Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2022/0099(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0048/2023

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0048/2023

Díospóireachtaí :

PV 29/03/2023 - 12
CRE 29/03/2023 - 12
PV 15/01/2024 - 14
CRE 15/01/2024 - 14

Vótaí :

PV 30/03/2023 - 5.6
CRE 30/03/2023 - 5.6
Mínithe ar vótaí
PV 16/01/2024 - 6.4
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2023)0092
P9_TA(2024)0002

Téacsanna atá glactha
PDF 327kWORD 126k
Déardaoin, 30 Márta 2023 - Brussels
Rialachán maidir le gáis fhluairínithe
P9_TA(2023)0092A9-0048/2023

Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 30 Márta 2023 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gáis ceaptha teasa fhluairínithe, lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 (COM(2022)0150 – C9-0142/2022 – 2022/0099(COD))(1)

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún   Leasú
Leasú 1
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 1
(1)   Leis an gComhaontú Glas don Eoraip seoladh straitéis nua fáis don Aontas a bhfuil sé d’aidhm aici sochaí chothrom rathúil a dhéanamh den Aontas, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha agus iomaíoch, a bheidh tíosach ó thaobh acmhainní de. Athdhearbhaítear leis an gcomhaontú uaillmhian an Choimisiúin chun a spriocanna aeráide a mhéadú agus chun go mbeidh an Eoraip ar an gcéad ilchríoch aeráidneodrach faoi 2050 agus tá sé d’aidhm leis sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ó rioscaí agus ó thionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. Thairis sin, tá an tAontas tiomanta do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a ghabhann leis.
(1)   Leis an gComhaontú Glas don Eoraip seoladh straitéis nua fáis don Aontas a bhfuil sé d’aidhm aici sochaí chothrom rathúil a dhéanamh den Aontas, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha agus iomaíoch, a bheidh tíosach ó thaobh acmhainní de. Athdhearbhaítear leis an gcomhaontú uaillmhian an Choimisiúin chun go mbeidh an Eoraip ar an gcéad ilchríoch aeráidneodrach agus lena mbaineann truailliú nialasach faoi 2050 agus tá sé d’aidhm leis sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ó rioscaí agus ó thionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. Thairis sin, tá an tAontas tiomanta do Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a (‘an Dlí Aeráide Eorpach’), don 8ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol, agus do Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe.
_________________________
1a Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
Leasú 2
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3
(3)   Glacadh Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle26 chun an méadú in astaíochtaí gás ceaptha teasa fluairínithe a aisiompú. Mar a léiríodh sa mheasúnú arna ullmhú ag an gCoimisiún, is é a bhí mar thoradh ar Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 laghdú ó bhliain go bliain ar astaíochtaí gás ceaptha teasa fluairínithe. Tá soláthar hidreafluaracarbón (‘HFCanna’) laghdaithe 37 % i dtonaí méadracha agus 47 % i dtéarmaí tonaí de choibhéis CO2 ó 2015 go 2019. Is léir go bhfuil athrú freisin maidir le húsáid roghanna malartacha le hacmhainneacht téite domhanda níos ísle, lena n‑áirítear roghanna malartacha nádúrtha (mar shampla CO2, amóinia, hidreacarbóin, uisce). in go leor cineálacha éagsúla trealaimh a d’úsáid gáis ceaptha teasa fhluairínithe go stairiúil
(3)   Glacadh Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle26 chun an méadú in astaíochtaí gás ceaptha teasa fluairínithe a aisiompú. Mar a léiríodh sa mheasúnú arna ullmhú ag an gCoimisiún, is é a bhí mar thoradh ar Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 laghdú ó bhliain go bliain ar astaíochtaí gás ceaptha teasa fluairínithe. Tá soláthar hidreafluaracarbón (‘HFCanna’) laghdaithe 37 % i dtonaí méadracha agus 47 % i dtéarmaí tonaí de choibhéis CO2 ó 2015 go 2019. Is léir go bhfuil athrú freisin maidir le húsáid roghanna malartacha le hacmhainneacht téite domhanda níos ísle, lena n‑áirítear roghanna malartacha nádúrtha (mar shampla aer, CO2, amóinia, hidreacarbóin, uisce). in go leor cineálacha éagsúla trealaimh a d’úsáid gáis ceaptha teasa fhluairínithe go stairiúil
_________________
_________________
26 Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le gáis cheaptha teasa fhluairínithe (IO L 150, 20.5.2014, lch. 195).
26 Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le gáis cheaptha teasa fhluairínithe (IO L 150, 20.5.2014, lch. 195).
Leasú 3
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 4 a (nua)
(4a)  Beartaítear le Plean RePowerEU go ndéanfar 20 milliún teaschaidéal nua sa bhreis a shuiteáil san Aontas faoi 2026 agus beagnach 60 milliún faoi 2030. Ba cheart céimniú síos iomlán HFC a bheith ann tráth nach déanaí ná 2050 a bheadh i gcomhréir le huaillmhianta éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais agus a bheadh comhlántach leo mar a leagtar síos iad, i measc nithe eile, sa Chomhaontú Glas don Eoraip, sa Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh (2012/27/EU), sa Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh (Treoir 2010/31/AE) agus i bPlean RePowerEU, lena n-áirítear glacadh feidhmeanna aisghabhála fuíollteasa a bhfuil tionchar íseal acu ar an aeráid, amhail teaschaidéil, chomh maith le hinfheistíochtaí sa leictriú, leathnú na heangaí cumhachta agus úsáid mhéadaithe ceallraí san earnáil fuinnimh agus iompair.
Leasú 4
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 6 b (nua)
(6b)  Tá sé an-tábhachtach go gcuirfidh an Coimisiún céimniú amach HFCanna san áireamh ina thograí reachtacha atá le teacht, amhail san athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú, agus Srianadh Ceimiceán (‘Rialachán REACH’) maidir le céimniú amach substaintí sárfhluarailcile agus polafluarailcile (PFAS).
Leasú 5
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 7
(7)   Chun comhleanúnachas a áirithiú leis na ceanglais tuairiscithe faoin bPrótacal, ba cheart acmhainneachtaí téite domhanda HFCanna a ríomh i dtéarmaí phoitéinseal téimh dhomhanda 100 bliain aon chileagraim gáis i gcoibhneas le cileagram amháin CO2 bunaithe ar an gCeathrú Tuarascáil Mheasúnaithe a ghlac IPCC. I gcás substaintí eile, ba cheart an Tuarascáil Mheasúnaithe IPCC is déanaí a úsáid. I gcás ina mbeidh sí ar fáil, ba cheart an acmhainneacht téite domhanda 20 bliain a sholáthar chun eolas níos fearr a thabhairt faoi thionchair aeráide na substaintí a chumhdaítear leis an Rialachán seo.
(7)   Chun comhleanúnachas a áirithiú leis na ceanglais tuairiscithe faoin bPrótacal, ba cheart acmhainneachtaí téite domhanda HFCanna a ríomh i dtéarmaí acmhainneacht téite domhanda 100 bliain aon chileagraim gáis i gcoibhneas le cileagram amháin CO2 bunaithe ar an gCeathrú Tuarascáil Mheasúnaithe a ghlac IPCC. I gcás substaintí eile, ba cheart an Tuarascáil Mheasúnaithe IPCC is déanaí a úsáid. I gcás ina mbeidh sí ar fáil, ba cheart an acmhainneacht téite domhanda 20 bliain a sholáthar chun eolas níos fearr a thabhairt faoi thionchair aeráide na substaintí a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Ba cheart don Choimisiún tacú do nuashonrú ar an leibhéal idirnáisiúnta a dheanamh ar luachanna GWP na ngás ceaptha teasa fluairínithe i gcomhréir leis an Séú Tuarascáil Mheasúnaithe arna glacadh ag IPCC.
Leasú 6
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 8
(8)   Is sárú tromchúiseach ar an Rialachán seo scaoileadh substaintí fluairínithe d’aon ghnó, i gcás ina mbeidh sé neamhdhleathach, agus ba cheart go mbeadh toirmeasc sainráite air; ba cheart go mbeadh sé d’oibleagáid ar oibreoirí trealaimh agus monaróirí trealaimh sceitheadh substaintí den sórt sin a chosc a mhéid agus is féidir, lena n‑áirítear trí scrúdú le haghaidh sceite a dhéanamh ar an trealamh is ábhartha.
(8)   Is sárú tromchúiseach ar an Rialachán seo scaoileadh substaintí fluairínithe d’aon ghnó, i gcás ina mbeidh sé neamhdhleathach, agus ba cheart go mbeadh toirmeasc sainráite air; ba cheart go mbeadh sé d’oibleagáid ar oibreoirí trealaimh agus monaróirí trealaimh sceitheadh substaintí den sórt sin a chosc a mhéid agus is féidir, lena n‑áirítear trí scrúdú le haghaidh sceite a dhéanamh ar an trealamh is ábhartha agus trí chórais braite sceite a shuiteáil de réir a chéile, lena n-áirítear ar theaschaidéil chónaitheacha, lena gcuirfí cosc ar chuisneáin dhíobhálacha a scaoileadh san atmaisféar, lena gcabhrófaí le húsáideoirí a dtionchar ar an gcomhshaol a íoslaghdú, chomh maith le marthanacht agus éifeachtúlacht fuinnimh na bhfearas a mhéadú.
Leasú 7
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9
(9)   Ós rud é go bhféadfadh astaíochtaí suntasacha de gháis ceaptha teasa fhluairínithe eile a tháirgtear mar sheachtháirgí a bheith mar thoradh ar phróiseas táirgthe roinnt comhdhúile fluairínithe, ba cheart na hastaíochtaí seachtháirgí sin a scriosadh nó a aisghabháil lena n-úsáid ina dhiaidh sin mar choinníoll chun gáis ceaptha teasa fhluairínithe a chur ar an. margadh. Ba cheart é a bheith de cheanglas ar tháirgeoirí agus ar allmhaireoirí taifead a dhéanamh ar na bearta a glacadh chun cosc a chur ar astaíochtaí trífhluaraimeatáin le linn an phróisis táirgthe.
(9)   Ós rud é go bhféadfadh astaíochtaí suntasacha de gháis ceaptha teasa fhluairínithe eile a tháirgtear mar sheachtháirgí a bheith mar thoradh ar phróiseas táirgthe roinnt comhdhúile fluairínithe, ba cheart na hastaíochtaí seachtháirgí sin a dhíothú nó a aisghabháil lena n-úsáid ina dhiaidh sin mar choinníoll chun gáis ceaptha teasa fhluairínithe a chur ar an margadh i gcomhréir leis an bPrótacal. Ba cheart a cheangal ar tháirgeoirí agus ar allmhaireoirí bearta maolaithe arna nglacadh chun astaíochtaí trífhluaraimeatáin a chosc le linn an phróisis táirgthe agus cruthúnas ar an scriosadh agus ar an aisghabháil a dhoiciméadú i gcomhréir leis na teicnící is fearr atá ar fáil.
Leasú 8
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 10
(10)   Chun astaíochtaí de shubstaintí fluairínithe a chosc, is gá forálacha a leagan síos maidir le substaintí a aisghabháil ó tháirgí agus trealamh agus maidir le sceite substaintí den sórt sin a chosc. Ba cheart cúir ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a chóireáil i gcomhréir le Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.30 Ba cheart oibleagáidí aisghabhála a leathnú chuig úinéirí agus conraitheoirí foirgníochta agus cúir áirithe á mbaint ó fhoirgnimh, chun laghduithe astaíochtaí a uasmhéadú.
(10)   Chun astaíochtaí de shubstaintí fluairínithe a chosc, is gá forálacha a leagan síos maidir le substaintí a aisghabháil ó tháirgí agus trealamh agus maidir le sceite substaintí den sórt sin a chosc. Ba cheart cúir ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a chóireáil i gcomhréir le Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.30 Ba cheart oibleagáidí aisghabhála a leathnú chuig úinéirí agus conraitheoirí foirgníochta agus cúir áirithe á mbaint ó fhoirgnimh, chun laghduithe astaíochtaí a uasmhéadú. Ní mór scéimeanna dramhthrealaimh leictrigh agus leictreonaigh sna Ballstáit a fheabhsú go mór chun aisghabháil, athchúrsáil agus athshlánú cuisneán a éascú ar bhealach níos fearr, lena n-áirítear teaschaidéil chónaitheacha.
_________________
_________________
30 Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL) (IO L 197, 24.7.2012, lch. 38).
30 Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL) (IO L 197, 24.7.2012, lch. 38).
Leasú 9
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 10 a (nua)
(10a)  D’ainneoin GWP ard agus úsáid mhéadaitheach fluairíde sulfairile, ní dhearnadh rialáil ná faireachán ar astaíochtaí an gháis cheaptha teasa fhluairínithe sin agus ní chumhdaítear iad le haon cheanglais tuairiscithe faoi Chomhaontú Pháras. Ó 2025 ar aghaidh, ba cheart d’oibreoirí a áirithiú go ndéanfar fluairíd sulfairile a aisghabháil tar éis toitrithe, más indéanta go teicniúil í agus mura bhfuil costas díréireach ag baint léi.
Leasú 10
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 10 b (nua)
(10b)  Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbunófar scéimeanna freagrachta táirgeora chun gáis ceaptha teasa fhluairínithe a bhfuil a ré caite a chóireáil. Ba cheart don Choimisiún íoscheanglais a leagan amach do na scéimeanna freagrachta táirgeora sin, lena n-áirítear maidir le bailiú, mínghlanadh, athchúrsáil, saoráidí diúscartha, soláthar trealaimh do theicneoirí deimhnithe, tuairisciú agus ardú feasachta.
Leasú 11
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 11
(11)   Chun úsáid teicneolaíochtaí nach bhfuil aon tionchar acu nó nach bhfuil tionchar níos lú acu ar an aeráid a spreagadh, ar teicneolaíochtaí iad a d’fhéadfadh a bheith i gceist le húsáid substaintí atá tocsaineach, inadhainte nó an-bhrúchóirithe, ba cheart go gcumhdófaí le hoiliúint daoine nádúrtha a chuireann gníomhaíochtaí a bhaineann le gáis ceaptha teasa fhluairínithe i gcrích teicneolaíochtaí a thagann in ionad úsáid gás ceaptha teasa fluairínithe nó a laghdaíonn úsáid na ngás ceaptha teasa fluairínithe, lena n-áirítear faisnéis faoi ghnéithe éifeachtúlachta fuinnimh agus faoi na rialacháin agus na caighdeáin theicniúla is infheidhme. Maidir le cláir deimhniúcháin agus oiliúna arna mbunú faoi Rialachán (AE) Uimh. 517/2014, ar féidir iad a chomhtháthú i gcórais náisiúnta gairmoiliúna, ba cheart iad a athbhreithniú nó a chur in oiriúint do theicneoirí cumasúcháin chun teicneolaíochtaí malartacha a láimhseáil go sábháilte.
(11)   Chun úsáid teicneolaíochtaí nach bhfuil aon tionchar acu nó nach bhfuil tionchar níos lú acu ar an aeráid a spreagadh, ar teicneolaíochtaí iad a d’fhéadfadh a bheith i gceist le húsáid substaintí atá tocsaineach, inadhainte nó an-bhrúchóirithe, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil líon ard daoine nádúrtha ann atá oilte agus deimhnithe a chuireann gníomhaíochtaí a bhaineann le gáis ceaptha teasa fhluairínithe i gcrích agus le teicneolaíochtaí a thagann in ionad úsáid gás ceaptha teasa fluairínithe nó a laghdaíonn úsáid na ngás ceaptha teasa fluairínithe. Ba cheart go n-áiritheofar san oiliúint faisnéis faoi ghnéithe éifeachtúlachta fuinnimh agus faoi na rialacháin agus na caighdeáin theicniúla is infheidhme. Maidir le cláir deimhniúcháin agus oiliúna arna mbunú faoi Rialachán (AE) Uimh. 517/2014, ar féidir iad a chomhtháthú i gcórais náisiúnta gairmoiliúna, ba cheart iad a athbhreithniú nó a chur in oiriúint do theicneoirí cumasúcháin chun teicneolaíochtaí malartacha a láimhseáil go sábháilte.
Leasú 12
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 11 a (nua)
(11a)  I mí na Bealtaine 2022, thíolaic an Coimisiún Eorpach Plean RePowerEU, mar fhreagairt ar an gcruatan agus ar an míshocracht sa mhargadh fuinnimh domhanda arb é ionradh na Rúise ar an Úcráin ba chúis leis, agus é mar aidhm leis an bhfreagairt sin deireadh a chur le spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise na Rúise agus dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide. Tá sprioc sa Phlean chun 10 milliún teaschaidéal hidreaneacha a rolladh amach faoi 2027 agus chun an ráta úsáide teaschaidéal a dhúbailt faoi 2030. Cé gur thosaigh tionscal na dteaschaidéal ag infheistiú i roghanna eile HFC, d’fhéadfadh sé a bheith dúshlánach táirgeadh teaschaidéal atá bunaithe ar HFC a ionadú go tapa le roghanna malartacha nádúrtha agus an méid teaschaidéal ar a ndíríonn RePowerEU a sheachadadh ar an margadh. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar fhorbairtí sa mhargadh agus ba cheart dó méid breise de chuótaí HFC a sholáthar do thionscal na teaschaidéal, i gcás ina gcruthaíonn laghdú céimnitheach an chuóta HFC a leagtar amach in Iarscríbhinn VII míshocrachtaí i margadh teaschaidéil an Aontais a mhéid a chuirfeadh baint amach spriocanna imlonnaithe teaschaidéil RePowerEU i mbaol.
Leasú 13
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 11 b (nua)
(11b)  Mar thoradh ar an aistriú i dtreo roghanna malartacha hidreafluaracarbóin a úsáid, laghdófar costais do ghnóthais mar thoradh ar cheannach chuótaí HFC a seachaint, agus spreagfaidh sé nuálaíocht agus fostaíocht ghlas. Ba cheart do na Ballstáit, áfach, aistriú cothrom agus cóir a áirithiú, gan aon duine a fhágáil ar leataobh, don phearsanra atá fostaithe ag gnóthais nach n-éiríonn leo san aistriú chuig roghanna malartacha nádúrtha.
Leasú 14
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 12
(12)   Toirmisc atá ann faoi láthair maidir le húsáidí sonracha heicseafluairíd sulfair, an tsubstaint is díobhálaí i leith na haeráide atá ar ár n‑eolas, ba cheart iad a choinneáil agus a chomhlánú le toirmisc bhreise maidir leis an úsáid in earnáil ríthábhachtach an dáilte fuinnimh.
(12)   Toirmisc atá ann faoi láthair maidir le húsáidí sonracha heicseafluairíd sulfair, an tsubstaint is díobhálaí i leith na haeráide atá ar ár n‑eolas, ba cheart iad a choinneáil agus a chomhlánú le toirmisc bhreise maidir leis an úsáid in earnáil ríthábhachtach an dáilte fuinnimh. Ní cheanglaítear leis an Rialachán seo lascthrealamh atá suiteáilte cheana féin san eangach chumhachta a athsholáthar ar na dátaí a léirítear in Iarscríbhinn IV. Níor cheart ceangal a chur ar oibreoirí eangaí lascthrealamh nua a shuiteáil a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach san Iarscríbhinn sin ach amháin nuair a chinneann siad, amhail ó na dátaí a shonraítear inti, lascthrealamh atá suiteáilte cheana féin a athsholáthar nó lascthrealamh breise a shuiteáil san eangach chumhachta.
Leasú 15
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 12 a (nua)
(12a)  Leis an luathú i margadh an aerchóirithe agus an trealaimh teaschaidéil agus leis an láimhdeachas teicneolaíochta sa chuisniúchán, neartaítear an gá atá ann do na Ballstáit cur lena n-iarrachtaí chun a áirithiú gur leor na cláir dheimhniúcháin agus oiliúint chun cuspóirí aeráide an Aontais a bhaint amach.
Leasú 16
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 13
(13)   I gcás ina bhfuil roghanna malartacha oiriúnacha ar gháis ceaptha teasa fhluairínithe sonracha ar fáil, ba cheart toirmisc a thabhairt isteach maidir le trealamh nua a chur ar an margadh le haghaidh cuisniúcháin, aerchóirithe agus cosanta ar dhóiteáin a bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe iontu nó a fheidhmítear trí úsáid a bhaint as na gáis sin. I gcás nach bhfuil fáil ar roghanna malartacha nó i gcás nach féidir leas a bhaint astu ar chúiseanna teicniúla, sábháilteachta nó eacnamaíocha, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann díolúine a údarú faoi cheann tréimhse teoranta faoina gceadófar na táirgí sin agus an trealamh sin a chur ar an margadh.
(13)   I gcás ina bhfuil roghanna malartacha oiriúnacha ar gháis ceaptha teasa fhluairínithe sonracha ar fáil, ba cheart toirmisc a thabhairt isteach maidir le trealamh nua a chur ar an margadh le haghaidh cuisniúcháin, aerchóirithe agus cosanta ar dhóiteáin, cúir agus aerasóil theicniúla a bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe iontu nó a fheidhmítear trí úsáid a bhaint as na gáis sin. I gcás nach bhfuil fáil ar roghanna malartacha nó i gcás nach féidir leas a bhaint astu ar chúiseanna teicniúla, sábháilteachta nó eacnamaíocha, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann díolúine a údarú faoi cheann tréimhse 4 bliana ar a mhéid faoina gceadófar na táirgí sin agus an trealamh sin a chur ar an margadh. Ba cheart go bhféadfaí an díolúine sin a athnuachan más rud é, tar éis measúnú a dhéanamh ar iarraidh nua ar dhíolúine chuí-réasúnaithe, go gcinneann an Coimisiún, tríd an nós imeachta coiste, nach bhfuil roghanna malartacha fós ar fáil. 
Leasú 159
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 13 a (nua)
(13a)  Maidir leis an toirmeasc ar pháirteanna trealaimh a bhfuil toirmeasc orthu faoin Rialachán seo a chur ar an margadh, níor cheart feidhm a bheith aige maidir le páirteanna is gá chun trealamh atá ann agus suiteáilte cheana a dheisiú agus a sheirbhísiú chun a áirithiú go mbeidh trealamh den sórt sin fós indeisithe agus inchoimeádta ar feadh a shaolré iomláine, agus ar an gcaoi sin seachnófar an gá le trealamh agus bonneagar fuinnimh atá ann cheana a athsholáthar gan údar, rud a d’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith aige ar iarrachtaí dícharbónaithe. Níor cheart go mbeadh méadú ar thoilleadh an trealaimh ná méadú ar líon na ngás fluairínithe atá sa trealamh ná méadú ar líon na ngás fluairínithe arna n-úsáid mar thoradh ar dheisiú ná ar sheirbhísiú a n-úsáidtear na páirteanna spártha sin ina leith.
Leasú 17
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 13 b (nua)
(13b)  Ba cheart don Choimisiún a iarraidh ar na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha a fhorbairt agus a thabhairt cothrom le dáta chun cur chun feidhme rianúil na srianta ar chur ar an margadh a leagtar síos sa Rialachán seo a áirithiú. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar caighdeáin náisiúnta agus cóid tógála a thabhairt cothrom le dáta chun na teorainneacha muirear incheadaithe maidir le cuisneáin inadhainte a léiriú, lena n-áirítear IEC 60335-2-89 agus IEC 60335-2-40 agus ba cheart dóibh tuairisciú ar a n-iarrachtaí chun na críche sin agus ar aon eisceachtaí maidir lena dtabhairt cothrom le dáta.
Leasú 18
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 13 c (nua)
(13c)  Agus scrúdú á dhéanamh aige an bhfuil roghanna malartacha ann seachas gáis cheaptha teasa fhluairínithe shonracha a úsáid, ba cheart don Choimisiún ní hamháin a mheas an ann do rogha theicniúil, ach ba cheart dó an rogha mhalartach sin a mheas chomh leathan agus is féidir. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún a mheas, inter alia, an bhfuil an rogha mhalartach inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de agus an féidir an rogha mhalartach a úsáid go forleathan ar chúiseanna praiticiúla. Go háirithe, ba cheart don Choimisiún cás na bhfiontar beag agus meánmhéide (FBManna) a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh aige an féidir rogha eile a chur i bhfeidhm go réalaíoch. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann foráil a dhéanamh freisin d’eisceachtaí is infheidhme maidir le FBManna.
Leasú 19
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 13 d (nua)
(13d)  Chun análóirí dáileoige méadraithe a tháirgeadh chun comhábhair chógaisíochta a sheachadadh, úsáidtear cion neamhdhiomaibhseach de na HFCanna uile a ídítear san Aontas. Mar sin féin, tá forbairt á dhéanamh ag an tionscal ar MDIanna ina n-úsáidtear gáis cheaptha teasa fhluairínithe le GWP níos ísle agus roghanna malartacha nádúrtha. Áirítear sa Rialachán seo an earnáil MDI i gcóras cuótaí HFC, rud a chruthóidh dreasacht don tionscal a chonair i dtreo roghanna malartacha níos glaine a bhaint amach. Chun aistriú rianúil i dtreo roghanna malartacha glana a chumasú, tugtar isteach le hIarscríbhinn VII agus VIII a ghabhann leis an Rialachán seo sásra cuótaí forchoimeádta d’earnáil MDI don chéad dá thréimhse leithdháilte cuóta. Ba cheart go mbeadh an earnáil MDI in ann méid cuótaí a fháil a chomhfhreagraíonn dá tomhaltas reatha iomlán le linn na chéad tréimhse leithdháilte tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus méid cuótaí a chomhfhreagraíonn do 70 % dá tomhaltas reatha le linn an dara tréimhse leithdháilte.
Leasú 20
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 13 e (nua)
(13e)  Is táirgí leighis iad MDInna atá faoi réir dianmheasúnuithe lena n-áirítear staidéir chliniciúla chun sábháilteacht othar a áirithiú. Ba cheart don Choimisiún, do na Ballstáit agus dá n-údaráis inniúla, agus don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) comhoibriú go dlúth lena áirithiú go mbeidh próiseas formheasa rianúil ann maidir le MDInna ina n-úsáidtear gáis fhluairínithe a bhfuil GWP níos ísle acu agus roghanna malartacha ar gháis fhluairínithe, agus ar an gcaoi sin an t-aistriú chuig réitigh ghlana a áirithiú gan difear a dhéanamh d’inrochtaineacht, d’infhaighteacht agus d’inacmhainneacht cógas bunriachtanach.
Leasú 21
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 13 f (nua)
(13f)  D’fhéadfadh gáis fhluairínithe a bheith i roinnt trealaimh fuaraithe a úsáidtear i gcomhar le ceallraí atá ag teastáil le haghaidh aistriú fuinnimh an Aontais. Mar sin féin, ní dhearnadh anailís ar an earnáil sin sa Mheasúnú Tionchair a ghabhann leis an Rialachán seo. Ina thuarascáil ar chur chun feidhme an Rialacháin seo, atá le tíolacadh faoin 1 Eanáir 2027, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar thionchar an Rialacháin seo ar mhargadh ceallraí an Aontais.
Leasú 22
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 13 g (nua)
(13g)  Sa teachtaireacht uaidh an 14 Deireadh Fómhair 2020, dar teideal ‘Chemicals Strategy for Sustainability Towards a Toxic-Free Environment’ [Straitéis Ceimiceán don Inbhuanaitheacht i dTreo Timpeallacht Saor ó Thocsainí], cuireann an Coimisiún i bhfios go bhfuil gá le haird ar leith a thabhairt ar PFAS, i bhfianaise líon mór cásanna éillithe ithreach agus uisce, lena n-áirítear uisce óil, san Aontas agus ar fud an domhain, i bhfianaise líon na ndaoine atá buailte le speictream iomlán tinnis agus i bhfianaise na gcostas sochaíoch agus eacnamaíoch a bhaineann leo, agus leagtar síos an cuspóir PFAS a chéimniú amach san Aontas ach amháin má chruthaítear gur riachtanach é don tsochaí. Chun comhleanúnachas le beartas an Aontais agus ardleibhéal cosanta sláinte agus comhshaoil a áirithiú, agus ós rud é go bhfuil roghanna malartacha neamhthocsaineacha ar fáil, níor cheart go spreagfaí leis an Rialachán seo HFCanna a ionadú le gáis cheaptha teasa fhluairínithe ar PFAS iad freisin, a dtáirgeann a dtáirgeadh PFAS nó a dhianscaoileann ina PFAS ar shlí eile. Má cheadaítear leis na toirmisc in Iarscríbhinn IV táirgí agus trealamh ina bhfuil PFAS a chur ar an margadh agus a onnmhairiú, tá sé tábhachtach go n-oibreoidh na Ballstáit leis an tionscal chun infheistíochtaí a dhíriú isteach i roghanna malartacha. Cuirfidh sé sin cosc freisin ar shócmhainní tréigthe, dá dtabharfaí isteach toirmisc ar PFAS leis an athbhreithniú ar Rialachán REACH. Díreach tar éis Rialachán athbhreithnithe REACH a ghlacadh, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar chomhleanúnachas idir an Rialachán seo agus an Rialachán sin.
Leasú 23
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 15
(15)   Ba cheart cosc a chur ar choimeádáin neamh-inathlíonta le haghaidh substaintí ídithe ózóin, ós rud é gur cinnte go bhfanann méid áirithe substainte sna coimeádáin sin nuair a dhéantar iad a fholmhú, agus scaoiltear an tsubstaint isteach san atmaisféar ansin. In leith sin, ba cheart leis an Rialachán seo, toirmeasc a chur ar a n-allmhairiú, ar iad a chur ar an margadh, ar iad a sholáthar nó ar iad a chur ar fáil ar an margadh ina dhiaidh sin, ar a n-úsáid, ach amháin i gcás úsáidí saotharlainne agus anailíse, agus ar a n-onnmhairiú.
(15)   Ba cheart cosc a chur ar choimeádáin neamh-inathlíonta de gháis ceaptha teasa fhluairínithe, ós rud é gur cinnte go bhfanann méid áirithe cuisneáin sna coimeádáin sin nuair a dhéantar iad a fholmhú, agus a scaoiltear ansin isteach san atmaisféar. In leith sin, ba cheart leis an Rialachán seo, toirmeasc a chur ar a n-allmhairiú, ar iad a chur ar an margadh, ar iad a sholáthar nó ar iad a chur ar fáil ar an margadh ina dhiaidh sin, ar a n-úsáid, ach amháin i gcás úsáidí saotharlainne agus anailíse, agus ar a n-onnmhairiú. Chun nach dtarlóidh sé nach n-athlíonfar coimeádáin in-athlíonta agus chun go gcuirtear i leataobh ina ionad sin, ba cheart a cheangal ar ghnóthais dearbhú comhréireachta a sholáthar lena n-áirítear fianaise ar na socruithe atá i bhfeidhm maidir le coimeádáin a thabhairt ar ais chun iad a athlíonadh nuair a chuirtear coimeádáin in-athlíonta ar an margadh.
Leasú 24
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 15 a (nua)
(15a)  Ós rud é go bhféadfadh sé nach mbeadh dianoibleagáidí aisghabhála ar gháis ceaptha teasa fhluairínithe ag tríú tíortha, go háirithe tíortha atá i mbéal forbartha, ná nach mbeadh an bonneagar iomchuí acu chun na gáis sin a bhainistiú ag deireadh a ré, d’fhéadfadh sé go mbeadh scaoileadh na ngás sin isteach san atmaisféar mar thoradh ar onnmhairiú táirgí agus trealaimh ina bhfuil na gáis sin chuig tríú tíortha. Faoi chuimsiú iarrachtaí domhanda an Aontais an t-athrú aeráide a mhaolú, ba cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag na toirmisc ar tháirgí agus ar threalamh a leagtar síos in Iarscríbhinn IV maidir lena gcur ar mhargadh an Aontais agus maidir lena n-onnmhairiú ón Aontas chuig tríú tíortha.
Leasú 25
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 17
(17)   Chun an Prótacal a chur chun feidhme, lena n‑áirítear laghdú de réir ar a chéile ar chainníochtaí HFCanna, ba cheart don Choimisiún leanúint de bheith ag leithdháileadh cuótaí ar tháirgeoirí agus allmhaireoirí aonair chun HFCanna a chur ar an margadh, rud lena n‑áiritheofar nach sárófar an teorainn chainníochtúil fhoriomlán a cheadaítear faoin bPrótacal. Chun iontaofacht an laghdaithe de réir a chéile ar chainníochtaí HFCanna a chuirtear ar an margadh a chosaint, ba cheart go leanfaí de HFCanna atá i dtrealamh a chur san áireamh faoin gcóras cuótaí.
(17)   Chun an Prótacal a chur chun feidhme, lena n‑áirítear laghdú de réir ar a chéile ar chainníochtaí HFCanna, ba cheart don Choimisiún leanúint de bheith ag leithdháileadh cuótaí ar tháirgeoirí agus allmhaireoirí aonair chun HFCanna a chur ar an margadh, rud lena n‑áiritheofar nach sárófar an teorainn chainníochtúil fhoriomlán a cheadaítear faoin bPrótacal. Ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann, ar bhonn eisceachtúil, díolúine suas le 4 bliana a údarú maidir le hidreacarbóin a eisiamh ón gcóras cuótaí lena n-úsáid i bhfeidhmeanna sonracha nó i gcatagóirí sonracha táirgí nó trealaimh. Ba cheart go bhféadfaí an díolúine sin a athnuachan más rud é, tar éis measúnú a dhéanamh ar iarraidh nua ar dhíolúine chuí-réasúnaithe, go gcinneann an Coimisiún, tríd an nós imeachta coiste, nach bhfuil roghanna malartacha fós ar fáil. Chun iontaofacht an laghdaithe de réir a chéile ar chainníochtaí HFCanna a chuirtear ar an margadh a chosaint, ba cheart go leanfaí de HFCanna atá i dtrealamh a chur san áireamh faoin gcóras cuótaí.
Leasú 26
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 20
(20)   I bhfianaise luach margaidh an chuóta leithdháilte, is iomchuí praghas a éileamh dá leithdháileadh. Seachnaítear leis sin ilroinnt bhreise an mhargaidh chun aimhleasa na ngnóthas sin a bhfuil gá acu le soláthar HFC agus atá ag brath cheana féin ar thrádáil HFC sa mhargadh atá ag meath. Glactar leis go bhfuil cinneadh déanta ag gnóthais a chinneann gan aon chuóta a éileamh agus a íoc, a mbeadh siad ina dteideal sa bhliain nó sna blianta roimh ríomh na luachanna tagartha, an margadh a fhágáil agus, dá bhrí sin, nach bhfaigheann siad luach tagartha nua. Ba cheart an t-ioncam a úsáid chun costais riaracháin a chumhdach.
(20)   I bhfianaise luach margaidh an chuóta leithdháilte, is iomchuí praghas a éileamh dá leithdháileadh. Seachnaítear leis sin ilroinnt bhreise an mhargaidh chun aimhleasa na ngnóthas sin a bhfuil gá acu le soláthar HFC agus atá ag brath cheana féin ar thrádáil HFC sa mhargadh atá ag meath. Glactar leis go bhfuil cinneadh déanta ag gnóthais a chinneann gan aon chuóta a éileamh agus a íoc, a mbeadh siad ina dteideal sa bhliain nó sna blianta roimh ríomh na luachanna tagartha, an margadh a fhágáil agus, dá bhrí sin, nach bhfaigheann siad luach tagartha nua. Ba cheart go méadódh praghas an chuóta sin le himeacht ama chun sruth ioncaim cobhsaí a sholáthar. Ba cheart an t-ioncam a úsáid chun costais riaracháin a chumhdach, chun tacú le fothú acmhainní, le cur chun feidhme agus le forfheidhmiú acmhainní, agus chun dlús a chur le húsáid roghanna malartacha ar gháis cheaptha teasa fhluairínithe.
Leasú 27
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 25
(25)   Chun a áirithiú go bhfuil tuairiscí maidir le cainníochtaí substaintiúla substaintí cruinn agus go bhfuil na cainníochtaí hidreafluaracarbón atá i dtrealamh réamhluchtaithe á gcur san áireamh faoi chóras cuóta an Aontais, ba cheart fíorú tríú páirtí a éileamh.
(25)   Chun a áirithiú go bhfuil tuairiscí maidir le cainníochtaí substaintiúla substaintí cruinn agus go bhfuil na cainníochtaí hidreafluaracarbón atá i dtrealamh réamhluchtaithe á gcur san áireamh faoi chóras cuóta an Aontais, ba cheart fíorú neamhspleách tríú páirtí a éileamh.
Leasú 28
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 28 a (nua)
(28a)  Ba cheart d’údaráis chustaim faireachán a dhéanamh féachaint ar fhág táirgí a chumhdaítear faoin Rialachán seo, ar táirgí iad a dhearbhaítear a bheith faoi bhealach, críoch chustaim an Aontais go hiarbhír. Chun na críche sin, ba cheart go gcoimeádfadh na húdaráis chustaim taifid faoin ngnóthas atá ag déanamh an idirthurais.
Leasú 29
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 29
(29)   Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil na hacmhainní iomchuí agus an t-eolas iomchuí ag na húdaráis chustaim atá i mbun rialuithe faoin Rialachán seo, mar shampla trí oiliúint a chur ar fáil dóibh, agus go bhfuil go leor acmhainní acu chun aghaidh a thabhairt ar chásanna trádála neamhdhleathaí na ngás agus na dtáirgí agus an trealaimh a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Ba cheart do na Ballstáit na hoifigí custaim sin a chomhlíonann na coinníollacha sin a ainmniú agus sainordú a thabhairt dóibh, dá bhrí sin, chun rialuithe custaim a dhéanamh ar allmhairí, ar onnmhairí agus i gcásanna idirthurais.
(29)   Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil na hacmhainní iomchuí agus an t-eolas iomchuí ag na húdaráis chustaim atá i mbun rialuithe faoin Rialachán seo, mar shampla trí oiliúint a chur ar fáil dóibh, agus go bhfuil go leor acmhainní acu chun aghaidh a thabhairt ar chásanna trádála neamhdhleathaí na ngás agus na dtáirgí agus an trealaimh a chumhdaítear leis an Rialachán seo.
Leasú 30
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 32
(32)   Ba cheart toirmeasc a chur ar allmhairiú agus onnmhairiú hidreafluaracarbón chomh maith le táirgí agus trealamh ina bhfuil hidreafluaracarbóin nó a bhraitheann a bhfeidhmiú ar na gáis sin chuig Stát nach bhfuil ina pháirtí sa Phrótacal agus ón stát sin ó 2028 amach. Tugadh an toirmeasc comhthreomhar a shamhlaítear faoin bPrótacal ó 2033 amach chun tosaigh dá bhrí sin, chun a áirithiú go dtabharfaidh bearta domhanda Leasú Kigali maidir le laghdú HFCanna an sochar a shamhlaítear don aeráid a luaithe is féidir.
(32)   Ba cheart toirmeasc a chur ar allmhairiú agus onnmhairiú hidreafluaracarbón chomh maith le táirgí agus trealamh ina bhfuil hidreafluaracarbóin nó a bhraitheann a bhfeidhmiú ar na gáis sin chuig Stát nach bhfuil ina pháirtí sa Phrótacal agus ón stát sin ó 2028 amach. Samhlaítear faoin bPrótacal an toirmeasc sin ó 2033 amach, is é an cuspóir a bhí ag a chur chun feidhme roimh seo faoin Rialachán seo ná chun a áirithiú go dtabharfaidh bearta domhanda Leasú Kigali maidir le laghdú HFCanna an sochar a shamhlaítear don aeráid a luaithe is féidir.
Leasú 31
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 34 a (nua)
(34a)  Gan dochar d’inniúlachtaí agus do cheannasacht na mBallstát, ba cheart pionóis a bheith chomh comhleanúnach agus is féidir. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún na héagsúlachtaí idir pionóis idir na Ballstáit a leagan amach gach 4 bliana agus tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
Leasú 32
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 37
(37)   Is féidir le sceithirí faisnéis nua a chur ar a súile do na húdaráis inniúla, rud a d’fhéadfadh cuidiú leis na húdaráis inniúla sáruithe ar an Rialachán seo a bhrath agus é a chur ar a gcumas pionóis a fhorchur. Ba cheart a áirithiú go mbeidh socruithe leordhóthanacha i bhfeidhm chun sceithirí a chumasú na húdaráis inniúla a chur ar an eolas maidir le sáruithe iarbhír nó féideartha ar an Rialachán seo agus na sceithirí a chosaint ar fhrithbhearta. Chun na críche sin, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo go mbeidh Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle36 infheidhme i ndáil le sáruithe ar an Rialachán seo a thuairisciú agus maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe den sórt sin.
(37)   Is féidir le sceithirí faisnéis nua a chur ar a súile do na húdaráis inniúla, rud a d’fhéadfadh cuidiú leis na húdaráis inniúla sáruithe ar an Rialachán seo a bhrath agus é a chur ar a gcumas pionóis a fhorchur. Ba cheart a áirithiú go mbeidh socruithe leormhaithe i bhfeidhm chun sceithirí a chumasú chun na húdaráis inniúla a chur ar an eolas maidir le sáruithe iarbhír nó féideartha ar an Rialachán seo agus na sceithirí a chosaint go héifeachtach ar fhrithbhearta. Chun na críche sin, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo go mbeidh Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle36 infheidhme i ndáil le sáruithe ar an Rialachán seo a thuairisciú agus maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe den sórt sin.
_________________
_________________
36 Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).
36 Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).
Leasú 33
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 37 a (nua)
(37a)  I dteachtaireacht an 14 Deireadh Fómhair 2020 ón gCoimisiún maidir le ‘Feabhas a chur ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil in AE agus ina Bhallstáit’, cuireadh i bhfios go láidir gur gá forálacha a áireamh i ndáil le rochtain ar cheartas i dtograí reachtacha AE maidir le dlí AE nua nó athbhreithnithe a bhaineann le cúrsaí comhshaoil. Cuirtear san áireamh sa Rialachán seo forálacha maidir le rochtain ar cheartas chun coinníollacha comhionanna maidir le rochtain ar cheartas a áirithiú sna Ballstáit i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas in Ábhair Chomhshaoil (‘Coinbhinsiún Aarhus’).
Leasú 34
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 39
(39)   Le linn don Choimisiún an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart dó fóram dá ngairtear Fóram Comhairliúcháin a bhunú chun rannpháirtíocht chothrom a áirithiú maidir le hionadaithe na mBallstát agus ionadaithe na sochaí sibhialta, lena n‑áirítear eagraíochtaí comhshaoil, ionadaithe monaróirí, oibreoirí agus daoine deimhnithe.
(39)   Ba cheart don Choimisiún fóram dá ngairtear Fóram Comhairliúcháin a bhunú chun cur chun feidhme an Rialacháin seo a éascú. Ba cheart don Fhóram Comhairliúcháin rannpháirtíocht chothrom a áirithiú maidir le hionadaithe na mBallstát agus na ngeallsealbhóirí ábhartha uile, lena n-áirítear ionadaithe eagraíochtaí comhshaoil, comhlachais othar agus eagraíochtaí gairmithe cúraim sláinte, ionadaithe monaróirí, oibreoirí agus daoine deimhnithe. Ba cheart don Fhóram Comhairliúcháin comhoibriú leis na Gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, go háirithe EMA.
Leasú 35
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 40
(40)   Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le fianaise atá le soláthar ar scriosadh nó aisghabháil seachtháirgeadh hidreafluaracarbón-23 le linn monaraíocht substaintí fluairínithe eile; ceanglais maidir le seiceálacha le haghaidh sceite; formáid na dtaifead, a mbunú agus a gcothabháil; na ceanglais íosta maidir le cláir deimhniúcháin agus dearbhuithe oiliúna; formáid maidir le fógra i leith deimhniúcháin agus clár oiliúna; díolúintí maidir le táirgí agus trealamh a thagann faoi thoirmeasc maidir le cur ar an margadh; formáid na lipéad; cinneadh na gceart táirgthe le haghaidh táirgeoirí hidreafluaracarbón; díolúintí ón gceanglas cuóta maidir le hidreafluaracarbóin atá le húsáid i bhfeidhmeanna sonracha, nó catagóirí sonracha táirgí nó trealaimh; cinneadh na luachanna tagartha le haghaidh táirgeoirí agus allmhaireoirí maidir le hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh; na módúlachtaí agus socruithe mionsonraithe chun an méid atá dlite a íoc; socruithe mionsonraithe maidir le dearbhú comhréireachta le haghaidh trealamh réamhluchtaithe agus a bhfíoraithe chomh maith le maidir le creidiúnú fíoraitheorí; feidhmiú rianúil na clárlainne; an t-údarú i leith trádáil a dhéanamh le heintitis nach gcumhdaítear leis an bPrótacal; sonraí maidir le tuairisciú a fhíorú agus creidiúnú fíoraitheoirí agus an fhormaid maidir le tuairiscí a chur isteach. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle37.
(40)   Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le fianaise atá le soláthar ar scriosadh nó aisghabháil seachtháirgeadh hidreafluaracarbón-23 le linn monaraíocht substaintí fluairínithe eile; ceanglais maidir le seiceálacha le haghaidh sceite; formáid na dtaifead, a mbunú agus a gcothabháil; na ceanglais íosta maidir le cláir deimhniúcháin agus dearbhuithe oiliúna; formáid maidir le fógra i leith deimhniúcháin agus clár oiliúna; díolúintí maidir le táirgí agus trealamh a thagann faoi thoirmeasc maidir le cur ar an margadh; formáid na lipéad; cinneadh na gceart táirgthe le haghaidh táirgeoirí hidreafluaracarbón; cinneadh mhionsonraí an dearbhaithe comhréireachta do choimeádáin in-athlíonta le haghaidh gáis cheaptha teasa fhluairínithe, lena n-áirítear fianaise lena ndeimhnítear go bhfuil socruithe i bhfeidhm chun an coimeádán sin a thabhairt ar ais chun iad a athlíonadh; díolúintí ón gceanglas cuóta maidir le hidreafluaracarbóin atá le húsáid i bhfeidhmeanna sonracha, nó catagóirí sonracha táirgí nó trealaimh; cinneadh na luachanna tagartha le haghaidh táirgeoirí agus allmhaireoirí maidir le hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh; na módúlachtaí agus socruithe mionsonraithe chun an méid atá dlite a íoc; socruithe mionsonraithe maidir le dearbhú comhréireachta le haghaidh trealamh réamhluchtaithe agus a bhfíoraithe chomh maith le maidir le creidiúnú fíoraitheorí; feidhmiú rianúil na clárlainne; an t-údarú i leith trádáil a dhéanamh le heintitis nach gcumhdaítear leis an bPrótacal; sonraí maidir le tuairisciú a fhíorú agus creidiúnú fíoraitheoirí agus an fhormaid maidir le tuairiscí a chur isteach. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle37.
_________________
_________________
37 Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
37 Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
Leasú 36
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 41
(41)   Chun eilimintí áirithe neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’) i leith liosta táirgí agus trealaimh a bhunú a bhfuil aisghabháil gás nó a scriosadh indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch agus sonraíocht na dteicneolaíochtaí atá le cur i bhfeidhm; ceanglais lipéadaithe; eisiamh ceanglas cuóta maidir le hidreafluaracarbóin i gcomhréir le cinntí na bPáirtithe sa Phrótacal; maidir leis na méideanna atá dlite le haghaidh leithdháileadh an chuóta agus an sásra chun na cuótaí atá fágtha a leithdháileadh; bearta breise maidir le faireachán a dhéanamh ar na substaintí agus na táirgí agus an trealamh a chuirtear faoi stóráil shealadach agus nósanna imeachta custaim; na rialacha is infheidhme maidir le táirgí agus trealamh a allmhairítear ó aon eintiteas agus a onnmhairítear chuig aon eintiteas nach gcumhdaítear leis an bPrótacal a scaoileadh i saorchúrsaíocht; acmhainn téimh domhanda na substaintí liostaithe a thabhairt cothrom le dáta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr38. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(41)   Chun eilimintí áirithe neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’) i leith liosta táirgí agus trealaimh a bhunú a bhfuil aisghabháil gás nó a scriosadh indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch agus sonraíocht na dteicneolaíochtaí atá le cur i bhfeidhm; íoscheanglais a leagan amach do scéimeanna freagrachta táirgeoirí chun gáis cheaptha teasa fhluairínithe áirithe a aisghabháil, a athchúrsáil, a athshlánú nó a scriosadh, lena n-áirítear i dtaca le bailiú, athshlánú, athchúrsáil, saoráidí diúscartha, soláthar trealaimh do theicneoirí deimhnithe, tuairisciú agus ardú feasachta; ceanglais lipéadaithe; eisiamh ceanglas cuóta maidir le hidreafluaracarbóin i gcomhréir le cinntí na bPáirtithe sa Phrótacal; go n-eisiatar ón gcóras cuótaí ábhair leathsheoltóra hidreafluaracarbóin nó guasáin deascaidh ghaile laistigh den earnáil leathsheoltóra a chur ar an margadh, i gcásanna áirithe, ina bhfuil ganntanas nó briseadh soláthair ábhar leathsheoltóra nó cuasán deascaidh gaile ar mhargadh an Aontais; na cuótaí maidir le hidreafluaracarbóin a chur ar mhargadh an Aontais, ar hidreafluaracarbóin iad atá le húsáid i dteaschaidéil, a mhéadú i gcásanna áirithe go dtí an bhliain 2029; na méideanna atá dlite le haghaidh leithdháileadh an chuóta agus an sásra chun na cuótaí atá fágtha a leithdháileadh; bearta breise maidir le faireachán a dhéanamh ar na substaintí agus na táirgí agus an trealamh a chuirtear faoi stóráil shealadach agus nósanna imeachta custaim; na rialacha is infheidhme maidir le táirgí agus trealamh a allmhairítear ó aon eintiteas agus a onnmhairítear chuig aon eintiteas nach gcumhdaítear leis an bPrótacal a scaoileadh i saorchúrsaíocht; creat coiteann ginearálta a ghlacadh chun córais láraithe leictreonacha a dhearadh chun an fhaisnéis arna bailiú i gcomhréir leis an Rialachán seo a thaifeadadh; agus acmhainn téimh domhanda na substaintí liostaithe a thabhairt cothrom le dáta agus na toirmisc ar shubstaintí den sórt sin a chur ar an margadh a neartú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, go háirithe comhairliúchán leis an bhFóram Comhairliúcháin arna bhunú de réir Airteagal 33 den Rialachán seo, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr38. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
_________________
_________________
38 IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
38 IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
Leasú 37
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1
1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na gáis cheaptha teasa fhluairínithe atá liostaithe in Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn II, bídís ina n-aonar nó i meascán.
1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na gáis cheaptha teasa fhluairínithe atá liostaithe in Iarscríbhinní I, II agus III, bídís ina n-aonar nó i meascán.
Leasú 38
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 2
2.   Tá feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le táirgí agus trealamh, agus le codanna díobh, ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe nó a bhfuil a bhfeidhmíocht ag brath ar na gáis sin.
2.   Tá feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le táirgí agus trealamh, ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath go páirteach nó go hiomlán ar na gáis sin.
Leasú 39
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 5
(5)   ciallaíonn ‘oibreoir’ an gnóthas a fheidhmíonn cumhacht iarbhír ar fheidhmiú teicniúil na dtáirgí agus an trealaimh a chumhdaítear leis an Rialachán seo nó an t‑úinéir i gcás ina n‑ainmníonn Ballstát é mar an té atá freagrach as oibleagáidí an oibreora i gcásanna ar leith;
(5)   ciallaíonn ‘oibreoir’ an gnóthas a fheidhmíonn cumhacht iarbhír ar fheidhmiú teicniúil na dtáirgí agus an trealaimh a chumhdaítear leis an Rialachán seo nó an t‑eintiteas i gcás ina n‑ainmníonn Ballstát é mar an té atá freagrach as oibleagáidí an oibreora i gcásanna ar leith;
Leasú 40
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 6
(6)   ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ soláthar nó cur ar fáil do thríú páirtí laistigh den Aontas, den chéad uair, ar íocaíocht nó saor in aisce, scaoileadh custaim le haghaidh saorchúrsaíochta san Aontas, agus úsáid substaintí a tháirgtear nó úsáid táirgí nó trealaimh a mhonaraítear chun críche úsáide dílse;
(6)   ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ soláthar nó cur ar fáil do thríú páirtí laistigh den Aontas, den chéad uair, ar íocaíocht nó saor in aisce, scaoileadh custaim le haghaidh saorchúrsaíochta san Aontas, agus úsáid substaintí a tháirgtear nó úsáid táirgí nó trealaimh a mhonaraítear chun críche úsáide dílse;
Leasú 41
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 27
(27)   ciallaíonn ‘bunábhar’ aon ghás ceaptha teasa fluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a chuirtear faoi thrasfhoirmiú ceimiceach i bpróiseas ina dtiontaítear é go hiomlán óna chomhshuíomh bunaidh agus nach mbaineann ach leibhéal íseal astaíochtaí leis;
(27)   ciallaíonn ‘bunábhar’ aon ghás ceaptha teasa fluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a chuirtear faoi thrasfhoirmiú ceimiceach i bpróiseas ina dtiontaítear é go hiomlán óna chomhshuíomh bunaidh;
Leasú 42
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 5 – fomhír 2
D’fhonn an fhianaise sin a chur isteach, tarraingeoidh allmhaireoirí agus táirgeoirí suas dearbhú comhréireachta agus cuirfidh siad doiciméadacht tacaíochta leis maidir leis an tsaoráid táirgthe agus leis na bearta maolaithe a glacadh chun astaíochtaí trífhluaraimeatáin a chosc. Coimeádfaidh táirgeoirí agus allmhaireoirí an dearbhú comhréireachta agus an doiciméadacht tacaíochta ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad tar éis iad a chur ar an margadh agus cuirfear ar fáil d’údaráis inniúla náisiúnta agus don Choimisiún iad, arna iarraidh sin dóibh.
Chun an fhianaise sin a sholáthar, déanfaidh allmhaireoirí agus táirgeoirí dearbhú comhréireachta a tharraingt suas agus glacfaidh siad páirt i ndoiciméadacht tacaíochta leis an méid seo a leanas:
(a)  faisnéis faoin tsaoráid táirgthe;
(b)  cruthúnas ar infhaighteacht agus oibriú na teicneolaíochta laghdaithe is fearr atá ar fáil ag an tsaoráid táirgthe;
(c)  an cruthúnas ar bhearta maolaithe arna nglacadh chun astaíochtaí trífhluaraimeatáin a chosc, i gcomhréir leis na teicnící is fearr atá ar fáil;
(d)  cruthúnas ar dhíothú nó aisghabháil aon chainníocht de thrífhluaraimeatán a astaítear, i gcomhréir leis na teicnící is fearr atá ar fáil agus i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 8(7).
Coimeádfaidh táirgeoirí agus allmhaireoirí an dearbhú comhréireachta agus an doiciméadacht tacaíochta ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad tar éis iad a chur ar an margadh agus cuirfear ar fáil d’údaráis inniúla náisiúnta agus don Choimisiún iad, arna iarraidh sin dóibh.
Leasú 43
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 5 – fomhír 3
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe mionsonraithe a bhaineann leis an dearbhú comhréireachta agus leis an doiciméadacht tacaíochta dá dtagraítear sa dara fomhír a chinneadh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir le hAirteagal 34(2).
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe mionsonraithe a bhaineann leis an dearbhú comhréireachta agus leis an doiciméadacht tacaíochta agus na gnéithe mionsonraithe leo sin dá dtagraítear sa dara fomhír a chinneadh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir le hAirteagal 34(2).
Leasú 44
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 6 a (nua)
6a.  Gan dochar do mhíreanna (1) go (6), áiritheoidh oibreoirí go ndéanfar fluairíd sulfairile a ghabháil agus a aisghabháil tar éis toitrithe. Áiritheoidh oibreoirí gur daoine nádúrtha a bhfuil na cáilíochtaí iomchuí acu a dhéanfaidh an aisghabháil, ionas go ndéanfar na gáis a athchúrsáil, a athshlánú nó a scriosadh.
Chun críche fianaise ar scriosadh a sholáthar, tarraingeoidh oibreoirí suas dearbhú comhréireachta agus cuirfidh siad doiciméadacht tacaíochta leis an bhfaisnéis faoi tsaoráid, cruthúnas ar infhaighteacht agus oibriú na teicneolaíochta aisghabhála is fearr atá ar fáil ag an tsaoráid sin, agus cruthúnas ar na bearta a glacadh chun astaíochtaí fluairíde sulfairile a aisghabháil. Déanfar éifeachtacht an chórais a fhíorú go heolaíoch go neamhspleách.
I gcás nach bhfuil aisghabháil indéanta go teicniúil nó go heacnamaíoch, bainfidh oibreoirí úsáid as roghanna cóireála malartacha, ach mura bhfuil roghanna cóireála malartacha den sórt sin ar fáil. I gcás den sórt sin, tarraingeoidh an t-oibreoir suas doiciméadacht ina dtabharfar fianaise go bhfuil sé dodhéanta fluairíd sulfairile a aisghabháil agus nach bhfuil roghanna cóireála malartacha ar fáil.
Coinneoidh an t-oibreoir an dearbhú comhréireachta agus an doiciméadacht ar feadh cúig bliana agus cuirfidh sé ar fáil iad, arna iarraidh sin, d’údaráis inniúla Ballstáit agus don Choimisiún.
Leasú 45
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 1 – fomhír 1
Oibreoirí trealaimh ina bhfuil 5 thona de choibhéis CO2 nó níos mó de gháis ceaptha teasa fhluairínithe atá liostaithe in Iarscríbhinn I nó 1 chileagram nó níos mó de gháis cheaptha teasa fhluairínithe atá liostaithe in Iarscríbhinn II, Roinn I, agus nach bhfuil i gcúir, áiritheoidh siad go ndéanfar an trealamh a sheiceáil le haghaidh sceití.
Monaróirí agus oibreoirí trealaimh ina bhfuil 5 thona de choibhéis CO2 nó níos mó de gháis ceaptha teasa fhluairínithe atá liostaithe in Iarscríbhinn I nó 1 chileagram nó níos mó de gháis ceaptha teasa fhluairínithe atá liostaithe in Iarscríbhinn II, Roinn I, nach bhfuil i gcúir, áiritheoidh siad go ndéanfar an trealamh a sheiceáil le haghaidh sceití, lena n-áirítear le linn a monaraithe.
Leasú 46
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 1 – fomhír 2
Trealamh atá séalaithe go heirméiticeach ina bhfuil níos lú ná 10 dtona de choibhéis CO2 de gháis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I nó 2 chileagram de gháis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn II, Roinn I, ní scrúdófar é le haghaidh sceite, ar choinníoll go bhfuil lipéad ar an trealamh a deir go bhfuil sé séalaithe go heirméiteach agus go bhfuil ag a gcodanna nasctha ráta cruthaithe sceite de níos lú ná 3 gram in aghaidh na bliana faoi bhrú atá ionann agus an ceathrú cuid, ar a laghad, den uasbhrú incheadaithe.
Trealamh cónaithe atá séalaithe go heirméiticeach ina bhfuil níos lú ná 10 dtona de choibhéis CO2 de gháis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I nó 2 chileagram de gháis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn II, Roinn I, ní scrúdófar é le haghaidh sceite, ar choinníoll go bhfuil lipéad ar an trealamh a deir go bhfuil sé séalaithe go heirméiteach agus go bhfuil ag a gcodanna nasctha ráta cruthaithe sceite de níos lú ná 3 gram in aghaidh na bliana faoi bhrú atá ionann agus an ceathrú cuid, ar a laghad, den uasbhrú incheadaithe.
Leasú 47
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 1 – fomhír 3 – pointe c
(c)  go bhfuil níos lú ná 6 chileagram gás ceaptha teasa fluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn 1 ann.
scriosta
Leasú 48
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 2 – fomhír 1 – pointe e
(e)   aonaid chuisniúcháin i dtrucailí agus i leantóirí cuisniúcháin;
(e)   aonaid chuisniúcháin i dtrucailí agus i leantóirí cuisniúcháin, i veaineanna agus i longa;
Leasú 49
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 2 – fomhír 1 – pointe e a (nua)
(ea)  trealamh aerchóiriúcháin i meitreonna, traenacha, longa, eitleáin agus i bhfeithiclí iompair de bhóthar cé is moite díobh siúd a thagann faoi raon feidhme Threoir 2006/40/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*;
* Treoir 2006/40/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir leis na hastaíochtaí ó chórais aerchóirithe mótarfheithiclí agus lena leasaítear Treoir 70/156/CEE ón gComhairle (IO L 161, 14.6.2006, lch. 12).
Leasú 50
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 2
2.   Oibreoirí an trealaimh a liostaítear in Airteagal 5(2), pointí (f) agus (g), agus ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I i gcainníochtaí 500 tona nó níos mó de choibhéis CO2 agus a suiteáladh ón 1 Eanáir 2017 ar aghaidh, áiritheoidh siad go mbeidh córas aimsithe sceite ag gabháil leis an trealamh a thabharfaidh foláireamh don oibreoir nó do chuideachta a dhéanann seirbhísiú má bhíonn aon sceitheadh ann.
2.   Oibreoirí an trealaimh a liostaítear in Airteagal 5(2), pointí (f) agus (g), agus ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I i gcainníochtaí 500 tona nó níos mó de choibhéis CO2 agus a suiteáladh ón 1 Eanáir 2017 ar aghaidh, áiritheoidh siad go mbeidh córas aimsithe sceite ag gabháil leis an trealamh a thabharfaidh foláireamh don oibreoir nó do chuideachta a dhéanann seirbhísiú má bhíonn aon sceitheadh ann. Chun críocha Airteagal 5(2), pointe (g), beidh íogaireacht níos mó ag an gcóras aimsithe sceite ná mar a bheidh ag feiste faireacháin brú nó dlúis.
Leasú 51
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1 – pointe b
(b)   cainníochtaí na ngás arna gcur leis le linn na suiteála, na cothabhála nó an tseirbhísithe nó de bharr sceite;
(b)   cainníochtaí na ngás arna gcur leis le linn na suiteála, na cothabhála nó an tseirbhísithe nó de bharr sceite, lena n-áirítear uainiú beacht na breise sin;
Leasú 52
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1 – pointe c
(c)   cibé acu an ndearnadh na cainníochtaí gás a athchúrsáil nó a athghabháil, lena n-áirítear ainm agus seoladh na saoráide athchúrsála nó mínghlanta agus, i gcás inarb infheidhme, uimhir an deimhnithe;
(c)   cibé acu an ndearnadh na gáis ghnóthaithe a athchúrsáil nó a athshlánú, agus cén chainníocht, lena n-áirítear ainm agus seoladh na saoráide athchúrsála nó mínghlanta agus, más iomchuí, uimhir an deimhnithe;
Leasú 53
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 1 – fomhír 1
Oibreoirí trealaimh dho-aistrithe nó oibreoirí trucailí agus leantóirí cuisniúcháin ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II, Roinn I, nach bhfuil i gcúir, áiritheoidh siad gur daoine nádúrtha a bhfuil na deimhnithe ábhartha dá bhforáiltear in Airteagal 10 acu a dhéanfaidh na gáis sin a aisghabháil, ionas go ndéanfar na gáis a athchúrsáil, a athshlánú nó a scriosadh.
Oibreoirí trealaimh dho-aistrithe nó aonad cuisniúcháin veaineanna, trucailí, leantóirí agus long cuisnithe ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II, Roinn 1, nach bhfuil i gcúir, áiritheoidh siad gur daoine nádúrtha a bhfuil na deimhnithe ábhartha dá bhforáiltear in Airteagal 10 acu a dhéanfaidh na gáis sin a aisghabháil, ionas go ndéanfar na gáis a athchúrsáil, a athshlánú nó a scriosadh.
Leasú 54
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 1 – fomhír 2 – pointe b
(b)   ciorcaid fhuaraithe aonaid threalamh cuisniúcháin atá de thrucailí agus leantóirí cuisniúcháin;
(b)   ciorcaid fhuaraithe aonaid threalamh cuisniúcháin de veaineanna, de thrucailí, de leantóirí agus de longa cuisnithe;
Leasú 55
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 8
8.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí liosta táirgí agus trealaimh a bhunú a meastar ina leith go bhfuil sé indéanta agus go heacnamaíoch aisghabháil na ngás ceaptha teasa fluairínithe atá liostaithe in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II, Roinn 1, nó scriosadh táirgí agus trealaimh ina bhfuil gáis den sórt sin gan na gáis sin a aisghabháil roimh ré, agus sonrófar, más iomchuí, na teicneolaíochtaí a bhfeidhm le cur i bhfeidhm.
8.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí liosta táirgí agus trealaimh a bhunú a meastar ina leith go bhfuil sé indéanta agus go heacnamaíoch aisghabháil na ngás ceaptha teasa fluairínithe atá liostaithe in Iarscríbhinní I agus II nó scriosadh táirgí agus trealaimh ina bhfuil gáis den sórt sin gan na gáis sin a aisghabháil roimh ré, agus sonrófar, más iomchuí, na teicneolaíochtaí a bhfeidhm le cur i bhfeidhm.
Leasú 56
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 9
9.   Déanfaidh na Ballstáit aisghabháil, athchúrsáil, athshlánú agus scriosadh na ngás ceaptha teasa fluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II, Roinn 1, a chur chun cinn.
9.   Déanfaidh na Ballstáit aisghabháil, athchúrsáil, athshlánú agus scriosadh na ngás ceaptha teasa fluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II, Roinn 1, a chur chun cinn.
Leasú 57
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – teideal
Scéimeanna freagrachta táirgeora
Scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora
Leasú 58
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 1
Gan dochar do reachtaíocht de chuid an Aontais atá ann cheana, spreagfaidh na Ballstáit go bhforbrófar scéimeanna freagrachta táirgeora chun gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a aisghabháil agus chun na gáis sin a athchúrsáil, a athshlánú nó a scriosadh.
Gan dochar do reachtaíocht de chuid an Aontais atá ann cheana, ceanglóidh na Ballstáit go mbunófar faoin 31 Nollaig 2027 scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora chun gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinní I agus in Iarscríbhinn II a aisghabháil, a athchúrsáil, a athshlánú nó a scriosadh, agus na scéimeanna freagrachta táirgeora atá infheidhme cheana féin á gcur san áireamh.
Leasú 59
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 1 a (nua)
Déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2025, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí íoscheanglais a leagan amach do na scéimeanna freagrachta táirgeoirí dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear maidir le bailiú, míntíriú, athchúrsáil, saoráidí diúscartha, soláthar trealaimh do theicneoirí deimhnithe, tuairisciú agus ardú feasachta.
Leasú 60
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 1 b (nua)
Áiritheoidh na Ballstáit go gcumhdóidh táirgeoirí agus allmhaireoirí na ngás ceaptha teasa fluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II na costais de bhun na bhforálacha maidir le freagracht leathnaithe táirgeora i dTreoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus, sa mhéid nach bhfuil siad san áireamh cheana, go gcumhdóidh siad na costais seo a leanas ar a laghad:
____________________
* Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3);
Leasú 61
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 1 b – pointe a (nua)
(a)  na costais a bhaineann le bailiú, lena n-áirítear pointí bailithe, stóráil agus iompar inrochtana a chur ar fáil;
Leasú 62
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 1 b – pointe b (nua)
(b)  na costais a bhaineann le haonaid athchúrsála do dhaoine nádúrtha arna ndeimhniú i gcomhréir le hAirteagal 10 chun críocha athchúrsála ar an láthair.
Leasú 63
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 2
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí a dhéanfar.
scriosta
Leasú 64
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
1.   Déanfaidh na Ballstáit, ar bhonn na gceanglas íosta dá dtagraítear i mír 5, cláir dheimhniúcháin a bhunú nó a oiriúnú, lena n‑áirítear próisis mheastóireachta, agus áiritheoidh siad go bhfuil oiliúint maidir le scileanna praiticiúla agus eolas teoiriciúil ar fáil do dhaoine nádúrtha a dhéanann na tascanna seo a leanas lena mbaineann gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II, Roinn 1 agus roghanna malartacha ábhartha eile ar gháis ceaptha teasa fhluairínithe:
1.   Déanfaidh na Ballstáit, ar bhonn na gceanglas íosta dá dtagraítear i mír 5, cláir dheimhniúcháin a bhunú nó a oiriúnú, lena n‑áirítear próisis mheastóireachta, agus áiritheoidh siad go bhfuil oiliúint maidir le scileanna praiticiúla agus eolas teoiriciúil ar fáil do dhaoine nádúrtha a dhéanann na tascanna seo a leanas lena mbaineann gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II agus roghanna malartacha ábhartha eile ar gháis ceaptha teasa fhluairínithe:
Leasú 65
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 2
2.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear cláir oiliúna ar fáil do dhaoine nádúrtha a bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II, Roinn I á n‑aisghabháil acu ó threalamh aerchóiriúcháin i mótarfheithiclí a thagann faoi raon feidhme Threoir 2006/40/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle42 , de bhun mhír 5.
2.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear cláir oiliúna ar fáil do dhaoine nádúrtha a bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II, Roinn I, á n-aisghabháil acu, agus roghanna malartacha ábhartha eile ar gháis ceaptha teasa fhluairínithe, ó threalamh aerchóiriúcháin i mótarfheithiclí a thagann faoi raon feidhme Threoir 2006/40/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle42, de bhun mhír 5.
_________________
_________________
42 Treoir 2006/40/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir leis na hastaíochtaí ó chórais aerchóirithe mótarfheithiclí agus lena leasaítear Treoir 70/156/CEE ón gComhairle (IO L 161, 14.6.2006, lch. 12).
42 Treoir 2006/40/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir leis na hastaíochtaí ó chórais aerchóirithe mótarfheithiclí agus lena leasaítear Treoir 70/156/CEE ón gComhairle (IO L 161, 14.6.2006, lch. 12).
Leasú 66
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 3 – an chuid réamhráiteach
3.   Clúdófar na nithe seo a leanas leis na cláir dheimhniúcháin agus leis an oiliúint dá bhforáiltear i mír 1 agus mír 2:
3.   Clúdófar na nithe seo a leanas ar a laghad leis na cláir dheimhniúcháin agus leis an oiliúint dá bhforáiltear i mír 1 agus mír 2:
Leasú 67
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 3 – pointe e a (nua)
(ea)  deimhniú do roghanna malartacha nádúrtha, lena n-áirítear a saintréithe agus a sochair i gcomparáid le húsáid gás ceaptha teasa fluairínithe, agus a láimhseáil go sábháilte le linn suiteála, seirbhísithe, cothabhála, deisiúcháin agus díchoimisiúnú.
Leasú 68
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 6 a (nua)
6a.  Déanfaidh na Ballstáit scéimeanna deimhniúcháin agus cláir oiliúna a bhunú nó a oiriúnú de bhun mhíreanna 1, 2, 3 agus 6 laistigh de 6 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, i gcás inarb ábhartha.
Leasú 69
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 7
7.   Beidh na deimhnithe agus na dearbhuithe oiliúna a eisíodh cheana i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 bailí i gcónaí, i gcomhréir leis na coinníollacha faoinar eisíodh iad an chéad lá.
7.   Beidh na dearbhuithe oiliúna a eisíodh cheana i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 bailí i gcónaí, i gcomhréir leis na coinníollacha faoinar eisíodh iad an chéad lá. Féadfaidh bailíocht na ndeimhnithe atá ann cheana a bheith faoi réir ceanglais bhreise chun léiriú a thabhairt ar shíneadh na scéime deimhniúcháin chuig roghanna malartacha ábhartha eile ar gháis cheaptha teasa fhluairínithe.
Leasú 70
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 8 – fomhír 1
Faoin 1 Eanáir [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach an dáta = bliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi chláir dheimhniúcháin agus oiliúna.
Faoin 1 Eanáir [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach an dáta = bliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi chláir dheimhniúcháin agus oiliúna agus faoi líon na ndaoine deimhnithe agus oilte le haghaidh gás ceaptha teasa fluairínithe agus faoi na roghanna eile ábhartha i ngach earnáil. I gcás ina dtiteann deimhniú agus oiliúint le haghaidh na roghanna malartacha ábhartha faoi bhun tairseach íosta, cuirfidh na Ballstáit plean leis an bhfógra, a thiomsófar i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear na comhpháirtithe sóisialta, ina leagfar amach gníomhaíochtaí chun deimhniú agus oiliúint a mhéadú maidir leis na roghanna malartacha ábhartha amhail ón mbliain féilire dár gcionn.
Leasú 71
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 9
9.   Féadfaidh an Coimisiún leagan amach an fhógra dá dtagraítear i mír 8 a chinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).
9.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an tairseach íosta a chinneadh maidir le gníomhaíochtaí chun deimhniú agus oiliúint ar roghanna malartacha ábhartha a mhéadú agus formáid an fhógra dá dtagraítear i mír 8 a chinneadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).
Leasú 72
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 10
10.   Aon ghnóthas a shannann cúram dá dtagraítear i mír 1 do ghnóthas eile, déanfaidh sé bearta réasúnta lena fháil amach an bhfuil na deimhnithe is gá ag an ngnóthas eile sin maidir leis na cúraimí is gá dá dtagraítear i mír 1.
10.   Ní fhéadfaidh gnóthas cúram dá dtagraítear i mír 1 a shannadh do ghnóthas eile, ach amháin tar éis dó a fhíorú go bhfuil na deimhnithe is gá ag an ngnóthas eile sin maidir leis na cúraimí is gá dá dtagraítear i mír 1.
Leasú 160
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 1 – fomhír 1 a (nua)
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ceadófar páirteanna den trealamh is gá chun trealamh atá ann cheana a dheisiú agus a sheirbhísiú a chur ar an margadh, ar choinníoll nach dtiocfaidh méadú ar thoilleadh an trealaimh nó méadú ar líon na ngás fluairínithe atá sa trealamh nó sna gáis fhluairínithe a úsáideadh mar thoradh ar an deisiú nó ar an seirbhísiú.
Leasú 74
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 1 – fomhír 3
Dhá bhliain tar éis na ndátaí aonair a liostaítear in Iarscríbhinn IV, ní cheadófar táirgí nó trealamh a cuireadh ar an margadh go dleathach roimh an dáta dá dtagraítear sa chéad fhomhír a sholáthar nó a chur ar fáil ina dhiaidh sin do pháirtí eile san Aontas ar íocaíocht nó saor in aisce, ach amháin má chuirtear fianaise ar fáil gur cuireadh an táirge nó an trealamh ar an margadh go dleathach roimh an dáta sin.
6 mhí tar éis na ndátaí aonair a liostaítear in Iarscríbhinn IV, ní cheadófar táirgí nó trealamh a cuireadh ar an margadh go dleathach roimh an dáta dá dtagraítear sa chéad fhomhír a sholáthar nó a chur ar fáil do pháirtí eile san Aontas ina dhiaidh sin ar íocaíocht nó saor in aisce ach amháin má chuirtear fianaise ar fáil gur cuireadh an táirge nó an trealamh ar an margadh go dleathach roimh an dáta sin.
Leasú 75
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 3 – fomhír 1
3.   I dteannta an toirmisc maidir le cur ar an margadh a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, pointe 1, beidh toirmeasc ar choimeádáin nach féidir a athlíonadh le haghaidh gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II, Roinn 1, bíodh siad folamh nó lán, go páirteach nó go hiomlán, a allmhairiú, a chur ar an margadh, a úsáid nó a onnmhairiú, agus beidh toirmeasc ar aon soláthar coimeádán den sórt sin ina dhiaidh sin, nó ar choimeádáin den sórt sin a chur ar fáil do dhaoine eile laistigh den Aontas, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce. Ní fhéadfar na coimeádáin sin a stóráil ná a iompar ach amháin chun iad a dhiúscairt ina dhiaidh sin. Níl feidhm ag an toirmeasc sin maidir le coimeádáin a úsáidtear chun críocha saotharlainne nó anailíseacha.
3.   I dteannta an toirmisc maidir le cur ar an margadh a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, pointe 1, beidh toirmeasc ar choimeádáin nach féidir a athlíonadh le haghaidh gáis ceaptha teasa fhluairínithe, bíodh siad folamh nó lán, go páirteach nó go hiomlán, a allmhairiú, a chur ar an margadh, a úsáid nó a onnmhairiú, agus beidh toirmeasc ar aon soláthar coimeádán den sórt sin ina dhiaidh sin, nó ar choimeádáin den sórt sin a chur ar fáil do dhaoine eile laistigh den Aontas, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce. Ní fhéadfar na coimeádáin sin a stóráil ná a iompar ach amháin chun iad a dhiúscairt ina dhiaidh sin. Níl feidhm ag an toirmeasc sin maidir le coimeádáin a úsáidtear chun críocha saotharlainne nó anailíseacha.
Leasú 76
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 3 a (nua)
3a  . Gnóthais a chuireann coimeádáin le haghaidh gás ceaptha teasa fluairínithe ar an margadh, soláthróidh siad dearbhú comhréireachta ina mbeidh fianaise lena ndeimhnítear na socruithe atá i bhfeidhm chun an coimeádán sin a thabhairt ar ais chun críche athlíonta. I gcás na socruithe sin, beidh oibleagáidí ceangailteacha ar sholáthróir na gcoimeádán chuig an úsáideoir deiridh chun na socruithe a chomhlíonadh.
Coimeádfaidh na gnóthais dá dtagraítear sa chéad fhomhír an dearbhú comhréireachta ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad tar éis coimeádáin in-athlíonta a chur ar an margadh agus cuirfear ar fáil é, arna iarraidh sin dóibh, d’údaráis inniúla na mBallstát agus don Choimisiún. Coimeádfaidh soláthróirí na gcoimeádán chuig úsáideoirí deiridh fianaise ar chomhlíonadh na socruithe sin ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad tar éis a soláthair chuig an úsáideoir deiridh agus cuirfear an fhianaise sin ar fáil, arna iarraidh sin, d’údaráis inniúla na mBallstát agus don Choimisiún.
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shonraí an dearbhaithe comhréireachta a chinneadh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir le hAirteagal 34(2).
Leasú 77
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 4 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach
Tar éis iarraidh ar tugadh bunús léi a fháil ó údarás inniúil de chuid Ballstáit, agus cuspóirí an Rialacháin seo á gcur san áireamh, féadfaidh an Coimisiún, ar bhonn eisceachtúil, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, díolúine ar feadh tréimhse suas go dtí 7 mbliana a údarú ionas gur ceadmhach táirgí agus trealamh a liostaítear in Iarscríbhinn IV a chur ar an margadh, lena n‑áirítear codanna díobh, ar táirgí agus trealamh iad ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe, nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na gáis sin, más rud é go léirítear:
Gan dochar don mhaolú maidir le páirteanna spártha dá dtagraítear i bhfomhír 1a, tar éis iarraidh ar tugadh bunús léi a fháil ó údarás inniúil de chuid Ballstáit, agus cuspóirí an Rialacháin seo á gcur san áireamh, féadfaidh an Coimisiún, ar bhonn eisceachtúil, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, díolúine ar feadh tréimhse suas go dtí 4 bliana a údarú ionas gur ceadmhach táirgí agus trealamh a liostaítear in Iarscríbhinn IV a chur ar an margadh, ar táirgí agus trealamh iad ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe, nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na gáis sin, más rud é go léirítear:
Leasú 78
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 6 a (nua)
6a.  Ní cheadófar do ghnóthais bulcgháis cheaptha teasa fhluairínithe a chur ar an margadh ná a dhíol ach amháin sna cásanna seo a leanas:
(a)  go bhfuil deimhniú nó fianú oiliúna ag na gnóthais a cheanglaítear faoi Airteagal 10 nó go bhfostaíonn siad daoine a bhfuil deimhniú nó fianú oiliúna acu, agus
(b)  go bhfuil na gnóthais bunaithe san Aontas, nó gur sainordaigh siad ionadaí aonair atá bunaithe san Aontas a ghlacann freagracht iomlán as an Rialachán a chomhlíonadh.
Féadfaidh an t-ionadaí aonair a bheith mar ant- ionadaí sainordaithe de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
Leasú 79
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 a (nua)
Airteagal 11a
Srian ar onnmhairiú táirgí agus trealaimh áirithe ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe
Beidh toirmeasc ar tháirgí agus trealamh, lena n‑áirítear codanna díobh, atá liostaithe in Iarscríbhinn IV, a onnmhairiú, le díolúine do threalamh míleata, ón dáta arna sonrú san Iarscríbhinn sin, agus i gcás inarb infheidhme, déanfar idirdhealú de réir chineál nó de réir acmhainne téimh domhanda an gháis atá ann.
Leasú 80
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 2
2.   Déanfar táirgí nó trealamh atá faoi réir díolúine dá dtagraítear in Airteagal 11(4) a lipéadú dá réir agus áireofar tagairt iontu nach bhféadfar na táirgí nó an trealamh sin a úsáid ach amháin don chuspóir dár tugadh díolúine faoin Airteagal sin.
2.   Déanfar táirgí nó trealamh atá faoi réir díolúine dá dtagraítear in Airteagal 11(4) a lipéadú dá réir, ag sonrú tréimhse bailíochta na díolúine, agus áireofar tagairt iontu nach bhféadfar na táirgí nó an trealamh sin a úsáid ach amháin don chuspóir dár tugadh díolúine faoin Airteagal sin.
Leasú 81
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 3 – fomhír 1 – pointe c
(c)   ón 1 Eanáir 2017 amach, cainníocht na ngás ceaptha teasa fluairínithe atá sa táirge nó sa trealamh nó cainníocht na ngás ceaptha teasa fluairínithe ar ceapadh an trealamh chuici, de réir meáchain agus choibhéis CO2 agus poitéinseal téimh dhomhanda na ngás sin.
(c)   ón 1 Eanáir 2017 amach, cainníocht na ngás ceaptha teasa fluairínithe atá sa táirge nó sa trealamh nó cainníocht na ngás ceaptha teasa fluairínithe ar ceapadh an trealamh chuici, de réir meáchain agus choibhéis CO2 agus poitéinseal téimh dhomhanda na ngás sin, ar amscála 100 agus 20 bliain araon.
Leasú 82
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 3 – fomhír 2 a (nua)
I gcás inarb ábhartha, déanfar táirgí iarfheistithe nó trealamh ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a athlipéadú le faisnéis nuashonraithe dá dtagraítear sa mhír seo.
Leasú 83
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 5 a (nua)
5a.  I gcás inarb ábhartha, déanfar coimeádáin athlíonta de gháis ceaptha teasa fhluairínithe a athlipéadú le faisnéis nuashonraithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 3.
Leasú 84
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 10
10.  Gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II agus a chuirtear ar an margadh i gcomhair eitseáil ábhair leathsheoltóra nó glanadh coimeádán deasctha gaile ceimicí laistigh den earnáil mhonaraithe leathsheoltóra, déanfar iad a lipéadú le léiriú á rá nach bhféadfaí a bhfuil sa choimeádán a úsáid ach chun na críche sin.
scriosta
Leasú 85
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 13 – fomhír 1
I gcás hidreafluaracarbón, áireofar leis an lipéad dá dtagraítear i míreanna 7 go 11 an léiriú ‘díolmhaithe ón gcuóta faoi Rialachán (AE) Uimh. …/… [OF: Cuir isteach tagairt don Rialachán seo]”.
I gcás hidreafluaracarbón, áireofar leis an lipéad dá dtagraítear i míreanna 7 go 9 agus 11 an léiriú ‘díolmhaithe ón gcuóta faoi Rialachán (AE) Uimh. …/… [OF: Cuir isteach tagairt don Rialachán seo]”.
Leasú 86
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 13 – fomhír 2
In éagmais na gceanglas lipéadaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus i míreanna 7 go 11, beidh na hidreafluaracarbóin faoi réir na gceanglas cuóta de bhun Airteagal 16(1).
In éagmais na gceanglas lipéadaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus i míreanna 7 go 9 agus 11, beidh na hidreafluaracarbóin faoi réir na gceanglas cuóta de bhun Airteagal 16(1).
Leasú 152
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 3 – fomhír 1
Ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh, beidh toirmeasc ar úsáid gás ceaptha teasa fluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, a bhfuil acmhainn téimh dhomhanda de 2 500 nó níos mó acu, le haghaidh trealamh cuisniúcháin a sheirbhísiú nó a chothabháil.
Ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh beidh toirmeasc ar na húsáidí seo a leanas: seirbhísiú nó cothabháil a dhéanamh ar threalamh aerchóiriúcháin agus teaschaidéil, ar threalamh cuisniúcháin soghluaiste agus ar fhuarthóirí le gáis cheaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, le hacmhainneacht téite domhanda de 2 500 nó níos mó.
Ón 1 Eanáir 2030 ar aghaidh beidh toirmeasc ar na húsáidí seo a leanas: seirbhísiú nó cothabháil trealaimh chuisniúcháin dho-aistrithe, cé is moite de fhuaróirí, le gáis cheaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, le hacmhainneacht téite domhanda de 150 nó níos mó;
Leasú 88
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 3 – fomhír 2
Ní bheidh feidhm ag an mhír seo maidir le trealamh míleata nó maidir le trealamh atá beartaithe le feidhmeanna arna gceapadh chun táirgí a fhuarú chuig teocht faoi -50 °C.
Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le trealamh míleata nó maidir le trealamh atá beartaithe le feidhmeanna arna gceapadh chun táirgí íocshláinte a fhuarú chuig teocht faoi -50 °C nó trealamh atá beartaithe le feidhmeanna arna gceapadh chun gléasraí cumhachta núicléiche a fhuarú.
Leasú 89
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 3 – fomhír 3 – pointe a
(a)   gáis ceaptha teasa fhluairínithe athshlánaithe a liostaítear in Iarscríbhinn I ag a bhfuil acmhainneacht téite domhanda de 2 500 nó níos mó a úsáidtear i gcomhair trealamh cuisniúcháin atá ann cheana a chothabháil nó a sheirbhísiú, ar choinníoll go ndearnadh iad a lipéadú i gcomhréir le hAirteagal 12(6);
(a)   gáis ceaptha teasa fhluairínithe athshlánaithe a liostaítear in Iarscríbhinn I ag a bhfuil acmhainneacht téite domhanda de 150 nó níos mó a úsáidtear i gcomhair trealamh cuisniúcháin do-aistrithe atá ann cheana a chothabháil nó a sheirbhísiú, cé is moite d’fhuaraitheoirí, ar choinníoll go ndearnadh iad a lipéadú i gcomhréir le hAirteagal 12(6);
Leasú 90
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 3 – fomhír 3 – pointe a (nua)
(aa)  gáis ceaptha teasa fhluairínithe athshlánaithe a liostaítear in Iarscríbhinn I le hacmhainneacht téite domhanda de 2 500 nó níos mó, a úsáidtear chun trealamh aerchóiriúcháin agus teaschaidéil, cuisniúchán agus fuarthóirí soghluaiste a chothabháil nó a sheirbhísiú, ar choinníoll go ndearnadh iad a lipéadú i gcomhréir le hAirteagal 12(6);
Leasú 91
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 3 – fomhír 3 – pointe b
(b)   gáis ceaptha teasa fhluairínithe athchúrsáilte a liostaítear in Iarscríbhinn I ag a bhfuil acmhainneacht téite domhanda de 2 500 nó níos mó a úsáidtear i gcomhair trealamh cuisniúcháin atá ann cheana a chothabháil nó a sheirbhísiú, ar choinníoll gur aisghabhadh iad ó threalamh den sórt sin. Ní fhéadann aon ghnóthas na gáis athchúrsáilte sin a úsáid ach amháin ar choinníoll gurbh é an gnóthas a rinne an aisghabháil mar chuid de chothabháil agus de sheirbhísiú, nó gurbh é an gnóthas a ndearnadh an aisghabháil thar a cheann mar chuid de chothabháil nó de sheirbhísiú.
(b)   gáis ceaptha teasa fhluairínithe athchúrsáilte a liostaítear in Iarscríbhinn I ag a bhfuil acmhainneacht téite domhanda de 150 nó níos mó a úsáidtear i gcomhair trealamh cuisniúcháin do-aistrithe atá ann cheana a chothabháil nó a sheirbhísiú, cé is moite d’fhuaraitheoirí, ar choinníoll gur aisghabhadh iad ó threalamh den sórt sin. Ní fhéadann aon ghnóthas na gáis athchúrsáilte sin a úsáid ach amháin ar choinníoll gurbh é an gnóthas a rinne an aisghabháil mar chuid de chothabháil agus de sheirbhísiú, nó gurbh é an gnóthas a ndearnadh an aisghabháil thar a cheann mar chuid de chothabháil nó de sheirbhísiú.
Leasú 92
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 3 – fomhír 3 – pointe b a (nua)
(ba)  gáis ceaptha teasa fhluairínithe athchúrsáilte a liostaítear in Iarscríbhinn I ag a bhfuil acmhainneacht téite domhanda de 2 500 nó níos mó, a úsáidtear chun trealamh aerchóiriúcháin agus teaschaidéil, cuisniúchán agus fuarthóirí soghluaiste atá ann cheana a chothabháil nó a sheirbhísiú, ar choinníoll gur aisghabhadh iad ó threalamh den sórt sin; ní fhéadann aon ghnóthas na gáis athchúrsáilte sin a úsáid ach amháin ar choinníoll gurbh é an gnóthas a rinne an aisghabháil mar chuid de chothabháil agus de sheirbhísiú, nó gurbh é an gnóthas a ndearnadh an aisghabháil thar a cheann mar chuid de chothabháil nó de sheirbhísiú.
Leasú 156
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 4
4.   Beidh toirmeasc ar úsáid deasfluráin mar ainéistéiseach ionanálaithe amhail ón 1 Eanáir 2026, ach amháin i gcás ina bhfuil fíorghá le húsáid den sórt sin agus nach féidir aon ainéistéiseach eile a úsáid ar fhorais leighis. Cuirfidh an t‑úsáideoir fianaise ar fáil, arna iarraidh sin, maidir leis an mbonn cirt leighis d’údarás inniúil an Bhallstáit agus don Choimisiún.
4.   Beidh toirmeasc ar úsáid deasfluráin mar ainéistéiseach ionanálaithe amhail ón 1 Eanáir 2026, agus ní cheadófar é ach amháin i gcás ina bhfuil fíorghá le húsáid den sórt sin agus nach féidir aon ainéistéiseach eile a úsáid ar fhorais leighis nó i gcás ina n-áirithítear go n-úsáidtear é i gcomhcheangal le córas gabhála. Coinneoidh an institiúid cúraim sláinte fianaise maidir leis an mbonn cirt leighis, agus cuirfidh sé ar fáil í, arna iarraidh sin, d’údarás inniúil an Bhallstáit agus don Choimisiún.
Leasú 94
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 4 a (nua)
4a.  Ón 1 Eanáir 2030, tá toirmeasc ar fhluairíd sulfairile a úsáid le haghaidh toitriú iarbhuainte agus chun adhmad agus táirgí adhmaid a chóireáil in aghaidh inmhíolú lotnaidí, ach amháin i gcás ina mbeidh fíorghá le húsáid den sórt sin le haghaidh deimhniú fíteashláintíochta agus nach féidir aon chóireáil eile a úsáid.
Leasú 95
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 2 – pointe e
(e)  a sholáthraíonn táirgeoir nó allmhaireoir go díreach chuig gnóthas atá á n-úsáid le heitseáil ábhair leathsheoltaigh nó le glanadh deascadh ceimiceach gaile san earnáil mhonaraithe leathsheoltaigh;
scriosta
Leasú 96
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 3 – fomhír 1 a (nua)
Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar mhargadh soláthair leathsheoltóra an Aontais. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun mír 2 den Airteagal seo a leasú agus chun ábhair leathsheoltacha nó guasáin deascaidh gaile laistigh den earnáil leathsheoltóra a eisiamh ón gcóras cuótaí a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo, i gcás ina sainaithnítear ann, mar thoradh ar earnáil na leathsheoltóirí a bheith san áireamh sa chóras cuótaí hidreafluaracarbóin, go bhfuil ganntanas nó briseadh i soláthar ábhar leathsheoltóra nó guasáin deascaidh gaile chuig margadh an Aontais.
Leasú 97
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 4 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach
Tar éis iarraidh a dtugtar bunús léi, ó údarás inniúil de chuid Ballstáit agus cuspóirí an Rialacháin seo á gcur san áireamh, féadfaidh an Coimisiún, ar bhonn eisceachtúil, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, díolúine ar feadh suas go ceithre bliana a údarú chun eisiamh ón gceanglas cuóta a leagtar síos i mír 1 a thabhairt maidir le hidreafluaracarbóin a úsáidfear i bhfeidhmeanna sonracha, nó i gcatagóirí sonracha táirgí nó trealaimh i gcás ina léirítear:
Tar éis iarraidh a dtugtar bunús léi, ó údarás inniúil de chuid Ballstáit nó ó Ghníomhaireacht de chuid an Aontais agus cuspóirí an Rialacháin seo á gcur san áireamh, féadfaidh an Coimisiún, ar bhonn eisceachtúil, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, díolúine ar feadh tréimhse suas go 7 mbliana a údarú chun eisiamh ón gceanglas cuóta a leagtar síos i mír 1 a thabhairt maidir le hidreafluaracarbóin a úsáidfear i bhfeidhmeanna sonracha, nó i gcatagóirí sonracha táirgí nó trealaimh i gcás ina léirítear:
Leasú 98
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 4 – fomhír 1 – pointe a
(a)   nach bhfuil roghanna eile ar fáil ar na feidhmeanna, ar na táirgí nó ar an trealamh áirithe sin nó nach féidir iad a úsáid ar chúiseanna teicniúla nó sábháilteachta; agus
(a)   nach bhfuil roghanna eile ar fáil ar na feidhmeanna, ar na táirgí nó ar an trealamh áirithe sin nó nach féidir iad a úsáid ar chúiseanna teicniúla nó sábháilteachta nó mar gheall ar rioscaí do shláinte an phobail; agus
Leasú 99
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 5 – fomhír 1
Tá leithdháileadh na gcuótaí faoi réir íocaíocht an mhéid atá dlite arb ionann agus trí euro in aghaidh gach tona de choibhéis CO2 den chuóta atá le leithdháileadh. Tabharfar fógra tríd an Tairseach F-Gás d’allmhaireoirí agus do tháirgeoirí faoin méid iomlán atá dlite i gcomhair a leithdháilte cuóta uasta ríofa le haghaidh na bliana féilire dár gcionn, agus faoin spriocdháta chun an íocaíocht a chur i gcrích. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na módúlachtaí agus na socraithe mionsonraithe le haghaidh íocaíocht an mhéid dhlite a chinneadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).
Tá leithdháileadh na gcuótaí faoi réir íocaíocht an mhéid atá dlite arb ionann é agus cúig euro in aghaidh gach tona de choibhéis CO2 den chuóta atá le leithdháileadh sa tréimhse 2024-2026 agus méadófar é gach trí bliana ina dhiaidh sin chun ioncam seasmhach a áirithiú, i bhfianaise laghdú céimnitheach an chuóta a leagtar amach in Iarscríbhinn VII. Tabharfar fógra tríd an Tairseach F-Gás d’allmhaireoirí agus do tháirgeoirí faoin méid iomlán atá dlite i gcomhair a leithdháilte cuóta uasta ríofa le haghaidh na bliana féilire dár gcionn, agus faoin spriocdháta chun an íocaíocht a chur i gcrích. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na módúlachtaí agus na socraithe mionsonraithe le haghaidh íocaíocht an mhéid dhlite a chinneadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).
Leasú 100
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 6
6.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun mír 5 a leasú a mhéid a bhaineann leis na méideanna atá dlite le haghaidh an cuóta a leithdháileadh agus le haghaidh an tsásra chun cuótaí atá fágtha a leithdháileadh, i gcás inar gá chun cur isteach mór ar mhargadh na hidreafluaracarbón a chosc, nó i gcás nach gcomhlíonann an sásra a chuspóir agus ina mbíonn éifeachtaí neamh-inmhianaithe nó neamhbheartaithe air sin.
6.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun mír 5 a leasú a mhéid a bhaineann leis na méideanna atá dlite chun an cuóta a leithdháileadh agus le haghaidh an tsásra chun cuótaí atá fágtha a leithdháileadh, i gcás inar gá chun cur isteach mór ar mhargadh na hidreafluaracarbón a chosc, nó i gcás nach gcomhlíonann an sásra a chuspóir agus ina mbíonn éifeachtaí neamh-inmhianaithe nó neamhbheartaithe air sin, lena n-áirítear ar shláinte an phobail agus ar úsáideoirí MDInna.
Leasú 101
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 6 a (nua)
6a.  Faoin ... [bliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus gach bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú, i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, ar an tionchar atá ag laghdú céimnitheach na gcuótaí HFC ar mhargadh teaschaidéil an Aontais, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun Iarscríbhinn VII a leasú agus chun méid teoranta cuótaí breise a cheadú maidir le HFCanna a chur ar mhargadh an Aontais lena n-úsáid i dteaschaidéil go dtí an bhliain 2029, i gcás inarb é conclúid an mheasúnaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír go gcruthaítear suaitheadh i margadh teaschaidéil an Aontais le laghdú céimnitheach na gcuótaí HFC a leagtar amach in Iarscríbhinn VII ar mhargadh teaschaidéil an Aontais a mhéid a chuirfeadh gnóthú spriocanna imlonnaithe teaschaidéil RePowerEU i mbaol.
Sa tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tabharfaidh an Coimisiún údar cuí lena chinneadh na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa dara fomhír a ghlacadh nó gan iad a ghlacadh.
I gcás ina nglacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa dara fomhír, dáilfear na cuótaí breise ar tháirgeoirí agus ar allmhaireoirí, tar éis a n-iarrataí, arna gcur isteach chuig an Tairseach F-gás, mar aon le fianaise, i bhfoirm conarthaí díolacháin, go bhfuil na cuótaí le húsáid le haghaidh teaschaidéal. 
Leasú 102
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 7
7.   Is é a bheidh san ioncam a ghinfear ón méid leithdháilte cuóta ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046. Leithdháilfear an t‑ioncam sin do chlár LIFE agus do Cheannteideal 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil (Riarachán Poiblí Eorpach), chun na costais a chumhdach a bhaineann leis an bhfoireann sheachtrach atá ag obair ar bhainistiú an leithdháilte cuóta, na seirbhísí TF agus na seirbhísí ceadúnaithe chun an Rialachán seo a chur chun feidhme agus chun comhlíonadh an Phrótacail a áirithiú. Aon ioncam a bheidh fágtha tar éis na costais sin a chumhdach, cuirfear isteach i mbuiséad ginearálta an Aontais é.
7.   Is é a bheidh san ioncam a ghinfear ón méid leithdháilte cuóta ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046. Sannfar an t-ioncam sin do chlár LIFE agus do Cheannteideal 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil (Riarachán Poiblí Eorpach):
(a)  chun na costais a chumhdach a bhaineann leis an bhfoireann sheachtrach atá ag obair ar bhainistiú an leithdháilte cuóta, na seirbhísí TF agus na seirbhísí ceadúnaithe chun an Rialachán seo a chur chun feidhme;
(b)  na costais lena áirithiú go gcomhlíonfar an Prótacal a chumhdach;
(c)  tacú le fothú acmhainneachta ar an leibhéal náisiúnta agus le cur chun feidhme agus forfheidhmiú an Rialacháin seo ag na Ballstáit, lena n-áirítear i ndáil leis an gcomhrac i gcoinne díolacháin ar líne gás fluairínithe neamhdhleathach agus scriosadh gás fluairínithe neamhdhleathach a urghabhadh; agus
(d)  chun dlús a chur le húsáid roghanna malartacha ar gháis fhluairínithe, go háirithe in earnálacha a mbíonn costais arda mhaolaithe ag baint leo, agus in earnáil an teaschaidéil, lena n-áirítear táirgeadh an trealaimh is gá a mhéadú, rochtain ar mhaoiniú a éascú, praghsanna a laghdú do thomhaltóirí, oiliúint a chur ar dhaoine nádúrtha agus daoine nádúrtha a dheimhniú faoi Airteagal 10 agus suiteálaithe coirí gáis a athsciliú.
Aon ioncam a bheidh fágtha tar éis na costais sin a chumhdach, cuirfear isteach i mbuiséad ginearálta an Aontais é.
Leasú 103
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 1
1.   Ní leithdháilfear cuótaí ach amháin do tháirgeoirí nó d’allmhaireoirí a bhfuil bunaíocht acu laistigh den Aontas, nó a rinne ionadaí aonair a shainordú a bhfuil bunaíocht acu laistigh den Aontas a ghlacann an fhreagracht iomlán maidir leis an Rialachán seo a chomhlíonadh. Féadfaidh an t-ionadaí aonair a bheith mar an gcéanna leis an ionadaí arna sainordú de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle43.
1.   Ní leithdháilfear cuótaí ach amháin do tháirgeoirí nó d’allmhaireoirí a bhfuil bunaíocht acu laistigh den Aontas, nó a rinne ionadaí aonair a shainordú a bhfuil bunaíocht acu laistigh den Aontas a ghlacann an fhreagracht iomlán maidir leis an Rialachán seo a chomhlíonadh agus ceanglais Theideal II de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chomhlíonadh. Féadfaidh an t-ionadaí aonair a bheith mar an gcéanna leis an ionadaí arna sainordú de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle43.
_________________
_________________
43 Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1)
43 Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1)
Leasú 104
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 1
1.   Ní chuirfear trealamh cuisniúcháin, aerchóiriúcháin nó teaschaidéil atá luchtaithe le hidreafluaracarbóin ar an margadh ach amháin má chuirtear na hidreafluaracarbóin a luchtaítear isteach sa trealamh san áireamh sa chóras cuóta dá dtagraítear sa Chaibidil seo.
1.   Ní chuirfear trealamh cuisniúcháin, aerchóiriúcháin, MDInna nó teaschaidéil atá luchtaithe le hidreafluaracarbóin ar an margadh ach amháin má chuirtear na hidreafluaracarbóin a luchtaítear isteach sa trealamh san áireamh sa chóras cuóta dá dtagraítear sa Chaibidil seo.
Leasú 105
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 2 – fomhír 1
Agus trealamh réamhluchtaithe dá dtagraítear i mír 1 á chur ar an margadh, áiritheoidh monaróirí agus allmhaireoirí trealaimh go ndéanfar comhlíonadh le mír 1 a dhoiciméadú go hiomlán agus déanfaidh siad dearbhú comhlíonta a tharraingt suas ina leith sin.
Agus trealamh nó táirgí réamhluchtaithe dá dtagraítear i mír 1 á gcur ar an margadh, áiritheoidh monaróirí agus allmhaireoirí trealaimh nó táirgí go ndéanfar comhlíonadh le mír 1 a dhoiciméadú go hiomlán agus déanfaidh siad dearbhú comhlíonta a tharraingt suas ina leith sin.
Leasú 106
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 2 – fomhír 2
Trí dhearbhú comhlíonta a tharraingt suas, gabhfaidh monaróirí agus allmhaireoirí trealaimh freagracht orthu féin maidir leis an mír seo agus le mír 1 a chomhlíonadh.
Trí dhearbhú comhlíonta a tharraingt suas, gabhfaidh monaróirí agus allmhaireoirí trealaimh nó táirgí freagracht orthu féin maidir leis an mír seo agus le mír 1 a chomhlíonadh.
Leasú 107
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 2 – fomhír 3
Coimeádfaidh monaróirí agus allmhaireoirí trealaimh an doiciméadacht sin agus an dearbhú comhréireachta ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad tar éis an trealamh sin a chur ar an margadh agus cuirfidh siad ar fáil, arna iarraidh sin, d’údaráis inniúla na mBallstát agus don Choimisiún iad.
Coimeádfaidh monaróirí agus allmhaireoirí trealaimh nó táirgí an doiciméadacht sin agus an dearbhú comhréireachta ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad tar éis an trealamh nó na táirgí sin a chur ar an margadh agus cuirfidh siad ar fáil, arna iarraidh sin, d’údaráis inniúla na mBallstát agus don Choimisiún iad.
Leasú 108
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 3 – fomhír 1
I gcás nár cuireadh hidreafluaracarbóin atá sa trealamh dá dtagraítear i mír 1 ar an margadh roimh luchtú an trealaimh, áiritheoidh allmhaireoirí an trealaimh, faoin 30 Aibreán [OF: Cuir isteach an bhliain a chuirtear an Rialachán seo i bhfeidhm] agus gach bliain ina dhiaidh sin, go ndearbhófar cruinneas na doiciméadachta agus an dearbhaithe comhréireachta agus fírinneacht a dtuarascála de bhun Airteagal 26, don bhliain féilire roimhe sin, ar leibhéal réasúnta cinnteachta ag iniúchóir neamhspleách a chláraítear sa Tairseach F-gás.
I gcás nár cuireadh hidreafluaracarbóin atá sa trealamh nó sna táirgí dá dtagraítear i mír 1 ar an margadh roimh luchtú an trealaimh, áiritheoidh allmhaireoirí an trealaimh nó na dtáirgí sin, faoin 30 Aibreán [OF: Cuir isteach an bhliain a chuirtear an Rialachán seo i bhfeidhm] agus gach bliain ina dhiaidh sin, go ndearbhófar cruinneas na doiciméadachta agus an dearbhaithe comhréireachta agus fírinneacht a dtuarascála de bhun Airteagal 26, don bhliain féilire roimhe sin, ar leibhéal réasúnta cinnteachta ag iniúchóir neamhspleách a chláraítear sa Tairseach F-gás.
Leasú 109
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 5
5.   Déanfaidh allmhaireoirí trealaimh dá dtagraítear i mír 1, nach bhfuil bunaíocht acu laistigh den Aontas, ionadaí aonair a shainordú a bhfuil bunaíocht acu laistigh den Aontas a ghlacann an fhreagracht iomlán maidir leis an Rialachán seo a chomhlíonadh. Féadfaidh an t‑ionadaí aonair a bheith mar an gcéanna leis an ionadaí sainordaithe de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.
5.   Déanfaidh allmhaireoirí trealaimh nó táirgí dá dtagraítear i mír 1, nach bhfuil bunaíocht acu laistigh den Aontas, ionadaí aonair a shainordú a bhfuil bunaíocht acu laistigh den Aontas a ghlacann an fhreagracht iomlán maidir leis an Rialachán seo a chomhlíonadh. Féadfaidh an t‑ionadaí aonair a bheith mar an gcéanna leis an ionadaí sainordaithe de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.
Leasú 110
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 6
6.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le gnóthais a chuir níos lú ná 100 tona de choibhéis CO2 de hidreafluaracarbóin ar an margadh, in aghaidh na bliana, arna choinneáil sa trealamh sa trealamh dá dtagraítear i mír 1.
6.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le gnóthais a chuir níos lú ná 100 tona de choibhéis CO2 de hidreafluaracarbóin ar an margadh, in aghaidh na bliana, arna choinneáil sa trealamh nó sna táirgí dá dtagraítear i mír 1.
Leasú 111
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 4 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach
Beidh clárú bailí ag gnóthais sa Tairseach F-gás roimh gháis ceaptha teasa fhluairínithe agus táirgí agus trealamh ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe, nó a bhfuil a bhfeidhmíocht ag brath ar na gáis sin, a allmhairiú nó a onnmhairiú, ach amháin i gcásanna stórála sealadaí agus le haghaidh na ngníomhaíochtaí seo a leanas:
Beidh clárú bailí ag gnóthais sa Tairseach F-gás roimh gháis ceaptha teasa fhluairínithe agus táirgí agus trealamh ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe, nó a bhfuil a bhfeidhmíocht ag brath ar na gáis sin, a allmhairiú nó a onnmhairiú, ach amháin le haghaidh na ngníomhaíochtaí seo a leanas:
Leasú 112
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 4 – fomhír 1 – pointe c
(c)   hidreafluaracarbóin a sholáthar, nó a fháil, chun na gcríoch a liostaítear i bpointí (a) go (e) d’Airteagal 16(2);
(c)   hidreafluaracarbóin a sholáthar, nó a fháil, chun na gcríoch a liostaítear i bpointí (a) go (d) d’Airteagal 16(2);
Leasú 113
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 7 – fomhír 2
Áiritheoidh an Coimisiún agus údaráis inniúla na mBallstát rúndacht na sonraí a áirítear sa Tairseach F-gás.
Áiritheoidh an Coimisiún agus údaráis inniúla na mBallstát go mbeidh na sonraí seo a leanas a áirítear sa Tairseach F-gás ar fáil go poiblí:
(a)  leithdháileadh cuótaí agus aistrithe cuótaí a nuashonraítear go rialta;
(b)  liosta d’allmhaireoirí agus de tháirgeoirí cláraithe;
(c)  sonraí maidir le hallmhairithe, lena n-áirítear pointí iontrála agus cineál HFC;
(d)  stóráil shealadach sonraí;
(e)  sonraí maidir le scrios ceimiceach ar leibhéal saoráide.
Leasú 114
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 1
Allmhairiú agus onnmhairiú gás ceaptha teasa fluairínithe agus táirgí agus trealaimh ina bhfuil na gáis sin nó a bhfuil a bhfeidhmíocht ag brath ar na gáis sin, tá sé faoi réir ceadúnú bailí a thíolacadh d’údaráis chustaim de bhun Airteagal 20(4), ach amháin i gcásanna stórála sealadaí.
Allmhairiú agus onnmhairiú gás ceaptha teasa fluairínithe agus táirgí agus trealaimh ina bhfuil na gáis sin nó a bhfuil a bhfeidhmíocht ag brath ar na gáis sin, tá sé faoi réir ceadúnú bailí a thíolacadh d’údaráis chustaim de bhun Airteagal 20(4).
Leasú 115
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 1 a (nua)
De mhaolú ar an gcéad mhír den Airteagal seo agus ar Airteagal 20, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha simplithe a bhunú maidir le clárú sa Tairseach F-gás i gcás stórála sealadaí mar a shainmhínítear in Airteagal 5(17) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34.
Leasú 116
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 23 – mír 6
6.   Allmhaireoirí gás ceaptha teasa fluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II, Roinn 1, i gcoimeádáin is féidir a athlíonadh, cuirfidh siad ar fáil d’údaráis chustaim, tráth a chuirtear isteach an dearbhú custaim a bhaineann leis an scaoileadh i saorchúrsaíocht, dearbhú comhréireachta lena n‑áirítear faisnéis lena ndeimhnítear na socruithe atá i bhfeidhm maidir le filleadh an choimeádáin chun é a athlíonadh dá dtagraítear in Airteagal 11(3a).
6.   Allmhaireoirí gás ceaptha teasa fluairínithe i gcoimeádáin is féidir a athlíonadh, cuirfidh siad ar fáil d’údaráis chustaim, tráth a chuirtear isteach an dearbhú custaim a bhaineann leis an scaoileadh i saorchúrsaíocht, dearbhú comhréireachta lena n‑áirítear faisnéis lena ndeimhnítear na socruithe atá i bhfeidhm maidir le filleadh an choimeádáin chun é a athlíonadh.
Leasú 117
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 23 – mír 12 – fomhír 1
Déanfaidh údaráis chustaim coimeádáin nach féidir a athlíonadh a choigistiú nó a urghabháil, ar coimeádáin iad a thoirmeasctar leis an Rialachán seo lena ndiúscairt i gcomhréir le hAirteagail 197 agus 198 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Déanfaidh údaráis um fhaireachas margaidh freisin coimeádáin den sórt sin a tharraingt siar nó aisghairm ón margadh i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle45.
Déanfaidh údaráis chustaim coimeádáin nach féidir a athlíonadh a choigistiú nó a urghabháil, ar coimeádáin iad a thoirmeasctar leis an Rialachán seo lena ndiúscairt i gcomhréir le hAirteagail 197 agus 198 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 agus déanfaidh siad iad a scriosadh. Déanfaidh údaráis um fhaireachas margaidh freisin coimeádáin den sórt sin a tharraingt siar nó aisghairm ón margadh i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle45.
_________________
_________________
45 Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1).
45 Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1).
Leasú 118
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 23 – mír 12 – fomhír 2
Maidir le substaintí eile agus táirgí eile agus trealamh a chumhdaítear leis an Rialachán seo, féadfar bearta malartacha a dhéanamh chun allmhairiú neamhdhleathach, tuilleadh soláthair, nó onnmhairiú a chosc, go háirithe i gcás hidreafluaracarbóin a chuirtear ar an margadh i mbulc nó a luchtaítear i dtáirgí agus i dtrealamh de shárú ar an gcuóta agus na ceanglais údaraithe a leagtar amach sa Rialachán seo.
Maidir le substaintí eile agus táirgí eile agus trealamh a chumhdaítear leis an Rialachán seo, déanfaidh údaráis chustaim gáis cheaptha teasa fhluairínithe a allmhairítear nó a onnmhairítear de shárú ar an Rialachán seo a urghabháil agus a choigistiú agus i gcomhréir leis an [Treoir maidir le Coireacht Chomhshaoil 2021/0422(COD)], chun allmhairiú neamhdhleathach, tuilleadh soláthair, nó onnmhairiú a chosc, go háirithe i gcás hidreafluaracarbóin a chuirtear ar an margadh i mbulc nó a luchtaítear i dtáirgí agus i dtrealamh de shárú ar an gcuóta agus na ceanglais údaraithe a leagtar amach sa Rialachán seo.
Leasú 119
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír -1 (nua)
-1.  Faoin 30 Meitheamh 2025, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil ina ndéanfar meastóireacht ar rioscaí ionchasacha na trádála neamhdhleathaí agus ina sainaithneofar bearta breise chun na rioscaí sin a laghdú a bhaineann le gluaiseachtaí gás ceaptha teasa fluairínithe agus táirgí agus trealaimh ina bhfuil na gáis sin nó a bhfuil a bhfeidhmíocht ag brath ar na gáis sin nuair a chuirtear faoi stóráil shealadach iad, nó nós imeachta custaim lena n-áirítear ollstóráil custaim nó nós imeachta saorchreasa nó atá ar idirthuras trí chríoch chustaim an Aontais, lena n-áirítear modheolaíochtaí rianaithe le haghaidh gáis a chuirtear ar an margadh, amhail cóid um fhreagairt thapa (QR).
Leasú 120
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 1 – fomhír 1
Faoin 31 Márta [OF: cuir isteach an bhliain a chuirtear an Rialachán seo i bhfeidhm], agus gach bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh gach táirgeoir, allmhaireoir agus onnmhaireoir a tháirg, a d’allmhairigh nó a d’onnmhairigh hidreafluaracarbóin nó cainníochtaí a sháraíonn tona méadrach amháin nó 100 tona de choibhéis CO2 de gháis ceaptha teasa fhluairínithe eile le linn na bliana féilire roimhe sin a thuairisciú don Choimisiún na sonraí a shonraítear in Iarscríbhinn IX maidir le gach ceann de na substaintí sin don bhliain féilire sin. Beidh feidhm ag an mír seo freisin maidir le gach gnóthas a fhaigheann cuóta de bhun Airteagal 21(1).
Faoin 31 Márta [OF: cuir isteach an bhliain a chuirtear an Rialachán seo i bhfeidhm], agus gach bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh gach táirgeoir, allmhaireoir agus onnmhaireoir a tháirg, a d’allmhairigh nó a d’onnmhairigh gáis ceaptha teasa fhluairínithe le linn na bliana féilire roimhe sin a thuairisciú don Choimisiún na sonraí a shonraítear in Iarscríbhinn IX maidir le gach ceann de na substaintí sin don bhliain féilire sin. Beidh feidhm ag an mír seo freisin maidir le gach gnóthas a fhaigheann cuóta de bhun Airteagal 21(1).
Leasú 121
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 2
2.   Faoin 31 Márta [OF: cuir isteach an bhliain a chuirtear an Rialachán seo i bhfeidhm], agus gach bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh gach gnóthas a scrios hidreafluaracarbóin nó cainníochtaí a sháraíonn tona méadrach amháin nó 100 tona de choibhéis CO2 de gháis ceaptha teasa fhluairínithe eile le linn na bliana féilire roimhe sin a thuairisciú don Choimisiún na sonraí a shonraítear in Iarscríbhinn IX maidir le gach ceann de na substaintí sin don bhliain féilire sin.
2.   Faoin 31 Márta [OF: cuir isteach an bhliain a chuirtear an Rialachán seo i bhfeidhm], agus gach bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh gach gnóthas a scrios hidreafluaracarbóin fhluairínithe le linn na bliana féilire roimhe sin a thuairisciú don Choimisiún na sonraí a shonraítear in Iarscríbhinn IX maidir le gach ceann de na substaintí sin don bhliain féilire sin.
Leasú 122
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 3
3.   Faoin 31 Márta [[OF: cuir isteach an bhliain a chuirtear an Rialachán seo i bhfeidhm], déanfaidh gach gnóthas a d’úsáid 1 000 tona de choibhéis CO2 nó níos mó de gháis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I mar bhunábhar le linn na bliana féilire roimhe sin a thuairisciú don Choimisiún na sonraí a shonraítear in Iarscríbhinn IX maidir le gach ceann de na substaintí sin don bhliain féilire sin.
3.   Faoin 31 Márta [[OF: cuir isteach an bhliain a chuirtear an Rialachán seo i bhfeidhm], déanfaidh gach gnóthas a d’úsáid gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I mar bhunábhar le linn na bliana féilire roimhe sin a thuairisciú don Choimisiún na sonraí a shonraítear in Iarscríbhinn IX maidir le gach ceann de na substaintí sin don bhliain féilire sin.
Leasú 123
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 4
4.   Faoin 31 Márta [OF: cuir isteach an bhliain a chuirtear an Rialachán seo i bhfeidhm], déanfaidh gach gnóthas a chuir 100 tona de choibhéis CO2 nó níos mó de hidreafluaracarbóin, nó 500 tona de choibhéis CO2 nó níos mó de gháis ceaptha teasa fhluairínithe eile, i dtáirgí nó i dtrealamh, ar an margadh le linn na bliana féilire roimhe sin a thuairisciú don Choimisiún na sonraí a shonraítear in Iarscríbhinn IX maidir le gach ceann de na substaintí sin don bhliain féilire sin.
4.   Faoin 31 Márta [OF: cuir isteach an bhliain a chuirtear an Rialachán seo i bhfeidhm], déanfaidh gach gnóthas a chuir gáis ceaptha teasa fhluairínithe, i dtáirgí nó i dtrealamh, ar an margadh le linn na bliana féilire roimhe sin a thuairisciú don Choimisiún na sonraí a shonraítear in Iarscríbhinn IX maidir le gach ceann de na substaintí sin don bhliain féilire sin.
Leasú 124
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 6
6.   Faoin 31 Márta [OF: cuir isteach an bhliain a chuirtear an Rialachán seo i bhfeidhm], agus gach bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh gach gnóthas a d’athshlánaigh cainníochtaí a sháraíonn 1 tona méadrach nó 100 tona de choibhéis CO2 de gháis ceaptha teasa fhluairínithe a thuairisciú don Choimisiún na sonraí a shonraítear in Iarscríbhinn IX maidir le gach ceann de na substaintí sin don bhliain féilire sin.
6.   Faoin 31 Márta [OF: cuir isteach an bhliain a chuirtear an Rialachán seo i bhfeidhm], agus gach bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh gach gnóthas a d’athshlánaigh gáis ceaptha teasa fhluairínithe eile a thuairisciú don Choimisiún na sonraí a shonraítear in Iarscríbhinn IX maidir le gach ceann de na substaintí sin don bhliain féilire sin.
Leasú 125
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 7
7.   Faoin 30 Márta [OF: cuir isteach an bhliain a chuirtear an Rialachán seo i bhfeidhm], déanfaidh gach allmhaireoir trealaimh a chuir trealamh réamhluchtaithe dá dtagraítear in Airteagal 19 ar an margadh ina raibh 1 000 tona ar a laghad de choibhéis CO2 de hidreafluaracarbóin, agus i gcás nár cuireadh na hidreafluaracarbóin sin ar an margadh roimh luchtú an trealaimh, tuarascáil fíoraithe a eisíodh de bhun Airteagal 19(3) a chur faoi bhráid an Choimisiúin.
7.   Faoin 30 Márta [OF: cuir isteach an bhliain a chuirtear an Rialachán seo i bhfeidhm], déanfaidh gach allmhaireoir trealaimh a chuir trealamh réamhluchtaithe dá dtagraítear in Airteagal 19 ar an margadh ina raibh hidreafluaracarbóin, agus i gcás nár cuireadh na hidreafluaracarbóin sin ar an margadh roimh luchtú an trealaimh, tuarascáil fíorúcháin a eisíodh de bhun Airteagal 19(3) a chur faoi bhráid an Choimisiúin.
Leasú 126
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 8 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach
Faoin 30 Márta [OF: cuir isteach an bhliain a chuirtear an Rialachán seo i bhfeidhm], agus gach bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh gach gnóthas a thuairiscíonn faoi mhír 1 1 000 tona de choibhéis CO2 nó níos mó de hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh le linn na bliana féilire roimhe sin, ina theannta sin, a áirithiú go ndéanfar fírinneacht a thuarascála a chinntiú, ar leibhéal réasúnta cinnteachta, ag iniúchóir neamhspleách. Beidh an t‑iniúchóir cláraithe sa Tairseach F-gás agus beidh sé:
Faoin 30 Márta [OF: cuir isteach an bhliain a chuirtear an Rialachán seo i bhfeidhm], agus gach bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh gach gnóthas a thuairiscíonn faoi mhír 1 hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh le linn na bliana féilire roimhe sin, ina theannta sin, a áirithiú go ndéanfar fírinneacht a thuarascála a chinntiú, ar leibhéal réasúnta cinnteachta, ag iniúchóir neamhspleách. Beidh an t‑iniúchóir cláraithe sa Tairseach F-gás agus beidh sé:
Leasú 127
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 27 – mír 2 a (nua)
Faoin 31 Nollaig 2024 glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe maidir le creat ginearálta comhchoiteann a úsáidfidh na Ballstáit chun córais láraithe leictreonacha a dhearadh.
Leasú 128
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 29 – mír 1
1.   Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát seiceálacha chun a shuí cé acu a chomhlíonann gnóthais a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo nó nach gcomhlíonann.
1.   Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát seiceálacha rialta chun a shuí cé acu a chomhlíonann gnóthais a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo nó nach gcomhlíonann.
Leasú 129
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 29 – mír 3 – fomhír 1
Beidh cuairteanna ar an láthair i mbunaíochtaí a mhinice is iomchuí agus fíorú doiciméadachta agus trealaimh ábhartha san áireamh sna seiceálacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.
Beidh cuairteanna ar an láthair i mbunaíochtaí a mhinice is iomchuí agus fíorú doiciméadachta agus trealaimh ábhartha san áireamh sna seiceálacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, chomh maith le seiceálacha ar ardáin ar líne a dhíolann gáis fhluairínithe nó táirgí ar an mórchóir agus trealamh ina bhfuil na gáis sin.
Leasú 130
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 29 – mír 5
5.   Ar iarraidh a fháil ó Bhallstát eile, féadfaidh Ballstát seiceálacha a dhéanamh ar ghnóthais a bhfuil amhras ann fúthu go bhfuil siad ag gabháil do ghluaiseacht neamhdhleathach na ngás agus na dtáirgí agus an trealaimh a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus ar gnóthais iad a oibríonn ar chríoch an Bhallstáit sin. Cuirfear an Ballstát iarrthach ar an eolas faoi thoradh na seiceála.
5.   Ar iarraidh a fháil ó Bhallstát eile, déanfaidh Ballstát seiceálacha ar ghnóthais a bhfuil amhras ann fúthu go bhfuil siad ag gabháil do ghluaiseacht neamhdhleathach na ngás agus na dtáirgí agus an trealaimh a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus ar gnóthais iad a oibríonn ar chríoch an Bhallstáit sin. Cuirfear an Ballstát iarrthach ar an eolas faoi thoradh na seiceála.
Leasú 131
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 29 – mír 7 a (nua)
7a.  Cuirfidh na Ballstáit achoimre bhliantúil ar na sonraí arna mbailiú ó na logleabhair ar fáil don Choimisiún faoin 1 Aibreán gach bliain. Foilseoidh an Coimisiún achoimre bhliantúil agus measúnú bliantúil ar na sonraí a fhaightear ó na Ballstáit. 
Leasú 132
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 31 – mír 5 – fomhír 1
I gcásanna gáis ceaptha teasa fhluairínithe, nó táirgí agus trealamh ina bhfuil na gáis sin nó a bhfuil a bhfeidhmíocht ag brath ar na gáis sin, a thairgeadh, a allmhairiú, a onnmhairiú, a chur ar an margadh nó a úsáid go neamhdhleathach, tabharfaidh na Ballstáit aird ar fhíneálacha riaracháin íosta de chúig oiread ar a laghad de mhargadhluach na ngás lena mbaineann nó na dtáirgí agus an trealaimh lena mbaineann. I gcás sárú a dhéantar athuair laistigh de thréimhse 5 bliana, tabharfaidh na Ballstáit aird ar fhíneálacha riaracháin íosta d’ocht oiread ar a laghad de luach na ngás nó na dtáirgí agus an trealaimh lena mbaineann.
I gcásanna gáis ceaptha teasa fhluairínithe, nó táirgí agus trealamh ina bhfuil na gáis sin nó a bhfuil a bhfeidhmíocht ag brath ar na gáis sin, a thairgeadh, a allmhairiú, a onnmhairiú, a chur ar an margadh nó a úsáid go neamhdhleathach, leagfaidh na Ballstáit amach fíneálacha riaracháin uasta de cheithre oiread ar a laghad de mhargadhluach na ngás nó na dtáirgí agus an trealaimh lena mbaineann agus fíneálacha riaracháin uasta de shé oiread ar a laghad de mhargadhluach na ngás lena mbaineann nó na dtáirgí agus an trealaimh lena mbaineann. I gcás sárú a dhéantar athuair laistigh de thréimhse 5 bliana, leagfaidh na Ballstáit amach fíneálacha riaracháin íosta de sheacht oiread ar a laghad de luach na ngás nó na dtáirgí agus an trealaimh lena mbaineann agus fíneálacha riaracháin uasta de dheich n-oiread ar a laghad de luach na ngás nó na dtáirgí agus an trealaimh lena mbaineann.
Leasú 133
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 32 – mír 2
2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 8(8), Airteagal 12(17), Airteagal 16(3), Airteagal 17(6), Airteagal 24, Airteagal 25(2) agus Airteagal 35 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama [ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 8(8), Airteagal 9(1a), Airteagal 12(17), Airteagal 16(3), an chéad fhomhír, Airteagal 16(3), an dara fomhír, Airteagal 17(6), Airteagal 17(6a), Airteagal 24, Airteagal 25(2), Airteagal 27, an tríú fomhír, Airteagal 35(1), Airteagal 35(1a) agus Airteagal 35(1b) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama [ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Leasú 134
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 32 – mír 3
3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 8(8), Airteagal 12(17), Airteagal 16(3), Airteagal 17(6), Airteagal 24, Airteagal 25(2) agus Airteagal 35 a chúlghairm aon tráth. Maidir leis an gcinneadh cúlghairm a dhéanamh, cuirfidh sé deireadh le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht gníomhartha tarmligthe ar bith atá i bhfeidhm cheana féin.
3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 8(8), Airteagal 9(1a), Airteagal 12(17), Airteagal 16(3), an chéad fhomhír, Airteagal 16(3) an dara fomhír, Airteagal 17(6), Airteagal 17(6a), Airteagal 24, Airteagal 25(2), Airteagal 27, an tríú fomhír,Airteagal 35(1), Airteagal 35(1a) agus Airteagal 35(1b) a chúlghairm aon tráth. Maidir leis an gcinneadh cúlghairm a dhéanamh, cuirfidh sé deireadh le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht gníomhartha tarmligthe ar bith atá i bhfeidhm cheana féin.
Leasú 135
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 32 – mír 6
6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 8(8), 12(17), 16(3), 17(6), 24, 25(2) agus 35 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 8(8), Airteagal 9(1a), Airteagal 12(17), Airteagal 16(3), Airteagal 16(3), an dara fomhír, Airteagal 17(6), Airteagal 17(6a), Airteagal 24, Airteagal 25(2), Airteagal 27, an tríú fomhír, Airteagal 35(1), Airteagal 35(1a) agus Airteagal 35(1b) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a bheith tugtha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Leasú 136
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 1
Bunóidh an Coimisiún Fóram Comhairliúcháin chun comhairle agus treoir a thabhairt maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Is é an Coimisiún a bhunóidh rialacha nós imeachta an Fhóraim Comhairliúcháin agus foilseofar iad.
Bunóidh an Coimisiún Fóram Comhairliúcháin chun comhairle agus treoir a thabhairt maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Beidh rannpháirtíocht chothrom ag an bhFóram Comhairliúcháin idir na rannpháirtithe seo a leanas:
(i)  ionadaithe na mBallstát;
(ii)  ionadaithe na ngeallsealbhóirí ábhartha uile, lena n-áirítear eagraíochtaí comhshaoil, comhlachais othar agus eagraíochtaí gairmiúla cúraim sláinte, ionadaithe monaróirí agus oibreoirí.
Comhoibreoidh an Fóram Comhairliúcháin go dlúth leis na Gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais. Is é an Coimisiún a bhunóidh rialacha nós imeachta an Fhóraim Comhairliúcháin agus foilseofar iad.
Leasú 137
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 35 – mír 1 a (nua)
Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar fhorbairtí teicneolaíochta agus margaidh maidir le húsáid gás ceaptha teasa fluairínithe agus a roghanna malartacha nádúrtha san Aontas. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun an Rialachán seo a leasú, agus neartú a dhéanamh ar na toirmisc ar gháis cheaptha teasa fhluairínithe a bhfuil acmhainneacht téite domhanda ard acu sna táirgí nó sa trealamh lena mbaineann a chur ar an margadh, i gcás ina dtagann sé ar fhianaise go bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe a bhfuil acmhainneacht téite domhanda íseal acu nó roghanna malartacha nádúrtha ag teacht chun cinn nó go bhfuil dlús curtha lena n-úsáid i dtáirgí agus i dtrealamh a chuirtear ar mhargadh an Aontais.
Leasú 138
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 35 – mír 1 b (nua)
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun Iarscríbhinní I, II agus III a leasú trí gháis ceaptha teasa fhluairínithe a bhogadh ó Iarscríbhinn III go hIarscríbhinní I nó II nó trí gháis ceaptha teasa fhluairínithe a thabhairt isteach in Iarscríbhinní I nó II, i gcás ina bhfuil fianaise aige gur cuireadh gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn III nó gáis ceaptha teasa fhluairínithe nach liostaítear in Iarscríbhinní I, II nó III a ghabhann leis an Rialachán seo ar an margadh.
Leasú 139
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 35 – mír 1 c (nua)
Tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis Rialachán athbhreithnithe REACH a ghlacadh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar cibé an bhfuil an Rialachán seo i gcomhréir leis an Rialachán sin. Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur lena mheasúnú chun an Rialachán seo a leasú, má chinneann sé nach bhfuil an Rialachán seo comhleanúnach le srianta nua a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le húsáid PFAS a leagtar síos sa Rialachán sin.
Leasú 140
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 35 – mír 2
Faoin 1 Eanáir 2033, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo.
Faoin 1 Eanáir 2027, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, lena n-áirítear i ndáil le tionchar an Rialacháin seo ar earnáil na sláinte, go háirithe infhaighteacht MDInna chun comhábhair chógaisíochta a sheachadadh, chomh maith leis an tionchar ar threalamh fuaraithe a úsáidtear i gcomhar le ceallraí ar an margadh.
Leasú 141
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 35 – mír 2 a (nua)
Féadfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide arna bhunú faoi Airteagal 10a de Rialachán (CE) Uimh. 401/2009, ar a thionscnamh féin, comhairle eolaíoch a sholáthar agus tuarascálacha a eisiúint maidir le comhleanúnachas an Rialacháin seo le cuspóirí Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 agus le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais faoi Chomhaontú Pháras.
Leasú 142
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn 1 – roinn 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Roinn 3: Comhdhúile sárfluairínithe eile

 

heicseafluairíd sulfair

SF6

25 200

18 300

Leasú

Roinn 3: Comhdhúile (sár)fluairínithe eile agus céatóin fhluairínithe eile

 

heicseafluairíd sulfair

SF6

25 200

18 300

 

Heipteafluairuseabútarainítríl (2,3,3,3-teitreafluara-2(trífhluaraimteitil)-própán-nítríl)

Iso-C3F7CN

2 750

4 580

 

1,1,1,3,4,4,4-heipteafluara-3-(trífhluarameitil)bútáin-2-one

CF3C(O)CF(CF3)2

0,29(1)

(*)

__________________

1 Ren et al. (2019). Atmospheric Fate and Impact of Perfluorinated Butanone and Pentanone. Environ. Sci. Technol. 2019, 53, 15, 8862–8871

Leasú 143
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn III – roinn 1 – pointe 37

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

1,1,1,3,4,4,4-heipteafluara-3-(trífhluarameitil)bútáin-2-one

CF3C(O)CF(CF3)2

0,29(1)

(*)

__________________

1 Ren et al. (2019). Atmospheric Fate and Impact of Perfluorinated Butanone and Pentanone. Environ. Sci. Technol. 2019, 53, 15, 8862–8871

Leasú

scriosta

Leasú 144
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn III – roinn 2 – pointe 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Heipteafluairuseabútarainítríl (2,3,3,3-teitreafluara-2(trífhluaraimteitil)-própán-nítríl)

Iso-C3F7CN

2 750

4 580

Leasú

scriosta

Leasuithe 145, 153cp1, 157cp1, 153cp2, 153cp3 agus 153cp4
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn IV – tábla

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Táirgí agus trealamh

I gcás inarb ábhartha, déanfar acmhainneacht téite domhanda na meascán ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn VI, mar a fhoráiltear in Airteagal 3, pointe (1)

Dáta an toirmisc

(1)  Coimeádáin nach féidir a athlíonadh le haghaidh gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, ar coimeádáin iad atá folamh, líonta go páirteach nó go hiomlán, a úsáidtear chun trealamh cuisniúcháin, aerchóirithe nó teaschaidéil, córais chosanta ar dhóiteáin nó lascthrealamh a sheirbhísiú, a chothabháil nó a líonadh, nó a mbaintear feidhm astu mar thuaslagóirí.

4 Iúil 2007

(2)  Córais neamhghaibhnithe galaithe neamhdhírigh a bhfuil HFCanna agus PFCanna ina gcuisneáin iontu

4 Iúil 2007

(3)  Trealamh cosanta ar dhóiteáin

a bhfuil PFCanna ann

4 Iúil 2007

a bhfuil HFC-23 ann

1 Eanáir 2016

a bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe eile a liostaítear in Iarscríbhinn I ann nó a bhraitheann orthu, ach amháin má tá gá leo chun caighdeáin sábháilteachta a chomhlíonadh

1 Eanáir 2024

(4)  Fuinneoga tí ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I.

4 Iúil 2007

(5)  Fuinneoga eile ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I.

4 Iúil 2008

(6)  Coisbheart ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I.

4 Iúil 2006

(7)  Boinn ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I.

4 Iúil 2007

(8)  Cúir aon ábhair, ach amháin má tá ceangailte orthu caighdeáin náisiúnta sábháilteachta a chomhlíonadh, ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I ar 150 nó níos mó a n‑acmhainneacht téite domhanda.

4 Iúil 2008

(9)  Gineadóirí aerasóil a chuirtear ar an margadh don ghnáthphobal lena ndíol leo chun críocha siamsaíochta agus maisithe, mar a liostaítear i bpointe 40 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, agus adharca fógra a bhfuil HFCanna iontu ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téite domhanda.

4 Iúil 2009

(10)  Cuisneoirí agus reoiteoirí tí ina bhfuil HFCanna ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téite domhanda.

1 Eanáir 2015

(11)  Cuisneoirí agus reoiteoirí le haghaidh úsáid tráchtála (trealamh féinchuimsitheach)

-ina bhfuil HFCanna ar 2 500 nó níos mó a n-acmhainneacht téite domhanda.

1 Eanáir 2020

-ina bhfuil HFCanna ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téite domhanda.

1 Eanáir 2022

-ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe eile ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téite domhanda.

1 Eanáir 2024

(12)  Aon trealamh cuisniúcháin féinchuimsitheach ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téite domhanda.

1 Eanáir 2025

(13)  Trealamh cuisniúcháin do-aistrithe a bhfuil HFCanna le hacmhainneacht téite domhanda de 500 nó níos mó iontu, nó trealamh den sórt sin a bhraitheann orthu siúd lena fheidhmiú, ach amháin trealamh a bhfuil sé beartaithe é a chur ar tháirgí le go laghdófaí a dteochtaí go teochtaí níos lú ná – 50 °C.

1 Eanáir 2020

(14)  Trealamh cuisniúcháin do-aistrithe ina bhfuil HFCanna ar 2 500 nó níos mó a acmhainneacht téite domhanda, nó trealamh den sórt sin a bhraitheann orthu siúd lena fheidhmiú, ach amháin trealamh a bhfuil sé beartaithe é a chur ar tháirgí le go laghdófaí a dteochtaí go teochtaí níos lú ná – 50 °C.

1 Eanáir 2024

(15)  Córais cuisniúcháin lárnaithe ilphacáiste le haghaidh úsáid tráchtála a bhfuil acmhainn 40 kW nó níos mó acu ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I le hacmhainneacht téite domhanda de 150 nó níos mó, nó a mbeidh siad ag brath ar na gáis sin lena bhfeidhmiú, ach amháin i gcás príomhchiorcad cuisneáin córas cascáide ina bhféadfar gáis ceaptha teasa fhluairínithe le hacmhainneacht téite domhanda níos lú ná 1500 a úsáid.

1 Eanáir 2022

(16)  Trealamh aerchóiriúcháin seomra a phlugáiltear (trealamh féinchuimsitheach) atá inchorraithe ag an úsáideoir deiridh ó sheomra go seomra ina bhfuil HFCanna ar 150 nó níos mó a n‑acmhainneacht téite domhanda.

1 Eanáir 2020

(17)  Trealamh aerchóiriúcháin agus teaschaidéil seomra agus trealamh aerchóiriúcháin agus teaschaidéil féinchuimsitheach eile a phlugáiltear isteach ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe ar 150 nó níos mó a acmhainneacht téite domhanda.

1 Eanáir 2025

(18)  Trealamh aerchóiriúcháin roinnte do-aistrithe agus trealamh teaschaidéil roinnte do-aistrithe:

(a)  Córais aonair roinnte lena n-áirítear córais duchtanna dúbailte ina bhfuil níos lú ná 3 kg de gháis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, a bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe iontu nó córais a bhraitheann a bhfeidhmiú ar na gáis sin;

1 Eanáir 2025

(b)  Córais roinnte a bhfuil acmhainneacht rátaithe suas le 12 kW acu ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe, nó a bhraitheann ar na gáis sin lena bhfeidhmiú, ach amháin nuair is gá sin chun caighdeáin sábháilteachta a chomhlíonadh;

(c)  Córais roinnte a bhfuil acmhainneacht rátaithe níos mó ná 12 kW iontu ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe ar 750 nó níos mó a n-acmhainneacht téite domhanda, nó a bhraitheann ar na gáis sin lena bhfeidhmiú, ach amháin nuair is gá chun caighdeáin sábháilteachta a chomhlíonadh.

1 Eanáir 2027

(19)  Cúir ina bhfuil HFCanna ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téite domhanda, ach amháin má tá ceangailte orthu caighdeáin náisiúnta sábháilteachta a bhaint amach.

Polaistiréin easbhrúite (XPS)

1 Eanáir 2020

-Cúir eile

1 Eanáir 2023

(20)  Aerasóil theicniúla ina bhfuil HFCanna ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téite domhanda, ach amháin má tá ceangailte orthu caighdeáin náisiúnta sábháilteachta a bhaint amach nó má úsáidtear iad le haghaidh feidhmeanna liachta.

1 Eanáir 2018

(21)  Táirgí cúraim phearsanta (i.e. mús, uachtair, cúir) ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe.

1 Eanáir 2024

(22)  Trealamh a úsáidtear chun an chraiceann a fhuarú ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téite domhanda, nó a bhraitheann ar na gáis sin lena bhfeidhmiú, ach amháin nuair a úsáidtear iad le haghaidh feidhmeanna leighis.

1 Eanáir 2024

(23)  Suiteáil agus aistriú an lascthrealaimh leictrigh seo a leanas:

(a)  lascthrealamh meánvoltais le haghaidh dáileadh príomha agus tánaisteach suas le 24 kV, ina bhfuil meán inslithe nó briste trí úsáid a bhaint as gáis ar 10 nó níos mó a n-acmhainneacht téite domhanda, nó ar 2 000 nó níos mó a n-acmhainneacht téite domhanda, nó a bhraitheann ar na gáis sin lena bhfeidhmiú, mura gcuirtear fianaise ar fáil nach bhfuil aon rogha mhalartach ar fáil ar fhorais theicniúla laistigh den raon acmhainneachta téite domhanda is ísle dá dtagraítear thuas;

1 Eanáir 2026

(b)  lascthrealamh meánvoltais le haghaidh dáileadh príomha agus tánaisteach ó níos mó ná 24 kV, agus suas le 52 kV, ina bhfuil meán inslithe nó briste trí úsáid a bhaint as gáis ar 10 nó níos mó a n-acmhainneacht téite domhanda, nó a bhraitheann ar na gáis sin lena bhfeidhmiú, nó ar 2 000 nó níos mó a n-acmhainneacht téite domhanda, mura gcuirtear fianaise ar fáil nach bhfuil aon rogha mhalartach ar fáil ar fhorais theicniúla laistigh den raon acmhainneachta téite domhanda is ísle dá dtagraítear thuas;

1 Eanáir 2030

(c)  lascthrealamh ardvoltais ó 52 kV suas le 145 kV agus suas le 50 kA de shrutha gearrchiorcaid ina bhfuil meán inslithe nó briste trí úsáid a bhaint as meascáin de na gáis ar 10 nó níos mó a n-acmhainneacht téite domhanda, nó a bhraitheann ar na gáis sin lena bhfeidhmiú, nó ar 2000 nó níos mó a n-acmhainneacht téite domhanda mura gcuirtear fianaise ar fáil nach bhfuil aon rogha mhalartach ar fáil ar fhorais theicniúla; laistigh de na raonta acmhainneachta téite domhanda níos ísle dá dtagraítear thuas;

1 Eanáir 2028

(d)  lascthrealamh ardvoltais níos mó ná 145 kV nó níos mó ná 50 kA de shrutha gearrchiorcaid ina bhfuil meán inslithe nó briste trí úsáid a bhaint as gáis ar 10 nó níos mó a n-acmhainneacht téite domhanda , nó a bhraitheann ar na gáis sin lena bhfeidhmiú, nó ar 2 000 nó níos mó a n-acmhainneacht téite domhanda, mura gcuirtear fianaise ar fáil nach bhfuil aon rogha mhalartach ar fáil ar fhorais theicniúla.

1 Eanáir 2031

Leasú

Táirgí agus trealamh

I gcás inarb ábhartha, déanfar acmhainneacht téite domhanda na meascán ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn VI, mar a fhoráiltear in Airteagal 3, pointe (1)

Dáta an toirmisc

(1)  Coimeádáin nach féidir a athlíonadh le haghaidh gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, ar coimeádáin iad atá folamh, líonta go páirteach nó go hiomlán, a úsáidtear chun trealamh cuisniúcháin, aerchóirithe nó teaschaidéil, córais chosanta ar dhóiteáin nó lascthrealamh a sheirbhísiú, a chothabháil nó a líonadh, nó a mbaintear feidhm astu mar thuaslagóirí.

4 Iúil 2007

(2)  Córais neamhghaibhnithe galaithe neamhdhírigh a bhfuil HFCanna agus PFCanna ina gcuisneáin iontu

4 Iúil 2007

(3)  Trealamh cosanta ar dhóiteáin

a bhfuil PFCanna ann

4 Iúil 2007

a bhfuil HFC-23 ann

1 Eanáir 2016

a bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe eile a liostaítear in Iarscríbhinn I ann nó a bhraitheann orthu, ach amháin má tá gá leo chun caighdeáin sábháilteachta a chomhlíonadh

1 Eanáir 2024

(4)  Fuinneoga tí ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I.

4 Iúil 2007

(5)  Fuinneoga eile ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I.

4 Iúil 2008

(6)  Coisbheart ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I.

4 Iúil 2006

(7)  Boinn ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I.

4 Iúil 2007

(8)  Cúir aon ábhair, ach amháin má tá ceangailte orthu caighdeáin náisiúnta sábháilteachta a chomhlíonadh, ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I ar 150 nó níos mó a n‑acmhainneacht téite domhanda.

4 Iúil 2008

(9)  Gineadóirí aerasóil a chuirtear ar an margadh don ghnáthphobal lena ndíol leo chun críocha siamsaíochta agus maisithe, mar a liostaítear i bpointe 40 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, agus adharca fógra a bhfuil HFCanna iontu 150 GWP nó níos mó

4 Iúil 2009

(10)  Cuisneoirí agus reoiteoirí tí ina bhfuil HFCanna ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téite domhanda.

1 Eanáir 2015

(10a)   Cuisneoirí agus reoiteoirí tí a bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe iontu.

1 Eanáir 2025

(11)  Cuisneoirí agus reoiteoirí do-aistrithe le haghaidh úsáid tráchtála (trealamh féinchuimsitheach)

-ina bhfuil HFCanna ar 2 500 nó níos mó a n-acmhainneacht téite domhanda.

1 Eanáir 2020

-ina bhfuil HFCanna ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téite domhanda.

1 Eanáir 2022

-ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe.

1 Eanáir 2024

(12)  Aon trealamh cuisniúcháin féinchuimsitheach do-aistrithe ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe.

1 Eanáir 2025

(13)  Trealamh cuisniúcháin do-aistrithe a bhfuil HFCanna ar 500 nó níos mó a acmhainneacht téite domhanda, nó trealamh den sórt sin a bhraitheann orthu siúd lena fheidhmiú, ach amháin trealamh a bhfuil sé beartaithe é a chur ar tháirgí le go laghdófaí a dteochtaí go teochtaí níos lú ná – 50 °C.

1 Eanáir 2020

(14)  Trealamh cuisniúcháin do-aistrithe ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe nó trealamh den sórt sin a bhraitheann orthu siúd lena fheidhmiú, ach amháin trealamh a bhfuil sé beartaithe lena dhearadh feidhmiú chun táirgí a fhuarú go teochtaí atá faoi bhun – 50 °C.

1 Eanáir 2025

(14a)   Trealamh cuisniúcháin ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe, nó a bhraitheann ar na gáis sin lena fheidhmiú.

1 Eanáir 2027

(15)  Córais cuisniúcháin lárnaithe ilphacáiste le haghaidh úsáid tráchtála a bhfuil acmhainn 40 kW nó níos mó acu ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I le hacmhainneacht téite domhanda de 150 nó níos mó, nó a mbeidh siad ag brath ar na gáis sin lena bhfeidhmiú, ach amháin i gcás príomhchiorcad cuisneáin córas cascáide ina bhféadfar gáis ceaptha teasa fhluairínithe le hacmhainneacht téite domhanda níos lú ná 1500 a úsáid.

1 Eanáir 2022

(15a)   Cuisniúcháin Iompair

i veaineanna agus longa ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe, nó a bhraitheann ar gháis ceaptha teasa fhluairínithe lena bhfeidhmiú;

1 Eanáir 2027

i dtrucailí, i leantóirí, i longa agus i gcoimeádáin cuisniúcháin ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe, nó a bhraitheann ar gháis ceaptha teasa fhluairínithe lena bhfeidhmiú.

1 Eanáir 2029

(16)  Trealamh aerchóiriúcháin seomra a phlugáiltear (trealamh féinchuimsitheach) atá inchorraithe ag an úsáideoir deiridh ó sheomra go seomra ina bhfuil HFCanna ar 150 nó níos mó a n‑acmhainneacht téite domhanda.

1 Eanáir 2020

(17)  Trealamh aerchóiriúcháin agus teaschaidéil seomra, monabhloic agus trealamh aerchóiriúcháin agus teaschaidéil féinchuimsitheach eile a phlugáiltear isteach ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe.

1 Eanáir 2026

(18)  Trealamh aerchóiriúcháin roinnte do-aistrithe agus trealamh teaschaidéil roinnte do-aistrithe:

(a)  Córais aonair roinnte lena n-áirítear córais duchtanna dúbailte ina bhfuil níos lú ná 3 kg de gháis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, a bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe nó córais a bhraitheann a bhfeidhmiú ar na gáis sin;

1 Eanáir 2027

(b)  Córais roinnte a bhfuil acmhainneacht rátaithe suas go 12 kW iontu agus an méid sin san áireamh, ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe, nó a bhraitheann ar na gáis sin lena bhfeidhmiú.

(c)  Córais roinnte a bhfuil acmhainneacht rátaithe níos mó ná 12 kW agus suas go 200 kW iontu ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe ar 750 nó níos mó a n-acmhainneacht téite domhanda, nó a bhraitheann ar na gáis sin lena bhfeidhmiú, ach amháin nuair is gá chun caighdeáin sábháilteachta a chomhlíonadh.

(ca)   Córais roinnte a bhfuil acmhainneacht rátaithe níos mó ná 200 kW iontu ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe, nó a bhraitheann ar na gáis sin lena bhfeidhmiú.

1 Eanáir 2028

(19)  Cúir ina bhfuil HFCanna ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téite domhanda ach amháin má tá ceangailte orthu caighdeáin náisiúnta sábháilteachta a bhaint amach.

-Polaistiréin easbhrúite (XPS)

1 Eanáir 2020

-Cúir eile

1 Eanáir 2023

(19a)   Cúir ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe ach amháin má tá ceangailte orthu caighdeáin náisiúnta sábháilteachta a chomhlíonadh

1 Eanáir 2030

(20)  Aerasóil theicniúla ina bhfuil HFCanna ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téite domhanda, ach amháin má tá ceangailte orthu caighdeáin náisiúnta sábháilteachta a bhaint amach nó má úsáidtear iad le haghaidh feidhmeanna leighis.

1 Eanáir 2018

(20a)   Aerasóil theicniúla ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe, ach amháin má tá ceangailte orthu caighdeáin náisiúnta sábháilteachta a bhaint amach nó má úsáidtear iad le haghaidh feidhmeanna leighis.

1 Eanáir 2030

(22)  Táirgí cúraim phearsanta (i.e. mús, uachtair, cúir) ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe.

1 Eanáir 2024

(22)  Trealamh a úsáidtear chun an chraiceann a fhuarú ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe le hacmhainneacht téite domhanda de 150 nó níos mó, nó a bhraitheann ar na gáis sin lena bhfeidhmiú, ach amháin nuair a úsáidtear iad le haghaidh feidhmeanna leighis.

1 Eanáir 2024

(23)  Suiteáil agus aistriú an lascthrealaimh leictrigh seo a leanas:

(a)  lascthrealamh meánvoltais le haghaidh dáileadh príomha agus tánaisteach suas le 24 kV agus an mhinicíocht sin san áireamh, ina bhfuil meán inslithe nó briste trí úsáid a bhaint as gáis ceaptha teasa fhluairínithe, nó a bhraitheann ar gháis ceaptha teasa fhluairínithe lena fheidhmiú;

1 Eanáir 2026

(b)  lascthrealamh meánvoltais le haghaidh dáileadh príomha agus tánaisteach ó níos mó ná 24 kV agus suas le 52 kV agus an mhinicíocht sin san áireamh, ina bhfuil meán inslithe nó briste trí úsáid a bhaint as gáis ceaptha teasa fhluairínithe, nó a bhraitheann ar gháis ceaptha teasa fhluairínithe lena fheidhmiú;

1 Eanáir 2028

(c)  lascthrealamh ardvoltais ó 52 kV suas le 145 kV agus an mhinicíocht sin san áireamh agus suas le 50 kA de shrutha gearrchiorcaid ina bhfuil meán inslithe nó briste trí úsáid a bhaint as gáis a bhfuil acmhainneacht téite domhanda nó a bhraitheann ar na gáis sin lena bhfeidhmiú, mura gcuirtear fianaise ar fáil nach bhfuil aon rogha mhalartach oiriúnach ar fáil, agus sa chás sin is féidir gáis le hacmhainneacht téite domhanda suas le 1000 a úsáid;

1 Eanáir 2028

(d)  lascthrealamh ardvoltais níos mó ná 145 kV nó níos mó ná 50 kA de shrutha gearrchiorcaid ina bhfuil meán inslithe nó briste trí úsáid a bhaint as gáis ceaptha teasa fhluairínithe, nó a bhraitheann ar gháis ceaptha teasa fhluairínithe lena fheidhmiú, mura gcuirtear fianaise ar fáil nach bhfuil aon rogha mhalartach oiriúnach ar fáil, agus sa chás sin is féidir gáis le hacmhainneacht téite domhanda suas le 1000 a úsáid.

1 Eanáir 2031

(23a)   Aerchóiriú soghluaiste i longa paisinéirí agus lastais, busanna, tramanna agus traenacha ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe, nó a bhraitheann ar gháis ceaptha teasa fhluairínithe lena bhfeidhmiú.

1 Eanáir 2029

(23b)   Fuaraitheoirí beaga díláithriúcháin agus lártheifeacha ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe, nó a bhraitheann orthu lena bhfeidhmiú;

1 Eanáir 2027

Leasú 146
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn IV – pointe 2
2.   Áireofar san fhianaise dá dtagraítear i bpointe 23 doiciméadacht lena suitear tar éis glao oscailte ar thairiscintí nach raibh aon rogha mhalartach oiriúnach ar fáil ar fhorais theicniúla, i bhfianaise shonraíochtaí léirithe an iarratais, a d’fhéadfadh na coinníollacha a leagtar amach i bpointe 23 a chomhlíonadh. Coinneoidh an t‑oibreoir an doiciméadacht ar feadh 5 bliana ar a laghad agus cuirfear ar fáil í d’údarás inniúil an Bhallstáit agus don Choimisiún, arna iarraidh sin.
2.   Féadfaidh údarás inniúil de chuid Ballstáit an díolúine dá dtagraítear i bpointe 23(c) agus (d) a údarú tar éis iarraidh chuí-réasúnaithe a fháil ó oibreoir. Áireofar in iarraidh an oibreora doiciméadacht lena gcruthaítear, tar éis glao oscailte ar thairiscintí lena ngabhann spriocdháta le haghaidh tairiscintí tar éis na ndátaí dá dtagraítear i bpointe 23, nach bhfuil aon rogha mhalartach oiriúnach ar fáil ar fhorais theicniúla, i bhfianaise shainiúlachtaí léirithe an iarratais, a d’fhéadfadh na coinníollacha a leagtar amach i bpointe 23(c) agus (d) a chomhlíonadh, nó, go dtí dhá bhliain tar éis na ndátaí dá dtagraítear i bpointe 23(c) agus (d), nár cuireadh ach aon tairiscint amháin ar lascthrealamh den sórt sin le meán inslithe nó briste nach mbaineann úsáid as gáis cheaptha teasa fhluairínithe, nó nach bhfuil a bhfeidhmíocht ag brath ar gháis ceaptha teasa fhluairínithe. Cuirfidh an t-údarás inniúil an doiciméadacht ar fáil don Choimisiún, arna iarraidh sin.
Leasú 147
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn V – mír 1 – pointe d
(d)   le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2036 agus ina diaidh, 15 % de mheán bliantúil a táirgthe in 2011-2013.
(d)   le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2036 go dtí an 31 Nollaig 2049, 15 % de mheán bliantúil a táirgthe in 2011-2013;
Leasú 148
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn V– mír 1 – pointe d a (nua)
(da)  le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2050 agus ina diaidh, 0 % de mheán bliantúil a táirgthe in 2011-2013.
Leasú 149
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn VI – teideal
An modh chun an acmhainneacht téite domhanda iomlán maidir le meascán dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a ríomh
An modh chun an acmhainneacht téite domhanda iomlán maidir le meascán dá dtagraítear in Airteagal 3(2) a ríomh
Leasú 150
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn VII

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Blianta

Uaschainníocht

Coibhéis CO2 i dtonaí

2024 – 2026

41 701 077

2027 – 2029

17 688 360

2030 – 2032

9 132 097

2033 – 2035

8 445 713

2036 – 2038

6 782 265

2039 – 2041

6 136 732

2042 – 2044

5 491 199

2045 – 2047

4 845 666

Ó 2048 ar aghaidh

4 200 133

Leasú

Blianta

Uaschainníocht

Coibhéis CO2 i dtonaí

2024 – 2026

41 701 077

2027 – 2029

20 888 360

2030 – 2032

9 132 097

2033 – 2035

8 445 713

2036 – 2038

6 782 265

2039 – 2041

4 138 941

2042 – 2044

3 247 259

2045 – 2047

1 623 629

2048 - 2049

811 814

Ó 2050 ar aghaidh

0

Leasú 151
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn VIII – pointe 1 – mír 2 – fleasc 2
–   thairis sin, i gcás inarb ábhartha, cuóta atá comhfhreagrach don luach tagartha dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII, pointe 4(ii), arna iolrú faoin uaschainníocht le haghaidh na bliana a leithdháileadh an chuóta ina leith, arna roinnt ar an uaschainníocht le haghaidh 2024.
–   ina theannta sin, i gcás inarb ábhartha, cuóta atá comhfhreagrach don luach tagartha dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII, pointe 4(ii). Ó 2027 ar aghaidh, faightear cuóta den sórt sin tríd an luach tagartha a iolrú faoi fhactóir de 0,7. Ó 2030 ar aghaidh, tá an cuóta sin comhfhreagrach don luach tagartha arna iolrú faoin uaschainníocht le haghaidh na bliana a leithdháileadh an chuóta ina leith, arna roinnt ar an uaschainníocht le haghaidh 2024.

(1) Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0048/2023).

An nuashonrú is déanaí: 4 Iúil 2023Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais