Comhaontú Comhpháirtíochta Deonaí idir an tAontas Eorpach agus an Ghuáin: forfheidhmiú an dlí i dtaca le foraoisí, rialachas agus trádáil i dtáirgí adhmaid chuig an Aontas Eorpach
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Feabhra 2023 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le cur i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Deonaí idir an tAontas Eorpach agus Comharphoblacht na Guáine maidir le forfheidhmiú an dlí i dtaca le foraoisí, rialachas agus trádáil i dtáirgí adhmaid chuig an Aontas Eorpach (09272/2022 – C9-0432/2022 – 2022/0142(NLE))
(Toiliú)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (09272/2022),
– ag féachaint don dréacht-Chomhaontú Comhpháirtíochta Saorálaí idir an tAontas Eorpach agus Comharphoblacht na Guáine maidir le forfheidhmiú an dlí i dtaca le foraoisí, rialachas agus trádáil i dtáirgí adhmaid chuig an Aontas Eorpach (09271/2022),
– ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 207(3), an chéad fhomhír, Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v) agus Airteagal 218(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9‑0432/2022),
– ag féachaint do rún neamhreachtach uaithi an 14 Feabhra 2023(1) ar an dréachtchinneadh,
– ag féachaint do Riail 105(1) agus (4), agus Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhorbairt,
– ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A9-0008/2023),
1. ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an chomhaontaithe;
2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Chomharphoblacht na Guáine.