Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2021/0197(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0150/2022

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0150/2022

Díospóireachtaí :

CRE 07/06/2022 - 7
PV 14/02/2023 - 3
CRE 14/02/2023 - 3

Vótaí :

PV 08/06/2022 - 16.3
CRE 08/06/2022 - 16.3
Mínithe ar vótaí
PV 14/02/2023 - 8.11
CRE 14/02/2023 - 8.11
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2022)0234
P9_TA(2023)0039

Téacsanna atá glactha
PDF 120kWORD 53k
Dé Máirt, 14 Feabhra 2023 - Strasbourg
Caighdeáin astaíochtaí CO2 do ghluaisteáin agus do veaineanna
P9_TA(2023)0039A9-0150/2022
Rún
 Téacs

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Feabhra 2023 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/631 a mhéid a bhaineann leis na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 a láidriú do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma i gcomhréir le huaillmhian aeráide mhéadaithe an Aontais (COM(2021)0556 – C9-0322/2021 – 2021/0197(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0556),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a chuir an Coimisiún an togra faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa (C9‑0322/2021),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Seanad Éireann, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 19 Eanáir 2022(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 27 Eanáir 2022(2),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 16 Samhain 2022 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh agus ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A9-0150/2022),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é(3);

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 194, 12.5.2022, lch. 81.
(2) IO C 270, 13.7.2022, lch. 38.
(3) Cuirtear an seasamh seo in ionad na leasuithe arna nglacadh an 8 Meitheamh 2022 (Téacsanna a glacadh, P9_TA(2022)0234).


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 14 Feabhra 2023 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2023/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/631 a mhéid a bhaineann leis na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 a láidriú do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua i gcomhréir le huaillmhian aeráide mhéadaithe an Aontais
P9_TC1-COD(2021)0197

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2023/851.)

An nuashonrú is déanaí: 15 Bealtaine 2023Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais