Dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 5/2022: Bearta breise chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí chogadh na Rúise san Úcráin - Atreisiú an tSásra Aontais um Chosaint Shibhialta - Laghdú ar leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí agus nuashonrú ar ioncaim - Coigeartuithe agus nuashonruithe teicniúla eile
126k
47k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Samhain 2022 ar an seasamh ón gComhairle ar Dhréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 5/2022 de chuid an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022 – Bearta breise chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí chogadh na Rúise san Úcráin, Neartú ar an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta, Laghdú ar leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí agus nuashonrú ar ioncaim, Coigeartuithe eile agus nuashonruithe teicniúla (14832/2022 – C9-0388/2022 – 2022/0318(BUD))
– ag féachaint d’Airteagal 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint d’Airteagal 106(a) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,
– ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012(1), agus go háirithe Airteagal 44 de,
– ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022, mar a glacadh go cinntitheach é an 24 Samhain 2021(2),
– ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027(3) (‘Rialachán CAI’),
– ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach(4),
– ag féachaint do Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom(5),
– ag féachaint do Dhréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 5/2022, a ndearna an Coimisiún é a ghlacadh an 5 Deireadh Fómhair 2022 (COM(2022)0351),
– ag féachaint don téacs comhpháirteach a chomhaontaigh an Coiste Idir-réitigh an 14 Samhain 2022 maidir leis an mbuiséad ginearálta don bhliain airgeadais 2023, lena n-áirítear glacadh Dhréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 5/2022 freisin,
– ag féachaint don seasamh ar dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 5/2022, a ndearna an Chomhairle é a ghlacadh an 21 Samhain 2022 agus é a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa an lá céanna (14832/2022 – C9-0388/2022),
– ag féachaint do Rialacha 94 agus 96 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0280/2022),
A. de bhrí go gcuimsítear i nDréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 5/2022 nuashonruithe ar thaobh an chaiteachais agus an ioncaim araon, agus go n-áirítear ann athruithe ar Roinn III (an Coimisiún) agus Ranna Eile;
B. de bhrí go n-áirítear i nDréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 5/2022 coigeartuithe chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí chogadh na Rúise san Úcráin, ach gan a bheith teoranta dóibh;
C. de bhrí go bhfuil baint ag Dréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 5/2022 le maoiniú an Ghnímh nua um Thionscal Cosanta na hEorpa a Threisiú trí Sholáthar Comhoibríoch (EDIRPA), le treisiú na mbeart éigeandála faoi shraith an tslabhra bia de Chlár an Mhargaidh Aonair, le tús-ualú agus treisiú an tSásra Aontais um Chosaint Shibhialta (UCPM), le ranníocaíocht AE leis an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí a threisiú, le caiteachas riaracháin agus pinsin a threisiú de bharr boilsciú ard, leis an méid ón gcúlchiste den thionscnamh nua ‘ReFuelEU Aviation’ a aistriú chuig an líne ‘Iompar’ den tSaoráid um Chónascadh na hEorpa mar gheall ar an moill atá ar a glacadh; de bhrí go bhfuil na corrlaigh iomlána atá fágtha i gCeannteidil 2b agus 5 ídithe go hiomlán;
D. de bhrí gurb é is aidhm do hAirteagail 64 agus 65 de na Rialacháin Foirne forbairt chumhacht ceannaigh oifigigh AE a choinneáil i gcomhréir le cumhacht ceannaigh státseirbhíseach náisiúnta; de bhrí, i mbuiséad 2022 a glacadh (tionchar 6 mhí), gurbh é 2,5 % an ráta nuashonraithe tuarastail réamh-mheasta a bhí le cur i bhfeidhm go cúlghabhálach amhail ón 1 Iúil 2022, ach gurb ionann an ráta a léirítear i nDréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 5/2022 agus 6,9 %; de bhrí go bhfuil an ráta deiridh socraithe ag 7,0 % i dtuarascáil ó Eurostat an 24 Deireadh Fómhair 2022 ar an nuashonrú tuarastail do 2022(6);
E. de bhrí go ndéantar laghdú EUR 775 mhilliún agus EUR 129,2 milliún ar leibhéal na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí don Chiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus do EU4Health faoi seach;
F. de bhrí go n-áirítear i nDréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 5/2022 freisin dhá choigeartú ar thaobh an ioncaim, eadhon nuashonrú ar na meastacháin d’Acmhainní Dílse Traidisiúnta (ADT) agus an tionchar a mheastar a bheidh ag difríochtaí ráta malairte; de bhrí go meastar gur EUR 3,0 billiún an barrachas ioncaim;
G. de bhrí gurb ionann glantionchar Dhréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 5/2022 ar chaiteachas agus méadú EUR 447,5 milliún ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, agus laghdú EUR 741,1 milliún ar leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí; de bhrí gurb é glanlaghdú EUR 3,779 billiún ar ranníocaíochtaí an ollioncaim náisiúnta (OIN) an tionchar foriomlán ar thaobh an ioncaim (ina gcuimsítear barrachas ioncaim agus laghdú ar íocaíochtaí);
H. de bhrí gur mheas an Pharlaimint arís agus arís eile nár cheart ach aon chuspóir amháin a bheith ag dréachtbhuiséad leasaitheach;
1. ag cur sonrú i nDréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 5/2022 mar ar thíolaic an Coimisiún é;
2. á mheabhrú, ós rud é gur glacadh an bunús dlí le haghaidh EDIRPA go déanach, gur thoiligh an Coiste Idir-réitigh maidir leis an mbuiséad ginearálta don bhliain airgeadais 2023 gan aon mhéid leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a chur sa chúlchiste chun na críche sin agus gan líne bhuiséid chomhfhreagrach a chruthú don bhliain airgeadais 2022;
3. á thabhairt chun suntais, ó thús a chur chun feidhme, gur ghá an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (UCPM) a threisiú go suntasach, go háirithe mar thoradh ar dhálaí adhaimsire arb iad is cúis leis an méadú ar an líon tuilte, dóiteán agus triomach san Eoraip, agus chun flít comhraic dóiteáin buan a chur ar bun chun dóiteáin foraoise ar fud na hEorpa a chomhrac; á chur in iúl, dá bhrí sin, nach mór athmheasúnú a dhéanamh ar an tús-ualú nó cúl-ualú atá beartaithe ar UCPM bunaithe ar riachtanais, go háirithe i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) atá ar na bacáin;
4. ag tabhairt rabhadh faoin mbaol a bhaineann le riaráiste íocaíochtaí arda atá ag méadú mar gheall ar na moilleanna imníocha i gcur chun feidhme an chláir agus faoin ngá atá ann aghaidh a thabhairt ar an mbaol sin i gcomhthéacs athbhreithniú CAI;
5. á chur i bhfáth go bhfuil laghdú foriomlán EUR 3,8 billiún ar ranníocaíocht OIN na mBallstát agus go bhfuil roinnt Ballstát ag baint tairbhe as breisithe móra ós rud é go ndéantar a lacáistí cnapshuime a choigeartú go bliantúil de réir an fhíor-dhíbhoilsceora praghsanna olltáirgeachta intíre (OTI) – seachas ar bhonn an díbhoilsceora uathoibríoch 2 % a leagtar amach in CAI;
6. á athdhearbhú, chun urraim níos fearr a thabhairt do shaincheart an údaráis bhuiséadaigh, gur cheart don Choimisiún dréachtbhuiséad leasaitheach a thíolacadh le haghaidh aon chuspóir amháin agus staonadh ó roinnt cuspóirí a chur le chéile in aon dréachtbhuiséad leasaitheach amháin;
7. ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar Dhréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 5/2022;
8. á threorú dá hUachtarán a dhearbhú go bhfuil Buiséad Leasaitheach Uimh. 5/2022 glactha go cinntitheach agus socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
9. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin dar teideal ‘Eurostat Report on the 2022 annual update of remuneration and pensions of EU officials’ [Tuarascáil ó Eurostat ar nuashonrú bliantúil 2022 ar luach saothair agus pinsin oifigigh AE], arna fhoilsiú an 24.10.2022.
Nós imeachta buiséadach 2023: téacs comhpháirteach
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Samhain 2022 maidir leis an téacs comhpháirteach ar dhréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022 a d’fhormheas an Coiste Idir-réitigh faoin nós imeachta buiséadach (14783/2022 – C9-0389/2022 – 2022/0212(BUD))
– ag féachaint don téacs comhpháirteach a d’fhormheas an Coiste Idir-réitigh agus na ráitis ábhartha ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (14783/2022 – C9‑0389/2022),
– ag féachaint do dhréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023, a ghlac an Coimisiún an 1 Iúil 2022 (COM(2022)0400),
– ag féachaint don seasamh maidir le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023, a ndearna an Chomhairle é a ghlacadh an 6 Meán Fómhair 2022 agus é a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa an 9 Meán Fómhair 2022 (12108/2022 – C9‑0306/2022),
– ag féachaint do Litir leasaitheach Uimh. 1/2023 a ghabhann le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023, a thíolaic an Coimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2022 (COM(2022)0670),
– ag féachaint do rún uaithi an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le seasamh na Comhairle ar dhréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023(1) agus do na leasuithe buiséid atá ann,
– ag féachaint d’Airteagal 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint d’Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,
– ag féachaint do Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom(2),
– ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012(3),
– ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027(4),
– ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, agus freisin maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach(5),
– ag féachaint do Rialacha 95 agus 96 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil óna toscaireacht chuig an gCoiste Idir-réitigh (A9-0278/2022),
1. ag formheas an téacs chomhpháirtigh;
2. ag formheas na ráiteas comhpháirteach atá i gceangal leis an rún seo;
3. ag tabhairt an ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún sin dá haire;
4. á threorú dá hUachtarán a dhearbhú go bhfuil buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023 glactha go críochnaitheach agus socrú a dhéanamh le haghaidh a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
5. á threorú dá hUachtarán an rún reachtach sin a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig na hinstitiúidí agus na comhlachtaí eile lena mbaineann agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
IARSCRÍBHINN
CRÍOCH
Buiséad 2023 – Gnéithe maidir le conclúidí comhpháirteacha
Cumhdaíonn na conclúidí comhpháirteacha sin na ranna seo a leanas:
De réir na ngnéithe maidir le conclúidí comhpháirteacha:
— Tá leibhéal foriomlán na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas i mbuiséad 2023 socraithe ag EUR 186 616,7 milliún. San iomlán, fágann sé sin corrlach EUR 421,2 milliún i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, méid atá faoi bhun uasteorainneacha CAI don bhliain 2023.
— Tá leibhéal foriomlán na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí i mbuiséad 2023 socraithe ag EUR 168 648,7 milliún. San iomlán, fágann sé sin corrlach EUR 3 554,2 milliún i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, méid atá faoi bhun uasteorainn CAI don bhliain 2023.
— Déantar an Ionstraim Sholúbthachta don bhliain 2023 a shlógadh i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas do mhéid arb ionann é agus EUR 1 235,7 milliún, as a n-áirítear EUR 182,2 milliún le haghaidh fho-cheannteideal 2b Athléimneacht agus Luachanna, EUR 170,6 milliún le haghaidh cheannteideal 5 Slándáil agus Cosaint agus EUR 882,9 milliún le haghaidh cheannteideal 6 Comharsanacht agus an Domhan.
Tá sé measta ag an gCoimisiún gurb ionann agus EUR 948,1 milliún na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí in 2023 a bhaineann le slógadh na Ionstraime Solúbthachta sna blianta 2019 go 2023. Tá sceideal íocaíochta measta na méideanna gaolmhara gan íoc do na blianta sin sonraithe sa tábla seo a leanas:
An Ionstraim Sholúbthachta – próifíl íocaíochta (i milliúin EUR)
Bliain slógtha
2023
2024
2025
2026
Iomlán
2019
82,2
0,0
0,0
0,0
223,2
2020
39,9
0,0
0,0
0,0
106,1
2021
10,3
7,6
0,0
0,0
58,9
2022
62,7
49,8
36,7
0,0
368,4
2023
752,9
279,0
120,6
83,2
1 235,7
Iomlán
948,1
336,4
157,4
83,2
1 992,3
— I gcomhréir le hAirteagal 11(1) a de Rialachán CAI, déantar an Ionstraim Corrlaigh Aonair a shlógadh i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas do mhéid arb ionann é agus EUR 280 milliún i bhfo-cheannteideal 2b Athléimneacht agus Luachanna.
B. Buiséad 2022
Tá Dréachtbhuiséad Leasaitheach (DAB) Uimh. 5/2022 formheasta, agus tá leasú amháin ann i gcomparáid leis an togra ón gCoimisiún: de bharr ghlacadh déanach an bhunúis dlí le haghaidh an Ghnímh um Thionscal Cosanta na hEorpa a Atreisiú trí Sholáthar Comhoibríoch (EDIRPA), ní ghlactar leis an tsuim EUR 82 972 301 i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a chuirtear sa chúlchiste chun na críche sin, agus ní chruthaítear an líne buiséid chomhfhreagrach 13 06 01 don bhliain airgeadais 2022.
1. Buiséad 2023
1.1. Línte ‘iata’
Mura luaitear a mhalairt sna conclúidí seo, deimhnítear na línte buiséid go léir mar a mhol an Coimisiún sa Dréachtbhuiséad do 2023 arna leasú i Litir Leasaitheach Uimh. 1/2023.
I gcás na línte buiséid eile, tháinig an Coiste Idir-réitigh ar chomhaontú maidir leis na conclúidí a áirítear i roinn 1.2 go roinn 1.7 thíos.
1.2. Saincheisteanna cothrománacha
Gníomhaireachtaí díláraithe
Déantar ranníocaíocht an Aontais (i bhfoirm leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí) agus líon na bpost sa phlean bunaíochta do na gníomhaireachtaí díláraithe uile, a shocrú ar an leibhéal a mholann an Coimisiún sa Dréachtbhuiséad do 2023 arna leasú i Litir Leasaitheach Uimh. 1/2023 cé is moite de:
— Faoi fho-cheannteideal 2b:
— Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE, airteagal buiséid 07 10 08), a n-áirítear ina leith méadú EUR 2,5 milliún i mbuiséad 2023 agus fiche post mar ghníomhaire ar conradh a aistriú ina bpoist do ghníomhairí sealadacha sa phlean bunaíochta, ag glacadh leis go n-earcófar iad ar an meán i lár na bliana.
— Faoi cheannteideal 4
— Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA, airteagal buiséid 11 10 02), a gcuirtear sé phost leis an bplean bunaíochta agus a ndéantar méadú EUR 0,5 milliún ar leibhéal na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí ina leith, ag glacadh leis go n-earcófar iad ar an meán i lár na bliana.
— Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA, airteagal buiséid 10 10 01) a ndéantar méadú EUR 3 mhilliún ar leibhéal na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí ina leith.
— An Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex, airteagal buiséid 11 10 01), a ndéantar laghdú EUR 50 milliún ar leibhéal na leithreasuithe faoi chomhair gealltanais agus na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí ina leith, mar a mhol an Chomhairle agus mar a chomhaontaigh Parlaimint na hEorpa ina gcuid léamha.
Gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
Déantar ranníocaíocht AE (i bhfoirm leithreasuithe i gcomhair gealltanas agus leithreasuithe i gcomhair íocaíochtaí) agus líon na bpost sa phlean bunaíochta do na ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin, a shocrú ag an leibhéal a mholann an Coimisiún sa Dréachtbhuiséad.
Treoirthionscadail/Réamhbhearta
Comhaontaítear pacáiste cuimsitheach de 39 dtreoirthionscadal/réamhbhearta (PP/PA), a bhfuil 29 díobh nua, do mhéid iomlán arb ionann é agus EUR 80,1 milliún i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, mar atá molta ag an Parlaimint na hEorpa.
Déantar leibhéal na leithreasuithe chun leanúint leis an treoirthionscadal arna chur chun feidhme ag an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) (Tionscadal Píolótach – I dtreo Acadamh Eorpach Taidhleoireachta a chruthú, mír bhuiséid 2 2 5 0) a shocrú ar an leibhéal a d’iarr SEGS agus a mhol an Coimisiún i nDréachtbhuiséad 2023.
Urramaítear leis an bpacáiste sin na huasteorainneacha do threoirthionscadail agus do réamhbhearta a leagtar amach sa Rialachán Airgeadais.
1.3. Ceannteidil chaiteachais an chreata airgeadais - leithreasuithe faoi chomhair gealltanas
Tar éis dó na conclúidí thuas maidir le gníomhaireachtaí agus treoirthionscadail agus réamhbhearta a chur i gcuntas, tháinig an Coiste Idir-réitigh ar chomhaontú maidir leis an méid seo a leanas:
Ceannteideal 1 – An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Cúrsaí Digiteacha
Tá na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ar an leibhéal a mholann an Coimisiún sa Dréachtbhuiséad, arna leasú le Litir Leasaitheach Uimh. 1/2023 ach leis na coigeartuithe seo a leanas, arna gcomhaontú ag an gCoiste Idir-réitigh, a shonraítear sa tábla thíos:
Líne bhuiséid / Clár
Ainm
Éagsúlacht i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (in EUR)
Saoráidí ITER a thógáil, a oibriú agus a shaothrú — An Comhghnóthas Eorpach um ITER — agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt
1 012 128 572
832 128 572
-180 000 000
1.0.221
SCE Iompair
1 792 540 197
1 852 540 197
60 000 000
02 03 01
An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) — Iompar
1 782 813 707
1 842 813 707
60 000 000
1.0.222
SCE Fuinnimh
815 673 939
859 173 939
43 500 000
02 03 02
An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) — Fuinneamh
810 644 269
854 144 269
43 500 000
1.0.31
Clár an Mhargaidh Aonair (lena n-áirítear FBManna)
592 820 090
602 820 090
10 000 000
03 02 02
Iomaíochas fiontar, go háirithe FBManna, a fheabhsú agus tacú lena gcuid rochtana ar mhargaí
126 384 000
136 384 000
10 000 000
TTR
Treoirthionscadail agus réamhbhearta
37 325 000
Iomlán
-19 175 000
Dá thoradh sin, tá leibhéal comhaontaithe na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ag EUR 21 548,4 milliún, lena bhfágtar corrlach EUR 178,6 milliún faoi uasteorainn chaiteachais cheannteideal 1.
I gcomhréir le hAirteagal 15.3 den Rialachán Airgeadais(6), comhaontaíonn an Coiste Idir-réitigh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a chur ar fáil arís maidir leis na línte buiséid taighde le haghaidh méid iomlán arb ionann é agus EUR 148,8 milliún i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas. Is cuid iad na leithreasaí sin den mhéid foriomlán suas le EUR 0,5 billiún (i bpraghsanna 2018) don tréimhse 2021-2027 mar a comhaontaíodh faoi chuimsiú chomhaontú CAI. Fágann sé sin suas le EUR 238,0 milliún i bpraghsanna 2018 atá ar fáil don tréimhse 2024-2027. Pléifear an fhéidearthacht go ndéanfaí Airteagal 15.3 a ghníomhachtú tuilleadh faoi chuimsiú an nós imeachta reachtaigh maidir leis an nGníomh Eorpach um Shliseanna agus faoina mhaoiniú.
Treisítear an líne bhuiséid seo a leanas agus déantar a barúlacha buiséid a athbhreithniú dá réir sin:
(In EUR)
Líne bhuiséid
Ainm
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas
01 02 02 20
An bhraisle ‘an Cultúr, an Chruthaitheacht agus an tSochaí Chuimsitheach’
29 762 369
01 02 02 40
An bhraisle ‘Cúrsaí Digiteacha, an Tionscal agus an Spás’
89 287 105
01 02 02 50
An bhraisle ‘Aeráid, Fuinneamh agus Soghluaisteacht’
29 762 369
Iomlán
148 811 843
Fo-cheannteideal 2a – Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach
Tá na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ar an leibhéal a mholann an Coimisiún sa Dréachtbhuiséad, arna leasú le Litir Leasaitheach Uimh. 1/2023 ach leis na coigeartuithe seo a leanas, arna gcomhaontú ag an gCoiste Idir-réitigh, a shonraítear sa tábla thíos:
Líne buiséid / Clár
Ainm
Éagsúlacht i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (in EUR)
DB 2023 (AL1 san áireamh)
Buiséad 2023
Difríocht
TTR
Treoirthionscadail agus réamhbhearta
3 500 000
Iomlán
3 500 000
Dá bharr sin, tá leibhéal comhaontaithe na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ag EUR 62 926,5 milliún, lena bhfágtar corrlach EUR 12,5 milliún faoi uasteorainn chaiteachais fho-cheannteideal 2a.
Fo-cheannteideal 2b – Athléimneacht agus Luachanna
Tá na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ar an leibhéal a mholann an Coimisiún sa Dréachtbhuiséad, arna leasú le Litir Leasaitheach Uimh. 1/2023 ach leis na coigeartuithe seo a leanas, arna gcomhaontú ag an gCoiste Idir-réitigh, a shonraítear sa tábla thíos:
Líne buiséid / Clár
Ainm
Éagsúlacht i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (in EUR)
DB 2023 (AL1 san áireamh)
Buiséad 2023
Difríocht
2.2.23
Costas maoiniúcháin Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh (EURI)
1 485 775 000
1 315 775 000
-170 000 000
06 04 01
Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh (EURI) – cúpón tréimhsiúil agus fuascailt a íoc tráth na haibíochta
1 479 775 000
1 309 775 000
-170 000 000
2.2.25
EU4Health
731 750 309
739 250 309
7 500 000
06 06 01
Clár EU4Health
707 621 072
715 121 072
7 500 000
2.2.32
Erasmus+
3 648 525 437
3 668 525 437
20 000 000
07 03 01 01
Soghluaisteacht foghlama daoine aonair a chur chun cinn, mar aon le comhar, cuimsiú, barrfheabhas, cruthaitheacht agus nuáil ar leibhéal eagraíochtaí agus beartas i réimse an oideachais agus na hoiliúna — Bainistíocht indíreach
2 382 120 171
2 400 120 171
18 000 000
07 03 03
Soghluaisteacht foghlama cóitseálaithe agus foirne spóirt a chur chun cinn, mar aon le comhar, cuimsiú, cruthaitheacht agus nuáil ar leibhéal eagraíochtaí spóirt agus beartas spóirt.
67 664 711
69 664 711
2 000 000
2.2.33
An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach (CDE)
141 196 320
144 196 320
3 000 000
07 04 01
An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach
134 298 196
137 298 196
3 000 000
2.2.34
Eoraip na Cruthaitheachta
325 290 321
332 790 321
7 500 000
07 05 01
Cultúr
100 040 879
102 540 879
2 500 000
07 05 02
Na meáin
175 661 827
180 661 827
5 000 000
2.2.352
Saoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna
212 282 092
215 282 092
3 000 000
07 06 02
Rannpháirtíocht na saoránach i saol daonlathach an Aontais a chur chun cinn
32 154 085
33 154 085
1 000 000
07 06 03
Daphne
25 257 735
26 757 735
1 500 000
07 06 04
Luachanna an Aontais a chosaint agus a chur chun cinn
108 683 873
109 183 873
500 000
2.2.3DAG
Gníomhaireachtaí díláraithe
268 478 848
270 978 848
2 500 000
07 10 08
Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE)
62 101 095
64 601 095
2 500 000
TTR
Treoirthionscadail agus réamhbhearta
31 590 500
Iomlán
-94 909 500
I bhfianaise na rátaí úis agus méid oibríochtaí maoiniúcháin NGEU go dtí deireadh na bliana 2022, is féidir laghdú EUR 170,0 milliún a dhéanamh ar na leithreasuithe do líne bhuiséid 06 04 01, agus caomhnú á dhéanamh ar an acmhainneacht chun an ghné neamh-inaisíoctha de NGEU in 2023 a mhaoiniú ina hiomláine.
I gcás Erasmus+, leis an atreisiú ar Airteagal buiséid 07 03 03 Soghluaisteacht foghlama cóitseálaithe agus foirne spóirt a chur chun cinn, mar aon le comhar, cuimsiú, cruthaitheacht agus nuáil ar leibhéal eagraíochtaí spóirt agus beartas spóirt, d’fhéadfaí rannchuidiú le maoiniú gníomhaíochtaí a bhaineann leis na chéad Cluichí Oilimpeacha speisialta eile.
Dá thoradh sin, tá leibhéal comhaontaithe na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ag EUR 7 660,2 milliún, gan aon chorrlach fágtha faoi uasteorainn chaiteachais fho-cheannteideal 2b agus slógadh na hIonstraime Solúbthachta le haghaidh méid arb ionann é agus EUR 182,2 milliún á chur i gcuntas i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán CAI mar aon le slógadh na hIonstraime Corrlaigh Aonair le haghaidh méid arb ionann é agus EUR 280,0 milliún i gcomhréir le hAirteagal 11(1)(a) de Rialachán CAI.
Ceannteideal 3 – Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol
Tá na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ar an leibhéal a mholann an Coimisiún sa Dréachtbhuiséad, arna leasú le Litir Leasaitheach Uimh. 1/2023 ach leis na coigeartuithe seo a leanas, arna gcomhaontú ag an gCoiste Idir-réitigh, a shonraítear sa tábla thíos:
Líne bhuiséid / Clár
Ainm
Éagsúlacht i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (in EUR)
DB 2023 (AL1 san áireamh)
Buiséad 2023
Difríocht
3.2.21
An Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE)
725 521 280
755 521 280
30 000 000
09 02 01
An dúlra agus an bhithéagsúlacht
272 761 676
279 011 676
6 250 000
09 02 02
Geilleagar ciorclach agus cáilíocht saoil
173 862 556
179 112 556
5 250 000
09 02 03
Maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin
122 358 139
128 608 139
6 250 000
09 02 04
An t-aistriú chuig fuinneamh glan
130 752 568
143 002 568
12 250 000
TTR
Treoirthionscadail agus réamhbhearta
6 700 000
Iomlán
36 700 000
Dá thoradh sin, tá leibhéal comhaontaithe na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ag EUR 57 259,3 milliún, lena bhfágtar corrlach EUR 35,7 milliún faoi uasteorainn chaiteachais cheannteideal 3.
Ceannteideal 4 – Imirce agus Bainistiú Teorainneacha
Tá na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ar an leibhéal a mholann an Coimisiún sa Dréachtbhuiséad ach leis na coigeartuithe seo a leanas, arna gcomhaontú ag an gCoiste Idir-réitigh, a shonraítear sa tábla thíos:
Líne bhuiséid / Clár
Ainm
Éagsúlacht i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (in EUR)
DB 2023 (AL1 san áireamh)
Buiséad 2023
Difríocht
4.0.11
An Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht
1 418 121 253
1 454 621 253
36 500 000
10 02 01
An Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht
1 414 824 860
1 451 324 860
36 500 000
4.0.1DAG
Gníomhaireachtaí díláraithe
169 169 287
172 169 287
3 000 000
10 10 01
Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA)
169 169 287
172 169 287
3 000 000
4.0.211
An Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (IBMF) - An ionstraim um bainistiú teorainneacha agus um víosaí (BMVI)
946 798 303
956 798 303
10 000 000
11 02 01
Ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do bhainistiú teorainneacha seachtracha agus víosaí
944 798 303
954 798 303
10 000 000
4.0.2DAG
Gníomhaireachtaí díláraithe
1 052 269 675
1 002 769 675
-49 500 000
11 10 01
An Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex)
793 614 137
743 614 137
-50 000 000
11 10 02
Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a Dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (‘eu-LISA’)
258 655 538
259 155 538
500 000
Iomlán
0
Dá thoradh sin, tá leibhéal comhaontaithe na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ag EUR 3 727,3 milliún, lena bhfágtar corrlach EUR 86,7 milliún faoi uasteorainn chaiteachais cheannteideal 4.
Ceannteideal 5 – Slándáil agus Cosaint
Tá na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ar an leibhéal a mholann an Coimisiún sa Dréachtbhuiséad ach leis na coigeartuithe seo a leanas, arna gcomhaontú ag an gCoiste Idir-réitigh, a shonraítear sa tábla thíos:
Líne bhuiséid / Clár
Ainm
Éagsúlacht i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (in EUR)
DB 2023 (AL1 san áireamh)
Buiséad 2023
Difríocht
5.0.22
Soghluaisteacht Mhíleata
236 685 681
295 185 681
58 500 000
13 04 01
Soghluaisteacht mhíleata
234 970 661
293 470 661
58 500 000
Iomlán
58 500 000
Ina theannta sin, ar feitheamh an chomhaontaithe maidir leis an gclár nascachta slán Spáis, cuirfear na méideanna a mholtar sa Dréachtbhuiséad chun na críche sin i gcúlchiste, a bheidh le scaoileadh nó le leasú i gcomhréir leis an réiteach maoiniúcháin a chomhaontaigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar deireadh. Leagtar amach na sonraí i roinn 1.5 thíos.
Dá thoradh sin, tá leibhéal comhaontaithe na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ag EUR 2 116,6 milliún, gan aon chorrlach fágtha faoi uasteorainn chaiteachais cheannteideal 5, agus slógadh na hIonstraime Solúbthachta do mhéid arb ionann é agus EUR 170,6 mhilliún á chur i gcuntas.
Ceannteideal 6 – Comharsanacht agus an Domhan
Tá na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ar an leibhéal a mholann an Coimisiún sa Dréachtbhuiséad, arna leasú le Litir Leasaitheach Uimh. 1/2023 ach leis na coigeartuithe seo a leanas, arna gcomhaontú ag an gCoiste Idir-réitigh, a shonraítear sa tábla thíos:
Líne bhuiséid / Clár
Ainm
Éagsúlacht i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (in EUR)
DB 2023 (AL1 san áireamh)
Buiséad 2023
Difríocht
6.0.111
An Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta– An Eoraip Dhomhanda (NDICI - An Eoraip Dhomhanda)
11 970 770 313
12 250 770 313
280 000 000
14 02 01 10
Comharsanacht an Deiscirt
1 657 209 546
1 727 209 546
70 000 000
14 02 01 11
Comharsanacht an Oirthir
618 890 238
828 890 238
210 000 000
Iomlán
280 000 000
Maidir leis an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta — An Eoraip Dhomhanda, déanfar an méadú EUR 210 milliún i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas do Chomharsanacht an Oirthir (mír bhuiséid 14 02 01 11) a thiomnú do bhearta san Úcráin agus sa Mholdóiv mar fhreagairt ar fhogha na Rúise. Tá an méadú EUR 70 milliún ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas do Chomharsanacht an Deiscirt (mír bhuiséid 14 02 01 10) ceaptha chun maoiniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí a bhaineann leis an imirce, go háirithe gníomhaíochtaí a thacaíonn le bainistiú agus rialachas na himirce agus an easáitithe éigeantaigh agus UNRWA.
Dá thoradh sin, tá leibhéal comhaontaithe na leithreasuihe faoi chomhair gealltanas socraithe ag EUR 17 211,9 milliún, gan aon chorrlach fágtha faoi uasteorainn chaiteachais cheannteideal 6, agus slógadh na hIonstraime Solúbthachta do mhéid arb ionann é agus EUR 882,9 mhilliún á chur i gcuntas.
Ceannteideal 7 – Riarachán Poiblí Eorpach
Tá líon na bpost i bpleananna bunaíochta na n-institiúidí agus na leithreasuithe a mhol an Coimisiún sa Dréachtbhuiséad, arna leasú le Litir Leasaitheach Uimh. 1/2023, comhaontaithe ag an gCoiste Idir-réitigh leis na heisceachtaí seo a leanas:
— An roinn de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a bhfuil ceithre phost curtha leis an bplean bunaíochta agus a bhfuil méadú EUR 634 903 déanta ar leibhéal na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí ina leith, i bhfianaise earcaíocht ar an meán i lár na bliana;
— An roinn de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a bhfuil naoi bpost curtha leis an bplean bunaíochta agus a bhfuil méadú EUR 1 005 422 déanta ar leibhéal na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí ina leith, i bhfianaise earcaíocht ar an meán i lár na bliana. Ceadaítear na poist chomhfhreagracha go sealadach, go dtí 2027;
— An roinn de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa a bhfuil dhá phost curtha leis an bplean bunaíochta agus a bhfuil méadú EUR 115 497 déanta ar leibhéal na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí ina leith, i bhfianaise earcaíocht ar an meán i lár na bliana;
— An roinn den Ombudsman Eorpach a bhfuil dhá phost curtha leis an bplean bunaíochta agus a bhfuil méadú EUR 1 101 388 déanta ar leibhéal na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí ina leith, i bhfianaise earcaíocht ar an meán i lár na bliana;
— An roinn den Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a bhfuil cúig phost curtha leis agus a bhfuil trí phost curtha le plean bunaíochta an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí agus dhá phost curtha le plean bunaíochta an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí. Tá méadú EUR 388 202 déanta, dá bhri sin, ar leibhéal na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ar na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, i bhfianaise earcaíocht ar an meán i lár na bliana;
— An roinn den tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) a bhfuil méadú 11 Ghníomhaire ar Chonradh déanta ar a hacmhainní foirne agus méadú EUR 420 239 déanta ar leibhéal na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ar na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, i bhfianaise earcaíocht ar an meán i lár na bliana;
Déantar na coigeartuithe, a mbíonn méadú EUR 2,7 milliún ar cheannteideal 7 mar thoradh orthu, a mhionsonrú sna táblaí seo a leanas:
Roinn V – An Chúirt Bhreithiúnais
Líne bhuiséid / Clár
Ainm
Éagsúlacht i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (in EUR)
DB 2023 (AL1 san áireamh)
Buiséad 2023
Difríocht
1 2 0 0
Luach saothair agus liúntais
304 868 000
305 502 903
634 903
Iomlán
634 903
Cuid 5 – Cúirt Iniúchóirí na hEorpa
Líne bhuiséid / Clár
Ainm
Éagsúlacht i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (in EUR)
DB 2023 (AL1 san áireamh)
Buiséad 2023
Difríocht
1 2 0 0
Luach saothair agus liúntais
129 600 000
130 605 422
1 005 422
Iomlán
1 005 422
Roinn 6 – Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Líne bhuiséid / Clár
Ainm
Éagsúlacht i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (in EUR)
DB 2023 (AL1 san áireamh)
Buiséad 2023
Difríocht
1 2 0 0
Luach saothair agus liúntais
82 849 505
82 965 001
115 496
Iomlán
115 496
Roinn 8 – An tOmbudsman Eorpach
Líne bhuiséid / Clár
Ainm
Éagsúlacht i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (in EUR)
DB 2023 (AL1 san áireamh)
Buiséad 2023
Difríocht
1 2 0 0
Luach saothair agus liúntais
9 002 978
9 104 366
101 388
Iomlán
101 388
Roinn 9 – An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí
Líne bhuiséid / Clár
Ainm
Éagsúlacht i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (in EUR)
DB 2023 (AL1 san áireamh)
Buiséad 2023
Difríocht
1 1 0 0
Luach saothair agus liúntais
7 491 500
7 724 420
232 920
3 0 1 0
Luach saothair agus liúntais
2 123 500
2 278 782
155 282
Iomlán
388 202
Cuid 10 – An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí
Líne bhuiséid / Clár
Ainm
Éagsúlacht i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (in EUR)
DB 2023 (AL1 san áireamh)
Buiséad 2023
Difríocht
1 2 0 0
Baill foirne ar conradh
20 967 900
21 388 139
420 239
Iomlán
420 239
Dá thoradh sin, tá leibhéal comhaontaithe na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ag EUR 11 311,3 milliún, lena bhfágtar corrlach EUR 107,7 milliún faoi uasteorainn chaiteachais cheannteideal 7, a bhfuil EUR 28,2 milliún á chur san áireamh faoin bhfo-chorrlach le haghaidh ‘Caiteachas riaracháin sna hinstitiúidí’.
Ionstraimí speisialta téamacha: CED, SEAR agus BAR
Déantar na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas don Chiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED), don Chúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála (SEAR) agus do Chúlchiste Coigeartaithe Brexit (BAR), a shocrú ag an leibhéal a mholann an Coimisiún sa Dréachtbhuiséad.
1.4. Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí
Tá leibhéal foriomlán na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí i mBuiséad 2023 socraithe ar leibhéal an Dréachtbhuiséid, arna leasú le Litir Leasaitheach Uimh. 1/2023 leis na coigeartuithe seo a leanas arna gcomhaontú ag an gCoiste Idir-réitigh:
1. Déantar leibhéal comhaontaithe na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas le haghaidh caiteachas neamhdhifreáilte (ceannteidil 1 go 6), a bhfuil leibhéal na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí cothrom le leibhéal na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas ina leith, a chur i gcuntas. Tá feidhm aige sin freisin maidir leis an laghdú EUR 170,0 milliún ar chostas maoinithe Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh (EURI). Agus an choigeartú ar ranníocaíocht an Aontais do ghníomhaireachtaí díláraithe a chur i gcuntas freisin, is ionann an éifeacht chomhcheangailte agus laghdú EUR 214,0 milliún;
2. An coigeartú faoi cheannteideal 7 a bhfuil méadú EUR 2,7 milliún mar thoradh air;
3. Déantar na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí do na treoirthionscadail nua uile agus do na réamhbhearta uile a mholann Parlaimint na hEorpa a shocrú ag 25% de leibhéal na leithreasuithe comhfhreagracha faoi chomhair gealltanas, nó ag an leibhéal a mholann Parlaimint na hEorpa, más ísle iad. I gcás ina ndéantar síneadh a chur leis na treoirthionscadail agus na réamhbhearta atá cheana ann, is é leibhéal na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí an leibhéal a shainmhínítear sa Dréachtbhuiséad arna leasú leis an Litir Leasaitheach Uimh. 1/2023 móide 25 % de leibhéal na leithreasuithe nua comhfhreagracha faoi chomhair gealltanas, nó ag an leibhéal a mholann Parlaimint na hEorpa, más ísle sin. Is ionann an éifeacht chomhcheangailte agus méadú EUR 19,8 milliún;
4. Maidir leis na coigeartuithe ar línte buiséid i gcomhair caiteachas difreáilte, is ionann an éifeacht chomhcheangailte agus méadú EUR 177,0 milliún.
Déantar na coigeartuithe, a mbíonn laghdú EUR 14,5 milliún mar thoradh orthu, a leagan amach sna táblaí seo a leanas:
Líne bhuiséid / Clár
Ainm
Éagsúlacht i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas
Na saoráidí ITER a thógáil, a oibriú agus a shaothrú — An Comhghnóthas Eorpach um ITER — agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt
563 509 002
513 509 002
-50 000 000
1.0.221
SCE Iompair
1 922 486 490
1 943 486 490
21 000 000
02 03 01
An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) — Iompar
973 760 000
994 760 000
21 000 000
1.0.222
SCE Fuinnimh
713 629 670
723 629 670
10 000 000
02 03 02
An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) — Fuinneamh
246 000 000
256 000 000
10 000 000
1.0.31
Clár an Mhargaidh Aonair (lena n-áirítear FBManna)
610 260 036
615 260 036
5 000 000
03 02 02
Iomaíochas fiontar, go háirithe FBManna, a fheabhsú agus tacú lena gcuid rochtana ar mhargaí
132 069 500
137 069 500
5 000 000
TTR
Treoirthionscadail agus réamhbhearta
9 331 250
Iomlán Cheannteideal 1
331 250
Fo-cheannteideal 2a
TTR
Treoirthionscadail agus réamhbhearta
875 000
Iomlán Fo-cheannteideal 2a
875 000
Fo-cheannteideal 2b
2.2.23
Costas maoiniúcháin Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh (EURI)
1 485 775 000
1 315 775 000
-170 000 000
06 04 01
Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh (EURI) – cúpón tréimhsiúil agus fuascailt a íoc tráth na haibíochta
1 479 775 000
1 309 775 000
-170 000 000
2.2.25
EU4Health
619 341 615
626 841 615
7 500 000
06 06 01
Clár EU4Health
570 712 378
578 212 378
7 500 000
2.2.32
Erasmus+
3 274 197 196
3 291 597 196
17 400 000
07 03 01 01
Soghluaisteacht foghlama daoine aonair a chur chun cinn, mar aon le comhar, cuimsiú, barrfheabhas, cruthaitheacht agus nuáil ar leibhéal eagraíochtaí agus beartas i réimse an oideachais agus na hoiliúna — Bainistíocht indíreach
2 280 250 000
2 296 250 000
16 000 000
07 03 03
Soghluaisteacht foghlama cóitseálaithe agus foirne spóirt a chur chun cinn, mar aon le comhar, cuimsiú, cruthaitheacht agus nuáil ar leibhéal eagraíochtaí spóirt agus beartas spóirt.
55 000 000
56 400 000
1 400 000
2.2.33
An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach (CDE)
122 118 124
124 118 124
2 000 000
07 04 01
An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach
104 000 000
106 000 000
2 000 000
2.2.34
Eoraip na Cruthaitheachta
306 962 192
312 462 192
5 500 000
07 05 01
Cultúr
89 452 597
91 452 597
2 000 000
07 05 02
Na meáin
137 922 353
141 422 353
3 500 000
2.2.352
Saoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna
155 069 755
156 569 755
1 500 000
07 06 02
Rannpháirtíocht na saoránach i saol daonlathach an Aontais a chur chun cinn
18 510 511
19 010 511
500 000
07 06 03
Daphne
26 078 886
26 828 886
750 000
07 06 04
Luachanna an Aontais a chosaint agus a chur chun cinn
54 381 753
54 631 753
250 000
2.2.3DAG
Gníomhaireachtaí díláraithe
263 290 848
265 790 848
2 500 000
07 10 08
Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE)
62 101 095
64 601 095
2 500 000
TTR
Treoirthionscadail agus réamhbhearta
7 897 625
Iomlán fho-cheannteideal 2b
-125 702 375
Ceannteideal 3
3.2.21
An Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE)
513 989 167
522 689 167
8 700 000
09 02 01
An dúlra agus an bhithéagsúlacht
97 698 396
99 323 396
1 625 000
09 02 02
Geilleagar ciorclach agus cáilíocht saoil
69 504 430
71 129 430
1 625 000
09 02 03
Maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin
47 000 000
48 625 000
1 625 000
09 02 04
An t-aistriú chuig fuinneamh glan
53 000 000
56 825 000
3 825 000
TTR
Treoirthionscadail agus réamhbhearta
1 675 000
Iomlán Cheannteideal 3
10 375 000
Ceannteideal 4
4.0.11
An Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht
1 314 919 500
1 329 919 500
15 000 000
10 02 01
An Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht
710 919 500
725 919 500
15 000 000
4.0.1DAG
Gníomhaireachtaí Díláraithe
169 169 287
172 169 287
3 000 000
10 10 01
Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA)
169 169 287
172 169 287
3 000 000
4.0.211
An Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (IBMF) - An ionstraim um bainistiú teorainneacha agus um víosaí (BMVI)
394 492 752
396 992 752
2 500 000
11 02 01
Ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do bhainistiú teorainneacha seachtracha agus víosaí
276 492 752
278 992 752
2 500 000
4.0.2DAG
Gníomhaireachtaí Díláraithe
1 117 019 143
1 067 519 143
-49 500 000
11 10 01
An Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex)
793 614 137
743 614 137
-50 000 000
11 10 02
Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a Dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (‘eu-LISA’)
323 405 006
323 905 006
500 000
TTR
Treoirthionscadail agus réamhbhearta
0
Iomlán Cheannteideal 4
-29 000 000
Ceannteideal 5
5.0.22
Soghluaisteacht Mhíleata
106 715 020
131 715 020
25 000 000
13 04 01
Soghluaisteacht mhíleata
105 000 000
130 000 000
25 000 000
Iomlán Cheannteideal 5
25 000 000
Ceannteideal 6
6.0.111
An Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta– An Eoraip Dhomhanda (NDICI - An Eoraip Dhomhanda)
8 842 716 018
8 943 716 018
101 000 000
14 02 01 10
Comharsanacht an Deiscirt
423 893 255
444 893 255
21 000 000
14 02 01 11
Comharsanacht an Oirthir
185 608 958
265 608 958
80 000 000
Iomlán Cheannteideal 6
101 000 000
Ceannteideal 7
7.1.24
Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
485 342 893
485 977 796
634 903
7.1.25
Cúirt Iniúchóirí na hEorpa
174 054 500
175 059 922
1 005 422
7.1.26
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
158 652 474
158 767 970
115 496
7.1.28
An tOmbudsman Eorpach
12 943 383
13 044 771
101 388
7.1.29
An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí
21 941 500
22 329 702
388 202
7.1.2X
An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí
819 647 241
820 067 480
420 239
Iomlán Cheannteideal 7
2 665 650
IOMLÁN
-14 455 475
Ar an iomlán, is é an toradh a bhíonn air sin ná leibhéal leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí arb ionann é agus EUR 168 648,7 milliún, ar laghdú EUR 14,5 milliún é i gcomparáid leis an Dréachtbhuiséad, arna leasú le Litir Leasaitheach Uimh. 1/2023.
1.5. Cúlchistí
Níl aon chúlchistí sa bhreis ar na cúlchistí atá sa Dréachtbhuiséad, arna leasú le Litir Leasaitheach Uimh. 1/2023.
1.6. Barúlacha maidir leis an mBuiséad
Freagraíonn téacs na mbarúlacha buiséid don Dréachtbhuiséad, arna leasú le Litir Leasaitheach Uimh. 1/2023 leis na coigeartuithe seo a leanas atá molta sa litir infhorghníomhaitheachta agus a chomhaontaigh an Coiste Idir-réitigh:
— Formheastar na línte buiséid a bhfuil leasuithe tugtha isteach ag Parlaimint na hEorpa ina leith ar a cuid féin gan aon mhodhnú. Áirítear an leasú seo a leanas leis sin:
— Mír 1 2 0 0 — Luach saothair agus liúntais
Cuirtear an téacs seo a leanas leis:
98 bpost breise sa phlean bunaíochta don bhliain 2023. Tá na poist sin beartaithe d’aon bhliain bhuiséid amháin agus bainfear as an bplean bunaíochta iad i ndréachtbhuiséad 2024. Is ar mhaithe le leanúint le fostú na foirne sealadaí atá na poist sin i bhfianaise chur i bhfeidhm Airteagal 29(4) de na Rialacháin Foirne. Níl gá le haon leithreasuithe breise.
— Aontaíonn an Coiste Idir-réitigh freisin gur cheart líon na bpost sa phlean bunaíochta don ‘Údarás um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus um Fhonúireachtaí Polaitiúla Eorpacha agus an Choiste Daoine Neamhspleácha Oirirce’ a mharcáil go soiléir laistigh de phlean bunaíochta Pharlaimint na hEorpa trí líne nua a thabhairt isteach atá faoi bhun mhóriomlán Pharlaimint na hEorpa, lena léirítear ‘cé acu díobh atá ann don Údarás’.
— Na línte buiséid a bhfuil leasuithe tugtha isteach ag Parlaimint na hEorpa ina leith gan aon mhodhnú:
— Airteagal 14 04 02 — An Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound)
Déantar an téacs a leasú mar a leanas:
Cumhdaítear leis an leithreasú seo caiteachas ar thuarastail EUSRanna agus caiteachas ar a gcuid foirne agus/nó struchtúr tacaíochta a chur ar bun, lena n-áirítear costais taistil agus costais foirne seachas na costais sin a bhaineann le foireann atá tugtha ar iasacht ag na Ballstáit nó ag institiúidí an Aontais. Cumhdaítear leis freisin aon chostas d’aon tionscadail a chuirtear chun feidhme faoi fhreagracht dhíreach EUSR.
— Línte buiséid a bhformheastar an ráiteas buiséid faoi seach mar a mholtar sa Dréachtbhuiséad arna leasú leis an Litir Leasaitheach ina leith, leis na modhnuithe seo a leanas:
— Mír 3 13 03 01 — Taighde cosanta
Déantar an mhír seo a leasú mar a leanas:
staidéir, amhail staidéir féidearthachta chun iniúchadh a dhéanamh ar indéantacht teicneolaíochtaí, táirgí, próiseas, seirbhísí agus réiteach, idir chinn nua agus chinn fheabhsaithe, lena n-áirítear i réimse na cibearchosanta agus na cibearshlándála,
— Línte buiséid nua tar éis ghlacadh thogra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán lena mbunaítear Ionstraim chun tacaíocht a thabhairt don Úcráin le haghaidh 2023 (cúnamh macrairgeadais +) an 9 Samhain 2022 agus ar formheasadh an ráiteas buiséid faoi seach ina leith leis an téacs mar a leanas:
— Airteagal 14 01 06 — Caiteachas tacaíochta le haghaidh an Chúnaimh Macrairgeadais Plus don Úcráin (MFA+)
Cuirtear an téacs seo a leanas leis:
Seachas an caiteachas ar a dtugtar tuairisc sa chaibidil seo, tá sé beartaithe leis an leithreasú seo freisin go sonrach go gcumhdófar caiteachas tacaíochta chun an Ionstraim a chur chun feidhme agus chun a cuid cuspóirí a bhaint amach, lena n-áirítear tacaíocht riaracháin atá bainteach le baint amach a cuid cuspóirí, lena n-áirítear tacaíocht riaracháin atá bainteach leis na gníomhaíochtaí ullmhúcháin, leantacha, faireacháin, rialaithe, iniúchta agus meastóireachta is gá le haghaidh an chur chun feidhme sin, mar aon le caiteachas ag ceanncheathrú lárnach agus toscaireachtaí an Aontais le haghaidh na tacaíochta riaracháin agus comhordúcháin is gá i gcomhair na hIonstraime, agus chun oibríochtaí a mhaoinítear faoin Ionstraim a bhainistiú, lena n-áirítear gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, agus córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha.
— Caibidil 14 07 — Cúnamh Macrairgeadais Plus don Úcráin (MFA+)
Cuirtear an téacs seo a leanas leis:
Tá sé beartaithe leis na leithreasuithe faoin gcaibidil seo go gcumhdófar an caiteachas oibríochtúil a bhaineann le gníomhaíochtaí arna ndéanamh faoin Ionstraim chun tacaíocht a thabhairt don Úcráin le haghaidh 2023 (cúnamh macrairgeadais +). Is é cuspóir ginearálta na hIonstraime ná faoiseamh airgeadais gearrthéarmach a chur ar fáil ar bhealach intuartha, leanúnach, ordúil agus tráthúil agus maoiniú a dhéanamh ar an athshlánú agus ar an tacaíocht tosaigh don atógáil i ndiaidh an chogaidh, i gcás inarb iomchuí, d’fhonn tacú leis an Úcráin ar mhaithe lena lánpháirtiú san Eoraip.
Chun an cuspóir ginearálta sin a bhaint amach, is iad seo a leanas na príomhchuspóirí sonracha go háirithe:
— tacú leis an gcobhsaíocht mhacrairgeadais agus srianta seachtracha agus inmheánacha airgeadais na tíre a mhaolú;
— clár oibre athchóirithe a bheidh dírithe ar luathchéim ullmhúcháin an phróisis réamhaontachais, de réir mar is iomchuí, lena n-áirítear institiúidí na hÚcráine a neartú, éifeachtacht an riaracháin phoiblí a athchóiriú agus a threisiú mar aon le trédhearcacht, athchóirithe struchtúracha agus dea-rialachas ar gach leibhéal;
— athshlánú na bhfeidhmeanna agus an bhonneagair chriticiúil agus faoiseamh do dhaoine atá i ngátar.
I gcomhréir le hAirteagal 21, Airteagal 22 agus Airteagal 24 den Rialachán Airgeadais, maidir le ranníocaíochtaí a fhaightear ó thríú tíortha (Stáit CSTE de bhun an Chomhaontaithe maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, tíortha is iarrthóirí agus, más infheidhme, iarrthóirí ionchasacha na mBalcán Thiar, nó tríú tíortha eile) chun páirt a ghlacadh i gcláir de chuid an Aontais, agus aon ioncam sannta eile arna iontráil sa ráiteas ioncaim, eascraíonn soláthar leithreasuithe comhfhreagracha astu mar aon lena gcur cur chun feidhme faoin gcaibidil seo.
Sonraítear na méideanna measta gaolmhara mar aon leis an airteagal nó an mhír chomhfhreagrach den ráiteas ioncaim, i gcás inar féidir, sna línte buiséid ábhartha.
— Airteagal 14 07 01 — Fóirdheontas úis faoi MFA+ don Úcráin
Cuirtear an téacs seo a leanas leis:
Tá sé beartaithe leis an leithreasú seo go gcumhdófar na gníomhaíochtaí a bhfuil sé mar aidhm leo fóirdheontas úis a dheonú a bhaineann le hiasachtaí a fháil agus a thabhairt, cé is moite de chostais a bhaineann leis an iasacht a aisíoc go luath, i ndáil leis na hiasachtaí faoin Rialachán seo.
Ioncam sannta seachtrach a bheidh sna ranníocaíochtaí sin i gcomhréir le pointí (d) agus (e) d’Airteagal 21(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.
— Airteagal 14 07 02 — Tacaíocht neamh-inaisíoctha faoi MFA+ don Úcráin
Cuirtear an téacs seo a leanas leis:
Tá sé beartaithe leis an leithreasú seo go gcumhdófar méideanna breise arna gcur ar fáil ag na Ballstáit agus ag tríú tíortha agus páirtithe leasmhara, a chuirtear chun feidhme mar thacaíocht neamh-inaisíoctha i gcás ina bhforáiltear dó sin sa Mheabhrán Tuisceana atá le tabhairt i gcrích faoi Airteagal 7 den Rialachán atá beartaithe, nó i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/947 agus Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 chun bearta a mhaoiniú lena mbaintear amach na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(b) go (c) den Rialachán atá beartaithe.
Bainfidh an leithreasú seo leis an méid seo a leanas go háirithe:
— clár oibre athchóirithe a bheidh dírithe ar luathchéim ullmhúcháin an phróisis réamhaontachais, de réir mar is iomchuí, lena n-áirítear institiúidí na hÚcráine a neartú, éifeachtacht an riaracháin phoiblí a athchóiriú agus a threisiú mar aon le trédhearcacht, athchóirithe struchtúracha agus dea-rialachas ar gach leibhéal;
— athshlánú na bhfeidhmeanna agus an bhonneagair chriticiúil agus faoiseamh do dhaoine atá i ngátar.
Ioncam sannta seachtrach a bheidh sna ranníocaíochtaí sin i gcomhréir le pointí (d) agus (e) d’Airteagal 21(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.
— Comhaontaíonn an Coiste Idir-réitigh an fonóta seo a leanas a chur san áireamh i bplean bunaíochta Chúirt Iniúchóirí na hEorpa.
Cuirtear an téacs seo a leanas leis:
‘Poist bhreise (2023) (29 n-iniúchóir, nasctha le NGEU agus deonaithe go dtí 2027)’.
— I gcomhréir le hAirteagal 15.3 den Rialachán Airgeadais, comhaontaíonn an Coiste Idir-réitigh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a chur ar fáil arís maidir leis an líne buiséid 01 02 02 20. Déanfar barúlacha buiséid a choigeartú dá réir sin:
Líne bhuiséid
Ainm
01 02 02 20
Cuirtear an téacs seo a leanas isteach:
I gcomhréir le hAirteagal 15.3 den Rialachán Airgeadais, tá méid EUR 29 762 369 i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas ar fáil le haghaidh na míreanna buiséid seo tar éis saoradh a rinneadh in 2020 toisc nár cuireadh go hiomlán nó go páirteach tionscadail taighde chun feidhme.
— I gcomhréir le hAirteagal 15.3 den Rialachán Airgeadais, comhaontaíonn an Coiste Idir-réitigh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a chur ar fáil arís maidir leis an líne buiséid 01 02 02 40. Déanfar barúlacha buiséid a choigeartú dá réir sin:
Líne bhuiséid
Ainm
01 02 02 40
Cuirtear an téacs seo a leanas isteach:
I gcomhréir le hAirteagal 15.3 den Rialachán Airgeadais, tá méid EUR 89 287 105 i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas ar fáil le haghaidh na míreanna buiséid seo tar éis saoradh a rinneadh in 2020 toisc nár cuireadh go hiomlán nó go páirteach tionscadail taighde chun feidhme.
— I gcomhréir le hAirteagal 15.3 den Rialachán Airgeadais, comhaontaíonn an Coiste Idir-réitigh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a chur ar fáil arís maidir leis an líne buiséid 01 02 02 50. Déanfar barúlacha buiséid a choigeartú dá réir sin:
Líne bhuiséid
Ainm
01 02 02 50
Cuirtear an téacs seo a leanas isteach:
I gcomhréir le hAirteagal 15.3 den Rialachán Airgeadais, tá méid EUR 29 762 369 i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas ar fáil le haghaidh na míreanna buiséid seo tar éis saoradh a rinneadh in 2020 toisc nár cuireadh go hiomlán nó go páirteach tionscadail taighde chun feidhme.
Tá glacadh leis nach féidir le leasuithe a dhéanfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle raon feidhme an bhunghnímh atá ann cheana a mhodhnú ná a leathnú, ná nach féidir cur isteach ar neamhspleáchas riaracháin na n-institiúidí, agus gur féidir an beart a chumhdach leis na hacmhainní atá ar fáil.
1.7. Ainmníocht bhuiséadach
Comhaontaítear an ainmníocht bhuiséadach a mhol an Coimisiún sa Dréachtbhuiséad, arna leasú le Litir Leasaitheach Uimh. 1/2023, agus na treoirthionscadail nua agus na réamhbhearta nua san áireamh. Tháinig an Coiste Idir-réitigh ar chomhaontú freisin maidir le líne bhuiséid nua amháin a chruthú i roinn Pharlaimint na hEorpa (Airteagal 5 0 2 — an tÚdarás um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus um Fhondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha – Luach saothair agus liúntais). I ndeireadh na dála, i gcomhréir leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach a ghabhann leis an togra le haghaidh Rialachán ón gCoimisiún lena mbunaítear Ionstraim chun tacaíocht a thabhairt don Úcráin le haghaidh 2023 (cúnamh macrairgeadais +) arna glacadh an 9 Samhain 2022, comhaontaíonn an Coiste Idir-réitigh maidir le trí líne nua bhuiséid a chruthú i roinn an Choimisiúin Eorpaigh mar a leanas:
— Airteagal 14 01 06 Caiteachas tacaíochta le haghaidh an Chúnaimh Macrairgeadais Plus don Úcráin (MFA+)
— Airteagal 14 07 01 Fóirdheontas úis faoi MFA+ don Úcráin
— Airteagal 14 07 02 Tacaíocht neamh-inaisíoctha faoi MFA+ don Úcráin
2. Buiséad 2022
Tá Dréachtbhuiséad Leasaitheach (DAB) Uimh. 5/2022 formheasta, agus tá leasú amháin ann i gcomparáid leis an togra ón gCoimisiún: de bharr ghlacadh déanach an bhunúis dlí le haghaidh an Ghnímh um Thionscal Cosanta na hEorpa a Atreisiú trí Sholáthar Comhoibríoch (EDIRPA), ní ghlactar leis an tsuim EUR 82 972 301 i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a chuirtear sa chúlchiste chun na críche sin, agus ní chruthaítear an líne buiséid chomhfhreagrach 13 06 01 don bhliain airgeadais 2022.
3. Ráitis
3.1. Comhráiteas ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí
Iarrann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an gCoimisiún leanúint de dhlúthfhaireachán gníomhach a dhéanamh le linn na bliana 2023 ar chur chun feidhme chláir na CAInna atá ann faoi láthair agus a bhí ann roimhe sin (go háirithe i bhfo-cheannteideal 2a agus Forbairt Tuaithe). Chuige sin, iarrann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an gCoimisiún tíolacadh a dhéanamh, ar bhonn tráthúil, ar fhigiúirí nuashonraithe a mhéid a bhaineann le staid na himeartha agus le meastacháin maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí 2023 (agus cruinneas réamhaisnéisí feabhsaithe na mBallstát á gcur i gcuntas i gcás inarb infheidhme). Má léirítear leis na figiúirí nach leor na leithreasuithe a iontráladh i mbuiséad 2023 chun na riachtanais a chumhdach, iarrann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an gCoimisiún réiteach iomchuí, inter alia dréachtbhuiséad leasaitheach a thíolacadh a luaithe is féidir, d’fhonn lamháil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle aon chinntí is gá a dhéanamh a luaithe is féidir gan moill mhíchuí i gcás riachtanais a bhfuil bonn cirt leo. I gcás inarb infheidhme, cuirfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i gcuntas práinn an ábhair, lena ngiorrófar an tréimhse 8 seachtaine le haghaidh cinnidh má mheastar gur gá sin. Is amhlaidh an cás mutatis mutandis má léirítear leis na figiúirí go bhfuil na leithreasuithe a iontráladh i mbuiséad 2023 níos airde ná mar is gá.
3.2. Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le maoiniú an Ghnímh Eorpaigh um Shliseanna agus an Chláir um nascacht shlán spásbhunaithe
Aithníonn na trí institiúid go mbeidh maoiniú an Ghnímh Eorpaigh um Shliseanna agus an Chláir um nascacht shlán spásbhunaithe ag brath ar thoradh deiridh na caibidlíochta reachtaí leanúnaí. I bhfianaise théacs deiridh na Rialachán formheasta agus na Ráiteas Airgeadais Reachtach a ghabhann leo, iarrann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an gCoimisiún na haistrithe is gá nó dréachtbhuiséad leasaitheach a chur faoi bhráid an údaráis bhuiséadaigh gan mhoill chun a áirithiú go gcuirfear méid leordhóthanach leithreasuithe ar fáil lena n-úsáid sa bhliain airgeadais 2023.
I gcás ina dtiocfadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar chomhaontú maidir le maoiniú an Ghnímh Eorpaigh um Shliseanna lena n-áirítear úsáid na leithreasuithe atá le cur ar fáil arís bunaithe ar Airteagal 15(3) den Rialachán Airgeadais maidir le Fís Eorpach, áireofar modhnú den sórt sin i ndréachtbhuiséad leasaitheach.
3.3. Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir leis an gcibearshlándáil
Tá an chibearshlándáil láidir chomhordaithe ríthábhachtach do leanúnachas gnó institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais, go háirithe roimh thoghcháin Pharlaimint na hEorpa in 2024. Aithníonn na trí institiúid an gá atá le hacmhainneacht lárnach chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí agus ar theagmhais chibearshlándála. Cur chuige comhordaithe an cur chuige is costéifeachtaí agus is féidir leis an gcur chuige sin ardleibhéal cosanta a thabhairt do chách, na daoine is leochailí san áireamh.
Aithníonn na trí institiúid go bhfuil gá le hacmhainní leordhóthanacha cibearshlándála laistigh de gach institiúid agus, go háirithe, san Fhoireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais (CERT-EU).
Iarrtar ar an gCoimisiún, i ndlúthchomhar le CERT-EU agus leis na hinstitiúidí eile, measúnú a tharraingt suas, faoi lár 2030, i ndáil leis an ngá atá le poist chibearshlándála laistigh de CERT-EU agus ar fud na n-institiúidí uile agus i ndáil le sainordú CERT-EU.
Iarrann an t-údarás buiséadach ar institiúidí an Aontais oibriú i gcomhar le chéile chun an chibearshlándáil a neartú ar fud institiúidí uile an Aontais. Tar éis an mheasúnaithe ón gCoimisiún, ba cheart na hacmhainní le haghaidh na cibearshlándála dá bhforáiltear i mbuiséad 2023 d’institiúidí uile an Aontais a chur ar fáil ar bhealach comhordaithe chun cosaint na n-institiúidí a uasmhéadú, go háirithe, ach ní go heisiach, trí atreisiú na hacmhainneachta lárnaí cibearshlándála.
Tá an méid sin gan dochar d’aon úsáid a bhaineann CERT-EU as acmhainní daonna agus buiséadacha na n-institiúidí rannpháirteacha de thoradh an chomhaontaithe ar an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta le haghaidh ardleibhéal cibearshlándála coiteann in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais (COM(2022) 122 final).
3.4. Ráiteas ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an Athbhreithniú ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil
Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar inbhuanaitheacht uasteorainneacha agus fho-uasteorainneacha caiteachais cheannteidil uile chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) 2021-2027 i gcomhthéacs an athbhreithnithe mheántéarma ar Rialachán CAI, athbhreithniú a bhfuil sé beartaithe aige a dhéanamh faoi lár 2023, de réir mar a leagtar amach i gclár oibre an Choimisiúin do 2023.
Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
Córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh
150k
49k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Samhain 2022 ar an togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh (COM(2021)0570 – C9-0034/2022 – 2021/0430(CNS))
(An nós imeachta reachtach speisialta – comhairliúchán)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2021)0570),
– ag féachaint don Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an gcéad ghlúin eile d’acmhainní dílse le haghaidh bhuiséad an Aontais (COM(2021)0566),
– ag féachaint d’Airteagal 311 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9‑0034/2022),
– ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Eorpach an 16 Nollaig 2020 maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach(1),
– ag féachaint do rún reachtach uaithi an 16 Meán Fómhair 2020 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh(2),
– ag féachaint do na leasuithe uaithi a glacadh an 22 Meitheamh 2022 ar an togra le haghaidh treoir lena n-athbhreithnítear Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh(3),
– ag féachaint do na leasuithe uaithi a glacadh an 22 Meitheamh 2022 ar an togra le haghaidh rialachán lena mbunaítear sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha(4),
– ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don seasamh i bhfoirm leasuithe ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta,
– ag féachaint do na litreacha ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia agus ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0266/2022),
1. ag formheas an togra ón gCoimisiún arna leasú;
2. á iarraidh ar an gComhairle a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag an bParlaimint;
3. á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle leis an bParlaimint má tá sé ar intinn aici an togra ón gCoimisiún a leasú go substaintiúil;
4. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Leasú 1 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 1 a (nua)
(1a) Is céim thábhachtach é an Cinneadh sin, i gcomhréir le Comhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 atá ceangailteach ó thaobh dlí de, chun treochlár d’acmhainní dílse nua a chur chun feidhme; tá tionscnaimh bhreise chomhlántacha le leanúint ina dhiaidh sin, rud a áiritheoidh go mbeidh na fáltais nua leordhóthanach ar a laghad chun an t-ús a íoc agus i gcomhair phríomhshuim fhiacha NGEU agus go mbeidh impleachtaí dáileacháin airgeadais an bhascaeid inghlactha ag na Ballstáit uile. Ní mór méid leormhaith acmhainní dílse nua a bheith ann chun maoiniú inbhuanaithe bhuiséad bliantúil an Aontais a áirithiú ar bhonn fadtéarmach lena n-áirítear do thosaíochtaí nua an Aontais agus Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh a aisíoc chun ciorruithe ar chláir agus ar bheartais de chuid an Aontais atá ann cheana a sheachaint.
Leasú 2 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 2 a (nua)
(2a) Is gá an leibhéal ioncaim a mhéadú trí acmhainní dílse nua chun freastal ar chostais aisíocaíochta NGEU agus ar an gCiste Aeráide Sóisialta atá le comhtháthú sa CAI chomh maith le rannchuidiú le spriocanna beartais an Aontais a bhaint amach san fhadtéarma. Ó thaobh an dlí agus na teicneolaíochta de, áfach, is ioncam ginearálta a bheidh sna trí acmhainn dílse nua agus prionsabal uilíochais an ioncaim á chomhlíonadh go hiomlán.
Leasú 3 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 2 b (nua)
(2b) Ní mór don Choimisiún tuilleadh gníomhaíochtaí tráthúla a dhéanamh mura nglacfar na hacmhainní dílse nua atá beartaithe nó mura ngineann siad an leibhéal ioncaim a bhfuiltear ag súil leis do bhuiséad an Aontais. I gcomhréir le Comhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 atá ceangailteach ó thaobh dlí de, táthar ag súil go dtíolacfaidh an Coimisiún togra le haghaidh an dara ciseán d’acmhainní dílse nua faoi dheireadh 2023, lena bhféadfaí cáin ar idirbhearta airgeadais agus acmhainn dhílis atá nasctha leis an earnáil chorparáideach a áireamh.
Leasú 4 Togra le haghaidh cinnidh Aithris 5
(5) Chun tionchar ró-chúlchéimnitheach ar na ranníocaíochtaí ón trádáil astaíochtaí a sheachaint, ba cheart ranníocaíocht uasta a leagan síos le haghaidh na mBallstát incháilithe. Le haghaidh na tréimhse 2023 go 2027, tá na Ballstáit incháilithe má tá an t-ollioncam náisiúnta per capita, arna thomhas i gcaighdeán cumhachta ceannaigh agus arna ríomh ar bhonn fhigiúirí an Aontais le haghaidh 2020, má tá an t-ollioncam náisiúnta per capita sin faoi bhun 90 % den mheán san Aontas. Le haghaidh na tréimhse 2028 go 2030, ba cheart an t-ollioncam náisiúnta per capita in 2025 a úsáid. Ba cheart an ranníocaíocht uasta a leagan síos trí sciar na mBallstát san acmhainn dhílis atá bunaithe ar thrádáil iomlán astaíochtaí a chur i gcomparáid le sciar na mBallstát sin in ollioncam náisiúnta an Aontais. Ba cheart ranníocaíocht íosta a leagan síos le haghaidh na mBallstát uile ar lú a sciar de mhéid iomlán na n-acmhainní dílse bunaithe ar CTA ná 75 % dá sciar d’ollioncam náisiúnta an Aontais.
(5) Chun tionchar ró-chúlchéimnitheach ar na ranníocaíochtaí ón trádáil astaíochtaí a sheachaint, ba cheart ranníocaíocht uasta a leagan síos le haghaidh na mBallstát incháilithe go dtí 2030. Le haghaidh na tréimhse 2023 go 2027, tá na Ballstáit incháilithe má tá an t-ollioncam náisiúnta per capita, arna thomhas i gcaighdeán cumhachta ceannaigh agus arna ríomh ar bhonn fhigiúirí an Aontais le haghaidh 2020, má tá an t-ollioncam náisiúnta per capita sin faoi bhun 90 % den mheán san Aontas. Le haghaidh na tréimhse 2028 go 2030, ba cheart an t-ollioncam náisiúnta per capita in 2025 a úsáid. Ba cheart an ranníocaíocht uasta a leagan síos trí sciar na mBallstát san acmhainn dhílis atá bunaithe ar thrádáil iomlán astaíochtaí a chur i gcomparáid le sciar na mBallstát sin in ollioncam náisiúnta an Aontais. Ba cheart ranníocaíocht íosta a leagan síos le haghaidh na mBallstát uile ar lú a sciar de mhéid iomlán na n-acmhainní dílse bunaithe ar CTA ná 75 % dá sciar d’ollioncam náisiúnta an Aontais.
Leasú 5 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 7
(7) I mí Dheireadh Fómhair 2021, le Creat Cuimsitheach na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta agus G20 um Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis, thángthas ar chomhaontú maidir le 25 % de bhrabúis iarmharacha na bhfiontar mór ilnáisiúnta os cionn na tairsí brabúsachta de 10 % a leithdháileadh ar na dlínsí margaidh rannpháirteacha (‘Comhaontú Cholún 1 faoi Chreat Cuimsitheach ECFE/G20’). Is é ba cheart a bheith san acmhainn dhílis glaoráta aonfhoirmeach a chur i bhfeidhm maidir leis an sciar de bhrabúis iarmharacha na bhfiontar ilnáisiúnta a athdháiltear ar na Ballstáit [de bhun na Treorach maidir le cur chun feidhme an chomhaontaithe dhomhanda maidir le cearta chun cánachais a athdháileadh.]
(7) I mí Dheireadh Fómhair 2021, le Creat Cuimsitheach na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta agus G20 um Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis, thángthas ar chomhaontú maidir le 25 % de bhrabúis iarmharacha na bhfiontar mór ilnáisiúnta os cionn na tairsí brabúsachta de 10 % a leithdháileadh ar na dlínsí margaidh rannpháirteacha (‘Comhaontú Cholún 1 faoi Chreat Cuimsitheach ECFE/G20’). Is é ba cheart a bheith san acmhainn dhílis glaoráta aonfhoirmeach a chur i bhfeidhm maidir leis an sciar de bhrabúis iarmharacha na bhfiontar ilnáisiúnta a athdháiltear ar na Ballstáit [de bhun na Treorach maidir le cur chun feidhme an chomhaontaithe dhomhanda maidir le cearta chun cánachais a athdháileadh, a luaithe agus a ghlacfar í].
Leasú 6 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 7 a (nua)
(7a) Tá sé d’aidhm ag ECFE go dtiocfaidh an Coinbhinsiún Iltaobhach lena gcuirtear chun feidhme Comhaontú Cholún 1 faoi Chreat Cuimsitheach ECFE/G20 i bhfeidhm in 2024. Mar sin féin, ós rud é nach ráthaítear go fóill é go ndéanfaidh tríú tíortha tábhachtacha áirithe Comhaontú Cholún 1 faoi Chreat Cuimsitheach ECFE/G20 a chur chun feidhme go rathúil ar an leibhéal idirnáisiúnta, is gá don Choimisiún agus do na Ballstáit athmheasúnú rialta a dhéanamh ar an gcás. I gcás ina mbeidh easpa shoiléir dul chun cinn faoi dheireadh 2023, ba cheart don Choimisiún togra reachtach a thíolacadh do thobhach digiteach nó beart comhchosúil. Ba cheart tobhach digiteach den sórt sin nó na fáltais a eascraíonn as beart comhchosúil a mheas ansin mar acmhainn dhílis de chuid an Aontais chun ioncaim a ghiniúint faoi 2026.
Leasú 7 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 8 a (nua)
(8a) Meastar go mbeidh ioncam do bhuiséad an Aontais ar bhonn na dtograí ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme Chomhaontú Cholún 1 faoi Chreat Cuimsitheach ECFE/G20 idir EUR 2.5 billiún agus EUR 4 bhilliún in aghaidh na bliana.
Leasú 8 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 8 b (nua)
(8b) Tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, tá gá le haontoilíocht sa Chomhairle chun an Cinneadh seo a ghlacadh. Ba cheart go dtiocfadh an Cinneadh seo i bhfeidhm tar éis do na Ballstáit na nósanna imeachta a chomhlánú lena fhormheas i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.
Leasú 9 Togra le haghaidh cinnidh Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 – pointe b Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 Airteagal 2 – mír 1 – pointe f
‘(f) glaoráta aonfhoirmeach a chur i bhfeidhm atá cothrom le 75 % de na hioncaim ó dhíolacháin dheimhnithe an tsásra um choigeartú carbóin ar theorainneacha a bhunaítear le Rialachán (AE) [XXX] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle18 .
‘(f) glaoráta aonfhoirmeach a chur i bhfeidhm atá cothrom le 100 % de na hioncaim ó dhíolacháin dheimhnithe an tsásra um choigeartú carbóin ar theorainneacha a bhunaítear le Rialachán (AE) [XXX] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle18.
_________________
_________________
18 Rialachán (AE) [XXX] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an sásra um choigeartú carbóin ar theorainneacha.
18 Rialachán (AE) [XXX] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an sásra um choigeartú carbóin ar theorainneacha.
Leasú 10 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 2 a (nua)
Airteagal 2a Athbhreithniú I gcás nach mbeidh próiseas le haghaidh dhaingnú Chomhaontú Cholún 1 faoi Chreat Cuimsitheach ECFE/G20 tosaithe i dtairseach chriticiúil tíortha mar a shainítear sa Choinbhinsiún Iltaobhach, molfaidh an Coimisiún acmhainn dhílis nua a bhaineann leis an margadh aonair, amhail tobhach digiteach nó beart comhchosúil, chun ioncaim a ghiniúint faoi 2026.
Moladh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Samhain 2022 chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir le straitéis nua AE don mhéadú (2022/2064(INI))
– ag féachaint d’Airteagal 49 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE),
– ag féachaint do chonclúidí ón uachtaránacht ó chruinniú na Comhairle Eorpaí a tionóladh i gCóbanhávan an 21 agus an 22 Meitheamh 1993, ar a dtugtar freisin Critéir Chóbanhávan,
– ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Gnóthaí Ginearálta an 29 agus 30 Aibreán 1997 maidir le cur i bhfeidhm na coinníollachta d’fhonn forbairt a dhéanamh ar straitéis chomhleanúnach de chuid an Aontais don chaidreamh le tíortha i réigiún na mBalcán Thiar,
– ag féachaint don dearbhú a glacadh ag Cruinniú Mullaigh AE-na mBalcán Thiar a reáchtáladh in Thessaloniki an 21 Meitheamh 2003, maidir leis an ionchas i dtaobh thíortha na mBalcán Thiar a dhul isteach san Aontas Eorpach,
– ag féachaint do Phróiseas Bheirlín, a seoladh an 28 Lúnasa 2014,
– ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir leis an ábhar, go háirithe rún an 24 Deireadh Fómhair 2019 maidir le tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an Macadóin Thuaidh agus leis an Albáin(1), don mholadh uaithi an 19 Meitheamh 2020 chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir leis na Balcáin Thiar, tar éis chruinniú mullaigh 2020(2), do na rúin uaithi maidir le tuarascálacha 2021 ón gCoimisiún maidir le tíortha an mhéadaithe, agus don rún uaithi an 23 Meitheamh 2022 maidir le stádas mar iarrthóir na hÚcráine, Phoblacht na Moldóive agus na Seoirse(3),
– ag féachaint do Straitéis Dhomhanda AE 2016, lena sonraítear gurb ionann beartas inchreidte um méadú agus infheistíocht straitéiseach i slándáil agus rathúnas na hEorpa, agus go bhfuil rannchuidiú mór i leith na síochána déanta cheana ag an straitéis i réigiúin a bhí léirscriosta ag an gcogaíocht roimhe seo,
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Feabhra 2018 dar teideal ‘A credible enlargement perspective for and enhanced EU engagement with the Western Balkans’ [Peirspictíocht inchreidte faoi mhéadú le haghaidh na mBalcán Thiar agus rannpháirtíocht fheabhsaithe ón Aontas leis na Balcáin Thiar] (COM(2018)0065),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Feabhra 2020 dar teideal ‘Enhancing the accession process – A credible EU perspective for the Western Balkans’ [An próiseas aontachais a fheabhsú – Peirspictíocht inchreidte AE do na Balcáin Thiar] (COM(2020)0057),
– ag féachaint do chruinnithe mullaigh AE-na Balcáin Thiar a tionóladh i Sóifia agus Ságrab an 17 Bealtaine 2018 agus an 6 Bealtaine 2020, agus dá ndearbhuithe faoi seach,
– ag féachaint do Dhearbhú Brdo, a glacadh ag Cruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus na Balcáin Thiar an 6 Deireadh Fómhair 2021,
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 24 agus an 25 Márta 2022,
– ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 30 Bealtaine 2022 maidir leis an Úcráin, le Poblacht na Moldóive agus leis an tSeoirsia,
– ag féachaint do na hiarratais ar bhallraíocht AE a chuir an Úcráin, an Mholdóiv agus an tSeoirsia isteach agus do na tuairimí fabhracha gaolmhara ón gCoimisiún agus do na conclúidí ón gComhairle Eorpach, eadhon iad siúd an 23 agus an 24 Meitheamh 2022 maidir leis an Eoraip i gcoitinne, an Úcráin, iarratais ar bhallraíocht na hÚcráine, Phoblacht na Moldóive agus na Seoirsia, na Balcáin Thiar, saincheisteanna eacnamaíocha, an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa agus an caidreamh seachtrach, lenar tugadh stádas mar thír is iarrthóir don Úcráin agus do Phoblacht na Moldóive agus lenar cuireadh in iúl go rabhthas réidh chun an rud céanna a dhéanamh don tSeoirsia,
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 26 Meitheamh 2018, an 18 Meitheamh 2019, an 25 Márta 2020 agus an 14 Nollaig 2021 maidir leis an méadú agus maidir leis an bpróiseas cobhsaíochta agus comhlachais, do chonclúidí ón gComhairle an 15 Iúil 2019 agus an 14 Deireadh Fómhair 2019 maidir le gníomhaíochtaí druileála neamhdhleathacha Türkiye sa Mheánmhuir Thoir, do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 12 Nollaig 2019, an 1 agus an 2 Deireadh Fómhair 2020 agus an 15 agus an 16 Deireadh Fómhair 2020, do ráiteas ó airí gnóthaí eachtracha an Aontais an 15 Bealtaine 2020 agus do phríomhthorthaí fhíschomhdháil na n-airí dar dáta an 14 Lúnasa 2020 maidir leis an staid sa Mheánmhuir Thoir, agus do thoradh chruinniú neamhfhoirmiúil airí gnóthaí eachtracha an Aontais in Gymnich an 27 agus an 28 Lúnasa 2020,
– ag féachaint don Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile(4), lena n-áirítear Limistéar Domhain agus Cuimsitheach Saorthrádála, a tháinig an bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2017, agus don Chlár Oibre Comhlachais a ghabhann leis,
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III)(5),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal ‘An Economic and Investment Plan for the Western Balkans’ [Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar] (COM(2020)0641),
– ag féachaint do thuarascáil speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa 01/2022 an 10 Eanáir 2022 dar teideal EU support for the rule of law in the Western Balkans: despite efforts, fundamental problems persist [Tacaíocht AE don smacht reachta sna Balcáin Thiar: in ainneoin na n-iarrachtaí atá déanta, tá fadhbanna bunúsacha fós ann],
– ag féachaint do thuarascáil speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa 09/2021 an 3 Meitheamh 2021 dar teideal ‘Disinformation affecting the EU: tackled but not tamed’ [Bréagaisnéis lena ndéantar difear don Aontas: tugadh fúithi ach ní bhfuarthas smacht uirthi fós],
– ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Deireadh Fómhair 2021 dar teideal ‘2021 Communication on EU Enlargement Policy’ [Teachtaireacht 2021 maidir le Beartas AE um Méadú] COM(2021)0644,
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 13 Iúil 2020 dar teideal ‘Promoting values and rules-based pan-European cooperation and supporting a reinvigorated Council of Europe’ [Luacha agus comhar uile-Eorpach atá bunaithe ar rialacha a chur chun cinn agus tacú le Comhairle na hEorpa a athbheochan],
– ag féachaint don Chompás Straitéiseach don tSlándáil agus don Chosaint a d’fhormheas an Chomhairle go foirmiúil an 21 Márta 2022,
– ag féachaint don chomhaontú polaitiúil an 12 Meitheamh 2022 maidir le prionsabail chun a áirithiú go mbeidh an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin feidhmiúil agus go rachaidh sí chun cinn ar an gconair Eorpach,
– ag féachaint do rún uaithi an 17 Feabhra 2022 maidir le cur chun feidhme an chomhbheartais eachtraigh agus slándála – tuarascáil bhliantúil 2021(6),
– ag féachaint do rún uaithi an 9 Meitheamh 2022 maidir leis an iarraidh ar Choinbhinsiún chun athbhreithniú a dhéanamh ar na Conarthaí(7),
– ag féachaint do mholadh uaithi an 8 Meitheamh 2022 chuig an gComhairle agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir le Beartas Eachtrach, Slándála agus Cosanta AE tar éis chogadh ionsaithe na Rúise i gcoinne na hÚcráine(8),
– ag féachaint do Riail 118 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0251/2022),
A. de bhrí gurb é an méadú an ionstraim beartais eachtraigh is éifeachtaí de chuid an Aontais agus go bhfuil sé ar cheann de na beartais is rathúla de chuid an Aontais, agus gur infheistíocht straitéiseach, dírithe ar an todhchaí gheopholaitiúil, é i síocháin, slándáil, cobhsaíocht agus rathúnas ar mhór-roinn na hEorpa; de bhrí, i bhfianaise bhagairt mhéadaitheach na Rúise ar shíocháin agus ar chobhsaíocht na hEorpa, go bhfuil beartas feabhsaithe um méadú fós ar an uirlis gheopholaitiúil is láidre atá ar fáil don Aontas;
B. de bhrí gur próiseas é an méadú a théann chun tairbhe do chách agus gur ionstraim an-éifeachtach agus rathúil é chun borradh a chur faoi na hathchóirithe riachtanacha laistigh den Aontas agus i dtíortha is iarrthóirí araon, lena gcabhraítear le claochlú daonlathach a spreagadh; de bhrí gur laghdaíodh a éifeachtacht thar na blianta mar gheall ar mhainneachtain an Aontais a ghealltanais féin a chomhlíonadh;
C. de bhrí nár cheart breathnú ar an mbeartas um méadú mar phróiseas polaitiúil, riaracháin nó teicneolaíoch amháin, ach gur cheart dó a bheith níos dinimiciúla agus níos dírithe ar fhor-rochtain, ós rud é gurb é atá i gceist le caibidlíocht aontachais luachanna agus beartais an Aontais a aistriú agus a threisiú de réir a chéile i dtíortha is iarrthóirí;
D. de bhrí go bhfuil an tAontas tiomanta do thacaíocht a thabhairt do thíortha is iarrthóirí agus do thíortha a d’fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas agus a bhfuil luachanna coiteanna AE acu; de bhrí gurb é an tAontas i gcónaí an comhpháirtí trádála is mó atá acu agus an soláthraí is mó infheistíochta agus cúnaimh airgeadais trí IPA III, tríd an bPlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar, tríd an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI) — an Eoraip Dhomhanda, agus trí chúnamh macra-airgeadais;
E. de bhrí gur cheart don Aontas machnamh cuimsitheach a dhéanamh ar inchreidteacht agus éifeachtacht a bheartais um méadú, agus é féin á athchóiriú agus á neartú aige, go háirithe feidhmiú a chuid institiúidí, a bheartais agus a nósanna imeachta vótála;
F. de bhrí go bhfuil géarghá le spreagadh, tiomantas polaitiúil agus fís nua, atá sainithe go soiléir agus dírithe go straitéiseach, go polaitiúil agus go geopholaitiúil chun an status quo a shárú, chun aghaidh a thabhairt ar an easpa tola polaitiúla atá ag an Aontas le deich mbliana anuas agus chun borradh a chur faoin bpróiseas um méadú laistigh den Aontas agus sna tíortha is iarrthóirí go háirithe, agus a leanúnachas, a chomhsheasmhacht, a inchreidteacht agus a thionchar á n-áirithiú ag an am céanna, ag baint amach torthaí nithiúla sna tíortha atá mar chuid de phróiseas an mhéadaithe trí athchóirithe nithiúla a chur chun feidhme agus tagarmharcanna mhodheolaíocht nua an mhéadaithe a bhaint amach;
G. de bhrí go bhfuil Parlaimint na hEorpa fós ina comhpháirtí iontaofa do thíortha aontachais agus go dtacaíonn sí le próiseas an mhéadaithe, lena gcumasaítear athchóirithe institiúideacha agus socheacnamaíocha ar mhaithe leis na saoránaigh;
H. de bhrí, mar gheall ar bhacainní inmheánacha le blianta beaga anuas, gur lig an Chomhairle síos tíortha an mhéadaithe tríd an bpróiseas aontachais a bhlocáil agus gan gealltanais sheanbhunaithe an Aontais a chomhlíonadh, rud a d’fhág go raibh moill ar thús na gcainteanna aontachais leis an Albáin agus leis an Macadóin Thuaidh, chomh maith le léirscaoileadh víosaí don Chosaiv, in ainneoin gur bhain siad amach na tagarmharcanna riachtanacha, mar a dheimhnigh an Coimisiún féin; de bhrí go bhfuil folús cruthaithe ag easpa rannpháirtíochta agus inchreidteachta an Aontais le blianta beaga anuas, rud a d’fhág spás don Rúis, don tSín agus do thríú gníomhaithe urchóideacha eile;
I. de bhrí go bhfuil dul chun cinn teoranta ann freisin mar gheall ar easpa fíorthola polaitiúla ó thaobh na gceannairí polaitiúla i dtíortha an mhéadaithe chun athchóirithe bunúsacha a chur chun cinn, ó tharla nach raibh na dearbhuithe a rinne siad i gcónaí i gcomhréir le leibhéal na n-athchóirithe i bpróiseas aontachais na dtíortha faoi seach;
J. de bhrí nach mór an beartas um méadú a thabhairt cothrom le dáta chun go mbeidh sé níos solúbtha, níos dinimiciúla agus níos tairbhí, trí aird a thabhairt ar na réaltachtaí polaitiúla agus ar an gcomhthéacs geopholaitiúil nua a cruthaíodh le cogadh ionsaithe na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus an próiseas aontachais bunaithe ar fhiúntas á choinneáil ar bun ag an am céanna; de bhrí, chun go mbeidh sé níos éifeachtaí, go gcaithfidh beartas um méadú an Aontais díriú go tréan ar na saincheisteanna bunúsacha – an smacht reachta, caighdeáin dhaonlathacha, athchóirithe eacnamaíocha, cearta agus saoirsí bunúsacha – agus na tíortha is iarrthóirí a chéimniú isteach de réir a chéile in earnálacha éagsúla de lánpháirtiú an Aontais, ag bogadh go feiceálach agus i gcónaí i dtreo ballraíocht iomlán chun an móiminteam don athchóiriú a choinneáil i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha;
K. de bhrí gur cheart straitéis nua um méadú an Aontais a bheith bunaithe go docht ar sheasamh le prionsabal gach tíre a bheith in ann a conair féin a roghnú gan bhac, agus na ceachtanna a foghlaimíodh sa phróiseas leanúnach le tíortha na mBalcán Thiar agus Chomhpháirtíocht an Oirthir á gcur san áireamh; de bhrí nár cheart cead a thabhairt do thríú páirtithe dúmhál ná bagairt a dhéanamh ar an Aontas trína mhaíomh go bhfuil méadú an Aontais spriocdhírithe ina gcoinne;
L. de bhrí go bhfuil dúshláin ann do thíortha aontachais an Aontais, ar dúshláin iad a eascraíonn as cur isteach eachtrach urchóideach agus as feachtais bhréagaisnéise; de bhrí gur léirigh forbairtí san am atá thart go mbaineann costas suntasach straitéiseach leis an neamh-mhéadú agus gur féidir leis an bonn a bhaint ón tslándáil agus ón gcobhsaíocht ar an mór-roinn seo againne;
M. de bhrí gur ardán iontaofa leanúnach í an chomhpháirtíocht thrasatlantach chun tacú le méadú an Aontais; de bhrí go bhfuil tábhacht na comhpháirtíochta sin dearbhaithe arís ag cogadh ionsaithe na Rúise i gcoinne na hÚcráine;
N. de bhrí gur spreag cogadh ionsaithe na Rúise i gcoinne na hÚcráine trí thír a bhfuil Comhaontuithe Comhlachais acu leis an Aontas – an Úcráin, an tSeoirsia agus an Mholdóiv – iarratais ar bhallraíocht a chur isteach, lena gcuirtear in iúl gur mian lena bpobail maireachtáil i dtíortha saora agus daonlathacha atá fréamhaithe go daingean sa teaghlach Eorpach; de bhrí, an 17 Meitheamh 2022, gur fhoilsigh an Coimisiún a thuairimí maidir le hiarratais ar bhallraíocht ón Úcráin, ó Phoblacht na Moldóive agus ón tSeoirsia, inar moladh don Chomhairle gur cheart an deis a thabhairt do na trí thír a bheith ina mbaill den Aontas Eorpach, chomh maith lena mholadh, go háirithe, go dtabharfaí stádas mar iarrthóir don Úcráin agus do Phoblacht na Moldóive, agus don tSeoirsia a luaithe a bheidh critéir áirithe comhlíonta ag an tír;
O. de bhrí gur dheonaigh an Chomhairle Eorpach stádas mar iarrthóir don Úcráin agus don Mholdóiv an 23 Meitheamh 2022, agus peirspictíocht Eorpach na Seoirsia á aithint aici ag an am céanna;
P. de bhrí gur limistéar d’iomaíocht straitéiseach agus gheopholaitiúil iad na Balcáin Thiar agus go bhfuil baol ann go ndíchobhsófar cuid dá dtíortha, rud a chuireann slándáil agus cobhsaíocht ár mór-roinne i mbaol; de bhrí go bhfuil tríú tíortha ag saothrú na leochaileachtaí sin, lena n-áirítear trí infheistíochtaí straitéiseacha agus feachtais bhréagaisnéise; de bhrí go bhfuil dlúthbhaint idir cobhsaíocht, slándáil agus athléimneacht dhaonlathach na dtíortha aontachais agus slándáil, cobhsaíocht agus athléimneacht dhaonlathach an Aontais;
Q. de bhrí gur chuir an Chomhairle Eorpach in iúl ina conclúidí an 23 agus an 24 Meitheamh 2022 go bhfuil sí tiomanta go huile agus go hiomlán do pheirspictíocht AE na mBalcán Thiar agus gur iarr sí go gcuirfí dlús leis an bpróiseas aontachais;
R. de bhrí gur leag an Chomhairle béim sa Chompás Straitéiseach don tSlándáil agus don Chosaint ar gur gá do thíortha na mBalcán Thiar leanúint de dhul chun cinn nithiúil a dhéanamh maidir leis an smacht reachta agus athchóirithe bunaithe ar luachanna, rialacha agus caighdeáin Eorpacha chun dul chun cinn a dhéanamh ar a gconair Eorpach;
S. de bhrí gur cheart plean gníomhaíochta nithiúil a bheith mar thaca leis an gcinneadh ón gComhairle, plean lena n-áirítear ní hamháin spriocanna le comhlíonadh, a bhfuiltear ag súil leo ó na tíortha is iarrthóirí, ach lena n-áirithítear freisin go mbeidh an tacaíocht uile is gá ag Poblacht na Moldóive agus ag an Úcráin le bheith ina mBallstáit de chuid an Aontais; de bhrí gur cheart, leis an bplean, go mbeadh treochlár soiléir ann don tSeoirsia ina mbeidh na ceanglais nithiúla is gá di a chomhlíonadh chun stádas mar iarrthóir a fháil agus ina mbeidh an pheirspictíocht maidir le dul isteach san Aontas;
T. de bhrí go bhfuil géarú déanta ag cogadh fuinnimh na Rúise agus ag scriosadh bhonneagar criticiúil na hÚcráine ar spleáchas agus leochaileachtaí na dtíortha is iarrthóirí, lena dtugtar chun suntais an deis agus an géarghá atá le tacaíocht airgeadais shuntasach láithreach ón Aontas, agus atá le hinfheistíochtaí in idirnascacht fhadtéarmach inbhuanaithe fuinnimh leis an Aontas, in éagsúlú fuinnimh agus neamhspleáchas straitéiseach;
U. de bhrí gur tír is iarrthóir ar aontachas AE í Türkiye; de bhrí go bhfuil Türkiye fós go mór i bhfad ó luachanna agus ó chreat normatach an Aontais, bearna atá ag leathnú i réimsí bunúsacha, amhail an urraim don dlí idirnáisiúnta, don smacht reachta, do chearta an duine, do shaoirsí aonair, do chearta sibhialta agus don tsaoirse tuairimí a nochtadh, chomh maith le dea-chaidreamh comharsanachta agus comhar réigiúnach;
V. de bhrí gur cheart gach tír de chuid an mhéadaithe a mheas ar a fiúntas féin agus gur cheart go mbeadh an dul chun cinn ar chonair an Aontais Eorpaigh ag brath ar dhul chun cinn marthanach agus do-aisiompaithe a dhéantar trí athchóirithe riachtanacha a bhaineann leis an Aontas, go háirithe i réimse an smachta reachta;
W. de bhrí nach mór aontachas leis an Aontas Eorpach a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 49 CAE, bunaithe ar urraim do na nósanna imeachta ábhartha agus faoi réir chomhlíonadh na gcritéar bunaithe;
X. de bhrí nach mór don Aontas a phrionsabail agus a luachanna a chosaint trí dhlúthpháirtíocht a léiriú leo siúd a sheasann d’idéil chomhroinnte;
Y. de bhrí nach bhfuil aon áit san Aontas, ná i dtíortha ar mian leo a bheith ina mBallstáit, don reitric ghríosaitheach, do shéanadh an chinedhíothaithe nó do ghlóiriú coirpeach cogaidh is cuma cibé taobh; de bhrí gurb é an teacht chun réitigh leis an am atá caite an t-aon bhealach amháin chun fíor-athmhuintearas a bhaint amach, rud atá ríthábhachtach do shochaithe rathúla agus do lánpháirtiú rathúil;
1. ag moladh an mhéid seo a leanas don Chomhairle, don Choimisiún agus do Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála:
An comhthéacs geopholaitiúil agus todhchaí agus comhtháthú an Aontais Eorpaigh
(a)
a aithint go bhfuil rathúnas agus slándáil an Aontais ag brath ar a chumas an tsíocháin, an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine lena n-áirítear cearta mionlaigh, saoirsí agus luachanna bunúsacha, agus an t-ord iltaobhach riailbhunaithe, lena n-áirítear ina gharchomharsanacht, a chosaint agus a chur chun cinn;
(b)
beartas méadaithe an Aontais a chur chun cinn mar an ionstraim aonair is éifeachtaí de chuid an Aontais chun síocháin, rathúnas agus bunluachanna a dhaingniú ar mhór-roinn na hEorpa;
(c)
ábharthacht agus inchreidteacht gheostraitéiseach agus gheopholaitiúil an Aontais a choinneáil trí fheabhas a chur ar chomhtháthú na mBallstát agus ar an gcomhar le comhpháirtithe atá ar aon intinn leis, go háirithe tíortha is iarrthóirí agus tíortha a d’fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí, i réimsí na gcomhbheartas eachtrach, slándála agus cosanta, agus trína phróisis chinnteoireachta a chuíchóiriú d’fhonn a bheith ina ghníomhaí domhanda níos inchreidte agus níos éifeachtúla, agus feidhmiú agus trédhearcacht a bheartas inmheánach á bhfeabhsú ag an am céanna, rud a fhágann gur fusa do thíortha is iarrthóirí iad a ghlacadh;
(d)
feabhas a chur ar chumas an Aontais gníomhú trí chinnteoireacht a athchóiriú, lena n-áirítear trí vótáil trí thromlach cáilithe a thabhairt isteach i réimsí atá ábhartha don phróiseas aontachais, agus trí fheidhmiú éifeachtach aontais mhéadaithe ina iomláine a áirithiú; deireadh a chur, go háirithe, leis an gceanglas maidir le haontoilíocht agus cinneadh á dhéanamh maidir le tús a chur leis an bpróiseas caibidlíochta chomh maith le braislí agus caibidlí caibidlíochta aonair a oscailt agus a dhúnadh;
(e)
aitheantas a thabhairt do chumhacht chlaochlaitheach an Aontais le linn phróiseas na lánpháirtíochta agus le linn na mbabhtaí rathúla a bhí ann roimhe seo de mhéadú an Aontais; torthaí dearfacha a bhaint amach do thíortha iarrthacha na mBalcán Thiar faoin bpróiseas cobhsaíochta agus comhlachais agus do thíortha iarrthacha Chomhpháirtíocht an Oirthir faoin bpróiseas comhlachais;
(f)
a aithint gur gá don Aontas feabhas a chur ar éifeachtacht a bheartais um méadú, a straitéis um méadú a uasghrádú agus measúnú agus athbhreithniú críochnúil criticiúil a dhéanamh ar chumas agus ar dhearcthaí méadaithe an Aontais, agus é a fheabhsú trí straitéis nua an Aontais don mhéadú, lena n-áirítear trí chuspóirí beartais atá soiléir agus trédhearcach a shainiú agus trí na hathchóirithe institiúideacha riachtanacha tráthúla a chur chun feidhme, agus é á dheimhniú ag an am céanna nach féidir aontachas iomlán leis an Aontas a ionadú agus go spreagfaidh próiseas an mhéadaithe athchóirithe AE a bhfuiltear ag súil go mór leo;
(g)
bailíocht chritéir Chóbanhávan agus ábharthacht chumas lánpháirtíochta an Aontais a athdhearbhú; páirt a thabhairt do na tíortha is iarrthóirí sa phlé maidir le hathchóirithe an Aontais Eorpaigh; leanúint de chruinnithe mullaigh rialta le tíortha na mBalcán Thiar agus le tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir chun úinéireacht pholaitiúil a neartú agus chun próiseas an mhéadaithe a stiúradh ar bhealach níos fearr; beart a dhéanamh maidir le rún an Choimisiúin tús a chur leis na hullmhúcháin is gá chun coinbhinsiún Eorpach a sheoladh agus aitheantas a thabhairt don tábhacht a bhaineann lena rath chun méadú an Aontais a bhaint amach go héifeachtach;
(h)
a áirithiú go leanfaidh an tAontas de bheith ina chomhphobal de stáit Eorpacha atá ag forbairt de réir a chéile agus atá oscailte d’aontachas daonlathais atá ar aon intinn leo, ar comhphobal é a roinneann agus a chosnaíon go hiomlán luachanna, prionsabail agus leasanna coiteanna agus a urramaíonn Conarthaí an Aontais Eorpaigh;
(i)
tiomantas na mBallstát a neartú i leith an mhéadaithe trí thiomantas an Aontais i leith thíortha na mBalcán Thiar agus thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir a chomhlíonadh; méadú an Aontais a dhéanamh mar phróiseas polaitiúil atá bunaithe ar fhiúntas; a dtoil pholaitiúil neamhshrianta a athdhearbhú maidir le dul chun cinn tuilleadh leis an bpróiseas aontachais do thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir agus a dtiomantas seanbhunaithe do thíortha na mBalcán Thiar a choinneáil, a théann siar go dtí Cruinniú Mullaigh Thessaloniki 2003 agus cruinniú mullaigh Chóbanhávan 1993; a áirithiú nach mbeidh aon roghanna malartacha ann a thiocfadh in ionad an mhéadaithe;
(j)
rannpháirtíocht ghníomhach na mBallstát i bpróiseas an mhéadaithe a spreagadh chun a áirithiú go mbainfear amach a chuspóirí trína mhodheolaíocht nua, lena gcomhcheanglaítear coinníollacht agus ionstraimí tacaíochta teicniúla agus airgeadais do na tíortha is iarrthóirí; dlús a chur le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta agus na n-údarás áitiúil agus réigiúnach i mBallstáit an Aontais agus i dtíortha is iarrthóirí araon sa phróiseas aontachais;
(k)
gan úsáid a bhaint as díospóidí déthaobhacha agus réigiúnacha nach bhfuil réitithe chun bac a chur ar phróisis aontachais na dtíortha is iarrthóirí agus sásra oifigiúil a ghlacadh chun na díospóidí sin a réiteach agus a eadránú chun tacú lena réiteach ar leithligh ón aontachas leis an Aontas, toisc gur féidir leo bac a chur ar chur chun feidhme bheartais Eorpacha agus tionchar réigiúnach agus domhanda an Aontais a lagú;
(l)
a aithint go bhfuil an úsáid a bhaineann na Ballstáit as saincheisteanna déthaobhacha ar mhaithe leo féin contrártha le spiorad Chonarthaí an Aontais Eorpaigh; obair a dhéanamh chun comhar réigiúnach agus cur chun cinn luachanna Eorpacha a bhaint amach;
(m)
cumarsáid straitéiseach a neartú agus faisnéis ábhartha a sholáthar maidir leis na tairbhí frithpháirteacha agus na deiseanna frithpháirteacha a bhaineann leis an méadú sna tíortha aontachais agus sna Ballstáit araon chun an tacaíocht a thugtar don phróiseas aontachais a mhéadú tuilleadh agus an tuiscint atá air a fheabhsú, go háirithe lasmuigh de na príomhchathracha, agus béim ar leith á leagan ar an daonlathas, ar an smacht reachta agus ar leas na saoránach; feabhas a chur ar infheictheacht chistiú an Aontais agus ar thorthaí nithiúla an chistithe sin i dtíortha an mhéadaithe;
(n)
oibriú go straitéiseach agus go réamhghníomhach chun bagairtí hibrideacha a chomhrac agus chun cur isteach tríú páirtí ar phróisis pholaitiúla, toghcháin agus dhaonlathacha eile na dtíortha aontachais a chosc, go háirithe gníomhartha mailíseacha arb é is aidhm dóibh tuairimí an phobail a chúbláil agus an bonn a bhaint de lánpháirtiú na hEorpa; cur leis an teacht aniar i gcoinne na bréagaisnéise agus feachtais shuaiteacha atá ceaptha an bonn a bhaint de phróisis dhaonlathacha agus deighiltí a chruthú, agus tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha a spreagadh chun bearta cinntitheacha a dhéanamh chun dul i ngleic le bréagaisnéis ionramhálach, bolscaireacht mhailíseach agus bagairtí hibrideacha eile;
An próiseas aontachais
(o)
bac sháinn an mhéadaithe a shárú trí athchóiriú a dhéanamh ar an bpróiseas aontachais chun aidhmeanna polaitiúla agus socheacnamaíocha a shainiú go soiléir, agus leas iomlán á bhaint as modheolaíocht nua an mhéadaithe chun a inchreidteacht, a intuarthacht agus a dinimiceas a mhéadú; machnamh a dhéanamh ar phríomh-idirbheartaithe an Aontais a cheapadh chun caibidlíocht a dhéanamh faoi shainordú leathan caibidlíochta, a bheadh cuntasach do Pharlaimint na hEorpa freisin;
(p)
dlús a chur le lánpháirtiú tíortha a léiríonn treoshuíomh straitéiseach agus tiomantas daingean d’athchóirithe a bhaineann leis an Aontas, don chomhdhlúthú daonlathach, do bhunluachanna agus d’ailíniú beartas eachtrach, lena n-áirítear smachtbhannaí;
(q)
a áirithiú go ndéanfar dul chun cinn gach tíre maidir le conair an aontachais a mheasúnú ar a fhiúntas féin agus ar a mhéid atá athchóirithe bunúsacha agus acquis an Aontais Eorpaigh glactha agus curtha chun feidhme ag an tír sin; an próiseas aontachais a athdhíriú ar shaoránaigh;
(r)
treochláir atá dírithe ar bhallraíocht a thairiscint do gach tír aontachais ar leith le céimeanna nithiúla mar aon le haiseolas rialta ar na torthaí a baineadh amach trí mhodheolaíocht an mhéadaithe a fheabhsú tuilleadh; modheolaíocht nua an Choimisiúin a dhaingniú mar choigeartú beartais fadtéarmach;
(s)
tagarmharcanna feidhmíochta soiléire, trédhearcacha agus comhsheasmhacha, lena n-áirítear amlínte, a chur i bhfeidhm, feabhas a chur ar thomhas an dul chun cinn agus tacaíocht chomhsheasmhach agus leanúnach pholaitiúil agus theicniúil a áirithiú ar fud an phróisis aontachais bunaithe ar fheidhmíocht aonair; cáilíocht, inléiteacht agus inrochtaineacht thuarascálacha an Choimisiúin a fheabhsú, go háirithe maidir leis an smacht reachta; tuairisciú rialta a sholáthar maidir leis an easpa dul chun cinn nó maidir le cúlú, ar bhealach córasach agus trédhearcach, lena n-áirítear coinníollacha soiléire don mheasúnú agus táscairí chun aon mharbhántacht nó cúlú tromchúiseach nó fada a thomhas; spriocdhátaí soiléire a bhunú chun an chaibidlíocht leis na tíortha aontachais a thabhairt chun críche faoi dheireadh na ndeich mbliana reatha ar a dhéanaí;
(t)
dlús a chur le dreasachtaí polaitiúla, eacnamaíocha agus teicniúla do thíortha aontachais, lena n-áiritheofar nach ndéanfaidh céimeanna idirmheánacha lánpháirtíochta ionadú ar an sprioc dheiridh a bhaineann le ballraíocht leis an Aontas Eorpach ach go n-éascófar an sprioc dheiridh sin;
(u)
dul chun cinn inbhuanaithe a chúiteamh le tíortha is iarrthóirí trí chéimniú isteach níos leithne i mbeartais, tionscnaimh agus an margadh aonair faoi seach de chuid an Aontais, lena n-áirítear rochtain ar chistí an Aontais sna réimsí faoi seach, rud a chuirfidh ar chumas na saoránach tairbhe a bhaint as an aontachas le linn an phróisis agus ní hamháin nuair a bheidh sé curtha i gcrích; obair a dhéanamh chun na bearnaí forbartha idir na Ballstáit agus na tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas a laghdú;
(v)
a áirithiú go mbeidh comhtháthú laistigh de mhargadh aonair an Aontais agus i réimsí eile bunaithe ar choinníollacht dhocht agus ar dhul chun cinn nithiúil maidir le hathchóirithe, agus smachtbhannaí á gcur, i bhfíor-am, i gcás aon chúlú nó moill gan údar sa phróiseas athchóirithe, go háirithe i réimsí an daonlathais, shaoirse na meán, an chomhraic i gcoinne an éillithe, chearta an duine agus an smachta reachta;
(w)
cur leis na deiseanna atá ag tíortha is iarrthóirí páirt a ghlacadh in obair institiúidí an Aontais agus breathnú ar an obair sin;
(x)
idirphlé polaitiúil struchtúrtha feabhsaithe a bhunú le tíortha comhlachaithe, tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha, lena n-áirítear cruinnithe na gceannairí ar imeall na Comhairle Eorpaí; comhar earnálach a oscailt le tíortha aontachais agus dlús a chur le malartuithe maidir le dea-chleachtais chun tuilleadh comhtháthaithe eacnamaíoch agus comhchuibhithe reachtaigh a chur chun cinn agus chun comhtháthú de réir a chéile a éascú;
(y)
aitheantas a thabhairt don ról atá ag comhlachtaí agus fóraim idir-rialtasacha atá ann cheana amhail an Tionscnamh Aidriadach Iónach, an Tionscnamh na hEorpa Láir agus Próiseas Bheirlín, agus sineirgí a chur chun cinn eatarthu chun na naisc iltaobhacha idir na Balcáin Thiar agus na Ballstáit a mhéadú mar bhealach chun an lánpháirtiú a chur chun cinn;
(z)
tacú leis an tús a cuireadh leis na cainteanna aontachais, a rabhthas ag súil leo le fada an lá, ag na chéad chomhdhálacha idir-rialtasacha le Poblachtaí na hAlbáine agus na Macadóine Thuaidh a tionóladh an 19 Iúil 2022; an méid atá bainte amach ag tíortha na mBalcán Thiar a aithint go tráthúil, lena n-áirítear trí léirscaoileadh víosaí a dheonú don Chosaiv gan mhoill;
(aa)
an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin a spreagadh agus tacú léi chun a creat reachtach agus institiúideach a fheabhsú chun dul chun cinn fóinteach a áirithiú maidir le haghaidh a thabhairt ar na 14 phríomhthosaíocht, mar a athdhearbhaíodh sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 23 agus an 24 Meitheamh 2022; sa chomhthéacs sin, is díol sásaimh do Pharlaimint na hEorpa an moladh ón gCoimisiún ina bhfuil coinníollacha maidir le stádas mar thír is iarrthóir a thabhairt don Bhoisnia agus an Heirseagaivéin mar theachtaireacht shoiléir tacaíochta agus mar thiomantas aonchiallach dá peirspictíocht Eorpach chomh maith le céim i dtreo chobhsú na tíre agus an réigiúin, agus á iarraidh ar an gComhairle Eorpach obair leantach a dhéanamh ar an moladh a luaithe is féidir;
(ab)
á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le dul chun cinn soiléir a dhéanamh maidir le príomh-athchóirithe a chur chun feidhme d’fhonn stádas tíre is iarrthóir a dheonú;
(ac)
leanúint de spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do dhlús a chur le haontachas Mhontainéagró, mar cheannródaí i bpróiseas aontachais an Aontais; cúnamh a thabhairt don tír na coinníollacha uile is gá a chomhlíonadh, lena n-áirítear trí thagarmharcanna deiridh a shocrú le haghaidh caibidlí caibidlíochta; a iarraidh go n-urramófar féiniúlacht il-eitneach na tíre; sa chomhthéacs seo, cuireann Parlaimint na hEorpa in iúl gur cúis bhuartha di an ghéarchéim pholaitiúil leanúnach i Montainéagró, a raibh iarmhairtí diúltacha aici cheana féin agus a bhfuil iarmhairtí diúltacha aici i gcónaí do chonair aontachais na tíre le AE; á mheabhrú nach mór gach gníomhaíocht reachtach a ailíniú le bunreacht na tíre, ós rud é go bhfuil an smacht reachta ar cheann de luachanna agus de phrionsabail bhunúsacha na hEorpa;
(ad)
tacú le cinneadh fíorghasta na Comhairle Eorpaí maidir le hiarratais ar bhallraíocht AE ón Úcráin, ó Phoblacht na Moldóive agus ón tSeoirsia agus leanúint de thacaíocht pholaitiúil agus theicniúil a chur ar fáil dóibh i gcomhthéacs chogadh ionsaithe na Rúise i gcoinne na hÚcráine; iarraidh ar údaráis na dtrí thír a dtiomantas polaitiúil a léiriú go soiléir maidir le mianta Eorpacha a bpobal a bhaint amach trí dhul chun cinn suntasach a dhéanamh maidir le hathchóirithe suntasacha, go háirithe na tosaíochtaí a leagtar amach i dtuairimí an Choimisiúin an 17 Meitheamh 2022, chun na critéir maidir le ballraíocht AE a chomhlíonadh go héifeachtach a luaithe is féidir; tréimhse mhachnaimh a sheoladh maidir le conas feabhas a chur ar éifeachtacht an chúnaimh airgeadais agus theicniúil a bhaineann le haontachas i gcomhréir leis na tosaíochtaí athchóirithe sonraithe;
(ae)
tacú le cur chun feidhme leanúnach agus éifeachtach na gComhaontuithe Comhlachais agus na Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála leis an Úcráin, le Poblacht na Moldóive agus leis an tSeoirsia; athbhreithniú a dhéanamh ar straitéis Chomhpháirtíocht an Oirthir de chuid an Aontais agus comhar réigiúnach a fheabhsú;
(af)
cúnamh a thabhairt don Úcráin agus do Phoblacht na Moldóive chun cabhrú leo na coinníollacha a leag an Coimisiún síos le haghaidh céimeanna breise i dtreo ballraíocht AE a chomhlíonadh, agus cabhrú leis an tSeoirsia na céimeanna is gá a thabhairt i gcrích chun stádas mar iarrthóir a fháil; díriú go háirithe ar neamhspleáchas na mbreithiúna, ar an gcomhrac i gcoinne an éillithe, ar fhormhaoirseacht dhaonlathach, ar chearta an duine agus ar an dí-olagarcú; trasdul na dtíortha sin ó Chomhpháirtíocht an Oirthir chuig an gcreat um méadú a éascú, lena n-áirítear an t-aistriú ó ionstraim NDICI — an Eoraip Dhomhanda chuig an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA); buiséad foriomlán IPA III a mhéadú go leordhóthanach chun cistiú a choinneáil do thairbhithe reatha IPA III;
(ag)
dlús a chur le rannpháirtíocht chuiditheach an Aontais le húdaráis na Seirbia agus na Cosaive araon chun comhaontú cuimsitheach um normalú atá ceangailteach ó thaobh dlí a bhaint amach, comhaontú a bheidh bunaithe ar aitheantas frithpháirteach idir an dá thír faoi chuimsiú an Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine, rud atá ríthábhachtach don dá thír chun dul chun cinn a dhéanamh ar a gconairí Eorpacha faoi seach agus lena rannchuideofar leis an gcobhsaíocht réigiúnach, leis an rathúnas agus le normalú an chaidrimh; a athdhearhbú a ríthábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna uile atá fós gan réiteach tríd an Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine go pras, go trédhearcach agus de mheon macánta;
(ah)
tús áite a thabhairt d’ailíniú na dtíortha aontachais le comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais agus gan caibidlíocht aontachais leis an tSeirbia a chur chun cinn ach amháin má ailíníonn an tír le smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na Rúise agus má dhéanann sí dul chun cinn suntasach maidir leis na hathchóirithe a bhaineann le AE; a iarraidh ar an tSeirbia ailíniú córasach a dhéanamh le bearta sriantacha agus le beartas ginearálta an Aontais i leith na Rúise, dul chun cinn sa daonlathas agus sa smacht reachta a léiriú agus glacadh le luachanna agus tosaíochtaí an Aontais; athmhachnamh a dhéanamh ar aon chiste déthaobhach agus aon chiste de chuid an Aontais don tSeirbia a d’fhéadfadh dul chun tairbhe d’údaráis na Seirbia, go háirithe maidir le haon tionscadal a mhaoinítear faoin bPlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar, chun a áirithiú go mbeidh caiteachas uile an Aontais i gcomhréir go hiomlán le spriocanna agus leasanna straitéiseacha an Aontais;
(ai)
próiseas na caibidlíochta aontachais le Türkiye a choinneáil reoite, i gcomhréir leis an gcreat caibidlíochta, go dtí go mbeidh an tír rannpháirteach i ndáiríre leis an Aontas agus go léireoidh sí go bhfuil dul chun cinn soiléir agus suntasach déanta i réimse na saoirsí bunúsacha, i réimse chearta sibhialta agus chearta an duine agus i réimse an smachta reachta, chomh maith le hathchóirithe eile a bhaineann leis an Aontas, agus sláine chríochach na mBallstát á hurramú go hiomlán, agus leanúint de chomhpháirtíocht i réimsí bunriachtanacha leasa chomhpháirtigh agus comhar eacnamaíoch agus cultúrtha a choinneáil ar bun, go háirithe leis an tsochaí shibhialta;
(aj)
toilmhianta mhuintir na Bealarúise atá ar son na hEorpa, atá ag iarraidh maireachtáil i sochaí shaor agus dhaonlathach, a aithint agus tacú leo, agus obair go rannpháirteach ar bhonn foirmiúil le freasúra daonlathach na Bealarúise;
Coinníollacht
(ak)
a dheimhniú go bhfuil ról lárnach ag an gclaochlú daonlathach agus ag an smacht reachta i bpróiseas aontachais an Aontais, i gcomhréir leis an modheolaíocht nua; tosaíocht a thabhairt do neamhspleáchas breithiúnach, don chomhar réigiúnach agus breithiúnach, don dea-rialachas, don chomhrac i gcoinne an éillithe, na gáinneála, na bréagaisnéise, an sciúrtha airgid agus na coireachta eagraithe, deireadh a chur le tionchar míchuí olagarcaí ar údaráis, ar na meáin agus ar an ngeilleagar, agus cearta an duine a chur chun cinn, lena n-áirítear cearta mionlaigh, comhionannas inscne, saoirsí bunúsacha agus saoirse na meán, mar réamhchoinníollacha ríthábhachtacha, doshannta chun dul chun cinn a dhéanamh ar chonair an Aontais;
(al)
rannpháirtíocht na sochaí sibhialta, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus saineolaithe a neartú san fhaireachán ar an bpróiseas aontachais; a aithint agus a leabú ina straitéis um méadú go bhfuil dlúthbhaint ag an smacht reachta, ag institiúidí daonlathacha neamhspleácha láidre, ag saoirse na meán agus ag sochaí shibhialta bhríomhar leis an athléimneacht dhaonlathach;
(am)
córas smachtbhannaí an Aontais i ndáil le cearta an duine (Ionstraim Eorpach Magnitsky) a chur chun feidhme, agus é a leathnú chun smachtbhannaí ar choireanna éillithe a chuimsiú, lena gcumhdaítear tíortha aontachais;
(an)
a áirithiú nach mbainfear an bonn de chaighdeáin dhaonlathacha agus dhlíthiúla ná nach ndéanfar beag díobh ó laistigh d’institiúidí an Aontais ná ó na Ballstáit; a mheabhrú do na Coimisinéirí Eorpacha go bhfuil sé d’oibleagáid orthu gníomhú le hionracas, le discréid agus le neamhspleáchas i gcomhréir lena gcód iompair;
(ao)
feabhas a chur ar chomhsheasmhacht, éifeachtúlacht, infheictheacht agus trédhearcacht an chúnaimh réamhaontachais, lena léirítear go soiléir na tosaíochtaí sna réimsí bunúsacha i leithdháileadh chistiú IPA III; na bearta ceartaitheacha is gá a dhéanamh agus treoirlínte a fhorbairt maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha IPA III maidir le coinníollacht i gcomhréir le torthaí Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ina tuarascáil speisialta an 10 Eanáir 2022 maidir le tacaíocht ón Aontas don smacht reachta sna Balcáin Thiar;
(ap)
meastóireacht iomlán chuimsitheach a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa ar úsáid na gcistí réamhaontachais uile, lena n-áirítear cistí agus tionscadail i dtíortha aonair sa réigiún ó 2015 ar aghaidh;
(aq)
cur i bhfeidhm straitéiseach a dhéanamh ar an gcoinníollacht spriocdhírithe bunaithe ar thagarmharcanna soiléire dul chun cinn, athchóirithe a chúiteamh agus smachtbhannaí a chur i bhfeidhm i gcás easpa leanúnach dul chun cinn;
(ar)
tuairisciú ar an smacht reachta a neartú do na tíortha aontachais uile trí mhodheolaíocht an mhéadaithe agus an próiseas tuairiscithe bhliantúil a chur chun feidhme agus a fheabhsú go hiomlán, agus trí shásraí faireacháin, idirphlé agus rabhaidh a bhunú chun móreasnaimh sa smacht reachta a cheartú, trí choinníollacht dhearfach a thairiscint i bhfoirm rochtana ar bheartais an Aontais nó trí choinníollacht dhiúltach a thionscnamh trí chaibidlíochtaí aontachais agus cistiú réamhaontachais a chur ar fionraí, go háirithe trí fhorálacha ábhartha Rialachán (AE) 2021/1529 maidir le IPA III a chur i bhfeidhm go tapa agus go hiomlán, agus trí athoscailt na gcaibidlí caibidlíochta faoi chlásail in-aisiompaitheachta a chumasú, agus trí dhlúthpháirt a thabhairt don tsochaí shibhialta sa phróiseas;
(as)
creat a bhunú le haghaidh comhar éifeachtach idir Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) agus na tíortha aontachais; ugach a thabhairt d’iarrthóirí agus d’iarrthóirí ionchasacha ar aontachas AE chun socruithe oibre déthaobhacha a thabhairt i gcrích go pras le OIPE chun dlúthchomhar a éascú agus mí-úsáid chistí an Aontais a ionchúiseamh, lena n-áirítear trí oifigigh náisiúnta idirchaidrimh a thabhairt ar iasacht do OIPE;
(at)
measúnú foirmiúil a dhéanamh ar thíortha aontachais faoi shásra smachta reachta agus tuairiscithe an Aontais, agus faoi Scórchlár Ceartais AE, ag úsáid na dtáscairí céanna a bhfuil feidhm acu maidir leis na Ballstáit, agus é mar aidhm leis sin léargas oibiachtúil agus soiléir a thabhairt ar staid na himeartha chun easpa leanúnach dul chun cinn, easnaimh thromchúiseacha agus cúlchéimniú a chosc;
(au)
tascfhórsa tiomnaithe maidir leis an smacht reachta a bhunú, a mbeidh sé de chúram air tacaíocht níos substaintiúla agus níos éifeachtaí a fhorbairt do thíortha is iarrthóirí agus do thíortha is iarrthóirí ionchasacha, le rannpháirtíocht ghníomhach bhreithiúna agus ionchúisitheoirí ó na Ballstáit; a áirithiú go bhforfheidhmeofar comhlíonadh chomhluachanna an Aontais trí nósanna imeachta inmheánacha a chur i bhfeidhm agus a neartú chun dul i ngleic go cinntitheach le fadhbanna a bhaineann leis an smacht reachta;
Claochlú daonlathach agus socheacnamaíoch i dtíortha is iarrthóirí
(av)
páirt ghníomhach a ghlacadh i gcultúr an iolrachais pholaitiúil agus an chuimsithe pholaitiúil a chothú, agus san idirphlé cuiditheach polaitiúil agus feidhmeanna parlaiminteacha i ndáil le reachtaíocht, grinnscrúdú agus maoirseacht;
(aw)
athchóirithe toghcháin a chothú a bhfuil sé d’aidhm acu próisis toghcháin shaora, chothroma agus dhaonlathacha, nach bhfuil aon cheist fúthu, a áirithiú i ngach tír is iarrthóirí agus is iarrthóirí ionchasacha agus an próiseas toghcháin a neartú i ndáil le hOifig ESCE um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine, Coimisiún na Veinéise agus gealltanais, oibleagáidí agus caighdeáin idirnáisiúnta eile, iolrachas daonlathach, daonlathas laistigh den pháirtí, agus glacadh creataí inmheánacha chun sláine agus éilliú a chomhrac laistigh de pháirtithe polaitiúla, trédhearcacht chistiú na bpáirtithe agus na meán, agus neamhspleáchas agus saoirse bhreithiúnach agus na meán, trí na tagarmharcanna sin a leagan síos mar réamhchoinníollacha le haghaidh tacaíocht airgeadais agus aon dul chun cinn breise sa phróiseas aontachais;
(ax)
misin fheabhsaithe rialta de shaineolaithe ar an smacht reachta agus misin bhreathnóireachta toghcháin chuig tíortha aontachais a sheoladh;
(ay)
feidhmiú i gcoinne na fuathchainte, feachtais chlúmhillte, bagairtí agus imeaglú i gcoinne iriseoirí agus soláthraithe meáin agus a aitiú go ndéanfaí na cionta sin a imscrúdú agus a ionchúiseamh, lena gcumasófaí timpeallacht shábháilte d’iriseoirí, agus aghaidh á tabhairt ar na saincheisteanna maidir le comhchruinniú meáin, leis an mbrú polaitiúil agus eacnamaíoch agus leis an easpa trédhearcachta maidir le húinéireacht na meán; leanúint dá chomhar le Comhairle na hEorpa chun tacú le tíortha aontachais agus athchóirithe agus oiliúint riachtanach á gcur i gcrích acu;
(az)
cuntasacht dhaonlathach a chosaint, trédhearcacht agus cuimsitheacht a mhéadú, agus gné pharlaiminteach an phróisis aontachais, go háirithe formhaoirseacht pharlaiminteach, a fheabhsú; tacú le hobair pharlaiminteach i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha agus gníomhaíochtaí grinnscrúdaithe a bhaineann le haontachas agus gníomhaíochtaí tacaíochta daonlathais Pharlaimint na hEorpa agus uirlisí tacaíochta daonlathais a éascú, amhail idirphlé Jean Monnet agus idirphlé idirpháirtí; tacú le glúin nua de cheannairí polaitiúla sna tíortha aontachais;
(ba)
a áirithiú go mbeidh institiúidí formhaoirseachta agus comhlachtaí daonlathacha neamhspleácha eile in ann a ról a chomhlíonadh go héifeachtach i bpróisis pholaitiúla na dtíortha is iarrthóirí, dá bhforáiltear ina mbunreachtanna;
(bb)
cruinnithe parlaiminteacha déthaobhacha idir parlaimintí na mBallstát agus na dtíortha aontachais araon a spreagadh agus bealaí a mheas chun an tréimhse a thabhairt chun tosaigh inar féidir le breathnóirí ó thíortha is iarrthóirí a suíochán a ghlacadh i bParlaimint na hEorpa, chomh maith le clabhsúr a chur ar chaibidlíocht maidir le braislí sonracha;
(bc)
a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí an chomhdhlúthaithe dhaonlathaigh, na sláine institiúidí, an fháis fhadtéarmaigh agus an chomhtháthaithe shocheacnamaíoch le próiseas an mhéadaithe, agus béim á leagan ag an am céanna ar an nasc díreach idir an smacht reachta agus an comhrac in aghaidh an éillithe agus forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe agus chothrom; díriú ar na hiarmhairtí diúltacha sóisialta a bhaineann leis na próisis chlaochlaithe is gá i dtíortha is iarrthóirí a mhaolú, agus faisnéis a chur isteach sna tuarascálacha bliantúla maidir le comhfhogasú a dhéanamh ar acquis sóisialta an Aontais; obair a dhéanamh chun eisimirce daoine oilte ó thíortha is iarrthóirí a chosc agus a aisiompú;
(bd)
iarrachtaí a threisiú go tréan chun coinbhleachtaí a réiteach, muinín a chur chun cinn, athmhuintearas inbhuanaithe a bhaint amach lena gcumhdaítear ionchúiseamh éifeachtach neamhchlaonta coireanna cogaidh, agus rochtain ar fhírinne, ar cheartas agus ar chúiteamh éifeachtach agus neamhroghnach a áirithiú, lena n-áirítear d’íospartaigh an fhoréigin ghnéasaigh; cur chun feidhme iomlán rialuithe cúirte intíre agus idirnáisiúnta agus comhlíonadh na n-oibleagáidí idirnáisiúnta maidir le coireanna cogaidh agus daoine ar iarraidh a éascú, agus aghaidh á tabhairt ar ghlóiriú coirpeach cogaidh agus athbhreithnitheacht stairiúil;
(be)
dlús a chur leis na hiarrachtaí i dtreo dea-chaidreamh comharsanachta, comhar socheacnamaíoch atá cuimsitheach agus éifeachtach ar an leibhéal réigiúnach agus dlúthpháirtíocht i dtíortha aontachais an Aontais chomh maith le comhar trasteorann réigiúnach idir Ballstáit an Aontais agus tíortha comhpháirtíochta feadh theorainneacha seachtracha an Aontais; iomaíochas eacnamaíoch agus comhtháthú sóisialta sna Balcáin Thiar a fheabhsú trí athchóirithe struchtúracha agus trí chomhar eacnamaíoch réigiúnach a bhunú a bheidh inghlactha ag gach ceann de na sé thír, agus tuilleadh ailínithe le caighdeáin agus acquis an Aontais á shaothrú agus rannchuidiú le próiseas lánpháirtithe an Aontais; sa chomhthéacs sin, is díol sásaimh do Pharlaimint na hEorpa na comhaontuithe a rinneadh le déanaí ag Cruinniú Mullaigh Phróiseas Bheirlín, go háirithe tabhairt i gcrích na gcomhaontuithe soghluaisteachta réigiúnacha maidir leis an tsaoirse chun taistil le cártaí aitheantais agus le haitheantas a thabhairt do dhioplómaí acadúla agus deimhnithe gairme; cúiseanna mór imní a chur in iúl maidir le haon tionscnamh um chomhar eacnamaíoch réigiúnach nach gcuimsíonn gach ceann de shé thír na mBalcán Thiar agus nach bhfuil bunaithe ar rialacha an Aontais, amhail tionscnamh na mBalcán Oscailte;
(bf)
a áitiú gur gá sochaí chuimsitheach a thógáil atá saor ó idirdhealú, ciníochas, náisiúnachas foréigneach agus antoisceachas; díriú ar mhionlaigh a chosaint, lena n-áirítear na Romaigh, daoine LGBTIQ+, pobail eitneacha agus reiligiúnacha, agus daoine faoi mhíchumas agus ar chaomhnú na héagsúlachta cultúrtha agus teanga; comhionannas inscne agus cearta na mban agus na gcailíní a phríomhshruthú, mná agus daoine óga a chumhachtú agus infheistíocht a dhéanamh iontu, agus dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne an fhoréigin inscnebhunaithe;
(bg)
sáruithe ar chearta an duine agus an chóireáil mhídhaonna a chuirtear ar iarrthóirí tearmainn agus ar imircigh a cháineadh go láidir; oibriú chun a áirithiú go mbeidh na coinníollacha do dhaoine atá á gcoinneáil agus do phríosúnaigh ina gcoinníollacha díniteacha agus go mbeidh siad i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta; céasadh agus saoirse ó phionós i gcás mí-úsáid thromchúiseach ag gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí a cháineadh;
(bh)
dlús a chur le rannpháirtíocht na saoránach agus le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta i bpróiseas an mhéadaithe trí chomhar a mhéadú leis an tsochaí sibhialta, tacú léi agus cistí a leithdháileadh uirthi; a áirithiú go leanfaidh eagraíochtaí na sochaí sibhialta de thacaíocht airgeadais leordhóthanach a fháil tar éis aontachas AE;
(bi)
infheistíocht a dhéanamh i soghluaisteacht agus nascacht na hóige agus idir-réigiúnach, lena n-áirítear trí rochtain leathan ar Erasmus+ a chur ar fáil, agus a bhuiséad a mhéadú, chomh maith le cláir shoghluaisteachta eile d’acadóirí óga, do speisialtóirí agus do thaighdeoirí ó thíortha is iarrthóirí; ina theannta sin, comhtháthú breise na dtíortha comhpháirtíochta i gcláir an Aontais a chothú, amhail Erasmus+, Fís Eorpach agus Eoraip na Cruthaitheachta, agus feabhas a chur ar an gcomhar faoi chuimsiú na gclár atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo; obair a dhéanamh chun dul i ngleic leis an dífhostaíocht i measc na hóige;
(bj)
teagmháil duine le duine a chur chun cinn idir Ballstáit an Aontais agus na tíortha is iarrthóirí agus cláir malartaithe óige a threisiú; aitheantas a thabhairt don tábhacht a bhaineann le soghluaisteacht trasteorann chun na teagmhálacha sin a neartú, agus forbairt bonneagair teorann chun na críche sin a spreagadh; iarrachtaí coiteanna an Aontais agus thíortha na mBalcán Thiar maidir le teagmhálacha agus malartuithe duine le duine a threisiú agus, i gcás inar féidir, a mhéadú chun íomhánna dearfacha frithpháirteacha a chothú i measc an phobail;
(bk)
tacaíocht a mhéadú don fhorbairt eacnamaíoch, don gheilleagar margaidh, don nascacht iompair, don iomaíochas agus don aistriú glas;
(bl)
comhpháirtíochtaí a neartú idir tíortha is iarrthóirí agus AE trí phríomhthionscadail bhonneagair faoi chuimsiú na nGréasán Tras-Eorpach Fuinnimh (GTE‑F) agus na nGréasán Iompair (TEN-T), agus ag an am céanna cúnamh airgeadais a mhéadú do thíortha is iarrthóirí chun caolas trasteorann a mhaolú agus naisc iompair a fhorbairt do phaisinéirí agus d’iompar lastais;
(bm)
éifeachtúlacht fuinnimh, nascacht agus an t-aistriú chuig fuinneamh glan a chur chun cinn, lena méadófar éagsúlú agus slándáil an tsoláthair fuinnimh, chomh maith leis an bhforbairt inbhuanaithe; a áirithiú go ndéanfar an t-aistriú fuinnimh go cothrom agus ar bhealach atá inbhuanaithe go sóisialta, le tacaíocht leordhóthanach ón Aontas agus óna Bhallstáit do ghrúpaí leochaileacha; bearta a dhéanamh láithreach chun nascadh fadtéarmach inbhuanaithe na dtíortha is iarrthóirí a bhaint amach le gréasán tarchurtha fuinnimh na hEorpa; infheistíochtaí suntasacha a shlógadh chun tacú leis an bhforbairt ar réitigh áitiúla in-athnuaite; na tíortha is iarrthóirí a áireamh i straitéisí beartais fuinnimh an Aontais, agus béim ar leith á leagan orthu siúd atá ag brath go mór ar ghás na Rúise agus a ndearnadh difear mór dóibh mar gheall ar a rogha Eorpach;
(bn)
treochlár a chur chun feidhme chun deireadh a chur de réir a chéile le táillí fánaíochta idir an tAontas Eorpach agus tíortha aontachais;
2. á threorú dá hUachtarán an moladh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, agus, mar fhaisnéis, chuig rialtais agus parlaimintí na dtíortha aontachais.
Moladh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Samhain 2022 chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir leis an staid sa Libia (2021/2064(INI))
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 25 Meitheamh 2021,
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 12 Nollaig 2019,
– ag féachaint don ráiteas ó Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (VP/HR) an 24 Nollaig 2021 maidir le cur siar na dtoghchán,
– ag féachaint do dhearbhú ón VP/HR an 11 Márta 2021 thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le formheas an Rialtais Aontachta Náisiúnta nua,
– ag féachaint do Choinbhinsiún na Ginéive an 28 Iúil 1951 agus Prótacal an 31 Eanáir 1967 maidir le stádas dídeanaithe,
– ag féachaint do Chiste Iontaobhais Éigeandála an Aontais Eorpaigh don Afraic (EUTF),
– ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 9 Feabhra 2021 dar teideal ‘Renewed Partnership with the Southern Neighbourhood – A New Agenda for the Mediterranean’ [Comhpháirtíocht athnuaite le Comharsanacht an Deiscirt – Clár Oibre Nua don Mheánmhuir] (JOIN(2021)0002),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640),
– ag féachaint don rún ó na Náisiúin Aontaithe dar teideal ‘I mbun athrú – Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe’, a glacadh ag Cruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe maidir leis an bhForbairt Inbhuanaithe an 25 Meán Fómhair 2015 i Nua-Eabhrac (Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe),
– ag féachaint do Chomhaontú Pháras, a glacadh le cinneadh 1/CP.21, don 21ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe (COP21) i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, agus don 11ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe ag feidhmiú mar Chruinniú na bPáirtithe i bPrótacal Kyoto (CMP11), a reáchtáladh i bPáras, an Fhrainc, ón 30 Samhain go dtí an 11 Nollaig 2015,
– ag féachaint do Choinbhinsiún maidir le Toirmeasc ar Úsáid, Stoc-Charnadh, Táirgeadh agus Aistriú Mianach Frithphearsanra agus maidir lena nDíothú an 18 Meán Fómhair 1997,
– ag féachaint do Choinbhinsiún maidir le Cnuasmhuinisin an 30 Bealtaine 2008,
– ag féachaint do rún ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an 31 Deireadh Fómhair 2000 maidir le mná, an tsíocháin agus an tslándáil,
– ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh an 20 Samhain 1989,
– ag féachaint do Chairt na hAfraice um Chearta agus Leas an Linbh an 1 Iúil 1990,
– ag féachaint do rún ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an 26 Feabhra 2011 agus na rúin ina dhiaidh sin maidir leis an trádbhac arm sa Libia,
– ag féachaint do rún ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an 29 Aibreán 2022, an 28 Iúil 2022 agus an 28 Deireadh Fómhair 2022 maidir leis an Libia,
– ag féachaint do thuarascáil ón Ard-Rúnaí an 20 Bealtaine 2022 maidir le Misean Tacaíochta na Náisiún Aontaithe sa Libia (UNSMIL),
– ag féachaint do 23ú Tuarascáil ó Ionchúisitheoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta chuig Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an 28 Aibreán 2022 de bhun Rún 1970 (2011),
– ag féachaint do Threochlár 2020 na Náisiún Aontaithe ‘I gcomhair Chéim Ullmhúcháin an Réitigh Chuimsithigh’,
– ag féachaint do rún ó Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine an 22 Meitheamh 2020 lena mbunaítear misean aimsithe fíoras chuig an Libia agus rún an 8 Iúil 2022 lena gcuirtear síneadh naoi mí lena sainordú,
– ag féachaint do na tuarascálacha ón Misean Neamhspleách Aimsithe Fíoras maidir leis an Libia chuig Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine an 29 Samhain 2021, an 23 Márta 2022, an 27 Meitheamh 2022 agus an 1 Iúil 2022,
– ag féachaint don Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla an 16 Nollaig 1966,
– ag féachaint do rún uaithi an 19 Bealtaine 2021 maidir le cosaint chearta an duine agus beartas seachtrach imirce an Aontais(1),
– ag féachaint do mholadh uaithi an 30 Bealtaine 2018 chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir leis an Libia(2),
– ag féachaint do Riail 118 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0252/2022),
A. de bhrí, le deich mbliana anuas, go bhfuil deacrachtaí leanúnacha cumhachta ann mar thoradh ar dheighiltí doimhne agus coimhlintí idir mór-gheallsealbhóirí na Libia, ar measa fós iad mar gheall ar chur isteach ó ghníomhaithe eachtracha, agus gur chuir siad bac suntasach ar an bpróiseas athmhuintearais náisiúnta;
B. de bhrí gur éascaigh UNSMIL, i mí na Samhna 2020, an chéad bhabhta d’Fhóram Idirphlé Polaitiúil na Libia (LPDF), arbh é a bhí ann 75 rannpháirtí de chuid na Libia a dhéanann ionadaíocht ar speictream iomlán sóisialta agus polaitiúil shochaí na Libia; de bhrí gur tháinig LPDF ar chomhaontú maidir le treochlár maidir le toghcháin náisiúnta inchreidte, chuimsitheacha agus dhaonlathacha, a bheidh ar siúl an 24 Nollaig 2021; de bhrí gur thogh LPDF Abdul Hamid Dbeibeh i mí Feabhra 2021 chun bheith i gceannas ar an Rialtas Eatramhach Aontachta Náisiúnta; de bhrí gur tugadh aghaidh go sealadach ar an tsáinn pholaitiúil agus ar staid na dlisteanachta faoi chonspóid sa tír le formheas bhunú Rialtais Aontachta Náisiúnta (GNU) ag Teach Ionadaithe na Libia atá lonnaithe in Tobruk i mí an Mhárta 2021;
C. de bhrí gur dhearbhaigh Teach na nIonadaithe i mí Eanáir 2022 go raibh an téarma dlíthiúil do shainordú GNU dulta in éag i mí na Nollag 2021; de bhrí gur ainmnigh Teach na nIonadaithe, dá bhrí sin, an t-iar-aire gnóthaí baile, Fathi Bashagha, mar Phríomh-Aire i mí Feabhra 2022; de bhrí gur dhiúltaigh ceannairí GNU do cheapachán Bashagha agus bunú rialtais nua ina dhiaidh sin, agus nár éirigh siad as oifig; de bhrí gurb é an GNU an t-aon rialtas atá aitheanta ag an gcomhphobal idirnáisiúnta fós;
D. de bhrí go bhfuil an staid sa Libia tar éis dul in olcas ó cuireadh na toghcháin ar atráth ar feadh tréimhse éiginnte ag deireadh 2021, go háirithe mar gheall ar easpa comhaontaithe roimh ré maidir leis an mbunús dlí do thoghcháin agus maidir le critéir ghrinnfhiosrúcháin d’iarrthóirí chomh maith leis an mainneachtain tosaíocht a thabhairt d’fhorbairt ráthaíochtaí bunriachtanacha le haghaidh toghcháin inchreidte agus thrédhearcacha, lena ndéantar an dúsháinn pholaitiúil agus an ilroinnt náisiúnta a dhoimhniú;
E. de bhrí gur cúis mhór díomá é gur cuireadh siar na toghcháin do bhreis agus 2,8 milliún saoránach de chuid na Libia a chláraigh chun vótáil, agus go háirithe na toghthóirí óga, agus go bhfuil an baol ann go gcuirfí tuilleadh leis an laghdú muiníne as institiúidí poiblí;
F. de bhrí, in ainneoin gur eascair leibhéal comhdhearcaidh gan fasach as na cainteanna a d’éascaigh na Náisiúin Aontaithe idir Teach Ionadaí na Libia agus comhlachtaí reachtacha na Comhairle Stáit i gCaireo agus sa Ghinéiv i mí an Mheithimh 2022 maidir le roinnt saincheisteanna seanbhunaithe, lena n-áirítear maidir le suíocháin a dháileadh don dá sheomra reachtacha, maidir le dáileadh cumhachta i measc údaráis feidhmiúcháin éagsúla agus maidir le teorannú cúigí, nach raibh siad in ann teacht ar chomhaontú maidir le bunreacht a dtacaítear leis go ginearálta nó creat dlíthiúil do thoghcháin;
G. de bhrí nach féidir le toghcháin a bheith ina gcríoch iontu féin ach gur cheart athchóirithe suntasacha polaitiúla, eacnamaíocha agus institiúideacha a bheith ag gabháil leo; de bhrí go bhfuil rannpháirtíocht na mban, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, bardas agus geallsealbhóirí áitiúla ríthábhachtach chun stát feidhmiúil a thógáil agus chun rialachas cuí a áirithiú sa Libia; de bhrí gur cheart do pháirtithe uile na Libia dul i mbun fíor-idirphlé chun aghaidh a thabhairt ar an tsáinn pholaitiúil leanúnach agus gan fórsa a úsáid chun a ndifríochtaí a réiteach; de bhrí gur cosúil go léiríonn an easpa tiomantais ó gheallsealbhóirí na Libia treochlár comhroinnte nua a thógáil i dtreo toghchán go bhfuil easpa leasa chomhroinnte ann maidir le hinstitiúidí polaitiúla feidhmiúla agus ionadaíocha a thógáil;
H. de bhrí, i mí Iúil 2022, go ndearnadh ollagóidí i gcoinne mhíbhainistiú na n-institiúidí polaitiúla agus an mheatha ar dhálaí maireachtála ar fud na tíre, lena n-áirítear i dTripilí, Tobruk, Benghazi agus Misrata; de bhrí gur iarr agóideoirí go dtionólfaí toghcháin gan mhoill;
I. de bhrí, tar éis na n-agóidí, gur mhol an Chomhairle Uachtaránachta plean gníomhaíochta chun aontacht na tíre a chur chun cinn agus a chaomhnú, lena n-áirítear toghcháin pharlaiminteacha agus uachtaránachta laistigh de thréimhse shonrach ama chun an tsáinn a shárú;
J. de bhrí go raibh caismirtí i dTripilí idir mílístí atá dílis do Dbeibeh agus mílístí atá dílis do Bashagha ina gcúis le bás roinnt daoine, lena n-áirítear i measc an phobail shibhialta, agus gur leagadh béim leis sin arís eile ar an staid leochaileach sa tír;
K. de bhrí go bhfuil an tslándáil agus an chobhsaíocht sa Libia comhghaolaithe go dlúth leis an ionchas go mbeidh fíor-aistriú chuig an daonlathas ann trína bhféadfaí beart a dhéanamh ar son phobal na Libia ar fad; de bhrí gur toisc shuntasach í an éagobhsaíocht fhadtéarmach agus an tsaoirse ó phionós sistéamach i mborradh na gcoimhlintí míleata chomh maith le mórléirsithe ar fud na tíre; de bhrí go bhfuil urraim don smacht reachta agus cuntasacht as sáruithe ar chearta an duine bunriachtanach chun cobhsaíocht pholaitiúil agus síocháin inbhuanaithe a áirithiú sa Libia agus sa réigiún ar fad;
L. de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach go gcomhordódh na Ballstáit a ngníomhaíochtaí agus go labhróidís d’aon ghuth, ag neartú iarrachtaí idirghabhála an Aontais agus ag cur i bhfios go láidir go bhfuil ról lárnach ag na Náisiúin Aontaithe;
M. de bhrí, le míonna anuas, go bhfuil an Rúis tar éis dochar suntasach a dhéanamh d’acmhainneacht gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe trí dhiúltú páirt a ghlacadh i gcomhdhearcadh maidir le tograí le haghaidh sainordú níos faide UNSMIL agus maidir le hIonadaí Speisialta nua de chuid na Náisiún Aontaithe don Libia a ainmniú;
N. de bhrí, tar éis naoi mí de sháinn pholaitiúil laistigh de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, gur fhógair Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe, António Guterres, an 2 Meán Fómhair 2022, go gceapfaí Abdoulaye Bathily na Seineagáile ina Ionadaí Speisialta don Libia agus ina cheannaire ar UNSMIL; de bhrí gur vótáil Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe d’aon toil an 28 Deireadh Fómhair 2022 i bhfabhar síneadh a chur le sainordú UNSMIL go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2023;
O. de bhrí, i mí na Samhna 2019, gur shínigh an Libia meabhrán tuisceana (MT) leis an Tuirc maidir le teorannú dlínsí muirí sa Mheánmhuir; de bhrí go sáraítear cearta ceannasacha tríú stáit leis an gcomhaontú sin agus nach gcomhlíontar leis Dlí na Farraige, agus nach féidir leis, dá bhrí sin, aon iarmhairtí dlíthiúla a bheith aige do thríú stáit, mar a luaigh an Chomhairle Eorpach; de bhrí gur shínigh an Libia agus an Tuirc comhaontú maidir le hidreacarbóin an 3 Deireadh Fómhair 2022 bunaithe ar Mheabhrán Tuisceana 2019 idir an Tuirc agus an Libia;
P. de bhrí go bhfuil rannpháirtíocht leanúnach grúpaí armtha áitiúla agus eachtracha sa choinbhleacht, amhail grúpa Wagner na Rúise mar aon le rannpháirtíocht fórsaí eachtracha, ina bagairt do chobhsaíocht agus slándáil na Libia agus don réigiún ar fad;
Q. de bhrí gur gheall na tíortha uile a ghlac páirt i gComhdhálacha Bheirlín maidir leis an Libia agus i gComhdháil Idirnáisiúnta Pháras don Libia, lena n-áirítear an Rúis agus an Tuirc a bhfuil láithreacht mhíleata acu sa Libia, gan cur isteach ar ghnóthaí na Libia agus gur thacaigh siad le cur chun feidhme plean gníomhaíochta chun amhais, trodaithe eachtracha agus fórsaí eachtracha a tharraingt siar ó chríoch na Libia gan mhoill;
R. de bhrí go ndearna pearsana sinsearacha míleata na Libia iarrachtaí le déanaí arm aontaithe sa Libia a athbhunú;
S. de bhrí go bhfuil athchóiriú cuimsitheach ar an earnáil slándála ríthábhachtach chun fórsaí slándála náisiúnta, póilíneachta agus míleata na Libia atá aontaithe, cuimsitheach agus cuntasach a bhunú faoi údarás lárnach sibhialta, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le sáruithe ar chearta an duine amach anseo a chosc, an smacht reachta a neartú, deireadh a chur le saoirse ó phionós agus cobhsaíocht pholaitiúil a ráthú sa tír agus sa réigiún; de bhrí go ndíríonn forbairtí ar an talamh ag deireadh mhí Lúnasa ar an drochuair sa treo eile, agus go bhfuil méadú ag teacht ar an gcomhrac i gcoinne an ghéaraithe mhíleata;
T. de bhrí gur bac tromchúiseach ar théarnamh eacnamaíoch agus sóisialta na tíre é láithreacht shuntasach mianach talún agus ordanás neamhphléasctha, chomh maith le bás daoine a bheith mar thoradh air;
U. de bhrí go méadaíonn iomadú mionarm, arm éadrom agus stoc-charn armlóin tréigthe éagobhsaíocht toisc gur minic a atreoraítear iad laistigh den Libia agus thar a teorainneacha araon, rud a dhéanann difear suntasach don tslándáil réigiúnach agus áitiúil de réir mar a fhaigheann grúpaí armtha áitiúla rochtain ar na hairm sin, go háirithe i réigiún na Saiheile;
V. de bhrí go bhfuil an smacht reachta agus cuntasacht as sáruithe ar chearta an duine bunriachtanach chun cobhsaíocht pholaitiúil agus síocháin inbhuanaithe a áirithiú; de bhrí go rannchuidíonn easpa córais bhreithiúnaigh láidir, sárú sistéamach ar an smacht reachta, an t-éilliú forleathan a eascraíonn as sin agus na sáruithe leanúnacha ar chearta an duine le timpeallacht saoirse ó phionós a chruthú sa tír atá ina bac suntasach ar chómhaireachtáil shíochánta agus ar fhilleadh sábháilte daoine easáitithe ina dtír féin;
W. de bhrí gurb í an Libia an tír a bhfuil na cúltaiscí ola is mó san Afraic aici, gur comhalta í d’Eagraíocht na dTíortha Onnmhairithe Peitriliam agus go bhfuil sí ar cheann de na príomhsholáthraithe ola chuig na margaí domhanda; de bhrí go mbraitheann geilleagar na Libia go mór ar earnáil na hola; de bhrí gur minic a rinne gníomhaithe éagsúla a bhfuil saoráidí ola dúnta síos arís agus arís eile acu chun críoch polaitiúil an táirgeadh ola a ionstraimiú; de bhrí gur bagairt do shíocháin, do shlándáil agus do chobhsaíocht na Libia é an cleachtas maidir le táirgí amhola agus peitriliam scagtha a fhorleathadh agus a onnmhairiú go haindleathach agus nach mór, dá bhrí sin, é a shárú;
X. de bhrí, le dúnadh páirteach míosa ar shaoráidí ola na Libia leis na fórsaí atá dílis do Mharascal Machaire Khalifa Haftar, dúnadh a thosaigh i mí Aibreáin 2022, gur laghdaíodh táirgeadh na tíre go suntasach, rud a bhí ina chúis le laghdú ioncaim chuig buiséad an stáit, agus go raibh iarmhairtí suntasacha aige thar theorainneacha na Libia, lena n-áirítear praghsanna fuinnimh atá ard cheana féin mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin; de bhrí, i mí Iúil 2022, gur thángthas ar chomhaontú idir geallsealbhóirí iarthar agus oirthear na Libia chun táirgeadh ola agus onnmhairí ola a atosú i ngach réimse ola agus calafort blocáilte sa Libia;
Y. de bhrí gur bagairt eiseach é an t-athrú aeráide don Libia, tír atá thíos níos mó agus níos mó le triomaigh thromchúiseacha agus le ganntanais uisce; de bhrí gur luaigh Ceann Chomhairle Uachtarán na Libia Mohammed Menfi ina óráid ag Cruinniú Mullaigh Aeráide na Náisiún Aontaithe COP27 san Éigipt ‘go mbaineann an t-athrú aeráide an bonn ó dheiseanna forbartha agus infheistíochta agus go gcuireann sé srian le fás eacnamaíoch’; de bhrí, mar a mheabhraigh iar-Chomhairleoir Speisialta Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe maidir leis an Libia Stephanie Williams, go bhfuil leochaileacht aeráide na Libia níos measa freisin mar gheall ar spleáchas aonair na tíre ar bhreoslaí iontaise agus ar a bonneagar leictreach agus uisce a ndearnadh damáiste dó;
Z. de bhrí go bhfuil an Mheitheal Oibre Eacnamaíoch (EWG) den Choiste Leantach Idirnáisiúnta maidir leis an Libia, a ndéanann AE, an Éigipt, na Stáit Aontaithe agus UNSMIL comhchathaoirleacht uirthi, ag obair le húdaráis na Libia chun príomhsheirbhísí bunúsacha a sholáthar do phobal na Libia, ag neartú institiúidí eacnamaíocha, ag athbheochan na hearnála príobháidí agus ag cur feabhas ar an bpróiseas buiséadach; de bhrí go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag an EWG chun cuidiú le hathaontú Bhanc Ceannais na Libia; de bhrí, áfach, gur cuireadh na comhairliúcháin ar an ábhar ar fionraí le déanaí;
AA. de bhrí go bhfuil Misean Cúnaimh Teorann AE sa Libia (EUBAM na Libia) tar éis tacú le húdaráis na Libia ó 2013 i leith bainistiú teorainneacha agus slándáil a fhorbairt sa Libia; de bhrí gur cuireadh síneadh le EUBAM na Libia go dtí an 30 Meitheamh 2023;
AB. de bhrí gur eagraigh EUBAM na Libia, i gcomhar le hIonadaí Speisialta AE don tSaiheil, leis an Aonad Comhairleach agus Comhordaithe Réigiúnach agus leis an gclár frithsceimhlitheoireachta (CT-JUST), comhdháil réigiúnach i dTúinis an 22 agus an 23 Samhain 2022 maidir le comhar trasteorann idir an Libia agus tíortha na Saiheile agus é mar aidhm leis tacú le slándáil agus cobhsaíocht réigiúnach trí fheabhas a chur ar chomhar trasteorann sa chomhrac i gcoinne na coireachta trasteorann, lena n-áirítear an sceimhlitheoireacht agus an choireacht eagraithe;
AC. de bhrí gur seoladh Oibríocht Irini Fhórsa Cabhlaigh an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED Irini) an 31 Márta 2020 agus gur cuireadh síneadh léi go dtí an 31 Márta 2023; de bhrí gurb é a ról ríthábhachtach i gcur chun feidhme an trádbhaic arm maidir leis an Libia arna bhunú le rún 1973 (2011) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe; de bhrí, maidir le trádbhac arm na Náisiún Aontaithe, go ndearna roinnt gníomhaithe sáruithe iomadúla agus leanúnacha air;
AD. de bhrí, an 15 Eanáir 2021, gur shínigh Irini agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) socrú oibre trína malartóidh siad, inter alia, faisnéis maidir le coireacht trasteorann amhail gáinneáil ar airm agus smuigleáil daoine; de bhrí go ndéanann Frontex faisnéis maidir le cásanna anacra iarbhír nó féideartha ar muir i réigiún cuardaigh agus tarrthála na Libia (SAR) a mhalartú leis na húdaráis ábhartha agus leis na lárionaid chomhordúcháin ábhartha, lena n-áirítear lárionaid chomhordúcháin tarrthála muirí na hIodáile, Mhálta agus na Túinéise (MRCCanna), chomh maith le Lárionad Comhordúcháin na Libia i ndáil le tarrtháil (MRCC) agus comhionad comhordaithe tarrthála, arna maoiniú ag AE trí EUTF agus arna oibriú ag garda cósta agus cabhlach na Libia;
AE. de bhrí go bhfuil cobhsaíocht agus slándáil na Libia bunriachtanach do chobhsaíocht agus slándáil réigiún na Meánmhara i gcoitinne;
AF. de bhrí go bhfuil comhpháirtíocht athnuaite glactha ag AE le Comharsanacht an Deiscirt lena ndírítear ar fhorbairt an duine, ar dhea-rialachas agus ar an smacht reachta, ar athléimneacht, ar rathúnas agus an aistriú digiteach, ar an tsíocháin agus ar an tslándáil, ar an imirce agus ar an tsoghluaisteacht, agus ar an aistriú glas, ar an athléimneacht aeráide, ar fhuinneamh agus ar an gcomhshaol;
AG. de bhrí go bhfuil EUR 37 milliún ar an meán á leithdháileadh ag AE in aghaidh na bliana idir 2021 agus 2024 ar iarrachtaí cothaithe stáit, ar riachtanais forbartha daonna agus ar sheirbhísí bunúsacha sláinte sa Libia;
AH. de bhrí nach mór ról lárnach a bheith ag sochaí shibhialta na Libia maidir le todhchaí a tíre a chinneadh; de bhrí go bhfuil laghdú tagtha ar an spás don tsochaí shibhialta le míonna beaga anuas, ar cúis imní é seo agus arb é is saintréith de dlíthe agus rialacháin dhiana. de bhrí gur bagraíodh, gur fuadaíodh, gur coinníodh go treallach, gur céasadh agus gur maraíodh mórán gníomhaithe polaitiúla, cosantóirí chearta an duine, pearsanra daonnúla, iriseoirí, giúistísí agus dlíodóirí; de bhrí nach gceadaítear d’íospartaigh sáruithe ar chearta an duine leigheasanna dlíthiúla a shaothrú mar gheall ar easpa córais cheartais uathrialaitheacha agus neamhspleácha;
AI. de bhrí gur íospartaigh sáruithe forleathana córasacha ar chearta an duine amhail gáinneáil ar dhaoine, gabháil threallach, coinneáil, sracadh, éigniú, sclábhaíocht, agus fuadach le haghaidh dúmháil agus dúshaothrú, ag údaráis stáit agus grúpaí armtha araon iad imircigh, dídeanaithe agus iarrthóirí tearmainn ;
AJ. de bhrí gur príomhphointe idirthurais agus imeachta í an Libia d’imircigh atá ag iarraidh an Eoraip a bhaint amach, go háirithe ón Afraic fho-Shahárach; de bhrí gur cailleadh na mílte daoine agus iad ag iarraidh an Mheánmhuir a thrasnú chun an Eoraip a bhaint amach;
AK. de bhrí go bhfuil sé ar cheann de chuspóirí thacaíocht AE do bhainistiú teorainneacha sa Libia bás daoine sa Mheánmhuir a chosc; de bhrí gur minic a bhí ról inmholta ag ENRanna maidir le beatha daoine a shábháil sa Mheánmhuir; de bhrí go raibh iarmhairtí marfacha ag an laghdú géar ar líon na soithí SAR do dhaoine atá ag lorg sábháilteachta; de bhrí go ndéanann líonraí smuigleála daoine leas a bhaint as prionsabal SAR chun tairbhe neamhdhleathach a bhaint as daoine atá ag éalú ó ainghníomhartha sa Libia, agus ar an gcaoi sin go mbuanaíonn siad ainnise an duine agus go bhfuil siad freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine; de bhrí gur athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach nach mór do gach soitheach atá ag oibriú sa Mheánmhuir an dlí idirnáisiúnta agus dlí AE a urramú; de bhrí go bhfuil sáruithe ar chearta an duine i gcoinne daoine atá ag iarraidh éalú ón Libia ar muir doiciméadaithe ag comhlachtaí de chuid na Náisiún Aontaithe agus ag eagraíochtaí neamhrialtasacha tábhachtacha araon; de bhrí gur minic a chuirtear daoine a dhéanann garda cósta na Libia a idircheapadh agus a dhíbhordáiltear tar éis tarrtháil ar muir faoi choinneáil inimirce agus go ndéantar a gcearta daonna a shárú; de bhrí go bhfuil AE ag dréim leis go ndéanfaidh údaráis na Libia, lena n-áirítear garda cósta na Libia lena gcomhoibríonn sé, a áirithiú go n-urramófar cearta an duine agus dínit na n-imirceach, go ndéanfaidh siad imscrúdú ar theagmhais foréigin agus go n-áiritheofar gníomhaíochtaí leantacha iomchuí i gcoinne na ndaoine atá freagrach as; de bhrí, áfach, go bhfuil na sáruithe sin fós ann, go háirithe mar gheall ar shásraí faireacháin agus cuntasachta neamhéifeachtacha;
AL. de bhrí nach bhfuil cosaint agus cúnamh leordhóthanach fós ag thart ar 160 000 duine easáitithe ina dtír féin sa Libia;
AM. de bhrí go bhfuil mná agus leanaí i mbaol níos mó dúshaothraithe, gáinneála, foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe, striapachas éigeantach agus coinneáil neamhdhleathach;
AN. de bhrí go bhfuil foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe forleathan agus go spreagann sé saoirse ó phionós; de bhrí gur minic a bhíonn marthanóirí foréigin ghnéasaigh imeallaithe agus stiogmataithe ag a dteaghlaigh agus ag a bpobail; de bhrí nach ndéantar forail go cuí leis an gcreat dlíthiúil baile do mharthanóirí foréigin ghnéasaigh a chosaint;
AO. de bhrí gur chinn Misean Neamhspleách Aimsithe Fíoras na Náisiún Aontaithe maidir leis an Libia ina thuarascálacha go bhfuil forais réasúnacha aige lena chreidiúint go ndearnadh coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus coireanna cogaidh agus go bhfuil siad fós á ndéanamh sa Libia; de bhrí, an 8 Iúil 2022, go ndearna Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine sainordú an mhisin a athnuachan ar feadh tréimhse chríochnaitheach naoi mí, nach féidir síneadh a chur léi, chun a moltaí deiridh a thíolacadh;
1. ag moladh don Chomhairle, don Choimisiún agus do Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an méid seo a leanas a dhéanamh agus beartas AE maidir leis an Libia á chur chun feidhme acu:
(a)
a áirithiú go dtabharfar an tacaíocht is mó agus is féidir do phróiseas athmhuintearais náisiúnta ionchuimsitheach arna éascú ag na Náisiúin Aontaithe agus faoi stiúir agus faoi úinéireacht na Libia d’fhonn cobhsaíocht agus slándáil níos fadtéarmaí a chur ar fáil agus an bonn a leagan síos d’aistriú síochánta agus daonlathach ina nglacfaidh gach geallsealbhóir de chuid na Libia páirt, lena n-áirítear mná, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus údaráis áitiúla, ionas go mbeidh an próiseas síochána ionadaíoch ar dhaonra iomlán na Libia;
(b)
leanúint de bheith ag comhoibriú go dlúth le UNSMIL agus tacú go gníomhach le síneadh breise a chur lena shainordú tar éis an 31 Deireadh Fómhair 2023 más gá chun rannchuidiú go héifeachtach leis an bpróiseas bunreachtúil agus le heagrú na dtoghchán, chun an sos comhraic a chur chun feidhme, chun faireachán a dhéanamh ar shaincheisteanna a bhaineann le cearta an duine agus chun cúnamh teicniúil a chur ar fáil d’institiúidí na Libia; á chur i bhfáth, i bhfianaise na sáinne polaitiúla atá ann faoi láthair, go bhfuil sé ríthábhachtach i gcónaí leanúint leis an gcaibidlíocht le tacaíocht ó na Náisiúin Aontaithe maidir le treochlár do thoghcháin shaora, chothroma, inchreidte agus thrédhearcacha, agus ag tathant ar gheallsealbhóirí uile na Libia botúin a rinneadh san am a chuaigh thart a sheachaint, amhail gan critéir ghrinnfhiosrúcháin a bheith ann d’iarrthóirí, na torthaí toghcháin a urramú agus aistriú síochánta cumhachta a ráthú; misean breathnóireachta toghcháin AE a imscaradh chun faireachán a dhéanamh ar an bpróiseas toghchánaíochta;
(c)
bealaí taidhleoireachta le gníomhaithe idirnáisiúnta a threisiú agus iarrachtaí a mhéadú chun idirghabháil a dhéanamh agus teacht ar straitéis aontaithe idirnáisiúnta i dtreo Libia shíochánta, chobhsaí agus aontaithe; breithniú a dhéanamh ar chomhdháil eile maidir leis an Libia a óstáil, agus iarrachtaí taidhleoireachta ‘Cur Chuige 2’, mar a thugtar orthu, a chothú;
(d)
dlús a chur le hiarrachtaí taidhleoireachta an Aontais an tsíocháin agus an tslándáil a athbhunú sa tír, agus a áirithiú go labhraíonn na Ballstáit d’aon ghuth, go ngníomhóidh siad ar bhealach níos aontaithe agus go dtacóidh siad le hiarrachtaí uile-náisiúnta, cuimsitheacha agus comhoibríocha chun an t-aistriú polaitiúil inmhianaithe a bhaint amach, maille leis na hathchóirithe riachtanacha; chun na críche sin, ionadaí speisialta AE don Libia a ainmniú mar ábhar tosaíochta;
(e)
a áirithiú go mbeidh ról níos gníomhaí ag Toscaireacht AE chun na Libia agus, a luaithe is féidir de réir na gcoinníollacha slándála, go n-éascóidh sí níos mó misean d’institiúidí AE chun na Libia, lena n-áirítear chuig Parlaimint na hEorpa, chun an t-idirphlé idir AE agus an Libia a mhéadú tuilleadh;
(f)
a áirithiú go mbeidh gach comhaontú nó gach beart comhair idir an Libia agus an tAontas nó a Bhallstáit comhsheasmhach leis an dlí idirnáisiúnta agus le dlí an Aontais;
(g)
tathant ar údaráis na Libia dul ar aghaidh le cealú Mheabhrán Tuisceana 2019 idir an Tuirc agus an Libia maidir le teorannú na ndlínsí muirí sa Mheánmhuir, agus gan aon chlásal a áirítear sa chomhaontú ina dhiaidh sin maidir le hidreacarbóin a síníodh an 3 Deireadh Fómhair 2022 a chur chun feidhme, ina ndéantar foráil do ghníomhaíochtaí druileála neamhdhleathacha i gcriosanna eacnamaíocha eisiacha tríú tíortha, lena n-áirítear criosanna eacnamaíocha na Cipire agus na Gréige;
(h)
an glao a rinneadh le linn chomhdhálacha Bheirlín agus Pháras maidir leis an Libia go dtarraingeofaí na hamhais, na trodaithe eachtracha agus na fórsaí eachtracha ar fad amach as críoch na Libia a threisiú; tathant ar na gníomhaithe idirnáisiúnta uile lena mbaineann, lena n-áirítear an Rúis, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha agus an Tuirc, gan cur isteach ar an Libia agus an iarraidh sin a chomhlíonadh, staonadh ó theannas agus troideanna a spreagadh trí idirghabháil mhíleata dhíreach nó urraithe agus aon amhais atá fós ann, amhail grúpa Wagner na Rúise agus ar bagairt iad ar chobhsaíocht na Libia agus an réigiúin ar fad a tharraingt siar láithreach;
(i)
cur leis an tacaíocht a thugtar d’údaráis na Libia le haghaidh chur chun feidhme athchóiriú cuimsitheach na hearnála slándála agus le haghaidh na mbeartas i réimse na dí-armála, an díshlógtha agus an athimeasctha do ghrúpaí armtha, bunaithe ar dhaonáireamh phearsanra na ngrúpaí armtha agus le grinnfhiosrúchán gairmiúil, le cúnamh ón NA; obair a dhéanamh chun a ráthú go mbeidh na haidhmeanna críochnaitheacha ag na beartais sin chun fórsaí slándála, póilíneachta agus míleata náisiúnta na Libia atá aontaithe, cuimsitheach agus cuntasach a bhunú faoi údarás sibhialta agus lamháil d’iarchomhraiceoirí a n-airm a leagan síos agus a bheith athimeasctha ina bpobail, agus ar an gcaoi sin síocháin níos inbhuanaithe a chothú;
(j)
tathant ar údaráis na Libia aontú don Choinbhinsiún maidir le Toirmeasc ar Úsáid, Stoc-Charnadh, Táirgeadh agus Aistriú Mianach Frithphearsanra agus maidir lena nDíothú agus don Choinbhinsiún maidir le Cnuasmhuinisin. cistí leordhóthanacha AE a leithdháileadh ar thionscadail atá dírithe ar mhianaigh talún agus ordanáis neamhphléasctha eile a bhaint, ar oideachas riosca mianach a chur ar fáil agus ar thacú le híospartaigh mianach, lena n-áirítear trí rochtain ar chúram sláinte, athshlánú, tacaíocht shíceolaíoch agus shíceasóisialta a ráthú dóibh, chun tionóiscí amach anseo a chosc agus forbairt inbhuanaithe eacnamaíoch agus shóisialta a chumasú;
(k)
aghaidh a thabhairt ar an tionchar ar shlándáil an duine agus ar chobhsaíocht réigiúnach a bhaineann le mionairm, armáin éadroma agus armlón a atreorú chuig an margadh aindleathach, lena n-áirítear trí thacú le bainistiú arm agus armlón agus le hathchóiriú na hearnála slándála ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach;
(l)
an cúnamh teicniúil a bhfuil gá leis a sholáthar d’údaráis na Libia chun athchóiriú cuimsitheach na hearnála breithiúnaí a achtú, athchóiriú a bhfuil sé mar aidhm leis freisin an tsaoirse ó phionós struchtúrtha atá i réim sa tír a dhíchur agus an bealach a réiteach le haghaidh athmhuintearas agus síocháin inbhuanaithe;
(m)
breithniú a dhéanamh ar bhearta sriantacha spriocdhírithe breise a fhorchur, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine, ar dhaoine agus ar eintitis a bhfuil a ngníomhaíochtaí ina gcúis le sáruithe tromchúiseacha ar chearta agus saoirsí an duine agus a chuireann an smacht reachta i mbaol;
(n)
a iarraidh ar na gníomhaithe uile staonadh ó ola a úsáid mar ionstraim don choimhlint pholaitiúil agus gach tobar agus críochfort ola a choinneáil ar oscailt; dlús breise a chur le hiarrachtaí laistigh den EWG chun a áitiú ar údaráis na Libia a áirithiú go n-athdháilfear ioncaim ola ar bhealach cóir, trédhearcach, ionchuimsitheach agus inbhuanaithe trí fhís de rathúnas comhroinnte eacnamaíoch a shaothrú do na saoránaigh uile sa tír;
(o)
tacú le hinstitiúidí eacnamaíocha na Libia, rialachas eacnamaíoch na tíre a threisiú agus éagsúlú eacnamaíoch a chur chun cinn;
(p)
oibriú i dtreo comhpháirtíocht fuinnimh níos cobhsaí leis an Libia, rud a chuideodh le cumas na Libia san earnáil a mhéadú agus foinsí fuinnimh AE a éagsúlú; i ndáil leis an méid sin, an cúnamh teicniúil is gá a sholáthar d’údaráis na Libia chun tacú leis an tír agus í ag aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe atá neodrach ó thaobh na haeráide de chun teorainn a chur leis na rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide, ar rioscaí iad atá ag cur isteach go mór ar an tír, i gcomhréir leis an ngné sheachtrach den Chomhaontú Glas don Eoraip agus de Chomhaontú Pháras;
(q)
tacú le hobair luachmhar EUBAM na Libia agus EUNAVFOR MED Irini, dhá mhisean de chuid an chomhbheartais slándála agus cosanta (CBSC), chun rannchuidiú le síocháin, slándáil agus cobhsaíocht inbhuanaithe; leanúint, go háirithe, de thacaíocht a thabhairt do phríomhchúram Irini an trádbhac arm ar an Libia arna fhorchur ag na Náisiúin Aontaithe a chur chun feidhme; a áirithiú go gcomhlíonfaidh an dá mhisean a lánacmhainneacht, rud nárbh amhlaidh go dtí seo; na cumais theicniúla is gá a thabhairt d’Irini chun cosc a chur ar airm a thagann isteach sa Libia ar tír, ar muir nó san aer agus dlús a chur le hiarrachtaí EUBAM ag teorainn theas na Libia;
(r)
an sainordú le haghaidh dhá mhisean seo CBSC a athnuachan, más gá, chun rannchuidiú le dálaí slándála ar an láthair a fheabhsú, lena n-áirítear trí chosc a chur ar sceimhlitheoirí, ar gháinneálaithe ar dhaoine agus ar ghrúpaí armtha gníomhaíochtaí trasteorann a dhéanamh, amhail gáinneáil aindleathach arm; a ráthú go n-urramóidh gach gníomhaíocht a dhéanann nó a éascaíonn an dá mhisean seo cearta an duine agus go mbeidh siad i gcomhréir le dlíthe idirnáisiúnta agus le dlíthe AE, go háirithe le prionsabal an non-refoulement agus cuntasacht a sholáthar le haghaidh sáruithe a d’fhéadfadh a bheith ann; feabhas a chur ar an bhfaireachán a dhéantar ar obair EUBAM chun aon mhíbhainistíocht maidir lena ghníomhaíochtaí agus an misean á chur i gcrích aige a chosc; measúnaithe tionchair agus meastóireachtaí ar chearta an duine a dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí ar fad agus iad a chur ar fáil don Pharlaimint; a ráthú go mbeidh aon tacaíocht do theorainn nó d’fhearas slándála na Libia coinníollach ar an dlí idirnáisiúnta agus ar dhlí an Aontais a urramú;
(s)
acmhainní leormhaithe a áirithiú do ghníomhaíochtaí SAR feadh bhealach na Meánmhara Láir, lena n-áirítear patrólú réamhghníomhach muirí agus aeir ag an Aontas agus ag na Ballstáit, chun cosaint iomlán shaol agus dhínit na ndaoine a ráthú; a áirithiú go gcomhlíonann soithí príobháideacha a dhéanann gníomhaíochtaí SAR an dlí ábhartha idirnáisiúnta agus AE, agus go gcomhoibreoidh siad le húdaráis inniúla na mBallstát agus le Frontex chun sábháilteacht daoine atá i nguais ar muir a chosaint; a áirithiú go ndéanfar imircigh a tarrtháladh ar muir a dhíbhordáil in áiteanna sábháilteachta, agus nach bhfágfar Ballstáit an deiscirt ina n-aonar chun freagracht díbhordála agus glactha a bheith orthu;
(t)
leas a bhaint as cistí leormhaithe AE bunaithe ar athbhreithnithe ar chláir a bhí ann cheana sa tír faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI) – An Eoraip Dhomhanda chun tacú le hiarrachtaí daonlathaithe na Libia agus le tionscadail atá dírithe ar an smacht reachta agus an dea-rialachas a neartú, feabhas a chur ar acmhainneachtaí seachadta seirbhíse poiblí na Libia, tacú le hiarrachtaí díláraithe, cobhsú sa tír a chothú, tacú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, cuimsiú sóisialta a neartú agus neamhionannais a chomhrac, comhionannas inscne agus cumhachtú na mban agus na ndaoine óga a chur chun cinn, córas sláinte na Libia a neartú, an t-athrú aeráide a chomhrac agus coincheap shlándáil an duine agus an fháis chuimsithigh, chothroim agus inbhuanaithe a chur chun cinn; cúnamh teicniúil a chur ar fáil do na tionscadail sin agus a áirithiú go gcuirfidh institiúidí idirnáisiúnta agus eagraíochtaí neamhrialtasacha a bhfuil taithí acu sa Libia chun feidhme iad; a áirithiú go mbeidh na tionscadail sin i gcomhréir le tosaíochtaí an Chláir Oibre Nua don Mheánmhuir agus Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe agus go gcomhlíonfaidh siad critéir Choiste Cúnaimh Forbartha na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta; a ráthú go mbeidh cistí uile an Aontais faoi NDICI – an Eoraip Dhomhanda coinníollach ar urraim do chearta an duine agus don dlí idirnáisiúnta, agus go mbeidh cumhacht leormhaith ag an bParlaimint chun grinnscrúdú a dhéanamh ar a n-úsáid agus chun cuntasacht a áirithiú;
(u)
leanúint de chúnamh daonnúil a chur ar fáil don Libia, agus béim ar leith á leagan ar na grúpaí is leochailí;
(v)
leanúint de bheith ag tacú le sochaí shibhialta na Libia agus ag comhoibriú go gníomhach léi; áiteamh ar údaráis na Libia stop a chur leis an gcos ar bolg foréigneach ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta trí ghabhálacha, coinneálacha, fuadaigh fhorfheidhmithe agus céastóireacht, agus srianta a ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta a chur i leataobh, ar srianta iad a leanann de bhacainní tromchúiseacha a chur ar an tsaoirse cainte, comhlachais agus comhthionóil shíochánta, mar a ráthaítear freisin leis an gCúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, arna dhaingniú ag an Libia;
(w)
tathant ar údaráis na Libia deireadh a chur le srianta víosaí do bhaill den phreas eachtrach agus áitiúil agus sábháilteacht iriseoirí a ráthú;
(x)
tathant ar údaráis na Libia go n-aisghairmfí Dlí Uimh. 19 2001 agus Foraithne Uimh. 286 2019 ón gComhairle Uachtaránachta lena gcuirtear srian ar chumas ghníomhaithe na sochaí sibhialta a ngníomhaíochtaí a dhéanamh, agus Dlí Uimh.76 1972 maidir le foilseacháin, lena gcuirtear srian ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh; tathant ar údaráis na Libia stop a chur saoirsí bunúsacha a choiriúlú trí úsáid a bhaint as airteagail de Chód Coiriúil na Libia, amhail Airteagail 206 agus 207, lena ndéantar foráil do phionós an bháis; tathant ar údaráis na Libia gach duine a choinnítear go míchóir faoi na cúisimh sin a scaoileadh saor láithreach;
(y)
a iarraidh ar údaráis na Libia moratóir a thabhairt isteach maidir le húsáid phionós an bháis, agus é mar chuspóir deireadh a chur leis i ndeireadh na dála;
(z)
a iarraidh ar údaráis na Libia ionadaíocht iomlán agus rannpháirtíocht iomlán na mban a fheabhsú agus iad a chosaint ar gach cineál foréigin; tacú le tionscnaimh atá dírithe ar phlean gníomhaíochta náisiúnta a fhorbairt maidir le mná, an tsíocháin agus an tslándáil, i gcomhréir le rún 1325 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an 31 Deireadh Fómhair 2000;
(aa)
tathant ar údaráis na Libia bearta a fhorbairt agus a ghlacadh chun deireadh a chur le sáruithe ar leanaí agus iad a chosc agus oibleagáidí na Libia a chomhlíonadh maidir le cearta leanaí a chur chun cinn agus a chosaint, agus aird ar leith á tabhairt ar na hoibleagáidí faoin gCoinbhinsiún um Chearta an Linbh agus faoin gCairt Afracach um Chearta agus Leas an Linbh;
(ab)
tathant ar údaráis na Libia deireadh a chur le dlíthe agus cleachtais idirdhealaitheacha i gcoinne daoine de mhionlaigh reiligiúnacha agus eitneacha;
(ac)
cúnamh a thabhairt d’údaráis na Libia chun a áirithiú go bhfillfidh daoine easáitithe ina dtír féin go deonach, go sábháilte agus go díniteach ar a dtithe féin agus tacú leis na geallsealbhóirí ábhartha uile a chuireann cúnamh daonnúil ar fáil do dhaoine atá easáitithe ina dtír féin agus do dhaoine a fhilleann ina dtír féin, lena n-áirítear rochtain ar chúram sláinte bunúsach, ar oideachas agus ar sheirbhísí cosanta;
(ad)
tathant ar údaráis na Libia an éagsúlacht chultúrtha, teanga agus stairiúil a urramú agus deireadh a chur le srianta agus bacainní ar thoilmhianta na bpobal áitiúil a chur in iúl go síochánta maidir le cearta agus freagrachtaí cothroma agus comhionanna faoi chuimsiú Libia aontaithe; leanúint de chúnamh agus de chistí a chur ar fáil do phobail áitiúla, go háirithe do phobail imeallaithe, chun forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe, comhtháthú sóisialta agus slándáil an duine a chothú; comhpháirtíochtaí le bardais na Libia a fhorbairt tuilleadh agus tacú leo a gcórais rialachais áitiúil a neartú agus seirbhísí bunriachtanacha a chur ar fáil, lena n-áirítear oideachas agus cúram sláinte ach gan a bheith teoranta dóibh;
(ae)
tathant ar údaráis na Libia a áirithiú go dtabharfar cosaint d’imircigh, do dhídeanaithe agus d’iarrthóirí tearmann agus a ráthú go mbeidh rochtain iomlán, slán agus neamhchoinníollach ag eagraíochtaí daonnúla, a chuireann cúnamh ríthábhachtach ar fáil do na catagóirí leochaileacha daoine seo, ar phointí díbhordála agus ar sheomraí uile na n-ionad coinneála; údaráis na Libia a spreagadh chun deireadh a chur le srianta ar víosaí do gach pearsanra daonnúil idirnáisiúnta beag beann ar náisiúntacht; acmhainní airgeadais leormhaithe a sholáthar do na gníomhaithe daonnúla sin chun freagairt dhaonnúil éifeachtach a áirithiú laistigh de na hionaid choinneála agus i limistéir uirbeacha;
(af)
tathant ar údaráis na Libia Coinbhinsiún 1951 na Ginéive maidir le Dídeanaithe a shíniú agus a dhaingniú, agus tacaíocht a thabhairt chun na bearta tionlacain a chur chun feidhme;
(ag)
tathant ar údaráis na Libia deireadh a chur le coinneáil threallach inimirceach agus roghanna malartacha ar choinneáil bunaithe ar chearta an duine a chur i bhfeidhm, inter alia trí ionaid coinneála inimirce a dhúnadh agus ionaid ghlactha a oscailt, trí ionaid trí shásraí idirinstitiúideacha scagtha agus tarchuir a fhorbairt agus trí roghanna tithíochta comhphobail a chur ar fáil; chuige sin, tacú go gníomhach le tionscnaimh chun creat reachtach na Libia maidir le himirce agus tearmann a leasú agus iad a chistiú chun é a ailíniú leis an dlí idirnáisiúnta agus le caighdeáin agus prionsabail a aithnítear go hidirnáisiúnta;
(ah)
tathant ar údaráis na Libia chun a áirithiú go gcoinneofar mná faoi choinneáil i saoráidí ina bhfuil banghardaí oilte go leordhóthanach, agus leanaí ar leithligh ó dhaoine fásta neamhghaolmhara;
(ai)
leanúint d’údaráis na Libia a spreagadh chun feabhas a chur ar an gcomhar le tíortha comharsanachta maidir le cruthú conairí slána agus dlíthiúla don imirce;
(aj)
údaráis na Libia a spreagadh chun feabhas a chur ar an gcomhar le tíortha eile agus leis an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce maidir le filleadh deonach, sábháilte agus díniteach na n-imirceach atá sáinnithe sa Libia ar thíortha tionscnaimh agus maidir lena n-athimeascadh sna sochaithe agus sna pobail a fhaigheann iad;
(ak)
caibidlíocht ó Bhallstáit AE a spreagadh maidir le beartas imirce agus tearmainn AE níos uaillmhianaí a fhorbairt ionas nach n-éascófar tarraingt siar neamhdhleathach ag teorainn na Libia nó gaireas slándála na Libia go hindíreach agus filleadh daoine chuig campaí mídhaonna sa Libia, agus gan cistiú a thabhairt do gheallsealbhóirí na Libia agus comhoibriú leo, ar geallsealbhóirí iad a bhfuil líomhaintí inchreidte ina gcoinne maidir le sáruithe tromchúiseacha agus rannpháirtíocht i ngáinneáil ar dhaoine; bealaí sábháilte dleathacha don imirce chuig an Aontas a threisiú, lena n-áirítear trí mhacasamhlú a dhéanamh ar na dea-chleachtais atá ann cheana agus trí acmhainneachtaí na Sásraí Idirthurais Éigeandála agus ghealltanais athlonnaithe na mBallstát a mhéadú;
(al)
tacú go gníomhach, má mheastar gur gá sin, le hathnuachan bhreise ar Mhisean Neamhspleách aimsithe fíoras na Náisiún Aontaithe maidir leis an Libia agus le cur chun feidhme na moltaí a áirítear ina thuarascálacha; a áirithiú go mbeidh acmhainní leormhaithe ag an misean chun a shainordú a chomhlíonadh agus tathant ar údaráis na Libia comhoibriú go hiomlán leis an misean agus rochtain iomlán a thabhairt dá chomhaltaí chun a gcuid imscrúduithe a dhéanamh gan mhoill;
(am)
leanúint de thacaíocht a thabhairt do shainordú na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta agus dá hiarrachtaí lucht déanta coireanna ainghníomhartha a thabhairt os comhair na cúirte, lena n-áirítear sáruithe ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta, leanaí a earcú agus a bheith rannpháirteach go díreach i gcogaíocht, i bhfuadach forfheidhmithe, i maruithe seachbhreithiúnacha agus i gcineálacha eile foréigin i gcoinne pobail leochaileacha;
2. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, agus chuig Coiste na Réigiún.
An chobhsaíocht agus an tslándáil réigiúnach a chur chun cinn i mór-réigiún an Mheánoirthir
197k
69k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Samhain 2022 ar an gcobhsaíocht agus an tslándáil réigiúnach a chur chun cinn i mór-réigiún an Mheánoirthir (2020/2113(INI))
– ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, go háirithe Airteagail 8 agus 21 de,
– ag féachaint do Chomhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainmhínítear rialacha comhchoiteanna faoina rialaítear onnmhairiú teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata(1),
– ag féachaint do rún uaithi an 17 Feabhra 2022 dar teideal ‘Cur chun feidhme an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta – tuarascáil bhliantúil 2021’(2),
– ag féachaint don tuarascáil ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 16 Meitheamh 2021 dar teideal [Tuarascáil CBES – Ár dtosaíochtaí in 2021],
– ag féachaint do Dhearbhú Comhpháirteach idir an tAontas Eorpach agus Gníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Fhóirithint agus Oibreacha ar mhaithe le dídeanaithe Palaistíneacha sa Neasoirthear (UNRWA) an 17 Samhain 2021 maidir le tacaíocht an Aontais Eorpaigh do UNRWA (2021–2024),
– ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2022 maidir le comhpháirtíocht straitéiseach leis an Murascaill (JOIN(2022)0013), agus do chonclúidí ón gComhairle an 20 Meitheamh 2022 ina leith,
– ag féachaint do Rún 66/290 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 10 Meán Fómhair 2012 dar teideal Follow-up to paragraph 143 on human security of the 2005 World Summit Outcome [Obair leantach ar mhír 143 maidir le slándáil an duine de Dhoiciméad Deiridh ó Chruinniú Mullaigh Domhanda 2005],
– ag féachaint do Rún 1325 (2000) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an 31 Deireadh Fómhair 2000 maidir le mná, an tsíocháin agus an tslándáil,
– ag féachaint do Rún 70/1 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 25 Meán Fómhair 2015 dar teideal Transforming our world: the 2030 Agenda for Sustainable Development [I mbun athraithe: Clár oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe],
– ag féachaint do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe,
– ag féachaint do rún uaithi an 23 Deireadh Fómhair 2020 maidir le comhionannas inscne i mbeartas eachtrach agus slándála AE(3),
– ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0256/2022),
A. de bhrí go bhfuil na tíortha i mór-réigiún an Mheánoirthir dá dtagraítear sa tuarascáil seo, lena gcuimsítear an limistéar idir an Mheánmhuir agus Murascaill na Peirse, an-éagsúil; de bhrí gur réigiún straitéiseach é sin do AE i bhfianaise a shuímh gheografaigh agus a naisc choiteanna agus go bhfuil gá le cur chuige fadtéarmach agus beartas comhordaithe ina leith, ina gcuirtear cuspóirí an Aontais san áireamh maidir le luachanna na síochána, na slándála agus chosaint chearta an duine a chur chun cinn i ndlúthchomhlíonadh an dlí idirnáisiúnta; de bhrí go bhfuil cobhsaíocht agus slándáil na hEorpa agus mór-réigiún an Mheánoirthir idirspleách, agus de bhrí go bhfuil coinbhleachtaí leanúnacha a bhfuil gnéithe láidre réigiúnacha agus seachréigiúnacha ag baint leo ina sainghnéithe den staid slándála sa réigiún faoi láthair, ar staid í atá leochaileach agus ar cúis imní an-mhór í;
B. de bhrí go bhfuil réigiún an Mheánoirthir buailte le ráigeanna éagobhsaíochta, a eascraíonn as teannas geopholaitiúil struchtúrach agus as tosca inmheánacha leanúnacha araon, amhail dúshláin forbartha socheacnamaíche, rialachas lag agus radacachas reiligiúnach; de bhrí gur fhulaing go leor tíortha i mór-réigiún an Mheánoirthir mar thoradh ar chogadh, ar an éagobhsaíocht agus ar ghéarchéimeanna sóisialta agus airgeadais; de bhrí gur tháinig eagraíochtaí sceimhlitheoireachta i dtír ar an éagobhsaíocht agus ar an staid slándála agus gurb iad ba chúis le mórán sibhialtach bás a fháil; de bhrí, sa chomhthéacs corrach sin, agus i bhfianaise an chaidrimh stairiúil agus comharsanachta, go bhfuil ról lárnach ag AE tacaíocht a thabhairt don réigiún i ndáil leis an gcobhsaíocht a bhaint amach; de bhrí nach mór do AE, mar ghníomhaí domhanda, a bheith in ann é féin a chur in iúl mar chomhpháirtí fiúntach, agus leas á bhaint as a chumais idirghabhála chun cabhrú le tíortha an Mheánoirthir an chobhsaíocht agus rathúnas a bhaint amach;
C. de bhrí go bhfuil an tionchar agus an ról atá ag Ballstáit éagsúla AE sa réigiún an-mhíchothrom, mar gheall ar na naisc shonracha stairiúla, chultúrtha agus shocheacnamaíocha atá eatarthu; de bhrí go bhfuil na cuspóirí coiteanna slándála agus cobhsaíochta ag Ballstáit uile AE, chomh maith le cearta an duine agus an daonlathas a chur chun cinn; de bhrí gur féidir tuairimí frithráiteacha nó contrártha i dtíortha an réigiúin teacht as na difríochtaí sin uaireanta, chomh maith le straitéisí iomaíochta a dhéanann dochar mór do AE agus cur chuige níos comhleanúnaí agus níos éifeachtaí á bhaint amach aige; de bhrí go bhfuil beartas AE dírithe níos mó agus níos mó ar shaincheisteanna na himirce agus an tearmainn, chomh maith leis an bhfrithsceimhlitheoireacht; de bhrí gur gá freisin díriú ar bhunchúiseanna na héagobhsaíochta chun straitéisí agus réitigh fhadtéarmacha a sholáthar i leith dúshláin chomhroinnte;
D. de bhrí go bhfuil go leor coimhlintí lasánta a bhaineann le hábhair stáit, eitneacha agus reiligiúnacha i Murascaill na Peirse ar dócha nach amháin go mbuanóidh siad géarchéimeanna reatha, amhail an ghéarchéim in Éimin, ach go gcuirfidh siad leis an éagobhsaíocht ar fud an réigiúin freisin;
E. de bhrí gur cúis mhór imní iad na coinbhleachtaí gan réiteach sa Libia agus sa tSiria, agus go gcuireann siad bac ar chobhsaíocht an réigiúin ina iomláine; de bhrí go bhfuil gníomhaithe tríú páirtí, amhail an Iaráin, an Rúis, agus Türkiye sa tSiria, i láthair sna tíortha sin agus go bhfuil grúpaí míleata agus paraimíleata lánpháirteacht sna coinbhleachtaí sin, amhail Grúpa Wagner na Rúise; de bhrí go bhfuil Éimin i lár géarchéim fhada pholaitiúil agus dhaonnúil, ar measa fós í mar gheall ar an gcogadh, agus go bhfuil sreabhadh leanúnach arm isteach sa tír; de bhrí go bhfuil cabhair dhaonnúil agus cosaint ag teastáil ó 80 % den daonra, arb ionann sin agus 24,1 milliún duine; de bhrí gurb é an cogadh in Éimin an ghéarchéim dhaonnúil is mó ar domhan anois; de bhrí go bhfuil coinbhleachtaí leanúnacha sóisialta agus polaitiúla san Iaráic agus sa Liobáin ina bhfuil cumhachtaí réigiúnacha éagsúla ag iarraidh tionchar a imirt ar an bpobal áitiúil chun a rialú a mhéadú; de bhrí gur in olcas a d’fhéadfadh na coinbhleachtaí dul; de bhrí gur cúis éagobhsaíochta go fóill í forghabháil leanúnach Iosraelach ar na críocha Palaistíneacha; de bhrí go raibh tionchar ag coinbhleachtaí sa réigiún ar shaol na milliún dídeanaithe a raibh orthu teitheadh óna dtíortha, lena n-áirítear thart ar 14 mhilliún Palaistíneach(4), 7 milliún Siriach(5), 2 mhilliún Iarácach(6) agus 1,7 milliún Éimineach(7);
F. de bhrí go leanann UNRWA de bheith ag rannchuidiú leis an gcobhsaíocht agus an tsíocháin réigiúnach; de bhrí nach bhfuil cistiú leormhaith aici chun a sainordú a chomhlíonadh, rud atá ríthábhachtach d’fhorbairt dhaonna cuid de na dídeanaithe is leochailí ar domhan agus chun tacaíocht dhaonnúil a thabhairt dóibh, agus dá bhrí sin, gur príomhghné de straitéis AE í tacaíocht leanúnach AE do UNRWA chun rannchuidiú leis an tslándáil, an chobhsaíocht agus an fhorbairt a chur chun cinn sa réigiún;
G. de bhrí, in ainneoin tosaíocht níos ísle a thabhairt don réigiún, go bhfuil ról ábhartha fós ag SAM, lena n-áirítear trí láithreacht dhíreach mhíleata agus slándála, ar láithreacht í atá ag laghdú ach a bhfuil ról cinntitheach aici fós in go leor tíortha; de bhrí go bhfuil an Rúis tagtha chun cinn mar ghníomhaí míleata sa réigiún tar éis di idirghabháil a dhéanamh in 2015 chun tacú le réimeas na Siria;
H. de bhrí gur chomhaontaigh Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha agus Bairéin an 15 Meán Fómhair 2020 a gcaidreamh taidhleoireachta le hIosrael a normalú trí Chomhaontuithe Abrahám, mar a thugtar orthu, a shíniú;
I. de bhrí, le cruinniú mullaigh an 27 agus an 28 Márta 2022 idir Iosrael, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, Bairéin, an Éigipt agus Maracó ina raibh sé mar aidhm cur chuige réigiúnach nua maidir leis an tslándáil a chruthú agus a gcomhar a mhéadú, ar fhreastail Rúnaí Stáit SAM air freisin, gur réitíodh an bealach do chur chuige réigiúnach nua i leith na slándála; de bhrí, ó 2011 i leith, go bhfuil tionchar na hIaráine méadaithe go suntasach sa réigiún; de bhrí, ag cruinniú mullaigh bliantúil Chomhairle Comhair na Murascaille in Al-Ula in 2021, gur chuir an Araib Shádach, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, an Éigipt agus Bairéin deireadh lena mbaghcat ar Chatar tar éis beagnach ceithre bliana; de bhrí, in 2021, gur rannchuidigh cainteanna idir an Araib Shádach agus an Iaráin agus idirphlé ardleibhéil idir an Iaráin agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha le díghéarú sa réigiún;
J. de bhrí gur príomhonnmhaireoirí iad an Úcráin agus an Rúis i leith gráin agus leasacháin do tháirgí talmhaíochta do roinnt tíortha sa réigiún, ar tíortha iad atá leochaileach agus a bhraitheann go mór ar na táirgí sin; de bhrí go bhfuil ganntanas cruithneachta agus gránach ann mar thoradh ar chogadh na Rúise san Úcráin agus ar a himshuí ar ghrán na hÚcráine, agus go bhféadfadh sé go mbeadh suas le 49 milliún duine faoi dhálaí ar cosúil le gorta iad; de bhrí go bhfuil suaitheadh a bhaineann leis an gcogadh ag cur leis an ardú atá ag teacht ar phraghsanna bia cheana féin agus leis an mbochtaineacht;
K. de bhrí go leanann Ballstáit AE d’airm a onnmhairiú chuig tíortha sa réigiún; de bhrí go bhfuil comhsheasamh bunaithe ag AE lena leagtar amach rialacha comhchoiteanna faoina rialaítear onnmhairiú teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata(8);
L. de bhrí gur príomh-chomhpháirtithe trádála iad na tíortha sa réigiún do AE agus go bhfuil naisc eacnamaíocha thábhachtacha idir an dá thaobh; de bhrí gur tháinig méadú ar an teagmháil le Comhairle Comhair Stáit Arabacha na Murascaille (CCSAM) agus le tíortha eile sa réigiún maidir le hallmhairiú acmhainní fuinnimh isteach in AE mar thoradh ar an ngéarchéim dhomhanda fuinnimh leanúnach, ar measa fós í mar gheall ar chogadh na Rúise san Úcráin; de bhrí go bhfuil acmhainneacht ann do chomhar níos láidre i réimsí eile, amhail an t-aistriú glas, maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, turasóireacht, rialachas níos fearr, oideachas, cultúr agus cearta an duine; de bhrí gur leagadh amach sa teachtaireacht chomhpháirteach maidir le comhpháirtíocht straitéiseach leis an Murascaill an iliomad réimsí leasa choitinn idir AE, CCSAM agus tíortha eile na Murascaille; de bhrí gur mhéadaigh tíortha Arabacha na Murascaille a gcabhair dhaonnúil agus forbartha idirnáisiúnta;
M. de bhrí go bhfuil mór-réigiún an Mheánoirthir i measc na réigiún is mó a ndéanann an t-athrú aeráide difear dóibh ar fud an domhain, agus go bhfuil teochtaí ag ardú dhá uair níos tapa sa mhór-réigiún sin leis an meánteocht domhanda; de bhrí go bhfuil an iliomad dúshlán comhshaoil roimh thíortha an réigiúin, amhail fairsingiú fásaigh, cailliúint na bithéagsúlachta, truailliú i limistéir mhuirí agus chósta, truailliú aeir agus saincheisteanna a bhaineann le ganntanas agus cáilíocht uisce, a bheidh níos measa fós mar gheall ar an athrú aeráide; de bhrí go bhfuil méadú seasta ag teacht ar mhinicíocht agus ar dhéine stoirmeacha gainimh sa réigiún; de bhrí go bhfuil ganntanais uisce, fairsingiú fásaigh agus neamhshlándáil an tsoláthair bia de dheasca na haeráide ina mbagairt ar shlándáil an duine agus go bhféadfadh siad coinbhleachtaí atá ann cheana a ghéarú nó coinbhleachtaí nua a spreagadh sa réigiún; de bhrí go bhfuil gá le méadú ar theagmháil le comhpháirtithe sa réigiún i bhfianaise na géarchéime domhanda fuinnimh leanúnaí; de bhrí go bhfuil acmhainneacht ann do chomhar níos láidre i réimsí eile amhail an t-aistriú glas, rialachas níos fearr agus cearta an duine; de bhrí gur féidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip bealaí a chruthú le haghaidh comhar cuiditheach idir AE agus tíortha sa réigiún; de bhrí go mbeidh ar AE fuinneamh in-athnuaite a allmhairiú chun a spriocanna aeráide a bhaint amach; de bhrí, i gcomhthéacs na n-iarrachtaí domhanda chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus dífheistiú ó bhreoslaí iontaise, nach mór do thíortha mhór-réigiún an Mheánoirthir a ngeilleagair a éagsúlú, ar geilleagair iad a bhraitheann go mór ar eastóscadh agus ar thrádáil hidreacarbón; de bhrí, i mí Dheireadh Fómhair 2021, gur gheall Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha glanastaíochtaí nialasacha a bhaint amach faoi 2050, gur gheall an Araib Shádach astaíochtaí glan-nialasacha a bhaint amach ar bhonn intíre faoi 2060 agus gur gheall Catar laghdú 25 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach faoi 2030;
N. de bhrí gur cúis imní iad fadhbanna a bhaineann le rialachas neamhchuimsitheach agus le sáruithe ar an smacht reachta, ar chearta an duine agus ar shaoirsí bunúsacha, chomh maith le sceimhlitheoireacht, éilliú agus trasnaíocht eachtrach sa réigiún, agus gur foinsí suntasacha éagobhsaíochta agus neamhshlándála iad; de bhrí go bhfuil méadú tagtha ar phríosúnacht agus ar chéasadh daoine síochánta ón bhfreasúra polaitiúil, cosantóirí chearta an duine agus gníomhaithe sóisialta i roinnt tíortha ar fud an réigiúin mar fhreagairt ar thoilmhianta daonlathacha dlisteanacha agus go bhfuil an bealach á réiteach acu le haghaidh tuilleadh coinbhleachta; de bhrí, de réir tuarascálacha, gur cláraíodh 520 bású i seacht dtír in 2021 – an Éigipt, an Iaráin, an Iaráic, an Araib Shádach, an tSiria, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha agus Éimin – arb ionann an líon sin agus méadú 19 % ar fhigiúirí 2020; de bhrí go bhfuil drochthionchar ag an éilliú atá fréamhaithe go domhain ar fhostaíocht, ar fhás agus ar fhorbairt agus go gcuireann sé as do chumas na stát a n-oibleagáid a chomhlíonadh maidir le cearta daonna daoine aonair a chur chun cinn, a urramú agus a chosaint laistigh dá ndlínsí; de bhrí go gcuireann na leibhéil is airde dífhostaíochta i measc na hóige ar domhan agus príosúnacht agus céasadh daoine ón bhfreasúra polaitiúil agus gníomhaithe sóisialta ar fud an réigiúin le teannas agus coinbhleacht;
O. de bhrí go bhfuil baint dhearfach ag na sainmhínithe ar chobhsaíocht agus ar shlándáil le forbairt dhaonlathach agus le hurraim don smacht reachta; de bhrí go ndeimhnítear le taighde(9) a rinneadh le déanaí ar an ngeilleagar polaitiúil go bhfuil ‘éifeacht dhearfach shuntasach ó thaobh an gheilleagair agus staidrimh de ag an daonlathas ar OTI per capita amach anseo’, agus go dtugann an taighde le tuiscint go dtagann ‘méadú thart ar 20-25 % ar OTI fhadtéarmach sna 25 bliana tar éis próiseas daonlathaithe’; de bhrí go bhfuil an dianteannadh ar iolrachas na meán agus ar shaoirse an phreasa tar éis an réigiún a dhíchobhsú tuilleadh, trí chur chun cinn an fhoréigin a mhéadú agus trí dhíspeagadh a dhéanamh de ghuthanna uile an fhreasúra;
P. de bhrí, de réir UNICEF, gurb ionann leanaí agus daoine óga (0-24 bliana d’aois) sa Mheánoirthear agus san Afraic Thuaidh agus beagnach leath de dhaonra an réigiúin faoi láthair; de bhrí, de réir Shuirbhé 2021 ar an tAos Óg Arabach, go bhféachtar ar an gcostas maireachtála atá ag ardú agus ar shaincheisteanna ‘boird cistine’ eile mar na dúshláin is mó atá roimh an réigiúin, ós rud é go bhfuil deacrachtaí ag níos mó ná aon trian de na hArabaigh óga greim a choinneáil faoin bhfiacail; de bhrí gur coinníodh na céadta leanaí Eorpacha le breis agus ceithre bliana i gcampaí coinneála Al-Hol agus Al-Roj;
Q. de bhrí gur cheart treoirlínte AE maidir le Cearta an Duine, lena n-áirítear treoirlínte AE maidir leis an bhforéigean in aghaidh na mban agus na gcailíní agus le cur chun cinn chearta na mban agus an chomhionannais inscne, a neartú agus a bheith i gcroílár straitéis AE don réigiún; de bhrí go bhfuil cearta daonna na mban á sárú go córasach agus go bhfuil gníomhaithe chearta na mban fós á gciapadh, á n-imeaglú, á gcoinneáil agus á gcur i bpríosún sa réigiún nó go bhfuil bac taistil á chur orthu; de bhrí go bhfuil maruithe onóra fós forleathan in go leor tíortha i mór-réigiún an Mheánoirthir, agus go bhfuil go leor ban fós ina gcónaí i mbraighdeanas pósta; de bhrí gur léiríodh go bhfuil sé tairbhiúil mná a áireamh go hiomlán i gcosc agus i réiteach coinbhleachtaí chun slándáil agus cobhsaíocht a chur chun cinn ar fud an domhain; de bhrí, le blianta beaga anuas, go raibh béim shuntasach ar fud CCSAM ar ionadaíocht na mban sa lucht saothair, agus i mbardais agus i bparlaimintí, a mhéadú;
R. de bhrí gur íospartaigh an diansmachta agus an fhoréigin fos iad daoine LADTI ar fud an réigiúin agus go bhfuil an pionós an bháis fós i bhfeidhm in go leor tíortha sa réigiún;
S. de bhrí go leantar de ghéarleanúint a dhéanamh ar mhionlaigh reiligiúnacha agus eitneacha, lena n-áirítear Críostaithe, in go leor tíortha sa Mheánoirthear, agus de bhrí gur cheart a ráthú go mbeadh a gcearta agus a saoirsí á dteachtadh go hiomlán;
T. de bhrí gur tháinig meath breise ar an ngéarchéim maidir le cearta an duine a bhí ann cheana mar gheall ar na himeachtaí a tharla san Iaráin le déanaí; de bhrí, tar éis bhás Mahsa Amini, go bhfuil ollagóidí tar éis teacht chun cinn ar fud na tíre agus go bhfuil bearta diansmachta doghlactha tugtha ag údaráis na hIaráine mar fhreagairt orthu, a bhí dírithe ar mhná go háirithe a bhí ag agóid i gcoinne mí-úsáidí agus idirdhealú chórasach;
Staid reatha
1. á thabhairt chun suntais gur saintréith na staide reatha i mór-réigiún an Mheánoirthir is ea na coinbhleachtaí leanúnacha atá fós ann, lena n-áirítear coinbhleachtaí ionadacha tubaisteacha a bhfuil gné réigiúnach ag baint leo agus géarchéimeanna a bhfuil iliomad foinsí ag baint leo, rud a fhágann go bhfuil forbairt straitéise Eorpaí domhanda an-chasta, ós rud é nach mór d’aon ranníocaíocht a bheith ilghnéitheach agus a chur in oiriúint do shainiúlachtaí gach cáis, agus gné chomhleanúnach réigiúnach agus idirnáisiúnta á coinneáil ag an am céanna; á chur i bhfáth nach mór d’aon rannpháirtíocht ó Bhallstáit AE nó ó pháirtithe seachtracha eile, go háirithe an Rúis, a bheith dírithe ar na coinbhleachtaí a réiteach agus ar shlándáil agus cobhsaíocht a mhéadú; ag tabhairt dá haire go bhfuil coinbhleachtaí folaigh ann, chomh maith le coinbhleachtaí leanúnacha, nach mór do AE a chur san áireamh agus a straitéis fhadtéarmach á bunú aige chun dul i ngleic le bunchúiseanna na héagobhsaíochta sa réigiún;
2. á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí AE an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine, forbairt eacnamaíoch agus saoirsí bunúsacha a chur chun cinn i réigiún an Mheánoirthir agus á iarraidh ar AE gach tír a spreagadh tuilleadh chun athchóirithe polaitiúla agus eacnamaíocha a dhéanamh;
3. á chur i bhfáth go bhfuil AE ag cur clár oibre síochána agus cobhsaíochta chun cinn agus go bhfuil sé réidh le comhoibriú go dlúth agus le modhanna, taithí agus dea-chleachtais a chomhroinnt maidir le cosc coinbhleachtaí, idirghabháil agus frithsceimhlitheoireacht, ar an leibhéal déthaobhach agus réigiúnach araon;
4. á chur i bhfios go láidir go bhfuil a leasanna féin ag an Aontas sa Mheánoirthear ar a dtugtar aird ar leith toisc gur limistéar é a bhfuil tionchar aige ar shlándáil an Aontais agus ar a chuid saoránach, eadhon an tsíocháin, an chobhsaíocht agus díghéarú an teannais sa mhór-réigiún a chur chun cinn, an t-athrú aeráide a chomhrac, comhar maidir le fuinneamh glan a tháirgeadh, an t-iltaobhachas a chur chun cinn agus a chur chun feidhme, urraim do chearta an duine, don smacht reachta agus don dea-rialachas a chur chun cinn, rathúnas a mhéadú, freastal ar riachtanais dhomhanda forbartha agus dhaonnúla atá ag fás agus sláinte dhomhanda a chur chun cinn; á chur i bhfáth go bhfuil slándáil AE idirspleách ar an tslándáil sa Mheánoirthear agus gur cheart go gcuirfeadh ionstraimí cistiúcháin AE, amhail an tSaoráid Eorpach Síochána agus an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda, agus cabhair agus oibríochtaí daonnúla atá dírithe ar an réigiún go mór le cobhsaíocht agus rathúnas an réigiúin; á chur i bhfáth go bhfuil údaráis ábhartha AE freagrach as leanúint de chuntasacht agus trédhearcacht airgeadais a áirithiú bunaithe ar an modheolaíocht atá ann cheana maidir le bainistíocht feidhmíochta agus córas tuairiscithe agus nach féidir aon chistiú ón Aontas a atreorú chuig eagraíocht nó gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta;
5. á chur i bhfáth go bhfuil gníomhaithe domhanda agus réigiúnacha, nach bhfuil a gcabhair ar fad coinníollach ar phrionsabail an dea-rialachais arna gcur chun cinn ag AE, ag cur dlús lena n-iarrachtaí, go háirithe i réimse na ngnóthaí míleata le tíortha na hAfraice, agus go bhfuil siad ag baint an bhoinn ó shásraí iltaobhacha atá fíor-riachtanach do choimeád na síochána;
6. ag tabhairt dá haire go bhfuil athruithe stairiúla tagtha ar an réigiún ó Earrach na nArabach in 2011; á chur i bhfáth, áfach, gurb é an cinneadh a rinne réimis fhorlámhacha áirithe foréigean a úsáid i gcoinne agóidí síochánta agus cáineadh, inter alia, ba chúis leis an éagobhsaíocht a lean; á mheas go bhfuil an méadú ar an bpolarú fritorthúil do spriocanna AE i réimse na cobhsaíochta agus na slándála; á iarraidh ar AE an t-iltaobhachas agus an comhtháthú réigiúnach a chothú sa Mheánoirthear i gcoitinne trí chomhpháirtíocht institiúideach AE-GCC agus tríd an gComhpháirtíocht Eora-Mheánmhara, lena n-áirítear caidreamh láidir idirpharlaiminteach; ag spreagadh AE ag an am céanna feabhas a chur ar a phléití agus comhpháirtíochtaí déthaobhacha leis na geallsealbhóirí uile atá tiomanta go mór do thabhairt isteach na síochána agus na cobhsaíochta sa réigiún;
7. á thabhairt chun suntais go bhféadfadh ról tábhachtach a bheith ag AE i ndlúthchomhar a bheith aige le comhpháirtithe sa réigiún, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta, guthanna síochánta ón bhfreasúra, ceardchumainn agus an pobal gnó, ar an leibhéal déthaobhach, réigiúnach agus idirnáisiúnta chun cuidiú le freagairt chomhchoiteann a chruthú chun cobhsú agus forbairt a bhaint amach, rud atá ríthábhachtach chun cobhsaíocht a chothú; ag moladh, dá réir sin, na hiarrachtaí atá déanta ag gníomhaithe réigiúnacha, amhail an Iaráic, Cuáit, Óman agus Catar, rannpháirtíocht taidhleoireachta chuiditheach idir-réigiúnach a chur chun cinn, lena n-áirítear trí thionscnaimh amhail Comhdháil Bagdad um Chomhar agus um Chomhpháirtíocht in 2021 agus na cainteanna normalaithe idir an Iaráin agus an Araib Shádach arna n-éascú ag an Iaráic; á iarraidh ar AE tacú leis na hiarrachtaí taidhleoireachta sin nuair is féidir agus úinéireacht agus freagracht réigiúnach as maolú teannais a spreagadh; á iarraidh, dá bhrí sin, go bhfeabhsófaí an comhar le heagraíochtaí réigiúnacha, amhail GCC agus Léig na Stát Arabach;
8. á chur in iúl gur geal léi an teachtaireacht chomhpháirteach maidir le comhpháirtíocht straitéiseach leis an Murascaill chun comhar fadréimseach le tíortha GCC i réimsí éagsúla a chur chun cinn; á mheas gur céim thábhachtach í an teachtaireacht chun ról thíortha Arabacha na Murascaille sa réigiún a aithint agus chun bonn nua a chur faoin gcaidreamh idir-réigiúnach idir AE agus an Mhurascaill; á chreidiúint go mb’fhearrde an teachtaireacht dá mba rud é go raibh beartais forbartha inti agus iad dírithe ar an easpa muiníne atá ann cheana idir geallsealbhóirí éagsúla sa Mhurascaill, lena n-áirítear GCC, an Iaráic agus an Iaráin, a shárú; á mheas gur cheart do AE tacú le comhar atá dírithe ar shaincheisteanna idir gníomhaithe réigiúnacha maidir le dúshláin choiteanna, amhail an t-athrú aeráide, tubaistí nádúrtha, trádáil agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, mar mhodh chun muinín a chothú sa réigiún; ag moladh ról lárnach an chomhair san aistriú glas ach á chur in iúl gur oth léi, áfach, go raibh easpa rannpháirtíochta níos criticiúla ann i leith dhrochtheist chearta an duine agus bheartas eachtrach agus slándála achrannach na dtíortha lena mbaineann; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit a chur i bhfáth go láidir gur cheart comhpháirtíocht níos dlúithe le tíortha na Murascaille a nascadh le tagarmharcanna soiléire dul chun cinn maidir le cearta an duine, lena n-áirítear maidir le cuntasacht as coireanna cogaidh in Éimin, cearta na mban, saoirse cainte agus comhlachais, scaoileadh cosantóirí chearta an duine, moratóir maidir le pionós an bháis, cearta oibrithe imirceacha agus ailíniú i bhfóraim idirnáisiúnta; á chur in iúl gur geal léi an togra sa teachtaireacht chomhpháirteach chun dlús a chur le rannpháirtíocht AE le tíortha na Murascaille maidir le cabhair dhaonnúil agus forbartha idirnáisiúnta a chistiú; á iarraidh ar an gCoimisiún deontóirí na Murascaille a spreagadh chun níos mó dá gcabhair dhaonnúil agus forbartha a chur i dtreo institiúidí iltaobhacha(10), ós rud é gur cabhair dhéthaobhach a thugann siad den chuid is mó agus nach dtéann ach 1-6 % den chabhair chuig institiúidí iltaobhacha; á mholadh don Choimisiún cúnamh a thairiscint do na tíortha faoi seach chun athmhachnamh a dhéanamh ar a gcuspóirí cabhrach, chomh maith le feabhas a chur ar an gcomhar agus ar an gcomhordú eatarthu féin agus idir iadsan agus AE araon;
9. ag cáineadh na n-ionsaithe foréigneacha leanúnacha ar mhuintir Éimin ó 2015, arb iad is cúis leis na mílte bás, le scriosadh príomhbhonneagair shibhialtaigh agus le gorta forleathan; á mheabhrú nach féidir aon réiteach míleata a fháil ar an gcoinbhleacht in Éimin agus nach féidir an ghéarchéim a réiteach ar bhealach inbhuanaithe ach amháin trí phróiseas caibidlíochta cuimsitheach faoi stiúir Éimin agus faoi úinéireacht Éimin a mbeidh baint ag gach cuid de shochaí Éimin agus ag gach páirtí sa choinbhleacht ann; á iarraidh ar Bhallstáit AE onnmhairiú arm a úsáidtear sa chogadh in Éimin a chur ar fionraí, i bhfianaise an bhaoil thromchúisigh go ndéanfar sáruithe ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta nó ar an dlí daonnúil; á cháineadh go bhfuil líon suntasach arm agus comhpháirteanna á soláthar ag daoine aonair agus eintitis de chuid na hIaráine do ghluaiseacht Houthi; á chur in iúl gur geal léi an fógra i mí Aibreáin 2022 a bhí faoi stiúir na Náisiún Aontaithe maidir le sos cogaidh in Éimin idir an chomhghuaillíocht atá faoi stiúir na hAraibe Sádaí agus reibiliúnaithe Houthi a bhfuil tacaíocht na hIaráine acu, agus gur athnuadh i mí an Mheithimh 2022 é; á áitiú gur cheart go mbeadh an sos cogaidh ar an gcéad chéim chun an bealach a réiteach do chainteanna síochána inchreidte idir na páirtithe in Éimin, ar cheart go n-eascródh deireadh leis an gcogadh agus le ceann de na tubaistí daonnúla is mó ar domhan as; á chur i bhfáth nach féidir an choinbhleacht a réiteach go fírinneach gan cuntasacht as coireanna cogaidh líomhnaithe; á iarraidh ar na páirtithe uile an sos cogaidh a urramú agus dul i mbun caibidlíochta de mheon macánta chun socruithe inmharthana polaitiúla agus slándála a bhaint amach, i gcomhréir le Rún 2216 (2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, mar aon le sásraí cur chun feidhme comhpháirteacha Mhisean na Náisiún Aontaithe chun Tacú le Comhaontú Hodeidah agus leis an sos comhraic domhanda, mar a iarradh le Rún 2532 (2020) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe; ag iarraidh aird a tharraingt ar an tubaiste dhaonnúil arb é an cogadh in Éimin, atá ar siúl ó 2016, is cúis léi; á iarraidh ar na páirtithe uile cloí leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus páirt iomlán a ghlacadh sna cainteanna síochána faoi stiúir na Náisiún Aontaithe;
10. á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an géarú atá tagtha ar an teannas san Iaráic, lena n-áirítear trasnaíocht eachtrach, atá ina bhagairt ar obair institiúidí ríthábhachtacha stáit sa tír; á iarraidh ar na páirtithe uile an tsrian is mó is féidir a fheidhmiú agus fanacht socair, ós rud é go bhfuil sé ríthábhachtach do na gníomhaithe uile aon ghníomhaíochtaí a bhféadfadh tuilleadh foréigin a bheith mar thoradh orthu a sheachaint; ag athdhearbhú thacaíocht bhuanseasmhach AE do shlándáil, cobhsaíocht agus ceannasacht na hIaráice; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an staid san Iaráic agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil frustrachas mór ann i measc phobal na hIaráice a mhéid a bhaineann le héilliú leanúnach sa tír; á mholadh do AE agus dá Bhallstáit rannchuidiú leis an gcobhsaíocht san Iaráic trí thacú le hatógáil agus athmhuintearas iarchoinbhleachta, chomh maith le forbairt institiúidí cuntasacha, chun an tír a chosaint ar iomaíocht gheopholaitiúil agus chun deighiltí sóisialta a dhúnadh; á chur i bhfios go láidir gur gá aghaidh a thabhairt ar scriosadh na hoidhreachta cultúrtha agus ar chreachadh saothar ealaíne agus earraí cultúrtha eile le linn coinbhleachtaí armtha ó thaobh atógáil agus aiseag araon chun sláine na hoidhreacht cultúrtha agus na féiniúlachta atá ag sochaithe, pobail, grúpaí agus daoine aonair a chosaint agus a áirithiú; ag tabhairt dá haire a ábhartha atá Misean Comhairleach AE san Iaráic; á chur i bhfios go láidir, áfach, nach mór dó é féin a athchóiriú chun a thionchar ar an láthair a mhéadú, i gcomhar le húdaráis na hIaráice;
11. á mheabhrú gur toradh í an choinbhleacht sa Liobáin ar chliantachas na ngníomhaithe polaitiúla, mar aon le héilliú eindéimeach, agus nach mór go mbeadh aon chabhair airgeadais ó AE ag brath ar rialtas daonlathach agus cuimsitheach a ghlacfaidh seasamh soiléir i gcoinne an éillithe; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di fad na géarchéime polaitiúla, eacnamaíche, airgeadais agus sóisialta sa Liobáin, atá fós ina cúis le fulaingt ar fud an daonra; á chur in iúl gur geal léi na toghcháin pharlaiminteacha sa Liobáin a reáchtáladh an 15 Bealtaine 2022 agus á iarraidh go mbunófaí rialtas nua atá dírithe ar mhisin, atá inchreidte agus cuntasach agus atá saor ó thionchar eachtrach; á iarraidh ar Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) agus ar na Ballstáit leanúint de bhrú daingean a chur ar ionadaithe polaitiúla na Liobáine i dtreo an athchóirithe, lena n-áirítear trí thacaíocht struchtúrach ar mhórscála a shocrú maidir le fíorathrú a chur chun feidhme; á iarraidh, ag an am céanna, ar AE agus ar a Bhallstáit cúnamh daonnúil do mhuintir na Liobáine a mhéadú, mar aon le tacaíocht do chroísheirbhísí poiblí, d’eagraíochtaí an phobail agus don tsochaí shibhialta;
12. á chur i bhfáth go bhfuil freagracht ar leith ar réimeas na Siria; á chur i bhfios go láidir go bhfuil freagracht ar leith ar an Rúis, mar bhuanchomhalta de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, a rinne rúin ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chrosadh 18 n-uaire ó 2011, ar rúin iad arb é is aidhm leo teacht ar réiteach polaitiúil ar an ngéarchéim sa tSiria; á chur in iúl gur geal léi cinneadh mhí Aibreáin 2021 ón Eagraíocht um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha comhaltaí na Siria a chur ar fionraí ón eagraíocht; á mheabhrú go bhfuil cogadh cathartha na Siria ar cheann de na choinbhleachtaí is marfaí sa réigiún leis na deicheanna de bhlianta, agus go raibh bású leathmhilliún duine agus easáitiú éigeantach 14 mhilliún Siriach mar thoradh air; ag meabhrú na tragóide daonna a bhí ann mar gheall ar easáitiú os cionn leath de dhaonra na Siria go hinmheánach agus mar dhídeanaithe ar fud an réigiúin agus na hEorpa; á chur i bhfáth gur gá deireadh a chur le forghabháil leanúnach codanna éagsúla den tSiria ag gníomhaithe réigiúnacha; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le réiteach ar an gcoinbhleacht leanúnach sa tSiria bunaithe ar an daonlathas agus ar cheannasacht agus iomláine chríochach na tíre; á chur i bhfios go láidir nach mór teacht ar an rún sin trí idirphlé; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí uile AE, a Bhallstát agus na sochaí sibhialta coireanna in aghaidh an chine dhaonna a dhoiciméadú agus a ionchúiseamh agus á iarraidh ar AE dlús a chur leis na hiarrachtaí chun deireadh a chur le saoirse ó phionós; ag tabhairt dá haire, ó thús na coinbhleachta, nár réitíodh aon cheann dá príomhspreagthaí, cé go bhfuil méadú tagtha ar an teannas réigiúnach agus go bhfuil géarchéim eacnamaíoch na Siria tar éis dul in olcas tuilleadh, rud is cúis le fulaingt uafásach sibhialtach; á chur in iúl gur geal léi tacaíocht airgeadais AE do Türkiye, don Liobáin agus don Iordáin chun dídeanaithe ón tSiria a óstáil; á mheabhrú nach tír shábháilte a mbeifear ag filleadh uirthi í an tSiria do na 7 milliún dídeanaí a theith ón gcos ar bolg agus ón gcoimhlint ó 2011 i leith; á chur i bhfáth go bhfuil cliseadh Da’esh/SIIS fós ina phríomhthosaíocht ag an gComhghuaillíocht Dhomhanda chun Da’esh/SIIS a shárú, mar d’ainneoin céimeanna suntasacha ar gcúl a bhuail a cheannaireacht le déanaí, leanann Da’esh/SIIS d’ionsaithe a dhéanamh agus is bagairt leanúnach réigiúnach agus dhomhanda é;
13. á iarraidh ar Bhallstáit AE a n-oibleagáid a chomhlíonadh a mhéid a bhaineann lena náisiúnaigh, idir na mionaoisigh agus a máithreacha, atá faoi choinneáil le breis agus 4 bliana i gcampaí coinneála Al-Hol agus Al-Roj sa Riarachán Féinrialaitheach do Thuaisceart agus d’Oirthear na Siria, a aisdúichiú láithreach; á mheas, i gcás ina mbeidh aon fhreagracht choiriúil ar na máithreacha nó ar na haithreacha, gur cheart iad a thabhairt chun cuntais tar éis dóibh filleadh ar an mBallstát;
14. á chur i bhfios go láidir gur tosaíocht de chuid AE é an Libia a bheith cobhsaí, slán, aontaithe agus rathúil; á mholadh, i ndáil leis sin, go mbeadh AE neodrach i gcónaí sa streachailt chumhachta leanúnach sa tír, go háirithe tar éis na trodaíochta a bhí ann le déanaí; á chur i bhfáth gur cheart do AE tacú le tionscadail chun cruthú post a mhéadú, go háirithe sa réigiún Fezzan, a mbeadh ról tábhachtach acu maidir leis an tír a chobhsú;
15. á chur i bhfáth go bhfuil AE tiomanta le fada do na rúin ábhartha ó na Náisiúin Aontaithe agus don rún ón bParlaimint roimhe seo an 17 Feabhra 2022 maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála a chur chun feidhme mar sheasamh AE maidir leis an gcoinbhleacht idir Iosrael agus an Phalaistín agus go bhfuil sé tiomanta le fada do réiteach cóir agus cuimsitheach bunaithe ar dhá stát; á thabhairt chun suntais thairis sin, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, go gcuireann lonnaíochtaí neamhdhleathacha bac ar an réiteach dhá stát a bhunú mar bheartas bunaithe de chuid an Aontais Eorpaigh; á mheabhrú go bhfuil cainteanna síochána idir Iosrael agus Údarás na Palaistíne maidir le socrú cinntitheach ar an gcoinbhleacht bunaithe ar réiteach lena gcuirtear ar chumas an dá thír maireachtáil taobh le taobh faoi shíocháin agus faoi shlándáil, bunaithe ar línte 1967, ríthábhachtach don chobhsaíocht, i measc nithe eile; á chur in iúl arís gur cúis mhór imní di an staid dhaonnúil atá ag dul in olcas go tapa i Stráice Gaza agus á iarraidh go gcuirfear deireadh leis na bearta sriantacha uile maidir le gluaiseacht daoine agus earraí arna bhforchur ag Iosrael ar an gcríoch, ach a bhfuil tionchar tubaisteach acu ar an bpobal; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle gach gníomhaíocht ón dá thaobh lena mbaintear an bonn den réiteach dhá stát, amhail leathnú lonnaíochtaí, a dhíspreagadh; á chur in iúl gur saoth léi go láidir an foréigean leanúnach, na gníomhartha sceimhlitheoireachta agus an gríosú chun foréigin, atá go bunúsach ar neamhréir le réiteach síochánta dhá stát a chur chun cinn; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé toghcháin Phalaistíneacha a reáchtáil; á iarraidh ar AE aird ar leith a thabhairt ar an gcoinbhleacht idir Iosrael agus an Phalaistín mar gheall ar a fad eisceachtúil agus ar na peirspictíochtaí atá ann faoi láthair nach gceadaítear bealach réalaíoch i dtreo na cobhsaíochta ar fud an Mheánoirthir leo;
16. ag aithint normalú an chaidrimh idir Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, Bairéin, Maracó agus an tSúdáin ar thaobh amháin agus Iosrael ar an taobh eile; ag spreagadh comhar réigiúnach agus ag tacú le normalú an chaidrimh idir Iosrael agus na Stáit Arabacha, lena gcuirtear chun cinn cuimsiú iomlán Údarás Náisiúnta na Palaistíne, i gcomréir le hiarrachtaí an Aontais agus na Stát Aontaithe síochain, slándáil agus cobhsaíocht a bhaint amach sa réigiún agus le Creat NA, leis an Tionscnamh Síochana Arabach agus le Comhaontuithe Oslo; á iarraidh go n-úsáidfí an móiminteam sin chun an t-idirphlé agus an comhar sa réigiún a chur chun cinn maidir le tacaíocht do phróiseas síochána an Mheánoirthir agus don réiteach dhá Stát chomh maith le hurraim don dlí idirnáisiúnta; ag tabhairt dá haire go bhfuil Comhaontuithe Abraham ina dtoisc in atheagrú an chaidrimh idirstáit sa réigiún agus nach mór iad a chur san áireamh i straitéis Eorpach lena ndírítear ar chabhrú leis an réigiún cobhsaíocht a bhaint amach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle féachaint, i gcomhar leis na tíortha Arabacha faoi seach, ar an gcaoi a bhféadfadh a gcomhaontuithe normalaithe le hIosrael cabhrú leis an réiteach dhá stát;
17. ag athdhearbhú rannchuidiú bunriachtanach UNRWA leis an gcobhsaíocht agus leis an tslándáil i gcomhthéacs deacair riachtanas daonnúil agus forbartha atá ag dul i méid, agus á iarraidh ar an Aontas agus ar an gcomhphobal idirnáisiúnta i gcoitinne tacaíocht leordhóthanach a áirithiú don ghníomhaireacht, go polaitiúil agus ó thaobh airgeadais araon, chun a áirithiú go gcomhlíonfar a sainordú agus i bhfianaise athnuachan a sainordú ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe in 2022; á chur i bhfios go láidir nár cheart stop a chur le cistiú AE gan fianaise ar mhíleithreasú;
18. á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit dul i ngleic le hiarmhairtí ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine maidir le soláthar domhanda bia agus praghsanna do chobhsaíocht an réigiúin; á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt, mar ábhar tosaíochta, ar thionchar ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar thíortha áirithe sa Mheánoirthear i gcoitinne ó thaobh slándáil bia de, agus tosaíocht á tabhairt do na tíortha sin is leochailí mar gheall ar ardspleáchas ar allmhairí agus easpa slándáil shóisialta agus a áirithiú go rachaidh tacaíocht airgeadais chun tairbhe go díreach do na grúpaí is leochailí; á chur i bhfáth go bhféadfadh an choinbhleacht san Úcráin cur le brúnna boilscitheacha a spreag paindéim COVID-19 cheana féin agus, ar an gcaoi sin, an ghéarchéim bhia agus dhaonnúil a ghéarú sna tíortha is spleáiche sa Mheánoirthear;
Roghanna cobhsaíochta agus slándála
19. á thabhairt chun suntais nach mór d’aon chineál comhair a bheith bunaithe ar chur chuige maidir le slándáil an duine agus ar urraim don dlí idirnáisiúnta, don ord domhanda riailbhunaithe agus do na cuspóirí comhroinnte maidir le cearta an duine agus an daonlathas a chur chun cinn;
20. á iarraidh ar Bhallstáit uile AE iarracht a dhéanamh gan bheith tarraingthe isteach i gcoimhlintí réigiúnacha; á chur i bhfáth, i bhfianaise coinbhleachtaí leanúnacha agus tuarascálacha maidir le diansmacht inmheánach, go bhféadfadh onnmhairiú arm chuig tíortha áirithe i réigiún an Mheánoirthir a bheith ag sárú sheasamh AE mar a leagtar amach i gComhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle é; á iarraidh go ndéanfar faireachán ar onnmhairiú arm chuig an réigiún a áirithiú trí shásra comhairliúcháin i measc na mBallstát;
21. á chur in iúl gur saoth léi go gcuireann tíortha comharsanachta isteach go rómhinic ar ghéarchéimeanna inmheánacha a chéile agus go bhfuil an cur isteach sin — bíodh sé polaitiúil nó míleata fiú — díobhálach, go ndéanann sé damáiste fadtéarmach don chaidreamh idir stáit sa réigiún agus go gcuireann sé cosc ar choinbhleachtaí a réiteach; á iarraidh ar na tríú tíortha sa réigiún staonadh ó airm a onnmhairiú chuig tíortha atá thíos le coinbhleachtaí inmheánacha nó comhraiceoirí agus ó idirghabháil a dhéanamh go míleatach i dtíortha eile atá i gcoinbhleacht trí ghrúpaí rialta nó paraimíleatacha, toisc go rannchuidíonn idirghabhálacha den sórt sin le díchobhsú réigiúnach, go mbaineann siad an bonn de struchtúir stáit agus go dtacaíonn siad le baicle trodaithe a bhfuil treoshuíomhanna idé-eolaíocha éagsúla acu; ag cáineadh, ina leith sin, sháruithe leanúnacha Türkiye ar cheannasacht agus ar shláine chríochach na hIaráice; ag cáineadh freisin an úsáid a bhain an Iaráin as diúracáin bhalaistíocha agus as ionsaithe ladrainn i gcoinne Réigiún na Cordastáine san Iaráic mar shárú gan údar ar cheannasacht agus ar shláine chríochach na hIaráice; ag cur go láidir i gcoinne ladrainn a úsáid i maruithe seachbhreithiúnacha agus seach-chríochacha agus á iarraidh go mbeidh tiomantas ann oibriú sna fóraim idirnáisiúnta ábhartha ar thoirmeasc domhanda; á thabhairt chun suntais, go háirithe, go mbaineann contúirtí le húsáid córas uathrialaitheach agus cianoibrithe d’oibríochtaí den sórt sin;
22. á iarraidh ar AE lánúsáid a bhaint as a chineálacha nua comhair agus tacaíochta airgeadais, amhail an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta — an Eoraip Dhomhanda agus an tSaoráid Síochána Eorpach, ag gníomhú dó i gcomhréir leis na treoirphrionsabail atá leagtha amach cheana agus ar bhealach lena gcuirtear cobhsaíocht agus forbairt dhaonna chun cinn;
23. á chur in iúl gur geal léi gur gealltanas an Aontais i leith limistéar atá saor ó airm ollscriosta a bhunú sa Mheánoirthear, i gcomhréir leis an rún maidir leis an Meánoirthear ó Chomhdháil na bPáirtithe sa Chonradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach chun Athbhreithniú a dhéanamh air agus Síneadh a chur leis, 1995, agus a chur in iúl gur geal léi bearta cothaithe muiníne a bheith á gcur chun cinn ag an Aontas chun tacú leis an bpróiseas sin ar bhealach iomlán, infhíoraithe agus do-aisiompaithe; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di leathadh núicléach a d’fhéadfadh tarlú sa réigiún agus á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit gach iarracht taidhleoireachta a ghníomhachtú agus dlús a chur leo chun é a sheachaint agus deireadh a chur leis an bhfeiniméan sin; ag tabhairt dá haire go bhfuil Iosrael, mar neamhpháirtí sa Chonradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach, débhríoch le fada an lá faoin seasamh atá aige maidir lena stádas núicléach; á iarraidh ar Iosrael an Conradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach a shíniú;
24. ag cáineadh, sna téarmaí is láidre, cos ar bolg iomlán na hIaráine i gcoinne agóideoirí síochánta tar éis dhúnmharú Mahsa Amini, a bhí 21 bhliain d’aois, toisc nár chloígh siad le gnás feistis éigeantach an réimis; á chur in iúl gur mór an meas agus an urraim atá aici ar na mná agus na fir a bhí ag agóid go síochánta ar son cearta agus saoirsí bunúsacha, amhail an ceart atá ag bean gan caifirín a chaitheamh, agus á chur in iúl go dtacaíonn sí leo; á chur in iúl gur geal léi smachtbhannaí spriocdhírithe breise na Comhairle i gcoinne ardoifigeach i réimeas na hIaráine a raibh baint acu leis an gcniogbheartaíocht, lena n-áirítear Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí, na póilíní moráltachta agus, i bhfianaise na cinsireachta méadaithe ar líne, an tAire Faisnéise; á dhearbhú gur cheart don Pharlaimint stop a chur le cruinnithe oifigiúla a thionól le hoifigigh na hIaráine fad a bheidh seisear dá Feisirí faoi smachtbhannaí spriocdhírithe na hIaráine; á athdhearbhú go dtacaíonn sí leis an bPlean Cuimsitheach Comhpháirteach Gníomhaíochta, agus comhaontú níos cuimsithí á iarraidh ag an am céanna maidir le clár diúracán na hIaráine; á chur in iúl gur saoth go mór léi tacaíocht leanúnach na hIaráine don réimeas diansmachtúil sa tSiria agus do Hezbollah sa Liobáin, agus dá honnmhairiú ladrann agus diúracáin mhíleata chuig an Rúis, in ainneoin chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine;
25. ag cur sonrú i ngné straitéiseach an chomhair fuinnimh le réigiún an Mheánoirthir; á chur i bhfios go láidir gur gá foinsí fuinnimh an Aontais a éagsúlú agus á iarraidh ar SEGS agus ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar na himpleachtaí i réimse na slándála a bheadh ag aon chomhaontú maidir le hola, gás nó hidrigin a allmhairiú isteach san Aontas Eorpach; á chur i bhfios go láidir gur príomhchuspóir de chuid an Aontais í an chobhsaíocht réigiúnach agus an rathúnas réigiúnach i bhfianaise thábhacht an réigiúin maidir le foinsí fuinnimh an Aontais a éagsúlú; á iarraidh ar an Aontas gan ach soláthar hidreacarbóin ón Meánoirthear amháin a chur in ionad a allmhairí gáis agus ola ón Rúis, ach an deis a thapú chun spleáchas ar ghás na Rúise a laghdú dhá thrian roimh 2022 chun spleáchas foriomlán an Aontais ar bhreoslaí iontaise a laghdú agus borradh a chur faoin infheistíocht i nginiúint fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite, chomh maith le hidirnascadh leictreachais; á iarraidh ar an Aontas méadú a dhéanamh ar a rannpháirtíocht le tíortha an Mheánoirthir i gcoitinne maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip; á iarraidh ar an Aontas tíortha an réigiúin a spreagadh agus tacú leo chun a spriocanna aeráide a bhaint amach, go háirithe trí leas a bhaint as a n-acmhainneacht mhór fuinnimh inathnuaite; á mheas go bhfuil spleáchas an réigiúin ar eastóscadh agus ar thrádáil hidreacarbóin ina bhagairt dá chobhsaíocht sa todhchaí; á iarraidh ar an Aontas béim a leagan ar na tairbhí frithpháirteacha a bhaineann leis an gcomhar san aistriú glas, go háirithe na buntáistí a bhaineann le fás inbhuanaithe, vis-à-vis a n-idirghabhálaithe sa réigiún; á iarraidh ar an Aontas machnamh a dhéanamh ar chomhpháirtíocht fuinnimh in-athnuaite a chur ar bun le tíortha an Mheánoirthir i gcoitinne;
26. á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le cistiú na n-eagraíochtaí agus na ngníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta a chomhrac; á chur i bhfáth nach mór don Aontas cabhrú le stop a chur le sciúradh airgid agus bac a chur ar shreabha aindleathacha airgeadais trí straitéis shoiléir a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh atá ann i rialú na gcineálacha sin cistí ag roinnt stát sa réigiún; á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil tearmann sábháilte curtha ar fáil ag Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha do olagarcaí na Rúise lena seachnaítear smachtbhannaí an Aontais ar an Rúis; á chur i bhfios go láidir go n-éilíonn an chomhpháirtíocht slándála stairiúil agus ardleibhéil leis an réigiún cur chuige comhpháirteach i leith fhogha na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus leasanna bunúsacha na hEorpa; á chur in iúl gur saoth léi chomh mór céanna go ndearnadh smachtbhannaí an Aontais ar réimeas na Siria a sheachaint tríd an Liobáin, an Iaráin agus an Rúis ó 2011 i leith;
27. ag cáineadh go láidir na n-ionsaithe sceimhlitheoireachta a rinne grúpaí sceimhlitheoireachta sa réigiún; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an Aontas agus ar a Bhallstáit gealltanas daingean a thabhairt do rialtais dhlisteanacha atá ag troid i gcoinne líonraí jiohádacha; ag moladh na n-iarrachtaí atá á ndéanamh ag an gCoimisiún agus ag SEGS chun líonra saineolaithe i réimse na frithsceimhlitheoireachta a chur ar bun i measc thoscaireachtaí an Aontais i roinnt tíortha sa réigiún agus tacaíocht shaincheaptha a chur ar fáil mar a bhí iarrtha ag roinnt rialtas; á iarraidh go mbeidh comhar níos córasaí ann chun radacú agus sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac trí chláir shibhialtacha atá spriocdhírithe, saincheaptha agus a ndéantar measúnú rialta orthu; ag moladh na n-iarrachtaí atá á ndéanamh ag an gCoimisiún, agus ag an tSeirbhís um Ionstraimí Beartais Eachtraigh go háirithe, chun cláir a chur ar bun chun comhpháirtíochtaí a fhorbairt le roinnt tíortha sa réigiún chun an radacú agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac; á mheas gur féidir leis na cláir shaincheaptha sin, a fhaigheann tacaíocht ó acmhainní ábhartha agus airgeadais atá oiriúnach do riachtanais shonracha na dtíortha is faighteoirí, a bheith ina n-ionstraim éifeachtach le haghaidh an chomhair slándála; á iarraidh, áfach, go ndéanfar measúnú domhain ar éifeachtacht na dtionscadal sin agus go n-áiritheofar go gcuirfidh soláthraithe seirbhíse, ó ghníomhaireachtaí na mBallstát go minic, oiliúint ar fáil atá iomchuí agus oiriúnaithe do na riachtanais a léiríonn na tíortha óstacha agus atá bunaithe ar shaineolas iarbhír gairmiúil;
28. á chur in iúl gur geal léi gur ghlac an Chomhairle Gníomh Magnitsky mar ionstraim thábhachtach de chuid an Aontais chun smachtbhannaí a fhorchur ar sháraitheoirí chearta an duine; á iarraidh go n-ullmhófaí bearta sriantacha i gcoinne oifigigh de chuid na hIaráine a bhfuil baint acu le sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i gcoinne chosantóirí chearta an duine san Iaráin, i gcoinne príosúnaigh choinsiasa agus i gcoinne na ndaoine sin atá ag agóid go síochánta sa tír;
Saoránaigh agus cearta an duine
29. á thabhairt chun suntais go bhfuil ról tábhachtach sa réigiún ag teagmhálacha idirphearsanta agus ag an gcomhar i réimsí amhail an t-oideachas trádála, an eolaíocht agus an cultúr agus gur féidir leo rannchuidiú go mór leis an gcobhsaíocht réigiúnach agus le deighiltí leis an Aontas agus idir na stáit éagsúla araon a dhúnadh; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, an togra a thíolaic an Coimisiún maidir le díolúintí víosa do shaoránaigh Chuáit agus Chatar; á iarraidh ar an gCoimisiún a bheith rannpháirteach go mear i bpléití teicniúla chun a áirithiú go gcomhlíonfar na critéir ábhartha d’fhonn díolúintí víosa a bhaint amach i ndeireadh na dála do shaoránaigh Chuáit agus Chatar; á iarraidh ar an gCoimisiún rochtain ar chlár Erasmus+ a éascú do mhic léinn ón réigiún;
30. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá láithreacht pholaitiúil agus taidhleoireachta an Aontais sa réigiún a bheith leanúnach agus ag fás chun idirphlé polaitiúil straitéiseach a chur chun cinn agus malartuithe a chothú idir tíortha sa réigiún chun an chobhsaíocht a chur chun cinn; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit an caidreamh taidhleoireachta agus polaitiúil a mhéadú le haghaidh an daonlathais, chearta an duine agus an smachta reachta, mar a éilítear le gluaiseachtaí pobail síochánta ar fud réigiún an Mheánoirthir agus na hAfraice Thuaidh;
31. ag tabhairt dá haire go bhfuil an tAontas agus a Bhallstáit rannpháirteach faoi láthair in oibríochtaí míleata agus i gcomhar míleata éagsúla sa réigiún: Oibríocht ATALANTA de chuid Fhórsa Cabhlaigh an Aontais Eorpaigh don tSomáil chun soithí de chuid an Chláir Dhomhanda Bia agus loingseoireacht leochaileach eile a chosaint agus an phíoráideacht agus an robáil armtha ar muir a dhíspreagadh, a chosc agus a chur faoi chois, oibríocht IRINI de chuid Fhórsa Cabhlaigh an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir, Oibríocht Inherent Resolve na Stát Aontaithe chun tacú le fórsaí comhpháirtíochta go dtí go mbeidh siad in ann Daesh/ISIS a shárú go neamhspleách i limistéir ainmnithe san Iaráic agus sa tSiria, Oibríocht Sea Guardian ECAT um fhothú acmhainní slándála muirí, tacú le feasacht staide muirí agus frithsceimhlitheoireacht mhuirí, agus le Feasacht Mhuirí na hEorpa ar mhisean faireachais i gCaolas Hormuz; á chreidiúint, leis na gealltanais sin, a fhreagraíonn do bhagairtí comhchoiteanna a aithnítear leis an dlí idirnáisiúnta, go bhfuil an tAontas Eorpach ag rannchuidiú go suntasach leis an tslándáil sa réigiún; ag tabhairt dá haire, áfach, nach bhfuil rannpháirtíocht aonair Ballstát áirithe i ngéarchéimeanna nó i gcoinbhleachtaí áitiúla mar chuid d’iarrachtaí a dhéantar a chomhordú ar bhonn níos dlúithe ar an leibhéal Eorpach, mar shampla sa tSiria nó sa Libia; á thabhairt chun suntais gur gá faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar láithreacht an Aontais ó thaobh chearta an duine de agus critéir slándála daonna a chur san áireamh;
32. á chur in iúl gur saoth léi gur fhreagair ceannairí sa réigiún le hathchóiriú forlámhach ar agóidí forleathana sráide inar iarradh go ndéanfaí athchóirithe daonlathacha a chur i gcrích i roinnt mhaith tíortha Arabacha in 2010, 2011 agus ina dhiaidh sin, trí shrian breise a chur ar shaoirse cainte, saoirse comhlachais, saoirse comhthionóil agus ar shaoirse an phreasa do shaoránaigh agus do chónaitheoirí; á chur i bhfáth go dtéann an smacht reachta agus cearta an duine, an dea-rialachas agus an frith-éilliú chun tairbhe do dhaoine agus go gcothaítear cobhsaíocht leo sa réigiún; á chur i bhfáth gur cineál do-ghlactha neamhshláine do shaoránaigh uile an réigiúin é an dóchúlacht go ndéanfaí iad a choinneáil agus a chéasadh go treallach agus go bhfuil sé ina siocair le corraíl shóisialta, mímhuinín agus doicheall méadaithe i leith institiúidí náisiúnta;
33. á cháineadh go bhfuil cosantóirí chearta an duine, gníomhaithe, iriseoirí agus daoine a mheastar a bheith cáinteach, ar fud an réigiúin, fós ag fulaingt faoi dhiansmacht forleatach an stáit; á iarraidh ar thoscaireachtaí an Aontais agus na mBallstát atá ar an láthair tosaíocht a thabhairt do shaincheisteanna a bhaineann le cearta an duine ina n-idirghníomhaíochtaí leis na húdaráis áitiúla agus cur chun feidhme iomlán agus mionchúiseach threoirlínte uile an Aontais a áirithiú, lena n-áirítear na Treoirlínte maidir le Cosantóirí Chearta an Duine, agus an plean gníomhaíochta maidir le cearta an duine agus leis an daonlathas; á iarraidh ar an Aontas caoinfhulaingt agus saoirse reiligiúin a chur chun cinn sa réigiún; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar an clásal daonlathach inár gComhaontuithe Comhlachais le tríú tíortha a chur i bhfeidhm go héifeachtach aon uair a dhéantar sáruithe soiléire ar chearta an duine; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit na fóraim iltaobhacha uile atá ar fáil dóibh a úsáid, lena n-áirítear na Náisiúin Aontaithe, chun sásraí imscrúdaithe agus tuairiscithe idirnáisiúnta neamhspleácha a athnuachan nó a chur ar bun chun aghaidh a thabhairt ar na sáruithe is tromchúisí ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine sa Mheánoirthear, go háirithe céasadh, fuadach forfheidhmithe agus básuithe seachbhreithiúnacha; á iarraidh, chun na críche sin, go ndéanfar Grúpa Saineolaithe Oirirce na Náisiún Aontaithe maidir le hÉimin a athbhunú, go mbunófar sásra faireacháin agus tuairiscithe de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le sáruithe ar chearta an duine san Éigipt agus go n-athnuafar sainordú Mhisean Neamhspleách Aimsithe Fíoras na Náisiún Aontaithe sa Libia;
34. á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an tionchar ar chearta an duine a bhaineann le teicneolaíocht ollfhaireachais a dhíol, a onnmhairiú, a thabhairt cothrom le dáta agus a chothabháil sa réigiún, i bhfianaise a gcuntais teiste dearóile i dtaobh mí-úsáid a bhaint as teicneolaíocht le haghaidh brú faoi chois intíre; ag cáineadh na húsáide mí-úsáidí a bhaineann an réigiún as teicneolaíocht spiaireachta, amhail earraí spiaireachta Pegasus ó Ghrúpa NSO Iosrael; á chur i bhfios go láidir gur sárú tromchúiseach ar chearta agus saoirsí bunúsacha é aon mhí-úsáid a bhaintear as bogearraí faireachais atá dírithe ar cheannairí polaitiúla, iriseoirí, ghníomhaithe nó ar an tsochaí shibhialta; á chur i bhfáth, i ngeall ar theicneolaíochtaí digiteacha nua, go bhfuil bagairt shonrach ann do chosantóirí chearta an duine, do dhaoine ón bhfreasúra, d’iriseoirí agus do dhaoine eile maidir lena ngníomhaíochtaí a rialú, a shrianadh agus an bonn a bhaint óna ngníomhaíochtaí; á iarraidh ar an Aontas moratóir domhanda láithreach a chur chun cinn ar a thionscnamh féin maidir le teicneolaíocht spiaireachta a dhíol, a aistriú agus a úsáid go dtí go nglacfar creat rialála láidir sa réimse sin; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit lándícheall cuí maidir le cearta an duine a áirithiú agus grinnfhiosrúchán cuí a dhéanamh ar aon teicneolaíocht faireacháin Eorpach a onnmhaireofar sa todhchaí agus ar aon chúnamh gaolmhar teicniúil; á iarraidh ar an Aontas agus ar na Ballstáit dul i mbun idirphlé le rialtais tríú tíortha chun deireadh a chur le cleachtais reachtacha agus le reachtaíocht chibearshlándála agus frithsceimhlitheoireachta atá diansmachtúil; á iarraidh ar na húdaráis ábhartha gach príosúnach coinsiasa a scaoileadh saor, lena n-áirítear iriseoirí agus iriseoirí sráide, agus lamháil do thírdhreach na meán a bheidh saor, neamhspleách agus éagsúil a fhorbairt, a bheidh chun leasa fhadtéarmaigh a gcobhsaíocht agus a slándála féin; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an mbréagaisnéis agus le scaipeadh na bréagnuachta sa réigiún agus á iarraidh ar an Aontas gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh, go háirithe trí thacú leis na meáin neamhspleácha agus le tionscnaimh shibhialta oideachasúla;
35. á iarraidh ar an Aontas an fhorbairt ar shochaí shibhialta láidir agus neamhspleách a chur chun cinn tuilleadh sa réigiún, go háirithe trí rannpháirtíocht le ceardchumainn, le heagraíochtaí ban agus le heagraíochtaí comhshaoil; ag tabhairt dá haire go bhfuil leas ag an Aontas i rannpháirteachas a dhéanamh le heagraíochtaí áitiúla na sochaí sibhialta chun go mbeidh a bheartais níos eolaí agus chun iad a mheas agus a éagsúlú ar bhonn níos fearr i leith na dtíortha sa réigiún; á thabhairt chun suntais go bhfuil an laghdú atá ag teacht ar an spás sibhialta le haghaidh na sochaí sibhialta i roinnt tíortha ina bhagairt don chobhsaíocht réigiúnach; á chur in iúl gur saoth go mór léi an meathlú géar atá tagtha ar shaoirse comhlachais agus na hionsaithe i gcoinne eagraíochtaí na sochaí sibhialta, bíodh sin trí chos ar bolg agus imeaglú dlíthiúil nó de facto, i roinnt tíortha le 10 mbliana anuas; á athdhearbhú go láidir gur réimse dlisteanach oibre é cosaint a dhéanamh ar chearta agus saoirsí bunúsacha sibhialta agus polaitiúla le haghaidh eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lena n-áirítear sa Mheánoirthear;
36. á thabhairt chun suntais a thromchúisí atá an foréigean in aghaidh na mban sa réigiún, go háirithe i gcásanna coinbhleachta; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit, a iarraidh ar a n-idirghabhálaithe sa réigiún rannpháirtíocht na mban a mhéadú i gcosc agus i réiteach coinbhleachtaí, i gcaibidlíocht síochána, i gcothú na síochána, i gcoimeád na síochána, i bhfreagairtí daonnúla agus in atógáil iarchoinbhleachta; á iarraidh ar an Aontas ina leith sin dea-shampla a thabhairt agus ionadaíocht chothrom na mban ina thoscaireachtaí agus ina mhisin féin a áirithiú; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit Rún 1325 (2000) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le mná, síocháin agus slándáil a ionchorprú ina iarrachtaí maidir le coinbhleachtaí a réiteach sa Mheánoirthear i gcoitinne; á iarraidh an athuair go ndéanfaí Plean Gníomhaíochta III an Aontais maidir le hInscne a chur chun feidhme go hiomlán agus tús áite a thabhairt dó i ngach gné de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit a thathant ar na páirtithe uile i gcoinbhleacht sa réigiún bearta speisialta a dhéanamh chun mná agus cailíní a chosaint ar fhoréigean inscnebhunaithe, go háirithe éigniú agus cineálacha eile mí-úsáide gnéasaí, i gcásanna coinbhleachta armtha; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé tacú le heagraíochtaí áitiúla na mban mar mhodh cumhachtaithe;
37. á iarraidh ar na húdaráis sa réigiún seasamh leis an toirmeasc ar chéasadh i ngach uile chúinse, mar a chumhdaítear go háirithe i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionóis eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach, a ndearna formhór na dtíortha sa réigiún é a shíniú agus a dhaingniú; á iarraidh go gcuirfí deireadh le pionós an bháis ar fud an réigiúin; á chur in iúl gur oth léi nár éirigh leis an teachtaireacht chomhpháirteach maidir le comhpháirtíocht straitéiseach leis an Murascaill aon choimircí ar chearta an duine a thabhairt isteach le haghaidh comhar frithsceimhlitheoireachta le Stáit na Murascaille agus á áitiú go mbeadh aon chomhar sa réimse sin le tíortha na Murascaille agus an Mheánoirthir faoi réir chur i bhfeidhm docht na gcoimircí sin; ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis mhór bhuartha di, go bhfuil patrún leanúnach i dtíortha an réigiúin maidir le dlíthe ‘frithsceimhlitheoireachta’ atá dréachtaithe go doiléir a ghlacadh, ar dlíthe iad a bhfuil coiriúlú easaontais dhlisteanaigh shíochánta mar thoradh ar a gcur chun feidhme iarbhír; á chur in iúl gur geal léi idirphlé déthaobhach maidir le cearta an duine a bheith ar siúl le tíortha Arabacha na Murascaille, chomh maith le hIosrael, an Iordáin agus an Liobáin; á chur i bhfáth, áfach, nár cheart go mbeadh na hidirphléití sin ina gcleachtais mhaorlathais agus gur cheart go mbeadh sé d’aidhm acu, ina ionad sin, gealltanais nithiúla agus spriocanna insoláthartha a dhaingniú le haghaidh dul chun cinn sonrach maidir le cearta an duine i dtíortha comhpháirtíochta; á chur i bhfios go láidir, thairis sin, nár cheart gurb iad na hidirphléití bliantúla maidir le cearta an duine an t-aon deis amháin a bheadh ann do chainteanna maidir le cearta an duine leis na tíortha faoi seach; á iarraidh ar an Aontas agus ar cheannairí na mBallstát ábhair imní a léiriú agus forbairt a dhéanamh ar na moltaí a cuireadh in iúl san idirphlé le linn na n-idirghníomhaíochtaí ardleibhéil uile lena gcontrapháirtithe i mBallstáit GCC; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an meath seasta atá tagtha ar staid chearta an duine san Araib Shádach, lena léirítear sa mhéadú ar bhásuithe in 2022 agus sa phianbhreith a ghearrtar ar shaoránaigh na hAraibe Sádaí, amhail Salma al-Shehab, ar gearradh 45 bliain príosúin air as na meáin shóisialta a úsáid; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an easpa cuntasacht fhónta as dúnmharú an iriseora, Jamal Khashoggi, ón Washington Post;
38. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a leagtar amach i gClár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe mar phríomhthionscnóirí na cobhsaíochta réigiúnaí; á chur i bhfáth gur gá tuilleadh feabhais a chur ar an gcomhar idir an tAontas agus tíortha sa réigiún chun na spriocanna uile a chomhlíonadh, go háirithe na spriocanna a bhaineann leis na dúshláin a n-éilítear comhar domhanda leo, amhail an t-athrú aeráide, trí straitéisí, amchláir agus spriocanna soiléire a leagan amach sna réimsí sin; á chur i bhfáth gurb é an bealach is fearr don Aontas chun an tslándáil agus an chobhsaíocht a chur chun cinn sa réigiún ná dul i ngleic le bunchúiseanna;
o o o
39. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, chuig Ard-Rúnaithe Léig na Stát Arabach, chuig an Aontas don Réigiún Meánmhuirí agus chuig Comhairle Comhair Stáit Arabacha na Murascaille, agus chuig rialtais agus parlaimintí a mballstát.
Fo-Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Daonnúla agus Comhordaitheoir na Fóirithinte Éigeandálaí, Martin Griffiths, Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe, Filippo Grandi, agus Riarthóir Chlár Forbartha na Náisiún Aontaithe, Achim Steiner, Message from the United Nations humanitarian, refugee, and development chiefs on the situation in Syria and the region, 10 Bealtaine 2022.
AlMezaini, K., Humanitarian Foreign Aid of Gulf States – Background and Orientations [Cabhair Dhaonnúil Eachtrach i Stáit na Murascaille – Cúlra agus Treoshuíomhanna], Fondúireacht Konrad Adenauer, Tuarascáil Bheartais Uimh. 20, Eanáir 2021.
Diaibéiteas a chosc, a bhainistiú agus cúram níos fearr a thabhairt ina leith in AE, ar Lá Domhanda an Diaibéitis
81k
42k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Samhain 2022 maidir le diaibéiteas a chosc, a bhainistiú agus cúram níos fearr a thabhairt ina leith in AE, ar Lá Domhanda an Diaibéitis (2022/2901(RSP))