Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Eanáir 2023 maidir le cearta an duine agus an daonlathas ar domhan agus beartas an Aontais Eorpaigh i leith an ábhair – tuarascáil bhliantúil 2022 (2022/2049(INI))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an ‘Chairt’),
– ag féachaint don Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine,
– ag féachaint d’Airteagal 2, d’Airteagal 3, d’Airteagal 8, d’Airteagal 21 agus d’Airteagal 23 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE),
– ag féachaint d’Airteagal 17 agus d’Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
– ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, go háirithe prionsabail 2, 3, 11 agus 17 de,
– ag féachaint do Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus do chonarthaí agus ionstraimí eile na Náisiún Aontaithe um chearta an duine,
– ag féachaint don Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla agus don Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha,
– ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chosc agus Pionósú Choir an Chinedhíothaithe in 1948 agus do Rún 43/29 ó Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine an 22 Meitheamh 2020 maidir le cinedhíothú a chosc,
– ag féachaint do Choinbhinsiún Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe in aghaidh Gialla a Ghabháil an 17 Nollaig 1979,
– ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe an 18 Nollaig 1979 maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú,
– ag féachaint don Dearbhú maidir le Gach Cineál Éadulaingthe agus Idirdhealaithe atá Bunaithe ar Reiligiún nó Creideamh a Dhíothú, a fógraíodh le Rún 36/55 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 25 Samhain 1981,
– ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionóis eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach an 10 Nollaig 1984,
– ag féachaint do Dhearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta Daoine a bhaineann le Mionlaigh Náisiúnta nó Eitneacha, Reiligiúnacha agus Teanga an 18 Nollaig 1992,
– ag féachaint do Dhearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cosantóirí Chearta an Duine, a glacadh trí chomhthoil an 09 Nollaig 1998,
– ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh an 20 Samhain 1989 agus don dá Phrótacal Roghnacha a ghabhann leis, a glacadh an 25 Bealtaine 2000,
– ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas an 13 Nollaig 2006, a tháinig i bhfeidhm in AE an 21 Eanáir 2011, i gcomhréir le Cinneadh 2010/48/CE ón gComhairle an 26 Samhain 2009 maidir leis an gComhphobal Eorpach do thabhairt Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas i gcrích(1),
– ag féachaint don Choinbhinsiún Idirnáisiúnta chun an Uile Dhuine a Chosaint ar Dhíláithriú Forfheidhmithe, arna nglacadh ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 20 Nollaig 2006,
– ag féachaint do Dhearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach, a glacadh an 13 Meán Fómhair 2007, agus do Choinbhinsiún Uimh. 169 na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Pobail Dhúchasacha agus Threibheacha 1989,
– ag féachaint do Chonradh Trádála Arm na Náisiún Aontaithe, go háirithe Airteagal 7 maidir le hOnnmhairiú agus Measúnú ar Onnmhairiú de, agus do Chód Iompair AE maidir le hOnnmhairithe Arm,
– ag féachaint do Dhearbhú Bhéising an 15 Meán Fómhair 1995,
– ag féachaint do Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe a glacadh an 25 Meán Fómhair 2015 agus, go háirithe, do spriocanna 1, 4, 5, 8, 10 agus 16 de,
– ag féachaint don Chomhshocrú Domhanda maidir leis an Imirce Shábháilte, Ordúil agus Rialta an 19 Nollaig 2018 agus do Chomhshocrú Domhanda maidir le Dídeanaithe 2018,
– ag féachaint do Rún ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 24 Márta 2022 maidir le hiarmhairtí daonnúla an ionsaithe ar an Úcráin,
– ag féachaint don mheasúnú a rinne Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine an 31 Lúnasa 2022 ar ábhair imní maidir le cearta an duine i Réigiún Féinrialaitheach Xinjiang Uyghur, Daon-Phoblacht na Síne,
– ag féachaint don ráiteas ó Chathaoirleach Choimisiún Neamhspleách Idirnáisiúnta Fiosrúcháin na Náisiún Aontaithe maidir leis an Úcráin ag an 51ú seisiún den Chomhairle um Chearta an Duine an 23 Meán Fómhair 2022,
– ag féachaint do Chlár Gníomhaíochta na Comhdhála Idirnáisiúnta maidir le Daonra agus Forbairt 1994, agus do thorthaí a comhdhálacha athbhreithnithe,
– ag féachaint do Choinbhinsiúin Chomhairle na hEorpa chun Cearta an Duine agus Dínit an Duine a chosaint maidir le Feidhmiú na Bitheolaíochta agus na Míochaine (CETS Uimh. 164), a glacadh an 4 Aibreán 1997, agus do na prótacail a ghabhann leo, maidir le Gníomhaíocht in aghaidh Gáinneáil ar Dhaoine (CETS Uimh. 197), a glacadh an 16 Bealtaine 2005, agus maidir le Leanaí a Chosaint i gcoinne Taiscéalaíocht Ghnéasach agus Mí-Úsáid Ghnéasach (CETS Uimh. 201), a glacadh an 25 Deireadh Fómhair 2007,
– ag féachaint do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (dá ngairtear ‘Coinbhinsiún Iostanbúl’ anseo feasta) an 11 Bealtaine 2011, nach bhfuil daingnithe ag na Ballstáit go léir,
– ag féachaint do Phrótacal Uimh. 6 de chuid Chomhairle na hEorpa a ghabhann leis an gCoinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus a bhaineann le Deireadh a chur le Pionós an Bháis,
– ag féachaint don rún a ghlac Coiste Airí Chomhairle na hEorpa an 16 Márta 2022 maidir le scor chomhaltas Chónaidhm na Rúise i gComhairle na hEorpa,
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach maidir leis an Úcráin an 30 agus an 31 Bealtaine 2022,
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/1998 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine(2),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda(3),
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 12 Iúil 2021 maidir le tosaíochtaí an Aontais ag na Náisiúin Aontaithe le linn an 76ú seisiún de Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, Meán Fómhair 2021-Meán Fómhair 2022,
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 24 Eanáir 2022 maidir le tosaíochtaí an Aontais i bhfóraim na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine in 2022,
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 18 Iúil 2022 maidir le tosaíochtaí an Aontais ag na Náisiúin Aontaithe le linn an 77ú seisiún de Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, Meán Fómhair 2022-Meán Fómhair 2023,
– ag féachaint don teachtaireacht chomhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún an 25 Márta 2020, dar teideal ‘Phlean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas, 2020-2024’ (JOIN(2020)0005), agus do chonclúidí ón gComhairle an 18 Samhain 2020 ina leith,
– ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún an 25 Samhain 2020 dar teideal ‘Plean Gníomhaíochta AE (GAP) III – Clár Oibre Uaillmhianach don Chomhionannas Inscne agus do Chumhachtú na Mban i nGníomhaíocht Sheachtrach An Aontais’ (JOIN(2020)0017),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 maidir le straitéis de chuid an Aontais i dtaca le cearta an linbh (COM(2021)0142),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Márta 2021 dar teideal ‘Aontas an Chomhionannais: Straitéis um Chearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030’ (COM(2021)0101),
– ag féachaint do Threoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le cosantóirí chearta an duine, arna nglacadh ag an gComhairle trí chomhthoil an 14 Meitheamh 2004,
– ag féachaint do Threoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le comhlíonadh an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta a chur chun cinn(4), arna nuashonrú in 2009,
– ag féachaint do Threoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le pionós an bháis, arna nuashonrú ag an gComhairle an 12 Aibreán 2013,
– ag féachaint do Threoirlínte AE maidir le saoirse agus reiligiúin nó creidimh a chur chun cinn agus a chosaint, arna nglacadh ag an gComhairle an 24 Meitheamh 2013,
– ag féachaint do Threoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le cur chun cinn agus cosaint a dhéanamh ar gach ceart de chearta an duine a bheith á theachtadh ag daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha agus idirghnéasacha (LADTI), arna nglacadh ag an gComhairle an 24 Meitheamh 2013,
– ag féachaint do Threoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le Cearta an Duine i dtaca le saoirse tuairimí a nochtadh ar líne agus as líne, arna nglacadh ag an gComhairle an 12 Bealtaine 2014,
– ag féachaint do Threoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le Cearta an Duine i dtaca le neamh-idirdhealú sa ghníomhaíocht sheachtrach, arna nglacadh ag an gComhairle an 18 Márta 2019,
– ag féachaint do Threoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le Cearta an Duine i dtaca le huisce óil sábháilte agus le sláintíocht, arna nglacadh ag an gComhairle an 17 Meitheamh 2019,
– ag féachaint do na Treoirlínte athbhreithnithe maidir le beartas an Aontais Eorpaigh i leith tríú tíortha maidir le céastóireacht agus maidir le híde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, arna nglacadh ag an gComhairle an 16 Meán Fómhair 2019,
– ag féachaint do Threoirlínte athbhreithnithe an Aontais Eorpaigh maidir le hidirphléití i dtaca le cearta an duine le tíortha comhpháirtíochta/tríú tíortha, arna bhformheas ag an gComhairle an 22 Feabhra 2021,
– ag féachaint do Mheasúnú ar Chur Chun Feidhme Eorpach Sheirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa an 24 Lúnasa 2022 maidir le Treoirlínte AE maidir le Cosantóirí Chearta an Duine,
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Meán Fómhair 2012 dar teideal ‘Fréamhacha an daonlathais agus na forbartha inbhuanaithe: Rannpháirtíocht na hEorpa leis an tSochaí Shibhialta sa chaidreamh seachtrach’ (COM(2012)0492),
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Dícheall Cuí Inbhuaine Corparáidí agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 (COM(2022)0071),
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le toirmeasc a chur ar tháirgí a dhéantar le saothar éigeantais ar mhargadh an Aontais (COM(2022)0453,
– ag féachaint don tuarascáil ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála dar teideal ‘Tuarascáil Bhliantúil maidir le Cearta an Duine agus an Daonlathas ar Domhan 2021’,
– ag féachaint do thionscnamh straitéiseach an Ombudsman Eorpaigh an 7 Iúil 2021 maidir leis an gcaoi a n-áirithíonn an Coimisiún urraim do chearta an duine i gcomhthéacs comhaontuithe trádála idirnáisiúnta,
– ag féachaint do Dhuais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta uaithi, a bronnadh in 2021 ar Alexey Navalny, polaiteoir, dlíodóir agus gníomhaí frith-éillithe mór le rá de chuid na Rúise atá faoi choinneáil sa Rúis ó mhí Eanáir 2021,
– ag féachaint don rún uaithi an 3 Iúil 2018 maidir le sárú ar chearta phobail dhúchasacha an domhain, lena n-áirítear grabáil talún(5),
– ag féachaint do rún uaithi an 15 Eanáir 2019 maidir le Treoirlínte AE agus sainordú Thoscaire Speisialta AE maidir le cur chun cinn saoirse reiligiúin agus creidimh lasmuigh den Aontas(6),
– ag féachaint do rún uaithi an 23 Deireadh Fómhair 2020 maidir le Comhionannas Inscne i mbeartas eachtrach agus slándála AE(7),
– ag féachaint do rún an 10 Márta 2021 uaithi lena ngabhann moltaí don Choimisiún maidir le dícheall cuí corparáideach agus cuntasacht chorparáideach(8),
– ag féachaint do rún uaithi an 19 Bealtaine 2021 maidir le cosaint chearta an duine agus beartas seachtrach imirce an Aontais(9),
– ag féachaint do rún uaithi an 19 Bealtaine 2021 maidir le héifeachtaí an athraithe aeráide ar chearta an duine agus ról chosantóirí an chomhshaoil i dtaobh an ábhair sin(10),
– ag féachaint do rún uaithi an 8 Iúil 2021 maidir le Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine (Gníomh Magnitsky AE)(11),
– ag féachaint don rún uaithi an 16 Meán Fómhair 2021 maille le moltaí don Choimisiún maidir le foréigean inscnebhunaithe a shainaithint mar réimse nua coireachta a liostaítear in Airteagal 83(1) CFAE(12),
– ag féachaint do mholadh uaithi an 17 Feabhra 2022 chuig an gComhairle agus chuig Leas‑‑Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir le héilliú agus cearta an duine(13),
– ag féachaint do rún uaithi an 17 Feabhra 2022 maidir le cearta an duine agus an daonlathas ar domhan agus do bheartas an Aontais Eorpaigh i leith an ábhair – tuarascáil bhliantúil 2021(14), agus do na rúin uaithi roimhe sin maidir le tuarascálacha bliantúla níos luaithe,
– ag féachaint do rún uaithi an 7 Aibreán 2022 maidir le leanaí agus daoine óga atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin a bheith á gcosaint ag an Aontas Eorpach(15),
– ag féachaint do rún uaithi an 3 Bealtaine 2022 maidir le géarleanúint ar mhionlaigh ar fhorais creidimh nó reiligiúin(16),
– ag féachaint do rún uaithi an 3 Bealtaine 2022 i dtreo straitéis de chuid an Aontais chun oideachas le haghaidh leanaí ar fud an domhain a chur chun cinn: tionchar phaindéim COVID-19 a mhaolú(17),
– ag féachaint do rún uaithi an 5 Bealtaine 2022 maidir leis an tionchar atá ag ag gcogadh i gcoinne na hÚcráine ar mhná(18),
– ag féachaint do rún uaithi an 19 Bealtaine 2022 maidir leis an gcomhrac i gcoinne saoirse ó phionós i gcás coireanna cogaidh san Úcráin(19),
– ag féachaint do rún uaithi an 9 Meitheamh 2022 maidir le staid chearta an duine in Xinjiang, lena n-áirítear comhaid phóilíní Xinjiang(20);
– ag féachaint do rún uaithi an 9 Meitheamh 2022 maidir le hIonstraim nua trádála chun toirmeasc a chur ar tháirgí ar de thoradh saothar éigeantais iad(21),
– ag féachaint do rúin uaithi an 9 Meitheamh 2022 dar teideal ‘Bagairtí domhanda ar chearta ginmhillte: an fhéidearthacht go ndéanfadh an Chúirt Uachtarach cearta ginmhillte a chur ar ceal sna Stáit Aontaithe’(22) agus an 7 Iúil 2022 maidir le cinneadh Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe cearta ginmhillte a chur ar ceal sna Stáit Aontaithe agus an gá atá le cearta ginmhillte agus sláinte na mban san Aontas a chosaint(23),
– ag féachaint do na rúin uaithi maidir le sáruithe ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta (ar a dtugtar rúin phráinne), arna nglacadh i gcomhréir le Riail 144 dá Rialacha Nós Imeachta ó 2019 i leith, go háirithe na rúin sin a glacadh in 2021 agus 2022,
– ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0298/2022),
A. de bhrí go bhfuil an tAontas fothaithe ar luachanna na hurraime do dhínit an duine, na saoirse, an daonlathais, an chomhionannais, an smachta reachta agus na hurraime do chearta an duine, mar a leagtar amach in Airteagal 2 CAE; de bhrí gur cheart gníomhaíocht an Aontais ar an ardán idirnáisiúnta a bheith bunaithe ar na prionsabail a spreag a chruthú, a fhorbairt agus an méadú a tháinig air agus go bhféachann sé le dul chun cinn a dhéanamh sa domhan mór, mar a chumhdaítear in Airteagal 21 CAE;
B. de bhrí, chun cearta an duine chomh maith le dínit an duine a chumhdach agus a chosaint go héifeachtach, go gcaithfear iad a chur i gcroílár bheartais sheachtracha uile an Aontais, lena n-áirítear forbairt, trádáil, slándáil agus cosaint, imirce agus méadú;
C. de bhrí gur cuid fíor-riachtanach de bheartas an Aontais um chearta an daoine atá inchreidte agus éifeachtach í an chomhsheasmhacht idir beartais inmheánacha agus beartais sheachtracha an Aontais;
D. de bhrí go gcreideann an tAontas go láidir san iltaobhachas agus go dtacaíonn sé go hiomlán leis an iltaobhachas, le hord domhanda riailbhunaithe atá bunaithe ar urramú an dlí idirnáisiúnta agus na bpróiseas daonlathach, agus leis an tacar luachanna, prionsabal agus norm uilíoch, lena n-áirítear iad siúd a leagtar amach i gCairt na Náisiún Aontaithe, lena dtreoraítear Ballstáit na Náisiún Aontaithe agus a gcaidreamh frithpháirteach;
E. de bhrí gur croíluach de chuid an Aontais é an comhionannas inscne; de bhrí gur ceart bunúsach é an ceart chun córa comhionainne agus chun saoirse ó idirdhealú a chumhdaítear sna Conarthaí agus sa Chairt) agus gur cheart é a urramú go hiomlán; de bhrí go bhfuil an ceart chun sláine an duine fíorthábhachtach faoi Airteagal 3 den Chairt; de bhrí gur cheart, dá bhrí sin, príomhshruthú inscne agus cur chuige trasnach a chur chun feidhme agus a chomhtháthú mar phrionsabal cothrománach i ngníomhaíochtaí agus beartais uile an Aontais;
F. de bhrí go bhfuil an t-údarásaíochas, an míliobrálachas agus an pobalachas ar fud an domhain ag bagairt ar an ord domhanda riailbhunaithe agus ar na luachanna agus na prionsabail ar a bhfuil an tAontas fothaithe; de bhrí, de réir Innéacs Daonlathais 2021, go bhfuil níos lú ná leath de dhaonra an domhain (45.7 %) ina gcónaí anois i ndaonlathas ‘de chineál éigin’ agus go bhfuil níos mó ná 37 % ina gcónaí faoi riail fhorlámhach;
G. de bhrí go bhfuil an sceimhlitheoireacht fós ar cheann de na bagairtí is mó ar an tsíocháin agus ar an tslándáil idirnáisiúnta agus gur sárú soiléir í ar chearta an duine agus ar shaoirsí bunúsacha;
H. de bhrí gur chuir paindéim COVID-19 bac ar chearta an duine ar fud an domhain, mar thoradh ar na hionstraimí agus ar na beartais a cuireadh i bhfeidhm chun moill a chur ar leathadh an víris, agus i mórán cásanna go raibh nasc idir na hionstraimí agus na beartais sin agus cailliúint phrionsabail dhaonlathacha an stáit i roinnt stát;
I. de bhrí go n-eascraíonn sáruithe ar chearta an duine as éigeandálaí comhshaoil, lena n-áirítear iad siúd a eascraíonn as an athrú aeráide agus as dífhoraoisiú, agus go ndéanann siad difear ní hamháin do na daoine ina ngarchomharsanacht, ach don chine daonna ina iomláine freisin; de bhrí go bhfuil méadú tagtha le blianta beaga anuas ar dhúnmharuithe, ar ionsaithe agus ar chineálacha eile foréigin in aghaidh daoine a chosnaíonn cearta an duine, an comhshaol agus rochtain daoine ar a dtalamh agus ar a n-acmhainní nádúrtha; de bhrí gur dhá dhúshlán phráinneacha agus idirnasctha iad an t-athrú aeráide agus díghrádú an chomhshaoil atá mar bhonn don fhorbairt inbhuanaithe agus do theachtadh chearta an duine ar fud an domhain;
J. de bhrí go bhféadfadh an ghéarchéim fuinnimh, mar aon leis an ngéarchéim táirgthe atá os comhair na hEorpa, an bhochtaineacht agus an leochaileacht san Eoraip a mhéadú, agus go bhféadfadh tionchar díobhálach a bheith acu ar chearta an duine;
K. de bhrí go n-eascraíonn cásanna leatroma, coinbhleachta agus cogaidh ar fud an domhain as sáruithe ar na cearta chun saoirse smaointeoireachta, coinsiasa agus reiligiúin, lena n-áirítear an ceart chreidiúint nó gan chreidiúint, tuairimí diachúla, agnosacha nó aindiacha a chur chun cinn, reiligiún an duine a athrú nó a fhágáil agus creideamh an duine féin a chur in iúl go poiblí;
Treochtaí ginearálta agus dúshláin dhomhanda don daonlathas agus do chearta an duine
1. ag athdhearbhú uilechoitinne agus dhodhealaitheacht chearta an duine agus na dínite ar cuid dhílis de gach duine í; á chur i bhfáth, ina leith sin, go bhfuil rún daingean aici aghaidh a thabhairt, ar na dúshláin atá roimh chearta an duine ar fud an domhain agus á athdhearbhú go bhfuil sé de dhualgas ar an Aontas agus ar a Bhallstáit a dhícheall a dhéanamh a bheith mar cheannaire domhanda ó thaobh cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus an daonlathas a chur chun cinn agus a chosaint i gcomhréir le luachanna bunaidh an Aontais;
2. á áitiú nach mór cosaint chearta an duine, saoirsí bunúsacha agus dínit gach duine a bheith ar an mbunchloch ar a bhfuil beartas seachtrach an Aontais bunaithe; ag moladh go láidir don Aontas, chuige sin, a dhícheall a dhéanamh tiomantas uaillmhianach leanúnach a bhaint amach chun go mbeidh cosaint chearta an duine ina cuid lárnach de bheartais uile an Aontais ar bhealach cuíchóirithe agus chun feabhas a chur ar an gcomhsheasmhacht idir beartas inmheánach agus beartas seachtrach an Aontais sa réimse sin;
3. á mheabhrú gur cheart plean gníomhaíochta AE 2020-2024 maidir le cearta an duine agus an daonlathas a úsáid mar threochlár de thosaíochtaí AE a bhaineann le cearta an duine agus, dá bhrí sin, gur cheart go mbeadh sé i gcroílár bheartais sheachtracha uile AE; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go nglacfadh na Ballstáit seilbh ar phlean gníomhaíochta an Aontais agus go dtabharfaidís tuairisc phoiblí ar a ngníomhaíochtaí faoin bplean; ag moladh do pharlaimintí náisiúnta agus réigiúnacha, d’institiúidí náisiúnta um chearta an duine agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta dul i dteagmháil le húdaráis ar leibhéal na mBallstát maidir lena rannchuidiú le beartas seachtrach an Aontais um chearta an duine a chur i gcrích; á iarraidh go mbeadh an Pharlaimint rannpháirteach in athbhreithniú agus nuashonrú na Comhairle amach anseo ar aon cheann de Threoirlínte AE maidir le Cearta an Duine agus go n-áiritheofaí tuilleadh trédhearcachta ina gcur chun feidhme;
4. á chur in iúl gur cúis mhór imní di na bagairtí tromchúiseacha ar chearta an duine agus ar an daonlathas ar fud an domhain, ag tabhairt dá haire go bhfuil líon na ndaonlathas ag dul i léig i gcónaí, agus go bhfuil méadú tagtha ar líon na réimeas údarásaíoch agus gur tháinig meath ar staid chearta an duine i gcás beagnach 75 % de dhaonra an domhain ina dtír féin le bliain anuas; á chur i bhfios go láidir, agus é ina ábhar imní di, gur ann do sháruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta i líon méadaitheach áiteanna ar fud an domhain, chomh maith le saoirse ó phionós go forleathan as na sáruithe sin;
5. Á chur in iúl gur saoth léi, in ainneoin gur gá díriú ar fhreagairtí ar na bagairtí a bhaineann leis an athrú aeráide agus ar an téarnamh ó thionchar diúltach phaindéim COVID-19 trí dhlúthpháirtíocht dhomhanda, gur chuir roinnt ceannairí forlámhacha, chomh maith leis an bpaindéim agus acmhainní domhanda a mhíbhainistiú, dlús lena gcur faoi chois ar an bhfreasúra polaitiúil, easaontú, cosantóirí chearta an duine, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lena n-áirítear eagraíochtaí faoi stiúir an phobail agus eagraíochtaí creidimh, agus meáin neamhspleácha, chomh maith le coinbhleachtaí inmheánacha agus idirnáisiúnta atá ann cheana a chothú agus a leathnú agus coinbhleachtaí nua a spreagadh a bhfuil éifeachtaí tubaisteacha acu ar chearta an duine; á chur in iúl gur saoth léi na cásanna éagsúla inar bhain ceannairí forlámhacha mí-úsáid as éifeachtaí na paindéime chun údar a thabhairt lena mbeartais dhiansmachtúla a ghéarú;
6. ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé go ngníomhóidh AE agus a Bhallstáit go comhsheasmhach le chéile, go háirithe i bhfóraim iltaobhacha, chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda do chearta an duine agus don daonlathas, agus chun comhsheasmhacht a choinneáil laistigh dá bheartais inmheánacha agus sheachtracha; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil riail na haontoilíochta le haghaidh cinntí áirithe maidir le beartas eachtrach AE, lena n-áirítear smachtbhannaí ar chiontóirí chearta an duine, ina bac ar ghníomhaíocht chinntitheach riachtanach mar gheall ar imthosca geopholaitiúla atá ag athrú, agus gur cheart, dá bhrí sin, í a athbhreithniú;
7. ag tathant ar an Aontas agus ar a Bhallstáit dlús a chur lena n-iarrachtaí ar fud an domhain tacú leis an daonlathas agus le cearta an duine; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit, i ndáil leis sin, ina n-aonar agus i gcomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta a bhfuil dáimh acu leo, stop a chur le hiarrachtaí neamh-inghlactha a dhéantar institiúidí daonlathacha agus cearta uilechoiteanna an duine a lagú agus lena laghdaítear an spás don tsochaí shibhialta agus do ról na sochaí sibhialta; ag athdhearbhú luach an iltaobhachais mar ionstraim chun an sprioc sin a bhaint amach; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an daonlathas agus ábhair imní maidir le cearta an duine a chur i gcroílár chaidreamh taidhleoireachta AE leis na comhpháirtithe uile, go háirithe le tíortha a mheastar a bheith ina gcomhpháirtithe straitéiseacha; á chur i bhfáth, ina theannta sin, a thábhachtaí atá sé cúrsaí a bhaineann le cearta an duine a chur i gcroílár ghníomhaíocht pharlaiminteach AE, lena n-áirítear tríd an bhFochoiste um Chearta an Duine a uasghrádú chuig coiste neamhspleách; ag tabhairt dá haire gur seoladh treoirthionscadal an 26 Lúnasa 2022 chun acadamh taidhleoireachta Eorpach a bhunú;
8. a athdhearbhú go n-éilíonn tiomantas agus reitric uaillmhianach bheartas eachtrach an Aontais maidir le cearta an duine go dtabharfadh an beartas sin dea-shampla ionas nach mbainfear an bonn óna inchreidteacht agus é ag cur i gcoinne an mheathlaithe dhaonlathaigh dhomhanda; á iarraidh ar institiúidí agus comhlachtaí AE, lena n-áirítear an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), a áirithiú go ndéanfar oibleagáidí AE agus na mBallstát maidir le cearta an duine a chur chun feidhme go comhsheasmhach i gcomhbheartas eachtrach agus slándála AE; á mholadh dóibh, i ndáil leis sin, úsáid a bhaint as na huirlisí taidhleoireachta uile, go príobháideach agus go poiblí, agus go déthaobhach agus i bhfóraim iltaobhacha araon, chun saincheisteanna maidir le cearta an duine a ardú le tíortha comhpháirtíochta; á iarraidh an athuair ar AE cúram ar leith a thabhairt chun measúnú agus cosc a dhéanamh ar aon sáruithe a bhaineann lena bheartais, tionscadail agus cistiú féin, lena n-áirítear ag an mBanc Eorpach Infheistíochta agus ag an mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, i dtríú tíortha agus sásra gearáin a chruthú do dhaoine aonair nó do ghrúpaí a bhféadfadh gníomhaíochtaí AE sna tíortha sin sárú a dhéanamh ar a gcearta;
Cogadh ionsaithe i gcoinne na hÚcráine
9. ag cáineadh, sna téarmaí is láidre is féidir, cogadh neamhdhleathach, gan údar agus gan chúis na Rúise i gcoinne na hÚcráine, chomh maith le rannpháirtíocht na Bealarúise lena gcuirtear ar chumas na Rúise ionsaithe marfacha a sheoladh i gcoinne na hÚcráine óna críoch; á chur in iúl, i ndáil leis sin, gur cúis mhór imní di fulaingt an duine agus ag cáineadh na sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta a rinne fórsaí armtha na Rúise agus a n-ionadaithe san Úcráin;
10. á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí comhpháirteacha an Aontais agus a Bhallstát agus na sochaí sibhialta ar freagairt ar an gcogadh iad; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, an dlúthpháirtíocht a léirigh líon mór tíortha i leith na hÚcráine, mar a léiríodh ina seasamh le linn sheisiúin agus vótaí Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe maidir leis an gcogadh neamhdhleathach san Úcráin; á athdhearbhú gur gá iarrachtaí taidhleoireachta AE a mhéadú i dtreo na stát a staon ón rún a ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 2 Márta 2022 maidir le hionsaí i gcoinne na hÚcráine agus na rúin seo a leanas ar an ábhar chun a thromchúisí atá ionsaí na Rúise agus an gá atá le freagairt d’aon toil ón gcomhphobal idirnáisiúnta i gcoinne an tsáraithe neamhnáireach sin ar an dlí idirnáisiúnta a mhíniú; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit an tacaíocht atá de dhíth orthu a thabhairt do mhuintir na hÚcráine chun a saoirse, an daonlathas, cearta an duine agus an dlí idirnáisiúnta a chosaint; á chur in iúl gur geal léi na smachtbhannaí gan fasach a forchuireadh i gcomhthéacs an chogaidh agus á iarraidh go gcuirfí chun feidhme iad ar bhealach comhordaithe; á iarraidh, ina theannta sin, ar AE agus ar a Bhallstáit tacú le hiarrachtaí agus eagraíochtaí neamhspleácha sochaí sibhialta na Rúise a threisiú d’fhonn cuidiú le bonn a leagan síos do dhaonlathas a bheidh ann amach anseo sa Rúis;
11. ag cáineadh go láidir agus á chur in iúl gur cúis mhór imní di na hainghníomhartha, na coireanna cogaidh agus na sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta, lena n-áirítear foréigean gnéasach, foréigean inscnebhunaithe agus céasadh agus marú sibhialtach agus príosúnach cogaidh, arna ndéanamh ag fórsaí armtha na Rúise agus a n-ionadaithe i gcogadh ionsaithe na Rúise i gcoinne na hÚcráine; ag tathant ar na bearta uile is gá a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar iad siúd a rinne coireanna cogaidh agus sáruithe ar chearta an duine san Úcráin a shainaithint agus a thabhairt chun cuntais a luaithe is féidir agus chun leigheasanna éifeachtacha a chur ar fáil ar na damáistí a bhain do shibhialtaigh na hÚcráine; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit leanúint dá dtacaíocht iomlán a thabhairt do na geallsealbhóirí, bearta agus sásraí ábhartha sa réimse sin, lena n-áirítear ionchúisitheoirí, imscrúdaitheoirí agus breithiúna na hÚcráine, an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta (ICC), Coimisiún Fiosrúcháin Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine agus imscrúduithe náisiúnta faoi phrionsabal na dlínse uilíche; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, go bhfuil tacaíocht tugtha ag AE d’acmhainneachtaí imscrúdaithe na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta chun cabhrú léi a cuid imscrúduithe ar choireanna cogaidh san Úcráin a mhéadú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé fianaise ar choireanna cogaidh agus ar choireanna in aghaidh an chine dhaonna a bhailiú agus a chaomhnú go pras agus á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí na sochaí sibhialta chun na críche sin; á iarraidh ar an gCoimisiún an cúnamh uile is gá a chur ar fáil sa phróiseas sin, lena n-áirítear cistiú ón Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI — An Eoraip Dhomhanda), agus ag tathant ar na Ballstáit páirt a ghlacadh sa phróiseas sin iad féin aon uair a bheidh siad in ann é sin a dhéanamh; á chur in iúl gur geal léi sainordú leasaithe Mhisean Comhairleach an Aontais Eorpaigh chun na hÚcráine agus an togra ón gCoimisiún maidir le síneadh a chur le sainordú Eurojust chun tacú leis an gcomhrac i gcoinne na saoirse ó phionós i ngach cás; á iarraidh go ndéanfar cinneadh eolasach maidir leis na réitigh is iomchuí chun na daoine aonair agus na heintitis atá freagrach as cogadh ionsaithe na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus na coireanna cogaidh a dhéantar ar chríoch na hÚcráine a chumasú a thabhairt chun cuntais, ar cheart go n-áireofaí orthu ionchúiseamh coireanna ionsaithe a ghníomhachtú i gcúirt idirnáisiúnta a chruthófaí go speisialta nó faoi dhlínse na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta;
12. á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit leanúint de na hionstraimí uile atá ar fáil dóibh a úsáid chun tacú leis an gcomhrac chun an Úcráin a shaoradh óna háititheoirí agus chun cabhair a thabhairt do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin chun tacaíocht a lorg i mBallstáit AE; ag tabhairt dá haire go bhfuil 8.8 milliún Úcránach tar éis teacht isteach in AE ó thús chogadh ionsaithe na Rúise i gcoinne na hÚcráine, as a bhfuil 4 mhilliún díobh cláraithe faoi chosaint shealadach nó faoi scéimeanna cosanta náisiúnta comhchosúla san Eoraip; á chur in iúl gur geal léi gach léiriú dlúthpháirtíochta agus cúnaimh a léirigh saoránaigh AE do mhuintir na hÚcráine, lena n-áirítear a rannpháirtíocht sa chabhair dhaonnúil, agus á chur in iúl gur geal léi an Treoir um Chosaint Shealadach(24) a spreagadh chun foráil a dhéanamh do chosaint agus do chearta láithreacha do mhuintir na hÚcráine atá easáitithe agus a thagann isteach san Aontas; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá cistiú feabhsaithe do na tíortha óstacha, lena n-áirítear béim níos mó ar rochtain ar oideachas, ar dheiseanna eacnamaíocha, ar thithíocht, ar chúram sláinte agus ar chomhtháthú sna sochaithe óstacha; á chur i bhfios go láidir gur gá tacú, i measc nithe eile, le híospartaigh foréigin ghnéasaigh, inscnebhunaithe agus atáirgthe;
13. ag cáineadh athlonnú agus ionnarbadh éigeantach leanaí Úcránacha, lena n-áirítear ó institiúidí cúraim sláinte, chuig Cónaidhm na Rúise agus chuig na críocha atá faoi fhorghabháil ag an Rúis san Úcráin agus a nglacadh éigeantach ag teaghlaigh Rúiseacha; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit tacaíocht a chur ar fáil chun na leanaí sin a lonnú agus iad a athaontú lena dteaghlaigh nó lena gcaomhnóirí dlíthiúla;
14. á chur i bhfios go láidir go raibh tionchar ollmhór ag an gcogadh ionsaithe neamhdhleathach, gan údar agus gan chúis i gcoinne na hÚcráine ar shlándáil bia ar fud an domhain, ós rud é gurb í an Úcráin an cúigiú onnmhaireoir gráin is mó ar domhan;
15. á chur in iúl gur cúis mhór imní di sábháilteacht suiteálacha núicléacha san Úcráin, atá i mbaol tuairgneála míleata i gcónaí; á iarraidh ar AE, ar a Bhallstáit agus ar an gcomhphobal idirnáisiúnta criosanna sábháilteachta a bhunú timpeall na suiteálacha núicléacha sin;
Beartais, ionstraimí agus taidhleoireacht an Aontais a fheabhsú chun cearta an duine agus an daonlathas a chosaint agus chur chun cinn ar fud an domhain
NDICI – an Eoraip Dhomhanda agus an clár téamach um chearta an duine agus um an daonlathas
16. á iarraidh ar AE machnamh a dhéanamh ar conas cur chuige atá bunaithe ar chearta an duine a chur chun cinn agus a chur i bhfeidhm ar an mbealach is fearr in ionstraimí agus straitéisí uile AE chun beartas eachtrach AE maidir le cearta an duine a neartú agus chun oiriúnú don staid gheopholaitiúil atá ag teacht chun cinn agus chun í a mhúnlú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil NDICI — an Eoraip Dhomhanda, lena n-áirítear a clár téamach um chearta an duine agus an daonlathas, ar cheann de na príomhuirlisí atá ar fáil don Aontas chun feabhas a chur ar staid chearta an duine ar fud an domhain agus chun cuidiú le sochaithe athléimneacha, cuimsitheacha agus daonlathacha a chothú, agus tionchar na réimeas forlámhach á chomhrac ag an am céanna; á chur i bhfáth go bhfuil rannpháirtíocht ghníomhaithe na sochaí sibhialta áitiúla ríthábhachtach chun cearta an duine agus an daonlathas a chosaint ina dtíortha agus á iarraidh an athuair go mbeidh siad rannpháirteach go hiomlán i ngníomhaíochtaí seachtracha ábhartha uile an Aontais; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, an cúnamh luachmhar atá á chur ar fáil faoi láthair d’eagraíochtaí agus gníomhaithe na sochaí sibhialta ar fud an domhain faoin gclár téamach um chearta an duine agus um an daonlathas de NDICI — an Eoraip Dhomhanda agus faoin Dearlaic Eorpach don Daonlathas; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé do NDICI – an Eoraip Dhomhanda cearta an duine agus an daonlathas a chur chun cinn le comhpháirtithe straitéiseacha idirnáisiúnta agus áitiúla, inter alia, trí mhisin breathnóireachta toghcháin AE; ag leagan béim ar ról na Parlaiminte i bpróiseas clársceidealaithe na hionstraime agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS feabhas a chur ar chomhroinnt na faisnéise ábhartha uile ar bhealach tráthúil chun cur ar chumas na Parlaiminte a ról mar a chumhdaítear sna conarthaí a chomhlíonadh, go háirithe le linn idirphlé geopholaitiúil ardleibhéil leis an gCoimisiún; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS dul i mbun idirphlé leis an bParlaimint chun feabhas a áirithiú ina leith sin;
17. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá pleanáil fhadtéarmach agus tacaíocht leanúnach do thionscadail agus do thionscnaimh faoi NDICI — an Eoraip Dhomhanda, go háirithe nuair a bhaineann sé le réigiúin atá thíos le coinbhleachtaí, cogadh agus tubaistí nádúrtha; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS tacaíocht daonlathais a chomhtháthú mar thosaíocht thrasearnálach i ngach ceann de na cláir théamacha agus gheografacha de chuid NDICI — an Eoraip Dhomhanda;
18. ag athdhearbhú a hiarrata go mbeadh níos mó trédhearcachta ann maidir le forálacha a bhaineann le cearta an duine i gcomhaontuithe maoiniúcháin faoi NDICI — an Eoraip Dhomhanda agus go ndéanfaí soiléiriú ar an sásra agus ar na critéir chun comhaontuithe den sórt sin a chur ar fionraí i gcás sárú ar chearta an duine, ar phrionsabail dhaonlathacha nó ar an smacht reachta, agus i gcásanna tromchúiseacha éillithe chomh maith; á iarraidh ar an gCoimisiún staonadh ó thacaíocht bhuiséadach a úsáid do rialtais tríú tíortha mar mhódúlacht oibríochtúil don chomhar le tíortha ina bhfeictear sáruithe forleathana ar chearta an duine agus cos ar bolg ar chosantóirí chearta an duine;
Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh um Chearta an Duine
19. ag tacú go hiomlán le hobair Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) um Chearta an Duine ó thaobh cearta an duine a chosaint agus a chur chun cinn ar domhan trí rannpháirteachas le tríú tíortha agus trí chomhar le comhpháirtithe a bhfuil dáimh acu leo, agus lena ról tábhachtach ó thaobh feabhas a chur ar éifeachtacht beartais an Aontais maidir le cearta an duine trí iarrachtaí a gcomhleanúnachas a mhéadú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le dlúthchomhar idir an ISAE um Chearta an Duine agus ISAEnna eile maidir le tíortha agus réigiúin chun an chomhsheasmhacht sin a fheabhsú tuilleadh, agus á iarraidh go mbeidh ról an ISAE um Chearta an Duine níos infheicthe; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá ISAE um Chearta an Duine ag leanúint de bheith ag comhoibriú le heagraíochtaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear na Náisiúin Aontaithe agus a Rapóirtéirí Speisialta arna gceapadh ag Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, agus le hionadaithe ó thíortha eile atá freagrach as cearta an duine nó le toscairí ó thíortha eile atá freagrach as cearta an duine; á iarraidh ar ISAE níos mó a bheith rannpháirteach go poiblí maidir le cosantóirí aonair chearta an duine agus comhoibriú go dlúth le heagraíochtaí AE agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta tírbhunaithe agus le cosantóirí chearta an duine; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá ISAEnna maidir le staideanna tíre agus réigiúnacha i dteagmháil le húdaráis náisiúnta maidir le cearta an duine agus cásanna aonair a chosaint; á mholadh do ISAE um Chearta an Duine iarrachtaí taidhleoireachta a shaothrú chun tacaíocht AE don dlí daonnúil idirnáisiúnta agus don cheartas idirnáisiúnta a fheabhsú;
20. ag athdhearbhú gur cheart ainmniú ISAE um Chearta an Duine a bheith faoi réir éisteacht roimh ré sa Pharlaimint; á mholadh creat a bhunú ina mbeidh ISAE um Chearta an Duine cuntasach don Pharlaimint as na spriocanna a leagtar amach i gclár oibre ISAE a bhaint amach ag tús a sainordaithe agus nach mór dó tuarascáil a thabhairt ar bhonn rialta maidir leis na spriocanna sin a bhaint amach; á chur i bhfáth, cé go gcoinníonn an Pharlaimint comhar le SEGS, arna fheabhsú le Cinneadh 2010/427/AE(25) ón gComhairle agus le dearbhú 2010 ó Leas‑Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir le cuntasacht pholaitiúil, gur gá an creat don chaidreamh idirinstitiúideach idir an Pharlaimint agus SEGS, lena n-áirítear a toscaireachtaí, maidir le saincheisteanna chearta an duine a neartú tuilleadh; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá do SEGS ról a thabhairt don Pharlaimint i bhforbairt nótaí treorach maidir le cur chun feidhme ionstraimí AE um chearta an duine, amhail Treoirlínte AE maidir le Cearta an Duine agus sásraí AE maidir le dícheall cuí agus an comhrac i gcoinne an éillithe, i measc nithe eile, i dtríú tíortha;
21. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a thagann chun cinn i gcomhordú idir institiúidí AE maidir le bainistiú chaidreamh seachtrach AE i ndáil le cearta an duine; á chur in iúl gur geal léi an comhordú méadaithe i measc thoscaireachtaí AE agus cheanncheathrú SEGS agus Ard-Stiúrthóireacht na gComhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta maidir le cásanna aonair práinneacha a bhaineann le cosantóirí chearta an duine;
Toscaire Speisialta an Aontais Eorpaigh um saoirse reiligiúin nó creidimh a chur chun cinn lasmuigh den Aontas
22. ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis aiféala aici, go bhfuil post Thoscaire Speisialta an Aontais Eorpaigh um shaoirse reiligiúin nó creidimh a chur chun cinn lasmuigh de Aontas fágtha gan líonadh le breis agus bliain; á iarraidh an athuair ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún measúnú pras, trédhearcach agus cuimsitheach a dhéanamh ar éifeachtacht agus ar bhreisluach shainordú an Toscaire Speisialta, lena n-áirítear i dtéarmaí a seasaimh institiúidigh, chun acmhainní leordhóthanacha daonna agus airgeadais a chur ar fáil don Toscaire Speisialta, agus chun tacú go leordhóthanach le sainordú institiúideach, acmhainneacht agus dualgais an Toscaire Speisialta; á chur in iúl gur geal léi ceapachán Frans van Daele an 7 Nollaig 2022 mar Thoscaire Speisialta um chur chun cinn saoirse reiligiúin agus creidimh lasmuigh den Aontas Eorpach; á mheabhrú gur cheart dualgais an Toscaire Speisialta a dhíriú ar shaoirse smaointeoireachta, coinsiasa, reiligiúin agus creidimh a chur chun cinn agus a chosaint, agus ar na cearta chun neamhchreidimh, chun séanadh creidimh agus chun tuairimí aindiacha a chur chun cinn; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart don Toscaire Speisialta aird ar leith a thabhairt ar thiontú éigeantach, ar mhí-úsáid dlíthe diamhasla agus ar staid na neamhchreidmheoirí atá i mbaol;
23. á mholadh go n-oibreoidh an Toscaire Speisialta go dlúth agus ar bhealach comhlántach le ISAE um Chearta an Duine agus le Meitheal na Comhairle um Chearta an Duine; á iarraidh, ina theannta sin, go mbeadh comhairliúcháin rialta ag an Toscaire Speisialta leis an bParlaimint agus comhoibriú le coimisinéirí, toscairí agus ambasadóirí na mBallstát atá freagrach as saoirse reiligiúin nó creidimh a chur chun cinn chun gníomhaíochtaí a chomhordú;
Idirphlé AE maidir le cearta an duine agus teagmhálacha déthaobhacha eile le tríú tíortha
24. á chur i bhfios go láidir gur deis é an t-idirphlé maidir le cearta an duine le tríú tíortha chun díriú ar dhúshláin maidir le cearta an duine agus á iarraidh go ndéanfar iad a chur i gcrích ar bhealach atá dírithe ar thorthaí, a athbhreithniú go rialta agus leas iomlán a bhaint astu; á iarraidh an athuair go mbeadh idirphlé maidir le cearta an duine bunaithe ón tús ar thacar soiléir tagarmharcanna lena bhféadfar faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht an t-idirphlé; á iarraidh ar SEGS meastóireachtaí ar thorthaí an t-idirphlé a dhéanamh agus a chur in iúl go córasach agus obair leantach a dhéanamh orthu dá réir; á chur i bhfáth, chun a bheith éifeachtach, nár cheart an t-idirphlé a úsáid mar uirlis neamhspleách, ach gur cheart, ina ionad sin, é a chomhtháthú i sraith chuimsitheach gníomhaíochtaí AE, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le beartas trádála AE, leis na tríú tíortha lena mbaineann, lena ndéanfaí gné chearta an duine a shruthlíniú agus na teachtaireachtaí a chuirtear in iúl san idirphlé a threisiú; ag tarraingt aird ar a thábhachtaí atá sé cásanna aonair a ardú, go háirithe na cásanna sin ar tharraing an Pharlaimint aird orthu ina rúin agus ina rúin agus ag buaiteoirí Dhuais Sakharov agus ag na hiomaitheoirí sa bhabhta ceannais atá i mbaol, i gcomhthéacs idirphlé maidir le cearta an duine agus a áirithiú go ndéanfar obair leantach leormhaith agus tuairisciú don Pharlaimint maidir leis an ngníomhaíocht a dhéantar i leith na gcásanna sin;
25. ag cur béim ar a thábhachtaí atá comhairliúchán córasach, dílis, inrochtana agus cuimsitheach le heagraíochtaí agus geallsealbhóirí uile na sochaí sibhialta le linn phróiseas iomlán an idirphlé maidir le cearta an duine;
26. á chur in iúl gur geal léi atosú an idirphlé maidir le cearta an duine le tríú tíortha a eascraíonn as comhthéacs níos fabhraí don rannpháirtíocht; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, i gcás nach dtuairiscítear aon dul chun cinn inbhraite tar éis sraith idirphlé maidir le cearta an duine, mar a tharla i roinnt cásanna, gur cheart do AE a chuid aidhmeanna a choigeartú, lena n-áirítear maidir le stiúradh níos leithne an chaidrimh dhéthaobhaigh;
Toscaireachtaí AE
27. á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach gach gníomhaíocht is féidir a dhéanamh chun feasacht a mhúscailt maidir le Treoirlínte AE maidir le Cearta an Duine i dtoscaireachtaí AE agus ag tathant ar na toscaireachtaí uile cur chun feidhme cuí na dTreoirlínte sin a áirithiú; á athdhearbhú, i ndáil leis sin, a hiarraidh ar thoscaireachtaí AE agus ar a ‘phointí fócasacha’ um chearta an duine i dtríú tíortha obair níos rannpháirtí a dhéanamh trí thacaíocht rialta a thabhairt do chosantóirí chearta an duine, lena n-áirítear buaiteoirí Dhuais Sakharov agus na hiomaitheoirí deiridh atá i mbaol, agus trí aghaidh a thabhairt go críochnúil ar thopaicí agus ar chásanna aonair a ardaítear i rúin na Parlaiminte maidir le sáruithe ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta; á iarraidh ar na hoifigigh i dtoscaireachtaí AE cásanna cos ar bolg agus géarleanúna ar chosantóirí chearta an duine, ar an bhfreasúra daonlathach agus ar ghníomhaithe na sochaí sibhialta a thabhairt d’údaráis stáit, agus má tá na daoine atá buailte faoi choinneáil, faireachán a dhéanamh ar a gcásanna, cuairt a thabhairt orthu i bpríosún, freastal ar a nósanna imeachta trialach agus a gcásanna a ardú san idirphlé maidir le cearta an duine a dhéanann AE leis na tíortha lena mbaineann;
28. ag tarraingt aird ar na cásanna ina bhfuil cuir chuige éagsúla glactha ag misin Bhallstáit AE agus ag toscaireachtaí AE maidir le cearta an duine a chosaint agus a chur chun cinn i dtríú tíortha, cé go bhfuil tiomantas comhchoiteann ag Ballstáit AE maidir leis an ábhar sin; á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh ról méadaitheach ag ambasáidí Bhallstáit AE, amhail toscaireachtaí AE, maidir le cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint, chomh maith le tacú leis an tsochaí shibhialta i dtríú tíortha; á iarraidh ar thoscaireachtaí AE meithleacha um chearta an duine a bhunú lena dtabharfar le chéile seirbhísí ábhartha ambasáidí na mBallstát agus thoscaireachtaí AE, agus comhoibriú go dlúth le hionadaithe ó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha na sochaí sibhialta i dtríú tíortha lena mbaineann;
Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine (CDSCD – ‘Gníomh Magnitsky AE’)
29. á chur in iúl gur geal léi go bhfuil Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine á úsáid ar bhonn níos minice mar uirlis bhunriachtanach lena neartaítear ról an Aontais mar ghníomhaí domhanda um chearta an duine trí smachtbhannaí spriocdhírithe a bheith á n-úsáid ag an gComhairle; á iarraidh go ndéanfaí na bearta sriantacha a glacadh cheana a chur chun feidhme go héifeachtach, go hiomlán agus ar bhealach comhordaithe, agus go nglacfaí bearta breise más gá; á iarraidh ar AE úsáid níos dinimiciúla a bhaint as an uirlis sin mar chuid lárnach dá bheartas eachtrach um chearta an duine; á iarraidh go ndéanfaí bearta sriantacha a chur i bhfeidhm go dian, go comhsheasmhach agus go haonfhoirmeach agus go ndéanfar faireachán orthu sna Ballstáit uile, mar choinníoll d’inchreidteacht agus d’éifeachtacht ghníomhaíocht sheachtrach AE; á iarraidh ar AE oibriú le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo chun níos mó tíortha a spreagadh chun córais smachtbhannaí a ghlacadh agus chun comhordú a dhéanamh ar ghlacadh beart sriantach spriocdhírithe go comhpháirteach chun a n-éifeachtacht a uasmhéadú ar an leibhéal domhanda; á chur in iúl gur geal léi gealltanas Uachtarán an Choimisiúin ina hAitheasc ar Staid an Aontais in 2022 bearta a thíolacadh chun creat reachtach AE chun an t-éilliú a chomhrac a thabhairt cothrom le dáta agus chun an t-éilliú a áireamh in GHRSR AE, atá i gcomhréir le seasamh na Parlaiminte, chun díriú go héifeachtach ar chumasóirí eacnamaíocha agus airgeadais na sáruithe ar chearta an duine; ag athdhearbhú a hiarrata go dtabharfaí isteach vótáil trí thromlach cáilithe le haghaidh chinntí na Comhairle agus le haghaidh cur chun feidhme smachtbhannaí faoi GHRSR AE; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle iarracht a dhéanamh go gcuirfí san áireamh moltaí na Parlaiminte maidir le smachtbhannaí spriocdhírithe a bheidh ann amach anseo, mar a shonraítear ina rúin agus i nithe eile;
30. á chur in iúl gur geal léi na liostaí a rinneadh in 2021 faoi GHRSR AE; á iarraidh ar an gComhairle, ar na Ballstáit agus ar SEGS straitéis a fhorbairt chun feabhas a chur ar an idirghníomhú idir GHRSR AE agus córais smachtbhannaí geografacha, go háirithe trí úsáid níos fearr a bhaint as GHRSR AE chun dul i ngleic le sáruithe nach féidir a nascadh go díreach le stát, mar shampla i gcásanna ina ndéanann amhais sáruithe ar chearta an duine i gcríocha lasmuigh de rialú rialtais nó i gcásanna trasteorann, amhail gáinneáil ar dhaoine;
31. á chur in iúl gur cúis mhór imní di agus ag cáineadh beartas roinnt tíortha d’aon ghnó maidir le heachtrannaigh a ghabháil, a choinneáil agus a ionchúiseamh go treallach, lena n-áirítear saoránaigh AE, ar chúiseanna bréige chun críocha bolscaireachta, chun príosúnaigh a úsáid mar ionstraim caibidlíochta agus malartaithe idirnáisiúnta nó mar bhealach chun brú polaitiúil a chur i bhfeidhm; á chur i bhfáth gurb ionann beartas den sórt sin a chur i ngníomh agus gníomh glactha giall de réir bhrí an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta i gcoinne Gialla a Ghabháil; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar SEGS agus ar na Ballstáit bearta a dhéanamh chun gníomhartha den sórt sin a chosc agus chun rabhadh a thabhairt do shaoránaigh AE, go háirithe dénáisiúnaigh, faoin mbaol go ngabhfar iad agus cuairt á tabhairt ar thíortha áirithe; á iarraidh ar an gComhairle breithniú a dhéanamh ar bhearta sriantacha a chur i bhfeidhm faoi GHRSR AE maidir le daoine nó eintitis atá freagrach as saoránaigh AE a ghabháil nó a choinneáil go treallach mar ‘ghiall stáit’;
An t-éilliú agus cearta an duine
32. á chur i bhfáth go ndéantar an rialachas daonlathach a lagú go mór leis an éilliú, go gcuireann sé bac ar theachtadh chearta an duine ar fud an domhain, go n-éascaítear agus go mbuanaítear sáruithe ar chearta an duine agus ar an smacht reachta agus go ndéantar difear díréireach do na daoine aonair agus na grúpaí is leochailí agus is imeallaithe sa tsochaí; á iarraidh go mbeidh an comhrac i gcoinne an éillithe ina chuid d’iarrachtaí agus de bheartais uile an Aontais chun cearta an duine agus an daonlathas a chur chun cinn, trí straitéis dhomhanda thiomnaithe frithéillithe a fhoirmliú, lena n-áirítear cláir faoi ionstraimí airgeadais seachtracha an Aontais agus trí ról grinnscrúdaithe na Parlaiminte a fheabhsú; á chur i bhfios go láidir a ríthábhachtaí atá sé go dtabharfadh AE agus a Bhallstáit dea-shampla trí éilliú a bhfuil baint ag gníomhaithe atá bunaithe san Aontas leis a chomhrac, trí na caighdeáin trédhearcachta is airde a chur i bhfeidhm maidir lena gcistiú seachtrach agus trí dhlús a chur lena dtacaíocht d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, do ghníomhaithe agus d’iriseoirí iniúchacha atá ag gabháil don chomhrac i gcoinne an éillithe;
33. á iarraidh ar AE oibriú chun a mholadh go gcruthófaí sraith caighdeán frith-éillithe a bheadh infheidhme go haonfhoirmeach ar fud an domhain, chun bunú comhlachtaí éifeachtacha frith-éillithe agus glacadh creataí rialála láidre a chur chun cinn agus chun aghaidh a thabhairt ar dhlínsí rúndachta agus tearmainn chánach; ag moladh comhar a chur chun cinn i measc AE, a Bhallstát, tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe ar leibhéal breithiúnach, forfheidhmithe dlí agus faisnéise, d’fhonn dea-chleachtais agus uirlisí éifeachtacha a mhalartú i mbun gníomhaíochta chun dul i ngleic leis an éilliú agus é a chosc; á iarraidh go n-oibreofaí i dtreo cúirt idirnáisiúnta frith-éillithe a chruthú faoi mhaoirseacht na Náisiún Aontaithe;
Clásail maidir le cearta an duine i gcomhaontuithe idirnáisiúnta
34. á iarraidh an athuair clásail láidre maidir le cearta an duine a chur san áireamh i gcomhaontuithe idir an tAontas agus tríú tíortha, le tacaíocht ó thacar soiléir tagarmharcanna agus nósanna imeachta atá le leanúint i gcás sáruithe; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS machnamh gníomhach a dhéanamh ar conas is féidir a áirithiú go ndéanfar faireachán ar na clásail maidir le cearta an duine i gcomhaontuithe idirnáisiúnta atá ann cheana agus go ndéanfar iad a fhorfheidhmiú go héifeachtach; á chur i bhfáth gur cheart don Aontas freagairt go mear agus go cinntitheach i leith sáruithe leanúnacha ar chlásail um chearta an duine ag tríú tíortha, lena n-áirítear trí na comhaontuithe ábhartha a chur ar fionraí má bhíonn roghanna eile neamhéifeachtach; á thabhairt chun suntais go dtugann an t-athbhreithniú ar Scéim na bhFabhar Ginearálaithe Taraife (GSP), an próiseas reachtach leanúnach le haghaidh rialachán nua maidir le GSP agus an t-athbhreithniú ar an gcur chun feidhme a dhéanann tíortha is tairbhithe GSP ar choinbhinsiúin idirnáisiúnta a bhaineann le cearta an duine, lena n-áirítear cearta saothair, deis an tiomantas d’urraim do chearta an duine i dtríú tíortha lena mbaineann a neartú;
35. á iarraidh ar an gCoimisiún, agus comhaontuithe saorthrádála (CSTanna) á gcaibidliú aige le tríú tíortha, a cheangal orthu na príomhchoinbhinsiúin idirnáisiúnta a bhaineann le cearta an duine, cearta saothair agus an comhshaol a dhaingniú, lena n-áirítear an Cúnant Idirnáisiúnta maidir le Cearta Sibhialta agus Polaitiúla agus an Cúnant Idirnáisiúnta maidir le Cearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha; á chur i bhfáth gur cheart, go hidéalach, go ndaingneodh tríú tíortha na coinbhinsiúin sin sula dtabharfar caibidlíocht CST i gcrích, ionas go mbeidh comhlíonadh na gcoinbhinsiún sin ardaithe go gné bhunriachtanach de CSTanna agus go gcomhaontófar clásail thiomnaithe; á iarraidh, thairis sin, go n-aithneofaí le clásail shubstainteacha CSTanna nach mór do Pháirtithe Stáit cearta an duine a urramú agus a chosaint mar a luaitear i nDearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, sa ghnáthdhlí agus sna coinbhinsiúin idirnáisiúnta a bhfuil siad ina bpáirtithe iontu;
36. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé agus á iarraidh cáilíocht na measúnuithe tionchair inbhuanaitheachta (SIAanna) ex-ante agus ex-post a fheabhsú go suntasach; á chur i bhfáth gur cheart gurb é cuspóir SIAnna a áirithiú go gcuirfear uirlisí leordhóthanacha ar fáil leis an gcomhaontú atá á chaibidliú, ina chlásail mhionsonraithe, i bhfoclaíocht, chun tionchair dhiúltacha ar chearta an duine a sheachaint; á mholadh go mbeadh eagraíochtaí na sochaí sibhialta mar chuid de stiúradh SIAnna, go ndéanfaidh saineolaithe ar chearta an duine agus saineolaithe ar chearta saothair measúnuithe agus go gcuirfí ionchur ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta san áireamh;
Gníomhaíochtaí lena dtacaítear leis an daonlathas
37. ag tabhairt dá haire go bhfuil, in 2022, 10 mbliana caite ó rinneadh cinneadh na Parlaiminte ceannaireacht pholaitiúil a thabhairt agus gealltanas á thabhairt aici dul chun cinn mór a dhéanamh ina gníomhaíochtaí tacaíochta don daonlathas, atá curtha chun feidhme aici trí chur chuige cuimsitheach lena dtacaítear leis an daonlathas ó 2014 i leith; á chur in iúl gur geal léi, go háirithe, a tacaíocht d’fhothú acmhainneachta do pharlaimintí comhpháirtíochta, don idirghabháil agus do chothú cultúir idirphlé agus comhréitigh, lena n-áirítear i measc ceannairí polaitiúla óga, agus do chumhachtú parlaiminteoirí ban, do chumhachtú cosantóirí chearta an duine agus do chumhachtú ionadaithe ó eagraíochtaí sochaí sibhialta agus ó na meáin shaora; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint dá ghníomhaíochtaí sna réimsí sin a shaothrú agus dlús a chur leo agus cistiú agus cúnamh a threisiú do chomhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais, chomh maith le heagraíochtaí eile atá bunaithe ar dheontais, agus prionsabal an neamh-idirdhealaithe á urramú; á chur i bhfios go láidir, i gcomhthéacs reatha an teannais dhomhanda agus an diansmachta atá ag dul i méid i líon méadaitheach tíortha, gur den ríthábhacht é go dtabharfaí tacaíocht dhíreach d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, do chosantóirí chearta an duine agus do dhaoine a chuireann tuairimí criticiúla easaontacha in iúl;
38. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá misin breathnóireachta toghcháin an Aontais agus rannchuidiú na Parlaiminte lena modheolaíocht a fhorbairt agus a fheabhsú; á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndáil leis sin, machnamh a dhéanamh ar an modheolaíocht breathnóireachta toghcháin a nuashonrú chun forbairtí le fiche bliain anuas a léiriú; ag tathant ar thríú tíortha na moltaí a rinne misin breathnóireachta toghchán AE a chur i bhfeidhm d’fhonn feabhas a chur ar eagrú agus ar thimpeallacht na bpróiseas toghchánach a bheidh ann amach anseo agus, ar an gcaoi sin, an trédhearcacht agus an dlíthiúlacht a bhaineann leo a neartú chun caighdeáin dhaonlathacha na stát lena mbaineann a fheabhsú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé dlús a chur le tacaíocht AE do bhreathnóirí toghcháin áitiúla, go háirithe ó thaobh cosanta de; ag athdhearbhú a hiarrata ar AE comhoibriú go dlúth le heagraíochtaí intíre agus idirnáisiúnta, amhail Oifig ESCE um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine, Comhairle na hEorpa agus na heagraíochtaí eile a d’fhormhuinigh an Dearbhú Prionsabal maidir le Breathnóireacht Idirnáisiúnta Toghchán;
Iltaobhachas agus obair an Aontais ar an leibhéal iltaobhach
39. á athdhearbhú go bhfuil gá le comhar láidir idirnáisiúnta ar leibhéal iltaobhach chun cearta an duine a chosaint go héifeachtach ar fud an domhain; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról thar a bheith tábhachtach ag na Náisiúin Aontaithe agus ag a chomhlachtaí mar phríomhfhóram nach mór a bheith in ann na hiarrachtaí ar son na síochána agus na slándála, na forbartha inbhuanaithe agus na hurraime do chearta an duine agus don dlí idirnáisiúnta a chur chun cinn go héifeachtach; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit leanúint de thacaíocht a thabhairt d’obair na Náisiún Aontaithe, ar bhonn polaitiúil agus airgeadais araon, lena n-áirítear comhlachtaí uile na Náisiún Aontaithe um chearta an duine, go háirithe na comhlachtaí conartha agus na nósanna imeachta speisialta; á iarraidh ar Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe, chun na críche sin, acmhainní iomchuí a sholáthar ó bhuiséad na Náisiún Aontaithe agus ag tathant ar na Ballstáit a ranníocaíochtaí deonacha a mhéadú; á chur i bhfios go láidir gur gá don Aontas agus dá Bhallstáit a ndícheall a dhéanamh labhairt d’aon ghuth ag na Náisiúin Aontaithe agus i bhfóraim iltaobhacha eile, agus na caighdeáin is airde maidir le cearta an duine a chur chun cinn ar an mbealach sin; ag meabhrú na n-oibleagáidí atá ar Bhallstáit uile na Náisiún Aontaithe cearta uile an duine agus na saoirsí bunúsacha uile a chur chun cinn agus a chosaint, mar a chumhdaítear i gCairt Bhunaidh na Náisiún Aontaithe agus i Rún 60/251 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe; á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil beirt bhuanchomhaltaí de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine arb ionann iad agus coireanna cogaidh agus fiú cinedhíothú; á iarraidh ar Bhallstáit na Náisiún Aontaithe staonadh ó chéimeanna a ghlacadh a lagaíonn cosaint chearta an duine; á chur i bhfáth go bhfuil freagracht ar Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine aghaidh a thabhairt ar na sáruithe tromchúiseacha uile ar chearta an duine ar fud an domhain; á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil roinnt comhaltaí de Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine tar éis neamhaird fhollasach a léiriú ar a n-oibleagáidí maidir le cearta an duine, go bhfuil cuntais teiste cruthaithe acu maidir le sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus gur mhainnigh siad comhoibriú le sásraí na Náisiún Aontaithe um chearta an duine; á iarraidh, i ndáil leis sin, go ndéanfar athchóiriú bunúsach ar na critéir do chomhaltaí Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine; á iarraidh ar SEGS iarracht a thionscnamh agus a bheith ar thús cadhnaíochta i dtreo seasamh comhordaithe AE agus na mBallstát maidir le ballraíocht Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, lena gcuirfí trédhearcacht níos fearr chun cinn sa phróiseas toghcháin, go háirithe trí vótaí Bhallstáit AE a phoibliú agus tríd an réasúnaíocht don vóta sin a chur ar fáil, próiseas fíoriomaíoch a chothú trína áirithiú go ndéanfaidh na trí bhloc réigiúnacha ina bhfuil Ballstáit AE níos mó iarrthóirí ná suíocháin a chur i láthair, agus cuntasacht a sholáthar d’iarrthóirí trína ngealltanais dheonacha a ghrinnscrúdú agus trína dtaifid a rianú maidir le comhoibriú le Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, le comhlachtaí conartha na Náisiún Aontaithe agus le nósanna imeachta speisialta:
40. ag cáineadh go láidir gach ionsaí i gcoinne sealbhóirí sainordaithe nós imeachta speisialta na Náisiún Aontaithe agus i gcoinne neamhspleáchas a sainorduithe; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar chomhpháirtithe daonlathacha AE cur i gcoinne na n-iarrachtaí sin go cinntitheach agus gach beart is féidir a achtú chun cabhrú le spásanna sábháilte agus oscailte a chur ar fáil do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun idirghníomhú leis na Náisiúin Aontaithe, lena ionadaithe agus lena shásraí; á thabhairt chun suntais obair choimisiúin fiosrúcháin agus misean aimsithe fíoras na Náisiún Aontaithe, atá á n-úsáid níos mó agus níos mó chun freagairt do chásanna lena mbaineann sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus chun saoirse ó phionós a chomhrac;
41. á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit tacú le córais réigiúnacha um chearta an duine a neartú, lena n-áirítear trí chúnamh airgeadais agus trí chomhroinnt taithí trasréigiúnach; á thabhairt chun suntais, go háirithe, an ról ríthábhachtach atá ag comhlachtaí faireacháin agus ag sásraí breithiúnacha arna mbunú faoi na córais réigiúnacha sin agus a gcomhlántacht le córas na Náisiún Aontaithe um chearta an duine;
42. á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit iarrachtaí a stiúradh i bhfóraim iltaobhacha chun glacadh sainmhínithe ar sceimhlitheoireacht a aithnítear go huilíoch a chur chun cinn, agus aird á tabhairt ar an gcuspóir an sciúirse sin a chomhrac; á iarraidh orthu tuilleadh iarrachtaí a stiúradh, i gcomhthéacs an Ochtú Athbhreithniú ar Straitéis Dhomhanda Frithsceimhlitheoireachta na Náisiún Aontaithe in 2023, teanga láidir a chur isteach lena n-aithneofar an tionchar diúltach a bhí ag mí-úsáid dlíthe agus beartas frithsceimhlitheoireachta ar an spás sibhialta agus ag tathant ar na stáit uile na bearta is gá a dhéanamh chun a reachtaíocht frithsceimhlitheoireachta a athchóiriú nó a aisghairm chun a áirithiú nach mbeidh tionchar diúltach aici ar an tsochaí shibhialta ná ar chosantóirí chearta an duine; á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit iarrachtaí a stiúradh laistigh d’fhóraim na Náisiún Aontaithe chun idirphlé cuiditheach a bhunú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le cosantóirí chearta an duine, agus a áirithiú go mbeidh siad rannpháirteach go fóinteach ag gach céim d’fhorbairt agus de chur chun feidhme beartas frithsceimhlitheoireachta;
43. á chur in iúl gur cúis mhór imní di na hionsaithe atá ag dul i méid i gcoinne an oird dhomhanda atá bunaithe ar rialacha ag réimis fhorlámhacha, lena n-áirítear trí agóid a dhéanamh in aghaidh uilíocht chearta an duine, iad a chur i leataobh, á éileamh gur ionstraim é maidir le hegemonacht chultúrtha arna n-imscaradh ag tíortha an Iarthair, lena gcreimtear an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine trína ath-léiriú, agus lena mbaintear an bonn d’fheidhmiú chomhlachtaí agus shásraí na Náisiún Aontaithe chun stáit a thabhairt chun cuntais as sáruithe ar chearta an duine; á chur i bhfáth nach mór do AE seasamh le cosaint uilíocht chearta an duine mar phríomhthosaíocht, agus chuige sin, comhaontú a stiúradh agus oibriú i gcomhar le daonlathais eile agus le comhpháirtithe eile atá ar aon intinn chun eagraíochtaí iltaobhacha a neartú agus chun an t-ord domhanda riailbhunaithe a chosaint i gcoinne cumhachtaí forlámhacha atá ag teacht chun cinn; á chur i bhfios go láidir go bhfuil costais iarbhír ag baint le héifeachtacht laghdaithe chomhlachtaí na Náisiún Aontaithe i dtéarmaí coinbhleachtaí, beatha daoine a chailleadh agus fulaingt daoine, agus go lagaítear dá bharr cumas ginearálta na dtíortha déileáil le dúshláin dhomhanda; á iarraidh ar Bhallstáit an Aontais agus ar chomhpháirtithe a bhfuil dáimh acu leo dlús a chur lena n-iarrachtaí an treocht sin a aisiompú;
44. á chur i bhfios go láidir gur gá athbhreithniú neamhchlaonta, cothrom agus trédhearcach a dhéanamh ar na hiarratais ar stádas comhairleach a dhéanann eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna) ar Chomhairle Eacnamaíoch agus Shóisialta na Náisiún Aontaithe(ECOSOC); á iarraidh go ndéanfaí bearta chun a suíochan féin a bhunú don Aontas i ngach fóram iltaobhach, lena n-áirítear Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, chomh maith leis an suíochán buan atá ag ceann de na Ballstáit cheana féin ar an gComhairle Slándála, lena neartófaí cumas an Aontais gníomhú, chomh maith lena chomhsheasmhacht agus lena inchreidteacht ar fud an domhain; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit páirt a ghlacadh i ndíospóireacht ghinearálta Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus tathant ar chomhaltaí ECOSOC leanúint d’aghaidh a thabhairt ar na bacainní gan údar atá roimh ENRanna chun a gcreidiúnú ECOSOC a fháil, go háirithe iad siúd a bhfuil a n-iarratais ar feitheamh le tamall an-fhada;
Ag seasamh leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta
45. ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go dtugtar neamhaird ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine, go háirithe sna coinbhleachtaí leanúnacha ar fud an domhain, agus go bhfuil méadú ag teacht ar an neamhaird sin; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé go mbeadh gníomhaireachtaí cabhrach daonnúla agus eagraíochtaí carthanachta in ann cúnamh iomlán, tráthúil agus gan bhac a chur ar fáil do na pobail leochaileacha uile agus á iarraidh ar gach páirtí i gcoinbhleachtaí armtha pobail shibhialtacha agus oibrithe daonnúla, leighis, sna meáin agus oideachais a chosaint; á iarraidh go gcruthófaí conairí daonnúla go córasach i réigiúin a bhfuil cogadh ar siúl iontu agus atá i staideanna comhraic, chun ligean do shibhialtaigh atá i mbaol éalú ón gcoinbhleacht, agus ag cáineadh go láidir aon ionsaithe a dhéantar orthu;
46. á mheabhrú gur cheart beartais AE a threorú leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta i ndáil le cásanna forghabhála nó ionghabhála críche agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé a gcomhsheasmhacht a áirithiú maidir leis na cásanna sin; á thabhairt chun suntais go bhfuil freagracht ar chuideachtaí atá bunaithe san Aontas na beartais díchill chuí is déine a chur i bhfeidhm maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíoch nó airgeadais ar bith sna críocha sin nó leo lena mbaineann, agus a áirithiú go gcomhlíonfar go docht an dlí idirnáisiúnta agus beartas smachtbhannaí AE nuair is infheidhme;
Saoirse ó phionós a chomhrac agus an ceartas coiriúil idirnáisiúnta a neartú
47. á chur i bhfáth go bhfuil nasc idir sáruithe ar chearta an duine agus saoirse ó phionós go forleathan agus an easpa cuntasachta i réigiúin agus i dtíortha a ndéanann coinbhleachtaí difear dóibh; á chur in iúl gur geal léi go mór rannchuidiú leanúnach na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta (ICC) leis an gcomhrac i gcoinne na saoirse ó phionós; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit tacaíocht leordhóthanach a thabhairt don Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta chun go mbeidh ar a chumas a chuid oibre a dhéanamh; á athdhearbhú go gcáineann sí na hiarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh chun an bonn a bhaint de dhlisteanacht agus d’obair na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta (ICC); á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit leanúint dá n-iarrachtaí chun iad a chomhrac agus freagairt do bhagairtí agus do smachtbhannaí i gcoinne chosantóirí chearta an duine agus finnéithe atá ag comhoibriú leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta; á chur i bhfáth go bhfuil ról ríthábhachtach ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta maidir le himscrúduithe a dhéanamh ar choireanna cogaidh agus ar choireanna in aghaidh an chine dhaonna; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit leanúint de bheith ag comhoibriú leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta maidir leis na coireanna sin a chomhrac agus a chosc; á chur in iúl gur geal léi tacaíocht leanúnach an Aontais agus a Bhallstát don Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus á iarraidh ar Bhallstáit an Aontais a bheith ar aon dul leis an ngealltanas sin leis an gcistiú inbhuanaithe is gá chun ceartas a bhaint amach i ngach cás a thagann os comhair na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta;
48. á iarraidh ar AE tacú le hIonchúisitheoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta maidir le déantóirí amhrasta coireanna cogaidh, coireanna in aghaidh na daonnachta agus, b’fhéidir, cinedhíothú a imscrúdú agus a ionchúiseamh trí thacaíocht pholaitiúil a chur ar fáil, aon fhianaise atá ina sheilbh a bhailiú agus a chur ar fáil, lena n-áirítear faisnéis foinse oscailte, faisnéis agus sonraí, íomhánna satailíte agus cumarsáid idircheaptha, agus acmhainní daonna agus airgeadais leormhaithe a chur ar fáil do bhuiséad ginearálta na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta chun a neamhspleáchas agus a neamhchlaontacht a chosaint go hiomlán;
49. á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit tíortha comhpháirtíochta a spreagadh chun Conradh na Róimhe a dhaingniú agus, ar an gcaoi sin, dlínse na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta a leathnú; á iarraidh ar AE gníomhú i gcomhréir le Cinneadh 2011/168/CBES ón gComhairle maidir leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta(26), agus seasamh láidir á choimeád ag an am céanna maidir le coir an ionsaithe mar a iarradh sa rún ón bParlaimint an 17 Iúil 2014 maidir le coir an ionsaithe(27);
50. ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún plean gníomhaíochta cuimsitheach AE a fhorbairt maidir le saoirse ó phionós a chomhrac, ar cheart go n-áireofaí ann, i measc nithe eile, caibidlí maidir leis an ról tábhachtach atá ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta sa streachailt i gcoinne saoirse ó phionós agus maidir lena gcosaint i ngach cás ina n-éilítear é, agus maidir le bearta chun dul i ngleic le saoirse ó phionós i gcás foréigean gnéasach bunaithe ar inscne, lena n-áirítear sáruithe ar shláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe (SRHR) i suíomhanna coinbhleachta; á iarraidh ar an Aontas agus ar a chomhpháirtithe idirnáisiúnta leas iomlán a bhaint as na hionstraimí ábhartha uile chun saoirse ó phionós a chomhrac, lena n-áirítear tacaíocht do dhlínse uilechoiteann ar an leibhéal náisiúnta, do bhinsí speisialta ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal idirnáisiúnta lena n-áirítear maidir le coir an ionsaithe, chomh maith le sásraí solúbtha comhair agus cistiúcháin a bhunú chun fianaise ar choireanna a bhailiú agus a anailísiú go pras; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcuirfear na hionstraimí sin i bhfeidhm ar bhealach comhordaithe agus ar bhealach atá comhlántach le hionstraimí ábhartha eile de chuid an Aontais agus na mBallstát; á iarraidh ar an gCoimisiún clár a fhorbairt chun acmhainneacht na mBallstát agus na dtríú tíortha araon a fhorbairt chun prionsabal na dlínse uilíche a chur i bhfeidhm ina gcórais dlí baile;
Dul chun cinn a dhéanamh maidir le pionós an bháis a dhíothú go huilechoiteann agus maidir le céastóireacht agus cineálacha eile drochíde a chosc
51. á athdhearbhú go bhfuil sí ag cur i gcoinne phionós an bháis ar bhonn prionsabail, ar pionós é atá cruálach, mídhaonna agus táireach agus atá do-aisiompaithe; á chur i bhfáth nach mór don Aontas a bheith gan staonadh agus díothú uilechoiteann phionós an bháis á shaothrú aige mar mórchuspóir dá bheartas eachtrach um chearta an duine; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit díothú a chosaint i ngach fóram idirnáisiúnta agus tacú leis an tacaíocht is leithne is féidir don seasamh sin; ag moladh iarrachtaí leanúnacha chomhlachtaí na Náisiún Aontaithe maidir le díothú uilíoch phionós an bháis, i gcomhréir leis na rúin ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe; ag cáineadh go láidir forfheidhmiú na ndlíthe diamhasla lena mbaineann an fhéidearthacht go ngearrfar pionós an bháis má chiontaítear iad ar fud an domhain; á athdhearbhú go bhfuil an tsaoirse chun reiligiún duine a roghnú, lena n-áirítear cibé acu chun a chreidiúint nó gan a chreidiúint ar chor ar bith, fós ina cheart bunúsach ag an duine nach féidir a phionósú le bás nó le haon íde tháireach; á iarraidh ar gach tír nach ndearna amhlaidh go fóill deireadh a chur le pionós an bháis nó moratóir láithreach a bhunú mar chéadchéim i dtreo é a dhíothú; á iarraidh, ina theannta sin, ar na tíortha lena mbaineann liosta na gcoireanna nó na gcionta atá inphionóis le bás a laghdú; á iarraidh go mbeadh trédhearcacht ann maidir le pianbhreitheanna báis agus básuithe i dtíortha nach nochtann an staidreamh sin;
52. ag cáineadh aon teagmhais chéastóireachta, íde mhídhaonna nó tháireach, fuadach forfheidhmithe, coinneáil threallach agus maruithe neamhdhleathacha agus á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil siad fós coitianta in go leor tíortha; ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis mhór imní di, go bhfuil méadú ag teacht ar theagmhais chéastóireachta ar fud an domhain agus go mbíonn déantóirí na coire sin saor ó phionós go forleathan; ag aithint go bhfuil ról tábhachtach atá ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus cosantóirí chearta an duine sa chomhrac i gcoinne na céastóireachta agus cineálacha eile drochíde;
Freagairt ar dhúshláin dhomhanda maidir le cearta an duine agus leis an daonlathas
Freagairt ar phaindéim COVID-19 agus téarnamh uaithi
53. á chur in iúl gur cúis mhór imní di iarmhairtí diúltacha fadtéarmacha phaindéim COVID-19 ar staid ghinearálta an daonlathais agus ar chearta an duine ar fud an domhain; á thabhairt chun suntais an drochthionchar díréireach ar ghrúpaí sna cásanna is leochailí, lena n-áirítear mná, leanaí, daoine faoi mhíchumas, daoine a bhfuil galair ainsealacha áirithe orthu, daoine scothaosta, daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha, neamh-dhénártha, idirghnéasacha agus aiteach (LADTIA), daoine bochta, daoine ar de mhionlaigh eitneacha, creidimh agus reiligiúnacha iad, dídeanaithe agus imircigh, agus daoine atá i bpríosún nó faoi choinneáil; á chur in iúl gur cúis imní di thairis sin moilleanna agus bacainní ar rochtain ar sheirbhísí sláinte agus an méadú dá bharr sin ar thoircheas neamhbheartaithe, ar fhoréigean gnéasach agus inscnebhunaithe, ar ghinmhilleadh neamhshábháilte, agus ar bhásanna máthartha agus nuabheirthe; á chur in iúl gurb oth léi úsáid a bhaint as bearta coiscthe COVID-19 mar leithscéal chun cuairteanna ó bhaill teaghlaigh nó ó dhlíodóirí chuig saoráidí coinneála a dhiúltú agus chun cearta daoine atá á gcoinneáil a shárú; ag moladh an róil a bhí ag cosantóirí chearta an duine agus ag iriseoirí, agus a mbeatha á cur i mbaol acu uaireanta fiú, agus iad ag tuairisciú ar sháruithe ar chearta an duine nó ag féachaint le sáruithe ar chearta an duine a chosc le linn na paindéime;
54. á athdhearbhú go bhfuil tairbhiú den chaighdeán sláinte is airde is féidir agus rochtain uilíoch ar chúram sláinte i measc chearta bunúsacha gach duine gan idirdhealú; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit tacú le cosaint na gceart sin, go háirithe i dtíortha agus i réigiúin ina bhfuil ganntanas seirbhísí sláinte agus ag tathant ar thíortha dul chun cinn a dhéanamh maidir le rochtain ar sheirbhísí sláinte a éascú; á dhearbhú gur cheart don Aontas leanúint de chistiú a dhéanamh ar fhorbairt agus ar sholáthar domhanda vacsaíní COVID-19, oideachas a chur ar fáil maidir leis na tairbhí a bhaineann le vacsaíniú agus infhaighteacht, inrochtaineacht agus inacmhainneacht vacsaínithe a mhéadú chun galair atá inchoiscthe trí vacsaíniú a sheachaint;
55. á athdhearbhú gur bunchlocha an daonlathais iad saoirse phearsanta, saoirse comhthionóil, saoirse smaointeoireachta, coinsiasa, reiligiúin agus creidimh agus saoirse cainte; á chur in iúl gur cúis mhór imní di an méadú atá ag teacht ar úsáid teicneolaíochtaí ollfhaireachais, go háirithe ag réimis údarásaíocha chun na saoirsí sin a chiorrú, rud a mhéadaigh tuilleadh agus é á mhaíomh gur bhearta coiscthe de chuid COVID-19 iad; á iarraidh go gcuirfí toirmeasc dian éifeachtach ar theicneolaíochtaí ollfhaireachais a dhíol; á iarraidh go dtabharfaí freagairt níos mó ar insíothlú ollmhór na bréagaisnéise agus na dteoiricí comhcheilge laistigh den réimse digiteach, arna mbuanú den chuid is mó ach ní go heisiach ag réimis údarásaíocha, chomh maith le gníomhaithe nach gníomhaithe stáit iad;
Cearta na mban, cumhachtú na mban agus an comhionannas inscne
56. ag cáineadh nach bhfuil comhionannas inscne bainte amach ag aon tír ar domhan go fóill; á chur i bhfios go láidir go bhfuil foréigean inscnebhunaithe forleathan agus idirdhealú forluiteach fós ann i ngach réigiún den domhan; á chur i bhfios go láidir gurb iad mná agus cailíní fós na príomhíospartaigh i ngéarchéimeanna foréigneacha agus gur leanadh den fhoréigean gnéasach, inscnebhunaithe agus atáirgthe in go leor áiteanna ar fud an domhain, agus go n-úsáidtear é go háirithe i gcoinbhleachtaí armtha mar arm cogaidh; á chur i bhfáth gur díríodh go háirithe ar chosantóirí ar chearta an duine, ar ghníomhaithe, ar iriseoirí agus ar dhlíodóirí ar mná iad agus go bhfuil aghaidh á tabhairt acu ar chiapadh agus ar imeaglú ar líne atá ag méadú go mear agus ar bhagairtí agus ar ionsaithe leanúnacha chomh maith;
57. á thabhairt chun suntais, agus é ina ábhar mór imní di, go bhfuil méadú tagtha ar an bhforéigean inscnebhunaithe agus ar an bhforéigean teaghlaigh agus á chur in iúl gur saoth léi na srianta ar SRHR i dtíortha i mbéal forbartha agus i dtíortha forbartha araon; ag athdhearbhú a hiarrata ar AE agus ar a Bhallstáit tacaíocht iomlán a thabhairt do cheart na mban chun sláine coirp, dínite agus cinnteoireachta uathrialaithí agus chun foréigean inscnebhunaithe agus foréigean teaghlaigh a chomhrac go héifeachtach; ag tarraingt aird ar an bhfíoras, in ainneoin iarrachtaí AE, gur mionlach fós iad mná i bpoist cheannaireachta, go dtuilleann siad níos lú ná fir as na freagrachtaí agus na poist chéanna agus go ndéantar gannmheas ar a gcumas agus ar a scileanna nó go mbaintear an bonn díobh mar gheall ar a n-inscne;
58. á iarraidh ar AE agus ar a chomhpháirtithe idirnáisiúnta a n-iarrachtaí a neartú chun a áirithiú go mbainfidh mná, cailíní agus grúpaí leochaileacha leas iomlán as cearta an duine, agus comhionannas deiseanna a áirithiú do chách; á iarraidh go ndíothófar ar fud an domhain dlíthe agus cleachtais lena gcuirtear cosc ar mhná a gcearta a fheidhmiú, go háirithe na cearta chun oideachais, chun oibre agus chun rannpháirtíochta sa chinnteoireacht pholaitiúil agus phoiblí; á chur in iúl gur saoth léi cásanna ina ndiúltaítear rochtain ar chabhair dhaonnúil agus ar sheirbhísí bunriachtanacha do mhná agus do theaghlaigh atá i gceannas ar mhná, go háirithe i limistéir géarchéime daonnúla, toisc go n-éilíonn údaráis náisiúnta agus áitiúla go soláthróidh oibrithe ban na seirbhísí sin, agus ag an am céanna rochtain na mban ar fhostaíocht a theorannú; á iarraidh ar stáit nach bhfuil Coinbhinsiún Iostanbúl daingnithe agus curtha chun feidhme acu go fóill amhlaidh a dhéanamh;
59. ag cáineadh go láidir aon úsáid a bhaintear as luathphósadh agus pósadh éigeantais, as gabháil tí, as éigniú agus as íde tháireach eile i gcoinne na mban; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar ISAE um Chearta an Duine aghaidh a thabhairt ar shaincheist an luathphósta agus an phósta éigeantais;
60. á mheabhrú do stáit go bhfuil sé d’oibleagáid orthu rochtain ar sheirbhísí cuimsitheacha SRHR a ráthú, lena n-áirítear modhanna frithghiniúna nua-aimseartha, ginmhilleadh sábháilte agus dlíthiúil, cúram sláinte máthartha, réamhbhreithe agus iarbhreithe, atáirgeadh cuidithe agus rochtain ar oideachas agus ar fhaisnéis maidir le SRHR, lena n-áirítear oideachas cuimsitheach gnéasachta, gan aon chineál idirdhealaithe; á iarraidh go ndéanfaí cearta agus cosaintí dlíthiúla a neartú tuilleadh agus go mbainfí bacainní ar rochtain ar SRHR ar fud an domhain; ag athdhearbhú a hiarrata an ceart chun ginmhillte shábháilte agus dhlíthiúil a áireamh sa Chairt; á chur in iúl gur geal léi foilsiú threoirlínte nuashonraithe na hEagraíochta Domhanda Sláinte lena soláthraítear príomh-mholtaí do chórais sláinte chun cúram ginmhillte a sholáthar; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit tacaíocht iomlán a thabhairt do SRHR agus é a chur chun cinn, lena n-áirítear rochtain ar ghinmhilleadh, sa chaidreamh iltaobhach agus déthaobhach i gcomhréir leis an dlí agus caighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine;
61. á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí níos comhbheartaithe chun deireadh a chur le húsáid an fhoréigin ghnéasaigh mar arm cogaidh agus chun saoirse ó phionós do dhéantóirí an fhoréigin sin a chomhrac; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de na hiarrachtaí chun an cleachtas faoina ndéantar ciorrú ball giniúna ban a dhíothú go hiomlán; á iarraidh go mbeadh tiomantas agus tacaíocht níos láidre ag AE do chearta na mban i dtríú tíortha a chosaint le linn a chuid iarrachtaí maidir le coinbhleachtaí a chosc agus a réiteach, agus maidir le síochánaíocht, cabhair dhaonnúil agus oibríochtaí atógála iarchoinbhleachta, ceartas idirthréimhseach agus cearta an duine agus athchóirithe daonlathacha a chur chun cinn, agus béim ar leith á leagan ar chearta na mban a fhulaingíonn naimhdeas, idirdhealú nó stiogmatú, atá torrach nó a bhfuil leanaí nuabheirthe acu, nó atá dífhostaithe nó atá i mbochtaineacht;
62. á athdhearbhú go bhfuil gá le gníomhaíocht láidir chun cur chun feidhme iomlán GAP III a áirithiú; á iarraidh ar AE, mar a leagtar amach in GAP III, aghaidh a thabhairt go láidir ar an trasnaíocht trí bheartas a fhorbairt chun dul i ngleic leis na cineálacha iomadúla idirdhealaithe atá os comhair na milliún ban agus cailíní ar íospartaigh sáruithe ar chearta sainaicmeacha, sibhialta, polaitiúla, eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha iad, lena n-áirítear mí-úsáid ghnéasach agus foréigean gnéasach, easáitiú, saothar éigeantach agus/nó faoi bhanna, striapachas agus gáinneáil;
63. á athdhearbhú go gcáineann sí nós tráchtála na máthairionadaíochta, feiniméan domhanda lena nochtar mná ar fud an domhain do theacht i dtír agus do gháinneáil ar dhaoine agus atá dírithe go háirithe ar mhná atá leochaileach ar bhonn airgeadais agus sóisialta; á thabhairt chun suntais go bhfuil drochthionchar aige ar mhná, ar chearta na mban, ar shláinte na mban agus ar an gcomhionannas inscne, agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil impleachtaí trasteorann ag baint leis; á iarraidh go mbeadh creat dlíthiúil Eorpach ann chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí diúltacha na máthairionadaíochta tráchtála;
64. ag cáineadh na reachtaíochta, na mbeartas agus na gcleachtas lena gcumasaítear roghnú leanaí ar fhorais gnéis, cine, míchumais nó aon fhoras eile;
Cearta an linbh
65. á iarraidh go mbeadh cur chuige córasach comhsheasmhach ann maidir le cearta leanaí a chur chun cinn agus a chosaint i mbeartais sheachtracha uile an Aontais; á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí níos comhbheartaithe cearta leanaí a chosaint i ngéarchéimeanna nó i gcásanna éigeandála agus á chur in iúl gur geal léi na conclúidí ón gComhairle maidir leis an ábhar sin; á chur in iúl gur cúis imní di go bhfuil méadú ag teacht ar líon na ngéarchéimeanna sin ar fud an domhain, mar aon le héifeachtaí fadtéarmacha phaindéim COVID-19, agus mar thoradh air sin go bhfuil méadú tagtha ar sháruithe ar chearta leanaí ar fud an domhain, lena n-áirítear foréigean, luathphósadh agus pósadh éigeantais, mí-úsáid ghnéasach lena n-áirítear ciorrú ball giniúna, gáinneáil, leanaí a scaradh go héigeantach óna dtuismitheoirí agus a mhalairt i gcásanna sclábhaíochta nua-aimseartha, saothar leanaí, saothar éigeantais leanaí, earcaíocht mar shaighdiúirí leanaí, easpa rochtana ar oideachas agus ar chúram sláinte, míchothú agus fíorbhochtaineacht; á chur i bhfáth go mbíonn éifeachtaí díréireacha fadtéarmacha ar leanaí ag neamhdheimhneacht an tsoláthair bia, a bhfuil tionchar díreach aici ar a sláinte agus ar a bhforbairt agus ar a n-oideachas freisin, agus chomh maith leis sin go méadaítear cleachtas uafásach an phósta leanaí; á thabhairt chun suntais go bhfuil líon mór leanaí fós ar fud an domhain a gcuirtear iallach orthu oibriú faoi dhálaí guaiseacha de ghnáth in áiteanna ar deacair teacht orthu amhail seaftaí mianach, in eastóscadh amhábhar, lena n-áirítear mianraí neamhchoitianta, sa tionsclaíocht agus sa talmhaíocht; á chur i bhfáth gurbh í 2021 an Bhliain Idirnáisiúnta um Shaothar Leanaí a Dhíothú agus ag meabhrú bheartas an Aontais um neamhfhulaingt an chleachtais sin; á iarraidh ar na tíortha eile nár dhaingnigh Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh é sin a dhéanamh mar ábhar práinne;
66. á chur in iúl gur saoth léi an díriú leanúnach ar leanaí mar uirlis chogaidh; á athdhearbhú, mar gheall ar a leochaileacht, gur minic gurb iad mionaoisigh is túisce a fhulaingíonn foréigean i gcríocha cogaidh, go háirithe maidir le bearta díoltais eitneacha ag treibheanna, grúpaí agus eitneachtaí cogaíochta; ag cáineadh earcú éigeantach leanaí faoi aois i limistéir chogaidh, chomh maith lena n-ionstraimiú agus díriú ar fhoréigean gnéasach orthu; á chur i bhfáth gur gá conairí a chruthú don ath-lánpháirtiú agus do chúiteamh do leanaí ar sáraíodh a gcearta agus nach mór clár oibre na Náisiún Aontaithe maidir le leanaí agus coinbhleacht armtha a phríomhshruthú i ngníomhaíochtaí seachtracha uile AE; á iarraidh ar na Ballstáit lena mbaineann cosaint leanaí ar náisiúnaigh de na Ballstáit sin iad agus atá i bpríosún nó faoi choinneáil i dtríú tíortha a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur lena iarrachtaí saoirse ó phionós i gcás coireanna cogaidh i gcoinne leanaí a chomhrac, a chomhar le heagraíochtaí daonnúla atá dírithe ar leanaí agus le ENRanna a neartú agus cearta leanaí a choimirciú agus iad ag comhoibriú agus ag comhpháirtíocht le tríú tíortha;
67. á chur i bhfáth gur bhain céimeanna ar gcúl don cheart chun oideachais, agus gur cuireadh isteach ar an oideachas ar bhealaí nár tharla roimhe seo mar gheall ar COVID-19 ach freisin mar gheall ar antoisceachas reiligiúnach agus idirdhealú inscne i gcoinne cailíní; á chur in iúl gur cúis imní di díbirt déagóirí torracha ó scoileanna; á mheabhrú go bhfuil sé de cheart ag gach leanbh oideachas cuimsitheach gnéasachta a fháil atá neamh-idirdhealaitheach, fianaisebhunaithe, cruinn ó thaobh na heolaíochta de agus oiriúnach ó thaobh aoise de agus a théann i ngleic le noirm dhíobhálacha inscne; á iarraidh ar an Aontas dlús a chur lena chuid oibre chun rochtain ar oideachas a chur ar fáil, lena n-áirítear bealaí nuálacha chun dul timpeall ar na bacainní arna bhforchur ag na húdaráis náisiúnta; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS dlús a chur lena dtacaíocht do thríú tíortha chun cabhrú leo dul in oiriúint do na dúshláin a bhí rompu le linn phaindéim COVID-19 i réimse an oideachais; á chur i bhfáth go bhféadfadh an tacaíocht a bheith i bhfoirm leithdháileadh méadaithe cistiúcháin trí NDICI – an Eoraip Dhomhanda, ach go bhféadfaí a áireamh inti freisin fothú acmhainneachta agus dea-chleachtais a chur ar fáil, bunaithe ar na ceachtanna a foghlaimíodh trí thoscaireachtaí an Aontais ar fud an domhain; á thabhairt chun suntais go bhféadfadh sé go mbeadh gá le réiteach airgeadais chun an timpeallacht idirnáisiúnta atá ag athrú a bheith ann lena gcumasófar freagairt ildeontóirí chun an bhearna chistiúcháin atá ag dul i méid a chumhdach chun Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 4 de chuid na Náisiún Aontaithe a bhaint amach, arb é is aidhm dó oideachas cuimsitheach cothrom ar ardcháilíocht a áirithiú agus deiseanna foghlama ar feadh an tsaoil a chur chun cinn do chách;
68. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS cistiú láidir don oideachas a choinneáil trí ionstraimí maoinithe sheachtraigh uile AE, i gcomhréir leis an tagarmharc 10 % maidir leis an oideachas in NDICI — an Eoraip Dhomhanda; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS tacú freisin le rialtais tríú tíortha chun córais oideachais chuimsitheacha inscne-fhreagrúla agus chuimsitheacha a thógáil agus a fhorbairt tuilleadh; á mheabhrú go bhfuil rochtain na mban ar an oideachas leagtha síos mar cheart bunúsach ag na Náisiúin Aontaithe; á chreidiúint gur cheart go mbeadh sé ina phríomhsprioc beartais ag AE rochtain cailíní ar oideachas a mhéadú agus tacú le rannpháirtíocht na mban san oideachas agus i ngairmeacha san eolaíocht, sa teicneolaíocht, san innealtóireacht agus sa mhatamaitic a mhéadú mar ábhar tosaíochta; á áitiú, ina leith sin, gur gá go mbeadh cailíní in ann a n-oideachas a chur i gcrích agus rochtain a bheith acu ar fhaisnéis agus ar sheirbhísí aois-oiriúnach, saor ó idirdhealú agus ó laofacht inscne agus le comhionannas deiseanna chun a n-acmhainneacht a bhaint amach; á chur i bhfáth go bhfuil géarghá le haghaidh a thabhairt ar bhacainní ar an oideachas, ar bacainní iad a bhaineann le hinscne, amhail dlíthe, beartais agus noirm shoch-chultúrtha dhíobhálacha lena gcuirtear cosc ar chailíní leanúint leis an oideachas i gcás toirchis, pósadh nó máithreachais; ag moladh dul i ngleic le steiréitíopaí inscne agus noirm dhochracha shoch-chultúrtha tríd an oideachas, agus foréigean a chosc trí oideachas atá íogair ó thaobh inscne de;
Cearta daoine scothaosta
69. á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit bealaí nua a fhorbairt chun cearta daoine scothaosta a neartú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil dúshláin roimh theachtadh iomlán chearta uile an duine ag daoine scothaosta, lena n-áirítear idirdhealú aoisbhunaithe, bochtaineacht, foréigean, easpa cosaint shóisialta, cúram sláinte agus seirbhísí bunriachtanacha eile chomh maith le bacainní ar fhostaíocht; á chur i bhfios go láidir gur ann d’obair Mheitheal Cheannoscailte na Náisiún Aontaithe maidir le hAosú i dtaobh ionstraim atá ceangailteach ó thaobh dlí chun cosaint chearta an duine le haghaidh daoine scothaosta a neartú agus á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit a machnamh a dhéanamh ar thacaíocht ghníomhach a thabhairt don obair sin;
Cearta daoine faoi mhíchumas
70. á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an straitéis maidir le cearta daoine faoi mhíchumas 2021‑2030 mar uirlis chun feabhas a chur ar staid daoine faoi mhíchumas agus a gcearta ar fud an domhain, go háirithe an bhochtaineacht agus an t-idirdhealú, ach freisin na fadhbanna a bhaineann le rochtain ar oideachas, ar chúram sláinte agus ar fhostaíocht agus le rannpháirtíocht sa saol polaitiúil; á iarraidh go ndéanfar an straitéis sin a chur chun feidhme go córasach, go hinmheánach agus go seachtrach; á chur i bhfios go láidir gur ar a dteaghlaigh, go háirithe ar mhná, a bhíonn an dualgas cúram a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas de ghnáth, agus á iarraidh ar an Aontas cabhrú le tríú tíortha beartais a fhorbairt chun tacú le cúramóirí daoine faoi mhíchumas;
71. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a n-iarrachtaí a mhéadú chun cearta comhionanna do dhaoine faoi mhíchumas a chur chun cinn trí ghníomhaíocht sheachtrach AE; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le hidirphlé struchtúrtha le heagraíochtaí daoine faoi mhíchumas, i dtíortha comhpháirtíochta chun a rannpháirtíocht fhóinteach agus a rannpháirtíocht rathúil i bpleanáil, i gcur chun feidhme agus i bhfaireachán ionstraimí maoinithe sheachtraigh AE a áirithiú; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha a ghríosú chun athchóirithe a chur chun feidhme chun staid daoine faoi mhíchumas a fheabhsú agus á iarraidh ar an gCoimisiún cabhrú leo próiseas struchtúrtha a fhorbairt chun dul i gcomhairle le daoine faoi mhíchumas agus lena n-eagraíochtaí ionadaíocha; á iarraidh go gcuirfí infheistíocht, oiliúint agus fothú acmhainní ar fáil do thoscaireachtaí AE chun forálacha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas maidir le gníomhaíocht dhaonnúil agus comhar idirnáisiúnta a chur chun feidhme;
Éadulaingt, seineafóibe agus idirdhealú
72. á chur i bhfios go láidir go bhfuil sí i gcoinne éadulaingt, seineafóibe agus idirdhealú agus go gcáineann sí éadulaingt, seineafóibe agus idirdhealú atá bunaithe ar chine, ar eitneacht, ar náisiúntacht, ar aicme shóisialta, ar mhíchumas, ar shainaicme, ar reiligiún, ar chreideamh, ar aois, ar inscne, ar ghnéaschlaonadh nó ar fhéiniúlacht inscne, as a dtagann maruithe agus géarleanúint i roinnt mhaith de réigiúin an domhain, go háirithe i gcásanna coinbhleachta; á chur i bhfáth go bhfuil ciníochas, idirdhealú, seineafóibe, géarleanúint reiligiúnach agus éadulaingt ghaolmhar fós ina fadhb mhór ar fud an domhain, rud a fhágann sáruithe ar chearta i ngach réimse den saol, lena n-áirítear rochtain ar oideachas, cúram sláinte, obair agus rochtain ar cheartas, agus gur measa fós na saincheisteanna sin mar gheall ar phaindéim COVID-19; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit a bheith ar thús cadhnaíochta sa chomhrac domhanda i gcoinne an fhrithsheimíteachais agus á chur in iúl gur geal léi gur glacadh straitéis an Aontais chun na críche sin; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar SEGS agus ar thoscaireachtaí AE straitéisí áitiúla sonracha a fhorbairt, i gcomhar leis na Ballstáit agus le hionchur ón bParlaimint, chun cabhrú le hidirdhealú bunaithe ar shainaicmiú a chomhrac sna tíortha is mó a ndéanann sé difear dóibh, in idirphlé le hionadaithe áitiúla agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus cuireadh a thabhairt dóibh dul i mbun comhairliúcháin a eascraíonn as comhaontuithe nó ionstraimí AE, lena n-áirítear idirphlé maidir le cearta an duine;
73. á mholadh go dtabharfadh an Pharlaimint aghaidh ar idirdhealú bunaithe ar shainaicmiú ina cuid coistí ábhartha uile (an Coiste um Ghnóthaí Eachtracha, an Coiste um Fhorbairt agus an Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta agus an Fochoiste um Chearta an Duine) agus ina toscaireachtaí, go gceapfadh sí duine pointe fócais maidir le hidirdhealú bunaithe ar shainaicme agus, nuair a thugann sí cuairt ar thíortha a ndéanann an tsaincheist difear dóibh, dul i gcomhairle le heagraíochtaí Dalit, go n-ardóidh siad idirdhealú sainbhunaithe le contrapháirtithe na Parlaiminte agus leis na húdaráis agus go dtionólfaí éisteacht chun athbhreithniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí AE agus ar dhul chun cinn mar chuid den Lá Idirnáisiúnta um Idirdhealú Ciníoch a Dhíothú;
Mionlaigh náisiúnta, eitneacha agus teanga
74. á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil go leor tíortha, in ainneoin a ngealltanas mionlaigh a chosaint, ag saothrú beartas maidir le comhshamhlú éigeantach mionlach náisiúnta, eitneach agus teanga trí neamhaird a thabhairt ar a gcearta; ag cur béim ar an bhfíoras nár cheart go ndéanfaí sprioc nó ionstraim d’aon teannas míleata nó coinbhleacht mhíleata de mhionlaigh; ag meabhrú oibleagáidí na stát atá bunaithe ar chonarthaí agus comhaontuithe idirnáisiúnta chun cearta na mionlach sin a chosaint laistigh dá gcríocha faoi seach; á iarraidh ar rialtais thíortha comhpháirtíochta AE urraim a thabhairt do chearta an duine atá ag mionlaigh náisiúnta, eitneacha agus teanga, lena n-áirítear a gcultúir, a dteangacha, a reiligiúin, a dtraidisiúin agus a stair chun éagsúlacht agus féiniúlacht teanga agus chultúrtha a chaomhnú á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit tacaíocht ghníomhach a chur ar fáil do na tíortha comhpháirtíochta sin chun na críche sin; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le cearta an duine agus saoirsí bunúsacha daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad ar fud an domhain a chosaint, lena n-áirítear laistigh de chláir théamacha NDICI — an Eoraip Dhomhanda maidir le cearta an duine agus an daonlathas;
Cearta daoine LADTIA
75. ag cáineadh go láidir na sáruithe ar chearta an duine, lena n-áirítear idirdhealú, stiogmatú, coinneáil threallach, céasadh, géarleanúint agus maruithe, atá os comhair daoine LADTIA ar fud an domhain i gcónaí; á chreidiúint nár cheart cleachtais agus gníomhartha foréigin in aghaidh daoine aonair bunaithe ar a bhfíorchlaonadh gnéasach nó a bhraitear atá acu, a bhféiniúlacht inscne, a léiriú inscne nó a saintréithe gnéis a bheith gan phionós agus nach mór iad a dhíothú; á chur i bhfáth go bhfuil daoine LADTIA agus a gcosantóirí ar fud an domhain, ag tabhairt aghaidh ar sháruithe ar chearta an duine i gcónaí, lena n-áirítear idirdhealú, stiogmatú, géarleanúint, foréigean agus maruithe; á iarraidh ar AE dlús a chur lena iarrachtaí chun a áirithiú gur féidir le daoine LADTIA lántairbhe a bhaint as a gcearta daonna go hinmheánach agus go seachtrach, agus ról ceannasach a imirt maidir lena gcosaint ina bheartais sheachtracha a chosaint; á iarraidh go ndéanfar straitéis comhionannais LADTIA 2020-2025 a chur chun feidhme go hiomlán mar uirlis AE chun feabhas a chur ar staid daoine LADTIA ar fud an domhain; á iarraidh ar institiúidí AE dea-shampla a thabhairt trí chearta daoine LADTIA a chosaint go réamhghníomhach ar fud an domhain agus trí threoirlínte AE a chur i bhfeidhm go críochnúil agus go comhsheasmhach ar fud bheartas eachtrach AE chun tairbhiú daoine LADTIA as cearta uile an duine a chur chun cinn agus a chosaint;
An tsaoirse tuairimí a nochtadh, saoirse na meán agus an ceart chun faisnéise
76. á chur i bhfios go láidir a ríthábhachtaí atá an tsaoirse tuairimí a nochtadh – ar líne agus as líne – agus rochtain ar fhaisnéis iontaofa don daonlathas agus chun go mbeadh an spás sibhialta faoi bhláth; á chur in iúl gur cúis mhór imní di na srianta agus na sáruithe atá ag teacht ar na cearta chun príobháideachta, chun saoirse tuairimí a nochtadh, chun saoirse faisnéise agus chun saoirse comhlachais agus tionóil arna bhforchur ag gníomhaithe stáit agus neamhstáit in go leor tíortha ar fud an domhain, go háirithe d’iriseoirí, trí chinsireacht nó tríd an ngá atá le féinchinsireacht agus le mí-úsáid dlíthe maidir leis an bhfrithsceimhlitheoireacht, sciúradh airgid, clúmhilleadh agus éilliú, a fhónann chun iriseoirí, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus cosantóirí chearta an duine a chur ina dtost; ag cáineadh na húsáide a bhaintear as téarmaíocht róleathan lena gceadaítear d’údaráis gníomhartha gan áireamh a eisreachtú agus obair dhlisteanach ar chearta an duine a choiriúlú, agus an easpa coimircí leordhóthanacha ar chearta an duine i gcuid mhaith de na píosaí reachtaíochta sin, go háirithe maidir leis an gceart chun triail chóir a fháil; ag cáineadh, ina theannta sin, úsáid teicneolaíochtaí amhail earraí spiaireachta chun géarleanúint a dhéanamh ar iriseoirí nó chun a gcuid oibre a bhac nó a rialú; á chur in iúl gur cúis mhór imní di, thairis sin, sábháilteacht fhisiciúil iriseoirí, ionsaithe ina gcoinne, lena n-áirítear maruithe seachbhreithiúnacha agus coinneáil threallach, agus gur maraíodh níos mó ná 61 iriseoir agus oibrí meán go dtí seo in 2022;
77. á iarraidh ar an gCoimisiún an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh a choimirciú agus rochtain phoiblí ar fhaisnéis a áirithiú tríd an idirlíon mar mhodh chun saoirse cainte a bhaint amach; ag cáineadh na gcniogbheartaíocht brúidiúil agus úsáid fornirt, ciapadh, coinneáil threallach agus maruithe seachbhreithiúnacha i gcoinne agóideoirí síochánta i roinnt tríú tíortha;
78. á iarraidh ar an Aontas tacú le foinsí inchreidte meán agus faisnéise lena gcuirtear le cuntasacht na n-údarás agus le haistrithe daonlathacha; á chur in iúl gur cúis imní di an úsáid fhorleathan a bhaintear as cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht an phobail (SLAPPanna) chun iriseoirí, gníomhaithe, ceardchumannaithe agus cosantóirí chearta an duine, lena n-áirítear cosantóirí chearta an duine maidir leis an gcomhshaol a chur ina dtost ar fud an domhain; á chur i bhfios go láidir go gcuireann an cleachtas sin srian breise ar an spás don tsochaí shibhialta agus do chosantóirí chearta an duine ar fud an domhain, i gcomhthéacs ina bhfuil laghdú leanúnach tagtha ar an spás sibhialta le roinnt blianta anuas agus ina bhfuil údaráis phoiblí agus gníomhaithe príobháideacha ag ionsaí níos mó agus níos mó ar na cearta chun tuairimí a nochtadh agus chun saoirse comhlachais agus comhthionóil; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, an togra ón gCoimisiún le haghaidh treoir arb é is aidhm di iriseoirí agus cosantóirí chearta an duine a chumhdach ar imeachtaí éagóracha cúirte agus ar SLAPPanna;
79. ag tathant ar an gCoimisiún agus ar SEGS, i gcomhar leis na Ballstáit, straitéis a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar úsáid fhorleathan SLAPPanna i gcoinne chosantóirí chearta an duine, iriseoirí, gníomhaithe agus ceardchumannaithe ar fud an domhain; á iarraidh, thairis sin, ar an gCoimisiún agus ar SEGS treoir a áireamh maidir le bealaí chun cosaint éifeachtach a chur ar fáil d’íospartaigh SLAPPanna, lena n-áirítear trí chúnamh airgeadais chun táillí dlí a chumhdach, i straitéis den sórt sin; á iarraidh ar thoscaireachtaí AE SLAPPanna a dhoiciméadú agus iad a áireamh ina ngníomhaíochtaí faireacháin, tuairiscithe agus measúnaithe; ag moladh do reachtóirí ó thríú tíortha dlíthe a dhréachtú a bhfuil an cuspóir céanna acu, mar chuid de thionscnaimh ghinearálta atá dírithe ar thacú leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus í a chosaint, lena n-áirítear saoirse na meán agus an t-iolrachas;
80. á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún tionscadail a chistiú chun cabhrú le hiriseoirí i dtaobh saincheisteanna dlíthiúla agus praiticiúla, lena n-áirítear lasmuigh de Aontas, tríd an bplean gníomhaíochta um an daonlathas Eorpach; á iarraidh ar AE dlús a chur lena iarrachtaí cabhrú le hiriseoirí a ndéantar díriú orthu ar fud an domhain agus a sábháilteacht a áirithiú, lena n-áirítear trí thearmann agus modhanna sábháilte a sholáthar chun leanúint dá gcuid oibre i gcás ina mbeidh orthu a n-áit chónaitheachta a fhágáil agus trí oibriú go dlúth le tíortha comhpháirtíochta ar an ábhar sin, go háirithe faoi chuimsiú chomhaontuithe comhpháirtíochta AE le tríú tíortha; á chur in iúl gur geal léi an ról chun na críche sin atá ag cláir amhail Media4Democracy agus ag gníomhaíochtaí na Dearlaice Eorpaí don Daonlathas arna gcistiú ag an Aontas;
81. á chur in iúl gur chúis mhór imní di go bhfuil srian á chur leis an tsaoirse acadúil agus go bhfuil méadú ag teacht ar chinsireacht agus príosúnacht scoláirí ar fud an domhain, rud a bhfuil iarmhairtí tábhachtacha aige don cheart chun oideachais; á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit dlús a chur lena n-iarrachtaí taidhleoireachta agus lena gcosaint éigeandála agus lena dtacaíocht trí rannpháirtíocht dhéthaobhach agus iltaobhach i ndáil le bagairtí nó ionsaithe ar shaoirse acadúil ag gníomhaithe stáit agus neamhstáit; á iarraidh ar AE tacaíocht ardleibhéil leanúnach a áirithiú do Champas Domhanda Chearta an Duine, mar shampla suaitheanta de thacaíocht AE d’oideachas chearta an duine ar fud an domhain;
An ceart chun na saoirse smaointeoireachta, coinsiasa, reiligiúin nó creidimh
82. ag tabhairt dá haire go raibh, in 2021, 40 bliain caite ó rinneadh Dearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Gach Cineál Neamhfhulaingthe agus Idirdhealaithe Bunaithe ar Reiligiún nó ar Chreideamh a Dhíothú; á mheabhrú gur ceart bunúsach atá ag gach duine an tsaoirse smaointeoireachta, coinsiasa, reiligiúin nó creidimh agus go bhfuil feidhm aici maidir le gach duine go cothrom; ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis mhór imní di, go sáraítear fós in a lán tíortha ar fud an domhain an ceart chun saoirse smaoinimh, coinsiasa agus reiligiúin, chun creideamh a bheith agat nó gan a bheith agat, nó chun a shainaithint mar aindiach nó agnostach, lena n-áirítear an ceart chun tuairimí láidre reiligiúnacha nó neamhchreidimh a léiriú trí léiriú, trí theagasc agus trí chleachtas agus tríd an gceart chun reiligiún duine a athrú nó a fhágáil; á chur i bhfáth go bhfuil tionchar diúltach ag paindéim COVID-19, ós rud é go mbaineann roinnt rialtas úsáid aisti fós mar leithscéal le haghaidh cleachtais idirdhealaitheacha bhreise lena n-áirítear foréigean in aghaidh mionlaigh reiligiúnacha agus ceap milleáin a dhéanamh de mhionlaigh reiligiúnacha; ag cáineadh foréigean i gcoinne daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad agus géarleanúint orthu ar bhonn a gcreidimh nó a reiligiúin; á chur in iúl gur saoth léi go ndéanann sé difear do go leor pobail reiligiúnacha agus chreidimh, chomh maith le grúpaí daoine ar aindiachaithe, daonnaithe, agnósaíocha iad nó nach n-aithníonn le reiligiún ar bith; á thabhairt faoi deara, agus é ina ábhar mór imní di, go bhfuil géarleanúint ag dul i méid ar eagraíochtaí neamhchreidimh, tuata agus daonnacha, lena n-áirítear sraitheanna gríosaithe gan fasach chun foréigin ina gcoinne, fuath agus maruithe, i roinnt tíortha;
83. ag cáineadh na n-ionsaithe i gcoinne an iliomad daoine aonair agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta as creidimh reiligiúnacha a cheistiú, a cháineadh nó a satiriú go síochánta agus á mheabhrú gur léiriú dlisteanach ar shaoirse smaointeoireachta nó ar chruthú ealaíonta é tuairimí criticiúla a chur in iúl maidir le reiligiún;
84. á chur in iúl gur cúis imní di freisin mí-úsáid agus ionstraimiú reiligiúin chun éadulaingt a chothú nó chun an bonn a bhaint de chearta an duine, amhail cearta daoine LADTIA agus cearta na mban, eadhon SRHR, chomh maith le cearta leanaí chun saoirse smaointeoireachta, coinsiasa agus reiligiúin;
85. á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit dlús a chur lena n-iarrachtaí an ceart chun saoirse smaointeoireachta, coinsiasa, reiligiúin nó creidimh a chosaint, na saincheisteanna sin a tharraingt anuas i bhfóraim na Náisiún Aontaithe um chearta an duine agus oibriú le sásraí agus coistí ábhartha na Náisiún Aontaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle cláir uaillmhianacha a chur chun feidhme chun an ceart sin a chosaint ar fud an domhain, lena n-áirítear iarrachtaí idirnáisiúnta a spreagadh agus tacú leo chun fianaise ar choireanna ainghníomhartha a dhéantar ar fhorais creidimh nó reiligiúin a bhailiú, déantóirí na coire a thabhairt os comhair na cúirte, pianbhreitheanna coiriúla a dhéanamh éifeachtach agus cúiteamh a thabhairt do na híospartaigh; á iarraidh ar an gComhairle, ar an gCoimisiún, ar SEGS agus ar na Ballstáit oibriú le tríú tíortha chun bearta a ghlacadh chun an choireacht fuatha a chosc agus a chomhrac i mbeartais sheachtracha uile an Aontais; á iarraidh ar SEGS agus ar thoscaireachtaí AE, i gcás inarb iomchuí, eagraíochtaí creideamhbhunaithe a áireamh ina n-idirphlé leis an tsochaí shibhialta chun beartais um chearta an duine a chur in oiriúint do chomhthéacsanna reiligiúnacha agus cultúrtha tírshonracha, mar gheall ar ról roinnt eagraíochtaí creideamhbhunaithe chun freagairt do ghéarchéimeanna daonnúla, i measc eagraíochtaí eile; á thabhairt faoi deara nár cheart faillí a dhéanamh i gcreat beartais AE maidir le saoirse smaointeoireachta, coinsiasa, reiligiúin agus creidimh i gcás an daonra nach n-aithníonn aon reiligiún; á iarraidh go ndéanfaí meastóireacht ar Threoirlínte AE 2013 maidir le saoirse reiligiúin nó creidimh a chur chun cinn agus a chosaint, dá bhforáiltear in Airteagal 70 de;
Cosantóirí chearta an duine agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta
86. ag tacú go láidir le hobair chosantóirí chearta an duine agus ag tabhairt chun suntais na rioscaí a bhíonn os a gcomhair ina n-iarrachtaí cearta an duine a chosaint, lena n-áirítear bagairtí orthu féin agus ar a dteaghlaigh, ciapadh agus foréigean; ag cáineadh mharú na gcéadta de chosantóirí chearta an duine as a gcuid oibre, ar chosantóirí comhshaoil a bhformhór; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí an Aontais tacú le cosantóirí chearta an duine ina gcuid oibre, lena n-áirítear sásra ProtectDefenders.eu; á iarraidh go gcuirfí dlús leis na hiarrachtaí sin chun na rioscaí méadaitheacha atá os comhair chosantóirí chearta an duine ar fud an domhain a mhaolú, lena n-áirítear coinneáil agus príosúnacht threallach, ionsaithe ó bhéal agus fisiciúil, ciapadh agus srianta dlíthiúla agus bagairtí trasnáisiúnta nó cos ar bolg; á iarraidh ar na Ballstáit gach conradh gníomhach eiseachadta le tíortha ina bhfuil staid chearta an duine ar neamhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta non-refoulement na mBallstát a chur ar fionraí;
87. á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit aghaidh a thabhairt go gníomhach ar iarrachtaí reachtacha nó riaracháin chun deireadh a chur leis an spás chun cearta an duine a chosaint; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit fís straitéiseach ardleibhéil a fhorbairt chun cur i gcoinne na n-ionsaithe domhanda atá ag dul i méid i gcoinne chosantóirí chearta an duine, lena n-áirítear trí chonclúidí láidre ó Chomhairle Gnóthaí Eachtracha AE a ghlacadh lena leagtar síos comhstraitéis ardleibhéil do ghníomhaíocht dhomhanda AE maidir le cosantóirí chearta an duine, agus a ngealltanais pholaitiúla maidir le cosantóirí chearta an duine atá i mbaol a chosaint a chur chun feidhme go hiomlán, amhail iad siúd a áirítear i bplean gníomhaíochta AE don daonlathas agus do chearta an duine 2020-2024 agus i dTreoirlínte AE maidir le cosantóirí chearta an duine; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit tacú go gníomhach freisin le córais chosanta iomchuí agus éifeachtacha a fhorbairt agus a chur chun feidhme do chosantóirí chearta an duine atá i mbaol nó i gcásanna leochaileacha, lena n-áirítear trí chomhairliúchán fóinteach leo agus bunaithe ar anailísí riosca cuimsitheacha, cáilíochtúla, lena n-áirithítear go mbeidh na sásraí sin iomlánaíoch agus go mbeidh acmhainní iomchuí acu, go ndéanfar measúnú agus bainistiú ar na rioscaí ar bhealach coisctheach agus go dtógfar pleananna cosanta a fhreagraíonn go fírinneach do riachtanais chosanta daoine aonair, comharghrúpaí agus pobal; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit, go háirithe ISAE um Chearta an Duine agus ambasadóirí AE, a bheith níos gníomhaí maidir le ráitis phoiblí agus cineálacha eile rannpháirtíochta polaitiúla poiblí agus príobháidí a fhoilsiú chun tacú le cosantóirí chearta an duine atá i mbaol agus leo siúd atá i bpríosún ar feadh tréimhsí fada, chomh maith le cuidiú le cuairteanna príosúin a thabhairt do na cosantóirí sin agus cuairteanna seachtracha a éascú dá dteaghlaigh; á áitiú go dtabharfaidh SEGS agus toscaireachtaí AE aird ar leith ar staid bhuaiteoirí Dhuais Sakharov agus na n-iomaitheoirí deiridh atá i mbaol agus go ndéanfaidh siad gníomhaíocht dhaingean, i gcomhar leis na Ballstáit agus leis an bParlaimint, chun a bhfolláine, a sábháilteacht nó a saoradh a áirithiú; á iarraidh ar SEGS tuairisc a thabhairt go rialta ar an ngníomhaíocht a dhéantar maidir le cásanna bhuaiteoirí agus iomaitheoirí deiridh Dhuais Sakharov atá faoi choinneáil, a bhfuil srianta ar a saoirsí nó nach eol cá bhfuil siad fós;
88. á chur in iúl gur cúis imní di na bacainní a bhíonn ag cosantóirí chearta an duine ar fud an domhain maidir le rochtain a fháil ar víosaí daonnúla agus/nó gearrthéarmacha AE; á mheabhrú a thábhachtaí atá an uirlis bhunriachtanach slándála agus cosanta sin lena gceadaítear do chosantóirí chearta an duine rochtain a fháil ar thearmann sábháilte nuair is gá, chun leas a bhaint as na deiseanna atá ann cheana le haghaidh scíthe agus faoisimh, chun leas a bhaint as cláir athlonnaithe shealadacha agus chun gníomhaíochtaí bunriachtanacha idirnáisiúnta abhcóideachta, slógtha agus líonraithe a dhéanamh ar chríoch AE; á iarraidh go mbeadh scéim uile-Aontais ann chun víosaí daonnúla gearrthéarmacha a eisiúint d’athlonnú sealadach cosantóirí chearta an duine atá i mbaol, chomh maith le beartas níos comhordaithe AE maidir le heisiúint víosaí éigeandála ag na Ballstáit do chosantóirí chearta an duine; á iarraidh ar AE beartas níos intuartha, níos comhordaithe agus níos comhsheasmhaí a fhorbairt maidir le víosaí do chosantóirí chearta an duine, lena gceadófar prótacail sholúbtha agus fhrithghníomhacha, lena n-áirítear i gcásanna criticiúla;
89. á chur in iúl gur saoth léi na cineálacha éagsúla toirmeasc agus teorainneacha atá ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ar a ngníomhaíochtaí, amhail dlíthe, lena n-áirítear dlíthe frithsceimhlitheoireachta, arb é is aidhm dóibh spás na sochaí sibhialta a laghdú agus guthanna easaontacha na sochaí sibhialta a laghdú nó eagraíochtaí atá urraithe ag rialtais tríú tíortha (ENRanna arna n-eagrú ag rialtais (GONGOanna)) a chur chun cinn; á chur in iúl gur saoth léi glacadh forleathan dlíthe gníomhairí eachtracha, mar a thugtar orthu, i go leor tíortha, lena gcuirtear iallach ar dhaoine aonair agus ar eintitis a fhaigheann cistiú ó thar lear iad féin a chlárú mar ghníomhairí eachtracha; á chur in iúl gur cúis imní ar leith di úsáid na ndlíthe sin chun stiogmatú agus srian a chur ar obair na sochaí sibhialta agus chosantóirí chearta an duine, lena n-áirítear tríd an gceart chun rochtain a fháil ar chistiú a shrianadh; á iarraidh ar AE oibriú le contrapháirtithe chun aisghairm nó athbhreithniú na ndlíthe sin a fháil agus á iarraidh ar institiúidí agus comhlachtaí AE, go háirithe SEGS i gcomhar leis an gCoimisiún, straitéis chomhordaithe a fhorbairt chun na críche sin;
90. á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil ar chosantóirí ban ar chearta an duine aghaidh a thabhairt ar fhoréigean inscnebhunaithe agus go bhfuil siad thíos le heaspa rochtana ar acmhainní leormhaithe agus ar shásraí cosanta leormhaithe; ag diúltú don fhíoras go bhfuil cosantóirí chearta an duine ar mná iad agus gníomhaithe chearta na mban fós á n-ionsaí go gnéasach, á mbagairt, á n-imeaglú, á gcoiriúlú agus fiú á marú; á chur in iúl gur saoth léi, ina theannta sin, go ndírítear go háirithe ar chosantóirí chearta an duine ar mná iad atá ag obair ar SRHR ar fud an domhain, agus á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit ionsaithe agus bagairtí ar chosantóirí chearta an duine atá ag obair sa réimse sin a cháineadh go poiblí agus go príobháideach agus ionadaíocht leormhaith chosantóirí SCGA a áirithiú go réamhghníomhach ina chomhairliúcháin; á chur i bhfáth gur gá do AE tacaíocht pholaitiúil agus airgeadais a thabhairt d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta a chuireann cearta na mban agus na gcailíní chun cinn i ngach réimse;
Imircigh agus dídeanaithe
91. ag athdhearbhú chearta daonna doshannta na n-imirceach, na ndídeanaithe agus na ndaoine atá easáitithe go héigeantach, ar cearta iad nach mór a léiriú i mbeartas imirce agus tearmainn an Aontais agus ina chomhar le tríú tíortha sa réimse sin; á chur i bhfáth gur cheart do AE dlús a chur lena iarrachtaí chun bealaí a aithint agus a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna atá leis an imirce neamhrialta agus leis an easáitiú éigeantach, go háirithe mná, leanaí, mionlaigh eitneacha, reiligiúnacha agus creidimh agus daoine faoi mhíchumas, atá i measc na ndaoine is leochailí, ag cur le hathléimneacht phobail tionscnaimh na n-imirceach agus ag cabhrú leo deis a thabhairt dá gcomhaltaí saol cuibhiúil agus sábháilte a bheith acu ina dtír dhúchais; á chur i bhfáth gur gá beartais imirce agus tearmainn a bhainistiú ar bhealach a rialaítear le prionsabail na dlúthpháirtíochta, na cothromaíochta agus chomhroinnt na freagrachta idir tíortha; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit tacú leis na tíortha a bhfuil formhór na ndídeanaithe á n-óstáil acu, chomh maith le tíortha idirthurais agus tíortha tionscnaimh; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit a áirithiú nach ndéanfaidh cistiú Eorpach, oiliúint nó cineálacha eile tacaíochta a bhaineann leis an imirce do thríú tíortha éascú go díreach nó go hindíreach ar sháruithe ar chearta an duine, ná nach dtreiseoidh siad ná nach mbuanóidh siad saoirse ó phionós i leith sáruithe den sórt sin; á athdhearbhú go bhfuil dlúthchomhar agus dlúth-rannpháirtíocht le tríú tíortha ríthábhachtach i gcónaí chun smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chosc; á chur i bhfáth go háirithe gur gá an comhrac i gcoinne grúpaí coireachta eagraithe a bhíonn ag gabháil do gháinneáil ar dhaoine a leathnú, ar cheart iad a bheith i gcomhréir go docht le caighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine; á chur i bhfáth, i ndáil leis sin, gur den ríthábhacht é faisnéis a scaipeadh agus feachtais múscailte feasachta a bheith ann maidir leis na rioscaí a ghabhann le smuigléireacht; á iarraidh ar oibríochtaí daonnúla arna gcistiú ag AE riachtanais shonracha leanaí agus grúpaí leochaileacha eile a chur san áireamh agus a áirithiú go gcosnófar iad agus iad á n-easáitiú; ag cáineadh, ina leith sin, socrúchán leanaí imirceacha in ionaid choinneála, go háirithe nuair atá siad scartha óna dtuismitheoirí nó óna gcaomhnóirí dlíthiúla; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé creat éifeachtach de chonairí sábháilte dlíthiúla chuig an Aontas a fhorbairt agus á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le scileanna agus tallann a mhealladh chuig an Aontas, lena n-áirítear Comhpháirtíochtaí Tallainne a fhorbairt le tíortha comhpháirtíochta;
92. á mheabhrú go bhfuil rún daingean aici seasamh le cearta dídeanaithe, dá bhforáiltear le dlíthe idirnáisiúnta um chearta an duine agus um dhídeanaithe, go háirithe Coinbhinsiún 1951 maidir le Stádas Dídeanaithe agus Prótacal 1967 a ghabhann leis; á mheabhrú go bhfuil oibleagáidí ar na stáit dídeanaithe a chosaint agus a gcearta a urramú i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta ábhartha; á chur in iúl gur saoth léi líon na mbásanna imirceach a tharlaíonn feadh bealaí imirce agus brú siar neamhdhleathach de shárú ar an dlí idirnáisiúnta; á mheabhrú gur cheart do AE agus a Bhallstáit, ina ngníomhaíochtaí seachtracha agus seach-chríochacha, ina gcomhaontuithe agus ina gcomhar i réimsí na himirce, na dteorainneacha agus an tearmainn, cearta an duine a urramú agus a chosaint, go háirithe na cearta sin a chumhdaítear sa Chairt, lena n-áirítear an ceart chun na beatha, an ceart chun saoirse agus an ceart chun tearmann a lorg, tríd an measúnú aonair ar iarratais ar thearmann agus trí phrionsabal an non-refoulement; á thabhairt chun suntais, i ndáil leis sin, a thábhachtaí atá sé do na Ballstáit dea-shampla a thabhairt trína n-oibleagáidí faoin dlí idirnáisiúnta um dhídeanaithe a chomhlíonadh go docht, agus a thábhachtaí atá sé a gcúnamh a mhéadú go suntasach dóibh siúd atá ag teitheadh ó bhrú faoi chois nó ó chogadh, dá n-acmhainn óstach agus dá ngealltanais athlonnaithe;
93. á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit a bheith go hiomlán trédhearcach maidir le cistí a leithdháileadh ar thríú tíortha le haghaidh comhar i gcúrsaí imirce; á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún measúnuithe riosca ex-ante trédhearcacha a áirithiú a dhéanann comhlachtaí agus saineolaithe neamhspleácha AE maidir le tionchar aon chomhair fhoirmiúil, neamhfhoirmiúil nó airgeadais AE le tríú tíortha ar chearta imirceach, dídeanaithe agus daoine easáitithe go héigeantach, agus na measúnuithe sin a chur san áireamh go hiomlán, chomh maith le sásraí faireacháin, chun meastóireacht a dhéanamh ar thionchar an chomhair le tríú tíortha ar chearta an duine; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, maidir leis an líon daoine a easáitíodh go héigeantach ar fud an domhain mar thoradh ar ghéarleanúint, ar choinbhleacht, ar fhoréigean, ar sháruithe ar chearta an duine nó ar theagmhais lenar cuireadh isteach go mór ar an ord poiblí, gur shroich an líon daoine sin 89 milliún – líon gan fasach – faoi dheireadh 2021, ar leanaí 36.5 milliún díobh; á mheabhrú go bhfuil bacainní roimh dhídeanaithe agus imircigh, go háirithe imircigh gan doiciméid, maidir le rochtain ar chúram sláinte ar fud an domhain, gur minic a tharlaíonn foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe le linn easáitithe, agus nach bhfaigheann marthanóirí foréigin ghnéasaigh agus inscnebhunaithe an cúram sláinte riachtanach gnéis agus atáirgthe atá de dhíth orthu; á chur i bhfáth, sa chomhthéacs sin, go bhfuil an ghníomhaíocht agus an comhar idirnáisiúnta níos riachtanaí ná mar a bhí aon uair riamh chun cosaint do dhídeanaithe a áirithiú;
Pobail dhúchasacha
94. ag tabhairt dá haire, agus á chur in iúl gurb oth léi go leanann pobail dhúchasacha de bheith ag tabhairt aghaidh ar idirdhealú agus géarleanúint fhorleathan agus chórasach ar fud an domhain, lena n-áirítear easáitiú éigeantach; ag cáineadh gabhálacha treallacha agus marú chosantóirí chearta an duine agus na talún a sheasann ar son chearta na bpobal dúchasach; á mheabhrú go bhfuil ról tábhachtach ag pobail dhúchasacha chun acmhainní nádúrtha a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe agus chun an bhithéagsúlacht a chaomhnú; ag tathant ar rialtais beartais forbartha agus chomhshaoil a shaothrú lena n-urramaítear cearta eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha, agus atá cuimsitheach do phobail dhúchasacha agus do phobail áitiúla, i gcomhréir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe; ag athdhearbhú a hiarrata ar AE, ar a Bhallstáit agus ar a gcomhpháirtithe sa chomhphobal idirnáisiúnta na bearta uile is gá a ghlacadh chun cearta na bpobal dúchasach a aithint, a chosaint agus a chur chun cinn, lena n-áirítear maidir lena dteangacha, a dtailte, a gcríocha agus a n-acmhainní, mar a leagtar amach i nDearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach, go háirithe i ndáil le toiliú saor, roimh ré agus feasach; ag moladh go ndéanfaidh an tAontas agus a chuid Ballstát tagairtí do phobail dhúchasacha agus do na cearta atá i nDearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach a chur san áireamh sna creataí ábhartha díchill chuí atá ag teacht chun cinn; á athdhearbhú gur gá sásra casaoide a chruthú chun gearáin a thaisceadh maidir le sáruithe agus mí-úsáidí ar chearta na bpobal dúchasach a eascraíonn as gníomhaíochtaí gníomhaithe stáit agus neamhstáit; á mholadh do thíortha nach ndearna forálacha Choinbhinsiún Uimh. 169 na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair an 27 Meitheamh 1989 maidir le Pobail Dhúchasacha agus Threibheacha a dhaingniú amhlaidh a dhéanamh;
Cogaí agus coinbhleachtaí thart timpeall an domhain agus a dtionchar ar chearta an duine
95. á chur in iúl gur cúis mhór imní di marthanacht sciúirse cogaí agus coinbhleachtaí míleata ann ar fud an domhain; á chur i bhfáth gur ann don iliomad bagairtí ar chearta an duine de bharr cogaíocht agus coinbhleachtaí nua-aimseartha thart timpeall an domhain sa lá atá inniu ann; á chur i bhfios go láidir gurb amhlaidh, sa bhreis ar na Páirtithe Stáit iad féin, gur minic a bhíonn gníomhairí neamhstáit páirteach sna coinbhleachtaí sin, lena n-áirítear cuideachtaí príobháideacha míleata agus slándála chomh maith le heagraíochtaí sceimhlitheoireachta; á chur i bhfáth go mbíonn iarmhairtí daonnúla tubaisteacha ann de dheasca na gcoinbhleachtaí sin agus go mbíonn tionchar tubaisteach acu ar shibhialtaigh, a ndéantar spriocdhíriú díreach orthu, a chaitheann sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine a fhulaingt, agus nach mbíonn rochtain ar bith acu nó gan ach rochtain theoranta acu go minic ar an gceartas nó ar leigheasanna dlíthiúla; á iarraidh ar AE leanúint d’uirlisí a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun é a chur ar a chumas freagairt go tapa agus go héifeachtúil do choinbhleachtaí den sórt sin, lena n-áirítear trí aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna atá leo, trí infheistíocht a dhéanamh in iarrachtaí chun coinbhleachtaí a chosc agus a idirghabháil, trí spás le haghaidh réitigh pholaitiúla a lorg agus a chothabháil, trí comhghuaillíochtaí a chruthú le tíortha agus eagraíochtaí réigiúnacha atá ar aon intinn leo, trí thacaíocht bhreise airgeadais agus theicniúil agus pearsanra breise a chur ar fáil do mhisin shibhialta na síochánaíochta agus do mhisin oibríochtaí míleata, agus trí thionscnaimh cothaithe muiníne idir cogaíoch a chur chun cinn; á iarraidh ar AE cuidiú chun deireadh a chur le sáruithe ar chearta an duine agus cúnamh a chur ar fáil do na híospartaigh;
96. ag cáineadh an mhéadaithe atá tagtha ar sháruithe ar bhunreachtanna daonlathacha ar fud an domhain; á athdhearbhú gur cúis imní di an bhagairt atá ann mar gheall ar tháthcheangail mhíleata ar chostas beatha sibhialtach, slándála agus síochána; á chur i bhfáth gur gá cuntasacht a neartú agus saoirse ó phionós a chomhrac i gcás sáruithe ar chearta an duine agus coireanna cogaidh a rinneadh mar thoradh ar athruithe ar an réimeas foréigneach;
97. á athdhearbhú go ngéaraítear ar dhúshláin a bhaineann le cúram sláinte le linngéarchéimeanna daonnúla agus á mheabhrú, i gcriosanna géarchéime, go bhfuil grúpaí leochaileacha amhail dídeanaithe, mná agus cailíní go háirithe neamhchosanta ar fhoréigean gnéasach, ar ghalair ghnéas-tarchurtha, ar theacht i dtír gnéasach, ar éigniú mar arm cogaidh agus ar thoircheas gan iarraidh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit ardtosaíocht a thabhairt don chomhionannas inscne agus don tsláinte ghnéis agus atáirgthe ina bhfreagairt ar chabhair dhaonnúil, lena n-áirítear i dtéarmaí oiliúna do ghníomhaithe daonnúla agus cistiú amach anseo; á iarraidh ar AE dearcadh atá íogair ó thaobh inscne de a ghlacadh chun tuiscint a fháil ar an tionchar a bhíonn ag coinbhleachtaí ar mhná agus ar phobal LADTIA agus é a chomhtháthú ina chuid iarrachtaí maidir le coinbhleachtaí a chosc agus a réiteach, agus maidir le coimeád na síochána, cabhair dhaonnúil agus oibríochtaí atógála iarchoinbhleachta, ceartas idirthréimhseach agus cur chun cinn chearta an duine agus athchóirithe daonlathacha;
98. ag athdhearbhú a hiarrata ar na Ballstáit cabhrú le coinbhleachtaí armtha agus sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine nó ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta a shrianadh trí chloí go docht le forálacha Airteagal 7 maidir le Measúnú Onnmhairiúcháin agus Onnmhairiúcháin de Chonradh Trádála Arm na Náisiún Aontaithe agus le forálacha Chomhsheasamh AE maidir le honnmhairiú arm(28), lena n-áirítear trí dhiúltú d’aon aistriú arm agus trealaimh faireachais a mbeadh an baol ann go ndéanfadh nó go n-éascódh na gníomhaithe allmhairiúcháin sáruithe ar chearta an duine nó ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta;
An ceart chun bia agus slándáil an tsoláthair bia
99. á athdhearbhú gur ceart daonna é an ceart a bheith saor ón ocras; á chur i bhfios go láidir gur cúis mhór imní di na dúshláin atá roimh an gceart chun bia agus roimh shlándáil an tsoláthair bia agus inacmhainneacht an bhia ina lán tíortha ar fud an domhain; á iarraidh ar an Aontas, ar na Ballstáit agus ar an gcomhphobal idirnáisiúnta dlús a chur láithreach lena n-iarrachtaí stop a chur leis an treocht go bhfuil ganntanais thromchúiseacha bhia ag teacht chun cinn; á chur i bhfios go láidir, cé go bhfuil roinnt cúiseanna le staid bhaolach na slándála bia, gur measa fós í mar gheall ar go leor coinbhleachtaí a tharla ar fud an domhain, lena n-áirítear coinbhleachtaí reatha i dtíortha atá ina n-onnmhaireoirí móra domhanda táirgí príomhúla bia, a bhfuil iarmhairtí ollmhóra acu i roinnt limistéar den domhan; ag cáineadh go láidir úsáid nó bagairt na neamhdheimhneachta bia mar uirlis pholaitiúil chogaidh;
100. á thabhairt chun suntais, agus é ina ábhar imní di, gur féidir cúlra reiligiúnach, creidimh nó eitneach a úsáid mar fhachtóir idirdhealaitheach i ndáileadh bia agus cabhair dhaonnúil i gcomhthéacs neamhshlándáil an tsoláthair bia agus géarchéimeanna daonnúla; á iarraidh ar AE, ar a Bhallstáit agus ar an gCoimisiún aird rialtais na dtríú tíortha lena mbaineann a tharraingt ar an tsaincheist sin;
An t-athrú aeráide agus an comhshaol
101. á chur i bhfios go láidir go bhfuil cearta an duine, comhshaol folláin agus an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide ag brath ar a chéile; á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta chun aitheantas a thabhairt don cheart chun comhshaol glan, sláintiúil agus inbhuanaithe, mar a leagtar amach i Rún 76/300 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe; á chur i bhfáth gur mór aici an obair bhunriachtanach atá déanta ag cosantóirí chearta an duine maidir leis an gcomhshaol, lena n-áirítear cosantóirí talún agus uisce, iriseoirí, iriseoirí iniúchacha, sceithirí, dlíodóirí agus gníomhaithe dúchasacha, chun an comhshaol a chaomhnú agus a choimirciú in ainneoin bagairtí foréigin ina gcoinne agus an baol dá saol; ag aithint, thairis sin, an ról tábhachtach atá ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta, chomh maith le pobail dhúchasacha as a gcuid oibre thar a bheith luachmhar i gcaomhnú agus i gcosaint an chomhshaoil;
102. á chur i bhfáth go gcuireann an t-athrú aeráide teachtadh chearta an duine i mbaol, lena n-áirítear an ceart chun slándáil bia, uisce óil sábháilte, sláintíocht, sláinte agus tithíocht leormhaith, chomh maith le cearta na bpobal áitiúil; ag diúltú do shaothrú neamhdhleathach acmhainní nádúrtha, ar dúshlán mór inbhuanaitheachta agus comhshaoil é; ag tarraingt aird, thairis sin, ar na rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide don tsíocháin agus don tslándáil, ós rud é go bhféadfadh iomaíocht thar acmhainní nádúrtha a bheith mar thoradh ar neamhdheimhneacht an tsoláthair bia agus ar an nganntanas uisce agus ansin d’éagobhsaíocht agus do choinbhleachtaí laistigh de stáit agus idir stáit; á chur i bhfáth go bhfuil an bhithéagsúlacht agus cearta an duine idirnasctha agus idirspleách agus ag meabhrú na hoibleagáidí atá ar stáit maidir le cearta an duine an bhithéagsúlacht a chosaint a bhfuil na cearta sin ag brath uirthi, lena n-áirítear trí fhoráil a dhéanamh do rannpháirtíocht na saoránach i gcinntí a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus trí rochtain a sholáthar ar leigheasanna éifeachtacha i gcás chailliúint agus díghrádú na bithéagsúlachta;
103. á iarraidh ar AE féachaint le héifeachtaí na n-athruithe aeráide a chomhrac trí, inter alia, gníomhaíochtaí beartais éifeachtacha agus inbhuanaithe a thabhairt isteach, agus spriocanna Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit dlús a chur lena rannchuidiú leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus chailliúint na bithéagsúlachta ar fud an domhain, go háirithe trína áirithiú go dtáirgtear earraí arna n-allmhairiú ag AE i gcomhréir le cearta an duine atá cosanta faoin dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear cearta na ndaoine dúchasacha, agus nach gcuireann siad le scriosadh nó damáiste na n-éiceachóras nádúrtha, go háirithe foraoisí príomhúla agus cianaosta, agus úsáid á baint as cur chuige cothrom nach ndéanann dochar do phobail i dtríú tíortha; á thabhairt chun suntais gurb iad na tíortha is lú forbairt na tíortha is leochailí i leith an athraithe aeráide, ós rud é gur deacra dóibh a thionchar tubaisteach a sheasamh, in ainneoin cainníochtaí níos lú gás ceaptha teasa a tháirgeadh ná mar a tháirgeann tíortha níos saibhre;
Gnó, trádáil agus cearta an duine
104. á chur i bhfios go láidir gur minic a thugtar an deis don Aontas le comhaontuithe trádála oibriú le tríú tíortha chun aghaidh a thabhairt ar a staid intíre trí choinníollacha áirithe a thabhairt lena bhféadfaí na caighdeáin mhaireachtála a fheabhsú, chomh maith le foráil a dhéanamh do choinníollacht chun feabhas a chur ar an staid ó thaobh chearta an duine sna tíortha sin; ag tabhairt dá haire, áfach, gur beag feabhas a tháinig, má tháinig feabhas ar bith, ar na tíortha lena mbaineann i gcásanna áirithe; ag tabhairt dá haire gur minic a bhíonn éifeachtaí díobhálacha ag gníomhaíochtaí gnó iomarcacha agus dúshaothraithe ar chearta an duine i dtríú tíortha; á mheabhrú go bhforáiltear leis na clásail shubstainteacha a áirítear i gcomhaontuithe trádála nach mór do Páirtithe Stáit cearta an duine a urramú, a chosaint agus a chothú mar a luaitear i nDearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, sa ghnáthdhlí agus sna coinbhinsiúin idirnáisiúnta a bhfuil siad ina bpáirtithe iontu;
105. á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit cniogbheartaíocht i gcoinne na sochaí sibhialta a cháineadh go láidir, go háirithe nuair a tharlaíonn siad i dtíortha lena bhfuil CSTanna tugtha i gcrích ag AE, agus teagmháil éifeachtach a dhéanamh leis na húdaráis náisiúnta sna tíortha sin, lena n-áirítear ar an leibhéal is airde, chun a áirithiú go bhféadfaidh an tsochaí shibhialta gníomhú faoi shaoirse, páirt a ghlacadh i ngnóthaí poiblí agus faireachán agus doiciméadú a dhéanamh ar chur chun feidhme CSTanna; á iarraidh ar AE aghaidh a thabhairt ar aon sárú ar ghealltanais CST, lena n-áirítear iad siúd a leagtar amach sna caibidlí maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe agus sna clásail bhunriachtanacha de chomhpháirtíochtaí agus de chomhaontuithe comhair; i gcásanna sáruithe tromchúiseacha nó forleathana, á dhearbhú gur cheart do AE clásail maidir le cearta an duine a spreagadh, coinníollacht thiomnaithe agus bearta leordhóthanacha a bheartú, ar an mbonn sin, lena n-áirítear comhlacht tiomnaithe faireacháin ar chearta an duine a bhunú chun measúnú a dhéanamh ar urramú na ngealltanas maidir le cearta an duine faoi CSTanna agus chun moltaí a chur ar fáil do na páirtithe;
106. á iarraidh ar AE úsáid chomhsheasmhach a bhaint as clásail i gcomhaontuithe trádála lena gcosnaítear cearta an duine, lena n-áirítear faireachán níos dlúithe agus forfheidhmiú níos dlúithe a dhéanamh ar ghealltanais maidir le cearta an duine, agus leas a bhaint as acmhainneacht iomlán na coinníollachta maidir le cearta an duine chun rochtain fhabhrach ar a mhargadh a dheonú do thríú tíortha; á iarraidh, go háirithe, go mbeadh nasc níos dlúithe idir cóir fhabhrach agus dul chun cinn maidir le cearta an duine sa Rialachán nuashonraithe maidir le Scéim na bhFabhar Ginearálaithe (GSP+); á iarraidh go mbeadh níos mó trédhearcachta ann le linn gach céime den nós imeachta chun stádas GSP+ a dheonú, lena n-áirítear rannpháirtíocht fheabhsaithe leis an tsochaí shibhialta agus obair leantach a dhéanamh ar aon sáruithe a d’fhéadfadh a bheith ann; á iarraidh ar an gCoimisiún an Pharlaimint a choinneáil ar an eolas go leormhaith maidir le hábhair sa réimse sin; á iarraidh ar na páirtithe a bhfuil baint acu le comhaontuithe AE a chaibidliú nó caidreamh AE a bhunú nó a neartú le tríú tír scrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht buaniarratas déthaobhach a leathnú chun breathnú ar a dtoghcháin faoi seach; á chur i bhfáth gur cheart aghaidh a thabhairt ar an bhféidearthacht sin freisin i gcomhaontuithe atá ann cheana; á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún measúnuithe tionchair ar chearta an duine a dhéanamh go córasach agus iad dírithe ar na rioscaí a bhaineann le sáruithe ar chearta an duine sula ndeonaítear aon chóir fhabhrach do thír agus imscrúdú tapa a dhéanamh ar aon sáruithe agus freagairt orthu, lena n-áirítear stádas GSP+ a chúlghairm más gá sin; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le hacmhainní leormhaithe agus nósanna imeachta soiléire chun na measúnuithe tionchair ar chearta an duine a dhéanamh go cuí agus chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm coinbhinsiún idirnáisiúnta maidir le cearta an duine; á iarraidh, ina leith sin, go bhfaigheadh toscaireachtaí AE lena mbaineann méadú ar acmhainní daonna chun rannchuidiú leis na measúnuithe sin agus le faireachán AE ar rochtain fhabhrach trádála ar mhargadh AE faoi scéim GSP+;
107. á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún le haghaidh treoir maidir le dícheall cuí inbhuanaitheachta corparáidí mar chéim i dtreo iompar corparáideach freagrach a chothú i ndáil le cearta an duine, cearta saothair agus cearta comhshaoil; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé cuideachtaí a choimeád cuntasach trí shásraí breithiúnacha, lena n-áirítear dliteanas sibhialta; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart feidhm a bheith ag ceanglais na treorach maidir le tuairisciú ar na straitéisí inbhuanaitheachta agus díchill chuí maidir le gach gnóthas mór agus maidir le gnóthais bheaga agus mheánmhéide a liostaítear go poiblí nó a oibríonn i réigiúin agus in earnálacha eacnamaíocha ardriosca; á iarraidh go n-áireofaí sa treoir airteagal sonrach maidir le comhairliúchán le geallsealbhóirí, go háirithe daoine dá ndéantar difear agus pobail áitiúla, ceardchumainn, ionadaithe oibrithe agus cosantóirí chearta an duine;
108. ag cáineadh gach cineál saothair éigeantais agus sclábhaíochta nua-aimseartha; á thabhairt chun suntais, de réir na tuarascála is déanaí dar teideal Global Estimates of Modern Slavery [Meastacháin Dhomhanda ar Sclábhaíocht Nua-Aimseartha], go raibh 2,7 milliún duine eile faoi réir saothar éigeantais idir 2016 agus 2021, agus suas le 17,3 milliún duine san earnáil phríobháideach amháin; á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán maidir le toirmeasc a chur ar tháirgí a dhéantar le saothar éigeantais ar mhargadh an Aontais; á thabhairt chun suntais freisin gur ghéaraigh paindéim COVID-19 an treocht sin; á chur i bhfáth gur tháinig meath ar dhálaí oibre do go leor oibrithe mar thoradh ar an ngéarchéim, i gcásanna áirithe a mbíonn saothar éigeantais mar thoradh orthu; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit gníomhaíochtaí a stiúradh i bhfóraim ilnáisiúnta chun saothar éigeantais agus sclábhaíocht nua-aimseartha a dhíothú; á mheabhrú do na Ballstáit gur gá na gníomhaíochtaí sin a dhéantar sna tíortha tionscnaimh agus i ngrúpaí a bhfuil soghluaisteacht idirnáisiúnta acu a ionchúiseamh agus a cháineadh; á iarraidh an athuair go ndéanfadh gach tír Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine a chur chun feidhme go hiomlán, agus á iarraidh ar na Ballstáit sin de AE nár ghlac pleananna gníomhaíochta náisiúnta go fóill maidir le cearta gnó é sin a dhéanamh a luaithe is féidir; á mholadh do AE agus a chuid Ballstát páirt chuiditheach agus ghníomhach a ghlacadh in obair mheitheal idir-rialtasach oscailte na Náisiún Aontaithe maidir le corparáidí trasnáisiúnta agus fiontair ghnó eile i ndáil le cearta an duine agus sainordú caibidlíochta a ghlacadh chun na críche sin; ag meas gur céim riachtanach chun tosaigh é sin i gcur chun cinn agus i gcosaint chearta an duine;
109. ag géarcháineadh an chleachtais mhéadaithigh atá ag stáit fhorlámhacha maidir le himeachtaí ollmhóra spóirt nó cultúrtha a óstáil chun a ndlisteanacht idirnáisiúnta a threisiú agus tuilleadh srianta a chur ar easaontú intíre; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit teagmháil a dhéanamh le cónaidhmeanna náisiúnta spóirt, le gníomhaithe corparáideacha agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta ar a mbealaí chun páirt a ghlacadh in imeachtaí den sórt sin; á iarraidh go bhforbrófaí creat beartais AE maidir leis an spórt agus le cearta an duine;
Cearta an duine agus teicneolaíochtaí digiteacha
110. á chur i bhfáth nach mór an réimse digiteach a chuimsiú go hiomlán i gcearta an duine agus nach mór iad a chosaint ar úsáid neamhdhleathach na teicneolaíochta, ag gníomhaithe stáit nó neamhstáit a sholáthraíonn na teicneolaíochtaí sin nó a bhaineann tairbhe astu; á chur i bhfios go láidir na rioscaí a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha, lena n-áirítear an intleacht shaorga, do shaoirse phearsanta, don cheart chun príobháideachais agus chun daonlathais i gcoitinne agus ag cáineadh ról na dteicneolaíochtaí digiteacha i sáruithe ar chearta an duine, go háirithe trí fhaireachas, faireachán, ciapadh agus teorainneacha ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh; á chur i bhfáth na bagairtí a bhaineann le feachtais bhréagaisnéise, in éineacht le huirlisí digiteacha; á chur i bhfáth freisin, i ngeall ar theicneolaíochtaí digiteacha nua, go bhfuil bagairt shonrach ann do chosantóirí chearta an duine, do dhaoine ón bhfreasúra, d’iriseoirí agus do dhaoine eile maidir lena ngníomhaíochtaí a rialú, a shrianadh agus an bonn a bhaint uathu; á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí níos déine chun creat dlíthiúil domhanda cuimsitheach a bhunú maidir le teicneolaíochtaí digiteacha, lenar cheart leas a bhaint as na gnóthachain a d’fhéadfadh a bheith ag baint le teicneolaíochtaí den sórt sin ar mhaithe le folláine an duine, agus cearta an duine á n-urramú go docht ag an am céanna; ag áitiú a thábhachtaí atá cibearspás oscailte, saor, cobhsaí agus slán a sheasann le bunluachanna an daonlathais, chearta an duine agus an smachta reachta; ag tacú go láidir le noirm dheonacha, neamhcheangailteacha maidir le hiompar freagrach stáit sa chibearspás, lena gcuimsítear urraim do phríobháideachas agus do chearta bunúsacha na saoránach; á iarraidh go nglacfar an Gníomh um an Intleacht Shaorga (IS) go pras mar uirlis éifeachtach chun a áirithiú go n-úsáidfear IS chun na críche sin, agus béim ar leith á leagan ar IS ardriosca; á iarraidh go n-áireofaí geilleagar aird — a úsáideann ardáin na meán sóisialta, i measc daoine eile — faoi raon feidhme IS ardriosca chun grúpaí leochaileacha a chosaint ar dhíriú orthu le bréagaisnéis agus le mí-ionramháil tuairimí poiblí;
111. á chur in iúl gur saoth léi cleachtais ag réimis fhorlámhacha, i measc daoine eile, a chuireann teorainn le rochtain na saoránach ar an idirlíon, lena n-áirítear lándorchuithe idirlíne le linn tionóil phoiblí agus agóidí; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit, i gcomhar le tíortha daonlathacha eile, infheistíocht a dhéanamh i dtaighde agus i dteicneolaíocht lena gceadófar rochtain dhomhanda gan cur isteach agus inacmhainne ar an idirlíon; á iarraidh ar AE maoiniú a dhéanamh ar thaighde ar bhealaí digiteacha éifeachtacha chun bréagnuacht, bréagaisnéis agus bolscaireacht mhailíseach atá á scaipeadh go digiteach a scagadh agus a chomhrac;
o o o
112. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh um Chearta an Duine, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, chuig Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, chuig Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe, chuig an Uachtarán ar an 78ú seisiún de Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, chuig Uachtarán Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, chuig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine agus Cinn Toscaireachta AE.
Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir Ballstáit agus na daoine sin á nglacadh isteach acu agus na hiarmhairtí lena mbaineann á mbraistint (IO L 212, 7.8.2001, lch. 12).
Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus feidhmiú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30).
Cinneadh 2011/168/CBES ón gComhairle an 21 Márta 2011 maidir leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2003/444/CBES (IO L 76, 22.3.2011, lch. 56).