Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Feabhra 2023 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár an Aontais um Nascacht Shlán le haghaidh na tréimhse 2023-2027 (COM(2022)0057 – C9-0045/2022 – 2022/0039(COD)
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0057),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 189(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0045/2022),
— ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 23 Samhain 2022 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Buiséid,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9-0249/2022),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. ag formheas an ráitis chomhpháirtigh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith C d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
3. ag formheas an ráitis chomhpháirtigh ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
4. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
5. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 14 Feabhra 2023 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2023/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár an Aontais um Nascacht Shlán le haghaidh na tréimhse 2023-2027
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialchán (AE) 2023/588.)
IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH
Ráiteas polaitiúil comhpháirteach maidir le maoiniú Chlár an Aontais um Nascacht Shlán le haghaidh na tréimhse 2023-2027
Tá Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, gan dochar do shainchumais an údaráis bhuiséadaigh faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil, ag comhaontú go ndéanfar an maoiniú ar Chlár an Aontais um Nascacht Shlán le haghaidh na tréimhse 2023-2027 a chumhdach go táscach sna blianta 2023-2027 mar a leanas:
— EUR 200 milliún ó na corrlaigh neamh-leithdháilte ó Cheannteideal 1 agus ó Cheannteideal 5;
— EUR 1,450 milliún ó ranníocaíochtaí ó Cheannteideal 1, ó Cheannteideal 5 agus ó Cheannteideal 6
Ráiteas comhpháirteach polaitiúil maidir le cistí arna saoradh i Fís Eorpach a athúsáid
Leis an Dearbhú Comhpháirteach maidir le cistí arna saoradh a athúsáid i ndáil leis an gclár taighde(1), chomhaontaigh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a chur ar fáil arís chun tairbhe an chláir taighde, leithreasuithe a chomhfhreagraíonn don mhéid suas go EUR 0,5 billiún (i bpraghsanna 2018) sa tréimhse 2021‑2027 de shaoradh, a eascraíonn as neamh-chur chun feidhme iomlán nó páirteach tionscadal a bhaineann leis an gclár réime ‘Fís Eorpach’ nó leis an gclár ‘Fís 2020’(2), a tháinig roimhe, de réir mar a fhoráiltear dó sin in Airteagal 15(3) den Rialachán Airgeadais.
Sa ráiteas(3) maidir le Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013, tháinig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar chomhaontú maidir le dáileadh táscach an mhéid sin a bheidh suas le EUR 300 000 000 i bpraghsanna tairiseacha 2018 don chnuasach ‘Cúrsaí Digiteacha, an Tionscal agus an Spás’ go háirithe le haghaidh taighde candamach.
Gan dochar do chumhachtaí an údaráis bhuiséadaigh faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil ná do chumhachtaí an Choimisiúin an buiséad a chur chun feidhme, comhaontaíonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún go ndéanfar, laistigh den chnuasach ‘Cúrsaí Digiteacha, an Tionscal agus an Spás’ de chuid Fís Eorpach, méid táscach EUR 200 milliún i bpraghsanna tairiseacha 2018 a leithdháileadh do ghníomhaíochtaí taighde maidir le nascacht shlán.
Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 – An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020), agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 104).