Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 2 Feabhra 2023 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla (COM(2021)0731 – C9-0433/2021 – 2021/0381(COD))(1)
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Leasú 1 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 1
(1) Tá soláthar na fógraíochta polaitiúla agus an t-éileamh uirthi ag dul i méid agus tá gné thrasteorann na fógraíochta sin ag méadú de réir a chéile. Tá baint ag líon mór seirbhísí éagsúlaithe leis an ngníomhaíocht sin agus an líon sin ag méadú de réir a chéile, seirbhísí amhail comhairleachtaí polaitiúla, gníomhaireachtaí fógraíochta, ardáin teicneolaíochta fógraíochta, gnólachtaí caidrimh phoiblí, lucht tionchair agus oibreoirí éagsúla anailísíochta sonraí agus bróicéireachta. Is iomaí cineál fógraíochta polaitiúla a d’fhéadfadh a bheith ann, lena n-áirítear inneachar ar íocaíocht, torthaí cuardaigh urraithe, teachtaireachtaí spriocdhírithe ar íocaíocht, ardú i ranguithe, rud éigin nó duine éigin a chur chun cinn mar chuid den inneachar, amhail suíomh táirgí, lucht tionchair agus formhuinithe eile. Ar na gníomhaíochtaí a bhaineann leis sin, d’fhéadfaí scaipeadh fógraíochta polaitiúla arna iarraidh sin d’urraitheoir nó foilsiú inneachair ar íocaíocht a bheith i gceist mar shampla.
(1) Tá soláthar na fógraíochta polaitiúla agus an t-éileamh uirthi ag dul i méid agus tá gné thrasteorann na fógraíochta sin ag méadú de réir a chéile. Tá baint ag líon mór seirbhísí éagsúlaithe leis an ngníomhaíocht sin agus an líon sin ag méadú de réir a chéile, seirbhísí amhail comhairleachtaí polaitiúla, gníomhaireachtaí fógraíochta, ardáin teicneolaíochta fógraíochta, gnólachtaí caidrimh phoiblí, lucht tionchair agus oibreoirí éagsúla anailísíochta sonraí agus bróicéireachta. Is iomaí cineál fógraíochta polaitiúla a d’fhéadfadh a bheith ann, lena n-áirítear inneachar ar íocaíocht, torthaí cuardaigh urraithe, teachtaireachtaí spriocdhírithe ar íocaíocht, ardú i ranguithe, rud éigin nó duine éigin a chur chun cinn mar chuid den inneachar, amhail suíomh táirgí, lucht tionchair agus formhuinithe eile. Ar na gníomhaíochtaí a bhaineann leis sin, d’fhéadfaí scaipeadh fógraíochta polaitiúla arna iarraidh sin d’urraitheoir nó foilsiú inneachair ar íocaíocht nó cineálacha eile luacha saothair, lena n-áirítear sochair chomhchineáil, a bheith i gceist mar shampla.
Leasú 2 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 2
(2) Is féidir fógraíocht pholaitiúil a scaipeadh nó a fhoilsiú thar theorainneacha ar bhealaí éagsúla agus ar na meáin éagsúla. Is féidir í a scaipeadh nó a fhoilsiú trí na meáin thraidisiúnta as líne, cur i gcás nuachtáin, teilifís agus raidió, agus ina theannta sin, níos mó ná riamh, trí ardáin ar líne, trí shuíomhanna gréasáin, trí fheidhmchláir mhóibíleacha, trí chluichí ríomhaireachta agus trí chomhéadain dhigiteacha eile. Ní hamháin go bhfuil na meáin ar líne níos oiriúnaithe do bheith á dtairiscint ar bhonn trasteorann, ach cruthaíonn siad dúshláin nua chasta ó thaobh rialála agus forfheidhmithe de freisin. Tá méadú mór ag teacht ar úsáid na fógraíochta polaitiúla ar líne agus tairgtear cineálacha áirithe fógraíochta polaitiúla líneacha as líne, amhail an raidió agus an teilifís, agus ar líne freisin mar sheirbhísí ar éileamh. Is iondúil go n-eagraítear feachtais fógraíochta polaitiúla ar bhealach a bhainfidh leas as réimse meán agus foirmeacha.
(2) Is féidir fógraíocht pholaitiúil a scaipeadh nó a fhoilsiú thar theorainneacha ar bhealaí éagsúla agus ar na meáin éagsúla, ar líne agus as líne araon. Tá méadú ag teacht go tapa ar úsáid na fógraíochta polaitiúla toisc gur féidir í a scaipeadh nó a fhoilsiú trí na meáin thraidisiúnta as líne, cur i gcás nuachtáin, teilifís agus raidió, agus ina theannta sin, níos mó ná riamh, trí ardáin ar líne, trí shuíomhanna gréasáin, trí fheidhmchláir mhóibíleacha, trí chluichí ríomhaireachta agus trí chomhéadain dhigiteacha eile. Ní hamháin go bhfuil na meáin ar líne níos oiriúnaithe do bheith á dtairiscint ar bhonn trasteorann, ach cruthaíonn siad dúshláin nua chasta ó thaobh rialála agus forfheidhmithe de freisin. Tá méadú mór ag teacht ar úsáid na fógraíochta polaitiúla ar líne agus tairgtear cineálacha áirithe fógraíochta polaitiúla líneacha as líne, amhail an raidió agus an teilifís, agus ar líne freisin mar sheirbhísí ar éileamh. Is iondúil go n-eagraítear feachtais fógraíochta polaitiúla ar bhealach a bhainfidh leas as réimse meán agus foirmeacha.
Leasú 3 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 4
(4) Is sprioc phoiblí dhlisteanach é an gá le trédhearcacht a áirithiú, i gcomhréir leis na luachanna atá ag an Aontas agus ag na Ballstáit de bhun Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (‘CAE’). Ní éasca i gcónaí do na saoránaigh fógraíocht pholaitiúil a aithint ná a gcearta daonlathacha a fheidhmiú ar bhealach feasach. Tá gá le hardleibhéal trédhearcachta, i measc nithe eile, chun tacú le dioscúrsa polaitiúil atá oscailte agus cothrom agus le toghcháin nó reifrinn atá saor agus cothrom, agus chun an bhréagaisnéis agus cur isteach neamhdhleathach, lena n-áirítear trasnaíocht eachtrach, a chomhrac. Is féidir le fógraíocht pholaitiúil a bheith ina éascaitheoir bréagaisnéise, go háirithe i gcás nach nochtar an ghné pholaitiúil atá ag an bhfógraíocht, agus i gcás ina bhfuil spriocdhíriú i gceist. Má bhaineann trédhearcacht le fógraíocht pholaitiúil, tacófar leis na vótálaithe tuiscint níos fearr a bheith acu ar chásanna ina mbíonn fógra polaitiúil á chur os a gcomhair, cén duine a bhfuil fógra á dhéanamh thar a cheann, agus cén chaoi a bhfuil soláthraí seirbhíse fógraíochta ag spriocdhíriú orthu, ionas gur fearr is féidir le vótálaithe roghanna feasacha a dhéanamh.
(4) Is sprioc phoiblí dhlisteanach é an gá le trédhearcacht a áirithiú, i gcomhréir leis na luachanna atá ag an Aontas agus ag na Ballstáit de bhun Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (‘CAE’). Ní éasca i gcónaí do na saoránaigh fógraíocht pholaitiúil a aithint ná a gcearta daonlathacha a fheidhmiú ar bhealach feasach. Thairis sin, ba cheart go rachfaí i ngleic leis an trasnaíocht atá ag éirí níos sofaisticiúla agus níos déine agus atá á déanamh ag gníomhaithe eachtracha mailíseacha inár bpróisis dhaonlathacha toghcháin trí scaipeadh na bréagaisnéise. Is féidir le fógraíocht pholaitiúil a bheith ina éascaitheoir bréagaisnéise, go háirithe i gcás nach nochtar an ghné pholaitiúil atá ag an bhfógraíocht, i gcás ina dtagann sí ó urraitheoirí lasmuigh den Aontas nó i gcás ina bhfuil spriocdhíriú nó aimpliú i gceist. Tá gá le hardleibhéal trédhearcachta, inter alia, chun tacú le díospóireacht pholaitiúil atá oscailte agus cothrom, le feachtais pholaitiúla agus le toghcháin nó reifrinn atá saor agus cóir, agus chun an bhréagaisnéis agus trasnaíocht neamhdhleathach, lena n-áirítear trasnaíocht ó thríú tíortha, a chomhrac. Má bhaineann trédhearcacht le fógraíocht pholaitiúil, tacófar leis na vótálaithe agus le daoine aonair i gcoitinne tuiscint níos fearr a bheith acu ar chásanna ina mbíonn fógra polaitiúil á chur os a gcomhair, cén duine a bhfuil fógra á dhéanamh thar a cheann, chomh maith le cén chaoi agus cén fáth a bhfuil soláthraí seirbhíse fógraíochta ag spriocdhíriú orthu, ionas gur fearr is féidir le vótálaithe roghanna feasacha a dhéanamh.
Leasú 4 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 4 a (nua)
(4a) Maidir le soláthraithe seirbhísí fógraíochta ar soláthraithe seirbhíse idirghabhálaí iad de réir bhrí Rialachán (AE) 2022/2065 (an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha) a bhfuil baint acu le fógraíocht pholaitiúil a chur i láthair ar a gcomhéadan nó ar chomhéadan soláthraí seirbhíse eile, ba cheart moladh dóibh beartais shaincheaptha agus bearta a bhunú, a chur chun feidhme agus a fhoilsiú chun cosc a chur ar fhógraíocht pholaitiúil a bhfuil bréagaisnéis mar chuid di, lena n-áirítear trí rannpháirtíocht i dtionscnaimh níos leithne i ndáil le luach airgid a bhaint de bhréagaisnéis amhail an Cód Cleachtais maidir le bréagaisnéis.
Leasú 5 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 5
(5) I gcomhthéacs na fógraíochta polaitiúla, is minic a úsáidtear teicnící spriocdhírithe. Ba cheart teicnící spriocdhírithe agus aimpliúcháin a thuiscint mar theicnící a úsáidtear chun fógra polaitiúil spriocdhírithe a dhíriú ar dhuine sonrach nó ar ghrúpa daoine sonrach, sin nó chun cúrsaíocht, raon feidhme nó infheictheacht fógra pholaitiúil a mhéadú. I bhfianaise na cumhachta agus na hacmhainneachta atá ann chun mí-úsáid a bhaint as sonraí pearsanta, lena n-áirítear trí mhicrea-spriocdhíriú agus teicnící eile níos forbartha, d’fhéadfadh sé go mbeadh bagairt ar leith ag baint leis na teicnící sin ar leasanna dlisteanacha an phobail, amhail cothroime, comhdheiseanna agus trédhearcacht sa phróiseas toghcháin agus an ceart bunúsach chun bheith ar an eolas ar bhealach oibiachtúil, trédhearcach agus iolraíoch.
(5) I gcomhthéacs na fógraíochta polaitiúla, is minic a úsáidtear teicnící spriocdhírithe agus seachadta fógraí. Ba cheart teicnící spriocdhírithe a thuiscint mar theicnící a úsáidtear chun fógra polaitiúil a chur in oiriúint do dhuine sonrach amháin nó do ghrúpa daoine sonrach amháin nó chun iad a eisiamh trí shonraí pearsanta a phróiseáil. Ba cheart teicnící seachadta fógraí a thuiscint mar theicnící uathoibrithe próiseála sonraí pearsanta a úsáidtear chun pobal sonrach a chinneadh, mar dhuine sonrach nó mar ghrúpa sonrach daoine laistigh den phobal féideartha, maidir le fógraí polaitiúla a scaipeadh. Baineann foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla úsáid as na teicnící sin, go háirithe trí ardáin an-mhór ar líne de réir bhrí Rialachán (AE) 2022/2065 (an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha), chun fógraí polaitiúla a scaipeadh do spriocphobal bunaithe ar shonraí pearsanta agus ar inneachar na bhfógraí. Is éard atá i gceist le fógraí a sheachadadh trí úsáid a bhaint as na teicnící sin ná algartaim theimhneacha a úsáid agus is féidir leo a bheith éagsúil leis an méid a bhí beartaithe ag urraitheoirí agus ag soláthraithe seirbhísí fógraíochta a ghníomhaíonn thar ceann urraitheoirí, rud a fhágann gur lú seans go bhfeicfeadh úsáideoirí áirithe fógraí polaitiúla ar leith i gcomparáid le húsáideoirí eile. I bhfianaise na cumhachta agus na hacmhainneachta atá ann chun mí-úsáid a bhaint as sonraí pearsanta, lena n-áirítear trí mhicrea-spriocdhíriú agus teicnící eile níos forbartha, d’fhéadfadh sé go mbeadh bagairt ar leith ag baint leis na teicnící sin ar leasanna dlisteanacha an phobail, amhail cothroime, saoirse chun tuairimí a nochtadh, comhdheiseanna agus trédhearcacht sa phróiseas toghcháin agus na cearta bunúsacha chun bheith ar an eolas ar bhealach oibiachtúil, trédhearcach agus iolraíoch, chun príobháideachais agus chun sonraí pearsanta a chosaint, chun comhionannais agus chun neamh-idirdhealú.
Leasú 6 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 6
(6) Déantar an fhógraíocht pholaitiúil a rialáil go hilchineálach faoi láthair sna Ballstáit, agus dírítear go minic ar fhoirmeacha traidisiúnta na meán. Tá srianta sonracha ann, lena n-áirítear srianta ar sheirbhísí fógraíochta polaitiúla a chur ar fáil thar theorannacha. Cuireann roinnt Ballstát cosc ar sholáthraithe seirbhíse an Aontais atá bunaithe i mBallstáit eile seirbhísí de chineál polaitiúil a sholáthar nó seirbhísí a bhfuil cuspóir polaitiúil acu a sholáthar le linn tréimhsí toghcháin. Bíodh sin mar atá, is dócha go bhfuil bearnaí agus lúba ar lár sa reachtaíocht náisiúnta i roinnt Ballstát, rud a fhágann go scaiptear fógraíocht pholaitiúil uaireanta gan aird a thabhairt ar na rialacha náisiúnta ábhartha agus go bhfuil an baol ann dá bhrí sin go mbainfear an bonn de chuspóir na rialála trédhearcachta maidir leis an bhfógraíocht pholaitiúil.
(6) Déantar an fhógraíocht pholaitiúil a rialáil go hilchineálach faoi láthair sna Ballstáit, agus dírítear go minic ar fhoirmeacha traidisiúnta na meán. Tá srianta sonracha ann lena n-áirítear srianta ar sholáthar trasteorann seirbhísí fógraíochta polaitiúla, rud a dhéanann difear go díreach don acmhainneacht feachtais pholaitiúla trasteorann agus uile-Eorpacha a sheoladh. Cuireann roinnt Ballstát cosc ar sholáthraithe seirbhíse an Aontais atá bunaithe i mBallstáit eile seirbhísí de chineál polaitiúil a sholáthar nó seirbhísí a bhfuil cuspóir polaitiúil acu a sholáthar le linn tréimhsí toghcháin. Bíodh sin mar atá, is dócha go bhfuil bearnaí agus lúba ar lár i reachtaíocht náisiúnta roinnt Ballstát, agus i reachtaíocht an Aontais, rud a fhágann go scaiptear fógraíocht pholaitiúil uaireanta gan aird a thabhairt ar na rialacha náisiúnta ábhartha agus go bhfuil an baol ann dá bhrí sin go mbainfear an bonn ó chuspóir na rialála trédhearcachta maidir leis an bhfógraíocht pholaitiúil.
Leasú 7 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 8
(8) Fágann sin go bhfuil an margadh inmheánach ilroinnte, go laghdaítear an deimhneacht dhlíthiúil le haghaidh soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla a dhéanann fógraí polaitiúla a ullmhú, a shuíomh, a fhoilsiú nó a scaipeadh, go gcruthaítear bacainní maidir le saorghluaiseacht seirbhísí gaolmhara, go ndéantar saobhadh ar an iomaíocht sa mhargadh inmheánach, lena n-áirítear idir soláthraithe seirbhísí as líne agus ar líne, agus go n-éilítear iarrachtaí casta comhlíontachta agus costais bhreise ar sholáthraithe seirbhíse ábhartha.
(8) Fágann sin go bhfuil an margadh inmheánach ilroinnte, go laghdaítear an deimhneacht dhlíthiúil le haghaidh soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla a dhéanann fógraí polaitiúla a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh, go gcruthaítear bacainní maidir le saorghluaiseacht seirbhísí gaolmhara, go ndéantar saobhadh ar an iomaíocht sa mhargadh inmheánach, lena n-áirítear idir soláthraithe seirbhísí as líne agus ar líne mar thoradh ar an éagsúlacht i leibhéal na n-oibleagáidí agus sa chomhlíontacht idir na cineálacha éagsúla soláthraithe seirbhíse sin, agus go n-éilítear iarrachtaí casta comhlíontachta agus costais bhreise ar sholáthraithe seirbhíse ábhartha.
Leasú 8 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 9
(9) Sa chomhthéacs sin, is dócha go ndíspreagfar soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla óna seirbhísí fógraíochta polaitiúla a sholáthar i gcásanna trasteorann. Tá sé sin fíor go háirithe i gcás micrifhiontar agus FBManna, nach mbíonn na hacmhainní acu go minic chun na costais chomhlíontachta arda a bhaineann le fógraíochta polaitiúla a ullmhú, a shuíomh, a fhoilsiú nó a scaipeadh i níos mó ná Ballstát amháin a iompar nó a chur ar aghaidh. Cuireann sé sin srian ar infhaighteacht seirbhísí agus bíonn tionchar diúltach aige sin ar na deiseanna do sholáthraithe seirbhíse feachtais ilmheánacha agus ilnáisiúnta a chur ar fáil laistigh den mhargadh inmheánach.
(9) Sa chomhthéacs sin, is dócha go ndíspreagfar soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla óna seirbhísí fógraíochta polaitiúla a sholáthar i gcásanna trasteorann. Tá sé sin fíor go háirithe i gcás micrifhiontar agus FBManna, nach mbíonn na hacmhainní acu go minic chun na costais chomhlíontachta arda a bhaineann le fógraíochta polaitiúla a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú nó a scaipeadh i níos mó ná Ballstát amháin a iompar nó a chur ar aghaidh. Cuireann sé sin srian ar infhaighteacht seirbhísí agus bíonn tionchar diúltach aige sin ar na deiseanna do sholáthraithe seirbhíse feachtais ilmheánacha agus ilnáisiúnta a chur ar fáil laistigh den mhargadh inmheánach.
Leasú 9 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 10
(10) Ba cheart, dá bhrí sin, ardleibhéal comhsheasmhach trédhearcachta a áirithiú maidir leis an bhfógraíocht pholaitiúil ar fud an Aontais nuair a sholáthraítear seirbhísí fógraíochta polaitiúla, agus ba cheart na héagsúlachtaí a chuireann bac ar shaorchúrsaíocht seirbhísí gaolmhara laistigh den mhargadh inmheánach a chosc, trí oibleagáidí trédhearcachta aonfhoirmeacha a leagan síos do sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla lena ráthaítear cosaint aonfhoirmeach chearta na ndaoine agus maoirseacht ar fud an mhargaidh inmheánaigh ar bhonn Airteagal 114 CFAE.
(10) Ba cheart, dá bhrí sin, ardleibhéal comhsheasmhach trédhearcachta a áirithiú maidir leis an bhfógraíocht pholaitiúil ar fud an Aontais nuair a sholáthraítear seirbhísí fógraíochta polaitiúla, agus ba cheart na héagsúlachtaí a chuireann bac ar shaorchúrsaíocht seirbhísí gaolmhara laistigh den mhargadh inmheánach a chosc, trí rialacha comhchuibhithe a leagan síos maidir le seirbhísí fógraíochta polaitiúla a sholáthar, agus maidir leis an trédhearcacht agus dícheall cuí do sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla lena ráthaítear cosaint aonfhoirmeach chearta na ndaoine agus maoirseacht ar fud an mhargaidh inmheánaigh ar bhonn Airteagal 114 CFAE.
Leasú 10 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 11
(11) Níor cheart do na Ballstáit forálacha a choimeád ná a thabhairt isteach ina ndlíthe náisiúnta, ar forálacha iad nach bhfuil i gcomhréir leis na cinn a leagtar síos sa Rialachán seo, go háirithe forálacha atá níos déine nó nach bhfuil chomh dian sin, rud a áireofaí leibhéal trédhearcachta atá éagsúil maidir leis an bhfógraíocht pholaitiúil. Comhchuibhiú iomlán na gceanglas trédhearcachta a bhaineann le fógraíocht pholaitiúil, is rud é sin a mhéadaíonn an deimhneacht dhlíthiúil agus a laghdaíonn ilroinnt na n-oibleagáidí a chomhlíonann soláthraithe seirbhíse i gcomhthéacs na fógraíochta polaitiúla.
(11) Níor cheart do na Ballstáit forálacha a choimeád ná a thabhairt isteach ina ndlíthe náisiúnta, ar forálacha iad nach bhfuil i gcomhréir leis na cinn a leagtar síos sa Rialachán seo, go háirithe forálacha atá níos déine nó nach bhfuil chomh dian sin, rud a áireofaí leibhéal trédhearcachta atá éagsúil maidir leis an bhfógraíocht pholaitiúil. Comhchuibhiú iomlán na gceanglas trédhearcachta agus díchill chuí a bhaineann le fógraíocht pholaitiúil, is rud é sin a mhéadaíonn an deimhneacht dhlíthiúil agus a laghdaíonn ilroinnt na n-oibleagáidí a chomhlíonann soláthraithe seirbhíse i gcomhthéacs na fógraíochta polaitiúla.
Leasú 11 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 13
(13) Níor cheart don Rialachán seo difear a dhéanamh d’inneachar substainteach na fógraíochta polaitiúla ná do na rialacha lena rialáiltear taispeáint na fógraíochta polaitiúla, lena n-áirítear tréimhsí tosta, mar a thugtar orthu, roimh thoghcháin nó reifrinn.
(13) Níor cheart go ndéanfadh an Rialachán seo difear d’inneachar na fógraíochta polaitiúla ná do rialacha an Aontais nó na mBallstát lena rialaítear inneachar na fógraíochta polaitiúla, do chur i láthair fógraí polaitiúla, do thréimhsí toghcháin ná do sheoladh na feachtasaíochta polaitiúla lena n-áirítear toirmisc fógraíochta. Thairis sin, níor cheart go ndéanfadh an Rialachán seo difear, go háirithe, don cheart bunúsach chun saoirse tuairimíochta agus chun saoirse cainte.
Leasú 12 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 13 a (nua)
(13a) Ba cheart riachtanais shonracha na micrifhiontar agus na bhfiontar beag agus meánmhéide a chur san áireamh i gcur i bhfeidhm agus i bhforfheidhmiú an Rialacháin seo, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta. Ba cheart coincheap na micrifhiontar agus na bhfiontar beag agus meánmhéide a thuiscint de réir bhrí Threoir 2013/34/AE.
Leasú 13 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 14
(14) Ba cheart don Rialachán foráil a dhéanamh maidir le ceanglas riachtanach um chomhchuibhiú a bheidh infheidhme maidir le gníomhaithe eacnamaíocha a sholáthraíonn fógraíocht pholaitiúil agus seirbhísí a bhaineann leis sin (i.e. gníomhaíochtaí a dhéantar ar íocaíocht de ghnáth); is éard a bhíonn i gceist leis na seirbhísí sin go háirithe, fógraíocht pholaitiúil a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú agus a scaipeadh. Is ar bhonn Airteagal 114 CFAE a bhunaítear rialacha an Rialacháin seo lena ndéantar foráil maidir le hardleibhéal trédhearcachta i dtaca le seirbhísí fógraíochta polaitiúla. Ba cheart don Rialachán aghaidh a thabhairt freisin ar úsáid teicnící spriocdhírithe agus aimpliúcháin i gcomhthéacs fógraíocht pholaitiúil a fhoilsiú, a scaipeadh nó a chur chun cinn, teicnící a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta. Is ar bhonn Airteagal 16 CFAE a bhunaítear rialacha an Rialacháin seo lena dtugtar aghaidh ar úsáid an spriocdhírithe agus an aimpliúcháin. An fhógraíocht pholaitiúil a dhírítear ar dhaoine i mBallstát, ba cheart a áireamh inti an fhógraíocht arna hullmhú, arna suíomh nó arna foilsiú ag soláthraithe atá bunaithe lasmuigh den Aontas ach a scaiptear ar dhaoine laistigh den Aontas. Chun a chinneadh an bhfuil fógra polaitiúil dírithe ar dhaoine i mBallstát, ba cheart aird a thabhairt ar na tosca san fhógra a chruthaíonn nasc idir í agus an Ballstát sin, lena n-áirítear teanga, comhthéacs, cuspóir na fógraíochta agus modhanna a scaipthe.
(14) Ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán maidir le ceanglais chomhchuibhithe trédhearcachta agus díchill chuí a bheidh infheidhme maidir le gníomhaithe eacnamaíocha a sholáthraíonn fógraíocht pholaitiúil agus seirbhísí a bhaineann leis sin (i.e. gníomhaíochtaí a dhéantar ar íocaíocht de ghnáth); is éard a bhíonn i gceist leis na seirbhísí sin go háirithe, fógraíocht pholaitiúil a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú, a sheachadadh agus a scaipeadh. Is ar bhonn Airteagal 114 CFAE a bhunaítear rialacha an Rialacháin seo lena ndéantar foráil maidir le hardleibhéal trédhearcachta i dtaca le seirbhísí fógraíochta polaitiúla. Ba cheart don Rialachán aghaidh a thabhairt freisin ar úsáid teicnící spriocdhírithe agus seachadta fógraí i gcomhthéacs fógraíocht pholaitiúil a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta a chur chun cinn, a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh. Is ar bhonn Airteagal 16 CFAE a bhunaítear rialacha an Rialacháin seo lena dtugtar aghaidh ar úsáid an spriocdhírithe agus seachadta fógraí. Maidir le fógraíocht pholaitiúil a dhírítear ar dhaoine i mBallstát, ba cheart go n-áireofaí inti fógraíocht a dhéanann soláthraithe seirbhíse a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh ina hiomláine, ar soláthraithe iad atá bunaithe lasmuigh den Aontas ach ar fógraíocht í a scaiptear ar dhaoine laistigh den Aontas. Chun a chinneadh an bhfuil fógra polaitiúil dírithe ar dhaoine i mBallstát, ba cheart aird a thabhairt ar na tosca san fhógra a chruthaíonn nasc idir í agus an Ballstát sin, lena n-áirítear teanga, comhthéacs, cuspóir na fógraíochta agus modhanna a scaipthe.
Leasú 14 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 14 a (nua)
(14a) Ba cheart sainiúlachtaí mheán fhoilsithe nó scaipthe an fhógra pholaitiúil a chur san áireamh i gcur i bhfeidhm agus i bhforfheidhmiú an Rialacháin seo.
Leasú 15 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 14 b (nua)
(14b) Sa Rialachán seo, ba cheart go meabhrófaí a thábhachtaí atá prionsabal an neamh-idirdhealaithe i soláthar trasteorann seirbhísí fógraíochta polaitiúla san Aontas. Níor cheart do sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla idirdhealú a dhéanamh in aghaidh urraitheoirí atá bunaithe go dlíthiúil san Aontas, lena n-áirítear i gcás seirbhísí trasteorann do pháirtithe polaitiúla Eorpacha, ós rud é go ndéanfadh sé dochar don fhéidearthacht feachtais pholaitiúla trasteorann a sheoladh, rud atá riachtanach chun réimse poiblí Eorpach a chothú. Mar sin féin, ní idirdhealú diúltú seirbhísí a sholáthar i mBallstát nach ndéanann soláthraithe seirbhíse fógraíochta polaitiúla gnó ós rud é nár cheart iallach a chur ar na soláthraithe seirbhíse sin gnó a dhéanamh i mBallstát nach bhfuil siad gníomhach ó thaobh na heacnamaíochta de ann.
Leasú 16 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 14 c (nua)
(14c) Le corpas láidir fianaise, léirítear go bhfuil gníomhaithe eachtracha ag trasnaíocht go gníomhach ar fheidhmiú daonlathach an Aontais agus a Bhallstát, go háirithe le linn tréimhsí toghcháin agus reifrinn. Ós rud é gur sárú tromchúiseach é trasnaíocht eachtrach ar na luachanna agus na prionsabail ar a bhfuil an tAontas fothaithe agus, ina theannta sin, gur mí-úsáid ar na saoirsí bunúsacha chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil mar a leagtar síos in Airteagal 11 den Chairt iad trasnaíocht eachtrach, cúbláil faisnéise agus bréagaisnéis, go gcuireann siad na saoirsí sin i mbaol agus go mbaineann siad an bonn ó phróisis dhaonlathacha in AE agus ina Bhallstáit, amhail toghcháin atá saor agus cóir a reáchtáil, is gá bearta iomchuí a dhéanamh chun an bhréagaisnéis a chomhrac agus an trasnaíocht sin a chosc trí fhógraí arna n-urrú ag gníomhaithe lasmuigh den Aontas. Chun tacú le forfheidhmiú rialacha náisiúnta maidir le trasnaíocht sheachtrach ar thoghcháin, is gá a áirithiú nach féidir fógraíocht pholaitiúil a urraítear, a ullmhaítear, a shuitear, a chuirtear chun cinn, a fhoilsítear, a sheachadtar nó a scaiptear san Aontas, nó a dhírítear ar dhaoine aonair i mBallstát amháin nó níos mó, beag beann ar áit bhunaithe na soláthraithe seirbhíse, a sholáthar ach amháin d’urraitheoirí saoránaigh den Aontas iad agus do sholáthraithe seirbhíse atá ag gníomhú thar ceann na n-urraitheoirí sin, chomh maith le daoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil cónaí orthu san Aontas nó atá bunaithe ann. Chun áit bhunaithe urraitheora a chinneadh, ba cheart áit bhunaithe na n-eintiteas a rialaíonn an t-urraitheoir ar deireadh a chur san áireamh.
Leasú 17 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 15
(15) Ní ann do shainmhíniú ar fhógraíocht pholaitiúil ná ar fhógra pholaitiúil ar leibhéal an Aontais. Tá gá le sainmhíniú coiteann chun raon feidhme chur i bhfeidhm na n-oibleagáidí comhchuibhithe um thrédhearcacht agus rialacha maidir le spriocdhíriú agus aimpliúchán a leagan síos. Ba cheart don sainmhíniú sin an líon mór cineálacha fógraíochta polaitiúla a d’fhéadfadh a bheith ann a chumhdach, mar aon le haon mheán agus aon mhodh foilsithe nó scaipthe laistigh den Aontas, gan beann ar an bhfuil an fhoinse lonnaithe laistigh den Aontas nó i dtríú tír.
(15) Ní ann do shainmhíniú ar fhógraíocht pholaitiúil ná ar fhógra pholaitiúil ar leibhéal an Aontais. Tá gá le sainmhíniú coiteann chun raon feidhme chur i bhfeidhm na n-oibleagáidí comhchuibhithe um thrédhearcacht agus rialacha maidir le spriocdhíriú agus seachadadh fógraí a leagan síos. Ba cheart don sainmhíniú sin an líon mór cineálacha fógraíochta polaitiúla a d’fhéadfadh a bheith ann a chumhdach, mar aon le haon mheán agus aon mhodh foilsithe nó scaipthe laistigh den Aontas, gan beann ar an bhfuil an fhoinse lonnaithe laistigh den Aontas nó i dtríú tír.
Leasú 18 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 16
(16) Ba cheart a bheith san áireamh sa sainmhíniú ar fhógraíocht pholaitiúil fógraíocht a fhoilsíonn nó a scaipeann gníomhaí polaitiúil go díreach nó go hindíreach nó fógraíocht a fhoilsítear nó a scaiptear go díreach nó go hindíreach ar son gníomhaí polaitiúil nó thar a cheann. Ó tharla nach féidir fógraí a dhéanann gníomhaí polaitiúil, nó fógraí a dhéantar ar a shon nó thar a cheann a scaradh óna ghníomhaíocht ina ról mar ghníomhaí polaitiúil, is féidir a mheas go bhféadfaidís tionchar a imirt ar an dioscúrsa polaitiúil, ach amháin i gcás teachtaireachtaí de chineál príobháideach nó de chineál tráchtála amháin.
(16) Ba cheart go n-áireofaí sa sainmhíniú ar fhógraíocht pholaitiúil fógraíocht a dhéanann gníomhaí polaitiúil a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh, go díreach nó go hindíreach, nó fógraíocht a ullmhaítear, a shuitear, a chuirtear chun cinn, a fhoilsítear, a sheachadtar nó a scaiptear trí aon mhodh, go díreach nó go hindíreach, ar son gníomhaí polaitiúil nó thar a cheann. Ó tharla nach féidir fógraí a dhéanann gníomhaí polaitiúil, nó fógraí a dhéantar ar a shon nó thar a cheann a scaradh óna ghníomhaíocht ina ról mar ghníomhaí polaitiúil, is féidir a mheas go bhféadfaidís tionchar a imirt ar an dioscúrsa polaitiúil, nó ar thoradh toghcháin nó reifrinn, ach amháin i gcás teachtaireachtaí de chineál príobháideach nó de chineál tráchtála amháin. Chun a chinneadh gur de chineál príobháideach nó de chineál tráchtála amháin í teachtaireacht, ba cheart aird a thabhairt ar na tosca ábhartha uile, amhail a hinneachar, an teanga a úsáidtear chun í a chur in iúl, an comhthéacs ina gcuirtear in iúl í, a cuspóir agus na modhanna trína ndéantar í a chur chun cinn, a fhoilsiú nó a scaipeadh. Is féidir teachtaireachtaí a bhaineann le stádas teaghlaigh nó gníomhaíochtaí gnó an ghníomhaí pholaitiúil a bheith de chineál príobháideach nó de chineál tráchtála amháin. Ina theannta sin, ba cheart go n-áireofaí sa sainmhíniú ar fhógraíocht pholaitiúil teachtaireachtaí a ullmhaítear, a shuitear, a chuirtear chun cinn, a fhoilsítear, a sheachadtar nó a scaiptear agus ar teachtaireachtaí iad a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar thoradh toghcháin nó reifrinn nó ar phróiseas reachtach nó rialála nó ar iompraíocht vótála. Ní féidir a mheas gur de chineál príobháideach nó de chineál tráchtála amháin iad na teachtaireachtaí sin. Féadfaidh na teachtaireachtaí sin teacht ó aon duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear ó fhoinsí oifigiúla, amhail rialtais, údaráis phoiblí, institiúidí nó comhlachtaí. Mar sin féin, má tá a dteachtaireachtaí teoranta go docht do thoghcháin nó reifrinn a fhógairt nó do mhódúlachtaí le haghaidh rannpháirtíocht i dtoghcháin nó i reifrinn a fhógairt, déanfar iad a eisiamh ón raon feidhme.
Leasú 19 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 17
(17) Maidir le teachtaireacht a fhoilsíonn nó a scaipeann gníomhaithe eile, ar teachtaireacht í a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar thoradh toghcháin nó reifrinn, ar phróiseas reachtach nó rialála nó ar iompraíocht vótála, ba cheart é sin a mheas mar fhógraíocht pholaitiúil freisin. Chun a chinneadh an bhféadfadh tionchar a bheith ag foilsiú nó scaipeadh teachtaireachta ar thoradh toghcháin nó reifrinn, ar phróiseas reachtach nó rialála nó ar iompraíocht vótála, ba cheart aird a thabhairt ar na tosca ábhartha uile, amhail inneachar na teachtaireachta, an teanga a úsáidtear chun an teachtaireacht a chur in iúl, an comhthéacs ina gcuirtear an teachtaireacht in iúl, cuspóir na teachtaireachta agus an modh lena bhfoilsítear nó lena scaiptear an teachtaireacht. Mar a tharlaíonn sé, d’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar ag teachtaireachtaí maidir le saincheisteanna sochaíocha nó conspóideacha ar thoradh toghcháin nó reifrinn, ar phróiseas reachtach nó rialála nó ar iompraíocht vótála.
(17) Maidir le teachtaireacht a dhéanann gníomhaithe eile a chur chun cinn, a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh, ar teachtaireacht í a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar thoradh toghcháin nó reifrinn, ar phróiseas reachtach nó rialála, ar iompraíocht vótála nó ar thuairimí an phobail maidir le saincheisteanna sochaíocha nó conspóideacha ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach, áitiúil nó ar leibhéal an pháirtí pholaitiúil, ba cheart é sin a mheas mar fhógraíocht pholaitiúil freisin. Ba cheart go n-áireofaí i bpróiseas reachtach nó rialála cinnteoireacht a bhfuil éifeachtaí ceangailteacha léi agus a bhfuil feidhm ghinearálta ag na héifeachtaí sin ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta nó Eorpach. Chun a chinneadh an bhféadfadh tionchar a bheith ag foilsiú, cur chun cinn nó scaipeadh teachtaireachta ar thoradh toghcháin nó reifrinn, ar phróiseas reachtach nó rialála nó ar iompraíocht vótála, ba cheart aird a thabhairt ar na tosca uile a bhí ábhartha tráth a rinneadh an teachtaireacht a chur chun cinn, a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh, amhail féiniúlacht urraitheoir na teachtaireachta, foirm agus inneachar na teachtaireachta, an teanga labhartha nó scríofa a úsáidtear chun an teachtaireacht a chur in iúl, an comhthéacs ina gcuirtear an teachtaireacht in iúl, cuspóir na teachtaireachta agus an modh lena ndéantar an teachtaireacht a chur chun cinn, a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh agus an spriocphobal.
Leasú 20 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 17 a (nua)
(17a) Cuid dhílis den chomhaltas i bpáirtí polaitiúil is ea an chumarsáid a dhéanann páirtí polaitiúil lena chomhaltaí reatha nó lena iarchomhaltaí agus níor cheart gur fógraíocht pholaitiúil a bheadh ann.
Leasú 21 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 17 b (nua)
(17b) Is féidir le cleachtais fógraíochta agus margaíochta tráchtála difear a dhéanamh go dlisteanach do bhraistintí tomhaltóirí maidir le táirgí agus seirbhísí nó dá n-iompraíocht cheannaigh, lena n-áirítear trí dhifreáil brandaí bunaithe ar ghníomhaíochtaí cuideachta i réimse na freagrachta sóisialta corparáidí, lena ndéantar tionchar sóisialta, nó aon chineál eile rannpháirtíochta cuspóirbhunaithe a bhaint amach. Féadfaidh fógraíocht tráchtála i roinnt cásanna tionchar a bheith aici ar thoradh toghcháin nó reifrinn, ar phróiseas reachtach nó rialála nó ar iompar vótála, inar cheart sa chás sin feidhm a bheith ag an Rialachán seo.
Leasú 22 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 17 c (nua)
(17c) Chun ceanglais an Rialacháin seo a chur chun feidhme go héifeachtach, agus go háirithe chun tacú le hurraitheoirí na soláthraithe fógraíochta agus na soláthraithe seirbhíse atá ag gníomhú thar ceann na n-urraitheoirí i ndearbhú fógraíochta polaitiúla, agus chun tacú le soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla chun na dearbhuithe sin a éascú agus a riar go hiomchuí, ní mór don Choimisiún treoir choiteann a tharraingt suas.
Leasú 23 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 18
(18) Maidir le faisnéis phraiticiúil ó fhoinsí oifigiúla i dtaca le heagrú agus módúlachtaí rannpháirtíochta sna toghcháin nó sna reifrinn, níor cheart é a mheas mar fhógraíocht pholaitiúil.
(18) Níor cheart gur fógraíocht pholaitiúil a bheadh i bhfaisnéis phraiticiúil ó fhoinsí oifigiúla atá teoranta go docht d’fhógairt na dtoghchán nó na reifreann nó na módúlachtaí le haghaidh rannpháirtíochta sna toghcháin nó sna reifrinn.
Leasú 24 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 19
(19) Tuairimí polaitiúla a chuirtear in iúl i gcláir na gcraoltaí líneacha closamhairc nó a fhoilsítear sna meáin chlóite gan íocaíocht dhíreach nó luach saothair coibhéiseach a bheith i gceist leo, níor cheart iad a chumhdach leis an Rialachán seo.
(19) Rannchuidíonn na meáin le dea-fheidhmiú na bpróiseas daonlathach agus tá ról ríthábhachtach acu ó thaobh na saoirse chun tuairimí a nochtadh agus an chirt chun faisnéise de, go háirithe le linn tréimhsí toghcháin. Cuireann siad spás ar fáil do dhíospóireacht phoiblí agus rannchuidíonn siad le tuairimí an phobail a fhoirmiú. Níor cheart go ndéanfadh an Rialachán seo difear do shaoirse eagarthóireachta na meán. Níor cheart dearcthaí ná tuairimí polaitiúla ná ábhar eagarthóireachta eile a chuirtear in iúl nó a scaiptear chun críoch iriseoireachta nó faoi fhreagracht eagarthóireachta soláthraí seirbhíse na meán a mheas mar fhógraíocht pholaitiúil agus níor cheart iad a chumhdach leis an Rialachán seo, mura gcuireann tríú páirtithe aon íocaíocht nó luach saothair eile ar fáil go sonrach as na dearcthaí nó na tuairimí a chur in iúl. Ba cheart a mheas in aon chás gur fógraíocht pholaitiúil iad na dearcthaí polaitiúla agus na tuairimí polaitiúla sin a dhéanann an soláthraí seirbhíse a chur chun cinn, a fhoilsiú nó a scaipeadh ina theannta sin. Ba cheart feidhm a bheith ag cleachtais iriseoireachta arna mbunú sa dlí náisiúnta nó ag na meáin agus ag comhairlí preasa i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear an Chairt um Chearta Bunúsacha. Ba cheart aon chineál fógraíochta folaithí a thoirmeasc.
Leasú 25 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 19 a (nua)
(19a) Tá litearthacht sna meáin lárnach chun lamháil do dhaoine úsáid a bhaint as na meáin go héifeachtach agus go sábháilte. Is scil riachtanach é freisin don phobal chun leas a bhaint as an rochtain ar fhaisnéis faoi fhógraíocht pholaitiúil dá bhforáiltear leis an Rialachán seo. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, an fhorbairt ar litearthacht sna meáin a chur chun cinn sna Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais, i ngach cuid den tsochaí, do shaoránaigh de gach aois.
Leasú 26 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 21
(21) Is gá fógra polaitiúil a shainiú mar chás ina bhfuil fógraíocht pholaitiúil i gceist. Áirítear ar na fógraí na modhanna trína ndéantar an teachtaireacht fógraíochta a chur in iúl, lena n-áirítear trí ábhar clóite, trí na meáin chraolta nó trí sheirbhís ardáin ar líne.
(21) Is gá fógra polaitiúil a shainiú mar chás ina bhfuil fógraíocht pholaitiúil i gceist. Áirítear ar na fógraí na modhanna trína ndéantar an teachtaireacht fógraíochta a chur in iúl, lena n-áirítear trí ábhar clóite, trí na meáin chraolta, trí thairseacha na meán ar líne, ar leathanaigh gréasáin ar a dtaispeántar torthaí ó cheisteanna ar innill chuardaigh nó trí sheirbhís ardáin ar líne.
Leasú 27 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 24
(24) Leis an téarma feachtas fógraíochta, ba cheart tagairt a dhéanamh do shraith d’fhógraí nasctha a ullmhú, a fhoilsiú agus a scaipeadh i rith tréimhse conartha le haghaidh fógraíocht pholaitiúil, ar bhonn ullmhú, urraíocht agus maoiniú coiteann. Ba cheart ullmhúchán, suíomh, cur chun cinn, foilsiú agus scaipeadh fógra nó leaganacha d’fhógra ar mheáin éagsúla agus ag amanna éagsúla laistigh den timthriall toghcháin chéanna a bheith san áireamh ann.
(24) Ba cheart tagairt a dhéanamh i bhfeachtas fógraíochta d’ullmhúchán, suíomh, cur chun cinn, foilsiú, seachadadh agus scaipeadh sraithe fógraí nasctha i rith tréimhse conartha le haghaidh seirbhísí fógraíochta polaitiúla, ar bhonn ullmhúcháin, urraíochta agus cistiú coiteann. Ba cheart ullmhúchán, suíomh, cur chun cinn, foilsiú, seachadadh agus scaipeadh fógra nó leaganacha d’fhógra ar mheáin éagsúla agus ag amanna éagsúla laistigh den timthriall toghcháin nó den phróiseas reachtach céanna a bheith san áireamh ann.
Leasú 28 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 25
(25) Níor cheart an sainmhíniú ar fhógraíocht pholaitiúil difear a dhéanamh do shainmhínithe náisiúnta ar pháirtithe polaitiúla, ar aidhmeanna polaitiúla ná ar thréimhsí feachtais ar an leibhéal náisiúnta.
(25) Níor cheart an sainmhíniú ar fhógraíocht pholaitiúil difear a dhéanamh do shainmhínithe náisiúnta ar pháirtithe polaitiúla, ar aidhmeanna polaitiúla ná ar thréimhsí feachtais pholaitiúil ar an leibhéal náisiúnta.
Leasú 29 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 26
(26) Chun réimse leathan na soláthraithe seirbhíse ábhartha atá nasctha le seirbhísí fógraíochta polaitiúla a chumhdach, ba cheart seirbhísí fógraíochta polaitiúla a thuiscint mar rud a chuimsíonn soláthraithe a bhfuil baint acu le hullmhú, suíomh, cur chun cinn, foilsiú agus scaipeadh na fógraíochta polaitiúla.
(26) Chun réimse leathan na soláthraithe seirbhíse ábhartha atá nasctha le seirbhísí fógraíochta polaitiúla a chumhdach, ba cheart seirbhísí fógraíochta polaitiúla a thuiscint mar sheirbhísí a chuimsíonn soláthraithe atá rannpháirteach san ullmhúchán amhail dearadh agus pleanáil an fhógra nó feachtais, nó i suíomh, cur chun cinn, foilsiú, seachadadh agus scaipeadh na fógraíochta polaitiúla. Mar shampla, féadfaidh soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla seirbhísí fógraíochta polaitiúla a thionscnamh thar ceann urraitheoirí. Ba cheart a thuiscint gur seirbhís fógraíochta polaitiúla é soláthar teicnící spriocdhírithe agus seachadta fógraí i gcomhthéacs na fógraíochta polaitiúla.
Leasú 30 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 26 a (nua)
(26a) Maidir le soláthraithe seirbhísí coimhdeacha amháin a bhaineann le fógraíocht pholaitiúil, a sholáthraítear sa bhreis agus nach bhfuil ach ina comhlánú ar ullmhúchán, suíomh, cur chun cinn, foilsiú agus scaipeadh na fógraíochta polaitiúla, níor cheart iad a thuiscint mar sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla de réir bhrí an Rialacháin seo. Is éard atá sna seirbhísí coimhdeacha seirbhísí a bhíonn ag brath ar sheirbhís fógraíochta polaitiúla agus a chomhlánaíonn an tseirbhís sin de ghnáth. Is féidir iompar, maoiniú agus infheistíocht, ceannach, díolachán, lónadóireacht, margaíocht, seirbhísí ríomhaireachta, glantachán agus cothabháil a áireamh leis na seirbhísí sin.
Leasú 31 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 26 b (nua)
(26b) Ba cheart urraitheoir a thuiscint mar an duine ar thar a cheann a dhéantar fógraíocht pholaitiúil a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú nó a scaipeadh, mar shampla iarrthóir aonair i dtoghchán nó páirtí polaitiúil nó eagraíocht pholaitiúil.
Leasú 32 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 26 c (nua)
(26c) Ba cheart foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla a thuiscint mar sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla, a bhíonn ag deireadh shlabhra na soláthraithe seirbhíse de ghnáth, a dhéanann fógraíocht pholaitiúil a chur chun cinn, a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh trí chraoltóireacht, a chuireann í ar fáil trí chomhéadan nó os comhair an phobail ar shlí eile.
Leasú 33 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 27
(27) Níor cheart a áireamh i gcoincheap na seirbhísí fógraíochta polaitiúla teachtaireachtaí a roinneann daoine aonair ina gcáil phearsanta amháin. Níor cheart a mheas go bhfuil daoine aonair ag gníomhú ina gcáil phearsanta má tá siad ag foilsiú teachtaireachtaí a n-íocann duine eile as a scaipeadh nó a fhoilsiú.
(27) Níor cheart a áireamh i gcoincheap na fógraíochta polaitiúla teachtaireachtaí a chomhroinneann daoine ina gcáil phearsanta amháin. Níor cheart a mheas go bhfuil daoine ag gníomhú ina gcáil phearsanta má tá siad ag foilsiú teachtaireachtaí a bhfuil luach saothair nó sochair chomhchineáil ó thríú páirtithe i gceist lena scaipeadh nó lena bhfoilsiú.
Leasú 34 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 28
(28) A luaithe a léirítear go bhfuil fógra nasctha le fógraíocht pholaitiúil, ba cheart é sin a chur in iúl go soiléir do sholáthraithe seirbhíse eile a bhfuil baint acu leis na seirbhísí fógraíochta polaitiúla. Ina theannta sin, a luaithe a shainaithnítear fógra mar fhógraíocht pholaitiúil, ba cheart scaipeadh breise an fhógra sin a bheith i gcomhréir leis na ceanglais trédhearcachta i gcónaí. Mar shampla, i gcás ina roinntear inneachar urraithe go horgánach, ba cheart an fhógraíocht a lipéadú fós mar fhógraíocht pholaitiúil.
(28) A luaithe a dhearbhaíonn an t-urraitheoir fógra a bheith polaitiúil, ba cheart é sin a chur in iúl go soiléir agus gan mhoill do sholáthraithe seirbhíse eile a bhfuil baint acu leis na seirbhísí fógraíochta polaitiúla. Ina theannta sin, a luaithe a shainaithnítear fógra mar fhógra polaitiúil, ba cheart scaipeadh breise an fhógra sin a bheith i gcomhréir fós leis na ceanglais trédhearcachta agus díchill chuí. Mar shampla, i gcás ina gcomhroinntear fógra polaitiúil go horgánach, ba cheart é a bheith lipéadaithe fós mar fhógra polaitiúil.
Leasú 35 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 28 a (nua)
(28a) Chun éifeachtacht na gceanglas trédhearcachta agus díchill chuí a ráthú, ba cheart d’urraitheoirí agus do sholáthraithe seirbhísí fógraíochta ag gníomhú dóibh thar ceann urraitheoirí faisnéis ábhartha a tharchur de mheon macánta ar bhealach tráthúil, soiléir, iomlán agus cruinn ionas go mbeidh na soláthraithe seirbhísí eile sa slabhra in ann an Rialachán a chomhlíonadh. I gcás inarb é an foilsitheoir fógraíochta polaitiúla an t-aon soláthraí seirbhísí fógraíochta polaitiúla, ba cheart don urraitheoir faisnéis den sórt sin a chur in iúl don fhoilsitheoir fógraíochta polaitiúil.
Leasú 36 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 28 b (nua)
(28b) I gcás ina bhfaigheann soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla amach go bhfuil earráid fhollasach, míchruinneas nó neamhiomláine sa dearbhú gur fógraíocht pholaitiúil í an fhógraíocht nó nach fógraíocht pholaitiúil í, nó san fhaisnéis a chuirtear in iúl, ba cheart do na soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla a éileamh ar na hurraitheoirí a áirithiú go ndéanfar an earráid fhollasach, míchruinneas nó neamhiomláine sin a cheartú.
Leasú 37 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 28 c (nua)
(28c) Ba cheart a mheas go bhfuil dearbhú nó faisnéis earráideach go follasach más rud é go bhfuil sin soiléir ón bhfógraíocht, ón urraitheoir, nó ón gcomhthéacs ina gcuirtear an tseirbhís ábhartha ar fáil, gan tuilleadh fíoruithe ná gníomhaíochtaí aimsithe fíoras.
Leasú 38 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 28 d (nua)
(28d) Ba cheart bearta dícheallacha agus oibiachtúla a áireamh sna iarrachtaí réasúnta, amhail teagmháil a dhéanamh leis an urraitheoir nó leis na soláthraithe seirbhíse lena mbaineann, chun an fhaisnéis a chomhlánú nó a cheartú. Ba cheart aird a thabhairt ar chineál agus ar thábhacht na faisnéise earráidí nó na faisnéise atá in easnamh maidir leis na ceanglais a leagtar síos leis an Rialachán seo. Ba cheart iarrachtaí réasúnta a bheith léirithe freisin sna socruithe conarthacha idir soláthraithe seirbhíse agus leis an urraitheoir, i gcás inarb ábhartha. Níor cheart ceangal a chur ar sholáthraí seirbhísí fógraíochta polaitiúla tabhairt faoi ghníomhaíochtaí aimsithe fíoras atá iomarcach nó costasach nó teagmháil chasta a dhéanamh leis an urraitheoir nó leis na soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla lena mbaineann.
Leasú 39 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 29
(29) Na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo maidir le trédhearcacht, níor cheart feidhm a bheith acu ach amháin maidir le seirbhísí fógraíochta polaitiúla, i.e. fógraíocht pholaitiúil a sholáthraítear de ghnáth ar luach saothair, a bhféadfadh sochar comhchineáil a bheith ar áireamh inti. Níor cheart feidhm a bheith ag na ceanglais trédhearcachta maidir le hinneachar arna uaslódáil ag úsáideoir seirbhíse idirghabhálaí ar líne, amhail ardán ar líne, agus arna scaipeadh ag an tseirbhís idirghabhálach ar líne gan aird a thabhairt ar shuíomh, foilsiú nó scaipeadh na teachtaireachta shonraí, mura thug tríú páirtí luach saothair don úsáideoir as an bhfógraíocht pholaitiúil.
(29) Níor cheart feidhm a bheith ag na rialacha maidir le trédhearcacht, dícheall cuí agus cosaint sonraí a leagtar síos sa Rialachán seo ach amháin i leith seirbhísí fógraíochta polaitiúla, i.e. fógraíocht pholaitiúil a sholáthraítear de ghnáth ar luach saothair, a bhféadfadh sochar comhchineáil a bheith ar áireamh inti. Níor cheart feidhm a bheith ag na ceanglais i leith inneachar a dhéanann úsáideoir seirbhíse idirghabhálaí ar líne a uaslódáil, amhail ardán ar líne, agus a dhéanann an tseirbhís idirghabhálach ar líne a scaipeadh gan aird a thabhairt ar shuíomh, foilsiú, seachadadh ná scaipeadh na teachtaireachta sonraí, mura bhfuair an úsáideoir luach saothair, nó sochar comhchineáil, ó thríú páirtí as an bhfógraíocht pholaitiúil.
Leasú 40 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 30
(30) Níor cheart feidhm a bheith ag na ceanglais trédhearcachta ach oiread maidir le faisnéis a roinnt trí sheirbhísí cumarsáide leictreonaí amhail seirbhísí teachtaireachta leictreonaí nó glaonna teileafóin, fad agus nach bhfuil aon seirbhís fógraíochta polaitiúla i gceist.
(30) Níor cheart feidhm a bheith ag na ceanglais trédhearcachta ach oiread i leith faisnéis a bheith á comhroinnt trí sheirbhísí cumarsáide idirphearsanta leictreonaí amhail seirbhísí teachtaireachta leictreonaí nó glaonna teileafóin, fad agus nach bhfuil aon seirbhís fógraíochta polaitiúla i gceist.
Leasú 41 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 31
(31) Leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh mar a chosnaítear le hAirteagal 11 den Chairt um Chearta Bunúsacha, cumhdaítear ceart an duine aonair tuairimí polaitiúla a bheith aige, faisnéis pholaitiúil a fháil agus a thabhairt agus smaointe polaitiúla a roinnt. Aon teorannú ar an gceart sin, ní mór dó Airteagal 52 den Chairt um Chearta Bunúsacha a chomhlíonadh agus is féidir an tsaoirse sin a bheith faoi réir modhnuithe agus srianta i gcás ina bhfuil bonn cirt leo i ngeall ar leas poiblí dlisteanach atá á shaothrú, agus i gcás ina gcomhlíonann siad prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais, amhail comhréireacht agus deimhneacht dhlíthiúil. Is amhlaidh atá sé inter alia i gcás ina gcuirtear na tuairimí polaitiúla in iúl trí mheán na soláthraithe seirbhíse fógraíochta.
(31) Leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh mar a chosnaítear le hAirteagal 11 den Chairt um Chearta Bunúsacha, cumhdaítear ceart an duine tuairimí polaitiúla a bheith aige, faisnéis pholaitiúil a fháil agus a thabhairt agus smaointe polaitiúla a chomhroinnt. Ní mór do gach aon teorannú a dhéantar ar an gceart sin Airteagal 52 den Chairt um Chearta Bunúsacha a chomhlíonadh agus is féidir an tsaoirse sin a bheith faoi réir modhnuithe agus srianta i gcás ina bhfuil gá agus bonn cirt leo i ngeall ar leas poiblí dlisteanach a bheith á shaothrú, agus i gcás ina gcomhlíonann siad prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais, amhail comhréireacht agus deimhneacht dhlíthiúil. Is amhlaidh atá sé inter alia i gcás ina gcuirtear na tuairimí polaitiúla in iúl trí sholáthraithe seirbhíse fógraíochta. Tá an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh ar cheann de bhunchlocha na díospóireachta bríomhaire daonlathaí.
Leasú 42 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 31 a (nua)
(31a) I bhfianaise a thábhachtaí atá an fhógraíocht pholaitiúil, is den ríthábhachtach é go n-áiritheofaí leis an Rialachán seo creat rialála lena n-áirithítear rochtain iomlán, chomhionann agus neamhshrianta ar sheirbhísí fógraíochta polaitiúla agus ar a bhfaisnéis trédhearcachta a bhfuil gá léi do gach faighteoir, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumais. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go mbeadh na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh seirbhísí fógraíochta polaitiúla comhsheasmhach le reachtaíocht an Aontais, amhail an Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht agus an Treoir maidir le hInrochtaineacht Gréasáin, agus go ndéanfaí dlí an Aontais a fhorbairt tuilleadh, ionas nach bhfágfar aon duine chun deiridh mar thoradh ar an nuálaíocht dhigiteach.
Leasú 43 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 32
(32) A mhéid a bhaineann le hidirghabhálaithe ar líne, tá feidhm ag Rialachán (AE) 2021/XX [an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha] maidir le fógraí polaitiúla a fhoilsíonn nó a scaipeann idirghabhálaithe ar líne trí na rialacha cothrománacha is infheidhme maidir le gach cineál fógraíochta ar líne, lena n-áirítear fógraí tráchtála agus polaitiúla. Ar bhonn an sainmhíniú ar fhógraíocht pholaitiúil a leagtar síos leis an Rialachán seo, is iomchuí gráinneacht bhreise a sholáthar maidir leis na ceanglais trédhearcachta a leagtar amach d’fhoilsitheoirí fógraíochta a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2021/XX [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha], na mórardáin go háirithe. Baineann sé sin, go háirithe, le faisnéis a bhaineann le fógraí polaitiúla a mhaoiniú. Ní dhéanann ceanglais an Rialacháin seo difear d’fhorálacha na hIonstraime um Sheirbhísí Digiteacha, lena n-áirítear na hoibleagáidí um measúnú agus um maolú riosca atá ar ardáin an-mhóra ar líne a mhéid a bhaineann lena gcórais fógraíochta.
(32) Maidir le hidirghabhálaithe ar líne, beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2022/2065 (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) i leith fógraí polaitiúla a fhoilsíonn nó a scaipeann idirghabhálaithe ar líne, trí na rialacha cothrománacha is infheidhme i leith gach cineáil fógraíochta ar líne, lena n-áirítear fógraí tráchtála agus polaitiúla. Bunaithe ar an sainmhíniú ar fhógraíocht pholaitiúil a leagtar síos leis an Rialachán seo, is iomchuí gráinneacht bhreise a sholáthar maidir leis na ceanglais trédhearcachta a leagtar amach d’fhoilsitheoirí fógraíochta a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2022/2065 (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha), go háirithe na hardáin an-mhór ar líne. Baineann sé sin, go háirithe, le faisnéis a bhaineann le fógraí polaitiúla a mhaoiniú. Ní dhéanann ceanglais an Rialacháin seo difear d’fhorálacha an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha, ach ba cheart go mbeidís ina mbonn leis na hoibleagáidí um measúnú agus um maolú riosca atá ar ardáin an-mhór ar líne a mhéid a bhaineann lena gcórais fógraíochta lena n-áirítear teicnící spriocdhírithe agus seachadta fógraí na fógraíochta polaitiúla a mbaintear úsáid astu. Chun cúnamh a thabhairt do na Ballstáit agus do sholáthraithe seirbhíse, ba cheart don Choimisiún treoirlínte a sholáthar maidir leis an idirghníomhaíocht atá idir gníomhartha éagsúla dlí an Aontais agus an Rialachán seo agus cineál comhlántach na ngníomhartha sin agus maidir leis an léirmhíniú ar aon cheanglais chomhchosúla atá iontu.
Leasú 44 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 33
(33) D’fhéadfadh slabhra casta de sholáthraithe seirbhíse a bheith i gceist le fógraíocht pholaitiúil a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú agus a scaipeadh. Is amhlaidh a bhíonn go háirithe i gcás ina bhféadfaidh soláthraithe seirbhíse éagsúla a bheith i gceannas ar roghnú an ábhair fógraíochta, ar roghnú na gcritéar le haghaidh spriocdhíriú, ar sholáthar na sonraí a úsáidtear chun an fhógraíocht a spriocdhíriú, ar fhorálacha maidir le teicnící spriocdhírithe, agus ar sheachadadh agus ar scaipeadh na fógraíochta. Mar shampla, is féidir le seirbhísí uathoibrithe tacú le próifíl an úsáideora comhéadain a mheaitseáil leis an inneachar fógraíochta a sholáthraítear, trí úsáid a bhaint as sonraí pearsanta a bhailítear go díreach ó úsáideoir na seirbhíse agus ó iompar ar líne na n-úsáideoirí, chomh maith le sonraí atá bunaithe ar thátal.
(33) Is féidir le slabhra casta de sholáthraithe seirbhíse a bheith i gceist le fógraíocht pholaitiúil a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú, a sheachadadh agus a scaipeadh. Is amhlaidh a bhíonn go háirithe i gcás ina bhféadfaidh roghnú an inneachair fógraíochta, roghnú na gcritéar spriocdhírithe agus seachadta fógraí, soláthar na sonraí a úsáidtear chun an fógra a spriocdhíriú agus a sheachadadh, forálacha na dteicnící spriocdhírithe agus seachadta fógraí, agus seachadadh agus scaipeadh an fhógra a bheith á rialú ag soláthraithe seirbhíse éagsúla.
Leasú 45 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 34
(34) I bhfianaise a thábhachtaí atá sé éifeachtacht na gceanglas trédhearcachta a ráthú go háirithe, lena n-áirítear chun maoirseacht na gceanglas sin a éascú, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla a áirithiú maidir leis an bhfaisnéis ábhartha a bhailíonn siad agus a seirbhísí á soláthar acu, lena n-áirítear an léiriú gur fógra polaitiúil atá i bhfógra áirithe, go ndéanann siad an fhaisnéis sin a sholáthar don fhoilsitheoir fógraíochta polaitiúla a chuireann an fógra polaitiúil os comhair an phobal. Chun tacú le cur chun feidhme éifeachtúil an cheanglais sin, agus le soláthar tráthúil cruinn na faisnéise sin, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla féachaint le huathoibriú a dhéanamh ar tharchur na faisnéise idir soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla, agus tacú leis an tarchur sin.
(34) I bhfianaise a thábhachtaí atá sé éifeachtacht na gceanglas trédhearcachta agus díchill chuí go háirithe a ráthú lena n-áirítear chun a bhformhaoirseacht a éascú, ba cheart d’urraitheoirí agus, i gcás inarb ábhartha, do sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla ag gníomhú dóibh thar ceann urraitheoirí cruinneas na faisnéise a sholáthraíonn siad a áirithiú. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla a áirithiú maidir leis an bhfaisnéis ábhartha a bhailíonn siad agus a seirbhísí á soláthar acu, lena n-áirítear an léiriú gur fógra polaitiúil atá i bhfógra áirithe, go bhfuil an fhaisnéis sin iomlán agus go ndéantar an fhaisnéis sin a sholáthar don fhoilsitheoir fógraíochta polaitiúla a scaipeann an fógra polaitiúil. Chun tacú le cur chun feidhme éifeachtúil an cheanglais sin, agus le soláthar tráthúil agus cruinn na faisnéise sin, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla an fhaisnéis sin a tharchur ag an am céanna a sholáthraítear an tseirbhís ábhartha agus féachaint le huathoibriú a dhéanamh ar tharchur na faisnéise idir soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla, agus tacú leis an tarchur sin trína gcomhéadain ar líne a oiriúnú chun comhlíonadh a éascú. Nuair a fhaigheann soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla amach go ndearnadh nuashonrú ar an bhfaisnéis a tharchuir siad, ba cheart dóibh a áirithiú go gcuirfear an fhaisnéis nuashonraithe sin in iúl don fhoilsitheoir fógraíochta polaitiúla ábhartha.
Leasú 46 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 36
(36) D’fhéadfaí a áireamh sna céimeanna freisin sásra éifeachtúil a chur ar fáil do dhaoine ionas gur féidir leo a léiriú gur fógra polaitiúil atá i bhfógra, agus gníomhaíocht éifeachtach a dhéanamh mar fhreagairt ar an léiriú sin.
(36) D’fhéadfaí a áireamh sna céimeanna freisin foilsitheoirí fógraíochta a chuireann sásra éifeachtúil ar fáil do dhaoine chun a léiriú gur fógra polaitiúil atá i bhfógra, agus gníomhaíocht éifeachtach a dhéanamh mar fhreagairt ar na léirithe sin.
Leasú 47 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 37
(37) Agus foráil á déanamh maidir le ceanglais shonracha, níor cheart a thuiscint le haon cheann de na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo go bhforchuirtear oibleagáid faireacháin ghinearálta ar sholáthraithe seirbhíse idirghabhálacha maidir le hinneachar polaitiúil atá á roinnt ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha, ná níor cheart a thuiscint leo go bhforchuirtear oibleagáid ghinearálta ar sholáthraithe seirbhíse idirghabhálacha bearta réamhghníomhacha a dhéanamh i ndáil le hinneachar nó gníomhaíochtaí neamhdhleathacha a dhéanann na soláthraithe sin a tharchur nó a stóráil.
(37) Agus foráil á déanamh maidir le ceanglais shonracha, níor cheart a thuiscint le haon cheann de na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo go bhforchuirtear oibleagáid faireacháin ghinearálta ar sholáthraithe seirbhíse idirghabhálacha maidir le hinneachar polaitiúil a dhéanann daoine nádúrtha nó dlítheanacha a chomhroinnt go horgánach, ná níor cheart a thuiscint leo go bhforchuirtear oibleagáid ghinearálta ar sholáthraithe seirbhíse idirghabhálacha i leith bearta réamhghníomhacha a dhéanamh i ndáil le hinneachar neamhdhleathach nó gníomhaíochtaí neamhdhleathacha a dhéanann na soláthraithe sin a tharchur nó a stóráil.
Leasú 48 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 38
(38) Ach an fhógraíocht pholaitiúil a bheith trédhearcach, ba cheart go mbeadh na saoránaigh in ann a thuiscint gur fógra polaitiúil atá os a gcomhair. Ba cheart d’fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla a áirithiú go bhfoilseofar, i dtaca le gach fógra polaitiúil, ráiteas soiléir ina gcuirtear in iúl gur fógra polaitiúil é agus céannacht a hurraitheora a nochtadh. I gcás inarb iomchuí, d’fhéadfadh lógó polaitiúil a bheith ag gabháil le hainm an urraitheora. Ba cheart d’fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla úsáid a bhaint as lipéadú atá éifeachtach, agus aird a thabhairt ar fhorbairtí sa taighde eolaíoch ábhartha agus sa dea-chleachtas maidir le trédhearcacht a chur ar fáil trí lipéadú ar fhógraíocht. Ba cheart dóibh a áirithiú freisin go bhfoilseofar faisnéis maidir le gach fógra polaitiúil ionas gur féidir comhthéacs níos leithne an fhógra pholaitiúil agus na haidhmeanna atá leis a thuiscint, ar faisnéis í is féidir a chur san áireamh san fhógra féin, nó ar féidir leis an bhfoilsitheoir í a chur ar fáil ar a shuíomh gréasáin, agus fáil a bheith uirthi trí nasc nó trí threoir choibhéiseach atá soiléir agus soláimhsithe a áirítear san fhógra.
(38) Ba cheart go gcuirfeadh trédhearcacht na fógraíochta polaitiúla ar chumas daoine a thuiscint go bhfuil fógra polaitiúil os a gcomhair. Ba cheart d’fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla a áirithiú go bhfoilseofar i ngach fógra polaitiúil, ráiteas soiléir ina gcuirtear in iúl gur fógra polaitiúil é agus ina nochtar céannacht a hurraitheora agus an fheachtais pholaitiúil a bhfuil sé páirteach ann. I gcás inarb iomchuí, d’fhéadfadh lógó polaitiúil a bheith ag gabháil le hainm an urraitheora. Ba cheart d’fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla a áirithiú go mbeidh gach fógra atá polaitiúil lipéadaithe amhlaidh agus úsáid a bhaint as lipéadú atá éifeachtach, agus aird á tabhairt ar fhorbairtí sa taighde eolaíoch ábhartha agus sa dea-chleachtas maidir le trédhearcacht a chur ar fáil trí lipéadú ar fhógraíocht. I bhfianaise forbairtí teicneolaíocha agus forbairtí eile i dtaighde eolaíoch agus i gcleachtais mhargaidh ábhartha, ba cheart don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh lena mbunaítear teicnící lipéadaithe atá comhchuibhithe agus éifeachtach le haghaidh fógraíocht pholaitiúil.
Leasú 49 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 39
(39) Ba cheart an fhaisnéis sin a sholáthar i bhfógra trédhearcachta ar cheart céannacht an urraitheora a bheith ann freisin, d’fhonn tacú le cuntasacht sa phróiseas polaitiúil. Ba cheart áit bhunaithe an urraitheora agus cibé acu an duine nádúrtha nó duine dlítheanach an t-urraitheoir a léiriú go soiléir. Sonraí pearsanta a bhaineann le daoine aonair atá páirteach san fhógraíocht pholaitiúil ach nach bhfuil gaolmhar leis an urraitheoir ná le gníomhaí polaitiúil eile atá páirteach, níor cheart na sonraí pearsanta sin a sholáthar san fhógra trédhearcachta. Ba cheart faisnéis a bheith san fhógra trédhearcachta freisin maidir leis an tréimhse scaipthe, aon toghchán nasctha, an méid airgid a caitheadh agus luach na sochar eile a fuarthas mar pháirtmhalairt nó mar mhalairt iomlán ar an bhfógra sonrach, chomh maith leis an bhfeachtas fógraíochta ar fad, foinse na gcistí a úsáideadh agus faisnéis eile chun cothroime maidir le scaipeadh na fógraíochta polaitiúla a áirithiú. Faisnéis maidir le foinse na gcistí, baineann an fhaisnéis sin lena thionscnamh poiblí nó príobháideach mar shampla, agus más laistigh nó lasmuigh den Aontas Eorpach a thagann sé. San fhaisnéis a bhaineann le toghcháin nó reifrinn nasctha, nuair is féidir, ba cheart nasc a chur inti chuig faisnéis ó fhoinsí oifigiúla maidir leis an eagrúchán agus leis na módúlachtaí le haghaidh rannpháirtíocht sna toghcháin nó sna reifrinn sin nó maidir le rannpháirtíocht sna toghcháin nó sna reifrinn sin a chur chun cinn. Ba cheart faisnéis a áireamh san fhógra trédhearcachta maidir leis an gcaoi is féidir fógraí polaitiúla a mharcáil i gcomhréir leis an nós imeachta a bhunaítear leis an Rialachán seo. Ba cheart don cheanglas sin a bheith gan dochar do na forálacha maidir le fógra a thabhairt de réir Airteagal 14, 15 agus 19 de Rialachán (AE) 2021/XXX [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha].
(39) Ba cheart an fhaisnéis sin a sholáthar i bhfógra trédhearcachta ar cheart céannacht an urraitheora a bheith ar áireamh ann freisin agus, i gcás inarb infheidhme, céannacht an eintitis arb é ar deireadh a rialaíonn an t-urraitheoir, chun tacú le cuntasacht sa phróiseas polaitiúil. Ba cheart áit bhunaithe an urraitheora agus cibé an duine nádúrtha nó duine dlítheanach é an t-urraitheoir a bheith léirithe go soiléir. Níor cheart sonraí pearsanta a bhaineann le daoine atá rannpháirteach i bhfógraíocht pholaitiúil, nach bhfuil bainteach leis an urraitheoir ná le gníomhaí rannpháirteach polaitiúil eile a sholáthar san fhógra trédhearcachta. Ba cheart faisnéis a bheith san fhógra trédhearcachta freisin maidir leis an tréimhse scaipthe, aon toghchán nasctha, an méid airgid a chaitear agus luach na sochar eile a fhaightear mar pháirtmhalairt nó mar mhalairt iomlán ar an bhfógra sonrach, chomh maith leis an bhfeachtas fógraíochta ar fad, foinse na gcistí a úsáidtear agus faisnéis eile chun cothroime maidir le scaipeadh na fógraíochta polaitiúla a áirithiú. Baineann an fhaisnéis maidir le foinse na gcistí a úsáidtear lena tionscnamh poiblí nó príobháideach mar shampla, agus más ó laistigh nó lasmuigh den Aontas Eorpach a thagann sé. Ba cheart nasc a bheith san fhaisnéis a bhaineann le toghcháin nó reifrinn nasctha, nuair is féidir, chuig faisnéis ó fhoinsí oifigiúla maidir leis an eagrúchán agus leis na módúlachtaí le haghaidh rannpháirtíocht sna toghcháin nó sna reifrinn sin nó maidir le rannpháirtíocht sna toghcháin nó sna reifrinn sin a chur chun cinn. Ba cheart an fógra trédhearcachta a bheith ar fáil a luaithe a fhoilseofar nó a scaipfear an fhógraíocht, agus ba cheart an fhaisnéis atá ann a choimeád cothrom le dáta. Ba cheart faisnéis a áireamh freisin san fhógra trédhearcachta maidir le conas fógraí polaitiúla a mharcáil i gcomhréir leis an nós imeachta a bhunaítear leis an Rialachán seo. Ba cheart don cheanglas sin a bheith gan dochar do na forálacha maidir le fógra a thabhairt de réir Airteagail 16 agus 17 de Rialachán (AE) 2022/2065 (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha).
Leasú 50 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 40
(40) Ba cheart an fhaisnéis atá le háireamh san fhógra trédhearcachta a sholáthar san fhógra féin nó ba cheart fáil éasca a bheith uirthi trí bhíthin comhartha atá san fhógra. An ceanglas go mbeidh an fhaisnéis faoin bhfógra trédhearcacht le feiceáil go soiléir inter alia, ba cheart a chuimsiú ann go mbeidh sí le feiceáil go soiléir san fhógra nó leis an bhfógra. An ceanglas go mbeidh rochtain éasca ar an bhfaisnéis a fhoilsítear san fhógra trédhearcachta, go mbeidh sí inléite ag meaisín nuair is féidir sin go teicniúil, agus go mbeidh sé éasca í a úsáid, ba cheart a chuimsiú ann go dtugann sí aghaidh ar riachtanais daoine atá faoi mhíchumas. In Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2019/882 (an Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht) tá ceanglais inrochtaineachta maidir le faisnéis, lena n-áirítear faisnéis dhigiteach ar cheart a úsáid chun faisnéis pholaitiúil a dhéanamh inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas.
(40) Ba cheart d’fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla a áirithiú go bhfuil léiriú soiléir i ngach fógra polaitiúil ar an áit a bhféadfaí an fógra trédhearcachta a fháil go héasca. D’fhéadfadh cur i láthair na faisnéise a bheith éagsúil ag brath ar na modhanna a úsáidtear. Chun an fhaisnéis san fhógra trédhearcachta a aisghabháil go héasca, d’fhéadfaí úsáid a bhaint as, mar shampla, nasc chuig leathanach gréasáin tiomnaithe, ar an scáileán nó trí mheáin fuaime, cód mearfhreagartha (cód QR) nó bearta teicniúla coibhéiseacha atá éasca le húsáid. An ceanglas go mbeidh an fhaisnéis faoin bhfógra trédhearcacht le feiceáil go soiléir inter alia, ba cheart a chuimsiú ann go mbeidh sí le feiceáil go soiléir san fhógra nó leis an bhfógra. An ceanglas go mbeidh rochtain éasca ar an bhfaisnéis a fhoilsítear san fhógra trédhearcachta, go mbeidh sí inléite ag meaisín nuair is féidir sin go teicniúil, agus go mbeidh sé éasca í a úsáid, ba cheart a chuimsiú ann go dtugann sí aghaidh ar riachtanais daoine atá faoi mhíchumas. In Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2019/882 (an Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht) tá ceanglais inrochtaineachta maidir le faisnéis, lena n-áirítear faisnéis dhigiteach ar cheart a úsáid chun faisnéis pholaitiúil a dhéanamh inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas.
Leasú 51 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 41
(41) Ba cheart fógraí trédhearcachta a dhearadh chun feasacht na n-úsáideoirí a ardú agus chun cuidiú le sainaithint shoiléir an fhógra pholaitiúil féin. Ba cheart iad a dhearadh sa chaoi go bhfanfaidh siad i bhfeidhm nó go mbeidh rochtain orthu i gcónaí i gcás ina ndéantar fógra polaitiúil a scaipeadh a thuilleadh, ar ardán eile mar shampla, sin nó é a chur ar aghaidh idir daoine aonair. Ba cheart an fhaisnéis atá san fhógra trédhearcachta a fhoilsiú nuair a chuirtear tús le foilsiú na bhfógraí polaitiúla agus ba cheart í a choinneáil ar feadh bliain amháin tar éis an fhoilsithe dheiridh. Ar an bhfaisnéis a choinnítear, ba cheart faisnéis maidir le fógraíocht pholaitiúil ar cuireadh deireadh léi nó a thóg an foilsitheoir síos a chur san áireamh.
(41) Ba cheart fógraí trédhearcachta a dhearadh chun feasacht na n-úsáideoirí a ardú agus chun cuidiú le sainaithint shoiléir an fhógra pholaitiúil féin. Ba cheart iad a dhearadh sa chaoi go bhfanfaidh siad i bhfeidhm nó go mbeidh rochtain orthu i gcónaí i gcás ina ndéantar fógra polaitiúil a scaipeadh a thuilleadh, ar ardán eile mar shampla, sin nó é a chur ar aghaidh idir daoine aonair. Ba cheart an fhaisnéis atá san fhógra trédhearcachta a fhoilsiú nuair a chuirtear tús le foilsiú na bhfógraí polaitiúla agus ba cheart í a choinneáil ar feadh 10 mbliana tar éis an fhoilsithe dheiridh. Ar an bhfaisnéis a choinnítear, ba cheart faisnéis maidir le fógraíocht pholaitiúil ar cuireadh deireadh léi nó a thóg an foilsitheoir síos a chur san áireamh mar aon leis an gcúis leis an mbaint.
Leasú 52 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 42
(42) Ós rud é go gcuireann foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla fógraí polaitiúla ar fáil don phobal, ba cheart dóibh an fhaisnéis sin a fhoilsiú nó a scaipeadh ar an bpobal mar aon leis an bhfógra polaitiúil a fhoilsiú nó a scaipeadh. Na fógraí polaitiúla nach gcomhlíonann na ceanglais trédhearcachta faoin Rialachán seo, níor cheart d’fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla na fógraí sin a chur ar fáil don phobal. Ina theannta sin, foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla atá ina n-ardáin an-mhór ar líne de réir bhrí Rialachán (AE) 2021/XXX [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha], ba cheart dóibh an fhaisnéis atá san fhógra trédhearcachta a chur ar fáil trí na stórtha fógraíochta atá foilsithe de bhun Airteagal 30 den Rialachán [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha]. Is rud é sin a éascófar obair na ngníomhaithe leasmhara, lena n-áirítear taighdeoirí ina ról sonrach, chun tacú le toghcháin nó reifrinn atá saor agus cóir agus le feachtais toghcháin chóra lena n-áirítear trí iniúchadh a dhéanamh ar urraitheoirí fógraíochta polaitiúla agus anailís a dhéanamh ar thírdhreach na fógraíochta polaitiúla.
(42) Ós rud é go gcuireann foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla fógraí polaitiúla ar fáil don phobal, ba cheart dóibh an fhaisnéis sin a fhoilsiú nó a scaipeadh ar an bpobal mar aon leis an bhfógra polaitiúil a fhoilsiú nó a scaipeadh. I gcás ina dtagann foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla ar an eolas nach gcomhlíonann fógra polaitiúil na ceanglais trédhearcachta faoin Rialachán seo, ba cheart dóibh a ndícheall a dhéanamh na ceanglais faoin Rialachán seo a chomhlíonadh. I gcás nach féidir an fhaisnéis a chomhlánú nó a cheartú gan moill mhíchuí, níor cheart d’fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla fógraí polaitiúla a chur ar fáil nó scor de na fógraí polaitiúla nach gcomhlíonann na ceanglais trédhearcachta faoin Rialachán seo a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh ar an bpobal. Sa chás sin, ba cheart d’fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla soláthraí na seirbhísí lena mbaineann agus, i gcás inarb ábhartha, an t-urraitheoir, a chur ar an eolas faoi na bearta réasúnacha a rinneadh chun na ceanglais faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.
Leasú 53 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 42 a (nua)
(42a) Agus na hoibleagáidí sin á gcomhlíonadh acu, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla gníomhú agus aird chuí á tabhairt ar chearta bunúsacha agus ar chearta agus leasanna dlisteanacha eile. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla aird chuí a thabhairt ar shaoirse tuairimíochta agus rochtain ar fhaisnéis, lena n-áirítear saoirse agus iolrachas na meán.
Leasú 54 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 42 b (nua)
(42b) Leis an Rialachán seo, ba cheart go n-éascófaí obair na ngníomhaithe leasmhara, lena n-áirítear taighdeoirí, ina ról sonrach chun tacú le toghcháin nó reifrinn atá saor agus cóir agus le feachtais toghcháin chóra, lena n-áirítear trí iniúchadh a dhéanamh ar urraitheoirí na fógraíochta polaitiúla agus anailís a dhéanamh ar thírdhreach na fógraíochta polaitiúla. Dá bhrí sin, foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla atá ina n-ardáin an-mhór ar líne de réir bhrí Rialachán (AE) 2022/2065 (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha), agus atá ina n-innill chuardaigh an-mhór ar líne, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2022/2065 (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) ba cheart dóibh an fhaisnéis atá san fholáireamh trédhearcachta a chur ar fáil agus nuashonrú a dhéanamh air, i bhfíor-am, trí na stórtha fógraí atá foilsithe de bhun Rialachán (AE) 2022/2065 (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha).
Leasú 55 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 42 c (nua)
(42c) Ba cheart don Choimisiún stór Eorpach le haghaidh fógraí polaitiúla ar líne a bhunú chun tacú le foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla nach ardáin an-mhór ar líne iad de réir bhrí Rialachán (AE) 2022/2065 (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) ná innill chuardaigh an-mhór ar líne mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2022/2065 (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) chun forálacha an Rialacháin seo a chomhlíonadh. Foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla nach ardáin an-mhór ar líne iad de réir bhrí Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2022/2065 (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) ná innill chuardaigh an-mhór ar líne mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2022/2065 (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha), ba cheart dóibh a áirithiú go ndéanfar an fhaisnéis atá san fholáireamh trédhearcachta a chur ar fáil sa stór Eorpach le haghaidh fógraí polaitiúla ar líne gan moill mhíchuí, agus tráth nach déanaí ná 24 uair an chloig. Faisnéis a chuirfear ar fáil ar chomhéadan na bhfoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla, ba cheart í a chur ar fáil i bhformáid atá inléite ag meaisín de réir struchtúr agus caighdeán coiteann sonraí, arna fhorbairt ag an gCoimisiún i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha. Ba cheart faisnéis i stórtha ardán an-mhór ar líne agus inneall cuardaigh an-mhór ar líne agus faisnéis sa stór Eorpach le haghaidh fógraí polaitiúla ar líne a nascadh trí chomhéadan coiteann ríomhchláraithe feidhmchlár agus ba cheart rochtain a bheith ag an bpobal uirthi trí thairseach aonair.
Leasú 56 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 44
(44) Faisnéis maidir leis na suimeanna a chaitear agus luach na sochar eile a fhaightear mar pháirtmhalairt nó mar mhalairt iomlán ar sheirbhísí fógraíochta polaitiúla, féadfaidh an fhaisnéis sin cur leis an dioscúrsa polaitiúil ar bhealach úsáideach. Is gá a áirithiú gur féidir forbhreathnú iomchuí ar ghníomhaíocht fógraíochta polaitiúla a fháil ó na tuarascálacha bliantúla a ullmhaíonn na foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla ábhartha. Chun tacú le maoirseacht agus le cuntasacht, ba cheart a áireamh sa tuairisciú sin faisnéis faoi chaiteachas ar spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla sa tréimhse ábhartha, agus é comhiomlánaithe de réir feachtais nó iarrthóra. Chun ualaí díréireacha a sheachaint, níor cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí tuairiscithe trédhearcachta sin maidir le fiontair atá cáilithe faoi Airteagal 3(3) de Threoir 2013/34/AE.
(44) Faisnéis maidir leis na suimeanna a chaitear agus luach na sochar eile a fhaightear mar pháirtmhalairt nó mar mhalairt iomlán ar sheirbhísí fógraíochta polaitiúla, féadfaidh an fhaisnéis sin cur leis an dioscúrsa polaitiúil ar bhealach úsáideach. Is gá a áirithiú gur féidir forbhreathnú iomchuí ar ghníomhaíocht fógraíochta polaitiúla a fháil ó na tuarascálacha bliantúla a ullmhaíonn na foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla ábhartha. Chun tacú le maoirseacht agus le cuntasacht, ba cheart a áireamh sa tuairisciú sin faisnéis faoi chaiteachas ar spriocdhíriú nó seachadadh na fógraíochta polaitiúla sa tréimhse ábhartha, agus é comhiomlánaithe de réir feachtais nó iarrthóra. Chun ualaí díréireacha a sheachaint, níor cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí tuairiscithe trédhearcachta sin maidir le fiontair atá cáilithe faoi Airteagal 3, míreanna 1 go 3, de Threoir 2013/34/AE.
Leasú 57 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 45
(45) Ba cheart d’fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla a sholáthraíonn seirbhísí fógraíochta polaitiúla sásraí a chur ar bun a chuirfidh ar chumas daoine aonair a chur in iúl dóibh mura gcomhlíonann fógra polaitiúil ar leith atá foilsithe acu an Rialachán seo. Na sásraí chun fógraíocht den sórt sin a thuairisciú, ba cheart é a bheith éasca rochtain a fháil orthu agus iad a úsáid, agus ba cheart iad a chur in oiriúint don chineál fógraíochta a dháileann an foilsitheoir fógraíochta. A mhéid is féidir, ba cheart na sásraí sin a bheith inrochtana ón bhfógra féin, ar shuíomh gréasáin an fhoilsitheora fógraíochta mar shampla. Ba cheart d’fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla a bheith in ann brath ar shásraí atá ann cheana i gcás inarb iomchuí. I gcás inar soláthraithe seirbhísí óstála ar líne iad na foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla de réir bhrí na hIonstraime um Sheirbhísí Digiteacha, a mhéid a bhaineann leis na fógraí polaitiúla a óstáiltear arna iarraidh sin d’fhaighteoirí a gcuid seirbhísí, beidh feidhm i gcónaí ag forálacha Airteagal 14 den Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha maidir le fógraí i ndáil neamhchomhíonadh an Rialacháin seo ag na fógraí sin.
(45) Ba cheart d’fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla a sholáthraíonn seirbhísí fógraíochta polaitiúla sásraí a chur ar bun a chuirfidh ar chumas daoine aonair a chur in iúl dóibh mura gcomhlíonann fógra polaitiúil ar leith atá foilsithe acu an Rialachán seo. Na sásraí chun fógraíocht den sórt sin a thuairisciú, ba cheart é a bheith éasca rochtain a fháil orthu agus iad a úsáid, agus ba cheart iad a chur in oiriúint don chineál fógraíochta a dháileann an foilsitheoir fógraíochta. A mhéid is féidir, ba cheart na sásraí sin a bheith inrochtana ón bhfógra féin, ar shuíomh gréasáin an fhoilsitheora fógraíochta mar shampla. Ba cheart d’fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla a bheith in ann brath ar shásraí atá ann cheana i gcás inarb iomchuí. I gcás inar soláthraithe seirbhísí óstála ar líne iad na foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla de réir bhrí na hIonstraime um Sheirbhísí Digiteacha, a mhéid a bhaineann leis na fógraí polaitiúla a óstáiltear arna iarraidh sin d’fhaighteoirí a gcuid seirbhísí, beidh feidhm i gcónaí ag forálacha Airteagal 16 den Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha maidir le fógraí i ndáil neamhchomhíonadh an Rialacháin seo ag na fógraí sin. I gcás inar soláthraithe seirbhísí óstála ar líne iad na foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla de réir bhrí Rialachán (AE) 2022/2065 (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha), a mhéid a bhaineann leis na fógraí polaitiúla a óstáiltear arna iarraidh sin d’fhaighteoirí a gcuid seirbhísí, ba cheart go mbeadh foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla in ann brath ar an sásra foláirimh de bhun Rialachán (AE) 2022/2065 (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) maidir le foláirimh i ndáil le neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo ag na fógraí sin.
Leasú 58 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 45 a (nua)
(45a) I gcás nach gcomhlíontar le fógraíocht ar leith an Rialachán seo, ba cheart go gcuirfeadh sásraí arna soláthar ag an bhfoilsitheoir ar chumas daoine aonair an fógra lena mbaineann a chur in iúl. I gcás nach bhfuil na sásraí sin ar fáil, ba cheart go mbeadh daoine aonair in ann fógra polaitiúil den sórt sin a thuairisciú go díreach do na húdaráis inniúla.
Leasú 59 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 45 b (nua)
(45b) Ba cheart do na foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla iarrachtaí réasúnta a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar bhealach tráthúil, dícheallach agus oibiachtúil, ar na foláirimh arna bhfáil de bhun mhír 1, trí dhul i dteagmháil leis na soláthraithe seirbhíse ábhartha agus, de réir mar is ábhartha, leis an urraitheoir. Ba cheart don fhoilsitheoir fógraíochta polaitiúla údar an fholáirimh agus na soláthraithe seirbhíse lena mbaineann a chur ar an eolas faoin obair leantach a rinneadh ar an bhfoláireamh agus faisnéis a sholáthar faoi fhéidearthachtaí sásaimh, lena n-áirítear faoi Threoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a, i ndáil leis an bhfógraíocht lena mbaineann an foláireamh. I gcás ina bhfuil dóthain faisnéise i bhfoláireamh chun a chur ar chumas soláthraí dícheallach seirbhísí fógraíochta polaitiúla a shainaithint, gan mionphróiseas casta scrúdúcháin agus teagmhála, go bhfuil sé soiléir go bhfuil faisnéis ar iarraidh nó neamhiomlán, ba cheart don fhoilsitheoir fógraíochta polaitiúla gníomhú gan moill mhíchuí.
__________________
1a Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/22/CE (IO L 409, 4.12.2020, lch. 1).
Leasú 60 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 45 c (nua)
(45c) D’fhonn éifeachtacht na gceanglas trédhearcachta agus díchill chuí a áirithiú le linn toghcháin nó reifrinn, ba cheart d’fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla próiseáil a dhéanamh, laistigh den mhí dheireanach roimh an toghchán nó roimh an reifreann, ar aon fholáireamh a fhaigheann siad faoi fhógra a bhaineann leis an vóta sin gan moill mhíchuí agus tráth nach déanaí ná 48 n-uair an chloig, trí theagmháil a dhéanamh leis na soláthraithe seirbhísí lena mbaineann agus, i gcás inarb ábhartha, leis an urraitheoir. Ba cheart d’fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla ar micrifhiontair agus fiontair bheaga iad aon fhógra den sórt sin a phróiseáil gan moill mhíchuí.
Leasú 61 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 45 d (nua)
(45d) Le haon ghníomhaíocht a dhéanfaidh foilsitheoir fógraíochta polaitiúla, ba cheart díriú go docht ar mhíreanna faisnéise sonracha nach gcomhlíonann an Rialachán seo a cheartú, a chomhlánú nó a bhaint. Agus an méid sin á dhéanamh aici, ba cheart di aird chuí a thabhairt ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, agus ar chearta bunúsacha eile.
Leasú 62 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 46
(46) Chun go mbeidh eintitis shonracha in ann a ról a imirt i ndaonlathais, is iomchuí rialacha a leagan síos maidir le tarchur na faisnéise a fhoilsítear leis an bhfógra polaitiúil nó atá le fáil san fhógra trédhearcachta chuig gníomhaithe leasmhara amhail lucht léinn grinnfhiosraithe, iriseoirí, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus breathnóirí toghcháin creidiúnaithe, chun tacú leo agus iad ag feidhmiú a gcuid ról sa phróiseas daonlathach. Níor cheart a cheangal ar sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla freagairt d’iarrataí atá go follasach gan bhunús nó iomarcach. Ina theannta sin, ba cheart cead a bheith ag an soláthraí seirbhíse ábhartha táille réasúnta a ghearradh i gcás iarrataí atriallacha agus costasacha, agus na costais riaracháin a bhaineann leis an bhfaisnéis a sholáthar á gcur san áireamh.
(46) Chun go mbeidh eintitis shonracha in ann a ról a imirt i ndaonlathais, is iomchuí rialacha a leagan síos maidir le tarchur na faisnéise a fhoilsítear leis an bhfógra polaitiúil nó atá le fáil san fhógra trédhearcachta chuig gníomhaithe leasmhara amhail lucht léinn grinnfhiosraithe, iriseoirí, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus breathnóirí toghcháin creidiúnaithe, chun tacú leo agus iad ag feidhmiú a gcuid ról sa phróiseas daonlathach. Níor cheart a cheangal ar sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla freagairt ar iarrataí ar follasach go bhfuil siad doiléir, iomarcach nó go bhfuil faisnéis iontu nach bhfuil faoi smacht an tsoláthraí seirbhíse. Ina theannta sin, ba cheart cead a bheith ag an soláthraí seirbhíse ábhartha táille réasúnta a ghearradh i gcás iarrataí atriallacha agus costasacha, agus na costais riaracháin a bhaineann leis an bhfaisnéis a sholáthar á gcur san áireamh.
Leasú 63 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 47
(47) Maidir le sonraí pearsanta a bhailítear go díreach ó dhaoine aonair, nó go hindíreach amhail sonraí infeirithe, nuair a dhéantar daoine a ghrúpáil de réir a spéiseanna toimhdithe nó de réir faisnéis a fhaightear óna ngníomhaíocht ar líne, úsáidtear próifíliú iompraíochta agus teicnící anailíse eile níos minice ná riamh chun teachtaireachtaí polaitiúla a spriocdhíriú ar ghrúpaí nó ar vótálaithe aonair nó ar dhaoine aonair, agus chun a dtionchar a aimpliú. Ar bhonn phróiseáil na sonraí pearsanta, go háirithe sonraí a mheastar a bheith íogair faoi Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle11 agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle12, is féidir grúpaí éagsúla vótálaithe nó daoine aonair a dheighilt agus a saintréithe nó a leochaileachtaí a dhúshaothrú agus é sin a dhéanamh cuir i gcás, trí fhógraí a scaipeadh ag amanna sonracha agus in áiteanna sonracha, amanna agus áiteanna atá ceaptha chun leas a bhaint as na cásanna ina mbeadh na grúpaí agus na daoine sin íogair ó thaobh cineál áirithe faisnéise nó teachtaireachtaí de. Bíonn tionchair shonracha agus dhochracha ag an gcleachtas sin ar chearta agus saoirsí bunúsacha na saoránach maidir le próiseáil a sonraí pearsanta agus a saoirse chun faisnéis oibiachtúil a fháil, chun teacht ar a dtuairim féin, chun cinntí polaitiúla a dhéanamh agus chun a gcearta vótála a fheidhmiú. Bíonn tionchar diúltach aige sin ar an bpróiseas daonlathach. Ba cheart srianta agus coinníollacha breise i gcomparáid le Rialachán (AE) 2016/679 agus Rialachán (AE) 2018/1725 a chur ar fáil. Na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo maidir le húsáid na dteicnící spriocdhírithe agus aimpliúcháin a mhéid a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs na fógraíochta polaitiúla, ba cheart iad a bheith bunaithe ar Airteagal 16 CFAE.
(47) Maidir le sonraí pearsanta a bhailítear go díreach ó dhaoine aonair, nó go hindíreach amhail sonraí breathnaithe nó sonraí bunaithe ar thátal, nuair a dhéantar daoine aonair a ghrúpáil de réir a spéiseanna toimhdithe nó de réir faisnéis a fhaightear óna ngníomhaíocht ar líne, úsáidtear próifíliú iompraíochta agus teicnící anailíse eile níos minice ná riamh chun teachtaireachtaí polaitiúla a dhíriú ar ghrúpaí nó ar vótálaithe aonair nó ar dhaoine aonair, agus chun a dtionchar a mhéadú. Ar bhonn phróiseáil na sonraí pearsanta, go háirithe sonraí a mheastar a bheith íogair faoi Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[1] agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[2], is féidir grúpaí éagsúla vótálaithe nó daoine aonair a dheighilt agus a saintréithe nó a leochaileachtaí a dhúshaothrú agus é sin a dhéanamh cuir i gcás, trí fhógraí a scaipeadh ag amanna sonracha agus in áiteanna sonracha, amanna agus áiteanna atá ceaptha chun leas a bhaint as na cásanna ina mbeadh na grúpaí agus na daoine sin íogair ó thaobh cineál áirithe faisnéise nó teachtaireachtaí de. Bíonn tionchair shonracha agus dhochracha ag an gcleachtas sin ar chearta agus saoirsí bunúsacha na saoránach maidir le próiseáil a sonraí pearsanta agus a saoirse go gcaitear go cóir agus go cothrom leo, nach ndéantar iad a ionramháil, chun faisnéis oibiachtúil a fháil, chun teacht ar a dtuairim féin, chun cinntí polaitiúla a dhéanamh agus chun a gcearta vótála a fheidhmiú. Thairis sin, bíonn tionchar diúltach aige sin ar an bpróiseas daonlathach toisc go gcumasaíonn sé ilroinnt na díospóireachta poiblí faoi shaincheisteanna tábhachtacha sochaíocha, anailís chreiche vótálaithe, for-rochtain roghnaíoch agus, ar deireadh, ionramháil na dtoghthóirí. Méadaíonn sé freisin an baol go scaipfear an bhréagaisnéis, agus baineadh úsáid as le haghaidh cur isteach eachtrach toghchánach, go háirithe ag eintitis eachtracha neamhdhaonlathacha. Is baol é fógraíocht mhíthreorach nó dhoiléir chun críocha polaitiúla toisc go mbíonn tionchar aici ar na sásraí lárnacha lena gcumasaítear feidhmiú ár sochaí daonlathaí. Tarlaíonn sé sin go léir in ainneoin na gcoinníollacha atá ann cheana maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil, lena n-áirítear maidir le spriocdhíriú agus seachadadh fógraí, dá bhforáiltear i Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 Na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo maidir le húsáid na dteicnící spriocdhírithe agus seachadta fógraí a mhéid a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs na fógraíochta polaitiúla, ba cheart iad a bheith bunaithe ar Airteagal 16 CFAE.
__________________
__________________
11 Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
11 Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
12 Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
12 Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
Leasú 64 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 47 a (nua)
(47a) Tá na bealaí atá ann cheana faoi Rialachán (AE) 2016/679 maidir le fógraíocht a shaincheapadh agus a dhíriú go dleathach ar dhaoine aonair faoi réir mí-úsáide sistéamach, go háirithe maidir le toiliú saor agus feasach a bhailiú ó dhaoine aonair, rud nach féidir a réiteach faoin gcreat rialála atá ann faoi láthair.
Leasú 65 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 47 b (nua)
(47b) Is cleachtais iad patrúin dhorcha ar chomhéadain ar líne na n-ardán ar líne a shaobhann nó a chuireann isteach, go hábhartha nó go hiarbhír ar chumas úsáideoirí na seirbhíse roghanna nó cinntí uathrialacha agus eolasacha a dhéanamh maidir leis na sonraí pearsanta a chuireann siad ar fáil chun críocha fhógraíochta polaitiúla. Dá bhrí sin, ba cheart toirmeasc a chur ar sholáthraithe ardán ar líne úsáideoirí na seirbhíse a ghríosadh agus cosc a chur orthu neamhspleáchas, cinnteoireacht nó rogha na n-úsáideoirí a shaobhadh nó a lagú.
Leasú 66 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 47 c (nua)
(47c) Ba cheart go n-áireofaí leis sin freisin iarraidh arís agus arís eile ar úsáideoir na seirbhíse rogha a dhéanamh i gcás ina bhfuil rogha den sórt sin déanta cheana féin, an nós imeachta chun seirbhís a chealú a dhéanamh i bhfad níos deacra ná clárú léi, nó roghanna áirithe a dhéanamh níos deacra nó níos fadálaí ná cinn eile nó socruithe réamhshocraithe atá an-deacair a athrú, agus a chlaonann go míréasúnach mar sin cinnteoireacht úsáideoir na seirbhíse, ar bhealach a shaobhann agus a lagaíonn a neamhspleáchas, a gcinnteoireacht agus a rogha. Níor cheart, áfach, go dtuigfí le rialacha lena gcoisctear patrúin dhorcha go gcuirtear cosc ar sholáthraithe idirghníomhú go díreach le húsáideoirí na seirbhíse agus seirbhísí nua nó breise a thairiscint dóibh. Is cleachtais choiteanna iad úsáid chórasach patrúin dhorcha, comhaontuithe toilithe doiléire, faisnéis mhíthreorach, agus easpa ama chun téarmaí agus coinníollacha a léamh ionas go mbeidh sé deacair d’úsáideoirí na seirbhíse faisnéis shoiléir agus rialú soiléir a bheith acu i gcomhthéacs an tionscail fógraíochta ar líne atá bunaithe ar fhaireachas.
Leasú 67 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 47 d (nua)
(47d) D’fhonn daoine aonair a chosaint maidir leis an mbealach agus na críocha a ndéantar a sonraí pearsanta a phróiseáil, agus go háirithe i gcomhthéacsanna atá ábhartha chun tionchar a imirt ar a roghanna daonlathacha agus a rannpháirtíocht sa díospóireacht phoiblí, chomh maith le daonlathas agus sláine na dtoghchán a chosaint, is gá Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 a chomhlánú trí shrianta breise a chur leo, ar srianta iad ar cheart a bheith i bhfoirm teorainneacha dochta ar phróiseáil sonraí pearsanta chun díriú ar fhógraíocht pholaitiúil ar líne agus í a sheachadadh, bunaithe ar Airteagal 16 CFAE.
Leasú 68 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 47 e (nua)
(47e) Maidir le teicnící spriocdhírithe agus seachadta bunaithe ar choinníollacha áirithe agus ar mhéid teoranta sonraí pearsanta arna soláthar nach catagóirí speisialta sonraí pearsanta iad de réir bhrí Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2016/679 nó Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2018/1725, is féidir leo a bheith úsáideach chun fógraíocht pholaitiúil agus faisnéis pholaitiúil a scaipeadh agus chun teagmháil a dhéanamh le saoránaigh agus iad a chur ar an eolas.
Leasú 69 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 47 f (nua)
(47f) Níor cheart teicnící spriocdhírithe agus seachadta fógraí a bhfuil próiseáil sonraí pearsanta i gceist leo a cheadú ach amháin ar bhonn sonraí pearsanta a chuireann an t-ábhar sonraí ar fáil go sainráite don fhoilsitheoir fógraíochta chun na críocha sonrach agus chuige sin amháin fógraíocht pholaitiúil spriocdhírithe a fháil. Níor cheart do sholáthraithe toiliú a iarraidh i gcás ina bhfeidhmíonn an t-ábhar sonraí a cheart nó a ceart chun agóid a dhéanamh trí mhodhanna uathoibrithe trí úsáid a bhaint as sonraíochtaí teicniúla, i gcomhréir le hAirteagal 21(5) de Rialachán (AE) 2016/679. I gcás go ndiúltaíonn na hábhair sonraí toiliú a thabhairt, nó go dtarraingíonn siad an toiliú siar, ba cheart roghanna córa agus réasúnacha eile a thabhairt dó nó di chun rochtain a fháil ar sheirbhísí na sochaí faisnéise. Níor cheart go mbeadh sé níos deacra nó níos fadálaí don t-ábhar sonraí diúltú toiliú a thabhairt ná an toiliú sin a thabhairt. Níor cheart próiseáil sonraí pearsanta breathnaithe nó atá bunaithe ar thátal a cheadú, i gcomhréir le Treoirlínte 8/2020 ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí maidir le díriú ar úsáideoirí na meán sóisialta. Gan srian den sórt sin a fhorchur ar theicnící spriocdhírithe agus seachadta fógraí, is dócha go mbeadh ardriosca do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha mar thoradh ar dhíriú agus seachadadh fógraíochta polaitiúla bunaithe ar shonraí pearsanta.
Leasú 70 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 47 g (nua)
(47g) Níor cheart go n-áireofaí sna sonraí pearsanta a soláthraíodh ach catagóirí de shonraí pearsanta, arna soláthar go sainráite agus go gníomhach ag an t-ábhar sonraí, chun na críche sonraí agus chun na críche sin amháin iad a dhíriú ar fhógraíocht pholaitiúil ag an rialaitheoir sonraí ar cuireadh ar fáil dó iad. Níor cheart go ndíreofaí ar dhaoine is ábhar do na sonraí le fógraí polaitiúla ó rialaitheoirí sonraí nár sholáthair siad a sonraí pearsanta dóibh. Agus na sonraí á gcur ar fáil don fhoilsitheoir, ba cheart iad a chur isteach i gcomhéadan nó i socruithe an fhoilsitheora. Ba cheart, dá bhrí sin, próiseáil aon sonraí a bhaineann leis na hábhair sonraí a phróiseáilfí ar shlí eile le linn ghnáthúsáide na seirbhíse, amhail meiteashonraí, sonraí tráchta agus suímh nó ábhar na cumarsáide, cibé acu pearsanta nó poiblí, a eisiamh.
Leasú 71 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 47 h (nua)
(47h) D’fhéadfadh roinnt iarrthóirí nó páirtithe polaitiúla a bhfuil acmhainní maithe acu dul timpeall ar na srianta ar theicnící spriocdhírithe le seirbhísí inmheánacha a dhéanann margaíocht pholaitiúil ar mhórscála. Dá bhrí sin, nuair a phróiseálann urraitheoirí sonraí pearsanta le haghaidh margaíocht pholaitiúil spriocdhírithe dhíreach, amhail ríomhphost spriocdhírithe nó teachtaireachtaí téacs spriocdhírithe a sheoladh, ar mhórscála agus ar bhonn córasach, ba cheart feidhm a bheith ag na srianta ar theicnící dírithe, is cuma má tá seirbhís i gceist nó nach bhfuil. Ní dhéanann sé sin difear don fhíric nár cheart feidhm a bheith ag na srianta ar theicnící spriocdhírithe agus seachadta fógraí maidir le cumarsáid dhíreach amháin, lena n-áirítear ríomhphoist phearsantaithe nó teachtaireachtaí téacs nach margaíocht dhíreach spriocdhírithe ar scála mór iad, agus ábhar orgánach a fhoilsítear trí úsáid a bhaint as seirbhísí idirghabhálacha ar líne gan breithniú a dhéanamh ar shuíomh, foilsiú nó scaipeadh na teachtaireachta sonraí.
Leasú 72 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 47 i (nua)
(47i) Chun toghcháin agus reifrinn a chosaint agus aon chur isteach míchuí, ionramháil agus bréagaisnéis a chosc, is gá srianta breise a chur leis maidir le spriocdhíriú agus seachadadh fógraí sa tréimhse díreach roimh an toghchán nó roimh an reifreann. Sna 60 lá roimh aon toghchán nó reifreann, ba cheart teicnící spriocdhírithe agus seachadta fógraí, i gcomhthéacs na fógraíochta polaitiúla lena mbaineann sonraí pearsanta a soláthraíodh, a bheith teoranta go docht d’úsáid a bhaint as suíomh agus na teangacha a labhraíonn t-ábhar sonraí. D’fhéadfaí leas a bhaint freisin as an bhfíric gur vótálaí céaduaire duine mar go bhfuil sé tábhachtach dul i dteagmháil le daoine den sórt sin agus faisnéis a sholáthar dóibh maidir leis an toghchán nó an reifreann. Ba cheart a thuiscint go bhfuil suíomh an ábhair sonraí a úsáidtear chun fógraíocht pholaitiúil spriocdhírithe a sheachadadh ag leibhéal an toghlaigh is infheidhme sa toghchán nó sa reifreann ábhartha. Sna Ballstáit nach bhfuil ach toghlach náisiúnta amháin acu do thoghcháin Pharlaimint na hEorpa, áfach, d’fhéadfaí a thuiscint go bhfuil suíomh an ábhair sonraí ar an leibhéal réigiúnach nó ar leibhéal coibhéiseach i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le haghaidh fógraíochta polaitiúla a bhaineann leis na toghcháin sin.
Leasú 73 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 47 j (nua)
(47j) Níor cheart go gcuirfeadh an toirmeasc agus na srianta maidir le próiseáil sonraí pearsanta le haghaidh fógraíocht pholaitiúil cosc ar urraitheoirí, ar fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla ná ar sholáthraithe seirbhísí fógraíochta, lena n-áirítear ardáin ar líne, fógraíocht pholaitiúil ar líne a thaispeáint bunaithe ar fhaisnéis chomhthéacsúil, lena n-áirítear eochairfhocail. Tá an teorainn sin comhréireach i bhfianaise go bhfuil rochtain ag urraitheoirí ar bhealaí eile dá bhfógraíocht pholaitiúil, go háirithe trí spriocdhíriú comhthéacsúil ar líne agus trí mheáin mhalartacha as líne. Comhlíonann an teorainn sin an ceart chun faisnéis agus smaointe leasa ghinearálta a thabhairt a bhfuil an pobal i dteideal a fháil toisc go bhféadfaí an ceart sin a theorannú in imthosca áirithe, má dhéantar an teorannú go réasúnta, go cúramach agus de mheon macánta, agus má tá sé comhréireach agus má tá údar maith leis ar chúiseanna ábhartha leordhóthanacha, go háirithe, chun cearta daoine eile a chosaint.
Leasú 74 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 47 k (nua)
(47k) Agus paraiméadair spriocdhírithe á roghnú acu, léiríonn urraitheoirí lucht féachana féideartha dá bhfógraíocht pholaitiúil. Mar sin féin, ag brath ar an mbuiséad a thiomnaíonn siad dá bhfeachtas fógraíochta, ní gá go sroichfeadh a bhfógra polaitiúil lucht féachana iomlán den sórt sin. Beidh ar an bhfoilsitheoir a roghnú, ón lucht féachana féideartha sin, cé a gheobhaidh an fógra polaitiúil i ndáiríre. Chun cosc a chur ar chruthú bothanna macalla agus bolgán scagtha agus chun cosc a chur ar sceabhacha déimeagrafacha feadh cine nó inscne, rud a fhágann cineálacha idirdhealaithe, níor cheart go gceadófaí d'ardáin ar líne fógraíocht pholaitiúil a sheachadadh go roghnaitheach laistigh den lucht féachana féideartha spriocdhírithe bunaithe ar phróiseáil bhreise sonraí pearsanta. Níor cheart, dá bhrí sin, faighteoirí iarbhír an fhógra pholaitiúil a roghnú ach go randamach ag an bhfoilsitheoir, gan aon phróiseáil bhreise a dhéanamh ar shonraí pearsanta.
Leasú 75 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 47 l (nua)
(47l) Leis na hoibleagáidí fairsinge trédhearcachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, cabhrófar freisin chun go mbeidh sé dodhéanta teachtaireachtaí nach dtugtar faoi deara, atá contrártha agus deighilte a fhógairt do chodanna sonracha de na toghthóirí, toisc go mbeidh lucht faire, an tsochaí shibhialta, iriseoirí agus codanna eile de na toghthóirí in ann a ngrinnscrúdú a dhéanamh.
Leasú 76 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 48
(48) Tá toirmeasc ar theicnící spriocdhírithe nó aimpliúcháin a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/679 agus in Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 i gcomhthéacs na fógraíochta polaitiúla. Níor cheart úsáid na dteicnící sin a cheadú ach amháin nuair is é an rialaitheoir a bhaineann úsáid astu, sin nó duine atá ag gníomhú thar a cheann, ar bhonn toiliú sainráite ón ábhar sonraí, nó nuair atá an rialaitheoir i mbun a ngníomhaíochtaí dlisteanacha, agus coimircí iomchuí i bhfeidhm, mar chuid d’fhondúireacht, comhlachas nó aon chomhlacht seachbhrabúsach eile lena mbaineann aidhm pholaitiúil, fhealsúnach, reiligiúnach nó ceardchumannachais, agus ar choinníoll nach mbainfidh an phróiseáil ach le comhaltaí nó le hiar-chomhaltaí an chomhlachta nó le daoine a mbíonn teagmháil rialta acu leis an gcomhlacht i ndáil lena chuspóirí agus ar choinníoll nach nochtfar na sonraí pearsanta lasmuigh den chomhlacht sin gan toiliú na n-ábhar sonraí. Ba cheart coimircí sonracha a bheith ag gabháil leis sin. Ba cheart toiliú a thuiscint mar thoiliú de réir bhrí Rialachán (AE) 2016/679 agus Rialachán (AE) 2018/1725. Dá bhrí sin, níor cheart gur féidir brath ar na heisceachtaí mar a leagtar amach in Airteagal 9(2), pointí (b), (c), (e), (f), (g), (h), (i) agus (j) de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 10(2), pointí (b), (c), (e), (f), (g), (h), (i) agus (j) de Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le húsáid na dteicnící spriocdhírithe agus aimpliúcháin chun fógraíocht pholaitiúil a fhoilsiú, a chur chun cinn nó a scaipeadh nuair atá próiseáil sonraí pearsanta i gceist, rud dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/679 agus 10(1) de Rialachán (AE) 2018/725.
scriosta
Leasú 77 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 49
(49) Chun trédhearcacht agus cuntasacht fheabhsaithe a áirithiú nuair atá úsáid á baint as teicnící spriocdhírithe agus aimpliúcháin i gcomhthéacs na fógraíochta polaitiúla a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta, ba cheart do na rialaitheoirí coimircí breise a chur chun feidhme. Ba cheart dóibh beartas a ghlacadh agus a chur chun feidhme ina shonraítear úsáid na dteicnící sin chun spriocdhíriú a dhéanamh ar dhaoine aonair nó chun a n-inneachar a aimpliú, agus ba cheart dóibh taifead a choimeád maidir lena ngníomhaíochtaí ábhartha. Nuair atá fógra polaitiúil á fhoilsiú, á chur chun cinn nó á scaipeadh agus úsáid á baint as teicnící spriocdhírithe agus aimpliúcháin chuige sin, ba cheart do na rialaitheoirí a sholáthar, in éineacht leis an bhfógra polaitiúil, faisnéis fhónta chun gur féidir leis an duine aonair lena mbaineann an loighic a úsáidtear agus príomhpharaméadair an spriocdhírithe a thuiscint, mar aon le húsáid sonraí tríú páirtí agus teicnící anailíse breise, lena n-áirítear an ndearnadh optamú breise ar spriocdhíriú an fhógra le linn a sheachadta.
(49) Chun trédhearcacht agus cuntasacht fheabhsaithe a áirithiú nuair atá úsáid á baint as teicnící spriocdhírithe agus seachadta fógraí i gcomhthéacs na fógraíochta polaitiúla a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta, ba cheart do na rialaitheoirí coimircí breise a chur chun feidhme. Ba cheart dóibh beartas a ghlacadh agus a chur chun feidhme ina ndéantar cur síos ar úsáid na dteicnící sin chun díriú ar dhaoine aonair nó chun ábhar a bhfógra a sheachadadh, ba cheart dóibh measúnuithe riosca bliantúla a dhéanamh ar úsáid na dteicnící sin ar chearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair agus na sochaí ina hiomláine agus taifead a choinneáil ar a ngníomhaíochtaí ábhartha. Nuair atá fógra polaitiúil á fhoilsiú, á chur chun cinn, á sheacadadh nó á scaipeadh agus úsáid á baint as teicnící spriocdhírithe chuige sin, ba cheart do na rialaitheoirí a sholáthar, in éineacht leis an bhfógra polaitiúil, faisnéis fhónta chun gur féidir leis an duine aonair lena mbaineann an loighic a úsáidtear agus príomhpharaméadair an spriocdhírithe a thuiscint, mar aon le húsáid sonraí tríú páirtí agus teicnící anailíse breise, lena n-áirítear an ndearnadh optamú breise ar spriocdhíriú an fhógra le linn a sheachadta.
Leasú 78 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 50
(50) Na foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla a bhaineann úsáid as teicnící spriocdhírithe nó aimpliúcháin, ba cheart dóibh a áireamh ina bhfógra trédhearcachta, an fhaisnéis is gá chun gur féidir leis an duine aonair lena mbaineann an loighic agus príomhpharaiméadair na teicníce arna n-úsáid a thuiscint, mar aon le húsáid sonraí tríú páirtí agus teicnící anailíseacha breise, agus nasc chuig beartas ábhartha an rialaitheora. I gcás nach ionann an rialaitheoir agus an foilsitheoir fógraíochta, ba cheart don rialaitheoir an beartas inmheánach nó tagairt dó a tharchur chuig an bhfoilsitheoir fógraíochta polaitiúla. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí fógraíochta, de réir mar is gá, an fhaisnéis is gá chun a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh a tharchur chuig an bhfoilsitheoir fógraíochta polaitiúla. D’fhéadfaí soláthar na faisnéise sin a uathoibriú agus a chomhtháthú sna gnáthphróisis ghnó ar bhonn na gcaighdeán.
(50) Ba cheart d’fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla a bhaineann úsáid as teicnící dírithe nó seachadta fógraí an fhaisnéis is gá a áireamh ina bhfógra trédhearcachta chun go mbeidh an duine aonair lena mbaineann in ann tuiscint a fháil ar loighic agus ar phríomhpharaiméadair na teicníce a úsáidtear, agus ar úsáid sonraí tríú páirtí agus teicnící anailíseacha breise a úsáidtear agus nasc chuig beartas ábhartha an tsoláthraí seirbhíse fógraíochta polaitiúla. I gcás ina bhfuil an soláthraí seirbhíse fógraíochta polaitiúla difriúil ón bhfoilsitheoir fógraíochta ba cheart don soláthraí seirbhíse an beartas inmheánach nó tagairt dó a tharchur chuig an bhfoilsitheoir fógraíochta polaitiúla. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí fógraíochta, de réir mar is gá, an fhaisnéis is gá chun a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh a tharchur chuig an bhfoilsitheoir fógraíochta polaitiúla. D’fhéadfaí soláthar na faisnéise sin a uathoibriú agus a chomhtháthú sna gnáthphróisis ghnó ar bhonn na gcaighdeán.
Leasú 79 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 51
(51) D’fhonn tuilleadh cumhachta a thabhairt do dhaoine aonair chun go mbeidh siad in ann a gcearta cosanta sonraí a fheidhmiú, ba cheart d’fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla faisnéis bhreise agus uirlisí éifeachtacha a chur ar fail don ábhar sonraí lena mbaineann chun tacú leis ó thaobh a chearta a fheidhmiú faoi chreat dlíthiúil an Aontais maidir le cosaint sonraí, lena n-áirítear cur i gcoinne fógra polaitiúil nó a thoiliú a tharraingt siar nuair a dhéantar fógra polaitiúil a spriocdhíriú air. Ba cheart é a bheith éasca rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin go díreach ón bhfógra trédhearcachta. Na huirlisí a chuirtear ar fáil do na daoine aonair chun tacú leo ó thaobh fheidhmiú a gcuid gceart de, ba cheart iad a bheith éifeachtach ó thaobh cosc a chur ar fhógraí polaitiúla a spriocdhíriú ar dhuine aonair, agus ó thaobh cosc a chur ar rialaitheoir amháin nó rialaitheoirí éagsúla sonracha spriocdhíriú a dhéanamh ar dhuine aonair ar bhonn critéir shonracha.
(51) D’fhonn tuilleadh cumhachta a thabhairt do dhaoine aonair chun go mbeidh siad in ann a gcearta cosanta sonraí a fheidhmiú, ba cheart d’fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla faisnéis bhreise agus uirlisí éifeachtacha a chur ar fail don ábhar sonraí lena mbaineann chun tacú leis ó thaobh a chearta a fheidhmiú faoi chreat dlíthiúil an Aontais maidir le cosaint sonraí, lena n-áirítear a thoiliú a tharraingt siar nuair a dhéantar fógra polaitiúil a spriocdhíriú air. Ba cheart é a bheith éasca rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin go díreach ón bhfógra trédhearcachta. Na huirlisí a chuirtear ar fáil do na daoine aonair chun tacú leo ó thaobh fheidhmiú a gcuid gceart de, ba cheart iad a bheith éifeachtach ó thaobh cosc a chur ar fhógraí polaitiúla a spriocdhíriú ar dhuine aonair, agus ó thaobh cosc a chur ar rialaitheoir amháin nó rialaitheoirí éagsúla sonracha spriocdhíriú a dhéanamh ar dhuine aonair ar bhonn critéir shonracha.
Leasú 80 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 52
(52) Ba cheart don Choimisiún spreagadh a thabhairt maidir le cóid iompair a tharraingt suas, rud dá dtagraítear in Airteagal 40 de Rialachán (AE) 2016/679 chun tacú le feidhmiú chearta na n-ábhar sonraí sa chomhthéacs seo.
(52) Ba cheart don Choimisiún treoirlínte a tharraingt suas chun tacú le feidhmiú chearta na n-ábhar sonraí sa chomhthéacs sin.
Leasú 81 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 53
(53) An fhaisnéis atá le soláthar i gcomhréir leis na ceanglais uile is infheidhme maidir le húsáid teicnící spriocdhírithe agus aimpliúcháin faoin Rialachán seo, ba cheart í a chur i láthair i bhformáid atá inrochtana go héasca, atá le feiceáil go soiléir agus atá soláimhsithe ag úsáideoirí, lena n-áirítear trí ghnáthfhriotal a úsáid.
(53) An fhaisnéis atá le soláthar i gcomhréir leis na ceanglais uile is infheidhme maidir le húsáid teicnící spriocdhírithe agus seachadta fógraí faoin Rialachán seo, ba cheart í a chur i láthair i bhformáid atá inrochtana go héasca, iomlán, atá le feiceáil go soiléir agus atá soláimhsithe ag úsáideoirí, lena n-áirítear trí theanga shoiléir a úsáid agus oiriúnach do dhaoine faoi mhíchumas.
Leasú 82 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 54
(54) Is iomchuí rialacha a leagan síos maidir le tarchur na faisnéise ar spriocdhíriú chuig eintitis leasmhara eile. Ba cheart an córas is infheidhme a bheith comhsheasmhach leis an gcóras um tharchur na faisnéise a bhaineann leis na ceanglais trédhearcachta.
(54) Is iomchuí rialacha a leagan síos maidir le tarchur na faisnéise ar spriocdhíriú agus seachadadh fógraí chuig eintitis leasmhara eile. Ba cheart an córas is infheidhme a bheith comhsheasmhach leis an gcóras um tharchur na faisnéise a bhaineann leis na ceanglais trédhearcachta.
Leasú 83 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 55
(55) Soláthraithe fógraíochta polaitiúla atá bunaithe i dtríú tír agus a thairgeann seirbhísí san Aontas, ba cheart dóibh ionadaí dlíthiúil sainordaithe san Aontas a ainmniú chun go bhféadfar maoirseacht éifeacht ar an Rialachán seo a dhéanamh i ndáil leis na soláthraithe sin. D’fhéadfadh sé gurbh é an t-ionadaí dlíthiúil an t-ionadaí a ainmnítear ar bhonn Airteagal 27 de Rialachán (AE) 2016/679 nó an t-ionadaí a ainmnítear ar bhonn Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/xxx [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha].
(55) Soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla atá bunaithe i dtríú tír agus a thairgeann seirbhísí san Aontas, ba cheart dóibh ionadaí dlíthiúil sainordaithe san Aontas a ainmniú atá cláraithe laistigh den phointe teagmhála aonair náisiúnta chun go bhféadfar maoirseacht éifeachtach ar an Rialachán seo a dhéanamh i ndáil leis na soláthraithe sin. D’fhéadfadh sé gurbh é an t-ionadaí dlíthiúil an t-ionadaí a ainmnítear ar bhonn Airteagal 27 de Rialachán (AE) 2016/679 nó an t-ionadaí a ainmnítear ar bhonn Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2022/2065 (an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha). Ba cheart do na Ballstáit clár de na hionadaithe dlíthiúla uile atá cláraithe ar a gcríoch a choinneáil ar fáil go poiblí faoin Rialachán seo, agus ba cheart don Choimisiún bunachar sonraí a bhfuil rochtain éasca air de na hionadaithe dlíthiúla atá cláraithe laistigh den Aontas a choinneáil ar fáil go poiblí.
Leasú 84 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 56
(56) Ar mhaithe le maoirseacht éifeachtach an Rialacháin seo, is gá cúram a chur ar na húdaráis formhaoirseachta chun go mbeidh an inniúlacht acu faireachán a dhéanamh ar na rialacha ábhartha agus iad a fhorfheidhmiú. Ag brath ar chóras dlí gach Ballstáit agus i gcomhréir le dlí an Aontais atá ann cheana, lena n-áirítear Rialachán (AE) 2016/679 agus Rialachán (AE) 2021/xxx [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha], féadfar údaráis náisiúnta, bhreithiúnacha nó riaracháin éagsúla a ainmniú chuige sin.
(56) Ar mhaithe le maoirseacht éifeachtach an Rialacháin seo, is gá cúram a chur ar na húdaráis formhaoirseachta chun go mbeidh an inniúlacht acu faireachán a dhéanamh ar na rialacha ábhartha agus iad a fhorfheidhmiú agus acmhainní a chur ar fáil dóibh atá i gcomhréir leis na hinniúlahtaí breise sin. Ag brath ar chóras dlí gach Ballstáit agus i gcomhréir le dlí an Aontais atá ann cheana, lena n-áirítear Rialachán (AE) 2016/679 agus Rialachán (AE) 2022/2065 (an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha), féadfar údaráis náisiúnta, bhreithiúnacha nó riaracháin éagsúla a ainmniú chuige sin.
Leasú 85 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 57
(57) A mhéid a bhaineann le maoirseacht ar sheirbhísí idirghabhálacha ar líne faoin Rialachán seo, ba cheart do na Ballstáit údaráis inniúla a ainmniú agus a áirithiú go bhfuil an mhaoirseacht sin comhleanúnach leis na húdaráis inniúla arna n-ainmniú de bhun Airteagal 38 de Rialachán (AE) [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha]. Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha i ngach Ballstát, de bhun Rialachán (AE), an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha, ba cheart an fhreagracht a bheith orthu as comhordú a áirithiú ar an leibhéal náisiúnta i ndáil leis na hábhair sin, agus i gcás inar gá, dul i mbun comhar trasteorann le Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile, de réir na sásraí a leagtar síos i Rialachán (AE) [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha]. Faoi chuimsiú chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart an sásra sin a theorannú don chomhar náisiúnta idir Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha [agus níor cheart a áireamh ann go n-ardófar chuig leibhéal an Aontais é mar a fhoráiltear le Rialachán (AE) [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha].
(57) A mhéid a bhaineann le maoirseacht ar sheirbhísí idirghabhálacha ar líne faoin Rialachán seo, ba cheart do na Ballstáit údaráis inniúla a ainmniú agus a áirithiú go bhfuil an mhaoirseacht sin comhleanúnach leis na húdaráis inniúla arna n-ainmniú de bhun Airteagal 38 de Rialachán (AE) 2022/2065 (an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha). Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha i ngach Ballstát, de bhun Rialachán (AE) 2022/2065 (an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha), ba cheart an fhreagracht a bheith orthu as comhordú a áirithiú ar an leibhéal náisiúnta i ndáil leis na hábhair sin, agus i gcás inar gá, dul i mbun comhar trasteorann le Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile, de réir na sásraí a leagtar síos i Rialachán (AE) 2022/2065 (an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha). Faoi chuimsiú chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart an sásra sin a theorannú don chomhar náisiúnta idir Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha [agus níor cheart a áireamh ann go n-ardófar chuig leibhéal an Aontais é mar a fhoráiltear le Rialachán (AE) 2022/2065 (an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha).
Leasú 86 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 58
(58) Maidir le formhaoirseacht ar na gnéithe sin den Rialachán seo nach dtagann faoi inniúlacht na n-údarás maoirseachta faoi Rialachán (AE) 2016/679, Rialachán (AE) 2018/725, ba cheart do na Ballstáit údaráis inniúla a ainmniú. Chun tacú leis na cearta agus na saoirsí bunúsacha, an smacht reachta, na prionsabail dhaonlathacha agus muinín an phobail as maoirseacht ar an bhfógraíocht pholaitiúil, is gá go mbeidh na húdaráis sin neamhspleách ó thaobh struchtúir de ó idirghabháil sheachtrach nó ón mbrú polaitiúil agus go gcumhachtaítear iad go hiomchuí ionas gur féidir leo faireachán éifeachtach a dhéanamh agus na bearta is gá a ghlacadh chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, go háirithe na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 7. Féadfaidh na Ballstáit na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta a ainmniú go háirithe faoi Airteagal 30 de Threoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle13.
(58) Maidir le formhaoirseacht ar na gnéithe sin den Rialachán seo nach dtagann faoi inniúlacht na n-údarás maoirseachta faoi Rialachán (AE) 2016/679, Rialachán (AE) 2018/725 agus Rialachán (AE) 2022/2065 (an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha), ba cheart do na Ballstáit údaráis inniúla a ainmniú chun faireachán a dhéanamh ar rialacha ábhartha agus chun iad a fhorfheidhmiú. Chun tacú leis na cearta agus na saoirsí bunúsacha, an smacht reachta, na prionsabail dhaonlathacha agus muinín an phobail as maoirseacht ar an bhfógraíocht pholaitiúil, is gá go mbeidh na húdaráis sin neamhspleách ó thaobh struchtúir de ó idirghabháil sheachtrach nó ón mbrú polaitiúil agus go gcumhachtaítear iad go hiomchuí ionas gur féidir leo faireachán éifeachtach a dhéanamh agus na bearta is gá a ghlacadh chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, go háirithe na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 7. Féadfaidh na Ballstáit na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta a ainmniú go háirithe faoi Airteagal 30 de Threoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle13.
__________________
__________________
13 Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin sna Ballstáit maidir le seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (an Treoir um Sheirbhísí Meán Closamhairc) (IO L 95, 15.4.2010, lch. 1).
13 Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin sna Ballstáit maidir le seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (an Treoir um Sheirbhísí Meán Closamhairc) (IO L 95, 15.4.2010, lch. 1).
Leasú 87 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 58 a (nua)
(58a) Chun críocha fheidhmiú a gcumhachtaí faoin Rialachán seo, ba cheart acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil do na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 15 agus don Bhord Eorpach um Chosaint Sonraí.
Leasú 88 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 59
(59) I gcás inarb ann do rialacha cheana féin faoi dhlí an Aontais maidir le faisnéis a sholáthar do na húdaráis inniúla agus comhar leis na húdaráis sin agus eatarthu, amhail Airteagal 9 de Rialachán (AE)/xxx [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha], nó na rialacha atá i Rialachán (AE) 2016/679, ba cheart feidhm mutatis mutandis a bheith ag na rialacha sin maidir le forálacha ábhartha an Rialacháin seo.
(59) I gcás inarb ann do rialacha cheana féin faoi dhlí an Aontais maidir le faisnéis a sholáthar do na húdaráis inniúla agus comhar leis na húdaráis sin agus eatarthu, amhail Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2022/2065 (an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha), nó na rialacha atá i Rialachán (AE) 2016/679, ba cheart feidhm mutatis mutandis a bheith ag na rialacha sin maidir le forálacha ábhartha an Rialacháin seo.
Leasú 89 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 60
(60) Na húdaráis atá inniúil maidir le formhaoirseacht ar an Rialachán seo, ba ceart dóibh dul i gcomhar le chéile ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na struchtúir atá ann cheana lena n-áirítear líonraí náisiúnta comhair, an Líonra Eorpach um Comhar maidir le Toghcháin dá dtagraítear i Moladh C(2018) 5949 final, agus Grúpa na Rialtóirí Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc arna bhunú faoi Threoir 2010/13/AE. De thairbhe an chomhair sin, ba cheart go n-éascófaí malartú faisnéise tapa slán maidir le saincheisteanna a bhaineann le feidhmiú a gcúraimí maoirseachta agus forfheidhmiúcháin de bhun an Rialacháin seo, lena n-áirítear trí sháruithe a shainaithint go comhpháirteach, torthaí agus saineolas a roinnt, agus teagmháil a dhéanamh lena chéile maidir le rialacha ábhartha a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú.
(60) Na húdaráis atá inniúil maidir le formhaoirseacht ar an Rialachán seo, ba ceart dóibh dul i gcomhar le chéile ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na struchtúir atá ann cheana lena n-áirítear líonraí náisiúnta comhair, an Líonra Eorpach um Comhar maidir le Toghcháin dá dtagraítear i Moladh C(2018) 5949 final, an Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2022/2065 (an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha) agus Grúpa na Rialtóirí Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc arna bhunú faoi Threoir 2010/13/AE. De thairbhe an chomhair sin, ba cheart go n-éascófaí malartú faisnéise tapa slán maidir le saincheisteanna a bhaineann le feidhmiú a gcúraimí maoirseachta agus forfheidhmiúcháin de bhun an Rialacháin seo, lena n-áirítear trí sháruithe a shainaithint go comhpháirteach, torthaí agus saineolas a roinnt, agus teagmháil a dhéanamh lena chéile maidir le rialacha ábhartha a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú.
Leasú 90 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 60 a (nua)
(60a) Faoi chuimsiú an Líonra Comhair Eorpaigh um Thoghcháin, ba cheart buan-Líonra de Phointí Teagmhála Náisiúnta a bhunú chun feidhmiú mar ardán le haghaidh malartú rialta faisnéise, agus le haghaidh comhar struchtúrtha, idir pointí teagmhála náisiúnta agus an Coimisiún maidir le gach gné den Rialachán seo. Ba cheart dó oibriú i ndlúthchomhar le Grúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc, agus le húdaráis agus líonraí ábhartha eile.
Leasú 91 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 61
(61) D’fhonn éascaíocht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm éifeachtach na n-oibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán, is gá cumhacht a thabhairt do na húdaráis náisiúnta ionas go mbeidh siad in ann an fhaisnéis ábhartha maidir le trédhearcacht na fógraíochta polaitiúla a iarraidh ar na soláthraithe seirbhísí. An fhaisnéis atá le tarchur chuig na húdaráis inniúla, d’fhéadfadh feachtas fógraíochta a bheith mar ábhar di, agus i comhiomlánaithe de réir blianta nó d’fhéadfadh fógraí sonracha a bheith i gceist léi. Chun a áirithiú gur féidir na hiarrataí ar an bhfaisnéis sin a chomhlíonadh ar bhealach éifeachtach éifeachtúil agus an tráth céanna nach gcuirfear soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla faoi réir aon ualach díréireach, is gá coinníollacha áirithe a leagan síos ar cheart do na hiarrataí sin iad a chomhlíonadh. Ar mhaithe le maoirseacht thráthúil a dhéanamh ar phróiseas toghcháin go háirithe, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla freagairt go tapa d’iarrataí ó údaráis inniúla agus é sin a dhéanamh i gcónaí laistigh de 10 lá oibre ó fuarthas an beart. Ar mhaithe leis an deimhneacht dhlíthiúil agus i gcomhréir le cearta na cosanta, ba cheart ráiteas leormhaith ar chúiseanna agus faisnéis maidir leis an sásamh atá ar fáil a bheith sna hiarrataí a dhéanann an t-údarás inniúil ar fhaisnéis a sholáthar. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla pointe teagmhála a ainmniú le haghaidh idirghníomhaíochta leis na húdaráis inniúla. D’fhéadfadh na pointí teagmhála sin a bheith leictreonach.
(61) D’fhonn éascaíocht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm éifeachtach na n-oibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán, is gá cumhacht a thabhairt do na húdaráis náisiúnta ionas go mbeidh siad in ann an fhaisnéis ábhartha maidir le trédhearcacht na fógraíochta polaitiúla a iarraidh ar na soláthraithe seirbhísí. An fhaisnéis atá le tarchur chuig na húdaráis inniúla, d’fhéadfadh feachtas fógraíochta a bheith mar ábhar di, agus í comhiomlánaithe de réir blianta nó d’fhéadfadh fógraí sonracha a bheith i gceist léi. Chun a áirithiú gur féidir na hiarrataí ar an bhfaisnéis sin a chomhlíonadh ar bhealach éifeachtach éifeachtúil agus an tráth céanna nach gcuirfear soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla faoi réir aon ualach díréireach, is gá coinníollacha áirithe a leagan síos ar cheart do na hiarrataí sin iad a chomhlíonadh. Ar mhaithe le maoirseacht thráthúil a dhéanamh ar phróiseas toghcháin go háirithe, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla freagairt go tapa d’iarrataí ó údaráis inniúla agus é sin a dhéanamh i gcónaí laistigh de 10 lá oibre ó fuarthas an beart. Sa mhí dheireanach roimh thoghchán nó reifreann, ba cheart a mheas go ndéanann sárú ar an Rialachán seo difear diúltach agus tromchúiseach do chearta daoine aonair agus, dá bhrí sin, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla an fhaisnéis a iarradh a chur ar fáil gan moill mhíchuí agus, i gcás nach micrifhiontair nó fiontair bheaga iad, laistigh de 48 uair an chloig. Ar mhaithe leis an deimhneacht dhlíthiúil agus i gcomhréir le cearta na cosanta, ba cheart ráiteas leormhaith ar chúiseanna agus faisnéis maidir leis an sásamh atá ar fáil a bheith sna hiarrataí a dhéanann an t-údarás inniúil ar fhaisnéis a sholáthar. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla pointe teagmhála a ainmniú le haghaidh idirghníomhaíocht leis na húdaráis inniúla. D’fhéadfadh na pointí teagmhála sin a bheith leictreonach.
Leasú 92 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 62
(62) Ba cheart do na Ballstáit pointe teagmhála ar leibhéal an Aontais a ainmniú chun críocha an Rialacháin seo. Ba cheart gur comhalta den Líonra Eorpach um Comhar maidir le Toghchán a bheidh sa phointe teagmhála, más féidir. Ba cheart don phointe teagmhála comhar a éascú i measc údaráis inniúla idir na Ballstáit ó thaobh a gcúraimí maoirseachta agus forfheidhmiúcháin de, go háirithe trí idirghabháil a dhéanamh idir na pointí teagmhála i mBallstáit eile agus na húdaráis inniúla ina Bhallstát féin.
(62) Ba cheart do na Ballstáit pointe teagmhála náisiúnta ar leibhéal an Aontais a ainmniú chun críocha an Rialacháin seo. Ba cheart gur comhalta den Líonra Eorpach um Comhar maidir le Toghchán a bheidh sa phointe teagmhála, más féidir. Ba cheart don phointe teagmhála comhar a éascú i measc údaráis inniúla idir na Ballstáit ó thaobh a gcúraimí maoirseachta agus forfheidhmiúcháin de, go háirithe trí idirghabháil a dhéanamh idir na pointí teagmhála i mBallstáit eile agus na húdaráis inniúla eile ina Bhallstát féin.
Leasú 93 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 63
(63) Ba cheart d’údaráis na mBallstáit a áirithiú go ngearrfar fíneálacha riaracháin nó pionóis airgeadais i ngeall ar sháruithe ar na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo. Agus é sin a dhéanamh acu, ba cheart dóibh aird a thabhairt ar chineál, tromchúis, atarlú agus fad an tsáraithe, i bhfianaise leas an phobail atá i gceist, raon feidhme agus cineál na ngníomhaíochtaí a rinneadh, mar aon le hacmhainn eacnamaíoch an té a rinne an sárú. Sa chomhthéacs sin, ba cheart aird a thabhairt ar an ról ríthábhachtach atá ag na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 7 le haghaidh shaothrú éifeachtach chuspóirí an Rialacháin atá i bhfeidhm faoi láthair. Thairis sin, ba cheart dóibh a chur san áireamh más rud é nach gcomhlíonann an soláthraí seirbhíse lena mbaineann na hoibleagáidí a eascraíonn as an Rialachán seo ar bhonn córasach nó ar bhonn tráthrialta, lena n-áirítear trí mhoill a chur ar sholáthar na faisnéise d’eintitis leasmhara, agus i gcás inarb ábhartha, más rud é go bhfuil an soláthraí seirbhísí fógraíochta polaitiúla gníomhach i roinnt Ballstát. I ngach cás ar leith, is fíneálacha agus pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a bheidh sna fíneálacha riaracháin agus sna pionóis airgeadais, agus aird chuí á tabhairt do sholáthair na coimircí nós imeachta atá leordhóthanach agus inrochtana, agus go háirithe chun a áirithiú go leanfaidh an dioscúrsa polaitiúil de bheith oscailte agus inrochtana.
(63) Ba cheart d’údaráis na mBallstát a áirithiú go ngearrfar fíneálacha riaracháin nó pionóis airgeadais i ngeall ar sháruithe ar na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo. Agus an méid sin á dhéanamh acu, ba cheart dóibh aird a thabhairt ar chineál, tromchúis, atarlú agus fad tréimhse an tsáraithe, i bhfianaise leas an phobail atá i gceist, raon feidhme agus cineál na ngníomhaíochtaí a rinneadh, mar aon le méid an tsáraithe agus acmhainneacht eacnamaíoch an an té a rinne an sárú. Sa chomhthéacs sin, ba cheart an ról ríthábhachtach atá ag na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 3a, 5, 7, 7a, 7b agus 12 chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach go héifeachtach a chur san áireamh agus ba cheart sáruithe ar na hAirteagail sin a mheas mar sháruithe fíorthromchúiseacha. Thairis sin, ba cheart dóibh a chur san áireamh más rud é nach gcomhlíonann an soláthraí seirbhíse lena mbaineann na hoibleagáidí a eascraíonn as an Rialachán seo ar bhonn córasach nó ar bhonn tráthrialta, lena n-áirítear trí mhoill a chur ar sholáthar na faisnéise d’eintitis leasmhara, agus i gcás inarb ábhartha, más rud é go bhfuil an soláthraí seirbhísí fógraíochta polaitiúla gníomhach i roinnt Ballstát. I ngach cás ar leith, is fíneálacha agus pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a bheidh sna fíneálacha riaracháin agus sna pionóis airgeadais, agus aird chuí á tabhairt do sholáthar na gcoimircí nós imeachta atá leordhóthanach agus inrochtana, agus go háirithe chun a áirithiú go leanfaidh an dioscúrsa polaitiúil de bheith oscailte agus inrochtana.
Leasú 94 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 63 a (nua)
(63a) Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le pionóis, lena n-áirítear fíneálacha riaracháin agus pionóis airgeadais, a bheidh infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus ba cheart dóibh a áirithiú go bhforfheidhmeofar na rialacha sin go héifeachtach. Ba cheart na fíneálacha agus na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Féadfaidh na Ballstáit íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur freisin i gcás sárú tromchúiseach agus athshárú ar an Rialachán seo. Ar leibhéal an Aontais, ba cheart go n-éascófaí le Líonra na bPointí Teagmhála Náisiúnta forbairt cur chuige comhchuibhithe maidir le smachtbhannaí is infheidhme ar an leibhéal náisiúnta.
Leasú 95 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 65
(65) Ba cheart do na Ballstáit fad beacht a dtréimhsí toghcháin a fhoilsiú, arna leagan amach de réir a dtraidisiún toghchánach, agus é a dhéanamh luath go leor roimh thús an fhéilire toghcháin.
(65) Ba cheart do na Ballstáit fad beacht a dtréimhsí toghcháin a fhoilsiú, arna leagan amach de réir a gcuid reachtaíochta agus a dtraidisiún toghchánach, agus é a dhéanamh luath go leor roimh thús an fhéilire toghcháin.
Leasú 96 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 67
(67) Laistigh de 2 bhliain tar éis gach toghcháin do Pharlaimint na hEorpa, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur isteach ar mheastóireacht agus ar athbhreithniú an Rialacháin seo. Agus an tuarascáil sin á déanamh aige, ba cheart don Choimisiún freisin cur chun feidhme an Rialacháin seo i gcomhthéacs toghcháin agus reifrinn eile atá ar siúl san Aontas a chur san áireamh. Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh sa tuarascáil inter alia chun a shuí an oiriúnach fós forálacha Iarscríbhinní an Rialacháin seo agus breithniú a dhéanamh an bhfuil gá lena n-athbhreithniú.
(67) Laistigh de 2 bhliain tar éis gach toghcháin do Pharlaimint na hEorpa, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur isteach ar mheastóireacht agus ar athbhreithniú an Rialacháin seo. Agus an tuarascáil sin á hullmhú aige, ba cheart don Choimisiún cur chun feidhme an Rialacháin seo i gcomhthéacs toghcháin agus reifrinn eile atá ar siúl san Aontas a chur san áireamh. Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh sa tuarascáil inter alia chun a shuí an oiriúnach fós forálacha an Rialacháin seo agus na hiarscríbhinní a ghabhann leis agus breithniú a dhéanamh an bhfuil gá lena n-athbhreithniú. Go háirithe, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht an raoin feidhme agus na sainmhínithe agus ar éifeachtacht na n-oibleagáidí, na bhforálacha rialachais agus forfheidhmithe, lena n-áirítear i bhfianaise dul chun cinn teicneolaíoch, forbairtí sa mhargadh agus fianaise nua eolaíoch.
Leasú 97 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 68 a (nua)
(68a) Chun a áirithiú go gcuirfear ardleibhéal trédhearcachta agus cosaintí sonraí pearsanta aonair neartaithe ar fáil le haghaidh fógraíocht pholaitiúil i gcomhthéacs thoghcháin Pharlaimint na hEorpa 2024, ba cheart do sholáthraithe seirbhíse fógraíochta polaitiúla a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais maidir le lipéadú agus fógra trédhearcachta láithreach, d’ainneoin infhaighteacht na ngnéithe forlíontacha atá le soláthar ag an gCoimisiún. Ba cheart d’fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla a ndícheall a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh fógraí trédhearcachta ar fáil d’ainneoin stór Eorpach d’fhógraíocht pholaitiúil ar líne a bheith ar fáil.
Leasú 98 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 70
(70) Tá an Rialachán seo gan dochar do na rialacha a leagtar síos go háirithe le Treoir 2003/31/CE, lena n-áirítear na rialacha dliteanais le haghaidh soláthraithe seirbhíse idirghabhálacha in Airteagail 12 go 15 den Threoir sin arna modhnú le Rialachán (AE) 2021/xxx [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteach], Rialachán (AE) 2021/xxx [an Ionstraim um Margaí Digiteacha], Treoir 2002/52/CE agus Rialachán (AE) XXX [an Rialachán maidir le Ríomh-Phríobháideachas], mar aon le Treoir (AE) 2010/13, Treoir 2000/31/CE, Treoir 2002/58/CE, Treoir 2005/29/CE, Treoir 2011/83/CE, Treoir 2006/114/CE, Treoir 2006/123/CE agus Rialachán (AE) 2019/1150.
(70) Tá an Rialachán seo gan dochar do na rialacha a leagtar síos go háirithe le Treoir 2000/31/CE, lena n-áirítear na rialacha dliteanais le haghaidh soláthraithe idirghabhálacha seirbhíse in Airteagail 12 go 15 den Treoir sin arna modhnú le Rialachán (AE) 2022/2065 (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha), Rialachán (AE) 2022/1925 (an Gníomh um Margaí Digiteacha), Treoir 2002/58/CE agus Treoir 2010/13/AE, Treoir 2000/31/CE, Treoir 2005/29/CE, Treoir 2011/83/AE, Treoir 2006/114/CE, Treoir 2006/123/CE agus Rialachán (AE) 2019/1150. Ba cheart don Rialachán seo acquis an Aontais maidir le cosaint sonraí a chomhlánú, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 agus Rialachán (AE) 2018/1725 agus Treoir 2002/58/CE agus foráil a dhéanamh maidir le rialacha sonracha cosanta sonraí a ghabhann leis. Ní dhéantar foráil sa Rialachán seo maidir le foras dlíthiúil a chomhlíonann ceanglais Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/679 nó Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2018/1725 chun sonraí pearsanta a phróiseáil chun chun críche na fógraíochta polaitiúla.
Leasú 99 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 71
(71) Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé tuairim uaidh an XX XX 2022.
(71) Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé tuairim uaidh an 20 Eanáir 2022.
Leasú 100 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
1. Sa Rialachán seo leagtar síos na nithe seo a leanas:
1. Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha comhchuibhithe maidir leis an méid seo a leanas:
Leasú 101 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe a
(a) oibleagáidí comhchuibhithe trédhearcachta le haghaidh soláthraithe fógraíochta polaitiúla agus seirbhísí gaolmhara maidir le faisnéis a bhaineann le soláthar seirbhísí den sórt sin a choinneáil, a nochtadh agus a fhoilsiú;
(a) seirbhísí fógraíochta polaitiúla a sholáthar, agus maidir le trédhearcacht agus dícheall cuí d’urraitheoirí agus do sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla, lena gceanglaítear orthu faisnéis a bhaineann le soláthar seirbhísí den sórt sin sa mhargadh inmheánach a sholáthar, a bhailiú, a choinneáil, a nochtadh agus a fhoilsiú;
Leasú 102 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe b
(b) rialacha comhchuibhithe maidir le húsáid teicnící spriocdhírithe agus aimpliúcháin i gcomhthéacs fógraíocht pholaitiúl a fhoilsiú, a scaipeadh nó a cur chun cinn, ar teicnící iad a bhaineann le húsáid sonraí pearsanta.
(b) teicnící teicnící spriocdhírithe agus seachadta fógraí a úsáid i ndáil le fógraíocht pholaitiúil a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú a sheachadadh nó a scaipeadh, i gcomhthéacs seirbhísí fógraíochta polaitiúla a sholáthar, lena mbaineann próiseáil sonraí pearsanta;
Leasú 103 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 –mír 1 – pointe b a (nua)
(ba) maoirseacht agus forghníomhú an Rialacháin seo, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le comhar agus comhordú idir na húdaráis inniúla.
2. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le fógraíocht pholaitiúil a dhéantar a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú nó a scaipeadh san Aontas, nó a dhírítear ar dhaoine aonair i mBallstáit amháin nó i roinnt Ballstát, gan beann ar áit bhunaíochta an tsoláthraí seirbhísí fógraíochta, agus gan beann ar na modhanna a úsáidtear.
2. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le fógraíocht pholaitiúil a dhéantar a urrú, a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh san Aontas, nó a dhírítear ar dhaoine aonair i mBallstáit amháin nó i roinnt Ballstát, gan beann ar áit bhunaíochta an urraitheora nó an tsoláthraí seirbhísí fógraíochta lena mbaineann, agus gan beann ar na modhanna a úsáidtear.
Leasú 105 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 2 a (nua)
2a. Ní mheasfar gur fógraíocht pholaitiúil iad tuairimí polaitiúla ná tuairimí agus ábhar eile eagarthóireachta arna gcur in iúl faoi fhreagracht eagarthóireachta soláthraí seirbhíse meán mura gcuirtear íocaíocht shonrach nó luach saothair eile ar fáil chun iad a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh ag tríú páirtithe.
Leasú 106 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 3 – pointe a
(a) cur le feidhmiú cuí mhargadh inmheánaigh na fógraíochta polaitiúla agus a seirbhísí gaolmhara;
(a) rannchuidiú le comhchuibhiú agus le feidhmiú cuí margadh inmheánach atá trédhearcach, sábháilte, intuartha agus iontaofa don fhógraíocht pholaitiúil agus do sheirbhísí gaolmhara
Leasú 107 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 3 – pointe b
(b) daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta.
(b) na cearta agus na saoirsí bunúsacha a chumhdaítear i ndlí an Aontais agus sa dlí náisiúnta a chosaint, lena n-áirítear iad sin a chumhdaítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha, agus, go háirithe, daoine nádúrtha a chosaint i ndáil leis an gceart chun príobháideachais agus chun sonraí pearsanta a phróiseáil.
Leasú 108 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 4 – pointe b
(b) Treoir 2002/58/CE agus Rialachán (AE) XXX [Rialachán maidir le ríomh-Phríobháideachas];
(b) Treoir 2002/58/CE;
Leasú 109 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 4 – pointe f
(f) Treoir (AE) 2010/13;
(f) Treoir 2010/13/AE;
Leasú 110 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 4 – pointe i 1
(i) Rialachán (AE) 2021/xxx [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha].
(i) Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair Do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) IO L 277, 27.10.2022, lch. 1;
Leasú 111 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 4 – pointe i a (nua)
(ia) Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Margaí Digiteach), IO L 265, 12.10.2022, lch. 1.
Leasú 112 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 4 a (nua)
4a. Déanfar na rialacha cosanta sonraí maidir le próiseáil sonraí pearsanta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a mheas mar rialacha sonracha cosanta sonraí i leith na rialacha ginearálta a leagtar síos i Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725. Ní féidir aon cheann de na forálacha sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm ná a léirmhíniú ar bhealach a laghdóidh nó a theorannóidh an leibhéal cosanta a thugtar leis an gceart go n-urramófaí an saol príobháideach agus go gcosnófaí sonraí pearsanta agus leis an gceart chun tuairimí a nochtadh mar a chosnaítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha agus i ndlí an Aontais maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas, go háirithe le Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725.
Leasú 113 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 4 b (nua)
4b. Ní dhéanfaidh an Rialachán seo aon difear d’inneachar na fógraíochta polaitiúla ná do rialacha an Aontais nó na mBallstát lena rialaítear inneachar na fógraíochta polaitiúla, tréimhsí toghcháin agus ullmhú agus stiúradh na feachtasaíochta polaitiúla.
Leasú 114 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 2 – mír 1 – pointe 2 – an chuid réamhráiteach
2. ciallaíonn ‘fógraíocht pholaitiúil’ teachtaireacht a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú nó a scaipeadh, trí aon mhodh:
2. ciallaíonn ‘fógraíocht pholaitiúil’ teachtaireacht a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh, trí aon mhodh:
Leasú 115 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 2 – mír 1 – pointe 2 – pointe b
(b) a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar thoradh toghcháin nó reifrinn, ar phróiseas reachtach nó rialála nó ar iompraíocht vótála.
(b) a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar iompraíocht vótála nó ar thoradh toghcháin, nó reifrinn, nó ar phróiseas reachtach nó rialála.
Leasú 116 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 4 – mír 1 – pointe 4 – pointe d
(d) iarrthóir ar aon oifig thofa ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, nó ar aon cheann de na poist cheannaireachta i bpáirtí polaitiúil;
(d) iarrthóir ar aon oifig thofa nó sealbhóir aon oifige tofa ar leibhéal an Aontais, nó ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, nó ar aon cheann de na poist cheannaireachta laistigh de pháirtí polaitiúil;
Leasú 117 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 2 – mír 1 – fomhír 4 – pointe e
(e) oifigeach tofa in institiúid phoiblí ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil;
scriosta
Leasú 118 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 2 – mír 1 – pointe 4 – pointe f
(f) comhalta neamhthofa rialtais ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil;
(f) comhalta neamhthofa rialtais ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil;
Leasú 119 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 2 – mír 1 – pointe 4 – pointe g
(g) eagraíocht le haghaidh feachtas polaitíochta, bíodh pearsantacht dhlítheanach aici nó ná bíodh, a bhunaítear chun toradh sonrach a bhaint amach i dtoghchán nó i reifreann;
(g) eagraíocht le haghaidh feachtas polaitíochta, bíodh pearsantacht dhlítheanach aici nó ná bíodh, a bhunaítear chun tionchar a imirt ar thoradh toghcháin, reifrinn nó próisis reachtaigh nó rialála
Leasú 120 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 2 – mír 1 – pointe 2 – pointe h
(h) aon duine nádúrtha nó dlítheanach a dhéanann ionadaíocht ar aon duine de na daoine nó ar aon cheann de na heagraíochtaí i bpointí (a) go (g), nó a ghníomhaíonn thar a gceann, agus a chuireann cuspóirí polaitiúla aon cheann díobh siúd chun cinn.
(h) aon duine nádúrtha nó dlítheanach a dhéanann ionadaíocht ar aon duine de na daoine nó ar aon cheann de na heagraíochtaí dá dtagraítear i bpointí (a) go (g), nó a ghníomhaíonn thar a gceann, agus a chuireann cuspóirí polaitiúla aon cheann díobh siúd chun cinn.
5. ciallaíonn ‘seirbhís fógraíochta polaitiúla’ seirbhís a dhéanann fógraíocht pholaitiúil, cé is moite de sheirbhís idirghabhálach ar líne de réir bhrí Airteagal 2(f) de Rialachán (AE) 2021/XXX [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha], ar seirbhís í a sholáthraítear gan suíomh, foilsiú nó scaipeadh na teachtaireachta sonraí a chur san áireamh;
5. ciallaíonn ‘seirbhís fógraíochta polaitiúla’ seirbhís ina bhfuil fógraíocht pholaitiúil cé is moite de sheirbhís idirghabhálach ar líne de réir bhrí Airteagal 3, pointe (g) de Rialachán (AE) 2022/2065 (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) a chuirtear ar fáil gan aird a thabhairt ar ullmhú, ar shuíomh, ar chur chun cinn, ar fhoilsiú, ar sheachadadh nó ar scaipeadh na teachtaireachta sonraí;
Leasú 122 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 2 – mír 1 – pointe 5 a (nua)
5a. ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí fógraíochta polaitiúla’ duine nádúrtha nó dlítheanach a bhíonn ag gabháil do sheirbhísí fógraíochta polaitiúla a sholáthar, cé is moite de sheirbhísí coimhdeacha amháin;
6. ciallaíonn ‘feachtas fógraíochta polaitiúla’ sraith d’fhógraí nasctha a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú nó a scaipeadh i rith conradh le haghaidh fógraíocht pholaitiúil, ar bhonn ullmhú, urraíocht nó maoiniú coiteann;
6. ciallaíonn ‘feachtas fógraíochta polaitiúla’ sraith d’fhógraí nasctha a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh i rith conradh le haghaidh fógraíocht pholaitiúil, ar bhonn ullmhú, urraíocht nó maoiniú coiteann;
Leasú 124 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 2 – mír 1 – pointe 6 a (nua)
6a. ciallaíonn ‘ardán an-mhór ar líne’ ardán ar líne a ainmnítear mar ardán an-mhór ar líne de bhun Airteagal 33(4) de Rialachán (AE) 2022/2065 (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha);
Leasú 125 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 2 – mír 1 – pointe 6 b (nua)
6b. ciallaíonn ‘inneall cuardaigh an-mhór ar líne’ inneall cuardaigh ar líne atá ainmnithe mar inneall cuardaigh an-mhór ar líne de bhun Airteagal 33(4) de Rialachán (AE) 2022/2065 (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha);
7. ciallaíonn ‘urraitheoir’ an duine nádúrtha nó dlítheanach ar thar a cheann a ndéantar fógra polaitiúil a ullmhú, a shuíomh, a fhoilsiú nó a scaipeadh;
7. ciallaíonn ‘urraitheoir’ an duine nádúrtha nó dlítheanach ar thar a cheann a ndéantar fógra polaitiúil a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh;
8. ciallaíonn ‘teicnící spriocdhírithe nó aimpliúcháin’ teicnící a úsáidtear chun fógra polaitiúil spriocdhírithe a dhíriú ar dhuine sonrach nó ar ghrúpa daoine sonrach amháin nó chun cúrsaíocht, raon feidhme nó infheictheacht fógra pholaitiúil a mhéadú;
8. ciallaíonn ‘teicnící spriocdhírithe’ teicnící a úsáideann urraitheoirí, foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla nó soláthraithe seirbhísí fógraíochta chun fógraíocht pholaitiúil a chur in oiriúint do dhuine ar leith nó do ghrúpa daoine ar leith amháin nó chun iad a eisiamh trí shonraí pearsanta a phróiseáil, go háirithe trína gcuid sonraí a bhailiú;
Leasú 128 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 2 – mír 1 – pointe 8 a (nua)
8a. ciallaíonn ‘teicnící seachadta fógraí’ teicnící uathoibrithe próiseála sonraí pearsanta a bhíonn ag brath de ghnáth ar algartaim nó ar phróiseáil uathoibrithe sonraí agus atá fostaithe ag foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla nó ag soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla a bhfuil baint acu le fógraí polaitiúla a chur chun cinn, a fhoilsiú agus a scaipeadh chun lucht féachana sonrach a chinneadh laistigh den lucht féachana féideartha arna shainiú ag na hurraitheoirí agus ag soláthraithe seirbhísí fógraíochta, ag gníomhú dóibh thar ceann urraitheoirí;
9. ciallaíonn ‘tréimhse thoghcháin’ an tréimhse roimh thoghchán nó reifreann i mBallstát nó an tréimhse le linn toghcháin nó reifrinn nó díreach ina ndiaidh, tréimhse a bhfuil na gníomhaíochtaí feachtais faoi réir rialacha sonracha lena linn;
9. ciallaíonn ‘tréimhse thoghcháin’ an tréimhse roimh thoghchán nó reifreann i mBallstát nó lena linn nó díreach ina dhiaidh, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta, agus a bhfuil na gníomhaíochtaí feachtais faoi réir rialacha sonracha lena linn;
11. ciallaíonn ‘foilsitheoir fógraíochta polaitiúla’ duine nádúrtha nó dlítheanach a dhéanann fógraíocht pholaitiúil a chraoladh, a chur ar fáil trí chomhéadan nó a chur san fhearann poiblí ar bhealach eile trí aon mhodh;
11. ciallaíonn ‘foilsitheoir fógraíochta polaitiúla’ soláthraí seirbhíse fógraíochta polaitiúla a dhéanann fógraíocht pholaitiúil a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh trí aon mhodh;
Chun críocha na chéad mhíre, pointe (2) teachtaireachtaí ó fhoinsí oifigiúla maidir le heagrú agus módúlachtaí le haghaidh rannpháirtíocht i dtoghcháin nó i reifrinn nó le haghaidh rannpháirtíocht i dtoghcháin nó i reifrinn a chur chun cinn, ní fógraíochta pholaitiúil a bheidh sna teachtaireachtaí sin.
Chun críocha na chéad mhíre, ní fógraíocht pholaitiúil a bheidh i dteachtaireachtaí ó fhoinsí oifigiúla má tá siad teoranta go docht do thoghcháin nó reifrinn a fhógairt nó do na rialacha mionsonraithe maidir le rannpháirtíocht i dtoghcháin nó i reifrinn.
1. Ní dhéanfaidh na Ballstáit forálacha nó bearta a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach, ar fhorais a bhaineann le trédhearcacht, nach bhfuil i gcomhréir leo siúd a leagtar síos sa Rialachán seo.
1. Ní dhéanfaidh na Ballstáit forálacha ná bearta, nach bhfuil i gcomhréir leo siúd a leagtar síos sa Rialachán seo, a choinneáil ar bun ná a thabhairt isteach, ar fhorais a bhaineann le trédhearcacht fógraíochta polaitiúla.
2. Ní chuirfear cosc ná srian le soláthar seirbhísí fógraíochta polaitiúla ar fhorais a bhaineann le trédhearcacht i gcás ina gcomhlíontar ceanglais an Rialacháin seo.
2. Ní chuirfear cosc ná srian le soláthar seirbhísí fógraíochta polaitiúla, lena n-áirítear go geografach, ar fhorais a bhaineann le trédhearcacht i gcás ina gcomhlíontar ceanglais an Rialacháin seo.
Leasú 134 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 3 a (nua)
Airteagal 3a
Seirbhísí fógraíochta polaitiúla a sholáthar san Aontas
1. Ní dhéanfaidh soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla idirdhealú in aghaidh urraitheoirí ar fhorais a n-áite cónaithe nó, i gcás inarb infheidhme, a mbunaíochta, nuair a iarrann, nuair a dhéanann na hurraitheoirí sin conradh le haghaidh seirbhísí fógraíochta polaitiúla a iarraidh, a thabhairt i gcrích nó a shealbhú.
2. Mar eisceacht ar mhír 1, ní sholáthrófar seirbhísí fógraíochta polaitiúla ach amháin d’urraitheoir nó do sholáthraí seirbhíse atá ag gníomhú thar ceann urraitheoir ar saoránach den Aontas é, nó duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil cónaí air san Aontas nó atá bunaithe ann.
3. Ní bheidh soláthar seirbhísí fógraíochta polaitiúla trasteorann do Pháirtithe Polaitiúla Eorpacha de réir bhrí an Rialacháin [an Rialachán maidir le Páirtithe Polaitiúla] faoi réir srianta seachas na srianta sin dá bhforáiltear leis an Rialachán seo nó le gníomhartha eile de dhlí an Aontais nó den dlí náisiúnta, i gcás inarb infheidhme.
Leasú 135 Togra le haghaidh rialacháin Caibidil II – teideal
OIBLEAGÁIDÍ TRÉDHEARCACHTA LE hAGHAIDH SEIRBHÍSÍ FÓGRAÍOCHTA POLAITIÚLA
OIBLEAGÁIDÍ TRÉDHEARCACHTA AGUS DÍCHILL CHUÍ LE hAGHAIDH SEIRBHÍSÍ FÓGRAÍOCHTA POLAITIÚLA
Leasú 136 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 4 – teideal
Trédhearcacht
Oibleagáidí trédhearcachta agus díchill chuí le haghaidh seirbhísí fógraíochta polaitiúla
Soláthrófar seirbhísí fógraíochta polaitiúla ar bhealach trédhearcach i gcomhréir leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5 go 11 agus 14 den Rialachán seo.
Soláthrófar seirbhísí fógraíochta polaitiúla ar bhealach trédhearcach i gcomhréir leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 4 go 11 agus Airteagal 14 den Rialachán seo.
Leasú 138 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 4 – mír 1 a (nua)
Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla go leagfar amach go soiléir sna conarthaí a thugtar i gcrích chun seirbhísí fógraíochta polaitiúla a sholáthar an chaoi a gcomhlíonfar go héifeachtach forálacha ábhartha an Rialacháin seo, lena n-áirítear maidir le dícheall cuí agus leithdháileadh freagrachta as seirbhísí a sholáthar, chomh maith le hiomláine agus cruinneas na faisnéise.
1. Iarrfaidh soláthraithe seirbhísí fógraíochta ar urraitheoirí agus soláthraithe seirbhísí fógraíochta a ghníomhaíonn thar ceann urraitheoirí a dhearbhú an seirbhís fógraíochta polaitiúla de réir bhrí Airteagal 2(5) atá sa tseirbhís fógraíochta a iarrann siad ar an soláthraí seirbhíse a chur i gcrích. Déanfaidh urraitheoirí agus soláthraithe seirbhísí fógraíochta a ghníomhaíonn thar ceann urraitheoirí dearbhú den chineál sin.
1. Iarrfaidh soláthraithe seirbhísí fógraíochta ar urraitheoirí agus soláthraithe seirbhísí fógraíochta a ghníomhaíonn thar ceann urraitheoirí a dhearbhú an seirbhís fógraíochta polaitiúla de réir bhrí Airteagal 2(5) atá sa tseirbhís fógraíochta a iarrann siad ar an soláthraí seirbhíse a chur i gcrích. Déanfaidh urraitheoirí agus soláthraithe seirbhísí fógraíochta a ghníomhaíonn thar ceann urraitheoirí dearbhú den sórt sin de mheon macánta agus i dtéarmaí soiléire, agus beidh siad freagrach as a chruinneas.
Leasú 140 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 5 – mír 1 a (nua)
1a. Maidir le soláthraithe seirbhísí fógraíochta a fhaigheann dearbhú, ó urraitheoir, nó ó sholáthraí seirbhísí fógraíochta atá ag gníomhú thar ceann urraitheora, gur fógraíocht pholaitiúil atá san fhógraíocht, déanfaidh siad a ndícheall chun a áirithiú go ndéanfar na dearbhuithe sin i gcomhréir le mír 1 sula gcuirfear an tseirbhís ar fáil.
2. Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla maidir leis na socruithe conarthacha a thabharfar i gcrích maidir le seirbhís fógraíochta polaitiúla a sholáthar, go sonrófar iontu an chaoi a gcomhlíontar forálacha an Rialacháin seo.
2. Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla go gcuirfidh na socruithe conarthacha a thugtar i gcrích chun seirbhís fógraíochta polaitiúla a sholáthar de cheangal ar an urraitheoir agus, i gcás inarb infheidhme, ar sholáthraithe seirbhísí fógraíochta atá ag gníomhú thar ceann an urraitheora, an fhaisnéis is gá a sholáthar chun Airteagail 6(1), 7(1) agus Airteagal 7a(1) a chomhlíonadh, de réir mar is iomchuí.
Áiritheoidh na hurraitheoirí cruinneas Airteagail 6(1), pointí (ca) agus (d), Airteagal 7(1), pointí (a), (b) agus (ba), agus Airteagal 7ú(1), pointí (a) agus (b), agus soláthróidh siad an fhaisnéis is gá chun iad a chomhlíonadh.
Déanfaidh urraitheoirí, nó i gcás inarb infheidhme soláthraithe seirbhísí fógraíochta atá ag gníomhú thar ceann urraitheoirí cruinneas Airteagal 6(1), pointí (a), (b), (ba), (c) agus (da) agus Airteagal 7ú(1), pointí (c), (d) agus (e) a áirithiú agus soláthróidh siad an fhaisnéis is gá chun iad a chomhlíonadh.
Déanfaidh urraitheoirí agus soláthraithe seirbhísí fógraíochta a ghníomhaíonn thar ceann urraitheoirí an fhaisnéis sin a sholáthar ar bhealach tráthúil, iomlán agus cruinn.
Leasú 142 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 5 – mír 2 a (nua)
2a. Cuirfidh soláthraithe seirbhísí fógraíochta de cheangal ar urraitheoirí, nó ar sholáthraithe seirbhísí fógraíochta atá ag gníomhú thar ceann urraitheoirí, a chuireann isteach dearbhú nó faisnéis i gcomhréir leis an Airteagal seo atá earráideach go follasach an dearbhú nó an fhaisnéis sin a cheartú. Gníomhóidh urraitheoirí, nó soláthraithe seirbhísí fógraíochta a ghníomhaíonn thar ceann urraitheoirí, gan moill mhíchuí, ar iarraidh den sórt sin a fháil.
Leasú 143 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 5 – mír 2 b (nua)
2b. I gcás inarb infheidhme, déanfaidh soláthraithe seirbhísí fógraíochta a gcomhéadan ar líne a dhearadh agus a eagrú ar bhealach lena gcuirfear ar chumas urraitheoirí, agus soláthraithe seirbhísí fógraíochta a ghníomhaíonn thar ceann urraitheoirí, a n-oibleagáidí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus in Airteagal 6(1) a chomhlíonadh.
Leasú 144 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 5 – mír 2 c (nua)
2c. Déanfaidh foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla ar Ardáin Mhóra ar Líne (VLOPanna) agus Inneall Cuardaigh An-mhór ar Líne (VLOSEnna) iad freisin aon rioscaí sistéamacha a bhaineann lena seirbhísí fógraíochta polaitiúla a shainaithint, a anailísiú agus a mheasúnú go dícheallach i gcomhthéacs a measúnuithe riosca i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) 2022/2065 (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) agus cuirfidh siad bearta maolaithe réasúnacha, comhréireacha agus éifeachtacha i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) 2022/2065 (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin.
Leasú 145 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 5 a (nua)
Airteagal 5a
Fógra polaitiúil a shainaithint
Chun a chinneadh an ionann teachtaireacht agus fógraíocht pholaitiúil de réir bhrí Airteagal 2(2)(b), cuirfear san áireamh gnéithe uile na teachtaireachta, agus go háirithe na nithe ábhartha seo a leanas:
(a) a bhfuil sa teachtaireacht;
(b) urraitheoir na teachtaireachta;
(c) an teanga labhartha nó scríofa a úsáidtear chun an teachtaireacht a chur in iúl;
(d) foirm na teachtaireachta nó na modhanna trína ndéantar an teachtaireacht a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh;
(e) an spriocphobal;
(f) an comhthéacs ina gcuirtear an teachtaireacht in iúl, lena n-áirítear an tréimhse scaipthe amhail tréimhsí toghcháin nó reifrinn, nó scaipeadh na teachtaireachta le linn próiseas reachtach nó rialála;
(g) cuspóir na teachtaireachta;
Déanfaidh an Coimisiún treoir choiteann a tharraingt suas lena mbeartófar rannchuidiú le cur i bhfeidhm cuí an Airteagail seo.
Leasú 146 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 6 – teideal
Coimeád taifead agus tarchur faisnéise
Coimeád taifead agus tarchur faisnéise chuig an bhfoilsitheoir fógraíochta polaitiúla
Leasú 147 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 6 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
1. Soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla, coinneoidh siad faisnéis a bhailíonn siad ar na nithe seo a leanas agus a gcuid seirbhísí á soláthar acu:
1. Coimeádfaidh soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla an fhaisnéis a bhailíonn siad agus iad ag soláthar a gcuid seirbhísí, a mhéid is gá chun an Rialachán seo a chomhlíonadh,maidir leis na nithe seo a leanas:
Leasú 148 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 6 – mír 1 – pointe b
(b) an tseirbhís shonrach nó na seirbhísí sonracha a cuireadh ar fáil maidir leis an bhfógraíocht pholaitiúil;
(b) an tseirbhís shonrach nó na seirbhísí sonracha a chuir siad ar fáil maidir leis an bhfógraíocht pholaitiúil;
Leasú 149 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 6 –mír 1 – pointe b a (nua)
(ba) an dáta tosaigh agus, i gcás ina mbeidh sé ar fáil, an tréimhse ar lena linn a soláthraíodh an tseirbhís nó na seirbhísí;
Leasú 150 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 6 – mír 1 – pointe c
(c) méideanna na sonrasc a sheol siad i leith na seirbhíse nó na seirbhísí a cuireadh ar fáil, agus luach na sochar eile a fuarthas mar pháirtmhalairt nó mar mhalairt iomlán ar an tseirbhís nó na seirbhísí a cuireadh ar fáil; agus
(c) méideanna na sonrasc a sheol siad i leith na seirbhíse nó na seirbhísí a cuireadh ar fáil, agus luach na sochar eile a fuarthas mar pháirtmhalairt nó mar mhalairt iomlán ar an tseirbhís nó na seirbhísí a cuireadh ar fáil;
Leasú 151 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 6 – mír 1 – pointe c a (nua)
(ca) faisnéis faoi thionscnamh poiblí nó príobháideach na méideanna sin agus na sochar eile, chomh maith le cibé acu an ó laistigh nó lasmuigh den Aontas a thagann siad;
Leasú 152 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 6 – mír 1 – pointe d
(d) i gcás inarb infheidhme, céannacht an urraitheora agus a shonraí teagmhála.
(d) céannacht urraitheoir an fhógrá pholaitiúil agus a shonraí teagmhála agus, i gcás inarb infheidhme, céannacht agus sonraí teagmhála an duine dhlítheanaigh nó nádúrtha a rialaíonn an t-urraitheoir ar deireadh, agus i gcás daoine dlítheanacha, an áit bhunaíochta; agus
Leasú 153 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 6 – mír 1 – pointe d a (nua)
(da) i gcás inarb infheidhme, léiriú ar thoghcháin nó reifrinn a bhfuil baint ag an bhfógra polaitiúil leo.
2. Is i scríbhinn a bheidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus féadfaidh sí a bheith i bhfoirm leictreonach. Coinneofar faisnéis den sórt sin ar feadh tréimhse 5 bliana ó dháta an ullmhaithe, an tsuímh, an fhoilsithe nó an scaipthe dheiridh, de réir mar a bheidh.
2. Is i scríbhinn agus i bhfoirm leictreonach araon a bheidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1. Coinneofar faisnéis den sórt sin i bhformáid meaisín-inléite ar feadh tréimhse deich mbliana ó dháta an ullmhaithe, an tsuímh, an chur chun cinn, an fhoilsithe, an tsoláthair nó an scaipthe deiridh, de réir mar a bheidh.
3. Chun go bhféadfaidh foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, áiritheoidh soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla go gcuirfear in iúl don fhoilsitheoir fógraíochta polaitiúla a scaipfidh an fógra polaitiúil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1. Tarchuirfear an fhaisnéis sin ar bhealach tráthúil cruinn i gcomhréir le dea-chleachtas agus le caighdeáin an tionscadail, trí bhíthin próiseas caighdeánaithe uathoibrithe i gcás inar féidir sin a dhéanamh go teicniúil.
3. Chun go bhféadfaidh foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, áiritheoidh soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla go gcuirfear in iúl don fhoilsitheoir fógraíochta polaitiúla, ar bhealach tráthúil agus cruinn a dhéanfaidh an fógra polaitiúil a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú, a sholáthar nó a scaipeadh, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6, mír 1. Déanfaidh soláthraithe fógraíochta polaitiúla a ndícheall chun a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis a choinnítear de bhun mhír 1 iomlán agus cruinn.
I gcás gurb é an foilsitheoir fógraíochta polaitiúil an t-aon soláthraí seirbhísí fógraíochta polaitiúla, cuirfidh an t-urraitheoir an fhaisnéis ábhartha in iúl don fhoilsitheoir fógraíochta polaitiúla.
Leasú 156 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 6 – mír 3 a (nua)
3a. Nuair a chuirfidh soláthraí seirbhísí fógraíochta polaitiúla an tseirbhís ábhartha ar fáil, déanfaidh sé an fhaisnéis arna coinneáil de bhun mhír 1 a tharchur chuig an bhfoilsitheoir fógraíochta polaitiúil ábhartha i gcomhréir le dea-chleachtas agus le caighdeáin an tionscail, i gcás inar féidir sin a dhéanamh go teicniúil trí bhíthin próiseas caighdeánaithe uathoibrithe.
Leasú 157 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 6 – mír 3 b (nua)
3b. Nuair a bheidh soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla ar an eolas gur nuashonraíodh an fhaisnéis a tharchuir siad chuig foilsitheoir fógraíochta polaitiúla, áiritheoidh siad go gcuirfear an fhaisnéis nuashonraithe in iúl don fhoilsitheoir fógraíochta polaitiúla.
Leasú 158 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 7 – teideal
Ceanglais trédhearcachta maidir le gach fógra polaitiúil
Ceanglais lipéadaithe le haghaidh fógraí polaitiúla
Leasú 159 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 7 – mír 1 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach
1. I gcomhthéacs seirbhísí fógraíochta polaitiúla a sholáthar, cuirfear gach fógra polaitiúil ar fáil agus an fhaisnéis seo a leanas ann ag gabháil léi go soiléir suntasach agus gan débhrí:
1. Áiritheoidh foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla go mbeidh an fhaisnéis seo a leanas i ngach fógra polaitiúil:
Leasú 160 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 7 – mír 1 – fomhír 1 – pointe a
(a) ráiteas á rá gur fógra polaitiúil atá ann;
(a) ráiteas soiléir á rá gur fógra polaitiúil atá ann;
Leasú 161 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 7 – mír 1 – fomhír 1 – pointe b
(b) céannacht urraitheoir an fhógra pholaitiúil agus an eintitis a rialaíonn an t-urraitheoir ar deireadh;
(b) céannacht urraitheoir an fhógra pholaitiúil agus, i gcás inarb infheidhme, an t-eintiteas nó an duine a rialaíonn nó a mhaoiníonn an t-urraitheoir ar deireadh;
Leasú 162 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 7 – mír 1 – fomhír 1 – pointe b a (nua)
(ba) i gcás inarb infheidhme, an toghchán, an reifreann, an próiseas reachtach nó rialála lena mbaineann an fógra polaitiúil
Leasú 163 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 7 – mír 1 – fomhír 1 – pointe c
(c) fógra trédhearcachta chun go bhféadfaidh comhthéacs níos leithne an fhógra pholaitiúil agus a aidhmeanna a thuiscint, sin nó léiriú soiléir ar an áit ar féidir an fógra trédhearcachta sin a fháil.
(c) léiriú soiléir ar an áit ar féidir cóip bhuan den fholáireamh trédhearcachta ina bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 7a a fháil go héasca agus go díreach, agus, i gcás inar gá agus inar féidir, nuashonrú ar an léiriú sin;
Leasú 164 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 7 – mír 1 – fomhír 1 a (nua)
Áiritheoidh foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla iomláine na faisnéise dá dtagraítear i míreanna 1a, 1b, 1ba, agus 1c agus cruinneas na faisnéise dá dtagraítear i mír 1c.
I ndáil leis sin, úsáidfidh foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla teicnící marcála agus lipéadaithe atá éifeachtach agus feiceálach lena bhféadfaí fógra polaitiúil a shainaithint go héasca mar fhógra den sórt sin agus áiritheoidh siad go mbeidh an mharcáil nó an lipéadú ann i gcónaí i gcás ina scaipfí an fógra polaitiúil níos faide.
scriosta
Leasú 166 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 7 – mír 1 a (nua)
1a. Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) go (c) de mhír 1 ar fáil i bhfoirm lipéad.
Beidh na lipéid sin feiceálach, cuirfidh siad ar chumas daoine fógra polaitiúil a aithint go héasca agus fanfaidh siad i bhfeidhm i gcás ina scaipfear an fógra polaitiúil arís.
Leasú 167 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 7 – mír 1 b (nua)
1b. Faoin [12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 19 chun mír 1a den Airteagal seo a fhorlíonadh lena mbunófar teicnící caighdeánaithe agus éifeachtúla chun fógraíocht pholaitiúil a lipéadú, lena n-áirítear fógraíocht don earnáil chlosamhairc, do na meáin chlóite, d’fhógraíocht ar líne agus as líne, agus saintréithe sonracha an mheáin ina bhfoilsítear í á gcur san áireamh.
Agus na gníomhartha tarmligthe sin á nglacadh aige, cuirfidh an Coimisiún na forbairtí teicneolaíochta agus margaidh is déanaí, taighde eolaíoch ábhartha agus dea-chleachtais san áireamh.
Leasú 168 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 7 – mír 1 c (nua)
1c. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le mír 1 agus mír 1a den Airteagal seo a chur chun feidhme, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar lipéid aonfhoirmeacha.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19a(2).
2. Áiritheofar an fógra trédhearcachta i ngach fógra polaitiúil nó beidh sé éasca teacht air tríd an bhfógra, agus beidh an fhaisnéis seo a leanas ann:
scriosta
(a) céannacht an urraitheora agus a shonraí teagmhála;
(b) an tréimhse lena linn a bhfuil sé beartaithe an fógra polaitiúil a fhoilsiú agus a scaipeadh;
(c) bunaithe, i measc nithe eile, ar fhaisnéis a fhaightear i gcomhréir le hAirteagal 6(3), faisnéis maidir leis na méideanna comhiomlána a caitheadh nó maidir le sochair eile a fuarthas mar pháirtmhalairt nó mar mhalairt iomlán ar an bhfógra lena mbaineann a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú agus a scaipeadh, agus ar an bhfeachtas fógraíochta polaitiúla i gcás inarb ábhartha, agus a bhfoinsí;
(d) i gcás inarb infheidhme, léiriú ar thoghcháin nó reifrinn a bhfuil baint ag an bhfógra leo;
(e) i gcás inarb infheidhme, naisc chuig stórtha fógraí ar líne;
(f) faisnéis maidir leis an gcaoi na sásraí dá bhforáiltear in Airteagal 9(1) a úsáid.
(g) Soláthrófar an fhaisnéis atá le háireamh san fhógra trédhearcachta agus úsáid á baint as na réimsí sonracha sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinn I.
3. Déanfaidh foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla iarrachtaí réasúnta chun a áirithiú gur iomlán atá an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, agus i gcás ina gcinnfidh siad nach amhlaidh atá, ní chuirfidh siad an fógra polaitiúil ar fáil.
4. Coimeádfar fógraí trédhearcachta cothrom le dáta agus cuirfear i láthair iad i bhformáid atá inrochtana go héasca, le feiceáil go soiléir agus soláimhsithe, lena n-áirítear trí teanga shoiléir a úsáid, agus i gcás inar féidir sin a dhéanamh go teicniúil, cuirfear i láthair iad i bhformáid atá inléite ag meaisín. Foilseoidh an foilsitheoir fógraíochta polaitiúla an fhaisnéis in éineacht leis an bhfógra polaitiúil ó thráth a chéad fhoilsithe go bliain amháin i ndiaidh a fhoilsiú dheiridh.
5. Coinneoidh foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla a bhfógraí trédhearcachta maille le haon mhodhnú orthu go ceann tréimhse 5 bliana i ndiaidh dheireadh na tréimhse dá dtagraítear i mír 4.
6. Foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla atá ina n-ardáin an-mhór ar líne de réir bhrí Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2021/xxx [DSA], maidir leis na stórtha a chuireann siad ar fáil de bhun Airteagal 30 den Rialachán sin [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha], áiritheoidh siad go gcuirfidh siad an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 ar fáil i leith gach fógra pholaitiúil sa stór.
7. Na Ballstáit, lena n-áirítear na húdaráis inniúla, agus an Coimisiún tabharfaidh siad spreagadh chun cóid iompair a tharraingt suas a chuideoidh le cur i bhfeidhm cuí an Airteagail seo, agus saintréithe sonracha na soláthraithe ábhartha seirbhíse lena mbaineann á gcur san áireamh mar aon le riachtanais shonracha na micreafhiontar agus na bhfiontar beag agus meánmhéide, de réir bhrí Airteagal 3 de Threoir 2013/34/AE.
8. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19 chun Iarscríbhinn I a leasú trí ghnéithe a chur le liosta na faisnéise atá le soláthar de bhun mhír 2, nó gnéithe a mhodhnú nó a bhaint den liosta sin, i gcás inar gá leasú den chineál sin, i bhfianaise forbairtí teicneolaíocha, chun go dtuigfí comhthéacs níos leithne an fhógra pholaitiúil agus a aidhmeanna.
scriosta
Leasú 176 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 7 a (nua)
Airteagal 7a
Foláirimh thrédhearcachta
1. Cuirfidh na foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla an foláireamh trédhearcachta dá dtagraítear in Airteagal 7(1) ar fáil agus áireofar san fholáireamh sin an fhaisnéis seo a leanas:
(a) céannacht, seoladh nó áit bhunaíochta agus sonraí teagmhála an urraitheora;
(b) i gcás inarb infheidhme, céannacht an duine nó an eintitis a mhaoiníonn nó a rialaíonn ar bhealach eile an t-urraitheoir, a sheoladh, nó a áit bhunaíochta agus a shonraí teagmhála;
(c) an tréimhse lena linn a bhfuil sé beartaithe an fógra polaitiúil a fhoilsiú agus a scaipeadh;
(d) na méideanna comhiomlána a caitheadh nó maidir le sochair eile a fuair na soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla lena n-áirítear iad siúd ón bhfoilsitheoir mar pháirtmhalairt nó mar mhalairt iomlán ar an bhfógra lena mbaineann a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú, a sholáthar agus a scaipeadh, agus i gcás inarb ábhartha ar an bhfeachtas fógraíochta polaitiúla, agus foinse na méideanna agus sochair eile;
(e) i gcás inarb infheidhme, léiriú ar na toghcháin, na reifrinn, agus na próisis reachtacha nó rialála a bhfuil baint ag an bhfógra leo;
(f) conas na sásraí dá bhforáiltear in Airteagal 9(1) a úsáid.
(g) cibé ar cuireadh an fógra ar fionraí nó ar scoireadh de i ngeall ar shárú ar an Rialachán seo;
(h) i gcás inarb infheidhme, ráiteas á rá gur spriocdhíríodh an fógra polaitiúil bunaithe ar úsáid sonraí pearsanta;
(i) i gcás inarb infheidhme, na grúpaí sonracha daoine ar spriocdhíríodh orthu;
(j) i gcás inarb infheidhme, catagóirí agus foinsí na sonraí pearsanta a úsáideadh chun spriocdhíriú orthu;
(k) i gcás inarb infheidhme, cumhacht na teachtaireachta polaitiúla, líon na n-amharc, agus an spéis léirithe san fhógra.
Soláthrófar an fhaisnéis atá le háireamh san fholáireamh trédhearcachta agus úsáid á baint as na réimsí sonracha sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinn I.
2. Áiritheoidh na hurraitheoirí cruinneas na faisnéise a cheanglaítear orthu a sholáthar chun críocha mhír 1, pointí (a) agus (b) roimh an tréimhse foilsithe, seachadta nó scaipthe, agus lena linn.
Áiritheoidh urraitheoirí nó, i gcás inarb infheidhme, soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla a ghníomhaíonn thar ceann urraitheoirí, cruinneas na faisnéise a cheanglaítear orthu a sholáthar chun críocha mhír 1, pointí (c), (d) agus (e) roimh an tréimhse foilsithe, seachadta, nó scaipthe an fhógra pholaitiúil agus lena linn.
Áiritheoidh foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla cruinneas na faisnéise a cheanglaítear orthu a chur ar fáil chun críocha mhír 1, pointí (g) go (l) roimh an tréimhse foilsithe, seachadta nó scaipthe, agus lena linn.
Áiritheoidh foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla go bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 iomlán.
Nuair a thagann urraitheoir nó soláthraí seirbhísí fógraíochta polaitiúla le bheith ar an eolas gur neamhiomlán nó gur míchruinn aon fhaisnéis arna tarchur chuig an bhfoilsitheoir fógraíochta polaitiúla nó arna foilsiú aige, rachaidh sé i dteagmháil leis an bhfoilsitheoir fógraíochta polaitiúla lena mbaineann, gan moill mhíchuí, agus déanfaidh sé faisnéis iomlán nó chruinn a tharchur chuig an bhfoilsitheoir fógraíochta polaitiúla sin.
I gcás ina bhfaighidh an foilsitheoir fógraíochta polaitiúla amach go bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 7(1) agus i mír 1 den Airteagal seo neamhiomlán nó míchruinn, déanfaidh sé a dhícheall chun an fhaisnéis a chomhlánú nó a cheartú, gan moill mhíchuí, lena n-áirítear trí theagmháil a dhéanamh leis an urraitheoir nó leis na soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla.
I gcás nach féidir an fhaisnéis a chomhlánú nó a cheartú, ní chuirfidh an foilsitheoir fógraíochta polaitiúla an fógra polaitiúil ar fáil nó scoirfidh sé gan moill mhíchuí den fhógra pholaitiúil a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú, a sholáthar nó a scaipeadh.
Cuirfidh foilsitheoir fógraíochta polaitiúil urraitheoirí nó soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla lena mbaineann ar an eolas gan moill mhíchuí faoi aon chinntí a dhéantar i dtaca leis an seachtú fomhír den mhír seo.
3. Beidh sé éasca teacht ar fholáirimh thrédhearcachta i gcónaí le linn na tréimhse ón uair a fhoilseofar iad den chéad uair go dtí go dtarraingeofar siar iad.
Déanfar foláirimh thrédhearcachta a choimeád cothrom le dáta, a chur i láthair i bhformáid atá inrochtana go héasca, a chur ar fáil i bhformáid atá inléite ag meaisín. Scríobhfar iad i dteanga an fhógra pholaitiúil. Áiritheoidh foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla a thairgeann seirbhísí san Aontas go gcomhlíonfaidh foláirimh thrédhearcachta na ceanglais inrochtaineachta a leagtar amach i dTreoir (AE) 2019/882.
Beidh foláirimh thrédhearcachta soláimhsithe don úsáideoir, lena n-áirítear trí theanga shimplí a úsáid.
4. Coinneoidh foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla a bhfoláirimh thrédhearcachta maille le haon mhodhnuithe orthu go ceann tréimhse 5 bliana tar éis an fhoilsithe dheireanaigh.
5. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19 chun Iarscríbhinn I a leasú i bhfianaise forbairtí teicneolaíocha, taighde eolaíoch ábhartha, cleachtais mhargaidh, cleachtais mhaoirseachta údarás inniúil agus treoir ábhartha arna heisiúint ag comhlachtaí inniúla.
6. Faoi ... (12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo), déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19 chun na ceanglais faisnéise dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo a fhorlíonadh trí shonraíochtaí teicniúla a bhunú arna gcur in oiriúint don earnáil chlosamhairc, do na meáin chlóite, don fhógraíocht ar líne agus as líne agus go háirithe lena gcuirtear san áireamh saintréithe sonracha na soláthraithe seirbhíse ábhartha lena mbaineann agus riachtanais shonracha na micrifhiontar agus na bhfiontar beag agus meánmhéide de réir bhrí Airteagal 3 de Threoir 2013/34/AE.
Leasú 177 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 7 b (nua)
Airteagal 7b
Stór Eorpach le haghaidh fógraí polaitiúla ar líne
1. Bunóidh an Coimisiún stór poiblí le haghaidh gach fógra pholaitiúil ar líne agus áiritheoidh sé go ndéanfar é a bhainistiú. Áiritheofar an méid seo a leanas leis an stór sin:
(a) go ndéanfar bunachar sonraí a óstáil ina mbeidh gach fógra polaitiúil ar líne, mar aon leis an bhfaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 7a(1) i ndáil le gach fógra polaitiúil ar líne d’fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla nach VLOPanna nó VLOSEnna iad agus a chuireann fógraíocht pholaitiúil ar fáil trí sheirbhís ar líne;
(b) gur féidir rochtain a fháil go poiblí ar gach fógra polaitiúil ar líne, mar aon leis an bhfaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 7a(1), i ndáil le gach fógra polaitiúil ar líne.
Beidh feidhm ag struchtúr coiteann sonraí, ag comhchaighdeáin agus ag comhéadan coiteann ríomhchláraithe feidhmchlár chun faisnéis a mhalartú le foilsitheoirí. Beidh an fhaisnéis ar fáil i bhformáid atá inléite ag meaisín, beifear in ann cuardaigh ilchritéar a dhéanamh léi agus beidh rochtain ag an bpobal uirthi trí thairseach aonair.
2. Déanfaidh foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla ar VLOPanna nó VLOSEanna iad an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 7a(1) a chur ar fáil i bhfíor-am sna stórtha dá bhforáiltear de bhun Airteagal 39 de Rialachán (AE) 2022/2065 (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha), agus ar fáil don phobal tríd an stór Eorpach d’fhógraí polaitiúla ar líne, agus déanfaidh siad an fhaisnéis sin a nuashonrú, de réir mar is gá.
3. I gcás ina ndearna soláthraí ardáin an-mhór ar líne nó innill chuardaigh an-mhór ar líne rochtain ar fhógra polaitiúil sonrach a bhaint nó a dhíchumasú bunaithe ar neamhdhleathacht líomhnaithe nó neamh-chomhoiriúnacht lena théarmaí agus coinníollacha, sa bhreis ar cheanglais Airteagal 39(3) de Rialachán (AE) 2022/2065 (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha), áireofar sa stór le haghaidh an fhógra ar leith lena mbaineann, an fhaisnéis a cheanglaítear le hAirteagal 7a(1) den Rialachán seo.
4. Foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla nach VLOPanna ná VLOSEnna iad agus a chuireann fógraíocht pholaitiúil ar fáil trí sheirbhís ar líne, cuirfidh siad an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 7a(1) ar fáil, mar aon le cóip de gach fógra polaitiúil ar líne sa stór Eorpach le haghaidh fógraí polaitiúla ar líne, gan mhoill agus tráth nach déanaí ná 24 uair an chloig tar éis a chéad fhoilsithe.
5. I gcás ina bhfuil foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla nach VLOPanna ná VLOSEnna iad, agus a chuireann fógraíocht pholaitiúil ar fáil trí sheirbhís ar líne, tar éis rochtain ar fhógra polaitiúil ar leith a bhaint anuas nó a dhíchumasú bunaithe ar neamhdhleathacht líomhnaithe nó neamh-chomhoiriúnacht lena théarmaí agus coinníollacha, áireoidh an stór Eorpach um fhógraíocht pholaitiúil ar líne don fhógra ar leith lena mbaineann, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 17(3), pointí (a) go (e), nó Airteagal 9(2), pointe (a)(i) de Rialachán (AE) 2022/2065 (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha), de réir mar is infheidhme, agus an fhaisnéis a cheanglaítear le hAirteagal 7a(1) den Rialachán seo.
6. Faoi ... [12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún, i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha agus i bhfianaise forbairtí teicneolaíocha, margaidh agus eolaíocha, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19 chun mír 1 den Airteagal seo a fhorlíonadh trí shocruithe mionsonraithe a leagan amach maidir le struchtúr agus caighdeáin chomhchoiteanna sonraí, comhéadan coiteann ríomhchláraithe feidhmchlár, agus tairseach aonair a sholáthar.
Agus na gníomhartha tarmligthe sin á nglacadh aige, beidh sé mar aidhm ag an gCoimisiún na cuspóirí seo a leanas a bhaint amach:
(a) go bhféadfaí an fhaisnéis arna soláthar ag foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla de réir mhíreanna 1 go 3 a rochtain go poiblí trí stór Eorpach aonair le haghaidh fógraí polaitiúla ar líne;
(b) a chur ar chumas urraitheoirí agus soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 7a (1) le haghaidh gach fógra pholaitiúil ar líne a chur in iúl don fhoilsitheoir fógraíochta polaitiúla ar mhodh uathoibrithe;
(c) a chur ar chumas foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 7a(1) a chur ar fáil ar líne, agus trí struchtúr coiteann sonraí agus comhchaighdeáin, mar fholáireamh trédhearcachta;
(d) rochtain phoiblí éasca ar fholáirimh thrédhearcachta ar líne a cheadú, trí chomhéadan coiteann ríomhchláraithe feidhmchlár a úsáid lena bhféadfaí rochtain a fháil ar na fógraí agus na bunachair shonraí ábhartha a chuardach;
(e) tacaíocht a thabhairt do thríú páirtí agus do rochtain phoiblí ar fholáirimh thrédhearcachta, lena n-áirítear trí anailís ar fhógraí trédhearcachta ar líne agus trí chur i láthair na bhfógraí sin a chumasú trí thairseach aonair agus seirbhísí cuardaigh soláimhsithe.
1. I gcás ina soláthraíonn foilsitheoirí fógraíochta seirbhísí fógraíochta polaitiúla, mar chuid dá dtuarascáil bhainistíochta de réir bhrí Airteagal 19 de Threoir 2013/34/AE ina ráitis airgeadais bhliantúla, áireoidh siad faisnéis maidir leis na méideanna nó le luach na sochar eile a fuarthas mar pháirtmhalairt nó mar mhalairt iomlán ar na seirbhísí sin, lena n-áirítear maidir le húsáid teicnící spriocdhírithe agus aimpliúcháin, arna gcomhiomlánú de réir an fheachtais.
1. Áireoidh foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla, mar chuid de nóta ar leithligh ag gabháil lena dtuarascáil bhainistíochta de réir bhrí Airteagal 19 de Threoir 2013/34/AE, faisnéis maidir leis na méideanna nó le luach na sochar eile a fuarthas mar pháirtmhalairt nó mar mhalairt iomlán ar na seirbhísí sin, lena n-áirítear maidir le húsáid teicnící soláthair fógraí, arna gcomhiomlánú de réir an fheachtais, ar faisnéis í arna cur ar fáil go díreach ag urraitheoirí nó ag soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla.
2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le gnóthais atá cáilithe faoi Airteagal 3(3) de Threoir 2013/34/AE.
2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide de réir bhrí Airteagal 3, de Threoir 2013/34/AE.
Leasú 180 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 8 – mír 2 a (nua)
2a. Tabharfaidh soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, tuairisc rialta ar mhéideanna nó luach na sochar eile a fhaightear i bpáirt nó mar mhalairt iomlán ar na seirbhísí sin do na húdaráis inniúla náisiúnta atá freagrach as iniúchadh nó maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaithe polaitiúla.
1. I gcás ina soláthraíonn siad seirbhísí fógraíochta polaitiúla, cuirfidh foilsitheoirí fógraíochta sásraí i bhfeidhm lena bhféadfaidh daoine aonair a chur in iúl dóibh, saor in aisce, nach gcomhlíonann fógra ar leith atá foilsithe acu an Rialachán seo.
1. I gcás ina soláthraíonn siad seirbhísí fógraíochta polaitiúla, cuirfidh foilsitheoirí fógraíochta sásraí i bhfeidhm lena bhféadfaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha a chur in iúl dóibh, nach gcomhlíonann fógra ar leith atá foilsithe acu an Rialachán seo.
Leasú 182 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 9 – mír 1 a (nua)
1a. Beidh na sásraí sin saor in aisce, soláimhsithe agus éasca le rochtain, lena n-áirítear ón bhfoláireamh trédhearcachta. I gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, ceadóidh na sásraí sin foláirimh a chur isteach trí mheán leictreonach.
2. Faisnéis maidir le fógraí polaitiúla a thuairisciú, mar a thagraítear dó i mír 1, beidh sí soláimhsithe ag úsáideoirí agus beidh rochtain éasca uirthi, lena n-áirítear ón bhfógra trédhearcachta.
scriosta
Leasú 184 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 9 – mír 2 a (nua)
2a. Éascóidh na sásraí dá dtagraítear i mír 1 tíolacadh foláirimh bheachta agus chuí-réasúnaithe ionas go mbeidh foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla in ann neamhdhleathacht na bhfógraí atá i gceist a shainaithint. Chuige sin, glacfaidh na foilsitheoirí fógraíochta na bearta is gá chun cumasú agus éascú a dhéanamh ar chur isteach na bhfoláireamh ina bhfuil na gnéithe seo uile a leanas:
(a) míniú cuí-réasúnaithe ar na cúiseanna a líomhnaíonn an duine nó an t-eintiteas a bhfuil an foláireamh á chur isteach aige nach bhfuil an fógra i gceist ag comhlíonadh an Rialacháin seo;
(b) faisnéis lena gcumasaítear an fógra polaitiúil a shainaithint;
(c) ainm agus seoladh ríomhphoist an duine aonair nó an eintitis atá ag tíolacadh an fholáirimh;
(d) ráiteas lena ndeimhnítear go gcreideann an duine nó an t-eintiteas atá ag cur isteach an fholáirimh de mheon macánta go bhfuil an fhaisnéis atá ann iomlán agus cruinn.
3. Ceadóidh foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur isteach go leictreonach. Cuirfidh an foilsitheoir fógraíochta polaitiúla daoine aonair ar an eolas maidir leis an obair leantach arna déanamh de thoradh an chur in iúl dá dtagraítear i mír 1.
3. Déanfaidh foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla dearbhú go bhfuarthas an foláireamh a sheoladh gan moill mhíchuí chuig daoine a chuir isteach é.
Déanfaidh foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla an foláireamh a scrúdú agus tabharfaidh siad aghaidh air ar bhealach tráthúil, dícheallach agus oibiachtúil.
Cuirfidh foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla urraitheoirí nó soláthraithe na seirbhísí fógraíochta polaitiúla lena mbaineann ar an eolas gan moill mhíchuí faoin éifeacht a tugadh don fholáireamh.
Cuirfidh foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla faisnéis shoiléir sholáimhsithe ar fáil maidir leis na féidearthachtaí le haghaidh sásaimh i ndáil leis an bhfógra lena mbaineann an foláireamh agus, i gcás inarb infheidhme, maidir le modhanna uathoibrithe a úsáid chun foláirimh a phróiseáil.
Leasú 186 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 9 – mír 3 a (nua)
3a. Sa mhí roimh thoghchán nó reifreann, próiseálfaidh foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla, gan moill mhíchuí agus tráth nach déanaí ná 48 uair an chloig aon fholáireamh a fhaigheann siad faoi fhógra a bhaineann leis an toghchán nó leis an reifreann sin. Déanfaidh foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla ar micrifhiontair agus fiontair bheaga iad de réir bhrí Airteagal 3 de Threoir 2013/34/AE aon fholáireamh a fhaigheann siad faoi fhógra a bhaineann leis an toghchán nó leis an reifreann sin a phróiseáil gan moill mhíchuí.
4. I ndáil le cur in iúl atriallach faoi mhír 1 maidir leis an bhfógra céanna nó leis an bhfeachtas fógraíochta céanna, féadfar freagra a thabhairt ar gach cur in iúl i dteannta a chéile, lena n-áirítear le tagairt do ráiteas ar shuíomh gréasáin an fhoilsitheora fógraíochta polaitiúla lena mbaineann.
4. I ndáil le cur in iúl atriallach faoi mhír 1 maidir leis an bhfógra céanna nó leis an bhfeachtas fógraíochta céanna, féadfar freagra a thabhairt ar gach cur in iúl i dteannta a chéile trí leas a bhaint as uirlisí uathoibrithe, lena n-áirítear le tagairt do ráiteas ar shuíomh gréasáin an fhoilsitheora fógraíochta polaitiúla lena mbaineann.
Leasú 188 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 9 – mír 4 a (nua)
4a. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 19 chun mír 1 den Airteagal seo a fhorlíonadh trí shonraíochtaí teicniúla a bhunú don sásra dá dtagraítear sa mhír sin, arna n-oiriúnú don earnáil chlosamhairc, do na meáin chlóite, d’fhógraíocht ar líne agus as líne.
Beidh sé de chumhacht ag na húdaráis inniúla náisiúnta a iarraidh ar sholáthraí seirbhísí fógraíochta polaitiúla an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 6, 7 agus 8 a tharchur. Ní mór go mbeadh an fhaisnéis tharchurtha iomlán, cruinn agus iontaofa, agus go soláthrófaí í i bhformáid atá soiléir, comhleanúnach, comhdhlúite agus intuigthe. Tarchuirfear an fhaisnéis i bhformáid atá inléite ag meaisín, i gcás inar féidir sin a dhéanamh go teicniúil.
Beidh sé de chumhacht ag na húdaráis inniúla náisiúnta a iarraidh ar sholáthraí seirbhísí fógraíochta polaitiúla an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 6, 7, 7a agus 8 a tharchur. Beidh an fhaisnéis a tharchuirfear iomlán, cruinn agus iontaofa, agus soláthrófar í i bhformáid atá soiléir, comhleanúnach, comhdhlúite agus intuigthe. Tarchuirfear an fhaisnéis i bhformáid chaighdeánaithe atá inléite ag meaisín, i gcás inar féidir sin a dhéanamh go teicniúil.
Leasú 190 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 10 – mír 1 – fomhír 2 – pointe a
(a) ráiteas ar chúiseanna ina mínítear an cuspóir atá leis an bhfaisnéis a iarraidh agus an fáth a bhfuil an iarraidh riachtanach agus comhréireach, seachas má shaothraíonn an iarraidh an cuspóir maidir le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh agus a mhéid a chuirfeadh na cúiseanna leis an iarraidh an cuspóir sin i mbaol;
(a) ráiteas achomair ar chúiseanna ina mínítear an cuspóir atá leis an bhfaisnéis a iarraidh, seachas má shaothraíonn an iarraidh an cuspóir maidir le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh agus a mhéid a chuirfeadh na cúiseanna leis an iarraidh an cuspóir sin i mbaol;
2. Ar iarraidh de bhun mhír 1 a fháil, cuirfidh soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla in iúl, laistigh de dhá lá, go bhfuarthas an iarraidh sin agus cuirfidh siad an t-údarás ar an eolas maidir leis na bearta a rinneadh chun í a chomhlíonadh. Soláthróidh an soláthraí seirbhíse ábhartha an fhaisnéis a iarradh laistigh de 10 lá oibre.
2. Ar iarraidh de bhun mhír 1 a fháil, cuirfidh soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla in iúl, laistigh de 2 lá, go bhfuarthas an iarraidh sin agus cuirfidh siad an t-údarás ar an eolas maidir leis na bearta a rinneadh chun í a chomhlíonadh. Soláthróidh an soláthraí seirbhíse ábhartha an fhaisnéis a iarradh laistigh de 8 lá oibre.
Leasú 192 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 10 – mír 3 a (nua)
3a. Sa mhí roimh thoghchán nó reifreann, cuirfidh soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla an fhaisnéis iarrtha dá dtagraítear in Airteagail 6, 7 agus 8 ar fáil atá faoina rialú gan moill mhíchuí agus tráth nach déanaí ná 48 n-uair an chloig. Soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla ar micrifhiontair agus fiontair bheaga iad de réir bhrí Airteagal 3 de Threoir 2013/34/AE, soláthróidh siad an fhaisnéis a iarradh gan moill mhíchuí.
Déanfaidh soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla na bearta iomchuí chun an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6 a tharchur chuig na heintitis leasmhara arna iarraidh sin dóibh agus gan aon táille a bheith i gceist.
Déanfaidh soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 6, 7 agus 7a a tharchur chuig na heintitis leasmhara go pras arna iarraidh sin dóibh, gan aon táille a bheith i gceist agus i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil i bhformáid atá inléite ag meaisín.
I gcás inar foilsitheoir fógraíochta polaitiúla é soláthraí seirbhísí fógraíochta polaitiúla, déanfaidh sé na bearta iomchuí freisin chun an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 7 a tharchur chuig na heintitis leasmhara arna iarraidh sin dóibh agus gan aon táille a bheith i gceist.
scriosta
Leasú 195 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 11 – mír 2 – fomhír 1 – pointe a
(a) taighdeoirí grinnfhiosraithe i gcomhréir le hAirteagal 31 de Rialachán (AE) 2021/xxx [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha];
(a) taighdeoirí grinnfhiosraithe i gcomhréir le hAirteagal 40 de Rialachán (AE) 2022/2065 (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha);
Leasú 196 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 11 – mír 2 – fomhír 1 – pointe d a (nua)
3. Tar éis iarraidh a fháil ó eintiteas leasmhar, déanfaidh an soláthraí seirbhíse a dhícheall an fhaisnéis a iarradh nó a fhreagra réasúnaithe faoi mhír 5 a sholáthar, laistigh de 1 mhí.
3. Tar éis iarraidh a fháil ó eintiteas leasmhar, déanfaidh an soláthraí seirbhíse a dhícheall an fhaisnéis a iarradh nó a fhreagra réasúnaithe faoi mhír 5 a sholáthar a luaithe is féidir agus, ar a dhéanaí, laistigh de mhí amháin.
5. I gcás inar follasach go bhfuil iarrataí de bhun mhír 1 gan bhunús, dhoiléir nó iomarcach, go háirithe de thoradh a n-easpa soiléireachta, féadfaidh an soláthraí seirbhíse diúltú freagra a thabhairt. Sa chás sin, seolfaidh an soláthraí seirbhíse ábhartha freagra réasúnaithe chuig an eintiteas leasmhar a bhfuil an iarraidh á déanamh aige.
5. I gcás inar follasach go bhfuil iarrataí de bhun mhír 1 doiléir, iomarcach nó go mbaineann siad le faisnéis nach bhfuil faoi rialú an tsoláthraí seirbhíse, féadfaidh an soláthraí seirbhíse diúltú an fhaisnéis a iarradh a sholáthar. I gcásanna den sórt sin, seolfaidh an soláthraí seirbhíse ábhartha freagra réasúnaithe chuig an eintiteas leasmhar a bhfuil an iarraidh á déanamh aige, lena n-áirítear faisnéis faoi na féidearthachtaí maidir le sásamh, lena n-áirítear iad siúd atá ann faoi Threoir (AE) 2020/1828.
7. Is ar na soláthraithe seirbhíse a bheidh an dualgas a léiriú gur follasach go bhfuil iarraidh gan bhunús, dhoiléir nó iomarcach, nó go bhfuil iarrataí atriallach agus go mbaineann costais shuntasacha lena bpróiseáil.
7. Is ar na soláthraithe seirbhíse a bheidh an dualgas a léiriú gur follasach go bhfuil iarraidh doiléir, iomarcach nó go mbaineann sí le faisnéis nach bhfuil faoi rialú an tsoláthraí seirbhíse, nó go bhfuil iarrataí atriallach agus go mbaineann costais shuntasacha lena bpróiseáil.
Leasú 201 Togra le haghaidh rialacháin Caibidil III – teideal
FÓGRAÍOCHT PHOLAITIÚIL A SPRIOCDHÍRIÚ AGUS A AIMPLIÚ
SEIRBHÍSÍ FÓGRAÍOCHTA POLAITIÚLA A SPRIOCDHÍRIÚ AGUS FÓGRAÍ A SHEACHADADH
Leasú 202 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal -12 (nua)
Airteagal -12
Toirmeasc ar theicnící spriocdhírithe agus seachadta fógraí a bhaineann le próiseáil catagóirí speisialta sonraí pearsanta
Cuirfear toirmeasc ar theicnící spriocdhírithe agus seachadta fógraí lena mbaineann próiseáil catagóirí speisialta sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2016/679 agus in Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2018/1725 i gcomhthéacs seirbhísí fógraíochta polaitiúla.
Leasú 203 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 12 – teideal
Ceanglais shonracha maidir le spriocdhíriú agus aimpliú
Ceanglais shonracha a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta le haghaidh spriocdhíriú ar líne agus teicnící seachadta fógraí ar líne
1. Tá toirmeasc ar theicnící spriocdhírithe nó aimpliúcháin a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/679 agus in Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 i gcomhthéacs fógraíocht pholaitiúil.
1. Beidh teicnící spriocdhírithe agus seachadta fógraí a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta nach catagóirí speisialta sonraí pearsanta iad de réir bhrí Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2016/679 nó Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2018/1725 i gcomhthéacs seirbhísí fógraíochta polaitiúla, beidh siad teoranta go docht do na cásanna dá bhforáiltear san Airteagal seo.
Leasú 205 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 12 – mír 1 a (nua)
1a. Leis na teicnící seachadta dá dtagraítear san Airteagal seo, cinnfear an lucht féachana laistigh den spriocphobal gan tuilleadh próiseála a dhéanamh ar shonraí pearsanta, trí roghnú randamach amháin.
Leasú 206 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 12 – mír 1 b (nua)
1b. Cuirfear toirmeasc ar theicnící spriocdhírithe agus seachadta fógraí a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta daoine a bhfuil an rialaitheoir sonraí ar an eolas fúthu le cinnteacht réasúnta go bhfuil siad bliain amháin ar a laghad faoin aois vótála arna bunú leis an dlí náisiúnta. Ní chuirfidh comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach san Airteagal seo d’oibleagáid ar sholáthraithe ardán ar líne sonraí pearsanta breise a phróiseáil chun a mheas an mionaoiseach úsáideoir na seirbhíse.
Leasú 207 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 12 – mír 1 c (nua)
1c. Maidir le teicnící spriocdhírithe agus seachadta fógraí a bhfuil próiseáil sonraí pearsanta i gceist leo, teorannófar iad do shonraí pearsanta arna soláthar go sainráite ag an ábhar sonraí le toiliú uaidh nó uaithi mar a shainmhínítear in Airteagal 4(11) de Rialachán (AE) 2016/679 arna thabhairt chun críche fógraíochta polaitiúla ar líne, agus chun na críche sin amháin.
Maidir leis na sonraí pearsanta arna soláthar ag an duine is ábhar do na sonraí de bhua úsáid a bhaint as seirbhís nó feiste, lena n-áirítear ábhar a soláthraíodh, ní mheasfar gur sonraí pearsanta iad a soláthraíodh agus, dá bhrí sin, ní úsáidfidh an soláthraí iad chun críche fógraíocht pholaitiúil a spriocdhíriú agus a sheachadadh.
Cuirfidh an rialaitheoir sonraí in iúl, agus toiliú á iarraidh aige nó aici ar an ábhar sonraí, go bhféadfar na sonraí pearsanta a chuir sé nó sí ar fáil a phróiseáil chun críche fógraíocht pholaitiúil a chur faoi bhráid an t-ábhar sonraí agus chun na críche sin amháin. Ní bheidh sé níos deacra nó níos fadálaí don t-ábhar sonraí diúltú toiliú a thabhairt ná an toiliú sin a thabhairt. Ní iarrfaidh soláthraithe toiliú i gcás ina bhfeidhmíonn an t-ábhar sonraí a cheart nó a ceart chun agóid a dhéanamh trí mhodhanna uathoibrithe trí úsáid a bhaint as sonraíochtaí teicniúla, i gcomhréir le hAirteagal 21(5) de Rialachán (AE) 2016/679. I gcás ina ndiúltóidh an t-ábhar sonraí a thoiliú nó a toiliú a thabhairt, nó ina dtarraingíonn sé nó sí siar a thoiliú nó a toiliú, tabharfar roghanna córa agus réasúnacha eile dó nó di chun rochtain a fháil ar sheirbhísí na sochaí faisnéise.
Ní dhéanfar níos mó ná ceithre chatagóir de shonraí pearsanta a chomhcheangal le teicnící spriocdhírithe agus seachadta fógraí dá dtagraítear sa mhír seo, lena n-áirítear suíomh an t-ábhar sonraí.
Má tá an fógra polaitiúil nasctha le toghchán nó le reifreann, tuigfear go bhfuil suíomh an ábhair sonraí ar leibhéal an toghlaigh is infheidhme don toghchán nó don reifreann sin dá dtagraítear i mír 1d, pointe (b).
Mura bhfuil an fógra polaitiúil nasctha le toghchán ná le reifreann, ní bheidh an suíomh a úsáidtear le haghaidh teicnící spriocdhírithe agus seachadta fógraí faoi bhun leibhéal an bhardais.
Mura bhfuil an fógra polaitiúil nasctha le toghchán nó le reifreann agus i gcás teaglaim de dhá chatagóir sonraí nó níos mó, cuimseoidh an spriocghrúpa 0,4 % ar a laghad de dhaonra an Bhallstáit ach 50 000 saoránach ar a laghad.
Leasú 208 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 12 – mír 1 d (nua)
1d. D’ainneoin mhír 1c, 60 lá díreach roimh thoghchán nó reifreann, maidir le teicnící spriocdhírithe agus seachadta fógraí a bhaineann le sonraí pearsanta arna soláthar a phróiseáil, déanfar iad a theorannú do na sonraí pearsanta seo a leanas arna soláthar go sainráite ag an ábhar sonraí don fhoilsitheoir fógraíochta lena thoiliú nó lena toiliú mar a shainmhínítear in Airteagal 4(11) de Rialachán (AE) 2016/679 arna thabhairt chun críche fógraíochta polaitiúla ar líne, agus chun na críche sin amháin:
(a) na teangacha a labhraíonn an t-ábhar sonraí;
(b) suíomh an ábhair sonraí ar leibhéal an toghlaigh is infheidhme sa toghchán nó sa reifreann ábhartha;
(c) an fhaisnéis go bhfuil an t-ábhar sonraí ina chéad vótálaí.
Beidh feidhm mutatis mutandis ag fomhíreanna 2 agus 3 de mhír 1c.
Leasú 209 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 12 – mír 1 e (nua)
1e. Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le cumarsáid inmheánach aon pháirtí pholaitiúil, fondúireachta, comhlachais nó aon chomhlachta neamhbhrabúis eile, lena gcomhaltaí agus lena n-iarchomhaltaí ná le cumarsáidí, amhail nuachtlitreacha, atá nasctha lena ngníomhaíochtaí polaitiúla, fad is nach bhfuil na cumarsáidí sin bunaithe ach ar shonraí síntiúis amháin agus, dá bhrí sin, go bhfuil siad teoranta go docht dá gcomhaltaí, dá n-iarchomhaltaí nó dá síntiúsóirí agus go bhfuil siad bunaithe ar shonraí pearsanta a chuireann siad ar fáil agus nach bhfuil tuilleadh próiseála ar shonraí pearsanta i gceist leo chun díriú ar na faighteoirí agus ar na teachtaireachtaí a fhaigheann siad nó chun iad a roghnú tuilleadh ar shlí eile. Tagann foirmeacha den sórt sin de mhargaíocht dhíreach faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2016/679 agus Threoir 2002/58/CE.
2. An toirmeasc a leagtar síos sa chéad abairt, ní bheidh feidhm aige maidir leis na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 9(2)(a) agus (d) de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 10(2)(a) agus (d) de Rialachán (AE) 2018/1725.
scriosta
Leasú 211 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 12 – mír 3 – an chuid réamhráiteach
3. Agus teicnící spriocdhírithe nó aimpliúcháin a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta in úsáid i gcomhthéacs fógraíocht pholaitiúil, comhlíonfaidh na rialaitheoirí na ceanglais seo a leanas, sa bhreis ar na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/679 agus Rialachán (AE) 2018/1725, de réir mar is infheidhme:
3. Agus teicnící spriocdhírithe a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta á n-úsáid i gcomhthéacs seirbhísí fógraíochta polaitiúla, déanfaidh rialaitheoirí, sa bhreis ar na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/679, Rialachán (AE) 2018/1725 agus Rialachán (AE) 2022/2065 (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha), de réir mar is infheidhme, na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh:
Leasú 212 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 12 – mír 3 – pointe a
(a) déanfar beartas inmheánach a ghlacadh agus a chur chun feidhme, beartas ina dtugtar tuairisc shoiléir i dteanga shoiléir, go háirithe, ar úsáid teicnící den chineál sin chun spriocdhíriú ar dhaoine aonair nó chun an t-inneachar a aimpliú, agus coinneofar an beartas sin ar feadh tréimhse 5 bliana;
(a) déanfar beartas inmheánach a ghlacadh, a chur chun feidhme agus a chur ar fáil go poiblí ina dtugtar tuairisc shoiléir i dteanga shoiléir, go háirithe, ar úsáid teicnící den chineál sin chun spriocdhíriú ar dhaoine aonair, agus coinneofar an beartas sin ar feadh tréimhse 10 mbliana;
Leasú 213 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 12 – mír 3 – pointe b
(b) coinneofar taifid maidir le húsáid an spriocdhírithe nó an aimpliúcháin, leis na sásraí ábhartha, leis na teicnící agus na paraiméadair a úsáideadh, agus le foinse nó foinsí na sonraí pearsanta a úsáideadh.
(b) coinneofar taifid maidir le húsáid an spriocdhírithe, maidir leis na sásraí ábhartha, na teicnící agus na paraiméadair a úsáideadh, agus foinse nó foinsí na sonraí pearsanta a úsáideadh.
Leasú 214 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 12 – mír 3 – pointe c
(c) soláthrófar, in éineacht leis an bhfógra polaitiúil, an fhaisnéis bhreise is gá chun a chur ar chumas an duine aonair lena mbaineann tuiscint a fháil ar an loighic atá i gceist agus ar phríomhpharaiméadair na teicníce a úsáideadh, mar aon le húsáid sonraí tríú páirtí agus teicnící anailíseacha breise. Is éard a bheidh sna fhaisnéis sin na gnéithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II.
(c) soláthrófar, in éineacht leis an léiriú gur fógra polaitiúil é, an fhaisnéis bhreise is gá chun a chur ar chumas an duine aonair lena mbaineann tuiscint a fháil ar an loighic atá i gceist agus ar phríomhpharaiméadair na teicníce a úsáideadh, mar aon le húsáid sonraí tríú páirtí agus teicnící anailíseacha breise.
Leasú 215 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 12 – mír 3 – pointe c a (nua)
(ca) measúnú riosca bliantúil inmheánach a dhéanamh ar úsáid na dteicnící sin maidir le cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine aonair agus na sochaí ina hiomláine; cuirfear torthaí na measúnuithe riosca sin ar fáil go poiblí.
4. Foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla a úsáideann teicnící spriocdhírithe nó aimpliúcháin, áireoidh siad san fhógra trédhearcachta a cheanglaítear faoi Airteagal 7 an fhaisnéis a shonraítear i mír 3(c) mar aon le nasc chuig an mbeartas dá dtagraítear i mír 3(a). I gcás nach ionann an rialaitheoir agus an foilsitheoir fógraíochta, tarchuirfidh an rialaitheoir an beartas inmheánach, sin nó tagairt dó, chuig an bhfoilsitheoir fógraíochta polaitiúla.
4. Foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla a úsáideann teicnící spriocdhírithe a bhaineann le sonraí pearsanta a phróiseáil, áireoidh siad san fholáireamh trédhearcachta a cheanglaítear faoi Airteagal 7a(1), an fhaisnéis bhreise is gá chun go bhféadfadh an duine aonair lena mbaineann an loighic a bhaineann leis an teicníc a úsáidtear agus na príomhpharaiméadair a bhaineann leis, agus úsáid sonraí tríú páirtí agus teicnící anailíseacha breise, a thuiscint.
Áiritheofar an fhaisnéis seo a leanas go háirithe ann:
(a) (a) na spriocanna, na sásraí agus an loighic a bhaineann leis an spriocdhíriú, lena n-áirítear na paraiméadair iniaimh agus eisiaimh, agus na cúiseanna leis na paraiméadair sin a roghnú;
(b) an tréimhse scaipthe, líon na ndaoine aonair a scaiptear an fógra orthu;
(c) nasc leis an mbeartas dá dtagraítear i mír 3(a) nó léiriú soiléir ar an áit ar féidir é a fháil go héasca.
Leasú 217 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 12 – mír 4 a (nua)
4a. I gcás nach ionann an rialaitheoir agus an foilsitheoir fógraíochta, tarchuirfidh an rialaitheoir an beartas inmheánach dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 3 chuig an bhfoilsitheoir fógraíochta polaitiúil agus áiritheoidh sé go gcuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír seo nó tagairt di in iúl don fhoilsitheoir fógraíochta polaitiúil chun a chur ar chumas an fhoilsitheora fógraíochta polaitiúla a oibleagáid faoin Rialachán seo a chomhlíonadh. Tarchuirfear an fhaisnéis ar bhealach tráthúil agus cruinn i gcomhréir le dea-chleachtas agus le caighdeáin an tionscadail, trí bhíthin próiseas caighdeánaithe uathoibrithe i gcás inar féidir sin a dhéanamh go teicniúil.
5. Foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla a úsáideann teicnící spriocdhírithe nó aimpliúcháin dá dtagraítear i mír 3, áireoidh siad tagairt do mhodh éifeachtach chun tacú le daoine aonair a gcearta faoi Rialachán (AE) 2016/679 a fheidhmiú, áireoidh siad sin san fhógra, nó in éineacht leis, agus san fhógra trédhearcachta a cheanglaítear faoi Airteagal 7.
5. Foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla a úsáideann teicnící spriocdhírithe nó seachadta fógraí dá dtagraítear i mír 3, áireoidh siad tagairt do mhodh éifeachtach chun tacú le daoine aonair a gcearta faoi Rialachán (AE) 2016/679 a fheidhmiú, áireoidh siad sin san fhógra, nó in éineacht leis, agus san fhógra trédhearcachta a cheanglaítear faoi Airteagal 7a(1). Beidh nasc sofheicthe ag an bhfógra trédhearcachta le comhéadan a bhfuil rochtain éasca air inar féidir le húsáideoirí a dtoiliú a tharraingt siar nó na sonraí pearsanta a sholáthair siad a mhodhnú chun críche fógraíochta polaitiúla ar líne dá dtagraítear i míreanna 1c agus 1d agus chun na críche sin amháin.
8. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19 chun Iarscríbhinn II a leasú trí ghnéithe atá ar liosta na faisnéise atá le soláthar de bhun mhír 3(c) den Airteagal seo a mhodhnú nó a bhaint den liosta sin i bhfianaise forbairtí teicneolaíocha ar thaighde eolaíoch ábhartha, agus i bhfianaise forbairtí ar an maoirseacht a dhéanann údaráis inniúla agus ar an treoraíocht ábhartha arna heisiúint ag na comhlachtaí inniúla.
scriosta
Leasú 221 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 13 – teideal
Faisnéis a bhaineann le spriocdhíriú nó aimpliúchán a tharchur chuig eintitis leasmhara eile
Faisnéis a bhaineann le spriocdhíriú ar líne nó seachadadh fógraí ar líne a tharchur chuig eintitis leasmhara eile
1. Soláthraithe seirbhíse a sholáthraíonn seirbhísí fógraíochta polaitiúla san Aontas ach nach bhfuil bunaíocht acu san Aontas déanfaidh siad duine nádúrtha nó duine dlítheanach a ainmniú, i scríbhinn, le bheith ina n-ionadaí dlíthiúil i gceann de na Ballstáit ina dtáirgeann an soláthraí a sheirbhísí.
1. Soláthraithe seirbhíse a sholáthraíonn seirbhísí fógraíochta polaitiúla san Aontas ach nach bhfuil bunaíocht acu san Aontas déanfaidh siad duine nádúrtha nó duine dlítheanach a ainmniú, i scríbhinn, le bheith ina n-ionadaí dlíthiúil i gceann de na Ballstáit ina dtáirgeann an soláthraí a sheirbhísí agus iad a chlárú leis na pointí teagmhála náisiúnta aonair.
Cuirfidh soláthraithe seirbhísí ainm, seoladh poist, seoladh ríomhphoist agus uimhir theileafóin a n-ionadaí dlí in iúl don phointe teagmhála aonair náisiúnta sa Bhallstát ina gcónaíonn an t-ionadaí dlí sin nó ina bhfuil sé bunaithe.
Coimeádfaidh na Ballstáit cláir a bheidh ar fáil go poiblí de na hionadaithe dlíthiúla uile atá cláraithe ar a gcríoch faoin Rialachán seo agus áiritheoidh siad go mbeidh an fhaisnéis sin inrochtana go héasca agus go mbeidh sí cruinn agus cothrom le dáta.
Coimeádfaidh an Coimisiún bunachar sonraí a bheidh ar fáil go poiblí agus inrochtana go héasca agus inléite ag meaisín d’ionadaithe dlíthiúla atá cláraithe laistigh den Aontas faoin Rialachán seo.
2. Beidh an t-ionadaí dlíthiúil freagrach as a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí de bhun an Rialacháin seo atá ar an soláthraí seirbhíse a ndéanann sé ionadaíocht air agus is é a bheidh mar an duine teagmhála ar chuige a sheolfar gach cumarsáid leis an soláthraí seirbhíse ábhartha dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Measfar gur cumarsáid leis an soláthraí seirbhíse a ndéantar ionadaíocht air í aon chumarsáid leis an ionadaí dlíthiúil sin.
2. Beidh an t-ionadaí dlíthiúil freagrach as comhlíonadh na n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a áirithiú, agus féadfar é a bheith faoi dhliteanas, mar gheall ar oibleagáidí neamhchomhlíonta faoin Rialachán seo, gan dochar don dliteanas ná do chaingne dlí a d’fhéadfaí a thionscnamh in aghaidh an tsoláthraí seirbhíse. Is é an t-ionadaí dlíthiúil an duine teagmhála ar chuige a sheolfar gach cumarsáid leis an soláthraí seirbhíse ábhartha dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Measfar gur cumarsáid leis an soláthraí seirbhíse a ndéantar ionadaíocht air í aon chumarsáid leis an ionadaí dlíthiúil sin.
Leasú 224 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 14 – mír 2 a (nua)
2a. Soláthróidh soláthraithe seirbhísí na cumhachtaí is gá agus na hacmhainní leordhóthanacha dá n-ionadaí dlí chun a ráthú go mbeidh comhar éifeachtúil tráthúil le húdaráis inniúla na mBallstát agus, i gcás inarb ábhartha, leis an gCoimisiún, agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar a gcinntí.
Leasú 225 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 15 – mír 1 a (nua)
1a. I gcás inar ardán an-mhór ar líne é an foilsitheoir fógraíochta polaitiúla nó inneall cuardaigh an-mhór ar líne de réir bhrí Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2022/2065, féadfaidh an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí imscrúdú a thionscnamh, arna iarraidh sin ag na húdaráis náisiúnta, ag an gCoimisiún, nó ar a thionscnamh féin tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis náisiúnta ábhartha má tá amhras air gur sáraíodh Airteagal - 12 nó Airteagal 12 den Rialachán seo.
Leasú 226 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 15 – mír 1 b (nua)
1b. Nuair a thionscnóidh an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí imscrúdú de bhun mhír 1a den Airteagal seo, scaoilfear an t-údarás náisiúnta nó na húdaráis náisiúnta cosanta sonraí, nó aon údarás inniúil i gcás inarb infheidhme, óna chumhachtaí, maidir leis an sárú atá i gceist, chun na hoibleagáidí faoin Rialachán seo a mhaoirsiú agus a fhorfheidhmiú.
Leasú 227 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 15 – mír 1 c (nua)
1c. Déanfaidh na húdaráis náisiúnta cosanta sonraí, laistigh de 15 lá tar éis dóibh a bheith curtha ar an eolas faoi thionscnamh an imscrúdaithe, nó laistigh de 7 lá más rud é, laistigh de 60 lá díreach roimh na toghcháin nó na reifrinn dá dtagraítear in Airteagal 12(1d), aon fhaisnéis atá ina seilbh acu faoin sárú atá i gceist a tharchur chuig an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí.
Leasú 228 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 15 – mír 1 d (nua)
1d. Agus a chumhachtaí imscrúdaithe faoin Rialachán seo á bhfeidhmiú aige, iarrfaidh an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí tacaíocht aonair nó tacaíocht chomhpháirteach ó aon údarás náisiúnta cosanta sonraí nó ó aon údaráis náisiúnta cosanta sonraí a bhfuil baint acu leis an sárú amhrasta, lena n-áirítear an t-údarás cosanta sonraí bunaíochta.
2. Ainmneoidh na Ballstáit údaráis inniúla chun faireachán a dhéanamh ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhála de réir bhrí Rialachán (AE) 2021/xxx [DSA] maidir le comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5 go 11 agus 14 den Rialachán seo, i gcás inarb infheidhme. Féadfaidh na húdaráis inniúla a ainmnítear faoi Rialachán (AE) 2021/xxx [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha] a bheith ar cheann de na húdaráis inniúla a ainmnítear chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5 go 11 agus 14 den Rialachán seo ag idirghabhálaithe ar líne freisin. Is é an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha, dá dtagraítear in Airteagal 38 de Rialachán (AE) 2021/xxx, i ngach Ballstát a bheidh freagrach as an gcomhordú a áirithiú ar an leibhéal náisiúnta i leith soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2021/xxx [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha]. Beidh feidhm ag Airteagal 45(1) go (4) agus Airteagal 46(1) de Rialachán (AE) 2021/xxx [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha] i dtaca le cúrsaí a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a mhéid a bhaineann le soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha.
2. Ainmneoidh na Ballstáit údaráis inniúla atá chun maoirseacht agus faireachán a dhéanamh ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhála de réir bhrí Rialachán (AE) 2022/2065 [an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha] maidir le comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5 go 11 agus 14 den Rialachán seo, i gcás inarb infheidhme. Féadfaidh na húdaráis inniúla a ainmnítear faoi Rialachán (AE) 2022/2065 (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha); a bheith ar cheann de na húdaráis inniúla a ainmnítear chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5 go 11 agus 14 den Rialachán seo ag idirghabhálaithe ar líne freisin. An Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha i ngach Ballstát dá dtagraítear in Airteagal 49 de Rialachán (AE) 2022/2065, is é a bheidh freagrach as an gcomhordú a áirithiú ar an leibhéal náisiúnta i leith soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2022/2065 (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha). Beidh feidhm ag Airteagal 58(1) go (4) agus Airteagal 60(1) de Rialachán (AE) 2022/2065 (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) i dtaca le cúrsaí a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a mhéid a bhaineann le soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha.
Leasú 230 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 15 – mír 2 a (nua)
2a. A mhéid atá inniúlacht eisiach ag an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo ag ardáin an-mhór ar líne agus ag innill chuardaigh an-mhór de réir Rialachán (AE) 2022/2065 (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha), beidh sé inniúil faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh Airteagal 5(2d) agus Airteagal 7b(2) den Rialachán seo.
3. Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó a bheidh freagrach as na gnéithe den Rialachán seo nach dtagraítear dóibh i míreanna 1 agus 2 a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú. Ó thaobh struchtúir de, beidh gach údarás inniúil a ainmnítear faoin mír seo iomlán neamhspleách ar an earnáil agus ar aon idirghabháil sheachtrach nó brú polaitiúil araon. Ar bhealach atá iomlán neamhspleách, déanfaidh sé faireachán éifeachtach agus déanfaidh sé na bearta comhréireach is gá chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.
3. Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó a bheidh freagrach as na gnéithe den Rialachán seo nach dtagraítear dóibh i míreanna 1 agus 2 a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú go comhsheasmhach. Féadfaidh na húdaráis náisiúnta inniúla a bheith mar an gcéanna leo siúd dá dtagraítear in Airteagal 30 de Threoir 2010/13/AE. Ó thaobh struchtúir de, beidh gach údarás inniúil a ainmnítear faoin mír seo iomlán neamhspleách ar an earnáil agus ar aon idirghabháil sheachtrach nó brú polaitiúil araon. Ag gníomhú dó go hiomlán neamhspleách, déanfaidh sé faireachán éifeachtach agus déanfaidh sé na bearta comhréireach is gá chun maoirseacht, comhlíonadh agus forfheidmiú comhsheasmhach an Rialacháin seo a áirithiú.
4. Maidir leis na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 3, i gcás ina bhfuil a gcúraimí maoirseachta á bhfeidhmiú acu i ndáil leis an Rialachán seo, beidh sé de chumhacht ag na húdaráis inniúla sin rochtain ar shonraí, ar dhoiciméid nó ar aon fhaisnéis is gá a iarraidh ar sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla d’fhonn a gcúraimí maoirseachta a chur i gcrích.
4. Maidir leis na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 3, i gcás ina bhfuil a gcúraimí maoirseachta á bhfeidhmiú acu i ndáil leis an Rialachán seo, ar a laghad beidh sé de chumhacht ag na húdaráis inniúla sin rochtain ar shonraí, ar dhoiciméid nó ar aon fhaisnéis is gá a iarraidh ar sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla, d’fhonn a gcúraimí maoirseachta a chur i gcrích. Ní úsáidfidh na húdaráis inniúla na sonraí sin ach amháin chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo, i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha maidir le cosaint sonraí pearsanta agus cosaint faisnéise rúnda, agus d’fhonn slándáil na seirbhísí a choinneáil.
Leasú 233 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 15 – mír 5 – pointe a a (nua)
(aa) rochtain ar shonraí, ar dhoiciméid, nó ar aon fhaisnéis is gá a iarraidh ar sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla;
Leasú 234 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 15 – mír 5 – pointe a b (nua)
(ab) a ordú go gcuirfear deireadh le sáruithe agus, i gcás inarb iomchuí, leigheasanna a fhorchur atá comhréireach leis an sárú agus atá riachtanach chun deireadh éifeachtach a chur leis;
Leasú 235 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 15 – mír 5 – pointe c
(c) fíneálacha riaracháin agus pionóis airgeadais a fhorchur.
(c) fíneálacha riaracháin agus pionóis airgeadais a fhorchur, lena n-áirítear íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla;
Leasú 236 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 15 – mír 5 – pointe c a (nua)
(ca) iniúchtaí ar an láthair a dhéanamh, nó i gcás inar gá sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, iarraidh ar údarás breithiúnach ina mBallstát iniúchtaí ar an láthair a ordú ar aon áitreabh a úsáideann soláthraithe seirbhisí fógraíochta polaitiúla chun críoch a bhaineann lena dtrádáil, gnó, ceird nó gairm, nó a iarraidh ar údaráis phoiblí eile é sin a dhéanamh, chun cóipeanna d’fhaisnéis maidir le sárú amhrasta in aon fhoirm, gan beann ar an modh stórála, a imscrúdú, a urghabháil, a thógáil nó a fháil;
Leasú 237 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 15 – mír 5 a (nua)
5a. Beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 4 agus ag mír 5 maidir leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí.
Leasú 238 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 15 – mír 5 b (nua)
5b. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na hacmhainní uile is gá ag údaráis náisiúnta inniúla chun a gcuid cúraimí a chur i gcrích, lena n-áirítear acmhainní teicniúla, airgeadais agus daonna leordhóthanacha chun maoirseacht leordhóthanach a dhéanamh ar gach urraitheoir agus soláthraí seirbhísí fógraíochta polaitiúla atá faoina n-inniúlacht.
6. Áiritheoidh na Ballstáit comhar idir na húdaráis inniúla go háirithe faoi chuimsiú líonraí náisiúnta toghchán, chun malartú faisnéise tapa slán a éascú maidir le saincheisteanna a bhaineann le feidhmiú a gcúraimí maoirseachta agus forfheidhmiúcháin de bhun an Rialacháin seo, lena n-áirítear trí sháruithe a shainaithint go comhpháirteach, torthaí agus saineolas a roinnt, agus teagmháil a dhéanamh lena chéile maidir le rialacha ábhartha a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú.
6. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh comhar éifeachtach struchtúrtha ann i measc na n-údarás inniúil agus na n-údarás maoirseachta ábhartha uile dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 go háirithe faoi chuimsiú líonraí náisiúnta toghcháin, chun malartú tapa agus slán faisnéise a éascú maidir le saincheisteanna a bhaineann lena gcúraimí maoirseachta agus forfheidhmiúcháin a fheidhmiú de bhun an Rialacháin seo, lena n-áirítear trí sháruithe a shainaithint go comhpháirteach, trí thorthaí agus saineolas a chomhroinnt, agus trí idirchaidreamh a dhéanamh maidir le rialacha ábhartha a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú.
7. Ainmneoidh gach Ballstát aon údarás inniúil amháin mar phointe teagmhála ar leibhéal an Aontais chun críocha an Rialacháin seo.
7. I gcás ina n-ainmneoidh Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó, áiritheoidh sé go saineofar go soiléir cúraimí faoi seach na n-údarás sin agus go gcomhoibreoidh siad go dlúth agus go héifeachtach agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu. Ainmneoidh gach Ballstát aon údarás inniúil amháin mar phointe teagmhála náisiúnta ar leibhéal an Aontais chun críocha ghnéithe uile an Rialacháin seo. Áiritheoidh pointí teagmhála náisiúnta comhar éifeachtach idir údaráis inniúla náisiúnta agus le pointí teagmhála náisiúnta eile agus le húdaráis ar leibhéal an Aontais. Cuirfidh na Ballstáit sonraí teagmhála a bpointí teagmhála náisiúnta ar fáil go poiblí. Cuirfidh na Ballstáit lena mbaineann ainm na n-údarás inniúil eile agus a chúraimí faoi seach in iúl don Líonra de Phointí Teagmhála Náisiúnta .
Leasú 241 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 15 – mír 8 – pointe a
(a) na húdaráis inniúla a chuireann bearta maoirseachta nó forfheidhmiúcháin i bhfeidhm i mBallstát, cuirfidh siad na húdaráis inniúla sa Bhallstát nó sna Ballstáit eile lena mbaineann ar an eolas, agus go rachaidh siad i gcomhairle leis na húdaráis sin maidir leis na bearta maoirseachta agus forfheidhmiúcháin arna ndéanamh agus faoina mbearta leantacha, agus go ndéanfaidh siad é sin tríd an bpointe teagmhála dá dtagraítear i mír 7;
(a) na húdaráis inniúla a chuireann bearta maoirseachta nó forfheidhmiúcháin i bhfeidhm i mBallstát, cuirfidh siad na húdaráis inniúla sa Bhallstát nó sna Ballstáit eile lena mbaineann ar an eolas, agus go rachaidh siad i gcomhairle leis na húdaráis sin maidir leis na bearta maoirseachta agus forfheidhmiúcháin arna ndéanamh agus faoina mbearta leantacha, agus go ndéanfaidh siad é sin tríd an bpointe teagmhála dá dtagraítear i mír 7 gan moill mhíchuí, agus in aon chás tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis iarraidh ar chomhar;
Leasú 242 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 15 – mír 8 – pointe c
(c) go ndéanfaidh údarás inniúil, tar éis iarraidh a bhfuil údar léi a fháil ó údarás inniúil eile, cúnamh a sholáthar don údarás inniúil eile ionas gur féidir na bearta maoirseachta nó forfheidhmiúcháin dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5 a chur chun feidhme ar bhealach éifeachtach éifeachtúil agus comhsheasmhach. Arna iarraidh sin ar an údarás inniúil ábhartha, déanfaidh sé, trí na pointí teagmhála dá dtagraítear in mír 7 agus laistigh de thréimhse ama atá comhréireach le práinn na hiarrata, freagra a thabhairt lena gcuirfear an fhaisnéis arna n-iarraidh in iúl, nó lena ndéanfar an t-údarás inniúil iarratach a chur ar an eolas nach measann an t-údarás go bhfuil na coinníollacha maidir le cúnamh a iarraidh faoin Rialachán seo comhlíonta.
(c) go ndéanfaidh údarás inniúil, tar éis iarraidh a bhfuil údar léi a fháil ó údarás inniúil eile, cúnamh a sholáthar don údarás inniúil eile ionas gur féidir na bearta maoirseachta nó forfheidhmiúcháin dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5 a chur chun feidhme ar bhealach éifeachtach éifeachtúil agus comhsheasmhach. Arna iarraidh sin ar an údarás inniúil ábhartha, déanfaidh sé, trí na pointí teagmhála dá dtagraítear i mír 7 agus, gan moill mhíchuí, agus in aon chás tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis iarraidh ar chomhar, freagra a thabhairt lena gcuirfear an fhaisnéis arna n-iarraidh in iúl, nó lena ndéanfar an t-údarás inniúil iarratach a chur ar an eolas nach measann an t-údarás go bhfuil na coinníollacha maidir le cúnamh a iarraidh faoin Rialachán seo comhlíonta. Ní úsáidfear aon fhaisnéis a malartaíodh i gcomhthéacs an chúnaimh a iarradh agus a chuirtear ar fáil faoin Airteagal seo ach amháin i ndáil leis an ábhar a ndearnadh iarraidh ina leith.
Leasú 243 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 15 – mír 8 a (nua)
8a. An Rialachán seo a bheith á chomhlíonadh ag soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla, beidh sé sin faoi réir inniúlacht an Bhallstáit ina bhfuil a bhunaíocht ag an soláthraí. I gcás ina bhfuil an soláthraí bunaithe i níos mó ná Ballstát amháin, measfar é a bheith faoi dhlínse an Bhallstáit ina bhfuil a phríomhbhunaíocht aige. Gan dochar do mhíreanna 1 agus 2, comhoibreoidh údarás inniúil nó údaráis inniúla na mBallstát uile lena chéile agus tabharfaidh siad cúnamh dá chéile de réir mar is gá.
I gcás ina bhfuil cúiseanna ag údarás inniúil náisiúnta a bheith in amhras gur sháraigh urraitheoir, soláthraí nó foilsitheoir seirbhísí fógraíochta polaitiúla an Rialachán seo ar bhealach a dhéanann difear do dhaoine aonair i mBallstát an údaráis inniúil sin, féadfaidh sé a iarraidh ar an bpointe teagmhála bunaíochta an t-ábhar a mheasúnú agus na bearta imscrúdúcháin agus forfheidhmithe is gá dá dtagraítear i mír 4 agus i mír 5 den Airteagal seo a dhéanamh. Maidir leis an iarraidh sin, déanfar í ar bhealach réasúnaithe comhréireach a bhfuil údar léi agus léireofar an méid seo a leanas ar a laghad léi:
(a) pointe teagmhála nó ionadaí dlíthiúil sholáthraí na seirbhísí fógraíochta polaitiúla lena mbaineann dá bhforáiltear in Airteagal 14;
(b) tuairisc ar na fíorais ábhartha, forálacha an Rialacháin seo lena mbaineann agus na cúiseanna a bhfuil an t-údarás inniúil a sheol an iarraidh amhrasach gur sháraigh an soláthraí an Rialachán seo, lena n-áirítear cur síos ar éifeachtaí diúltacha an tsáraithe a líomhnaíodh;
(c) aon fhaisnéis eile a mheasann an t-údarás inniúil a sheol an iarraidh a bheith ábhartha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, faisnéis a bailíodh ar a thionscnamh féin nó moltaí chun bearta imscrúdaithe nó forfheidhmithe sonracha a dhéanamh, lena n-áirítear bearta eatramhacha.
Tabharfaidh an pointe teagmhála bunaíochta lánaird ar an méid sin de bhun mhír 5 den Airteagal seo. I gcás ina measann sé go bhfuil easpa faisnéise aige chun gníomhú ar an iarraidh nó ar an moladh agus go bhfuil cúiseanna aige le meas gur féidir leis an údarás inniúil a sheol an iarraidh faisnéis bhreise a sholáthar, féadfaidh sé faisnéis den sórt sin a iarraidh. Cuirfear an tréimhse ama a leagtar síos i mír 4 den Airteagal ar fionraí go dtí go gcuirfear an fhaisnéis bhreise sin ar fáil.
Cuirfidh an pointe teagmhála bunaíochta, gan moill mhíchuí agus in aon chás tráth nach déanaí ná mí amháin ón iarraidh a fháil de bhun mhír 4, an measúnú ar an sárú amhrasta in iúl don údarás inniúil a sheol an iarraidh, agus don Líonra de Phointí Teagmhála Náisiúnta, chomh maith le míniúchán ar aon bheart imscrúdaithe nó forfheidhmithe a rinneadh nó a bheartaítear maidir leis an sárú sin chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.
9. Tiocfaidh na pointí teagmhála le chéile go tráthrialta ar leibhéal ar Aontais faoi chuimsiú an Líonra Eorpaigh Comhair maidir le Toghcháin chun malartú faisnéise tapa slán a éascú maidir le saincheisteanna a bhaineann le feidhmiú a gcúraimí maoirseachta agus forfheidhmiúcháin de bhun an Rialacháin seo.
9. Faoi chuimsiú an Líonra Eorpaigh Comhair maidir le Toghcháin, bunófar buan-Líonra de Phointí Teagmhála Náisiúnta. Feidhmeoidh an Líonra de Phointí Teagmhála Náisiúnta mar ardán le haghaidh malartú rialta faisnéise agus comhar struchtúrtha idir pointí teagmhála náisiúnta agus an Coimisiún maidir le gach gné den Rialachán seo.
Go háirithe, déanfaidh an Líonra de Phointí Teagmhála Náisiúnta an méid seo a leanas a éascú:
(a) malartú faisnéise tapa slán agus dea-chleachtais idir bpointí teagmhála náisiúnta agus údaráis ábhartha eile;
(b) línte comhchoiteanna gníomhaíochta a ullmhú, i gcomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha chun cabhrú le hurraitheoirí agus soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla, chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh ar bhealach comhchuibhithe;
(c) cur chuige comhchuibhithe a fhorbairt maidir leis na smachtbhannaí is infheidhme ar an leibhéal náisiúnta i gcás sáruithe ar an Rialachán seo;
(d) an comhar ar leibhéal an Aontais chun forfheidhmiú comhchuibhithe an Rialacháin seo a ráthú.
Tiocfaidh an Líonra de Phointí Teagmhála Náisiúnta le chéile dhá uair sa bhliain ar a laghad agus, i gcás inar gá, ar iarraidh chuí-réasúnaithe ón gCoimisiún nó ó Bhallstát. Oibreoidh sé i ndlúthchomhar le Grúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Meán Fuaime, agus le húdaráis agus líonraí ábhartha eile. Glacfaidh an Coimisiún páirt i gcruinnithe an Líonra de Phointí Teagmhála Náisiúnta agus tabharfaidh siad tacaíocht riaracháin.
Leasú 245 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 15 a (nua)
Airteagal 15a
An ceart chun gearán a dhéanamh
Beidh sé de cheart ag aon duine, nó ag aon eintiteas gearán a thaisceadh leis an údarás inniúil arb é pointe teagmhála náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an t-eintiteas nó an duine sin lonnaithe nó bunaithe in aghaidh urraitheoirí agus soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla, lena líomhnaítear sárú ar an Rialachán seo.
Féadfaidh pointe teagmhála an Bhallstáit aon ghearán a mheasann sé a bheith gan bhunús go follasach a dhíbhe agus cuirfidh sé a chinneadh in iúl don ghearánach.
Déanfaidh pointe teagmhála an Bhallstáit gearáin a thagann faoi inniúlacht údaráis inniúil eile sa Bhallstát céanna a tharchur gan moill mhíchuí chuig an údarás inniúil sin. Déanfaidh pointe teagmhála an Bhallstáit gearáin a thagann faoi inniúlacht údaráis inniúil eile i mBallstát eile a tharchur chuig pointe teagmhála an Bhallstáit sin laistigh de 10 lá oibre.
Déanfaidh an t-údarás inniúil a fhaigheann an gearán measúnú air agus, i gcás inarb iomchuí, gníomhóidh sé ina leith laistigh de 15 lá oibre. Le linn tréimhsí toghcháin, déanfar an measúnú laistigh de chúig lá oibre.
Le linn na n-imeachtaí sin, beidh sé de cheart ag na páirtithe uile éisteacht a fháil agus faisnéis iomchuí a fháil faoi stádas an ghearáin, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta ábhartha.
Leasú 246 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 15 b (nua)
Airteagal 15b
Tuarascálacha gníomhaíochta
Déanfaidh pointí teagmhála náisiúnta, arna n-ainmniú de bhun Airteagal 15(7), tuarascáil bhliantúil chaighdeánaithe a tharraingt suas maidir leis na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo ó na húdaráis inniúla uile arna n-ainmniú faoi Airteagal 15, lena n-áirítear sonraí faoi líon na ngearán a fuarthas de bhun Airteagal 15a agus forléargas ar an obair leantach a dhéantar ina leith.
Cuirfidh na pointí teagmhála náisiúnta na tuarascálacha bliantúla ar fáil don phobal i bhformáid mheaisín-inléite, agus tarchuirfidh siad iad chuig an Líonra Eorpach um Chomhar maidir le Toghcháin agus, i gcás toghcháin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig Parlaimint na hEorpa.
1. Maidir le hAirteagail 5 go 11, 13 agus 14, leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir le smachtbhannaí lena n-áirítear fíneálacha riaracháin agus pionóis airgeadais is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla faoina ndlínse má sháraítear an Rialachán atá ann faoi láthair, agus beidh siad éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach i ngach cás aonair.
1. Maidir le hAirteagail 3a go 11, 13 agus 14, leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir le smachtbhannaí lena n-áirítear fíneálacha riaracháin agus pionóis airgeadais is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla faoina ndlínse má sháraítear an Rialachán atá ann faoi láthair, agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. I ngach cás ar leithligh, beidh na smachtbhannaí dá bhforáiltear tráthúil, éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
Leasú 248 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 16 – mír 3 – pointe a
(a) cineál, tromchúis agus fad an tsáraithe;
(a) cineál, tromchúis, atarlú agus fad an tsáraithe;
Leasú 249 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 16 – mír 3 – pointe d
(d) aon sárú ábhartha roimhe seo agus aon toisc ghéaraitheach nó mhaolaitheach eile is infheidhme i leith chúinsí an cháis; agus
(d) aon sárú ábhartha roimhe seo agus aon toisc ghéaraitheach nó mhaolaitheach eile is infheidhme i leith chúinsí an cháis;
Leasú 250 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 16 – mír 3 – pointe e
(e) an méid comhair leis an údarás inniúil.
(e) an méid comhair leis an údarás inniúil; agus
Leasú 251 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 16 – mír 3 – pointe e a (nua)
(ea) méid agus acmhainneacht eacnamaíoch an tsoláthraí seirbhíse fógraíochta polaitiúla.
4. Measfar gur tromchúiseach iad go háirithe sáruithe ar Airteagal 7 i gcás ina mbaineann siad le fógraíocht pholaitiúil a foilsíodh nó a scaipeadh le linn tréimhse thoghcháin agus a dhírítear ar shaoránaigh sa Bhallstát ina bhfuil an toghchán ábhartha á eagrú.
4. Measfar gur go háirithe tromchúiseach iad sáruithe ar Airteagail 3a, 5, 7, 7a agus 7b i gcás ina mbaineann siad le fógraíocht pholaitiúil a foilsíodh nó a scaipeadh le linn tréimhse thoghcháin agus a dhírítear ar shaoránaigh sa Bhallstát ina bhfuil an toghchán nó reifreann ábhartha á eagrú.
Féadfaidh na Ballstáit íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur freisin chun iallach a chur ar urraitheoirí, ar sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla agus ar fhoilsitheoirí deireadh a chur le sárú tromchúiseach agus athshárú ar an Rialachán seo.
Leasú 253 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 16 – mír 4 a (nua)
4a. Tabharfaidh na pointí teagmhála náisiúnta fógra don Choimisiún maidir le cineál agus méid na bpionós a fhorchuirfear. Déanfaidh na Ballstáit tuairisciú bliantúil ar chineál agus ar mhéid na bpionós a fhorchuirfear chun an Rialachán seo a fhorfheidhmiú. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas go tréimhsiúil freisin chun críocha Airteagal 18 den Rialachán seo.
6. Maidir le sáruithe ar na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 12, féadfaidh na húdaráis mhaoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2016/679, laistigh de raon feidhme a n-inniúlachta, fíneálacha riaracháin a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 83 de Rialachán (AE) 2016/679 agus suas leis an méid dá dtagraítear in Airteagal 83(5) den Rialachán sin.
6. Maidir le sáruithe ar na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal -12 agus 12, féadfaidh na húdaráis mhaoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2016/679 agus an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí úsáid a bhaint as na cumhachtaí imscrúdaitheacha agus ceartaitheacha a leagtar síos sa Rialachán sin agus laistigh dá raon feidhme inniúlachta, féadfaidh siad fíneálacha riaracháin a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 83 de Rialachán (AE) 2016/679 agus suas go dtí an méid dá dtagraítear in Airteagal 83(5) den Rialachán sin.
Leasú 255 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 16 – mír 6 a (nua)
6a. I gcás ina ndéanfaidh an t-urraitheoir sáruithe córasacha agus fíorthromchúiseacha ar na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail -12 agus 12, i gcás inar ardán an-mhór ar líne nó inneall cuardaigh an-mhór ar líne de réir bhrí Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2022/2065 é an foilsitheoir fógraíochta polaitiúla, féadfaidh an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí a ordú, ar feadh tréimhse ama atá teoranta go docht, nach faide ná 15 lá, nach gcuirfidh an t-ardán an-mhór ar líne nó an t-inneall cuardaigh an-mhór ar fáil seirbhísí spriocdhírithe agus seachadta fógraí don urraitheoir áirithe sin, de bhun Airteagal 15(1a). Féadfar fionraí den sórt sin a fhorchur de bhreis ar fhíneáil riaracháin nó ina hionad.
7. Maidir le sáruithe ar na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 12, féadfaidh na húdaráis mhaoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 52 de Rialachán (AE) 2018/1725 fíneálacha riaracháin a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 66 de Rialachán (AE) 2018/1725, agus laistigh de raon feidhme a n-inniúlachta, fíneálacha suas leis an méid dá dtagraítear in Airteagal 66(3) den Rialachán sin.
7. Maidir le sáruithe ar na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail -12 agus 12, féadfaidh an t-údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 52 de Rialachán (AE) 2018/1725 na cumhachtaí imscrúdaitheacha agus ceartaitheacha a leagtar síos sa Rialachán sin a úsáid agus fíneálacha riaracháin a fhorchur laistigh de raon feidhme a n-inniúlachta i gcomhréir le hAirteagal 66 de Rialachán (AE) 2018/1725 suas go dtí an méid dá dtagraítear in Airteagal 66(3) den Rialachán sin.
Leasú 257 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 16 – mír 7 a (nua)
7 a. Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis na smachtbhannaí arna bhforchur chun forálacha an Rialacháin seo a fhorfheidhmiú, go háirithe maidir leis an gcineál smachtbhannaí a chuirfear i bhfeidhm agus méid na bhfíneálacha riaracháin agus na bpionós airgeadais. Déanfaidh an Coimisiún achoimre agus meastóireacht bhliantúil ar na tuarascálacha sin agus úsáidfidh sé iad don phróiseas athbhreithnithe faoi Airteagal 18.
Leasú 258 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 16 – mír 7 b (nua)
7 b. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19 chun smachtbhannaí íosta a thabhairt isteach ar fud an Aontais maidir le sáruithe ar na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail -12 agus 12, míreanna 1 go 1e, tar éis dó dul i gcomhairle le húdaráis inniúla agus le geallsealbhóirí ábhartha eile.
Laistigh de 2 bhliain tar éis gach toghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus den chéad uair faoin 31 Nollaig 2026 ar a dhéanaí, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil isteach, tuarascáil ar mheastóireacht agus athbhreithniú an Rialacháin seo. Sa tuarascáil sin déanfar measúnú ar an ngá leis an Rialachán seo a leasú. Cuirfear an tuarascáil ar fáil don phobal.
Laistigh de 2 bhliain tar éis gach toghcháin do Pharlaimint na hEorpa, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar mheastóireacht agus athbhreithniú an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Sa tuarascáil sin déanfar measúnú ar an ngá leis an Rialachán seo a leasú, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:
(a) raon feidhme an Rialacháin agus sainmhíniú ar fhógraíocht pholaitiúil in Airteagal 2(2);
(b) éifeachtacht na mbeart trédhearcachta, go háirithe an dearbhú agus na sásraí chun cineál polaitiúil fógraíochta in Airteagail 5 agus 5a a shainaithint;
(c) éifeachtacht an struchtúir maoirseachta agus forfheidhmiúcháin agus an gá atá le smachtbhannaí comhchuibhithe a thabhairt isteach ar fud an Aontais maidir le sáruithe ar na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, agus go háirithe na sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 16(4);
(d) éifeachtacht an Rialacháin seo i bhfianaise forbairtí teicneolaíochta, eolaíocha agus eile;
(e) an t-idirghníomhú idir an Rialachán seo agus na gníomhartha dlí dá dtagraítear in Airteagal 1(4).
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 7(8) agus in Airteagal 12(8) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse [go dtí go ndéanfar meastóireacht ar chur i bhfeidhm an Rialachán seo, 2 bhliain tar éis na chéad toghcháin eile do Pharlaimint na hEorpa].
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 7(1b), Airteagal 7a(5) agus (6), Airteagal 7b(6) agus Airteagal 9(4a) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse [go dtí go ndéanfar meastóireacht ar chur i bhfeidhm an Rialachán seo, 2 bhliain tar éis na chéad toghcháin eile do Pharlaimint na hEorpa].
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 7(8) agus Airteagal 12(8) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 7(1b), Airteagal 7a(5) agus (6), Airteagal 7b(6) agus Airteagal 9(4a) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
Leasú 262 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 19 – mír 3 a (nua)
3 a. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 7(8) nó Airteagal 12(8) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 7(1b), Airteagal 7a(5) agus (6), Airteagal 7b(6) agus Airteagal 9(4a) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Leasú 264 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 19 a (nua)
Airteagal 19a
Nós imeachta coiste
1. Beidh Coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. Beidh feidhm aige ón [3 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 7b, míreanna 1, 4 agus 5 ón [bhliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Leasú 266 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn II – teideal
Faisnéis atá le cur ar fáil de réir Airteagal 7(2)
Faisnéis atá le cur ar fáil de réir Airteagal 7a(1)
Leasú 267 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I – pointe a
(a) i gcás nach bhfuil an fógra trédhearcachta laistigh den fhógra polaitiúil é féin, sampla den fhógra polaitiúil nó léiriú air nó nasc chuige.
(a) i gcás nach bhfuil an fógra laistigh den fhógrán féin nó i gceangal leis, sampla den fhógra polaitiúil nó léiriú air nó nasc chuige.
Leasú 268 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I – pointe b
(b) céannacht agus bunaíocht an urraitheora a scaiptear an fógra thar a cheann, lena n-áirítear a ainm, a sheoladh, a uimhir theileafóin agus a sheoladh ríomhphoist, agus más eintiteas nádúrtha nó eintiteas dlítheanach é.
(b) céannacht agus áit bhunaíochta an urraitheora ar thar a cheann a dhéantar an fógrán a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh, lena n-áirítear a n-ainm, a seoladh, a uimhir theileafóin nó a sheoladh ríomhphoist, agus cibé acu an eintiteas nádúrtha nó dlítheanach iad.
Leasú 269 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I – pointe c
(c) an tréimhse a scaiptear an fógra polaitiúil lena linn agus, i gcás inarb infheidhme agus más eol don fhoilsitheoir é, más rud é gur scaipeadh an fógra céanna roimhe seo.
(c) an tréimhse a dhéantar an fógrán polaitiúil a sheachadadh nó a scaipeadh lena linn agus, i gcás inarb infheidhme agus inarb eol don fhoilsitheoir é, más rud é gur scaipeadh an fógra céanna roimhe sin.
Leasú 270 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I – pointe d
(d) aon toghchán a bhfuil an fhógraíocht nasctha leis, más infheidhme.
(d) aon phróiseas toghcháin, reifrinn, reachtaíochta nó rialála lena mbaineann an fhógraíocht, más infheidhme.
Leasú 271 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I – pointe e
(e) an méid comhiomlán sealadach a caitheadh ar an bhfógra sonrach, agus ar an bhfeachtas fógraíochta sonrach i gcás inarb ábhartha, lena n-áirítear ar na fógraí polaitiúla a ullmhú, a shocrú, a chur chun cinn, a fhoilsiú agus a scaipeadh, mar aon le luach na sochar eile a fuarthas mar pháirtmhalairt nó mar mhalairt iomlán ar an bhfógra sonrach, agus ar an bhfeachtas fógraíochta sonrach i gcás inarb ábhartha, maille leis an méid comhiomlán iarbhír a caitheadh agus luach na sochar eile a fuarthas nuair is eol iad.
(e) an méid comhiomlán a caitheadh ar an bhfógra sonrach, agus luach na sochar eile a fuarthas i bpáirt nó go hiomlán, agus ar an bhfeachtas fógraíochta sonrach i gcás inarb ábhartha, lena n-áirítear ullmhú, suíomh, cur chun cinn, foilsiú, seachadadh agus scaipeadh na bhfógraí polaitiúla, chomh maith leis an méid iarbhír comhiomlánaithe a caitheadh agus luach na sochar eile a fuarthas nuair is eol iad.
Leasú 272 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I – pointe f
(f) foinsí na gcistí a bhfuiltear á n-úsáid le haghaidh an fheachtais fógraíochta shonraigh lena n-áirítear chun na fógraí polaitiúla a ullmhú, a shocrú, a chur chun cinn, a fhoilsiú agus a scaipeadh.
(f) bunús na méideanna agus na sochar eile atá á n-úsáid don fheachtas sonrach fógraíochta lena n-áirítear ullmhú, socrúchán, cur chun cinn, foilsiú, seachadadh agus scaipeadh na bhfógraí polaitiúla.
Leasú 273 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I – pointe h
(h) i gcás gur inar ardán an-mhór ar líne é an foilsitheoir, nasc chuig suíomh an fhógra i stór fógraíochta an fhoilsitheora.
(h) nasc chuig suíomh an fhógra sa Stór Eorpach d’Fhógráin Pholaitiúla ar Líne.
Leasú 274 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn II
Faisnéis atá le cur ar fáil de réir Airteagal 12(3)
scriosta
(a) na grúpaí sonracha faighteoirí a spriocdhírítear orthu, lena n-áirítear na paraiméadair a úsáideadh chun na faighteoirí a scaiptear an fhógraíocht orthu a chinneadh, leis an leibhéal céanna mionsonraí a úsáideadh le haghaidh an spriocdhírithe, catagóirí na sonraí pearsanta a úsáideadh le haghaidh an spriocdhírithe agus an aimpliúcháin, agus na spriocanna, na sásraí agus an loighic a bhaineann leis an spriocdhíriú agus leis an aimpliú, lena n-áirítear na paraiméadair iniaimh agus eisiaimh agus na cúiseanna ar roghnaíodh na paraiméadair sin.
(b) tréimhse an scaipthe, líon na ndaoine aonair a scaiptear an fógra orthu agus léiriú ar mhéid an spriocphobail laistigh den ghrúpa ábhartha toghthóirí.
(c) foinse na sonraí pearsanta dá dtagraítear i bpointe (a), lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis go ndearnadh na sonraí pearsanta a dhíorthú, a infeiriú nó a fháil ó thríú páirtí agus a chéannacht, mar aon le nasc chuig fógra cosanta sonraí an tríú páirtí sin maidir leis an bpróiseáil atá i gceist.
(d) nasc chuig modh éifeachtach chun tacú le daoine aonair a gcearta faoi Rialachán (AE) 2016/679 nó Rialachán (AE) 2018/1725 a fheidhmiú, de réir mar is infheidhme, i gcomhthéacs fógraíocht pholaitiúil a spriocdhírítear orthu agus a aimplítear ar bhonn a sonraí pearsanta.
Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0009/2023).