Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Feabhra 2023 ar an togra le haghaidh treoir ón gComhairle lena leagtar síos socruithe mionsonraithe maidir le feidhmiú an chirt chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha ag saoránaigh den Aontas a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad (athmhúnlú) (COM(2021)0733 – C9-0022/2022 – 2021/0373(CNS))
(An nós imeachta reachtach speisialta – comhairliúchán – athmhúnlú)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2021)0733),
– ag féachaint d’Airteagal 22(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9‑0022/2022),
– ag féachaint don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 28 Samhain 2001 maidir le húsáid níos struchtúrtha theicníocht an athmhúnlaithe do ghníomhartha reachtacha(1),
– ag féachaint don litir dar dáta an 8 Samhain 2022 ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla chuig an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile i gcomhréir le Riail 110(3) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do Rialacha 110 agus 82 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0005/2023),
A. de bhrí, de réir Mheitheal Chomhairleach sheirbhísí dlí Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, nach bhfuil aon leasuithe substainteacha i gceist leis an togra ón gCoimisiún, seachas na leasuithe sin a shainaithnítear sa togra mar leasuithe den sórt sin, agus de bhrí, a mhéid a bhaineann le códú na bhforálacha neamhathraithe ó na gníomhartha roimhe sin in éineacht leis na leasuithe sin, gurb é atá sa togra ná códú díreach ar na téacsanna atá cheana ann, gan aon athrú ina substaint;
1. ag formheas an togra ón gCoimisiún arna oiriúnú do na moltaí ó Mheitheal Chomhairleach sheirbhísí dlíthiúla Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin agus arna leasú mar a léirítear anseo ina dhiaidh seo;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a athrú dá réir, i gcomhréir le hAirteagal 293(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;
3. á iarraidh ar an gComhairle a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag Parlaimint na hEorpa;
4. á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa arís má tá sé ar intinn aici an togra ón gCoimisiún a leasú go substaintiúil;
5. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Leasú 1 Togra le haghaidh treorach Aithris 1 a (nua)
(1a) Céim nua chun cinn sa phróiseas chun aontas buandlúite a chur ar bun idir pobail na hEorpa a bhí i gConradh 1992 ar an Aontas Eorpach (‘Conradh Maastricht’). Ar cheann de na cúraimí a bhí air ná an caidreamh idir pobail na mBallstát a eagrú ar dhóigh ina léirítear comhsheasmhacht agus dlúthpháirtíocht. Ar na cuspóirí bunúsacha a bhí aige bhí cosaint chearta agus leasanna náisiúnaigh a Bhallstát a neartú trí shaoránacht den Aontas a thionscnamh;
Leasú 2 Togra le haghaidh treorach Aithris 3
(3) Le Treoir 94/80/CE ón gComhairle leagtar amach na socruithe sonracha lena rialaítear feidhmiú an chirt chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha.
(3) Le Treoir 94/80/CE ón gComhairle leagtar amach na socruithe sonracha lena rialaítear feidhmiú an chirt chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha do shaoránaigh an Aontais a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad.
Leasú 3 Togra le haghaidh treorach Aithris 4
(4) Sa Tuarascáil ar Shaoránacht AE 202022 ón gCoimisiún, leag an Coimisiún béim ar an ngá atá leis na rialacha maidir le feidhmiú an chirt chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha a nuashonrú, a shoiléiriú agus a neartú chun a áirithiú go gcuideoidh siad le rannpháirtíocht leathan chuimsitheach shaoránaigh shoghluaiste de chuid an Aontais. Agus an taithí a fuarthas as a chur i bhfeidhm ar thoghcháin leantacha á cur san áireamh, agus chun na hathruithe a tugadh isteach leis na leasuithe ar na Conarthaí a chur san áireamh, ba cheart roinnt forálacha ón Treoir sin a nuashonrú.
(4) Sa Tuarascáil ar Shaoránacht AE 202022 ón gCoimisiún, leag an Coimisiún béim ar an ngá atá leis na rialacha maidir le feidhmiú an chirt chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha a nuashonrú, a shoiléiriú agus a neartú chun a áirithiú go gcuideoidh siad le rannpháirtíocht leathan chuimsitheach na saoránach de chuid an Aontais a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad. Agus an taithí a fuarthas as a chur i bhfeidhm ar thoghcháin bhardasacha á cur san áireamh, agus chun na hathruithe a tugadh isteach leis na leasuithe ar na Conarthaí a chur san áireamh, ba cheart roinnt forálacha ón Treoir sin a nuashonrú.
_________________
_________________
22 Tuarascáil ar Shaoránacht AE 2020 Saoránaigh a chumhachtú agus a gcearta a chosaint, COM/2020/730 críochnaitheach.
22 Tuarascáil ar Shaoránacht AE 2020 Saoránaigh a chumhachtú agus a gcearta a chosaint, COM/2020/730 críochnaitheach.
Leasú 4 Togra le haghaidh treorach Aithris 5
(5) An nós imeachta a bhaineann le toghcháin bhardasacha, tagann sé faoi réimse inniúlachtaí na mBallstát a eagraíonn iad de réir a dtraidisiúin shonracha agus i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta agus Eorpacha. I gcomhréir leis an gCúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla chomh maith le dlí an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Chearta an Duine, ba cheart do na Ballstáit an ceart atá ag saoránaigh den Aontas chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir a aithint agus a urramú, ní hamháin sin ach rochtain éasca ar a gcearta toghchánacha a áirithiú freisin tríd an oiread constaicí ar thoghcháin a bhaint agus is féidir.
(5) An nós imeachta a bhaineann le toghcháin bhardasacha, tagann sé faoi réimse inniúlachtaí na mBallstát a eagraíonn iad de réir a dtraidisiúin bhunreachtúla agus shonracha agus i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta agus Eorpacha. I gcomhréir leis an gCúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas chomh maith le dlí an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Chearta an Duine, ba cheart do na Ballstáit an ceart atá ag saoránaigh den Aontas a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha a aithint agus a urramú, ní hamháin sin ach rochtain iomlán agus éifeachtach ar a gcearta toghchánacha a áirithiú freisin trí na constaicí ar fad ar thoghcháin a bhaint agus is féidir, agus trí rochtain iomlán a sholáthar ar fhaisnéis ábhartha.
Leasú 5 Togra le haghaidh treorach Aithris 6
(6) Chun a áirithiú gur féidir le saoránaigh den Aontas a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad (‘saoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad’) a gceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóirí i dtoghcháin bhardasacha a fheidhmiú faoi na coinníollacha céanna a bhfuil feidhm acu maidir le náisiúnaigh dá mBallstát óstach, ba cheart na coinníollacha lena rialaítear clárú agus rannpháirtíocht i dtoghcháin den sórt sin a shoiléiriú chun cóir chomhionann a áirithiú idir saoránaigh den Aontas ar náisiúnaigh iad agus saoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad. Go háirithe, ba cheart cóir chomhionann a thabhairt do shaoránaigh den Aontas atá ag iarraidh vótáil agus seasamh mar iarrthóirí i dtoghcháin bhardasacha ina mBallstát cónaithe a mhéid a bhaineann le haon tréimhse chónaithe atá le comhlíonadh mar choinníoll chun an ceart a fheidhmiú, agus na cruthúnais chun a léiriú go gcomhlíonann siad coinníoll den sórt sin.
(6) Chun a áirithiú gur féidir le saoránaigh den Aontas a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad (‘saoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad’) a gceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóirí i dtoghcháin bhardasacha a fheidhmiú faoi na coinníollacha céanna a bhfuil feidhm acu maidir le náisiúnaigh dá mBallstát óstach, ba cheart na coinníollacha lena rialaítear clárú agus rannpháirtíocht i dtoghcháin den sórt sin a shoiléiriú chun cóir chomhionann a áirithiú idir saoránaigh den Aontas ar náisiúnaigh iad agus saoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad. Go háirithe, ba cheart cóir chomhionann a thabhairt do shaoránaigh den Aontas atá ag iarraidh vótáil agus seasamh mar iarrthóirí i dtoghcháin bhardasacha ina mBallstát cónaithe agus a thugtar do náisiúnaigh an Bhallstáit sin a mhéid a bhaineann le haon tréimhse chónaithe atá le comhlíonadh mar choinníoll chun an ceart a fheidhmiú, agus na cruthúnais chun a léiriú go gcomhlíonann siad coinníoll den sórt sin.
Leasú 6 Togra le haghaidh treorach Aithris 7
(7) Ina theannta sin, níor cheart go mbeadh sé mar cheangal ar shaoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad coinníollacha speisialta a chomhlíonadh chun an ceart chun vótáil nó chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha a fheidhmiú, mura rud é, ar bhonn eisceachtúil, go bhfuil bonn cirt le cóir dhifriúil idir náisiúnaigh agus neamhnáisiúnaigh in imthosca a bhaineann go sonrach leis na neamhnáisiúnaigh a idirdhealú ó na náisiúnaigh.
(7) Ina theannta sin, níor cheart go mbeadh sé mar cheangal ar shaoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad coinníollacha speisialta a chomhlíonadh chun an ceart chun vótáil nó chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha a fheidhmiú, mura rud é, ar bhonn eisceachtúil, go bhfuil bonn cirt le cóir dhifriúil idir náisiúnaigh agus neamhnáisiúnaigh in imthosca eisceachtúla a bhaineann go sonrach leis na neamhnáisiúnaigh a idirdhealú ó na náisiúnaigh. Ní mór údar cuí a bheith le haon difríocht den sórt sin sa chaoi a gcaitear leo.
Leasú 7 Togra le haghaidh treorach Aithris 8
(8) Chun feidhmiú an chirt atá ag saoránaigh den Aontas chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir ina mBallstát cónaithe a éascú, ba cheart saoránaigh den sórt sin a chur leis an rolla toghthóirí in am trátha roimh lá na vótála. Ba cheart go mbeadh na foirmiúlachtaí is infheidhme maidir lena gclárú chomh simplí agus is féidir. Ba cheart gur leor do na saoránaigh den Aontas lena mbaineann cárta aitheantais bailí agus dearbhú foirmiúil a sholáthar ina bhfuil gnéithe a thugann fianaise go bhfuil siad i dteideal páirt a ghlacadh sna toghcháin. Nuair a bheidh saoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad cláraithe, ba cheart iad a fhágáil ar an rolla toghthóirí faoi na coinníollacha céanna a bhfuil feidhm acu maidir le saoránaigh den Aontas ar náisiúnaigh den Bhallstát lena mbaineann iad, fad is a chomhlíonfaidh siad na coinníollacha chun an ceart chun vótáil a fheidhmiú. Ina theannta sin, ba cheart do shaoránaigh den Aontas sonraí teagmhála a chur ar fáil do na húdaráis inniúla, rud a chuirfidh ar chumas na n-institiúidí sin iad a choinneáil ar an eolas ar bhonn rialta.
(8) Chun feidhmiú an chirt atá ag saoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir ina mBallstát cónaithe a éascú, ba cheart do na Ballstáit iarracht a dhéanamh clárúchán láithreach mar vótálaí a chur ar fáil, tar éis do shaoránaigh an Aontais a chur in iúl gur mian leo vótáil ina mBallstát cónaithe. I gcás nár cláraíodh láithreach, ba cheart na saoránaigh a chur leis an rolla toghthóirí in am trátha roimh lá na vótála. Ba cheart go mbeadh na foirmiúlachtaí is infheidhme maidir lena gclárú chomh simplí, chomh inrochtana agus chomh cosúil agus is féidir ar fud na mBallstát. Ba cheart gur leor go ndéanfadh saoránaigh an Aontais lena mbaineann cárta aitheantais bailí agus, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, dearbhú foirmiúil a sholáthar ina bhfuil gnéithe a thugann fianaise go bhfuil siad i dteideal páirt a ghlacadh sna toghcháin bhardasacha. Nuair a bheidh saoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad cláraithe, ba cheart iad a fhágáil ar an rolla toghthóirí faoi na coinníollacha céanna a bhfuil feidhm acu maidir le saoránaigh den Aontas ar náisiúnaigh den Bhallstát lena mbaineann iad, fad is a chomhlíonfaidh siad na coinníollacha chun an ceart chun vótáil a fheidhmiú. Ina theannta sin, ba cheart do shaoránaigh den Aontas sonraí teagmhála a chur ar fáil do na húdaráis inniúla, rud a chuirfidh ar chumas na n-institiúidí sin iad a choinneáil ar an eolas ar bhonn rialta. Ba cheart do na Ballstáit rollaí toghchánacha ar leith a bhunú do thoghcháin bhardasacha agus Eorpacha.
Leasú 8 Togra le haghaidh treorach Aithris 8 a (nua)
(8a) Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go n-urramaíonn na ceanglais maidir le clárú mar iarrthóir agus maidir le liosta iarrthóirí a chur isteach caighdeáin dhaonlathacha, chomhréireacha agus thrédhearcacha agus go bhfuil siad infheidhme maidir le saoránaigh náisiúnta agus saoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad araon.
Leasú 9 Togra le haghaidh treorach Aithris 8 b (nua)
(8b) Chun saoránaigh an Aontais a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh de iad a chumasú le bheith incháilithe go hiarbhír chun seasamh mar iarrthóirí i dtoghcháin bhardasacha, níor cheart do pháirtithe polaitiúla náisiúnta ballraíocht a dhéanamh coinníollach ar náisiúntacht Bhallstát an toghcháin a bheith acu.
Leasú 10 Togra le haghaidh treorach Aithris 10
(10) Is féidir dícháiliú ón gceart chun seasamh mar iarrthóir a ordú trí chinneadh aonair na n-údarás sa Bhallstát cónaithe nó sa Bhallstát baile. I bhfianaise na tábhachta polaitiúla a bhaineann le hoifig bhardasach a shealbhú, ba cheart do na Ballstáit a bheith i dteideal faisnéis a fháil ón mBallstát baile maidir le cailleadh an chirt chun seasamh mar iarrthóir i mBallstát baile an iarrthóra.
(10) Is féidir dícháiliú ón gceart chun seasamh mar iarrthóir a ordú trí chinneadh aonair na n-údarás sa Bhallstát cónaithe nó sa Bhallstát baile. I bhfianaise na tábhachta polaitiúla a bhaineann le hoifig bhardasach a shealbhú, ba cheart do na Ballstáit a bheith i dteideal faisnéis a fháil go díreach ón mBallstát baile maidir le cailleadh an chirt chun seasamh mar iarrthóir i mBallstát baile an iarrthóra. Níor cheart go bhfhágfadh cinntí lena mbaintear díothacht acmhainneachta dlíthiúla de shaoránaigh den Aontais de bharr míchumais arna nglacadh ag an mBallstát baile nach mbeidh siad neamh-incháilithe chun seasamh mar iarrthóir ina mBallstát cónaithe ar choinníoll go seasann dlí an Bhallstáit chónaithe gan srianta leis an gceart sin le haghaidh gach duine faoi mhíchumas den sórt sin.
Leasú 11 Togra le haghaidh treorach Aithris 11
(11) Ós rud é gur féidir dualgais cheannaireacht na mbunaonad rialtais áitiúil a bheith bainteach le húdarás oifigiúil a fheidhmiú agus an leas ginearálta a choimirciú, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann na hoifigí sin a fhorchoimeád dá náisiúnaigh agus lánurraim á tabhairt do phrionsabal na comhréireachta.
scriosta
Leasú 12 Togra le haghaidh treorach Aithris 12
(12) Ar an gcaoi chéanna, ba cheart gurbh fhéidir le hoifigeach bardasach tofa a bheith rannpháirteach i dtoghchán do chomhthionól parlaiminteach a fhorchoimeádfar do náisiúnaigh an Bhallstáit féin.
scriosta
Leasú 13 Togra le haghaidh treorach Aithris 14
(14) An ceart a thugtar do shaoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha sa Bhallstát cónaithe, ní ionadach é ar an gceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir sa Bhallstát ar náisiúnach de an saoránach den Aontas. Dá bhrí sin is gá saoirse shaoránaigh den Aontas maidir le cinneadh a dhéanamh cé acu a bheith rannpháirteach nó gan a bheith rannpháirteach i dtoghcháin bhardasacha sa Bhallstát cónaithe a urramú agus go bhféadfaidh na saoránaigh sin a mian a chur in iúl chun a gceart chun vótáil ina mBallstát cónaithe a fheidhmiú. Féadfaidh na Ballstáit nach bhfuil an vótáil éigeantach iontu foráil a dhéanamh dá bhrí sin chun na saoránaigh sin atá ar rolla na dtoghthóirí a chlárú go huathoibríoch
(14) An ceart a thugtar do shaoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha sa Bhallstát cónaithe, ní ionadach é ar an gceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir sa Bhallstát ar náisiúnach de an saoránach den Aontas. Dá bhrí sin is gá saoirse shaoránaigh den Aontas maidir le cinneadh a dhéanamh cé acu a bheith rannpháirteach nó gan a bheith rannpháirteach i dtoghcháin bhardasacha sa Bhallstát cónaithe a urramú agus go bhféadfaidh na saoránaigh sin a mian a chur in iúl chun a gceart chun vótáil ina mBallstát cónaithe a fheidhmiú.
Leasú 14 Togra le haghaidh treorach Aithris 15
(15) Príomhghné chun feidhmiú éifeachtach an chirt a chumhdaítear in Airteagal 20(2), pointe (b) agus in Airteagal 22(1) CFAE a áirithiú is ea inrochtaineacht ar fhaisnéis maidir le cearta agus nósanna imeachta toghchánacha.
(15) Príomhghné chun feidhmiú éifeachtach an chirt a chumhdaítear in Airteagal 20(2), pointe (b) agus in Airteagal 22(1) CFAE a áirithiú is ea inrochtaineacht ar fhaisnéis maidir le cearta agus nósanna imeachta toghchánacha. Ba cheart rochtain a bheith ag saoránaigh neamhnáisiúnta ar fhaisnéis faoina gcearta toghcháin agus faoi nósanna imeachta toghcháin ar theacht isteach sa Bhallstát dóibh, go tréimhsiúil agus in am trátha roimh na toghcháin bhardasacha. Ba cheart iad a chur ar an eolas freisin go bhfuil rollaí éagsúla toghthóirí ann do na toghcháin bhardasacha agus do na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa.
Leasú 15 Togra le haghaidh treorach Aithris 16
(16) Déanann an easpa faisnéis leormhaith difear, i gcomhthéacs nósanna imeachta toghchánacha, do shaoránaigh agus iad ag feidhmiú a gcearta toghchánacha mar chuid dá gcearta mar shaoránaigh den Aontas. Déanann sé difear freisin d’inniúlacht na n-údarás inniúil chun a gcearta a fheidhmiú agus a gcuid oibleagáidí a chur i gcrích. Ba cheart a cheangal ar na Ballstáit údaráis a ainmniú a mbeadh freagrachtaí speisialta acu chun faisnéis iomchuí a chur ar fáil do shaoránaigh den Aontas maidir lena gcearta faoi Airteagal 20(2), pointe (b), agus faoi Airteagal 22(1) CFAE agus faoi na rialacha agus na nósanna imeachta náisiúnta a bhaineann le rannpháirtíocht i dtoghcháin bhardasacha agus lena n-eagrú. Chun éifeachtacht na cumarsáide a áirithiú, ba cheart an fhaisnéis a chur ar fáil i dtéarmaí soiléire agus sothuigthe.
(16) Déanann an easpa faisnéis leormhaith difear, i gcomhthéacs nósanna imeachta toghchánacha, do shaoránaigh agus iad ag feidhmiú a gcearta toghchánacha mar chuid dá gcearta mar shaoránaigh den Aontas. Déanann sé difear freisin d’inniúlacht na n-údarás inniúil chun a gcearta a fheidhmiú agus a gcuid oibleagáidí a chur i gcrích. Ba cheart a cheangal ar na Ballstáit údaráis a ainmniú a mbeadh freagrachtaí speisialta acu chun faisnéis iomchuí a chur ar fáil do shaoránaigh den Aontas maidir lena gcearta faoi Airteagal 20(2), pointe (b), agus faoi Airteagal 22(1) CFAE agus faoi na rialacha agus na nósanna imeachta náisiúnta a bhaineann le rannpháirtíocht i dtoghcháin bhardasacha agus lena n-eagrú, agus maidir le faisnéis ar an gcóras toghcháin agus polaitiúil, lena n-áirítear cumhachtaí na mbunaonad rialtais áitiúil. Ba cheart do na húdaráis sin feachtais faisnéise a chomhordú i gcomhar le húdaráis áitiúla agus, nuair is féidir, le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus ba cheart dóibh leas a bhaint as raon leathan bealaí faisnéise. Chun éifeachtacht na cumarsáide a áirithiú, ba cheart an fhaisnéis a chur ar fáil in am trátha, ar bhonn rialta, agus i dtéarmaí soiléire agus sothuigthe, go hidéalach gan dul thar leibhéal castachta níos airde ná leibhéal B1 (idirmheánach) de Chreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha de chuid Chomhairle na hEorpa.
Leasú 16 Togra le haghaidh treorach Aithris 17
(17) Chun feabhas a chur ar inrochtaineacht na faisnéise toghchánaí, ba cheart faisnéis den sórt sin a chur ar fáil i gceann amháin eile ar a laghad de theangacha oifigiúla an Aontais seachas teanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla an Bhallstáit óstaigh, ar teanga í a mbeadh tuiscint éigin ag an líon is mó saoránach den Aontas is féidir a bhfuil cónaí orthu ar a chríoch. Féadfaidh na Ballstáit teangacha oifigiúla difriúla de chuid an Aontais a úsáid i gcodanna sonracha dá gcríoch nó dá gcuid réigiún ag brath ar an teanga a mbeadh tuiscint ag an líon is mó saoránach den Aontas a bhfuil cónaí orthu ann.
(17) Chun feabhas a chur ar inrochtaineacht na faisnéise toghchánaí, ba cheart faisnéis den sórt sin a chur ar fáil i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais agus i gcás ina dtairgfidh na húdaráis í, sa teanga is fearr leis an vótálaí Aontais, teanga ar cheart dóibh a bheith in ann a chur in iúl tráth an chlárúcháin. I gcás inar gá, ba cheart don Choimisiún tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit chun faisnéis maidir leis na nósanna imeachta clárúcháin agus toghcháin a aistriú go teangacha oifigiúla an Aontais.
Leasú 17 Togra le haghaidh treorach Aithris 18
(18) Caithfidh gá a bheith le haon mhaolú ó rialacha ginearálta na Treorach seo, de bhun Airteagal 22 (1) CFAE, mar gheall ar fhadhbanna a bhaineann go sonrach le Ballstát agus caithfidh sé bheith i gcomhréir le ceanglais Airteagal 52 den Chairt, lena n-áirítear an ceanglas go bhforáilfear leis an dlí d’aon teorainn le feidhmiú an chirt chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha agus go gcuirfear faoi réir phrionsabail na comhréireachta agus an riachtanais iad. Ina theannta sin, caithfidh aon mhaolú , de bharr a chineáil, a bheith faoi réir athbhreithnithe dá bhforáiltear le hAirteagal 47 den Chairt.
(18) Caithfidh gá a bheith le haon mhaolú ó rialacha ginearálta na Treorach seo, de bhun Airteagal 22 (1) CFAE, mar gheall ar fhadhbanna a bhaineann go sonrach le Ballstát agus caithfidh sé bheith i gcomhréir le ceanglais Airteagal 52 den Chairt, lena n-áirítear an ceanglas go bhforáilfear leis an dlí d’aon teorainn le feidhmiú an chirt chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha do shaoránaigh den Aontas a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad agus go gcuirfear faoi réir phrionsabail na comhréireachta agus an riachtanais iad. Ina theannta sin, caithfidh aon mhaolú, de bharr a chineáil, a bheith faoi réir athbhreithnithe dá bhforáiltear le hAirteagal 47 den Chairt. I bhfianaise na húsáide teoranta a bhaineann na Ballstáit as na féidearthachtaí a leagtar síos i dTreoir 94/80/CE chun maolú ar a rialacha ginearálta, níor cheart na féidearthachtaí sin maidir le maoluithe a thairiscint a thuilleadh.
Leasú 18 Togra le haghaidh treorach Aithris 19
(19) D’fhéadfadh fadhbanna sonracha den sórt sin teacht chun cinn i mBallstát ina bhfuil an sciar de na saoránaigh den Aontas atá in aois vótála, a bhfuil cónaí orthu ann ach nach náisiúnaigh dá chuid iad, go mór thar an meán. Nuair is ionann líon na saoránach sin agus níos mó ná 20 % de chlár iomlán na dtoghthóirí, beidh údar cuí le maoluithe. Ní mór na maoluithe sin a bheith bunaithe ar chritéar tréimhse cónaithe.
scriosta
Leasú 19 Togra le haghaidh treorach Aithris 20
(20) Ballstáit ina bhfuil an sciar de shaoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad atá in aois vótála thar 20% de líon iomlán shaoránaigh an Aontais atá in aois vótála a bhfuil cónaí orthu ann d’fhéadfaí, i dtaca le hAirteagal 22(1) CFAE , forálacha sonracha a bhaineann le comhdhéanamh na liostaí iarrthóirí a leagan síos.
scriosta
Leasú 20 Togra le haghaidh treorach Aithris 21
(21) Is gá a chur san áireamh go bhfuil an ceart chun vótáil i dtoghcháin don pharlaimint náisiúnta i mBallstáit áirithe ag cónaitheoirí ar náisiúnaigh de Bhallstáit eile iad agus dá thoradh sin is féidir na foirmiúlachtaí dá bhforáiltear sa Treoir seo a mhaolú.
scriosta
Leasú 21 Togra le haghaidh treorach Aithris 22
(22) Baineann gnéithe agus cothromaíochtaí sonracha le Ríocht na Beilge toisc go ndéantar foráil in Airteagal 1 go hAirteagal 4 ina Bunreacht maidir le trí theanga oifigiúla agus deighilt críche i réigiúin agus i bpobail, a bhfuil de thoradh air sin go bhféadfadh éifeachtaí a bheith ag cur i bhfeidhm iomlán na Treorach seo i gcomúin áirithe a chiallódh gur ghá foráil a dhéanamh maidir le maolú féideartha ar fhorálacha na Treorach seo chun na gnéithe agus na cothromaíochtaí sonracha sin a chur san áireamh;
scriosta
Leasú 22 Togra le haghaidh treorach Aithris 23
(23) D’fhéadfadh sonraí maidir le feidhmiú ceart agus cur chun feidhme na Treorach seo a bheith úsáideach chun na bearta is gá a shainaithint chun feidhmiú éifeachtach chearta toghchánacha na saoránach den Aontas a áirithiú. Chun feabhas a chur ar bhailiú na sonraí maidir le toghcháin bhardasacha, is gá faireachán agus tuairisciú rialta ar chur chun feidhme sna Ballstáit a thabhairt isteach, ar cheart go n-áireofaí leis, i dteannta le sonraí staidrimh, faisnéis maidir leis na bearta a ghlactar chun tacú le rannpháirtíocht shaoránaigh den Aontas nach náisiúnach iad i dtoghcháin. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Treorach , lena n-áirítear athruithe ar bith ar na toghthóirí a tharla tar éis a teacht i bhfeidhm agus tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
(23) Tá sonraí maidir le feidhmiú ceart agus cur chun feidhme na Treorach seo tábhachtach chun meastóireacht a dhéanamh ar bheartas ábhartha an Aontais agus chun na bearta is gá a shainaithint chun feidhmiú éifeachtach chearta toghchánacha na saoránach den Aontas a áirithiú. Chun feabhas a chur ar bhailiú agus ar thuairisciú na sonraí ag na Ballstáit maidir le toghcháin bhardasacha, is gá faireachán agus tuairisciú rialta ar chur chun feidhme sna Ballstáit a thabhairt isteach, ar cheart go n-áireofaí leis, i dteannta le sonraí staidrimh, faisnéis maidir leis na bearta a ghlactar chun tacú le rannpháirtíocht shaoránaigh den Aontas nach náisiúnach iad i dtoghcháin, lena n-áirítear do dhaoine faoi mhíchumas. Ba cheart na sonraí sin a bhailiú ar bhealach trédhearcach agus slán ar fud na mBallstát uile agus ar bhonn na gcomhtháscairí céanna. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún comhtháscairí a bhunú chun go soláthróidh na Ballstáit na sonraí staidrimh lena mbaineann. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Treorach , lena n-áirítear athruithe ar bith ar na toghthóirí a tharla tar éis a teacht i bhfeidhm agus tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
Leasú 23 Togra le haghaidh treorach Aithris 24
(24) Is gá don Choimisiún a mheastóireacht féin a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Treorach seo laistigh de theorainn ama réasúnta tar éis a theacht i bhfeidhm, meastóireacht a bhainfeadh go dlúth leis an meastóireacht ar chur i bhfeidhm Treoir 93/109/CE ón gComhairle23 an 6 Nollaig 1993 lena leagtar síos socruithe mionsonraithe maidir le feidhmiú an chirt chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa do shaoránaigh den Aontas a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad.
(24) Is gá don Choimisiún a mheastóireacht féin a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Treorach seo laistigh de theorainn ama réasúnta tar éis a theacht i bhfeidhm, meastóireacht a bhainfeadh go dlúth leis an meastóireacht ar chur i bhfeidhm Treoir 93/109/CE ón gComhairle23 an 6 Nollaig 1993 lena leagtar síos socruithe mionsonraithe maidir le feidhmiú an chirt chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa do shaoránaigh den Aontas a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad. Ba cheart go leanfaí an mheastóireacht, más iomchuí, le togra reachtach chun an Treoir seo a leasú.
_________________
_________________
23 Treoir 93/109/CE ón gComhairle an 6 Nollaig 1993 lena leagtar síos socruithe mionsonraithe maidir le feidhmiú an chirt chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóirí i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa do shaoránaigh den Aontas a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad (athmhúnlú).
23 Treoir 93/109/CE ón gComhairle an 6 Nollaig 1993 lena leagtar síos socruithe mionsonraithe maidir le feidhmiú an chirt chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóirí i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa do shaoránaigh den Aontas a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad (athmhúnlú).
Leasú 24 Togra le haghaidh treorach Aithris 26
(26) Tá gealltanas tugtha ag na Ballstáit, trí Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas a dhaingniú, agus ag an Aontas, tríd a thabhairt i gcrích25, chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Coinbhinsiún sin lena n-áirítear Airteagal 29 maidir le Rannpháirtíocht sa saol polaitiúil agus poiblí. Chun tacú le rannpháirtíocht chuimsitheach agus chomhionann daoine faoi mhíchumas i dtoghcháin, ba cheart aird chuí a bheith ag na socruithe le haghaidh saoránaigh den Aontas a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad chun a gcearta chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir a fheidhmiú sa Bhallstát sin i dtoghcháin bhardasacha ar riachtanais na saoránach faoi mhíchumas agus na saoránach níos sine.
(26) Tá gealltanas tugtha ag na Ballstáit, trí Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas a dhaingniú, agus ag an Aontas, tríd a thabhairt i gcrích25, chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Coinbhinsiún sin lena n-áirítear Airteagal 29 maidir le Rannpháirtíocht sa saol polaitiúil agus poiblí. Chun rannpháirtíocht chuimsitheach agus chomhionann daoine faoi mhíchumas i dtoghcháin a áirithiú, agus an tionchar suntasach is féidir a bheith ag cinntí áitiúla ar shaincheisteanna inrochtaineachta agus ar shaol daoine faoi mhíchumas agus saoránach níos sine, ba cheart aird chuí a bheith ag na socruithe le haghaidh saoránaigh den Aontas a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad chun a gcearta chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir a fheidhmiú sa Bhallstát sin i dtoghcháin bhardasacha ar riachtanais shonracha na saoránach faoi mhíchumas agus na saoránach níos sine. Go háirithe, ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh faoi shocruithe iomchuí a chur chun feidhme atá saincheaptha dá nósanna imeachta vótála náisiúnta chun vótáil na saoránach faoi mhíchumas a éascú, amhail an fhéidearthacht stáisiúin vótála a roghnú, agus úsáid teicneolaíochtaí, formáidí agus teicnící cúnta amhail braille, cló mór, faisnéis fhuaimbhunaithe, stionsail thadhlacha, faisnéis atá éasca le léamh agus cumarsáid i dteanga chomharthaíochta. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a cheadú go bhfaighidh daoine faoi mhíchumas, arna iarraidh sin dóibh, cúnamh chun vótáil ó dhuine dá rogha féin. Ba cheart do na Ballstáit a ndícheall a dhéanamh an deis vótála poist a sholáthar agus féadfaidh siad foráil a dhéanamh d’uirlisí comhlántacha eile chun vótáil a éascú, amhail réamhvótáil fhisiciúil, seachvótáil agus vótáil leictreonach agus ar líne.
_________________
_________________
25 Cinneadh 2010/48/CE ón gComhairle an 26 Samhain 2009 maidir leis an gComhphobal Eorpach do thabhairt i gcrích Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (IO L 23, 27.1.2010, lch. 35).
25 Cinneadh 2010/48/CE ón gComhairle an 26 Samhain 2009 maidir leis an gComhphobal Eorpach do thabhairt i gcrích Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (IO L 23, 27.1.2010, lch. 35).
Leasú 25 Togra le haghaidh treorach Airteagal 2 – mír 1 – pointe d a (nua)
(da) Ciallaíonn ‘vótálaí Aontais’ aon saoránach den Aontas a bhfuil ceart vótála aige i dtoghcháin bhardasacha i mBallstát cónaithe an duine sin i gcomhréir leis an Treoir seo;
Leasú 26 Togra le haghaidh treorach Airteagal 2 – mír 1 – pointe d b (nua)
(db) Ciallaíonn ‘iarrthóir Aontais’ aon saoránach den Aontas a bhfuil ceart chun seasamh mar iarrthóir aige i dtoghcháin bhardasacha i mBallstát cónaithe an duine sin i gcomhréir leis an Treoir seo;
1. Más rud é, chun vótáil nó chun seasamh mar iarrthóirí, nach mór do náisiúnaigh an Bhallstáit cónaithe íostréimhse áirithe a bheith caite acu mar chónaitheoir i gcríoch an Bhallstáit sin, measfar an coinníoll sin a bheith comhlíonta ag vótálaithe agus daoine atá i dteideal seasamh mar iarrthóirí de bhun Airteagal 3 má bhí cónaí orthu i mBallstáit eile ar feadh tréimhse choibhéiseach.
1. Más rud é, chun vótáil nó chun seasamh mar iarrthóirí, nach mór do náisiúnaigh an Bhallstáit chónaithe íostréimhse áirithe a bheith caite acu mar chónaitheoir i gcríoch an Bhallstáit sin, measfar an coinníoll sin a bheith comhlíonta ag vótálaithe Aontais agus iarrthóirí Aontais má bhí gnáthchónaí orthu i mBallstáit eile ar feadh tréimhse choibhéiseach.
2. Más rud é, faoi dhlíthe an Bhallstáit chónaithe, nach bhféadfaidh a náisiúnaigh féin vótáil nó seasamh mar iarrthóirí ach sa bhunaonad rialtais áitiúil ina bhfuil a bpríomháit chónaithe, beidh vótálaithe agus daoine atá i dteideal seasamh mar iarrthóirí de bhun Airteagal 3 faoi réir an choinníll sin freisin.
2. Más rud é, faoi dhlíthe an Bhallstáit chónaithe, nach bhféadfaidh a náisiúnaigh féin vótáil nó seasamh mar iarrthóirí ach sa bhunaonad rialtais áitiúil ina bhfuil a bpríomháit chónaithe, beidh vótálaithe Aontais agus iarrthóirí Aontais faoi réir an choinníll sin freisin.
1. Is féidir le haon Bhallstát cónaithe foráil a dhéanamh go gcuirfear cosc ar shaoránaigh de chuid an Aontais ar baineadh a gceart díobh, de thoradh cinneadh aonair faoin dlí sibhialta nó cinneadh dlí choiriúil, seasamh mar iarrthóir faoi dhlí a mBallstáit bhaile, an ceart sin a fheidhmiú i dtoghcháin bhardasacha.
1. Is féidir le haon Bhallstát cónaithe foráil a dhéanamh go gcuirfear cosc ar shaoránaigh de chuid an Aontais ar baineadh a gceart díobh, de thoradh cinneadh aonair faoin dlí sibhialta nó cinneadh dlí choiriúil, seasamh mar iarrthóir faoi dhlí a mBallstáit bhaile, an ceart sin a fheidhmiú i dtoghcháin bhardasacha. Ní fhágfaidh cinntí lena mbaintear díothacht acmhainneachta dlíthiúla de shaoránaigh den Aontais de bharr míchumais arna nglacadh ag an mBallstát baile, áfach, nach mbeidh siad neamh-incháilithe chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha ina mBallstát cónaithe ar choinníoll go seasann dlí an Bhallstáit chónaithe gan srianta leis an gceart sin le haghaidh gach duine faoi mhíchumas den sórt sin.
3. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh nach bhféadfaidh ach a náisiúnaigh féin oifig an chinn, an ionadaí nó an bhaill thofa ar choláiste rialaithe fheidhmeannas an bhunaonaid rialtais áitiúil a shealbhú má thoghtar an duine chun oifige ar feadh thréimhse a sainordaithe .
scriosta
Féadfaidh na Ballstáit a leagan síos freisin nach bhféadfaidh ach a náisiúnaigh féin feidhmeanna an chinn, an ionadaí nó an bhaill ar choláiste rialaithe fheidhmeannas an bhunaonaid rialtais áitiúil a chur i gcrích.
Ag féachaint don Chonradh agus do phrionsabail dhlíthiúla ghinearálta, féadfaidh na Ballstáit bearta iomchuí, riachtanacha agus comhréireacha a dhéanamh chun a áirithiú nach féidir ach lena náisiúnaigh féin na hoifigí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a shealbhú agus na feidhmeanna eatramhacha dá dtagraítear sa dara fomhír a chur i gcrích.
4. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh freisin nach bhféadfaidh saoránaigh den Aontas arna dtoghadh mar bhaill ar chomhairle ionadaíoch a bheith rannpháirteach in ainmniú na dtoscairí ar féidir leo vótáil i dtionól parlaiminteach ná i dtoghadh bhaill an tionóil sin.
1. Beidh daoine atá i dteideal seasamh mar iarrthóirí de bhun Airteagal 3 faoi réir na gcoinníollacha céanna a bhaineann le neamhréireacht agus a bhaineann, faoi dhlíthe an Bhallstáit chónaithe, le náisiúnaigh an Bhallstáit sin.
1. Beidh iarrthóirí Aontais faoi réir na gcoinníollacha céanna a bhaineann le neamhréireacht agus a bhaineann, faoi dhlíthe an Bhallstáit chónaithe, le náisiúnaigh an Bhallstáit sin.
1. Feidhmeoidh vótálaithe a chomhlíonfaidh coinníollacha Airteagal 3 a gceart chun vótáil i dtoghcháin bhardasacha sa Bhallstát cónaithe má chuir siad in iúl gur mian leo é sin a dhéanamh.
1. Feidhmeoidh vótálaithe Aontais a chomhlíonfaidh coinníollacha Airteagal 3 a gceart chun vótáil i dtoghcháin bhardasacha sa Bhallstát cónaithe má chuir siad in iúl gur mian leo é sin a dhéanamh.
2. Má tá an vótáil éigeantach sa Bhallstát cónaithe, beidh d'oibleagáid ar vótálaithe de bhun Airteagal 3 atá ar rolla na dtoghthóirí vóta a chaitheamh.
2. Má tá an vótáil éigeantach sa Bhallstát cónaithe, beidh d'oibleagáid ar vótálaithe Aontais atá ar rolla na dtoghthóirí vóta a chaitheamh.
3. Féadfaidh na Ballstáit nach bhfuil an vótáil éigeantach iontu foráil a dhéanamh maidir le clárú uathoibríoch vótálaithe de bhun Airteagal 3 ar rolla na dtoghthóirí.
3. Féachfaidh na Ballstáit le clárú láithreach saoránach den Aontas nach náisiúnaigh iad mar vótálaithe Aontais ar an rolla toghthóirí a thabhairt isteach do vótálaithe nach náisiúnaigh iad de chuid an Aontais tar éis dóibh toiliú a fháil ó shaoránaigh an Aontais lena mbaineann tráth an chláraithe mar chónaitheoir sa Bhallstát cónaithe. Vótálaithe Aontais a roghnaigh gan clárú láithreach, iarrfar orthu clárú i bhfad roimh an tréimhse toghcháin.
1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun gur féidir vótálaí de bhun Airteagal 3 a chur ar rolla na dtoghthóirí in am agus i dtráth roimh lá na vótála.
1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun gur féidir vótálaí de chuid an Aontais a chur ar rolla na dtoghthóirí in am agus i dtráth roimh lá na vótála.
Chun go gcuirfear a n-ainm ar rolla na dtoghthóirí, soláthróidh vótálaithe de bhun Airteagal 3 na doiciméid chéanna a sholáthróidh vótálaithe ar náisiúnach iad .
Chun go gcuirfear a n-ainm ar rolla na dtoghthóirí, soláthróidh vótálaithe Aontais na doiciméid chéanna nó doiciméid atá coibhéiseach leis na doiciméid a sholáthróidh vótálaithe ar náisiúnaigh iad. Soláthróidh siad dearbhú foirmiúil freisin i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn II.
Féadfaidh an Ballstát cónaithe a cheangal ar vótálaí de bhun Airteagal 3 doiciméad bailí aitheantais a sholáthar, chomh maith le dearbhú foirmiúil arna tharraingt suas i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn II.
Féadfaidh an Ballstát cónaithe an méid seo a leanas a cheangal ar vótálaithe Aontais:
(a) doiciméad bailí aitheantais a sholáthar;
(b) an dáta óna raibh gnáthchónaí orthu sa Bhallstát sin nó i mBallstát eile a shonrú;
(c) más mian leo, teanga amháin nó níos mó a chur in iúl inar mian leo an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 12(2) a fháil, arna roghnú as measc theangacha oifigiúla an Aontais, nó as measc teangacha eile, i gcás ina dtairgfidh an t-údarás inniúil iad.
3. Fanfaidh vótálaithe de bhun Airteagal 3 a cuireadh ar rolla na dtoghthóirí sa Bhallstát cónaithe ar an rolla sin, faoi na coinníollacha céanna le vótálaithe ar náisiúnaigh iad, go dtí cibé tráth a bhainfear iad de mar ní chomhlíonann siad na ceanglais maidir le feidhmiú an chirt chun vótáil. I gcás ina ndéanann na Ballstáit foráil maidir le fógra a thabhairt do náisiúnaigh gur baineadh iad de rolla na dtoghthóirí, beidh an fheidhm chéanna ag na forálacha sin maidir le vótálaithe de bhun Airteagal 3.
3. Fanfaidh vótálaithe Aontais a cuireadh ar rolla na dtoghthóirí sa Bhallstát cónaithe ar an rolla sin, faoi na coinníollacha céanna le vótálaithe ar náisiúnaigh iad, go dtí cibé tráth a bhainfear iad de mar ní chomhlíonann siad na ceanglais maidir le feidhmiú an chirt chun vótáil. I gcás ina ndéanann na Ballstáit foráil maidir le fógra a thabhairt do náisiúnaigh gur baineadh iad de rolla na dtoghthóirí, beidh an fheidhm chéanna ag na forálacha sin maidir le vótálaithe Aontais. Tabharfar an fógra sin do vótálaithe Aontais lena mbaineann sa teanga de chuid an Aontais a roghnaigh an duine sin arna sonrú sa dearbhú foirmiúil, i gcás ina bhfuil an rogha sin curtha in iúl ag vótálaí Aontais.
5. Gan dochar do rialacha aon Bhallstáit maidir leis an gceart chun vótáil nó chun seasamh mar iarrthóir atá ag náisiúnaigh a bhfuil cónaí orthu lasmuigh dá chríoch, ní bheidh de thoradh ar vótálaithe de bhun Airteagal 3 a cuireadh ar rolla na dtoghthóirí ina mBallstát cónaithe go mbainfear iad de rolla na dtoghthóirí sa Bhallstát baile.
5. Gan dochar do rialacha aon Bhallstáit maidir leis an gceart chun vótáil nó chun seasamh mar iarrthóir atá ag náisiúnaigh a bhfuil cónaí orthu lasmuigh dá chríoch, ní bheidh de thoradh ar vótálaithe Aontais a cuireadh ar rolla na dtoghthóirí ina mBallstát cónaithe go mbainfear iad de rolla na dtoghthóirí sa Bhallstát baile.
1. Nuair a chuireann daoine atá i dteideal seasamh mar iarrthóirí de bhun Airteagal 3 iarratas isteach chun seasamh mar iarrthóir, soláthróidh siad na doiciméid chéanna a sholáthróidh iarrthóir ar náisiúnach é. Féadfaidh an Ballstát cónaithe a cheangal ar na daoine lena mbaineann dearbhú foirmiúil a sholáthar arna tharraingt suas i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn II .
1. Nuair a chuireann saoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad iarratas isteach chun seasamh mar iarrthóir, soláthróidh siad na doiciméid chéanna a sholáthróidh iarrthóirí ar náisiúnaigh iad nó doiciméid atá coibhéiseach leo. Féadfaidh an Ballstát cónaithe a cheangal ar na daoine lena mbaineann dearbhú foirmiúil a sholáthar arna tharraingt suas i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn III.
Leasú 42 Togra le haghaidh treorach Airteagal 9 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
2. Féadfaidh an Ballstát cónaithe a cheangal ar dhaoine atá i dteideal seasamh mar iarrthóir de bhun Airteagal 3 an méid seo a leanas a dhéanamh:
2. Féadfaidh an Ballstát cónaithe an méid seo a leanas a cheangal ar iarrthóirí Aontais:
Leasú 43 Togra le haghaidh treorach Airteagal 9 – mír 2 – pointe a
(a) a lua sa dearbhú foirmiúil a sholáthróidh siad i gcomhréir le mír 1 nuair a chuirfidh siad a n-iarratas isteach chun seasamh mar iarrthóirí nár baineadh an ceart díobh chun seasamh mar iarrthóir ina mBallstát baile;
(a) a lua sa dearbhú foirmiúil a sholáthróidh siad i gcomhréir le mír 1 nuair a chuirfidh siad a n-iarratas isteach chun seasamh mar iarrthóirí nár baineadh an ceart díobh chun seasamh mar iarrthóir ina mBallstát baile; I gcás ina mbeidh amhras dlisteanach ann maidir le hinneachar an dearbhaithe fhoirmiúil, féadfaidh an Ballstát cónaithe deimhniú a iarraidh go díreach ar Bhallstát baile an tsaoránaigh nach náisiúnach é den Aontas, roimh an toghchán nó ina dhiaidh, nár baineadh an ceart dó seasamh mar iarrthóir sa Bhallstát sin;
Leasú 44 Togra le haghaidh treorach Airteagal 9 – mír 2 – pointe b
(b) i gcás ina mbeidh amhras maidir le hinneachar an dearbhaithe de bhun phointe (a), fianú a sholáthar ó na húdaráis riaracháin inniúla ina mBallstát baile roimh an toghchán nó ina dhiaidh lena ndeimhnítear nár baineadh an ceart chun seasamh mar iarrthóir sa Stát sin díobh nó nach bhfuil aon dícháiliú den sórt sin ar eolas ag na húdaráis sin;
scriosta
Leasú 45 Togra le haghaidh treorach Airteagal 9 – mír 2 – pointe e a (nua)
(ea) más mian leo, teanga amháin nó níos mó a chur in iúl inar mian leo an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 12(2) a fháil, arna roghnú as measc theangacha oifigiúla an Aontais, nó, i gcás ina dtairgfidh an t-údarás inniúil iad, as measc teangacha eile.
Ballstáit a dhéanann foráil maidir le féidearthachtaí na réamhvótála, na vótála poist agus na vótála leictreonaí agus idirlín, i dtoghcháin bhardasacha, áireoidh na Ballstáit sin go mbeidh na modhanna vótála sin ar fáil faoi na coinníollacha céanna do vótálaithe de bhun Airteagal 3.
Féachfaidh na Ballstáit le foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht vótáil trí mheán na vótála poist i dtoghcháin bhardasacha. I gcás ina ndéanfaidh na Ballstáit foráil dá náisiúnaigh vótáil trí phostvótáil, na réamhvótála, na seachvótála nó na vótála leictreonaí agus idirlín i dtoghcháin bhardasacha, áiritheoidhsiad go mbeidh na modhanna vótála sin ar fáil freisin do vótálaithe Aontais faoi na coinníollacha céanna.
1. Cuirfidh an Ballstát cónaithe na daoine lena mbaineann ar an eolas in am trátha agus i dteanga ghlan shoiléir faoin gcinneadh a glacadh maidir lena n-iarratas go gcuirfí ar rolla na dtoghthóirí iad nó faoin gcinneadh i leith inghlacthacht a n-iarratais maidir le seasamh mar iarrthóir.
1. Cuirfidh an Ballstát cónaithe na daoine lena mbaineann ar an eolas faoin gcinneadh a glacadh maidir lena gclárú láithreach mar vótálaí nó maidir lena n-iarratas go gcuirfí ar rolla na dtoghthóirí iad nó faoin gcinneadh i leith inghlacthacht a n-iarratais maidir le seasamh mar iarrthóir.
2. Mura gcuirtear saoránaigh den Aontas ar rolla na dtoghthóirí nó má dhiúltaítear dá bhfoirm iarratais nó má dhiúltaítear dá n-iarratas chun seasamh mar iarrthóir, beidh an duine lena mbaineann i dteideal leigheasanna dlí a fháil faoi théarmaí a bheidh comhchosúil lena bhforordaítear le dlíthe an Bhallstáit chónaithe do vótálaithe agus do dhaoine atá i dteideal seasamh mar iarrthóirí ar náisiúnaigh dá chuid iad.
2. Mura gcuirtear saoránaigh den Aontas ar rolla na dtoghthóirí nó má dhiúltaítear dá gclárú láithreach nó dá bhfoirm iarratais nó má dhiúltaítear dá n-iarratas chun seasamh mar iarrthóir, beidh an duine lena mbaineann i dteideal leigheasanna éifeachtacha dlí a fháil faoi na téarmaí céanna lena bhforordaítear le dlíthe an Bhallstáit chónaithe do vótálaithe agus do dhaoine atá i dteideal seasamh mar iarrthóirí ar náisiúnaigh dá chuid iad.
3. I gcás earráidí i rolla na dtoghthóirí nó i liosta na n-iarrthóirí do thoghcháin bhardasacha, beidh an duine lena mbaineann i dteideal cearta in-fhorfheidhmithe ar théarmaí a bheidh comhchosúil lena bhforordaítear i ndlíthe an Bhallstáit chónaithe do vótálaithe agus do dhaoine i atá dteideal seasamh mar iarrthóirí ar náisiúnaigh dá chuid iad.
3. I gcás earráidí i rolla na dtoghthóirí nó i liosta na n-iarrthóirí do thoghcháin bhardasacha, beidh an duine lena mbaineann i dteideal leigheasanna éifeachtacha dlí ar théarmaí a bheidh comhchosúil lena bhforordaítear i ndlíthe an Bhallstáit chónaithe do vótálaithe agus do dhaoine i atá dteideal seasamh mar iarrthóirí ar náisiúnaigh dá chuid iad.
Leasú 50 Togra le haghaidh treorach Airteagal 11 – mír 3 a (nua)
3a. Cuirfidh na Ballstáit an duine lena mbaineann ar an eolas, i dteanga ghlan shoiléir agus go tráthúil, faoin gcinneadh dá dtagraítear i mír 1 agus faoi na leigheasanna dlíthiúla dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3, i dteanga de rogha an duine a léirítear sa dearbhú foirmiúil, má chuir vótálaí an Aontais rogha teanga den sórt sin in iúl.
1. Ainmneoidh na Ballstáit údarás náisiúnta a bheidh freagrach as na bearta is gá a ghlacadh chun a áirithiú go gcuirtear saoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad ar an eolas go tráthúil faoi na coinníollacha agus na rialacha mionsonraithe chun clárú mar vótálaí nó iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha.
1. Ainmneoidh na Ballstáit údarás inniúil a bheidh freagrach as na bearta is gá a ghlacadh chun a áirithiú go gcuirtear saoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad ar an eolas go tráthúil faoi na coinníollacha agus na rialacha mionsonraithe chun clárú mar vótálaí nó iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha. Cuirfidh na húdaráis ábhartha an fhaisnéis ar fáil ar bhealach comhordaithe agus, nuair is féidir, i gcomhar le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, tráth an chláraithe mar chónaitheoir agus ar bhealach tráthúil roimh thoghcháin.
Leasú 52 Togra le haghaidh treorach Airteagal 12 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
2. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an t-údarás ainmnithe de bhun mhír 1 an fhaisnéis seo a leanas in iúl go díreach agus ar bhonn aonair do vótálaithe agus do dhaoine atá i dteideal seasamh mar iarrthóirí de bhun Airteagal 3:
2. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an t-údarás ainmnithe de bhun mhír 1 an fhaisnéis seo a leanas in iúl go díreach agus ar bhonn aonair do vótálaithe Aontais agus d’iarrthóirí Aontais:
Leasú 53 Togra le haghaidh treorach Airteagal 12 – mír 2 – pointe b
(b) dáta an toghcháin agus conas vótáil agus cén áit, ach a mbeidh an fhaisnéis sin ar fáil,
(b) dáta an toghcháin agus conas vótáil agus cén áit, ach a mbeidh an fhaisnéis sin ar fáil, lena n-áirítear modhanna sonracha vótála dá dtagraítear in Airteagal 10, i gcás inarb infheidhme;
Leasú 54 Togra le haghaidh treorach Airteagal 12 – mír 2 – pointe b a (nua)
(ba) na modhanna sonracha chun feidhmiú an chirt chun vótáil ag grúpaí vótálaithe ar leith a éascú, amhail daoine faoi mhíchumas,
Leasú 55 Togra le haghaidh treorach Airteagal 12 – mír 2 – pointe b b (nua)
(bb) faisnéis maidir leis an gcóras toghcháin agus polaitiúil, lena n-áirítear cumhachtaí na mbunaonad rialtais áitiúil,
An fhaisnéis maidir leis na coinníollacha agus na rialacha mionsonraithe chun clárú mar vótálaí nó iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2, cuirfear ar fáil í i dteanga ghlan shoiléir.
An fhaisnéis maidir leis na coinníollacha agus na rialacha mionsonraithe chun clárú mar vótálaí nó iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha dá dtagraítear i mír 1 agus aon fhaisnéis eile arna cur in iúl de bhun na Treorach seo, cuirfear ar fáil í i dteanga ghlan shoiléir. Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar fáil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais, agus cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 in iúl don duine lena mbaineann i dteanga de rogha an duine sin, arna sonrú sa dearbhú foirmiúil, más rud é gur chuir an vótálaí Aontais an rogha sin in iúl.
An fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfear in iúl í i gceann amháin nó níos mó de theangacha oifigiúla an Bhallstáit óstaigh, agus chomh maith leis sin beidh aistriúchán ag gabháil leis i gceann amháin eile de theangacha oifigiúla an Aontais ar a laghad a bhfuil tuiscint éigin ag an líon is mó saoránach den Aontas a bhfuil cónaí orthu ar a chríoch is féidir uirthi, i gcomhréir leis na ceanglais cháilíochta in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle28 .
scriosta
_________________
28 Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lgh. 1–38)
Leasú 58 Togra le haghaidh treorach Airteagal 12 – mír 3 a (nua)
3a. Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar an fhaisnéis a bhaineann leis an gceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha ag saoránaigh den Aontas a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad, faoi Airteagal 20(2), pointe (b), agus Airteagal 22(1) CFAE, agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airtegal seo, a chur ar fáil do na saoránaigh sin ar bhealach soiléir agus inrochtana, i dteangacha oifigiúla uile an Aontais, i gcás inar gá, lena n-áirítear trí Europe Direct agus An Eoraip Agatsa.
4. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear faisnéis maidir leis na coinníollacha agus na rialacha mionsonraithe chun clárú mar vótálaí nó iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine scothaosta trí bhealaí, modhanna agus formáidí cumarsáide iomchuí a úsáid.
4. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear faisnéis maidir leis na coinníollacha agus na rialacha mionsonraithe chun clárú mar vótálaí nó iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas, do dhaoine scothaosta, daoine i limistéir iargúlta, grúpaí mionlaigh agus daoine a mbíonn deacrachtaí acu vótáil i gcoitinne trí cheanglais inrochtaineachta mar a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a agus a chur i bhfeidhm trí bhealaí, modhanna agus formáidí cumarsáide atá iomchuí dóibh a úsáid, amhail teanga chomharthaíochta, Braille nó formáid atá éasca le léamh. Féadfaidh na Ballstáit a áirithiú go bhfaighidh daoine faoi mhíchumas, arna iarraidh sin dóibh, cúnamh chun vótáil ó dhuine dá rogha féin.
_________________
1a Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).
Leasú 60 Togra le haghaidh treorach Airteagal 13
Airteagal 13
scriosta
Maoluithe
1. Más rud é go dtéann an cion de shaoránaigh den Aontas i mBallstát ar leith in aois vótála a bhfuil cónaí orthu ann ach nach náisiúnaigh dá chuid iad thar 20 % den líon iomlán de shaoránaigh den Aontas idir náisiúnaigh agus neamhnáisiúnaigh in aois vótála a bhfuil cónaí orthu ann, féadfaidh an Ballstát, de mhaolú ar an Treoir seo:
(a) srian a chur ar an gceart chun vótáil do vótálaithe de bhun Airteagal 3 a bhfuil cónaí orthu sa Bhallstát sin ar feadh íostréimhse, tréimhse nach bhféadfaidh bheith níos faide ná an téarma dá bhfuil comhairle ionadaíoch na bardasachta tofa;
(b) srian a chur ar an gceart chun seasamh mar iarrthóir do dhaoine atá i dteideal seasamh mar iarrthóirí de bhun Airteagal 3 a bhfuil cónaí orthu sa Bhallstát sin ar feadh íostréimhse, tréimhse nach bhféadfaidh bheith níos faide ná dhá uair an téarma dá bhfuil comhairle ionadaíoch na bardasachta tofa; agus
(c) bearta iomchuí a dhéanamh maidir le comhdhéanamh liostaí na n-iarrthóirí chun lánpháirtíocht saoránaigh den Aontas a spreagadh go háirithe ar náisiúnaigh de Bhallstát eile iad.
2. Féadfaidh Ríocht na Beilge, de mhaolú ar fhorálacha na Treorach seo, forálacha mhír 1 pointe (a) a chur i bhfeidhm i leith líon teoranta aonaid rialtais áitiúil; cuirfidh sí an liosta díobh sin ar fáil bliain amháin ar a laghad roimh thoghcháin na n-aonad rialtais áitiúil a bhfuil sé ar intinn aici an maolú a agairt ina leith.
3. Más rud é go bhforordaítear le dlíthe Ballstáit go bhfuil an ceart chun vótáil le haghaidh pharlaimint náisiúnta an Stáit sin ag náisiúnaigh de Bhallstát eile a bhfuil cónaí orthu ann agus, chun na críche sin, go bhféadfar iad a chur ar rolla toghthóirí an Stáit sin faoi na coinníollacha céanna le vótálaithe náisiúnta, féadfaidh an chéad Bhallstát, de mhaolú ar an Treoir seo, staonadh ó Airteagal 6 go hAirteagal 11 a chur i bhfeidhm i leith na ndaoine sin.
4. G ach 6 bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle lena ndéanfar seiceáil an bhfuil gá fós leis an maolú a deonaíodh do na Ballstáit lena mbaineann de bhun Airteagal 22 (1) CFAE agus molfaidh sé aon choigeartuithe is gá. Tabharfaidh na Ballstáit a agróidh maoluithe faoi mhír 1 agus faoi mhír 2 gach faisnéis chúlra is gá don Choimisiún.
Leasú 61 Togra le haghaidh treorach Airteagal 14 – teideal
1. Laistigh de 3 bliana ó theacht i bhfeidhm na Treorach seo agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo ina gcríoch, lena n-áirítear cur i bhfeidhm Airteagal 5(3) agus (4). Sa tuarascáil sin beidh sonraí staidrimh maidir le rannpháirtíocht vótálaithe agus iarrthóirí de bhun Airteagal 3 i dtoghcháin bhardasacha chomh maith le hachoimre de na bearta a ghlactar ina leith sin.
1. Laistigh de 3 bliana ó theacht i bhfeidhm na Treorach seo agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, tuairisceoidh na Ballstáit don phobal agus don Choimisiún maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo ina gcríoch, lena n-áirítear cur i bhfeidhm Airteagal 5(3) agus (4). I dteannta barúlacha ginearálta, beidh sa tuarascáil sin freisin sonraí staidrimh maidir le rannpháirtíocht vótálaithe Aontais agus iarrthóirí Aontais i dtoghcháin bhardasacha chomh maith le hachoimre ar na bearta a glacadh chun a rannpháirtíocht a éascú agus a spreagadh. Baileofar na sonraí sin ar bhealach trédhearcach, aonfhoirmeach agus slán, bunaithe ar chomhtháscairí.
Leasú 63 Togra le haghaidh treorach Airteagal 14 – mír 1 a (nua)
1a. Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 a mhéid a bhaineann le comhtháscairí a bhunú chun sonraí staidrimh a bhailiú dá dtagraítear i mír 1.
Laistigh de 2 bhliain tar éis toghcháin 2029 do Pharlaimint na hEorpa, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chur i bhfeidhm na Treorach seo agus cuirfidh sé tuarascáil mheastóireachta ar fáil maidir leis an dul chun cinn i dtreo na cuspóirí atá ann a bhaint amach.
Laistigh de 2 bhliain tar éis toghcháin 2029 do Pharlaimint na hEorpa, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chur i bhfeidhm na Treorach seo agus cuirfidh sé tuarascáil mheastóireachta ar fáil maidir leis an dul chun cinn i dtreo na cuspóirí atá ann a bhaint amach. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an meastóireacht, más iomchuí, chun an Treoir seo a leasú.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 2, 8 agus 9 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ó theacht i bhfeidhm na Treorach seo.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 2(2), Airteagal 8(4), Airtegal 9(3) agus Airteagal 14(1a) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ó … [dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].
3. Féadfaidh an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 2, 8 agus 9 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.
3. Féadfaidh an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(2), Airteagal 8(4), Airteagal 9(3) agus Airteagal 14(1a) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 2, 8 agus 9 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 2(2), Airteagal 8(4), Airteagal 9(3) agus Airteagal 14(a) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Beidh feidhm ag Airteagail 1 go 7, 8(1), 11(2) agus 13 ón 31 Nollaig 2023.
Beidh feidhm ag Airteagail 1 go 7, Airteagal 8(1), agusAirteagal 11(2) ón 31 Nollaig 2023.
Leasú 69 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn II – teideal
IARSCRÍBHINN II - Dearbhú foirmiúil arna chur isteach ag vótálaithe Aontais
Leasú 70 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn II – mír 1 a (nua)
Dearbhaím go nglacaim le cumarsáid amach anseo maidir le vótáil sna toghcháin bhardasacha i gceann amháin nó níos mó de na teangacha seo a leanas:
Leasú 71 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn II – mír 1 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Táim i mo chónaí in ... (ainm an Bhallstáit chónaithe), le ... (tréimhse)1a
Áit/dáta:
Síniú:
1a Ná tugtar ach amháin má cheanglaítear sin leis an reachtaíocht náisiúnta.
Leasú 72 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn III – teideal
IARSCRÍBHINN III - Dearbhú foirmiúil arna chur isteach ag iarrthóirí Aontais
Leasú 73 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn III – mír 1 a (nua)
Dearbhaím go nglacaim le cumarsáid amach anseo maidir le seasamh mar iarrthóir sna toghcháin bhardasacha i gceann amháin nó níos mó de na teangacha seo a leanas:
Leasú 74 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn III – mír 1 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Táim i mo chónaí in ... (ainm an Bhallstáit chónaithe), le ... (tréimhse) (tréimhse)1a
Áit/dáta:
Síniú:
1a Ná tugtar ach amháin má cheanglaítear sin leis an reachtaíocht náisiúnta.