121 CFAE ach maidir leis an bParlaimint a chur ar an eolas; ag tabhairt dá haire freisin gur fheidhmigh an Chomhairle Airteagal 121 CFAE mar cheart tionscnaimh de facto sa réimse sin, agus ag éileamh tuilleadh freagrachtaí don Pharlaimint mar an t-aon institiúid amháin de chuid an Aontais a dhéanann ionadaíocht ar ghuth na saoránach;

11.  ag aithint, thairis sin, gur fheidhmigh an Chomhairle Eorpach Airteagal 68 CFAE mar cheart tionscnaimh de facto i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais; á thabhairt chun suntais nach comhreachtóir í an Chomhairle Eorpach, agus gur cheart athbhreithniú a dhéanamh ar ghlacadh clár oibríochtúil ilbhliantúil sa réimse sin ag an gComhairle Eorpach gan aon oibleagáid uirthi dul i gcomhairle leis an bParlaimint ná leis an gCoimisiún, i bhfianaise thionchar tromchúiseach na mbeartas sin ar chearta bunúsacha na saoránach; á iarraidh go dtabharfar an inniúlacht sin don Pharlaimint agus don Chomhairle ar théarmaí comhionanna in athbhreithniú ar na Conarthaí san am atá le teacht;

12.  ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, de bhun Airteagal 76 CFAE, atá ceart tionscnaimh ag an gComhairle, tríd an gceathrú cuid de na Ballstáit, atá comhthráthach le ceart tionscnaimh an Choimisiúin maidir le comhar i dtaca le dlí riaracháin, agus comhar póilíneachta agus breithiúnach in ábhair choiriúla;

13.  Ag tabhairt dá haire go bhfuil na forbairtí sin ina gcuid de threocht níos leithne i dtreo míchothromaíocht mhéadaitheach idir an Chomhairle, an Chomhairle Eorpach agus an Coimisiún i gcumhacht cinnteoireachta ar leibhéil éagsúla san uile réimse beartais; á chur i bhfáth go bhfuil struchtúr institiúideach an Aontais, mar a bunaíodh sna Conarthaí é, á chreimeadh leis an gcleachtas sin; á chreidiúint gur cheart an chothromaíocht a athbhunú ar mhaithe le dlisteanacht dhaonlathach trí chearta coibhéiseacha don Pharlaimint;

14.  ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis bhuartha di, nach bhfuil an úsáid a bhaineann an Chomhairle as a ceart indíreach tionscnaimh, mar a leagtar síos in Airteagal 241 CFAE é, sách trédhearcach; á iarraidh ar an gComhairle gach iarraidh a dhéantar agus úsáid á baint as an mbunús dlí sin a fhoilsiú ar bhealach soláimhsithe agus i dteangacha oifigiúla uile an Aontais Eorpaigh, agus á iarraidh uirthi an leibhéal trédhearcachta is airde is féidir a áirithiú ina cuid gníomhartha uile(14), agus cloí go hiomlán le rialacha an Aontais maidir le rochtain ar dhoiciméid;

Ceart indíreach tionscnaimh na Parlaiminte a bunaíodh leis na Conarthaí

15.  á mheabhrú go bhfuil sé de cheart ag an bParlaimint, ó Chonradh Maastricht, agus a dlisteanacht dhaonlathach uathúil á cur san áireamh aici, a iarraidh ar an gCoimisiún tograí reachtacha a thíolacadh;

16.  ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, i gcomhréir le hAirteagal 225 CFAE, nach mór d’iarrataí teacht faoi shainchúram inniúlachta an Aontais agus gurb é an t-aon oibleagáid amháin atá ar an gCoimisiún faoi láthair ná na cúiseanna atá aige gan togra a thíolacadh a chur in iúl don Pharlaimint;

17.  á mheabhrú gur chomhaontaigh an Pharlaimint agus an Coimisiún an ceart sin a fheabhsú tuilleadh trí Chreat-Chomhaontú 2010; ag tabhairt dá haire gur gheall an Coimisiún tuarascáil a thabhairt ar an obair leantach ar iarrataí ón bParlaimint laistigh de thrí mhí agus, i gcás ina gcinnfeadh an coláiste amhlaidh, go ndéanfadh sé togra reachtach a thíolacadh;

18.  á chreidiúint gur mithid toil pholaitiúil níos uaillmhianaí a léiriú agus á iarraidh, dá bhrí sin, mbreithneofar ar athbhreithniú a dhéanamh ar Chreat-Chomhaontú 2010 agus é mar sprioc cearta tionscnaimh níos láidre a áirithiú don Pharlaimint;

19.  á chur in iúl gur oth léi gurb amhlaidh, go dtí 2019, maidir leis an obair leantach a rinne an Coimisiún ar thuarascálacha ar thionscnamh reachtach na Parlaiminte a glacadh de bhun Airteagal 225 CFAE, nach ndearna an Coimisiún tograí reachtacha a thíolacadh tar éis don Pharlaimint iarraidh a dhéanamh ach i mionlach cásanna(15); á chur in iúl gur oth léi, thairis sin, nár cloíodh leis na spriocdhátaí don Choimisiún chun freagra a thabhairt ar iarrataí ón bParlaimint agus tograí reachtacha a chur ar aghaidh i bhformhór na gcásanna;

20.  á mheas gur ró-lag í an t-aon oibleagáid amháin atá ar an gCoimisiún an Pharlaimint a chur ar an eolas faoi na cúiseanna atá aige gan obair leantach a dhéanamh ar INL arna ghlacadh ag tromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint, agus is rí-gheal léi, dá bhrí sin, gur thacaigh Uachtarán an Choimisiúin von der Leyen le ceart tionscnaimh na Parlaiminte agus gur thug sí gealltanas freagairt i gcónaí, le gníomh reachtach, ar iarrataí ón bParlaimint faoi Airteagal 225 CFAE, agus lánurraim á tabhairt do phrionsabail na comhréireachta, na coimhdeachta agus na reachtóireachta níos fearr; ag dréim leis go seasfaidh an Coimisiún leis an ngealltanas sin reachtaíocht a thionscnamh tar éis don Pharlaimint aon iarraidh den sórt sin a ghlacadh, ar iarraidh í arna glacadh in INL ag tromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann í; á mheas gur cheart an tiomantas sin a fheabhsú agus gur cheart cumhacht na Parlaiminte chun tionchar a imirt ar chlár oibre an Aontais a neartú;

21.  ag moladh Choláiste reatha na gCoimisinéirí as freagra a thabhairt ar iarrataí uile na Parlaiminte ar bhealach tráthúil(16), ach amháin i gcás amháin(17); á thabhairt chun suntais, thairis sin, nach raibh togra reachtach mar thoradh ar iarraidh ach amháin i gcás amháin; á mheas go léirítear leis sin go bhfuil fasach idirinstitiúideach tar éis a bheith bunaithe agus go bhfuil sí ag dréim leis go leanfaidh an Coimisiún de bheith ag comhlíonadh a ghealltanais freagra a thabhairt ar na hiarrataí uile;

22.  á chreidiúint nach mór machnamh ar cheart tionscnaimh na Parlaiminte a bheith fite fuaite le machnamh ar bhonn níos leithne ar thionscnamh polaitiúil i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais;

23.  ag moladh gur cheart feabhas a chur ar thionscnaimh Eorpacha ó na saoránaigh (ECInna) agus á chur i bhfáth go bhféadfadh an Pharlaimint cinneadh a dhéanamh obair leantach a dhéanamh ar ECI trí bhíthin INL dá mba rud é go mainneodh an Coimisiún a bhfuil ar intinn aige a fhoilsiú laistigh de na spriocdhátaí a luadh, nó dá mba rud é go leagfadh sé amach aige i dteachtaireacht nach bhfuil sé ar intinn aige aon ghníomhaíocht a dhéanamh maidir le ECI a chomhlíon na ceanglais nós imeachta agus atá i gcomhréir leis na Conarthaí, go háirithe le bunluachanna an Aontais, a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE;

Ceart/cearta tionscnaimh na Parlaiminte amach anseo

24.  á chur in iúl bhfuil sí lánchinnte, ach ceart ginearálta agus díreach tionscnaimh a bheith ann, go ndéanfaí dlisteanacht dhaonlathach an Aontais a neartú tuilleadh agus go gcumhachtófaí saoránaigh an Aontais, agus go mbeadh an ceart sin ina léiriú ar éabhlóid inniúlachtaí an Aontais agus a chuid institiúidí le himeacht aimsire i dtreo daonlathas Eorpach níos láidre;

25.  den tuairim gur cheart an ceart a thabhairt don Pharlaimint, mar an t-aon institiúid amháin de chuid an Aontais a thoghtar go díreach, reachtaíocht a mholadh;

26.  á chreidiúint go láidir gur cheart na Conarthaí a athbhreithniú ionas go dtabharfar ceart ginearálta agus díreach chun reachtaíocht a thionscnamh don Pharlaimint, mar an t-aon institiúid amháin de chuid an Aontais a thoghtar go díreach agus, dá bhrí sin, mar an institiúid a dhéanann ionadaíocht ar ghuth na saoránach i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais; á chur i bhfáth gur cheart don Pharlaimint tús an nós imeachta faoi Airteagal 48 CAE a thionscnamh chun an ceart sin maidir le tionscnamh reachtach a bhunú; á chur in iúl gur cheart go mbeadh feidhm ag ceart tionscnaimh na Parlaiminte ar a laghad sna réimsí beartais sin ina gcumhachtaítear don Pharlaimint reachtaíocht a achtú mar chomhreachtóir;

27.  á chur i bhfáth gur deis gan fasach í an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh atá ann faoi láthair agus ugach a thabhairt in athuair do dhaonlathas na hEorpa, agus á mholadh go láidir go leanfaí moladh na rannpháirtithe sa Chomhdháil ar son fíorcheart tionscnaimh don Pharlaimint;

28.  ag athdhearbhú dhínit bhunreachtúil speisialta agus neartaithe na n-ábhar a bhfuil ceart tionscnaimh ag an bParlaimint ina leith faoi láthair, agus á mheas, dá bhrí sin, gur cheart an ceart eisiach sin a leathnú chuig ábhair a bhfuil dlisteanacht dhaonlathach agus ceannasacht an Aontais an-ábhartha maidir leo;

29.  ag tabhairt dá haire go gcuimsítear nósanna imeachta reachtacha speisialta éagsúla le cearta tionscnaimh reatha na Parlaiminte, amhail i gcás rialacháin a bhaineann lena comhdhéanamh féin, toghadh a cuid Feisirí agus a Reacht, Reacht an Ombudsman Eorpaigh agus ceart fiosrúcháin na Parlaiminte;

30.  á mheas gur ar éigean a rialaítear leis na Conarthaí na nósanna imeachta sin agus á iarraidh go mbeadh comhaontú idirinstitiúideach nua ann idir na trí institiúid a bheadh tiomnaithe go heisiach don ábhar sin, agus go dtabharfaí lánurraim dá dhínit bhunreachtúil speisialta agus go ndéanfaí dlisteanacht dhaonlathach an Aontais a fheabhsú; á mheas go bhféadfaí machnamh a dhéanamh sa chomhaontú idirinstitiúideach nua sin ar bhearta lena seachnófaí go mbeadh comhaid á mblocáil sna hinstitiúidí;

31.  á mheas gur cheart cineál speisialta na nósanna imeachta reachtacha sin a léiriú ar bhealach níos fearr le rialacha inmheánacha na Parlaiminte; á mholadh, go háirithe, i gcás ina mbeidh formheas nó toiliú na Comhairle agus tuairim nó toiliú an Choimisiúin de dhíth chun go nglacfadh an Pharlaimint gníomh, gur cheart don Pharlaimint, tar éis na vótála ar an ngníomh atá beartaithe, dul i mbun nós imeachta comhairliúcháin leis na hinstitiúidí sin; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim freisin gur cheart don Pharlaimint cuíchóiriú a dhéanamh ar na nósanna imeachta chun na gníomhartha beartaithe sin a athrú tar éis na gcomhairliúchán sin;

32.  á chreidiúint, maidir leis an ngnáthnós imeachta reachtach a leathnú agus le gnáthnós imeachta reachtach a shainiú ina mbeadh an ceart tionscnaimh á theachtadh ag an bParlaimint, gur cheart breathnú orthu mar phróisis chomhlántacha;

33.  á mheas nach bhfágfadh aitheantas do cheart díreach tionscnaimh ag an bParlaimint nach bhféadfadh an Coimisiún ceart comhthráthach a choinneáil nó monaplacht tionscnaimh a choinneáil, amhail i réimse an bhuiséid; ag samhlú freisin go mbeadh ceart díreach tionscnaimh ag an gComhairle i réimsí atá sainithe go docht; á iarraidh ar na trí institiúid a marana a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh cearta tionscnaimh comhthráthacha maireachtáil go héifeachtach taobh le chéile agus ar an gcaoi a bhféadfaí iad a chur chun feidhme i gcleachtas;

34.  á gheallúint go ndéanfaidh sí ceart tionscnaimh indíreach na Parlaiminte a úsáid ina iomláine, a fhorbairt agus a neartú tuilleadh, amhail dá bhforáiltear sna Conarthaí agus arna fhorbairt tuilleadh i gcomhaontuithe idirinstitiúideacha agus trí ghealltanas Uachtaráin an Choimisiúin von der Leyen;

35.  á mheas go bhfuil ról ríthábhachtach ag an gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr i dtaca le comhar dílis agus trédhearcach a áirithiú ar feadh an timthrialla reachtaigh ina iomláine agus gur féidir tuiscint níos fearr agus frithpháirteach a bhaint amach, a bhuí leis, maidir le seasaimh faoi seach na n-institiúidí éagsúla;

36.  á iarraidh go ndéanfar measúnú comhpháirteach ar fheidhmiú Chreat-Chomhaontú 2010 agus ar an ngá atá le hathbhreithniú spriocdhírithe chun a áirithiú gur féidir seasamh go héifeachtach lena cuid forálacha agus creataí ama a bhaineann le ceart indíreach tionscnaimh na Parlaiminte; á iarraidh freisin ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh i gcomhpháirt leis an bParlaimint ar a mhéid ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr chun deireadh a chur le bacainní a d’fhéadfadh a bheith ann ar chumhachtaí na Parlaiminte maidir le tionscnaimh reachtacha a mholadh;

37.  á mheas gurb iomchuí athbhreithniú a dhéanamh ar a rialacha, a nósanna imeachta agus a ceanglais inmheánacha, lena n-áirítear ó thaobh tuarascálacha ar thionscnamh reachtach a dhréachtú faoi Airteagal 225 CFAE chun a áirithiú go bhfuil tograí dírithe agus go bhfuil bunús maith leo; ag moladh go ndéanfaí cuíchóiriú ar na nósanna imeachta a leagtar amach i Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte maidir le rúin faoi Airteagal 225 CFAE a dhréachtú agus a ghlacadh chun a áirithiú go ndéanfar aon iarraidh ar an gCoimisiún maidir le tionscnamh reachtach a chur san áireamh ar bhealach leormhaith, agus an Comhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr á urramú i gcónaí, gan beann ar an rún parlaiminteach ina bhfuil an iarraidh;

38.  á chur in iúl go bhfuil sí tiomanta do na hionstraimí sin mar an príomhmheán chun a iarraidh go ndéanfaidh an Coimisiún tograí reachtacha a thíolacadh; á chur i bhfios, i ndáil leis sin, gur gá iarrataí a chur faoi bhráid an Choimisiúin, agus faoina bhráid siúd amháin, agus a áirithiú go bhfanann ábhar na dtuarascálacha ar thionscnamh reachtach laistigh de raon feidhme ábhar na tuarascála, faoi mar a cinneadh é; á thabhairt chun suntais go dteastaíonn an acmhainn theicniúil agus riaracháin is gá chun gur féidir leis an bParlaimint tuarascálacha faoi Airteagal 225 CFAE atá dírithe agus a bhfuil bunús maith leo a ghlacadh;

39.  á chur i bhfáth go bhfuil sé tábhachtach dlúthchomhar leis an gCoimisiún a áirithiú i gcaitheamh shaolré na dtuarascálacha ar thionscnaimh reachtacha chun a áirithiú go bhfuil an próiseas chomh héifeachtach, trédhearcach agus cuimsitheach agus is féidir; ag tabhairt ról Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí agus ról Chomhdháil na nUachtarán chun suntais maidir leis sin;

40.  ag cur béim ar an bhfíoras go n-urramaíonn an Pharlaimint an Comhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr ina iomláine, lena gcuirtear i bhfáth gur gá anailís a dhéanamh roimh ré ar an mbreisluach Eorpach, agus go bhfuil gá freisin le tuarascáil maidir le costas na neamh-Eorpa, agus go bhfuil struchtúr aici chun gníomhaíochtaí measúnaithe tionchair a dhéanamh, a mhéid is féidir amhlaidh a dhéanamh, sula dtíolacfadh sí tuarascáil INL chun feabhas a chur ar an measúnú ar an mbreisluach Eorpach dá bhforáiltear sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr;

41.  á chreidiúint gur cheart don Choimisiún, agus measúnú á dhéanamh aige ar phrionsabail na coimhdeachta, na comhréireachta agus na reachtóireachta níos fearr mar chuid dá obair leantach ar iarrataí ón bParlaimint ar thograí reachtacha faoi Airteagal 225 CFAE, aird chuí a thabhairt ar na hanailísí a ghabhann leis ar an mbreisluach Eorpach agus ar chostas na neamh-Eorpa, ar anailísí iad arna gcur i dtoll a chéile ag an bParlaimint; á chur i bhfios go bhfuil sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún cheana féin, faoin gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, freagairt ar aon saincheisteanna a tharraingíonn na comhreachtóirí anuas maidir le hanailísí den sórt sin;

42.  á chreidiúint, thairis sin, gur cheart don Choimisiún dréacht-tograí arna nglacadh de dhroim togra ón bParlaimint de bhun Airteagal 225 CFAE a nascadh go soiléir le tuarascálacha ábhartha INL, lena soláthrófaí ‘lorg tionchair reachtach’ soiléir;

43.  á chur in iúl go bhfuil sí tiomanta do chomhordú níos láidre a chothú le Coiste Eorpach na Réigiún agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa trí aird chuí a thabhairt ar a gcuid tuairimí faoi chuimsiú Airteagal 225 CFAE;

44.  á athdhearbhú go bhfuil inrochtaineacht, eitic agus trédhearcacht fíorthábhachtach agus go gcaithfidh siad a bheith mar threoir do ghníomhaíochtaí institiúidí uile an Aontais; á iarraidh go ndéanfar an fhaisnéis ábhartha uile maidir le tuarascálacha ar thionscnamh reachtach, amhail céimeanna inmheánacha nós imeachta nó obair leantach an Choimisiúin, a chur ar fáil go héasca ar líne i dteangacha oifigiúla uile an Aontais Eorpaigh;

45.  á athdhearbhú a thábhachtaí atá an chéim réamhreachtach agus ag meabhrú ról na Parlaiminte amhail dá bhforáiltear sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr agus i gCreat-Chomhaontú 2010; á iarraidh go gcuirfí dlús leis an obair maidir le bunachar sonraí reachtach comhpháirteach a bhunú, mar a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr;

46.  á mheabhrú a thábhachtaí atá rannpháirtíocht na saoránach agus na sochaí sibhialta maidir le dlisteanacht dhaonlathach an Aontais; á iarraidh ar institiúidí uile an Aontais páirt fhóinteach a thabhairt dóibh sa chinnteoireacht ag gach céim den timthriall beartais;

o
o   o

47.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.

(1) IO L 304, 20.11.2010, lch. 47.
(2) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(3) IO C 252, 18.7.2018, lch. 215.
(4) IO C 252, 18.7.2018, lch. 201.
(5) IO C 449, 23.12.2020, lch. 90.
(6) IO C 270, 7.7.2021, lch. 71.
(7) IO C 362, 8.9.2021, lch. 6.
(8) Parlaimint na hEorpa, an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha, an Roinn Beartais um Chearta na Saoránach agus um Ghnóthaí Bunreachtúla, staidéar dar teideal ‘Ceart tionscnaimh Pharlaimint na hEorpa’, an Bhruiséil, 2020, lgh. 55 agus 57.
(9) Rún an 25 Deireadh Fómhair 2016 maille le moltaí don Choimisiún maidir le sásra de chuid an Aontais um an daonlathas, um an smacht reachta agus um chearta bunúsacha a bhunú (IO C 215, 19.6.2018, lch. 162).
(10) Rún an 7 Deireadh Fómhair 2020 maidir le sásra de chuid an Aontais um an daonlathas, um an smacht reachta agus um chearta bunúsacha a bhunú (IO C 395, 29.9.2021, lch. 2).
(11) Parlaimint na hEorpa, an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha, an Roinn Beartais um Chearta na Saoránach agus um Ghnóthaí Bunreachtúla, staidéar dar teideal ‘Ceart tionscnaimh Pharlaimint na hEorpa’, an Bhruiséil, 2020, lch. 12.
(12) Ibid., lgh. 34-35.
(13) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 1.
(14) Rún an 17 Eanáir 2019 ar iniúchadh straitéiseach OI/2/2017 an Ombudsman ar thrédhearcacht na bpléití reachtacha i gcomhlachtaí ullmhúcháin Chomhairle an Aontais Eorpaigh (IO C 411, 27.11.2020, lch. 149).
(15) Parlaimint na hEorpa, an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha, an Roinn Beartais um Chearta na Saoránach agus um Ghnóthaí Bunreachtúla, staidéar dar teideal ‘Ceart tionscnaimh Pharlaimint na hEorpa’, an Bhruiséil, 2020, lch. 54.
(16)——————— Freagraí ón gCoimisiún ar na rúin seo a leanas ón bParlaimint:rún an 8 Deireadh Fómhair 2020 ina bhfuil moltaí don Choimisiún dar teideal Digital Finance: emerging risks in crypto-assets – regulatory and supervisory challenges in the area of financial services, institutions and markets [Airgeadas Digiteach: rioscaí atá ag teacht chun cinn ó thaobh criptea-shócmhainní de – dúshláin rialála agus mhaoirseachta i réimse na seirbhísí airgeadais, na n-institiúidí agus na margaí] (IO C 395, 29.9.2021, lch. 72);rún an 22 Deireadh Fómhair 2020 lena ngabhann moltaí don Choimisiún maidir le creat dlíthiúil de chuid AE chun an dífhoraoisiú domhanda atá faoi thionchar AE a stopadh agus a fhreaschur (IO C 404, 6.10.2021, lch. 175);rún an 20 Deireadh Fómhair 2020 ina bhfuil moltaí don Choimisiún dar teideal Digital Services Act: adapting commercial and civil law rules for commercial entities operating online [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha: rialacha an dlí tráchtála agus shibhialta a oiriúnú d’eintitis tráchtála a bhíonn ag feidhmiú ar líne] (IO C 404, 6.10.2021, lch. 31);rún an 20 Deireadh Fómhair 2020 ina bhfuil moltaí don Choimisiún dar teideal Digital Services Act: Improving the functioning of the Single Market [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha: feidhmiú an Mhargaidh Aonair a fheabhsú] (IO C 404, 6.10.2021, lch. 2);rún an 20 Deireadh Fómhair 2020 le moltaí don Choimisiún maidir le creat gnéithe eiticiúla den intleacht shaorga, den róbataic agus de theicneolaíochtaí gaolmhara (IO C 404, 6.10.2021, lch. 63);rún an 20 Deireadh Fómhair 2020 le moltaí don Choimisiún i leith réimeas dliteanais shibhialta le haghaidh intleacht shaorga (IO C 404, 6.10.2021, lch. 107);rún an 21 Eanáir 2021 le moltaí don Choimisiún maidir leis an gceart chun dícheangail (IO C 456, 10.11.2021, lch. 161);
(17) Freagra ón gCoimisiún ar an rún ón bParlaimint an 13 Bealtaine 2020 ina bhfuil moltaí chuig an gCoimisiún dar teideal A safety net to protect the beneficiaries of the EU programmes: setting up an MFF contingency plan [Líontán sábhála chun tairbhithe chláir AE a chosaint: plean teagmhasach CAI a chur ar bun](IO C 323, 11.8.2021, lch. 2);


Bagairtí domhanda ar chearta ginmhillte: aisiompú féideartha na gceart ginmhillte sna Stáit Aontaithe ag an gCúirt Uachtarach
PDF 82kWORD 49k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meitheamh 2022 maidir le bagairtí domhanda ar chearta ginmhillte: aisiompú féideartha na gceart ginmhillte sna Stáit Aontaithe ag an gCúirt Uachtarach (2022/2665(RSP))
P9_TA(2022)0243B9-0299/2022

Níl an téacs seo ar fáil as Gaeilge


An iarraidh ar Choinbhinsiún chun na Conarthaí a athbhreithniú
PDF 80kWORD 49k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meitheamh 2022 maidir leis an iarraidh ar Choinbhinsiún chun na Conarthaí a athbhreithniú (2022/2705(RSP))
P9_TA(2022)0244B9-0307/2022

Níl an téacs seo ar fáil as Gaeilge


Ionstraim nua trádála chun toirmeasc a chur ar tháirgí ar de thoradh saothar éigeantais iad
PDF 80kWORD 48k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meitheamh 2022 maidir le hionstraim nua trádála chun toirmeasc a chur ar tháirgí ar de thoradh saothar éigeantais iad (2022/2611(RSP))
P9_TA(2022)0245B9-0291/2022

Níl an téacs seo ar fáil as Gaeilge

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais