Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Eanáir 2023 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt amháin, agus an Nua-Shéalainn, den pháirt eile, maidir le malartú sonraí pearsanta idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis na Nua-Shéalainne atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac (10092/2022 – C9-0288/2022 – 2022/0157(NLE))
(Toiliú)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (10092/2022),
– ag féachaint don dréacht-Chomhaontú idir an tAontas Eorpach, de pháirt amháin, agus an Nua-Shéalainn, den pháirt eile, maidir le malartú sonraí pearsanta idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis na Nua-Shéalainne atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac (9269/2022),
– ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 16(2), le hAirteagal 88 agus le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a), agus le hAirteagal 218(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9‑0288/2022),
– ag féachaint do rún neamhreachtach uaithi an 10 Iúil 2020(1) maidir le tabhairt i gcrích comhaontaithe, faoi chaibidil, idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn maidir le malartú sonraí pearsanta idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis na Nua-Shéalainne atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac,
– ag féachaint do Riail 105(1) agus (4), agus do Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0003/2023),
1. ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an chomhaontaithe;
2. a threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus na Nua-Shéalainne.