Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2022/2185(BUI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0153/2023

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0153/2023

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 20/04/2023 - 8.11

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2023)0119

Téacsanna atá glactha
PDF 185kWORD 60k
Déardaoin, 20 Aibreán 2023 - Strasbourg
Meastacháin Pharlaimint na hEorpa ar ioncam agus ar chaiteachas don bhliain airgeadais 2024
P9_TA(2023)0119A9-0153/2023

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Aibreán 2023 maidir le meastacháin Pharlaimint na hEorpa ar ioncam agus caiteachas don bhliain airgeadais 2024 (2022/2185(BUI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagal 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012(1),

–  ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027(2),

–  ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach(3),

–  ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh(4),

–  ag féachaint do na ceanglais bhreisíochta i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (an Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite), go háirithe Aithris 90 agus Airteagal 27 di,

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste – iompar Eorpach a chur ar an mbóthar ceart don todhchaí (COM(2020)0789), go háirithe mír 9 di maidir le taisteal comhchoiteann,

–  ag féachaint do rún uaithi an 7 Aibreáin 2021 maidir le meastacháin Pharlaimint na hEorpa ar ioncam agus caiteachas don bhliain airgeadais 2023(5),

–  ag féachaint do rún uaithi an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le seasamh na Comhairle ar dhréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023(6),

–  ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023(7) agus do na ráitis chomhpháirteacha a comhaontaíodh idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún atá i gceangal leis seo,

–  ag féachaint do rún ón gComhairle an 22 Aibreán 1970 maidir leis an gComhaontú Oinigh maidir leis an ngrinnscrúdú ar chaiteachais buiséadach arna chomhdhlúthú le comhaontú idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle le héifeachtaí ceangailteacha don dá institiúid,

–  ag féachaint do Straitéis Mheántéarmach 2024 ó EMAS a ghlac an Coiste Stiúrtha Bainistíochta Comhshaoil sa Bhruiséil an 15 Nollaig 2020,

–  ag féachaint don staidéar dar teideal The European Parliament’s carbon footprint - Towards carbon neutrality [Lorg carbóin Pharlaimint na hEorpa - I dtreo neodracht carbóin],

–  ag féachaint do Thuarascáil Speisialta Uimh. 14/2014 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa: Conas a dhéanann institiúidí agus comhlachtaí an Aontais a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a ríomh, a laghdú agus a fhritháireamh?,

–  ag féachaint do rún uaithi an 17 Meán Fómhair 2020 maidir le huasmhéadú a dhéanamh ar acmhainneacht ó thaobh éifeachtúlacht fuinnimh de i ndáil le stoc foirgneamh AE(8),

–  ag féachaint do Ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le ról eiseamláireach a gcuid foirgneamh i gcomhthéacs na Treorach maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh,

–  ag féachaint do thuarascáil an Ardrúnaí chuig an mBiúró maidir le réamhdhréacht de mheastacháin Pharlaimint na hEorpa don bhliain airgeadais 2024 a tharraingt suas,

–  ag féachaint don réamhdhréacht de na meastacháin arna dtarraingt suas ag an mBiúró an 13 Márta 2023 de bhun Rialacha 25(7) agus 102(1) de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint do na dréachtmheastacháin arna dtarraingt suas ag an gCoiste um Buiséid de bhun Riail 102(2) de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint do Riail 102 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0153/2023),

A.  de bhrí gurb ionann an buiséad a mhol an tArdrúnaí an 13 Feabhra 2023 do réamhdhréacht de mheastacháin Pharlaimint na hEorpa do 2024 agus EUR 2 392 401 312 agus gurb ionann é sin agus méadú 6,46 % nó EUR 145 mhilliún i gcomparáid le buiséad 2023;

B.  de bhrí go dtuarann an Coimisiún gur 6,4 % in 2023 agus 2,7 % in 2024 a bheidh i ráta boilscithe AE i Réamhaisnéis Gheimhridh 2023 (Eatramhach); de bhrí go bhfuil leibhéal an chaiteachais i gCeannteideal 7 de CAI ó 2021 go 2027 bunaithe ar mhéadú bliantúil 2 %;

C.  de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach le guth daonlathach Pharlaimint na hEorpa a chosaint, go háirithe i bhfianaise na staide geopholaitiúla atá ann faoi láthair, go háirithe cogadh neamhdhlisteanach na Rúise ar an Úcráin; de bhrí gur gá buiséad Pharlaimint na hEorpa a bheith ullmhaithe go leormhaith chun toghcháin Pharlaimint na hEorpa in 2024 a ullmhú agus a sheoladh agus chun cumarsáid a dhéanamh maidir le tábhacht na rannpháirtíochta daonlathaí agus na vótála;

D.  de bhrí go mbraitheann creidiúnacht Pharlaimint na hEorpa ar a cumas díriú ar a croí-obair bhuiséadach, reachtach agus ghrinnscrúdaithe ar an gcaighdeán is airde, agus ag an am céanna sampla a leagan síos vis-à-vis institiúidí eile de chuid an Aontais chun a caiteachas a phleanáil agus a dhéanamh go stuama agus go héifeachtúil agus chun na réaltachtaí eacnamaíochta forleathana a léiriú;

E.  de bhrí gur gá do Pharlaimint na hEorpa a bheith ar thús cadhnaíochta sna haistrithe digiteacha agus glasa;

F.  de bhrí go luaitear sa ‘Straitéis Tógála tar éis 2019’ an gá atá le foirgnimh a chothabháil chun na caighdeáin sábháilteachta atá ann faoi láthair agus na fíor-riachtanais dá n-úsáideoirí a chomhlíonadh;

G.  de bhrí gur bunaíodh an ciste pinsin deonach in 1990 le Rialacha an Bhiúró lena rialaítear an scéim pinsin bhreise (deonach)(9);

Creat ginearálta

1.  á mheabhrú go bhfuil nach mór dhá thrian den bhuiséad socraithe ag oibleagáidí reachtúla; á mheabhrú go bhfuil réamhaisnéisiú déanta faoi láthair ag an gCoimisiún ar an innéacsú tuarastail, i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne agus le Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa, do mhí Iúil 2023 agus do mhí Iúil 2024 ar 4,4 % agus 3,4 % faoi seach; ag tabhairt dá haire go n-áirítear innéacsú tuarastail de 2,6 % i mbuiséad 2023 ó mhí Iúil 2023; ag tabhairt dá haire go ndéanfaidh an Coiste um Buiséid dlúthfhaireachán ar éabhlóid thuartha oifigiúil an innéacsaithe tuarastail;

2.  ag formhuiniú an comhaontú ar thángthas air san Idir-réiteach idir an Biúró agus an Coiste um Buiséid an 21 Márta 2023 chun an méadú ar bhuiséad 2023 a shocrú ag 6,06 %, arb ionann é agus leibhéal foriomlán meastachán de EUR 2 383 401 312 do 2024, agus na leithreasuithe a mholtar ar na línte buiséid seo a leanas a laghdú dá réir le haghaidh iomlán EUR 12 195 000:

1 0 0 4 - Gnáthchostais taistil, 1 4 0 5 - Caiteachas ar ateangaireacht, 1 6 1 2 - Foghlaim agus forbairt, 1 6 5 0 - Sláinte agus cosc, 2 0 0 7 - Tógáil foirgneamh agus feistiú áitribh, 2 0 2 4 - Fuinneamh, 2 1 0 3 - Ríomhaireacht agus teileachumarsáid - oibríochtaí gnó mar is gnách - feidhmchláir TFC a bhainistiú, 2 1 0 4 - Ríomhaireacht agus teileachumarsáid - Infheistíocht i mbonneagar, 2 1 4 - Trealamh teicniúil agus suiteálacha teicniúla, 3 0 0 - Costais le haghaidh misin foirne agus taisteal dualgais idir na trí ionad oibre, 3 0 4 2 - Cruinniú, comhdhálacha, comhdhálacha agus toscaireachtaí, 3 2 0 - saineolas a fháil, 3 2 1 - Caiteachas ar sheirbhísí taighde pharlaiminteacha Eorpacha, lena n-áirítear an leabharlann, na cartlanna stairiúla, measúnú ar roghanna eolaíocha agus teicneolaíochta (STOA) agus Mol Eorpach na Meán Eolaíochta, 3 2 4 2 — Caiteachas ar fhoilsiú, faisnéis agus rannpháirtíocht in imeachtaí poiblí, 4 2 2 — Caiteachas a bhaineann le cúnamh parlaiminteach;

thairis sin, cinneadh leibhéal caiteachais an réamhdhréachta den mheastachán a d’fhormheas an Biúró an 13 Márta 2023 a mhéadú EUR 3 195 000 agus na leithreasuithe a mholtar ar na línte buiséid seo a leanas a mhéadú dá réir:

1 4 0 0 — Foireann eile — Rúnaíocht agus grúpaí polaitiúla faoi EUR 195 000 chun leithreasuithe a sholáthar chun foireann conartha bhreise a mhaoiniú don Údarás um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus um Fhondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha agus i mír 10 1 — Cúlchiste teagmhasacha le EUR 3 mhilliún;

3.  ag tabhairt dá haire, as an méadú EUR 136 mhilliún i gcomparáid le buiséad 2023, go bhfuil an méadú EUR 120 mhilliún mar thoradh ar oibleagáidí reachtúla, go príomha le haghaidh innéacsú tuarastail (EUR 62,9 milliún) agus oibleagáidí airgeadais a eascraíonn as bliain toghcháin (EUR 32,9 milliún); ag tabhairt dá haire gurb ionann an méadú ar chaiteachais neamhéigeantacha agus EUR 17 milliún, arb ionann é agus méadú de 1,97 % i gcomparáid le 2023;

4.  á mheas go bhféadfaí tuilleadh coigilteas substaintiúil a ghnóthú sa bhreis ar an EUR 15 mhilliún atá beartaithe a ghiniúint mar gheall ar an laghdú ar líon na ngníomhaíochtaí parlaiminteacha i mbliain toghcháin;

5.  á chur in iúl gur geal léi gur sheol Comhdháil na nUachtarán i mí Eanáir 2023 an Mheitheal um Athchóiriú Parlaiminteach tar éis obair na sainghrúpaí lena ndírítear ar Pharlaimint na hEorpa níos nua-aimseartha agus níos éifeachtúla a chruthú;

6.  á chur i bhfáth gur prionsabail bhunriachtanacha eitice iad an trédhearcacht, an chuntasacht agus an tsláine laistigh d’institiúidí an Aontais agus go háirithe Parlaimint na hEorpa mar theach dhaonlathas na hEorpa;

Teachtaireacht do Thoghcháin Eorpacha 2024

7.  á chur in iúl gur geal léi feachtas cumarsáide thoghcháin 2024 chun cuspóir Pharlaimint na hEorpa agus an méid atá bainte amach aici sa reachtas reatha a mhíniú do shaoránaigh agus an fáth is féidir le vótáil sna toghcháin difear a dhéanamh; á chur i bhfios go láidir gurb í cumarsáid na bpáirtithe polaitiúla agus na bhFeisirí féin an príomhspreagadh do ráta ard rannpháirtíochta agus spéise i measc shaoránaigh an Aontais sna toghcháin Eorpacha; á thabhairt chun suntais ról Europa Experiences mar chuid lárnach den phlean cumarsáide don fheachtas toghchánach;

8.  á mheabhrú gur leithdháileadh EUR 27,5 milliún don fheachtas toghcháin a reáchtáil riarachán Pharlaimint na hEorpa i nós imeachta buiséid 2023; ag tabhairt dá haire go leithdháilfear an 25 % eile in 2024 (EUR 9,5 milliún); á chur in iúl gur geal léi go leanfar leis na hiarrachtaí cumarsáide tar éis na dtoghchán le comhdhéanamh na Parlaiminte nua, le toghadh Uachtarán an Choimisiúin agus le héisteachtaí na gCoimisinéirí;

9.  á thabhairt chun suntais nach bhfuil na hacmhainní is gá ag an bParlaimint amháin chun teagmháil a dhéanamh le 400 milliún vótálaí incháilithe agus, dá bhrí sin, nach mór di an úsáid is fearr a bhaint as a líonraí iolraitheora féin chun é sin a dhéanamh; á mheas gur cheart ról tábhachtach a bheith ag cumarsáid trí shuíomhanna gréasáin na meán sóisialta chomh maith;

10.  á mheabhrú go dtacaíonn Parlaimint na hEorpa go láidir leis an ilteangachas agus go gcuireann sí cearta na mionlach náisiúnta, réigiúnach agus teanga chun cinn; á mheas gur féidir le Parlaimint na hEorpa cur go gníomhach leis an gcomhrac i gcoinne na bréagaisnéise, agus faisnéis á cur ar fáil aici trína hOifigí Idirchaidrimh freisin do mhionlaigh teanga agus do phobail i gcás inarb iomchuí; ag moladh don Bhiúró machnamh a dhéanamh ar thacú le gníomhaíochtaí cumarsáide atá i gcomhréir le riachtanais na mionlach náisiúnta, réigiúnach agus teanga sna Ballstáit; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá rannpháirtíocht ghníomhach Oifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa i gcur chun feidhme obair na Parlaiminte maidir le hoideachas saoránachta trí chláir éagsúla a bhfuil baint ag pobail áitiúla agus mionlaigh teanga, scoileanna agus ollscoileanna leo; á chur i bhfios go ndéanann Parlaimint na hEorpa a cumarsáid a oiriúnú go substaintiúil ag brath ar a spriocphobal; ina leith sin, ag tabhairt dá haire freagraí an Ardrúnaí ar an rún ón bParlaimint an 7 Aibreán 2022 maidir le meastacháin na Parlaiminte ar ioncam agus ar chaiteachas don bhliain airgeadais 2023 agus an rún uaithi an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le seasamh an Chomhairle maidir le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023 lena leagtar béim ar na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag Oifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa i dtíortha Baltacha tar éis thús chogadh foghach na Rúise san Úcráin chun saoránaigh a chur ar an eolas i dteanga na hÚcráine agus sa Rúisis, nuair is iomchuí agus go háirithe chun gníomhaíochtaí bréagaisnéise a chomhrac;

11.  ag tathant ar an mBiúró tacaíocht a thabhairt do na Feisirí chun cur ar chumas grúpaí cuairteoirí cuairt a thabhairt ar an bParlaimint; á chur in iúl go dtuigeann sí go gcuireann an staid gheopholaitiúil reatha leis an deacracht agus leis an ardú ar na costais a bhaineann le grúpaí cuairteoirí a thabhairt chun na Parlaiminte; á aithint a fhiúntaí atá grúpaí cuairteoirí ó thaobh an ráta rannpháirtíochta de, rannpháirtíocht agus spéis shaoránaigh an Aontais a mhéadú, go háirithe i mbliain toghcháin; á iarraidh ar an mBiúró, dá bhrí sin, athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha lena rialaítear cuairteanna urraithe chun feidhmiú cuí chlár an ghrúpa cuairteoirí a áirithiú, go háirithe maidir leis an taraif chiliméadair agus comhpháirteanna costais eile lena n-áiritheofar go mbeidh cothrom na Féinne ag na saoránaigh uile a thugann cuairt ar Fheisirí agus, ag an am céanna, tionchar comhshaoil an taistil a íoslaghdú i gcomhréir le rialacha is infheidhme an Aontais;

Cibearbhagairtí

12.  á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeidh Parlaimint na hEorpa ullamh mar is ceart i gcoinne na bréagaisnéise agus na gcibirionsaithe, go háirithe i bhfianaise na dtoghchán a bheidh ann amach anseo; á iarraidh ar an riarachán go ndéanfaí na bearta uile is gá chun próiseas na dtoghchán a chosaint ar chur isteach míchuí; á chur in iúl gur geal léi rannchuidiú bunriachtanach an Údaráis um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus um Fhondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha le sláine na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa i bhfianaise na mbagairtí ar chur isteach eachtrach atá ag teacht chun cinn agus ag cur leis na hacmhainní daonna breise is gá ina leith sin; á chur in iúl gur geal léi go mbeadh comhar feabhsaithe idir AS ITEC, AS SAFE agus AS COMM chun cibirionsaithe agus feachtais bhréagaisnéise a bhrath, faireachán a dhéanamh orthu agus réiteach a fháil orthu go mear agus go soiléir, go háirithe ar na meáin shóisialta; á iarraidh go leanfaí den chomhar leis an gCoimisiún, leis an gComhairle agus leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí maidir leis an mbréagaisnéis, faoi fhormáid idirinstitiúideach comhair arna spreagadh ag comhthiomsú acmhainní i gcomhlacht aonair de chuid an Aontais amhail CERT AE i réimse na cibearshlándála;

13.  ag tathant ar an riarachán na 40 post cibearshlándála a comhaontaíodh le linn nós imeachta buiséadach 2023 a líonadh faoi dheireadh na bliana 2023 chun leanúint de chumais chibearchosanta Pharlaimint na hEorpa a mhéadú agus leibhéal leormhaith acmhainneachta inmheánaí a bhaint amach roimh na toghcháin in 2024;

14.  ag iarraidh go ndéanfar cláir oiliúna a bhaineann leis an gcibearshlándáil a thabharfar cothrom le dáta go rialta a chur ar fáil do gach ball foirne laistigh de Pharlaimint na hEorpa;

Beartas tógála

15.  á mheabhrú a thábhachtaí atá próiseas cinnteoireachta trédhearcach agus cothrom i réimse an bheartais tógála, ag féachaint go cuí d’Airteagal 266 den Rialachán Airgeadais agus gur cheart go mbeadh rochtain ag na Feisirí ar fhaisnéis mhionsonraithe maidir le staid na bhfoirgneamh, ar an modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ina leith agus ar na comhlachtaí atá á cur chun feidhme agus ar chostas na n-oibreacha a bhfuil géarghá leo chun an creat rialála a chomhlíonadh;

16.  á mholadh go gcuirfí san áireamh sa phleanáil bhuiséadach bhliantúil athchóiriú rialta na bhfoirgneamh uile; á chur i bhfios go bhfuil an leithdháileadh sin mar chuid de bheartas tógála réamhghníomhach, ar beartas é nach mór a bheith dírithe ar athchóiriú glas an stoic foirgneamh agus ráthaíocht a thabhairt go ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa a dícheall an éifeachtúlacht fuinnimh a uasmhéadú, agus ar an gcaoi sin ídiú fuinnimh, astaíochtaí CO2 agus costas shaoráidí Pharlaimint na hEorpa a laghdú;

17.  á chur in iúl gur oth léi an mhoill atá ar bhunú Europa Experiences roimh na toghcháin i ngach Ballstát; á chur in iúl go dtuigeann sí nach bhfuil smacht ag Parlaimint na hEorpa ar na moilleanna; á iarraidh go mbunófaí Europa Experiences agus go dtabharfaí tosaíocht do na Ballstáit is faide atá lonnaithe ó na trí ionad oibre; á mheabhrú gur cheart go gcuirfeadh Europa Experiences ar chumas na saoránach uile tuiscint níos fearr a bheith acu ar fheidhmiú institiúidí an Aontais;

18.  ag tabhairt dá haire nach bhfuil aon bhuiséad beartaithe d’infheistíocht mhór i bhfoirgnimh i meastacháin 2024; á mheabhrú don Bhiúró go bhfuil gá le faisnéis chuí agus comhairliúchán cuí leis an gCoiste um Buiséid sula nglacfaidh sé aon chinneadh mór maidir le saincheisteanna a bhaineann le foirgnimh mar gheall ar na himpleachtaí buiséadacha tábhachtacha a bhaineann leo; ag cur i gcoinne aon acmhainní trí aistriú a bheidh tiomnaithe d’oibreacha ullmhúcháin le haghaidh aon mhórthionscadal tógála gan formheas roimh ré ón údarás buiséadach a fháil ó na tionscadail lena mbaineann; ag tabhairt dá haire cleachtas leanúnach ‘aistriú breisithe’ dheireadh na bliana chun rannchuidiú le tionscadail tógála; á mheabhrú go dtarlaíonn ‘aistriú breisithe’ den sórt sin go córasach maidir leis na caibidlí, na teidil chéanna agus go minic maidir leis na línte buiséadacha céanna; á mheas go bhfuil rioscaí ann go measfar an cleachtas sin mar róbhuiséadú clársceidealaithe; á iarraidh, roimh an gcéad ‘aistriú breisithe’ eile, go ndéanfaí machnamh ar mhaoiniú príomhinfheistíochtaí bunaithe ar thrédhearcacht; á iarraidh ar an mBiúró vóta an tSeisiúin Iomlánaigh a chur chun feidhme go práinneach maidir le hathmhachnamh a dhéanamh ar thodhchaí fhoirgneamh Spaak sa Bhruiséil; ag dréim leis gurb é an t-aon aidhm atá le haon oibreacha i bhfoirgneamh Spaak a áirithiú go gcomhlíonann sé an creat rialála is infheidhme, sábháilteacht agus slándáil na foirne, agus infheistíochtaí coigilte fuinnimh is féidir a shroicheadh; ag dréim leis go ndéanfar aon chinntí le trédhearcacht iomlán, lena n-áirítear rochtain ar na doiciméid ábhartha uile a áirithiú (pleananna agus measúnú teicniúil) agus miondealú mionsonraithe ar na costais don údarás buiséadach; maidir le suíomh Strasbourg, á iarraidh ar an mBiúró inrochtaineacht agus fáilte leordhóthanach do chuairteoirí a áirithiú agus iad ag smaoineamh lasmuigh den bhosca maidir le húsáid áitribh Pharlaimint na hEorpa lasmuigh de na páirtseisiúin; á chreidiúint gur cheart go mbeadh fócas an chaiteachais ar fhoirgnimh éifeachtach ó thaobh costais de agus ar mhaithe le leas fadtéarmach Pharlaimint na hEorpa;

19.  ag meabhrú go dtacaíonn formhór mór na bhFeisirí le suíomh aonair chun caiteachas éifeachtúil airgead cháiníocóirí an Aontais a áirithiú agus chun an fhreagracht institiúideach atá ar Pharlaimint na hEorpa laghdú a dhéanamh ar a lorg carbóin a ghlacadh uirthi féin; á mheabhrú gur gá teacht ar réitigh chun barrfheabhas a chur ar an obair institiúideach pharlaiminteach, ar chostais airgeadais agus ar an lorg carbóin; á chreidiúint gur féidir leis an taithí a fuarthas agus leis na hinfheistíochtaí a dhéantar sa chianobair agus i gcianchruinnithe a bheith mar bhonn chun riachtanais mhisin foirne a oiriúnú; á mheabhrú, de réir an Chonartha ar an Aontas Eorpach, go mbeidh suíomh na Parlaiminte in Strasbourg; á thabhairt dá haire go n-éileodh athruithe buana athrú ar an gConradh a mbeadh gá le haontoilíocht ina leith;

20.  á chur in iúl gur geal léi beartas Pharlaimint na hEorpa arb é is aidhm dó a áirithiú go mbainfidh daoine faoi mhíchumas úsáid iomlán neamhspleách as foirgnimh Pharlaimint na hEorpa agus go dtacóidh sé le bearta agus le hoiriúnuithe breise a bheidh riachtanach ina leith sin;

21.  á iarraidh go ndéanfaí staidéar ar an bhféidearthacht oifigí seachtracha de chuid Pharlaimint na hEorpa a oscailt i dtíortha a rinne iarratas foirmiúil ar dhul isteach san Aontas, eadhon Poblacht na Moldóive, an Úcráin agus an tSeoirsia, agus á athdhearbhú gur gá do Pharlaimint na hEorpa a bheith i láthair sna tíortha sin le feachtais faisnéise ghníomhacha;

Parlaimint Ghlas

22.  á mheabhrú go bhfuil riarachán Parlaimint na hEorpa ag obair faoi láthair ar chur chuige cuimsitheach chun beartas tógála fadtéarmach Pharlaimint na hEorpa a shainiú agus breithniú á dhéanamh go háirithe ar oibleagáidí comhshaoil, éifeachtúlacht fuinnimh agus bainistiú dramhaíola i gcomhréir leis an bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’ agus ag dréim leis go gcuirfear na torthaí ar fáil don phobal; á chur in iúl gur geal léi na bearta coigilte fuinnimh a chinn Biúró na Parlaiminte an 2 Bealtaine agus an 3 Deireadh Fómhair 2022;

23.  á athdhearbhú go dtacaíonn sí go hiomlán le spriocanna chóras bainistíochta comhshaoil (EMAS) Pharlaimint na hEorpa do 2024; á chur in iúl gur geal léi gur dócha go mbainfear amach formhór na spriocanna in 2024 agus á iarraidh go leanfaí den uaillmhian chun na spriocanna uile a bhaint amach a luaithe is féidir;

24.  ag tabhairt dá haire an méadú ar phraghasanna creidmheasa carbóin; á iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa tosaíocht a dhéanamh d’infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh agus do tháirgeadh ar an láthair seachas leibhéal íseal uaillmhéine a chúiteamh maidir le creidmheasanna carbóin a cheannach; á chur in iúl gur modh níos fearr iad infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh den sórt sin chun luach ar airgead a bhaint amach; ag spreagadh na seirbhísí chun praghsáil carbóin a fhorbairt mar uirlis faisnéiseach (scáthphraghsáil) seachas mar phraghas crua carbóin a chuirfeadh leis na costais atá ann cheana a bhaineann le praghsanna fritháirithe carbóin atá réamh-mheasta cheana féin i bhfianaise an mhéadaithe mhóir a tháinig le déanaí ar phraghasanna creidmheasa carbóin chun neodracht carbóin a éascú;

25.  á chur in iúl gur geal léi na hinfheistíochtaí san fhuinneamh in-athnuaite agus chun deireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise agus go háirithe suiteáil teaschaidéal i bhfianaise na géarchéime fuinnimh agus an chomhthéacs geopholaitiúil, agus ag moladh an mhéid sin chomh maith; á mheabhrú go bhfuil 52 choire gáis in áitreabh Pharlaimint na hEorpa sa Bhruiséil amháin; á iarraidh go mbeadh treochlár ann chun deireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise le garspriocanna sonracha a bheidh le háireamh sa chéad straitéis tógála ilbhliantúil eile chun sócmhainní tréigthe a sheachaint agus chun anailís a dhéanamh ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht úsáid córas teaschaidéal agus teicneolaíochtaí ábhartha eile; ag tabhairt dá haire go bhfuil painéil ghréine fhótavoltacha (PV) suiteáilte ag Parlaimint na hEorpa, agus go bhfuil cinn eile á suiteáil aici go fóill, chun an sciar d’fhuinneamh in-athnuaite a tháirgtear ar an láthair a mhéadú tuilleadh chun sprioc 25 % a bhaint amach; á iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa gach beart is gá a dhéanamh chun tomhaltas fuinnimh meántéarmach agus fadtéarmach a laghdú; á iarraidh ar an Ardrúnaí na staidéir agus na hiniúchtaí nuashonraithe a chur chun feidhme maidir leis an bhféidearthacht theicniúil painéil PV a shuiteáil ar dhíonta fhoirgnimh Strasbourg, chun éabhlóid na dteicneolaíochtaí agus praghsanna an mhargaidh ó rinneadh na staidéir bhunaidh 10 mbliana ó shin agus a breisluach i gcomparáid le cineálacha eile infheistíochta coigiltis fuinnimh a chur san áireamh; á chreidiúint nach mór gné bhuiséadach na gcinntí féideartha sa réimse sin a chothromú idir an breisluach is fearr agus méid réasúnta na hinfheistíochta i gcomhthéacs buiséadach srianta;

26.  ag meabhrú gurb é iompar daoine is siocair le beagnach dhá thrian de lorg carbóin Pharlaiminte na hEorpa; á iarraidh go gcuirfí chun cinn aistriú chuig roghanna malartacha ísealcharbóin le haghaidh taisteal agus breithniú a dhéanamh ar bhealaí nua oibre a chuirtear chun feidhme le linn na paindéime, sa mhéid nach ndéanann sé sin difear do cháilíocht na hoibre reachtaí agus polaitiúla go háirithe in áiteanna oibre Pharlaimint na hEorpa agus á aithint go bhfuil turais fhada i gceist le go leor de na Feisirí agus iad ag taisteal óna dtoghlaigh go dtí áiteanna oibre Pharlaimint na hEorpa agus nach féidir iad a dhéanamh ach amháin ar eitleán; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí Pharlaimint na hEorpa astaíochtaí CO2 a laghdú trí thraenacha cairte agus tríd an tionscnamh gan pháipéar;

27.  á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí Pharlaimint na hEorpa an fhoireann a spreagadh chun modhanna iompair inbhuanaithe a úsáid trí rothair chlasaiceacha agus leictreacha a chur ar fáil dóibh saor in aisce agus trí chuid de chostas na dticéad iompair phoiblí a aisíoc mar mhalairt ar rochtain ar charrchlóis a theorannú; á mheabhrú do na Feisirí agus do na grúpaí polaitiúla agus á iarraidh orthu rannchuidiú leis an laghdú leanúnach ar sheoladh truncanna idir an Bhruiséil agus Strasbourg ag seisiúin iomlánacha, mar atá geallta ag an mBiúró; á athdhearbhú go ndéanfaí na hinfheistíochtaí ábhartha a phleanáil sna buiséid atá le teacht maidir le hathshlánú agus athúsáid uisce báistí agus uisce a úsáid ar bhonn níos réasúnta;

28.  á iarraidh, ar mhaithe le trédhearcacht, go ndéanfaí an tábla de dhul chun cinn na ngarspriocanna maidir le cuspóirí EMAS don tréimhse i ndiaidh 2021 go 2024 a chur san áireamh sa réamhdhréacht de na meastacháin i ngach bliain ós rud é go bhfuil rianú ar chaiteachas aeráide á chur chun feidhme do bhuiséid bheartais an Aontais;

Saincheisteanna eile

29.  á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil cuid de na 66 phost nua don phlean bunaíochta a fuarthas i mbuiséad 2022 do rúnaíochtaí na gcoistí líonta go hiomlán fós; á mheabhrú go bhfuil sé mar aidhm an tacaíocht do choistí parlaiminteacha a threisiú go pras i gcomhréir leis an iarraidh ón suí iomlánach; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, cinneadh an Ardrúnaí an laghdú comhuaineach ar an imchlúdach do ghníomhairí ar conradh d’Ard-Stiúrthóireacht IPOL a aisiompú amhail ó 2023, lena gceadaítear 25 ról ghníomhaire ar conradh a gearradh in 2022 a chur i bpost arís; ag dréim leis, chomh maith leis an gcúiteamh sealadach sin, gur gá rúnaíochtaí na gcoistí a chomhlíonadh leis na 66 phost chomhaontaithe sin agus nach bhfónfaidh siad sin d’aon chuspóir eile; á iarraidh go ndéanfar measúnuithe rialta ar eagrú riachtanais riaracháin agus phearsanra Pharlaimint na hEorpa; á iarraidh, ina leith sin, go ndéanfaí barrfheabhsú ar athdheighilt foirne i Rúnaíocht Pharlaimint na hEorpa, go háirithe trí phoist fholmha a ath-leithdháileadh idir seirbhísí;

30.  ag tathant ar an bParlaimint tréimhse mharana a thabhairt isteach d’iar-Fheisirí arb ionann í agus an t-am ar lena linn a fhaigheann siad liúntas idirthréimhseach ar lena linn nach féidir leo dul i mbun gníomhaíochtaí brústocaireachta nó ionadaíochta leis an bParlaimint;

31.  á chreidiúint nár cheart aon Liúntas Caiteachais Ghinearálta a íoc le hiar-Fheisirí; á iarraidh, dá bhrí sin, go scriosfaí Airteagal 42, fomhír 4 de Bhearta Cur Chun Feidhme Reacht na bhFeisirí;

32.  ag aithint na ndeacrachtaí ginearálta a bhíonn ag institiúidí an Aontais, lena n-áirítear Parlaimint na hEorpa, maidir le tallann a mhealladh agus a choinneáil, a bhfuil tionchar aige ar éagsúlacht agus ar dháileadh geografach an lucht saothair; á iarraidh go ndéanfaidh an Biúró agus an tArdrúnaí iarrachtaí leanúnacha chun a áirithiú go mbeidh an fhostaíocht i bParlaimint na hEorpa chomh tarraingteach céanna do náisiúntachtaí uile an Aontais agus go gcuirfear feabhas ar chothromaíocht gheografach na foirne; á iarraidh ar an Ardrúnaí measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le líon méadaitheach gníomhairí ar conradh a fhostú, lena n-áirítear an baol struchtúr foirne dhá shraith a chruthú laistigh de Pharlaimint na hEorpa; á áitiú gur cheart do bhaill foirne bhuana príomhphoist agus príomhchúraimí buana a dhéanamh;

33.  á mheas nach féidir le Parlaimint na hEorpa rannchuidiú le caidrimh fostaíochta fhorbhásacha ná fáltais ghlasa bhréagacha a normalú agus a dhlisteanú agus gur cheart di a bheith tiomanta do chearta oibrithe a urramú, a chur chun cinn agus a choimirciú;

34.  á chur in iúl gur geal léi an plé iarbhír ar leibhéal an Bhiúró arb é is aidhm dó athbhreithniú a dhéanamh ar Bhearta Cur Chun Feidhme de Reacht CPCanna chun aisíocaíochtaí caiteachais na misean a ailíniú leis na haisíocaíochtaí sin is infheidhme maidir leis an gcuid eile den fhoireann i gcás seisiúin iomlánacha, lena gcuirtear san áireamh nach dtagann aon athrú ar an imchlúdach liúntais pharlaimintigh; á mheabhrú gur glacadh an iarraidh sin arís agus arís eile ag an Seisiún Iomlánach san am a chuaigh thart;

35.  ag athdhearbhú a hiarrata ar Chomhdháil na nUachtarán agus ar an mBiúró athbhreithniú a dhéanamh ar na forálacha cur chun feidhme lena rialaítear obair na dtoscaireachtaí agus na misean lasmuigh den Aontas; á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbreithneofaí, leis an athbhreithniú sin, an fhéidearthacht go mbeadh tionlacan CPCanna, faoi réir coinníollacha áirithe, ag na Feisirí atá ar thoscaireachtaí oifigiúla agus ar mhisin oifigiúla Pharlaimint na hEorpa;

36.  á iarraidh ar an mBiúró obair a dhéanamh ar réiteach teicniúil chun ligean d’Fheisirí a gceart vótála a fheidhmiú agus tairbhe á baint acu as saoire mháithreachais, atharthachta nó breoiteachta fadtéarmaí;

37.  á iarraidh ar an mBiúró anailís a dhéanamh ar an bhféidearthacht agus meastachán a dhéanamh ar an gcostas airgeadais a bhaineann le hateangaireacht idirnáisiúnta chomharthaíochta a sholáthar do na díospóireachtaí uile sa suí iomlánach i ndáil le prionsabal na rochtana comhionainne do na saoránaigh uile agus á iarraidh go bhforbrófaí tionscnaimh shonracha chun ateangaireacht a chur chun feidhme sna teangacha comharthaíochta a úsáidtear i ngach Ballstát le haghaidh díospóireachtaí ar leith sa suí iomlánach, agus béim ar leith á leagan ar dhíospóireachtaí ar Staid an Aontais, díospóireachtaí ‘Is é seo an Eoraip’ agus suíonna sollúnta;

38.  ag meabhrú a hiarrata roimhe seo ar an mBiúró a áirithiú go ndéanfar na príomhrúin bheartais eachtraigh arna nglacadh faoi Riail 54 (tuarascálacha féintionscnaimh) a aistriú go teangacha oifigiúla na Náisiún Aontaithe nach teangacha de chuid an Aontais iad (eadhon an Araibis, an tSínis agus an Rúisis), chomh maith le rúin tírshonracha arna nglacadh faoi Riail 132 (rún a ghabhann le ráitis an Choimisiúin/VPHR) agus Riail 144 (réiteach práinne) go teanga oifigiúil na tíre lena mbaineann; á mheas gur cheart na haistriúcháin sin a chur ar fáil go mear ar shuíomh gréasáin Pharlaimint na hEorpa ar bhealach infheicthe, i bhfianaise chineál íogair ama rúin Pharlaimint na hEorpa maidir le práinn agus gnóthaí eachtracha;

39.  á iarraidh go mbeadh tiomantas dílis ann chun prionsabal an ilteangachais a chur chun feidhme;;

40.  á iarraidh go ndéanfar athchóiriú ar gach cineál ciaptha agus mí-úsáide laistigh de Pharlaimint na hEorpa a chomhrac; á aithint go bhfuil tús curtha ag an mBiúró le hobair a dhéanamh ar iarraidh an tSeisiúin Iomlánaigh maidir leis na príomhchéimeanna athchóirithe do Pharlaimint na hEorpa a luadh ar dtús sa rún uaithi an 26 Deireadh Fómhair 2017 maidir le ciapadh gnéasach agus mí-úsáid ghnéasach a chomhrac in AE(10), lena n-áirítear cúrsaí oiliúna éigeantacha in aghaidh an chiaptha a thabhairt isteach don fhoireann agus do na Feisirí uile;

41.  ag tabhairt dá haire go bhforáiltear le hAirteagal 44(2) athbhreithnithe de Bhearta Cur Chun Feidhme do Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa go bhféadfaí costais bhreise a mhaoiniú atá nasctha leis na buiséid um chúnamh parlaiminteach a aistríonn leithreasuithe óna Liúntas do Chaiteachas Ginearálta (GEA); ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil sé sin contrártha leis an uasteorainn chaiteachais do chúnamh parlaiminteach a leagtar amach in Airteagal 29(4); á iarraidh ar an mBiúró na Bearta Cur Chun Feidhme a leasú de réir mar is gá chun a chur ar chumas na bhFeisirí ar mian leo é sin a dhéanamh cuid dá GEA a aistriú i gcás ina bhfuil a liúntas cúnaimh pharlaimintigh suibscríofa go hiomlán;

42.  á iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa leanúint de bhéim a leagan ar chláir agus ar bheartais shinsearacha an Aontais a théann chun tairbhe don aosú gníomhach;

43.  á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach agus chun leas Pharlaimint na hEorpa go bhfaighidh tiománaithe Pharlaimint na hEorpa oiliúint ghairmiúil shonrach agus shaincheaptha, lena dtugtar cumhacht dóibh déileáil le cásanna gan choinne i gcomhthéacs a ndualgas lena n-áirítear sábháilteacht agus slándáil; ós rud é gurb ann don fhios gnó in Aonad Iompair Daoine AS INLO, measann sí gur féidir an oiliúint a chur ar fáil trí mhodhanna inmheánacha, ach amháin i gcás an bhonneagair is gá don oiliúint amhail saoráidí oiliúna speisialta ar cheart acmhainní leordhóthanacha airgeadais a fhostú ina leith;

44.  á iarraidh ar an mBiúró a áirithiú go ndéanfaidh gach bialann i bParlaimint na hEorpa a gcóimheas praghsanna cáilíochta a threisiú agus rialuithe ar rochtain ag na bealaí isteach chuig na bialanna féinseirbhíse a athbhunú;

45.  ag dréim leis gur cheart iarrataí arna vótáil ag an Seisiún Iomlánach a chur chun feidhme;

46.  ag tathant ar an mBiúró obair leantach ghníomhach a dhéanamh maidir le teacht ar réiteach indéanta, dlíthiúil agus cothrom i bhfianaise phráinn an Chiste Pinsean Shaorálaigh;

o
o   o

47.  ag glacadh na meastachán don bhliain airgeadais 2024;

48.  á threorú dá hUachtarán an rún seo agus na meastacháin a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
(2) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11.
(3) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.
(4) IO L 287, 29.10.2013, lch. 15.
(5) IO C 434, 15.11.2022, lch. 160.
(6) Téacs arna ghlacadh, P9_TA(2022)0366.
(7) IO L 58, 23.2.2023.
(8) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0227.
(9) Téacsanna arna nglacadh ag an mBiúró, PE 113.116/BUR./rev. XXVI/01-04-2009.
(10) IO C 346, 27.9.2018, lch. 192.

An nuashonrú is déanaí: 21 Aibreán 2023Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais