Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2022/0164(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0260/2022

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0260/2022

Díospóireachtaí :

PV 09/11/2022 - 14
CRE 09/11/2022 - 14
PV 13/02/2023 - 12
CRE 13/02/2023 - 12

Vótaí :

PV 10/11/2022 - 5.9
CRE 10/11/2022 - 5.9
Mínithe ar vótaí
PV 14/02/2023 - 8.8
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2022)0384
P9_TA(2023)0036

Téacsanna atá glactha
PDF 126kWORD 58k
Dé Máirt, 14 Feabhra 2023 - Strasbourg
Caibidlí REPowerEU i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta
P9_TA(2023)0036A9-0260/2022
Rún
 Téacs

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Feabhra 2023 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/241 a mhéid a bhaineann sé le caibidlí REPowerEU i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1060, Rialachán (AE) 2021/2115, Treoir 2003/87/CE agus Cinneadh (AE) 2015/1814 (COM(2022)0231 – C9-0183/2022 – 2022/0164(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0231),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 175 an tríú mír, d’Airteagal 177 an chéad mhír, d’Airteagal 192(1), d’Airteagal 194 (2) agus d’Airteagal 322(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra chuig Parlaimint na hEorpa (C9‑0183/2022),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 21 Meán Fómhair 2022(1),

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint do thuairim ón gCúirt Iniúchóirí an 26 Iúil 2022(2),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas na coistí freagracha faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 20 Nollaig 2022 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Buiséid agus an Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta faoi Riail 58 de na Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do thuairimí ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh, ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach agus ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,

–  ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Buiséid agus ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0260/2022),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é(3);

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 486, 21.12.2022, lch. 185.
(2) IO C 333, 1.9.2022, lch. 5.
(3)  Tá an seasamh seo ag gabháil in ionad na leasuithe a glacadh an 10 Samhain 2022 (Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0384).


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 14 Feabhra 2023 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2023/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/241 a mhéid a bhaineann le caibidlí REPowerEU i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) 2021/1060 agus (AE) 2021/1755 agus Treoir 2003/87/CE
P9_TC1-COD(2022)0164

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach,Rialachán (AE) 2023/435.)

An nuashonrú is déanaí: 15 Bealtaine 2023Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais