Innéacs 
Téacsanna atá glactha
Dé Céadaoin, 19 Deireadh Fómhair 2022 - Strasbourg
Dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 4/2022: Nuashonrú ar ioncam (acmhainní dílse) agus coigeartuithe teicniúla eile
 Buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh do bhliain airgeadais 2023 - na ranna uile
 Breoslaí muirí inbhuanaithe (an Tionscnamh ‘FuelEU Maritime’) ***I
 Imscaradh bonneagair breoslaí ionadúla ***I

Dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 4/2022: Nuashonrú ar ioncam (acmhainní dílse) agus coigeartuithe teicniúla eile
PDF 121kWORD 46k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Deireadh Fómhair 2022 ar an seasamh ón gComhairle ar dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 4/2022 an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022: nuashonrú ar ioncam (acmhainní dílse) agus coigeartuithe teicniúla eile (12623/2022 – C9-0317/2022 – 2022/0211(BUD))
P9_TA(2022)0365A9-0240/2022

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagal 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint d’Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

–  ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012(1), agus go háirithe Airteagal 44 de,

–  ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022, mar a glacadh go cinntitheach é an 24 Samhain 2021(2),

–  ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027(3) (‘Rialachán CAI’),

–  ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach(4) (‘IIA’),

–  ag féachaint do Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom(5),

–  ag féachaint do Dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 4/2022, a ndearna an Coimisiún é a ghlacadh an 1 Iúil 2022 (COM(2022)0350),

–  ag féachaint don seasamh maidir le Dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 4/2022 a ndearna an Chomhairle é a ghlacadh an 20 Meán Fómhair 2022 agus é a chur ar aghaidh chuig an bParlaimint an lá céanna (12623/2022 – C9-0317/2022),

–  ag féachaint do Rialacha 94 agus 96 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0240/2022),

A.  de bhrí gurb é príomhchuspóir Dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 4/2022 taobh an ioncaim den bhuiséad a thabhairt cothrom le dáta chun na forbairtí is déanaí a chur san áireamh, eadhon na réamhaisnéisí nuashonraithe ar acmhainní dílse do bhuiséad 2022 a chomhaontaigh an Coiste Comhairleach um Acmhainní Dílse (ACOR) an 23 Bealtaine 2022, agus chun ioncaim eile amhail ranníocaíocht na Ríochta Aontaithe, fíneálacha agus nithe eile a nuashonrú;

B.  De bhrí go bhfuil dhá coigeartú sonrach maidir le caiteachas san áireamh i nDréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 4/2022, comhfhreagrach as coigeartú ainmníocht bhuiséadach i ndiadh togra an Choimisiún do REPowerEU an 18 Bealtaine 2022(6) agus síneadh le sainordú Eurojust fianaise ar choireanna cogaidh a bhailiú agus a chaomhnú glactha(7); de bhrí nach bhfuil aon gealltanas agus leithreasú faoi chomhair íocaíochtaí iarrtha;

C.  de bhrí gur mheas an Pharlaimint arís agus arís eile nár cheart ach aon chuspóir amháin a bheith ag dréachtbhuiséad leasaitheach;

1.  á thabhairt dá haire gur ann do Dhréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 4/2022 mar ar thíolaic an Coimisiún é;

2.  ag léiriú go háirithe an t-ardú de acmhainní dílse de EUR 3 573,9 milliún; á mheabhrú an tabhairt isteach de na hacmhainní dílse i gcomhréir leis an treochlár léirithe amach ag an IIA a bhrostú, is é sin go mbeidh an ioncam breise a bheadh ann mar thoradh ó na hacmhainní dílse nua leordhóthanach aisíoc na gcostas an ionstraim tearnaimh a chlúdaigh.

3.  á chur i bhfios go láidir nach bhfuil a seasamh maidir leis an moladh don chaibidil REPowerEU den Saoráid Téarnaimh agus Athléimneachtaleagtha (RRF) amach ag an bParlaimint; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, go bhfuil an t-athrú atá beartaithe ar an ainmníocht bhuiséadach gan dochar don toradh reachtach;

4.  á chur in iúl gur oth léi gur chinn an Coimisiún, in ainneoin áitiú na Parlaiminte, gnéithe a bhaineann le nuashonrú ioncaim a thíolacadh le chéile le gnéithe eile a bhaineann le caibidlíochtaí leanúnacha; á athdhearbhú, chun urraim níos fearr a thabhairt do shaincheart an údaráis bhuiséadaigh, gur cheart don Choimisiún dréachtbhuiséad leasaitheach a thíolacadh le haghaidh aon chuspóra amháin agus staonadh ó roinnt cuspóirí a chur le chéile in aon dréachtbhuiséad leasaitheach amháin;

5.  ag moladh ghlacadh pras Rialachán (AE) 2022/838 lena gcuirtear síneadh le sainordú Eurojust chun tacú leis an Úcráin trí fhianaise a bhailiú, a chaomhnú agus a anailísiú a bhaineann le coireanna cogaidh mar thoradh ar an ionsaí brúidiúil na Rúise nach bhfuil bonn cirt leis; ag cur i gcoinne, áfach, úsáid bheartaithe ath-imscarthaí inmheánacha laistigh den réimse beartais céanna níos déanaí sa bhliain chun na poist a mholtar faoin Dréachtbhuiséad leasaitheach seo a mhaoiniú; á chur i bhfios go láidir sa chomhthéacs sin go bhfuil corrlaigh leordhóthanacha ann faoi Cheannteideal 2b; ag athdhearbhú a seasaimh sheanbhunaithe, thairis sin, nach mór leibhéil chomhfhreagracha acmhainní úra a bheith ag gabháil leis an méadú atá ag teacht ar chúraimí agus freagrachtaí atá ar ghníomhaireachtaí;

6.  ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 4/2022;

7.  á threorú dá hUachtarán a dhearbhú go bhfuil Buiséad Leasaitheach Uimh. 4/2022 glactha go cinntitheach agus socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

8.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
(2) IO L 45, 24.2.2022, lch. 1.
(3) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11.
(4) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.
(5) IO L 424, 15.12.2020, lch. 1.
(6) COM(2022)0231, 18.5.2022.
(7) Rialachán (AE) 2022/838 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1727 a mhéid a bhaineann le fianaise a chaomhnú, a anailísiú agus a stóráil ag Eurojust, ar fianaise í a bhaineann le cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna, coireanna cogaidh agus cionta coiriúla gaolmhara (IO L 148, 31.5.2022, lch. 1.).


Buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh do bhliain airgeadais 2023 - na ranna uile
PDF 212kWORD 77k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Deireadh Fómhair 2022 ar sheasamh na Comhairle ar dhréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh do bhliain airgeadais 2023 (12108/2022 – C9-0306/2022 – 2022/0212(BUD))
P9_TA(2022)0366A9-0241/2022

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagal 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

–  ag féachaint d’Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

–  ag féachaint do Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom(1),

–  ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012(2) (‘an Rialachán Airgeadais’),

–  ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027(3) (‘Rialachán CAI’), agus do na dearbhuithe comhpháirteacha a comhaontaíodh idir an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún sa chomhthéacs sin(4), chomh maith leis na dearbhuithe aontaobhacha gaolmhara(5),

–  ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach(6),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’)(7),

–  ag féachaint do rún uaithi an 19 Bealtaine 2022 maidir leis na hiarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha atá ag cogadh na Rúise san Úcráin don Aontas – ag treisiú inniúlacht ghníomhaíochta an Aontais(8),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640), agus don rún uaidh ina leith sin an 15 Eanáir 2020(9),

–  ag féachaint do thuarascáil speisialta an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide (IPCC) maidir le téamh domhanda de 1,5 °C, dá thuarascáil speisialta ar an athrú aeráide agus ar thalamh, agus dá thuarascáil speisialta maidir leis an aigéan agus an crióisféar in aeráid atá ag athrú,

–  ag féachaint don Chomhaontú a glacadh ag an 21ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP21) i bPáras an 12 Nollaig 2015 (“Comhaontú Pháras”),

–  ag féachaint do Thuarascáil Speisialta 22/2021 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, “Sustainable finance. More consistent EU action needed to redirect finance towards sustainable investment”, [Maoiniú inbhuanaithe. Gníomhaíocht níos comhsheasmhaí de chuid an Aontais a bhfuil gá léi chun maoiniú a atreorú i dtreo infheistíocht inbhuanaithe],

–  ag féachaint do Thuarascáil Speisialta 09/2022 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, “Climate spending in the 2014-2020 EU budget - Not as high as reported” [Caiteachas ar an aeráid i mbuiséad 2014-2020 an Aontais — Níl sé chomh hard agus a tuairiscíodh],

–  ag féachaint do Thuarascáil Speisialta 10/2021 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, “Gender mainstreaming in the EU budget: time to turn words into action” [Príomhshruthú inscne i mbuiséad an Aontais Eorpaigh: ní mór dúinn anois beart a dhéanamh],

–  ag féachaint do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe,

–  ag féachaint dá rún an 8 Iúil 2021 maidir leis an Tuarascáil Bhliantúil ar Fheidhmiú Limistéar Schengen(10),

–  ag féachaint do thogra an 22 Aibreán 2022 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (COM(2022)0184), agus do thuarascáil A9-0230/2022 ina leith, arna ghlacadh an 8 Meán Fómhair 2022 ag an gCoiste um Buiséid agus ag an gCoiste um Rialú Buiséadach agus arna fhormhuiniú ag páirtseisiún na Parlaiminte an 12 go dtí an 15 Meán Fómhair 2022,

–  ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus dá rún an 19 Eanáir 2017 ina leith(11),

–  ag féachaint do Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le Comhionannas Inscne, 2020-2025,

–  ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint(12),

–  ag féachaint do rún uaithi an 5 Aibreán 2022 maidir le treoirlínte ginearálta chun buiséad 2023 a ullmhú, Roinn III — an Coimisiún(13),

–  ag féachaint dá rún an 7 Aibreán 2022 maidir le meastacháin Pharlaimint na hEorpa ar ioncam agus caiteachas don bhliain airgeadais 2023(14),

–  ag féachaint do dhréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh do bhliain airgeadais 2023, a ghlac an Coimisiún an 1 Iúil 2022 (COM(2022)0400) (‘DB’), agus do Litir Leasaitheach Uimh. 1 a ghabhann leis (COM(2022)0670)),

–  ag féachaint don seasamh maidir le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh do bhliain airgeadais 2023, a ndearna an Chomhairle é a ghlacadh an 6 Meán Fómhair 2022 agus é a chur ar aghaidh chuig an bParlaimint an 9 Meán Fómhair 2022 (12108/2022 – C9-0306/2022),

–  ag féachaint do Riail 94 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do na tuairimí ó na coistí lena mbaineann,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0241/2022),

Forléargas ginearálta ar Roinn III

1.  á mheabhrú, i rún uaithi an 5 Aibreán 2022 maidir le treoirlínte ginearálta d’ullmhú bhuiséad 2023, gur shocraigh an Pharlaimint tosaíochtaí polaitiúla soiléire do bhuiséad 2023; ag athdhearbhú a tiomantais láidre do na tosaíochtaí sin agus á chur in iúl go bhfuil an seasamh seo a leanas á leagan amach aici chun leibhéal iomchuí maoinithe a áirithiú chun iad a bhaint amach; á chreidiúint nach mór gach modh buiséadach is féidir a bheith ag an Aontas chun freagairt do ghéarchéimeanna reatha agus chun díriú ar riachtanais daoine;

2.  de bhrí gur cheart, le buiséad an Aontais Eorpaigh, infheistíocht phoiblí a chur chun cinn, trí thacaíocht a thabhairt d’earnálacha táirgiúla agus straitéiseacha, seirbhísí poiblí, fostaíocht le cearta a chruthú, bochtaineacht, eisiamh sóisialta agus neamhionannais a chomhrac, an comhshaol a chosaint agus úsáid iomlán a bhaint as acmhainneacht gach tíre agus réigiúin, chomh maith le caidreamh seachtrach a lorg atá bunaithe ar dhlúthpháirtíocht, comhar, meas frithpháirteach agus ar an tsíocháin a chur chun cinn agus a choimirciú;

3.  á chur i bhfáth go bhfuil ar an Aontas aghaidh a thabhairt ar shraith dúshlán thar a bheith casta, lena n-áirítear iarmhairtí díreacha agus indíreacha an chogaidh san Úcráin, boilsciú ard, bochtaineacht mhéadaitheach, praghsanna arda fuinnimh agus rioscaí don tslándáil soláthair, ionchas eacnamaíoch atá ag dul in olcas, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus do na teaghlaigh is leochailí, an gá atá le téarnamh cóir, cuimsitheach agus inbhuanaithe a dhaingniú ón bpaindéim, géarchéimeanna in go leor áiteanna eile ar domhan, athrú teicneolaíoch, lena n-áirítear digitiú méadaitheach, neamhionannas inscne, chomh maith leis an bpráinn mhéadaitheach a bhaineann le dul i ngleic leis an athrú aeráide agus le géarchéim na bithéagsúlachta agus a n-iarmhairtí agus an gá atá le dlús a chur leis an aistriú cóir, lena n-áirítear trí infheistíochtaí san éifeachtúlacht fuinnimh; á mheas gur cheart do bhuiséad an Aontais rannchuidiú le dul i ngleic leis na dúshláin sin, agus tacaíocht leordhóthanach a chur ar fáil do chách, agus imní á léiriú ag an am céanna faoi na corrlaigh thar a bheith teoranta, arb ionann iad agus thart ar aon trian de chinn na bliana seo caite, nó, i gcás Cheannteideal 6, an easpa corrlaigh, agus an tsolúbthacht agus acmhainneacht theoranta freagairt do ghéarchéimeanna atá mar chuid den bhuiséad; á mheas go bhfuil sé fíor-riachtanach, go háirithe tráth cogaidh, borradh a chur faoi infheistíocht agus dul i ngleic leis an dífhostaíocht agus an dúshraith a leagan síos d’Aontas níos athléimní agus níos inbhuanaithe, agus díriú ag an am céanna ar ghníomhaíochtaí nithiúla chun déileáil le hiarmhairtí an chogaidh ar domhan chomh maith; á chur in iúl gur saoth léi gur freagairt neamhleor é an dréachtbhuiséad ar na dúshláin atá ann faoi láthair; á mheabhrú nár bunaíodh an creat airgeadais ilbhliantúil (CAI) chun aghaidh a thabhairt ar phaindéim, ar chogadh, ar bhoilsciú ard, ar phraghsanna arda fuinnimh, ar líon ard dídeanaithe, ar aontachas nua, ar neamhshlándáil bia, agus ar ghéarchéimeanna daonnúla;

4.  á chur in iúl gur oth léi seasamh na Comhairle maidir leis an dréachtbhuiséad, lena laghdaítear EUR 1,64 billiún i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus EUR 530 milliún i leithreasuithe íocaíochta do cheannteidil CAI i gcomparáid leis an togra ón gCoimisiún; á mheas nach léiríonn na ciorruithe atá molta ag an gComhairle a thromchúisí atá na dúshláin thuasluaite a bhfuil ar an Aontas agus a shaoránaigh aghaidh a thabhairt orthu ná nach bhfuil siad bunaithe ar mheasúnú oibiachtúil ar threochtaí cur chun feidhme nó ar acmhainneachtaí ionsúcháin agus go bhfuil siad contrártha le croíthosaíochtaí beartais comhroinnte lena gcuirtear cumas an Aontais a phríomhchuspóirí agus a thosaíochtaí polaitiúla a chur chun feidhme go rathúil i mbaol; á mheas nár cheart don Chomhairle díriú ar chláir a bhaineann tairbhe as an gcoigeartú dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán CAI maidir le “athchothromú agus cobhsú”, ós rud é go mbeadh sé sin ag teacht salach ar chuspóir an Airteagal sin, arb é a bhí ann tosaíochtaí polaitiúla sonracha a neartú; á mheabhrú, go háirithe, nach soláthraítear “breisithe” san Airteagal sin, mar a mhol an Chomhairle; á mheas go bhfuil an seasamh ón gComhairle i bhfad ó ionchais na Parlaiminte; á chinneadh, dá bhrí sin, mar riail ghinearálta, leithreasuithe ar línte arna ngearradh ag an gComhairle a athbhunú go dtí leibhéal an dréachtbhuiséid, le haghaidh caiteachas oibríochtúil agus riaracháin araon, agus an dréachtbhuiséad a ghlacadh mar thúsphointe do sheasamh na Parlaiminte;

5.  ag áitiú go gcoimeádfar na leithreasuithe a iontráladh sa dréachtbhuiséad le haghaidh na n-ionstraimí speisialta téamacha, eadhon an Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála, an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha agus an Cúlchiste Coigeartaithe Brexit; á mheas, agus na dúshláin gan choinne, neamhghnácha agus nach bhfacthas a leithéid cheana a bhfuil ar an Aontas aghaidh a thabhairt orthu á gcur san áireamh, gur cheart méid iomlán na hIonstraime Solúbthachta a úsáid; á mheas, i bhfianaise na ngéarchéimeanna tromchúiseacha comhghlasála atá ann faoi láthair, gur gá corrlaigh 2021 faoi urrann (a) den Ionstraim Corrlaigh Aonair agus leithreasuithe breise faoi urrann (c) den Ionstraim sin a shlógadh;

6.  á mheabhrú go bhfuil seasamh seanbhunaithe aici gur cheart acmhainní úra a bheith ag gabháil le tosaíochtaí beartais nua nó le cúraimí nua beartais; á chur in iúl go bhfuil sé ar intinn aici an cur chuige sin a leanúint don togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat beart chun éiceachóras leathsheoltóirí na hEorpa a neartú (Ghnímh Eorpaigh um Shliseanna) (COM(2022)0046) agus an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár an Aontais um Nascacht Shlán le haghaidh na tréimhse 2023-2027 (COM(2022)0057); á chur in iúl gur geal léi, maidir leis sin, nach n-áirítear ath-imlonnuithe ó chláir eile, nó cur in áirithe laistigh díobh, sa togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear treisiú thionscal cosanta na hEorpa (COM(2022)0349) trí ghníomh coiteann soláthair;

7.  á mheas go bhfuil acmhainneacht an-teoranta ag buiséad an Aontais, mar gheall ar a mhéid, a struchtúr agus a rialacha, freagairt go hiomchuí do na dúshláin atá os comhair an Aontais nó maoiniú agus cur chun feidhme leormhaith a dhéanamh ar uaillmhianta beartais nó tionscnaimh chomhroinnte nua de chuid an Aontais a fógraíodh in aitheasc Uachtarán an Choimisiúin ar Staid an Aontais; á mheabhrú, go háirithe, go ndearna na Ceannairí Stáit nó Rialtais cur síos ar chogadh ionsaithe na Rúise i gcoinne na hÚcráine mar ‘athrú as éadan i stair na hEorpa’ agus go bhfuil sé ráite ag an gCoimisiún go bhfuil ‘na riachtanais gan choinne a eascraíonn as cogadh san Eoraip i bhfad lastuas de na hacmhainní atá ar fáil sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil reatha’, rud a d’fhág go raibh gá le foinsí nua maoinithe; á chur i bhfios go láidir gur cheart don Aontas ról ceannasach a ghlacadh maidir le tacaíocht leordhóthanach, thráthúil agus iontaofa a chur ar fáil don Úcráin in éineacht le comhpháirtithe idirnáisiúnta; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur léiriú breise é sin ar an ngá práinneach atá le hathbhreithniú suntasach a dhéanamh ar CAI, atá le tíolacadh a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná an chéad ráithe de 2023, lena n-áirítear é a dhéanamh níos solúbtha, na huasteorainneacha a ardú i gcás inar gá chun riachtanais atá ag teacht chun cinn agus tosaíochtaí nua a léiriú agus chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a chruthaítear trí chostais mhaoinithe Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh (EURI) a áireamh i gCeannteideal 2b;

8.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil fíor-dhul chun cinn maidir le hacmhainní dílse nua bunriachtanach le haghaidh aisíocaíochtaí EURI do chur chun feidhme NextGenerationEU (NGEU) agus le haghaidh stóinseacht airgeadais agus chur chun feidhme na gcreataí airgeadais ilbhliantúla atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go dtabharfar isteach acmhainní dílse nua go tráthúil, i gcomhréir leis an treochlár a leagtar amach i gComhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020, agus dlús a chur leis an togra don dara bascaed; ag tathant ar an gComhairle an t-uainiú a comhaontaíodh a urramú agus an dul chun cinn is gá a dhéanamh maidir leis na hacmhainní dílse atá sa chéad bhascaed a mhol an Coimisiún an 22 Nollaig 2021, d’fhonn iad a chur chun feidhme go pras;

9.  á chur i bhfáth gur gá freagairt do na hiarmhairtí a bhaineann le cogadh foghachna Rúise i gcoinne na hÚcráine agus paindéim COVID-19, méadú ar an mboilsciú agus méadú ar neamhshlándáil fuinnimh agus bia ar leibhéal an Aontais; á chur i bhfáth go háirithe go bhfuil gá le hinfheistíochtaí glasa leordhóthanacha chun neamhspleáchas fuinnimh an Aontais a neartú agus chun an Comhaontú Glas a chur chun feidhme; á mheabhrú nach féidir leis an mbeartas comhtháthaithe agus talmhaíochta a bheith ina phríomhfhoinse do mhaoiniú tosaíochtaí práinneacha, lena gcuirtear cur chun feidhme cuspóirí fadtéarmacha i mbaol agus á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le tacaíocht do réigiúin atá buailte go dona ag an bpaindéim agus ag an ngéarchéim fuinnimh; á iarraidh ar an gCoimisiún, i bhfianaise acmhainní teoranta ó bhuiséad an Aontais freagairt do phraghsanna arda fuinnimh, anailís a dhéanamh ar sholúbthachtaí agus acmhainní breise a d’fhéadfadh a bheith ann, lena n-áirítear aon chistí nár úsáideadh lena n-áirítear ó CAI 2014-2020, chun tacú le FBManna agus le teaghlaigh leochaileacha;

10.  á mheas gur cheart don Aontas gníomhaíocht chomhbheartaithe a dhéanamh chun dul i ngleic leis an ngéarchéim fuinnimh agus á mholadh go ndéanfaí infheistíochtaí breise suntasacha sa réimse sin; á mheabhrú go mbeidh gá le tuilleadh acmhainní airgeadais tar éis bhuiséad 2023 chun an cuspóir sin a bhaint amach; á mheabhrú, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá sé tacaíocht airgeadais bhreise a chur ar fáil trí REPowerEU; á iarraidh go dtiocfar ar chomhaontú pras maidir le REPowerEU agus go gcuirfear chun feidhme é ionas gur féidir cistí a scaoileadh a luaithe is féidir d’fhonn neamhspleáchas fuinnimh an Aontais a mhéadú go tapa trí infheistíochtaí straitéiseacha, lena n-áirítear tacaíocht do FBManna agus do theaghlaigh leochaileacha;

11.  á chur in iúl gur geal léi obair an Choimisiúin maidir le haicmiú nua chun tionchar inscne chaiteachas an Aontais a thomhas; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndíreofar leis an aicmiú sin ar léiriú cruinn agus cuimsitheach ar thionchar na gclár ar chomhionannas inscne, d’fhonn an tionchar is fearr ar chomhionannas inscne a bhaint amach ó chláir atá aicmithe mar nialas (réalta) faoi láthair agus chun ceachtanna a fhoghlaim chun na cláir a dhearadh; thairis sin, á iarraidh go leathnófaí an t-aicmiú sin chuig cláir uile CAI chun torthaí do bhuiséad 2023 a léiriú; á chur i bhfáth, ina leith sin, gur gá sonraí atá imdhealaithe ó thaobh inscne de a bhailiú agus a anailísiú go córasach; ag súil leis go ndéanfar an tuairisciú uile atá ábhartha ó thaobh inscne de ar bhonn méideanna seachas líon na ngníomhaíochtaí;

12.  á chur in iúl gur cúis mhór imní di gur mhaoinigh nó gur chómhaonaigh an Coimisiún feachtais le déanaí lena gcuirtear an hijab chun cinn, ina luaitear, mar shampla, go bhfuil ‘saoirse sa hijab’; á chur i bhfáth nár cheart do bhuiséad an Aontais maoiniú a thabhairt d’aon fheachtas amach anseo lena bhféadfaí an hijab a chur chun cinn;

13.  ag dréim leis go mbainfear amach spriocanna príomhshruthaithe aeráide agus bithéagsúlachta; i ndáil leis an méid sin, á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí chun tuairisciú níos trédhearcaí agus níos cuimsithí a bhaint amach agus cur béim ar an ngá atá ann le meastóireachtaí ex-post leordhóthanacha agus obair a dhéanamh ar ghráinneacht na sonraí atá ar fáil; á iarraidh ar an gCoimisiún an athuair aghaidh a thabhairt ar na conclúidí ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir leis an eolas míchruinn a tugadh faoin gcaiteachas aeráide; á chur in iúl gur geal léi freisin an tuairisciú ar chaiteachas a bhaineann leis an mbithéagsúlacht; á chur in iúl, mar sin féin, gur cúis bhuartha di go bhféadfadh sé nach mbainfí amach spriocanna 2026 agus 2027 agus á iarraidh ar an gCoimisiún feabhas a chur ar a iarrachtaí chun na spriocanna a bhaint amach; á iarraidh ar an gCoimisiún méideanna agus sciartha an chaiteachais a rannchuideoidh leis an dá sprioc in aghaidh an chláir a fhoilsiú agus buiséid bhliantúla á dtíolacadh aige; á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme DNSH agus bearta ceartaitheacha riachtanacha a dhéanamh más gá agus nuair is gá;

14.  á athdhearbhú gur gá go léireodh buiséad 2023 cur chun feidhme na moltaí a d’fhormhuinigh an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa;

15.  dá bhrí sin, ag leagan síos leibhéal foriomlán na leithreasuithe do bhuiséad 2023 (gach roinn) ag EUR 187 293 119 206 i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, arb ionann é agus méadú EUR 1 702 055 778 i gcomparáid leis an dréachtbhuiséad; á chinneadh, chomh maith leis sin, EUR 836 090 000 a chur ar fáil i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas de thoradh saortha faoi Airteagal 15(3) den Rialachán Airgeadais; ag leagan síos leibhéal foriomlán na leithreasuithe do bhuiséad 2023 (gach roinn) ag EUR 167 612 834 087 i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí;

Ceannteideal 1 – An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Cúrsaí Digiteacha;

16.  ag cur béim ar rannchuidiú suntasach Cheannteideal 1 i ndáil le dul i ngleic le hiarmhairtí an chogaidh san Úcráin, agus spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais a bhaint a bhaint amach, inter alia chun spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise a laghdú, lena n-áirítear ón Rúis, trí thacú le taighde agus infheistíocht in earnálacha an fhuinnimh agus an iompair inbhuanaithe; ag athdhearbhú acmhainneacht chláir an cheannteidil seo chun an Úcráin a dhaingniú sa Mhargadh Aonair, sa ghréasán bonneagair agus sa réimse taighde;

17.  ag tacú leis an togra sa dréachtbhuiséad chun EUR 78,8 milliún a chur ar fáil i saoradh do na trí chnuasach dá dtagraítear sa ráiteas comhpháirteach polaitiúil ábhartha a ghabhann leis an Rialachán maidir le Fís Eorpach(15); ag tabhairt dá haire, áfach, gurb ionann fuílleach an tsaortha taighde in 2021 agus 2020 agus EUR 836,09 milliún; á áitiú, i gcomhthéacs na n-acmhainní teoranta atá ar fáil agus riachtanas suntasach, gur cheart an méid ard sin de shaoradh taighde, nach raibh tuartha ag an gCoimisiún le linn chaibidlíocht CAI, a chur ar fáil ina iomláine don chlár Fís Eorpach, i gcomhréir le hAirteagal 15(3) den Rialachán Airgeadais; ag meabhrú bhreisluach an-ard an Aontais agus ráta cur chun feidhme sármhaith an chláir sin; á chreidiúint go láidir, dá bhrí sin, gur cheart go gcuirfeadh na méideanna atá fágtha méaduithe suntasacha ar fáil do phríomhthosaíochtaí taighde, amhail sláinte (lena n-áirítear COVID-19 agus iar-COVID-19, amhail le haghaidh trialacha cliniciúla), an aeráid, soghluaisteacht agus fuinneamh, cultúr agus cruthaitheacht, lena n-áirítear chun an Bauhaus Nua Eorpach a fhorbairt tuilleadh, agus bia, bithgheilleagar, acmhainní nádúrtha agus an comhshaol, chun dul i ngleic leis na dúshláin phráinneacha a bhfuil ar an Aontas aghaidh a thabhairt orthu agus chun tacaíocht bhreise a chur ar fáil do thaighdeoirí trí ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie, lena n-áirítear taighdeoirí ón Úcráin, agus béim ar leith á leagan ar an gComhaontú Glas don Eoraip, ar an gClár Oibre Digiteach agus ar an Eoraip a dhéanamh níos láidre ar fud an domhain;

18.  á chur i bhfios go láidir gur cúis mhór bhuartha di modh bainistíochta beartaithe Chiste na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus á iarraidh ar an gCoimisiún dul i mbun idirphlé oscailte leis an bParlaimint maidir le modh bainistithe an Chiste chun cur chun feidhme cuí buiséadach a áirithiú;

19.  ag freaschur na n-ath-imlonnuithe atá molta ag an gCoimisiún chun an Gníomh Eorpach um Shliseanna agus an Clár um Nascacht Shlán a chistiú, i gcomhréir lena sheasamh gur cheart tionscnaimh nua a chistiú le hairgead úr, agus ag scriosadh chúlchistí ábhartha na Comhairle, agus ar an gcaoi sin leibhéal cuí cistiúcháin a áirithiú do thosaíochtaí an Chláir Fís Eorpach, an Chláir don Eoraip Dhigiteach agus Chlár Spáis an Aontais; á chur in iúl go gcuirfidh sí saoradh taighde ar fáil arís chun cúiteamh a dhéanamh ar chur in áirithe faoin gClár Fís Eorpach le haghaidh Ghnímh um Shliseanna agus an Chláir um Nascacht Shlán, ionas nach mbainfidh na tograí nua sin ó thosaíochtaí taighde atá ann cheana; ag cur béim ar an bhfíoras nach féidir ionsú cistí ó NGEU a úsáid chun údar a thabhairt gan Airteagal 15(3) den Rialachán Airgeadais a chur chun feidhme agus gan méideanna suntasacha saortha a úsáid le linn géarchéimeanna;

20.  á mheabhrú go bhfuil an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) ríthábhachtach chun infheistíocht a spreagadh i bhforbairt gréasán tras-Eorpach ardfheidhmíochta agus inbhuanaithe; á chur i bhfáth nach mór ról ríthábhachtach a bheith ag SCE maidir le geilleagar an Aontais a dhícharbónú trí thacú le bonneagar breoslaí malartacha agus le fuinneamh in-athnuaite, agus ar an gcaoi sin dlús a chur leis an aistriú glas agus neamhspleáchas agus slándáil fuinnimh an Aontais a mhéadú, agus idirnascacht a chur chun cinn ar fud chríoch an Aontais, lena n-áirítear le leithinis na hIbéire agus réigiúin iargúlta inar tearc an daonra; á chur i bhfios go láidir go n-iarrtar le hionsaí míleata gan chúis a thug an Rúis faoin Úcráin go dtabharfaí tacaíocht phráinneach do bhonneagar iompair san Úcráin agus i leith na hÚcráine (lánaí dlúthpháirtíochta), chun iompar earraí criticiúla sa dá threo a chumasú; á mholadh, dá bhrí sin, go méadófaí cistiú na sraitheanna Iompair agus Fuinnimh de SCE le méid iomlán EUR 90 milliún i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas os cionn leibhéal an dréachtbhuiséid;

21.  á chur i bhfáth go bhfuil Margadh Aonair dea-fheidhmiúil i gcroílár théarnamh agus iomaíochas fadtéarmach an Aontais; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé é a chaomhnú agus a oiriúnú i gcomhthéacs an iliomad dúshlán; á iarraidh ar an gCoimisiún na tograí is gá a dhéanamh, lena n-áirítear faoi chuimsiú na litreach leasaithí, chun aon bhearna a d’fhéadfadh a bheith ann idir teacht i bhfeidhm an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha agus gnóthú na dtáillí maoirseachta a líonadh;

22.  ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gnólachtaí agus, go háirithe, FBManna, atá mar chnámh droma gheilleagar na hEorpa, buailte go dona ag na géarchéimeanna reatha, lena n-áirítear gnólachtaí in earnálacha na turasóireachta agus an chultúir agus na cruthaitheachta, a d’fhulaing crapadh tromchúiseach, agus mar gheall ar iarmhairtí chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, go háirithe praghsanna arda fuinnimh; ag tacú le méadú EUR 10 milliún os cionn an dréachtbhuiséid le haghaidh shraith FBM de Bhraisle an Mhargaidh Aonair; ag moladh freisin méadú EUR 1 mhilliún os cionn an dréachtbhuiséid chun tacú le hobair leanúnach an Ghrúpa Chomhairligh Eorpaigh um Thuairisciú Airgeadais (EFRAG) maidir le caighdeáin tuairiscithe ardcháilíochta a cheapadh, ar choinníoll go nglacfaidh EFRAG plean oibre ina leagfar amach na bearta chun próiseas cuí trédhearcach agus maoirseacht phoiblí chuí a áirithiú chomh maith le hionadaíocht chothrom ar gheallsealbhóirí;

23.  ag méadú, dá bhrí sin, ar leibhéal na leithreasaí faoi chomhair gealltanas faoi Cheannteideal 1 le EUR 663 650 000 os cionn an dréachtbhuiséid (seachas treoirthionscadail agus gníomhaíochtaí ullmhúcháin), a bheidh le maoiniú trí úsáid a bhaint as an gcorrlach atá ar fáil agus trí na hionstraimí speisialta a shlógadh; á chur in iúl, thairis sin, go gcuirfidh sí ar fáil don cheannteideal méid foriomlán EUR 836 090 000 i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a chomhfhreagraíonn do shaorthaí arna ndéanamh faoi Airteagal 15(3) den Rialachán Airgeadais, agus ar an gcaoi sin méadú EUR 677 278 157 a dhéanamh ar na saorthaí a cuireadh ar fáil arís i gcomparáid leis an dréachtbhuiséad;

Fo-cheannteideal 2a – Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach

24.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ríthábhachtach ag an mbeartas comhtháthaithe mar bheartas infheistíochta agus ionstraim chóineasaithe riachtanach de chuid an Aontais chun fás inbhuanaithe a chur chun cinn agus chun tacú le forbairt chomhchuí fhoriomlán na mBallstát agus a réigiún, lena n-áirítear idir réigiúin agus laistigh díobh; ag súil leis, tar éis moill a bheith ar thús an phróisis clársceidealaithe sa chéad dá bhliain de CAI 2021-2027, go dtiocfaidh luas faoina chur chun feidhme in 2022; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún dlús a chur le próiseas an chlársceidealaithe chun go bhféadfar tús a chur le cur chun feidhme na gcistí comhtháthaithe in 2023, rud a chuideoidh le haghaidh a thabhairt ar neamhionannais shóisialta, eacnamaíocha agus chríochacha agus lena gcuirfear borradh faoi gheilleagar an Aontais agus a chuideoidh leis na hearnálacha poiblí agus príobháideacha, FBManna, agus saoránaigh le linn na tréimhse deacra seo; á chur i bhfios go láidir go bhfuil riosca ann go gcuirfear moill ar thionscadail mar gheall ar an bpaindéim agus ar an gcogadh san Úcráin; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh agus, i gcás inarb ábhartha, na coigeartuithe beartais agus na bearta tacaíochta is gá a mholadh chun a áirithiú go leanfar de na tionscadail uile agus go gcuirfear chun feidhme go hiomlán iad;

25.  á iarraidh go ndéanfaidh cláir AE tosaíocht a thabhairt do thionscadail lena dtacaítear le poist a chruthú agus a chur chun cinn le cearta, lena n-áirítear leibhéil phá agus caidrimh fostaíochta atá cobhsaí agus rialaithe;

26.  ag glacadh leis an seasamh ón gComhairle maidir le Fo-cheannteideal 2a;

Fo-cheannteideal 2b – Athléimneacht agus Luachanna

27.  á athdhearbhú, in ainneoin éilimh na Parlaiminte lena gcuirfí EURI os cionn na n-uasteorainneacha, go n-íocfar na costais athmhaoinithe ó laistigh de Fo-chheannteideal 2b; ag tabhairt dá haire, i bhfianaise na staide gan choinne sna margaí airgeadais mar gheall ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, a bhfuil tionchar diúltach fós aige ar gheilleagar an Aontais, agus é á chur ar chonair fáis níos ísle, boilscithe níos airde agus rátaí úis atá ag ardú, gur dócha go mbeidh gá leis an líne a thiomnaítear do chostais mhaoinithe EURI ina n-iomláine agus go bhféadfadh riachtanais a bheith i bhfad níos mó ná an méid atá buiséadaithe; á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil tionchar de facto aige sin ar chláir faoin gceannteideal céanna trí shrian a chur ar chumas an Choimisiúin athneartuithe clársceidealaithe os cionn airgeadais a mholadh i gcás ina bhfuil gá leo; ag tabhairt dá haire nár cheart costais mhaoiniúcháin EURI a bhaint as ionstraimí speisialta, atá ceaptha chun dul i ngleic le dúshláin gan choinne, amhail iarmhairtí an chogaidh san Úcráin agus an ghéarchéim fuinnimh;

28.  ag moladh, dá bhrí sin, EUR 200 milliún os cionn an dréachtbhuiséid le haghaidh chlár suaitheanta Erasmus± dírithe ar shoghluaisteacht foghlama san oideachas agus san oiliúint - i gcomhréir leis an ngá atá sainaitheanta ag an gCoimisiún tacaíocht a chur ar fáil do mhic léinn agus d’fhoireann teagaisc na hÚcráine, agus do gach mac léinn chun dul i ngleic leis an mboilsciú ard; á chur i bhfios go láidir go gcuideoidh na leithreasuithe sin freisin le próifíl airgeadais Erasmus+, ar próifíl í atá an-chúl-ualaithe, a chothromú, lena gcuirfear maoiniú bliantúil níos comhsheasmhaí ar fáil do chlár ina mbeidh éileamh cobhsaí bliain ar bhliain; á chur i bhfáth, thairis sin, go rannchuideoidh acmhainní méadaithe leis na hiarrachtaí leanúnacha chun an clár a dhéanamh níos glaise agus níos cuimsithí agus chun obair leagáide a chumasú tar éis Bhliain Eorpach na hÓige 2022; á chur i bhfios gur fhógair an tUachtarán von der Leyen ina haitheasc ar Staid an Aontais gur cheart 2023 a bheith mar Bhliain Eorpach na Scileanna, a mbeadh tacaíocht ag teastáil ina leith i mbuiséad 2023;

29.  á mheabhrú, faoin tsraith ‘spórt’, go dtacaíonn Erasmus+ le himeachtaí neamhbhrabúis spóirt arb é is aidhm dóibh gné Eorpach an spóirt a fhorbairt tuilleadh agus saincheisteanna a bhaineann le spórt an phobail a chur chun cinn; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ríthábhachtach ag an spórt maidir le dul i ngleic leis an idirdhealú agus maidir le cuimsiú sóisialta a chur chun cinn; ag tacú, dá bhrí sin, le hathneartú riachtanach agus spriocdhírithe de EUR 10 milliún ar an líne ‘spórt’ chun go mbeidh an clár in ann tacú leis na Cluichí Oilimpeacha Speisialta a bheidh ar siúl i mBeirlín in 2023;

30.  á chur i bhfios go láidir go gcabhraíonn an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach le daoine óga taithí phraiticiúil a fháil i mBallstát eile, a chuireann lena n-infhostaitheacht agus lena ndeiseanna saoil; á chur i bhfáth, thairis sin, go maoiníonn ESC obair dhaonnúil dheonach a dhéantar tríd an gCór um Chabhair Dhaonnúil, ar féidir leis cúnamh daonnúil tábhachtach a sholáthar lasmuigh de limistéir choinbhleachta; á chinneadh, dá bhrí sin, leithreasuithe do CES a mhéadú EUR 8 milliún os cionn an dréachtbhuiséid;

31.  á chur i bhfáth nach bhfuil deireadh fós le paindéim COVID-19 agus ag cur béim ar an ngá atá le tacaíocht a choinneáil do chórais sláinte chun a n-athléimneacht agus a n-ullmhacht a threisiú trí Chlár gníomhaíochta an Aontais i réimse na sláinte (EU4Health); á chur i bhfios go láidir, thairis sin, go bhfuil ról lárnach ag an gclár maidir le tacú leis an bPlean Sáraithe Ailse, leis an Straitéis Chógaisíochta don Eoraip agus leis an Údarás Eorpach um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte a cruthaíodh le déanaí; ag freaschur, dá bhrí sin, an chiorraithe dhíréirigh agus gan údar atá molta ag an gComhairle agus ag athneartú an chláir le EUR 25 mhilliún os cionn an dréachtbhuiséid; lena n-áirítear tacú le gníomhaíochtaí chun cumhdach sláinte uilíoch a bhaint amach ar fud an Aontais, lena gcuimsítear rochtain ardcháilíochta ar sheirbhísí sláinte gnéis agus atáirgthe;

32.  á thabhairt chun suntais go bhfuil méadú ag teacht ar líon na dtubaistí nádúrtha atá ag dul i méid san Eoraip, mar a léiríodh le déanaí leis na tinte fiáine is mó riamh i samhradh 2022; á chur in iúl gur oth léi, mar gheall ar an athrú aeráide, go bhfuil teagmhais adhaimsire den sórt sin, a mbíonn éigeandálaí mar thoradh orthu go minic, ag dul in olcas agus i méid; á chinneadh, dá bhrí sin agus i gcomhréir le gealltanas Uachtarán an Choimisiúin ina haitheasc ar Staid an Aontais in 2022, an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta a threisiú le EUR 20 milliún chun acmhainneacht freagartha an Aontais a fheabhsú agus a shaoránaigh a chosaint ar bhealach níos fearr, lena n-áirítear acmhainneachtaí chun aonaid leighis a shlógadh i gcásanna éigeandála, agus á chur i bhfios go láidir gur gá infheistíocht a dhéanamh sa mhaolú ar an athrú aeráide agus san oiriúnú don athrú aeráide do réigiúin atá an-leochaileach;

33.  á mheabhrú go ndearna paindéim COVID-19 agus na bearta gaolmhara sláinte poiblí difear mór d’earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, ar minic gnólachtaí beaga, ealaíontóirí aonair agus eagraíochtaí pobail brabúis go minic acu; ag cur béim ar an ról lárnach atá ag Eoraip na Cruthaitheachta maidir le tacú le saothair Eorpacha agus luachanna Eorpacha chomh maith le téarnamh earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, litearthacht sna meáin a chothú agus bréagaisnéis a chomhrac; á chinneadh, dá bhrí sin, leithreasuithe 2023 an chláir a mhéadú EUR 12 mhilliún os cionn an dréachtbhuiséid;

34.  á chur i bhfios go láidir gur gá urraim don smacht reachta agus do chearta bunúsacha a chur chun cinn; á chur i bhfáth go bhfuil ról ríthábhachtach ag an gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna maidir le luachanna an Aontais, saoránacht agus daonlathas an Aontais, comhionannas agus comhionannas inscne agus an smacht reachta san Aontas a neartú, agus maidir le tacaíocht a thabhairt d’íospartaigh an fhoréigin inscnebhunaithe; ag freaschur, dá bhrí sin, chiorruithe na Comhairle ar an gclár; á chinneadh, thairis sin, sraith Daphne a mhéadú EUR 2 mhilliún os cionn an dréachtbhuiséid chun dul i ngleic leis an bhforéigean inscnebhunaithe, atá imithe in olcas ó bhí an phaindéim ann, chomh maith le gach cineál foréigin a dhéantar i gcoinne dídeanaithe, leanaí, daoine óga agus grúpaí eile atá i mbaol, amhail daoine LADTIA+ agus daoine faoi mhíchumas, agus an tsraith ‘rannpháirteachas agus rannpháirtíocht na saoránach’ a mhéadú EUR 1,5 milliún os cionn an dréachtbhuiséid, go háirithe chun obair leantach chuí ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa a áirithiú;

35.  á chur in iúl gur cúis mhór imní di na tuarascálacha iomadúla ina gcuirtear béim ar mhaoiniú comhlachas a bhfuil naisc acu le heagraíochtaí reiligiúnacha agus polaitiúla radacacha, amhail an Bráithreachas Moslamach; á iarraidh ar an gCoimisiún a ráthú nach maoineoidh cistí an Aontais ach eagraíochtaí a dhéanann luachanna uile na hEorpa a urramú go docht, lena n-áirítear an tsaoirse smaointeoireachta, an tsaoirse cainte agus an comhionannas idir fir agus mná, go háirithe tríd an gclár Saoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, a fhorchur ar na heagraíochtaí is tairbhithe a síniú a chur ar Chairt lena ngeallfaidh siad go n-urramóidh siad na luachanna sin sula gcuirfear cistí ar fáil;

36.  á mheabhrú a thábhachtaí atá sé tacú leis an idirphlé sóisialta agus le hoiliúint oibrithe agus cistiú cobhsaí a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go n-ionsúfar go maith na buiséid ghaolmhara;

37.  á mheas gur cheart go mbeadh leithreasuithe leordhóthanacha ann do líne bhuiséid Phobal Turcach na Cipire chun rannchuidiú go cinntitheach le leanúint de mhisean an Choiste um Dhaoine ar Iarraidh sa Chipir agus leis an misean sin a threisiú, agus chun tacú leis an gCoiste Teicniúil déphobail um Oidhreacht Chultúrtha;

38.  ag tabhairt dá haire gur ann do roinnt mhaith doiciméad agus teachtaireachtaí ó institiúidí comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais nach bhfuil ar fáil ach i mBéarla amháin; ag tabhairt dá haire freisin go dtionóltar cruinnithe oibre gan aon fhéidearthacht ateangaireachta; á iarraidh go n-urramófar na prionsabail, na cearta agus na hoibleagáidí a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus i Rialachán Uimh. 1/1958, agus i dtreoirlínte agus cinntí inmheánacha, amhail an cód um dhea-iompraíocht riaracháin; á iarraidh ar institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais, dá bhrí sin, na hacmhainní daonna is gá a sholáthar chun ilteangachas a áirithiú, trí líon na mball foirne atá freagrach as aistriúchán agus ateangaireacht a mhéadú;

39.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé buiséad an Aontais a chosaint ar chalaois, ar éilliú agus ar iompar toirmiscthe eile, a dhéanann dochar do bhuiséid an Aontais agus do bhuiséid náisiúnta; á chur i bhfáth go bhfuil ról lárnach ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, lena n-áirítear maidir le cistí NextGenerationEU a úsáid, agus maidir le comhlíonadh an smachta reachta a áirithiú; á chinneadh, dá bhrí sin, athneartuithe spriocdhírithe a chur i bhfeidhm ar OIPE agus a leibhéil foirne a mhéadú chun go mbeidh an comhlacht in ann a shainordú a chomhlíonadh, agus ar an gcaoi sin iarrachtaí i gcoinne na calaoise, an éillithe, an sciúrtha airgid agus na coireachta eagraithe a threisiú; á iarraidh ar na Ballstáit uile dul isteach in OIPE agus cosaint níos fearr a áirithiú do leasanna airgeadais an Aontais; á mheabhrú a thábhachtaí atá comhlíonadh an chórais ghinearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint;

40.  á mheas gur gá cistiú leormhaith agus cobhsaí a áirithiú le haghaidh cumarsáid institiúideach, chun a chur ar chumas an Aontais teagmháil a dhéanamh leis na saoránaigh, lena n-áirítear ar an leibhéal áitiúil, chun bréagaisnéis a chomhrac agus rannpháirtíocht na saoránach sa saol daonlathach a éascú, rud atá níos práinní fós i bhfianaise chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine; ag athbhunú, dá bhrí sin, leibhéal an dréachtbhuiséid ar na línte ábhartha;

41.  ag treisiú Fho-Cheannteideal 2b ar an iomlán le EUR 272 821 707 os cionn an dréachtbhuiséid i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (seachas treoirthionscadail agus gníomhaíochtaí ullmhúcháin), a bheidh le maoiniú trí úsáid a bhaint as an gcorrlach atá ar fáil agus trí na hionstraimí speisialta a shlógadh;

Ceannteideal 3 – Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol

42.  á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di tionchar chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus a drochiarmhairtí eacnamaíocha chomh maith leis na heachtraí adhaimsire, lena n-áirítear diantriomaigh agus triomaigh fhaidréiseacha, ar tháirgeadh agus ar dháileadh in earnáil na talmhaíochta agus i margaí an bhia; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról straitéiseach atá ag an talmhaíocht chun géarchéim bia a sheachaint trí bhia sábháilte ardcháilíochta a chur ar fáil ar phraghsanna inacmhainne ar fud na hEorpa; á mheabhrú gurb í 2023 an chéad bhliain den chomhbheartas talmhaíochta nua a thacóidh le feirmeoirí an Aontais, a bhfuil ról bunúsach acu maidir le hathléimneacht eacnamaíoch na limistéar tuaithe a chothabháil, tríd an ualach fiachais ar fheirmeoirí óga a mhaolú agus trí chabhrú leo déileáil le rátaí úis iasachta atá ag méadú agus costais ionchuir níos airde; á chreidiúint go bhfuil bonn cirt le EUR 10 milliún ar a laghad d’fheirmeoirí óga leis an gcúlchiste talmhaíochta nua a shlógadh go páirteach mar gheall ar an ngéarchéim; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta eisceachtúla ábhartha a ullmhú i gcomhréir leis na forálacha ábhartha sa bhunghníomh agus an méid atá le slógadh a mhéadú, de réir mar is ábhartha;

43.  ag athdhearbhú a thábhachtaí atá clár LIFE maidir le tacú le gníomhú ar son na haeráide agus le cosaint an chomhshaoil agus a ról lárnach maidir le hidirghabháil eiseamláireach a cheapadh agus maidir le bearta a spreagadh chun an t-athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide a mhaolú agus chun stop a chur le cailliúint na bithéagsúlachta; á iarraidh go méadófaí leibhéal na tacaíochta buiséadaí do LIFE ar fud shraitheanna éagsúla na gclár; á thabhairt chun suntais go mbeidh dul chun cinn i dtreo na spriocanna agus na n-uaillmhianta príomhshruthaithe i réimsí na haeráide agus na bithéagsúlachta i gceist le haon treisiú bliantúil ar chlár LIFE; á mheas go dtugann na himthosca reatha údar le béim ar leith a leagan ar an airteagal lena gcumhdaítear an t-aistriú chuig fuinneamh glan;

44.  á chur i bhfáth gur gá buiséad na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil a mhéadú go suntasach chun acmhainní leordhóthanacha airgeadais agus foirne a sholáthar chun cur chun feidhme iomlán an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus a bheartais ghaolmhara a chumasú mar cheann de na príomhcholúin chun geilleagar an Aontais a chlaochlú go geilleagar cothrom, cuimsitheach, inbhuanaithe, athléimneach agus neodrach ó thaobh carbóin de; á chreidiúint gur cheart don Choimisiún, ar ais nó ar éigean, cur i mbaol chur chun feidhme agus fhorfheidhmiú na mbeartas comhshaoil agus reachtaíochta comhshaoil a sheachaint;

45.  á chur i bhfáth go bhfuil ról tábhachtach ag na pleananna um aistriú cóir agus gur gá iad a fhormheas go tráthúil sa staid eacnamaíoch agus gheopholaitiúil atá ann faoi láthair chun na hinfheistíochtaí agus an fás is gá san Aontas a áirithiú; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá cur chun feidhme rianúil an Chiste um Aistriú Cóir a áirithiú mar uirlis riachtanach chun neamhspleáchas fuinnimh agus acmhainneacht nuálach an Aontais a mhéadú agus chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shocheacnamaíocha agus ar an aistriú fuinnimh mar fhreagairt do spriocanna aeráide;

46.  ag treisiú Cheannteideal 3 le EUR 61 240 000 leithreasaí faoi chomhair gealltanas os cionn leibhéil an dréachtbhuiséid (cé is moite de threoirthionscadail agus gníomhaíochtaí ullmhúcháin), atá le maoiniú trí chuid den chorrlach atá ar fáil a úsáid;

47.  á mheabhrú go ndéanfar, mar is iondúil, na bailchríocha a chur ar chúrsaí i Litir Leasaitheach maidir le hinfhaighteacht CERT agus gur féidir an cur chuige i leith leasuithe i gCeannteideal 3 a choigeartú dá réir le linn an idir-réitigh;

Ceannteideal 4 – Imirce agus Bainistiú Teorainneacha

48.  á thabhairt dá haire go raibh sé riachtanach, in 2022, mar thoradh ar an gcogadh i gcoinne na hÚcráine, maoiniú breise EUR 150 milliún a sholáthar don Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF) chun tacú leis na Ballstáit a fhaigheann daoine atá ag teitheadh ón gcoinbhleacht; á chur in iúl gur geal léi an cinneadh an Treoir um Chosaint Shealadach(16) a ghníomhachtú, a mbeidh gealltanas airgeadais níos fadtéarmaí ag baint leis, mar gheall ar chineál na coinbhleachta agus iarrachtaí na mBallstát chun mná agus leanaí a chosaint ar gháinneáil ar dhaoine, lena n-áirítear gáinneáil chun críche teacht i dtír gnéasach, agus a mbeidh gá le tacaíocht bhuiséadach leanúnach do na Ballstáit ina leith; á chinneadh, dá bhrí sin, AMIF a threisiú le EUR 100 milliún os cionn an dréachtbhuiséid in 2023;

49.  á mheabhrú, in 2022, gur ghá cistiú breise a chur ar fáil don Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí (IBTV) chun tacaíocht bhreise a chur ar fáil do na Ballstáit túslíne i gcomhthéacs an chogaidh, chomh maith le tacú le comhtháthú breise na Rómáine, na Bulgáire agus na Cróite i limistéar Schengen; á chur in iúl gur oth léi, thairis sin, gur mhol an Coimisiún arís agus arís eile go mbainfí an t-imchlúdach airgeadais a comhaontaíodh do BMVI chun acmhainní a aimsiú do ghníomhaireachtaí ceartais agus gnóthaí baile a bhfuil sainorduithe leathnaithe acu, lena n-áirítear Europol sa dréachtbhuiséad; á chinneadh, ar bhonn na mbreithnithe thuas, BMVI a mhéadú EUR 25 mhilliún os cionn an dréachtbhuiséid in 2023;

50.  á mheabhrú go bhfuil ról ríthábhachtach ag Gníomhaireacht Tearmainn an Aontais Eorpaigh maidir le tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit i ndáil le nósanna imeachta tearmainn agus cosanta idirnáisiúnta agus ag tabhairt dá haire go bhfuil méadú tagtha ar ualach oibre na gníomhaireachta, mar thoradh ar an gcogadh i gcoinne na hÚcráine agus mar gheall ar na cúraimí nua a cuireadh uirthi faoina sainordú feabhsaithe; á chinneadh, dá bhrí sin, líon foirne na gníomhaireachta a mhéadú;

51.  á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le méadú breise ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ar bhaill foirne do eu-LISA i gcomhréir le riachtanais shainaitheanta na gníomhaireachta, rud a chuirfidh ar a cumas leanúint de roinnt tionscadal criticiúil de chuid an Aontais a chur chun feidhme maidir le slándáil inmheánach agus bainistiú teorainneacha in 2023;

52.  á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá Gníomhaireacht éifeachtach Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) chun cabhrú leis na Ballstáit comhtheorainneacha seachtracha an Aontais a bhainistiú agus chun bainistiú comhtháite teorainneacha a áirithiú i gcomhréir iomlán le cearta bunúsacha; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé fós deacair ag Frontex an méadú géar bliain ar bhliain ar leithreasaí a ionsú agus na baill foirne bhreise oibríóchtúla a theastaíonn a earcú; á iarraidh ar an gCoimisiún grinnanailís a dhéanamh ar an ábhar chun feabhas a chur ar chur chun feidhme faoi ghrinnscrúdú na Parlaiminte; á chinneadh, dá bhrí sin, tacú leis an laghdú EUR 50 milliún a mhol an Chomhairle do Frontex in 2023; á chur i bhfios go láidir mar sin féin gur gá a áirithiú go bhfuil na hacmhainní buiséadacha is gá ag Frontex chun a shainordú agus a oibleagáidí a chomhlíonadh;

53.  ag treisiú Cheannteideal 4 ar an iomlán le EUR 130 430 664 os cionn sheasamh na Comhairle agus EUR 80 430 664 os cionn an dréachtbhuiséid, atá le maoiniú trí chuid den chorrlach atá ar fáil a úsáid;

Ceannteideal 5 – Slándáil agus Cosaint

54.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar chomhar Eorpach i gcúrsaí cosanta agus cogadh ionsaithe na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus an timpeallacht idirnáisiúnta atá thar a bheith éagobhsaí á gcur san áireamh; á mheas gur mar thoradh ar an gcomhar sin go bhfuil an Eoraip agus a saoránaigh níos sábháilte ach ní hamháin sin, go bhfuil éifeachtúlacht níos fearr agus coigiltis fhéideartha ann freisin; á iarraidh, ina leith sin, go ndéanfaí cistiú méadaithe do shraith forbartha cumais an Chiste Eorpaigh Cosanta chun bonn tionsclaíoch cosanta nuálach agus iomaíoch a chothú a rannchuideoidh le neamhspleáchas straitéiseach an Aontais;

55.  á mholadh freisin go méadófaí cistiú do shoghluaisteacht mhíleata agus é mar aidhm cabhrú leis na Ballstáit gníomhú ar bhealach níos tapúla agus níos éifeachtaí; ag tabhairt dá haire go bhfuil gá le cistiú leordhóthanach chun tacú le misin agus oibríochtaí faoin gcomhbheartas slándála agus cosanta, lena n-áirítear trí bhearta amhail bonneagar iompair dé-úsáide a chistiú agus ceadanna taidhleoireachta agus rialacha custaim a shimpliú; ag tabhairt dá haire go bhféadfaí borradh a chur faoin tsoghluaisteacht mhíleata freisin le haontachas práinneach na Rómáine, na Bulgáire agus na Cróite le Limistéar Schengen; á mheabhrú go bhfuil tionchar díobhálach eacnamaíoch agus geostraitéiseach ag an mainneachtain an t-ábhar sin a réiteach; á chur i bhfios go láidir gur gá leibhéal DB an Chiste Slándála Inmheánaí a athbhunú chun cistiú leordhóthanach a áirithiú don chomhrac i gcoinne na coireachta tromchúisí agus eagraithe a bhfuil gné thrasteorann ag baint léi agus i gcoinne na cibearchoireachta;

56.  ag treisiú Cheannteideal 5 ar an iomlán le EUR 81 192 700 os cionn an dréachtbhuiséid, a bheidh le maoiniú trí úsáid a bhaint as an gcorrlach atá ar fáil agus trí na hionstraimí speisialta a shlógadh;

Ceannteideal 6 – Comharsanacht agus an Domhan

57.  ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis mhór bhuartha, go bhfuil ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus na héifeachtaí a ghabhann leis sin ar bhonn domhanda ina shiocair leis an méadú ollmhór atá tagtha ar na riachtanais maidir le cabhair dhaonnúil, a bhí faoi bhrú cheana féin i ngeall ar bhearnaí maoinithe agus iolrú géarchéimeanna agus coinbhleachtaí ar fud an domhain; á iarraidh go ndéanfaí an chabhair dhaonnúil a mhéadú go mór chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna nach bhfacthas a leithéid cheana idir na riachtanais atá ann agus na hacmhainní atá ar fáil; á chur in iúl gur saoth léi nach bhfuil aon lamháil ag Ceannteideal 6 agus, dá bhrí sin, nach bhfuil sé oiriúnach don staid reatha nó chun dul i ngleic le héigeandálaí nua a d’fhéadfadh a bheith ann; á mheas gur cheart uasteorainn Cheannteideal 6 a mhéadú mar ábhar práinne; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil an dréachtbhuiséad in ann ar a laghad an leibhéal freagartha atá ann faoi láthair a choinneáil ar bun agus go bhfuil méadú mór ag teacht ar riachtanais dhaonnúla agus ar éigeandálaí ar fud an domhain ag an am céanna, go háirithe neamhdheimhneacht an tsoláthair bia a bheith ag dul in olcas mar gheall ar thionchar chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine, neartú thionchar an athraithe aeráide agus tubaistí atá ag éirí níos déine de dheasca na haeráide agus coinbhleachtaí atá ag teacht chun cinn le déanaí; á chun in iúl gur cúis mhór bhuartha di, fiú leis na méaduithe a mhol Parlaimint na hEorpa, nach mbeadh dóthain acmhainní ann chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais maidir le cabhair dhaonnúil in 2023;

58.  á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht leanúnach agus shuntasach do Chomharsanacht an Oirthir, go háirithe do thíortha a chabhraíonn le dídeanaithe atá ag teitheadh ón Úcráin agus atá ag tabhairt aghaidh ar bhoilsciú agus ar phraghsanna arda fuinnimh; á mheas gur gá tacú le hathchóirithe polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta agus le gníomhaithe na sochaí sibhialta, go háirithe gníomhaithe chearta an duine agus gníomhaithe daonlathais, eagraíochtaí na sochaí sibhialta a chosnaíonn cearta na mban agus cearta phobal LADTIA+ nó cúnamh a sholáthar do dhaoine faoi ghéarleanúint agus do phríosúnaigh pholaitiúla, in éineacht le heagraíochtaí na hÚcráine agus na Moldóive ar cuireadh iallach orthu a ngníomhaíochtaí a athstruchtúrú mar thoradh ar chogadh ionsaithe na Rúise, eagraíochtaí a chuireann leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe, agus meáin neamhspleácha a chuidíonn leis an mbréagaisnéis agus an bholscaireacht a nochtadh;

59.  á iarraidh go ndéanfaí acmhainní breise a leithdháileadh ar Chomharsanacht an Deiscirt chun tacú le hathchóirithe polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta; á chur in iúl gur geal léi an fógra a rinneadh le déanaí maidir le tiomantas leanúnach an Aontais do chistiú ilbhliantúil do UNRWA; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé beartaithe go háirithe leis an méadú ar leithreasuithe do Chomharsanacht an Deiscirt cistiú intuartha a sholáthar do UNRWA, i bhfianaise an róil ríthábhachtaigh atá aige maidir le riachtanais riachtanacha dídeanaithe Palaistíneacha a chosaint agus a áirithiú chomh maith le rannchuidiú lena bhforbairt dhaonna;

60.  ag treisiú chláir théamacha agus ghníomhaíochtaí mearfhreagartha NDICI-na hEorpa Domhanda, go háirithe tríd an gclár ‘Daoine’, chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí an chogaidh san Úcráin, chun córais sláinte níos láidre a fhorbairt agus chun bearnaí rochtana ar sheirbhísí sláinte riachtanacha a dhúnadh chomh maith le bearta oiriúnaithe don athrú aeráide agus bearta maolaithe don athrú aeráide a mhaoiniú tríd an gclár “Plainéad”, agus trí úsáid a bhaint as an líne ‘Athléimneacht’ chun sineirgí a chothú idir gníomhaíochtaí daonnúla, forbartha, poiblí agus síochána, go háirithe i dtíortha is iarrthóirí ar aontachas ach nach mbaineann tairbhe fós as an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA);

61.  ag cur béim ar an bhfíoras gur gá cistiú a mhéadú do thíortha na mBalcán Thiar faoi chuimsiú na hIonstraime um Chúnamh Réamhaontachais chun tacú leis an bhfás eacnamaíoch agus leis an bhfostaíocht agus mar thosaíocht gheopholaitiúil freisin, go háirithe i gcomhthéacs chogadh gan chúis na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ar cogadh é a bhí go mór ar fud an réigiúin, ach ag áitiú na gceanglas coinníollachta maidir leis an smacht reachta do gach euro a gealladh i mbuiséad 2023; sa chomhthéacs sin, á iarraidh ar an gCoimisiún sciar den chistiú breise do chlársceidealú Erasmus+ a úsáid chun cistiú méadaithe a chur ar fáil d’institiúidí ardoideachais le haghaidh clár nua scoláireachta do mhic léinn ó thíortha na mBalcán Thiar;

62.  á iarraidh go n-áireofaí an Úcráin agus Poblacht na Moldóive a luaithe is féidir laistigh de raon feidhme na hIonstraime um Chúnamh Réamhaontachais agus go ndéanfaí imchlúdach airgeadais an chláir a mhéadú dá réir sin; á mheas gur gá tacaíocht a sholáthar don Úcráin agus don Mholdóiv, mar thíortha is iarrthóirí nua ar bhallraíocht an Aontais, agus don tSeoirsia, mar iarratasóir ionchasach, ar a mbealach chuig ballraíocht an Aontais; á iarraidh go soláthrófaí cúnamh airgeadais breise faoi IPA III chun an ghné idirnáisiúnta de chlár Erasmus+ a chur chun cinn;

63.  á chinneadh go ndéanfar an tacaíocht don chumarsáid straitéiseach a mhéadú, go háirithe maidir le bearta atá dírithe ar chur i gcoinne na bréagaisnéise domhanda tríd an mbréagaisnéis a scaipeann an stát agus gníomhaithe eile a rianú agus a nochtadh go córasach;

64.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról lárnach ag Cúnamh Macra-Airgeadais AE don Mholdóiv, don Albáin, don Bhoisnia-Heirseagaivéin, don tSeoirsia, don Chosaiv, do Mhontainéagró, don Mhacadóin Thuaidh, agus don Úcráin chun infheistíochtaí a chur chun cinn, tacú le téarnamh ó ghéarchéim COVID-19 agus ó iarmhairtí an chogaidh;

65.  ag treisiú Cheannteideal 6 ar an iomlán le EUR 465 000 000 os cionn an dréachtbhuiséid, atá le maoiniú trí ionstraimí speisialta a shlógadh;

Ceannteideal 7 – Riarachán Poiblí Eorpach

66.  á mheas, maidir le ciorruithe na Comhairle ar an gceannteideal seo - atá ceaptha dul ar iontaoibh na hIonstraime Solúbthachta a sheachaint, mar a mholtar sa dréachtbhuiséad, nach bhfuil bonn cirt leo agus nach ligfí leo don Choimisiún a chúraimí a chomhlíonadh; dá bhrí sin, ag athbhunú an dréachtbhuiséid le haghaidh chaiteachas riaracháin an Choimisiúin, lena n-áirítear i leith a chuid Oifigí;

67.  ag leagan béim ar na rioscaí do shlándáil inmheánach an Aontais a eascraíonn as ionradh na Rúise ar an Úcráin; sa chomhthéacs sin, á chur in iúl gur geal léi seoladh an Mhoil Tacaíochta don tSlándáil Inmheánach agus don Bhainistiú Teorainneacha sa Mholdóiv agus á iarraidh ar an gCoimisiún inoibritheacht iomlán an Mhoil a éascú agus a luathú trí thacaíocht lóistíochta agus airgeadais a chur ar fáil trí chomhar le AS Home agus AS Just, chomh maith le saineolaithe an Aontais ó ghníomhaireachtaí ábhartha CGB an Aontais arna n-imscaradh sa Mholdóiv;

68.  ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeidh dóthain foirne ag an gCoimisiún chun a chúraimí a chomhlíonadh, lena n-áirítear na cúraimí sin a bhaineann le tionscnaimh nua agus le reachtaíocht nua a glacadh; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, a áirithiú go bhfuil an fhoireann bhreise aige atá riachtanach le haghaidh cur chun feidhme éifeachtúil agus éifeachtach; ag leagan béim, sa chomhthéacs sin, ar thionchar na dtograí reachtacha faoin gComhaontú Glas don Eoraip, faoin nGníomh um an Margadh Digiteach agus faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, agus faoi chaiteachas méadaithe an Aontais, mar gheall ar NGEU agus ar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, ar riachtanais foirne i seirbhísí áirithe, go háirithe Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil (AS ENV), Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta (AS COMP), Ard-Stiúrthóireacht na Líonraí Cumarsáide, an Ábhair Dhigitigh agus na Teicneolaíochta (AS CNECT) agus an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF); á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach bhfuil an fhoireann is gá ag an gCoimisiún don obair is gá; á iarraidh ar an gCoimisiún na riachtanais foirne sin a chur san áireamh, gan an bonn a bhaint ó leibhéil foirne i gcodanna eile den institiúid;

69.  á iarraidh go nglacfaí go pras an t-athbhreithniú spriocdhírithe ar an Rialachán Airgeadais a mhol an Coimisiún i ndáil le hús mainneachtana a láimhseáil i gcás aisíocaíocht dhéanach a dhéanamh ar fhíneálacha iomaíochta a cuireadh ar ceal nó a laghdaíodh, chun brú ar chaiteachas faoi Cheannteideal 7 a sheachaint;

Treoirthionscadail agus gníomhaíochtaí ullmhúcháin (PP-PAnna)

70.  á mheabhrú a thábhachtaí atá treoirthionscadail agus gníomhaíochtaí ullmhúcháin (PP-PAnna) mar uirlisí chun tosaíochtaí polaitiúla a cheapadh agus chun tionscnaimh nua a thabhairt isteach a d’fhéadfadh gníomhaíochtaí agus cláir bhuana de chuid an Aontais a dhéanamh díobh; ag glacadh, tar éis anailís chúramach a dhéanamh ar na tograí go léir a tíolacadh agus aird iomlán á tabhairt ar mheasúnú an Choimisiúin ar an urraim a thugann siad do cheanglais dhlíthiúla agus ar chur chun feidhme, phacáiste cothromaithe PP-PAnna a léiríonn tosaíochtaí polaitiúla na Parlaiminte; á iarraidh ar an gCoimisiún PP-PAnna a chur chun feidhme go pras agus aiseolas a sholáthar maidir lena bhfeidhmíocht agus lena dtorthaí a baineadh amach ar an láthair;

Íocaíochtaí

71.  á chur i bhfios go láidir gur gá leibhéal leordhóthanach leithreasuithe íocaíochta a sholáthar i mbuiséad 2023 agus á chinneadh, mar riail ghinearálta, ciorruithe na Comhairle a aisiompú agus leithreasuithe íocaíochta ar na línte sin a leasaítear i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a threisiú; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá dlús a chur le cur chun feidhme an chláir chun riaráiste íocaíochtaí a sheachaint sa dara leath den tréimhse CAI;

Rannóga Eile

Roinn I – Parlaimint na hEorpa

72.  á chur in iúl nach ndéanfar athrú ar leibhéal foriomlán a bhuiséid do 2023 arna shocrú ag EUR 2 268 777 642, i gcomhréir lena mheastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas arna nglacadh ag an seisiún iomlánach an 7 Aibreán 2022 agus arna nuashonrú an 3 Bealtaine 2022 arna iarraidh sin don Choimisiún mar gheall ar athrú ar an ráta innéacsaithe measta; á chinneadh 98 bpost a áireamh go saorga agus ar bhealach atá neodrach ó thaobh an bhuiséid de ar feadh bliana amháin ar a chairt bhunaithe chun go bhféadfar buaiteoirí iomaíochta inmheánaí a chomhtháthú i bhfianaise chur i bhfeidhm Airteagal 29(4) de na Rialacháin Foirne, ar an gcaoi chéanna leis an méid a rinneadh i mbuiséad 2020; nótaí ó 5 líne bhuiséadacha a thabhairt cothrom le dáta, chomh maith leis an bhféidearthacht costais rannpháirtíochta na n-achainíoch a aisíoc, lena n-áirítear speansais taistil, chothaithe agus theagmhasacha, le linn mhisin oifigiúla an Choiste um Achainíocha lasmuigh d’áitreabh Pharlaimint na hEorpa;

73.  ag aithint an róil thábhachtaigh atá ag an Údarás um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus um Fhondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha (PPEnna/FPEnna) maidir le trédhearcacht, bainistíocht fhónta airgeadais agus éagsúlacht an chórais pholaitiúil trí chur i bhfeidhm rialacha comhchoiteanna ag PPEnna/FPEnna a áirithiú; ag tabhairt dá haire, cé go n-áirítear a bhuiséad faoi Roinn I — Parlaimint na hEorpa, gur comhlacht neamhspleách de chuid an Aontais é an tÚdarás; á chinneadh, dá bhrí sin, mír ar leith a chruthú maidir le luach saothair agus liúntais na foirne atá ag obair don Údarás agus líne ar leith a chruthú i gcairt bhunaíochta Pharlaimint na hEorpa lena gcumhdaítear a poist, gan leithreasuithe breise a chur leis an dréachtbhuiséad;

74.  á iarraidh ar an mBiúró acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil d’Airteagal 3 2 3 — Tacaíocht don daonlathas agus d’fhothú acmhainneachta do pharlaimintí tríú tíortha chun go rannchuideoidh Parlaimint na hEorpa go héifeachtúil le heagrú an tríú heagrán de chomhdháil ardleibhéil Champas Domhanda Chearta an Duine, más gá agus más féidir, lena n-áirítear trí iarraidh ar aistriú ó riarachán na Parlaiminte le linn bhliain forghníomhaithe an bhuiséid;

75.  I gcomhréir leis an rún thuasluaite uaithi an 7 Aibreán 2022 maidir lena meastacháin ar ioncam agus caiteachas don bhliain airgeadais 2023 agus na freagraí a thug an tArd-Rúnaí an 20 Iúil 2022 á gcur san áireamh:

   (a) á mheabhrú gur féidir le laigí sa chomhrac i gcoinne na cibearshlándála agus na slándála hibrideacha in aon institiúid amháin tionchar a imirt ar chách; á athdhearbhú, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá sé go mbeadh buiséad na Parlaiminte ullmhaithe go leormhaith chun a chumais i gcoinne cibearbhagairtí agus bagairtí hibrideacha a neartú chun tairbhe na n-institiúidí uile, go háirithe i bhfianaise chogadh ionsaithe na Rúise i gcoinne na hÚcráine, líon méadaitheach na n-ionsaithe le blianta beaga anuas agus toghcháin Eorpacha 2024 atá ar na bacáin;
   (b) ag tabhairt dá haire go bhfuil bearta leanúnacha á ndéanamh ag an údarás riaracháin chun cur i gcoinne na bréagaisnéise nó aon ghníomhaíochtaí atá dírithe ar mhífhaisnéis a thabhairt ar sheasaimh Fheisirí, go háirithe i bhfianaise thoghcháin Eorpacha 2024; á iarraidh an athuair go mbeadh comhar feabhsaithe ann idir na gníomhaithe uile lena mbaineann ar an leibhéal idirinstitiúideach;
   (c) ag tabhairt dá haire gur tugadh tacaíocht don Ghrúpa Tacaíochta agus Comhordaithe don Daonlathas agus dá Phríomh-Fheisirí agus iad i mbun gníomhaíochtaí tacaíochta daonlathais; á chur in iúl gur díol sásaimh di na gníomhaíochtaí feabhsaithe agus á iarraidh go leanfaí de thacaíocht a thabhairt don chumarsáid leis na saoránaigh trí fhaisnéis a chur ar fáil freisin i dteangacha na mionlach teanga, na réigiún agus na bpobal i gcás inarb iomchuí agus tríd an mbréagaisnéis a chomhrac agus béim ar leith á leagan ar na tíortha nua tosaíochta;
   (d) ag athdhearbhú, i gcomhthéacs an athbhreithnithe atá ar siúl ar na forálacha cur chun feidhme ginearálta a bhaineann le haisíocaíocht speansas misin agus taistil dualgais agus ar na rialacha inmheánacha lena rialaítear misin agus taisteal dualgais oifigigh agus sheirbhísigh eile Pharlaimint na hEorpa, gur chuir an seisiún iomlánach in iúl roinnt uaireanta gur cheart don Bhiúró a áirithiú go bhfaighidh cúntóirí parlaiminteacha creidiúnaithe (APAnna) na liúntais chéanna i leith na misean a dhéanann siad ag trí ionad oibre na Parlaiminte agus na liúntais a fhaigheann státseirbhísigh agus gníomhairí eile;
   (e) á iarraidh ar Chomhdháil na nUachtarán agus ar an mBiúró athbhreithniú a dhéanamh arís ar na forálacha cur chun feidhme lena rialaítear obair na dtoscaireachtaí agus na misean lasmuigh den Aontas Eorpach agus ar an gcinneadh maidir le ‘Misin an Choiste lasmuigh de na trí áit oibre’; á chur i bhfios go láidir, leis an athbhreithniú sin, gur cheart go ndéanfaí machnamh ar an bhféidearthacht do APAnna dul in éineacht leis na Feisirí, faoi réir coinníollacha áirithe, ar thoscaireachtaí oifigiúla agus misin oifigiúla na Parlaiminte, agus an chothromaíocht cheart á baint amach idir an breisluach ard d’Fheisirí agus na srianta comhshaoil, lóistíochta agus buiséadacha;
   (f) á chur i bhfios go láidir gur gá don Choiste um Buiséid i bParlaimint na hEorpa an fhaisnéis ábhartha uile a bhaineann le buiséad na Parlaiminte a fháil ar bhealach tráthúil agus intuigthe chun bheith in ann cinntí eolasacha a dhéanamh; á iarraidh, agus aithint á tabhairt aici ar an tábhacht a bhaineann le Europa Experiences a bhunú i ngach Ballstát mar bhealach chun an tAontas a thabhairt níos gaire do na daoine, go gcuirfí ar fáil nuashonrú ar chostais reatha na n-ionad Europa Experience, i bhfianaise chomhthéacs an bhoilscithe aird; á iarraidh freisin go ndéanfaí nuashonrú ar an iasacht EUR 37,9 milliún atá beartaithe chun ceannach fhoirgneamh Europa Experience i mBaile Átha Cliath a mhaoiniú mar a cheanglaítear le hAirteagal 266(6) den Rialachán Airgeadais;
   (g) ag meabhrú a thábhachtaí atá próiseas cinnteoireachta trédhearcach agus cothrom i réimse an bheartais tógála, agus aird chuí á tabhairt ar Airteagal 266 den Rialachán Airgeadais, i ndáil le beartas tógála na Parlaiminte;
   (h) á mheabhrú don Bhiúró go bhfuil gá le faisnéis chuí agus comhairliúchán cuí leis an gCoiste um Buiséid sula nglacfaidh sé aon chinneadh mór maidir le saincheisteanna a bhaineann le foirgnimh mar gheall ar na himpleachtaí buiséadacha tábhachtacha a bhaineann leo; á iarraidh ar an mBiúró deiseanna coigiltis a fhiosrú agus athmhachnamh a dhéanamh ar an tionscadalmaidir le foirgneamh Spaak sa Bhruiséil;
   (i) á mheas gur cheart d’institiúidí an Aontais, gan eisceacht, dlúthpháirtíocht a léiriú agus dea-shampla a thabhairt, go háirithe i ndáil le tomhaltas agus laghdú fuinnimh, nuair a bhíonn saoránaigh AE ag dul i ngleic le harduithe suntasacha ar a gcostas saoil laethúil; ag tabhairt dá haire go bhfuil brú ollmhór ar bhuiséad na Parlaiminte mar gheall ar bhoilsciú agus ar phraghsanna fuinnimh atá ag dul i méid; ag tabhairt dá haire na cinntí ón mBiúró an 2 Bealtaine 2022 agus an 3 Deireadh Fómhair 2022 maidir le bearta gearrthéarmacha arb é is aidhm dóibh tomhaltas fuinnimh na bParlaimintí a ísliú; á iarraidh ar úsáideoirí a bheith in ann an teocht sna hoifigí agus sna seomraí cruinnithe a mhionchoigeartú iad féin agus fanacht fós faoin gcreat comhaontaithe chun coigilteas a dhéanamh; á iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa gach beart is gá a dhéanamh chun tomhaltas fuinnimh meántéarmach agus fadtéarmach a laghdú chun na billí fuinnimh a laghdú san athbhreithniú atá ar na bacáin ar an gcur chuige reatha maidir le gníomhaíochtaí coigilte fuinnimh; i bhfianaise na géarchéime fuinnimh agus an chomhthéacs geopholaitiúil, á chur in iúl gur geal léi na hinfheistíochtaí san fhuinneamh in-athnuaite agus chun deireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise agus go háirithe suiteáil teaschaidéal, agus á spreagadh an méid sin freisin; á iarraidh go ndéanfaí uas-scálú ar tháirgeadh fuinnimh radhairc, go háirithe trí fhótavoltas úrscothach dín a shuiteáil don acmhainneacht uasta sa Bhruiséil agus in Strasbourg a luaithe is féidir, agus á chur in iúl gur geal léi an staidéar nua maidir leis na painéil fhótavoltacha atá ar siúl faoi láthair; á chur in iúl gur geal léi an córas bainistithe fuinnimh foirgnimh a bunaíodh in EMAS agus á iarraidh go mbeadh an iniúchóireacht bhliantúil mar chuid de na dréachtmheastacháin arna dtíolacadh ag na seirbhísí; á iarraidh ar an mBiúró tús a chur le malartú dea-chleachtas idir comhlachtaí rialaithe institiúidí an Aontais chun athbhreithniú a dhéanamh ar a straitéisí caiteachais ilbhliantúla chun teacht ar bhealaí chun tuilleadh coigiltis a dhéanamh; ag spreagadh tuilleadh malartaithe tuairimí maidir le dea-chleachtais na mbeartas tomhaltais fuinnimh lasmuigh d’institiúidí an Aontais, mar shampla le húdaráis áitiúla;
   (j) á chur in iúl gur geal léi na réamhchéimeanna a glacadh chun sprioc neodrachta carbóin a cheapadh; á mheabhrú do na Feisirí agus do na grúpaí polaitiúla agus á iarraidh orthu rannchuidiú leis an laghdú leanúnach ar loingseoireacht truncanna idir an Bhruiséil agus Strasbourg ag seisiúin iomlánacha, mar atá geallta ag an mBiúró; á iarraidh go ndéanfaí na hinfheistíochtaí ábhartha a phleanáil sna buiséid atá le teacht maidir le hathshlánú agus athúsáid uisce báistí agus uisce a úsáid ar bhonn níos réasúnta;

76.  á iarraidh ar an bParlaimint leanúint de mheasúnuithe rialta a dhéanamh ar eagrú a riachtanas pearsanra, chun poist a ath-leithdháileadh idir stiúrthóireachtaí i gcomhréir le tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn chun cúraimí nua a dhéanamh a mhéid is féidir ar leibhéil foirne leanúnacha agus chun measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le líon méadaitheach gníomhairí ar conradh a fhostú, lena n-áirítear an baol a bhaineann le struchtúr foirne de dhá shraith a chruthú laistigh den Pharlaimint; á chur i bhfios go láidir, i bhfianaise oibleagáidí dlíthiúla na Parlaiminte, go bhfuil athbheartú tosaíochta acmhainní ag éirí níos tábhachtaí i dtimpeallacht bhoilscithe;

Ranna eile (Ranna IV-X)

77.  á chur i bhfáth go gcuireann an comhthéacs ard boilscitheach brú ar chaiteachas na n-institiúidí eile; á thabhairt chun suntais go bhfuil na codanna is mó dá mbuiséid socraithe ag oibleagáidí reachtúla nó conarthacha a bhfuil tionchar ag boilsciú orthu agus nach bhfuil aon smacht acu ar rátaí boilscithe agus ar phraghsanna fuinnimh a mhéadú; á chur i bhfios gur gá go mbeadh foireann leordhóthanach ag na hinstitiúidí chun a sainordú a chomhlíonadh; á chur in iúl gur díol sásaimh di na hiarrachtaí leanúnacha atá déanta ag na hinstitiúidí chun baill foirne a ath-imlonnú agus chun gnóthachain éifeachtúlachta bhreise a aimsiú ach ag aithint go bhfuil teorainneacha leis an gcur chuige sin sa chomhthéacs reatha i gcomhthéacs comhthreomhar le freagrachtaí méadaitheacha; á chur in iúl gur oth léi nár dheonaigh an Coimisiún aon cheann de na poist bhreise a d’iarr na hinstitiúidí eile, gan beann ar a gcúraimí nua; ag cáineadh an chuir chuige chothrománaigh a ghlac an Chomhairle chun an ráta laghdaithe a mhéadú 1,8 pointe céatadáin i ngach institiúid agus á mheas nach bhfuil údar leis; á mheabhrú go gcuirfeadh méadú ar an ráta laghdaithe d’oibleagáid ar na hinstitiúidí eile líon níos airde post a choinneáil folamh, rud a laghdódh a lucht saothair, a gcumas freagairt d’ábhair imní na saoránach agus a sainordú a chomhlíonadh;

78.  á chinneadh, dá bhrí sin, leibhéal an dréachtbhuiséid a athbhunú do Choiste Eorpach na Réigiún; á chur in iúl, i gcomhréir leis an gcomhaontú oinigh, nach modhnóidh sí léamh na Comhairle maidir leis an gComhairle agus maidir leis an gComhairle Eorpach;

79.  ag méadú, i gcás na gcásanna seo a leanas a bhfuil údar cuí leo, leibhéal na leithreasaí nó na mball foirne os cionn an dréachtbhuiséid chun dóthain acmhainní a thabhairt do na hinstitiúidí chun líon méadaitheach na gcúraimí óna sainordú a dhéanamh go leormhaith, go héifeachtúil agus go héifeachtach agus chun go mbeidh siad feistithe do na dúshláin atá ag teacht chun cinn, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an gcibearshlándáil; á chur i bhfios go láidir, i ndáil leis sin, nach bhfuil an tAontas ullamh go leor chun cibearbhagairtí a chomhrac, ar cibearbhagairtí iad atá ag méadú thar na blianta ó thaobh minicíochta agus castachta de; á chreidiúint gur cheart go mbeadh acmhainní agus foireann iomchuí ag institiúidí uile an Aontais chun dul i ngleic leis na bagairtí sin go hinmheánach agus i gcomhthéacs an chomhair idirinstitiúidigh; dá bhrí sin, ag moladh go ndéanfar an méid seo a leanas:

   (a) leibhéal na leithreasaí a athbhunú i gcomhréir le meastacháin Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus an Ombudsman Eorpaigh, trí leibhéal na leithreasaí os cionn an dréachtbhuiséid do línte buiséadacha a mhéadú lena gcumhdaítear leithreasaí i ndáil leis an bhfoireann nua, chomh maith le líon na bpost ina bpleananna bunaíochta;
   (b) leibhéal na leithreasaí a athbhunú i gcomhréir go páirteach le meastacháin Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí agus na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí trí na leithreasaí os cionn an dréachtbhuiséid do línte buiséadacha a mhéadú lena gcumhdaítear leithreasaí i ndáil leis an bhfoireann nua chomh maith leis an líon post atá ina bpleananna bunaíochta;
   (c) roinnt línte oibríochtúla a threisiú, i gcomhréir le hiarraidh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí, chun go mbeidh buiséad 2023 ina léiriú ar na hardchostais mhaireachtála gan choinne nár cuireadh san áireamh agus a meastacháin á n-ullmhú acu.

Measúnú ar an Litir Leasaitheach

80.  ag tabhairt dá haire, maidir le Litir Leasaitheach Uimh. 1 a ghabhann le dréachtbhuiséad ginearálta 2023, arb ionann an glantionchar foriomlán aige ar chaiteachas agus EUR 758,3 milliún breise i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus EUR 2 394,9 milliún i leithreasuithe íocaíochta, lena n-áirítear méadú an-suntasach ar leithreasuithe íocaíochta mar thoradh ar FAST-CARE; ag tabhairt dá haire freisin go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún, ar an iomlán, an Ionstraim Sholúbthachta a shlógadh le haghaidh méid EUR 822,1 milliún le haghaidh cheannteidil 2b, 5 agus 6

81.  ag tabhairt dá haire nach n-áirítear sa Litir Leasaitheach ach roinnt d’ábhair imní agus de thosaíochtaí na Parlaiminte mar a leagtar amach sa rún seo iad, amhail na hathneartuithe don chabhair dhaonnúil, UCPM agus Erasmus+ agus tacaíocht níos mó don chosaint; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, mar sin féin, nach leor na hathneartuithe atá beartaithe agus gur tús-ualú seachas leithreasuithe breise atá i gcuid de na hathneartuithe atá beartaithe

82.  ag tabhairt dá haire sna bearta agus sna gníomhaíochtaí a rinneadh chun tacú leis an Úcráin go dtí seo ó thús an chogaidh, agus á iarraidh ar an gCoimisiúin bearta breise a mholadh; á chur in iúl gur oth léi nach dtugtar freagairt iomchuí leis na tograí buiséadacha ón gCoimisiún do 2023 ar iarmhairtí leathana chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; á chreidiúint go bhfuil na riachtanais do 2023 i bhfad níos airde ná mar a mholtar sa Litir Leasaitheach;

83.  ag tabhairt dá haire sa togra maidir leis an Ionstraim Corrlaigh Aonair a shlógadh do mhéid EUR 450 milliún chun costais mhaoiniúcháin EURI a chumhdach; á thabhairt chun suntais go mbraitheann na méideanna iarbhír is gá le haghaidh costais mhaoinithe EURI in aon bhuiséad bliantúil ar leith ar na rátaí úis ar iasachtaí lena dtugtar leibhéal suntasach éiginnteachta isteach sa chaibidlíocht maidir leis an mbuiséad bliantúil; á chur i bhfáth nár cheart go mbeadh na costais sin chun dochair riamh do mhaoiniú na gclár; ag cur béim ar an bhfíoras, má úsáidtear SMI le haghaidh costais mhaoinithe EURI, go laghdaítear solúbthacht agus corrlaigh chúnga an bhuiséad freisin, atá an-teoranta cheana féin, agus, dá bhrí sin, go laghdaítear an cumas freagairt ar riachtanais reatha agus ar riachtanais atá ag teacht chun cinn; á mheabhrú a phráinní atá sé athbhreithniú suntasach a dhéanamh ar an CAI agus ar éilimh na Parlaiminte EURI a chur os cionn uasteorainneacha an CAI;

84.  ag tabhairt dá haire i leibhéal coigeartaithe na leithreasuithe do na ranna Eile, agus aird á tabhairt ar an meastachán reatha ar an gcoigeartú tuarastail do 2022 atá níos ísle ná mar ar tuaradh é in DB 2023, agus ar aistriú leithreasuithe ó na hinstitiúidí eile chuig CERT-EU, chun feabhas a chur ar chumais cibearshlándála an Aontais, rud a dhéanfadh, dá bhrí sin, laghdú EUR 45 mhilliún ar leibhéal leithreasaí institiúidí eile

o
o   o

85.  á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis na leasuithe ar an dréachtbhuiséad ginearálta, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig na hinstitiúidí agus na comhlachtaí eile lena mbaineann agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO L 424, 15.12.2020, lch. 1.
(2) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
(3) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11
(4) IO C 444 I, 22.12.2020.
(5) Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Nollaig 2020 ar an dréachtrialachán ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027, Iarscríbhinn 2: Dearbhuithe (Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0357).
(6) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.
(7) IO L 243, 9.7.2021, lch. 1.
(8) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0219.
(9) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0005.
(10) IO C 99, 1.3.2022, lch. 158.
(11) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2017)0010.
(12) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 1.
(13) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0106.
(14) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0127.
(15) Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).
(16) Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir Ballstáit agus na daoine sin á nglacadh isteach acu agus na hiarmhairtí lena mbaineann á mbraistint (IO L 212, 7.8.2001, lch. 12)


Breoslaí muirí inbhuanaithe (an Tionscnamh ‘FuelEU Maritime’) ***I
PDF 397kWORD 142k
Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 19 Deireadh Fómhair 2022 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (COM(2021)0562 – C9-0333/2021 – 2021/0210(COD))(1)
P9_TA(2022)0367A9-0233/2022

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún   Leasú
Leasú 1
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 1
(1)   San earnáil muiriompair atá thart ar 75 % de thrádáil sheachtrach an Aontais agus 31 % de thrádáil inmheánach an Aontais i dtéarmaí méideanna. An tráth céanna, is é trácht loingseoireachta isteach i gcalafoirt sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó amach astu is cúis le tuairim agus 11 % d’astaíochtaí CO2 uile an Aontais ó iompar, agus le 3-4 % d’astaíochtaí CO2 uile an Aontais. Téann 400 milliún paisinéir ar bord nó i dtír i gcalafoirt de chuid na mBallstát go bliantúil, tuairim agus 14 mhilliún paisinéir ar longa cúrsála san áireamh. Dá bhrí sin, is cuid riachtanach de chóras iompair na hEorpa é an muiriompar agus tá ról ríthábhachtach aige maidir le geilleagar na hEorpa. Tá an margadh muiriompair faoi réir iomaíochas láidir idir gníomhaithe eacnamaíocha san Aontas agus lasmuigh de, iomaíochas a bhfuil cothrom na Féinne fíor-riachtanach lena aghaidh. Maidir le cobhsaíocht agus rathúnas an mhargaidh muiriompair agus ghníomhaithe eacnamaíocha an mhargaidh sin, braitheann sin ar chreat beartais atá soiléir agus comhchuibhithe inar féidir le hoibreoirí muiriompair, calafoirt agus gníomhaithe eile san earnáil feidhmiú ar bhonn comhionannas deiseanna. I gcás ina dtarlaíonn saobhadh margaidh, bíonn an riosca ann go gcuirfí oibreoirí loinge nó calafoirt faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid le hiomaitheoirí laistigh den earnáil muiriompair nó in earnálacha iompair eile. Dá réir sin, d’fhéadfadh caillteanas a bheith ann mar thoradh air sin in iomaíochas an tionscail muiriompair, agus caillteanas nascachta le haghaidh saoránach agus gnólachtaí.
(1)   San earnáil muiriompair atá thart ar 75 % de thrádáil sheachtrach an Aontais agus 31 % de thrádáil inmheánach an Aontais i dtéarmaí méideanna. Téann 400 milliún paisinéir ar bord nó i dtír i gcalafoirt de chuid na mBallstát go bliantúil, tuairim agus 14 mhilliún paisinéir ar longa cúrsála san áireamh. Dá bhrí sin, is cuid riachtanach de chóras iompair na hEorpa é an muiriompar agus tá ról ríthábhachtach aige maidir le geilleagar na hEorpa. Tá an margadh muiriompair faoi réir iomaíochas láidir idir gníomhaithe eacnamaíocha san Aontas agus lasmuigh de, iomaíochas a bhfuil cothrom na Féinne ar fud an domhain fíor-riachtanach lena aghaidh. Maidir le cobhsaíocht agus rathúnas an mhargaidh muiriompair agus ghníomhaithe eacnamaíocha an mhargaidh sin, braitheann sin ar chreat beartais atá soiléir agus comhchuibhithe inar féidir le hoibreoirí muiriompair, calafoirt agus gníomhaithe eile san earnáil feidhmiú ar bhonn comhionannas deiseanna. I gcás ina dtarlaíonn saobhadh margaidh, bíonn an riosca ann go gcuirfí oibreoirí loinge nó calafoirt faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid le hiomaitheoirí laistigh den earnáil muiriompair nó in earnálacha iompair eile. Dá réir sin, d’fhéadfadh caillteanas in iomaíochas an tionscail muiriompair, níos lú post agus caillteanas nascachta le haghaidh saoránach agus gnólachtaí a bheith ann mar thoradh air sin.
Leasú 2
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 1 a (nua)
(1a)  Fostaíonn an earnáil mhuirí 2 mhilliún Eorpach agus cuireann sí EUR 149 mbilliún leis an ngeilleagar. Le haghaidh gach EUR 1 mhilliún a ghintear i dtionscal na loingseoireachta, gintear EUR 1.8 milliún in áit eile i ngeilleagar an Aontais.1a
__________________
1a Tuarascáil ó Chomhlachas Úinéirí Long an Chomhphobail Eorpaigh ‘The Economic Value of the EU Shipping Industry’ [Luach Eacnamaíoch Thionscal Loingseoireachta AE], 2020.
Leasú 3
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 1 b (nua)
(1b)  Is é an muiriompar an modh iompair is neamhdhíobhálaí don chomhshaol agus tá astaíochtaí gás ceaptha teasa i bhfad níos ísle in aghaidh an tona earraí a iompraítear ag baint leis i gcomparáid le modhanna eile1a. An tráth céanna, is é trácht loingseoireachta isteach i gcalafoirt sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó amach astu is cúis le tuairim agus 11 % d’astaíochtaí CO2 uile an Aontais ó iompar, agus le 3 go 4 % d’astaíochtaí CO2 uile an Aontais. Meastar go dtiocfaidh méadú ar astaíochtaí CO2 ó mhuiriompar, mura ndéanfar gníomhaíocht bhreise. Ní mór do gach earnáil den gheilleagar rannchuidiú le hastaíochtaí GCT a laghdú go tapa i dtreo astaíochtaí GCT glan-nialasacha faoi 2050 ar a dhéanaí mar a chumhdaítear i Rialachán (AE) 2021/11191. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go leagfadh an tAontas bealach uaillmhianach amach chun aistriú gasta éiceolaíoch na hearnála muirí a bhaint amach, rud a chuideodh freisin lena cheannaireacht dhomhanda sna teicneolaíochtaí glasa, sna seirbhísí glasa agus sna réitigh ghlasa a choinneáil agus a chur chun cinn tuilleadh, agus chun cruthú post a spreagadh sna slabhraí luacha lena mbaineann, agus an t-iomaíochas á choinneáil.
__________________
1a Staidéar ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, 2020, https://www.eea.europa.eu/publications/rail-and-waterborne-transport
Leasú 4
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 2
(2)   Chun cur le gealltanas aeráide an Aontais faoi Chomhaontú Pháras agus chun na céimeanna a leagan amach atá le glacadh chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, agus chun oibleagáid dhlíthiúil a dhéanamh den ghealltanas polaitiúil, ghlac an Coimisiún an togra (leasaithe) le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1999 (An Dlí Aeráide Eorpach)19 chomh maith leis an TeachtaireachtStepping up Europe’s 2030 climate ambition20. Comhtháthaítear leis sin freisin an sprioc astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990. Dá réir sin, tá gá le hionstraimí beartais comhlántacha éagsúla chun úsáid breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a tháirgtear go hinbhuanaithe a spreagadh, lena n-áirítear a n-úsáid san earnáil muiriompair. Ní mór an teicneolaíocht is gá a fhorbairt agus a imscaradh faoi 2030 chun ullmhú le haghaidh athruithe a bheidh i bhfad níos mire ina dhiaidh sin.
(2)   Chun cur le gealltanas aeráide an Aontais faoi Chomhaontú Pháras agus chun na céimeanna a leagan amach atá le glacadh chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí, agus chun oibleagáid dhlíthiúil a dhéanamh den ghealltanas polaitiúil, ghlac an Coimisiún an togra (leasaithe) le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1999 (An Dlí Aeráide Eorpach)[1] chomh maith leis an Teachtaireacht dar teideal Stepping up Europe’s 2030 climate ambition [Dlús a chur le huaillmhian aeráide na hEorpa 2030][2]. Comhtháthaítear leis sin freisin an sprioc astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990. Dá réir sin, tá gá le hionstraimí beartais comhlántacha éagsúla chun táirgeadh mórscála agus úsáid breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a tháirgtear go hinbhuanaithe a chur chun cinn agus a bhrostú, lena n-áirítear a n-úsáid san earnáil muiriompair, agus prionsabal na neodrachta teicneolaíche á urramú ag an am céanna. Ba cheart tacú leis an bhforbairt teicneolaíochta agus le himscaradh na teicneolaíochta is gá a luaithe is féidir agus ní mór é sin a bheith faoi réir faoi 2030 chun ullmhú d’athrú i bhfad níos gasta ina dhiaidh sin. Tá sé ríthábhachtach freisin an nuálaíocht a chothú agus tacú le taighde don nuálaíocht atá ag teacht chun cinn agus don nuálaíocht a bheidh ann amach anseo amhail breoslaí malartacha atá ag teacht chun cinn, éicidhearthóireacht, ábhair bhithbhunaithe, tiomáint gaoithe agus tiomáint ghaothchuidithe.
__________________
__________________
19 COM(2020)0563
19 COM(2020)0563
20 COM(2020)0562
20 COM(2020)0562
Leasú 5
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 2 a (nua)
(2a)  Is dócha go mbeidh ról idirthréimhseach ag GNL sa mhuiriompar, rud a fhágfaidh go mbeifear in ann aistriú de réir a chéile i dtreo roghanna malartacha astaíochtaí nialasacha, go háirithe i gcás nach bhfuil aon teicneolaíocht gléasra cumhachta astaíochtaí nialasacha atá inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de ar fáil faoi láthair. Tugtar le fios sa Teachtaireacht maidir leis an Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste go mbeidh longa farraige astaíochtaí nialasacha réidh don mhargadh faoi 2030. Ba cheart cabhlaigh a thiontú de réir a chéile mar gheall ar shaolré fhada na long. Is gá breoslaí iompair, amhail GNL, a dhícharbónú a thuilleadh trí bhithmheatán leachtaithe (bith-GNL) nó leictribhreoslaí sintéisteacha gásacha atá in-athnuaite agus íseal ó thaobh carbóin de (leictreaghás) a chumasc leo.
Leasú 6
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3
(3)   I gcomhthéacs breosla a aistriú chuig breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin agus foinsí ionadacha fuinnimh, tá sé riachtanach feidhmiú ceart mhargadh muiriompair an Aontais maidir le breoslaí muirí a áirithiú, chomh maith le hiomaíochas cothrom sa mhargadh a áirithiú, breoslaí ar sciar substaintiúil de chostais na n-oibreoirí loinge iad. Is féidir tionchar mór a bheith ag difríochtaí i riachtanais bhreosla ar fud Bhallstáit an Aontais ar fheidhmiú eacnamaíoch oibreoirí loinge agus is féidir tionchar diúltach a bheith ag na difríochtaí sin ar iomaíochas sa mhargadh. De thairbhe nádúr idirnáisiúnta na loingseoireachta, is féidir le hoibreoirí loinge umar a lastáil i dtríú tíortha go furasta agus méideanna móra breosla a iompar. D’fhéadfadh sceitheadh carbóin agus éifeachtaí díobhálacha ar iomaíochas na hearnála a bheith mar thoradh air sin, más rud é nach bhfuil infhaighteacht breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin ag calafoirt mhuirí faoi dhlínse Ballstáit ag gabháil le ceanglais maidir lena n-úsáid a bhfuil feidhm acu maidir le gach oibreoir loinge a thagann isteach i gcalafoirt faoi dhlínse na mBallstát nó a imíonn astu. Leis an Rialachán seo, ba cheart bearta a leagan síos chun a áirithiú go rachaidh breoslaí in-athnuaite ísealcharbóin i bhfód ar mhargadh na mbreoslaí muirí faoi dhálaí cóiriomaíochta i margadh muiriompair an Aontais.
(3)   I gcomhthéacs breosla a aistriú chuig breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin agus foinsí ionadacha fuinnimh, tá sé bunriachtanach feidhmiú ceart mhargadh muiriompair an Aontais maidir le breoslaí muirí a áirithiú, chomh maith le hiomaíochas cothrom sa mhargadh a áirithiú, breoslaí ar sciar substaintiúil de chostais na n-oibreoirí loinge iad - go hiondúil idir 35 % agus 53 % de na rátaí lasta loingseoireachta. Dá bhrí sin, ní mór do bhearta beartais a bheith costéifeachtach agus ní mór iad a bheith dírithe ar an dícharbónú is mó is féidir a ghiniúint ar an gcostas is ísle is féidir. Is féidir tionchar mór a bheith ag difríochtaí i riachtanais bhreosla ar fud Bhallstáit an Aontais ar fheidhmiú eacnamaíoch oibreoirí loinge agus is féidir tionchar diúltach a bheith ag na difríochtaí sin ar iomaíochas sa mhargadh. De thairbhe nádúr idirnáisiúnta na loingseoireachta, is féidir le hoibreoirí loinge umar a lastáil i dtríú tíortha go furasta agus méideanna móra breosla a iompar, rud a d’fhéadfadh cur leis an mbaol go gcaillfeadh calafoirt an Aontais vis-à-vis calafoirt nach calafoirt de chuid an Aontais iad a n-iomaíochas. D’fhéadfadh sceitheadh carbóin, sceitheadh gnó agus éifeachtaí díobhálacha ar iomaíochas na hearnála a bheith mar thoradh air sin, más rud é nach bhfuil infhaighteacht breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin ag calafoirt mhuirí faoi dhlínse Ballstáit ag gabháil le ceanglais maidir lena n-úsáid a bhfuil feidhm acu maidir le gach oibreoir loinge a thagann isteach i gcalafoirt faoi dhlínse na mBallstát nó a imíonn astu. Leis an Rialachán seo, ba cheart bearta a leagan síos chun a áirithiú go rachaidh breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin i bhfód ar mhargadh na mbreoslaí muirí faoi dhálaí cóiriomaíochta i margadh muiriompair an Aontais, rud a d’fhágfadh rogha costais laghdaithe níos ísle ag oibreoirí loingseoireachta. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh rogha den sórt sin ar fáil chun iomaíochas thionscail loingseoireachta na hEorpa agus ábharthacht bealaí lóistíochta a nascann calafoirt Eorpacha leis an trádáil dhomhanda a ráthú.
Leasú 7
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3 a (nua)
(3a)  Tá dianiomaíocht idirnáisiúnta ina saintréith ag an earnáil mhuirí. Mar gheall ar dhifríochtaí móra idir ualaí rialála ar fud na mbratstát tá cleachtais nach bhfuil ag teastáil, amhail athrú brataí soithí, ag dul in olcas. Le sainghné dhomhanda na hearnála, leagtar béim ar a thábhachtaí atá cur chuige atá neodrach ó thaobh na brataí de agus timpeallacht rialála fhabhrach, atá ina réamhchoinníoll chun infheistíocht nua a mhealladh agus iomaíochas calafort, úinéirí long agus oibreoirí long na hEorpa a choimirciú.
Leasú 8
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 4
(4)   Chun tionchar a bheith aige ar ghníomhaíochtaí uile na hearnála muiriompair, is iomchuí go gcumhdaítear leis an Rialachán seo sciar de na haistir idir calafort faoi dhlínse Ballstáit agus calafort faoi dhlínse tríú tíre. Dá réir sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le leath den fhuinneamh a úsáideann long atá ag tabhairt faoi aistir a thagann isteach i gcalafort faoi dhlínse Ballstáit ó chalafort lasmuigh de dhlínse Ballstáit, maidir le leath den fhuinneamh a úsáideann long atá ag tabhairt faoi aistir a imíonn ó chalafort faoi dhlínse Ballstáit agus a thagann isteach i calafort lasmuigh de dhlínse Ballstáit, maidir leis an bhfuinneamh iomlán a úsáideann long atá ag tabhairt faoi aistir a thagann isteach i gcalafort faoi dhlínse Ballstáit ó chalafort faoi dhlínse Ballstáit, agus maidir leis an bhfuinneamh a úsáidtear i mbeart i gcalafort faoi dhlínse Ballstáit. Le cumhdach den sórt sin maidir le sciar den fhuinneamh a úsáideann long le linn aistir isteach agus amach idir an tAontas agus tríú tíortha, agus trí thionchar dearfach na creata sin ar an gcomhshaol a mhéadú freisin, áirithítear éifeachtacht an Rialacháin seo. An tráth céanna, leis an gcreat sin cuirtear teorainn leis an riosca maidir le cuairteanna seachanta ar chalafoirt agus leis an riosca maidir le dí-chomhchruinniú gníomhaíochtaí trasloingsithe lasmuigh den Aontas. Chun oibriú rianúil tráchta muiriompair chomh maith le cothrom na Féinne i measc oibreoirí muiriompair agus i measc calafort a áirithiú, agus chun saobhadh ar an margadh inmheánach a sheachaint, ba cheart gach muiraistear a thagann isteach i gcalafoirt faoi dhlínse na mBallstát nó a imíonn astu, chomh maith le fanacht na long sna calafoirt sin, a chumhdach faoi rialacha comhionanna atá sa Rialachán seo.
(4)   Chun tionchar a bheith aige ar ghníomhaíochtaí uile na hearnála muiriompair, is iomchuí go gcumhdaítear leis an Rialachán seo sciar de na haistir idir calafort faoi dhlínse Ballstáit agus calafort faoi dhlínse tríú tíre. Dá réir sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le leath den fhuinneamh a úsáideann long atá ag tabhairt faoi aistir a thagann isteach i gcalafort faoi dhlínse Ballstáit ó chalafort lasmuigh de dhlínse Ballstáit, maidir le leath den fhuinneamh a úsáideann long atá ag tabhairt faoi aistir a imíonn ó chalafort faoi dhlínse Ballstáit agus a thagann isteach i calafort lasmuigh de dhlínse Ballstáit, maidir leis an bhfuinneamh iomlán a úsáideann long atá ag tabhairt faoi aistir a thagann isteach i gcalafort faoi dhlínse Ballstáit ó chalafort faoi dhlínse Ballstáit, agus maidir leis an bhfuinneamh a úsáidtear i mbeart i gcalafort faoi dhlínse Ballstáit. Le cumhdach den sórt sin maidir le sciar den fhuinneamh a úsáideann long le linn aistir isteach agus amach idir an tAontas agus tríú tíortha, agus trí thionchar dearfach na creata sin ar an gcomhshaol a mhéadú freisin, áirithítear éifeachtacht an Rialacháin seo. Leis an gcreat sin, ba cheart teorainn a chur leis an riosca maidir le cuairteanna seachanta ar chalafoirt agus leis an riosca maidir le dí-chomhchruinniú gníomhaíochtaí trasloingsithe lasmuigh den Aontas. Chun oibriú rianúil tráchta muiriompair chomh maith le cothrom na Féinne i measc oibreoirí muiriompair agus i measc calafort a áirithiú, agus chun saobhadh ar an margadh inmheánach a sheachaint, ba cheart gach muiraistear a thagann isteach i gcalafoirt faoi dhlínse na mBallstát nó a imíonn astu, chomh maith le fanacht na long sna calafoirt sin, a chumhdach faoi rialacha comhionanna atá sa Rialachán seo. Ba cheart don Choimisiún scéim faireacháin a bhunú go sonrach chun measúnú a dhéanamh ar sceitheadh carbóin agus sceitheadh gnó, chomh maith le cleachtais a bhféadfadh cleachtais seachanta a bheith iontu, agus liosta a dhréachtú de ghníomhaíochtaí gnó a d’fhéadfadh a bheith ann nach dtagann faoi ghníomhaíochtaí suntasacha gnó a dhéantar ag cuairteanna ar chalafoirt chomharsanacha de chuid AE. Agus é sin á dhéanamh aige, má thuairiscítear sceitheadh carbóin agus sceitheadh gnó suntasach chomh maith le cleachtais seachanta, ba cheart don Choimisiún bearta a mholadh chun dul i ngleic leis na saincheisteanna sin.
Leasú 9
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 4 a (nua)
(4a)  Ós rud é go bhforchuirfear leis an Rialachán seo costais bhreise chomhlíontachta ar an earnáil, is gá gníomhaíochtaí cúiteacha a dhéanamh chun cosc a chur ar mhéadú ar leibhéal iomlán an ualaigh rialála. Dá bhrí sin, sula gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm, ba cheart don Choimisiún tograí a thíolacadh chun na hualaí rialála a thugtar isteach leis an Rialachán seo a fhritháireamh, trí fhorálacha i ngníomhartha reachtacha eile de chuid an Aontais lena ngintear ualaí rialála san earnáil mhuirí a leasú nó a aisghairm.
Leasú 10
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 4 b (nua)
(4b)  Chun an méid cinnteachta dlíthiúla agus infheistíochta is gá a áirithiú, ba cheart an Rialachán seo a ailíniú go dlúth agus i gcomhréir le Rialachán XXXX-XXX (an Rialachán maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha), le Treoir 2003/87/CE (CTA AE), le Treoir XXXX-XXX (an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite), agus le Treoir 2003/96/CE (an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh). Ba cheart creat reachtach comhleanúnach a bheith mar thoradh ar ailíniú den sórt sin d’earnáil na loingseoireachta, lena rannchuidítear le táirgeadh breoslaí malartacha inbhuanaithe a mhéadú go suntasach, lena n-áirithítear imscaradh an bhonneagair is gá agus lena ndreasaítear úsáid na mbreoslaí sin i sciar soithí atá ag fás go seasta. Chun comhsheasmhacht fhoriomlán le spriocanna aeráide, iomaíochais agus ‘fáis eacnamaíoch inbhuanaithe’ an Aontais a áirithiú, ba cheart meastóireacht chuimsitheach leanúnach a dhéanamh ar thionchair uileghabhálacha, chomhcheangailte agus charnacha aeráide agus eacnamaíocha na ngníomhartha reachtacha sin.
Leasú 11
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 4 c (nua)
(4c)  Ba cheart an oibleagáid atá ar chalafoirt soláthar cumhachta ar tír a sholáthar a mheaitseáil le hoibleagáid chomhfhreagrach do longa nascadh leis an mbonneagar luchtaithe atá deartha chun an soláthar cumhachta sin a sholáthar agus iad i mbeart, chun éifeachtacht an bhonneagair sin a áirithiú agus an riosca go mbeadh sócmhainní tréigthe ann a sheachaint. Ina theannta sin, ba cheart iarrachtaí a dhéanamh na costais a bhaineann le luchtú ar tír a laghdú trí leictreachas a sholáthraítear do shoithí i gcalafort a dhíolmhú go buan ó chánachas trí leasuithe ar Threoir XXXX-XXXX (an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh).
Leasú 12
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5 a (nua)
(5a)  De dheasca na gcostas loingseoireachta méadaithe a bheidh ar na soithí nach gcomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo, ba cheart aghaidh a thabhairt ar an riosca go mbeadh iompar imghabhála ann agus go rachfaí timpeall ar fhorálacha an Rialacháin seo, go háirithe i ndeighleog na trádála a úsáideann longa coimeádáin. Maidir le cuairteanna ar chalafoirt i gcomharsanacht an Aontais a dhéanfaí chun na costais a bhaineann le comhlíonadh an Rialacháin seo a theorannú, ní hamháin go laghdódh na cuairteanna sin na tairbhí don chomhshaol a bhfuiltear ag súil leo agus go mbainfeadh siad an bonn go mór ó chuspóirí an Rialacháin seo, ach d’fhéadfadh sé go dtiocfadh astaíochtaí breise astu mar gheall ar an achar breise a thaistealófaí chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a sheachaint. Is iomchuí, dá bhrí sin, stadanna áirithe ag calafoirt nach calafoirt de chuid an Aontais iad a eisiamh ó choincheap an chalafoirt cuarda. Ba cheart go ndíreofaí leis an eisiamh sin ar chalafoirt i gcomharsanacht an Aontais ina bhfuil an baol imghabhála is mó ann. Is freagairt chomhréireach ar an riosca sin é teorainn 300 mhuirmhíle a bhunú, a thabharfaidh cothromaíocht idir an t-ualach breise agus an riosca imghabhála. Ina theannta sin, níor cheart an t-eisiamh ó choincheap an chalafoirt cuarda a spriocdhíriú ach ar longa coimeádán agus calafoirt arb é trasloingsiú coimeádán a bpríomhghníomhaíocht. I gcás na lastas sin, cuimsítear sa riosca imghabhála freisin go n-aistreofaí mol calafoirt chuig calafoirt lasmuigh den Aontas, rud a ghéaródh éifeachtaí na himghabhála. Ar an ábhar sin, agus in éagmais scéim shainordaitheach IMO maidir le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid le haghaidh muiraistir idirnáisiúnta ar an leibhéal domhanda ag a bhfuil leibhéal uaillmhéine atá comhchosúil le leibhéal uaillmhéine na gceanglas a leagtar amach sa Rialachán seo, níor cheart stadanna coimeádán i gcalafort trasloingsithe coimeádán comharsanachta a mheas mar stadanna i gcalafoirt cuarda laistigh de bhrí an Rialacháin seo. D’fhonn a áirithiú go mbeidh an beart comhréireach leis na cuspóirí atá á saothrú agus go mbeidh cóir chomhionann mar thoradh air, ba cheart bearta i dtríú tíortha a bhfuil éifeacht acu atá coibhéiseach leis an Rialachán seo a chur san áireamh.
Leasú 13
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5 b (nua)
(5b)  Chun cás sonrach na réigiún oileánach, mar a chuirtear i dtreis in Airteagal 174 den Chonradh, agus an gá le nascacht a chaomhnú idir oileáin agus réigiúin fhorimeallacha le réigiúin láir an Aontais a chur san áireamh, ba cheart díolúintí sealadacha a cheadú i gcás muiraistir a dhéanann longa paisinéirí seachas longa cúrsála paisinéirí idir calafort cuarda atá faoi dhlínse Ballstáit agus calafort cuarda atá faoi dhlínse an Bhallstáit chéanna atá suite in oileán ina bhfuil níos lú ná 100 000 buanchónaitheoirí.
Leasú 14
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5 c (nua)
(5c)  Agus saintréithe na réigiún is forimeallaí den Aontas á gcur san áireamh, go háirithe a n-iargúltacht agus a n-oileánachas, agus na srianta a bhfuil siad faoina réir, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar a n-inrochtaineacht a chaomhnú, agus ar an gcumas nascadh go héifeachtúil leo trí mheán an mhuiriompair. Dá bhrí sin, níor cheart ach leath den fhuinneamh a úsáidtear i gcás muiraistir a imíonn as nó a thagann chuig calafort cuarda atá suite i réigiún forimeallach a áireamh i raon feidhme an Rialacháin seo. Ar an gcúis chéanna, ba cheart díolúintí sealadacha a cheadú i gcás muiraistir idir calafort cuarda atá suite i réigiún forimeallach agus calafort cuarda eile atá suite i réigiún forimeallach, agus i gcás an fhuinnimh a úsáidtear le linn a bhfanachta laistigh de chalafoirt cuarda na réigiún forimeallach comhfhreagrach.
Leasú 15
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5 d (nua)
(5d)  Chun cothrom iomaíochta a áirithiú do longa, lena n-áirítear iad siúd a thógtar le hoibriú in uiscí atá cumhdaithe le hoighear ar a mbealach chuig calafoirt na mBallstát, ó chalafoirt na mBallstát nó eatarthu, ba cheart faisnéis shonrach a bhaineann le haicme oighir loinge, agus le loingseoireacht tríd an oighear, a mheas agus laghduithe ar astaíochtaí GCT á ríomh ar bhonn soithigh, agus sna sonraí a ndéantar faireachán agus tuairisciú orthu de bhun Rialachán (AE) 2015/757.
Leasú 16
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 6
(6)   Is í an chuideachta loingseoireachta ar cheart a bheith ina dhuine nó ina eagraíocht atá freagrach as comhlíonadh an Rialacháin seo, cuideachta a shainmhínítear mar úinéir na loinge nó aon eagraíocht nó duine eile, amhail an bainisteoir nó an cairtfhostóir forléasta, a bhfuil an fhreagracht glactha aige, ó úinéir na loinge, an long a oibriú, agus a bhfuil aontaithe aige, trí bhíthin an fhreagracht sin a ghlacadh, na dualgais agus na freagrachtaí uile a fhorchuirtear leis an gCód Idirnáisiúnta um Bainistíocht Sábháilteachta Long agus um Chosc ar Thruailliú a ghlacadh ar láimh. Tá an sainmhíniú sin bunaithe ar an sainmhíniú ar ‘cuideachta’ in Airteagal 3, pointe (d) de Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle21, agus i gcomhréir leis an gcóras domhanda bailithe sonraí a bhunaigh an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) in 2016. I gcomhréir leis an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as, d’fhéadfadh an chuideachta loingseoireachta, trí bhíthin socrú conarthach, an t-eintiteas atá freagrach go díreach as na cinntí a ghlacadh a bhfuil tionchar acu ar dhéine ghás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáideann an long a thabhairt chun cuntais as na costais chomhlíontachta faoin Rialachán seo. De ghnáth, is é sin an t-eintiteas atá freagrach as breosla, bealach agus luas na loinge a roghnú.
(6)   Is í an chuideachta loingseoireachta ar cheart a bheith ina dhuine nó ina eagraíocht atá freagrach as comhlíonadh an Rialacháin seo, cuideachta a shainmhínítear mar úinéir na loinge nó aon eagraíocht nó duine eile, amhail an bainisteoir nó an cairtfhostóir forléasta, a bhfuil an fhreagracht glactha aige, ó úinéir na loinge, an long a oibriú, agus a bhfuil aontaithe aige, trí bhíthin an fhreagracht sin a ghlacadh, na dualgais agus na freagrachtaí uile a fhorchuirtear leis an gCód Idirnáisiúnta um Bainistíocht Sábháilteachta Long agus um Chosc ar Thruailliú a ghlacadh ar láimh. Tá an sainmhíniú sin bunaithe ar an sainmhíniú ar ‘cuideachta’ in Airteagal 3, pointe (d) de Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle21, agus i gcomhréir leis an gcóras domhanda bailithe sonraí a bhunaigh an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) in 2016. I gcomhréir leis an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as, d’fhéadfadh an chuideachta loingseoireachta, trí bhíthin socrú conarthach, an t-eintiteas atá freagrach go díreach as na cinntí a ghlacadh a bhfuil tionchar acu ar dhéine ghás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáideann an long a thabhairt chun cuntais as na costais chomhlíontachta faoin Rialachán seo. De ghnáth, is é sin an t-eintiteas atá freagrach as breosla, bealach agus luas na loinge a roghnú.
__________________
__________________
21 Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (IO L 123, 19.5.2015, lch. 55).
21 Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (IO L 123, 19.5.2015, lch. 55).
Leasú 17
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 7
(7)   Chun an t-ualach riaracháin a theorannú, go háirithe ualach riaracháin oibreoirí beaga, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le longa adhmaid de thógáil bhunúsach ná longa nach dtiomáintear le fearas meicniúil, agus ba cheart díriú ar longa a bhfuil olltonnáiste os cionn 5 000 acu. D’ainneoin nach bhfuil sna longa deireanacha sin ach thart ar 55 % de na longa uile a thagann isteach i gcalafoirt faoi Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, is iadsan is cúis le 90 % d’astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin (CO2) ón earnáil muirí.
(7)   Chun an t-ualach riaracháin a theorannú, go háirithe ualach riaracháin oibreoirí beaga, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le longa adhmaid de thógáil bhunúsach agus ba cheart díriú ar longa a bhfuil olltonnáiste os cionn 5 000 acu. D’ainneoin nach bhfuil sna longa deireanacha sin ach thart ar 55 % de na longa uile a thagann isteach i gcalafoirt faoi Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, is iadsan is cúis le 90 % d’astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin (CO2) ón earnáil muirí.
Leasú 18
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 7 a (nua)
(7a)  Chun éifeachtacht leanúnach an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar a fheidhmiú, agus measúnuithe tionchair a dhéanamh i ndáil leis an tairseach olltonnáiste agus leis na cineálacha long a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Ba cheart don Choimisiún a chinneadh, go háirithe, an bhfuil cúiseanna suntasacha ann chun longa níos lú agus cineálacha breise long a chuimsiú faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart don Choimisiún, go háirithe, breithnithe a chur san áireamh amhail infhaighteacht sonraí ábhartha, an laghdú a d’fhéadfadh a bheith ar astaíochtaí GCT agus an éifeachtacht a bhainfeadh leis an raon feidhme a leathnú ó thaobh tionchar ar an aeráid, scála an ualaigh riaracháin, chomh maith leis na hiarmhairtí airgeadais agus sóisialta a bhaineann leis.
Leasú 19
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9
(9)   Cé go gcuirtear feabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh chun cinn le hionstraimí amhail praghsáil carbóin nó spriocanna i ndáil le déine carbóin gníomhaíochta, níl siad oiriúnach chun athrú mór a spreagadh i dtreo breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin sa ghearrthéarma ná sa mheántéarma. Dá bhrí sin, tá gá le cur chuige rialála sonrach atá tiomnaithe d’imscaradh breoslaí muirí in-athnuaite agus ísealcharbóin agus foinsí ionadacha fuinnimh, amhail an ghaoth nó leictreachas.
(9)   Cé go gcuirtear feabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh chun cinn le hionstraimí amhail praghsáil carbóin nó spriocanna i ndáil le déine carbóin gníomhaíochta, níl siad oiriúnach chun athrú mór a spreagadh i dtreo breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin sa ghearrthéarma ná sa mheántéarma. Dá bhrí sin, tá gá le cur chuige rialála sonrach atá tiomnaithe d’imscaradh breoslaí muirí in-athnuaite agus ísealcharbóin agus foinsí ionadacha fuinnimh, amhail an ghaoth nó leictreachas. Ba cheart an cur chuige sin a chur chun feidhme ar bhealach atá bunaithe ar spriocanna, neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de agus costéifeachtach.
Leasú 20
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 10
(10)   Maidir le hidirghabháil bheartais chun éileamh ar bhreoslaí muirí in-athnuaite agus ísealcharbóin a spreagadh, ba cheart í a bheith sprioc-bhunaithe agus ba cheart go ndéanfaí prionsabal na neodrachta teicneolaíche a urramú léi. Dá réir sin, ba cheart teorainneacha a leagan amach ar dhéine gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáidtear ar bord long gan úsáid aon bhreosla nó teicneolaíochta ar leith a fhorordú.
(10)   Maidir le hidirghabháil bheartais chun éileamh ar bhreoslaí muirí in-athnuaite agus ísealcharbóin a spreagadh, ba cheart í a bheith sprioc-bhunaithe agus ba cheart go ndéanfaí prionsabal na neodrachta teicneolaíche a urramú léi. Dá réir sin, i gcomhréir le spriocanna Chomhaontú Pháras, ba cheart teorainneacha uaillmhianacha a leagan amach ar dhéine gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáidtear ar bord long gan úsáid aon bhreosla nó teicneolaíochta ar leith a fhorordú.
Leasú 21
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 10 a (nua)
(10a)  Ba cheart Ciste Aigéin tiomnaithe a bhunú, lena ndéanfaí ioncam a ghintear ó lamháltais mhuirí a chur ar ceant laistigh de CTA a chur ar ais chuig an earnáil mhuirí. Ba cheart cistí a sholáthraítear faoin gCiste Aigéin a úsáid chun tacú le tionscadail agus le hinfheistíochtaí a bhaineann le feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh long agus calafort, le teicneolaíochtaí nuálacha agus le bonneagar nuálach chun dícharbónú a dhéanamh ar mhuiriompar, le breoslaí malartacha inbhuanaithe a tháirgeadh agus a úsáid agus le teicneolaíochtaí tiomána astaíochtaí nialasacha a fhorbairt.
Leasú 22
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 11
(11)   Maidir le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a bhfuil ardacmhainneacht inbhuanaitheachta, aibíocht tráchtála agus ardacmhainneacht nuálaíochta agus fáis chun freastal ar na riachtanais a bheidh ann amach anseo ag gabháil leo, ba cheart forbairt agus imscaradh na mbreoslaí sin a chur chun cinn. Leis sin, tacófar le margaí breosla nuálacha agus iomaíocha a chruthú agus le soláthar leordhóthanach breoslaí muirí inbhuanaithe a áirithiú sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma chun rannchuidiú le huaillmhianta dícharbónaithe iompair an Aontais, agus san am céanna iarrachtaí an Aontais i leith ardleibhéal cosanta comhshaoil a neartú. Chun na críche sin, ba cheart breoslaí muirí inbhuanaithe arna dtáirgeadh ó na bunábhair a liostaítear i gCodanna A agus B d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001, chomh maith le breoslaí muirí sintéiseacha, a bheith incháilithe. Go háirithe, tá na breoslaí muirí inbhuanaithe arna dtáirgeadh ó na bunábhair a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001 fíor-riachtanach, toisc gurb í an teicneolaíocht ar a bhfuil siad bunaithe is aibí í ó thaobh tráchtála de faoi láthair agus go bhféadfaí an muiriompar a dhícharbónú leo sa ghearrthéarma.
(11)   Maidir le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin agus teicneolaíochtaí tiomána a bhfuil ardacmhainneacht inbhuanaitheachta, aibíocht tráchtála agus ardacmhainneacht nuálaíochta agus fáis chun freastal ar na riachtanais a bheidh ann amach anseo ag gabháil leo, ba cheart forbairt agus imscaradh na mbreoslaí sin a chur chun cinn. Leis sin, tacófar le margaí breosla nuálacha agus iomaíocha a chruthú agus le soláthar leordhóthanach breoslaí muirí inbhuanaithe a áirithiú sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma chun rannchuidiú le huaillmhianta dícharbónaithe iompair an Aontais, agus san am céanna iarrachtaí an Aontais i leith ardleibhéal cosanta comhshaoil a neartú. Chun na críche sin, ba cheart breoslaí muirí inbhuanaithe arna dtáirgeadh ó na bunábhair a liostaítear i gCodanna A agus B d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001, chomh maith le breoslaí muirí sintéiseacha, a bheith incháilithe. Go háirithe, tá na breoslaí muirí inbhuanaithe arna dtáirgeadh ó na bunábhair a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001 fíor-riachtanach, toisc gurb í an teicneolaíocht ar a bhfuil siad bunaithe is aibí í ó thaobh tráchtála de faoi láthair agus go bhféadfaí an muiriompar a dhícharbónú leo sa ghearrthéarma.
Leasú 23
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 11 a (nua)
(11a)  Chun forbairt agus imscaradh luath na dteicneolaíochtaí breosla is inbhuanaithe agus is nuálaí ar an margadh a spreagadh, ar teicneolaíochtaí iad a bhfuil acmhainneacht fáis acu freastal ar riachtanais a bheidh ann amach anseo, tá gá le dreasacht thiomnaithe le haghaidh breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch (RFNBO). Tá acmhainneacht mhór ag an ngrúpa breoslaí sin fuinneamh in-athnuaite a thabhairt isteach i meascán breosla an umair mhuirí. I bhfianaise costais táirgthe i bhfad níos airde do RFNBOnna sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma, tá sé tábhachtach méid áirithe éilimh a áirithiú a thacaíonn le hinfheistíocht i ngrúpaí breoslaí den sórt sin. Leis an Rialachán seo, tugtar isteach meascán beart chun tacaíocht a áirithiú do ghlacadh RFNBOnna inbhuanaithe. Áirítear orthu sin (a) iolraitheoir go dtí 2035 chun luach saothair a thabhairt do chuideachtaí a chinneann na breoslaí sin a roghnú in ainneoin praghas réasúnta ard a bheith orthu, agus (b) sciar íosta seasta de RFNBOnna i meascán fuinnimh breoslaí ó 2030 ar aghaidh. Chun comhlíonadh sciar íosta RFNBOnna a éascú, ba cheart feidhm a bheith ag bearta solúbthachta de réir Airteagal 17 agus Airteagal 18 den Rialachán seo. Is féidir le cuideachtaí, trí bhíthin socruithe conarthacha, na soláthróirí breosla a choimeád cuntasach as na costais chomhlíonta faoin Rialachán seo, mura ndéantar RFNBOnna a sheachadadh de réir coinníollacha comhaontaithe.
Leasú 24
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 13
(13)   Mar sin féin, ní mór an cur chuige sin a bheith níos doichte san earnáil muiriompair. Faoi láthair, tá leibhéil neamhshuntasacha éilimh ar bhithbhreoslaí, ar bhithleachtanna agus ar bhreoslaí bithmhaise a dhíorthaítear ó bharra bia agus beatha san earnáil muiriompair toisc gur de bhunadh iontaise níos mó ná 99 % de na breoslaí muirí atá á n-úsáid faoi láthair. Dá bhrí sin, le neamh-incháilitheacht na mbreoslaí a dhíorthaítear ó bharra bia agus beatha faoin Rialachán seo, íoslaghdaítear freisin aon riosca maidir le moill a chur le dícharbónú na hearnála iompair, rud a d’fhéadfadh eascairt, murach sin, as aistriú bithbhreoslaí a dhíorthaítear ó bharra ón earnáil bóithre chuig an earnáil mhuirí. Ós rud é go leanann an t-iompar de bhóthar go fóill de bheith ar an earnáil iompair is mó truaillithe ar fad agus go n-úsáidtear breoslaí de bhunadh iontaise den chuid is mó sa mhuiriompar faoi láthair, tá sé fíor-riachtanach an t-aistriú sin a íoslaghdú. Dá bhrí sin, is iomchuí cruthú éilimh ar bhithbhreoslaí ó bharra bia agus beatha, ar bhithleachtanna agus ar bhreoslaí bithmhaise a sheachaint, éileamh a d’fhéadfadh a bheith mór trína n-úsáid a chur chun cinn faoin Rialachán seo. Dá réir sin, leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa breise agus le cailliúint na bithéagsúlachta arb é gach cineál bithbhreosla a dhíorthaítear ó bharra bia agus beatha is cúis leo, ní mór a mheas gur breoslaí iad sin lena mbaineann na fachtóirí astaíochta céanna leis an gconair is mífhabhraí.
(13)   Mar sin féin, ní mór an cur chuige sin a bheith níos doichte san earnáil muiriompair. Faoi láthair, tá leibhéil neamhshuntasacha éilimh ar bhithbhreoslaí, ar bhithleachtanna agus ar bhreoslaí bithmhaise a dhíorthaítear ó bharra bia agus beatha san earnáil muiriompair toisc gur de bhunadh iontaise níos mó ná 99 % de na breoslaí muirí atá á n-úsáid faoi láthair. Dá bhrí sin, le neamh-incháilitheacht na mbreoslaí a dhíorthaítear ó bharra bia agus beatha faoin Rialachán seo, íoslaghdaítear freisin aon riosca maidir le moill a chur le dícharbónú na hearnála iompair, rud a d’fhéadfadh eascairt, murach sin, as aistriú bithbhreoslaí a dhíorthaítear ó bharra ón earnáil bóithre chuig an earnáil mhuirí. Ós rud é go leanann an t-iompar de bhóthar go fóill de bheith ar an earnáil iompair is mó truaillithe ar fad agus go n-úsáidtear breoslaí de bhunadh iontaise den chuid is mó sa mhuiriompar faoi láthair, tá sé fíor-riachtanach aistriú den sórt sin a íoslaghdú. Dá bhrí sin, is iomchuí cruthú éilimh ar bhithbhreoslaí, ar bhithleachtanna agus ar bhreoslaí bithmhaise a dhíorthaítear ó bharra bia agus beatha a sheachaint, éileamh a d’fhéadfadh a bheith mór trína n-úsáid a chur chun cinn faoin Rialachán seo. Dá réir sin, leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa breise agus le cailliúint na bithéagsúlachta arb é gach cineál bithbhreosla a dhíorthaítear ó bharra bia agus beatha is cúis leo, ní mór a mheas gur breoslaí iad sin lena mbaineann na fachtóirí astaíochta céanna leis an gconair is mífhabhraí.
Leasú 25
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 14
(14)   De thairbhe na n-agaí fada tionscanta a bhaineann le forbairt agus le himscaradh breoslaí agus réitigh fuinnimh nua le haghaidh an mhuiriompair, tá gá le gníomhaíocht ghasta agus le creat rialála fadtéarmach atá soiléir agus intuartha a bhunú lena n-éascófaí pleanáil agus infheistíocht ó na páirtithe leasmhara uile lena mbaineann. Le creat rialála fadtéarmach atá soiléir agus cobhsaí, éascófar forbairt agus úsáid breoslaí agus réitigh fuinnimh nua le haghaidh an mhuiriompair agus spreagfar infheistíocht ó pháirtithe leasmhara. Le creat mar sin, ba cheart teorainneacha a shainiú le haghaidh dhéine astaíochtaí gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáidtear ar bord long go dtí 2050. Ba cheart na teorainneacha sin éirí níos uaillmhianaí le himeacht ama chun an fhorbairt theicneolaíoch agus an méadú ar tháirgeadh breoslaí muirí in-athnuaite agus ísealcharbóin a bhfuil coinne leo a léiriú.
(14)   De thairbhe na n-agaí fada tionscanta a bhaineann le forbairt agus le himscaradh breoslaí agus réiteach fuinnimh nua le haghaidh an mhuiriompair, chomh maith le meántréimhse idir 25 agus 30 bliain a bheith i saolré fhadthréimseach long go hiondúil, tá gá le gníomhaíocht ghasta agus le creat rialála fadtéarmach atá soiléir agus intuartha a bhunú lena n-éascófaí pleanáil agus infheistíocht ó na páirtithe leasmhara uile lena mbaineann. Le creat rialála fadtéarmach atá soiléir agus cobhsaí, éascófar forbairt agus úsáid breoslaí agus réiteach fuinnimh nua le haghaidh an mhuiriompair agus spreagfar infheistíocht ó pháirtithe leasmhara. Le creat mar sin, ba cheart teorainneacha a shainiú le haghaidh dhéine astaíochtaí gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáidtear ar bord long, le linn loingseoireachta agus i mbeart araon, go dtí 2050. Ba cheart na teorainneacha sin éirí níos uaillmhianaí le himeacht ama chun an fhorbairt theicneolaíoch agus an méadú ar tháirgeadh breoslaí muirí in-athnuaite agus ísealcharbóin a bhfuil coinne leo a léiriú. Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus chun dóthain ama a thabhairt don earnáil chun sócmhainní fadtéarmacha a phleanáil agus a ullmhú, chomh maith leis an mbaol go mbeadh sócmhainní tréigthe ann a sheachaint, ba cheart teorainn ó thaobh raon feidhme de a chur le haon tograí amach anseo i leith leasú a dhéanamh ar an Rialachán agus ba cheart athruithe suntasacha ar na ceanglais a sheachaint.
Leasú 26
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 15
(15)   Leis an Rialachán seo, ba cheart an mhodheolaíocht agus an fhoirmle a bhunú ar cheart feidhm a bheith acu maidir le meándéine bhliantúil astaíochtaí gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáidtear ar bord loinge a ríomh. Ba cheart an fhoirmle sin a bheith bunaithe ar an ídiú breosla arna thuairisciú ag longa agus ba cheart fachtóirí astaíochta ábhartha na mbreoslaí sin a mheas léi. Ba cheart úsáid foinsí ionadacha fuinnimh, amhail an ghaoth nó leictreachas, a léiriú sa mhodheolaíocht freisin.
(15)   Leis an Rialachán seo, ba cheart an mhodheolaíocht agus an fhoirmle a bhunú ar cheart feidhm a bheith acu maidir le meándéine bhliantúil astaíochtaí gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáidtear ar bord loinge a ríomh. Ba cheart an fhoirmle sin a bheith bunaithe ar an ídiú breosla arna thuairisciú ag longa agus ba cheart fachtóirí astaíochta ábhartha na mbreoslaí sin a mheas léi. Ba cheart úsáid foinsí ionadacha fuinnimh, amhail cumhacht ghaoithe grianchumhacht, a ghintear ar bord, nó leictreachas a sholáthraítear i mbeart, a léiriú sa mhodheolaíocht freisin.
Leasú 27
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 16
(16)   Chun léargas níos iomláine a thabhairt ar fheidhmíocht chomhshaoil na bhfoinsí fuinnimh éagsúla, ba cheart feidhmíocht GCT breoslaí a mheas ar bhonn tobair-go-marbhshruth, agus tionchair an táirgthe fuinnimh, an iompair, an dáilte agus na húsáide ar bord á gcur san áireamh. Dhéanfaí sin chun conairí teicneolaíochta agus táirgthe a dhreasachtú lena soláthrófaí lorg GCT níos ísle agus fíorthairbhí ag baint leo i gcomparáid leis na breoslaí traidisiúnta atá ann faoi láthair.
(16)   Chun léargas níos iomláine a thabhairt ar fheidhmíocht chomhshaoil na bhfoinsí fuinnimh éagsúla, ba cheart feidhmíocht GCT breoslaí a mheas ar bhonn tobair-go-marbhshruth, agus tionchair an táirgthe fuinnimh, an iompair, an dáilte agus na húsáide ar bord á gcur san áireamh, agus aird á tabhairt ar loirg na gcéimeanna éagsúla de shaolré an bhreosla. Dhéanfaí sin chun conairí teicneolaíochta agus táirgthe a dhreasachtú lena soláthrófaí lorg GCT níos ísle agus fíorthairbhí ag baint leo i gcomparáid leis na breoslaí traidisiúnta atá ann faoi láthair.
Leasú 28
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 17
(17)   Ba cheart feidhmíocht tobair-go-marbhshruth na mbreoslaí muirí in-athnuaite agus ísealcharbóin a bhunú agus úsáid á baint as fachtóirí astaíochta réamhshocraithe nó fachtóirí astaíochta iarbhír deimhnithe lena gcumhdaítear astaíochtaí tobair-go-humar agus astaíochtaí umair-go-marbhshruth. Mar sin féin, níor cheart feidhmíocht breoslaí iontaise a mheas ach amháin trí fachtóirí astaíochta réamhshocraithe a úsáid dá bhforáiltear leis an Rialachán seo.
(17)   Ba cheart feidhmíocht tobair-go-marbhshruth na mbreoslaí muirí a bhunú agus úsáid á baint as fachtóirí astaíochta réamhshocraithe nó fachtóirí astaíochta iarbhír deimhnithe lena gcumhdaítear astaíochtaí tobair-go-humar agus astaíochtaí umair-go-marbhshruth.
Leasú 29
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 21
(21)   Le húsáid soláthair cumhachta ar tír (OPS), maolaítear truailliú aeir arna tháirgeadh ag longa agus laghdaítear an méid astaíochtaí GCT arna ghineadh ag an muiriompar. Is éard atá in OPS soláthar cumhachta atá ar fáil do longa i mbeart, cumhacht atá ag éirí níos glaine, i bhfianaise an sciar mhéadaithigh d’fhuinneamh in-athnuaite i meascán leictreachais an Aontais. Cé nach gcumhdaítear le Treoir 2014/94/AE (An Treoir maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha – AFID) ach an fhoráil maidir le pointí nasctha OPS, lean an t-éileamh ar an teicneolaíocht sin agus, dá thoradh sin, imscaradh na teicneolaíochta de bheith teoranta riamh. Dá bhrí sin, ba cheart rialacha sonracha a bhunú chun úsáid OPS a shainordú i measc na long is mó truailliú.
(21)   Le húsáid soláthair cumhachta ar tír (OPS), maolaítear truailliú aeir arna tháirgeadh ag longa i mbeart agus laghdaítear an méid astaíochtaí GCT arna ghineadh ag an muiriompar nuair a bhítear i mbeart. Is éard atá in OPS soláthar cumhachta atá ar fáil do longa i mbeart, cumhacht atá ag éirí níos glaine, i bhfianaise na sciartha méadaitheacha d’fhuinneamh in-athnuaite agus d’fhoinsí fuinnimh saor ó iontaisí i meascán leictreachais an Aontais. Cé nach gcumhdaítear le Treoir 2014/94/AE (An Treoir maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha – AFID) ach an fhoráil maidir le pointí nasctha OPS, lean an t-éileamh ar an teicneolaíocht sin agus, dá thoradh sin, imscaradh na teicneolaíochta de bheith teoranta. Chun a áirithiú go ndéanfar truailliú aeir a mhaolú agus longa i mbeart agus go mbeidh bonneagar OPS inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de agus go dtabharfaidh sé toradh ar infheistíocht, ba cheart rialacha sonracha a bhunú chun úsáid OPS a shainordú i measc na long is mó truailliú i gcásanna ina laghdódh an úsáid sin astaíochtaí go héifeachtach ar chostas réasúnta.
Leasú 30
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 22
(22)   Anuas ar OPS, le teicneolaíochtaí eile d’fhéadfaí a bheith ábalta tairbhí comhshaoil coibhéiseacha a chur ar fáil i gcalafoirt. Nuair a léirítear go bhfuil úsáid teicneolaíochta malartaí coibhéiseach le húsáid OPS, ba cheart an long sin a bheith díolmhaithe ó OPS a úsáid.
(22)   Anuas ar OPS, le teicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha eile d’fhéadfaí a bheith ábalta tairbhí comhshaoil coibhéiseacha a chur ar fáil i gcalafoirt. Nuair a léirítear go bhfuil úsáid teicneolaíochta malartaí coibhéiseach le húsáid OPS, i dtaobh truailliú aeir agus laghdú ar astaíochtaí GCT, ba cheart an long sin a bheith díolmhaithe ó OPS a úsáid.
Leasú 31
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 23
(23)   Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le heisceachtaí ó úsáid OPS ar roinnt cúiseanna oibiachtúla freisin, agus ba cheart iad a bheith deimhnithe ag comhlacht bainistíochta an chalafoirt cuarda agus teoranta do chuairteanna neamhsceidealaithe ar chalafoirt ar chúiseanna sábháilteachta nó chun beatha a shábháil ar muir, do ghearrfhanachtaí long i mbeart ar lú iad ná 2 uair an chloig óir is é seo an t-am íosta a theastaíonn chun nascadh, agus do ghiniúint fuinnimh ar bord a úsáid i gcásanna práinne.
(23)   Ba cheart eisceachtaí ar úsáid OPS a chur ar fáil freisin ar roinnt cúiseanna oibiachtúla, arna ndeimhniú ag comhlacht bainistíochta an chalafoirt cuarda, ag oibreoir an chríochfoirt nó ag an údarás inniúil, ag brath ar an múnla rialachais do chalafoirt sna Ballstáit éagsúla. Ba cheart na heisceachtaí sin a bheith teoranta do chuairteanna neamhsceidealaithe ar chalafoirt ar chúiseanna sábháilteachta nó chun beatha a shábháil ar muir, do ghearrfhanachtaí long i mbeart ar lú iad ná 2 uair an chloig óir is é seo an t-am íosta a theastaíonn chun nascadh, agus do ghiniúint fuinnimh ar bord a úsáid i gcásanna práinne. Más rud é nach féidir dóthain cumhachta ar tír a sholáthar, mar gheall ar thoilleadh neamhleor san eangach áitiúil a nascann leis an gcalafort, níor cheart a mheas gur mainneachtain ag an gcalafort nó ag úinéir nó oibreoir na loinge ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh, ar choinníoll go bhfianaíonn an bainisteoir eangaí go cuí do na fíoraitheoirí nach leor an toilleadh eangaí áitiúla.
Leasú 32
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 24
(24)   I gcás nach bhfuil OPS ar fáil nó ina bhfuil sé neamh-chomhoiriúnach, ba cheart eisceachtaí a bheith teoranta go dtí go mbeadh dóthain ama ag oibreoirí loinge agus calafoirt na hinfheistíochtaí is gá a dhéanamh, chun na dreasachtaí is gá a chur ar fáil le haghaidh na n-infheistíochtaí sin agus chun iomaíochas éagórach a sheachaint. Amhail ó 2035, ba cheart d’oibreoirí loinge a gcuairteanna ar chalafoirt a phleanáil go cúramach chun a áirithiú go mbeidh siad in ann a gcuid gníomhaíochtaí a dhéanamh gan truailleáin aeir ná gáis ceaptha teasa a astú i mbeart agus an comhshaol i limistéir chósta agus i gcathracha calafoirt a chur i mbaol. I gcás nach bhfuil OPS ar fáil nó ina bhfuil sé neamh-chomhoiriúnach, ba cheart líon teoranta eisceachtaí a choinneáil ar bun chun an deis a chur ar fáil athruithe a dhéanamh ag an nóiméad deireanach ó am go chéile ar sceidil chuairteanna ar chalafoirt agus ar chuairteanna ar chalafoirt ina bhfuil trealamh neamh-chomhoiriúnach.
(24)   I gcás nach bhfuil OPS ar fáil nó ina bhfuil sé neamh-chomhoiriúnach, ba cheart eisceachtaí a bheith teoranta go dtí go mbeadh dóthain ama ag oibreoirí loinge agus calafoirt na hinfheistíochtaí is gá a dhéanamh, chun na dreasachtaí is gá a chur ar fáil le haghaidh na n-infheistíochtaí sin agus chun iomaíochas éagórach a sheachaint. Chun idir-inoibritheacht iomlán a áirithiú, ba cheart do na calafoirt a gcuid beart a fheistiú, agus ba cheart d’úinéirí long a gcuid soithí a fheistiú, leis na suiteálacha cumhachta a chomhlíonann na caighdeáin is infheidhme. Ó 2035 ar aghaidh, ba cheart d’oibreoirí loinge a gcuairteanna ar chalafoirt TEN-T a chumhdaítear le Rialachán XXXX-XXX (an Rialachán maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha) a phleanáil go cúramach chun a áirithiú go mbeidh siad in ann a gcuid gníomhaíochtaí a dhéanamh gan truailleáin aeir ná gáis ceaptha teasa a astú i mbeart agus an comhshaol i limistéir chósta agus i gcathracha calafoirt a chur i mbaol. I gcás nach bhfuil OPS ar fáil nó ina bhfuil sé neamh-chomhoiriúnach, ba cheart líon teoranta eisceachtaí a choinneáil ar bun chun an deis a chur ar fáil athruithe a dhéanamh ag an nóiméad deireanach ó am go chéile ar sceidil chuairteanna ar chalafoirt agus ar chuairteanna ar chalafoirt ina bhfuil trealamh neamh-chomhoiriúnach. Chun an riosca a bhaineann le sócmhainní tréigthe a mhaolú, mar aon le neamh-chomhoiriúnacht bhonneagar OPS ar bord agus i mbeart agus éileamh ar bhreoslaí malartacha agus míchothromaíochtaí soláthair, ba cheart cruinnithe comhairliúcháin rialta idir geallsealbhóirí ábhartha a eagrú chun ceanglais agus pleananna a bheidh ann amach anseo a phlé agus cinntí a dhéanamh ina leith.
Leasú 33
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 24 a (nua)
(24a)  Leis na spriocanna chun OPS a sholáthar a leagtar síos i Rialachán XXXX-XXX (an Rialachán maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha), cuirtear san áireamh na cineálacha soithí a bhfreastalaítear orthu agus na méideanna tráchta faoi seach de chalafoirt mhuirí. Maidir leis an gceanglas i dtaca le longa a nascadh le OPS le linn dóibh bheith i mbeart, níor cheart go mbeadh feidhm aige maidir le soithí agus iad ag dul isteach i gcalafoirt atá lasmuigh de raon feidhme an cheanglais OPS sa Rialachán sin, seachas má tá OPS suiteáilte ag an gcalafort agus má tá sé ar fáil ag an mbeart a bhfuil cuairt á tabhairt air. Má thagann long isteach ag calafort neamh-TEN-T ina bhfuil OPS ar fáil, ba cheart don long sin ceangal le OPS agus í i mbeart.
Leasú 34
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 24 b (nua)
(24b)  Fiú más uirlis thábhachtach é OPS chun astaíochtaí áitiúla truailleán aeir a laghdú, braitheann a chumas astaíochtaí gás cheaptha teasa a laghdú go hiomlán ar an meascán fuinnimh a chuirtear isteach trí na cáblaí. Chun acmhainneacht iomlán aeráide agus comhshaoil OPS a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit acmhainneacht agus nascacht eangach leictreachais a mhéadú agus leanúint de dhéine GCT a meascán fuinnimh a laghdú, ionas go bhféadfar leictreachas inacmhainne, inphleanáilte agus saor ó iontaisí a sholáthar do chalafoirt.
Leasú 35
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 24 c (nua)
(24c)  Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, ba cheart aird chuí a thabhairt ar na samhlacha rialachais éagsúla do chalafoirt ar fud an Aontais, go háirithe maidir leis an bhfreagracht as deimhniú a eisiúint lena ndíolmhaítear soitheach ón oibleagáid ceangal le OPS.
Leasú 36
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 24 d (nua)
(24d)  Tá comhordú idir calafoirt agus oibreoirí long ríthábhachtach chun nósanna imeachta nasctha réidhe le cumhacht ar an gcósta i gcalafoirt a áirithiú. Ba cheart d’oibreoirí long na calafoirt a bhfuil siad ag glaoch orthu a chur ar an eolas faoin rún atá acu nascadh le cumhacht ar tír agus méid na cumhachta is gá le linn an ghlao ar leith, go háirithe nuair is mó é ná na riachtanais a mheastar a bheith ann don chatagóir loinge sin.
Leasú 37
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 25
(25)   Leis an Rialachán seo, ba cheart córas láidir faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe a chur i bhfeidhm chun comhlíonadh a fhorálacha a rianú. Ba cheart feidhm a bheith ag an gcóras sin ar bhonn neamh-idirdhealaitheach maidir le gach long agus ba cheart gá a bheith le fíorúchán tríú páirtí chun cruinneas na sonraí a chuirtear isteach sa chóras sin a áirithiú. Chun gur fusa cuspóir an Rialacháin seo a bhaint amach, ba cheart aon sonra a tuairiscíodh cheana chun críoch Rialachán (AE) 2015/757 a úsáid, i gcás inar gá, chun comhlíonadh an Rialacháin seo a dheimhniú chun an t-ualach riaracháin a fhorchuirtear ar chuideachtaí, ar fhíoraitheoirí agus ar údaráis mhuirí a theorannú.
(25)   Leis an Rialachán seo, ba cheart córas láidir agus trédhearcach faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe a chur i bhfeidhm chun comhlíonadh a fhorálacha a rianú. Ba cheart feidhm a bheith ag an gcóras sin ar bhonn neamh-idirdhealaitheach maidir le gach long agus ba cheart gá a bheith le fíorúchán tríú páirtí chun cruinneas na sonraí a chuirtear isteach sa chóras sin a áirithiú. Chun gur fusa cuspóir an Rialacháin seo a bhaint amach, ba cheart aon sonra a tuairiscíodh cheana chun críoch Rialachán (AE) 2015/757 a úsáid, i gcás inar gá, chun comhlíonadh an Rialacháin seo a dheimhniú chun an t-ualach riaracháin a fhorchuirtear ar chuideachtaí, ar fhíoraitheoirí agus ar údaráis mhuirí a theorannú.
Leasú 38
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 26
(26)   Ba cheart do chuideachtaí a bheith freagrach as faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar an méid fuinnimh agus ar an gcineál fuinnimh a úsáidtear ar bord long agus iad i mbun loingseoireachta agus i mbeart, chomh maith le faisnéis ábhartha eile, amhail faisnéis faoin gcineál innill atá ar bord nó faoi theicneolaíochtaí gaothchuidithe a bheith ann, d’fhonn comhlíontacht a léiriú leis an teorainn le déine astaíochtaí gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáidtear ar bord loinge a leagtar amach sa Rialachán seo. Chun gur fusa do na fíoraitheoirí na hoibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe sin agus an próiseas fíoraithe a chomhlíonadh, amhail a dhéantar le Rialachán (AE) 2015/757, ba cheart do chuideachtaí an modh faireacháin atá beartaithe a dhoiciméadú agus tuilleadh sonraí a chur ar fáil faoi chur i bhfeidhm rialacha an Rialacháin seo i bplean faireacháin. Ba cheart an plean faireacháin, chomh maith le haon mhodhnú air ina dhiaidh sin, más infheidhme, a chur faoi bhráid an fhíoraitheora.
(26)   Ba cheart do chuideachtaí a bheith freagrach as faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar an méid fuinnimh agus ar an gcineál fuinnimh a úsáidtear ar bord long agus iad i mbun loingseoireachta agus i mbeart, chomh maith le faisnéis ábhartha eile, amhail faisnéis faoin gcineál innill atá ar bord agus sonraíocht theicniúil na dteicneolaíochtaí gaothchuidithe, aon fhoinse mhalartach fuinnimh eile atá ar bord, d’fhonn comhlíontacht a léiriú leis an teorainn le déine astaíochtaí gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáidtear ar bord loinge a leagtar amach sa Rialachán seo. Chun gur fusa do na fíoraitheoirí na hoibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe sin agus an próiseas fíoraithe a chomhlíonadh, amhail a dhéantar le Rialachán (AE) 2015/757, ba cheart do chuideachtaí an modh faireacháin atá beartaithe a dhoiciméadú agus tuilleadh sonraí a chur ar fáil faoi chur i bhfeidhm rialacha an Rialacháin seo i bplean faireacháin. Ba cheart an plean faireacháin, chomh maith le haon mhodhnú air ina dhiaidh sin, más infheidhme, a chur faoi bhráid an fhíoraitheora.
Leasú 39
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 27
(27)   Tá deimhniúchán breoslaí fíor-riachtanach chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach agus chun sláine comhshaoil na mbreoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a ráthú, breoslaí a meastar go ndéanfar iad a imscaradh san earnáil mhuirí. Ba cheart tabhairt faoin deimhniúchán sin trí bhíthin próiseas trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach. D’fhonn deimhniúchán a éascú agus an t-ualach riaracháin a theorannú, ba cheart deimhniú bithbhreoslaí, bithgháis, breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte a bheith ag brath ar na rialacha a bhunaítear le Treoir (AE) 2018/2001. Ba cheart feidhm ar bheith ag an gcur chuige deimhniúcháin sin maidir le breoslaí a stóráiltear lasmuigh den Aontas freisin, ar cheart iad a mheas mar bhreoslaí allmhairithe, ar an gcaoi chéanna a ndéantar sin le Treoir (AE) 2018/2001. Nuair a bheartaíonn cuideachtaí imeacht ó na luachanna réamhshocraithe dá bhforáiltear leis an Treoir sin nó leis an gcreat nua seo, níor cheart é sin a dhéanamh ach amháin nuair is féidir luachanna a dheimhniú le ceann de na scéimeanna deonacha a aithnítear faoi Threoir (AE) 2018/2001 (le haghaidh luachanna tobair go humar) nó trí bhíthin tástáil saotharlainne nó tomhais dhíreacha astaíochtaí (umar go marbhshruth).
(27)   Tá deimhniúchán láidir breoslaí agus faireachán láidir ar bhreoslaí fíor-riachtanach chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach agus chun sláine comhshaoil na mbreoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a ráthú, breoslaí a meastar go ndéanfar iad a imscaradh san earnáil mhuirí. Ba cheart tabhairt faoin deimhniúchán sin trí bhíthin próiseas trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach. D’fhonn deimhniúchán a éascú agus an t-ualach riaracháin a theorannú, ba cheart deimhniú bithbhreoslaí, bithgháis, breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte a bheith ag brath ar na rialacha a bhunaítear le Treoir (AE) 2018/2001. Ba cheart feidhm ar bheith ag an gcur chuige deimhniúcháin sin maidir le breoslaí a stóráiltear lasmuigh den Aontas freisin, ar cheart iad a mheas mar bhreoslaí allmhairithe, ar an gcaoi chéanna a ndéantar sin le Treoir (AE) 2018/2001. Nuair a bheartaíonn cuideachtaí imeacht ó na luachanna réamhshocraithe dá bhforáiltear leis an Treoir sin nó leis an gcreat nua seo, níor cheart é sin a dhéanamh ach amháin nuair is féidir luachanna a dheimhniú le ceann de na scéimeanna deonacha a aithnítear faoi Threoir (AE) 2018/2001 (le haghaidh luachanna tobair go humar) nó trí bhíthin tomhais dhíreacha astaíochtaí (umar go marbhshruth).
Leasú 40
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 27 a (nua)
(27a)  Tá iontaofacht agus cruinneas na faisnéise maidir le saintréithe breoslaí riachtanach chun an Rialachán seo a fhorfheidhmiú. Maidir le soláthraithe breosla ar cruthaíodh gur thug siad faisnéis mhíthreorach nó mhíchruinn faoi dhéine gás ceaptha teasa na mbreoslaí a sholáthraíonn siad, ba cheart iad a bheith faoi réir pionóis. Maidir le soláthraithe breosla a sholáthair faisnéis bhréagach nó mhíthreorach arís agus arís eile, ba cheart iad a bheith dúliostaithe ó na scéimeanna deimhniúcháin a leagtar síos i dTreoir (AE) 2018/2001 (an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite). I gcásanna den sórt sin, ba cheart a mheas go bhfuil an fachtóir astaíochta céanna ag aon bhreoslaí a stóráiltear óna shaoráidí agus atá ag an mbreosla iontaise is lú fabhar.
Leasú 41
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 28
(28)   Le fíorú arna dhéanamh ag fíoraitheoirí creidiúnaithe, ba cheart cruinneas agus iomláine an fhaireacháin agus an tuairiscithe arna ndéanamh ag cuideachtaí agus comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú. Chun neamhchlaontacht a áirithiú, ba cheart na fíoraitheoirí a bheith ina n-eintitis dlí neamhspleácha agus inniúla agus ba cheart iad a bheith creidiúnaithe ag comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta a bhunaítear de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle24.
(28)   Le fíorú arna dhéanamh ag fíoraitheoirí creidiúnaithe, ba cheart cruinneas agus iomláine an fhaireacháin agus an tuairiscithe arna ndéanamh ag cuideachtaí agus comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú. Chun neamhchlaontacht agus éifeachtacht a áirithiú, ba cheart na fíoraitheoirí a bheith ina n-eintitis dlí neamhspleácha agus inniúla agus ba cheart iad a bheith creidiúnaithe agus maoirsithe ag comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta a bhunaítear de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle24.
__________________
__________________
24 Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008. lch. 30).
24 Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).
Leasú 42
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 31 a (nua)
(31a)  D’fhéadfadh cuideachtaí agus soláthróirí breosla, trí bhíthin socruithe conarthacha, teacht ar chomhaontú maidir le gealltanais fhrithpháirteacha maidir le cainníochtaí réamhchinntithe breoslaí áirithe a tháirgeadh, a sholáthar agus a cheannach. Ba cheart do shocruithe conarthacha den sórt sin dliteanas a chumhdach freisin agus coinníollacha a bhunú le haghaidh cúiteamh airgeadais i gcásanna nach gcuirtear breoslaí ar fáil de réir mar a comhaontaíodh.
Leasú 43
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 36
(36)   Ba cheart an pionós a fhorchuirtear ar gach cuairt neamh-chomhlíontach ar chalafort a bheith comhréireach leis an gcostas ar an leictreachas a úsáid agus ba cheart é a bheith ar leibhéal leordhóthanach ionas go mbeadh tionchar athchomhairleach aige ar úsáid foinsí fuinnimh ar mó an truailliú uathu. Ba cheart an pionós a bheith bunaithe ar an gcumhacht atá suiteáilte ar bord an tsoithigh, arna shloinneadh ina meigeavatanna, arna iolrú faoi phionós seasta in EUR in aghaidh gach uaire a fhanann an soitheach i mbeart. I ngeall ar easpa figiúirí cruinne maidir leis an gcostas ar OPS a sholáthar san Aontas, ba cheart an ráta seo a bheith bunaithe ar mheánphraghas leictreachais an Aontais le haghaidh tomhaltóirí nach teaghlaigh iad, arna iolrú faoi fhachtóir a dó, chun muirir eile a bhaineann le soláthar na seirbhíse a chur san áireamh, lena n-áirítear, i measc nithe eile, costais nasctha agus gnéithe téarnaimh infheistíochta.
(36)   Ba cheart an pionós a fhorchuirtear ar gach cuairt neamh-chomhlíontach ar chalafort a bheith comhréireach leis an gcostas ar an leictreachas a úsáid agus ba cheart é a bheith ar leibhéal leordhóthanach ionas go mbeadh tionchar athchomhairleach aige ar úsáid foinsí fuinnimh ar mó an truailliú uathu. Ba cheart an pionós a bheith bunaithe ar an gcumhacht atá suiteáilte ar bord an tsoithigh, arna shloinneadh ina meigeavatanna, arna iolrú faoi phionós seasta in EUR in aghaidh gach uaire a fhanann an soitheach i mbeart. I ngeall ar easpa figiúirí cruinne maidir leis an gcostas ar OPS a sholáthar san Aontas, ba cheart an ráta seo a bheith bunaithe ar mheánphraghas leictreachais an Aontais is nuashonraithe le haghaidh tomhaltóirí nach teaghlaigh iad, arna iolrú faoi fhachtóir a dó, chun muirir eile a bhaineann le soláthar na seirbhíse a chur san áireamh, lena n-áirítear, i measc nithe eile, costais nasctha agus gnéithe téarnaimh infheistíochta.
Leasú 44
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 37
(37)   Ba cheart an t-ioncam a ghinfear ó íocaíocht na bpionós a úsáid chun dáileadh agus úsáid breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a chur chun cinn san earnáil mhuirí agus chun cuidiú le hoibreoirí muirí a spriocanna aeráide agus comhshaoil a bhaint amach. Chun na críche sin, ba cheart an t-ioncam sin a leithdháileadh ar an gCiste don Nuálaíocht dá dtagraítear in Airteagal 10a(8) de Threoir 2003/87/CE.
(37)   Ba cheart an t-ioncam a ghinfear ó íocaíocht na bpionós a chur i leataobh don earnáil mhuirí agus a úsáid chun dícharbónú na hearnála sin a chur chun cinn, lena n-áirítear tacaíocht d’fhorbairt, do tháirgeadh agus d’úsáid breoslaí ionadúla, do bhonneagar breoslaí ionadúla agus do bhonneagar OPS, chomh maith le teicneolaíochtaí nuálacha nua. Chun na críche sin, ba cheart an t-ioncam sin a leithdháileadh ar an gCiste Aigéin dá dtagraítear in Airteagal 3gab de Threoir 2003/87/CE.
Leasú 45
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 39
(39)   I bhfianaise na tábhachta a bhaineann le hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag na bearta atá glactha ag na fíoraitheoirí faoin Rialachán seo ar na cuideachtaí lena mbaineann, go háirithe maidir le cuairteanna neamh-chomhlíontacha ar chalafoirt a chinneadh, an méid pionós a ríomh agus eisiúint dheimhnithe comhlíontachta FuelEU a dhiúltú, ba cheart do na cuideachtaí sin a bheith i dteideal iarratas ar athbhreithniú ar na bearta sin a chur faoi bhráid an údaráis inniúil sa Bhallstát inar creidiúnaíodh an fíoraitheoir. I bhfianaise an chirt bhunúsaigh chun leighis éifeachtaigh, a chumhdaítear in Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ba cheart cinntí a ghlacann údaráis inniúla agus comhlachtaí bainistíochta an chalafoirt faoin Rialachán seo a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach, arna dhéanamh i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann.
(39)   I bhfianaise na tábhachta a bhaineann le hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag na bearta atá glactha ag na fíoraitheoirí faoin Rialachán seo ar na cuideachtaí lena mbaineann, go háirithe maidir le cuairteanna neamh-chomhlíontacha ar chalafoirt a chinneadh, tiomsú na faisnéise le haghaidh mhéid na bpionós a ríomh agus eisiúint dheimhnithe comhlíontachta FuelEU a dhiúltú, ba cheart do na cuideachtaí sin a bheith i dteideal iarratas ar athbhreithniú ar na bearta sin a chur faoi bhráid an údaráis inniúil sa Bhallstát inar creidiúnaíodh an fíoraitheoir. I bhfianaise an chirt bhunúsaigh chun leighis éifeachtaigh, a chumhdaítear in Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ba cheart cinntí a ghlacann údaráis inniúla agus comhlachtaí bainistíochta an chalafoirt faoin Rialachán seo a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach, arna dhéanamh i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann.
Leasú 46
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 40
(40)   Chun cothrom iomaíochta a choinneáil ar bun trí fheidhmiú éifeachtúil an Rialacháin seo, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an liosta fachtóirí astaíochta tobair go marbhshruth a leasú, liosta na dteicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha is infheidhme nó na critéir lena n-úsáid a leasú, rialacha a bhunú maidir leis an tástáil saotharlainne agus na tomhais dhíreacha astaíochtaí a dhéanamh, fíoraitheoirí a chreidiúnú, an fachtóir pionóis a ghlacadh, agus módúlachtaí íocaíochta pionós a ghlacadh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(40)   Chun cothrom iomaíochta a choinneáil ar bun trí fheidhmiú éifeachtúil an Rialacháin seo, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an liosta fachtóirí astaíochta tobair go marbhshruth a leasú, liosta na dteicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha is infheidhme nó na critéir lena n-úsáid a leasú, na rialacha a bhunú maidir le hastaíochtaí iarbhír tobar-go-humar a dheimhniú, mar aon leis na rialacha maidir leis an tástáil saotharlainne agus na tomhais dhíreacha astaíochtaí a dhéanamh, fíoraitheoirí a chreidiúnú, an fachtóir pionóis a ghlacadh, agus módúlachtaí íocaíochta pionós a ghlacadh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
Leasú 47
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 42
(42)   I bhfianaise ghné idirnáisiúnta na hearnála muirí, is fearr cur chuige domhanda chun déine astaíochtaí gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáidtear ar bord long a theorannú ós rud é go bhféadfaí a mheas go mbeadh sé níos éifeachtaí de bharr raon feidhme níos leithne a bheith ag gabháil leis. Sa chomhthéacs sin, agus d’fhonn forbairt rialacha idirnáisiúnta a éascú laistigh den Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO), ba cheart don Choimisiún faisnéis ábhartha maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a roinnt le IMO agus le comhlachtaí idirnáisiúnta ábhartha eile, agus ba cheart aighneachtaí ábhartha a chur faoi bhráid IMO. I gcás ina dtagtar ar chomhaontú ar chur chuige domhanda maidir le hábhair atá ábhartha maidir leis an Rialachán seo, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán seo d’fhonn é a ailíniú, i gcás inarb iomchuí, leis na rialacha idirnáisiúnta.
(42)   I bhfianaise ghné idirnáisiúnta na hearnála muirí, is fearr cur chuige domhanda chun déine astaíochtaí gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáidtear ar bord long a theorannú ós rud é go mbeadh sé go mór níos éifeachtaí de bharr raon feidhme níos leithne a bheith ag gabháil leis. Sa chomhthéacs sin, agus d’fhonn forbairt rialacha idirnáisiúnta a éascú laistigh den Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO), ba cheart don Choimisiún faisnéis ábhartha maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a roinnt le IMO agus le comhlachtaí idirnáisiúnta ábhartha eile, agus ba cheart aighneachtaí ábhartha a chur faoi bhráid IMO, ag leanúint d’iarrachtaí an Aontais spriocanna uaillmhianacha maidir le dícharbónú muirí a chur chun cinn ar an leibhéal idirnáisiúnta. I gcás ina dtagtar ar chomhaontú ar chur chuige domhanda maidir le hábhair atá ábhartha maidir leis an Rialachán seo, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán seo chun é a ailíniú leis na rialacha idirnáisiúnta.
Leasú 48
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 42 a (nua)
(42a)  Chun machaire comhréidh idirnáisiúnta a áirithiú agus chun tionchar comhshaoil na reachtaíochta maidir le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a uasmhéadú, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit córais deimhniúcháin agus faireacháin atá stóinsithe do bhreoslaí in-athnuaite a chur chun cinn laistigh de IMO agus d’eagraíochtaí idirnáisiúnta eile.
Leasú 49
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 42 b (nua)
(42b)  Ba cheart don Choimisiún cur chun feidhme agus infhaighteacht uirlisí a áirithiú le haghaidh comhoibrithe agus malartú dea-chleachtas d’earnáil an mhuiriompair, mar a shainmhínítear sna ‘Treoirlínte i dtaca le Rialáil Níos Fearr.’1a
__________________
1a An Coimisiún Eorpach, an Bhruiséil, Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin, Treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr, 3.11.2021 SWD(2021)0305.
Leasú 50
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 43
(43)   Maidir le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin agus foinsí ionadacha fuinnimh a bheith á nglacadh ar fud an Aontais ag longa a thagann isteach i gcalafort, atá laistigh de chalafort nó a imíonn ó chalafort, ar calafort é atá faoi dhlínse Ballstáit, ní cuspóir é sin ar féidir leis na Ballstáit é a bhaint amach go leordhóthanach gan an riosca a ghlacadh go dtabharfaí isteach bacainní ar an margadh inmheánach agus saobhadh iomaíochta idir calafoirt agus oibreoirí muirí. Is fearr is féidir an cuspóir sin a bhaint amach trí rialacha aonfhoirmeacha a thabhairt isteach ar leibhéal an Aontais lena gcruthófaí dreasachtaí eacnamaíocha d’oibreoirí muirí chun leanúint den fheidhmiú gan bhac agus, san am céanna, oibleagáidí maidir le húsáid breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a chomhlíonadh. Dá réir sin, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,
(43)   Maidir breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin agus foinsí ionadacha fuinnimh a bheith á nglacadh agus á bhforbairt ar mórscála ar fud an Aontais ag longa a thagann isteach i gcalafort, atá laistigh de chalafort nó a imíonn ó chalafort, ar calafort é atá faoi dhlínse Ballstáit, ní cuspóir é sin ar féidir leis na Ballstáit é a bhaint amach go leordhóthanach gan an riosca a ghlacadh go dtabharfaí isteach bacainní ar an margadh inmheánach agus saobhadh iomaíochta idir calafoirt agus oibreoirí muirí. Is fearr is féidir an cuspóir sin a bhaint amach trí rialacha aonfhoirmeacha a thabhairt isteach ar leibhéal an Aontais lena gcruthófaí dreasachtaí eacnamaíocha d’oibreoirí muirí chun leanúint den fheidhmiú gan bhac agus, san am céanna, oibleagáidí maidir le húsáid breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a chomhlíonadh. Dá réir sin, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,
Leasú 51
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe a
(a)   an teorainn le déine astaíochtaí gás ceaptha teasa (‘GCT’) an fhuinnimh a úsáidtear ar bord loinge a thagann isteach chuig calafoirt faoi dhlínse Ballstáit, a fhanann iontu nó a imíonn uathu agus
(a)   teorainn le déine astaíochtaí gás ceaptha teasa (‘GCT’) an fhuinnimh a úsáidtear ar bord loinge a thagann isteach chuig calafoirt faoi dhlínse Ballstáit, a fhanann iontu nó a imíonn uathu agus
Leasú 52
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe b
(b)   an oibleagáid maidir le soláthar cumhachta ar tír nó teicneolaíocht astaíochtaí nialasacha a úsáid i gcalafoirt faoi dhlínse Ballstáit,
(b)   oibleagáid maidir le soláthar cumhachta ar tír nó teicneolaíocht astaíochtaí nialasacha a úsáid i gcalafoirt faoi dhlínse Ballstáit.
Leasú 53
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – an chuid dheireanach
chun úsáid chomhsheasmhach breoslaí in-athnuaite, breoslaí ísealcharbóin agus foinsí ionadacha fuinnimh a mhéadú ar fud an Aontais, agus oibriú rianúil an tráchta mhuirí á áirithiú agus saobhadh sa mhargadh inmheánach á sheachaint.
Is é is cuspóir leis, agus an méid sin á dhéanamh, úsáid chomhsheasmhach breoslaí in-athnuaite agus foinsí ionadacha fuinnimh a mhéadú san earnáil muiriompair ar fud an Aontais, i gcomhréir le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais faoi 2050 ar a dhéanaí agus le spriocanna Chomhaontú Pháras, agus oibriú rianúil an tráchta mhuirí á áirithiú, deiseanna forbartha á gcruthú don tionscal muirí, agus saobhadh sa mhargadh inmheánach á sheachaint.
Leasú 54
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na longa ar fad a bhfuil olltonnáiste os cionn 5 000 acu, gan beann ar a mbratach, i ndáil leis na nithe seo a leanas:
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na longa ar fad a bhfuil olltonnáiste os cionn 5 000 acu, gan beann ar a mbratach, i ndáil leis na nithe seo a leanas:
Leasú 55
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe b
(b)   an fuinneamh ar fad a úsáidtear ar mhuiraistir ó chalafort cuarda faoi dhlínse Ballstáit chuig calafort cuarda faoi dhlínse Ballstáit, agus
(b)   an fuinneamh ar fad a úsáidtear ar mhuiraistir ó chalafort cuarda faoi dhlínse Ballstáit chuig calafort cuarda faoi dhlínse Ballstáit,
Leasú 56
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe b a (nua)
(ba)  leath an fhuinnimh a úsáidtear i gcás muiraistear a imíonn ó chalafort cuarda nó a shroicheann calafort cuarda atá suite i réigiún forimeallach faoi dhlínse Ballstáit, agus
Leasú 57
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe c
(c)   leath an fhuinnimh a úsáidtear ar mhuiraistir a imíonn ó chalafort cuarda faoi dhlínse Ballstáit nó a thagann isteach chuig calafort cuarda faoi dhlínse Ballstáit, i gcás ina bhfuil an calafort cuarda deiridh nó an chéad chalafort cuarda eile faoi dhlínse tríú tír.
(c)   leath an fhuinnimh a úsáidtear ar mhuiraistir a imíonn ó chalafort cuarda faoi dhlínse Ballstáit nó a thagann isteach chuig calafort cuarda faoi dhlínse Ballstáit, i gcás ina bhfuil an calafort cuarda deiridh nó an chéad chalafort cuarda eile faoi dhlínse tríú tír.
Leasú 58
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 2
Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le longa cogaidh, cúntaigh chabhlaigh, longa gabhála éisc ná longa próiseála éisc, longa adhmaid de thógáil bhunúsach, longa nach dtiomáintear le fearas meicniúil, ná longa rialtais a úsáidtear chun críoch neamhthráchtála.
Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le longa cogaidh, cúntaigh chabhlaigh, longa gabhála éisc ná longa próiseála éisc, longa adhmaid de thógáil bhunúsach ná longa rialtais a úsáidtear chun críoch neamhthráchtála.
Leasú 59
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 2 a (nua)
Faoin 31 Nollaig 2025, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena mbunófar liosta de na calafoirt trasloingsithe coimeádán comharsanachta atá eisiata ón sainmhíniú ar chalafoirt chuarda i gcomhair longa coimeádán a leagtar amach sa Rialachán seo.
Gach 2 bhliain ina dhiaidh sin ar a laghad, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena dtabharfar cothrom le dáta an liosta sin de chalafoirt trasloingsithe coimeádán comharsanacha atá eisiata ón sainmhíniú ar chalafoirt chuarda i gcomhair longa coimeádán a leagtar amach sa Rialachán seo.
Liostófar leis na gníomhartha cur chun feidhme sin calafoirt thrasloingsithe coimeádán chomharsanacha atá suite lasmuigh den Aontas ach atá faoi bhun 300 mhuirmhíle ó chríoch an Aontais, i gcás inar mó ná 65 % de thrácht coimeádán iomlán an chalafoirt sin sciar trasloingsithe na gcoimeádán, arna thomhas in aonad coibhéiseach fiche troigh, le linn na tréimhse dhá mhí dhéag is déanaí a bhfuil sonraí ábhartha ar fáil ina leith.
Chun críche an liosta sin, measfar gur trasloingsíodh coimeádáin nuair a dhíluchtófar iad ó long go calafort chun iad a luchtú ar long eile agus chun na críche sin amháin. Ní áireofar calafoirt atá lonnaithe i dtríú tír a chuireann bearta atá chomh huaillmhianach céanna leis na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo i bhfeidhm go héifeachtach.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(3).
Leasú 60
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 2 b (nua)
Maidir leis an bhfuinneamh a úsáidtear ar thurais a dhéanann longa paisinéirí seachas longa paisinéirí cúrsála idir calafort cuarda faoi dhlínse Ballstáit agus calafort cuarda faoi dhlínse an Bhallstáit chéanna atá lonnaithe in oileán ina bhfuil níos lú ná 100 000 buanchónaitheoir, agus i ndáil leis an bhfuinneamh a úsáidtear agus iad ag fanacht laistigh de chalafort cuarda an oileáin chomhfhreagraigh, féadfaidh na Ballstáit bealaí agus calafoirt shonracha a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm mhír 1(a) agus (b). Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na díolúintí sin sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm, agus foilseoidh an Coimisiún iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ní bheidh feidhm ag aon díolúintí den sórt sin tar éis an 31 Nollaig 2029.
Leasú 61
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 2 c (nua)
Maidir leis an bhfuinneamh a úsáidtear ar mhuiraistir idir calafort cuarda atá suite i réigiún forimeallach agus calafort cuarda eile atá suite i réigiún forimeallach, agus maidir leis an bhfuinnimh a úsáidtear agus iad ag fanacht laistigh de chalafoirt chuarda na réigiún forimeallach comhfhreagrach, féadfaidh na Ballstáit bealaí agus calafoirt shonracha a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm mhír 1(a) agus (ba). Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na díolúintí sin sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm, agus foilseoidh an Coimisiún iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ní bheidh feidhm ag aon díolúintí den sórt sin tar éis an 31 Nollaig 2029. Ní chuirfidh aon ní cosc ar Bhallstáit, ar a réigiúin ná ar a gcríocha a chinneadh gan an díolúine sin a chur i bhfeidhm ná aon díolúine a thug siad a thabhairt chun críche roimh an 31 Nollaig 2029.
Leasú 62
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 2 d (nua)
Maidir leis an bhfuinneamh a úsáidtear ar mhuiraistir a dhéantar faoi chuimsiú conartha seirbhíse poiblí nó ar mhuiraistir a dhéanann soithí atá faoi réir oibleagáidí seirbhíse poiblí i gcomhréir le Rialachán (CEE) Uimh. 3577/92 ón gComhairle, féadfaidh na Ballstáit bealaí sonracha a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm mhír 1. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na díolúintí sin sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm, agus foilseoidh an Coimisiún iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ní bheidh feidhm ag aon díolúintí den sórt sin tar éis an 31 Nollaig 2029.
Leasú 63
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 2 e (nua)
Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar thionchar an Rialacháin seo ar atreorú lasta, go háirithe trí chalafoirt trasloingsithe i dtíortha comharsanacha. I gcás ina sainaithníonn an Coimisiún mórthionchair dhiúltacha ar chalafoirt an Aontais, cuirfidh an Coimisiún tograí reachtacha faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun an Rialachán seo a leasú. Go háirithe, déanfaidh an Coimisiún anailís ar thionchar an Rialacháin seo ar na réigiúin is forimeallaí agus ar na hoileáin, agus molfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, leasuithe ar raon feidhme an Rialacháin seo.
Leasú 64
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe h
(h)   ciallaíonn ‘foinsí ionadacha fuinnimh’ fuinneamh in-athnuaite gaoithe nó gréine a ghintear ar bord nó leictreachas a sholáthraítear ón soláthar cumhachta ar tír;
(h)   ciallaíonn ‘foinsí ionadacha fuinnimh’ fuinneamh in-athnuaite a ghintear ar bord nó leictreachas a sholáthraítear ón soláthar cumhachta ar tír;
Leasú 65
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe h a (nua)
(ha)  ciallaíonn ‘tiomáint na gaoithe’ nó ‘tiomáint ghaothchuidithe’ teicníc tiomána a chuidíonn go príomha nó ar bhealach cúnta le tiomáint aon chineál soithigh trí fhuinneamh na gaoithe, a mbaintear leas aisti agus an long ag seoladh;
Leasú 66
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe i
(i)   ciallaíonn ‘calafort cuarda’ calafort cuarda mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (b) de Rialachán (AE) 2015/757;
(i)   ciallaíonn ‘calafort cuarda’ an calafort ina stopann long chun cuid shubstaintiúil dá lastas a luchtú nó a dhíluchtú nó chun paisinéirí a bhordáil nó a dhíbhordáil; agus dá réir sin, eisiatar stopanna a dhéantar chun críocha athbhreoslaithe, soláthairtí a fháil, faoiseamh a thabhairt don chriú, dul i nduga tirim nó obair dheisiúcháin a dhéanamh ar an long nó a cuid trealaimh, agus chun na gcríoch sin amháin, stopanna i gcalafort toisc go dteastaíonn cabhair ón long nó toisc í a bheith i nguais, aistrithe long-go-long a dhéantar lasmuigh de chalafoirt, agus stopanna chun críche foscadh a fháil ón doineann nó ar gá iad mar gheall ar ghníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála, agus chun na críche sin amháin, agus stadanna long coimeádán i gcalafort trasloingsithe coimeádán comharsanach;
Leasú 67
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe m
(m)   ciallaíonn ‘long atá i mbeart’ long atá i mbeart mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (n) de Rialachán (AE) 2015/757;
(m)   ciallaíonn ‘long atá i mbeart’ long atá múráilte go daingean cois cé i gcalafort faoi dhlínse Ballstáit le linn di a bheith á luchtú nó á díluchtú, le linn do phaisinéirí a bheith ag dul ar bord na loinge nó ag tuirlingt di nó le linn di bheith ar fuireach ann, lena n-áirítear an t-am a chaitear ann gan a bheith gafa le hoibríochtaí lastais ná le hoibríochtaí paisinéirí;
Leasú 68
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe n
(n)   ciallaíonn ‘úsáid fuinnimh ar bord’ an méid fuinnimh arna shloinneadh ina mheigigiúil (MJ) a úsáideann long chun tiomáint nó chun aon trealamh ar bord a oibriú, ar muir nó i mbeart;
(n)   ciallaíonn ‘úsáid fuinnimh ar bord’ an méid fuinnimh, arna shloinneadh ina mheigigiúil (MJ) a úsáideann long chun tiomáint nó chun aon trealamh ar bord a oibriú, ar muir nó i mbeart, cé is moite den fhuinneamh breise a úsáidtear mar gheall ar shaintréithe teicniúla loinge in aicme oighir IA nó IA Super, nó mar gheall ar aicme oighir choibhéiseach, agus cé is moite den fhuinneamh breise a úsáideann long in aicme oighir IC, IB, IA nó IA Super nó mar gheall ar bheith ag seoladh faoi dhálaí oighir;
Leasú 69
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 –mír 1 – pointe q a (nua)
(qa)  ciallaíonn ‘aicme oighir’ an nodaireacht a shannann údaráis inniúla náisiúnta an stáit brataí nó eagraíocht arna haithint ag an stát sin don long, lena léirítear gur dearadh an long sin le haghaidh loingseoireachta i ndálaí muiroighir.
Leasú 70
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 –mír 1 – pointe q b (nua)
(qb)  ciallaíonn ‘ag seoladh faoi dhálaí oighir’ long atá aicmithe mar long oighir a sheoladh i limistéar farraige laistigh den imeall oighir;
Leasú 71
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 –mír 1 – pointe q c (nua)
(qc)  ciallaíonn ‘imeall oighir’ an teorannú, aon tráth ar leith, idir an fharraige oscailte agus oighear na farraige de chineál ar bith, bíodh sé tapa nó le sruth;
Leasú 72
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe r
(r)   ciallaíonn ‘soláthar cumhachta ar tír’ an córas chun leictreachas a sholáthar do longa i mbeart, ar leictreachas ardvoltais nó ísealvóltais é le sruth ailtéarnach nó díreach, lena n-áirítear suiteálacha cois loinge agus cois cladaigh nuair atáthar ag cothú phríomh-lasc-chlár dáileacháin na loinge go díreach chun an tréimhse ar bord nó ualaí oibre seirbhíse a chumhachtú nó chun ceallraí in-athluchtaithe a luchtú;
(r)   ciallaíonn ‘soláthar cumhachta ar tír’ an córas chun leictreachas a sholáthar do longa i mbeart, ar leictreachas ardvoltais nó ísealvóltais é le sruth ailtéarnach nó díreach, lena n-áirítear suiteálacha cois loinge agus cois cladaigh do-aistrithe, ar snámh agus soghluaiste ag cothú phríomh-lasc-chlár dáileacháin na loinge chun an tréimhse ar bord nó ualaí oibre seirbhíse a chumhachtú nó chun ceallraí in-athluchtaithe a luchtú;
Leasú 73
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 2 – fleasc 3
—   -13% ón 1 Eanáir 2035;
—   -20% ón 1 Eanáir 2035;
Leasú 74
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 2 – fleasc 4
—   -26% ón 1 Eanáir 2040;
—   -38% ón 1 Eanáir 2040;
Leasú 75
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 2 – fleasc 5
—   -59% ón 1 Eanáir 2045;
—   -64% ón 1 Eanáir 2045;
Leasú 76
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 2 – fleasc 6
—   -75 % ón 1 Eanáir 2050.
—   -80 % ón 1 Eanáir 2050.
Leasú 77
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 2 – fomhír 1
[Réiltín: An luach tagartha, a ríomhfar ag céim níos deireanaí sa nós imeachta reachtach, comhfhreagraíonn sé do mheándéine gás ceaptha teasa an fhlít ón bhfuinneamh a úsáidtear ar bord long in 2020, meándéine a cinneadh ar bhonn na sonraí a ndearnadh faireachán orthu agus a tuairiscíodh i gcreat Rialachán (AE) 2015/757 agus úsáid á baint as an modheolaíocht agus as na luachanna réamhshocraithe a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin.]
[Réiltín: An luach tagartha, a ndéanfar a ríomh ag céim níos deireanaí sa nós imeachta reachtach, comhfhreagraíonn sé do mheándéine ghás ceaptha teasa fhlít an Aontais ón bhfuinneamh a úsáidtear ar bord long in 2020, meándéine a cinneadh ar bhonn na sonraí a ndearnadh faireachán orthu agus a tuairiscíodh i gcreat Rialachán (AE) 2015/757 agus úsáid á baint as an modheolaíocht agus as na luachanna réamhshocraithe a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin.]
Leasú 78
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 3
3.   Ríomhfar déine astaíochtaí gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáidtear ar bord loinge mar an méid astaíochtaí gás ceaptha teasa in aghaidh an aonaid fuinnimh de réir na modheolaíochta a shonraítear in Iarscríbhinn I.
3.   Ríomhfar déine astaíochtaí gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáidtear ar bord loinge mar an méid astaíochtaí gás ceaptha teasa in aghaidh an aonaid fuinnimh de réir na modheolaíochta a shonraítear in Iarscríbhinn I. I gcás longa in aicmí oighir, cuirfear fachtóir ceartúcháin i bhfeidhm, ceartúchán a mbeidh mar thoradh air an t-ídiú breosla níos airde atá nasctha le loingseoireacht oighir a asbhaint.
Leasú 79
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 3 a (nua)
3a.  Maidir leis na luachanna réamhshocraithe a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, beidh siad mar bhonn chun fachtóirí astaíochta a ríomh. I gcás ina bhfuil luachanna iarbhír ann a fhíoraítear trí bhíthin deimhniúcháin nó tomhais dhíreacha astaíochtaí, féadfar na luachanna iarbhír sin a úsáid ina ionad sin.
Leasú 80
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 4
4.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 chun Iarscríbhinn II a leasú chun fachtóirí astaíochta tobar go marbhshruth a bhaineann le haon fhoinse nua fuinnimh a chur ar áireamh nó chun fachtóirí astaíochta atá ann cheana a oiriúnú chun comhsheasmhacht a áirithiú le caighdeáin idirnáisiúnta a bheidh ann amach anseo nó le reachtaíocht an Aontais i réimse an fhuinnimh.
4.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 chun Iarscríbhinn II a leasú chun fachtóirí astaíochta tobar go marbhshruth a bhaineann le haon fhoinse nua fuinnimh a chur ar áireamh nó chun fachtóirí astaíochta atá ann cheana a oiriúnú chun comhsheasmhacht a áirithiú le caighdeáin idirnáisiúnta a bheidh ann amach anseo nó le reachtaíocht an Aontais i réimse an fhuinnimh agus a áirithiú go bhfuil siad chomh hionadaíoch agus is féidir ar fhíorastaíochtaí ar fud gach céim de shaolré an bhreosla, i gcomhréir leis an eolas eolaíoch agus teicniúil is fearr atá ar fáil.
Leasú 81
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 4 a (nua)
4a.  Eagrófar comhairliúcháin idir comhlachtaí bainistíochta calafort, oibreoirí críochfoirt, úinéirí long, oibreoirí long, soláthróirí breosla agus geallsealbhóirí ábhartha eile, chun comhar a áirithiú maidir leis an soláthar breosla malartach atá pleanáilte agus in úsáid i gcalafoirt aonair, agus maidir leis an éileamh a bhfuiltear ag súil leis ó shoithí a thugann cuairt ar na calafoirt sin.
Leasú 82
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 a (nua)
Airteagal 4a
Úsáid Breoslaí In-athnuaite de Thionscnamh Neamhbhitheolaíoch
1.  Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá, ag tarraingt, más gá, ar an sásra malartaithe creidmheasa a bunaíodh le Treoir XXXX [an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite], chun a áirithiú go gcuirfear breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch (RFNBOnna) ar fáil i gcalafoirt laistigh dá gcríoch.
2.  Ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2034, úsáidfear iolraitheoir ‘2’ in ainmneoir Chothromóid (1) d’Iarscríbhinn I chun déine gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáidtear ar bord a ríomh, chun cuideachtaí a chúiteamh as breoslaí RFNBO a úsáid.
3.  Ón 1 Eanáir 2030, comhlíonfar 2 % ar a laghad den mheánfhuinneamh bliantúil a úsáidtear ar bord loinge le RFNBOnna i gcomhréir le mír 1(b) d’Airteagal 9.
4.  Go dtí an 31 Nollaig 2034, ní bheidh feidhm ag mír 3 maidir le cuideachtaí, ná lena bhfochuideachtaí, a oibríonn trí long nó níos lú a thagann faoin raon feidhme a leagtar síos in Airteagal 2(1).
5.  Faoi 2028 ar a dhéanaí, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an oibleagáid a leagtar síos i mír 3 d’fhonn í a choigeartú más rud é:
—  go bhfuil imní mhór ann faoi acmhainneacht táirgeachta, infhaighteacht nó praghas RFNBOnna, nó;
—  go bhfuil laghdú suntasach ar chostais agus infhaighteacht chuimsitheach ar bhonn geografach ar RFNBOnna agus gur gá leibhéal an fhochuóta a mhéadú chun spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach.
6.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 chun na critéir don mheasúnú sin a leagan síos, agus chun na hoibleagáidí in Airteagal 4a(3) agus in Iarscríbhinn V a choigeartú má mheastar gur gá sin de bharr an mheasúnaithe arna dhéanamh i gcomhréir le mír 5.
Leasú 83
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 1
1.   Ón 1 Eanáir 2030 ar aghaidh, long i mbeart i gcalafort cuarda faoi dhlínse Ballstáit, nascfaidh sí leis an soláthar cumhachta ar tír agus úsáidfidh sí é le haghaidh a riachtanas fuinnimh ar fad agus í i mbeart.
1.   Ón 1 Eanáir 2030 ar aghaidh, long i mbeart i gcalafort cuarda a chumhdaítear le hAirteagal 9 de Rialachán XXXX-XXX (an Rialachán maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha), nascfaidh sí leis an soláthar cumhachta ar tír agus úsáidfidh sí é le haghaidh a riachtanas fuinnimh ar fad agus í i mbeart. I gcás ina bhfuil OPS suiteáilte dá dheoin féin ag calafort neamh-TEN-T, déanfaidh longa a stadann ag an gcalafort sin agus a bhfuil trealamh OPS comhoiriúnach acu ar bord ceangal le OPS nuair atá sé ar fáil ag an mbeart ar tugadh cuairt air.
Leasú 84
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 3 – pointe b
(b)   longa a úsáideann teicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha, mar a shonraítear in Iarscríbhinn III;
(b)   Le húsáid na dteicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha, mar a shonraítear in Iarscríbhinn III, ar choinníoll go mbainfidh siad amach go leanúnach astaíochtaí atá comhionann leis na laghduithe astaíochtaí a bhainfí amach trí úsáid a bhaint as soláthar cumhachta ar an gcladach;
Leasú 85
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 3 – pointe d
(d)   longa nach féidir leo nascadh leis an soláthar cumhachta ar tír toisc nach bhfuil pointí nasctha ar fáil i gcalafort;
(d)   longa nach féidir leo nascadh leis an soláthar cumhachta ar tír toisc nach bhfuil pointí nasctha ar fáil i gcalafort, lena n-áirítear mar gheall ar easpa acmhainneachta (sealadach) eangaí, lena n-áirítear le linn éileamh (séasúrach) uaschumhachta ó shoithí atá i mbeart;
Leasú 86
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 3 – pointe e
(e)   longa nach féidir leo nascadh leis an soláthar cumhachta ar tír toisc nach bhfuil an tsuiteáil ar tír sa chalafort comhoiriúnach leis an trealamh cumhachta ar tír ar bord;
(e)   nach bhfuil in ann ceangal leis an soláthar cumhachta ar tír toisc nach bhfuil an tsuiteáil ar an gcósta ag an gcalafort comhoiriúnach leis an trealamh cumhachta ar tír atá ar an long ar choinníoll go ndéantar an tsuiteáil le haghaidh nasc le tír mór ar bord na loinge a dheimhniú i gcomhréir leis na caighdeáin a shonraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán XXXX-XXX (an Rialachán maidir le bonneagar breoslaí malartacha) le haghaidh córais nasc leis an gcósta do longa farraige
Leasú 87
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 3 a (nua)
3a.  Cuirfidh oibreoirí long na calafoirt a ghlaonn siad ar an eolas roimh ré faoina rún ceangal a dhéanamh leis an soláthar cumhachta ar tír nó faoina rún teicneolaíocht astaíochtaí nialasacha a úsáid mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo. Cuirfidh oibreoirí long in iúl freisin, i gcás inarb infheidhme, an méid cumhachta a bhfuil siad ag súil leis le linn na cuairte sin agus tabharfaidh siad eolas faoin trealamh cumhachta atá ar fáil ar bord.
Leasú 88
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 4
4.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 chun Iarscríbhinn III a leasú chun tagairtí do theicneolaíochtaí nua a chur isteach i liosta na dteicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha infheidhme nó tagairtí do chritéir lena n-úsáid, i gcásanna ina bhfaightear amach go bhfuil na teicneolaíochtaí nua sin coibhéiseach leis na teicneolaíochtaí a liostaítear san Iarscríbhinn sin, i bhfianaise dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil.
4.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 chun Iarscríbhinn III a leasú chun tagairtí do theicneolaíochtaí nua a chur isteach i liosta na dteicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha infheidhme nó chun an critéir maidir lena n-úsáid a mhodhnú, i gcásanna ina bhfaightear amach go bhfuil na teicneolaíochtaí nua sin nó na critéir lena n-úsáid coibhéiseach leis na teicneolaíochtaí a liostaítear san Iarscríbhinn sin nó níos fearr, i bhfianaise dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil.
Leasú 89
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 5
5.   Cinnfidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt cibé acu an bhfuil feidhm ag na heisceachtaí a shocraítear i mír 3 nó nach bhfuil agus eiseoidh sé an deimhniú i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn IV nó diúltóidh sé an deimhniú sin a eisiúint.
5.   Cinnfidh comhlacht bainistíochta, nó i gcás inarb infheidhme, oibreoir an chríochfoirt nó an t-údarás inniúil, an chalafoirt i dtaobh an bhfuil feidhm ag na heisceachtaí a shocraítear i mír 3 agus eiseoidh sé an deimhniú i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn IV nó diúltóidh sé an deimhniú sin a eisiúint.
Leasú 90
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 6
6.  Ón 1 Eanáir 2035 ar aghaidh, ní fhéadfar na heisceachtaí a liostaítear i mír 3, pointí (d) agus (e), a chur i bhfeidhm maidir le long ar leith, níos mó ná cúig huaire ar an iomlán in aon bhliain tuairiscithe amháin. Ní áireofar cuairt ar chalafort chun críche comhlíontachta leis an bhforáil seo i gcás ina léiríonn an chuideachta nárbh fhéidir léi a fhios a bheith aici go réasúnach nach mbeadh an long in ann nascadh ar na cúiseanna dá dtagraítear i mír 3, pointí (d) agus (e).
scriosta
Leasú 91
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 7 a (nua)
7a.  Eagrófar comhairliúcháin idir comhlachtaí bainistíochta calafort, oibreoirí críochfoirt, úinéirí long, oibreoirí long, soláthróirí OPS bainsteoirí eangaí agus geallsealbhóirí ábhartha eile, chun comhar a áirithiú maidir leis an mbonneagar OPS atá pleanáilte agus in úsáid i gcalafoirt aonair, chomh maith leis an éileamh a bhfuiltear ag súil leis ó shoithí a thugann cuairt ar na calafoirt sin.
Leasú 92
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 4
4.   Gheobhaidh cuideachtaí sonraí faireacháin, lena n-áirítear toimhdí, tagairtí, fachtóirí astaíochta agus sonraí gníomhaíochta, agus déanfaidh siad iad a thaifeadadh, a thiomsú, a anailísiú agus a dhoiciméadú ar bhealach cruinn trédhearcach chun gur féidir leis an bhfíoraitheoir déine astaíochtaí gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáidtear ar bord loinge a chinneadh.
4.   Gheobhaidh cuideachtaí sonraí faireacháin, lena n-áirítear toimhdí, tagairtí, fachtóirí astaíochta agus sonraí gníomhaíochta, agus aon fhaisnéis eile a theastaíonn chun an Rialachán seo a chomhlíonadh, agus déanfaidh siad iad a thaifeadadh, a thiomsú, a anailísiú agus a dhoiciméadú ar bhealach cruinn trédhearcach chun gur féidir leis an bhfíoraitheoir déine astaíochtaí gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáidtear ar bord loinge a chinneadh.
Leasú 93
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 3 – pointe e
(e)   tuairisc ar na foinsí fuinnimh a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid ar bord agus an long i mbun loingseoireachta agus í i mbeart chun na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 4 agus 5 a chomhlíonadh;
(e)   tuairisc ar na foinsí fuinnimh a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid ar bord agus an long i mbun loingseoireachta agus í i mbeart chun na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 4 agus 5, agus in Iarscríbhinní I agus III, faoi seach, a chomhlíonadh;
Leasú 94
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 3 – pointe k
(k)   tuairisc ar an modh atá le húsáid chun sonraí ionadacha a chinneadh chun bearnaí sna sonraí a líonadh;
(k)   tuairisc ar an modh atá le húsáid chun sonraí ionadacha a chinneadh chun bearnaí sna sonraí a líonadh nó chun earráidí sonraí a shainaithint agus a cheartú;
Leasú 95
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 3 a (nua)
3a.  Má tá an fuinneamh breise is gá mar gheall ar aicme oighir na loinge le heisiamh ó ríomh an fhuinnimh a úsáidtear ar bord, áireofar na nithe seo a leanas sa phlean faireacháin freisin:
(a)  faisnéis faoi oighear-aicme na loinge,
(b)  tuairisc ar an nós imeachta chun faireachán a dhéanamh ar an bhfad a taistealaíodh don turas ar fad; agus
(c)  agus iad ag seoltóireacht faoi dhálaí oighir, an dáta agus an t-am a sheoltar i ndálaí oighir, an t-ídiú breosla agus an fuinneamh a sholáthraítear le foinsí ionadacha fuinnimh, nó teicneolaíocht astaíochtaí nialasacha mar a shonraítear in Iarscríbhinn III agus iad ag seoladh faoi dhálaí oighir.
Leasú 96
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 1
1.   Seiceálfaidh cuideachtaí go rialta, agus uair sa bhliain ar a laghad, cé acu a léirítear cineál agus feidhmiú na loinge le plean faireacháin na loinge nó nach léirítear agus cé acu is féidir an mhodheolaíocht faireacháin a fheabhsú nó nach féidir.
1.   Seiceálfaidh cuideachtaí go rialta, agus uair sa bhliain ar a laghad, i dtaobh an léirítear cineál agus feidhmiú na loinge le plean faireacháin na loinge agus i dtaobh an féidir an mhodheolaíocht faireacháin a fheabhsú, a cheartú a nuashonrú.
Leasú 97
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
2.   Déanfaidh cuideachtaí an plean faireacháin a mhodhnú in aon cheann de na cásanna seo a leanas:
2.   Déanfaidh cuideachtaí an plean faireacháin a mhodhnú gan moill mhíchuí in aon cheann de na cásanna seo a leanas:
Leasú 98
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 2 – pointe e a (nua)
(ea)  i gcás nach leor modhanna chun bearnaí sonraí a chosc agus earráidí sonraí a shainaithint chun daingne agus trédhearcacht na sonraí a áirithiú.
Leasú 99
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 2
2.   Soláthróidh cuideachtaí sonraí cruinne iontaofa maidir le déine astaíochtaí gás ceaptha teasa agus maidir le tréithe inbhuanaitheachta bithbhreoslaí, bithgháis, breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus breosla carbóin in-athnuaite, sonraí a fhíorófar le scéim atá aitheanta ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagail 30(5) agus (6) de Threoir (AE) 2018/2001.
2.   Soláthróidh cuideachtaí sonraí cruinne iomlána agus iontaofa maidir le déine astaíochtaí gás ceaptha teasa agus maidir le tréithe inbhuanaitheachta bithbhreoslaí, bithgháis, breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus breosla carbóin in-athnuaite, sonraí a fhíorófar le scéim atá aitheanta ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 30(5) agus (6) de Threoir (AE) 2018/2001.
Leasú 100
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 3
3.   Beidh cuideachtaí i dteideal imeacht ó na luachanna bunaithe réamhshocraithe le haghaidh fachtóirí astaíochta umar go marbhshruth ar an gcoinníoll go ndeimhnítear na luachanna iarbhír trí bhíthin tástáil saotharlainne nó tomhais dhíreacha astaíochtaí. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na rialacha a leagan síos maidir le tástáil saotharlainne a dhéanamh agus tomhais dhíreacha astaíochtaí.
3.   Beidh cuideachtaí i dteideal imeacht ó na luachanna bunaithe réamhshocraithe le haghaidh fachtóirí astaíochta umar go marbhshruth ar choinníoll go ndeimhnítear luachanna iarbhír trí bhíthin tomhais astaíochtaí díreacha i gcomhréir leis na scéimeanna deimhniúcháin agus fíorúcháin atá ann cheana a leagtar síos i dTreoir (AE) 2018/2001 agus Treoir (AE) XXXX/XXXX (an Treoir maidir le Gás). Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na rialacha a leagan síos maidir le hastaíochtaí díreacha a thomhas.
Leasú 101
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 a (nua)
Airteagal 9a
Deimhniú breoslaí eile
1.  Beidh cuideachtaí i dteideal imeacht ó na luachanna bunaithe réamhshocraithe le haghaidh fachtóirí astaíochta umar go marbhshruth na mbreoslaí eile go léir ar choinníoll go mbunaítear na luachanna iarbhír trí bhíthin deimhniú nó tomhais dhíreacha astaíochtaí.
2.  Beidh cuideachtaí i dteideal imeacht ó na luachanna bunaithe réamhshocraithe le haghaidh fachtóirí astaíochta umar go marbhshruth na mbreoslaí eile go léir ar choinníoll go ndeimhnítear na luachanna iarbhír trí bhíthin tástáil saotharlainne nó tomhais dhíreacha astaíochtaí.
3.  Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na rialacha a leagan síos maidir le hastaíochtaí iarbhír tobar-go-humar a dheimhniú agus rialacha maidir le tomhais dhíreacha astaíochtaí a dhéanamh.
Leasú 102
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 1
1.   Déanfaidh an fíoraitheoir measúnú ar chomhréireacht an phlean faireacháin leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 6 go 9. I gcás ina sainaithnítear i measúnú an fhíoraitheora neamh-chomhréireachtaí leis na ceanglais sin, déanfaidh an chuideachta lena mbaineann athbhreithniú ar a plean faireacháin dá réir agus cuirfidh sí an plean athbhreithnithe faoi bhráid an fhíoraitheora le haghaidh measúnú deiridh sula dtosóidh an tréimhse tuairiscithe. Tiocfaidh an chuideachta lena mbaineann ar chomhaontú leis an bhfíoraitheoir maidir leis an tréimhse atá riachtanach chun na hathbhreithnithe sin a thabhairt isteach. Ní shínfear an tréimhse sin thar thús na tréimhse tuairiscithe i gcás ar bith.
1.   Déanfaidh an fíoraitheoir measúnú ar chomhréireacht an phlean faireacháin leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 6 go 9. I gcás ina sainaithnítear i measúnú an fhíoraitheora neamh-chomhréireachtaí leis na ceanglais sin, déanfaidh an chuideachta lena mbaineann gan moill mhíchuí athbhreithniú ar a plean faireacháin dá réir agus cuirfidh sí an plean athbhreithnithe faoi bhráid an fhíoraitheora le haghaidh measúnú deiridh sula dtosóidh an tréimhse tuairiscithe. Tiocfaidh an chuideachta lena mbaineann ar chomhaontú leis an bhfíoraitheoir maidir leis an tréimhse atá riachtanach chun na hathbhreithnithe sin a thabhairt isteach. Ní shínfear an tréimhse sin thar thús na tréimhse tuairiscithe i gcás ar bith.
Leasú 103
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 3
3.   I gcás ina sainaithnítear leis an measúnú fíorúcháin ráitis mhíchearta nó neamh-chomhréireachtaí leis an Rialachán seo, cuirfidh an fíoraitheoir an chuideachta lena mbaineann ar an eolas faoi go tráthúil. Leasóidh an chuideachta sin na ráitis mhíchearta nó na neamh-chomhréireachtaí ansin chun gur féidir an próiseas fíorúcháin a chríochnú in am.
3.   I gcás ina sainaithnítear leis an measúnú fíorúcháin ráitis mhíchearta nó neamh-chomhréireachtaí leis an Rialachán seo, cuirfidh an fíoraitheoir an chuideachta lena mbaineann ar an eolas faoi go tráthúil. Leasóidh an chuideachta sin gan moill mhíchuí na ráitis mhíchearta nó neamh-chomhréireachtaí ansin chun gur féidir an próiseas fíorúcháin a chríochnú in am.
Leasú 104
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 2 – pointe d
(d)   soláthar cumhachta ar tír a úsáid nó eisceachtaí arna ndeimhniú i gcomhréir le hAirteagal 5(5) a bheith ann.
(d)   soláthar cumhachta ar tír a úsáid nó eisceachtaí a liostaítear in Airteagal 5(3) arna ndeimhniú i gcomhréir le hAirteagal 5(5) a bheith ann.
Leasú 105
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 3 – pointe d
(d)   go bhfuil taifid ábhartha na loinge iomlán agus comhsheasmhach.
(d)   go bhfuil taifid ábhartha na loinge iomlán, trédhearcach agus comhsheasmhach.
Leasú 106
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 1
1.   Sainaithneoidh an fíoraitheoir rioscaí ionchasacha i ndáil leis an bpróiseas faireacháin agus tuairiscithe trí chomparáid a dhéanamh idir an méid fuinnimh, an cineál fuinnimh agus fachtóir astaíochta an fhuinnimh a úsáidtear ar bord long agus sonraí measta bunaithe ar shonraí rianaithe long agus saintréithe long amhail cumhacht an innill shuiteáilte. I gcás ina n-aimsítear claontaí suntasacha, déanfaidh an fíoraitheoir tuilleadh anailísí.
1.   Sainaithneoidh an fíoraitheoir rioscaí ionchasacha a bhaineann leis an bpróiseas faireacháin agus tuairiscithe trí chomparáid a dhéanamh idir an méid fuinnimh, an cineál fuinnimh agus fachtóir astaíochta an fhuinnimh a úsáidtear ar bord ag longa agus sonraí measta bunaithe ar shonraí rianaithe long agus saintréithe long amhail cumhacht an innill shuiteáilte. I gcás ina n-aimsítear éagsúlachtaí suntasacha a bhainfeadh an bonn ó bhaint amach spriocanna an Rialacháin seo, déanfaidh an fíoraitheoir tuilleadh anailísí.
Leasú 107
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1
1.   Creidiúnóidh comhlacht náisiúnta creidiúnaithe fíoraitheoirí le haghaidh gníomhaíochtaí faoi raon feidhme an Rialacháin seo de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.
1.   Déanfaidh comhlacht náisiúnta creidiúnaithe fíoraitheoirí a chreidiúnú le haghaidh gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008. Tabharfaidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe fógra don Choimisiún go rialta faoi liosta na bhfíoraitheoirí creidiúnaithe, mar aon leis an bhfaisnéis teagmhála ábhartha go léir.
Leasú 108
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 a (nua)
1a.  Áiritheoidh na comhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe an méid seo a leanas maidir leis an bhíoraitheoir:
(a)  go bhfuil eolas aige ar loingseoireacht;
(b)  go bhfuil aige i gcónaí an fhoireann shuntasach theicniúil agus tacaíochta a bheidh i gcomhréir leis an líon soithí a fhíoróidh sé;
(c)  go bhfuil sé in ann acmhainn agus foireann a shannadh do gach áit oibre, nuair is gá agus de réir mar is gá, i gcomhréir leis na cúraimí a bheidh le déanamh de réir na gcúraimí éagsúla a liostaítear i gCaibidil V den Rialachán seo.
Leasú 109
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 b (nua)
1b.  Chun coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a eisiamh, ní bheidh an fíoraitheoir ag brath go substaintiúil ar chuideachta aonair dá ioncam.
Leasú 110
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 3
3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí mhodhanna agus critéir bhreise a leagan síos le haghaidh creidiúnú fíoraitheoirí. Beidh na modhanna a shonraítear sna gníomhartha tarmligthe sin bunaithe ar na prionsabail maidir le fíorúchán dá bhforáiltear in Airteagail 10 agus 11 agus ar chaighdeáin ábhartha a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta.
3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí mhodhanna agus critéir bhreise a leagan síos le haghaidh creidiúnú fíoraitheoirí agus rialacha eile chun neamhspleáchas agus neamhchlaontacht na bhfíoraitheoirí a áirithiú. Beidh na modhanna a shonraítear sna gníomhartha tarmligthe sin bunaithe ar na prionsabail maidir le fíorúchán dá bhforáiltear in Airteagail 10 agus 11 agus ar chaighdeáin ábhartha a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta.
Leasú 111
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 1 – pointe c
(c)   méid gach cineáil breosla a ídítear i mbeart agus ar muir;
(c)   méid gach cineáil breosla a ídítear i mbeart agus ar muir, lena n-áirítear an méid leictreachais a thógtar ag an mbeart chun críocha loingseoireachta;
Leasú 112
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 1 – pointe d
(d)   na fachtóirí astaíochta tobar go marbhshruth le haghaidh gach cineáil breosla a ídítear i mbeart agus ar muir, de réir tobar go humar, umar go marbhshruth agus astaíochtaí éalaitheacha lena gcumhdaítear na gáis ceaptha teasa ábhartha uile;
(d)   na fachtóirí astaíochta ó thobar go marbhshruth le haghaidh gach cineáil breosla, lena n-áirítear leictreachas a thógtar ó sholáthar cumhachta ar tír, a ídítear i mbeart agus ar muir, de réir tobar go humar, umar go marbhshruth agus astaíochtaí éalaitheacha lena gcumhdaítear na gáis cheaptha teasa ábhartha uile;
Leasú 113
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 1 – pointe e
(e)   méid gach cineáil foinse ionadaí fuinnimh a ídítear i mbeart agus ar muir.
(e)   méid gach cineáil foinse ionadaí fuinnimh a ídítear i mbeart agus ar muir, lena n-áirítear breoslaí, leictreachas, fuinneamh gaoithe agus gréine.
Leasú 114
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 1 a (nua)
1a.  Má tá an fuinneamh breise a bhfuil gá leis i ngeall ar aicme oighir na loinge le heisiamh ón bhfuinneamh a úsáidtear ar bord, áireofar na nithe seo a leanas sa phlean faireacháin freisin:
(a)  oighear-aicme na loinge;
(b)  an dáta agus an t-am nuair a bhítear ag seoladh faoi dhálaí oighir;
(c)  méid gach cineáil breosla a ídítear nuair a bhítear ag seoladh faoi dhálaí oighir;
(d)  méid gach cineáil foinse ionadaí fuinnimh a ídítear nuair a bhítear ag seoladh faoi dhálaí oighir;
(e)  an t-achar a thaistealaítear nuair a bhítear ag seoladh faoi dhálaí oighir;
(f)  an t-achar a thaistealaítear le linn an turais;
(g)  méid gach cineáil breosla a ídítear ar muir; agus
(h)  méid gach cineáil foinse ionadaí fuinnimh a ídítear ar muir.
Leasú 115
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 2
2.   Déanfaidh cuideachtaí an fhaisnéis agus na sonraí a liostaítear i mír 1 a thaifeadadh ar bhonn bliantúil ar bhealach trédhearcach lena gcuirtear ar a chumas don fhíoraitheoir comhlíontacht leis an Rialachán seo a fhíorú.
2.   Déanfaidh cuideachtaí an fhaisnéis agus na sonraí a liostaítear i mír 1 a thaifeadadh ar bhealach tráthúil agus trédhearcach agus iad a thiomsú ar bhonn bliantúil lena gcuirtear ar chumas an fhíoraitheora comhlíontacht leis an Rialachán seo a fhíorú.
Leasú 116
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 2 – pointe c a (nua)
(ca)  an fhaisnéis sin a sholáthraítear a thiomsú de bhun Airteagal 14(3) agus í a chur faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit.
Leasú 117
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 2 – pointe d
(d)  méid na bpionós dá dtagraítear in Airteagal 20(1) agus (2) a ríomh.
scriosta
Leasú 118
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 3 a (nua)
3a.  Ar bhonn na faisnéise a sholáthróidh an fíoraitheoir, ríomhfaidh údarás inniúil an Bhallstáit méid na bpionós dá dtagraítear in Airteagal 20(1) agus (2) agus cuirfidh sé an méid sin in iúl don chuideachta.
Leasú 119
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 4 a (nua)
4a.  Is éard a bheidh san údarás riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta:
(a)  i gcás cuideachta loingseoireachta atá cláraithe i mBallstát, an Ballstát ina bhfuil an chuideachta loingseoireachta cláraithe;
(b)  i gcás cuideachta loingseoireachta nach bhfuil cláraithe i mBallstát, an Ballstát lena mbaineann an líon measta is mó cuairteanna ar chalafoirt le linn muiraistear ag an gcuideachta loingseoireachta sin le 2 bhliain faireacháin anuas agus a thagann faoin raon feidhme a leagtar amach in Airteagal 2;
(c)  i gcás cuideachta loingseoireachta nach bhfuil cláraithe i mBallstáit agus nár thug faoi aon mhuiraistear a thagann faoin raon feidhme a leagtar amach in Airteagal 2 le 2 bhliain faireacháin anuas, is é an Ballstát ónar thosaigh an chuideachta loingseoireachta a chéad mhuiraistear a thagann faoin raon feidhme a leagtar amach in Airteagal 2 a bheidh ina údarás riaracháin.
Leasú 120
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 1
1.   Forbróidh an Coimisiún bunachar sonraí comhlíontachta leictreonach chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht le hAirteagail 4 agus 5, áiritheoidh an Coimisiún feidhmiú an bhunachair sonraí sin agus nuashonróidh sé é. Úsáidfear an bunachar sonraí comhlíontachta chun taifead a choimeád ar iarmhéid comhlíontachta na long agus ar úsáid na sásraí solúbthachta a leagtar amach in Airteagail 17 agus 18. Beidh rochtain ag na cuideachtaí, na fíoraitheoirí, na húdaráis inniúla agus an Coimisiún air.
1.   Forbróidh an Coimisiún bunachar sonraí comhlíontachta leictreonach, áiritheoidh sé feidhmiú bunachar sonraí comhlíontachta leictreonaigh arna chomhtháthú leis an gcóras THETIS-MRV arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2015/757, agus nuashonróidh sé é, chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh Airteagail 4 agus 5. Úsáidfear an bunachar sonraí comhlíontachta chun taifead a choinneáil ar chomhardú comhlíonta na long, ar úsáid na ndíolúintí a leagtar amach in Airteagal 5(3) agus ar úsáid na sásraí solúbthachta a leagtar amach in Airteagail 17 agus 18 agus ar na pionóis arna dtabhú faoi Airteagal 20. Beidh rochtain ag na cuideachtaí, na fíoraitheoirí, na húdaráis inniúla agus an Coimisiún air.
Leasú 121
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 1 a (nua)
1a.  Ceadófar do chuideachtaí barrachas comhlíontachta ó longa atá go hiomlán faoi thiomáint fuinnimh in-athnuaite, amhail fuinneamh gaoithe nó gréine, a bhancáil, fad nach n-úsáidtear na longa sin chun críocha fóillíochta amháin.
Leasú 122
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 3
3.   Faoin 30 Aibreán gach bliain, déanfaidh an chuideachta taifead sa bhunachar sonraí comhlíontachta maidir le gach long dá cuid, taifead ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 15(2), arna fionnadh ag an bhfíoraitheoir, mar aon leis an bhfaisnéis lenar féidir an long agus an chuideachta a shainaithint, chomh maith le céannacht an fhíoraitheora a rinne an measúnú.
3.   Faoin 30 Aibreán gach bliain, déanfaidh an chuideachta taifead sa bhunachar sonraí comhlíontachta maidir le gach long dá cuid, taifead ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 15(2), arna fionnadh agus arna ríomh ag an bhfíoraitheoir, an úsáid a bhaintear as na sásraí solúbthachta a leagtar amach in Airteagail 17 agus 18, na heisceachtaí bliantúla arna gcur i bhfeidhm faoi Airteagal 5(3), más ann dóibh, mar aon leis an bhfaisnéis lenar féidir an long agus an chuideachta a shainaithint, chomh maith le céannacht an fhíoraitheora a rinne an measúnú.
Leasú 123
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 1
1.   I gcás ina bhfuil barrachas comhlíontachta ag long le haghaidh na tréimhse tuairiscithe, féadfaidh an chuideachta é a bhancáil in iarmhéid comhlíontachta na loinge céanna le haghaidh na chéad tréimhse tuairiscithe eile. Déanfaidh an chuideachta taifead de bhancáil an bharrachais comhlíontachta le haghaidh na chéad tréimhse tuairiscithe eile sa bhunachar sonraí comhlíontachta, faoi réir a formheasta ag a fíoraitheoir. Ní fhéadfaidh an chuideachta an barrachas comhlíontachta a bhancáil a thuilleadh ón uair a eisítear an deimhniú comhlíontachta FuelEU.
1.   Bunaithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 15(2), i gcás ina mbeidh barrachas comhlíontachta maidir le déine gás ceaptha teasa nó cuóta RFNBO dá dtagraítear in Airteagal 4(2) agus in Airteagal 4a(3) faoi seach ag an long don tréimhse thuairiscithe chéanna, féadfaidh an chuideachta í a bhancáil chuig iarmhéid comhlíontachta na loinge céanna don chéad tréimhse tuairiscithe eile. Déanfaidh an chuideachta taifead de bhancáil an bharrachais comhlíontachta le haghaidh na chéad tréimhse tuairiscithe eile sa bhunachar sonraí comhlíontachta, faoi réir a formheasta ag a fíoraitheoir. Ní fhéadfaidh an chuideachta an barrachas comhlíontachta a bhancáil a thuilleadh ón uair a eisítear an deimhniú comhlíontachta FuelEU. Beidh bailíocht 3 bliana ag an mbarrachas comhlíontachta nár úsáideadh don chéad tréimhse tuairiscithe eile.
Leasú 124
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 1
1.   Maidir le hiarmhéideanna comhlíontachta dhá long nó níos mó arna bhfíorú ag an bhfíoraitheoir céanna, féadfar iad a chomhthiomsú chun críocha cheanglais Airteagal 4 a chomhlíonadh. Ní fhéadfar iarmhéid comhlíontachta loinge a chur ar áireamh i níos mó ná aon chomhthiomsú amháin sa tréimhse tuairiscithe chéanna.
1.   Maidir le hiarmhéideanna comhlíontachta le haghaidh déine astaíochtaí gás ceaptha teasa agus cuóta RFNBO dá dtagraítear in Airteagal 4(2) agus in Airteagal 4a(3) faoi seach, dhá long nó níos mó arna bhfíorú ag an bhfíoraitheoir céanna, féadfar iad a chomhthiomsú chun críocha cheanglais Airteagal 4 agus Airteagal 4a a chomhlíonadh. Ní fhéadfar iarmhéid comhlíontachta loinge a chur ar áireamh i níos mó ná aon chomhthiomsú amháin sa tréimhse thuairiscithe chéanna.
Leasú 125
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 1
1.   I gcás ina bhfuil easnamh comhlíontachta ar long ar 1 Bealtaine na bliana tar éis na tréimhse tuairiscithe, íocfaidh an chuideachta pionós. Ríomhfaidh an fíoraitheoir méid an phionóis ar bhonn na foirmle a shonraítear in Iarscríbhinn V.
1.   I gcás ina bhfuil easnamh comhlíontachta ar long ar 1 Bealtaine na bliana tar éis na tréimhse tuairiscithe, íocfaidh an chuideachta pionós feabhais. Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit, bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthróidh an fíoraitheoir, méid an phionóis a ríomh ar bhonn na bhfoirmlí a shonraítear in Iarscríbhinn V, le haghaidh theorainneacha déine na ngás ceaptha teasa agus, i gcás inarb infheidhme, cuóta RFNBO, dá dtagraítear in Airteagal 4(2) agus in Airteagal 4a(3) faoi seach.
Leasú 126
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 2
2.   Íocfaidh an chuideachta pionós as gach cuairt neamhchomhlíontach ar chalafort. Ríomhfaidh an fíoraitheoir méid an phionóis tríd an tsuim EUR 250 a iolrú faoi na meigeavatanna cumhachta a suiteáladh ar bord agus faoi líon na n-uaireanta a caitheadh i mbeart.
2.   Íocfaidh an chuideachta pionós as gach cuairt neamhchomhlíontach ar chalafort. Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit, bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthróidh an fíoraitheoir, méid an phionóis a ríomh tríd an méid EUR 250 ar phraghsanna 2022 a iolrú faoi mheigeavata cumhachta arna suiteáilte ar bord agus faoi líon na n-uaireanta slánaithe a chaitear i mbeart. Chun críche an ríomha seo, measfar gur 2 uair an chloig an méid ama is gá chun nascadh le OPS, agus déanfar an méid sin ama a dhealú trí réamhshocrú ó ríomh na n-uaireanta slánaithe a chaitear i mbeart chun an t-am is gá chun ceangal le OPS a chur san áireamh.
Leasú 127
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 3 a (nua)
3a.  Áiritheoidh an Stát riaracháin i leith cuideachta, i gcás aon long dá cuid a bhfuil easnaimh chomhlíontachta acu an 1 Meitheamh den bhliain tuairiscithe, tar éis bailíochtú féideartha ag a n-údarás inniúil, go n-íocfaidh an chuideachta, faoin 30 Meitheamh den bhliain tuairiscithe, méid is ionann agus an pionós a eascraíonn as cur i bhfeidhm na bhfoirmlí a shonraítear i gCuid B d’Iarscríbhinn V.
Leasú 128
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 3 b (nua)
3b.  I gcás ina dtabharfaidh an chuideachta conradh chun críche le hoibreoir tráchtála ina sonraítear go bhfuil an t-oibreoir sin freagrach as breosla a cheannach agus oibriú na loinge, cinnfidh an chuideachta agus an t-oibreoir tráchtála sin, trí bhíthin socrú conarthach, gurb é an t-oibreoir tráchtála sin atá faoi dhliteanas as na costais a íoc a eascróidh as na pionóis dá dtagraítear san Airteagal seo. Chun críocha na míre seo, ciallóidh freagrach as oibriú na loinge an lastas atá á iompar ag an long, cúrsa taistil, bealach agus/ nó luas na loinge a chinneadh.
Leasú 129
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 3 c (nua)
3c.  I gcás ina dtabharfaidh an chuideachta nó an t-oibreoir tráchtála conradh i gcrích le soláthróir breosla, agus an soláthróir sin freagrach as breoslaí sonracha a sholáthar, áireofar sa chonradh sin forálacha lena leagtar síos dliteanas an tsoláthróra breosla i leith cúiteamh a thabhairt don chuideachta nó don oibreoir tráchtála as na pionóis dá dtagraítear san Airteagal seo a íoc, mura seachadtar breoslaí de réir na dtéarmaí comhaontaithe. Chun críche na míre seo, ní mór breoslaí a sholáthraítear faoi chonarthaí a luaitear a bheith i gcomhréir leis na forálacha in Airteagal 9(1)(b).
Leasú 130
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 4
4.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 chun Iarscríbhinn V a leasú chun an fhoirmle dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a oiriúnú agus chun méid an phionóis sheasta a leagtar síos i mír 2 den Airteagal seo a leasú, agus forbairtí ar an gcostas fuinnimh á gcur san áireamh.
4.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 chun Iarscríbhinn V a leasú chun an fhoirmle dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a oiriúnú agus chun méid an phionóis sheasta a leagtar síos i mír 2 den Airteagal seo a leasú, a luaithe a bhainfidh forbairtí ar chostas an fhuinnimh an bonn ó éifeacht athchomhairleach na bpionós sin. Maidir leis an bhfoirmle dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ní mór an pionós a eascraíonn as sin a bheith níos mó ná méid agus costas an bhreosla in-athnuaite agus ísealcharbóin a d’úsáidfeadh na longa dá gcomhlíonfadh siad ceanglais an Rialacháin seo.
Leasú 131
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 1
1.   Leithdháilfear na pionóis dá dtagraítear in Airteagal 20(1) agus 20(2) chun tacú le tionscadail choiteanna lena ndírítear ar bhreoslaí in-athnuaite agus breoslaí ísealcharbóin a imscaradh go tapa san earnáil mhuirí. Le tionscadail a mhaoineofar leis na cistí a bhaileofar ó na pionóis, spreagfar líon níos mó breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a tháirgeadh le haghaidh na hearnála muirí, éascófar tógáil áiseanna iomchuí buncaeireachta nó port nasctha leictreach i gcalafoirt agus tacófar leis na teicneolaíochtaí Eorpacha is nuálaí a fhorbairt, a thástáil agus a imscaradh sa chabhlach chun laghduithe móra astaíochtaí a bhaint amach.
1.   Leithdháilfear na pionóis dá dtagraítear in Airteagal 20(1) agus 20(2) chun tacú le tionscadail choiteanna lena ndírítear ar bhreoslaí in-athnuaite agus breoslaí ísealcharbóin a imscaradh go mear san earnáil mhuirí. Le tionscadail a mhaoineofar leis na cistí a bhaileofar ó na pionóis, spreagfar líon níos mó breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a tháirgeadh le haghaidh na hearnála muirí, éascófar tógáil áiseanna iomchuí buncaeireachta nó pointí nasctha leictreacha i gcalafoirt, nó oiriúnófar an forstruchtúr, más gá, agus tacófar leis na teicneolaíochtaí Eorpacha is nuálaí a fhorbairt, a thástáil agus a imscaradh sa chabhlach chun laghduithe móra ar astaíochtaí a bhaint amach.
Leasú 132
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 2
2.   Leithdháilfear an t-ioncam a ghintear ó na pionóis dá dtagraítear i mír 1 ar an gCiste don Nuálaíocht dá dtagraítear in Airteagal 10a(8) de Treoir 2003/87/CE. Is éard a bheidh san ioncam sin ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais agus cuirfear chun feidhme é i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir leis an gCiste don Nuálaíocht.
2.   Leithdháilfear an t-ioncam a ghinfear ó na pionóis dá dtagraítear i mír 1 ar an gCiste don Aigéan dá dtagraítear in Airteagal 3gab de Threoir 2003/87/CE. Cuirfear an t-ioncam sin in áirithe don earnáil mhuirí agus cuirfidh sé lena dhícharbónú. Is éard a bheidh san ioncam sin ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais agus cuirfear chun feidhme é i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir leis an gCiste don Aigéan.
Leasú 133
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 1
1.   Beidh na cuideachtaí i dteideal iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú ar na ríomhanna agus ar na tomhais a chuireann an fíoraitheoir faoina mbráid faoin Rialachán seo, lena n-áirítear an diúltú deimhniú comhlíontachta FuelEU a eisiúint de bhun Airteagal 19(1).
1.   Beidh na cuideachtaí i dteideal iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú ar na ríomhanna agus ar na tomhais a chuireann údarás inniúil an Bhallstáit nó an fíoraitheoir faoina mbráid faoin Rialachán seo, lena n-áirítear an diúltú do dheimhniú comhlíontachta FuelEU a eisiúint de bhun Airteagal 19(1).
Leasú 134
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 2
2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4(6), Airteagal 5(4), Airteagal 9(3), Airteagal 13(3), Airteagal 20(4), agus Airteagal 21(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ó[dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 4(4), 4a(6), 5(4), 9(3), 9a(3), 13(3), 20(4), agus 21(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ó[dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Leasú 135
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 3
3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4(7), Airteagal 5(4), Airteagal 9(3), Airteagal 13(3), Airteagal 20(4), agus Airteagal 21(3) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 4(4), 4a(6), 5(4), 9(3), 9a(3),13(3), 20(4), agus 21(3) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
Leasú 136
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 6
6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 4(7), Airteagal 5(4), Airteagal 9(3), Airteagal 13(3), Airteagal 20(4), agus Airteagal 21(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 4(4), 4a(6), 5(4), 9(3), 9a(3), 13(3), 20(4), agus 21(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle ina leith laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Leasú 137
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír -1 (nua)
-1.  Faoin 1 Eanáir 2024, soláthróidh an Coimisiún tuarascáil maidir le tionchar sóisialta an Rialacháin seo. Áireofar sa tuarascáil réamh-mheastachán ar thionchar an Rialacháin seo ar riachtanais fostaíochta agus oiliúna suas go dtí 2030 agus suas go dtí 2050.
Leasú 138
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
1.   Tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, faoin 1 Eanáir 2030, maidir le torthaí meastóireachta ar fheidhmiú an Rialacháin seo agus ar an bhforbairt ar na teicneolaíochtaí agus ar an margadh le haghaidh breoslaí in-athnuaite agus íseal-charbóin sa mhuiriompar agus a thionchar ar an earnáil mhuirí san Aontais. Déanfaidh an Coimisiún machnamh ar leasuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:
1.   Faoin 1 Eanáir 2027, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le torthaí meastóireachta ar fheidhmiú an Rialacháin seo agus ar an bhforbairt ar na teicneolaíochtaí agus ar an margadh le haghaidh breoslaí in-athnuaite agus íseal-charbóin sa mhuiriompar agus a thionchar ar an earnáil mhuirí san Aontas. Tabharfar aird ar leith sa tuarascáil sin ar rannchuidiú an Rialacháin seo le spriocanna aeráide foriomlána agus earnáilsonracha an Aontais a bhaint amach, mar a shainítear faoin Dlí Aeráide Eorpach, le spriocanna an Aontais maidir le fuinneamh Inathnuaite agus éifeachtúlacht Fuinnimh. Déanfar meastóireacht sa tuarascáil freisin ar thionchar an Rialacháin seo ar fheidhmiú an mhargaidh aonair, ar iomaíochas na hearnála muirí, ar rátaí lasta iompair agus ar mhéid an sceite carbóin agus gnó. Ag an am céanna, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht freisin ar thionchar an Rialacháin seo ar laghdú domhanda ar astaíochtaí GCT san earnáil iompair agus ar fhorbairt sreafaí trádála domhanda agus réigiúnacha. Déanfaidh an Coimisiún machnamh ar leasuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:
Leasú 139
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe a a (nua)
(aa)  raon feidhme an Rialacháin seo ó thaobh na nithe seo de a leanas:
—  an tairseach olltonnáiste dá dtagraítear in Airteagal 2(1) a laghdú go dtí 400 GT;
—  an sciar fuinnimh a úsáideann longa ar aistir chuig tríú tíortha agus uathu dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (c) a mhéadú;
Leasú 140
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe a b (nua)
(ab)  na luachanna réamhshocraithe dá bhforáiltear in Iarscríbhinn II, bunaithe ar an eolas agus ar an bhfianaise eolaíoch is cruinne dá bhfuil ar fáil;
Leasú 141
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 1 – pointe a c (nua)
(ac)  liosta na dtruailleán a chumhdaítear leis an Rialachán seo, go háirithe an fhéidearthacht astaíochtaí carbóin dhuibh (BC) a chur san áireamh;
Leasú 142
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 1 – pointe b
(b)   na cineálacha long a bhfuil feidhm ag Airteagal 5(1) maidir leo;
(b)   leathnú ar na cineálacha long a bhfuil feidhm ag Airteagal 5(1) ina leith;
Leasú 143
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 1 – pointe c a (nua)
(ca)  an mhodheolaíocht a shonraítear in Iarscríbhinn 1.
Leasú 144
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 1 a (nua)
1a.  Chun cur chuige spriocbhunaithe atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de a áirithiú, ba cheart an Rialachán seo a athbhreithniú, agus nuair is gá, ba cheart é a leasú, de réir mar a éiríonn teicneolaíochtaí nua laghdaithe gás ceaptha teasa aibí go teicniúil agus go heacnamaíoch, amhail gabháil carbóin ar bord, breoslaí nua in-athnuaite agus ísealcharbóin agus modhanna tiomána nua, amhail tiomáint gaoithe. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht leanúnach ar aibíocht na dteicneolaíochtaí laghdaithe gás ceaptha teasa éagsúla agus cuirfidh sé an chéad athbhreithniú maidir leis sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 1 Eanáir 2027.
Leasú 145
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 1 b (nua)
1b.  Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar chainníocht na mbreoslaí malartacha a chuirtear ar fáil do chuideachtaí loingseoireachta san Aontas agus tuairisceoidh sé a dtorthaí do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, faoin 1 Eanáir 2027, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin go dtí 2050. Má theipeann ar sholáthar na mbreoslaí sin freastal ar an éileamh ó chuideachtaí loingseoireachta, a cheanglaítear chun na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh, ba cheart don Choimisiún bearta a mholadh chun a áirithiú go gcuirfidh soláthróirí breosla muirí san Aontas méideanna leordhóthanacha breoslaí malartacha ar fáil do chuideachtaí loingseoireachta a thagann isteach ag calafoirt an Aontais.
Leasú 146
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 1 c (nua)
1c.  Molfaidh an Coimisiún leasuithe ar an Rialachán seo i gcás ina nglacfaidh an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta teorainneacha le déine domhanda gás ceaptha teasa ar leibhéal coibhéiseach leis an Rialachán seo, chun ailíniú iomlán a áirithiú leis an gcomhaontú idirnáisiúnta.
Leasú 147
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 1 d (nua)
1d.  Faoin 1 Eanáir 2027, agus gach cúigiú bliain go dtí 2050, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle torthaí meastóireachta cuimsithí ar thionchar maicreacnamaíoch comhiomlánaithe phacáiste reachtach Oiriúnach do 551a. Tabharfar aird ar leith sa tuarascáil sin ar na héifeachtaí ar iomaíochas an Aontais, ar chruthú post, ar rátaí lasta iompair, ar chumhacht ceannaigh teaghlach agus ar mhéid an sceite carbóin.
__________________
1a Teachtaireacht ón gCoimisiún (COM(2021)0550), 14 Iúil 2021
Leasú 148
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 1 e (nua)
1e.  Breithneoidh an Coimisiún leasuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an Rialachán chun simpliú rialála a bhaint amach. Déanfaidh an Coimisiún agus na húdaráis inniúla nósanna imeachta riaracháin a oiriúnú go leanúnach don dea-chleachtas agus déanfaidh siad gach beart chun forfheidhmiú an Rialacháin seo a shimpliú, lena gcoinneofar, dá bhrí sin, an t-ualach riaracháin ar úinéirí long, ar oibreoirí, ar chalafoirt agus ar fhíoraitheoirí chomh híseal agus is féidir.
Leasú 149
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 a (nua)
Airteagal 28a
Laghdú rialaitheach cúiteach
I gcomhréir lena theachtaireacht maidir leis an bprionsabal ‘ceann amháin isteach, ceann amháin amach’, déanfaidh an Coimisiún, faoin 1 Eanáir 2024, tograí a thíolacadh chun an t-ualach rialála a thugtar isteach leis an Rialachán seo a fhritháireamh, trí fhorálacha i reachtaíocht eile an Aontais a ghineann ualaigh rialála san earnáil mhuirí a leasú nó a aisghairm.
Leasú 150
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – cothromóid 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Innéacs déine GCT

Tobar go humar (WtT)

Umar go marbhshruth (TtW)

Déine astaíochtaí gás ceaptha teasa

20221019-P9_TA(2022)0367_GA-p0000002.png=

20221019-P9_TA(2022)0367_GA-p0000003.png

20221019-P9_TA(2022)0367_GA-p0000004.png

Leasú

Innéacs déine GCT

Tobar go humar (WtT)

Umar go marbhshruth (TtW)

Déine astaíochtaí GCT

20221019-P9_TA(2022)0367_GA-p0000005.png

=

20221019-P9_TA(2022)0367_GA-p0000006.png

20221019-P9_TA(2022)0367_GA-p0000007.png

Leasú 151
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – tábla 1 – ró 6 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

n breosla

Líon na mbreoslaí arna seachadadh go dtí an long le linn na tréimhse tagartha

Leasú 152
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – tábla 1 – ró 12 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

MULTi

Iolraitheoir a chuirtear i leith bhreosla RFNBO

Leasú 153
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – tábla 1 – ró 19 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Mi,j A

Mais choigeartaithe an bhreosla shonraigh i ocsaídithe i dtomhaltóir j [gFuel] de bharr seoladh faoi dhálaí oighir i gcás loinge in aicme oighir IC, IB, IA nó IA Super nó in aicme oighir choibhéiseach1a agus de bharr airíonna teicniúla loinge in aicme oighir IA nó IA Super nó in aicme oighir choibhéiseach. Úsáidtear an mhais choigeartaithe Mi,j A i gcothromóid (1) in ionad mais Mi,j nuair is iomchuí.

 

_______________

 

1a Le haghaidh tuilleadh faisnéise maidir le comhfhreagras idir aicmí oighir, féach Moladh HELCOM 25/7 ag http://www.helcom.fi.

Leasú 154
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – mír 4 – an chuid réamhráiteach
I gcás breoslaí iontaise, úsáidfear na luachanna réamhshocraithe in Iarscríbhinn II.
I gcás breoslaí iontaise, déanfar na luachanna réamhshocraithe in Iarscríbhinn II a úsáid mura féidir luachanna iarbhír a sholáthar trí bhíthin deimhniú nó tomhais dhíreacha astaíochtaí.
Leasú 155
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – mír 4 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach
Chun críche an Rialacháin seo, socrófar ag nialas an téarma 20221019-P9_TA(2022)0367_GA-p0000008.png, in uimhreoir Chothromóid (1).
Chun críche an Rialacháin seo, socrófar ag nialas an téarma 20221019-P9_TA(2022)0367_GA-p0000009.png, in uimhreoir Chothromóid (1).
Déanfar an téarma MULT in ainmneoir Chothromóid (1) a shocrú ag luach iolraitheora RFNBO dá dtagraítear in Airteagal 4a (2) i gcomhréir le hAirteagal 9 (1b). I gcás gach breosla eile, socrófar an t-iolraitheoir ag a haon.
Leasú 156
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – mír 5
Cinnfear mais [Mi] an bhreosla agus úsáid á baint as an méid a thuairiscítear i gcomhréir le creat an tuairiscithe faoi Rialachán (AE) 2015/757 le haghaidh muiraistir a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo bunaithe ar an modheolaíocht faireacháin a roghnaigh an chuideachta.
Cinnfear mais [Mi] an bhreosla agus úsáid á baint as an méid a thuairiscítear i gcomhréir le creat an tuairiscithe faoi Rialachán (AE) 2015/757 le haghaidh muiraistir a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo bunaithe ar an modheolaíocht faireacháin a roghnaigh an chuideachta. Féadfar mais choigeartaithe an bhreosla [MiA] a úsáid in ionad mhais an bhreosla [Mi] le haghaidh long atá in aicme oighir IC, IB, IA nó IA Super nó in aicme oighir choibhéiseach. Sainítear an mhais choigeartaithe [Mi A] in Iarscríbhinn Va.
Leasú 157
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – mír 12
I gcomhréir lena phlean comhlíontachta dá dtagraítear in Airteagal 6 agus ar mheasúnú an fhíoraitheora, féadfar modhanna eile a úsáid, amhail tomhas díreach 22eq agus tástáil saotharlainne, má chuireann sé le cruinneas foriomlán an ríomha.
I gcomhréir lena phlean comhlíontachta dá dtagraítear in Airteagal 6 agus ar mheasúnú an fhíoraitheora, féadfar modhanna eile a úsáid, amhail tomhas díreach CO2eq, má chuireann sé le cruinneas foriomlán an ríomha.
Leasú 158
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – tábla

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Aicme Bhreosla

Tobar go humar (WtT)

Umar go marbhshruth (TtW)

Breosla iontaise

Úsáidfear luachanna réamhshocraithe faoi mar a shonraítear i dTábla 1 den Rialachán seo

Úsáidfear fachtóirí carbóin CO2 a shonraítear i Rialachán MRV i gcás breoslaí ar lena n-aghaidh a shonraítear an fachtóir sin

Maidir le gach fachtóir astaíochta eile, is féidir luachanna réamhshocraithe a úsáid de réir mar a shonraítear i dTábla 1 den Rialachán seo, mar mhalairt air sin

Luachanna deimhnithe trí bhíthin tástáil saotharlainne nó tomhais dhíreacha astaíochtaí

Breoslaí In-Athnuaite Inbhuanaithe

(Bithleachtanna, Bithgháis, Leictribhreoslaí)

Is féidir luachanna CO2eq a shonraítear in RED II (gan dóchán) a úsáid i gcás gach breosla a n-áirítear a gconairí in RED II, mar mhalairt air sin

Is féidir scéim deimhniúcháin arna formheas ag RED II a úsáid

Maidir le fachtóirí astaíochta, is féidir luachanna réamhshocraithe a úsáid de réir mar a shonraítear i dTábla 1 den Rialachán seo, mar mhalairt air sin

Luachanna deimhnithe trí bhíthin tástáil saotharlainne nó tomhais dhíreacha astaíochtaí.

Eile (lena n-áirítear leictreachas)

Is féidir luachanna CO2eq a shonraítear in RED II (gan dóchán) a úsáid i gcás gach breosla a n-áirítear a gconairí in RED II, mar mhalairt air sin

Is féidir scéim deimhniúcháin arna formheas ag RED II a úsáid

Maidir le fachtóirí astaíochta, is féidir luachanna réamhshocraithe a úsáid de réir mar a shonraítear i dTábla 1 den Rialachán seo, mar mhalairt air sin

Luachanna deimhnithe trí bhíthin tástáil saotharlainne nó tomhais dhíreacha astaíochtaí.

Leasú

Aicme Bhreosla

Tobar go humar (WtT)

Umar go marbhshruth (TtW)

Breosla iontaise

Úsáidfear luachanna réamhshocraithe mar a shonraítear i dTábla 1 den Rialachán seo, mura féidir luachanna iarbhír a sholáthar trí bhíthin deimhniú nó tomhais dhíreacha astaíochtaí.

Úsáidfear fachtóirí carbóin CO2 a shonraítear i Rialachán MRV i gcás breoslaí ar lena n-aghaidh a shonraítear an fachtóir sin

Maidir le gach fachtóir astaíochta eile, is féidir luachanna réamhshocraithe a úsáid de réir mar a fhoráiltear i dTábla 1 den Rialachán seo, mar mhalairt air sin

Luachanna deimhnithe trí bhíthin tomhais dhíreacha astaíochtaí

Breoslaí In-Athnuaite Inbhuanaithe

(Bithleachtanna, Bithgháis, Leictribhreoslaí)

Is féidir luachanna CO2eq a shonraítear in RED II (gan dóchán) a úsáid i gcás gach breosla a n-áirítear a gconairí in RED II, mar mhalairt air sin

Is féidir scéim deimhniúcháin arna formheas ag RED II nó tomhais dhíreacha astaíochtaí a úsáid

Maidir le fachtóirí astaíochta, is féidir luachanna réamhshocraithe a úsáid de réir mar a shonraítear i dTábla 1 den Rialachán seo, mar mhalairt air sin

Luachanna deimhnithe trí bhíthin tomhais dhíreacha astaíochtaí

Eile (lena n-áirítear leictreachas)

Is féidir luachanna CO2eq a shonraítear in RED II (gan dóchán) a úsáid i gcás gach breosla a n-áirítear a gconairí in RED II, mar mhalairt air sin

Is féidir scéim deimhniúcháin arna formheas ag RED II nó tomhais dhíreacha astaíochtaí a úsáid

Maidir le fachtóirí astaíochta, is féidir luachanna réamhshocraithe a úsáid de réir mar a shonraítear i dTábla 1 den Rialachán seo, mar mhalairt air sin

Luachanna deimhnithe trí bhíthin tomhais dhíreacha astaíochtaí

Leasú 159
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn II – mír 2
Na fachtóirí astaíochta a bhaineann le bithbhreoslaí, bithghás, breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte, déanfar iad a chinneadh de réir na modheolaíochtaí a leagtar amach i gCuid C d’Iarscríbhinn 5 a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001.
Na fachtóirí astaíochta a bhaineann le bithbhreoslaí, bithghás, breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte, déanfar iad a chinneadh de réir na modheolaíochtaí a leagtar amach i gCuid C d’Iarscríbhinn 5 a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001.
Mar mhalairt air sin, is féidir na fachtóirí astaíochta d’aon chineál breosla a chinneadh bunaithe ar luachanna deimhnithe iarbhír nó luachanna arna mbunú trí thomhais dhíreacha astaíochtaí.
Leasú 160
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn II – tábla

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Bith-GNL

Príomhtháirgí / Dramhaíl / Cumasc amhábhair

0.05

Tagairt do Threoir (AE) 2018/2001

GNL ar thimthriall Otto (inneall débhreosla meánluais)

2,755

MEPC245 (66),

Rialachán (AE) 2015/757

0.00005

0.00018

3.1

GNL ar thimthriall Otto (inneall débhreosla íseal-luais)

1.7

GNL ar thimthriall Díosail (débhreoslaí)

0.2

LBSI

N/I

Leasú

Bith-GNL

Príomhtháirgí / Dramhaíl / Cumasc amhábhair

0.05

Tagairt do Threoir (AE) 2018/2001

GNL ar thimthriall Otto (inneall débhreosla meánluais)

2,755

MEPC245 (66),

Rialachán (AE) 2015/757

0

0.00011

3.1

GNL ar thimthriall Otto (inneall débhreosla íseal-luais)

1.7

GNL ar thimthriall Díosail (débhreoslaí)

0.2

LBSI

N/I

Leasú 161
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn II – mír 8
I gColún 4 tá na luachanna astaíochta Co2eq arna léiriú in [gCO2eq/MJ]. I gcás breoslaí iontaise, ní úsáidfear ach na luachanna réamhshocraithe atá ar an tábla. Maidir le gach breosla eile, (mura léirítear iad go sainráite), déanfar luachanna a ríomh trí úsáid a bhaint as an modheolaíocht nó as na luachanna réamhshocraithe de réir Threoir (AE) 2018/2001 arna n-asbhaint ó na hastaíochtaí dócháin agus ocsaídiú iomlán an bhreosla á chur san áireamh33.
I gColún 4 tá na luachanna astaíochta Co2eq arna léiriú in [gCO2eq/MJ]. I gcás breoslaí iontaise, déanfar na luachanna réamhshocraithe sa tábla a úsáid mura féidir luachanna iarbhír a sholáthar trí bhíthin tomhais dhíreacha astaíochtaí. Maidir le gach breosla eile, (mura léirítear iad go sainráite), déanfar luachanna a ríomh trí úsáid a bhaint as an modheolaíocht nó as na luachanna réamhshocraithe de réir Threoir (AE) 2018/2001 arna n-asbhaint ó na hastaíochtaí dócháin agus ocsaídiú iomlán an bhreosla á chur san áireamh33.
__________________
__________________
33 Déantar tagairt don téarma eu ‘astaíochtaí ón mbreosla i mbun úsáide’ i dTreoir (AE) 2018/2001, Iarscríbhinn V.C.1.(a).
33 Déantar tagairt don téarma eu ‘astaíochtaí ón mbreosla i mbun úsáide’ i dTreoir (AE) 2018/2001, Iarscríbhinn V.C.1.(a).
Leasú 162
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn III – tábla – ró 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Aon fhoinse cumhachta astaíochtaí nialasacha eile

Aon teicneolaíocht a bhaineann laghduithe astaíochtaí amach atá coibhéiseach le nó níos suntasaí ná sin a bhainfí amach trí sholáthar cumhachta ar tír a úsáid.

Leasú 163
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn V

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

IARSCRÍBHINN V

FOIRMLÍ CHUN AN IARMHÉID COMHLÍONTACHTA AGUS AN PIONÓS a leagtar síos in Airteagal 20(1) A RÍOMH

Foirmle chun iarmhéid comhlíontachta na loinge a ríomh

Chun iarmhéid comhlíontachta loinge a ríomh beidh feidhm ag an bhfoirmle seo a leanas:

Iarmhéid comhlíontachta [gCO2eq/MJ] =

(GHGIEsprioc - GHGIEiarbhír) x.[ 20221019-P9_TA(2022)0367_GA-p0000010.png]

I gcás:

20221019-P9_TA(2022)0367_GA-p0000011.png

Coibhéis CO2 ina graim

GHGIEsprioc

An teorainn le déine gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáidtear ar bord loinge de réir Airteagal 4(2) den Rialachán seo

GHGIEiarbhír

Meándéine bhliantúil gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáidtear ar bord loinge arna ríomh le haghaidh na tréimhse tuairiscithe ábhartha

Foirmle chun an pionós a leagtar síos in Airteagal 20(1) a ríomh

Ríomhfar méid an phionóis a leagtar síos in Airteagal 20(1) mar a leanas:

Pionós =

(Iarmhéid comhlíontachta / GHGIEiarbhír) x fachtóir coinbhéartachta ó MJ go tonaí VLSFO (41.0 MJ / kg) x EUR 2400

Leasú

IARSCRÍBHINN V

FOIRMLÍ CHUN AN IARMHÉID COMHLÍONTACHTA AGUS AN PIONÓS FEABHAIS a leagtar síos in Airteagal 20(1) A RÍOMH

(a)   Foirmle chun iarmhéid comhlíontachta na loinge a ríomh

a)  Iarmhéid comhlíontachta maidir le déine astaíochtaí gás ceaptha teasa na loinge, maidir le hAirteagal 4.2

Chun iarmhéid comhlíontachta loinge a ríomh beidh feidhm ag an bhfoirmle seo a leanas:

Iarmhéid comhlíontachta [gCO2eq/MJ] =

(GHGIEsprioc - GHGIEiarbhír) x.[ 20221019-P9_TA(2022)0367_GA-p0000012.png]

I gcás:

20221019-P9_TA(2022)0367_GA-p0000013.png

Coibhéis CO2 ina graim

GHGIEsprioc

An teorainn le déine gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáidtear ar bord loinge de réir Airteagal 4(2) den Rialachán seo

GHGIEiarbhír

Meándéine bhliantúil gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáidtear ar bord loinge arna ríomh le haghaidh na tréimhse tuairiscithe ábhartha

(b)  Iarmhéid Comhlíontachta i leith chuóta RFNBO maidir le hAirteagal 4a(3)

CB_RFNBO [% RFNBO] =

(% RFNBOcuóta - % RFNBOiarbhír)

I gcás:

 

CB_RFNBO

Iarmhéid Comhlíontachta i leith RFNBOcuóta, maidir le hAirteagal 4a(3)

% RFNBOcuóta

RFNBOcuóta den mheánfhuinneamh bliantúil a úsáidtear ar bord loinge de réir Airteagal 4a(3) den Rialachán seo

% RFNBOiarbhír

Céatadán den mheánfhuinneamh bliantúil a úsáidtear ar bord arna thuairisciú ag long a chomhlíontar go hiarbhír le RFNBOnna i gcomhréir le hAirteagal 9(1)(b)

(b)   Foirmle chun an pionós a leagtar síos in Airteagal 20(1) a ríomh

a)  Pionóis feabhais i leith iarmhéid comhlíontachta le haghaidh dhéine astaíochtaí gás ceaptha teasa na loinge, maidir le hAirteagal 4.2

Ríomhfar méid an phionóis a leagtar síos in Airteagal 20(1) mar a leanas:

Pionós =

(Iarmhéid comhlíontachta / GHGIEiarbhír) x fachtóir coinbhéartachta ó MJ go tonaí VLSFO (41.0 MJ / kg) x EUR 2400

b)  Pionós Feabhais i leith chuóta RFNBO maidir le hAirteagal 4a(3)

Ríomhfar méid an phionóis feabhais a leagtar síos in Airteagal 20(1a) mar a leanas:

Pionós Feabhais (RFNBO) =

abs(CB_RFNBO) x Pd x 3

I gcás:

 

Pionós Feabhais

in EUR

abs(CB_RFNBO)

luach absalóideach an iarmhéid comhlíontachta le haghaidh RFNBO

Pd

Difríocht phraghais idir RFNBOnna agus breosla iontaise atá comhoiriúnach le suiteáil long

Leasú 164
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn V a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

IARSCRÍBHINN Va

RÍOMH NA MAISE COIGEARTAITHE BREOSLA AGUS AN FHUINNIMH BREISE

Ar an gcéad dul síos, déantar cur síos san Iarscríbhinn seo ar conas mais choigeartaithe bhreosla a ríomh ag baint úsáid as an bhfuinneamh breise de bharr saintréithe teicniúla loinge in aicme oighir IA nó IA Super nó in aicme oighir choibhéiseach1a agus an fuinneamh breise a úsáideann long in aicme oighir IC, IB, IA nó IA Super nó in aicme oighir choibhéiseach mar gheall ar bheith ag seoladh faoi dhálaí oighir. Ar an dara dul síos, déantar cur síos ann ar an gcaoi a ríomhtar an fuinneamh breise.

Mais choigeartaithe [Mj A]

Déanfar mais choigeartaithe bhreosla [Mi A] a ríomh ar bhonn an fhuinnimh breise a úsáidtear le haghaidh seoladh faoi dhálaí oighir agus an fhuinnimh breise a úsáidtear de bharr airíonna teicniúla loinge in aicme oighir IA nó IA Super nó in aicme oighir choibhéiseach. Féadfaidh an chuideachta a roghnú cén breosla i ar cheart an fuinneamh breise a leithdháileadh air. Ní mór an breosla a roghnaítear a bheith ar cheann de na breoslaí arna n-ídiú ag an long le linn na tréimhse tuairiscithe. Féadfaidh méid an fhuinnimh a fhreagraíonn do mhais ídithe an bhreosla i a bheith níos ísle ná méid an fhuinnimh breise.

Déanfar mais choigeartaithe [Mi A] an bhreosla i a ríomh mar a leanas

20221019-P9_TA(2022)0367_GA-p0000014.png

, (Ax.1)

i gcás inarb ionann Mi total agus mais iomlán an bhreosla i, Mi additional due to ice class an mhais bhreosla de bharr ídiú breise fuinnimh ag long in aicme oighir IA nó IA Super nó in aicme oighir choibhéiseach agus Mi additional due to ice conditions mais an bhreosla de bharr ídiú breise fuinnimh mar gheall ar sheoladh faoi dhálaí oighir.

Déantar mais an bhreosla i a sheasann don ídiú fuinnimh breise de bharr saintréithe teicniúla loinge in aicme oighir IA nó IA Super nó in aicme choibhéiseach oighir a ríomh le

20221019-P9_TA(2022)0367_GA-p0000015.png

, (Ax.2)

i gcás inarb ionann an t-idiú breise fuinnimh de bharr aicme oighir agus an t-ídiú breise fuinnimh i ngeall ar shaintréithe teicniúla loinge in aicme oighir IA nó IA Super nó i gcás inarb ionann aicme oighir agus LCVi agus luach calrach níos ísle de bhreosla i.

Ar an gcaoi chéanna, déantar mais an bhreosla mar gheall ar ídiú fuinnimh breise faoi dhálaí oighir a ríomh ag úsáid

20221019-P9_TA(2022)0367_GA-p0000016.png

, (Ax.3)

i gcás inarb ionann Eadditional due to ice conditions agus an t-ídiú breisie fuinnimh de bharr seoladh faoi dhálaí oighir.

Fuinneamh breise de bharr aicme oighir agus de bharr seoladh faoi dhálaí oighir

Ríomhfar an tomhaltas breise fuinnimh mar gheall ar shaintréithe teicniúla loinge in aicme oighir IA nó IA Super nó in aicme oighir choibhéiseach mar a leanas

20221019-P9_TA(2022)0367_GA-p0000017.png

, (Ax.4)

i gcás ina gciallaíonn Evoyages total iomlán an fhuinnimh a ídítear le linn na muiraistear go léir agus Eadditional due to ice conditions ídiú breise fuinnimh mar gheall ar bheith ag seoladh faoi dhálaí oighir.

Déanfar an fuinneamh iomlán arna ídiú do gach muiraistear a ríomh ag úsáid

20221019-P9_TA(2022)0367_GA-p0000018.png

, (Ax.5)

i gcás ina seasann Mi, voyages, total iomlán na maise breosla i a ídítear do gach muiraistear laistigh de raon feidhme an rialacháin, LCVi an luach calrach íochtarach de bhreosla i agus E elect, voyages, total méid an leictreachais a sheachadtar ar an long agus a ídítear le haghaidh gach turas.

Déantar mais bhreosla i Mi, voyages, total arna thomhailt do gach muiraistear laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo a ríomh le

20221019-P9_TA(2022)0367_GA-p0000019.png

, (Ax.6)

i gcás ina sonraítear le Mi, voyages between MS mais chomhiomlán an bhreosla a ídítear le linn gach muiraistear idir calafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit, Mi, voyages from MS mais chomhiomlán an bhreosla a ídítear le linn gach muiraistear a d’imigh ó chalafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit agus Mi, voyages to MS, aistir chuig na Ballstáit maidir le mais chomhiomlán an bhreosla a ídítear le linn muiraistear chuig calafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit. An méid ídithe den leictreachas arna sheachadadh ar an long E elect, is féidir voyages total a ríomh ar an mbealach céanna.

Déantar an t-ídiú breise fuinnimh de bharr seoladh faoi dhálaí oighir e a ríomh mar a leanas

20221019-P9_TA(2022)0367_GA-p0000020.png

, (Ax.7)

i gcás ina gciallaíonn Evoyages open water an fuinneamh a ídítear le linn muiraistear in uisce oscailte agus Evoyages, ice conditions, adjusted an fuinneamh coigeartaithe arna ídiú faoi dhálaí oighir.

Déantar an fuinneamh a ídítear le haghaidh muiraistir lena n-áirítear seoladh go heisiach in uisce oscailte e a ríomh mar a leanas

20221019-P9_TA(2022)0367_GA-p0000021.png

(Ax.8)

i gcás ina seasann Evoyages, ice conditions don fhuinneamh a ídítear le seoladh faoi dhálaí oighir, a ríomhtar mar a leanas

20221019-P9_TA(2022)0367_GA-p0000022.png

(Ax.9)

i gcás ina gciallaíonn Mi, voyages, ice conditions mais an bhreosla a ídítear chun seoladh faoi dhálaí oighir agus E elect, voyages, total méid an leictreachais a sheachadtar ar an long agus a ídítear agus í ag seoladh faoi dhálaí oighir.

Déantar mais an bhreosla i a ídítear de bharr seoladh faoi dhálaí oighir a shainiú mar a leanas

20221019-P9_TA(2022)0367_GA-p0000023.png

, (Ax.10)

i gcás ina sonraítear le Mi, voyages between MS, ice cond. mais chomhiomlán an bhreosla a ídíonn long a aicmítear mar long oighir agus í ag seoladh faoi dhálaí oighir idir calafoirt faoi dhlínse Ballstáit, Mi, voyages from MS mais chomhiomlán an bhreosla a ídíonn longa a aicmítear mar longa oighir agus iad ag seoladh faoi dhálaí oighir le linn gach muiraistear a d’imigh ó chalafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit agus Mi, voyages to MS mais chomhiomlán an bhreosla a ídíonn long a aicmítear mar long oighir agus í ag seoladh faoi dhálaí oighir le linn muiraistir chuig calafoirt faoi dhlínse Ballstáit. Is féidir an méid ídithe den leictreachas a sheachadtar ar an long E ice conditions a ríomh ar an mbealach céanna.

Déanfar an fuinneamh coigeartaithe a ídítear faoi dhálaí oighir a ríomh tríd an ní seo a leanas a úsáid

1)

20221019-P9_TA(2022)0367_GA-p0000024.png

(Ax.1

leis an achar a thaistealaítear le linn seoladh faoi dhálaí oighir Dice conditions agus ídiú fuinnimh in aghaidh an fhaid a thaistealaítear in uisce oscailte20221019-P9_TA(2022)0367_GA-p0000025.png.

Déanfar an t-achar a thaistealaítear nuair a bhítear ag seoladh faoi dhálaí oighir Dice conditions a ríomh mar a leanas

, (Ax.12)

i gcás ina sonraítear le D voyages between MS, ice cond. an t-achar comhiomlán arna sheoladh faoi dhálaí oighir idir calafoirt faoi dhlínse Ballstáit, D voyages from MS achar comhiomlán le linn seoladh faoi dhálaí oighir le linn gach muiraistear a d’imigh ó chalafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit agus D voyages to MS achar comhiomlán le linn seoladh faoi dhálaí oighir le linn muiraistir chuig calafoirt faoi dhlínse Ballstáit.

Sainítear é sin mar a leanas:

20221019-P9_TA(2022)0367_GA-p0000026.png

, (Ax.13)

i gcás ina sonraítear le E voyages, ice conditions an t-ídiú fuinnimh le linn seoladh faoi dhálaí oighir agus D total an t-achar iomlán bliantúil a thaistealaítear.

Is mar a leanas a ríomhfar an t-achar iomlán bliantúil a thaistealaítear

20221019-P9_TA(2022)0367_GA-p0000027.png

, (Ax.14)

i gcás ina sonraítear le D voyages between MS an t-achar comhiomlán a thaistealaítear faoi dhlínse Ballstáit, D voyages from MS an t-achar comhiomlán a thaistealaítear le linn gach muiraistear a d’imigh ó chalafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit agus D voyages to MS achar comhiomlán a thaistealaítear le linn muiraistir chuig calafoirt faoi dhlínse Ballstáit.

______________

1a Le haghaidh tuilleadh faisnéise maidir le comhfhreagras idir aicmí oighir, féach Moladh HELCOM 25/7 ag http://www.helcom.fi.

(1) Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0233/2022).


Imscaradh bonneagair breoslaí ionadúla ***I
PDF 394kWORD 122k
Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 19 Deireadh Fómhair 2022 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le himscaradh bonneagair breoslaí ionadúla, agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (COM(2021)0559 – C9-0331/2021 – 2021/0223(COD))(1)
P9_TA(2022)0368A9-0234/2022

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún   Leasú
Leasú 1
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 1
(1)  Le Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle43 leagadh síos creat le haghaidh himscaradh bonneagair breoslaí ionadúla. Sa teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an Treoir44 sin a chur i bhfeidhm tagraítear don fhorbairt mhíchothrom a rinneadh ar bhonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe ar fud an Aontais agus don easpa idir-inoibritheachta agus soláimhsitheachta atá ann. Luaitear ann gurb é is toradh ar an easpa modheolaíocht choiteann shoiléir chun spriocanna a shocrú agus bearta a ghlacadh faoi na Creataí Beartais Náisiúnta a cheanglaítear le Treoir 2014/94/AE go bhfuil éagsúlacht mhór ann i measc na mBallstát sa leibhéal uaillmhéine maidir le spriocanna a shocrú agus tacaíocht a thabhairt do bheartais.
(1)  Le Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle43 leagadh síos creat le haghaidh himscaradh bonneagair breoslaí ionadúla. Sa teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an Treoir44 sin a chur i bhfeidhm tagraítear don fhorbairt mhíchothrom a rinneadh ar bhonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe ar fud an Aontais agus don easpa idir-inoibritheachta agus soláimhsitheachta atá ann. Luaitear ann gurb é is toradh ar an easpa modheolaíocht choiteann shoiléir chun spriocanna a shocrú agus bearta a ghlacadh faoi na Creataí Beartais Náisiúnta a cheanglaítear le Treoir 2014/94/AE go bhfuil éagsúlacht mhór ann i measc na mBallstát sa leibhéal uaillmhéine maidir le spriocanna a shocrú agus tacaíocht a thabhairt do bheartais. Mar thoradh air sin, ní rabhthas in ann gréasán cuimsitheach agus iomlán de bhonneagar breoslaí ionadúla ar fud an Aontais a sholáthar.
__________________
__________________
43 Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le himscaradh bonneagair breoslaí ionadúla (IO L 307, 28.10.2014, lch. 1).
43 Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le himscaradh bonneagair breoslaí ionadúla (IO L 307, 28.10.2014, lch. 1).
44 COM(2020)0789.
44 COM(2020)0789.
Leasú 2
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3
(3)  Le Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle46 agus le Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle47, socraítear caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma nua mar aon le caighdeáin le haghaidh feithiclí nua tromshaothair áirithe. Leis na hionstraimí sin ba cheart dlús a chur le glacadh na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha go háirithe agus ar an gcaoi sin chruthófaí éileamh ar bhonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe.
(3)  Le Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle46 agus le Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle47, socraítear caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma nua mar aon le caighdeáin le haghaidh feithiclí nua tromshaothair áirithe. Ba cheart an t-athbhreithniú arna hionstraimí sin a ailíniú leis an athbhreithniú ar an Rialachán atá ann faoi láthair chun creat comhleanúnach a áirithiú maidir le húsáid agus imscaradh breoslaí ionadúla in iompar de bhóthar agus chun dlús a chur le glacadh feithiclí astaíochtaí nialasacha agus breoslaí ionadúla go háirithe agus, ar an gcaoi sin, éileamh ar bhonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe a chruthú.
__________________
__________________
46 Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 (IO L 111, 25.4.2019, lch. 13).
46 Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 (IO L 111, 25.4.2019, lch. 13).
47 Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena socraítear caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d’fheithiclí nua tromshaothair agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/53/CE ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch. 202).
47 Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena socraítear caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d’fheithiclí nua tromshaothair agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/53/CE ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch. 202).
Leasú 3
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 4
(4)  Ba cheart do na tionscnaimh maidir le ReFuelEU - tionscnamh eitlíochta48 agus FuelEU - tionscnamh muirí49 borradh a chur faoi bhreoslaí ionadúla inbhuanaithe a tháirgeadh agus a ghlacadh san iompar eitlíochta agus muirí. Cé gur féidir le riachtanais úsáidte breoslaí le haghaidh breoslaí inbhuanaithe eitlíochta brath go mór ar an mbonneagar athbhreoslaithe atá ann cheana, tá gá le hinfheistíochtaí le haghaidh an leictreachais a sholáthraítear d’aerárthaí atá ina stad. Leagtar síos ceanglais i dtionscnamh muirí FuelEU go háirithe maidir le cumhacht ar tír a úsáid, ceanglais nach féidir a chomhlíonadh ach amháin má úsáidtear leibhéal leordhóthanach soláthair cumhachta ar tír i gcalafoirt TEN-T. Mar sin féin, níl aon fhoráil sna tionscnaimh sin maidir leis an mbonneagar breosla is gá, ar bonneagar é atá ina réamhriachtanas ionas gur féidir na spriocanna a bhaint amach.
(4)  Ba cheart do na tionscnaimh maidir le ReFuelEU - tionscnamh eitlíochta48 agus FuelEU - tionscnamh muirí49 borradh a chur faoi bhreoslaí ionadúla inbhuanaithe a tháirgeadh agus a ghlacadh san iompar eitlíochta agus muirí. Cé gur féidir le riachtanais úsáidte breoslaí le haghaidh breoslaí inbhuanaithe eitlíochta brath go mór ar an mbonneagar athbhreoslaithe atá ann cheana, tá gá le hinfheistíochtaí le haghaidh an leictreachais a sholáthraítear d’aerárthaí atá ina stad. Thairis sin, ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar staid reatha agus ar fhorbairt amach anseo an mhargaidh hidrigine don eitlíocht agus foráil a dhéanamh le haghaidh staidéar féidearthachta ar imscaradh an bhonneagair ábhartha chun aerárthaí a chumhachtú lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, plean imscartha do bhonneagar breoslaí ionadúla in aerfoirt, go háirithe maidir le hidrigin agus athluchtú leictreach i gcás aerárthaí. Leagtar síos ceanglais i dtionscnamh muirí FuelEU go háirithe maidir le cumhacht ar tír a úsáid, ceanglais nach féidir a chomhlíonadh ach amháin má úsáidtear leibhéal leordhóthanach soláthair cumhachta ar tír i gcalafoirt TEN-T. Mar sin féin, níl aon fhoráil sna tionscnaimh sin maidir leis an mbonneagar breosla is gá, ar bonneagar é atá ina réamhriachtanas ionas gur féidir na spriocanna a bhaint amach.
__________________
__________________
48 COM(2021) 561. Leasú
48 COM(2021) 561. Leasú
49 COM(2021) 562. Leasú
49 COM(2021) 562. Leasú
Leasú 4
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5
(5)  Dá bhrí sin, ba cheart aghaidh a thabhairt ar na modhanna iompair ar fad in aon ionstraim amháin, ionstraim lenar cheart réimse de bhreoslaí ionadúla a chur san áireamh. I dtaca leis an úsáid a bhaintear as teicneolaíochtaí gléasra cumhachta astaíochtaí nialasacha is ag céimeanna aibíochta difriúla atá an úsáid sin i gcás na modhanna iompair difriúla. Tá an líon feithiclí ceallra-leictreacha agus an líon feithiclí hibride inluchtaithe ag méadú go tapa san earnáil bóithre go háirithe. Tá feithiclí bóthair breosla-chille hidrigine ar fáil sna margaí freisin. Ina theannta sin, tá soithí hidrigine agus ceallra-leictreacha níos lú agus traenacha breosla-chille hidrigine á n-imscaradh i dtionscadail dhifriúla agus sna chéad oibríochtaí tráchtála faoi láthair, agus tá coinne lena gcur i bhfeidhm tráchtála iomlán sna blianta atá amach romhainn. Os a choinne sin, leanann an earnáil eitlíochta agus uisce-iompair de bheith spleách ar bhreoslaí leachtacha agus ar bhreoslaí gásacha, toisc go meastar nach dtiocfaidh réitigh gléasra cumhachta astaíochtaí nialasacha agus réitigh gléasra cumhachta astaíochtaí ísle ar an margadh go dtí 2030 nó mar sin, agus meastar go mbeidh sé níos deireanaí fós i gcás na hearnála eitlíochta go háirithe, agus go mbeidh cuid mhaith ama i gceist le tráchtálú iomlán a bhaint amach. Ní féidir breoslaí iontaise gásacha nó leachtacha a úsáid ach amháin má leabaítear go soiléir ar chonair dhícharbónaithe iad atá i gcomhréir le cuspóir fadtéarmach aeráidneodrachta an Aontais, cuspóir lena n-éilítear go méadófar an cumasc le breoslaí in-athnuaite nó go gcuirfear breoslaí in-athnuaite in ionad breoslaí iontaise, mar shampla, bithmheatán, bithbhreoslaí forbartha nó breoslaí sintéiseacha gásacha nó leachtacha atá in-athnuaite agus íseal ó thaobh carbóin de.
(5)  Dá bhrí sin, ba cheart aghaidh a thabhairt ar na modhanna iompair ar fad in aon ionstraim amháin, ionstraim lenar cheart réimse de bhreoslaí ionadúla a chur san áireamh. I dtaca leis an úsáid a bhaintear as teicneolaíochtaí gléasra cumhachta astaíochtaí nialasacha is ag céimeanna aibíochta difriúla atá an úsáid sin i gcás na modhanna iompair difriúla agus sna Ballstáit agus réigiúin dhifriúla. Tá an líon feithiclí ceallra-leictreacha agus an líon feithiclí hibride inluchtaithe ag méadú go tapa san earnáil bóithre go háirithe agus, dá bhrí sin, tá gá le spriocanna níos uaillmhianaí le haghaidh na dteicneolaíochtaí aibí sin. Tá feithiclí bóthair breosla-chille hidrigine ar fáil sna margaí freisin, cé go bhfuil siad ar fáil ar leibhéal níos ísle. Ina theannta sin, tá soithí hidrigine agus ceallra-leictreacha níos lú agus traenacha breosla-chille hidrigine á n-imscaradh i dtionscadail dhifriúla agus sna chéad oibríochtaí tráchtála faoi láthair, agus tá coinne lena gcur i bhfeidhm tráchtála iomlán sna blianta atá amach romhainn. Os a choinne sin, leanann an earnáil eitlíochta agus uisce-iompair de bheith spleách ar bhreoslaí leachtacha agus ar bhreoslaí gásacha, toisc go meastar nach dtiocfaidh réitigh gléasra cumhachta astaíochtaí nialasacha agus réitigh gléasra cumhachta astaíochtaí ísle ar an margadh go dtí 2030 nó mar sin, agus meastar go mbeidh sé níos deireanaí fós i gcás na hearnála eitlíochta go háirithe, agus go mbeidh cuid mhaith ama i gceist le tráchtálú iomlán a bhaint amach. Ba cheart don Aontas cur lena iarrachtaí chun breoslaí iontaise gásacha nó leachtacha a chéimniú amach agus roghanna malartacha in-athnuaite a chur chun cinn agus níor cheart go mbeifí in ann breoslaí iontaise a úsáid ach amháin má leabaítear go soiléir ar chonair dhícharbónaithe iad atá i gcomhréir le cuspóir fadtéarmach aeráidneodrachta an Aontais, cuspóir lena n-éilítear go méadófar an cumasc le breoslaí in-athnuaite nó go gcuirfear breoslaí in-athnuaite in ionad breoslaí iontaise, mar shampla, bithmheatán, bithbhreoslaí forbartha nó breoslaí sintéiseacha gásacha nó leachtacha atá in-athnuaite agus íseal ó thaobh carbóin de.
Leasú 5
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 6
(6)  Is féidir bithbhreoslaí agus breoslaí sintéiseacha den sórt sin, a chuirtear in ionad díosail, peitril agus breosla eitlíochta, a tháirgeadh ó amhábhair dhifriúla agus is féidir iad a chumasc le breoslaí iontaise ag cóimheasa cumaisc an-ard. Is féidir iad a úsáid go teicniúil le teicneolaíocht feithicle atá ann faoi láthair ach roinnt mionathruithe a dhéanamh. Is féidir meatánól in-athnuaite a úsáid chomh maith le haghaidh loingseoireacht intíre agus loingseoireacht ghearrthurais. D’fhéadfaí an úsáid a bhaintear as foinsí breosla iontaise sa soláthar fuinnimh le haghaidh iompair a laghdú ach breoslaí sintéiseacha agus breoslaí pairifíneacha a úsáid. Is féidir na breoslaí sin ar fad a dháileadh, a stóráil agus a úsáid leis an mbonneagar atá ann cheana nó i gcás inar gá le bonneagar den chineál céanna.
(6)  Chun an leas is mó a bhaint as an acmhainneacht maidir le hastaíochtaí gás ceaptha a laghdú, is féidir bithbhreoslaí, lena n-áirítear bithghás, agus breoslaí sintéiseacha den sórt sin, a chuirtear in ionad díosail, peitril agus breosla eitlíochta, a tháirgeadh ó amhábhair dhifriúla agus is féidir iad a chumasc le breoslaí iontaise ag cóimheasa cumaisc an-ard. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú in earnálacha na heitlíochta agus an iompair mhuirí a mbeidh an leictriú níos moille ina leith. Is féidir na breoslaí sin a úsáid go teicniúil le teicneolaíocht feithicle atá ann faoi láthair ach roinnt mionathruithe a dhéanamh. Is féidir meatánól in-athnuaite a úsáid chomh maith le haghaidh loingseoireacht intíre agus loingseoireacht ghearrthurais. D’fhéadfaí an úsáid a bhaintear as foinsí breosla iontaise sa soláthar fuinnimh le haghaidh iompair a laghdú ach breoslaí sintéiseacha agus breoslaí pairifíneacha a úsáid. Is féidir na breoslaí sin ar fad a dháileadh, a stóráil agus a úsáid leis an mbonneagar atá ann cheana nó i gcás inar gá le bonneagar den chineál céanna.
Leasú 6
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 6 a (nua)
(6 a)  Tá sé tábhachtach cloí le prionsabail ghinearálta na neodrachta teicneolaíche agus na héifeachtúlachta fuinnimh ar dtús i measc na dteicneolaíochtaí sin is gá chun neodracht aeráide a bhaint amach, mar go bhfuil gá fós le hinfheistíochtaí sa taighde agus san fhorbairt i roinnt de na teicneolaíochtaí a mbeidh gá leo sa todhchaí intuartha, agus iomaíocht an mhargaidh idir na teicneolaíochtaí malartacha éagsúla á gcoimeád, agus aird chuí á tabhairt ar inacmhainneacht agus ar thúsphointí éagsúla na mBallstát.
Leasú 7
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 7
(7)  Is dócha go leanfaidh GNL de ról leanúnach a bheith aige san iompar muirí, arb iompar é nach bhfuil aon teicneolaíocht gléasra cumhachta astaíochtaí nialasacha atá inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de ar fáil ann. Luaitear sa Teachtaireacht maidir leis an Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste go mbeidh soithí muirghabhála astaíochtaí nialasacha réidh don mhargadh faoi 2030. Ba cheart cabhlaigh a thiontú de réir a chéile mar gheall ar shaolré fhada soithí. Murab ionann agus an t-iompar muirí, i gcás uiscebhealaí intíre, a mbíonn soithí níos lú agus achair níos giorra i gceist leo de ghnáth, ba cheart do theicneolaíochtaí gléasra cumhachta, mar shampla, hidrigin agus leictreachas, teacht ar an margadh níos tapúla. Meastar nach mbeidh ról tábhachtach ag GNL san earnáil sin a thuilleadh. Is gá breoslaí iompair, amhail GNL, a dhícharbónú a thuilleadh trí bhithmheatán leachtaithe (bith-GNL) nó leictribhreoslaí sintéisteacha gásacha atá in-athnuaite agus íseal ó thaobh carbóin de (leictreaghás) a chumasc leo nó a úsáid ina n-ionad. Is féidir na breoslaí dícharbónaithe sin a úsáid sa bhonneagar céanna ina n-úsáidtear breoslaí iontaise, rud a fhágann gur féidir aistriú de réir a chéile i dtreo breoslaí dícharbónaithe.
(7)  Níl úsáid mharthanach gáis nádúrtha leachtaithe (GNL) i gcomhréir le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart GNL in iompar muirí a chéimniú amach a luaithe is féidir agus ba cheart roghanna malartacha níos inbhuanaithe teacht ina n-ionad. Ar an drochuair, áfach, is dócha go leanfaidh GNL de ról idirthréimhseach a bheith aige san iompar muirí sa ghearrthéarma, arb iompar é nach bhfuil aon teicneolaíocht gléasra cumhachta astaíochtaí nialasacha atá inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de ar fáil ann. Luaitear sa Teachtaireacht maidir leis an Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste go mbeidh soithí muirghabhála astaíochtaí nialasacha réidh don mhargadh faoi 2030 agus tá na tionscadail sin ar siúl cheana féin. Ba cheart forbairtí breise i ndáil leis sin a chur chun cinn agus faireachán agus tuairisciú cuí a dhéanamh orthu. Ba cheart cabhlaigh a thiontú de réir a chéile mar gheall ar shaolré fhada soithí. I bhfianaise ról idirthréimhseach GNL, ba cheart infhaighteacht bhonneagar buncaeireachta GNL i gcalafoirt a bheith bunaithe ar éileamh, go háirithe maidir le hinfheistíochtaí poiblí nua. Murab ionann agus muiriompar, i gcás uiscebhealaí intíre, a mbíonn soithí beaga de ghnáth iontu agus achair níos giorra, tá teicneolaíochtaí gléasraí cumhachta atá saor ó astaíochtaí, amhail hidrigin agus leictreachas, ag éirí níos aibí agus ba cheart dóibh dul isteach sna margaí níos tapúla agus d’fhéadfadh ról tábhachtach a bheith acu maidir le hiompar muirí ó thaobh scála a chruthú maidir le réitigh tiomána astaíochtaí nialasacha. Meastar nach mbeidh ról tábhachtach ag GNL san earnáil sin a thuilleadh. Is gá breoslaí iompair, amhail GNL, a dhícharbónú a thuilleadh trí bhithmheatán leachtaithe (bith-GNL) nó leictribhreoslaí sintéisteacha gásacha atá in-athnuaite agus íseal ó thaobh carbóin de (leictreaghás) a chumasc leo nó a úsáid ina n-ionad. Is féidir na breoslaí dícharbónaithe sin a úsáid sa bhonneagar céanna ina n-úsáidtear breoslaí iontaise, rud a fhágann gur féidir aistriú de réir a chéile i dtreo breoslaí dícharbónaithe.
Leasú 8
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9
(9)  Imscaradh go míchothrom ar fud an Aontais bonneagar athluchtaithe, atá inrochtana don phobal, le haghaidh feithiclí leictreacha saothair éadroim. Chuirfeadh leithdháileadh míchothrom leanúnach glacadh feithiclí den sórt sin i mbaol, agus theorannófaí nascacht ar fud an Aontais. Ní chruthófar an chinnteacht fhadtéarmach is gá le haghaidh infheistíocht shubstainteach sa mhargadh má leantar den éagsúlacht sna huaillmhianta agus sna cuir chuige beartais ar an leibhéal náisiúnta. Dá bhrí sin, ba cheart do spriocanna íosta sainordaitheacha le haghaidh na mBallstát ar an leibhéal náisiúnta treoshuíomhanna beartais a sholáthar agus Creataí Beartais Náisiúnta a chomhlánú. Leis an gcur chuige sin ba cheart spriocanna atá bunaithe ar an bhflít náisiúnta a thabhairt le chéile le spriocanna acharbhunaithe le haghaidh an ghréasáin tras-Eorpaigh iompair (TEN-T). Le spriocanna atá bunaithe ar an bhflít náisiúnta ba cheart a áirithiú go ndéantar an glacadh feithiclí i ngach Ballstát a chomhoiriúnú le himscaradh bonneagair athluchtaithe leordhóthanaigh atá inrochtana don phobal. Le spriocanna acharbhunaithe le haghaidh an ghréasáin TEN-T ba cheart a áirithiú go gcumhdaítear go hiomlán na pointí athluchtaithe leictreacha feadh phríomhghréasáin bóithre an Aontais agus ar an gcaoi sin, taisteal éasca rianúil ar fud an Aontais a áirithiú.
(9)  Imscaradh go míchothrom ar fud an Aontais agus a réigiún bonneagar athluchtaithe, atá inrochtana don phobal, le haghaidh feithiclí leictreacha saothair éadroim. Chuirfeadh leithdháileadh míchothrom leanúnach glacadh feithiclí den sórt sin i mbaol, agus theorannófaí nascacht ar fud an Aontais. Ní chuirfear isteach ar aistriú inbhuanaithe na hearnála iompair a bhfuil géarghá leis nárannchuideofar leis an gcinnteacht fhadtéarmach is gá le haghaidh infheistíocht shubstainteach sa mhargadh a chruthú má leantar den éagsúlacht sna huaillmhianta agus sna cuir chuige beartais ar an leibhéal náisiúnta. Dá bhrí sin, ba cheart do spriocanna íosta sainordaitheacha le haghaidh na mBallstát ar an leibhéal náisiúnta treoshuíomhanna beartais a sholáthar agus Creataí Beartais Náisiúnta a chomhlánú. Leis an gcur chuige sin ba cheart spriocanna atá bunaithe ar an bhflít náisiúnta a thabhairt le chéile le spriocanna acharbhunaithe le haghaidh an ghréasáin tras-Eorpaigh iompair (TEN-T). Le spriocanna atá bunaithe ar an bhflít náisiúnta, ba cheart a áirithiú go mbeidh glacadh feithiclí i ngach Ballstát ar aon dul le bonneagar athluchtaithe leordhóthanach atá inrochtana don phobal a imscaradh, go háirithe i limistéir gheografacha inar lú an seans go mbeidh carrchlóis phríobháideacha ag úinéirí feithiclí saothair éadroim. Tá gá le haird ar leith agus rátaí imscartha náisiúnta níos airde freisin le haghaidh lárionaid ina bhfuil dlús daonra níos airde agus sciar margaidh feithiclí leictreacha níos airde. Nuair a bheidh sciar áirithe d’fheithiclí leictreacha bainte amach sa Bhallstát áirithe, ba cheart don mhargadh féinrialáil a dhéanamh. Le spriocanna acharbhunaithe do ghréasán TEN-T, ba cheart cumhdach iomlán na bpointí athluchtaithe leictreacha feadh phríomhghréasáin bhóithre an Aontais a áirithiú agus, ar an gcaoi sin, taisteal éasca rianúil ar fud an Aontais a áirithiú, lena n-áirítear sna réigiúin agus sna hoileáin is forimeallaí san Aontas agus chucu, mura rud é go bhfuil na costais lena mbaineann díréireach leis na tairbhí, agus sa chás sin féadfaidh na Ballstáit díolúintí a thabhairt nó smaoineamh ar bhonneagar lasmuigh den eangach a fhorbairt. D’éascódh forbairt líonra bonneagair den sórt sin inrochtaineacht agus nascacht gach réigiúin san Aontas, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí agus ceantair iargúlta nó thuaithe eile, rud a neartódh an comhtháthú sóisialta, eacnamaíoch agus críochach eatarthu.
Leasú 9
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 10
(10)  Ba cheart spriocanna atá bunaithe ar an bhflít náisiúnta a bhunú ar bhonn líon iomlán na bhfeithiclí leictreacha a cláraíodh sa Bhallstát sin trí mhodheolaíocht choiteann a leanúint lena gcuirtear forbairtí teicneolaíochta san áireamh, forbairtí amhail raon méadaithe tiomána feithiclí leictreacha nó dul i bhfód na bpointí mearluchtaithe ar an margadh ar pointí iad ar féidir leo líon níos mó feithiclí a athluchtú in aghaidh an phointe athluchtaithe ná gnáthphointe athluchtaithe. Leis an modheolaíocht sin ní mór na patrúin dhifriúla athluchtaithe a bhaineann le feithiclí ceallra-leictreacha agus feithiclí hibride inluchtaithe a chur san áireamh freisin. Maidir le modheolaíocht lena normaítear spriocanna atá bunaithe ar an bhflít náisiúnta maidir le haschur uasta cumhachta an bhonneagair athluchtaithe atá inrochtana don phobal, ba cheart solúbthacht a bheith sa mhodheolaíocht sin chun teicneolaíochtaí athluchtaithe difriúla a chur chun feidhme sna Ballstáit.
(10)  Ba cheart spriocanna atá bunaithe ar an bhflít náisiúnta a bhunú ar sciar na bhfeithiclí leictreacha a cláraíodh i bhflít feithiclí iomlán an Bhallstát sin trí mhodheolaíocht choiteann a leanúint lena gcuirtear forbairtí teicneolaíochta san áireamh, forbairtí amhail raon méadaithe tiomána feithiclí leictreacha nó dul i bhfód na bpointí mearluchtaithe ar an margadh ar pointí iad ar féidir leo líon níos mó feithiclí a athluchtú in aghaidh an phointe athluchtaithe ná gnáthphointe athluchtaithe. Leis an modheolaíocht sin ní mór na patrúin dhifriúla athluchtaithe a bhaineann le feithiclí ceallra-leictreacha agus feithiclí hibride inluchtaithe a chur san áireamh freisin mar aon le dlús daonra agus sciartha margaidh feithiclí leictreacha. Maidir le modheolaíocht lena normaítear spriocanna atá bunaithe ar an bhflít náisiúnta maidir le haschur uasta cumhachta an bhonneagair athluchtaithe atá inrochtana don phobal, ba cheart solúbthacht a bheith sa mhodheolaíocht sin chun teicneolaíochtaí athluchtaithe difriúla a chur chun feidhme sna Ballstáit. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh feithiclí a bhfuil painéil ghréine chomhtháite acu tionchar a imirt ar imscaradh bonneagair athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus, más iomchuí, ar aon choigeartú iarmhartach ar spriocanna imscartha bonneagair luchtaithe an Rialacháin seo.
Leasú 10
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 11
(11)  Ba cheart a áirithiú leis an gcur chun feidhme sna Ballstáit go suiteáiltear líon leordhóthanach pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal, go háirithe ag stáisiúin iompair phoiblí, mar shampla, críochfoirt paisinéirí i gcalafoirt, in aerfoirt nó i stáisiúin traenach. Ba cheart líon leordhóthanach pointí mearluchtaithe atá tiomnaithe d’fheithiclí saothair éadroim agus atá inrochtana don phobal a imscaradh chun áisiúlacht a mhéadú le haghaidh tomhaltóirí go háirithe ar fud an ghréasáin TEN-T chun nascacht iomlán trasteorann a áirithiú agus chun go mbeidh feithiclí leictreacha in ann gluaiseacht ar fud an Aontais.
(11)  Le cur chun feidhme sna Ballstáit, ba cheart a áirithiú go suiteálfar líon leordhóthanach pointí athluchtaithe fosaithe, lasmuigh den eangach nó soghluaiste atá inrochtana don phobal ar bhealach a thacaíonn le cothroime idir críocha agus le taisteal ilmhódach, lena seachnaítear éagothromaíochtaí réigiúnacha agus lena n-áirithítear nach bhfágfar aon chríoch ar lár. Tá tábhacht ar leith ag baint le himscaradh i limistéir chónaithe ina bhfuil easpa páirceála eas-sráide agus ina mbíonn feithiclí ag páirceáil de ghnáth ar feadh tréimhsí fada, lena n-áirítear limistéir pháirceála tacsaí agus ag stáisiúin iompair phoiblí, amhail críochfoirt phaisinéirí calafoirt, aerfoirt nó stáisiúin iarnróid. Ba cheart líon leordhóthanach pointí mearluchtaithe atá tiomnaithe d’fheithiclí saothair éadroim agus atá inrochtana don phobal a imscaradh chun áisiúlacht a mhéadú le haghaidh tomhaltóirí go háirithe ar fud an ghréasáin TEN-T chun nascacht iomlán trasteorann a áirithiú agus chun go mbeidh feithiclí leictreacha in ann gluaiseacht ar fud an Aontais.
Leasú 11
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 11 a (nua)
(11 a)  Ba cheart úsáid bonneagair athluchtaithe atá inrochtana don phobal a bheith mar thoradh go príomha ar infheistíocht sa mhargadh príobháideach. Mar sin féin, go dtí go mbeidh margadh iomaíoch bunaithe, ba cheart do na Ballstáit tacú le húsáid bonneagair i gcásanna ina bhfuil tacaíocht phoiblí de dhíth mar gheall ar dhálaí an mhargaidh, ar choinníoll go bhfuil an tacaíocht phoiblí sin i gcomhréir go hiomlán leis na rialacha maidir le Státchabhair. I gcás inarb ábhartha, ba cheart do na Ballstáit a chur san áireamh freisin go bhféadfadh an t-éileamh ar líon leordhóthanach pointí luchtaithe a bheith éagsúil i rith na bliana i gcodanna áirithe dá gcríoch, mar is amhlaidh i roinnt mhaith ceann scríbe turasóireachta. I gcásanna den sórt sin, d’fhéadfadh solúbthacht bhreise a bheith ag baint leis an bhféidearthacht bonneagar luchtaithe soghluaiste sealadach lasmuigh den eangach a imscaradh agus d’fhéadfaí freastal ar an éileamh séasúrach gan gá le bonneagar seasta a shuiteáil.
Leasú 12
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 11 b (nua)
(11 b)  Más gá, ba cheart don Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar na spriocanna a leagtar síos sa Rialachán seo le haghaidh bonneagar athluchtaithe leictrigh atá tiomnaithe d‘fheithiclí saothair éadroim agus tromshaothair faoi seach, chun a áirithiú go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i Rialacháin an Aontais maidir le caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d’fheithiclí saothair éadroim agus d’fheithiclí tromshaothair, faoi seach.
Leasú 13
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 11 c (nua)
(11 c)  Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an ngá atá le ceanglais a chur san áireamh maidir le bonneagar luchtaithe chun freastal ar thimthriallta cumhachtaithe le leictreachas agus feithiclí de chatagóir L amhail timthriallta leictreacha cumhachtaithe agus ríomhmhóipéidí, agus go háirithe an deis chun bonneagar luchtaithe a fheistiú le soicéad cumhachta teaghlaigh a fhágann gur féidir feithiclí den sórt sin a luchtú go héasca, ós rud é gur modh iompair iad lenar féidir astaíochtaí CO2 agus truailliú aeir a laghdú tuilleadh.
Leasú 14
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 13
(13)  Is gá an bonneagar athluchtaithe le haghaidh feithiclí leictreacha tromshaothair a bheith an-difriúil leis an mbonneagar athluchtaithe le haghaidh feithiclí saothair éadroim. Is ar éigean atá fáil ar bhonneagar atá inrochtana don phobal le haghaidh feithiclí leictreacha tromshaothair aon áit san Aontas. Leis an gcur chuige comhcheangailte de spriocanna acharbhunaithe feadh an ghréasáin TEN-T, spriocanna le haghaidh an bhonneagair athluchtaithe thar oíche agus spriocanna ag nóid uirbeacha, ba cheart a áirithiú go mbunaítear cumhdach leordhóthanach bonneagair atá inrochtana don phobal le haghaidh feithiclí tromshaothair ar fud an Aontais chun tacú leis an nglacadh feithiclí tromshaothair cealla-leictreacha sa mhargadh a mheastar a bheidh ann.
(13)  Is gá an bonneagar athluchtaithe le haghaidh feithiclí leictreacha tromshaothair a bheith an-difriúil leis an mbonneagar athluchtaithe le haghaidh feithiclí saothair éadroim. Mar sin féin, níl bonneagar inrochtana poiblí le haghaidh feithiclí tromshaothair leictreacha ar fáil san Aontas faoi láthair agus, dá bhrí sin, ní mór dlús a chur le himscaradh an bhonneagair. Leis an gcur chuige comhcheangailte de spriocanna acharbhunaithe feadh an ghréasáin TEN-T, spriocanna le haghaidh an bhonneagair athluchtaithe thar oíche agus spriocanna ag nóid uirbeacha, ba cheart a áirithiú go mbunaítear cumhdach leordhóthanach bonneagair atá inrochtana don phobal le haghaidh feithiclí tromshaothair ar fud an Aontais chun tacú go réamhghníomhach leis an méadú ar an sciar d’fheithiclí tromshaothair ceallra-leictreacha sa mhargadh.
Leasú 15
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 13 a (nua)
(13 a)  Dá bhrí sin, tá gá le hinfheistíocht phoiblí tosaigh i mbonneagar d’fheithiclí tromshaothair leictreacha, ach ba cheart aon fhorbairt bonneagair sa bhreis ar an bhforbairt dá bhforáiltear sa Rialachán seo a bheith coinníollach ar a sciar margaidh uile-Aontais, náisiúnta agus réigiúnach agus ar shonraí tráchta ábhartha.
Leasú 16
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 14 a (nua)
(14 a)  Tá caighdeáin nua maidir le bonneagar luchtaithe d’fheithiclí tromshaothair á bhforbairt faoi láthair. Go teicniúil is féidir uasghrádaitheacht na nasc fisiciúil agus na bprótacal malartaithe cumarsáide a áirithiú ionas go bhféadfar stáisiúin luchtaithe aonair agus pointí luchtaithe a uasghrádú chuig caighdeán nua ag céim níos déanaí. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún machnamh a dhéanamh ar aschur cumhachta aonair na stáisiún luchtaithe ag comhthiomsuithe athluchtaithe a mhéadú a luaithe a bheidh na sonraíochtaí teicniúla coiteanna ar fáil.
Leasú 17
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 17
(17)  Mar shampla, áirítear le pointí athluchtaithe nó athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal pointí athluchtaithe nó athbhreoslaithe príobháideacha atá inrochtana don phobal agus atá suite ar mhaoin phoiblí nó ar mhaoin phríobháideach, amhail carrchlóis phoiblí nó carrchlóis ollmhargaí. Pointe athluchtaithe nó athbhreoslaithe atá suite ar mhaoin phríobháideach atá inrochtana don phobal i gcoitinne ba cheart é a mheas mar phointe atá inrochtana don phobal freisin i gcásanna ina dteorannaítear rochtain do ghrúpa ginearálta áirithe úsáideoirí, mar shampla, do chliaint. Níor cheart pointí athluchtaithe nó athbhreoslaithe le haghaidh scéimeanna roinnte gluaisteán a mheas mar phointí atá inrochtana don phobal ach amháin má cheadaítear go sainráite rochtain le haghaidh úsáideoirí tríú páirtí. Maidir le pointí athluchtaithe nó athbhreoslaithe atá suite ar mhaoin phríobháideach, a dteorannaítear rochtain orthu do chiorcal teoranta cinnte daoine, mar shampla carrchlóis i bhfoirgneamh oifige nach bhfuil inrochtana ach d’fhostaithe nó do dhaoine údaraithe, níor cheart iad a mheas mar phointí athluchtaithe nó athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal.
(17)  Mar shampla, áirítear le pointí athluchtaithe nó athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal pointí athluchtaithe nó athbhreoslaithe príobháideacha atá inrochtana don phobal agus atá suite ar mhaoin phoiblí nó ar mhaoin phríobháideach, amhail carrchlóis phoiblí nó carrchlóis ollmhargaí. I suíomhanna den sórt sin, ina bhfuil níos mó ná 30 spás páirceála ag saoráidí páirceála, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go n-imscarfar líon leordhóthanach pointí athluchtaithe nó athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal. Pointe athluchtaithe nó athbhreoslaithe atá suite ar mhaoin phríobháideach atá inrochtana don phobal i gcoitinne ba cheart é a mheas mar phointe atá inrochtana don phobal freisin i gcásanna ina dteorannaítear rochtain do ghrúpa ginearálta áirithe úsáideoirí, mar shampla, do chliaint. Níor cheart pointí athluchtaithe nó athbhreoslaithe le haghaidh scéimeanna roinnte gluaisteán a mheas mar phointí atá inrochtana don phobal ach amháin má cheadaítear go sainráite rochtain le haghaidh úsáideoirí tríú páirtí. Maidir le pointí athluchtaithe nó athbhreoslaithe atá suite ar mhaoin phríobháideach, a dteorannaítear rochtain orthu do chiorcal teoranta cinnte daoine, mar shampla carrchlóis i bhfoirgneamh oifige nach bhfuil inrochtana ach d’fhostaithe nó do dhaoine údaraithe, níor cheart iad a mheas mar phointí athluchtaithe nó athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal.
Leasú 18
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 17 a (nua)
(17 a)  Chun iarmhairtí neamhbheartaithe an Rialacháin seo a sheachaint agus imscaradh bonneagair luchtaithe le haghaidh flíteanna faoi chuing amhail iompar poiblí á dhíspreagadh, is féidir stáisiúin athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe go páirteach do fhlíteanna iompair phoiblí a áireamh mar chuid de na spriocanna ábhartha a leagtar amach sa Rialachán seo. Níor cheart pointí athluchtaithe le haghaidh scéimeanna roinnte gluaisteán a mheas mar phointí atá inrochtana don phobal ach amháin má cheadaítear go sainráite rochtain le haghaidh úsáideoirí tríú páirtí.
Leasú 19
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 17 b (nua)
(17 b)  D’fhonn áisiúlacht a mhéadú le haghaidh tomhaltóirí, ba cheart do na Ballstáit oibreoirí pointí athluchtaithe nó athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal a spreagadh chun a áirithiú go bhfreastalóidh uaireanta oscailte agus aga fónaimh a gcuid seirbhísí go hiomlán ar riachtanais na n-úsáideoirí deiridh.
Leasú 20
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 20
(20)  Is le córais mhéadraithe chliste, de réir mar a shainítear i dTreoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle52 a chumasaítear sonraí fíor-ama a tháirgeadh, rud a mbeidh gá leis chun cobhsaíocht na heangaí a áirithiú agus chun úsáid réasúnach na seirbhísí athluchtaithe a spreagadh. Trí mhéadrú fuinnimh fíor-ama agus faisnéis chruinn thrédhearcach faoin gcostas a sholáthar, mar aon le pointí cliste athluchtaithe, spreagtar daoine chun an t-athluchtú a dhéanamh ag amanna nuair is íseal an t-éileamh ginearálta ar leictreachas agus nuair is íseal na praghsanna ar fhuinneamh. Is féidir leis an úsáid a bhaintear as córais mhéadraithe chliste i gcomhar le pointí cliste athluchtaithe an t-athluchtú a bharrfheabhsú, agus bíonn buntáistí ann don chóras leictreachais agus don úsáideoir deiridh. Maidir le córais mhéadraithe chliste a úsáid chun feithiclí leictreacha a athluchtú ag stáisiúin athluchtaithe atá inrochtana don phobal, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil agus réasúnach ó thaobh na heacnamaíochta de, ba cheart do na Ballstáit an úsáid sin a spreagadh agus ba cheart dóibh a áirithiú go gcomhlíonann na córais sin na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 20 de Threoir (AE) 2019/944.
(20)  Is le córais mhéadraithe chliste, de réir mar a shainítear i dTreoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle52 a chumasaítear sonraí fíor-ama a tháirgeadh, rud a mbeidh gá leis chun cobhsaíocht na heangaí a áirithiú agus chun úsáid réasúnach na seirbhísí athluchtaithe a spreagadh. Trí mhéadrú fuinnimh fíor-ama agus faisnéis chruinn thrédhearcach faoin gcostas a sholáthar, mar aon le pointí cliste athluchtaithe, spreagtar daoine chun an t-athluchtú a dhéanamh ag amanna nuair is íseal an t-éileamh ginearálta ar leictreachas agus nuair is íseal na praghsanna ar fhuinneamh. Is féidir leis an úsáid a bhaintear as córais mhéadraithe chliste i gcomhar le pointí cliste athluchtaithe an t-athluchtú a bharrfheabhsú, agus bíonn buntáistí ann don chóras leictreachais agus don úsáideoir deiridh. Maidir le córais mhéadraithe chliste a úsáid chun feithiclí leictreacha a athluchtú ag stáisiúin athluchtaithe atá inrochtana don phobal, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, ba cheart do na Ballstáit an úsáid sin a spreagadh agus ba cheart dóibh a áirithiú go gcomhlíonann na córais sin na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 20 de Threoir (AE) 2019/944.
Leasú 21
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 21
(21)  Mar gheall go bhfuil an líon feithiclí leictreacha ar bóthar, ar iarnród, ar muir agus i modhanna eile iompair ag méadú, beidh gá le hoibríochtaí athluchtaithe a bharrfheabhsú agus a bhainistiú ar bhealach nach gcruthaíonn plódú agus lena mbaintear an leas is mó is féidir as infhaighteacht leictreachais in-athnuaite agus praghsanna ísle leictreachais sa chóras. Leis an athluchtú cliste go háirithe, is féidir comhtháthú feithiclí leictreacha leis an gcóras leictreachais a éascú a thuilleadh mar gur féidir trína bhíthin freagairt ar an éileamh le comhbhailiúchán agus le freagairt phraghasbhunaithe ar an éileamh. Is féidir comhtháthú córais a éascú a thuilleadh tríd an athluchtú déthreoch (ó fheithicil go heangach) Dá bhrí sin, ba cheart do gach gnáthphointe athluchtaithe a mbíonn feithiclí páirceáilte aige ar feadh tréimhse fhada a bheith comhoiriúnach don athluchtú cliste.
(21)  Mar gheall go bhfuil an líon feithiclí leictreacha ar bóthar, ar iarnród, ar muir agus i modhanna eile iompair ag méadú, beidh gá le hoibríochtaí athluchtaithe a bharrfheabhsú agus a bhainistiú ar bhealach nach gcruthaíonn plódú agus lena mbaintear an leas is mó is féidir as infhaighteacht leictreachais in-athnuaite agus praghsanna ísle leictreachais sa chóras. Is féidir le pointí athluchtaithe cliste go háirithe, chomh maith le pointí athluchtaithelasmuigh den eangach, comhtháthú feithiclí leictreacha sa chóras leictreachais a éascú agus tionchar feithiclí leictreacha ar an ngréasán dáileacháin leictreachais a laghdú, mar gur féidir trína bhíthin freagairt ar an éileamh le comhbhailiúchán agus le freagairt phraghasbhunaithe ar an éileamh. Is féidir comhtháthú córais a éascú a thuilleadh tríd an athluchtú déthreoch (ó fheithicil go heangach) Dá bhrí sin, ba cheart do gach pointe athluchtaithe tacú le hathluchtú cliste.
Leasú 22
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 21 a (nua)
(21 a)   D’fhéadfadh muirearú déthreoch ag bonneagar atá inrochtana go príobháideach agus go poiblí daoine a spreagadh chun feithiclí leictreacha a cheannach, mar is féidir iad a úsáid ansin le haghaidh soghluaisteachta agus stóráil fuinnimh. Dá bhrí sin, ba cheart bacainní reachtacha amhail cánachas dúbailte a chosc chun an cás gnó maidir le muirearú déthreoch a fhorbairt tuilleadh agus ba cheart líon leordhóthanach stáisiún luchtaithe atá ar fáil go príobháideach agus go poiblí a chur ar fáil le haghaidh muirearú cliste déthreoch.
Leasú 23
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 21 b (nua)
(21 b)  Chun a áirithiú go ndéanfar an claochlú tapa i dtreo na soghluaisteachta ar bhealach inbhuanaithe, ba cheart ról ceannaireachta domhanda a bheith ag an Aontas i dtáirgí, teicneolaíochtaí, seirbhísí agus nuálaíochtaí inbhuanaithe, go háirithe maidir le slabhra luacha ceallraí atá ciorclach, cothrom go sóisialta agus freagrach ó thaobh an chomhshaoil de, lena n-áirítear slándáil agus inbhuanaitheacht post san aistriú chuig earnáil an iompair de bhóthar, de mhuir agus d’aerastaíochtaí nialasacha agus ísle.
Leasú 24
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 22
(22)  Maidir leis an bhforbairt a dhéantar ar bhonneagar le haghaidh feithiclí leictreacha, idirghníomhú an bhonneagair sin leis an gcóras leictreachais, agus na cearta agus na freagrachtaí a shanntar do na gníomhaithe difriúla sa mhargadh soghluaisteachta leictrí, ní mór dóibh a bheith i gcomhréir leis na prionsabail a bhunaítear le Treoir (AE) 2019/944. Ar an gcaoi sin, ba cheart d’oibreoirí córais dáileacháin dul i gcomhar ar bhonn neamh-idirdhealaitheach le haon duine a bhunaíonn nó a oibríonn pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal, agus ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur féidir leis an soláthar leictreachais le haghaidh pointe athluchtaithe a bheith ina ábhar conartha le soláthraí seachas an t-eintiteas a sholáthraíonn leictreachas don teach nó don áitreabh ina bhfuil an pointe athluchtaithe sin suite. An rochtain atá ag soláthróirí leictreachais an Aontais ar phointí athluchtaithe ba cheart í a bheith gan dochar do na maoluithe faoi Airteagal 66 de Threoir (AE) 2019/944.
(22)  Maidir leis an bhforbairt a dhéantar ar bhonneagar ar an eangach agus lasmuigh den eangach le haghaidh feithiclí leictreacha, idirghníomhú an bhonneagair sin leis an gcóras leictreachais, agus na cearta agus na freagrachtaí a shanntar do na gníomhaithe difriúla sa mhargadh soghluaisteachta leictrí, ní mór dóibh a bheith i gcomhréir leis na prionsabail a bhunaítear le Treoir (AE) 2019/944. Ar an gcaoi sin, ba cheart d’oibreoirí córais dáileacháin dul i gcomhar ar bhonn neamh-idirdhealaitheach le haon duine a bhunaíonn nó a oibríonn pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal, agus ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur féidir leis an soláthar leictreachais le haghaidh pointe athluchtaithe a bheith ina ábhar conartha le soláthraí seachas an t-eintiteas a sholáthraíonn leictreachas don teach nó don áitreabh ina bhfuil an pointe athluchtaithe sin suite. An rochtain atá ag soláthróirí leictreachais an Aontais ar phointí athluchtaithe ba cheart í a bheith gan dochar do na maoluithe faoi Airteagal 66 de Threoir (AE) 2019/944.
Leasú 25
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 23
(23)  Ba cheart bunú agus oibriú na bpointí athluchtaithe le haghaidh feithiclí leictreacha a fhorbairt mar mhargadh iomaíoch ina mbeidh rochtain oscailte le haghaidh na páirtithe uile ar spéis leo bonneagar athluchtaithe a fheidhmiú go céimneach nó a oibriú. I bhfianaise a theoranta atá an líon suíomhanna malartacha atá ar mhórbhealaí, is ábhar imní ar leith iad na lamháltais atá ar mhórbhealaí cheana, amhail gnáthstáisiúin athbhreoslaithe nó limistéir scíthe, toisc go mbíonn tréimhsí fada i gceist leo agus nach luaitear dáta deiridh sonraithe leo ar chor ar bith in amanna fiú. A mhéid is féidir agus i gcomhréir le Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle53 , ba cheart do na Ballstáit féachaint le lamháltais nua a dhámhachtain ar bhonn iomaíoch go sonrach le haghaidh stáisiúin athluchtaithe nua i limistéir scíthe ar mhórbhealaí nó in áit atá cóngarach dóibh chun an costas a bhaineann le himscaradh a theorannú agus chun iontrálaithe nua sa mhargadh a chumasú.
(23)  Ba cheart bunú agus oibriú na bpointí athluchtaithe le haghaidh feithiclí leictreacha a fhorbairt mar mhargadh iomaíoch ina mbeidh rochtain oscailte le haghaidh na páirtithe uile ar spéis leo bonneagar athluchtaithe a fheidhmiú go céimneach nó a oibriú. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit cosc a chur ar oibreoirí ceannasacha bonneagair luchtaithe a bheith ag teacht chun cinn le linn chéim na forbartha bonneagair. Tacaíonn údaráis réigiúnacha agus áitiúla leis an gcuspóir sin trí limistéir a ainmniú d’oibreoirí iomaíocha. I bhfianaise a theoranta atá an líon suíomhanna malartacha d’oibreoirí luchtaithe ar mhórbhealaí, is ábhar imní ar leith iad na lamháltais atá ar mhórbhealaí cheana, amhail gnáthstáisiúin athbhreoslaithe nó limistéir scíthe, toisc go mbíonn tréimhsí fada i gceist leo agus nach luaitear dáta deiridh sonraithe leo ar chor ar bith in amanna fiú. A mhéid is féidir agus i gcomhréir le Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ba cheart do na Ballstáit féachaint le lamháltais nua a dhámhachtain ar bhonn iomaíoch go sonrach le haghaidh stáisiúin athluchtaithe nua i limistéir scíthe ar mhórbhealaí nó in áit atá cóngarach dóibh chun cosc a chur ar ionradh ar spásanna glasa agus chun an costas a bhaineann le himscaradh a theorannú agus chun iontrálaithe nua sa mhargadh a chumasú. Is féidir machnamh a dhéanamh freisin ar an bhféidearthacht pointí athluchtaithe de chuid oibreoirí iomaíocha a chur ar bun ag limistéir scíthe ar mhórbhealaí.
__________________
__________________
53 Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO L 94, 28.3.2014, lch. 1).
53 Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO L 94, 28.3.2014, lch. 1).
Leasú 26
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 23 a (nua)
(23 a)  Tá raon leathan foinsí cistiúcháin ar fáil do na Ballstáit chun tacú le bonneagar breoslaí ionadúla a úsáid, go háirithe an tSaoráid um Théarnamh agus Athléimneacht arna bunú le Rialachán (AE) 2021/2411a, Ionstraim Tacaíochta Teicniúla an Choimisiúin arna bunú le Rialachán (AE) 2021/2401b, an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa arna bunú le Rialachán (AE) 2021/11531c agus comhpháirtíochtaí agus misin de chuid Fhís na hEorpa, go háirithe an Misean atá beartaithe maidir le Cathracha Aeráidneodracha Cliste, a bhfuil sé mar aidhm leis cathracha aeráidneodracha a dhéanamh de 100 cathair faoi 2030. Ina theannta sin, tá Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/10581d ar fáil chun tacú le hinfheistíocht sa taighde, sa nuálaíocht agus san imscaradh, go háirithe sna Ballstáit agus sna réigiúin bheagfhorbartha, agus, le clár Invest AE, trína ionú do Bhonneagar Inbhuanaithe, is féidir infheistíocht atá oiriúnaithe don todhchaí a neartú ar fud an Aontais Eorpaigh, cuidiú le hinfheistíocht phríobháideach a shlógadh agus seirbhísí comhairleacha a sholáthar do thionscnóirí tionscadail agus d’oibreoirí a oibríonn i sócmhainní bonneagair inbhuanaithe agus soghluaiste. Le blianta beaga anuas, chuir Grúpa BEI leis an tacaíocht atá á tabhairt aige chun dlús a chur le teicneolaíochtaí nua amhail an leictrea-shoghluaisteacht, comhroinnt carranna, comhroinnt rothar agus an digiteáil faoin tSaoráid Iompair Níos Glaine, agus táthar ag súil go leanfaidh BEI de raon struchtúr maoinithe a chur ar fáil chun cuidiú le dlús a chur leis an imscaradh. Ba cheart do na Ballstáit leas a bhaint as na féidearthachtaí maoinithe sin, go háirithe chun tacú le hiompar poiblí agus réitigh ghníomhacha iompair agus chun bearta a mhaoiniú atá ceaptha chun tacú le saoránaigh i mbochtaineacht fuinnimh agus soghluaisteachta.
__________________
1a Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).
1b Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (IO L 57, 18.2.2021, lch. 1).
1c Rialachán (AE) 2021/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1316/2013 agus (AE) Uimh. 283/2014 (IO L 249, 14.7.2021, lch. 38).
1d Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe (IO L 231, 30.6.2021, lch. 60).
Leasú 27
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 24
(24)  Is rud ríthábhachtach í an trédhearcacht ó thaobh praghsanna de chun an t-athluchtú agus an t-athbhreoslú éasca rianúil a áirithiú. Ba cheart faisnéis chruinn faoi phraghsanna a thabhairt d’úsáideoirí breosla ionadúil sula dtosaítear an próiseas athluchtaithe nó athbhreoslaithe. Ba cheart an praghas a chur in iúl ar bhealach atá struchtúrtha go soiléir lena gcuirtear ar a gcumas d’úsáideoirí deiridh na comhchodanna difriúla den chostas a shainaithint.
(24)  Is rud ríthábhachtach í an trédhearcacht agus an inacmhainneacht ó thaobh praghsanna de chun an t-athluchtú agus an t-athbhreoslú éasca rianúil a áirithiú. Ba cheart faisnéis chruinn faoi phraghsanna a thabhairt d’úsáideoirí breosla ionadúil sula dtosaítear an próiseas athluchtaithe nó athbhreoslaithe. Ba cheart an praghas a chur in iúl ar bhealach atá struchtúrtha go soiléir, agus an costas in aghaidh an kWh nó in aghaidh an kg á thaispeáint, nuair is infheidhme, ionas go mbeidh úsáideoirí deiridh in ann costas iomlán na hoibríochta athluchtaithe nó athbhreoslaithe a shainaithint agus a réamh-mheas.
Leasú 28
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 24 a (nua)
(24 a)  Beidh athrú suntasach ar phatrúin athluchtaithe mar thoradh ar ghlacadh feithiclí ceallra-leictreacha agus hidrigine, rud a fhágann go mbeidh faisnéis maidir le hinfhaighteacht pointí athluchtaithe leictreacha agus stáisiúin athbhreoslaithe bunriachtanach le haghaidh taisteal éasca rianúil laistigh den Aontas. Chun éifeachtúlacht na pleanála turais agus an athluchtaithe nó an athbhreoslaithe araon a bharrfheabhsú, ba cheart faisnéis chuimsitheach a thabhairt do thiománaithe maidir le hinfhaighteacht pointí sonracha athluchtaithe agus athbhreoslaithe agus maidir leis na hamanna feithimh a bhfuiltear ag dréim leo. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit oibreoirí a spreagadh chun córais faisnéise a chur ar fáil d’úsáideoirí deiridh. Ba cheart na córais sin a bheith beacht, soláimhsithe agus inoibrithe i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit agus i mBéarla.
Leasú 29
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 25
(25)  Tagann seirbhísí nua chun cinn, go háirithe chun tacú le feithiclí leictreacha a úsáid. Ba cheart d'eintitis a thairgeann na seirbhísí sin, amhail cuideachtaí líonra iompair, a bheith in ann oibriú faoi dhálaí córa margaidh. Níor cheart d’oibreoirí pointí athluchtaithe cóir fhabhrach mhíchuí a thabhairt d'aon cheann de na soláthraithe seirbhíse sin, mar shampla, trí bhíthin difreáil phraghais nach bhfuil údar maith léi a d’fhéadfadh bac a chur ar iomaíocht agus a mbeadh praghsanna níos airde le haghaidh tomhaltóirí mar thoradh uirthi. Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar fhorbairt an mhargaidh athluchtaithe. Agus an Rialachán á athbhreithniú, déanfaidh an Coimisiún bearta i gcás inar gá mar gheall ar fhorbairtí sa mhargadh amhail teorannú ar sheirbhísí le haghaidh úsáideoirí deiridh nó cleachtais ghnó a d’fhéadfadh srian a chur ar iomaíocht.
(25)  Tagann seirbhísí nua chun cinn, go háirithe chun tacú le feithiclí leictreacha a úsáid. Ba cheart d'eintitis a thairgeann na seirbhísí sin, amhail cuideachtaí líonra iompair, a bheith in ann oibriú faoi dhálaí córa margaidh. Níor cheart d’oibreoirí pointí athluchtaithe cóir fhabhrach mhíchuí a thabhairt d'aon cheann de na soláthraithe seirbhíse sin, mar shampla, trí bhíthin difreáil phraghais nach bhfuil údar maith léi a d’fhéadfadh bac a chur ar iomaíocht agus a mbeadh praghsanna níos airde le haghaidh tomhaltóirí mar thoradh uirthi. Ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta agus don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar fhorbairt an mhargaidh athluchtaithe. Ar a dhéanaí, agus an Rialachán á athbhreithniú, déanfaidh an Coimisiún bearta i gcás inar gá mar gheall ar fhorbairtí sa mhargadh amhail teorannú ar sheirbhísí le haghaidh úsáideoirí deiridh nó cleachtais ghnó a d’fhéadfadh srian a chur ar iomaíocht.
Leasú 30
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 26
(26)  I dtaca le mótarfheithiclí faoi thiomáint hidrigine de tá ráta dul i bhfód an-íseal sa mhargadh acu. Mar sin féin, tá sé ríthábhachtach bonneagar leordhóthanach athbhreoslaithe hidrigine a chothú chun gur féidir mótarfheithiclí faoi thiomáint hidrigine a imscaradh ar mhórscála mar a bheartaítear sa straitéis hidrigine um Eoraip aeráidneodrach ón gCoimisiún54 . Faoi láthair, ní imscartar pointí athbhreoslaithe hidrigine ach i roinnt Ballstát agus níl siad oiriúnach den chuid is mó d’fheithiclí tromshaothair, agus mar sin, ní féidir le feithiclí hidrigine gluaiseacht ar fud an Aontais. Ba cheart a áirithiú le spriocanna sainordaitheacha imscartha le haghaidh pointí athbhreoslaithe hidrigine atá inrochtana don phobal go n-imscartar gréasán dlúth pointí athbhreoslaithe hidrigine ar fud an chroí-ghréasáin TEN-T chun gur féidir le feithiclí saothair éadroim agus tromshaothair faoi thiomáint hidrigine taisteal ar fud an Aontais go rianúil.
(26)  I dtaca le mótarfheithiclí faoi thiomáint hidrigine de tá ráta dul i bhfód an-íseal sa mhargadh acu. Mar sin féin, tá sé ríthábhachtach bonneagar leordhóthanach athbhreoslaithe hidrigine a chothú chun gur féidir mótarfheithiclí faoi thiomáint hidrigine a imscaradh ar mhórscála mar a bheartaítear sa straitéis hidrigine um Eoraip aeráidneodrach ón gCoimisiún54 . Faoi láthair, ní imscartar pointí athbhreoslaithe hidrigine ach i roinnt Ballstát agus níl siad oiriúnach den chuid is mó d’fheithiclí tromshaothair, agus mar sin, ní féidir le feithiclí hidrigine gluaiseacht ar fud an Aontais. Ba cheart a áirithiú le spriocanna sainordaitheacha imscartha le haghaidh pointí athbhreoslaithe hidrigine atá inrochtana don phobal go n-imscartar gréasán dlúth pointí athbhreoslaithe hidrigine ar fud an chroí-ghréasáin TEN-T chun gur féidir taisteal gan uaim a dhéanamh ar fheithiclí saothair éadroim a bhreoslaítear le hidrigin, ar fheithiclí tromshaothair agus ar iompar paisinéirí comhchoiteann fadraoin ar fud an Aontais.
__________________
__________________
54 COM(2020)0301.
54 COM(2020)0301.
Leasú 31
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 27
(27)  Ba cheart a bheith in ann feithiclí faoi thiomáint hidrigine a athbhreoslú ag an gceann scríbe nó gar dó, ar gnách gur ceantar uirbeach é. Chun a áirithiú gur féidir athbhreoslú in áit atá inrochtana don phobal ag cinn scríbe sna príomhcheantair uirbeacha ar a laghad, ba cheart do na nóid uirbeacha ar fad mar a shainítear i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle55 stáisiúin athbhreoslaithe den sórt sin a sholáthar. Laistigh de na nóid uirbeacha, ba cheart do na húdaráis áitiúla a machnamh a dhéanamh ar na stáisiúin a imscaradh laistigh de lárionaid lastais ilmhódaigh, nó ní hamháin gurb iad an gnáthcheann scríbe a bhíonn ag feithiclí tromshaothair iad ach d'fhéadfaidís hidrigin a sholáthar le haghaidh modhanna eile iompair freisin, amhail iompar ar iarnród agus loingseoireacht intíre.
(27)  Ba cheart a bheith in ann feithiclí faoi thiomáint hidrigine a athbhreoslú ag an gceann scríbe nó gar dó, ar gnách gur ceantar uirbeach é. Chun a áirithiú gur féidir athbhreoslú in áit atá inrochtana don phobal ag cinn scríbe sna príomhcheantair uirbeacha ar a laghad, ba cheart do na nóid uirbeacha ar fad mar a shainítear i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle55 stáisiúin athbhreoslaithe den sórt sin a sholáthar. Laistigh de na nóid uirbeacha, ba cheart do na húdaráis áitiúla a machnamh a dhéanamh ar na stáisiúin a imscaradh laistigh de lárionaid lastais ilmhódaigh, nó ní hamháin gurb iad an gnáthcheann scríbe a bhíonn ag feithiclí tromshaothair iad ach d’fhéadfaidís hidrigin a sholáthar le haghaidh modhanna eile iompair freisin, amhail iompar ar iarnród, loingseoireacht intíre agus iompar comhchoiteann fad-achair do phaisinéirí.
__________________
__________________
55 Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).
55 Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).
Leasú 32
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 28
(28)  Ag céim luath den imscaradh sa mhargadh, bíonn leibhéal áirithe éiginnteachta ann a mhéid a bhaineann leis an gcineál feithiclí a thiocfaidh isteach ar an margadh agus an cineál teicneolaíochtaí a úsáidfear go forleathan. Mar a leagtar amach sa teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘A hydrogen strategy for a climate-neutral Europe’ [Straitéis hidrigine um Eoraip aeráidneodrach]’56, sainaithníodh an deighleog thromshaothair mar an deighleog is dóichí ina n-imscarfar feithiclí hidrigine go fairsing ar dtús. Dá bhrí sin, leis an mbonneagar athbhreoslaithe hidrigine ba cheart díriú ar an deighleog sin agus ligean d’fheithiclí saothair éadroim athbhreoslú ag stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine atá inrochtana don phobal freisin. Chun idir-inoibritheacht a áirithiú, ba cheart do gach stáisiún hidrigine atá inrochtana don phobal freastal ar hidrigin ghásach ag 700 bar ar a laghad. Agus an bonneagar á chur i bhfeidhm, ba cheart teicneolaíochtaí nua a d’fhéadfadh teacht chun cinn a chur san áireamh, mar shampla, hidrigin leachtach, lena dtugtar raon níos mó d’fheithiclí tromshaothair agus teicneolaíochtaí arb iad an rogha teicneolaíochta is fearr le monaróirí áirithe feithiclí. Chuige sin, ba cheart do líon íosta stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine hidrigin leachtach a sholáthar mar aon le hidrigin ghásach ag 700 bar.
(28)  Ag céim luath den imscaradh sa mhargadh, bíonn éiginnteacht ann a mhéid a bhaineann leis an gcineál feithiclí a thiocfaidh isteach ar an margadh agus an cineál teicneolaíochtaí a úsáidfear go forleathan. Mar a leagtar amach sa teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘A hydrogen strategy for a climate-neutral Europe’ [Straitéis hidrigine um Eoraip aeráidneodrach]’56, sainaithníodh an deighleog thromshaothair mar an deighleog is dóichí ina n-imscarfar feithiclí hidrigine go fairsing ar dtús. Dá bhrí sin, leis an mbonneagar athbhreoslaithe hidrigine ba cheart díriú ar an deighleog sin agus ligean d’fheithiclí saothair éadroim athbhreoslú ag stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine atá inrochtana don phobal freisin. Chun idir-inoibritheacht a áirithiú, ba cheart do gach stáisiún hidrigine atá inrochtana don phobal freastal ar hidrigin ghásach ag 700 bar ar a laghad. Agus an bonneagar á chur i bhfeidhm, ba cheart teicneolaíochtaí nua a d’fhéadfadh teacht chun cinn a chur san áireamh, mar shampla, hidrigin leachtach, lena dtugtar raon níos mó d’fheithiclí tromshaothair agus teicneolaíochtaí arb iad an rogha teicneolaíochta is fearr le monaróirí áirithe feithiclí. Chuige sin, ba cheart do líon íosta stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine hidrigin leachtach a sholáthar mar aon le hidrigin ghásach ag 700 bar.
__________________
__________________
56 COM(2020)0301.
56 COM(2020)0301.
Leasú 33
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 28 a (nua)
(28 a)  Tá sé tábhachtach tacú le leathadh amach éifeachtach an bhonneagair athbhreoslaithe hidrigine atá beartaithe sna Ballstáit. Chuige sin, beidh comhordú i measc na ngeallsealbhóirí go léir ag teastáil, lena n-áirítear ó institiúidí agus ceardchumainn Eorpacha, náisiúnta agus réigiúnacha agus ón tionscal. Ba cheart tionscnaimh, amhail an Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan, arna gcur ar bun le Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle, a úsáid freisin d’fhonn cistiú príobháideach a éascú agus a ghiaráil ionas go sroicfidh sé na spriocanna ábhartha a shainaithnítear sa Rialachán seo.
Leasú 34
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 30
(30)  Ba cheart d'úsáideoirí feithiclí breosla ionadúil a bheith in ann íoc go héasca agus go saoráideach ag gach pointe athluchtaithe agus athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal, gan gá a bheith ann conradh a dhéanamh le hoibreoir an phointe athluchtaithe nó athbhreoslaithe nó le cuideachta líonra iompair. Dá bhrí sin, le haghaidh an athluchtaithe agus an athbhreoslaithe ar bhonn ad hoc, ba cheart do gach pointe athluchtaithe agus athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal ionstraimí íocaíochta a úsáidtear go forleathan ar fud an Aontais a ghlacadh, agus go háirithe íocaíochtaí leictreonacha trí bhíthin teirminéil agus gléasanna a úsáidtear le haghaidh seirbhísí íocaíochta. Ba cheart an modh íocaíochta ad hoc sin a bheith ar fáil do thomhaltóirí i gcónaí, fiú amháin nuair a thairgtear íocaíochtaí conradh-bhunaithe ag an bpointe athluchtaithe nó athbhreoslaithe.
(30)  Ba cheart d'úsáideoirí feithiclí breosla ionadúil a bheith in ann íoc go héasca agus go saoráideach ag gach pointe athluchtaithe agus athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal, gan gá a bheith ann conradh a dhéanamh le hoibreoir an phointe athluchtaithe nó athbhreoslaithe nó le cuideachta líonra iompair. Dá bhrí sin, maidir le hathluchtú nó athbhreoslú ar bhonn ad hoc, ba cheart do na pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe uile atá inrochtana don phobal glacadh le híocaíocht cárta leictreonach nó le gairis a bhfuil feidhmiúlacht gan teagmháil acu atá in ann, ar a laghad, cártaí íocaíochta a léamh, agus, más féidir, ionstraimí íocaíochta breise a úsáidtear go forleathan san Aontas a ghlacadh freisin. Ba cheart an modh íocaíochta ad hoc sin a bheith ar fáil do thomhaltóirí i gcónaí, fiú amháin nuair a thairgtear íocaíochtaí conradh-bhunaithe ag an bpointe athluchtaithe nó athbhreoslaithe. Chun íocaíochtaí atá fabhrach do thomhaltóirí agus gan uaim ag stáisiúin luchtaithe agus athbhreoslaithe a ráthú, ba cheart an Coimisiún a spreagadh chun Treoir (AE) 2015/2366 a leasú chun a ráthú gur féidir íocaíocht éadadhaill a dhéanamh le cárta ag stáisiúin luchtaithe agus athbhreoslaithe.
Leasú 35
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 30 a (nua)
(30 a)  Chun a áirithiú go n-úsáidfear bonneagar athluchtaithe go héifeachtúil agus go gcuirfear feabhas ar iontaofacht agus ar mhuinín tomhaltóirí as an ríomh-shoghluaisteacht, tá sé ríthábhachtach a áirithiú go mbeidh úsáid stáisiúin athluchtaithe atá inrochtana don phobal inrochtana do gach úsáideoir, gan beann ar an mbranda gluaisteán, ar bhealach atá soláimhsithe agus neamh-idirdhealaitheach.
Leasú 36
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 31
(31)  Ba cheart don bhonneagar iompair soghluaisteacht agus inrochtaineacht rianúil a chur ar fáil do gach úsáideoir, lena n-áirítear daoine atá faoi mhíchumas agus daoine scothaosta. I bprionsabal, ba cheart suíomh gach stáisiúin athluchtaithe agus athbhreoslaithe agus na stáisiúin athluchtaithe agus athbhreoslaithe féin a dhearadh ar bhealach lena bhféadfaidh an oiread den phobal agus is féidir úsáid a bhaint astu, go háirithe daoine scothaosta, daoine atá faoi mhíchumas luaineachta agus daoine atá faoi mhíchumas. Ba cheart a áireamh leis sin, mar shampla, spás leordhóthanach sa charrchlós a sholáthar, a áirithiú nach suiteáiltear an stáisiún athluchtaithe ar dhromchla faoi cholbhaí, a áirithiú go bhfuil cnaipí nó scáileán an stáisiúin athluchtaithe ag airde iomchuí agus go bhfuil na cáblaí athluchtaithe agus athbhreoslaithe éadrom go leor ionas gur féidir le daoine atá ar bheagán brí iad a úsáid gan dua. Ina theannta sin, ba cheart do chomhéadan úsáideora na stáisiún athluchtaithe lena mbaineann a bheith inrochtana. Ar an gcaoi sin, ba cheart na ceanglais inrochtaineachta in Iarscríbhinn I agus III a ghabhann le Treoir (AE) 2019/88257 a bheith infheidhme maidir le bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe.
(31)  Ba cheart don bhonneagar iompair soghluaisteacht agus inrochtaineacht rianúil a chur ar fáil do gach úsáideoir, lena n-áirítear daoine atá faoi mhíchumas agus daoine scothaosta. Ba cheart suíomh gach stáisiúin athluchtaithe agus athbhreoslaithe agus na stáisiúin athluchtaithe agus athbhreoslaithe féin a dhearadh ar bhealach ina mbeidh siad inrochtana agus soláimhsithe don phobal ar fad, go háirithe daoine scothaosta, daoine atá faoi mhíchumas luaineachta agus daoine atá faoi mhíchumas. Ba cheart a áireamh leis sin, mar shampla, spás leordhóthanach sa charrchlós a sholáthar, a áirithiú nach suiteáiltear an stáisiún athluchtaithe ar dhromchla faoi cholbhaí, a áirithiú go bhfuil cnaipí nó scáileán an stáisiúin athluchtaithe ag airde iomchuí agus go bhfuil na cáblaí athluchtaithe agus athbhreoslaithe éadrom go leor ionas gur féidir le daoine atá ar bheagán brí iad a úsáid gan dua. Ina theannta sin, ba cheart do chomhéadan úsáideora na stáisiún athluchtaithe lena mbaineann a bheith inrochtana. Ar an gcaoi sin, ba cheart na ceanglais inrochtaineachta in Iarscríbhinn I agus III a ghabhann le Treoir (AE) 2019/88257 a bheith infheidhme maidir le bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe.
__________________
__________________
57 Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).
57 Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).
Leasú 37
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 32
(32)  Féadfaidh saoráidí leictreachais cois cladaigh freastal ar an iompar muirí agus ar an iompar ar uiscebhealaí intíre mar sholáthar cumhachta glaine agus féadfaidh siad cabhrú leis an tionchar a bhíonn ag soithí muirghabhála agus soithí uiscebhealaí intíre ar an gcomhshaol a laghdú. Faoi tionscnamh muirí FuelEu, ní mór d’oibreoirí long coimeádán agus long paisinéirí forálacha a chomhlíonadh maidir le hastaíochtaí i mbeart a laghdú. Le spriocanna sainordaitheacha imscartha ba cheart a áirithiú go bhfaighidh an earnáil soláthar leictreachais cois cladaigh leordhóthanach i gcalafoirt mhuirí an chroíghréasáin TEN-T agus an ghréasáin chuimsithigh TEN-T chun na ceanglais sin a chomhlíonadh. Le cur i bhfeidhm na spriocanna sin i gcás na gcalafort muirí ar fad ba cheart cothrom iomaíochta idir na calafoirt a áirithiú.
(32)  Féadfaidh saoráidí leictreachais cois cladaigh, bíodh siad fosaithe nó soghluaiste, freastal ar an iompar muirí agus ar an iompar ar uiscebhealaí intíre mar sholáthar cumhachta glaine agus féadfaidh siad cabhrú leis an tionchar a bhíonn ag soithí muirghabhála agus soithí uiscebhealaí intíre ar an gcomhshaol a laghdú. Tá na tairbhí sláinte poiblí agus aeráide a bhaineann le soláthar cumhachta ar tír a úsáid thar roghanna eile suntasach ó thaobh cháilíocht an aeir de do cheantair uirbeacha mórthimpeall na gcalafort. Faoi tionscnamh muirí FuelEu, ní mór d’oibreoirí long coimeádán agus long paisinéirí forálacha a chomhlíonadh maidir le hastaíochtaí i mbeart a laghdú. Le spriocanna sainordaitheacha imscartha ba cheart a áirithiú go bhfaighidh an earnáil soláthar leictreachais cois cladaigh leordhóthanach i gcalafoirt mhuirí an chroíghréasáin TEN-T agus an ghréasáin chuimsithigh TEN-T chun na ceanglais sin a chomhlíonadh. Ós rud é go bhfuil creataí rialachais éagsúla ann lena rialaítear calafoirt mhuirí san Aontas, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go n-úsáidfear an bonneagar sna críochfoirt ábhartha ina bhfuil an líon is mó cuairteanna ar chalafort do gach cineál loinge ar leith, chun na spriocanna sin a bhaint amach. Le cur i bhfeidhm na spriocanna sin i gcás na gcalafort muirí ar fad ba cheart cothrom iomaíochta idir na calafoirt a áirithiú. I bhfianaise na gcostas agus na castachta a bhaineann le leathadh amach leictreachais cois cladaigh i gcalafoirt mhuirí, tá sé ríthábhachtach tosaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí laistigh de chalafoirt agus, i gcás inarb ábhartha, idir críochfoirt, i gcás ina bhfuil an chiall is mó acu ó thaobh úsáid, inmharthanacht eacnamaíoch, laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus truailliú aeir, agus acmhainneacht eangaí de.
Leasú 38
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 32 a (nua)
(32 a)  Ba cheart do na Ballstáit gach beart is gá a dhéanamh chun tiontú minicíochta agus cumhacht cúltaca leordhóthanach a áirithiú agus chun a áirithiú go ndéanfar an eangach leictreachais a leathnú go leordhóthanach, ó thaobh nascacht agus acmhainneacht de, chun a áirithiú go soláthrófar dóthain soláthair leictreachais cois cladaigh chun freastal ar na héilimh chumhachta a eascraíonn as leictreachas cois cladaigh a sholáthar i gcalafoirt, mar a cheanglaítear leis an Rialachán seo. Chun leanúnachas a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit an eangach a uasghrádú agus a chothabháil ionas go mbeidh sí in ann déileáil leis an éileamh atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo ar sheirbhísí leictreachais cois cladaigh i gcalafoirt. Más rud é nach féidir dóthain leictreachais cois cladaigh a sholáthar, mar gheall ar thoilleadh lag san eangach áitiúil a nascann leis an gcalafort, ba cheart don Bhallstát an méid sin a chur ina cheart agus níor cheart é a mheas mar mhainneachtain ag an gcalafort ná ag úinéir nó oibreoir na loinge ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh, fad a bheidh acmhainn neamhleor na heangaí áitiúla fianaithe go cuí ag bainisteoir na heangaí.
Leasú 39
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 32 b (nua)
(32 b)  Chun breoslaí ionadúla a fhorbairt agus a úsáid don earnáil mhuirí, tá gá le cur chuige comhordaithe chun an soláthar agus an t-éileamh a mheaitseáil agus chun sócmhainní tréigthe a sheachaint. Dá bhrí sin, ba cheart do na gníomhaithe ábhartha poiblí agus príobháideacha uile a bheith rannpháirteach i leathadh amach breoslaí ionadúla agus go háirithe leictreachais cois cladaigh, lena n-áirítear údaráis ábhartha ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta, údaráis chalafoirt, oibreoirí críochfoirt, oibreoirí eangaí, oibreoirí soláthair cumhachta ar tír, úinéirí long agus gníomhaithe ábhartha eile sa mhargadh muirí, ach gan a bheith teoranta dóibh sin amháin.
Leasú 40
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 32 c (nua)
(32 c)  Chun creat reachtach comhleanúnach a áirithiú maidir le húsáid agus imscaradh breoslaí ionadúla, ba cheart an Rialachán seo a ailíniú le Rialachán XXXX-XXX [an tionscnamh ‘FuelEU Maritime’] agus le Treoir 2003/96/CE [an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh]. Ba cheart go n-áiritheofaí leis an ailíniú sin go mbeidh rialacha ag gabháil leis na forálacha maidir le soláthar cumhachta ar tír i gcalafoirt lena sainordaítear úsáid leictreachais cois cladaigh ag longa agus rialacha lena ndreasaítear a úsáid trí dhíolúine chánach.
Leasú 41
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 32 d (nua)
(32 d)  Le tosaíocht a thabhairt do chodanna áirithe loingseoireachta chun leictreachas cois cladaigh a sholáthar agus a úsáid chun astaíochtaí i mbeart a laghdú, níor cheart codanna eile a dhíolmhú ó rannchuidiú leis na spriocanna i leith na haeráide agus an truaillithe nialasaigh. Dá bhrí sin, mar chuid den athbhreithniú ar an Rialachán seo, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar shíneadh a chur leis na forálacha a bhaineann le soláthar íosta leictreachais cois cladaigh i gcalafoirt mhuirí lárnacha TEN-T agus i gcalafoirt mhuirí chuimsitheacha chun longa níos lú agus cineálacha breise long a áireamh freisin. Ba cheart don Choimisiún, go háirithe, breithniú a dhéanamh ar infhaighteacht sonraí ábhartha, ar an laghdú a d’fhéadfadh a bheith ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus ar thruailliú aeir, ar fhorbairt theicneolaíoch agus ar éifeachtacht leathnú an raon feidhme ó thaobh tairbhí aeráide agus sláinte de, scála an ualaigh riaracháin chomh maith leis na hiarmhairtí airgeadais agus sóisialta a bhaineann leis sin. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar na forálacha a leathnú chun bonneagar a cheadú lena soláthrófaí leictreachas cois cladaigh do shoithí ar ancaireacht laistigh de limistéar calafoirt;
Leasú 42
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 32 e (nua)
(32 e)  Tá sé tábhachtach sócmhainní tréigthe a sheachaint agus a áirithiú go mbeidh na hinfheistíochtaí poiblí agus príobháideacha a dhéantar inniu slán i bhfad na haimsire agus go rannchuideoidh siad leis an gconair aeráidneodrach mar a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip. Ní mór féachaint ar imscaradh an leictreachais cois cladaigh i gcalafoirt mhuirí in éineacht leis na teicneolaíochtaí coibhéiseacha malartacha maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus truailleáin nialasacha atá ann faoi láthair, agus na teicneolaíochtaí a bheidh le himscaradh amach anseo, go háirithe na teicneolaíochtaí sin lena soláthraítear laghduithe ar astaíochtaí agus ar thruailleáin i mbeart agus le linn loingseoireachta araon.
Leasú 43
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 34
(34)  Ba cheart do na spriocanna sin na cineálacha soithí a bhfreastalaítear orthu agus na méideanna tráchta féin a chur san áireamh. Ba cheart calafoirt mhuirí ina mbíonn méideanna ísle tráchta de chatagóirí áirithe soithí a dhíolmhú ó na ceanglais shainordaitheacha le haghaidh na gcatagóirí comhfhreagracha soithí bunaithe ar leibhéal íosta méid tráchta, ionas nach suiteálfar acmhainn tearcúsáidte. Ar an gcaoi chéanna, níor cheart é a bheith d’aidhm ag na spriocanna sainordaitheacha an t-éileamh uasta a bhaint amach ach méid atá ard a dhóthain, chun acmhainn tearcúsáidte a sheachaint agus chun tréithe oibrithe calafoirt a chur san áireamh. Is nasc tábhachtach é an t-iompar muirí le haghaidh chomhtháthú agus fhorbairt eacnamaíoch na n-oileán san Aontas. D’fhéadfadh sé nach mbeadh an acmhainn táirgthe fuinnimh ar na hoileáin sin leordhóthanach i gcónaí chun freastal ar an éileamh cumhachta is gá chun tacú le soláthar leictreachais cois cladaigh a sholáthar. I gcás den sórt sin, ba cheart oileáin a dhíolmhú ón gceanglas sin ach amháin má dhéantar nasc leictreach leis an mórthír agus go dtí go ndéantar an nasc sin nó má tá acmhainn leordhóthanach ann a ghintear go háitiúil ó fhoinsí fuinnimh ghlain.
(34)  Ba cheart do na spriocanna sin na cineálacha soithí a bhfreastalaítear orthu agus na méideanna tráchta féin a chur san áireamh. Ba cheart calafoirt mhuirí ina mbíonn méideanna ísle tráchta de chatagóirí áirithe soithí a dhíolmhú ó na ceanglais shainordaitheacha le haghaidh na gcatagóirí comhfhreagracha soithí bunaithe ar leibhéal íosta méid tráchta, ionas nach suiteálfar acmhainn tearcúsáidte. Ar an gcaoi chéanna, níor cheart é a bheith d’aidhm ag na spriocanna sainordaitheacha an t-éileamh uasta a bhaint amach ach méid atá ard a dhóthain, chun acmhainn tearcúsáidte a sheachaint agus chun tréithe oibrithe calafoirt a chur san áireamh. Is nasc tábhachtach é an t-iompar muirí le haghaidh chomhtháthú agus fhorbairt eacnamaíoch na n-oileán san Aontas, chomh maith leis na réigiúin is forimeallaí, dá n-úsáidtear iompar muirí chun críocha gníomhaíochtaí turasóireachta. D’fhéadfadh sé nach mbeadh a n-acmhainn táirgthe fuinnimh leordhóthanach i gcónaí chun freastal ar an éileamh cumhachta is gá chun tacú le soláthar leictreachais cois cladaigh a sholáthar. I gcás den sórt sin, ba cheart na críocha sin a dhíolmhú ón gceanglas sin ach amháin má dhéantar nasc leictreach leis an mórthír agus go dtí go ndéantar an nasc sin nó má tá acmhainn leordhóthanach ann a ghintear go háitiúil ó fhoinsí fuinnimh ghlain.
Leasú 44
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 35
(35)  Ba cheart croíghréasán de phointí athbhreoslaithe GNL a bheith ar fáil ag calafoirt mhuirí faoi 2025. Áirítear le pointí athbhreoslaithe GNL, críochfoirt GNL, umair, coimeádáin shoghluaiste, soithí buncair agus báirsí.
(35)  Ba cheart croíghréasán de phointí athbhreoslaithe do GNL, hidrigin agus amóinia a bheith ar fáil ag calafoirt mhuirí faoi 2025. I ngeall ar ról idirthréimhseach an bhreosla, ba cheart imscaradh bhonneagar GNL a bheith á thiomáint ag éileamh an mhargaidh, chun sócmhainní tréigthe agus acmhainn tearcúsáidte a sheachaint. Áirítear le pointí athbhreoslaithe GNL, críochfoirt GNL, umair, coimeádáin shoghluaiste, soithí buncair agus báirsí.
Leasú 45
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 36
(36)  Maidir leis an soláthar leictreachais chuig aerárthaí atá ina stad ag aerfoirt, ba cheart foinse fuinnimh níos glaine trí aonaid cumhachta aerárthaí (Aonad Cumhachta Cúntach a úsáid) nó talamhaonaid chumhachta (GPUnna) a chur in ionad ídiú breosla leachtaigh. Ba cheart go ndéanfadh sin astaíochtaí truailleán agus astaíochtaí torainn a laghdú, caighdeán an aeir a fheabhsú agus an tionchar ar an athrú aeráide a laghdú. Dá bhrí sin, ba cheart do gach oibríocht iompair tráchtála a bheith in ann úsáid a bhaint as soláthar leictreachais seachtrach agus iad páirceáilte ag geataí nó ag suíomhanna in aerfoirt TEN-T.
(36)  Maidir leis an soláthar leictreachais chuig aerárthaí atá ina stad ag aerfoirt, ba cheart foinse fuinnimh níos glaine trí aonaid cumhachta aerárthaí (Aonad Cumhachta Cúntach a úsáid) nó talamhaonaid chumhachta (GPUnna) a chur in ionad ídiú breosla leachtaigh. Dá bhrí sin, ba cheart do gach oibríocht iompair tráchtála a chumhdaítear faoi raon feidhme an Rialacháin seo úsáid a bhaint as soláthar seachtrach leictreachais le linn iad a bheith páirceáilte ag geataí nó ag suíomhanna lasmuigh ag aerfoirt. Ina theannta sin, chun go bhféadfaidh aerárthaí tráchtála paisinéirí a n-innill a mhúchadh go hiomlán agus iad páirceáilte, ba cheart córais aeir réamhchóirithe (PCA) i gcroí-aerfoirt TEN-T a chur san áireamh. Leis sin, dhéanfaíastaíochtaí truailleán agus astaíochtaí torainn a laghdú, caighdeán an aeir a fheabhsú agus an tionchar ar an athrú aeráide a laghdú. Dá bhrí sin, ba cheart do gach oibríocht iompair tráchtála a bheith in ann úsáid a bhaint as soláthar leictreachais seachtrach agus córais aeir réamhchóirithe, agus iad páirceáilte ag geataí nó ag suíomhanna in aerfoirt TEN-T.
Leasú 46
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 37
(37)  I gcomhréir le hAirteagal 3 de Threoir 2014/94/AE, tá creataí beartais náisiúnta bunaithe ag na Ballstáit ina leagtar amach a gcuid pleananna agus cuspóirí chun a áirithiú go mbainfí amach na cuspóirí sin. Cuireadh i dtábhacht leis an measúnú a rinneadh ar an gcreat beartais náisiúnta agus leis an meastóireacht a rinneadh ar Threoir 2014/94/AE go bhfuil gá le huaillmhian níos mó agus cur chuige a chomhordaítear ar bhealach níos fearr ar fud na mBallstát i bhfianaise an mhéadaithe a mheastar a thiocfaidh ar ghlacadh feithiclí breosla ionadúil, go háirithe feithiclí leictreacha. Thairis sin, beidh gá le roghanna malartacha ar bhreoslaí iontaise i ngach modh iompair chun uaillmhianta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a chomhlíonadh. Ba cheart na Creataí Beartais Náisiúnta atá ann faoi láthair a athbhreithniú chun tuairisc shoiléir a thabhairt ar an gcaoi a bhfreastalóidh na Ballstáit ar an ngá an-mhór a bheidh le bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal, faoi mar a chuirtear in iúl sna spriocanna sainordaitheacha. Ba cheart do na creataí athbhreithnithe aghaidh a thabhairt, ar bhealach cothrom, ar na modhanna iompair ar fad, lena n-áirítear na modhanna sin nach bhfuil spriocanna sainordaitheacha imscartha ann lena n-aghaidh.
(37)  I gcomhréir le hAirteagal 3 de Threoir 2014/94/AE, tá creataí beartais náisiúnta bunaithe ag na Ballstáit ina leagtar amach a gcuid pleananna agus cuspóirí chun a áirithiú go mbainfí amach na cuspóirí sin. Cuireadh i dtábhacht leis an measúnú a rinneadh ar an gcreat beartais náisiúnta agus leis an meastóireacht a rinneadh ar Threoir 2014/94/AE go bhfuil gá le huaillmhian níos mó agus cur chuige a chomhordaítear ar bhealach níos fearr ar fud na mBallstát i bhfianaise an mhéadaithe a mheastar a thiocfaidh ar ghlacadh feithiclí breosla ionadúil, go háirithe feithiclí leictreacha. Thairis sin, ba cheart breoslaí iontaise a chéimniú amach agus beidh gá le roghanna malartacha inbhuanaithe i ngach modh iompair chun uaillmhianta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus cuspóirí aeráide an Aontais a chomhlíonadh. Ba cheart na Creataí Beartais Náisiúnta atá ann faoi láthair a athbhreithniú chun tuairisc shoiléir a thabhairt ar an gcaoi a bhfreastalóidh na Ballstáit ar an ngá an-mhór a bheidh le bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal, faoi mar a chuirtear in iúl sna spriocanna sainordaitheacha. Ba cheart na creataí beartais náisiúnta a bheith bunaithe ar anailís chríochach, lena sainaithneofar na riachtanais éagsúla agus lena gcuirfear san áireamh, i gcás inarb ábhartha, pleananna imscartha réigiúnacha agus áitiúla atá ann cheana maidir le bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe. Ba cheart aird a thabhairt ar cheantair thuaithe chun inrochtaineacht iomlán ar bhonneagar den sórt sin a áirithiú. Thairis sin, ba cheart do na creataí athbhreithnithe aghaidh a thabhairt, ar bhealach cothrom, ar na modhanna iompair ar fad, lena n-áirítear na modhanna sin nach bhfuil spriocanna sainordaitheacha imscartha ann lena n-aghaidh.
Leasú 47
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 38
(38)  Ba cheart gníomhaíochtaí tacaíochta a áireamh sna creataí beartais náisiúnta athbhreithnithe chun an margadh a fhorbairt a mhéid a bhaineann le breoslaí ionadúla, lena n-áirítear imscaradh an bhonneagair is gá a chur i bhfeidhm, i ndlúthchomhar le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla agus leis an tionscal lena mbaineann, agus riachtanais na bhfiontar beag agus meánmhéide á gcur san áireamh. Ina theannta sin, ba cheart do na creataí athbhreithnithe tuairisc a thabhairt ar an gcreat náisiúnta foriomlán chun bonneagar den sórt sin a phleanáil, a cheadú agus a sholáthar, lena n-áirítear na bacainní arna n-aithint agus na gníomhaíochtaí chun na bacainní sin a bhaint ionas gur féidir an bonneagar a chur i bhfeidhm ar bhonn níos tapúla.
(38)  Ba cheart na creataí beartais náisiúnta athbhreithnithe a ailíniú le cuspóirí aeráide an Aontais agus sciaranna mionsonraithe margaidh agus tráchta a áireamh iontu, go háirithe i gcás trácht idirthurais, faireachán agus meastóireacht ar shonraí ar bhonn rialta, foráil a dhéanamh maidir le réamh-mheastacháin mhargaidh agus gníomhaíochtaí tacaíochta chun an margadh a fhorbairt a mhéid a bhaineann le breoslaí ionadúla, lena n-áirítear imscaradh an bhonneagair is gá a chur ar bun, i ndlúthchomhar leis na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla agus leis an tionscal lena mbaineann, agus na riachtanais a bhaineann le haistriú cóir ó thaobh na sochaí de agus le fiontair bheaga agus mheánmhéide a áirithiú á gcur san áireamh ag an am céanna. Ina theannta sin, ba cheart do na creataí athbhreithnithe tuairisc a thabhairt ar an gcreat náisiúnta foriomlán chun bonneagar den sórt sin a phleanáil, a cheadú agus a sholáthar, lena n-áirítear na bacainní arna n-aithint agus na gníomhaíochtaí chun na bacainní sin a bhaint ionas gur féidir an bonneagar a chur i bhfeidhm ar bhonn níos tapúla. Ba cheart an aird is mó is féidir a thabhairt ar chéad phrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh sna creataí beartais náisiúnta athbhreithnithe. Ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar an Moladh agus na Treoirlínte maidir le cur chun feidhme an phrionsabail a eisíodh le déanaí, ina mínítear conas is féidir le cinntí pleanála, beartais agus infheistíochta tomhaltas fuinnimh a laghdú i roinnt príomhearnálacha, lena n-áirítear earnáil an iompair.
Leasú 48
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 39
(39)  Ba cheart don Choimisiún forbairt agus cur chun feidhme chreataí beartais náisiúnta athbhreithnithe na mBallstát a éascú trí bhíthin malartuithe faisnéise agus dea-chleachtas i measc na mBallstát.
(39)  Ba cheart don Choimisiún forbairt agus cur chun feidhme chreataí beartais náisiúnta athbhreithnithe na mBallstát a éascú trí bhíthin malartuithe faisnéise agus dea-chleachtas i measc na mBallstát agus na n-údarás réigiúnach agus áitiúil.
Leasú 49
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 40
(40)  Chun breoslaí ionadúla a chur chun cinn agus an bonneagar ábhartha a fhorbairt, ba cheart straitéisí mionsonraithe a bheith sna creataí beartais náisiúnta chun breoslaí ionadúla a chur chun cinn in earnálacha atá deacair a dhícharbónú, amhail earnáil na heitlíochta, an t-iompar muirí, an t-iompar ar uiscebhealaí intíre mar aon leis an iompar ar iarnród ar chodanna den ghréasán nach féidir a leictriú. Ba cheart do na Ballstáit straitéisí soiléire a fhorbairt, go háirithe chun iompar ar uiscebhealaí intíre feadh an ghréasáin TEN-T a dhícharbónú, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit lena mbaineann. Ba cheart straitéisí fadtéarmacha dícharbónaithe a fhorbairt le haghaidh calafoirt TEN-T agus aerfoirt TEN-T, agus béim a chur go háirithe ar bhonneagar a imscaradh le haghaidh soithí agus aerárthaí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha agus le haghaidh línte iarnróid nach ndéanfar a leictriú. Ar bhonn na straitéisí sin, ba cheart don Choimisiún an Rialachán seo a athbhreithniú d’fhonn níos mó spriocanna sainordaitheacha a shocrú le haghaidh na n-earnálacha sin.
(40)  Chun breoslaí ionadúla a chur chun cinn agus an bonneagar ábhartha a fhorbairt, ba cheart straitéisí mionsonraithe a bheith sna creataí beartais náisiúnta chun breoslaí ionadúla a chur chun cinn in earnálacha atá deacair a dhícharbónú, amhail earnáil na heitlíochta, an t-iompar muirí agus an t-iompar ar uiscebhealaí intíre, mar aon leis an iompar ar iarnród ar chodanna den ghréasán nach féidir a leictriú. Ba cheart do na Ballstáit straitéisí soiléire a fhorbairt, go háirithe chun iompar ar uiscebhealaí intíre feadh an ghréasáin TEN-T a dhícharbónú, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit lena mbaineann. Ba cheart straitéisí fadtéarmacha dícharbónaithe a fhorbairt le haghaidh calafoirt TEN-T agus aerfoirt TEN-T, agus béim a chur go háirithe ar bhonneagar a imscaradh le haghaidh soithí agus aerárthaí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha agus le haghaidh línte iarnróid nach ndéanfar a leictriú. Ar bhonn na straitéisí sin, agus, ag cur san áireamh na sonraí maidir le sciar an mhargaidh agus an tráchta náisiúnta agus na réamh-mheastacháin margaidh, ba cheart don Choimisiún an Rialachán seo a athbhreithniú d’fhonn níos mó spriocanna sainordaitheacha a shocrú le haghaidh na n-earnálacha sin.
Leasú 50
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 40 a (nua)
(40 a)  Cé nach bhfuil ach thart ar 56 % den ghréasán iarnróid Eorpach atá ann cheana leictrithe, is ionann traenacha leictreacha agus níos mó ná 80 % d’iomlán na gciliméadar traenach a thaistealaítear. Mar sin féin, meastar go bhfuil thart ar 6 000 traein díosail fós in úsáid inniu. Ós rud é go bhfuil siad ag brath ar bhreoslaí iontaise, gineann siad astaíochtaí gás ceaptha teasa agus truailliú aeir. Is gá bonneagar breoslaí ionadúla a imscaradh tuilleadh ar bhonn práinne san earnáil iarnróid, dá bhrí sin, chun an t-aistriú ó thraenacha a chumhachtaítear le breoslaí iontaise a áirithiú, agus ar an gcaoi sin, chun a áirithiú go mbeidh ról ag na hearnálacha iompair uile san aistriú i dtreo geilleagar aeráidneodrach. Dá bhrí sin, is iomchuí, leis an Rialachán seo, go leagfar síos na spriocanna nithiúla a mholtar faoin Rialachán seo. Tá teicneolaíochtaí éagsúla ar fáil don earnáil iarnróid chun aistriú ó thraenacha díosail, lena n-áirítear leictriú díreach, traenacha a chumhachtaítear le ceallraí agus feidhmeanna hidrigine, i gcás nach féidir leictriú díreach deighleoige a dhéanamh ar chúiseanna a bhaineann le costéifeachtúlacht na seirbhíse. Chun na teicneolaíochtaí sin a fhorbairt, is gá bonneagar oiriúnach athluchtaithe agus athbhreoslaithe a imscaradh sna Ballstáit. Sula n-imscarfar é, ba cheart do na Ballstáit measúnú cúramach a dhéanamh ar na suíomhanna is fearr don bhonneagar sin, agus ba cheart dóibh, go háirithe, breithniú a dhéanamh ar imscaradh an bhonneagair i moil ilmhódacha agus i nóid uirbeacha. Ba cheart bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a chur san áireamh go hiomlán i gcinntí pleanála agus infheistíochta.
Leasú 51
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 41
(41)  Ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as réimse leathan dreasachtaí agus beart rialála agus neamhrialála chun na spriocanna sainordaitheacha a bhaint amach agus chun na creataí beartais náisiúnta a chur chun feidhme, i ndlúthchomhar le gníomhaithe na hearnála príobháidí, ar cheart dóibh príomhról a ghlacadh chun tacú le bonneagar breoslaí ionadúla a fhorbairt.
(41)  Ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as réimse leathan dreasachtaí agus beart margadhbhunaithe agus rialála chun na spriocanna sainordaitheacha a bhaint amach agus chun a gcreataí beartais náisiúnta a chur chun feidhme, i ndlúthchomhar le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, chomh maith le gníomhaithe na hearnála príobháidí, ar cheart dóibh príomhról a ghlacadh chun tacú le bonneagar breoslaí ionadúla a fhorbairt, agus maoiniú a chur ar fáil lena haghaidh sin.
Leasú 52
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 41 b (nua)
(41 b)  Ba cheart do na Ballstáit scéimeanna dreasaíochta a thabhairt isteach agus gach beart is gá a dhéanamh agus iad ag féachaint le modhanna inbhuanaithe iompair a chur chun cinn. Ba cheart béim ar leith a chur ar ról na n-údarás bardasach nó réigiúnach, a d’fhéadfadh glacadh feithiclí lena n-úsáidtear breoslaí iondúla a éascú trí dhreasachtaí cánach tiomnaithe, soláthar poiblí nó rialacháin maidir le trácht áitiúil.
Leasú 53
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 42
(42)  De bhun Threoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle58, forchoimeádtar íosmhéid scaireanna náisiúnta den soláthar poiblí le haghaidh busanna glana agus busanna astaíochtaí nialasacha, i gcás ina n-úsáideann bus glas breoslaí ionadúla mar a shainítear in Airteagal 2, pointe (3) den Rialachán seo. Agus méadú ag teacht ar an líon údarás iompair phoiblí agus ar an líon oibreoirí atá ag athrú chuig busanna glana agus chuig busanna astaíochtaí nialasacha chun na spriocanna sin a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit cur chun cinn agus forbairt spriocdhírithe an bhonneagair bus is gá a áireamh mar phríomhghné ina gCreataí Beartais Náisiúnta. Ba cheart do na Ballstáit ionstraimí iomchuí a bhunú agus a choinneáil ar bun chun imscaradh bonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe le haghaidh flíteanna faoi chuing a chur chun cinn freisin, go háirithe le haghaidh busanna glana agus busanna astaíochtaí nialasacha ar an leibhéal áitiúil.
(42)  De bhun Threoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle58, forchoimeádtar íosmhéid scaireanna náisiúnta den soláthar poiblí le haghaidh busanna glana agus busanna astaíochtaí nialasacha, i gcás ina n-úsáideann bus glas breoslaí ionadúla mar a shainítear in Airteagal 2, pointe (3) den Rialachán seo. Agus méadú ag teacht ar an líon údarás iompair phoiblí agus ar an líon oibreoirí atá ag athrú chuig busanna glana agus chuig busanna astaíochtaí nialasacha chun na spriocanna sin a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit cur chun cinn agus forbairt spriocdhírithe an bhonneagair bus is gá a áireamh mar phríomhghné ina gCreataí Beartais Náisiúnta. Ba cheart do na Ballstáit ionstraimí iomchuí a bhunú agus a choinneáil ar bun chun imscaradh bonneagair luchtaithe agus athbhreoslaithe a chur chun cinn freisin le haghaidh flíteanna faoi chuing, go háirithe le haghaidh busanna astaíochtaí nialasacha, cóistí agus comhroinnt carranna feadh na mbóithre agus ba cheart dóibh a bheith in ann an t-imscaradh sin a áireamh sna spriocanna a leagtar amach sa Rialachán seo.
__________________
__________________
58 Treoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le feithiclí iompair de bhóthar atá glan agus éifeachtúil ó thaobh an fhuinnimh de a chur chun cinn (IO L 120, 15.5.2009, lch. 5).
58 Treoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le feithiclí iompair de bhóthar atá glan agus éifeachtúil ó thaobh an fhuinnimh de a chur chun cinn (IO L 120, 15.5.2009, lch. 5).
Leasú 54
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 43
(43)  I bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar an éagsúlacht ó thaobh chineál na mbreoslaí atá ar fáil le haghaidh mótarfheithiclí mar aon leis an bhfás leanúnach ar shoghluaisteacht saoránach de bhóthar ar fud an Aontais, is gá faisnéis chruinn shothuigthe a sholáthar d'úsáideoirí feithiclí faoi na breoslaí atá ar fáil ag stáisiúin athbhreoslaithe agus faoi chomhoiriúnacht a bhfeithicle le breoslaí éagsúla nó pointí athluchtaithe ar mhargadh an Aontais. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cinneadh a dhéanamh na bearta faisnéise sin a chur chun feidhme chomh maith maidir le feithiclí a cuireadh ar an margadh roimh an 18 Samhain 2016.
(43)  I bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar an éagsúlacht ó thaobh chineál na mbreoslaí atá ar fáil le haghaidh mótarfheithiclí mar aon leis an bhfás leanúnach ar shoghluaisteacht saoránach de bhóthar ar fud an Aontais, is gá faisnéis chruinn shothuigthe a sholáthar d'úsáideoirí feithiclí faoi na breoslaí atá ar fáil ag stáisiúin athbhreoslaithe agus faoi chomhoiriúnacht a bhfeithicle le breoslaí éagsúla nó pointí athluchtaithe ar mhargadh an Aontais. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cinneadh a dhéanamh na bearta faisnéise sin a chur chun feidhme chomh maith maidir le feithiclí a cuireadh ar an margadh roimhe sin.
Leasú 55
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 44
(44)  Faisnéis shimplí faoi phraghsanna na mbreoslaí éagsúla, faisnéis trínar féidir praghsanna a chur i gcomparáid le chéile go héasca, d’fhéadfadh ról tábhachtach a bheith ag an bhfaisnéis sin chun a chur ar a gcumas d'úsáideoirí feithiclí meastóireacht a dhéanamh ar chostas coibhneasta na mbreoslaí aonair atá ar fáil ar an margadh. Dá bhrí sin, comparáid praghsanna aonaid le haghaidh breoslaí ionadúla áirithe agus gnáthbhreoslaí áirithe, arna sloinneadh mar ‘phraghas breosla in aghaidh 100 km’, ba cheart an chomparáid sin a thaispeáint chun críoch faisnéise ag na stáisiúin breosla ábhartha ar fad.
(44)  Faisnéis shimplí faoi phraghsanna na mbreoslaí éagsúla, faisnéis trínar féidir praghsanna a chur i gcomparáid le chéile go héasca, d’fhéadfadh ról tábhachtach a bheith ag an bhfaisnéis sin chun a chur ar a gcumas d'úsáideoirí feithiclí meastóireacht a dhéanamh ar chostas coibhneasta na mbreoslaí aonair atá ar fáil ar an margadh. Dá bhrí sin, comparáid praghsanna aonaid le haghaidh breoslaí ionadúla áirithe agus gnáthbhreoslaí áirithe, arna sloinneadh mar ‘phraghas breosla in aghaidh 100 km’ ba cheart an chomparáid sin a thaispeáint chun críoch faisnéise ag na stáisiúin breosla ábhartha ar fad. Ba cheart soiléiriú a thabhairt do thomhaltóirí ar an mbaint atá ag an gcomparáid praghsanna seo leis na meánphraghsanna breosla sa Bhallstát, praghsanna a d’fhéadfadh a bheith éagsúil leis na fíorphraghsanna a ghearrtar ag an stáisiún breosla atá i gceist. Thairis sin, i gcás athluchtú ad hoc leictreachais agus athbhreoslú ad hoc hidrigine, ba cheart an praghas a ghearrtar ag an stáisiún atá i gceist a sholáthar in aghaidh an kWh agus in aghaidh an kg faoi seach freisin.
Leasú 56
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 46
(46)  Ba cheart ról bunúsach a bheith ag sonraí i bhfeidhmiú leordhóthanach an bhonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe. Trí bhíthin na formáide inar cheart na sonraí sin a chur ar fáil agus a bheith inrochtana mar aon lena mhinice ba cheart iad a chur ar fáil agus a bheith inrochtana agus an cháilíocht inar cheart na sonraí sin a chur ar fáil agus a bheith inrochtana, ba cheart cáilíocht fhoriomlán éiceachórais bonneagair le haghaidh breoslaí ionadúla a chomhlíonann riachtanais an úsáideora a chinneadh. Thairis sin, ba cheart na sonraí sin a bheith inrochtana ar bhealach comhleanúnach sna Ballstáit ar fad. Dá bhrí sin, ba cheart na sonraí a sholáthar i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i dTreoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle59 le haghaidh pointí rochtana náisiúnta (NAPanna).
(46)  Ba cheart ról bunúsach a bheith ag sonraí i bhfeidhmiú leormhaith an bhonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe. Trí bhíthin na formáide inar cheart na sonraí sin a chur ar fáil agus a bheith inrochtana mar aon lena mhinice ba cheart iad a chur ar fáil agus a bheith inrochtana agus an cháilíocht inar cheart na sonraí sin a chur ar fáil agus a bheith inrochtana, ba cheart cáilíocht fhoriomlán éiceachórais bonneagair le haghaidh breoslaí ionadúla a chomhlíonann riachtanais an úsáideora a chinneadh. Thairis sin, ba cheart na sonraí sin a bheith inrochtana ar bhealach comhleanúnach sna Ballstáit ar fad. Dá bhrí sin, ba cheart na sonraí a sholáthar mar shonraí oscailte i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i dTreoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle59 le haghaidh pointí rochtana náisiúnta. I gcás seirbhísí a cheadaíonn taisteal gan uaim ar fud an Aontais, ba cheart córas ar fud an Aontais a chruthú freisin, agus faisnéis chaighdeánaithe á hallmhairiú ó chórais náisiúnta. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún pointe rochtana coiteann Eorpach a bhunú ar leibhéal an Aontais, chun feidhmiú mar thairseach sonraí d’úsáideoirí deiridh agus do sholáthraithe seirbhíse soghluaisteachta chun go mbeidh siad in ann rochtain éasca a fháil ar na sonraí ábhartha a choimeádtar sna Pointí Rochtana Náisiúnta. Ba cheart , nuair is féidir, go mbeadh sé comhoiriúnach agus idir-inoibritheach leis na córais faisnéise agus áirithinte atá ann cheana arna bhforbairt ag na Ballstáit. D’fhéadfadh an pointe rochtana Eorpach comparáidí níos fearr praghsanna a éascú do thomhaltóirí idir oibreoirí athluchtaithe agus athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal ar an margadh inmheánach agus d’fhéadfadh sé faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí maidir le hinrochtaineacht, infhaighteacht agus na tréimhsí feithimh a bhaineann leis na pointí athbhreoslaithe agus athluchtaithe, agus acmhainneacht na mbreoslaí ionadúla atá fágtha sna pointí sin. D’fhéadfadh sé sin cuidiú le cur isteach ar an trácht a chosc agus dul chun sochair do shábháilteacht ar bhóithre. Ba cheart an fhaisnéis sin a chur ar fáil trí chomhéadan poiblí atá cothrom le dáta, soláimhsithe, inrochtana agus ilteangach ar leibhéal an Aontais.
__________________
__________________
59 Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le creat chun Córais Chliste Iompair a úsáid i réimse an iompair de bhóthar agus le haghaidh comhéadan le modhanna eile iompair ( IO L 207, 6.8.2010, lch. 1).
59 Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le creat chun Córais Chliste Iompair a úsáid i réimse an iompair de bhóthar agus le haghaidh comhéadan le modhanna eile iompair ( IO L 207, 6.8.2010, lch. 1).
Leasú 57
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 52
(52)  Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle leis na grúpaí saineolaithe ábhartha, go háirithe an Fóram Iompair Inbhuanaithe (‘STF’) agus Fóram Eorpach na Loingseoireachta Inbhuanaithe (‘ESSF’). Is rud tábhachtach é comhairliúchán den sórt sin le saineolaithe go háirithe nuair atá sé beartaithe ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme a ghlacadh faoin Rialachán seo.
(52)  Agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle le raon leathan eagraíochtaí agus geallsealbhóirí, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do ghrúpaí tomhaltóirí, bardais, cathracha agus réigiúin, chomh maith le grúpaí saineolaithe ábhartha, go háirithe an Fóram um Iompar Inbhuanaithe (‘STF’) agus Fóram Eorpach na Loingseoireachta Inbhuanaithe (‘ESSF’). Is rud tábhachtach é comhairliúchán den sórt sin le saineolaithe go háirithe nuair atá sé beartaithe ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme a ghlacadh faoin Rialachán seo.
Leasú 58
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 53
(53)  Is réimse é réimse na mbreoslaí ionadúla atá ag forbairt go tapa. An easpa sonraíocht choiteann theicniúil is bacainn í ar mhargadh aonair a chruthú le haghaidh bonneagar breoslaí ionadúla. Dá bhrí sin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun sonraíochtaí teicniúla a normú le haghaidh réimsí nár socraíodh sonraíochtaí teicniúla coiteanna ina leith go fóill ach ar gá iad a shocrú. Ba cheart a áireamh leis sin go háirithe an chumarsáid idir an fheithicil leictreach agus an pointe athluchtaithe, an chumarsáid idir an pointe athluchtaithe agus córas bainistíochta an bhogearra athluchtaithe (cúil); an chumarsáid a bhaineann leis an tseirbhís fánaíochta le haghaidh feithiclí leictreacha agus an chumarsáid leis an eangach leictreachais. Is gá sainiú a dhéanamh ar an gcreat rialachais oiriúnach agus ar róil na ngníomhaithe difriúla a bhfuil baint acu leis an éiceachóras cumarsáide ó fheithicil go heangach. Thairis sin, ní mór forbairtí teicneolaíochta atá ag teacht chun cinn, mar shampla, córais bóithre leictreacha (‘ERS’) a chur san áireamh. A mhéid a bhaineann le soláthar sonraí, is gá foráil a dhéanamh maidir le cineálacha sonraí breise agus sonraíochtaí teicniúla breise a bhaineann leis an bhformáid inar cheart na sonraí sin a chur ar fáil agus a bheith inrochtana mar aon lena mhinice ba cheart iad a chur ar fáil agus a bheith inrochtana agus an cháilíocht inar cheart na sonraí sin a chur ar fáil agus a bheith inrochtana.
(53)  Is réimse é réimse na mbreoslaí ionadúla atá ag forbairt go tapa. An easpa sonraíocht choiteann theicniúil, is bacainn í ar mhargadh aonair a chruthú le haghaidh bonneagar breoslaí ionadúla. Dá bhrí sin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun sonraíochtaí teicniúla a normú le haghaidh réimsí nár socraíodh sonraíochtaí teicniúla coiteanna ina leith go fóill ach ar gá iad a shocrú. Ba cheart a áireamh leis sin go háirithe an chumarsáid idir an fheithicil leictreach agus an pointe athluchtaithe, an chumarsáid idir an pointe athluchtaithe agus córas bainistíochta an bhogearra athluchtaithe (cúil); an chumarsáid a bhaineann leis an tseirbhís fánaíochta le haghaidh feithiclí leictreacha agus an chumarsáid leis an eangach leictreachais, agus ardleibhéal cibearshlándála agus cosanta sonraí tomhaltóirí á áirithiú ag an am céanna. Is gá sainiú a dhéanamh go pras ar an gcreat rialachais oiriúnach agus ar róil na ngníomhaithe difriúla a bhfuil baint acu leis an éiceachóras cumarsáide ó fheithicil go heangach agus forbairtí teicneolaíochta atá ag teacht chun cinn, ar forbairtí iad a bhfuil ardacmhainneacht acu astaíochtaí GCT a laghdú, amhail córais bóithre leictreacha (‘ERS’) á gcur san áireamh agus tacaíocht á tabhairt dóibh, go háirithe réitigh luchtaithe ionduchtaigh agus réitigh luchtaithe a bhfuil baint ag sreanga caitéineacha lasnairde leo. A mhéid a bhaineann le soláthar sonraí, is gá foráil a dhéanamh maidir le cineálacha sonraí breise agus sonraíochtaí teicniúla breise a bhaineann leis an bhformáid inar cheart na sonraí sin a chur ar fáil agus a bheith inrochtana mar aon lena mhinice ba cheart iad a chur ar fáil agus a bheith inrochtana agus an cháilíocht inar cheart na sonraí sin a chur ar fáil agus a bheith inrochtana. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
Leasú 59
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 54 a (nua)
(54 a)   Ós rud é go ndéanfar costais bhreise chomhlíontachta a ghiniúint leis an Rialachán seo do na hearnálacha lena mbaineann, is gá gníomhaíochtaí cúiteacha a dhéanamh chun a chosc go dtiocfaidh méadú ar leibhéal iomlán na n-ualaí rialála. Dá bhrí sin, ba cheart a chur d’oibleagáid ar an gCoimisiún tograí a thíolacadh, roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, chun na hualaí rialála a thabharfar isteach leis an Rialachán seo a fhritháireamh, trí fhorálacha i rialacháin eile de chuid an Aontais lena ngintear costais chomhlíonta sna hearnálacha dá ndéantar difear a leasú nó a dhíothú.
Leasú 60
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1
1.  Leagtar amach sa Rialachán seo spriocanna náisiúnta éigeantacha maidir le bonneagar leordhóthanach breoslaí ionadúla a imscaradh san Aontas, d’fheithiclí bóthair, soithí agus aerárthaí atá ina stad. Leagtar síos ann sonraíochtaí teicniúla coiteanna agus ceanglais maidir le faisnéis úsáideora, soláthar sonraí agus ceanglais íocaíochta maidir le bonneagar breoslaí ionadúla.
1.  Leagtar amach sa Rialachán seo spriocanna íosta náisiúnta maidir le bonneagar leordhóthanach breoslaí ionadúla a imscaradh san Aontas, d’fheithiclí bóthair, soithí, traenacha agus aerárthaí atá ina stad. Leagtar síos ann sonraíochtaí teicniúla coiteanna agus ceanglais maidir le faisnéis úsáideora, soláthar sonraí agus ceanglais íocaíochta maidir le bonneagar breoslaí ionadúla.
Leasú 61
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 3
3.  Bunaítear leis an Rialachán seo sásra tuairiscithe chun comhar a spreagadh agus áirithítear leis go ndéanfar dul chun cinn a rianú go géar. Is éard a bheidh sa sásra próiseas struchtúrtha, trédhearcach, atriallach idir an Coimisiún agus na Ballstáit chun na creataí beartais náisiúnta a thabhairt i gcrích agus a chur chun feidhme ina dhiaidh sin agus chun críche gnímh chomhfhreagraigh ón gCoimisiún.
3.  Bunaítear leis an Rialachán seo sásra tuairiscithe chun comhar a spreagadh agus áirithítear leis go ndéanfar dul chun cinn a rianú go géar. Is é a bheidh sa sásra próiseas rialachais struchtúrtha, trédhearcach, atriallach agus il-leibhéil idir an Coimisiún, agus na Ballstáit, agus na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla chun na creataí beartais náisiúnta a thabhairt i gcrích, agus na straitéisí áitiúla agus réigiúnacha atá ann cheana chun bonneagar breoslaí ionadúla a imscaradh, agus a gcur chun feidhme ina dhiaidh sin agus gníomhaíocht chomhfhreagrach ón gCoimisiún, á gcur san áireamh.
Leasú 62
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 2 a (nua)
(2 a)  ciallaíonn ‘feadh an ghréasáin TEN-T’, nuair a úsáidtear é i leith stáisiúin athluchtaithe leictrigh agus stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine, go bhfuil siad lonnaithe ar an ngréasán TEN-T nó laistigh den achar tiomána 1.5 km ón mbealach amach is gaire do bhóthar TEN-T;
Leasú 63
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 3 – pointe a – an chuid réamhráiteach
(a)  ‘breoslaí ionadúla le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha’:
(a)  ‘breoslaí ionadúla le haghaidh feithiclí, soithí agus aerárthaí astaíochtaí nialasacha’:
Leasú 64
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 3 – pointe b – fleasc 1
–  breoslaí bithmhaise agus bithbhreoslaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointí (27) agus (33) de Threoir (AE) 2018/2001;
–  breoslaí bithmhaise, lena n-áirítear bithghás, agus bithbhreoslaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointí (27), (28) agus (33) de Threoir (AE) 2018/2001,
Leasú 65
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 3 – pointe c – an chuid réamhráiteach
(c)  ‘breoslaí iontaise ionadúla’ le haghaidh idirthréimhse:
(c)  ‘breoslaí iontaise ionadúla’ le haghaidh idirthréimhse theoranta:
Leasú 66
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 9 a (nua)
(9 a)   ciallaíonn ‘pobal fuinnimh saoránach’ pobal mar a shainmhínítear in Airteagal 2(11) de Threoir (AE) 2019/944
Leasú 67
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 17
(17)  ciallaíonn ‘córas bóithre leictreacha’ suiteáil fhisiceach feadh bóthair lenar féidir leictreachas a aistriú chuig an bhfeithicil leictreach a fhad is atá an fheithicil faoi shiúl;
(17)  ciallaíonn ‘córas bóithre leictreach’ suiteáil fhisiceach feadh bóthair lenar féidir leictreachas a aistriú chuig an bhfeithicil leictreach chun an fuinneamh is gá le haghaidh tiomána, nó le haghaidh luchtú dinimiciúil, a sholáthar di;
Leasú 68
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 17 a (nua)
(17 a)  ciallaíonn ‘luchtú dinimiciúil’ luchtú ceallra feithicle leictrí a fhad is atá an fheithicil faoi shiúl;
Leasú 69
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 19 a (nua)
(19 a)  ciallaíonn ‘bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh’ ‘bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (18), de Rialachán (AE) 2018/1999;
Leasú 70
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 19 b (nua)
(19 b)  ciallaíonn ‘neodracht theicneolaíoch’ ‘neodracht theicneolaíoch’ mar a leagtar síos in Aithris 25 de Threoir (AE) 2018/1972;
Leasú 71
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 35 a (nua)
(35 a)  ciallaíonn ‘cárta íocaíochta’ seirbhís íocaíochta a oibríonn ar bhonn cárta dochair nó creidmheasa fisiciúil agus digiteach agus a chuimsíonn cártaí íocaíochta atá leabaithe i bhfeidhmchlár fóin chliste;
Leasú 72
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 35 b (nua)
(35 b)  ciallaíonn ‘seirbhís íocaíochta’ ‘seirbhís íocaíochta’ mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (3) de Threoir (AE) 2015/2366;
Leasú 73
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 37 a (nua)
(37 a)  ciallaíonn ‘córas aeir réamhchóirithe’ córas doghluaiste nó soghluaiste ag aerfoirt a sholáthraíonn soláthar seachtrach aeir cóirithe chun cábáin aerárthaí atá ina stad a fhuarú, a aerú nó a théamh;
Leasú 74
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 38
(38)  ciallaíonn bonneagar breoslaí ionadúla atá ‘inrochtana don phobal’ bonneagar breoslaí ionadúla atá suite ag suíomh nó ag áitreabh atá oscailte don phobal i gcoitinne, gan beann ar an mbonneagar breoslaí ionadúla a bheith suite ar mhaoin phoiblí nó ar mhaoin phríobháideach, cibé acu atá nó nach bhfuil feidhm ag teorainneacha nó coinníollacha i dtéarmaí rochtana ar an suíomh nó ar an áitreabh agus gan beann ar choinníollacha úsáide infheidhme an bhonneagair breoslaí ionadúla;
(38)  ciallaíonn bonneagar breoslaí ionadúla atá ‘inrochtana don phobal’ bonneagar breoslaí ionadúla atá suite ag suíomh nó ag áitreabh atá oscailte don phobal i gcoitinne, lena n-áirítear do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, gan beann ar an mbonneagar breoslaí ionadúla a bheith suite ar mhaoin phoiblí nó ar mhaoin phríobháideach, cibé acu atá nó nach bhfuil feidhm ag teorainneacha nó coinníollacha maidir le rochtain ar an suíomh nó ar an áitreabh agus gan beann ar choinníollacha úsáide infheidhme an bhonneagair breoslaí ionadúla.
Leasú 75
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 40
(40)  ciallaíonn ‘athluchtú ar bhonn ad hoc’ seirbhís athluchtaithe as a n-íocann úsáideoir deiridh gan gá don úsáideoir deiridh sin clárú, comhaontú i scríbhinn a thabhairt i gcrích, nó caidreamh tráchtála fadtréimhseach a dhéanamh le hoibreoir an phointe athluchtaithe amach ón tseirbhís a cheannach;
(40)  ciallaíonn ‘athluchtú ar bhonn ad hoc’ seirbhís athluchtaithe as a n-íocann úsáideoir deiridh gan gá don úsáideoir deiridh sin clárú, comhaontú i scríbhinn a thabhairt i gcrích, nó caidreamh tráchtála fadtréimhseach a dhéanamh le hoibreoir an phointe athluchtaithe sin nó logáil isteach nó síniú isteach go leictreonach chuig seirbhísí idirghabhála ar líne, amach ón tseirbhís a cheannach;
Leasú 76
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 41
(41)  ciallaíonn ‘pointe athluchtaithe’ comhéadan doghluaiste nó soghluaiste lenar féidir leictreachas a aistriú chuig feithicil leictreach, ar comhéadan é nach bhfuil in ann ach feithicil leictreach amháin a athluchtú san aon tráth amháin, bíodh go bhféadfadh nascóir amháin nó níos mó a bheith aige chun freastal ar chineálacha éagsúla nascóirí, agus eisiatar gairis a bhfuil cumhacht aschurtha is lú ná 3.7 kW nó cothrom leis sin acu agus nach bhfuil mar phríomhchuspóir acu feithiclí leictreacha a athluchtú.
(41)  ciallaíonn ‘pointe athluchtaithe’ comhéadan doghluaiste nó soghluaiste, ar an eangach nó lasmuigh di lenar féidir leictreachas a aistriú chuig feithicil leictreach, ar comhéadan é nach bhfuil in ann ach feithicil leictreach amháin a athluchtú ag aon tráth amháin, bíodh go bhféadfadh nascóir amháin nó níos mó a bheith aige chun freastal ar chineálacha éagsúla nascóirí, agus eisiatar gairis a bhfuil cumhacht aschurtha níos lú ná 3.7 kW nó cothrom leis sin acu agus nach bhfuil mar phríomhchuspóir acu feithiclí leictreacha a athluchtú.
Leasú 77
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 49
(49)  ciallaíonn ‘pointe athbhreoslaithe’ saoráid athbhreoslaithe lena soláthraítear aon bhreosla ionadúil leachtaigh nó gásaigh trí shuiteáil dhoghluaiste nó shoghluaiste, nach bhfuil in ann ach feithicil amháin a athbhreoslú san aon tráth amháin;
(49)  ciallaíonn ‘pointe athbhreoslaithe’ saoráid athbhreoslaithe lena soláthraítear aon bhreosla ionadúil leachtach nó gásach, trí shuiteáil dhoghluaiste nó shoghluaiste, nach bhfuil in ann ach feithicil amháin nó soitheach amháin a athbhreoslú ag aon tráth amháin;
Leasú 78
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 54 a (nua)
(54 a)   ciallaíonn ‘comhphobal fuinnimh inathnuaite’ pobal mar a shainmhínítear in Airteagal 2(16) de Threoir (AE) 2018/2001;
Leasú 79
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 56
(56)  ciallaíonn ‘páirceáil shlán shábháilte’ limistéar páirceála agus scíthe dá dtagraítear in Airteagal 17, pointe (1)(b) atá tiomnaithe don pháirceáil thar oíche ag feithiclí tromshaothair;
(56)  ciallaíonn ‘páirceáil shlán shábháilte’ limistéar páirceála agus scíthe dá dtagraítear in Airteagal 17, pointe (1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013, atá tiomnaithe don pháirceáil thar oíche ag feithiclí tromshaothair agus atá deimhnithe de réir na bhforálacha in Airteagal 8a de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006;
Leasú 80
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 57
(57)  ciallaíonn ‘long i mbeart’ long i mbeart mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (n) de Rialachán (AE) 2015/757;
(57)  ciallaíonn ‘long atá i mbeart’ long atá múráilte go daingean cois cé i gcalafort faoi dhlínse Ballstáit le linn di a bheith á luchtú nó á díluchtú, le linn do phaisinéirí a bheith ag dul ar bord na loinge nó ag tuirlingt di nó le linn di bheith ar fuireach ann, lena n-áirítear an t-am a chaitear ann gan a bheith gafa le hoibríochtaí lastais ná le hoibríochtaí paisinéirí;
Leasú 81
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 58
(58)  ciallaíonn ‘soláthar leictreachais cois cladaigh’ cumhacht leictreach cois cladaigh a sholáthar trí chomhéadan caighdeánaithe do longa farraige nó do shoithí uiscebhealaí intíre agus iad i mbeart;
(58)  ciallaíonn ‘soláthar leictreachais cois cladaigh’ cumhacht leictreach cois cladaigh a sholáthar trí shuiteáil chaighdeánaithe dhoghluaiste, ar snámh nó shoghluaiste do longa farraige nó do shoithí uiscebhealaí intíre agus iad i mbeart;
Leasú 82
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 66 a (nua)
(66 a)  ciallaíonn ‘mol ilmhódach’ bonneagar seirbhíse soghluaisteachta, amhail stáisiúin agus críochfoirt iompair d’iarnród, iompair de bhóthar, aeriompair, mhuiriompair agus iompair uiscebhealaí intíre, lenar féidir ‘iompar ilmhódach’ a dhéanamh mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (n) de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013;
Leasú 83
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 66 b (nua)
(66 b)  ciallaíonn ‘feithiclí de chatagóir L’ feithiclí cumhachtaithe dhá, trí, agus ceithre roth mar a aicmítear i Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 agus in Iarscríbhinn I, lena n-áirítear rothair chumhachtaithe, móipéidí dhá agus trí roth, gluaisrothair dhá agus trí roth, gluaisrothair le carranna cliathánacha, cuaid bhóthair éadroma agus throma, agus cuadcharranna éadroma agus troma.
Leasú 84
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – fomhír 1 – fleasc 2
–  go n-imscarfar ina gcríoch stáisiúin athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d'fheithiclí saothair éadroim, ar stáisiúin athluchtaithe iad ina soláthrófar cumhacht aschurtha leordhóthanach do na feithiclí sin.
–  go n-imscarfar ina gcríoch stáisiúin athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí saothair éadroim agus go n-imscarfar iad ar bhealach a thacaíonn le cóimheá réigiúnach agus le taisteal ilmhódach agus a sholáthróidh cumhacht aschurtha leordhóthanach do na feithiclí sin;
Leasú 85
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – fomhír 1 - fleasc 2 a (nua)
—  go n-imscarfar líon leordhóthanach stáisiún athluchtaithe d’fheithiclí saothair éadroim atá inrochtana don phobal ar bhóithre poiblí i limistéir chónaithe ina mbíonn feithiclí páirceáilte de ghnáth ar feadh tréimhsí fada ama;
Leasú 86
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – fomhír 1 - fleasc 2 b (nua)
—  go gcumasófar líon leordhóthanach stáisiún athluchtaithe d’fheithiclí saothair éadroim atá inrochtana don phobal le haghaidh luchtú cliste agus déthreoch;
Leasú 87
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – fomhír 1 - fleasc 2 c (nua)
—  go soláthrófar an nascadh eangaí agus an acmhainneacht eangaí.
Leasú 88
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – fomhír 2 – pointe a
(a)  go soláthrófar 1 kW ar a laghad de chumhacht aschurtha iomlán trí stáisiúin athluchtaithe atá inrochtana don phobal do gach feithicil cheallra-leictreach saothair éadroim atá cláraithe ar a gcríoch; agus
(a)  go soláthrófar 3 kW ar a laghad de chumhacht aschurtha iomlán, trí stáisiúin athluchtaithe atá inrochtana don phobal, do gach feithicil cheallra-leictreach saothair éadroim atá cláraithe ar a gcríoch, má tá an sciar d’fheithiclí ceallra-leictreacha saothair éadroim níos lú ná 1 % i dtaca le flít iomlán réamh-mheasta na bhfeithiclí saothair éadroim sa Bhallstát sin;
Leasú 89
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – fomhír 2 – pointe a a (nua)
(a a)  go soláthrófar 2.5 kW de chumhacht aschurtha iomlán trí stáisiúin athluchtaithe atá inrochtana don phobal do gach feithicil cheallra-leictreach saothair éadroim atá cláraithe ar a gcríoch má tá an sciar d’fheithiclí ceallra-leictreacha saothair éadroim cothrom le 1 % nó níos mó ná 1 % ach níos lú ná 2.5 % i dtaca le flít iomlán réamh-mheasta na bhfeithiclí saothair éadroim sa Bhallstát sin;
Leasú 90
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – fomhír 2 – pointe a b (nua)
(a b)  go soláthrófar 2 kW ar a laghad de chumhacht aschurtha iomlán trí stáisiúin athluchtaithe atá inrochtana don phobal do gach feithicil cheallra-leictreach saothair éadroim atá cláraithe ar a gcríoch má tá an sciar d’fheithiclí ceallra-leictreacha saothair éadroim cothrom le 2.5 % nó níos mó ná 2.5 % ach níos lú ná 5 % i dtaca le flít iomlán réamh-mheasta na bhfeithiclí saothair éadroim sa Bhallstát sin;
Leasú 91
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – fomhír 2 – pointe a c (nua)
(a c)  go soláthrófar 1.5 kW ar a laghad de chumhacht aschurtha iomlán trí stáisiúin athluchtaithe atá inrochtana don phobal do gach feithicil cheallra-leictreach saothair éadroim atá cláraithe ar a gcríoch má tá an sciar d’fheithiclí ceallra-leictreacha saothair éadroim cothrom le 5 % nó níos mó ná 5 % ach níos lú ná 7.5 % i dtaca le méid iomlán réamh-mheasta fhlít na bhfeithiclí ceallra-leictreacha sa Bhallstát sin; agus
Leasú 92
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – fomhír 2 – pointe a d (nua)
(a d)  go soláthrófar 1 kW ar a laghad de chumhacht aschurtha iomlán trí stáisiúin athluchtaithe atá inrochtana don phobal do gach feithicil cheallra-leictreach saothair éadroim atá cláraithe ar a gcríoch má tá an sciar d’fheithiclí ceallra-leictreacha saothair éadroim cothrom le 7.5 % nó níos mó ná sin i dtaca le flít iomlán réamh-mheasta na bhfeithiclí saothair éadroim sa Bhallstát sin;
Leasú 93
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – fomhír 2 – pointe b
(b)  go soláthrófar 0.66 kW ar a laghad de chumhacht aschurtha iomlán trí stáisiúin athluchtaithe atá inrochtana don phobal do gach feithicil hibrideach inluchtaithe saothair éadroim atá cláraithe ar a gcríoch.
(b)  go soláthrófar 2 kW ar a laghad de chumhacht aschurtha iomlán trí stáisiúin athluchtaithe atá inrochtana don phobal do gach feithicil hibrideach inluchtaithe saothair éadroim atá cláraithe ar a gcríoch má tá an sciar d’fheithiclí leictreacha níos lú ná 1 % i dtaca le méid iomlán réamh-mheasta fhlít na bhfeithiclí sa Bhallstát sin;
Leasú 94
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – fomhír 2 – pointe b a (nua)
(b a)  go soláthrófar 1.65 kW ar a laghad de chumhacht aschurtha iomlán trí stáisiúin athluchtaithe atá inrochtana don phobal do gach feithicil hibrideach inluchtaithe saothair éadroim atá cláraithe ar a gcríoch má tá an sciar d’fheithiclí leictreacha cothrom le 1 % nó níos mó ná 1 % ach níos lú ná 2.5 % i dtaca le flít iomlán réamh-mheasta na bhfeithiclí sa Bhallstát sin;
Leasú 95
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – fomhír 2 – pointe b b (nua)
(b b)  go soláthrófar 1.33 kW ar a laghad de chumhacht aschurtha iomlán trí stáisiúin athluchtaithe atá inrochtana don phobal do gach feithicil hibrideach inluchtaithe saothair éadroim atá cláraithe ar a gcríoch má tá an sciar d’fheithiclí leictreacha cothrom le 2.5 % nó níos mó ná 2.5 % ach níos lú ná 5 % i dtaca le flít iomlán réamh-mheasta na bhfeithiclí sa Bhallstát sin;
Leasú 96
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – fomhír 2 – pointe b c (nua)
(b c)  go soláthrófar 1 kW ar a laghad de chumhacht aschurtha iomlán trí stáisiúin athluchtaithe atá inrochtana don phobal do gach feithicil hibrideach inluchtaithe saothair éadroim atá cláraithe ar a gcríoch má tá an sciar d’fheithiclí leictreacha cothrom le 5 % nó níos mó ná 5 % ach níos lú ná 7.5 % i dtaca le flít iomlán réamh-mheasta na bhfeithiclí sa Bhallstát sin; agus
Leasú 97
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – fomhír 2 – pointe b d (nua)
(b d)  go soláthrófar 0.66 kW ar a laghad de chumhacht aschurtha iomlán trí stáisiúin athluchtaithe atá inrochtana don phobal do gach feithicil hibrideach inluchtaithe saothair éadroim atá cláraithe ar a gcríoch má tá an sciar d’fheithiclí leictreacha cothrom le 7.5 % nó níos mó i dtaca le flít iomlán réamh-mheasta na bhfeithiclí sa Bhallstát sin.
Leasú 98
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 a (nua)
1 a.  Gan dochar do mhír 1, an dara fomhír, pointe (a), áiritheoidh na Ballstáit go n-imscarfar spriocanna íosta maidir le cumhacht aschurtha an bhonneagair athluchtaithe ar an leibhéal náisiúnta ar leor é don mhéid seo a leanas:
—  3 % d’fhlít iomlán réamh-mheasta na bhfeithiclí saothair éadroim faoin 31 Nollaig 2027;
—  5 % d’fhlít iomlán réamh-mheasta na bhfeithiclí saothair éadroim faoin 31 Nollaig 2030;
Leasú 99
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 2 – pointe a – an chuid réamhráiteach
(a)  go n-imscarfar i ngach treo taistil, agus achar uasta 60 km eatarthu feadh an chroíghréasáin TEN-T, comhthiomsuithe athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d'fheithiclí saothair éadroim lena gcomhlíonfar na ceanglais seo a leanas:
(a)  go n-imscarfar i ngach treo taistil, agus achar uasta 60 km eatarthu feadh an chroíghréasáinTEN-T agus an ghréasáin chuimsithigh TEN-T, comhthiomsuithe athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d'fheithiclí saothair éadroim lena gcomhlíonfar na ceanglais seo a leanas:
Leasú 100
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 2 – pointe a – pointe i
(i)  faoin 31 Nollaig 2025, 300 kW de chumhacht aschurtha ar a laghad a thairgfear i ngach comhthiomsú athluchtaithe agus beidh stáisiún athluchtaithe amháin ar a laghad i ngach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh cumhacht aschurtha aonair 150 kW ar a laghad;
(i)  faoin 31 Nollaig 2025, 600 kW de chumhacht aschurtha ar a laghad a thairgfear i ngach comhthiomsú athluchtaithe agus beidh stáisiún athluchtaithe amháin ar a laghad i ngach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh cumhacht aschurtha aonair 300 kW ar a laghad;
Leasú 101
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 2 – pointe a – pointe ii
(ii)  faoin 31 Nollaig 2030, 600 kW de chumhacht aschurtha ar a laghad a thairgfear i ngach comhthiomsú athluchtaithe agus beidh dhá stáisiún athluchtaithe ar a laghad i ngach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh cumhacht aschurtha aonair 150 kW ar a laghad;
(ii)  faoin 31 Nollaig 2030, 900 kW de chumhacht aschurtha ar a laghad a thairgfear i ngach comhthiomsú athluchtaithe agus beidh dhá stáisiún athluchtaithe ar a laghad i ngach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh cumhacht aschurtha aonair 350 kW ar a laghad;
Leasú 102
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 2 – pointe b
(b)  go n-imscarfar i ngach treo taistil, agus achar uasta 60 km eatarthu, feadh an ghréasáin chuimsithigh TEN-T, comhthiomsuithe athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d'fheithiclí saothair éadroim lena gcomhlíonfar na ceanglais seo a leanas:
scriosta
(i)  faoin 31 Nollaig 2030, 300 kW de chumhacht aschurtha ar a laghad a thairgfear i ngach comhthiomsú athluchtaithe agus beidh stáisiún athluchtaithe amháin ar a laghad i ngach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh cumhacht aschurtha aonair 150 kW ar a laghad;
(ii)  faoin 31 Nollaig 2035, 600 kW de chumhacht aschurtha ar a laghad a thairgfear i ngach comhthiomsú athluchtaithe agus beidh dhá stáisiún athluchtaithe ar a laghad i ngach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh cumhacht aschurtha aonair 150 kW ar a laghad.
Leasú 103
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 2 a (nua)
2 a.  I gcás ghlacadh tapa feithiclí leictreacha sa mhargadh in aon tréimhse tuairiscithe ábhartha, ba cheart do na Ballstáit na sprioc-amanna a shonraítear i mír 2 a ghiorrú dá réir sin agus na spriocanna le haghaidh comhthiomsuithe athluchtaithe a mhéadú dá réir sin.
Leasú 104
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 2 b (nua)
2 b.  Má tá na costais díréireach leis na sochair, lena n-áirítear sochair chomhshaoil, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm maidir leis na réigiúin seo a leanas:
(a)  na réigiúin is forimeallaí den Aontas, dá dtagraítear in Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh; or
(b)  oileáin nach bhfuil nasctha le gréasáin fuinnimh ar an mórthír, a thagann faoin sainmhíniú ar chórais bheaga nasctha nó ar chórais aonraithe de réir Threoir (AE) 2019/944
I gcásanna den sórt sin, tabharfaidh an Ballstát sin údar lena chinntí don Choimisiún agus cuirfidh sé an fhaisnéis ábhartha uile ar fáil ina chreataí beartais náisiúnta.
Leasú 105
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 2 c (nua)
2 c.  Tar éis iarraidh réasúnaithe a fháil ó Bhallstát, féadfaidh an Coimisiún díolúine a dheonú ón gceanglas a leagtar síos i mír 2 le haghaidh bhóithre TEN-T a bhfuil meántrácht laethúil iomlán bliantúil acu ar lú é ná 2 000 feithicil saothair éadroim acu, ar choinníoll nach féidir údar a thabhairt leis an mbonneagar i dtéarmaí costais-sochair socheacnamaíocha. Nuair a dheonaítear é, féadfaidh Ballstát comhthiomsú athluchtaithe aonair atá inrochtana don phobal agus a fhreastalaíonn ar an dá threo taistil a imscaradh ar na bóithre sin, agus na ceanglais a leagtar amach i mír 2 á gcomhlíonadh ag an am céanna i dtéarmaí achair, cumhacht aschurtha iomlán an chomhthiomsaithe, líon na bpointí agus aschur cumhachta pointí aonair is infheidhme maidir le treo aonair taistil, ar choinníoll go mbeidh an comhthiomsú athluchtaithe inrochtana go héasca ón dá threo taistil. Deonóidh an Coimisiún díolúintí den sórt sin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, tar éis measúnú a dhéanamh ar an iarraidh réasúnaithe a chuir an Ballstát isteach.
Leasú 106
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 2 d (nua)
2 d.  Tar éis iarraidh réasúnaithe a fháil ó Bhallstát, féadfaidh an Coimisiún díolúine a dheonú ón gceanglas maidir le hachar uasta a leagtar síos i mír 2 den Airteagal seo le haghaidh bhóithre TEN-T a bhfuil meántrácht laethúil iomlán bliantúil acu ar lú é ná 1 500 feithicil saothair éadroim acu, ar choinníoll nach féidir údar a thabhairt leis an mbonneagar i dtéarmaí costais-sochair socheacnamaíocha. I gcás ina ndeonófar maolú den sórt sin, féadfaidh na Ballstáit achar uasta níos airde suas le 100 km a cheadú idir pointí athluchtaithe. Deonóidh an Coimisiún díolúintí den sórt sin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, tar éis measúnú a dhéanamh ar an iarraidh réasúnaithe a chuir an Ballstát isteach.
Leasú 107
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 2 e (nua)
2 e.  I limistéir dhlúthdhaonra agus i réigiúin ina bhfuil easpa páirceála lasmuigh den tsráid ar fáil nó ardghlacadh feithiclí leictreachais saothair éadroim atá cláraithe, áiritheoidh na Ballstáit go méadófar líon na stáisiún athluchtaithe atá inrochtana don phobal dá réir sin chun an bonneagar is gá a sholáthar agus chun tacú le forbairt an mhargaidh.
Leasú 108
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 3
3.  Áiritheoidh na Ballstáit chomharsanachta nach sárófar na hachair uasta dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) maidir le codanna trasteorann den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T.
3.  Glacfaidh na Ballstáit chomharsanachta na bearta is gá chun a áirithiú nach sárófar na hachair uasta dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) maidir le codanna trasteorann den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T.
Leasú 109
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 3 a (nua)
3 a.  Déanfaidh an Coimisiún na bearta is gá chun comhar le tríú tíortha a áirithiú, go háirithe leis na tíortha is iarrthóirí agus leis na tríú tíortha sin, ina bhfuil na conairí idirthurais lena nasctar na Ballstáit suite.
Leasú 110
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe a – pointe i
(i)  faoin Dé Céadaoin 31 Nollaig 2025, 1400 kW de chumhacht aschurtha ar a laghad a thairgfear i ngach comhthiomsú athluchtaithe agus beidh stáisiún athluchtaithe amháin ar a laghad i ngach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh cumhacht aschurtha aonair 350 kW ar a laghad;
(i)  faoin 31 Nollaig 2025, 2 000 kW de chumhacht aschurtha ar a laghad a thairgfear i ngach comhthiomsú athluchtaithe agus beidh dhá stáisiún athluchtaithe ar a laghad i ngach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh cumhacht aschurtha aonair 800 kW ar a laghad;
Leasú 111
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe a – pointe ii
(ii)  faoin 31 Nollaig 2030, 3500 kW de chumhacht aschurtha ar a laghad a thairgfear i ngach comhthiomsú athluchtaithe agus beidh dhá stáisiún athluchtaithe ar a laghad i ngach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh cumhacht aschurtha aonair 350 kW ar a laghad;
(ii)  faoin 31 Nollaig 2030, 5 000 kW de chumhacht aschurtha ar a laghad a thairgfear i ngach comhthiomsú athluchtaithe agus beidh ceithre stáisiún athluchtaithe ar a laghad i ngach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh cumhacht aschurtha aonair 800 kW ar a laghad;
Leasú 112
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe b – pointe i
(i)  faoin Dé Céadaoin 31 Nollaig 2030, 1400 kW de chumhacht aschurtha ar a laghad a thairgfear i ngach comhthiomsú athluchtaithe agus beidh stáisiún athluchtaithe amháin ar a laghad i ngach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh cumhacht aschurtha aonair 350 kW ar a laghad;
(i)  faoin 31 Nollaig 2030, 2 000 kW de chumhacht aschurtha ar a laghad a thairgfear i ngach comhthiomsú athluchtaithe agus beidh stáisiún athluchtaithe amháin ar a laghad i ngach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh cumhacht aschurtha aonair 800 kW ar a laghad;
Leasú 113
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe b – pointe ii
(ii)  faoin 31 Nollaig 2035, 3500 kW de chumhacht aschurtha ar a laghad a thairgfear i ngach comhthiomsú athluchtaithe agus beidh dhá stáisiún athluchtaithe ar a laghad i ngach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh cumhacht aschurtha aonair 350 kW ar a laghad;
(ii)  faoin 31 Nollaig 2035, 5 000 kW de chumhacht aschurtha ar a laghad a thairgfear i ngach comhthiomsú athluchtaithe agus beidh dhá stáisiún athluchtaithe ar a laghad i ngach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh cumhacht aschurtha aonair 800 kW ar a laghad;
Leasú 114
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe b a (nua)
(b a)  tar éis iarraidh réasúnaithe a fháil ó Bhallstát, go bhféadfaidh an Coimisiún díolúine a dheonú ón gceanglas a leagtar síos i mír 1 le haghaidh bhóithre TEN-T a bhfuil meántrácht laethúil iomlán bliantúil acu ar lú é ná 800 feithicil tromshaothair acu, ar choinníoll nach féidir údar a thabhairt leis an mbonneagar i dtéarmaí costais-sochair socheacnamaíocha. Nuair a dheonaítear é, féadfaidh Ballstát comhthiomsú athluchtaithe aonair atá inrochtana don phobal agus a fhreastalaíonn ar an dá threo taistil a imscaradh ar na bóithre sin, agus na ceanglais a leagtar amach i mír 1 á gcomhlíonadh ag an am céanna i dtéarmaí achair, cumhacht aschurtha iomlán an chomhthiomsaithe, líon na bpointí agus aschur cumhachta pointí aonair is infheidhme maidir le treo aonair taistil, ar choinníoll go mbeidh an comhthiomsú athluchtaithe inrochtana go héasca ón dá threo taistil. Deonóidh an Coimisiún díolúintí den sórt sin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, tar éis measúnú a dhéanamh ar an iarraidh réasúnaithe a chuir an Ballstát isteach;
Leasú 115
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe b b (nua)
(b b)  tar éis iarraidh réasúnaithe a fháil ó Bhallstát, go bhféadfaidh an Coimisiún díolúine a dheonú ón gceanglas maidir le hachar uasta a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo le haghaidh bhóithre TEN-T a bhfuil meántrácht laethúil iomlán bliantúil acu ar lú é ná 600 feithicil tromshaothair acu, ar choinníoll nach féidir údar a thabhairt leis an mbonneagar i dtéarmaí costais-sochair socheacnamaíocha. I gcás ina ndeonófar maolú den sórt sin, féadfaidh na Ballstáit achar uasta níos airde suas le 100 km a cheadú idir pointí athluchtaithe. Deonóidh an Coimisiún díolúintí den sórt sin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, tar éis measúnú a dhéanamh ar an iarraidh réasúnaithe a chuir an Ballstát isteach;
Leasú 116
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe c
(c)  faoin 31 Nollaig 2030, i ngach limistéar páirceála slán sábháilte, suiteálfar stáisiún athluchtaithe amháin ar a laghad atá tiomnaithe d'fheithiclí tromshaothair ag a mbeidh cumhacht aschurtha 100 kW ar a laghad;
(c)  faoin 31 Nollaig 2027, i ngach limistéar páirceála sábháilte agus slán, go ndéanfar ar a laghad dhá stáisiún athluchtaithe atá tiomnaithe d’fheithiclí tromshaothair ag a mbeidh cumhacht aschurtha 100 kW ar a laghad a shuiteáil agus a chumasú le haghaidh luchtú cliste agus déthreoch;
Leasú 117
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe c a (nua)
(c a)  faoin 31 Nollaig 2030, i ngach limistéar páirceála sábháilte agus slán, go ndéanfar ar a laghad ceithre stáisiún athluchtaithe atá tiomnaithe d’fheithiclí tromshaothair ag a mbeidh cumhacht aschurtha 100 kW ar a laghad a shuiteáil agus a chumasú le haghaidh luchtú cliste agus déthreoch;
Leasú 118
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe d
(d)  faoin 31 Nollaig 2025, imscarfar i ngach nód uirbeach pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d'fheithiclí tromshaothair lena soláthrófar 600 kW de chumhacht aschurtha comhiomlánaithe ar a laghad, arna soláthar ag stáisiúin athluchtaithe ag a mbeidh cumhacht aschurtha aonair 150 kW ar a laghad;
(d)  faoin 31 Nollaig 2025, imscarfar i ngach nód uirbeach pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d'fheithiclí tromshaothair lena soláthrófar 1 400 kW de chumhacht aschurtha comhiomlánaithe ar a laghad, arna soláthar ag stáisiúin athluchtaithe ag a mbeidh cumhacht aschurtha aonair 350 kW ar a laghad;
Leasú 119
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe e
(e)  faoin 31 Nollaig 2030, imscarfar i ngach nód uirbeach pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d'fheithiclí tromshaothair lena soláthrófar 1200 kW de chumhacht aschurtha comhiomlánaithe ar a laghad, arna soláthar ag stáisiúin athluchtaithe ag a mbeidh cumhacht aschurtha aonair 150 kW ar a laghad.
(e)  faoin 31 Nollaig 2030, imscarfar i ngach nód uirbeach pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d'fheithiclí tromshaothair lena soláthrófar 3 500 kW de chumhacht aschurtha comhiomlánaithe ar a laghad, arna soláthar ag stáisiúin athluchtaithe ag a mbeidh cumhacht aschurtha aonair 350 kW ar a laghad.
Leasú 120
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 a (nua)
1 a.  Beidh feidhm ag na ceanglais dá dtagraítear i bpointí (c), (ca), (d) agus (e) de mhír 1 sa bhreis ar na ceanglais a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) de mhír 1.
Leasú 121
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 b (nua)
1 b.  A luaithe a bheidh na sonraíochtaí teicniúla coiteanna ar fáil agus a bheidh siad á bhforlíonadh i gcomhréir le hIarscríbhinn II, breithneoidh an Coimisiún, mar chuid den athbhreithniú ar an Rialachán seo de bhun mhír 22, cibé a mhéadófar an t-aschur cumhachta aonair dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (b), (d) agus (e).
Leasú 122
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 c (nua)
1 c.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an nascadh eangaí leictreachais agus an acmhainneacht eangaí leictreachais is gá a sholáthar. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit, i gcomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha, anailís a dhéanamh roimh 2025 chun meastóireacht agus pleanáil a dhéanamh ar na hatreisithe is gá ar na heangacha leictreachais.
Leasú 123
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 2
2.  Áiritheoidh na Ballstáit chomharsanachta nach sárófar na hachair uasta dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) maidir le codanna trasteorann den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T.
2.  Glacfaidh na Ballstáit chomharsanachta na bearta is gá chun a áirithiú nach sárófar na hachair uasta dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) maidir le codanna trasteorann den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T.
Leasú 124
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 2 a (nua)
2 a.  Déanfaidh an Coimisiún na bearta is gá chun comhar le tríú tíortha a áirithiú, go háirithe leis na tíortha is iarrthóirí agus leis na tríú tíortha sin ina bhfuil na conairí idirthurais lena nasctar na Ballstáit suite.
Leasú 125
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 2 b (nua)
2 b.  Má tá na costais díréireach leis na sochair, lena n-áirítear na sochair chomhshaoil, féadfaidh Ballstát a chinneadh gan mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm maidir leis na réigiúin seo a leanas:
(a)  na réigiúin is forimeallaí den Aontas, dá dtagraítear in Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh; or
(b)  oileáin nach bhfuil nasctha le gréasáin fuinnimh ar an mórthír, a thagann faoin sainmhíniú ar chórais bheaga nasctha nó ar chórais aonraithe de réir Threoir (AE) 2019/944
I gcásanna den sórt sin, tabharfaidh na Ballstáit údar lena gcinntí don Choimisiún agus cuirfidh siad an fhaisnéis ábhartha uile ar fáil ina gcreataí beartais náisiúnta.
Leasú 126
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 2 – fomhír 1 – pointe a – an chuid réamhráiteach
(a)  ag stáisiúin athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus ag a bhfuil cumhacht aschurtha faoi bhun 50 kW, arna n-imscaradh ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 24, glacfaidh oibreoirí pointí athluchtaithe le híocaíochtaí leictreonacha trí chríochfoirt agus gairis a úsáidtear le haghaidh seirbhísí íocaíochta, lena n-áirítear ceann amháin ar a laghad de na nithe seo a leanas:
Chuige sin, ag stáisiúin athluchtaithe atá inrochtana don phobal arna n-imscaradh ó [dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo[, glacfaidh oibreoirí pointí athluchtaithe le híocaíochtaí leictreonacha trí chríochfoirt agus gairis a úsáidtear le haghaidh seirbhísí íocaíochta, lena n-áirítear ar a laghad léitheoirí cártaí íocaíochta nó gairis a bhfuil feidhmiúlacht gan teagmháil acu atá in ann cártaí íocaíochta a léamh ar a laghad. Ina theannta sin, más féidir, féadfar gairis a úsáideann nasc idirlín lenar féidir cód Mearfhreagartha a ghiniúint agus a úsáid go sonrach le haghaidh an idirbhirt íocaíochta, mar shampla.
Leasú 127
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 2 – fomhír 1 – pointe a – pointe i
(i)  léitheoirí cártaí íocaíochta;
scriosta
Leasú 128
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 2 – fomhír 1 – pointe a – pointe ii
(ii)  gairis a bhfuil feidhmiúlacht gan teagmháil acu atá in ann cártaí íocaíochta a léamh ar a laghad;
scriosta
Leasú 129
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 2 – fomhír 1 – pointe a – pointe iii
(iii)  gairis a úsáideann nasc idirlín lenar féidir cód Mearfhreagartha a ghiniúint agus a úsáid go sonrach le haghaidh an idirbhirt íocaíochta, mar shampla;
scriosta
Leasú 130
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 2 – fomhír 1 – pointe b
(b)  ag stáisiúin athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus ag a bhfuil cumhacht aschurtha atá cothrom le 50 kW nó níos mó ná sin, arna n-imscaradh ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 24, glacfaidh oibreoirí pointí athluchtaithe le híocaíochtaí leictreonacha trí chríochfoirt agus gairis a úsáidtear le haghaidh seirbhísí íocaíochta, lena n-áirítear ceann amháin ar a laghad de na nithe seo a leanas:
scriosta
(i)  léitheoirí cártaí íocaíochta;
(ii)  gairis a bhfuil feidhmiúlacht gan teagmháil acu atá in ann cártaí íocaíochta a léamh ar a laghad.
Leasú 131
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 2 – fomhír 2
Ón 1 Eanáir 2027 ar aghaidh, áiritheoidh oibreoirí pointí athluchtaithe go gcomhlíonfar an ceanglas i bpointe (b) i ngach stáisiún athluchtaithe, ag a bhfuil cumhacht aschurtha atá cothrom le 50 kW nó níos mó ná sin, agus atá inrochtana don phobal arna oibriú acu.
Ón 1 Eanáir 2027 ar aghaidh, áiritheoidh oibreoirí pointí athluchtaithe go gcomhlíonfaidh gach stáisiún athluchtaithe atá inrochtana don phobal arna oibriú acu na ceanglais a leagtar síos sa mhír seo.
Leasú 132
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 2 – fomhír 3
Ní bheidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos i bpointí (a) agus (b) maidir le pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal nach ngearrtar iontu táille as an tseirbhís athluchtaithe.
Ní bheidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos sa mhír seo maidir le pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal nach ngearrtar iontu táille as an tseirbhís athluchtaithe.
Leasú 133
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 3
3.  Déanfaidh oibreoirí pointí athluchtaithe, nuair a thairgfidh siad fíordheimhniú uathoibríoch ag pointe athluchtaithe atá inrochtana don phobal arna oibriú acu, a áirithiú go mbeidh an ceart i gcónaí ag úsáideoirí deiridh gan úsáid a bhaint as an bhfíordheimhniú uathoibríoch agus go bhféadfaidh siad a bhfeithicil a athluchtú ar bhonn ad hoc, dá bhforáiltear i mír 3, nó úsáid a bhaint as réiteach athluchtaithe conradh-bhunaithe eile agus a thairgtear ag an bpointe athluchtaithe sin. Taispeánfaidh oibreoirí pointí athluchtaithe an rogha sin go follasach agus cuirfidh siad ar fáil ar bhealach áisiúil don úsáideoir deiridh í, ag gach pointe athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus i gcás ina gcuireann siad fíordheimhniú uathoibríoch ar fáil.
3.  Déanfaidh oibreoirí pointí athluchtaithe, nuair a thairgfidh siad fíordheimhniú uathoibríoch ag pointe athluchtaithe atá inrochtana don phobal arna oibriú acu, a áirithiú go mbeidh an ceart i gcónaí ag úsáideoirí deiridh gan úsáid a bhaint as an bhfíordheimhniú uathoibríoch agus go bhféadfaidh siad a bhfeithicil a athluchtú ar bhonn ad hoc, dá bhforáiltear i mír 3, nó úsáid a bhaint as réiteach athluchtaithe conradh-bhunaithe eile agus a thairgtear ag an bpointe athluchtaithe sin. Taispeánfaidh oibreoirí pointí athluchtaithe an rogha sin go follasach agus cuirfidh siad ar fáil ar bhealach áisiúil don úsáideoir deiridh í, agus áiritheoidh siad go mbeidh go mbeidh ríomhfhánaíocht ar fáil, ag gach pointe athluchtaithe atá inrochtana don phobal, atá á n-oibriú acu agus ina gcuireann siad fíordheimhniú uathoibríoch ar fáil.
Leasú 134
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 4
4.  Is réasúnta, inchomparáide go héasca agus go soiléir, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a bheidh praghsanna a mhuirearóidh oibreoirí pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal. Ní dhéanfaidh oibreoirí pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal idirdhealú ar na praghsanna a ghearrtar ar úsáideoirí deiridh agus na praghsanna a ghearrtar ar chuideachtaí líonra iompair ná ar phraghsanna a ghearrtar ar chuideachtaí líonra iompair éagsúla. I gcás inarb ábhartha, is ar bhealach comhréireach, de réir bonn cirt oibiachtúil, agus ar an mbealach sin amháin, a fhéadfar leibhéal na bpraghsanna a dhifreáil.
4.  Áiritheoidh oibreoirí pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal go bhfuil rochtain ag aon soláthraí seirbhíse soghluaisteachta ar na stáisiúin athluchtaithe a oibríonn siad ar bhealach neamh-idirdhealaitheach. Is réasúnta, inacmhainne, inchomparáide go héasca agus go soiléir, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a bheidh praghsanna a mhuirearóidh oibreoirí pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal. Ní dhéanfaidh oibreoirí pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal idirdhealú ar na praghsanna a ghearrtar ar úsáideoirí deiridh agus na praghsanna a ghearrtar ar chuideachtaí líonra iompair ná ar phraghsanna a ghearrtar ar chuideachtaí líonra iompair éagsúla. I gcás inarb ábhartha, is ar bhealach comhréireach, de réir bonn cirt oibiachtúil nó ar bhonn téarmaí conarthacha, agus ar an mbealach sin amháin, a fhéadfar leibhéal na bpraghsanna a dhifreáil.
Leasú 135
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 4 a (nua)
4 a.  Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun cosc a chur ar chleachtais éagóracha a dhíríonn ar thomhaltóirí, lena n-áirítear maidir leis na praghsanna a shocraítear chun pointí luchtaithe atá inrochtana don phobal a úsáid, amhail ardú praghsanna, agus é mar chuspóir foriomlán acu iomaíocht sa mhargadh agus cearta tomhaltóirí a chosaint. Beidh glacadh na mbeart sin bunaithe ar fhaireachán rialta ar phraghsáil agus ar chleachtais táirgeoirí feithiclí agus oibreoirí pointí athluchtaithe. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi ghlacadh na mbeart sin ag an údarás rialála iomchuí.
Leasú 136
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 5 – an chuid réamhráiteach
5.  Taispeánfaidh oibreoirí pointí athluchtaithe go soiléir an praghas ad hoc agus a chomhpháirteanna uile ag gach stáisiún athluchtaithe atá inrochtana don phobal arna oibriú acu ionas go mbeidh sin ar eolas ag úsáideoirí deiridh sula dtionscnóidh siad seisiún athluchtaithe. Taispeánfar go soiléir na comhpháirteanna praghais seo a leanas ar a laghad, más infheidhme ag an stáisiún athluchtaithe:
5.  Taispeánfaidh oibreoirí pointí athluchtaithe go soiléir an praghas ad hoc in aghaidh an kWh agus a chomhpháirteanna uile ag gach stáisiún athluchtaithe atá inrochtana don phobal arna oibriú acu ionas go mbeidh an fhaisnéis sin ar eolas ag úsáideoirí deiridh sula dtionscnóidh siad seisiún athluchtaithe.
Leasú 137
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 5 – fleasc 1
–  praghas in aghaidh an tseisiúin,
scriosta
Leasú 138
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 5 – fleasc 2
–  praghas in aghaidh an nóiméid,
scriosta
Leasú 139
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 5 – fleasc 3
–  praghas in aghaidh kWh.
scriosta
Leasú 140
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 6
6.  Is réasúnta, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a bheidh praghsanna a ghearrfaidh cuideachtaí líonra iompair ar úsáideoirí deiridh. Roimh thús an tseisiúin athluchtaithe, cuirfidh cuideachtaí líonra iompair an fhaisnéis uile is infheidhme faoi phraghsanna ar fáil d’úsáideoirí deiridh trí mhodhanna leictreonacha atá ar fáil gan srian agus a bhfuil tacaíocht fhorleathan leo, ar faisnéis í a bhainfidh go sonrach leis an seisiún athluchtaithe atá beartaithe acu, ina ndéanfar idirdhealú soiléir ar na comhpháirteanna praghais a mhuirearaíonn oibreoir an phointe athluchtaithe, na costais ríomhfhánaíochta is infheidhme agus táillí nó muirir eile a ghearrann an chuideachta líonra iompair. Is réasúnta, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a bheidh na táillí. Ní ghearrfar aon mhuirear breise as ríomhfhánaíocht trasteorann.
6.  Is réasúnta, inacmhainne, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a bheidh praghsanna a ghearrfaidh cuideachtaí líonra iompair ar úsáideoirí deiridh. Roimh thús an tseisiúin athluchtaithe, cuirfidh soláthraithe seirbhíse soghluaisteachta an fhaisnéis uile is infheidhme faoi phraghsanna ar fáil d’úsáideoirí deiridh trí mhodhanna leictreonacha atá ar fáil gan srian agus a bhfuil tacaíocht fhorleathan leo, ar faisnéis í a bhainfidh go sonrach leis an seisiún athluchtaithe atá beartaithe acu, ina ndéanfar an praghas in aghaidh an kWh a mhuirearaíonn oibreoir an phointe athluchtaithe, na costais ríomhfhánaíochta is infheidhme agus táillí nó muirir eile a ghearrann an chuideachta líonra iompair a léiriú go soiléir. Is réasúnta, inacmhainne, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a bheidh na táillí. Ní ghearrfar aon mhuirear breise as ríomhfhánaíocht trasteorann.
Leasú 141
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 6 a (nua)
6 a.  Déanfaidh oibreoirí pointí athluchtaithe cliste nó déthreocha faisnéis a fhaigheann siad ó oibreoirí córais tarchurtha, ó sholáthróirí leictreachais nó trína dtáirgeadh leictreachais féin a chur ar fáil, faoi sciar an leictreachais inathnuaite sa chóras tarchurtha agus faoi na hastaíochtaí gás ceaptha teasa gaolmhara. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil ag eatraimh fíor-ama thráthrialta agus beidh réamhaisnéis ag gabháil léi, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, agus, i gcás inarb infheidhme, beidh feidhm ag téarmaí an chonartha leis an soláthraí leictreachais.
Leasú 142
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 7
7.  Ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 24, áiritheoidh oibreoirí pointí athluchtaithe maidir le gach pointe athluchtaithe atá inrochtana don phobal arna oibriú acu gur pointe athluchtaithe atá nasctha go digiteach é.
7.  Ó [dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], áiritheoidh oibreoirí pointí athluchtaithe go mbeidh gach pointe athluchtaithe nuathógtha nó athchóirithe atá inrochtana don phobal arna oibriú acu nasctha go digiteach, go n-áireofar leo feidhmiúlacht ríomhfhánaíochta agus go mbeidh a suíomh agus a stádas infheicthe go héasca ar líne.
Leasú 143
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 8
8.  Ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 24, áiritheoidh oibreoirí pointí athluchtaithe maidir le gach pointe athluchtaithe gnáthchumhachta atá inrochtana don phobal arna oibriú acu, go mbeifear in ann athluchtú cliste a dhéanamh ann.
8.  Ó [dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], áiritheoidh oibreoirí pointí athluchtaithe, maidir le gach pointe athluchtaithe nuathógtha nó athchóirithe atá inrochtana don phobal arna oibriú acu, go mbeifear in ann athluchtú cliste a dhéanamh ann.
Leasú 144
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 8 a (nua)
8 a.  Áiritheoidh oibreoirí pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal an méid seo a leanas:
(a)  go bhfeidhmeoidh na pointí athluchtaithe i mbail chuí ar feadh a saolré tráchtála agus go mbeidh na feidhmiúlachtaí a leagtar amach i míreanna 2 go 5 ar fáil i gcónaí d’úsáideoirí deiridh, agus oibríochtaí rialta cothabhála agus deisiúcháin á ndéanamh a luaithe a bhraitear aon mhífheidhm;
(b)  go gcomhlíonfaidh na pointí athluchtaithe ar fad atá inrochtana don phobal agus atá á n-oibriú acu forálacha Threoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta chun leibhéal ard comhchoiteann slándála na gcóras gréasáin agus faisnéise a áirithiú ar fud an Aontais.
Leasú 145
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 9
9.  Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go n-úsáidfear comharthaíocht iomchuí laistigh de limistéir pháirceála agus scíthe ar an ngréasán bóithre TEN-T ina bhfuil bonneagar breoslaí ionadúla suiteáilte, ionas go mbeifear in ann suíomh beacht bhonneagar na mbreoslaí ionadúla a shainaithint go héasca.
9.  Ó [dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go n-úsáidfear comharthaíocht iomchuí laistigh de limistéir pháirceála agus scíthe ar an ngréasán bóithre TEN-T ina bhfuil bonneagar breoslaí ionadúla suiteáilte, ionas go mbeifear in ann suíomh beacht an bhonneagair breoslaí ionadúla a shainaithint go héasca. Déanfar comharthaíocht a imscaradh freisin ag achar iomchuí ar an ngréasán bóithre TEN-T roimh na limistéir pháirceála agus scíthe ina bhfuil an bonneagar breoslaí ionadúla sin suiteáilte.
Leasú 146
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 9 a (nua)
9 a.  Molfaidh na Ballstáit do na hoibreoirí na bearta is gá a dhéanamh chun coráis faisnéise atá caighdeánaithe agus idir-inoibritheach go hiomlán a chur ar fáil, ar córais iad lena soláthrófar faisnéis faoi infhaighteacht pointí athluchtaithe. Beidh na coráis sin beacht, soláimhsithe agus inoibrithe i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit agus i mBéarla.
Leasú 147
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 11 a (nua)
11 a.  Áiritheoidh oibreoirí pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal go mbeidh an fhaisnéis teagmhála is gá le haghaidh seirbhísí éigeandála áitiúla ar taispeáint go soiléir ag stáisiúin luchtaithe.
Leasú 148
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 11 b (nua)
11 b.  Ag stáisiúin luchtaithe nach bhfuil freastal orthu, déanfaidh na Ballstáit suiteáil corás faireachais ceamara agus cnaipe glao éigeandála a éascú chun teagmháil láithreach a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála áitiúla.
Leasú 149
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 1 – fomhír 1
Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear ar bun ina gcríoch líon íosta stáisiún athbhreoslaithe hidrigine atá inrochtana don phobal faoin 31 Nollaig 2030.
Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear ar bun ina gcríoch líon íosta stáisiún athbhreoslaithe hidrigine atá inrochtana don phobal faoin 31 Nollaig 2027.
Leasú 150
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 1 – fomhír 2
Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit faoin 31 Nollaig 2030 maidir le stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine atá inrochtana don phobal agus a bhfuil toilleadh íosta 2 t/lá acu agus atá feistithe le dáileoir 700 bar ar a laghad go n-imscarfar na stáisiúin sin ar achar uasta 150 km eatarthu feadh an chroíghréasáin TEN-T agus feadh an ghréasáin chuimsithigh TEN-T. Déanfar hidrigin leachtach a chur ar fáil ag stáisiúin athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal agus achar uasta 450 km eatarthu.
Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit faoin 31 Nollaig 2027, maidir le stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine atá inrochtana don phobal agus a bhfuil toilleadh íosta 2 t/lá acu agus atá feistithe le dáileoir 700 bar ar a laghad, go n-imscarfar na stáisiúin sin ar achar uasta 100 km eatarthu feadh an chroíghréasáin TEN-T agus feadh an ghréasáin chuimsithigh TEN-T. Déanfar hidrigin leachtach a chur ar fáil ag stáisiúin athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal agus achar uasta 400 km eatarthu.
Leasú 151
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 1 – fomhír 3
Áiritheoidh siad faoin 31 Nollaig 2030 go ndéanfar stáisiún athbhreoslaithe hidrigine amháin ar a laghad atá inrochtana don phobal a imscaradh i ngach nód uirbeach. Déanfar anailís ar an suíomh is fearr do na stáisiúin athbhreoslaithe sin agus breithniú á dhéanamh go háirithe ar imscaradh stáisiún den sórt sin i moil ilmhódacha ina bhféadfaí soláthar a dhéanamh freisin do mhodhanna eile iompair.
Áiritheoidh siad faoin 31 Nollaig 2027 go ndéanfar stáisiún athbhreoslaithe hidrigine amháin ar a laghad atá inrochtana don phobal a imscaradh i ngach nód uirbeach. Déanfar anailís ar an suíomh is fearr do na stáisiúin athbhreoslaithe sin agus breithniú á dhéanamh go háirithe ar imscaradh stáisiún den sórt sin i moil ilmhódacha ina bhféadfaí soláthar a dhéanamh freisin do mhodhanna eile iompair.
Leasú 152
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 1 a (nua)
1 a.  Foilseoidh na Ballstáit liosta mionsonraithe de mhoil iompair ilmhódaigh, de bhraislí tionsclaíocha agus de chalafoirt a bheidh oiriúnach d’imscaradh stáisiún athbhreoslaithe hidrigine faoin 31 Nollaig 2024.
Leasú 153
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 2
2.  Áiritheoidh na Ballstáit chomharsanachta nach sárófar an t-achar uasta dá dtagraítear i mír 1, dara fomhír, maidir le codanna trasteorann den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T.
2.  Glacfaidh na Ballstáit chomharsanachta na bearta is gá chun a áirithiú nach sárófar an t-achar uasta dá dtagraítear i mír 1, dara fomhír, maidir le codanna trasteorann den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T.
Leasú 154
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 3 a (nua)
3a.  Má tá na costais díréireach leis na sochair, lena n-áirítear na sochair chomhshaoil, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan mír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm maidir leis na réigiúin seo a leanas: (a) na réigiúin is forimeallaí den Aontas, dá dtagraítear in Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh; nó (b) oileáin nach bhfuil nasctha le gréasáin fuinnimh ar an mórthír, a thagann faoin sainmhíniú ar chórais bheaga nasctha nó ar chórais aonraithe de réir Threoir (AE) 2019/944. I gcásanna den sórt sin, tabharfaidh na Ballstáit údar lena gcinntí don Choimisiún agus cuirfidh siad an fhaisnéis ábhartha uile ar fáil ina gcreataí beartais náisiúnta.
Leasú 155
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 3 b (nua)
3 b.  Déanfaidh an Coimisiún na bearta is gá chun comhar le tríú tíortha a áirithiú, go háirithe leis na tíortha is iarrthóirí agus leis na tríú tíortha sin ina bhfuil na conairí idirthurais lena nasctar na Ballstáit suite.
Leasú 156
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach
Ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 24, gach oibreoir stáisiún athbhreoslaithe hidrigine atá inrochtana don phobal arna n-oibriú acu tabharfaidh siad deis d'úsáideoirí deiridh athbhreoslú a dhéanamh ar bhonn ad hoc trí úsáid a bhaint as ionstraim íocaíochta a úsáidtear go forleathan san Aontas. Chuige sin, áiritheoidh oibreoirí stáisiún athbhreoslaithe hidrigine go nglacfar i ngach stáisiún athbhreoslaithe hidrigine arna oibriú acu le híocaíochtaí leictreonacha trí chríochfoirt agus gairis a úsáidtear le haghaidh seirbhísí íocaíochta, lena n-áirítear ceann amháin ar a laghad de na nithe seo a leanas:
Ón [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], gach oibreoir stáisiún athbhreoslaithe hidrigine atá inrochtana don phobal arna n-oibriú acu tabharfaidh siad deis d’úsáideoirí deiridh athbhreoslú a dhéanamh ar bhonn ad hoc trí úsáid a bhaint as ionstraim íocaíochta a úsáidtear go forleathan san Aontas. Chuige sin, áiritheoidh oibreoirí stáisiún athbhreoslaithe hidrigine go nglacfar i ngach stáisiún athbhreoslaithe hidrigine arna oibriú acu le híocaíochtaí leictreonacha trí chríochfoirt agus gairis a úsáidtear le haghaidh seirbhísí íocaíochta, lena n-áirítear ar a laghad léitheoirí cártaí íocaíochta nó gairis éadadhaill lenar féidir cártaí íocaíochta a léamh.
Leasú 157
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1 – fomhír 1 – pointe a
(a)  léitheoirí cártaí íocaíochta;
scriosta
Leasú 158
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1 – fomhír 1 – pointe b
(b)  gairis a bhfuil feidhmiúlacht gan teagmháil acu atá in ann cártaí íocaíochta a léamh ar a laghad.
scriosta
Leasú 159
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1 a (nua)
1 a.  Molfaidh na Ballstáit do na hoibreoirí coráis faisnéise atá caighdeánaithe agus idir-inoibritheach go hiomlán a chur ar fáil, ar córais iad lena soláthrófar faisnéis faoi infhaighteacht pointí athbhreoslaithe. Beidh na coráis sin beacht, soláimhsithe agus inoibrithe i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit agus i mBéarla.
Leasú 160
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 3
3.  Sna stáisiúin athbhreoslaithe arna n-oibriú acu, cuirfidh oibreoirí pointí athbhreoslaithe hidrigine faisnéis faoi phraghsanna ar fáil roimh thús seisiúin athbhreoslaithe.
3.  Sna stáisiúin athbhreoslaithe arna n-oibriú acu, cuirfidh oibreoirí pointí athbhreoslaithe hidrigine faisnéis faoi phraghsanna ar fáil roimh thús seisiúin athbhreoslaithe. Taispeánfaidh siad go soiléir an praghas ad hoc agus a chomhpháirteanna uile ag gach stáisiún athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal arna oibriú acu ionas go mbeidh sin ar eolas ag úsáideoirí deiridh sula dtionscnófar seisiún athbhreoslaithe. Taispeánfar an praghas go soiléir in aghaidh an kg.
Leasú 161
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 4
4.  Maidir le hoibreoirí stáisiún athbhreoslaithe hidrigine, féadfaidh siad seirbhísí athbhreoslaithe hidrigine a sholáthar do chustaiméirí ar bhonn conarthach, lena n-áirítear in ainm agus thar ceann cuideachtaí eile líonra iompair. Is réasúnta, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a bheidh na praghsanna a ghearrfaidh cuideachtaí líonra iompair ar úsáideoirí deiridh. Roimh thús an tseisiúin athluchtaithe, cuirfidh cuideachtaí líonra iompair an fhaisnéis uile is infheidhme faoi phraghsanna ar fáil d’úsáideoirí deiridh trí mhodhanna leictreonacha atá ar fáil gan srian agus a bhfuil tacaíocht fhorleathan leo, ar faisnéis í a bhainfidh go sonrach leis an seisiún athluchtaithe atá beartaithe acu, ina ndéanfar idirdhealú soiléir ar na comhpháirteanna praghais a mhuirearaíonn oibreoir an phointe athluchtaithe hidrigine, na costais ríomhfhánaíochta is infheidhme agus táillí nó muirir eile a mhuirearaíonn an chuideachta líonra iompair.
4.  Maidir le hoibreoirí stáisiún athbhreoslaithe hidrigine, féadfaidh siad seirbhísí athbhreoslaithe hidrigine a sholáthar do chustaiméirí ar bhonn conarthach, lena n-áirítear in ainm agus thar ceann cuideachtaí eile líonra iompair. Is réasúnta, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a bheidh na praghsanna a ghearrfaidh cuideachtaí líonra iompair ar úsáideoirí deiridh. Roimh thús an tseisiúin athbhreoslaithe, cuirfidh cuideachtaí líonra iompair an fhaisnéis uile is infheidhme faoi phraghsanna ar fáil d’úsáideoirí deiridh trí mhodhanna leictreonacha atá ar fáil gan srian agus a bhfuil tacaíocht fhorleathan leo, ar faisnéis í a bhainfidh go sonrach leis an seisiún athbhreoslaithe atá beartaithe acu, ina ndéanfar idirdhealú soiléir ar na comhpháirteanna praghais a mhuirearaíonn oibreoir an phointe athluchtaithe hidrigine, na costais ríomhfhánaíochta is infheidhme agus táillí nó muirir eile a ghearrann an chuideachta líonra iompair.
Leasú 162
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
1.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar soláthar íosta leictreachais cois cladaigh a sholáthar do longa farraige coimeádán agus longa farraige paisinéirí i gcalafoirt mhuirí. Chuige sin, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú faoin 1 Eanáir 2030:
1.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar soláthar íosta leictreachais cois cladaigh a sholáthar do longa farraige coimeádán agus longa farraige paisinéirí i gcalafoirt mhuirí an chroíghréasáin TEN-T agus an ghréasáin chuimsithigh TEN-T. Chuige sin, agus i gcomhréir iomlán le hAirteagal 5, (1) agus (2) de Rialachán XXXX-XXX [FuelEU Maritime], déanfaidh na Ballstáit, i gcomhar leis an gcomhlacht bainistíochta nó leis an údarás inniúil, na bearta is gá chun an méid seo a leanas a áirithiú faoin 1 Eanáir 2030:
Leasú 163
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 1 a (nua)
1 a.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear bonneagar agus acmhainneacht eangaí leordhóthanach, cúltaca cumhachta agus tiontú minicíochta ar fáil chun na ceanglais a leagtar amach i mír 1, pointí (a), (b) agus (c) a chomhlíonadh.
Leasú 164
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
2.  Chun an líon cuairteanna ar chalafort a chinneadh, ní chuirfear na cuairteanna ar chalafort seo a leanas san áireamh:
2.  Chun an líon cuairteanna ar chalafort a chinneadh agus i gcomhréir iomlán le hAirteagal 5(3) de Rialachán XXXX-XXX [FuelEU Maritime], ní chuirfear na cuairteanna ar chalafort seo a leanas san áireamh:
Leasú 165
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 2 – pointe a a (nua)
(a a)  cuairteanna ar chalafort a mheastar a bheith i mbeart ar feadh tréimhse níos lú ná dhá uair an chloig agus ar cuireadh cosc orthu imeacht laistigh den tréimhse ama sin mar gheall ar theagmhais nárbh fhéidir a thuar agus iad ag dul isteach sa chalafort agus ar soiléir gur lasmuigh de rialú nó de fhreagracht an oibreora a bhí siad;
Leasú 166
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 2 – pointe c a (nua)
(c a)  roinnt cuairteanna gearra ar chalafort chun luchtú agus díluchtú ag beartanna éagsúla sa chalafort céanna, nach sáraíonn an teorainn ama shonraítear i bpointe (a);
Leasú 167
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 3
3.  I gcás ina bhfuil an calafort muirí den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T, suite ar oileán nach bhfuil nasctha go díreach leis an eangach leictreachais, ní bheidh feidhm ag mír 1, go dtí go dtabharfar i gcrích nasc den sórt sin nó go mbeidh toilleadh leordhóthanach ann a ghintear go háitiúil ó fhoinsí glana fuinnimh.
3.  I gcás ina bhfuil an calafort muirí den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T, suite ar oileán nó i gceann de na réigiúin is forimeallaí den Aontas dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE, nach bhfuil nasctha go díreach leis an eangach leictreachais, ní bheidh feidhm ag mír 1, go dtí go dtabharfar i gcrích nasc den sórt sin nó go mbeidh toilleadh leordhóthanach ann a ghintear go háitiúil ó fhoinsí glana fuinnimh.
Leasú 168
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 3 a (nua)
3 a.  Gan dochar do mhír 3, ní bheidh feidhm ag mír 1 i leith na gcríoch Ceuta agus Melilla go dtí go mbeidh nasc díreach le heangach na mórthíre, nó le heangach de chuid tíre comharsanachta, tugtha chun críche nó go dtí go mbeidh acmhainn leordhóthanach a ghintear go háitiúil ó fhoinsí glana fuinnimh.
Leasú 169
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 1 – pointe b a (nua)
(b a)  go bhfuil acmhainneacht agus nascadh eangaí, cúltaca cumhachta agus tiontú minicíochta leordhóthanach ar fáil sna calafoirt.
Leasú 170
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – teideal
Spriocanna maidir le GNL a sholáthar i gcalafoirt mhuirí
Spriocanna maidir le GNL, amóinia agus hidrigin i gcalafoirt mhuirí
Leasú 171
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 1
1.  Áiritheoidh na Ballstáit, go gcuirfear líon iomchuí pointí athbhreoslaithe GNL ar bun ag calafoirt mhuirí den chroíghréasán TEN-T dá dtagraítear i mír 2, chun é a chur ar a gcumas do longa farraige a bheith ag gluaiseacht ar fud an chroíghréasáin TEN-T faoin 1 Eanáir 2025. Rachaidh na Ballstáit i gcomhar le Ballstáit chomharsanachta, i gcás inar gá, chun cumhdach leormhaith ar an gcroíghréasán TEN-T a áirithiú.
1.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear líon iomchuí pointí athbhreoslaithe GNL, amóinia agus hidrigine ar bun ag na calafoirt mhuirí de chuid chroíghréasán TEN-T dá dtagraítear i mír 2, chun freastal ar éileamh an mhargaidh ar na breoslaí sin sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma araon agus chun é a chur ar a gcumas do longa farraige a bheith ag gluaiseacht ar fud chroíghréasáin TEN-T faoin 1 Eanáir 2025. Rachaidh na Ballstáit i gcomhar le Ballstáit chomharsanachta, i gcás inar gá, chun cumhdach leormhaith ar an gcroíghréasán TEN-T a áirithiú.
Leasú 172
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 2
2.  Ainmneoidh na Ballstáit, ina gcreataí beartais náisiúnta, calafoirt mhuirí den chroíghréasán TEN-T ina gcuirfear rochtain ar fáil ar phointí athbhreoslaithe gáis nádúrtha leachtaithe dá dtagraítear i mír 1, agus riachtanais iarbhír an mhargaidh agus forbairtí iarbhír sa mhargadh á gcur san áireamh.
2.  Ainmneoidh na Ballstáit, ina gcreataí beartais náisiúnta, calafoirt mhuirí chroíghréasán TEN-T ina soláthrófar rochtain ar na pointí athbhreoslaithe dá dtagraítear i mír 1, agus forbairt calafort, pointí soláthair GNL atá ann cheana agus riachtanais iarbhír an mhargaidh agus forbairtí iarbhír sa mhargadh á gcur san áireamh, mar aon lena gcuid oibleagáidí maidir le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais.
Leasú 173
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
1.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh comhlachtaí bainistithe aerfoirt i ngach aerfort den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T soláthar leictreachais a áirithiú d'aerárthaí atá ina stad:
1.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh comhlachtaí bainistithe aerfoirt agus soláthróirí seirbhísí láimhseála ar an talamh i ngach aerfort den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T soláthar leictreachais a áirithiú d’aerárthaí atá ina stad:
Leasú 174
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 1 – fomhír 1 a (nua)
Ní bheidh feidhm, áfach, ag mír 1(a) agus (b) maidir le suíomhanna páirceála gearrthéarmacha, aerárthaí a dhí-oighriú, suíomhanna páirceála i limistéir mhíleata agus suíomhanna páirceála d’aerthrácht ginearálta (faoi bhun 5,7 go huasmheáchan tráth turgabhála).
Leasú 175
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 2 a (nua)
2 a.  De mhaolú ar mhír 1(a) agus (b), i gcás ina mbeidh aerfort chroíghréasán TEN-T nó gréasán cuimsitheach TEN-T lonnaithe ar oileán nach bhfuil nasctha go díreach leis an eangach leictreachais nó i réigiún is forimeallaí, ní bheidh feidhm ag an mír sin go dtí go mbeidh nasc den sórt sin tugtha chun críche nó go dtí go mbeidh acmhainn leordhóthanach a ghintear go háitiúil ó fhoinsí glana fuinnimh nó i gcás ina mbeidh na costais díréireach leis na sochair, lena n-áirítear na sochair chomhshaoil.
Leasú 176
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 2 b (nua)
2 b.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh comhlachtaí bainistithe aerfoirt nó soláthróirí seirbhísí láimhseála ar an talamh in aerfoirt chroíghréasán TEN-T córais aeir réamhchóirithe ar fáil.
Leasú 177
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 a (nua)
Airteagal 12 a
Spriocanna bonneagair do línte iarnróid
1.  Áiritheoidh na Ballstáit go soláthrófar bonneagar leordhóthanach chun go mbeidh línte iarnróid ar fud an Aontais in ann cuspóirí leictrithe Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 [Rialachán TENT] a chomhlíonadh.
2.  I gcás nach féidir línte iarnróid a leictriú go díreach, lena n-áirítear ar chúiseanna a bhaineann le costéifeachtúlacht na seirbhíse, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear líon iomchuí stáisiún luchtaithe i bhfeidhm do thraenacha faoi chumhacht ceallra, agus do stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine d’iarnróid. Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit, feadh chroíghréasán TEN-T agus ghréasán cuimsitheach TEN-T, go n-imscarfar stáisiúin athluchtaithe le haghaidh traenacha faoi chumhacht ceallra agus stáisiúin athbhreoslaithe le haghaidh traenacha hidrigine i ngach treo taistil i gcodanna nach bhforáiltear dá leictriú i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 [Rialachán TEN T].
3.  Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina ndéanfar cinntí maidir leis an mbonneagar is gá a úsáid chun mír 2 a chomhlíonadh, go gcuirfear san áireamh go hiomlán ‘bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh’.
4.  Sula n-imscarfar iad, déanfaidh na Ballstáit anailís ar an suíomh is fearr do na stáisiúin sin. Agus an méid sin á dhéanamh acu, breithneoidh na Ballstáit, go háirithe, imscaradh stáisiún i nóid uirbeacha agus i moil ilmhódacha i gcás ina bhféadfaí modhanna iompair eile a chomhtháthú freisin.
Leasú 178
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 – fomhír 1
Faoin 1 Eanáir 2024, ullmhóidh agus seolfaidh gach Ballstát chuig an gCoimisiún dréachtchreat beartais náisiúnta le haghaidh fhorbairt an mhargaidh maidir le breoslaí ionadúla in earnáil an iompair agus imscaradh an bhonneagair ábhartha.
Faoin 1 Eanáir 2024, i gcomhar le húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, ullmhóidh agus seolfaidh gach Ballstát chuig an gCoimisiún dréachtchreat beartais náisiúnta le haghaidh fhorbairt an mhargaidh maidir le breoslaí ionadúla in earnáil an iompair agus imscaradh an bhonneagair ábhartha.
Leasú 179
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 – fomhír 2 – pointe a
(a)  measúnú ar staid reatha an mhargaidh agus ar fhorbairt an mhargaidh san am atá le teacht maidir le breoslaí ionadúla in earnáil an iompair, agus maidir le bonneagar breoslaí ionadúla a fhorbairt, agus rochtain idirmhódúil ar bhonneagar breoslaí ionadúla agus, i gcás inarb ábhartha, an leanúnachas trasteorann á gcur san áireamh;
(a)  measúnú ar staid reatha an mhargaidh agus ar fhorbairt an mhargaidh san am atá le teacht maidir le breoslaí ionadúla in earnáil an iompair, agus maidir le bonneagar breoslaí ionadúla a fhorbairt, agus rochtain idirmhódúil ar bhonneagar breoslaí ionadúla agus, i gcás inarb ábhartha, leanúnachas trasteorann, mar aon le soghluaisteacht agus inrochtaineacht idir oileáin agus na réigiúin is forimeallaí, agus eatarthu siúd agus an mhórthír, á gcur san áireamh;
Leasú 180
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 – fomhír 2 – pointe a a (nua)
(a a)  measúnú ar an gcaoi a ndéantar bearta a chur chun feidhme i gcomhréir iomlán le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh; Soláthróidh na Ballstáit cuntas ar an gcaoi ar cuireadh bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh i bhfeidhm agus cinntí pleanála agus infheistíochta á ndéanamh acu maidir le bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe breoslaí ionadúla a imscaradh;
Leasú 181
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 – fomhír 2 – pointe a b (nua)
(a b)  measúnú ar an staid reatha agus ar an bhforbairt a dhéanfar amach anseo ar naisc agus acmhainneacht eangaí, lena n-áirítear aon fheabhsuithe agus bearta athléimneachta is gá, chomh maith leis an maoiniú is gá;
Leasú 182
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 – fomhír 2 – pointe a c (nua)
(a c)  measúnú ar na hionchais maidir le hathruithe ar an méid leictreachais a bheidh ar fáil d’earnáil an iompair, chomh maith le foinsí an leictreachais sin;
Leasú 183
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 – fomhír 2 – pointe b
(b)  spriocanna agus cuspóirí náisiúnta de bhun Airteagail 3, 4, 6, 8, 9, 10, 11 agus 12 a leagtar amach spriocanna náisiúnta éigeantacha ina leith sa Rialachán seo;
(b)  spriocanna agus cuspóirí náisiúnta de bhun Airteagail 3, 4, 6, 8, 9, 10, 11, 12 agus 12a a leagtar amach spriocanna náisiúnta éigeantacha ina leith sa Rialachán seo;
Leasú 184
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 – fomhír 2 – pointe c
(c)  spriocanna agus cuspóirí náisiúnta maidir le bonneagar breoslaí ionadúla a bhaineann le pointí (l), (m), (n), (o) agus (p) den mhír seo a imscaradh, ar spriocanna agus cuspóirí náisiúnta iad nach leagtar amach aon sprioc éigeantach ina leith sa Rialachán seo;
(c)  spriocanna agus cuspóirí náisiúnta maidir le bonneagar breoslaí ionadúla a bhaineann le pointí (l), (l a), (m), (n), (o), (p), (p a) agus (p b) den mhír seo a imscaradh, ar spriocanna agus cuspóirí náisiúnta iad nach leagtar amach aon sprioc éigeantach ina leith sa Rialachán seo;
Leasú 185
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 – fomhír 2 – pointe e
(e)  bearta chun imscaradh bonneagair breoslaí ionadúla do fhlíteanna faoi chuing a chur chun cinn, go háirithe le haghaidh athluchtú leictreach agus stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine le haghaidh seirbhísí iompair phoiblí agus stáisiúin athluchtaithe leictreacha le haghaidh comhroinnt carranna;
(e)  bearta chun imscaradh bonneagair breoslaí ionadúla do fhlíteanna faoi chuing a chur chun cinn, go háirithe le haghaidh athluchtú leictreach agus stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine le haghaidh seirbhísí iompair phoiblí agus stáisiúin athluchtaithe leictreacha le haghaidh comhroinnt carranna, mar aon le tacsaithe;
Leasú 186
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 – fomhír 2 – pointe g a (nua)
(g a)  spriocanna agus bearta náisiúnta chun bonneagar breoslaí ionadúla a chur chun cinn feadh na ngréasán bóithre nach n-áirítear i gcroíghréasán TEN-T ná i ngréasán cuimsitheach TEN-T, go háirithe maidir le pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal. Go háirithe, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar gréasáin bóithre ardleibhéil agus meánleibhéil don tsoghluaisteacht éadrom agus throm araon a chumhdach go leordhóthanach leis an mbonneagar athluchtaithe;
Leasú 187
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 – fomhír 2 – pointe h
(h)  bearta chun líon leordhóthanach pointí athluchtaithe ardchumhachta atá inrochtana don phobal a chur chun cinn;
(h)  bearta chun líon leordhóthanach pointí athluchtaithe ardchumhachta atá inrochtana don phobal agus ag a bhfuil cumhacht aschurtha leordhóthanach chun áisiúlacht do thomhaltóirí a mhéadú agus a áirithiú go mbeidh feithiclí leictreacha i gcúrsaíocht go rianúil ar a chríoch agus, i gcás inarb infheidhme, thar theorainneacha, a chur chun cinn;
Leasú 188
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 – fomhír 2 – pointe i a (nua)
(i a)  bearta chun inrochtaineacht na gcríoch uile ar bhonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe a ráthú, agus aird ar leith á tabhairt ar limistéir thuaithe chun a n-inrochtaineacht agus a gcomhtháthú críochach a áirithiú; ba cheart do na Ballstáit beartais agus bearta spriocdhírithe a mheas agus a chur chun feidhme sna críocha sin;
Leasú 189
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 – fomhír 2 – pointe j
(j)  bearta chun a áirithiú maidir le pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal, go mbeidh siad inrochtana do dhaoine scothaosta, do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus do dhaoine faoi mhíchumas, bearta nach mór a bheith i gcomhréir le ceanglais inrochtaineachta Iarscríbhinní I agus III de Threoir (AE) 2019/882;
(j)  bearta chun a áirithiú maidir le pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe uile atá inrochtana don phobal, go mbeidh siad inrochtana do dhaoine scothaosta, do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus do dhaoine faoi mhíchumas, bearta nach mór a bheith i gcomhréir le ceanglais inrochtaineachta Iarscríbhinní I agus III de Threoir (AE) 2019/882;
Leasú 190
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 – fomhír 2 – pointe j a (nua)
(j a)  bearta lena ndírítear ar riachtanais shonracha na réigiún is forimeallaí, i gcás inarb infheidhme;
Leasú 191
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 – fomhír 2 – pointe k
(k)  bearta chun deireadh a chur le bacainní a d'fhéadfadh a bheith ann ar bhonneagar breoslaí ionadúla a phleanáil, a cheadú agus a sholáthar;
(k)  bearta chun deireadh a chur leis na constaicí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le bonneagar breoslaí ionadúla a phleanáil, a cheadú agus a sholáthar agus chun teorainn nach faide ná 6 mhí a chur leis an aga idir cur i bhfeidhm tosaigh agus úsáid iarbhír, agus urraim chuí á tabhairt do chomhairliúcháin leis na geallsealbhóirí agus do nósanna imeachta um measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol. Déanfar an nós imeachta údaraithe a dhigiteáil go hiomlán;
Leasú 192
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 – fomhír 2 – pointe k a (nua)
(k a)  bearta chun a áirithiú i ndlús an bhonneagair breoslaí ionadúla atá inrochtana don phobal atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta go gcuirfear san áireamh dlús daonra agus líon clárúcháin na bhfeithiclí arna gcumhachtú le breoslaí ionadúla sa limistéar áitiúil bunaithe ar leibhéal NUTS 3 i gcomhréir leis an aicmiú NUTS is déanaí;
Leasú 193
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 – fomhír 2 – pointe k b (nua)
(k b)  bearta chun úsáid timthriallta atá cumhachtaithe le leictreachas a chur chun cinn chomh maith le feithiclí de chatagóir L amhail timthriallta leictreacha cumhachtaithe agus móipéidí leictreacha.
Leasú 194
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 – fomhír 2 – pointe k c (nua)
(k c)   bearta chun tacú le comhphobail fuinnimh inathnuaite, le comhphobail fuinnimh na saoránach agus le hoibreoirí neamhthráchtála pointí athluchtaithe a imscaradh, go háirithe i limistéir inar tearc an daonra.
Leasú 195
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 – fomhír 2 – pointe l
(l)  plean imscartha um bonneagar breoslaí ionadúla in aerfoirt seachas le haghaidh soláthar leictreachais d'aerárthaí atá ina stad, go háirithe le haghaidh athluchtú hidrigine agus leictreachais d'aerárthaí;
(l)  measúnú ar an staid reatha agus ar an bhforbairt a dhéanfar amach anseo ar mhargadh na heitlíochta hidrigine agus tiomána leictrigh chomh maith le staidéar féidearthachta ar imscaradh an bhonneagair ábhartha lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, plean imscartha le haghaidh bonneagar breoslaí ionadúla ag aerfoirt, go háirithe maidir le hidrigin agus athluchtú leictreach le haghaidh aerárthaí;
Leasú 196
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 – fomhír 2 – pointe l a (nua)
(l a)  plean imscartha lena n-áirítear spriocanna agus maoiniú a bhfuil gá leo le haghaidh córais aeir réamhchóirithe ag croí-aerfoirt TEN-T, chomh maith le staidéar féidearthachta ar imscaradh an bhonneagair ábhartha sheasta nó shoghluaiste;
Leasú 197
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 – fomhír 2 – pointe p
(p)  plean imscartha lena n-áirítear spriocanna, príomh-gharspriocanna agus maoiniú atá de dhíth, do thraenacha hidrigine nó ceallra-leictreacha ar chodanna den líonra nach nascfar leis an leictreachas.
(p)  plean imscartha lena n-áirítear spriocanna, príomh-gharspriocanna agus maoiniú atá de dhíth, do thraenacha hidrigine nó ceallra-leictreacha ar chodanna den líonra nach féidir a nascadh leis an leictreachas, i gcás inarb iomchuí.
Leasú 198
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 – fomhír 2 – pointe p a (nua)
(p a)  plean cuimsitheach infheistíochta, bunaithe ar mheasúnú socheacnamaíoch, comhshaoil agus costais is tairbhe, ina leagfar amach na hinfheistíochtaí is gá chun na spriocanna a leagtar amach sa chreat beartais náisiúnta a bhaint amach agus ina n-áireofar freisin na bonneagair lasmuigh de ghréasán TEN-T;
Leasú 199
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 – fomhír 2 – pointe p b (nua)
(p b)  léarscáil de shuíomhanna a bheadh iomchuí amach anseo d’fhorbairt láithreán do gach bonneagar breoslaí ionadúla, lena n-áirítear faisnéis maidir le toilleadh leordhóthanach eangaí, bunaithe ar éileamh, a chuirfear ar fáil go poiblí;
Leasú 200
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 a (nua)
1 a.  Gan dochar do mhír 1 agus roimh an spriocdháta a leagtar síos inti, iarrtar ar na Ballstáit réamhchreataí beartais náisiúnta a thíolacadh chun forbairt agus imscaradh rianúil agus tapa an bhonneagair a áirithiú. Nuair a chinneann Ballstát réamhchreat beartais náisiúnta a chur isteach, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an réamhchreat beartais náisiúnta agus eiseoidh sé moltaí tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis na réamhchreataí beartais náisiúnta a thíolacadh.
Leasú 201
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 2
2.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear san áireamh sna creataí beartais náisiúnta riachtanais na modhanna éagsúla iompair atá ar a gcríoch, lena n-áirítear na modhanna sin a bhfuil líon teoranta roghanna ionadúla ar bhreoslaí iontaise ann.
2.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear san áireamh sna creataí beartais náisiúnta riachtanais na réigiún éagsúil agus na modhanna éagsúla iompair atá ar a gcríoch, lena n-áirítear na modhanna sin a bhfuil líon teoranta roghanna ionadúla ar bhreoslaí iontaise ann agus go gcuirfear aistriú módach agus iompar ilmhódach chun cinn agus go n-éascófar iad le bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe.
Leasú 202
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 2 a (nua)
2 a.  Déanfaidh na Ballstáit measúnú ar rannchuidiú carnach na bhforálacha a leagtar síos i mír 1 le sprioc aeráide 2030 an Aontais agus leis an gcuspóir aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1119.
Leasú 203
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 2 b (nua)
2 b.  Áiritheoidh na Ballstáit uas-sciliú agus athsciliú oibrithe a láimhseálann na breoslaí ionadúla arna n-imscaradh faoin rialachán seo mar aon leis an infheistíocht iomchuí i sláinte agus sábháilteacht cheirde, chun aistriú cóir sóisialta a áirithiú.
Leasú 204
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 3
3.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear san áireamh sna creataí beartais náisiúnta, de réir mar is iomchuí, leasanna na n-údarás réigiúnach agus áitiúil, go háirithe nuair a bheidh bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe don iompar poiblí i gceist, chomh maith le leasanna na bpáirtithe leasmhara lena mbaineann.
3.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear san áireamh sna creataí beartais náisiúnta leasanna na n-údarás réigiúnach agus áitiúil, go háirithe nuair a bheidh bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe don iompar poiblí i gceist, chomh maith le leasanna na bpáirtithe leasmhara uile lena mbaineann. Rachaidh na Ballstáit i gcomhairle go rialta le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla agus spreagfaidh siad iad chun creataí beartais iomchuí a bhunú, a bhféadfadh plean gníomhaíochta a bheith san áireamh iontu, lena sonrófar réimsí le haghaidh imscaradh bonneagair, féidearthachtaí mearluchtaithe, creataí airgeadais ábhartha agus gníomhaíochtaí nithiúla do na gníomhaithe éagsúla lena mbaineann, chun imscaradh bonneagair breoslaí ionadúla a éascú.
Leasú 205
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 3 a (nua)
3 a.  Déanfaidh na Ballstáit measúnú agus tuairisciú, mar chuid dá gcreat beartais náisiúnta, ar an gcaoi ar chuir oibreoirí pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe na forálacha a leagtar síos in Airteagail 5 agus 7 chun feidhme. Ar bhonn thorthaí an mheasúnaithe, déanfaidh na Ballstáit na bearta iomchuí chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh oibreoirí pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe Airteagail 5 agus 7.
Leasú 206
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 3 b (nua)
3 b.  Déanfaidh gach Ballstát, gan post breise a chruthú más féidir, comhordaitheoir náisiúnta a cheapadh le haghaidh bonneagar breoslaí ionadúla a dhéanfaidh maoirseacht ar chomhordú náisiúnta (idir-aireachtaí) agus ar chur chun feidhme an chreata beartais náisiúnta. Oibreoidh an comhordaitheoir náisiúnta i gcomhar leis an gCoimisiún, leis an gcomhordaitheoir TEN-T atá freagrach agus, más gá, le comhordaitheoirí náisiúnta eile, agus tabharfaidh sé cúnamh d’údaráis réigiúnacha agus áitiúla, e.g. trí shaineolas, uirlisí agus treoirlínte bunaithe ar chaighdeáin AE a sholáthar, agus comhairle a thabhairt maidir le comhordú réigiúnach na bpleananna soghluaisteachta áitiúla ábhartha.
Leasú 207
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 4
4.  I gcás inar gá, rachaidh Ballstáit i gcomhar, trí bhíthin comhairliúchán nó comhchreataí beartais, chun a áirithiú go mbeidh na bearta is gá chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach ina mbearta comhleanúnacha, comhordaithe. Go háirithe, rachaidh na Ballstáit i gcomhar sna straitéisí chun breoslaí ionadúla a úsáid agus bonneagar comhfhreagrach a imscaradh san iompar ar uisce. Tabharfaidh an Coimisiún cúnamh do na Ballstáit sa phróiseas comhair.
4.  I gcás inar gá, rachaidh Ballstáit i gcomhar, trí bhíthin comhairliúchán nó comhchreataí beartais, chun a áirithiú go mbeidh na bearta is gá chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach ina mbearta comhleanúnacha, comhordaithe. Go háirithe, rachaidh na Ballstáit i gcomhar sna straitéisí chun breoslaí ionadúla a úsáid agus bonneagar comhfhreagrach a imscaradh san iompar ar uisce. Tabharfaidh an Coimisiún cúnamh do na Ballstáit sa phróiseas comhair. Rachfar i gcomhairle leis na Comhordaitheoirí Eorpacha do chonairí croíghréasáin an Ghréasáin Thras-Eorpaigh Iompair (TEN-T) i gcomhréir le hAirteagal 45 de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013.
Leasú 208
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 4 a (nua)
4 a.  I gcás inar gá, rachaidh na Ballstáit i gcomhar le tríú tíortha, go háirithe leis na tíortha is iarrthóirí agus leis na tríú tíortha sin ina bhfuil na conairí idirthurais lena nasctar na Ballstáit suite. Tabharfaidh an Coimisiún cúnamh do na Ballstáit sa phróiseas comhair sin.
Leasú 209
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 5
5.  Beidh bearta tacaíochta maidir le bonneagar breoslaí ionadúla i gcomhréir leis na rialacha ábhartha maidir le Státchabhair atá sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).
5.  Déanfar bearta tacaíochta do bhonneagar breoslaí malartacha a ailíniú le cuspóirí aeráide ionas nach gcruthófar sócmhainní tréigthe agus beidh siad i gcomhréir le rialacha ábhartha CFAE maidir le Státchabhair.
Leasú 210
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 6
6.  Cuirfidh gach Ballstát a dhréachtchreat beartais náisiúnta ar fáil don phobal agus áiritheoidh sé go dtabharfar deiseanna luatha éifeachtacha don phobal a bheith rannpháirteach sa dréachtchreat beartais náisiúnta a ullmhú.
6.  Cuirfidh gach Ballstát a dhréachtchreat beartais náisiúnta, lena n-áirítear plean infheistíochta cuimsitheach, ar fáil don phobal agus áiritheoidh sé go dtabharfar deiseanna luatha éifeachtacha don phobal a bheith rannpháirteach sa dréachtchreat beartais náisiúnta a ullmhú.
Leasú 211
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 7 – an chuid réamhráiteach
7.  Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na dréachtchreataí beartais náisiúnta agus féadfaidh sé moltaí a eisiúint chuig Ballstát tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis na dréachtchreataí beartais náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 a bheith curtha faoina bhráid. D’fhéadfadh sé go dtabharfar aghaidh sna moltaí sin ar na nithe seo a leanas go háirithe:
7.  Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na dréachtchreataí beartais náisiúnta. Féadfaidh an Coimisiún tuairim an Chomhordaitheora Eorpaigh TEN-T atá freagrach a iarraidh agus an creat beartais á scrúdú aige, d’fhonn comhsheasmhacht agus cur chun cinn gach conaire a áirithiú, agus féadfaidh sé moltaí a eisiúint chuig Ballstát tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis na dréachtchreataí beartais náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 a bheith curtha faoina bhráid. Déanfar na moltaí sin a chur ar fáil go poiblí i bhfoirm sholéite shothuigthe agus féadfaidh siad aghaidh a thabhairt, go háirithe, ar an méid seo a leanas:
Leasú 212
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 7 – pointe a
(a)  leibhéal uaillmhéine na spriocanna agus na gcuspóirí d'fhonn na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 3, 4, 6, 8, 9, 10, 11 agus 12 a chomhlíonadh;
(a)  leibhéal uaillmhéine na spriocanna agus na gcuspóirí d’fhonn na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 3, 4, 6, 8, 9, 10, 11, 12 agus 12a a chomhlíonadh;
Leasú 213
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 7 – pointe b a (nua)
(b a)  má tá beartais agus bearta dáilte go geografach ar fud na réigiún laistigh den Bhallstát.
Leasú 214
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 9
9.  Faoin 1 Eanáir 2025, tabharfaidh gach Ballstát fógra faoina chreat beartais náisiúnta deiridh don Choimisiún.
9.  Faoin 1 Eanáir 2025, tabharfaidh gach Ballstát fógra faoina chreat beartais náisiúnta deiridh don Choimisiún. Cuirfear an creat sin ar fáil go poiblí i bhfoirm sholéite shothuigthe.
Leasú 215
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 1
1.  Déanfaidh gach Ballstát faoin 1 Eanáir 2027 den chéad uair, agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, tuarascáil neamhspleách ar dhul chun cinn a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme a chreata beartais náisiúnta.
1.  Déanfaidh gach Ballstát faoin 1 Eanáir 2026 den chéad uair, agus gach bliain ina dhiaidh sin, tuarascáil neamhspleách ar dhul chun cinn a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme a chreata beartais náisiúnta. Cuirfear an tuarascáil sin ar fáil go poiblí i bhfoirm sholéite shothuigthe agus taispeánfar í san Fhaireachlann Eorpach um Breoslaí Ionadúla
Leasú 216
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 3
3.  Déanfaidh údarás rialála Ballstáit faoin 30 Meitheamh 2024 ar a dhéanaí, agus go tréimhsiúil gach 3 bliana ina dhiaidh sin, measúnú ar an gcaoi a bhféadfaí é a chur ar a gcumas d’fheithiclí leictreacha rannchuidiú a thuilleadh le solúbthacht an chórais fuinnimh, lena n-áirítear a rannpháirtíocht sa mhargadh cothromúcháin, agus le hionsú breise an leictreachais in-athnuaite de thairbhe imscaradh agus oibriú pointí athluchtaithe. Cuirfear san áireamh sa mheasúnú sin gach cineál pointe athluchtaithe, bíodh sé poiblí nó príobháideach, agus soláthrófar ann moltaí i dtéarmaí cineáil, teicneolaíocht tacaíochta agus dáileadh geografach chun cur le cumas úsáideoirí a bhfeithiclí leictreacha a chomhtháthú sa chóras. Cuirfear ar fáil go poiblí é. Ar bhonn thorthaí an mheasúnaithe, déanfaidh na Ballstáit, más gá, na bearta iomchuí chun pointí athluchtaithe breise a imscaradh agus cuirfidh siad san áireamh iad ina dtuarascáil ar dhul chun cinn dá dtagraítear i mír 1. Tabharfaidh na hoibreoirí córais aird ar an measúnú agus ar na bearta sna pleananna forbartha gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 32(3) agus in Airteagal 51 de Threoir (AE) 2019/944.
3.  Déanfaidh údarás rialála Ballstáit faoin 30 Meitheamh 2024 ar a dhéanaí, agus go tréimhsiúil gach bliain ina dhiaidh sin, measúnú ar an gcaoi a bhféadfaí é a chur ar a gcumas d’fheithiclí leictreacha rannchuidiú a thuilleadh le solúbthacht an chórais fuinnimh, lena n-áirítear a rannpháirtíocht sa mhargadh cothromúcháin, agus le hionsú breise an leictreachais in-athnuaite de thairbhe imscaradh agus oibriú pointí athluchtaithe. Cuirfear san áireamh sa mheasúnú sin cineálacha uile pointí athluchtaithe, pointí cliste, déthreocha agus de gach cineál aschuir cumhachta, poiblí agus príobháideach araon, agus soláthrófar moltaí ó thaobh cineáil, teicneolaíocht tacaíochta agus dáileacháin gheografaigh de chun éascú a dhéanamh ar chumas úsáideoirí a bhfeithiclí leictreacha a chomhtháthú sa chóras. Déanfar breithniú ann ar ionchuir ó na geallsealbhóirí ábhartha uile, lena n-áirítear oibreoirí pointí athluchtaithe, oibreoirí córas tarchurtha agus dáileacháin, eagraíochtaí tomhaltóirí agus soláthraithe réiteach, agus cuirfear ar fáil go poiblí é. Ar bhonn thorthaí an mheasúnaithe, déanfaidh na Ballstáit, más gá, na bearta iomchuí chun pointí athluchtaithe breise a imscaradh agus cuirfidh siad san áireamh iad ina dtuarascáil ar dhul chun cinn dá dtagraítear i mír 1. Glacfaidh na Ballstáit na bearta iomchuí freisin chun comhsheasmhacht a áirithiú idir pleanáil an bhonneagair athluchtaithe agus pleanáil na heangaí faoi seach. Tabharfaidh na hoibreoirí córais aird ar an measúnú agus ar na bearta sna pleananna forbartha gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 32(3) agus in Airteagal 51 de Threoir (AE) 2019/944.
Leasú 217
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 4
4.  Ar bhonn ionchur ó oibreoirí córais tarchurtha agus ó oibreoirí córais dáileacháin, déanfaidh údarás rialála Ballstáit, faoin 30 Meitheamh 2024 ar a dhéanaí agus go tréimhsiúil gach 3 bliana ina dhiaidh sin, measúnú ar an rannchuidiú féideartha a d'fhéadfadh an luchtú déthreoch a thabhairt chun sciar níos mó den chóras leictreach a bheith ag an leictreachas in-athnuaite. Cuirfear an measúnú sin ar fáil go poiblí. Ar bhonn thorthaí an mheasúnaithe, déanfaidh na Ballstáit, más gá, na bearta iomchuí chun infhaighteacht agus dáileadh geografach na bpointí athluchtaithe déthreocha a choigeartú, i limistéir phoiblí agus i limistéir phríobháideacha araon agus cuirfidh siad san áireamh iad ina dtuarascáil ar dhul chun cinn dá dtagraítear i mír 1.
4.  Ar bhonn ionchur ó oibreoirí córais tarchurtha agus ó oibreoirí córais dáileacháin, déanfaidh údarás rialála Ballstáit, faoin 30 Meitheamh 2024 ar a dhéanaí agus go tréimhsiúil gach bliain ina dhiaidh sin, measúnú ar an rannchuidiú féideartha a d’fhéadfadh an luchtú déthreoch a thabhairt don bhuaicscagadh agus chun sciar níos mó den chóras leictreach a bheith ag an leictreachas in-athnuaite. Cuirfear an measúnú sin ar fáil go poiblí. Ar bhonn thorthaí an mheasúnaithe, déanfaidh na Ballstáit na bearta iomchuí chun infhaighteacht agus dáileadh geografach na bpointí athluchtaithe déthreocha a choigeartú, i limistéir phoiblí agus i limistéir phríobháideacha araon agus cuirfidh siad san áireamh iad ina dtuarascáil ar dhul chun cinn dá dtagraítear i mír 1.
Leasú 218
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 5
5.  6 mhí tar éis an dáta dá dtagraítear in Airteagal 24, glacfaidh an Coimisiún treoir agus teimpléid maidir le hinneachar, struchtúr agus formáid na gcreataí beartais náisiúnta agus inneachar na dtuarascálacha náisiúnta ar dhul chun cinn atá le cur isteach ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 13(1). Féadfaidh an Coimisiún treoir agus teimpléid a ghlacadh chun cur i bhfeidhm éifeachtach aon fhorála eile den Rialachán seo a éascú ar fud an Aontais.
5.  Déanfaidh an Coimisiún foráil maidir le cúnamh teicniúil agus comhairleach a thabhairt do na húdaráis náisiúnta lena mbaineann agus glacfaidh sé treoir agus teimpléid maidir le hinneachar, struchtúr agus formáid na gcreataí beartais náisiúnta agus ábhar na dtuarascálacha náisiúnta ar dhul chun cinn atá le tíolacadh ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 13(1) agus 6 mhí tar éis an dáta dá dtagraítear in Airteagal 24. Féadfaidh an Coimisiún treoir agus teimpléid a ghlacadh chun cur i bhfeidhm éifeachtach aon fhorála eile den Rialachán seo a éascú ar fud an Aontais.
Leasú 219
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 2
2.  Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na tuarascálacha ar dhul chun cinn arna gcur isteach ag na Ballstáit de bhun Airteagal 14(1) agus eiseoidh sé moltaí do na Ballstáit de réir mar is iomchuí chun a áirithiú go mbainfear amach na cuspóirí agus na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo. Tar éis na moltaí sin, eiseoidh na Ballstáit nuashonrú ar a dtuarascáil ar dhul chun cinn laistigh de 6 mhí tar éis na moltaí ón gCoimisiún.
2.  Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na tuarascálacha ar dhul chun cinn arna dtíolacadh ag na Ballstáit de bhun Airteagal 14(1). Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar na tuarascálacha sin ar dhul chun cinn a chur ar fáil go poiblí i bhfoirm sholéite shothuigthe agus go dtaispeánfar iad san Fhaireachlann Eorpach um Breoslaí Ionadúla. Déanfaidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, moltaí a eisiúint do na Ballstáit lena áirithiú go ndéanfar na cuspóirí agus na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a bhaint amach. Tar éis na moltaí sin, eiseoidh na Ballstáit nuashonrú ar a dtuarascáil ar dhul chun cinn laistigh de 6 mhí tar éis na moltaí ón gCoimisiún.
Leasú 220
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 2 a (nua)
2 a.  Laistigh de 6 mhí tar éis dó na moltaí a fháil, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún faoin gcaoi a mbeartaíonn sé na moltaí a chur chun feidhme.
Leasú 221
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 2 b (nua)
2 b.  Tar éis dó an fógra dá dtagraítear i mír 2a a thíolacadh, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an chaoi inar chuir sé na moltaí chun feidhme a leagan amach ina thuarascáil ar dhul chun cinn arna tíolacadh sa bhliain i ndiaidh na bliana inar eisíodh na moltaí. Más rud é go gcinneann an Ballstát lena mbaineann gan an moladh nó cuid shuntasach de a chur chun feidhme, déanfaidh sé na cúiseanna nach ndearna sé amhlaidh a thabhairt don Choimisiún.
Leasú 222
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 3 – an chuid réamhráiteach
3.  Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir lena mheasúnú ar na tuarascálacha ar dhul chun cinn de bhun Airteagal 14(1) bliain amháin tar éis do na Ballstáit na tuarascálacha náisiúnta ar dhul chun cinn a chur isteach. Sa mheasúnú sin measfar:
3.  Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir lena mheasúnú ar na tuarascálacha ar dhul chun cinn de bhun Airteagal 14(1) 6 mhí tar éis do na Ballstáit na tuarascálacha náisiúnta ar dhul chun cinn a chur isteach. Sa mheasúnú sin measfar:
Leasú 223
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 4 – pointe d
(d)  an bonneagar le haghaidh soláthar leictreachais d'aerárthaí atá ina stad in aerfoirt den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T;
(d)  an bonneagar le haghaidh soláthar leictreachais d’aerárthaí atá ina stad in aerfoirt den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T, chomh maith le, i gcás inarb infheidhme, pointí athluchtaithe chun aerárthaí tiomána leictrí agus hidrigine a chumhachtú;
Leasú 224
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 4 – pointe e
(e)  an líon pointí athbhreoslaithe gáis nádúrtha leachtaithe i gcalafoirt mhuirí agus intíre den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T;
(e)  an líon pointí athbhreoslaithe GNL, hidrigine agus amóinia i gcalafoirt mhuirí agus intíre chroíghréasán TEN-T agus ghréasán cuimsitheach TEN-T;
Leasú 225
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 4 – pointe j a (nua)
(j a)  líon na bpointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe go páirteach do fhlíteanna faoi chuing, lena n-áirítear iompar poiblí agus comhroinnt gluaisteán;
Leasú 226
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 4 – pointe j b (nua)
(j b)  an bonneagar breoslaí malartacha sna réigiúin agus sna hoileáin is forimeallaí.
Leasú 227
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 4 a (nua)
4 a.   Faoin 1 Eanáir 2030, agus gach tríú bliain go dtí 2050, tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi na torthaí ar mheastóireacht ar fheidhmiú an Rialacháin seo, agus béim á leagan ar éifeachtaí an Rialacháin seo ar fheidhmiú an mhargaidh aonair, ar iomaíochas na n-earnálacha dá ndéantar difear agus ar mhéid an sceite carbóin.
Leasú 228
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 4 b (nua)
4 b.   Faoin 1 Eanáir 2030, agus gach cúigiú bliain go dtí 2050, tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis na torthaí ar mheastóireacht chuimsitheach ar thionchar maicreacnamaíoch comhiomlánaithe na rialachán sin atá sa pacáiste ‘Oiriúnach do 55’ (‘Fit for 55’)1a, agus béim á leagan aige ar na héifeachtaí ar iomaíochas an Aontais, ar chruthú post, ar rátaí lastais iompair, ar chumhacht cheannaigh teaghlaigh agus ar mhéid an sceite carbóin.
_________________
1a Teachtaireacht ón gCoimisiún (COM(2021)0550), 14 Iúil 2021.
Leasú 229
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 4 c (nua)
4 c.   Breithneoidh an Coimisiún leasuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an Rialachán seo maidir le simpliú rialála. Déanfaidh an Coimisiún agus na húdaráis inniúla sna Ballstáit nósanna imeachta riaracháin a oiriúnú go leanúnach don dea-chleachtas agus déanfaidh siad gach beart chun forfheidhmiú an Rialacháin seo a shimpliú, agus an t-ualach riaracháin á choinneáil chomh híseal agus is féidir.
Leasú 230
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 2
2.  I gcás inar léir ón tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nó ó aon fhaisnéis atá le fáil ag an gCoimisiún go bhfuil Ballstát i mbaol gan a spriocanna náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a bhaint amach, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a eisiúint chuige sin agus a iarraidh ar an mBallstát lena mbaineann bearta ceartaitheacha a dhéanamh chun na spriocanna náisiúnta a bhaint amach. Laistigh de 3 mhí tar éis torthaí an Choimisiúin a fháil, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún faoi na bearta ceartaitheacha atá beartaithe aige a chur chun feidhme chun na spriocanna a leagtar síos in Airteagal 3(1) a bhaint amach. Is éard a bheidh sna bearta ceartaitheacha gníomhaíochtaí breise a chuirfidh an Ballstát chun feidhme chun na spriocanna a leagtar síos in Airteagal 3(1) a bhaint amach agus tráthchlár soiléir le haghaidh gníomhaíochtaí lenar féidir measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn bliantúil maidir leis na spriocanna sin a bhaint amach. I gcás ina measfaidh an Coimisiún na bearta ceartaitheacha a bheith sásúil, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann a thuarascáil is déanaí ar dhul chun cinn dá dtagraítear in Airteagal 14 a thabhairt cothrom le dáta leis na bearta ceartaitheacha sin agus cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin í.
2.  I gcás inar léir ón tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nó ó aon fhaisnéis atá le fáil ag an gCoimisiún go bhfuil Ballstát i mbaol gan a spriocanna náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a bhaint amach, déanfaidh an Coimisiún cinneadh a eisiúint chuige sin agus a iarraidh ar an mBallstát lena mbaineann bearta ceartaitheacha a dhéanamh chun na spriocanna náisiúnta a bhaint amach. Laistigh de 3 mhí tar éis torthaí an Choimisiúin a fháil, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún faoi na bearta ceartaitheacha atá beartaithe aige a chur chun feidhme chun na spriocanna a leagtar síos in Airteagal 3(1) a bhaint amach. Is éard a bheidh sna bearta ceartaitheacha gníomhaíochtaí breise a chuirfidh an Ballstát chun feidhme chun na spriocanna a leagtar síos in Airteagal 3(1) a bhaint amach agus tráthchlár soiléir le haghaidh gníomhaíochtaí lenar féidir measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn bliantúil maidir leis na spriocanna sin a bhaint amach. I gcás ina measfaidh an Coimisiún na bearta ceartaitheacha a bheith sásúil, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann a thuarascáil is déanaí ar dhul chun cinn dá dtagraítear in Airteagal 14 a thabhairt cothrom le dáta leis na bearta ceartaitheacha sin agus cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin í. I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún nach bhfuil na bearta ceartaitheacha sásúil, breithneoidh sé na bearta is gá a ghlacadh i dtaca leis an mBallstát sin. Beidh na bearta sin comhréireach, iomchuí agus i gcomhréir leis na Conarthaí.
Leasú 231
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 2 a (nua)
2 a.  Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go cuí faoi aon bhearta arna nglacadh i gcomhréir le mír 2, agus cuirfidh sé na cinntí sin ar fáil go poiblí, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.
Leasú 232
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 1
1.  Cuirfear faisnéis ábhartha, chomhsheasmhach agus shoiléir ar fáil maidir le mótarfheithiclí is féidir a bhreoslú go tráthrialta le breoslaí ar leith a chuirtear ar an margadh, nó is féidir a athluchtú ag pointí athluchtaithe. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil i lámhleabhair mhótarfheithicle, ag pointí athbhreoslaithe agus athluchtaithe, ar mhótarfheithiclí agus i gceadanna díoltóireachta mótarfheithiclí ina gcríoch. Bainfidh an ceanglas sin le gach mótarfheithicil, agus leis na lámhleabhair mhótarfheithicle a ghabhann leo, arna gcur ar an margadh tar éis an 18 Samhain 2016.
1.  Cuirfear faisnéis ábhartha, chomhsheasmhach agus shoiléir ar fáil maidir le mótarfheithiclí is féidir a bhreoslú go tráthrialta le breoslaí ar leith a chuirtear ar an margadh, nó is féidir a athluchtú ag pointí athluchtaithe. Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis uile faoi mhótarfheithiclí a bhaineann leis na breoslaí nó leis an ríomhluchtú dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus i reachtaíocht eile is infheidhme de chuid an Aontais a chur ar fáil i lámhleabhair mhótarfheithicle, ag pointí athbhreoslaithe agus athluchtaithe, ar mhótarfheithiclí agus i gceadanna díoltóireachta mótarfheithiclí ina gcríoch. Bainfidh an ceanglas sin le gach mótarfheithicil, agus leis na lámhleabhair mhótarfheithicle a ghabhann leo, arna gcur ar an margadh.
Chun na críche sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú, mar is iomchuí, ar Threoir 1999/94/CE tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis an dáta a luaitear in Airteagal 24 den Rialachán seo.
Leasú 233
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
2.  Is i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear i bpointí 9.1 agus 9.2 d’Iarscríbhinn II a dhéanfar comhoiriúnacht feithiclí agus bonneagar a shainaithint chomh maith le comhoiriúnacht breoslaí agus feithiclí a shainaithint dá dtagraítear i mír 1. I gcás ina dtagraítear do léiriú grafach sna caighdeáin sin, lena n-áirítear scéim dathchódaithe, beidh an léiriú grafach simplí sothuigthe, agus cuirfear é ar bhealach a mbeidh sé infheicthe go soiléir:
2.  Is i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear i bpointí 9.1 agus 9.2 d’Iarscríbhinn II a dhéanfar comhoiriúnacht feithiclí agus bonneagar a shainaithint chomh maith le comhoiriúnacht breoslaí agus feithiclí a shainaithint dá dtagraítear i mír 1. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina dtagraítear do léiriú grafach sna caighdeáin sin, lena n-áirítear scéim dathchódaithe, go mbeidh an léiriú grafach simplí sothuigthe, agus go gcuirfear é ar bhealach a mbeidh sé infheicthe go soiléir:
Leasú 234
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 2 – pointe a
(a)  ar chaidéil chomhfhreagracha agus ar a mbuinní ag na pointí athbhreoslaithe go léir, ón dáta a chuirtear breoslaí ar an margadh;
(a)  ar chaidéil chomhfhreagracha agus ar a mbuinní ag na pointí athbhreoslaithe go léir, ón dáta a chuirtear breoslaí ar an margadh; agus
Leasú 235
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 2 – pointe b
(b)  i ngar do chaipíní gach umair breosla i mótarfheithiclí a moltar an breosla sin a úsáid leo agus atá comhoiriúnach leis an mbreosla sin agus i lámhleabhair mhótarfheithicle, nuair a chuirfear mótarfheithiclí den sórt sin ar an margadh tar éis an 18 Samhain 2016.
(b)  i ngar do chaipíní gach umair breosla i mótarfheithiclí a moltar an breosla sin a úsáid leo agus atá comhoiriúnach leis an mbreosla sin agus i lámhleabhair mhótarfheithicle, nuair a chuirfear mótarfheithiclí den sórt sin ar an margadh.
Leasú 236
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 3
3.  Chun críoch faisnéise, nuair a thaispeánfar praghsanna breosla ag stáisiún breosla, taispeánfar comparáid idir na praghsanna aonaid ábhartha i gcás inarb iomchuí, agus go háirithe i gcás leictreachais agus hidrigine, agus an mhodheolaíocht chomhchoiteann chun comparáid a dhéanamh idir praghsanna aonaid breoslaí ionadúla dá dtagraítear i bpointe 9.3 d’Iarscríbhinn II á leanúint.
3.  Chun críoch faisnéise, nuair a léireofar praghsanna breosla ag stáisiún breosla, áiritheoidh na Ballstáit go léireofar comparáid idir na praghsanna aonaid ábhartha i gcás inarb iomchuí, agus go háirithe i gcás leictreachais agus hidrigine, agus an mhodheolaíocht chomhchoiteann chun comparáid a dhéanamh idir praghsanna aonaid breoslaí ionadúla dá dtagraítear i bpointe 9.3 d’Iarscríbhinn II á leanúint. I gcás athluchtú ad hoc leictreachais agus athbhreoslú ad hoc hidrigine, ba cheart an praghas a sholáthar in aghaidh an kWh agus in aghaidh an kg faoi seach freisin.
Leasú 237
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
2.  Maidir le hoibreoirí pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal nó, i gcomhréir leis an socrú eatarthu, maidir le húinéirí na bpointí sin, áiritheoidh siad go mbeidh fáil ar shonraí statacha agus dinimiciúla a bhaineann le bonneagar breoslaí ionadúla arna oibriú acu agus go mbeifear in ann na sonraí sin a rochtain saor in aisce trí na Pointí Rochtana Náisiúnta. Cuirfear na cineálacha sonraí a leanas ar fáil:
2.  Maidir le hoibreoirí pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal nó, i gcomhréir leis an socrú eatarthu, maidir le húinéirí na bpointí sin, áiritheoidh siad go mbeidh fáil ar shonraí statacha agus dinimiciúla a bhaineann le bonneagar breoslaí ionadúla arna oibriú acu agus go mbeifear in ann na sonraí sin a rochtain saor in aisce trí na Pointí Rochtana Náisiúnta. Agus an méid sin á dhéanamh acu, áiritheoidh na hoibreoirí sin freisin go mbeidh an leibhéal cibearshlándála, cosanta sonraí agus slándála is airde is féidir ann, go háirithe i bpróisis fíordheimhniúcháin, bhilleála agus íocaíochta. I gcás inarb infheidhme, comhlíonfaidh na hoibreoirí sin forálacha na Treorach maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal cibearshlándála coiteann ar fud an Aontais (Treoir NIS2). Cuirfear na cineálacha sonraí a leanas ar fáil:
Leasú 238
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 2 – pointe a – pointe i
(i)  suíomh geografach an phointe athbhreoslaithe nó athluchtaithe,
(i)  suíomh geografach an phointe athluchtaithe nó athbhreoslaithe agus, más féidir, faisnéis faoi shaoráidí scíthe agus faoi sholáthar bia in aice láimhe,
Leasú 239
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 2 – pointe a – pointe i a (nua)
(i a)  saoráidí lena dtugtar cosaint ar bháisteach nó ar dhálaí eile crua-aimsire,
Leasú 240
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 2 – pointe a – pointe i b (nua)
(i b)  soilsiú le linn luchtú oíche,
Leasú 241
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 2 – pointe b – pointe ii
(ii)  cineál nascóra,
(ii)  cineál agus infhaighteacht nascóirí,
Leasú 242
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 2 – pointe b – pointe iv
(iv)  cumhacht aschurtha (kW),
(iv)  aschur cumhachta (kW) i gcumhacht aschurtha aonair iomlán agus uasta,
Leasú 243
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 2 – pointe b – pointe iv a (nua)
(iv a)  inrochtaineacht feithiclí tromshaothair, lena n-áirítear srianta airde, faid agus leithid na bpointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe,
Leasú 244
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 2 – pointe c – pointe ii
(ii)  infhaighteacht (in úsáid/gan bheith in úsáid)
(ii)  infhaighteacht (in úsáid / gan bheith in úsáid), ráta infhaighteachta de réir na tréimhse ama ábhartha (lá/uaireanta),
Leasú 245
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 2 – pointe c – pointe iii a (nua)
(iii a)  i gcás ina mbeidh fáil air, an sciar den leictreachas in-athnuaite agus cion astaíochtaí gás ceaptha teasa an leictreachais arna sholáthar ag pointí athluchtaithe,
Leasú 246
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 2 – pointe c – pointe iii b (nua)
(iii b)  cumasaithe le haghaidh luchtú déthreoch (tá/níl),
Leasú 247
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 2 – pointe c – pointe iii c (nua)
(iii c)  cumas luchtaithe chliste,
Leasú 248
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 2 – pointe c – pointe iii d (nua)
(iii d)  modhanna íocaíochta inghlactha,
Leasú 249
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 2 – pointe c – pointe iii e (nua)
(iii e)  más infheidhme, praghas agus teorainn ama le haghaidh páirceála,
Leasú 250
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 2 – pointe c a (nua)
(c a)  teangacha atá ar fáil ar an taispeáint,
Leasú 251
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 2 – fomhír 1 a (nua)
Ní bheidh sé d’oibleagáid ar oibreoirí pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal ná, i gcomhréir leis an socrú eatarthu, úinéirí na bpointí sin, agus i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais, sonraí statacha nó dinimiciúla a nochtadh a mbeadh nochtadh sonraí rúnda cuideachta mar thoradh air, rud a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leas cuideachta.
Leasú 252
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 3
3.  Áiritheoidh na Ballstáit inrochtaineacht sonraí ar bhonn oscailte, neamh-idirdhealaitheach do na páirtithe leasmhara uile trína bPointe Rochtana Náisiúnta agus Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle á cur i bhfeidhm acu67 .
3.  Áiritheoidh na Ballstáit, agus dlí ábhartha an Aontais á chomhlíonadh, inrochtaineacht sonraí gan sonraí rúnda cuideachta a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leas cuideachta a áireamh ar bhonn oscailte agus neamh-idirdhealaitheach do na páirtithe leasmhara uile trína bPointe Rochtana Náisiúnta agus Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle á cur i bhfeidhm acu67
__________________
__________________
67 Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le creat chun Córais Chliste Iompair a úsáid i réimse an iompair de bhóthar agus le haghaidh comhéadan le modhanna eile iompair ( IO L 207, 6.8.2010, lch. 1).
67 Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le creat chun Córais Chliste Iompair a úsáid i réimse an iompair de bhóthar agus le haghaidh comhéadan le modhanna eile iompair ( IO L 207, 6.8.2010, lch. 1).
Leasú 253
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 3 a (nua)
3 a.  Faoin 31 Nollaig 2026, bunóidh an Coimisiún pointe rochtana Eorpach coiteann le haghaidh sonraí maidir le breoslaí ionadúla. Agus é sin á dhéanamh aige, áiritheoidh an Coimisiún go gcomhlíonfar go hiomlán na forálacha a leagtar síos i dTreoir XX-XXX [Treoir ITS] agus i Rialachán XX-XXX maidir le seirbhísí soghluaisteachta digiteacha ilmhódacha. Cuirfidh an pointe rochtana coiteann Eorpach leis na Pointí Rochtana Náisiúnta agus nascfaidh sé le chéile iad. Tabharfaidh sé rochtain ar na sonraí uile a chuirtear ar fáil do NAPanna, lena n-áiritheofar go mbeidh sé ar fáil go poiblí, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, d’úsáideoirí deiridh, do rannpháirtithe eile sa mhargadh agus do sholáthraithe seirbhíse lena n-úsáid, faoi réir ceanglais cosanta sonraí a chomhlíonadh. Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar an pointe rochtana Eorpach coiteann a chur ar fáil don phobal agus go mbeidh rochtain éasca air, mar shampla trí thairseach gréasáin tiomnaithe a chruthú. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh na sonraí atá sa phointe rochtana comhchoiteann Eorpach maidir le hinfhaighteacht agus inrochtaineacht na bpointí athbhreoslaithe agus athluchtaithe, lena n-áirítear amanna feithimh agus acmhainneacht na mbreoslaí ionadúla atá fágtha, ar fáil trí chomhéadan atá inrochtana don phobal, cothrom le dáta, éasca le húsáid agus ilteangach ar leibhéal an Aontais.
Leasú 254
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 3 b (nua)
3 b.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar, trína bpointí rochtana náisiúnta, sonraí a mhalartú go huathoibrithe agus go haonfhoirmeach leis an bpointe rochtana Eorpach coiteann agus le hoibreoirí pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe atá inrochtana ag an bpobal, i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na ceanglais theicniúla a bhunófar i gcomhréir le mír 4.
Leasú 255
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 4 – an chuid réamhráiteach
4.  Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
4.  Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
Leasú 256
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 4 – pointe c
(c)  nósanna imeachta mionsonraithe a bhunú lena bhféadfar na sonraí a cheanglaítear de bhun mhír 2 a sholáthar agus a mhalartú.
(c)  nósanna imeachta mionsonraithe agus ceanglais theicniúla a bhunú lena bhféadfar na sonraí a cheanglaítear de bhun mhíreanna 2, 3a agus 3b a sholáthar agus a mhalartú go haonfhoirmeach san Eoraip.
Leasú 257
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 3 a (nua)
3 a.  Comhlíonfar na sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach i bpointí 7.1, agus 7.2 d’Iarscríbhinn II le pointí athbhreoslaithe amóinia atá inrochtana don phobal arna n-imscaradh nó arna n-athnuachan ón [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Leasú 258
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 7 – an chuid réamhráiteach
7.  Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
7.  Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
Leasú 259
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 7 – pointe b
(b)  Iarscríbhinn II a leasú trí na tagairtí do na caighdeáin dá dtagraítear sna sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach san Iarscríbhinn sin a thabhairt cothrom le dáta.
(b)  Iarscríbhinn II a leasú trí na tagairtí do na caighdeáin dá dtagraítear sna sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach san Iarscríbhinn sin a thabhairt cothrom le dáta ar a dhéanaí sé mhí tar éis a nglactha theicniúil.
Leasú 260
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 a (nua)
Airteagal 21a
Laghdú rialaitheach cúiteach
Déanfaidh an Coimisiún, bliain amháin ar a dhéanaí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus i gcomhréir lena theachtaireacht maidir le cur i bhfeidhm an phrionsabail ‘ceann amháin isteach, ceann amháin amach’1a tograí a thíolacadh chun na hualaí rialála a thabharfar isteach leis an Rialachán seo a fhritháireamh, trí fhorálacha i rialacháin eile de chuid an Aontais lena ngintear costais chomhlíonta neamhriachtanacha sna hearnálacha dá ndéantar difear a leasú nó deireadh a chur leo.
_________________
1a Preaseisiúint ón gComhairle Eorpach maidir le modhanna oibre Choimisiún von der Leyen, an 4 Nollaig 2019.
Leasú 261
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 1
Faoin 31 Nollaig 2026, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo, agus, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh sé isteach togra chun é a leasú.
Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme an Rialacháin a bhaint amach. Faoin 31 Nollaig 2026, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo, agus aird ar leith á tabhairt aige ar oiriúnacht na spriocanna agus na gceanglas bonneagair a leagtar amach sa Rialachán seo. Má chinneann sé nach bhfuil foráil amháin nó níos mó iomchuí nó nach bhfuil teicneolaíochtaí nua tagtha chun cinn, tíolacfaidh an Coimisiún togra chun leasú a dhéanamh ar an Rialachán seo. Mar chuid den athbhreithniú sin, breithneoidh an Coimisiún an méid seo a leanas go háirithe:
—  an tairseach olltonnáiste, a leagtar síos in Airteagal 9 den Rialachán seo, a laghdú go 400, chomh maith leis na forálacha sin a leathnú chun go mbeidh feidhm acu freisin maidir le gach cineál long eile a thagann faoi raon feidhme Rialachán XXXX-XXX FuelEU Maritime;
—  spriocanna iomchuí a thabhairt isteach sa Rialachán seo don bhonneagar is gá chun aerárthaí tiomána leictrigh agus hidrigine a chumhachtú;
—  dul chun cinn teicneolaíoch córas bóithre leictreacha amhail luchtú ionduchtach éadadhaill nó teicneolaíocht forlíne agus cibé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh tionchar a bheith ag imscaradh bonneagair den sórt sin ar imscaradh bonneagair athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus, más iomchuí, aon choigeartú iarmhartach a bhfuil gá leis ar spriocanna imscartha bonneagair luchtaithe an Rialacháin seo. Mar chuid den mheasúnú sin, breithneoidh an Coimisiún go sonrach an fhéidearthacht atá ag na Ballstáit córais bóithre leictreacha a áireamh i dtreo bhaint amach na spriocanna cumhachta aschurtha iomlána d’fheithiclí tráchtála éadroma a leagtar amach in Airteagal 3 agus d’fheithiclí tráchtála troma a leagtar amach in Airteagal 4.
Leasú 262
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 1 – pointe a – an chuid réamhráiteach
(a)  réamh-mheastacháin maidir le glacadh feithiclí an 31 Nollaig le haghaidh na mblianta 2025, 2030 agus 2035:
(a)  réamh-mheastacháin maidir le glacadh feithiclí an 31 Nollaig le haghaidh na mblianta 2027, 2030, 2032 agus 2035:
Leasú 263
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 1 – pointe b – an chuid réamhráiteach
(b)  spriocanna le haghaidh an 31 Nollaig 2025, 2030 agus 2035 maidir leis na nithe seo a leanas:
(b)  spriocanna le haghaidh an 31 Nollaig 2025, 2027, 2030, 2032 agus 2035 maidir leis na nithe seo a leanas:
Leasú 264
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 1 – pointe b – fleasc 7
–  Pointí athbhreoslaithe GNL ag calafoirt mhuirí chroíghréasán TEN-T agus gréasán cuimsitheach TEN-T, lena n-áirítear an suíomh (calafort) agus an acmhainn in aghaidh an chalafoirt;
–  Pointí athbhreoslaithe GNL, hidrigine agus amóinia ag calafoirt mhuirí chroíghréasán TEN-T agus ghréasán cuimsitheach TEN-T, lena n-áirítear an suíomh (calafort) agus an acmhainn in aghaidh an chalafoirt;
Leasú 265
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 1 – pointe b – fleasc 8
–  Soláthar leictreachais cois cladaigh ag calafoirt mhuirí chroíghréasán TEN-T agus gréasán cuimsitheach TEN-T, lena n-áirítear suíomh beacht (calafort) agus acmhainn gach suiteála laistigh den chalafort;
–  soláthar leictreachais cois cladaigh ag calafoirt mhuirí chroíghréasán TEN-T agus gréasán cuimsitheach TEN-T, lena n-áirítear suíomh beacht (calafort), acmhainneacht eangaí agus acmhainneacht gach suiteála laistigh den chalafort;
Leasú 266
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 1 – pointe b – fleasc 11 a (nua)
—   bonneagar athluchtaithe leictrigh le haghaidh fheithiclí chatagóir L: an líon stáisiún athluchtaithe agus an chumhacht aschuir.
Leasú 267
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 1 – pointe b – fleasc 11 b (nua)
–  Déanfar an fhaisnéis maidir le stáisiúin athluchtaithe i bhfleasc 1 go fleasc 4 a imdhealú i gcomhair gnáthchumas luchtaithe cliste agus déthreoch.
Leasú 268
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 2
2.  rátaí úsáide: i gcás na gcatagóirí faoi phointe 1(b), úsáid an bhonneagair sin a thuairisciú;
2.  rátaí úsáide: I gcás na gcatagóirí faoi phointe 1(b), an úsáid a bhainfear as an mbonneagar sin, agus an t-éileamh a mheastar a bheidh air amach anseo a thuairisciú;
Leasú 269
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 3 – fleasc 1
–  a mhéid a baineadh amach na spriocanna maidir le cur in úsáid bonneagair dá dtagraítear i bpointe 1(b) le haghaidh na modhanna iompair uile, go háirithe le haghaidh stáisiúin athluchtaithe leictrigh, córas bóthair leictreach (más infheidhme), stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine, soláthar leictreachais cois cladaigh i gcalafoirt mhuirí agus i gcalafoirt uiscebhealaí intíre, buncaeireacht GNL ag príomh-chalafoirt mhuirí TEN-T, bonneagar breoslaí ionadúla eile i gcalafoirt, soláthar leictreachais le haghaidh aerárthaí ina stad, agus le haghaidh pointí athbhreoslaithe hidrigine agus pointí athluchtaithe leictreacha i gcomhair traenacha freisin;
–  a mhéid a baineadh amach na spriocanna maidir le cur in úsáid bonneagair dá dtagraítear i bpointe 1(b) le haghaidh na modhanna iompair uile, go háirithe le haghaidh stáisiúin athluchtaithe leictrigh, córas bóthair leictreach (más infheidhme), stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine, soláthar leictreachais cois cladaigh i gcalafoirt mhuirí agus i gcalafoirt uiscebhealaí intíre, buncaeireacht GNL, hidrigine agus amóinia ag príomh-chalafoirt mhuirí TEN-T, bonneagar breoslaí ionadúla eile i gcalafoirt, soláthar leictreachais le haghaidh aerárthaí ina stad, agus le haghaidh pointí athbhreoslaithe hidrigine agus pointí athluchtaithe leictreacha i gcomhair traenacha freisin;
Leasú 270
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 3 – fleasc 3
–  bonneagar breoslaí ionadúla a chur in úsáid laistigh de nóid uirbeacha;
–  bonneagar breoslaí malartacha a chur in úsáid laistigh de nóid uirbeacha agus de mhoil iompair ilmhódaigh;
Leasú 271
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 3 – fleasc 3 a (nua)
—  bearta chun a áirithiú go mbeidh an leathnú ar phointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe atá inrochtana go poiblí, chomh maith le roghanna iompair atá faoi thiomáint breosla mhalartaigh, go háirithe iompar poiblí, inacmhainne agus inrochtana do chustaiméirí leochaileacha agus dóibh siúd atá i mbaol bochtaineachta fuinnimh nó buailte ag bochtaineacht fuinnimh;
Leasú 272
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 7 a (nua)
7 a.   míniú ar an gcaoi ar cuireadh céadphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh san áireamh go hiomlán i gcás réamh-mheastacháin maidir le glacadh feithiclí, socrú spriocanna, meastachán ar rátaí úsáide, forbairt agus cur chun feidhme na mbeart beartais lena dtacaítear leis an gcreat beartais náisiúnta agus leis na hinfheistíochtaí poiblí gaolmhara.
Leasú 273
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn III – pointe 3 – fleasc 4 a (nua)
–  an líon pointí athluchtaithe, líon atá le tuairisciú le haghaidh na gcatagóirí uile atá faoi phointe 2.
Leasú 274
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn II – Cuid 9 – pointe 9.3 a (nua)
9.3 a.  Sonraíocht theicniúil maidir le stáisiúin athluchtaithe d’athluchtú leictreachais agus saoráidí athbhreoslaithe hidrigine don iompar d’iarnród.

(1) Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0234/2022).

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais