Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Eanáir 2023 ar chur chun feidhme an chomhbheartais eachtraigh agus slándála – tuarascáil bhliantúil 2022 (2022/2048(INI))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), go háirithe Airteagail 21 agus 36 de,
– ag féachaint do thuarascáil an 14 Meitheamh 2022 ó Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (Leas-Uachtarán/Ardionadaí) dar teideal ‘CFSP Report – Our priorities in 2022’ [Tuarascáil CBES – Ár dtosaíochtaí in 2021],
– ag féachaint don phlean gníomhaíochta ‘Strategic Compass for Security and Defence – For a European Union that protects its citizens, values and interests and contributes to international peace and security’ [Compás Straitéiseach um Shlándáil agus Cosaint – I gcás Aontas Eorpach a chosnaíonn a shaoránaigh, a luachanna agus a leasanna agus a rannchuidíonn leis an tsíocháin agus leis an tslándáil idirnáisiúnta], a d’fhormheas an Chomhairle an 21 Márta 2022 agus a d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an 24 Márta 2022,
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 24 agus an 25 Márta 2022,
– ag féachaint do Dhearbhú Versailles an 11 Márta 2022,
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 23 agus an 24 Meitheamh 2022 maidir leis an Eoraip mhór, an Úcráin, na hiarratais ar bhallraíocht ón Úcráin, ó Phoblacht na Moldóive agus ón tSeoirsia, ó na Balcáin Thiar, saincheisteanna eacnamaíocha, an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa agus an caidreamh seachtrach,
– ag féachaint don Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Teachtaireacht 2022 maidir le Beartas an Aontais Eorpaigh um Méadú an 12 Deireadh Fómhair 2022 (COM(2022)0528),
– ag féachaint do na rúin a ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 2 Márta 2022 dar teideal ‘Aggression against Ukraine’ [Fogha i gcoinne na hÚcráine] (A/RES/ES-11/L.1) agus an 12 Deireadh Fómhair 2022 dar teideal ‘Territorial integrity of Ukraine: defending the principles of the Charter of the United Nations’ [Iomláine chríochach na hÚcráine: prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe a chosaint] (A/RES/ES -11/L.5),
– ag féachaint do thuarascáil uaithi an 9 Márta 2022 maidir le trasnaíocht eachtrach ar na próisis dhaonlathacha uile san Aontas Eorpach, lena n-áirítear bréagaisnéis(1),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Deireadh Fómhair 2021 dar teideal ‘2021 Communication on EU Enlargement Policy’ [Teachtaireacht 2021 maidir le Beartas AE um Méadú] (COM(2021)0644),
– ag féachaint don rún a ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 7 Aibreán 2022 dar teideal ‘Suspension of the rights of membership of the Russian Federation in the Human Rights Council’ [Cearta ballraíochta Chónaidhm na Rúise sa Chomhairle um Chearta an Duine a chur ar fionraí] (A/RES/ES-11/L.4),
– ag féachaint do thuarascáil ar thoradh deiridh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa an 9 Bealtaine 2022,
– ag féachaint do rún uaithi maidir leis an obair leantach ar na conclúidí ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa an 4 Bealtaine 2022(2),
– ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528(3),
– ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle maidir le COVID-19, bainistiú géarchéime agus athléimneacht, slándáil agus cosaint, gnéithe seachtracha den imirce agus den chaidreamh seachtrach a glacadh an 16 Nollaig 2021,
– ag féachaint do mholadh uaithi an 23 Samhain 2022 chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir le straitéis nua AE don mhéadú(4),
– ag féachaint do Choincheap Straitéiseach ECAT 2022 a ghlac Cinn Stáit agus Rialtais ECAT ag Cruinniú Mullaigh ECAT i Maidrid an 29 Meitheamh 2022,
– ag féachaint do Rún 1325 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an 31 Deireadh Fómhair 2000 lenar bunaíodh an clár oibre do mhná, don tsíocháin agus don tslándáil (WPS);
– ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ó Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún an 25 Samhain 2020 maidir le Plean Gníomhaíochta AE maidir le hInscne (GAP) III dar teideal ‘An ambitious agenda for gender equality and women’s empowerment in EU external action [Plean Gníomhaíochta Inscne AE (GAP) III: clár oibre uaillmhianach don chomhionannas inscne agus do chumhachtú na mban i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais], (JOIN(2020)0017),
– ag féachaint do rún uaithi an 14 Nollaig 2022 ar na hionchais maidir leis an réiteach dhá stát i gcás Iosrael agus na Palaistíne(5),
– ag féachaint don Dearbhú Comhpháirteach maidir leis an gComhar idir an tAontas Eorpach agus ECAT arna shíniú an 10 Eanáir 2023 ag Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Uachtarán an Choimisiúin, agus Ard-Rúnaí Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh,
– ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0292/2022),
A. de bhrí go bhfuil an fogha míleata gan chúis agus gan údar atá á dhéanamh ag Cónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine, le tacaíocht ó réimeas Lukashenka sa Bhealarúis, tar éis cogadh a thabhairt ar ais go mór-roinn na hEorpa agus go bhfuil sé ina chúis le mór-scrios agus fulaingt; de bhrí go bhfuil coireanna cogaidh déanta ag an Rúis i gcoinne na hÚcráine; de bhrí go bhfuil sé sin go léir ina bhagairt shuntasach ar shlándáil Eorpach agus dhomhanda agus fós ina dhúshlán roimpi; de bhrí go bhfuil bagairtí núicléacha déanta ag an Rúis; de bhrí go ndearnadh difear diúltach do shlabhraí soláthair domhanda agus gur baineadh an bonn den tslándáil bia i roinnt limistéar den domhan; de bhrí, de dheasca chogadh foghach mídhleathach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, gurb ann d’éiginnteacht eacnamaíoch, go bhfuil méadú géar tagtha ar phraghsanna fuinnimh, go bhfuil an ghéarchéim aeráide tar éis dul in olcas agus go bhféadfaí go leor Ballstát agus tríú tíortha a dhíchobhsú tuilleadh, go háirithe iad siúd sna Balcáin Thiar agus i gComhpháirtíocht an Oirthir, agus, dá bhrí sin, go bhfuil athrú suntasach tagtha ar chomhthéacs geopholaitiúil chomhbheartas eachtrach agus slándála AE (CBES); de bhrí go raibh an cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine mar chuid de phlean Putin chun an t-ollstruchtúr slándála Eora-Atlantach a athchóiriú; de bhrí gur cuireadh bac ar an bplean sin a bhuí le cosaint ghaisciúil arm na hÚcráine; de bhrí nach raibh AE in ann, ó 2014 i leith, leas iomlán a bhaint as a comhionstraimí slándála agus cosanta (CBSC) chun tacú go héifeachtach le comhrac na hÚcráine i gcoinne na Rúise, cé gur léir i mbliana go bhfuil roinnt feabhsuithe déanta ina leith; de bhrí, chun go measfaí mar ghníomhaí domhanda rathúil agus inchreidte é, go gcaithfidh AE a chumais a fhorbairt tuilleadh agus a thoil pholaitiúil a neartú chun slándáil a sholáthar ina garchomharsanacht;
B. de bhrí go bhfuil réiteach síochánta coinbhleachta, cobhsaíocht agus slándáil fheabhsaithe agus comhar frithpháirteach méadaithe de dhíth ar Chomharsanacht an Oirthir agus ar na Balcáin Thiar; de bhrí go bhfuil an tslándáil sna réigiúin sin faoi bhagairt mhór mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin agus mar gheall ar an bhféidearthacht go leathnódh an fogha sin isteach i dtíortha comharsanachta; de bhrí go gcuireann díchobhsú ár ngarchomharsanachta cobhsaíocht, síocháin agus slándáil AE i mbaol;
C. de bhrí go dtugtar chun suntais le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine go bhfuil gá le gníomhaíocht níos láidre, níos uaillmhianaí, níos inchreidte, níos straitéisí agus níos aontaithe ón Aontas ar an leibhéal domhanda, agus go gcuirtear béim leis ar an ngá atá ann go leagfadh AE síos a chuspóirí straitéiseacha féin go neamhspleách agus go bhforbródh sé na cumais chun iad a shaothrú; de bhrí go dtugtar le fios go mór arís leis gur gá don Eoraip tosaíocht a thabhairt dá neamhspleáchas fuinnimh;
D. de bhrí gur oscailt súl don Aontas é cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, arb ionann é agus bagairt láithreach ar an ord slándála Eorpach agus domhanda agus ar shlándáil an Aontais agus a Bhallstát; de bhrí gur neartaigh ionradh na Rúise ar an Úcráin an móiminteam i dtreo teacht ar athshainiú geopholaitiúil ar CBES agus ar ghníomhaíocht sheachtrach AE i gcoitinne, le fís dhána faoi threoir leasanna an Aontais sa réaltacht nua gheopholaitiúil, le fíorthoil chun gníomhú agus le comhar trasatlantach, chun torthaí atá ábhartha go straitéiseach a bhaint amach; de bhrí, in ainneoin fogha na Rúise, go bhfuil iarratas déanta ag an bhFionlainn agus ag an tSualainn ar dhul isteach in ECAT; de bhrí go léiríonn an choinbhleacht sin go bhfuil géarghá le tuiscint choiteann ar bhagairtí a bheith á sainiú ag na Ballstáit agus le fíor-dhlúthpháirtíocht leis na Ballstáit túslíne a bheith á léiriú acu; de bhrí gur athdhearbhú é an cogadh sin ar ról ECAT mar bhunchloch na slándála Eorpaí agus ar a bhuntábhachtai atá nasc láidir trasatlantach;
E. de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach go dtabharfadh an tAontas aghaidh ar a phríomhleochaileachtaí, amhail é a bheith róspleách le déanaí ar an Rúis agus ar Dhaon-Phoblacht na Síne, agus go ndéanfadh sé a athléimneacht agus a ullmhacht a neartú i bhfianaise bagairtí a eascraíonn as réimis ollsmachtacha agus neamhdhaonlathacha;
F. de bhrí go dtugtar chun suntais freisin le hionradh na Rúise, agus é níos follasaí fós mar gheall ar thorthaí na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, faoi stiúir na saoránach, a riachtanaí atá sé go léireodh na Ballstáit an toil pholaitiúil is gá chun beartas Eorpach lánfheidhme a dhéanamh de CBES;
G. de bhrí nár baineadh leas as an acmhainneacht le haghaidh beartas eachtrach, slándáil agus cosaint atá tapa, éifeachtúil agus éifeachtach dá bhforáiltear le Conradh Liospóin ná nár saothraíodh an acmhainneacht sin, ach ar bhealach an-teoranta le deich mbliana anuas de dheasca na heaspa tola polaitiúla ó na Ballstáit; de bhrí, mar gheall ar thimpeallacht slándála Eorpach atá ag athrú, go bhfuil sé thar am gach ionstraim dá bhforáiltear le CAE a úsáid, go háirithe maidir le CBSC; de bhrí go bhfuil gnéithe i gConradh Liospóin amhail ciste míleata nuathionscanta faoi Airteagal 41(3)(b), an fhéidearthacht grúpa beag a bhunú ag a mbeidh cuspóirí slándála agus cosanta níos uaillmhianaí faoi Airteagal 44, agus beartas fíor-Eorpach um chumas agus um armálacha a shainiú faoi Airteagal 42(3), arb ann dóibh ó mhí na Nollag 2009;
H. de bhrí go bhféadfaí clásail passerelle a úsáid láithreach chun athrú ó cheanglas na haontoilíochta go vótáil trí thromlach cáilithe i réimsí sonracha beartais; de bhrí go bhfágann an bhagairt reatha ar an tslándáil Eorpach gur gá modhanna oibre áirithe a oiriúnú láithreach;
I. de bhrí gur ghníomhaigh an Chomhairle go tapa agus ar bhealach aontaithe agus go bhfuil naoi bpacáiste smachtbhannaí glactha aici go dtí seo i gcoinne na Rúise mar gheall ar a gníomhaíochtaí san Úcráin, lena n-áirítear smachtbhannaí ar dhaoine aonair amhail reo sócmhainní agus srianta taistil, smachtbhannaí eacnamaíocha a dhíríonn ar na hearnálacha airgeadais, trádála, fuinnimh, iompair, teicneolaíochta agus cosanta, srianta ar na meáin, bearta taidhleoireachta, srianta ar an gcaidreamh eacnamaíoch leis an gCrimé agus Sevastopol faoi fhorghabháil agus le limistéir Donetsk agus Luhansk nach bhfuil faoi rialú an rialtais agus bearta a bhaineann le comhar eacnamaíoch, ar sampla den dlúthpháirtíocht agus aontacht iad go léir, ach nach leor fós chun stop a chur leis an ionsaitheoir;
J. de bhrí gur treocht dhomhanda atá sa mheath ar shaoirse na meán agus i dteacht chun cinn feachtas bréagaisnéise, trasnaíocht eachtrach agus ionsaithe ar iriseoirí, ar treocht í is mó is léir i gcás daonlathais atá ag cúlú agus i gcás stáit cheanndána ollsmachtacha; de bhrí, go hidirnáisiúnta, gur cúis imní iad na hiarmhairtí ar chearta an duine, ar an daonlathas, ar rannpháirtíocht phoiblí agus ar an bhforbairt; de bhrí nach mór don Aontas a chomhar le tíortha comhpháirtíochta atá ar aon intinn leis a neartú chun saoirse na meán agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh a chur chun cinn agus a chosaint agus chun cur i gcoinne na bréagaisnéise agus na trasnaíochta eachtraí i dtríú tíortha
K. de bhrí go bhfuil éagobhsaíocht agus dothuarthacht sheanbhunaithe na slándála ag teorainneacha AE agus ina gharchomharsanacht ina mbagairt dhíreach ar shlándáil AE agus a Bhallstát;
L. de bhrí, faoi threoir Vladimir Putin, gur lean Rialtas Chónaidhm na Rúise de ghníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta idirnáisiúnta a dhéanamh i gcoinne daoine den fhreasúra pholaitiúil agus i gcoinne stáit cheannasacha, as ar lean ionradh agus forghabháil na hÚcráine ó 2014 i leith;
M. de bhrí go bhfuil iarmhairtí domhanda ionradh gan údar Chónaidhm na Rúise ar an Úcráin á ndéanamh níos measa mar gheall ar thionchar phaindéim COVID-19, a tháinig chun cinn in Wuhan i nDaon-Phoblacht na Síne, atá ar siúl go fóill agus nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo; de bhrí go bhfuil éiginnteacht gheopholaitiúil ann anois díreach do shaoránaigh an Aontais Eorpaigh, do Bhallstáit is iarrthóirí agus do Bhallstáit is iarrthóirí ionchasacha, agus do chomhpháirtithe ar fud an domhain, mar thoradh ar chogadh dearg a bheith ar mhór-roinn na hEorpa arís, mar thoradh ar éagobhsaíocht eacnamaíoch agus mar thoradh ar ionstraimiú na luaineachta fuinnimh a chruthaítear d’aon ghnó;
N. de bhrí, chun neamhspleáchas straitéiseach a bhaint amach, go gcaithfidh an tAontas a bheith in ann gach ábhar lena mbaineann tábhacht straitéiseach do AE a shaothrú gan spleáchas míchuí ar chumais stát agus gníomhaithe tríú tíortha, lena n-áirítear trí dheireadh a chur le leochaileachtaí a fhágann go bhfuil an tAontas oscailte do dheighilt inmheánach agus do ghéilleadh éigeantais do ghníomhaithe forlámhacha; de bhrí, trí neamhspleáchas straitéiseach a bhaint amach, go mbeidh an tAontas in ann a ghníomhaíocht sheachtrach a fheabhsú tuilleadh ag tosú ó bhonn láidir, a leasanna atá bunaithe ar luachanna a shaothrú agus a chur chun cinn ar bhealach níos éifeachtaí agus a rannchuidiú leis an iltaobhachas domhanda, le réiteach síochánta coinbhleachta agus le forbairt an daonlathais, an smachta reachta agus na gceart bunúsach ar fud an domhain a neartú; de bhrí nach mbeidh AE in ann é féin a chosaint ná a bheith ina ghníomhaí inchreidte gan fíor-infheistíochtaí i gcosaint na mBallstát; de bhrí, in ainneoin fhogha leanúnach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ó 2014, nach bhfuil cinneadh cheannairí ECAT íosmhéid 2 % de OTI a ghealladh do chaiteachas cosanta curtha chun feidhme ach ag roinnt comhghuaillithe ar Ballstáit iad, go háirithe iad siúd a bhaineann leis an taobh Thoir; de bhrí go léirítear fíorthoil chun slándáil na hEorpa agus seasamh AE a neartú ag an am céanna le baint amach na tairsí sin;
O. de bhrí go bhfuil aontachas roghnach stát Eorpach leis an Aontas fós ar an ionstraim beartais eachtraigh is rathúla dá bhfuil ag an Aontais; de bhrí, an 23 Meitheamh 2022, gur thug ceannairí Eorpacha stádas iarrthóra don Úcráin agus do Phoblacht na Moldóive le haghaidh bhallraíocht AE agus gur aithin siad dearcadh Eorpach na Seoirsia; de bhrí gur thug an Chomhairle Eorpach stádas mar iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas don Bhoisnia agus don Heirseagaivéin agus gur chuir Poblacht na Cosaive a hiarratas ar bhallraíocht isteach an 15 Nollaig 2022;
P. de bhrí go bhfuil CBES an Aontais á threorú ag luachanna an daonlathais, an smachta reachta, uilechoitinne agus dhodhealaitheacht chearta an duine agus saoirsí bunúsacha, an mheasa ar dhínit an duine, phrionsabail an chomhionannais agus na dlúthpháirtíochta agus an mheasa ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar phrionsabail an dlí idirnáisiúnta; de bhrí gur chun leas láithreach an Aontais iad a luachanna, mar a chumhdaítear in Airteagal 2, Airteagal 3(5) agus Airteagal 21 CAE iad; de bhrí go leanann brú uathlathach ar na luachanna daonlathacha sin de bhaint de sheiceálacha ar mhí-úsáid cumhachta, de mhéadú a dhéanamh ar mhinicíocht agus thromchúiseacht sáruithe ar chearta an duine agus de shrianadh a chur ar an spás don tsochaí shibhialta, do na meáin neamhspleácha agus do ghluaiseachtaí daonlathacha an fhreasúra; de bhrí, de réir Freedom House, gurbh é 2021 an 16ú bliain as a chéile inar tháinig meathlú ar an daonlathas domhanda;
Q. de bhrí go bhfuil éifeachtaí an athraithe aeráide ar ghnéithe éagsúla de shaol an duine ag éirí níos déine, chomh maith lena éifeachtaí ar dheiseanna forbartha, ar an ord geopholaitiúil domhanda agus ar chobhsaíocht dhomhanda; de bhrí gurb iad na daoine sin atá ar bheagán acmhainní chun dul in oiriúint don athrú aeráide is measa a bhuailtear ag tionchar an athraithe aeráide; de bhrí gur cheart do bheartas eachtrach AE díriú níos mó ar ghníomhaíochtaí iltaobhacha a chur chun cinn trí chomhoibriú ar shaincheisteanna sonracha a bhaineann leis an aeráid, trí chomhpháirtíochtaí straitéiseacha a fhorbairt agus trí chomhar agus idirghníomhaíochtaí a neartú idir gníomhaithe stáit agus neamhstáit, lena n-áirítear iad siúd is mó a chuireann le truailliú domhanda;
R. de bhrí go bhfuil an t-ord idirnáisiúnta riailbhunaithe, atá fothaithe ar an dlí idirnáisiúnta agus ar institiúidí an iltaobhachais, faoi riosca atá ag méadú i rith an ama, ón taobh istigh agus ón taobh amuigh araon; de bhrí, ag oibriú dóibh ina n-aonar agus trí ghníomhaíocht chomhbheartaithe, go mbaineann stáit uathlathacha an bonn ó eagraíochtaí agus ó ghníomhaireachtaí iltaobhacha, agus ón dlí daonnúil idirnáisiúnta agus an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine, go ndéanann siad brí an dlí sin a threascairt trí chomhthoghadh, nó go dtéann siad timpeall ar a chur chun feidhme nó go gcuireann siad bac a chur ar a chur chun feidhme, agus forbairt bhreise gnásanna uathlathais san Aontas agus i dtríú tíortha á cur chun cinn acu, lena n-áirítear trí dhreasachtaí agus comhéigean taidhleoireachta, eacnamaíocha nó míleata a úsáid agus trí fheachtais bhréagaisnéise; de bhrí gur ionsaí ar bhunchloch an oird dhomhanda iltaobhach riailbhunaithe iad ionradh na Rúise ar an Úcráin agus na coireanna cogaidh atá á ndéanamh d’aon ghnó aici;
S. de bhrí nach mór do AE feabhas a chur ar a chumas cinntí tapa agus éifeachtacha a dhéanamh, go háirithe faoi CBES, chun labhairt d’aon ghuth agus chun gníomhú mar ghníomhaí fíordhomhanda agus é ag freagairt ar ghéarchéimeanna;
1. á chur i bhfios, maidir le freagairt ghasta, aontaithe agus leanúnach AE ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus maidir lena chumas foghlaim ó bhotúin gheostraitéiseacha rinneadh roimhe seo agus aghaidh a thabhairt ar na botúin sin, gur léiriú é sin ar éifeachtacht bheartas eachtrach, slándála agus cosanta AE, á threorú ag ár gcomhluachanna i ndáil le cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta; á chur i bhfios go láidir, chun feabhas a chur ar a ról mar ghníomhaí inchreidte beartais eachtraigh atá bunaithe ar luachanna, mar chomhpháirtí iontaofa idirnáisiúnta agus mar ghníomhaí inchreidte slándála agus cosanta, nach mór don Aontas nósanna imeachta cinnteoireachta a chuideoidh leis an gcuspóir sin a ghlacadh agus, i réimsí ina bhfuil siad sin ar fáil faoi láthair, a chur chun feidhme;
2. á thabhairt dá haire go bhfuil roinnt mhaith réimeas uathlathach ar fud an domhain ag faire go géar ar fhreagairt AE ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus go mbeidh tionchar cinntitheach aici ar a n-iompar a mhúnlú ar an leibhéal idirnáisiúnta; á chur i bhfios go láidir, chun a bheith ina ngníomhaithe inchreidte, nach mór do AE agus dá Bhallstáit a gcúnamh míleata, polaitiúil agus daonnúil don Úcráin a mhéadú agus a gcosaint a neartú maidir le bagairtí na Rúise ar shlándáil na hEorpa a chomhrac;
3. á chur in iúl go bhfuil sí suite de go bhfuil áirithiú slándáil, rathúnas agus cheannaireacht an Aontais ar an leibhéal domhanda nasctha go dlúth le próiseas an mhéadaithe a chomhdhlúthú, dlús a chur le haontachas na dtíortha is iarrthóirí agus na dtíortha is iarrthóirí ionchasacha agus le beartas comharsanachta AE a chomhdhlúthú;
4. á chur i bhfios go láidir go bhfágann an t-athrú ó bhonn sa tírdhreach geopholaitiúil arb é cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus dúshláin idirnáisiúnta eile is cúis leis, lena n-áirítear an méadú leanúnach ar an údarásaíochas domhanda, méadú ar an gcomhar idir an tSín agus an Rúis, beartas eachtrach teanntásach Dhaon-Phoblacht na Síne, an éigeandáil aeráide agus tionchar phaindéim COVID-19, go n-éilítear go ndéanfaí coincheap an neamhspleáchais straitéisigh, an dlúthpháirtíocht agus múscailt gheopholaitiúil an Aontais a chur chun feidhme go mear, bunaithe ar ghníomhaíochtaí nithiúla inchreidte maidir le saincheisteanna tosaíochta téamacha agus geografacha agus, ag an am céanna, go léiríonn siad go bhfuil gá le comhar níos dlúithe le ECAT agus le comhghuaillithe ar fud na cruinne atá ar aon intinn leis; á chur i bhfáth, i bhfianaise an mhéid sin, má thugann tríú tír tacaíocht dhíreach nó indíreach do sheasaimh neamhdhleathacha na Rúise, eadhon trí vótáil leis an Rúis ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe maidir le rúin ábhartha nó trí chabhrú léi dul timpeall ar smachtbhannaí AE, ba cheart go mbeadh iarmhairtí soiléire, gasta agus sonracha ar ár gcaidreamh polaitiúil agus trádála leis an tír sin mar thoradh air sin;
5. ag cur béim ar an bhfíoras nach féidir leis an Aontas a ghairm mar ghníomhaí domhanda agus mar sholáthraí slándála a chomhlíonadh ach amháin ar bhonn cinnteoireacht níos solúbtha agus níos éifeachtúla, lena n-áirítear maidir le beartas slándála agus cosanta;
6. ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart gníomhaíochtaí an Aontais a bheith á dtreorú ag na luachanna agus na prionsabail ar a bhfuil an tAontas fothaithe, agus i gcomhréir leis na luachanna sin, i gcomhréir le hAirteagal 21 CAE;
7. á mheas gur cheart Airteagal 21(2) CAE a leasú chun an coincheap ‘uathriail straitéiseach’ a chur san áireamh ar liosta chuspóirí CBES ionas go mbeidh AE ina ghníomhaí éifeachtach taidhleoireachta agus slándála trína bheartas eachtrach agus slándála féin a chur chun feidhme bunaithe ar ghníomhaíocht láidir trí bhearta, beartais, buiséid agus gealltanais nithiúla;
8. á mheabhrú, leis an gCompás Straitéiseach a ghlac an Chomhairle i mí an Mhárta 2022, go dtugtar treoir straitéiseach agus uirlisí don Aontas agus dá Bhallstáit chun a gcumais chosanta a fheabhsú, chun bheith ina soláthraí slándála éifeachtach i dtimpeallacht dhomhanda agus réigiúnach ina bhfuil ag méadú ar an tsáraíocht agus chun bheith ina ngníomhaí domhanda níos teanntásaí don tsíocháin agus don tslándáil dhaonna; á iarraidh, dá bhrí sin, ar VP/HR, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tosaíocht a thabhairt dá chur chun feidhme ar bhealach níos gasta, agus go hiomlán, i gcomhar le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo agus i gcomhlántacht iomlán le ECAT agus lena Choincheap Straitéiseach an 29 Meitheamh 2022, agus na ceachtanna a foghlaimíodh ó chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine á gcur san áireamh;
9. á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le feachtas cumarsáide láidir ina leagfar béim ar na tairbhí a bhaineann leis an gCompás Straitéiseach do shlándáil na hEorpa agus do shaoránaigh na hEorpa;
10. á thabhairt chun suntais, chun an sainmhíniú geopholaitiúil is gá a bhaint amach chun freagairt do na dúshláin atá ann faoi láthair, gur cheart don Aontas CBES a mhúnlú ar bhonn na gceithre ghníomhaíocht seo a leanas:
—
socruithe institiúideacha agus cinnteoireachta an Aontais a oiriúnú agus toil pholaitiúil agus aontacht sa bheartas eachtrach agus slándála a chothú trí vótáil trí thromlach cáilithe a ghlacadh chun luathbheart coisctheach agus mearfhreagairt a cheadú,
—
uathriail straitéiseach agus dlúthpháirtíocht a oibríochtú, agus a chur chuige maidir le hiltaobhachas agus comhghuaillíochtaí á neartú, spleáchais straitéiseacha ar chórais neamhdhaonlathacha a laghdú agus athléimneacht an Aontais a fheabhsú,
—
ceannaireacht a thabhairt maidir le hathneartú an iltaobhachais, comhghuaillíochtaí agus comhpháirtíochtaí a neartú agus a chomhdhlúthú agus comhpháirtíochtaí straitéiseacha nua a thógáil le haghaidh domhan níos fearr le comhpháirtithe daonlathacha atá ar aon intinn leo, agus aghaidh á tabhairt ar theanntás na réimeas údarásaíoch agus ollsmachtach,
—
taidhleoireacht pharlaiminteach a fheabhsú mar uirlis choisctheach agus éifeachtach don bheartas eachtrach;
11. á chur i bhfios go láidir, le reitric uaillmhianach bheartas seachtrach an Aontais um chearta an duine, go n-éilítear go mbeidh an beartas sin comhsheasmhach agus eiseamláireach; á chur in iúl gur oth léi, dá bhrí sin, go leanann AE de bheith neamhréireach i dtaobh cásanna inchomparáide maidir le cearta an duine ar fud an domhain; á chur in iúl gur saoth léi, thairis sin, an meath ar staid chearta an duine agus an smachta reachta i roinnt dá Bhallstáit féin, meath a bhaineann an bonn d’inchreidteacht AE; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit dea-shampla a thabhairt agus seasamh go docht le cearta an duine;
12. á chur i bhfáth gur cheart do AE leanúint de bheith tiomanta do rialú arm agus do chomhaontuithe iltaobhacha maidir le dí-armáil agus neamhleathadh;
Socruithe institiúideacha agus cinnteoireachta AE a neartú sa bheartas eachtrach agus slándála
13. á chur in iúl gur geal léi leibhéal suntasach aontacht agus diongbháilteacht an Aontais i dtaobh freagairt go mear agus go láidir do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; ag tathant ar na Ballstáit an leibhéal ard agus comhleanúnach tacaíochta sin don Úcráin agus dá saoránaigh a choinneáil ar bun agus, i gcás inar gá, a mhéadú, i gcomhréir iomlán le riachtanais athraitheacha na hÚcráine agus le tiomantas AE do neamhspleáchas, do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine; á iarraidh go mbeadh an leibhéal céanna aontachta ann agus ár ndaonlathais nó ár gcomhluachanna faoi ionsaí amach anseo;
14. ag tathant ar na Ballstáit a n-aontacht agus a ndiongbháilteacht a choinneáil agus tógáil ar an leibhéal comhair sin nach bhfacthas a leithéid riamh cheana; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá aontacht agus comhsheasmhacht le luachanna agus prionsabail bhunaidh an Aontais agus a thábhachtaí atá sé an aontacht sin a chaomhnú agus leanúint de cheannasacht straitéiseach, slándáil agus athléimneacht an Aontais agus na mBallstát a neartú trí chinnteoireacht níos éifeachtúla in CBES, rud a d’fhéadfaí a bhaint amach tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
aistriú a luaithe is féidir chuig vótáil trí thromlach cáilithe le haghaidh cinntí i ngach réimse de CBES, ag tosú le réimsí tosaíochta laistigh de bhliain, amhail Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine (Gníomh Magnitsky AE) agus réimsí eile beartais eachtraigh, trí úsáid a bhaint as na clásail passerelle dá bhforáiltear sna Conarthaí, cé is moite de mhisin mhíleata nó oibríochtaí a chruthú a bhfuil sainordú feidhmiúcháin acu faoi CBSC, ar gá aontoilíocht ina leith fós;
(b)
coinbhinsiún a chomóradh tríd an nós imeachta a ghníomhachtú chun athbhreithniú a dhéanamh ar na Conarthaí dá bhforáiltear in Airteagal 48 CAE, agus é mar chuspóir aige sin, inter alia, vótáil trí thromlach cáilithe a chumhdach le haghaidh gach ábhair a bhaineann le CBES AE sna Conarthaí;
(c)
féachaint le fíoraontas míleata agus cosanta a bhaint amach a bheidh idir-inoibritheach agus comhlántach le Chomhghuaillíocht ECAT agus a bheidh in ann gníomhú go neamhspleách nuair is gá;
(d)
staonadh cuiditheach a spreagadh, go dtí go ndéanfar vótáil trí thromlach cáilithe a chur i bhfeidhm go hiomlán maidir le cinntí nach bhfuil impleachtaí míleata ná cosanta acu, i gcomhréir le hAirteagal 31(1) CAE;
(e)
a áirithiú go gcloíonn na Ballstáit le prionsabail na gConarthaí ó thaobh teoirice agus cleachtais de, go háirithe Airteagal 24 agus Airteagal 42(7) CAE agus Airteagal 222 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh , ina n-iarrtar ar na Ballstáit tacú go gníomhach agus gan chuntar le beartas seachtrach agus slándála an Aontais de mheon dílseachta agus dlúthpháirtíochta frithpháirtí; á chur i bhfios go láidir nár sainíodh go soiléir riamh na coinníollacha maidir le hAirteagal 42(7) CAE agus na módúlachtaí tacaíochta a ghníomhachtú; á mheas gur gá straitéis beartais dlúthpháirtíochta agus bearta cur chun feidhme oibríochtúla a fhorbairt go práinneach don chlásal um chúnamh frithpháirteach a shonraítear in Airteagal 42(7) CAE;
(f)
leas iomlán a bhaint as an sásra comhtháite maidir le freagairt pholaitiúil ar ghéarchéimeanna (IPCR) agus Comhairle Slándála Eorpach a chruthú, comhdhéanta d’Airí na mBallstát, chun freagairt go tapa i gcásanna éigeandála agus chun cur chuige comhtháite a fhorbairt maidir le coinbhleacht agus géarchéim, chomh maith le Comhairle Airí Cosanta;
(g)
an cur chuige ‘Foireann na hEorpa’ a chur chun feidhme agus leas iomlán a bhaint as chun dúbláil i mbeartas eachtrach agus slándála an Aontais a chomhordú agus a sheachaint, agus aontacht á léiriú ag an am céanna;
(h)
cistiú leordhóthanach, acmhainneacht institiúideach agus tacaíocht theicniúil a chur ar fáil ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát chun ullmhú do na dúshláin atá ann faoi láthair, atá ag teacht chun cinn agus a bheidh ann amach anseo, agus chun freagairt dóibh gan mhoill; á iarraidh, go háirithe, go ndéanfaí maoiniú breise do ghníomhaíocht sheachtrach uile AE;
(i)
ról a thabhairt isteach don Pharlaimint le haghaidh cinntí maidir le misin slándála mhíleata agus shibhialtacha a sheoladh thar lear;
á chreidiúint, i bhfianaise an mhéid thuas, gurbh iomchuí don Pharlaimint díospóireacht iomlánach a thionól roimh chinntí ábhartha ón gComhairle agus rún a ghlacadh lena n-údarófaí oibríocht go polaitiúil, lena n-áirítear a cuspóirí, a modhanna agus a ré;
15. ag tathant ar na Ballstáit cur i bhfeidhm docht Airteagal 31 CAE a shaothrú, lena gceadaítear, inter alia, don Chomhairle cinntí áirithe a dhéanamh trí thromlach cáilithe in ábhair CBES nach bhfuil impleachtaí míleata acu, go háirithe iad siúd a bhaineann le smachtbhannaí agus cearta an duine, agus, i gcás Airteagal 42(7) CAE, aistriú chuig vótáil trí thromlach cáilithe treisithe; á iarraidh ar na Ballstáit lánúsáid a bhaint as an gclásal passerelle atá in Airteagal 31(3) CAE gan a thuilleadh moille, go háirithe i réimsí tosaíochta;
16. á athdhearbhú go dtacaíonn sí le Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine a ghlacadh agus a chur chun feidhme, ag cur ar chumas AE bearta sriantacha spriocdhírithe a fhorchur go pras i gcoinne daoine aonair, eintiteas agus comhlachtaí atá freagrach as sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine ar fud an domhain, atá páirteach iontu nó a bhfuil baint acu leo; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún raon feidhme Chóras Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine a leathnú go tráthúil chun gníomhartha éillithe a áireamh, agus ar an gcaoi sin an dlúthnasc idir an t-éilliú agus sáruithe ar chearta an duine á aithint; ag tathant ar an gCoimisiún cur leis an togra reachtach sin le bealaí lena gcumasófar ról feabhsaithe do Pharlaimint na hEorpa maidir le cásanna de sháruithe tromchúiseacha ar chearta an duine a mholadh; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gComhairle vótáil trí thromlach cáilithe a thabhairt isteach chun bearta sriantacha arna bhforchur faoi Chóras Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine a ghlacadh;
17. á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit dlús a chur lena dtacaíocht d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, do ghníomhaithe agus d’iriseoirí iniúchacha atá ag gabháil don chomhrac i gcoinne an éillithe, trí bhunú institiúidí éifeachtacha frith-éillithe a chur chun cinn, trí chreataí rialála láidre a ghlacadh agus trí aghaidh a thabhairt ar dhlínsí rúndachta agus tearmainn chánach, go háirithe laistigh dá ndlínsí féin;
18. á thabhairt chun suntais go bhfuil forfheidhmiú na smachtbhannaí a fhorchuirtear ar Chónaidhm na Rúise ríthábhachtach chun teorainn a chur lena cumas a cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine a shaothrú agus, dá bhrí sin, go gcaithfidh an forfheidhmiú sin a bheith ar an tosaíocht is airde; ag tathant ar an gComhairle bearta sriantacha a fhorchur ar thríú tíortha a chumasaíonn ionradh na Rúise ar an Úcráin, bíodh sin trí smachtbhannaí a éascú nó trí chúnamh míleata díreach a sholáthar; á chur in iúl gur geal léi na bearta sriantacha a forchuireadh ar an réimeas sa Bhealarúis; á chur in iúl gur geal léi cinneadh na Comhairle bearta sriantacha a fhorchur ar Phoblacht Ioslamach na hIaráine i bhfianaise sholáthar na n-aerárthach gan foireann do Chónaidhm na Rúise lena n-úsáid i gcoinne na hÚcráine, go háirithe i gcoinne spriocanna sibhialtacha; á iarraidh go leathnófaí bearta sriantacha i bhfianaise sholáthar leanúnach na n-aerfheithiclí gan foireann ag Poblacht Ioslamach na hIaráine agus soláthar na ndiúracán dromchla go dromchla atá beartaithe; ag tacú go láidir leis an togra le haghaidh treoir(6) lena ndéantar coir de shárú ar bhearta sriantacha an Aontais agus á iarraidh go gcuirfí de chúram ar Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh imscrúdú agus ionchúiseamh comhsheasmhach agus aonfhoirmeach a áirithiú ar choireanna den sórt sin ar fud AE;
19. á chur in iúl gur cúis bhuartha di minicíocht agus déine na dtubaistí aeráide agus comhshaoil, a bhfuil iarmhairtí uafásacha acu go háirithe ar na daoine agus na pobail is boichte agus is leochailí ar domhan; á mheabhrú go mbaineann tionchair dhíreacha agus indíreacha an athraithe aeráide an bonn den tsíocháin agus den tslándáil dhomhanda agus, ag an am céanna, go ndéanann siad leochaileachtaí agus neamhionannais atá ann cheana a dhoimhniú agus rioscaí a chruthú do chearta an duine; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról bunúsach ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit, i gcur chuige comhpháirteach ‘Foireann na hEorpa’, maidir le taidhleoireacht aeráide a chur chun cinn ar fud an domhain chun an tsíocháin agus an tslándáil dhomhanda a choimirciú, go háirithe trí rannpháirtíocht mhéadaithe dhéthaobhach agus iltaobhach le comhpháirtithe idirnáisiúnta, trí chur chun feidhme iomlán Chomhaontú Pháras agus trí ghealltanais bhreise a rinneadh, go háirithe maidir le comhpháirtithe a fhorbairt, agus trí ghníomhaíocht ar son na haeráide a phríomhshruthú thar gach gné dá ghníomhaíocht sheachtrach; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) taidhleoireacht láidir aeráide AE a cheapadh agus a dhéanamh arb é is aidhm di comhar idirnáisiúnta maidir le Comhaontú Pháras a chothú, an ghné sheachtrach den Chomhaontú Glas nua a neartú agus tacaíocht nithiúil a chur ar fáil do spriocanna uaillmhianacha maidir le laghdú CO2 i dtríú tíortha;
20. á áitiú go ndéanfaí príomhshruthú inscne agus Plean Gníomhaíochta III AE maidir le hInscne (GAP III) a chur chun feidhme go hiomlán agus a chomhtháthú go córasach i ngníomhaíocht sheachtrach uile AE, lena n-áirítear beartas trádála agus forbartha inbhuanaithe, ar gach leibhéal rannpháirtíochta agus i ngach gníomhaíocht agus coincheap ábhartha, lena n-áirítear thar shaolré GAP III; ag tathant ar SEGS a chothromaíocht gheografach a fheabhsú chun go mbeadh ionadaíocht náisiúnta iomchuí ann lena léireofaí éagsúlacht na mBallstát uile, mar a léirítear in Airteagal 27 de Rialacháin Foirne na nOifigeach
21. á iarraidh ar an Aontas agus ar na Ballstáit ceannaireacht a fheidhmiú i gcur chun feidhme Rún 1325 (2000) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról lárnach ag mná i gcosc coinbhleachtaí, i gcaibidlíocht síochána, i gcothú na síochána, i gcoimeád na síochána, sa fhreagairt dhaonnúil agus in atógáil iarchoinbhleachta; á chur i bhfáth gur gá don Aontas rannpháirtíocht chomhionann na mban agus rannpháirtíocht iomlán na mban a áirithiú sna hiarrachtaí uile chun an tsíocháin agus an tslándáil a choinneáil;
22. á iarraidh go neartófaí acmhainneachtaí SEGS agus thoscaireachtaí AE trína n-ionstraimí agus a n-acmhainní féin buana AE a chur ar fáil dóibh do ghnóthaí eachtracha agus do chosaint agus do chur chun cinn chearta an duine agus don chomhrac i gcoinne na bréagaisnéise; á iarraidh go ndéanfaí Cinneadh ón gComhairle an 26 Iúil 2010 a thabhairt cothrom le dáta chun go mbeifear in ann cuspóirí, luachanna agus leasanna AE a chomhlíonadh ar bhealach níos fearr ar fud an domhain;
23. ag tathant ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún ról an Leas-Uachtaráin/Ardionadaí a neartú; á chur i bhfios gur féidir é sin a bhaint amach trí athrú ar an gConradh lena ndéanfaí aire gnóthaí eachtracha an Aontais den Leas-Uachtarán/Ardionadaí, go ndéanfaí príomhionadaí seachtrach an Aontais díobh i bhfóraim idirnáisiúnta agus go gceadófaí dóibh a bheith i láthair ex-officio i bhformáidí caibidlíochta arna dtionscnamh nó arna stiúradh ag na Ballstáit; ag tacú leis an iarraidh ó shaoránaigh an Aontais inar chuir siad in iúl sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa gur mian leo go labhródh AE d’aon ghuth;
24. ag cur sonrú san óráid ón Leas-Uachtarán/Ardionadaí ag Comhdháil Bhliantúil 2022 d’Ambasadóirí AE agus ag dréim leis go dtabharfar aghaidh go héifeachtach ar easnaimh sheirbhís taidhleoireachta AE a sainaithníodh chun a hacmhainn agus a héifeachtúlacht a neartú; á iarraidh go mbeadh taidhleoireacht uathrialaitheach Eorpach ann i ngach réimse, lena n-áirítear taidhleoireacht phoiblí, chultúrtha, eacnamaíoch, aeráide agus dhigiteach agus cibearthaidhleoireacht, i measc nithe eile, arna gcinneadh ag cultúr taidhleoireachta comhchoiteann agus fíor-esprit de corps AE; á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh tús leis an treoirthionscadal dar teideal ‘I dtreo Acadamh Taidhleoireachta Eorpach’, arb é is aidhm leis gnóthú scileanna agus inniúlachtaí comhchoiteanna a chur chun cinn chun prionsabail agus leasanna an Aontais a chur chun cinn agus a chosaint go héifeachtach ar fud an domhain; á chur i bhfios go láidir gur cheart go ndíreodh an treoirthionscadal sin ar spriocghrúpaí ar mhaithe le hacadamh amach anseo agus go bhféadfaí na daoine nach taidhleoirí de chuid na mBallstát iad a áireamh le bheith ina dtaidhleoirí de chuid an Aontais amach anseo;
25. á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról straitéiseach ag an gcomhar cultúrtha idirnáisiúnta agus ag an taidhleoireacht chultúrtha i mbeartas eachtrach AE maidir leis an gcaidreamh le tíortha comhpháirtíochta a neartú, luachanna daonlathacha AE a chur chun cinn, oidhreacht chultúrtha thar lear a chosaint, idirphlé idirchultúrtha, soghluaisteacht ealaíontóirí agus gairmithe cultúrtha, agus cosc coinbhleachtaí a chur chun cinn, cur i gcoinne na bréagaisnéise agus trasnaíocht eachtrach i dtríú tíortha agus sa chomhrac i gcoinne gáinneáil aindleathach, creachta agus scriosadh maoine cultúrtha; á iarraidh go ndéanfaí taidhleoireacht chultúrtha AE a neartú tríd an gcultúr a phríomhshruthú mar cholún straitéiseach ar fud ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus trí ionstraim de chuid AE a fhorbairt lena léireofar gnéithe cultúrtha an Aontais ar fud an domhain agus lena gcothófar caidrimh chultúrtha idirnáisiúnta bunaithe ar chomhar cultúrtha agus ar chomhchruthú, ina dtabharfar rannpháirt ghníomhach don tsochaí shibhialta agus d’earnálacha cultúrtha tríú tíortha; á chur i bhfáth go bhféadfadh an ionstraim sin fothú acmhainneachta agus cúnamh airgeadais AE a chur ar fáil d’earnálacha cultúrtha, cruthaitheacha agus nuálacha de shochaí shibhialta tríú tíortha; ag tacú le cuimsiú an chultúir sna comhaontuithe déthaobhacha agus iltaobhacha uile atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, agus urraim chuí á tabhairt do na gealltanais a tugadh faoi Choinbhinsiún UNESCO ar Éagsúlacht Léirithe Cultúir a Chosaint agus a Chur Chun Cinn;
26. á chur i bhfáth go léiríonn géarchéimeanna domhanda geopholaitiúla agus daonnúla gur gá do AE faisnéis inchreidte agus faisnéis ó bhunfhoinse a fháil maidir leis na bagairtí seachtracha atá ann faoi láthair agus a d’fhéadfadh a bheith ann don Aontas, chun go mbeidh sé in ann freagairt go tapa agus go héifeachtach, agus chun cosaint níos fearr a thabhairt dá leasanna thar lear; á iarraidh go neartófaí Lárionad Faisnéise agus Staide AE agus Lárionad Freagartha Géarchéime de chuid SEGS trína n-acmhainní agus a gcumais a fheabhsú;
27. á thabhairt chun suntais gur gá inniúlachtaí an Leas-Uachtaráin/Ardionadaí, Uachtarán an Choimisiúin agus Uachtarán na Comhairle Eorpaí a shainiú go soiléir mar go bhfuil an creat rialála reatha dá bhforáiltear sna Conarthaí agus sna comhaontuithe idirinstitiúideacha maidir le hionadaíocht sheachtrach AE thar lear doiléir faoi inniúlachtaí gach róil institiúidigh; á mheas go bhféadfadh dúbláil áirithe i ngníomhaíocht sheachtrach AE a bheith mar thoradh ar an easpa soiléireachta sin nó mearbhall a chur ar chontrapháirtithe agus/nó ar chomhchainteoirí AE ar fud an domhain ina gcaidreamh leis an Aontas;
Uathriail straitéiseach a oibríochtú
28. á chur i bhfios go láidir gur léiríodh le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus le scrios tromchúiseach agus ollmhór, coireanna cogaidh agus sáruithe d’aon ghnó ar chearta an duine agus ar noirm bhunúsacha an dlí idirnáisiúnta ag Cónaidhm na Rúise go bhfuil gá le láithreacht agus gníomhaíocht AE atá níos láidre, níos uaillmhianaí, níos inchreidte, níos straitéisí agus níos aontaithe ar an leibhéal domhanda; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá do AE a chuspóirí straitéiseacha féin a leagan síos ar bhealach níos tréine, mar a fhoráiltear sa Chompás Straitéiseach, agus na cumais agus na cumasóirí a fhorbairt chun iad a shaothrú, agus ag an am céanna oibriú go neamhspleách agus i ndlúthchomhar le comhpháirtithe atá ar aon intinn leis; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart a mheas gur sprioc de bheartas AE i leith na hÚcráine í críocha uile na hÚcráine atá faoi fhorghabháil a fháil ar ais, a neamhspleáchas, a ceannasacht agus a hiomláine chríochach a choimirciú, an nós imeachta dlíthiúil maidir le coigistiú sócmhainní arna reo le smachtbhannaí a chur i gcrích go pras, chomh maith le déantóirí coireanna, lena n-áirítear Vladimir Putin agus ardcheannaireacht mhíleata agus shibhialtach Chónaidhm na Rúise, a thabhairt faoi réim an cheartais go hidirnáisiúnta;
29. á mheabhrú nach mbeidh AE ina ghníomhaí éifeachtach taidhleoireachta agus slándála ach amháin trí bhíthin gníomhaíocht láidir agus nach méadóidh AE a cheannasacht straitéiseach agus a dhlúthpháirtíocht ach amháin trí bhíthin bearta, beartais, buiséid agus gealltanais nithiúla;
30. á chur in iúl gur geal léi an t-aistriú i gcuir chuige na mBallstát, lena léirítear aistriú i dtreo uathriail straitéiseach feabhsaithe AE trí na príomhghníomhaíochtaí a leagtar síos i nDearbhú Versailles agus sa Chompás Straitéiseach a chur chun feidhme go pras; ag tabhairt dá haire go leagtar béim leo sin ar an ngá atá le cumais chosanta AE agus na mBallstát a neartú agus rannchuidiú go dearfach leis an tslándáil Eorpach, thrasatlantach agus dhomhanda, i ndlúthchomhar, i gcomhlántacht agus i gcomhordú le ECAT nuair is ábhartha do AE, go háirithe nuair atá sé ag bogadh i dtreo níos mó uathriail straitéiseach AE a chruthú;
31. á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an tríú dearbhú comhpháirteach maidir leis an gcomhar idir AE agus ECAT an 10 Eanáir 2023; ag tathant ar an Aontas agus ar na Ballstáit sin ar comhghuaillithe ECAT iad freisin cur chun feidhme comhleanúnach na gcuspóirí agus na dtosaíochtaí a leagtar béim orthu sa Chompás Straitéiseach i gCoincheap Straitéiseach ECAT agus sa tríú dearbhú comhpháirteach a áirithiú; á chur i bhfios go láidir go dtugann na próisis straitéiseacha sin atá laistigh de ECAT agus AE deis uathúil chun ár gcomhairliúchán agus ár gcomhar a threisiú tuilleadh chun slándáil ár saoránach a fheabhsú agus an tsíocháin agus an chobhsaíocht a chur chun cinn sa limistéar Eora-Atlantach agus níos faide i gcéin;
32. ag tabhairt dá haire gur cheart go mbeadh cumais chosanta Eorpacha comhoiriúnach agus comhlántach le ECAT, arb é an príomhráthóir slándála i gcónaí san Eoraip é; á chur i bhfios go láidir gur comhpháirtí de chuid ECAT é AE agus go dtreisíonn an comhar idir AE agus ECAT a chéile agus go bhfuil sé bunaithe ar thrédhearcacht, ar chómhalartacht, ar chuimsitheacht agus ar gach eagraíocht uathriail chinnteoireachta na heagraíochta eile a urramú;
33. á chur i bhfáth nach mór d’aon phróiseas chun uathriail straitéiseach AE a bhaint amach a bheith comhlántach agus comhoiriúnach le ECAT; ag tabhairt dá haire, dá bhrí sin, go bhfuil sé bunriachtanach cumais chosanta atá comhleanúnach, comhlántach agus idir-inoibritheach a fhorbairt chun slándáil an limistéir Eora-Atlantaigh a mhéadú i gcomhréir le prionsabal an tacair aonair d’fhórsaí; ag athdhearbhú go bhfuil cumas Eorpach chun gníomhú, i gcomhpháirtíocht nó go neamhspleách, bunriachtanach don chomhlántacht agus chun rannchuidiú le comhlíonadh phríomhchúraimí ECAT, chomh maith le cosc coinbhleachtaí a fheabhsú, agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé bunriachtanach do shlándáil mhór-roinn na hEorpa ina hiomláine;
34. á mheas gur céim thábhachtach i dtreo fíoraontas cosanta Eorpach é an Compás Straitéiseach agus nach mór dó a bheith mar bhonn chun cultúr straitéiseach comhchoiteann a fhorbairt ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal a Bhallstát araon; á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit an aontacht agus an toil pholaitiúil is gá a léiriú chun na bearta uaillmhianacha a bhfuil gealltanas tugtha acu ina leith sa Chompás Straitéiseach a chur chun feidhme go pras, lena n-áirítear oibríochtú tráthúil Acmhainneacht Mhear-Imscartha an Aontais; á chreidiúint go dtabharfadh cur chun feidhme an Chompáis Straitéisigh an tAontas níos gaire do chuspóir na huathrialach straitéisí; á chur i bhfios go láidir gur gá éifeachtaí chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a chur san áireamh agus na spriocdhátaí le haghaidh bhaint amach gach gníomhaíochta agus tionscadail aonair a ghiorrú;
35. á mheabhrú, áfach, go ndearna an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint, Foireann Mhíleata an Aontais Eorpaigh, SEGS agus an Coimisiún na bearnaí cumais idir na Ballstáit agus na príomhréimsí iarrachta is gá don chosaint a shainaithint i gceart le roinnt blianta anuas; á mheas, dá bhrí sin, nach fiú na huaillmhianta a leagtar amach sa Chompás Straitéiseach agus i gConclúidí ó Chomhairle Versailles ach amháin má chuireann na Ballstáit chun feidhme go héifeachtach iad;
36. á chur in iúl gur geal léi úsáid ghasta agus leanúnach na Saoráide Eorpaí Síochána (EPF) chun an tacaíocht is gá a chur ar fáil chun cur ar chumas na hÚcráine a críoch iomlán a chosaint agus rialú éifeachtach uirthi a fháil ar ais laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta; á thabhairt chun suntais gur gá feabhas a chur ar chumas an Aontais gníomhú le cistiú inbhuanaithe agus iomchuí trí chur leis an tacaíocht ó EPF a cuireadh ar fáil cheana féin don Úcráin, lena n-áirítear tríd an gCill Tí Imréitigh, agus leas a bhaint as na ceachtanna a foghlaimíodh i dtaobh thacaíocht an Aontais don Úcráin chun feabhas a chur ar a hullmhacht le haghaidh cásanna a bheidh ann amach anseo; á chur in iúl gur geal léi cinneadh ón gComhairle an 12 Nollaig 2022 chun buiséad EPF a mhéadú faoi EUR 2 bhilliún, agus ag an am céanna an fhéidearthacht go ndéanfaí uasteorainn fhoriomlán airgeadais EPF a mhéadú tuilleadh faoi EUR 5,5 bhilliún faoi 2027 a cheadú, i bhfianaise an ghá atá le leanúint de thacaíocht a thabhairt do sheachadadh arm agus armlóin chuig an Úcráin agus chuig tíortha comhpháirtíochta eile, lena n-áirítear ar mhór-roinn na hAfraice; ag tathant ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí togra a thíolacadh go pras chun Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle a leasú; á chur i bhfáth, thairis sin, gur gá dara saoráid sheachbhuiséid a bhunú lena ndéanfaí bainistiú ar fhorbairt agus ar ghiniúint shaolré iomlán na gcumas, lena n-áirítear taighde agus forbairt mhíleata chomhchoiteann, soláthar, oiliúint, cothabháil agus slándáil an tsoláthair;
37. á iarraidh go méadófaí an cúnamh airgeadais agus míleata don Úcráin agus go ndéanfaí trealamh nua-aimseartha, airm agus córas aerchosanta den chéad ghlúin eile a imscaradh láithreach bonn; á chur in iúl go dtacaíonn sí leis an gcinneadh ó roinnt Ballstát agus comhpháirtithe idirnáisiúnta feithiclí comhraic coisithe agus iompróirí pearsanra armúrtha a chur ar fáil don Úcráin; ag athdhearbhú a hiarrata ar na Ballstáit tús a chur le seachadadh príomhthancanna catha nua-aimseartha, lena n-áirítear Leopard 2, faoi thionscnamh comhordaithe AE trí chill tí imréitigh Fhoireann Míleata an Aontais Eorpaigh arna óstáil ag SEGS; ag tacú le bunú an Mhisin um Chúnamh Míleata chun oiliúint a chur ar Fhórsaí Armtha na hÚcráine ar ithir AE agus á iarraidh go n-imscarfaí go pras é; ag aithint na hoibre atá á déanamh faoi láthair ag Misean Comhairleach AE le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Sibhialtaí Slándála san Úcráin agus á chur in iúl gur geal léi an coigeartú a rinneadh le déanaí ar a shainordú chun tacú le húdaráis na hÚcráine i dtaobh imscrúdú agus ionchúiseamh a éascú maidir le haon choireanna idirnáisiúnta a rinne fórsaí armtha na Rúise agus amhais i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine;
38. ag athdhearbhú a hiarrata ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí, ar na Ballstáit agus ar na comhpháirtithe idirnáisiúnta freagairt mhear agus chinntitheach a ullmhú i gcás go ndéanfadh an Rúis airm cheimiceacha, bhitheolaíocha, raideolaíocha nó núicléacha a imscaradh i gcoinne na hÚcráine;
39. á chur in iúl gur geal léi gur ghlac an Coimisiún agus an tArdionadaí teachtaireacht chomhpháirteach an 18 Bealtaine 2022 maidir leis an Anailís ar Bhearnaí Infheistíochta i Réimse na Cosanta agus an Bealach Chun Tosaigh agus á iarraidh ar Bhallstáit na cumais is gá a fhorbairt agus a sholáthar chun na bearnaí sin a líonadh trí leas iomlán a bhaint as an mBuanchomhar Struchtúrtha (PESCO), as an Athbhreithniú Comhordaithe Bliantúil ar Chosaint (CARD), as an gCiste Eorpach Cosanta, chomh maith le hionstraimí nua de chuid AE chun níos mó soláthar comhpháirteach a dhreasú, rud a chuideoidh le slándáil na mBallstát agus slándáil chomhghuaillithe ECAT araon a mhéadú;
40. á chur in iúl gur geal léi gur sheol an Coimisiún agus an Leas-Uachtarán/Ardionadaí straitéis Global Gateway an 1 Nollaig 2021 chun borradh a chur faoi naisc chliste, ghlana agus shlána sa réimse digiteach, i réimse an fuinnimh agus i réimse an iompair agus chun córais sláinte, oideachais agus taighde a neartú ar fud an domhain agus go háirithe sa Domhan Theas; ag cur béim ar lárnacht gheopholaitiúil na straitéise nascachta iontaofa sin, lena gcomhtháthaítear an fhorbairt inbhuanaithe le gnéithe atá spriocdhírithe, claochlaitheacha, a chuireann leis an athléimneacht agus atá bunaithe ar luachanna i gcur chuige ‘Foireann na hEorpa’; á iarraidh go ndéanfaí rialú éifeachtach ar an Global Gateway; á chur in iúl gur geal léi gur reáchtáladh an chéad chruinniú de chuid Bhord Global Gateway an 11 Nollaig 2022 agus go bhfuair an Pharlaimint cuireadh chun a bheith ina breathnóir ann; á iarraidh go mbeadh baint chuí aici leis na cinntí maidir le cláir infheistíochta Global Gateway agus go gcuirfí ar an eolas go rialta í faoi aon fhorbairtí, lena n-áirítear impleachtaí buiséadacha;
41. á chreidiúint go bhfuil gá le hiarrachtaí i bhfad níos mó chun go mbeidh an straitéis sin in ann barr a cumais a bhaint amach agus á iarraidh ar institiúidí AE agus ar na Ballstáit uile dlús a chur lena forbairt bhreise agus lena cur chun feidhme níos tapa; á mheas go bhfuil sé bunriachtanach dul i gcomhar le comhpháirtithe atá ar aon intinn chun scála agus tionchar na straitéise sin a mhéadú; á iarraidh go ndéanfaí céimeanna cinntitheacha ar leibhéal G7 chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí infheistíochta sa bhonneagar domhanda, lena n-áirítear tríd an gcistiúchán is gá a sholáthar;
42. á chur i bhfios go bhfuil tábhacht gheopholaitiúil ag baint leis an gComhaontú Glas don Eoraip mar uirlis fhadtéarmach a mbeidh tionchar aici ar chaidreamh AE le tríú tíortha;
43. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá beartas aeráide uaillmhianach de chuid AE chun spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach, go háirithe a idirnáisiúnú agus a thionscnaimh chun freagairt do rioscaí slándála a bhaineann leis an aeráid; ag dréim, i bhfianaise na n-athruithe agus na ndúshlán geopholaitiúil atá ann faoi láthair, le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip chun rannchuidiú le comhpháirtíochtaí nua a thógáil agus meascán fuinnimh AE a éagsúlú mar roghanna malartacha ar sholáthairtí breoslaí iontaise na Rúise;
44. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé dlús a chur le hiarrachtaí AE, i gcomhar le ECAT agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta eile, chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí hibrideacha, cibirionsaithe, bréagaisnéis agus feachtais bholscaireachta, agus athléimneacht a chothú ina gcoinne, laistigh den Aontas agus i dtríú tíortha araon; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, i ndlúthchomhar le ECAT agus le comhpháirtithe nach baill de ECAT iad, déileáil le cosaint an bhonneagair chriticiúil Eorpaigh, lena n-áirítear píblínte eischósta, cumarsáid fhomhuirí agus cáblaí cumhachta, mar ábhar tosaíochta is airde; á athdhearbhú go bhfuil géarghá le hinstitiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile Eorpacha a chosaint go cuí ar bhagairtí agus ionsaithe hibrideacha ó ghníomhaithe stáit eachtracha; á chur i bhfios go láidir gur gá a gcumais cumarsáide straitéisí a fhorbairt freisin trí Thascfhórsaí StratCom, lena n-áirítear iad siúd a dhíríonn ar thríú tíortha agus a thugann aird ar leith ar dhaonraí na Rúise agus na Bealarúise, chomh maith le hacmhainní leormhaithe airgeadais a leithdháileadh chuige sin agus iad féin a fheistiú le córais chumarsáide shlána agus le cumas mearfhreagartha chun ionsaithe a chomhrac agus a n-athléimneacht a mhéadú go mór;
45. á chur in iúl gur geal léi an diongbháilteacht atá léirithe ag an Aontas agus ag formhór na mBallstát maidir le neamhspleáchas iomlán fuinnimh ó Chónaidhm na Rúise a shaothrú agus maidir lena bhfoinsí soláthair fuinnimh a éagsúlú; á iarraidh an athuair go dtabharfaí isteach lánchosc láithreach ar allmhairí breoslaí iontaise agus úráiniam na Rúise agus go bhfanfadh píblínte Nord Stream 1 agus 2 dúnta agus go dtréigfí go hiomlán iad; ag cur béim ar an bhfíoras nár cheart go mbeadh éagsúlú gearrthéarmach foinsí fuinnimh chun dochair d’idirphlé fónta maidir le cearta an duine le soláthraithe malartacha fuinnimh; ag tabhairt dá haire go dtugann sé sin chun suntais a bhunriachtanaí atá sé dlús a chur leis an aistriú glas;
46. á iarraidh go ndéanfaí tionscnaimh chun athléimneacht slabhraí soláthair straitéiseacha agus bonneagar criticiúil AE a neartú trí chleachtaí tástála struis cuimsitheacha rialta arna ndéanamh ag an gCoimisiún, lena n-áirítear maidir le sláinte, fuinneamh, bia-ábhair, leathsheoltóirí agus amhábhair chriticiúla, chomh maith le píblínte agus cáblaí eischósta, d’fhonn mórshuaitheadh sa slabhra soláthair a chosc agus spleáchais AE ar thríú tíortha a laghdú, go háirithe iad siúd nach gcomhroinneann luachanna an Aontais nó a mbíonn an tAontas é féin i riocht iomaíochta sistéamaí leo, chuig leibhéil neamhchriticiúla; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar chumais an Aontais féin i gcomhar le comhpháirtithe atá ar aon intinn leis; á chur i bhfáth go bhfuil gá le tuilleadh comhair le comhpháirtithe daonlathacha chun na hacmhainní straitéiseacha a úsáidtear i monarú ceallraí, sliseanna, leathsheoltóirí agus teicneolaíochtaí criticiúla eile a dhaingniú agus chun spleáchais ar chórais neamhdhaonlathacha le haghaidh sholáthar na n-acmhainní sin a laghdú;
47. ag cur béim ar ghné straitéiseach earnáil an spáis don Eoraip; á chur i bhfios go láidir gur gá infheictheacht agus inchreidteacht an Aontais mar ghníomhaí idirnáisiúnta spáis a áirithiú agus forbairt teicneolaíochtaí lena n-áiritheofaí uathriail straitéiseach Eorpach a chur chun cinn; á iarraidh go méadófaí tiomantas AE chun rialachán cuimsitheach idirnáisiúnta maidir leis an spás a fhorbairt, lena dtógfaí ar chonarthaí, dearbhuithe agus prionsabail dhlíthiúla reatha na Náisiún Aontaithe atá mar bhonn faoin rialachas spáis, lena ndéanfaí nuashonrú orthu agus lena neartófaí iad, agus dul chun cinn mear teicneolaíoch a chur san áireamh; á chur i bhfios go láidir go gcuirfeadh an creat rialála nuashonraithe sin don spás tuilleadh le forbairt inbhuanaithe agus shíochánta an spáis agus, ag an am céanna, go ndéanfaí a armáil agus a mhíleatú a theorannú agus a rialáil; á chur in iúl gur geal léi an fógra ón gCoimisiún go ndéanfaidh sé straitéis spáis don tslándáil agus don chosaint a thíolacadh; á mheas go bhfuil sé bunriachtanach ceannasacht straitéiseach AE sa spás a fheabhsú dá iarrachtaí níos leithne uathriail straitéiseach uilechuimsitheach a bhaint amach;
48. á chur i bhfáth go bhfuil rochtain ar uisce óil sábháilte ar cheann de mhórfhadhbanna an 21ú haois, go háirithe ós rud é go dtrasnaíonn beagnach 60 % d’acmhainní uiscíocha teorainneacha críochacha polaitiúla; á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh na coinbhleachtaí is tromchúisí a bheith mar thoradh ar strus maidir le huisce, strus a eascraíonn as riachtanais mhéadaithe fionnuisce dhaonra an domhain, atá faoi réir rialú straitéiseach aibhneacha ag a bhfoinsí ag roinnt tíortha, mura bhforáiltear d’úsáid srefaí ar bhealach comhtháite agus comhroinnte; ag tathant ar an Aontas straitéis pholaitiúil a bhunú chun réitigh a éascú sna réimsí sin a bhfuil ardacmhainneacht dhíchobhsaitheach iontu agus, ag an am céanna, tíortha a spreagadh i limistéir a bhfuil na coinbhleachtaí is tromchúisí a bhaineann le huisce os a gcomhair chun Coinbhinsiún 1992 maidir le Cosaint agus Úsáid Sruthchúrsaí Trasteorann agus Lochanna Idirnáisiúnta a shíniú;
49. á iarraidh ar an Aontas a cheannasacht dhigiteach a fhorbairt, go háirithe sa chibearshlándáil, chun an daonlathas agus a institiúidí a chosaint; ag cur béim ar an mbagairt shonrach a bhaineann leis na teicneolaíochtaí digiteacha nua do chosantóirí chearta an duine agus do dhaoine eile ós rud é gur féidir iad a úsáid chun a ngníomhaíochtaí a rialú, a shrianadh agus an bonn a bhaint díobh, mar a léiríodh le déanaí sa mhéid a nocht an Tionscadal Pegasus;
50. á chur i bhfáth gur cheart don Aontas, i gcomhar le comhpháirtithe atá ar aon intinn leis, féachaint le hiomaíochas domhanda a bhaint amach i dtaighde, i bhforbairt, i dtáirgeadh agus in imscaradh ladrann;
51. á chur in iúl gur geal léi an fógra ón gCoimisiún go n-oibreoidh sé ar thograí le haghaidh pacáiste um chosaint an daonlathais, lena ndéanfaí an tAontas a chosaint ar thrasnaíocht urchóideach;
Athneartú an iltaobhachais a stiúradh agus comhpháirtíochtaí a thógáil ar mhaithe le domhan níos fearr
52. á chur i bhfáth gur gá na Náisiúin Aontaithe a neartú mar thosaíocht agus comhpháirtíocht fhíor-straitéiseach a fhorbairt idir na Náisiúin Aontaithe agus AE maidir le tosaíochtaí domhanda amhail gníomhú ar son na haeráide agus cearta an duine, agus le haghaidh bainistiú géarchéime freisin; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór don Aontas leanúint de bheith ar thús cadhnaíochta maidir le hiltaobhachas níos ábhartha, níos athléimní agus níos éifeachtaí a chur chun cinn, ar iltaobhachas é atá mar bhonn d’idirphlé cuimsitheach beartais, do chomhar agus do chóineasú atá dírithe ar shlándáil an duine, ar an bhforbairt inbhuanaithe agus ar chosc agus ar réiteach síochánta coinbhleachtaí a chur chun cinn agus lánurraim á tabhairt don dlí idirnáisiúnta agus do chearta an duine; ag tathant ar an Aontas agus ar a Bhallstáit labhairt d’aon ghuth i bhfóraim iltaobhacha, naisc le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo ar fud an domhain a neartú, for-rochtain chuig tríú tíortha agus a bpobail a threisiú agus réitigh iltaobhacha earnála phragmatacha a shaothrú i réimsí ina bhfuil an méid sin i gcomhréir lena leasanna luachbhunaithe;
53. á iarraidh ar an gCoimisiún, ar an gComhairle, ar SEGS agus ar na Ballstáit tograí fónta a chur chun cinn maidir le conas suíochán buan agus dílis don Aontas a bhaint amach agus a ráthú i ngach fóram iltaobhach, lena n-áirítear Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, chun ról an Aontais mar ghníomhaí, a chomhleanúnachas agus a inchreidteacht a neartú ar fud an domhain;
54. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá iarrachtaí taidhleoireachta treisithe chun ár seasamh a chur in iúl ar an mbealach is éifeachtúla agus chun comhordú a dhéanamh le comhpháirtithe daonlathacha atá ar aon intinn linn chun an aontacht is láidre is féidir a choinneáil laistigh den chomhphobal idirnáisiúnta i dtaca leis an Rúis a cháineadh agus prionsabail na ceannasachta agus na sláine críche, an dlí idirnáisiúnta agus an t-ord idirnáisiúnta riailbhunaithe agus luachbhunaithe a chosaint, laistigh de na Náisiúin Aontaithe agus dá gCairt agus d’fhóraim iltaobhacha eile; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá gníomhaíochtaí láidre taidhleoireachta i ndáil le tíortha a chuir bac ar an vótáil nó a staon ó vótáil i dtaca le Rúin ó na Náisiúin Aontaithe an 2 Márta agus an 12 Deireadh Fómhair 2022 chun aird a tharraingt ar thromchúis fhogha na Rúise agus ar an ngá atá le freagairt d’aon toil ón gcomhphobal idirnáisiúnta; á chur i bhfáth gur cheart tús áite a thabhairt do chomhghuaillíochtaí, comhpháirtíochtaí agus socruithe iltaobhacha atá láidir agus iontaofa a thógáil agus do dhlúthpháirtíocht straitéiseach le tíortha atá ar aon intinn a thógáil;
55. á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le haontoilíocht AE maidir le fogha na Rúise a cháineadh agus gur gá do cheannairí roinnt tíortha AE gan línte teagmhála ar leith a oscailt le Putin; á chur i bhfáth nár cheart caibidlíocht leis an Rúis a lorg ach amháin má chinneann údaráis na hÚcráine dul i mbun caibidlíochta léi agus go dtí go ndéanfaidh sí amhlaidh, agus gur cheart do AE leanúint de chúnamh airgeadais, ábhair agus míleata a chur ar fáil don Úcráin go dtí go dtarlóidh sé sin;
56. á chur i bhfios go láidir gur leag ionradh na Rúise ar an Úcráin béim breise gur gá do AE leanúint de chomhghuaillíochtaí agus tuiscint a fhorbairt i measc na gcomhpháirtithe agus an comhar a neartú le comhpháirtithe atá ar aon intinn leis ar fud an domhain, go háirithe le comhghuaillithe trasatlantacha ECAT, agus, ag an am céanna, a chomhpháirtíochtaí a leathnú, go háirithe le tíortha sa Domhan Theas;
57. á chur i bhfios go láidir, ós rud é go bhfuil ECAT fós bunriachtanach d’ord slándála na hEorpa, nach mór do AE agus dá Bhallstáit gealltanas a thabhairt chun colún Eorpach ECAT a neartú, inter alia na Ballstáit sin ar comhghuaillithe ECAT iad freisin, trí thagarmharc caiteachais cosanta ECAT de 2 % den olltáirgeacht intíre a chomhlíonadh go comhsheasmhach amhail ó 2024 agus dúbláil a chosc, ilroinnt a laghdú agus idir-inoibritheacht a fheabhsú ag an am céanna; ag tathant ar an dá chomhghuaillíocht eile de chuid ECAT nár dhaingnigh aontachas na Sualainne agus na Fionlainne le ECAT go fóill, an méid sin a dhéanamh gan mhoill; á mheas gur cheart an chomhpháirtíocht straitéiseach le ECAT a bheith bunaithe ar iontaoibh; á áitiú go ndéanfaí an chomhpháirtíocht straitéiseach le ECAT a chomhdhlúthú agus a shoiléiriú ar bhealach cómhalartach;
58. á iarraidh go neartófaí tuilleadh an comhar le ECAT agus le comhpháirtíochtaí eile, amhail G7, agus le comhpháirtithe eile atá ar aon intinn; á chur i bhfios gur cheart go mbeadh comhpháirtíochtaí den sórt sin ina gcolún lárnach de CBES;
59. á iarraidh ar AE agus ar a chomhpháirtithe idirnáisiúnta leas iomlán a bhaint as na hionstraimí ábhartha uile chun saoirse ó phionós a chomhrac, lena n-áirítear trí thacaíocht fheabhsaithe don Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus do bhinsí speisialta ar an leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta, chomh maith le sásraí solúbtha comhair agus cistiúcháin a bhunú chun fianaise ar choireanna idirnáisiúnta a bhailiú agus a anailísiú go pras; á iarraidh ar an bpobal idirnáisiúnta a áirithiú go ndéanfar gach gríosóir agus déantóir coireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh na daonnachta a thabhairt chun cuntais go hiomlán; ag tathant ar an Aontas agus ar a Bhallstáit oibriú chun binse speisialta a bhunú, mar a thionscain an Úcráin agus le tacaíocht ón gcomhphobal idirnáisiúnta, chun ceannaireacht mhíleata agus pholaitiúil na Rúise a imscrúdú agus chun í a thabhairt chun cuntais as coir an fhogha, chomh maith le leanúint dá dtacaíocht d’imscrúdú na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta ar líomhaintí maidir le coireanna cogaidh, coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus choir an chinedhíothaithe atá á ndéanamh faoi láthair; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún plean gníomhaíochta AE maidir le saoirse ó phionós a thíolacadh; á chur i bhfáth gur cheart don phlean gníomhaíochta sin féachaint le comhordú agus comhchuibhiú níos fearr a dhéanamh ar acmhainní agus iarrachtaí na mBallstát ó thaobh coirpigh chogaidh a ionchúiseamh in AE; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil ról bunúsach ag an gceartas idirthréimhseach chun síocháin a áirithiú san fhadtéarma agus ag tathant ar an gCoimisiún clár uaillmhianach a fhorbairt chun cur le hacmhainn na mBallstát agus tríú tíortha prionsabal na dlínse uilíche a chur i bhfeidhm ina gcórais dlí intíre;
60. á chur in iúl gur geal léi an chéad chruinniú den Chomhphobal Polaitiúil Eorpach i mí Dheireadh Fómhair 2022 mar ardán don phlé, don idirphlé agus don chomhar le dlúth-chomhpháirtithe maidir leis na dúshláin a bhaineann leis an mbeartas eachtrach agus leis an tslándáil atá os ár gcomhair, agus é mar aidhm leis sin slándáil mhór-roinn na hEorpa a neartú agus comhar polaitiúil agus slándála atá bunaithe ar leasanna comhroinnte a shaothrú; á chur in iúl gur geal léi gur ghlac 44 thír páirt sa chéad chruinniú i bPrág, lena n-áirítear dlúth-chomhpháirtithe amhail an Ríocht Aontaithe; á iarraidh go mbeadh an Pharlaimint rannpháirteach go dlúth i soiléiriú raon feidhme agus obair an Chomhphobail sin amach anseo; á chur i bhfios go láidir, ar mhaithe le rath agus comhleanúnachas na formáide sin amach anseo, go bhfuil leibhéal áirithe ailínithe maidir le luachanna agus prionsabail dhaonlathacha bunriachtanach; á athdhearbhú nach féidir leis an gComhphobal Polaitiúil Eorpach, in imthosca ar bith, cúinse le moilleanna ar aontachas thíortha an mhéadaithe le AE a thionscnamh nó a chur ar fáil;
61. á thabhairt chun suntais gur gá an idirphlé leis an Ríocht Aontaithe a ghéarú maidir le bealaí a d’fhéadfadh a bheith ann don chomhar agus don chomhordú amach anseo i ndáil le beartas eachtrach, slándála agus cosanta, i gcomhréir le forálacha an Dearbhaithe Pholaitiúil agus lena n-áirítear faoi chuimsiú na comhpháirtíochta idir AE agus ECAT, na Náisiún Aontaithe, an Chomhphobail Pholaitiúil Eorpaigh agus fóraim idirnáisiúnta eile; ag tathant go mbeadh comhar níos dlúithe ann idir AE agus ár gcomharsana sa Bhreatain, ós rud é go bhfuil dúshláin chomhchoiteanna os ár gcomhair maidir le saincheisteanna eachtracha agus slándála; á chur in iúl gur oth léi nach n-áirítear forálacha maidir le comhar sa bheartas eachtrach agus sa chosaint sa Chomhaontú Trádála agus Comhair; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé córais smachtbhannaí a chomhordú; á iarraidh go mbeadh rannpháirtíocht níos láidre ag an Ríocht Aontaithe i dtionscadail slándála agus cosanta Eorpacha; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, cinneadh ó chomhaltaí PESCO agus ón gComhairle an 14 Samhain 2022 cuireadh a thabhairt don Ríocht Aontaithe a bheith rannpháirteach i dtionscadal PESCO maidir leis an tSoghluaisteacht Mhíleata, rud a chuirfeadh feabhas ar chúnamh mear frithpháirteach maidir leis an tslándáil agus an chosaint;
62. ag tathant ar an Ríocht Aontaithe a áirithiú go gcuirfear an Comhaontú um Tharraingt Siar chun feidhme go hiomlán, lena n-áirítear an Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann, agus réitigh chomhchoiteanna atá praiticiúil, solúbtha agus marthanach a shaothrú laistigh de chreat dlíthiúil an Phrótacail; á chur i bhfáth go bhfuil cur chun feidhme iomlán an Phrótacail ríthábhachtach chun an tsíocháin agus an chobhsaíocht a chothabháil i dTuaisceart Éireann, ar síocháin agus cobhsaíocht iad a áirithítear le Comhaontú Aoine an Chéasta (Béal Feirste), chomh maith le sláine agus feidhmiú cuí mhargadh aonair na hEorpa;
63. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá comhar láidir trasatlantach, arna thabhairt chun suntais arís i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ar comhar é atá bunaithe ar luachanna agus cuspóirí comhroinnte, agus ar phrionsabal na comhpháirtíochta de pháirtithe comhionanna i dtaobh ceannaireachta agus freagrachta, agus uathriail, sainiúlachtaí, leasanna agus mianta an pháirtí eile á n-urramú ag an am céanna; ag moladh ról na Stát Aontaithe maidir le fogha na Rúise a dhíspreagadh, go háirithe trí chomhroinnt faisnéise, trí chúnamh míleata, trí chabhair dhaonnúil agus trí thacaíocht pholaitiúil agus tríd an gcuid is mó de chliabhán Thoir ECAT a threisiú; á chur i bhfios go láidir gur gá an comhar trasatlantach idir AE agus na Stáit Aontaithe a neartú tuilleadh trí bhíthin clár oibre uaillmhianach trasatlantach; á iarraidh ar cheannaireacht pholaitiúil agus ar institiúidí na Stát Aontaithe leanúint ar aghaidh le comhar agus comhordú níos buandlúithe i ngach réimse ar díol spéise é i gcur i gcoinne bagairtí domhanda a dhéanann difear dár gcomhluachanna, dár slándáil agus dár rathúnas;
64. á chur in iúl gur geal léi an comhar leanúnach, an diongbháilteacht agus an seasamh aontaithe i dtaobh tacú leis an Úcráin agus i dtaobh córas smachtbhannaí nach bhfacthas riamh roimhe a chur chun feidhme agus é mar aidhm leis sin an Rúis a dhíspreagadh ó leanúint dá fogha neamhdhleathach agus tacú le saoradh iomlán na hÚcráine laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta; ag tacú go hiomlán le sineirgí agus cuspóirí comhroinnte eachtracha agus slándála a shaothrú tríd an gcomhar a dhoimhniú tuilleadh faoi chuimsiú an idirphlé thrasatlantaigh idir AE agus na Stáit Aontaithe, amhail trí thaidhleoireacht pharlaiminteach thrasatlantach, agus le haghaidh a thabhairt ar go leor de na príomhdhúshláin dhomhanda amhail an t-athrú aeráide agus bagairt na réimeas forlámhach agus ollsmachtach ar fud an domhain, lena n-áirítear san Eoraip agus san Áise, agus á chur in iúl go bhfuil sí tiomanta don mhéid sin a dhéanamh;
65. á mholadh gur cheart cruinnithe mullaigh idir AE agus na Stáit Aontaithe a thionól ar bhonn rialta agus uair sa bhliain ar a laghad chun dlús ardleibhéil leanúnach a chur faoin gcomhar trasatlantach; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, obair na Comhairle Trádála agus Teicneolaíochta Trasatlantach agus ag athdhearbhú a togra chun Comhairle Pholaitiúil Thrasatlantach a bhunú, a bheadh ina fóram d’idirphlé institiúideach rialta agus éifeachtach maidir le beartas eachtrach agus slándála; á chur in iúl gur geal léi tiomantas láidir na Stát Aontaithe do shlándáil na hEorpa, go háirithe a gcúnamh ollmhór míleata don Úcráin agus imscaradh trúpaí i dtaobh thoir ECAT;
66. ag cur sonrú sa 23ú Chruinniú Mullaigh idir AE agus an tSín i mí Aibreán 2022; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an toradh a bhí ar an 20ú Comhdháil Náisiúnta de Pháirtí Cumannach na Síne, ina dtugadh chun suntais uaillmhianta geopholaitiúla Xi Jinping; ag tabhairt dá haire go bhfuil iomaíocht eacnamaíoch agus shistéamach ag dul i méid sa chaidreamh idir an tAontas agus Daon-Phoblacht na Síne; ag athdhearbhú a hiarrata le haghaidh straitéis athnuaite a bheadh níos teanntásaí, níos cuimsithí agus níos comhleanúnaí idir an tAontas agus Daon-Phoblacht na Síne lena múnlófar an caidreamh le Daon-Phoblacht na Síne ar mhaithe leis an Aontas ina iomláine agus lena ndéanfar na dúshláin a eascraíonn as teacht chun cinn Daon-Phoblacht na Síne mar ghníomhaí domhanda agus as a beartais gnóthaí baile leatromacha agus as a beartas eachtrach atá ag éirí níos teanntásaí, lena n-áirítear i leith an Aontais agus i leith tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha, a chur san áireamh go hiomlán;
67. á chur in iúl gur cúis bhuartha di raon leathan na n-ionstraimí polaitiúla, eacnamaíocha agus míleata a úsáideann Daon-Phoblacht na Síne chun brú a chur níos mó agus níos mó ar thíortha géilleadh agus chun féachaint lena hidé-eolaíocht fhorlámhach a fhorchur ar eagraíochtaí idirnáisiúnta, amhail na Náisiúin Aontaithe, chun a láithreacht a leathnú, cumhacht a chur in iúl, agus a straitéis, a rúin agus a hath-armáil mhíleata a oiriúnú dá réir sin; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go háirithe a comhpháirtíocht le Cónaidhm na Rúise agus a n-iarrachtaí comhpháirteacha an bonn a bhaint den ord domhanda riailbhunaithe, ar iarrachtaí iad atá contrártha lenár leasanna agus lenár luachanna; ag cáineadh sheasamh de facto Dhaon-Phoblacht na Síne ar son na Rúise maidir le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine;
68. á iarraidh ar an Aontas agus ar na Ballstáit athmhachnamh a dhéanamh ar a spleáchas ar Dhaon-Phoblacht na Síne agus aghaidh a thabhairt ar spleáchais eacnamaíocha in earnálacha straitéiseacha a bhféadfadh leochaileachtaí a bheith mar thoradh orthu; á iarraidh go mbeadh comhordú agus comhar níos fearr ann idir comhpháirtithe atá ar aon intinn maidir le saincheisteanna ar údar imní coiteann iad, go háirithe ach ní go heisiach, maidir le saincheisteanna amhail spleáchais straitéiseacha, comhéigean eacnamaíoch, cur isteach polaitiúil agus bréagaisnéis, agus iltaobhachas riailbhunaithe agus dlúthpháirtíocht straitéiseach idir daonlathais a chur chun cinn;
69. ag géarcháineadh chóras saothair éigeantais na Síne faoi stiúir rialtas na Síne agus a choireanna i gcoinne an chine dhaonna in Xinjiang, lena mbaineann riosca ard cinedhíothaithe; ag tathant ar rialtas na Síne deireadh a chur leis an ngéarleanúint chórasach ar Uigiúraigh, lena n-áirítear an fíoras uafásach go bhfuil na húdaráis ag díriú go sonrach ar mhná Uigiúracha, lena gcuirtear chun feidhme scéim oifigiúil de bhearta spriocdhírithe coiscthe breithe, lena n-áirítear iallach a chur ar mhná atá in aois clainne a bheith faoi réir ginmhilltí, instealltaí ionútaracha agus steiriliú, bearta a d’fhéadfadh na critéir a chomhlíonadh a bhaineann leis na coireanna is measa i gcoinne an chine dhaonna; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di i gcónaí an staid sa Tibéid agus beartas Pháirtí Cumannach na Síne lena ndírítear ar shaoirse cainte agus ar shaoirsí smaointeoireachta, creidimh agus reiligiúin;
70. á athdhearbhú go n-iarrann sí go práinneach ar na 10 mBallstát eile nach bhfuil sé déanta acu go fóill conarthaí gníomhacha eiseachadta le Daon-Phoblacht na Síne agus le Hong Cong a chur ar fionraí; ag cáineadh go láidir fheachtas Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le cos ar bolg trasnáisiúnta atá dírithe ar dhiaspóra na Síne agus Hong Cong thar lear agus ar bhaill de phobail mionlaigh eitneacha agus reiligiúnacha, go háirithe ar chríoch AE; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, i gcomhar le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo, aon bhealaí lena n-éascaítear iarrachtaí ar chos ar bolg trasnáisiúnta ag Daon-Phoblacht na Síne faoi láthair a shainaithint agus fáil réidh leo;
71. á athdhearbhú go gcáineann sí an bonn a bhaineann Daon-Phoblacht na Síne den daonlathas i Sainréigiún Riaracháin Hong Cong agus forchur an Dlí Slándála Náisiúnta i Hong Cong; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar stádas uathrialach Hong Cong i bhfianaise sháruithe Dhaon-Phoblacht na Síne ar Dhearbhú Comhpháirteach na Síne-na Breataine agus na cniogbheartaíochta ar fhéinriail Hong Cong;
72. á mheabhrú go bhfuil ár ‘Beartas maidir le hAon Sín Amháin’ ar cheann de chlocha coirnéil an chaidrimh idir AE agus an tSín; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach do leasanna an Aontais agus a Bhallstát an tsíocháin, an chobhsaíocht agus saoirse na loingseoireachta sa réigiún Ind-Chiúin Aigéanach a chaomhnú; ag géarcháineadh ghriogadh míleata leanúnach Dhaon-Phoblacht na Síne i gcoinne na Téaváine agus ag athdhearbhú go ndiúltaíonn sí go daingean d’aon athrú aontaobhach ar an status quo i gCaolas na Téaváine; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di seasamh rialtas na Síne a luadh ag 20ú Comhdháil Pháirtí Cumannach na Síne nach dtréigfidh Daon-Phoblacht na Síne riamh an ceart forneart a úsáid sa Téaváin; á athdhearbhú nár cheart an status quo i gCaolas na Téaváine a athrú go haontaobhach i gcoinne thoil mhuintir na Téaváine; á chur in iúl gur geal léi go gcáineann Ballstáit agus comhpháirtithe sa réigiún amach is amach cleachtaí míleata Dhaon-Phoblacht na Síne agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil ár n-aontacht ríthábhachtach chun aon fhogha ó Dhaon-Phoblacht na Síne a dhíspreagadh agus chun síocháin agus cobhsaíocht a choinneáil i gCaolas na Téaváine; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart an díospóid idir an Téaváin agus Daon-Phoblacht na Síne a réiteach trí idirphlé síochánta gan aon réamhchoinníollacha;
73. á iarraidh ar institiúidí inniúla uile an Aontais straitéis chásbhunaithe a tharraingt suas go práinneach chun dul i ngleic le dúshláin slándála sa Téaváin;
74. ag cur a dlúthpháirtíocht dhaingean le muintir na Téaváine in iúl agus á chur in iúl gur comhpháirtí an Téaváin atá ar aon intinn léi agus a chomhroinneann luachanna coiteanna na saoirse, an daonlathais, chearta an duine agus an smachta reachta; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar VP/HR comhar straitéiseach a bhunú leis an Téaváin agus obair leantach a dhéanamh go pras ar na moltaí atá ina rún maidir le caidreamh polaitiúil agus comhar idir AE agus an Téaváin an 21 Deireadh Fómhair 2021 agus caidreamh eacnamaíoch, trádála agus infheistíochta leis an oileán a neartú, lena n-áirítear trí chomhaontú déthaobhach infheistíochta agus comhaontuithe earnálacha, mar shampla maidir le slabhraí soláthair athléimneacha, comhar maidir le córais chigireachta custaim agus deimhniú ar thionscnamh agus comhaontuithe maidir le rochtain ar an margadh; á iarraidh ar VP/HR agus ar an gCoimisiún tús a chur go práinneach le measúnú tionchair, comhairliúchán poiblí agus cleachtadh scóipe maidir le comhaontú déthaobhach infheistíochta le húdaráis na Téaváine mar ullmhúchán don chaibidlíocht chun naisc eacnamaíocha dhéthaobhacha a dhoimhniú mar bhealach chun slabhraí soláthair a éagsúlú chun aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí an Aontais i dtaca le Daon-Phoblacht na Síne; á mholadh go ndéanfaí oifigeach idirchaidrimh a phostú in Oifig Eacnamaíoch agus Trádála na hEorpa chun comhordú a dhéanamh ar iarrachtaí comhpháirteacha maidir le dul i ngleic leis an mbréagaisnéis agus leis an gcur isteach; á mholadh go ndéanfadh an Coimisiún tionscnamh Global Gateway a nascadh agus a chomhtháthú le Beartas nua na Téaváine maidir le Gluaiseacht ó Dheas;
75. á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit comhoibriú le comhpháirtithe idirnáisiúnta chun cuidiú leis an daonlathas a chothú sa Téaváin, saor ó bhagairtí eachtracha;
76. á chur i bhfios go láidir gur príomh-chomhpháirtí agus comhghuaillí daonlathach de chuid an Aontais í an Téaváin sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach a rannchuidíonn le hord idirnáisiúnta riailbhunaithe a choinneáil agus a sheasann le luachanna bunúsacha; ag tathant go láidir ar an Aontas agus ar a Bhallstáit an comhar a threisiú agus comhpháirtíocht fheabhsaithe chuimsitheach a shaothrú leis an Téaváin, go háirithe comhar bunriachtanach maidir le hathléimneacht an tslabhra soláthair chriticiúil agus cur i gcoinne na bréagaisnéise agus cur isteach eachtrach;
77. á athdhearbhú go dtacaíonn sí le rannpháirtíocht fhiúntach na Téaváine mar bhreathnóir i gcruinnithe, sásraí agus gníomhaíochtaí comhlachtaí agus eagraíochtaí idirnáisiúnta agus iltaobhacha;
78. ag moladh go méadófaí an idirghníomhaíocht eacnamaíoch, eolaíoch, chultúrtha agus pholaitiúil idir AE agus an Téaváin lena n-áirítear ar na leibhéil is sinsearaí is féidir; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé an t-idirphlé idir an tAontas agus an Téaváin a neartú trí chaidreamh leis an tsochaí shibhialta a dhoimhniú agus trí mhalartuithe le heagraíochtaí meán agus malartuithe cultúrtha sa Téaváin a chothú, lena n-áirítear scoileanna teanga a bhunú;
79. á iarraidh ar Dhaon-Phoblacht na Síne, i bhfianaise athoscailt a teorainneacha, sonraí COVID-19 atá iomlán agus ceart a nochtadh ar bhealach intuigthe agus inrochtana, lena n-áirítear sonraí atá in easnamh go dtí seo maidir le daoine a chur san ospidéal, daoine a ligean isteach in aonaid dianchúraim agus maidir le básanna;
80. á chur in iúl gur geal léi an dea-chomhar idir AE agus Poblacht na Cóiré mar phríomh-chomhpháirtí straitéiseach, a bhfuil an tiomantas céanna acu i leith an daonlathais, chearta an duine, an smachta reachta agus geilleagar margaidh; á chur in iúl gur geal léi ailíniú Phoblacht na Cóiré leis an Aontas agus le Stáit Aontaithe Mheiriceá mar fhreagairt ar chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine, go háirithe maidir le smachtbhannaí a ghlacadh i gcoinne na Rúise agus na Bealarúise; ag leagan béim ar an ról atá ag Poblacht na Cóiré maidir le tacú leis na hiarrachtaí chun clár núicléach agus diúracán balaistíoch DPDC a dhíchóimeáil ar bhealach iomlán, infhíoraithe agus do-aisiompaithe; á iarraidh ar na Ballstáit tacú le réiteach síochánta agus taidhleoireachta ar an tsaincheist sin i ndlúthchomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta; á chur in iúl gur geal léi comhar neartaithe na Cóiré Theas le ECAT;
81. ag cáineadh go láidir tástálacha leanúnacha diúracán balaistíoch agus núicléach DPDC agus gníomhaíochtaí eile a bhaineann le leathadh núicléach chomh maith leis an méadú ar thástálacha arm ó thús 2022, ar bagairt mhór iad ar an tsíocháin agus ar an tslándáil idirnáisiúnta;
82. ag cáineadh, sna téarmaí is láidre, iarrachtaí líomhnaithe Chatar agus Mharacó tionchar a imirt ar Fheisirí, Iar-Fheisirí agus foireann na Parlaiminte trí ghníomhartha éillithe, agus ar an gcaoi sin próiseas daonlathach an Aontais a threascairt tríd an gcur isteach urchóideach;
83. á mheas nach mór cearta an duine a chosaint agus a chur chun cinn a bheith i gcroílár chomhpháirtíocht an Aontais le Maracó i bhfianaise a ghné straitéiseach don Aontas agus dá leasanna sa réigiún; ag tathant ar Mharacó deireadh a chur lena chiapadh agus imeaglú ar iriseoirí, ar chosantóirí chearta an duine agus ar ghníomhaithe diaspóra, príosúnaigh pholaitiúla a scaoileadh saor, agus oibriú i gcomhpháirtíocht leis an Aontas, i dtreo deiseanna oideachais, fostaíochta agus cúraim sláinte a fhorbairt tuilleadh agus béim ar leith á leagan ar réigiúin a dhéantaí iad a imeallú go stairiúil, amhail Rif
84. ag cáineadh go láidir ionsaithe a dhéanann réimis fhorlámhacha agus neamhliobrálacha i gcoinne chearta an duine agus ghné uilíoch na n-ionsaithe sin, chomh maith leis an gcreimeadh comhfhreagrach ar a gcosaint; á iarraidh ar dhaonlathais sheanbhunaithe agus ar chomhpháirtithe atá ar aon intinn dearcadh dearfach poiblí a ghlacadh lena n-athdhearbhaítear ár dtiomantas uilíocht chearta an duine agus an smachta reachta a chosaint; á iarraidh ar dhaonlathais sheanbhunaithe agus ar eagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha teacht le chéile trí aontú faoi chreat domhanda um chearta an duine chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí agus chun cearta an duine a chur chun cinn ar fud an domhain;
85. á chur i bhfios go láidir go bhfuil an tAontas tiomanta do réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach atá saor, oscailte, nasctha agus bunaithe ar rialacha; á athdhearbhú gur gá Straitéis nua an Aontais um an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach a chur chun feidhme go pras, ós rud é go dtugann sí deis dár gcomhpháirtithe sa réigiún aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna le chéile, an t-ord idirnáisiúnta riailbhunaithe agus an dlí idirnáisiúnta a chosaint agus seasamh leis na luachanna agus na prionsabail céanna atá againn; á chur i dtreis a thábhachtaí atá sé bealaí muirí saora agus oscailte a urramú sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige; ag cur i gcoinne gníomhaíochtaí aontaobhacha i Muir na Síne Theas agus á athdhearbhú go dtacaíonn sí le díospóidí a réiteach trí mhodhanna síochánta i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta;
86. á iarraidh go bhfeabhsófaí láithreacht an Aontais sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach i gcoitinne; á chur i bhfios go láidir gur cheart an comhar le tíortha an Aigéin Chiúin a threisiú agus fíor-riachtanais ár gcomhpháirtithe ar an láthair á gcur san áireamh, á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá an comhar atá againn le Fóram Oileáin an Aigéin Chiúin agus le hEagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin chun na cuspóirí a leagtar amach i Straitéis an Aontais san Aigéan Ciúin a chur chun feidhme; ag moladh go mbeadh comhar níos láidre ann le tíortha sa réigiún, go háirithe leis an tSeapáin, leis an gCóiré Theas, leis an Astráil, leis an Nua-Shéalainn, leis an India, chomh maith le Comhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas (ASEAN); á chur in iúl gur geal léi gur reáchtáladh cruinniú mullaigh comórtha AE-ASEAN an 14 Nollaig 2022; á chur in iúl gur geal léi gur tugadh i gcrích an Comhaontú Saorthrádála leis an Nua-Shéalainn agus gur tháinig an Creat-Chomhaontú idir AE agus an Astráil i bhfeidhm;
87. á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról tábhachtach ag an tSeapáin maidir le cobhsaíocht a chur chun cinn sa réigiún, agus á iarraidh go mbeadh comhpháirtíocht straitéiseach níos láidre ann idir an tAontas agus an tSeapáin i raon leathan réimsí, lena n-áirítear an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, nascacht, cosaint an oird iltaobhaigh riailbhunaithe, trádáil agus infheistíocht, slándáil, claochlú digiteach, gníomhú ar son na haeráide, taighde agus nuálaíocht, teicneolaíochtaí teorann, agus anailís/mapáil acmhainní; á mheabhrú go bhfuil an tSeapáin ar cheann de na comhpháirtithe is dlúithe ag an Aontas, atá ar aon intinn leis, lena gcomhroinneann sé luachanna agus prionsabail amhail an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine, an dea-rialachas agus an t-iltaobhachas; ag tacú go láidir le tabhairt i gcrích Chomhaontú Comhpháirtíochta Straitéisí AE-na Seapáine (SPA) agus á iarraidh ar na Ballstáit eile leanúint ar aghaidh le daingniú an chomhaontaithe; á mholadh go mbeadh caibidlíocht ann maidir le comhaontú slándála agus faisnéise idir AE agus an tSeapáin mar chéim i dtreo comhar níos leithne a éascú maidir le slándáil agus cosaint;
88. ag tabhairt dá haire go bhfuil ASEAN ina chomhpháirtí lárnach don Aontas; á iarraidh go leanfar de bheith ag díriú ar mhór-roinn na hÁise, ós rud é go bhfuil go leor tíortha neamhchosanta ar leochaileacht mhéadaitheach na slabhraí soláthair agus na gcóras agraibhia, agus ar chreimeadh na cobhsaíochta maicreacnamaíche a eascraíonn as cogadh neamh-inchosanta, gan chúis agus neamhdhleathach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, lenar cuireadh brú breise ar an gcóras domhanda a raibh tionchar ag géarchéim COVID-19 air cheana;
89. ag géarcháineadh rialú neamhdhlisteanach junta míleata Mhaenmar agus an cos ar bolg fhoréigneach atá á himirt ar thoilmhianta daonlathacha mhuintir Mhaenmar tar éis a coup d’état neamhdhleathach, mar aon le tacaíocht na Rúise agus Dhaon-Phoblacht na Síne do Tatmadaw; ag athdhearbhú a dlúthpháirtíochta le toilmhianta daonlathacha mhuintir Mhaenmar, arna ionadú ag Rialtas Aontachta Náisiúnta (RAN), agus á iarraidh ar an Aontas agus a Bhallstáit rannpháirtíocht agus tacaíocht do RNA a thionscnamh nó, i gcás inarb infheidhme, a fheabhsú, agus a gcuid bearta sriantacha i gcoinne Tatmadaw á dtreisiú ag an am céanna; ag tathant ar ASEAN, i bhfianaise neamhthoil Tatmadaw dul chun cinn a dhéanamh maidir le Comhdhearcadh Cúig Phointe, oibriú le RAN, leis an tsochaí shibhialta neamhspleách agus leis an gcomhphobal idirnáisiúnta chun réiteach inbhuanaithe daonlathach a bhaint amach do Mhaenmar;
90. ag cur béim ar an ngá atá le comhpháirtíochtaí straitéiseacha an Aontais leis an India a neartú ar bhealach cuimsitheach; á chur i bhfios go bhfuil an caidreamh leis an India ag éirí níos tábhachtaí agus gur cheart é a dhoimhniú tríd an gcaibidlíocht trádála atá ar siúl faoi láthair agus trí fheabhas a chur ar shineirgí sa chomhar déthaobhach le comhpháirtithe leasmhara san Afraic; á mheabhrú a thábhachtaí atá an chomhpháirtíocht sin chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) a shaothrú; ag moladh don Aontas agus don India leas iomlán a bhaint as an gComhpháirtíocht Nascachta a tugadh i gcrích in 2021; á chur in iúl gur geal léi na comhairliúcháin níos dlúithe maidir le slándáil agus cosaint agus na cleachtaí comhpháirteacha cabhlaigh leis an India agus le comhpháirtithe Ind-Chiúin-Aigéanacha eile; á iarraidh go dtabharfaí aghaidh go leormhaith ar chearta an duine agus ar luachanna daonlathacha i rannpháirtíocht an Aontais leis an India;
91. á chur in iúl gur cúis bhuartha di seasamh na hIndia maidir le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, a staonadh sna vótaí ar na Rúin ó na Náisiúin Aontaithe agus go háirithe maidir le tacaíocht airgeadais a chur ar fáil don Chreimil, ní hamháin trí gan ailíniú a dhéanamh leis na smachtbhannaí i gcoinne na Rúise, ach freisin trí allmhairí a mhéadú agus trí airm agus breoslaí iontaise Rúiseacha a cheannach; á chur in iúl go bhfuil súil aici go ndéanfaidh an India a seasamh maidir le hionradh na Rúise ar an Úcráin a ailíniú leis an Aontas agus á iarraidh ar an gComhairle agus ar VP/HR leanúint d’iarrachtaí taidhleoireachta i ndáil leis sin;
92. ag athdhearbhú go dtacaíonn sí go daingean le ceannasacht agus iomláine chríochach thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir laistigh dá dteorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta; ag aithint go bhfuil tionchar diúltach ag cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine thar aon ní eile ar thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir; á iarraidh ar institiúidí an Aontais agus ar na Ballstáit tús a chur gan mhoill le machnamh críochnúil ar athchóiriú ar bheartas Chomhpháirtíocht an Oirthir chun é a chur in oiriúint don todhchaí i bhfianaise na staide geopholaitiúla atá ag dul in olcas agus ar bhonn thábhacht straitéiseach agus pholaitiúil an réigiúin don Aontas agus ar bhonn na ndúshlán éagsúil atá os comhair thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir; ag tabhairt dá haire go nglactar leis, le slándáil agus síocháin i gcomharsanacht an Oirthir, go ndéantar an dlí idirnáisiúnta, iomláine chríochach agus cearta agus saoirsí bunúsacha a urramú agus a chaomhnú; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé tacaíocht pholaitiúil agus airgeadais agus láithreacht an Aontais sa réigiún a neartú, i ndlúthchomhar leis an tsochaí shibhialta neamhspleách;
93. á chur i bhfios go láidir go bhfuil beartas foghach á chur chun feidhme ag an Rúis i leith na Seoirsia agus na Moldóive; á chur i bhfáth go leanann Cónaidhm na Rúise den bonn a bhaint de cheannasacht agus d’iomláine chríochach na Moldóive trína trúpaí a bheith i láthair i réigiún Tras-dnístria agus go gcothaíonn sí corraíl pholaitiúil agus shóisialta trí úsáid a bhaint as fuinneamh mar arm agus trí fheachtais bhréagaisnéise chun brú a chur ar rialtas na Moldóive agus ar threoshuíomh Eorpach na tíre; á iarraidh ar Chónaidhm na Rúise a fórsaí agus armálacha míleata a tharraingt siar go hiomlán agus go neamhchoinníollach ó réigiún Tras-dnístria ar bhealach ordúil, i gcomhréir leis na hiarrataí a rinne údaráis na Moldóive arís agus arís eile; á chur i bhfios go láidir go gcaithfear urraim a thabhairt, le haon aon réiteach ar shaincheist na Tras-dnístria, do cheart ceannasach na Moldóive a treoshuíomh beartais eachtraigh agus cosanta féin a roghnú; ag aithint gurbh í an tSeoirsia an chéad tír a ndearna an Rúis fogha míleata iomlán uirthi i mí Lúnasa 2008, nuair a rinne an Rúis iarracht teorainneacha stáit cheannasaigh san Eoraip a athrú le lámh láidir, chun seilbh a ghlacadh ar réigiúin atá ina gcuid dhoroinnte den tSeoirsia — an Abcáis agus réigiún Tskhinvali/na hOiséite Theas — agus céimeanna a ghlacadh i dtreo a n-ionghabhála de facto, na céadta mílte daoine a dhíbirt óna dtithe mar thoradh ar ghlanadh eitneach agus sochaithe a dheighilt le línte forghabhála; ag tathant ar an Aontas leanúint de bheith ag éileamh nach mór don Rúis a cuid oibleagáidí a chur chun feidhme faoi Chomhaontú an Aontais maidir le Sos Cogaidh, a d’eadránaigh an tAontas an 12 Lúnasa 2008; ag moladh don Aontas a rannpháirtíocht i réiteach coinbhleachta síochánta ar fud réigiún Chomhpháirtíocht an Oirthir a neartú;
94. á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht fheabhsaithe an Aontais le tíortha Chugas Theas, go háirithe glacadh pras mhisean acmhainneachta faireacháin an Aontais feadh theorainn idirnáisiúnta na hAirméine leis an Asarbaiseáin chun faireachán a dhéanamh ar an staid sa réigiún, muinín a chothú agus rannchuidiú leis an tsíocháin agus leis an tslándáil a athbhunú; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé tionchar na Rúise sa réigiún a laghdú trí láithreacht mhéadaithe an Aontais Eorpaigh; á iarraidh ar an gComhairle líon na saineolaithe imscartha a leathnú agus acmhainneacht an mhisin a mhéadú, agus á iarraidh go mbeadh láithreacht níos láidre sa réigiún;
95. ag géarcháineadh an fhogha mhíleata is déanaí a rinne an Asarbaiseáin an 12 Meán Fómhair 2022 ar chríoch cheannasach na hAirméine, ar sárú é ar an sos comhraic agus a bhfuil iarmhairtí tromchúiseacha ag baint leis don phróiseas síochána; á chur in iúl gur cúis bhuartha di freisin na coireanna cogaidh agus an íde mhídhaonna líomhnaithe a rinne fórsaí armtha na hAsarbaiseáine i gcoinne príosúnaigh chogaidh agus sibhialtach de chuid na hAirméine; á athdhearbhú nach mór iomláine chríochach na hAirméine a urramú go hiomlán agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil an tAontas ullamh chun páirt níos gníomhaí a ghlacadh maidir le coinbhleachtaí fadtréimhseacha an réigiúin a réiteach; á iarraidh ar údaráis na hAsarbaiseáine, dá bhrí sin, tarraingt siar láithreach ó gach cuid de chríoch na hAirméine agus na príosúnaigh chogaidh atá faoina smacht a scaoileadh saor; ag cáineadh go láidir imshuí neamhdhleathach na hAsarbaiseáine ar chonair Lachin, de shárú ar ráiteas tríthaobhach an 9 Samhain 2020, ós rud é go bhfuil baol ann go ndéanfaidh sé géarchéim dhaonnúil d’aon ghnó do mhuintir Nagorno-Karabakh; á éileamh go ndéanfaidh údaráis na hAsarbaiseáine saoirse gluaiseachta a athbhunú trí chonair Lachin le héifeacht láithreach; á mheabhrú nach dtabharfaidh ach modhanna taidhleoireachta freagairt chóir agus mharthanach ar an gcoinbhleacht a rachaidh chun tairbhe do dhaonraí na hAirméine agus na hAsarbaiseáine;
96. á chur in iúl go bhfuil sí suite de nach féidir síocháin inbhuanaithe agus mharthanach a bhaint amach idir an Airméin agus an Asarbaiseáin trí mhodhanna míleata ach go bhfuil gá le réiteach polaitiúil cuimsitheach i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear na prionsabail maidir le hiomláine chríochach, féinchinntiúchán agus neamhúsáid fornirt, ar prionsabail iad a chumhdaítear i gCairt na Náisiún Aontaithe, in Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí na Eagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE)1975 agus i mBunphrionsabail 2009 Ghrúpa Mhionsc ESCE;
97. ag tacú go láidir, dá bhrí sin, leis an trellús a léirigh Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Charles Michel, chun cruinnithe déthaobhacha de cheannairí na hAirméine agus na hAsarbaiseáine a thionól agus a eadránú sa Bhruiséil agus ag tacú leis an obair ar an láthair a dhéanann ionadaí speisialta an Aontais do Chugas Theas agus don ghéarchéim sa tSeoirsia; á chreidiúint gur féidir leis an Aontas ról a imirt mar eadránaí iontaofa chun tuilleadh géaraithe a chosc agus chun síocháin inbhuanaithe a bhaint amach; ag tathant ar an Airméin agus ar an Asarbaiseáin páirt iomlán a ghlacadh i ndréachtú conartha chuimsithigh síochána; á athdhearbhú go gcaithfidh conradh den sórt sin aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna uile na coinbhleachta, lena n-áirítear cearta agus slándáil phobal na hAirméine atá ina gcónaí in Nagorno-Karabakh, filleadh daoine easáitithe agus dídeanaithe chuig a dtithe faoi rialú Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe, idirphlé idir-reiligiúnach, cosaint agus caomhnú na hoidhreachta cultúrtha, reiligiúnaí agus stairiúla agus sláine chríochach;
98. á iarraidh go ndéanfar an Comhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe leis an Airméin a chur chun feidhme go hiomlán agus á chur i bhfios go láidir gur gá leanúint den chaibidlíocht maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas agus an Asarbaiseáin;
99. á áitiú nach mór aon doimhniú ar chaidreamh an Aontais leis an Asarbaiseáin a bheith coinníollach ar go ndéanfadh an tír dul chun cinn suntasach maidir le hurraim do chearta an duine, don smacht reachta, don daonlathas agus do shaoirsí bunúsacha;
100. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá Bealarúis atá saor, daonlathach agus ceannasach agus rathúil; á athdhearbhú go dtacaíonn sí le freasúra daonlathach na Bealarúise, a leanann de bheith ag cur i gcoinne réimeas an cheannaire neamhdhlisteanaigh agus in aghaidh chomhpháirteachas an réimis in ionradh na Rúise ar an Úcráin in ainneoin cniogbheartaíocht leanúnach; á áitiú nach mór na smachtbhannaí uile a chuirtear i bhfeidhm ar Chónaidhm na Rúise a chur i bhfeidhm ar an gcaoi chéanna i leith réimeas na Bealarúise agus iarmhairtí díobhálacha á seachaint, go háirithe soláthar víosaí, do mhuintir na Bealarúise; ag cáineadh na bréagaisnéise ó réimeas Lukashenko agus ón Rúis maidir le bagairtí líomhnaithe ar chríoch na Bealarúise; ag aithint mhianta thromlach mhuintir na Bealarúise maireachtáil i dtír shaor, cheannasach agus dhaonlathach agus ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit ullmhúcháin leormhaithe a dhéanamh, i gcomhar le hionadaithe foirmiúla an fhreasúra dhaonlathaigh, chun cabhrú le haistriú daonlathach na tíre amach anseo; ag cáineadh iarrachtaí chun an Eoraip a dhíchobhsú trí ghéarchéimeanna imirce a chruthaítear go bréagach agus á iarraidh ar an Aontas agus ar na comhpháirtithe uile stop a chur le gáinneáil ar dhaoine agus smuigleáil daoine ag réimeas Lukashenka agus a chomhchoirithe agus go ndéanfaí imscrúdú orthu;
101. á thabhairt chun suntais go bhfuil drogall ar stáit na hÁise Láir agus, agus i gcásanna áirithe, nach bhfuil siad toilteanach, a dtacaíocht a thabhairt d’ionradh na Rúise ar an Úcráin mar chomhartha ar thionchar réigiúnach laghdaitheach na Rúise; ag cur sonrú i rannpháirtíocht mhéadaitheach Dhaon-Phoblacht na Síne agus Türkiye leis an réigiún, go háirithe trí Eagraíocht um Chomhar Shanghai agus tríd an Tionscnamh ‘Crios Amháin Bóthar Amháin’; á iarraidh go bhfeabhsófaí rannpháirtíocht an Aontais san Áise Láir, bunaithe ar urraim do chearta bunúsacha agus do leasanna luachanna-bhunaithe an Aontais, lena n-áirítear trí mheán Global Gateway;
102. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS aird ar leith a thabhairt ar thíortha na hÁise Láir chun cobhsaíocht agus nascacht a choinneáil sa réigiún sin, atá ag dul trí staid íogair mar gheall ar a shuíomh; á mheas gur gá athbhreithniú críochnúil a dhéanamh ar straitéis an Aontais maidir leis an Áise Láir chun na hathruithe móra a tharla sa réigiún agus timpeall air ó glacadh é in 2019 a léiriú, amhail tionchar chogadh neamhdhleathach foghach na Rúise ar an Úcráin ar iomaíocht gheopholaitiúil agus ar gheilleagair stáit an réigiúin, tarraingt siar na Stát Aontaithe ón Afganastáin agus glacadh foréigneach na cumhachta a rinne an Talaban, aistrithe cumhachta sa Chasacstáin agus sa Tuircméanastáin, an choinbhleacht fhoréigneach idir an Táidsíceastáin agus an Chirgeastáin, agus ról réigiúnach Dhaon-Phoblacht na Síne atá ag dul i méid, i measc nithe eile; á mheas gur réigiún í an Áise Láir a bhfuil leas straitéiseach ag an Aontas ann maidir le slándáil, nascacht, éagsúlú fuinnimh, réiteach coinbhleachtaí agus cosaint an oird idirnáisiúnta iltaobhaigh riailbhunaithe;
103. á chur in iúl gur geal léi gur spreag ionradh gan chúis na Rúise ar an Úcráin AE chun a bheartas um méadú a thabhairt ar ais; ag cur béim ar an bhfíoras, cé nach mór leathnú agus doimhniú an Aontais a bheith fite fuaite le chéile, nár cheart an gá atá le hathchóirithe inmheánacha AE a bheith ina chúis le moill a chur ar an bpróiseas aontachais bunaithe ar fhiúntas; á chur in iúl gur geal léi gur deonaíodh stádas mar iarrthóir don Úcráin, don Mholdóiv agus don Bhoisnia agus don Heirseagaivéin, agus á iarraidh go ndeonófaí é don tSeoirsia, ar choinníoll go dtabharfar aghaidh ar na tosaíochtaí a shonraítear sa tuairim ón gCoimisiún; ag moladh don Chomhairle agus don Choimisiúin caibidlíocht aontachais a sheoladh leis na stáit nua is iarrthóirí a luaithe is féidir tar éis chomhlíonadh na gcoinníollacha sonracha arna sonrú ag an gCoimisiún; á chur in iúl gur geal léi an t-iarratas ar bhallraíocht in AE ag Poblacht na Cosaive; á chur i bhfios go láidir, cé go bhfuil sé cruthaithe gurb é an méadú an uirlis beartais eachtraigh is éifeachtaí atá ag an Aontas, agus gur cheart an limistéar ina bhfuil tionchar suntasach ag luachanna agus prionsabail Eorpacha a leathnú, gur cheart athmheasúnú a dhéanamh ar a chur chun feidhme chun go bhféadfar tíortha aontachais a lánpháirtiú níos tapúla, ar tíortha iad a léiríonn treoshuíomh straitéiseach i dtreo AE agus tiomantas buanseasmhach d’athchóirithe a bhaineann leis an Aontas, do chomhdhlúthú daonlathach agus d’ailíniú an bheartais eachtraigh, lena n-áirítear trína gcéimniú isteach i mbeartais agus i dtionscnaimh shonracha de chuid an Aontais;
104. á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le tacaíocht leordhóthanach agus leanúnach do shlándáil fuinnimh thíortha aontachais an Aontais, agus béim ar leith á leagan ar na tíortha sin atá fós neamhchosanta go mór ar chúbláil soláthair na Rúise, chomh maith le comhshocruithe slándála a bhunú le tíortha aontachais atá leochaileach d’fhogha na Rúise;
105. á iarraidh go mbeadh straitéis chumarsáide níos gníomhaí agus níos éifeachtaí ann agus go gcuirfí dlús leis na hiarrachtaí chun ról agus tairbhí an mhéadaithe a chur chun cinn agus chun dlúth-chomhpháirtíocht idir tíortha an Aontais Eorpaigh agus na mBalcán Thiar a chur chun cinn agus tionscadail, athchóirithe agus misin CBSC arna gcistiú ag an Aontas a chur chun cinn;
106. á chur i bhfios go láidir go bhfuil an tsaoirse ó phionós a lean an t-ionradh ar an tSeoirsia in 2008 ar cheann de na tosca a cheadaigh cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go dtabharfaidh bua na hÚcráine saoirse ní hamháin do réigiúin na hÚcráine atá faoi fhorghabháil, lena n-áirítear Donbas agus an Chrimé, ach don Bhealarúis freisin agus go mbeidh sé cinniúnach do shláine chríochach na Seoirsia agus na Moldóive a athbhunú;
107. á iarraidh ar SEGS tuarascáil chríochnúil a ullmhú maidir le sáruithe ar chomhaontú sos cogaidh 2008 ós rud é go bhfuil freagracht ar leith ar an Aontas mar eadránaí ar Chomhaontú Sos Cogaidh an 12 Lúnasa 2008; á iarraidh ar SEGS na forálacha nach bhfuil comhlíonta fós ag Cónaidhm na Rúise a shainaithint agus a chur in iúl agus moltaí a thíolacadh lena bhféadfaí Cónaidhm na Rúise a spreagadh chun iad a chomhlíonadh, go háirithe tarraingt siar a fórsaí míleata ó chríocha faoi fhorghabháil na Seoirsia agus lena gceadaítear sásraí slándála idirnáisiúnta a bhunú sa tír agus lena gceadófaí rochtain gan bhac ar chríoch iomlán na Seoirsia de bhun a shainordaithe;
108. á athdhearbhú gur laistigh den Aontas atá todhchaí mhuintir na hÚcráine, na Moldóive agus na Seoirsia agus mhuintir na mBalcán Thiar; ag athdhearbhú go bhfuil sí tiomanta don mhéadú, nach bhfuil aon rogha eile ann ina leith agus atá níos mó ná riamh ina hinfheistíocht gheostraitéiseach in Eoraip chobhsaí, láidir agus aontaithe; á chreidiúint go láidir go bhfuil ionchas ballraíochta iomláine AE do na tíortha atá ag iarraidh a bheith ina mBallstáit den Aontas ina leasanna polaitiúla, eacnamaíocha agus slándála ag an Aontas féin; á iarraidh ar an tSeoirsia na tosaíochtaí arna dtarraingt suas ag an gCoimisiún agus a d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach ina conclúidí an 23 agus an 24 Meitheamh 2022 a bhaint amach ar bhealach follasach;
109. á chur in iúl gur geal léi na bearta a d’fhógair an Coimisiún chun an Úcráin a neartú, amhail rochtain ar ár margadh inmheánach agus táillí fánaíochta a bhaint; á chur in iúl go bhfuil sí ag súil go ndéanfar na bearta céanna a leathnú chuig Poblacht na Moldóive agus chuig an tSeoirsia, a bhfuil gá comhionann acu le comharthaí láidre tacaíochta ón Aontas agus le céimeanna nithiúla i dtreo lánpháirtiú AE i bhfianaise na bhfórsaí láidre díchobhsaitheacha atá ag bagairt ar a ndaonlathais;
110. ag athdhearbhú thiomantas an Aontais do cheannasacht, do shláine chríochach agus do neamhspleáchas polaitiúil na hÚcráine, Phoblacht na Moldóive agus na Seoirsia laistigh dá dteorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta, agus ag tacú lena n-iarrachtaí na prionsabail sin a fhorfheidhmiú go hiomlán; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá aontacht agus dlúthpháirtíocht na mBallstát ina leith sin;
111. ag tathant ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise i bPoblacht na Moldóive agus an tacaíocht is gá a chur ar fáil d’údaráis na Moldóive agus don tsochaí shibhialta chun freagairt do bhagairtí atá ag teacht chun cinn;
112. á áitiú nach mór beartas eachtrach agus slándála AE a athchóiriú chun é a dhíriú ar chosc géarchéime, ar chomhar slándála réigiúnach comhoibritheach, ar ghníomhaíocht dhomhanda aeráide agus chomhshaoil, ar chearta polaitiúla agus sóisialta araon a neartú agus ar chur chun feidhme spriocanna Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe a áirithiú;
113. á athdhearbhú go dtacaíonn sí go láidir le todhchaí na hEorpa agus le haontachas thíortha uile na mBalcán Thiar mar bhaill iomlána de theaghlach an Aontais Eorpaigh; á iarraidh ar na Ballstáit a dtiomantas don mhéadú a athnuachan trí ghealltanais an Aontais do thíortha na mBalcán Thiar a chomhlíonadh, go háirithe trí cheanglais víosa do shaoránaigh na Cosaive a bhaint láithreach; á chur in iúl gur geal léi gur deonaíodh stádas mar iarrthóir don Bhoisnia agus don Heirseagaivéin; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá lánpháirtiú Eorpach na stát comhpháirtíochta sin do chobhsaíocht agus slándáil na mór-roinne Eorpaí ina hiomláine;
114. ag cur béim ar an bhfíoras gur gá don Aontas inchreidteacht phróiseas an mhéadaithe a threisiú trína chineál bunaithe ar fhiúntas a chosaint, lena n-áirítear tríd an ról lárnach a thugtar don daonlathas, do chearta bunúsacha agus don smacht reachta a choinneáil, mar atá i gcaibidlí 23 agus 24 den acquis faoin modheolaíocht athbhreithnithe um méadú, agus polaitiú phróiseas an mhéadaithe trí dhíospóidí déthaobhacha á sheachaint ag an am céanna; á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh dul chun cinn ar chonair an Aontais ag brath ar dhul chun cinn marthanach agus do-aisiompaithe a dhéanfar trí na hathchóirithe riachtanacha a bhaineann leis an Aontas Eorpach, go háirithe sa smacht reachta;
115. á chur in iúl gur geal léi tús na caibidlíochta aontachais leis an Albáin agus leis an Macadóin Thuaidh agus ag tathant ar na páirtithe ábhartha uile na céimeanna is gá a shaothrú chun go mbeidh an Albáin agus an Mhacadóin Thuaidh in ann dul chun cinn gasta a dhéanamh; ag cáineadh thionchar urchóideach na ngníomhaithe réigiúnacha agus na Rúise agus cur isteach eachtrach eile ar thíortha na mBalcán Thiar;
116. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé tíortha na mBalcán Thiar a ailíniú go hiomlán le beartas eachtrach agus slándála an Aontais, go háirithe lena bheartas maidir le smachtbhannaí i gcoinne tríú tíortha; á chur in iúl gur oth léi leibhéal íseal leanúnach ailínithe na Seirbia le CBES, go háirithe maidir le cogadh foghach Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine; ag athdhearbhú a seasaimh nár cheart caibidlí breise caibidlíochta a oscailt ach amháin nuair a neartaíonn an tSeirbia a tiomantas don athchóiriú i réimsí an daonlathais agus an smachta reachta agus ina léirítear ailíniú iomlán le CBES; á mheabhrú nach mór don tSeirbia, mar thír a fhéachann le lánpháirtiú na hEorpa a bhaint amach, cloí le luachanna agus cearta coiteanna AE;
117. ag cur béim ar an ngá práinneach le dlús a chur le próiseas idirphlé Prishtina-Belgrade faoi stiúir an Aontais agus é mar chuspóir an caidreamh déthaobhach a normalú ar bhonn aitheantais fhrithpháirtigh; ag cáineadh phatrún leanúnach na ngníomhaíochtaí géaraitheacha a rinne an tSeirbia agus gníomhaithe atá urraithe ag an tSeirbia , lena n-áirítear trí imshuí neamhdhlisteanach, ionsaithe foréigneacha agus bagairt na gníomhaíochta míleata, agus é mar chuspóir leis sin lamháltais a threisiú agus an bonn a bhaint de Phoblacht na Cosaive; ag meabhrú a seasaimh nach bhfuil neamhspleáchas Phoblacht na Cosaive do-aisiompaithe agus ag athdhearbhú a hiarrata ar na cúig Bhallstát nach bhfuil sin déanta acu go fóill neamhspleáchas na Cosaive a aithint le héifeacht láithreach;
118. á chur in iúl gur geal léi cinneadh na Comhairle Eorpaí stádas mar iarrthóir a dheonú don Bhoisnia agus don Heirseagaivéin an 15 Nollaig 2022 ar an tuiscint go ndéanfar roinnt céimeanna chun ullmhacht na tíre le haghaidh caibidlíocht aontachais a neartú; ag tathant ar ghníomhaithe polaitiúla na tíre tiomantas a léiriú agus céimeanna suntasacha a ghlacadh i dtreo bhallraíocht AE trí dhul chun cinn a dhéanamh maidir leis na hocht gcéim sa mholadh ón gCoimisiún, trí dhul chun cinn suntasach a dhéanamh maidir leis na 14 phríomhthosaíocht agus trí shraith shubstaintiúil athchóirithe a chur chun feidhme, lena n-áirítear athchóirithe toghcháin i gcomhréir le cinntí na gcúirteanna náisiúnta agus idirnáisiúnta chun prionsabail an chomhionannais agus an neamh-idirdhealaithe a áirithiú do na saoránaigh agus na comhphobail uile mar a chumhdaítear iad ina bunreacht agus lánurraim á tabhairt do bhreithiúnas na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine sa chás Sejdić agus Finci v. an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin an 22 Nollaig 2009; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS cuidiú leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin na príomhthosaíochtaí a chur chun feidhme go pras agus cosc a chur le cúlú i dtreo beartais náisiúnaíocha a bhí ann roimhe seo; á athdhearbhú gur gá a áirithiú go ndéanfar cearta gach saoránaigh, gan beann ar an gcleamhnacht eitneach, pholaitiúil agus reiligiúnach, a urramú go hiomlán i gcomhréir le rialuithe ECHR, le cinntí ón gCúirt Bhunreachtúil agus le moltaí Choimisiún na Veinéise;
119. ag déanamh cáineadh ar an reitric scarthach agus ar an ngníomhaíocht scarthach a leanann i gcónaí sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin, lena n-áirítear ceiliúradh laethanta saoire náisiúnta ag gníomhaithe stát na Boisnia agus ag gníomhaithe tríú tír a d’fhógair Cúirt Bhunreachtúil na Boisnia agus na Heirseagaivéine go raibh siad míbhunreachtúil; á iarraidh an athuair go nglacfaí smachtbhannaí spriocdhírithe i gcoinne gníomhaithe díchobhsaitheacha sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin, lena n-áirítear iad siúd a chuireann a ceannasacht agus a sláine chríochach i mbaol, go háirithe Milorad Dodik, agus i gcoinne oifigigh ardleibhéil eile de chuid Republika Srpska agus oifigigh tríú tír a thugann tacaíocht pholaitiúil agus ábhartha do bheartais scarthacha; á iarraidh ar na Ballstáit uile a áirithiú go bhféadfaidh an Chomhairle na smachtbhannaí sin a ghlacadh;
120. ag moladh obair Oibríocht Althea Fhórsa an Aontais Eorpaigh (EUFOR) agus á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh síneadh lena shainordú tar éis mhí na Samhna 2022; á mheabhrú go bhfuil ról lárnach fós ag an misean sin maidir le slándáil agus cobhsaíocht na Boisnia agus na Heirseagaivéine agus á iarraidh ar an Aontas agus ar a chomhpháirtithe idirnáisiúnta a acmhainneacht a mhéadú;
121. ag tabhairt dá haire gur admhaigh an Chomhairle sa Chompás Straitéiseach nach bhfuil slándáil ná cobhsaíocht le fáil ar fud na mBalcán Thiar go fóill agus go bhféadfadh iarmhairtí a bheith ann mar gheall ar an meath atá ag teacht ar staid na slándála san Eoraip faoi láthair; á mheabhrú go n-iarrtar sa Chompás Straitéiseach go dtabharfaí tacaíocht do cheannasacht, d’aontacht agus do shláine chríochach na Boisnia agus na Heirseagaivéine;
122. á chur in iúl gur cúis bhuartha di an t-uainiú, an t-inneachar agus an bealach inar tugadh isteach athruithe ar dhlí toghcháin na Boisnia agus na Heirseagaivéine agus ar bhunreacht Chónaidhm na Boisnia agus na Heirseagaivéine, a mhol Ardionadaí na Boisnia agus na Heirseagaivéine ar lá an toghcháin, agus a d’fhéadfadh an bonn a bhaint den dlisteanacht dhaonlathach agus an t-eitnea-náisiúnachas a neartú;
123. á chur i bhfáth gur gá do thíortha is iarrthóirí agus do thíortha is iarrthóirí ionchasacha sna mBalcáin Thiar a mbeartais a ailíniú go hiomlán le CBES an Aontais agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit CBES a úsáid mar uirlis chun feabhas a chur ar an gcomhar le tíortha na mBalcán Thiar; á chur i bhfáth nach mór do thíortha ar mian leo a bheith ina mBallstáit de AE ailíniú go hiomlán le luachanna bunúsacha agus le comhbheartais i bhfianaise chogadh foghach na Rúise, ar cogadh neamhdhleathach é; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil cearta an duine agus dínit an duine doshannta agus, dá bhrí sin, nach mór do thíortha is iarrthóirí cearta daoine faoi mhíchumas, an pobail LADTI+, mná agus cailíní, agus grúpaí leochaileacha eile a phríomhshruthú sna hearnálacha agus sna beartais uile; á iarraidh go mbeadh comhoibriú níos dlúithe ann idir AE agus stáit is iarrthóirí agus stáit is iarrthóirí ionchasacha maidir le slándáil agus cosaint;
124. á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na tuarascálacha go bhféachann an Coimisinéir um an gComharsanacht agus um Méadú le dul timpeall, d’aon ghnó, ar lárnacht na n-athchóirithe daonlathacha agus smachta reachta i dtíortha aontachais AE agus an bonn a bhaint de lárnacht na n-athchóirithe sin; ag tathant ar an gCoimisiún imscrúdú neamhspleách agus neamhchlaonta a thionscnamh cibé an sárú ar an gCód Iompair do Chomhaltaí an Choimisiúin agus ar oibleagáidí an Choimisinéara faoi na Conarthaí é iompar an Choimisinéara um an gComharsanacht agus um Méadú agus na beartais arna gcur chun cinn aige;
125. ag cur sonrú i dtuarascáil 2022 maidir leis an Tuirc a thíolaic an Coimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2022; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di nach ndearna rialtas na Tuirce an treocht dhiúltach maidir le meath ar an daonlathas, ar an smacht reachta, ar chearta bunúsacha agus ar neamhspleáchas na mbreithiúna a aisiompú agus go bhfuil beartas eachtrach na Tuirce fós ag teacht salach ar thosaíochtaí AE faoi CBES, agus nach raibh ach ráta ailínithe de 7 % ann sa tréimhse tuairiscithe; ag athdhearbhú an tseasaimh uaithi an 18 Bealtaine 2022 nach féidir léi aon atosú ar chaibidlíocht aontachais leis an Tuirc a bheartú; á chur in iúl, áfach, go bhfuil sí tiomanta d’idirphlé daonlathach agus polaitiúil leis an Tuirc, go háirithe lena sochaí shibhialta;
126. á chur in iúl gur saoth léi nár dhaingnigh an Tuirc iarratais na Sualainne agus na Fionlainne go fóill chun dul isteach in ECAT;
127. á athdhearbhú gur mór aici an cáineadh a rinne an Tuirc ar ionradh agus fogha míleata gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus a ról mar éascaitheoir idir an Úcráin agus an Rúis, lena n-áirítear trína rannchuidiú ríthábhachtach leis an gcomhaontú tábhachtach maidir le grán na hÚcráine a onnmhairiú; á chur in iúl, áfach, gur cúis mhór bhuartha di an easpa ailínithe leanúnach le smachtbhannaí AE i gcoinne na Rúise, go háirithe maidir le saorghluaiseacht earraí a dhíorthaítear ón aontas custaim reatha agus i gcomhthéacs a caidrimh trádála agus airgeadais leis an Rúis a neartaíodh le déanaí; á chur i bhfáth nach sáraíonn ról geopholaitiúil na Tuirce na heasnaimh thromchúiseacha i staid chearta an duine sa tír, ar príomhchonstaic fós iad ar dhul chun cinn sa chaidreamh idir AE agus an Tuirc;
128. ag athdhearbhú a hiarrata roimhe seo ar AE straitéis fhoriomlán a shainiú go práinneach dá chaidreamh gearrthéarmach, meántéarmach agus fadtéarmach leis an Tuirc, ina gcomhcheanglófar gach gné agus gach beartas, chun comhpháirtíocht níos cobhsaí, níos inchreidte agus níos intuartha a chothú, ós rud é go bhfuil ról lárnach ag an Tuirc sa réigiún agus gníomhaíochtaí díchobhsaitheacha leanúnacha na tíre sna Balcáin Thiar, sa Mheánmhuir Thoir, sa Mheánoirthear agus i gCugas Theas á gcur san áireamh mar aon lena cúlú daonlathach leanúnach; á chur in iúl gur saoth léi an reitric bhagrach a bhí ag rialtas na Tuirce le déanaí maidir leis an nGréig, ar Ballstát í agus comhghuaillí ECAT dá cuid; ag tathant ar na páirtithe uile lena mbaineann an teannas a laghdú agus atosú an idirphlé taidhleoireachta a chur chun cinn chun teacht ar réitigh inbhuanaithe ar na díospóidí sa réigiún;
129. á chur in iúl gur oth léi nár cruthaíodh, breis agus 25 bliana tar éis sheoladh Phróiseas Barcelona, spás an rathúnais, na cobhsaíochta agus na saoirse comhroinnte le tíortha na Meánmhara i gComharsanacht an Deiscirt; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le tíortha Chomharsanacht an Deiscirt téarnamh ó phaindéim COVID-19 agus a héifeachtaí díobhálacha ar na tíortha sin a laghdú agus na suaití soláthair agus na méaduithe ar phraghsanna a eascraíonn as cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a laghdú go háirithe i réimse na slándála bia agus leasachán; á chur in iúl gur geal léi tionscnamh grán na Mara Duibhe arna stiúradh ag na Náisiúin Aontaithe; ag tathant ar an Rúis deireadh a chur le húsáid athnuaite onnmhairí bia mar uirlis troda, lena gcruthaítear go neamhfhreagrach baol go nginfí tuilleadh neamhshlándáil bia san Afraic, san Áise agus sa Mheánoirthear, agus cloí go hiomlán le téarmaí an chomhaontaithe; á iarraidh go bhfeabhsófaí comhpháirtíochtaí fuinnimh le tíortha ábhartha sa réigiún, agus aird iomlán á tabhairt ar an ngá atá le soláthraithe agus acmhainní fuinnimh araon a éagsúlú, agus cúnamh á thabhairt ag an am céanna do thíortha comhpháirtíochta lena n-aistrithe glasa agus digiteacha faoi seach; á iarraidh go ndéanfaí rochtain shlán chóir agus chothrom ar vacsaíní a chur chun cinn ar fud an domhain, lena n-áirítear trí chearta paitinne ábhartha a bhaint go sealadach;
130. á iarraidh ar an gCoimisiún na tionscnaimh a leagtar amach sa teachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ón Leas-Uachtarán/Ardionadaí an 9 Feabhra 2021 maidir leis an gcomhpháirtíocht athnuaite le Comharsanacht an Deiscirt agus mar a glacadh sa mholadh ón bParlaimint maidir leis an gcomhpháirtíocht Athnuaite le Comharsanacht an Deiscirt a chur chun feidhme go hiomlán;
131. á chur i bhfáth gur dúshlán fós iad an éagobhsaíocht agus an éiginnteacht i gComharsanacht Dheisceart na hEorpa; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit dlús a chur leis an gcomhar le tíortha comhpháirtíochta i gComharsanacht an Deiscirt chun iarmhairtí na gáinneála ar dhaoine agus smuigleáil arm aindleathach agus earraí cultúrtha a mhaolú agus chun antoisceachas foréigneach a chosc chun slándáil agus cobhsaíocht a chaomhnú i gComharsanacht Dheisceart na hEorpa;
132. á chur i bhfáth go bhfuil iarmhairtí ag an éagobhsaíocht sa Libia ní hamháin dá tíortha comharsanachta, ach don Eoraip freisin; á chur i bhfios go láidir dtugann easpa stáit fheidhmiúil, deighiltí idir faicsin agus iomadú grúpaí armtha timpeallacht thorthúil do gháinneálaithe drugaí, arm agus daoine;
133. ag cáineadh bhagairt leanúnach na Rúise ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le síneadh a chur le conair dheireanach cabhrach daonnúla na Siria, Bab al-Hawa, bagairt a chuireann níos mó ná ceithre mhilliún duine i mbaol a bhíonn ag brath ar chabhair dhaonnúil chun freastal ar a mbunriachtanais maidir le bia, leigheas agus soláthairtí ríthábhachtacha eile;
134. á chur in iúl gur cúis bhuartha di an staid thubaisteach eacnamaíoch agus dhaonnúil atá san Afganastáin tar éis ghabháil fhoréigneach na cumhachta ag an Talaban, ag a bhfuil éifeachtaí díobhálacha go háirithe ar chearta na mban agus na gcailíní, mionlach eitneach agus reiligiúnach, chosantóirí chearta an duine, ionadaithe neamhspleácha na meán agus daoine aonair a thug cúnamh do AE agus dá Bhallstáit; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an éagobhsaíocht réigiúnach atá mar thoradh ar ghabháil na cumhachta ag an Talaban agus go háirithe uaillmhianta an Talaban a thionchar a leathnú chuig tíortha comharsanachta trí líonraí sceimhlitheoireachta a thógáil agus a neartú ar fud an réigiúin; ag tabhairt dá haire go bhfuil an Phacastáin an-leochaileach i ndáil leis sin;
135. ag tathant ar an gCoimisiún agus ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí a áirithiú go ndéanfar foireann Ionadaí Speisialta AE san Afganastáin agus EUPOL Afganastáin, daoine eile atá an-leochaileach, agus a gcéilí cleithiúnacha, a leanaí, a dtuismitheoirí agus a ndeirfiúracha neamhphósta a aslonnú go hiomlán agus go tráthúil, i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2022/151 ón gComhairle(7);
136. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cistiúchán breise a áirithiú le haghaidh cabhair dhaonnúil do mhuintir na hAfganastáine; á athdhearbhú nach n-aithníonn sí réimeas an Talaban; ag tacú leis na cúig phríomhthagarmharc a ghlac an Chomhairle an 21 Meán Fómhair 2021 agus a fheidhmíonn mar threoirphrionsabail do rannpháirtíocht a bheidh ann amach anseo leis an Talaban ach á chreidiúint go bhfuil gá le hiarracht mhór chun straitéis fhadtéarmach a shainiú chun aghaidh a thabhairt ar an éigeandáil maidir le cearta an duine agus ar an apartheid inscne san Afganastáin inniu; á iarraidh ar AE dlús a chur lena thacaíocht don cheartas d’íospartaigh na gcoireanna gránna a rinneadh san Afganastáin, lena n-áirítear mná agus cailíní, mionlaigh eitneacha agus daoine LGBTIQ+, agus gach cúnamh is gá a chur ar fáil d’imscrúdú na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta, imscrúdú a ndearnadh é a athnuachan le déanaí, ar choireanna in aghaidh an chine dhaonna agus ar choireanna cogaidh san Afganastáin; á chur in iúl go gcáineann sí go fíorghéar cinntí an Talaban cosc a chur ar mhná agus ar chailíní freastal ar oideachas meánscoile agus ollscoile agus toirmeasc a chur ar mhná a fhostú le heagraíochtaí neamhrialtasacha, cinntí a bhfuil iarmhairtí daonnúla tubaisteacha acu; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, in éineacht leis na Náisiúin Aontaithe, leis an tsochaí shibhialta agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta, an brú a mhéadú ar an Talaban na cinntí sin a aisiompú gan mhoill;
137. ag cáineadh chniogbheartaíocht bhrúidiúil na hIaráine, lena n-áirítear Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC), maidir leis na léirsithe tar éis do Mahsa Amini bás a fháil, i ndiaidh do ‘póilíní moráltachta’ na hIaráine í a ghabháil go foréigneach, mí-úsáid a dhéanamh uirthi agus drochíde a thabhairt di; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit IRGC a áireamh ar liosta an Aontais Eorpaigh de sceimhlitheoirí i bhfianaise a ghníomhaíochta sceimhlitheoireachta agus an chos ar bolg a dhéantar ar agóideoirí agus toisc go ndéanann sé dróin a sholáthar don Rúis; á athdhearbhú go dtacaíonn sí leis an ngluaiseacht agóide síochánta ar fud na tíre, lena ndéantar agóid i gcoinne mharú Mahsa Amini, chos ar bolg chórasach agus mhéadaitheach na mban agus na sáruithe tromchúiseacha agus ollmhóra ar chearta an duine agus ar shaoirsí bunúsacha; á chur in iúl gur cúis uafáis di an úsáid neamhshrianta agus dhíréireach a bhaineann póilíní agus fórsaí slándála na hIaráine as an lámh láidir i gcoinne agóideoirí síochánta; ag cáineadh sna téarmaí is láidre gur chuir an Phoblacht Ioslamach léirsitheoirí síochánta chun báis; á mheas gur gá tuilleadh coigeartuithe a dhéanamh ar sheasamh AE i leith na hIaráine mar gheall ar neamhaird gan náire réimeas na hIaráine ar dhínit an duine agus ar mhianta daonlathacha a saoránach féin, agus tacaíocht na hIaráine do Chónaidhm na Rúise; ag tathant ar údaráis na Poblachta Ioslamaí gach pianbhreith phionós an bháis a fógraíodh i gcomhthéacs na n-agóidí leanúnacha a neamhniú gan mhoill agus moratorium láithreach a fhorchur ar phionós an bháis d’fhonn é a dhíothú go hiomlán; á iarraidh go bhfreagródh AE go láidir do rannpháirtíocht na hIaráine i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine;
138. ag tacú go láidir le mianta mhuintir na hIaráine, ar mian leo maireachtáil i dtír shaor, chobhsaí, chuimsitheach agus dhaonlathach ina n-urramaítear a gealltanais náisiúnta agus idirnáisiúnta maidir le cearta an duine agus saoirsí bunúsacha; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, na bearta sriantacha a forchuireadh ar dhaoine aonair agus eintitis de chuid na hIaráine, lena n-áirítear na póilíní moráltachta, mar a thugtar orthu, as a ról i gcos ar bolg na n-agóidí leanúnacha atá faoi stiúir ban san Iaráin ina n-éilítear cearta comhionanna agus deireadh a chur le hidirdhealú córasach na mban agus le sáruithe níos leithne ar chearta an duine sa Phoblacht Ioslamach; á chur in iúl gur geal léi Rún S35/1 ó Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine an 24 Samhain 2022 maidir le misean neamhspleách idirnáisiúnta aimsithe fíoras a bhunú maidir le Poblacht Ioslamach na hIaráine agus á iarraidh ar an Aontas tacú go hiomlán leis na hullmhúcháin don mhisean agus lena chur chun feidhme; á iarraidh ar SEGS, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit leanúint de chúrsaí a bhaineann le cearta an duine a ardú i ngach malartú leis an Iaráin;
139. á athdhearbhú nár cheart deireadh a chur leis na smachtbhannaí i gcoinne cheannaireacht IRGC agus á iarraidh go ndéanfaí bearta sriantacha breise i gcoinne IRGC; á iarraidh ar an gComhairle IRGC agus a fhofhórsaí, lena n-áirítear mílíste paraimíleata Basij agus Fórsa Quds, a chur ar liosta sceimhlitheoireachta AE;
140. ag tabhairt dá haire gur bunchloch é an neamhleathadh le haghaidh chobhsú an Mheánoirthir agus réigiún na Murascaille; á iarraidh go leanfaí d’iarrachtaí taidhleoireachta chun a áirithiú nach bhforbróidh an Iaráin airm núicléacha; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, áfach, gur cheart d’aon chaibidlíocht bhreise maidir leis an bPlean Cuimsitheach Comhpháirteach Gníomhaíochta (JCPOA) aird a thabhairt ar bheartais, tionscadail agus cláir mhíleata dhíobhálacha eile de chuid na hIaráine;
141. á athdhearbhú gur gá tacú le Conradh JCPOA chomh maith leis an gcaibidlíocht atá ar siúl faoi láthair chun é a chur chun feidhme;
142. á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart do AE feabhas a chur ar chumais Thascfhórsa StratCom Theas d’fhonn straitéis nithiúil a fhorbairt tuilleadh chun an bhréagaisnéis a chomhrac i gComharsanacht an Deiscirt, lena n-áirítear Poblacht Ioslamach na hIaráine, agus é mar aidhm léi an mbréagnuacht agus an bholscaireacht a chomhrac chun an daonlathas agus an chobhsaíocht a atreisiú;
143. á chur in iúl gur geal léi an uaillmhian caidreamh AE le tíortha na Murascaille a neartú, mar a cuireadh i bhfios go láidir sa teachtaireacht chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle dar teideal ‘Comhpháirtíocht straitéiseach leis an Murascaill’ an 18 Bealtaine 2022; ag tabhairt dá haire go bhfuil leas coiteann ann dul i mbun rannpháirtíochta ar bhealach níos straitéisí le comhpháirtithe na Murascaille go háirithe maidir le slándáil réigiúnach, comhar, gníomhú ar son na haeráide agus cearta an duine a chur chun cinn mar phríomhchuspóirí straitéiseacha; á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit leanúint de bhéim a leagan ar an urraim do chearta an duine agus ar chomhionannas inscne chomh maith le hailíniú forchéimnitheach luachanna, go háirithe chun cur i gcoinne chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus cur i gcoinne na n-iarmhairtí a bhaineann leis; á chur in iúl gur saoth léi go mór an cinneadh ó OPEC+ táirgeadh ola a laghdú, arna spreagadh go háirithe ag an Araib Shádach, a dhéanfaidh an bhoilsciú domhanda níos measa agus a bhainfidh an bonn d’iarrachtaí idirnáisiúnta cur in éadan chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; ag tabhairt dá haire gur cuireadh Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha leis an liosta dlínsí atá faoi fhaireachán méadaithe ag an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais mar gheall ar na heasnaimh straitéiseacha atá aige i sciúradh airgid a chosc; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil sé tar éis éirí ina thearmann sábháilte d’olagarcaí na Rúise atá faoi smachtbhannaí AE; ag cur béim ar an bhfíoras go n-éilíonn fíor-chomhpháirtíocht straitéiseach leis an Murascaill idirphlé agus comhar i réimse chearta an duine agus ailíniú maidir le cur i gcoinne fhogha na Rúise san Úcráin;
144. ag athdhearbhú a tacaíochta do Chomhaontuithe Abrahám, a bhfuil normalú déanta acu ar an gcaidreamh taidhleoireachta idir Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha agus Bairéin agus as ar eascair Maracó agus an tSúdáin comhaontú normalúcháin a shíniú ina dhiaidh sin le hIosrael;
145. á chur i bhfios, maidir leis an gcoinbhleacht idir Iosrael agus an Phalaistín, go bhfuil AE aontaithe i gcónaí maidir lena thiomantas réiteach dhá stát a bhaint amach bunaithe ar na paraiméadair sna conclúidí ón gComhairle i mí Iúil 2014 lena gceadaítear do Stát Iosrael maireachtáil taobh le taobh faoi shíocháin agus slándáil, agus aitheantas frithpháirteach ar a chéile, le Stát na Palaistíne atá neamhspleách, daonlathach, comhtheagmhálach, ceannasach agus inmharthana, agus Iarúsailéim mar phríomhchathair an dá stát amach anseo; á mheabhrú go bhfuil lonnaíochtaí sa chríocha Palaistíneacha faoi fhorghabháil neamhdleathach faoin dlí idirnáisiúnta; á iarraidh ar Rialtas nua Iosrael a thiomantas don réiteach dhá stát a léiriú go gníomhach agus go hinchreidte, atá fós ina phríomhchuspóir de bheartas AE maidir le próiseas síochána an Mheánoirthir agus ina phríomhghné den chomhpháirtíocht idir AE agus Iosrael;
146. ag tabhairt dá haire gur atosaíodh Comhairle Comhlachais idir AE agus Iosrael in 2022; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé de chuspóir ag an gComhairle Comhlachais ní hamháin an chomhpháirtíocht idir AE agus Iosrael a neartú ach freisin mar fhóram le haghaidh idirphlé maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an gcoinbhleacht idir Iosrael agus an Phalaistín agus mar bhealach chun próiseas síochána an Mheánoirthir a athbheochan; á mheabhrú agus ag tacú le seasamh an Aontais mar a leagtar amach é agus mar a d’fhormheas an Chomhairle é d’aon toil mar ullmhúchán don 12ú Comhairle Comhlachais, a bhí ar siúl sa Bhruiséil an 3 Deireadh Fómhair 2022; ag tacú le hiarrachtaí an Ardionadaí ceannairí Arabacha a thabhairt le chéile d’fhonn dul chun cinn a dhéanamh i dtreo síocháin réigiúnach chuimsitheach lena gcuirfear deireadh leis an gcoinbhleacht idir Iosrael agus an Phalaistín agus lena dtabharfar comhar suntasach slándála, trádála agus eile chuig an réigiún;
147. ag athdhearbhú a seasaimh nach mór do gach leabhar scoile agus gach ábhar scoile a fhaigheann tacaíocht ó chistí an Aontais a bheith i gcomhréir le caighdeáin UNESCO maidir le síocháin, caoinfhulaingt, cómhaireachtáil agus neamhfhoréigean;
148. á chur in iúl gur geal léi gur glacadh rannchuidiú ilbhliantúil an Aontais le Gníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Fhóirithint agus Oibreacha ar mhaithe le Dídeanaithe Palaistíneacha sa Neasoirthear (UNRWA), lena n-áirithítear tacaíocht intuartha do dhídeanaithe Palaistíneacha i gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach AE-UNRWA do 2021-2024; á chur in iúl gur geal léi rannchuidiú breise an Aontais leis an nGníomhaireacht faoin tSaoráid um Bia agus Athléimneacht chun aghaidh a thabhairt ar neamhshlándáil bia; ag cur béim ar an bhfíoras go leanann UNRWA de bheith ag rannchuidiú le cobhsaíocht agus síocháin réigiúnach;
149. á mheas gur comhpháirtí tábhachtach de chuid an Aontais é Iosrael; ag moladh Iosrael agus na Liobáine as an gcomhaontú maidir lena dteorainn mhuirí a léiriú;
150. ag cáineadh, sna téarmaí is láidre is féidir, cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, chomh maith le ról cumasúcháin réimeas Lukashenka sa Bhealarúis; á iarraidh ar cheannaireacht na Rúise deireadh a chur leis láithreach agus tarraingt siar gan choinníoll ó chríoch iomlán na hÚcráine a aithnítear go hidirnáisiúnta agus ó aon tír eile, go háirithe an tSeoirsia agus Poblacht na Moldóive, a bhfuil a críoch nó codanna di faoi fhorghabháil neamhdhleathach aici; ag tathant ar an Rúis saorshreabhadh gráin agus amhábhar eile a ráthú ar fud an domhain; á iarraidh ar an gComhairle an Rúis a ainmniú mar urraitheoir stáit ar an sceimhlitheoireacht agus mar stát a úsáideann modh sceimhlitheoireachta; ag tathant ar an gcomhphobal idirnáisiúnta tacú le próisis dhlisteanacha idirnáisiúnta agus náisiúnta uile, lena n-áirítear faoi phrionsabal na dlínse uilíche, chun coireanna in aghaidh na daonnachta agus coireanna cogaidh a imscrúdú d’fhonn iad siúd go léir atá freagrach as na coireanna cogaidh iomadúla agus na sáruithe iomadúla ar chearta an duine, lena n-áirítear oll-éigniú agus díbirt éigeantach Úcránach, a thabhairt os comhair cúirte dlí; á athdhearbhú go mbeidh ar an Rúis na damáistí agus an scrios uile a rinne sí san Úcráin a chúiteamh; ag tabhairt dá haire go bhfuil roinnt saoránach de chuid na Rúise ag fágáil na Rúise chun coinscríobh a sheachaint; á iarraidh go ndéanfaí na daoine uile a chabhraigh go deonach leis an Rúis ar bhealach ar bith sa chogadh sin nó in eagrú reifreann neamhdhlisteanach a thabhairt chun cuntais agus smachtbhannaí a chur orthu ar bhonn aonair;
151. á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh an Comhaontú um Eisiúint Víosaí idir an tAontas agus an Rúis a Éascú ar fionraí; á iarraidh ar na Ballstáit treoirlínte an Choimisiúin maidir le heisiúint ghinearálta víosaí d’iarratasóirí Rúiseacha agus seiceálacha ar shaoránaigh na Rúise ag teorainneacha seachtracha AE a chur chun feidhme go hiomlán, i gcomhréir iomlán le dlí AE agus leis an dlí idirnáisiúnta, agus a áirithiú go ndéileálfar ar bhonn aonair le gach iarratas ar thearmann ó, inter alia, easaontóirí, tréigtheoirí, éalaitheoirí ó choinscríobh agus gníomhaithe, agus ábhair imní slándála an Bhallstáit óstaigh á gcur san áireamh agus ag gníomhú dóibh i gcomhréir le acquis tearmainn AE; á iarraidh ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar an staid maidir le víosaí a thabairt do Rúisigh;
152. á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an pacáiste smachtbhannaí is déanaí i gcoinne na Rúise; á iarraidh ar an gComhairle, áfach, liosta na ndaoine aonair a ndírítear smachtbhannaí AE orthu go díreach a leathnú, agus an liosta de 6 000 duine aonair a léirigh Fondúireacht um Fhrith-Éilliú de chuid Alexei Navalny á chur san áireamh;
153. á chur in iúl go bhfuil sí suite de nach ndéanfaidh ach bua deiridh na hÚcráine ar an Rúis an t-ord domhanda a chosaint agus gníomhaithe ionsaitheacha eile a dhíspreagadh ó chogaí foghacha a thosú; á iarraidh ar institiúidí inniúla AE cásanna a d’fhéadfadh a bheith ann ag deireadh an chogaidh a tharraingt suas go comhpháirteach agus Rúis a d’fhéadfadh a bheith díchobhsaithe agus lagaithe á cur san áireamh agus pleanáil maidir le hathchóiriú a d’fhéadfaí a dhéanamh uirthi;
154. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a bheith ar thús cadhnaíochta agus sásra iltaobhach á ullmhú lena ndéanfar maoirseacht ar íocaíocht chúitimh na Rúise leis an Úcráin agus lena bhforfheidhmeofar agus lena n-eisíocfar an íocaíocht sin;
155. ag cur sonrú i bhforleithne na tacaíochta d’ionradh gan chúis agus dochosanta na Rúise ar an Úcráin in go leor tíortha, go háirithe mar gheall ar chineál éifeachtach fheachtais bhréagaisnéise na Rúise agus na Síne; ag moladh don Leas-Uachtarán/Ardionadaí, don Choimisiún agus do na Ballstáit for-rochtain taidhleoireachta chuig na tíortha sin a fheabhsú, comhar déthaobhach agus iltaobhach a mhéadú agus cumarsáid straitéiseach a threisiú; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról lárnach ag an Global Gateway maidir le dul i ngleic le dúshláin chomhroinnte ar bhonn luachanna daonlathacha, comhpháirtíochtaí comhionanna agus inbhuanaitheacht chomhshaoil;
156. á iarraidh ar an gcomhphobal idirnáisiúnta laghdú a dhéanamh, a mhéid is féidir, ar éifeachtaí iarmhartacha diúltacha a bhaineann le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar an Artach, áit ar cheart caomhnú na síochána, an rathúnais agus na cobhsaíochta a bheith ina thosaíocht i gcónaí; á chur in iúl gur cúis bhuartha di gníomhaíochtaí míleata na Rúise san Artach agus timpeallacht na slándála atá ag athrú sa réigiún agus ag athdhearbhú thábhacht straitéiseach an Artaigh; á iarraidh go mbeadh rannpháirtíocht níos láidre ag AE sa réigiún, agus na réaltachtaí slándála nua a eascraíonn as cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine á gcur san áireamh, ós rud é go bhfuil tábhacht straitéiseach don Aontas ag baint léi i bhfianaise an athraithe aeráide, beartais thionsclaíocha agus eacnamaíocha, saorloingseoireachta chomh maith le tionchar geostraitéiseach agus mar gheall ar leasanna agus gluaiseachtaí méadaitheacha na Rúise agus na Síne sa réigiún sin;
157. á iarraidh go mbeadh rannpháirtíocht ghníomhach ag ceannairí AE bagairtí núicléacha a eascraíonn as cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a chosc, lena n-áirítear sábháilteacht Ghléasra Cumhachta Núicléiche Zaporizhzhia;
158. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an caidreamh le Meiriceá Laidineach agus le Muir Chairib (LAC) a neartú trí straitéis AE-LAC a nuashonrú, agus béim láidir á leagan ar iarrachtaí comhpháirteacha chun an t-ord domhanda iltaobhach, an dlí idirnáisiúnta agus an urraim don daonlathas agus do chearta an duine a neartú, go háirithe i gcomhthéacs thionchar méadaitheach agus díréireach Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Rúise sa réigiún i gcomparáid le AE agus i gcomhthéacs na mbagairtí méadaithe ar shlabhraí soláthair na hEorpa mar gheall ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; á iarraidh ar Bhallstáit agus ar SEGS taidhleoireacht réamhghníomhach a shaothrú sa réigiún agus na comhpháirtíochtaí atá ann cheana le tíortha atá ar aon intinn leo, caidreamh trádála, infheistíocht, tacaíocht daonlathais agus comhar idirpharlaiminteach a neartú tuilleadh; á chur i bhfáth, sa chomhthéacs sin, a thábhachtaí atá inscne, an t-athrú aeráide agus cearta na bpobal dúchasach agus a thábhachtaí atá sé na comhaontuithe comhlachais cothromaithe agus nuachóirithe atá beartaithe leis an tSile, Meicsiceo agus Mercosur a shíniú agus a dhaingniú go pras, lena n-áirítear caibidil atá ceangailteach ó thaobh dlí de agus atá in-fhorfheidhmithe maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe, ag a bhfuil gné láidir maidir le cearta an duine agus ailíniú le spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, ar choinníoll, i gcás Mercosur, go dtiocfar ar chomhaontú maidir leis an ionstraim bhreise le haghaidh réamhdhaingniú fónta gealltanas; á chur in iúl gur geal léi gur tugadh i gcrích an chaibidlíocht maidir leis an gCreat-Chomhaontú Ardleibhéil idir an tAontas agus an tSile; ag tathant ar an gCoimisiún, i ndáil leis sin, tar éis breis agus dhá bhliain de chaibidlíocht maidir leis an ionstraim bhreise, comhaontú críochnaitheach a bhaint amach a luaithe is féidir; á chur i bhfios go láidir gur gá do na páirtithe uile an Comhaontú Comhlachais idir AE agus tíortha Mheiriceá Láir a dhaingniú;
159. á chur in iúl go dtacaíonn sí le hord daonlathach agus bunreachtúil Pheiriú, a bhí faoi bhagairt ag Pedro Castillo, atá anois ina iar-Uachtarán, agus ag a chomhghuaillithe nuair a rinne sé iarracht an Chomhdháil a dhíscaoileadh go neamhdhleathach an 7 Nollaig 2022 chun a tháinseamh féin a sheachaint; á chur in iúl go bhfuil dóchas aici nach ndéanfadh iompraíocht dhochloíte agus fhreagrach údaráis Pheiriú ach an daonlathas sa tír a neartú agus á iarraidh go dtionólfar toghcháin uachtaránachta agus reachtacha a luaithe is féidir chun an tsáinn pholaitiúil a shárú;
160. ag cur in iúl an athuair a tiomantas daingean do chosaint agus do chur chun cinn an daonlathais i Meiriceá Laidineach; ag déanamh cáineadh ar ionsaí frithdhaonlathach foréigneach na heite fíordheise ar institiúidí daonlathacha na Brasaíle, a tharla an 8 Eanáir 2023, a spreag bréagaisnéis d’aon ghnó agus go forleathan maidir le dlisteanacht thoghchán uachtaránachta na Brasaíle a bhí ann le déanaí; á chur in iúl go dtacaíonn sí go hiomlán le hUachtarán na Brasaíle, Lula da Silva, a toghadh go daonlathach, agus le freagairt mhear agus chinntitheach Rialtas na Brasaíle ar an éirí amach;
161. ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil caidreamh AE leis an Aontas Afracach ríthábhachtach chun freastal ar riachtanais na dtíortha comhpháirtíochta san Afraic agus chun acmhainneacht mhór na dtíortha sin a fhorbairt chomh maith le leasanna comhroinnte a shaothrú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí na gealltanais a comhaontaíodh ag an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas Afracach agus an tAontas Eorpach a chur chun feidhme, tionscadail Global Gateway a chur chun feidhme go pras san Afraic agus comhpháirtíochtaí a neartú maidir le slándáil, trádáil, sláinte, forbairt agus cúnamh i bpaindéim COVID-19 a mhaolú le tíortha ar mhór-roinn na hAfraice, i gcomhréir leis an gCompás Straitéiseach, ar bhonn an chomhionannais agus go háirithe leis an aidhm SDGanna, claochluithe digiteacha agus glasa, cearta an duine agus réiteach síochánta coinbhleachta a chur chun cinn i gcomhréir le prionsabail an dlí idirnáisiúnta; á chur i bhfios go láidir nach mór do rannpháirtíocht AE leis an Afraic, lena n-áirítear trí chomhar forbartha agus trádála, tús áite a thabhairt do rannchuidiú le sochaithe láidre agus athléimneacha, feabhas a chur ar chomhionannas sóisialta agus slándáil, agus tacú le struchtúir dhaonlathacha ar an láthair;
162. á chur in iúl gur geal léi leithdháileadh an chistiúcháin faoin gCiste Eorpach Forbraíochta chun maolú a dhéanamh ar neamhshlándáil mhéadaitheach bia a eascraíonn, i measc cúiseanna eile, as ionradh na Rúise ar an Úcráin; á iarraidh go ndéanfaí bearta comhchosúla breise de réir mar is gá; á iarraidh an athuair go rachfaí i dtreo comhpháirtíocht iomlán de pháirtithe comhionanna agus go mbeadh forbairt dhaonna agus cosaint acmhainní nádúrtha ina croílár;
163. á iarraidh go mbeadh feachtas láidir cumarsáide straitéisí agus for-rochtana de chuid AE chuig tíortha na hAfraice ann chun cur i gcoinne na n-insintí díobhálacha, go háirithe iad siúd atá á scaipeadh sa réigiún ag Cónaidhm na Rúise agus ag Daon-Phoblacht na Síne;
164. ag cáineadh thrasnaíocht na Rúise san Afraic lena ndéantar an daonlathas a chur i mbaol, go háirithe trí lorg méadaithe ghrúpa Wagner ar an mór-roinn; ag cáineadh go láidir na mí-úsáidí agus na gcoireanna a rinne grúpa Wagner;
165. á iarraidh go mbeadh comhpháirtíocht idir an Afraic agus an Eoraip ann a mbeadh sé mar aidhm léi limistéar dlúthpháirtíochta, slándála, síochána agus rathúnais mharthanaigh a chruthú; á iarraidh go ndéanfadh AE gníomhaíochtaí go pras chun cur i gcoinne láithreacht mhéadaitheach ghrúpa Wagner i roinnt tíortha de chuid na hAfraice, rud a chothaíonn tuilleadh éagobhsaíochta agus a bhaineann an bonn de na hiarrachtaí sa chomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta;
Taidhleoireacht pharlaiminteach a fheabhsú mar uirlis beartais eachtraigh
166. ag cur béim ar rannchuidiú sonrach na Parlaiminte le beartas eachtrach agus slándála AE trína sócmhainní taidhleoireachta parlaiminteacha; á iarraidh go ndéanfaí grinnscrúdú parlaiminteach níos géire ar ábhair a bhfuil ábharthacht straitéiseach ag baint leo i ngnóthaí eachtracha Eorpacha; á mheabhrú, i measc nithe eile, go bhfuil dianchomhar ann ar an leibhéal polaitiúil agus teicniúil idir Verkhovna Rada na hÚcráine agus an Pharlaimint;
167. ag tabhairt dá haire go bhfuil an Pharlaimint rannpháirteach go gníomhach in CBES trína hionstraimí sonracha; á chur i bhfios go láidir go bhfuil tábhacht agus cineál uathúil ag baint le cláir dhaonlathaithe na Parlaiminte, amhail ‘Idirphlé Jean Monnet’, atá dírithe ar obair na bparlaimintí a chothú agus a neartú; á mheabhrú gur cheart d’institiúidí uile AE páirt a ghlacadh agus oibriú le chéile i ngníomhaíochtaí a bhfuil sé mar aidhm leo gníomhú in aghaidh cúlú domhanda maidir leis an daonlathas, lena n-áirítear trí bhreathnóireacht toghcháin, idirghabháil agus gníomhaíochtaí idirphlé, cosc coinbhleachtaí, dámhachtain agus líonra Dhuais Sakharov, agus taidhleoireacht pharlaiminteach;
168. á iarraidh ar SEGS saoirse an phreasa agus saoirse chun tuairimí a nochtadh a ghlacadh mar thosaíochtaí agus gach beart is gá a dhéanamh chun seasamh, go hiomlán, le Treoirlínte AE maidir le Saoirse chun Tuairimí a Nochtadh ar Líne agus as Líne; ag tathant ar thoscaireachtaí AE feabhas a chur ar bhearta cosanta coisctheacha, pleanáil le haghaidh freagairtí éigeandála ar mheath ar shaoirse an phreasa agus tacaíocht shoiléir agus infheicthe a sholáthar d’iriseoirí áitiúla agus don tsochaí shibhialta;
169. á iarraidh go gcuirfí feabhas ar thaidhleoireacht choisctheach AE mar uirlis réamhghníomhach beartais eachtraigh chun cosc a chur ar choinbhleachtaí idir tríú páirtithe a thosú agus tacú leo teacht ar réitigh shíochánta ar theannas méadaitheach;
170. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá na comhthionóil pharlaiminteacha mar fhóraim le haghaidh comhair agus idirphlé institiúideach, agus a rannchuidiú luachmhar le gníomhaíocht beartais eachtraigh Eorpaigh i gcúrsaí slándála, mar aon leis an ngá atá ann a ngníomhaíocht a chur chun cinn agus a bhfeidhmiú cuí agus a bhforbairt a ráthú;
171. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit formhaoirseacht pharlaiminteach ar ghníomhaíocht sheachtrach AE a chumasú agus a neartú, lena n-áirítear trí leanúint de chomhairliúcháin rialta leis an Leas-Uachtarán/Ardionadaí agus leis an gCoimisiún, agus tríd an bParlaimint a dhéanamh rannpháirteach i gcur chun feidhme agus grinnscrúdú cuí agus breise i ndáil leis an tSaoráid Eorpach Síochána agus an Compás Straitéiseach; á mheabhrú go mbíonn an Pharlaimint rannpháirteach i méid áirithe comhar neamhfhoirmiúil le SEGS, ar comhar é a feabhsaíodh tar éis Cinneadh ón gComhairle an 26 Iúil 2010 agus dearbhú ón Ardionadaí maidir le cuntasacht pholaitiúil, 2010; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá leis sin chun an creat don chaidreamh idirinstitiúideach idir an Pharlaimint agus SEGS, lena n-áirítear a toscaireachtaí, a neartú tuilleadh; á iarraidh go mbeadh creat-chomhaontú ann maidir le comhar um ghníomhaíocht sheachtrach a neartú idir SEGS agus Parlaimint na hEorpa, lena bhféadfaí bosca uirlisí beartais eachtraigh AE féin a fheabhsú; á chur i bhfios go láidir gur gá an t-athbhreithniú meántéarma ar an gCiste Eorpach Cosanta (EDF) a úsáid chun formhaoirseacht pharlaiminteach chuí a thabhairt isteach trí ghníomhartha tarmligthe do chláir oibre; á chur i bhfáth gur gá leibhéal comhchosúil formhaoirseachta parlaimintí a bhunú don ghníomh um sholáthar comhoibríoch (EDIRPA) atá ar na bacáin agus don Chlár Eorpach Infheistíochta um Chosaint (EDIP); á chur i bhfios go láidir, chun go gcomhlíonfaidh an Pharlaimint go cuí a ról tábhachtach maidir le maoirseacht dhaonlathach, gur cheart an fhaisnéis agus na doiciméid is gá a sholáthar di ar bhealach trédhearcach agus tráthúil;
172. á mheabhrú go bhfuil ról tábhachtach ag na parlaimintí náisiúnta sna Ballstáit; á chur i bhfios go láidir gur féidir le Tionól Parlaiminteach ECAT ról tábhachtach a imirt agus á iarraidh go ndéanfaí caidreamh Pharlaimint na hEorpa leis a neartú tuilleadh;
173. á iarraidh ar institiúidí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais, mar aon le Ballstáit AE, gealltanas leordhóthanach a thabhairt maidir leis an gcomhrac i gcoinne na bréagaisnéise agus na bolscaireachta, lena mbaintear an bonn dá mbeartais, trí dhlús a chur leis an gcumarsáid straitéiseach agus leis an insint maidir lena gcuid oibre; á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht mhéadaithe do chumarsáid straitéiseach a thabhairt do thoscaireachtaí agus misin AE;
174. ag cáineadh aon iarrachta ag tríú tíortha cur isteach ar oifigigh thofa nó iad a éilliú; meáite ar imscrúdú iomlán a dhéanamh ar chásanna éillithe agus gníomhaíochtaí míchuí tríú tíortha ar mian leo tionchar a cheannach sa Pharlaimint agus aghaidh a thabhairt orthu i gceart;
175. á áitiú go bhfuil ceart chun faisnéise ag an bParlaimint maidir le cúrsaí CBES faoi Airteagal 36 CAE; ag tabhairt aird ar bhreithiúnais Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le Comhaontú Oileán Mhuirís(8) agus Comhaontú na Tansáine(9), ar dá réir atá sé ríthábhachtach faisnéis a sholáthar go tráthúil agus go cuimsitheach don Pharlaimint chun go mbeidh sí in ann a ról grinnscrúdaithe daonlathaigh agus comhairleach a chomhlíonadh i gcúrsaí CBES;
176. á dhearbhú gur cheart don Pharlaimint lánúsáid a bhaint as a cumhachtaí maoirseachta agus buiséadacha i ndáil le cinntí an Aontais maidir le gnóthaí idirnáisiúnta; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá cláir tacaíochta daonlathais Pharlaimint na hEorpa, ar cláir iad a bhfuil acmhainneacht mhór acu ról AE ar fud an domhain a threisiú trí rannpháirt a thabhairt do na príomh-gheallsealbhóirí polaitiúla agus trí rialachas daonlathach inbhuanaithe a éascú i dtíortha neamh-AE agus i dtíortha aontachais AE;
o o o
177. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig Uachtarán na Comhairle Eorpaí, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.
Cinneadh (CBES) 2022/151 ón gComhairle an 3 Feabhra 2022 maidir le gníomhaíocht de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú le haslonnú daoine fíorleochaileacha áirithe ón Afganastáin (IO L 25, 4.2.2022, lch. 11).