Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2022/2210(REG)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0001/2023

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0001/2023

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 17/01/2023 - 5.5
CRE 17/01/2023 - 5.5

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2023)0005

Téacsanna atá glactha
PDF 133kWORD 45k
Dé Máirt, 17 Eanáir 2023 - Strasbourg
Leasuithe ar Rialacha Pharlaimint na hEorpa a bhaineann le Riail 7 maidir le pribhléidí agus díolúine a chosaint agus Riail 9 maidir le nósanna imeachta i leith díolúine
P9_TA(2023)0005A9-0001/2023

Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Eanáir 2023 ar leasuithe ar Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte a bhaineann le Riail 7 maidir le pribhléidí agus díolúine a chosaint agus Riail 9 maidir le nósanna imeachta i leith díolúine (2022/2210(REG))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint do na litreacha óna hUachtarán an 9 Samhain agus an 16 Nollaig 2022,

–  ag féachaint do Rialacha 236 agus 237 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A9-0001/2023),

1.  á chinneadh a cuid Rialacha Nós Imeachta a leasú de réir mar a léirítear anseo thíos;

2.  á chinneadh go dtiocfaidh na leasuithe seo i bhfeidhm ar an lá tar éis a nglactha:

3.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún mar eolas.

An téacs atá ann   Leasú
Leasú 1
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 7 – mír 1
1.   I gcásanna ina líomhnaítear go ndearna údaráis Ballstáit sárú ar phribhléidí agus ar dhíolúintí Feisire nó iarFheisire, nó go bhfuil siad chun é a dhéanamh, féadfar, i gcomhréir le Riail 9(1), cinneadh ón bParlaimint a iarraidh i dtaobh an ndearnadh, go hiarbhír, sárú ar na pribhléidí agus ar na díolúintí sin, nó ar dóchúil go ndéanfar sárú orthu.
1.   I gcásanna ina líomhnaítear go ndearna údaráis Ballstáit nó Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh sárú ar phribhléidí agus ar dhíolúintí Feisire nó iarFheisire, nó go bhfuil siad chun é a dhéanamh, féadfar, i gcomhréir le Riail 9(1), cinneadh ón bParlaimint a iarraidh i dtaobh an ndearnadh, go hiarbhír, sárú ar na pribhléidí agus ar na díolúintí sin, nó ar dóchúil go ndéanfar sárú orthu.
Leasú 2
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 9 – mír 1
1.   Maidir le haon iarraidh a bheidh seolta ó údarás inniúil Ballstáit chuig an Uachtarán chun díolúine Feisire a tharscaoileadh, nó ó Fheisire nó ó iarFheisire chun pribhléidí agus díolúintí a chosaint, déanfar í a fhógairt sa Pharlaimint agus a tharchur chuig an gcoiste freagrach.
1.   Maidir le haon iarraidh a bheidh seolta ó údarás inniúil Ballstáit nó ón bPríomh-Ionchúisitheoir Eorpach chuig an Uachtarán chun díolúine Feisire a tharscaoileadh, nó ó Fheisire nó ó iarFheisire chun pribhléidí agus díolúintí a chosaint, déanfar í a fhógairt sa Pharlaimint agus a tharchur chuig an gcoiste freagrach.
Leasú 3
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 9 – mír 5
5.   Féadfaidh an coiste a iarraidh ar an údarás lena mbaineann aon fhaisnéis nó míniú a sholáthar a mheasann an coiste a bheith riachtanach chun go dtiocfaidh sé ar thuairim i dtaobh an ceart díolúine a tharscaoileadh nó a chosaint.
5.   Féadfaidh an coiste a iarraidh ar údarás an Bhallstáit lena mbaineann nó, de réir mar a bheidh, ar an bPríomh-Ionchúisitheoir Eorpach, aon fhaisnéis nó míniú a sholáthar a mheasann an coiste a bheith riachtanach chun go dtiocfaidh sé ar thuairim i dtaobh an ceart díolúine a tharscaoileadh nó a chosaint.
Leasú 4
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 9 – mír 8
8.   Féadfaidh an coiste tuairim réasúnaithe a thabhairt i dtaobh inniúlacht an údaráis i dtrácht agus i dtaobh inghlacthacht na hiarrata, ach ní dhéanfaidh sé, in imthosca ar bith, tuairim a thabhairt i dtaobh chiontacht nó éigiontacht an Fheisire, ná ní dhéanfaidh sé tuairim a thabhairt i dtaobh an údar maith ionchúisimh iad na tuairimí nó na gníomhartha a chuirtear i leith an Fheisire, fiú amháin más rud é, agus an iarraidh á breithniú aige, go bhfaigheann an coiste eolas mionsonraithe faoi fhíorais an cháis.
8.   Féadfaidh an coiste tuairim réasúnaithe a thabhairt i dtaobh inniúlacht údarás an Bhallstáit lena mbaineann nó, de réir mar a bheidh, inniúlacht an Phríomh-Ionchúisitheora Eorpaigh, agus i dtaobh inghlacthacht na hiarrata, ach ní dhéanfaidh sé, in imthosca ar bith, tuairim a thabhairt i dtaobh chiontacht nó éigiontacht an Fheisire, ná ní dhéanfaidh sé tuairim a thabhairt i dtaobh an údar maith ionchúisimh iad na tuairimí nó na gníomhartha a chuirtear i leith an Fheisire, fiú amháin más rud é, agus an iarraidh á breithniú aige, go bhfaigheann an coiste eolas mionsonraithe faoi fhíorais an cháis.
Leasú 5
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 9 – mír 10
10.   Cuirfidh an tUachtarán cinneadh na Parlaiminte in iúl láithreach don Fheisire lena mbaineann agus d’údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann, maille le hiarraidh go gcuirfear an tUachtarán ar an eolas faoi aon fhorbairtí agus faoi aon rialuithe breithiúnacha sna himeachtaí ábhartha. Nuair a gheobhaidh an tUachtarán an fhaisnéis sin, tarchuirfidh an tUachtarán chuig an bParlaimint í ar an tslí is oiriúnaí, dar leis nó léi, agus tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste freagrach más gá sin.
10.   Cuirfidh an tUachtarán cinneadh na Parlaiminte in iúl láithreach don Fheisire lena mbaineann agus d’údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann, de réir mar a bheidh, don Phríomh-Ionchúisitheoir Eorpach, maille le hiarraidh go gcuirfear an tUachtarán ar an eolas faoi aon fhorbairtí agus faoi aon rialuithe breithiúnacha sna himeachtaí ábhartha. Nuair a gheobhaidh an tUachtarán an fhaisnéis sin, tarchuirfidh an tUachtarán chuig an bParlaimint í ar an tslí is oiriúnaí, dar leis nó léi, agus tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste freagrach más gá sin.
Leasú 6
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 9 – mír 12
12.   Ní dhéanfaidh an Pharlaimint scrúdú ach ar iarrataí ar tharscaoileadh díolúine Feisire a bheidh tarchurtha chuici ag na húdaráis bhreithiúnacha nó ag Buanionadaíochtaí na mBallstát.
12.   Ní dhéanfaidh an Pharlaimint scrúdú ach ar iarrataí ar tharscaoileadh díolúine Feisire a bheidh tarchurtha chuici ag na húdaráis bhreithiúnacha nó ag Buanionadaíochtaí na mBallstát nó, de réir mar a bheidh, ag an bPríomh-Ionchúisitheoir Eorpach.
Leasú 7
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 9 – mír 14
14.   Is i gcomhréir leis na rialacha thuas a dhéileálfar le haon fhiosrú arna dhéanamh ag údarás inniúil maidir le scóip pribhléidí agus díolúintí Feisirí.
14.   Is i gcomhréir leis na rialacha thuas a dhéileálfar le haon fhiosrú arna dhéanamh ag údarás inniúil Ballstáit nó, de réir mar as bheidh, ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, maidir le scóip pribhléidí agus díolúintí Feisirí.
An nuashonrú is déanaí: 11 Aibreán 2023Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais