Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2023/2009(IMM)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0201/2023

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0201/2023

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 01/06/2023 - 6.1

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2023)0206

Téacsanna atá glactha
PDF 121kWORD 45k
Déardaoin, 1 Meitheamh 2023 - Brussels
Iarraidh ar dhíolúine Maria Spyraki a tharscaoileadh
P9_TA(2023)0206A9-0201/2023

Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 1 Meitheamh 2023 maidir leis an iarraidh ar dhíolúine Maria Spyraki a tharscaoileadh (2023/2009(IMM))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Maria Spyraki, a thíolaic an Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach, dar dáta an 15 Nollaig 2022 agus a fógraíodh i suí iomlánach an 19 Eanáir 2023,

–  tar éis di éisteacht a thabhairt do Maria Spyraki i gcomhréir le Rialacha 95(6) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,

–  Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh(1), agus go háirithe Airteagal 29(2) de,

–  ag féachaint do na breithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013 agus an 19 Nollaig 2019(2),

–  ag féachaint d’Airteagal 62 de Bhunreacht na Poblachta Heilléanaí,

–  ag féachaint do Riail 5(2), do Riail 6(1) agus do Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0201/2023),

A.  de bhrí gur iarr Ceann Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh go ndéanfaí díolúine pharlaiminteach Maria Spyraki a tharscaoileadh i gcomhthéacs imscrúdú leanúnach ar ghníomhartha a d’fhéadfadh a bheith ina spreagadh calaoise i gcoinne leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh, de bhun Airteagal 4 de Dhlí na Gréige 2803/2000, de réir mar is infheidhme ó tháinig forálacha idirthréimhseacha Airteagal 463(2) de Chód Coiriúil na Gréige i bhfeidhm (le héifeacht ón 1 Iúil 2019) i ndáil le hAirteagal 46(1) agus Airteagal 98 de Chód Coiriúil na Gréige; i gcomhar le hAirteagal 46(1) agus le hAirteagal 98 de Chód Coiriúil na Gréige;

B.  de bhrí, tar éis tuarascáil OLAF a chláraigh OIPE an 1 Iúil 2021, gur oscail Ionchúisitheoir Tarmligthe Eorpach na Gréige an t-imscrúdú i dtrácht an 8 Meán Fómhair 2021;

C.  de bhrí go mbaineann na neamhrialtachtaí líomhnaithe, a raibh Maria Spyraki ar an eolas fúthu, go háirithe, le mainneachtain duine dá cúntóirí parlaiminteacha creidiúnaithe (APAnna) a bheith i láthair ina áit oibre idir Samhain 2016 agus Feabhra 2020 agus le comhlíonadh a dhualgas agus, ar an dara dul síos, le horduithe misin agus ráitis speansas a chur isteach agus aisíocaíochtaí a bhailiú le haghaidh misin nach ndearna beirt de APAnna Maria Spyraki, idir Samhain 2014 agus Feabhra 2020 maidir leis an gcéad cheann agus idir Iúil 2014 agus Feabhra 2020 i gcás an dara ceann;

D.  de bhrí gur aisíoc Maria Spyraki leis an bParlaimint na méideanna uile a íocadh go míchuí go dtí seo; de bhrí nach ndéanann aisíoc na suimeanna sin difear don fhíoras go bhféadfadh sí a bheith faoi dhliteanas coiriúil;

E.  de bhrí nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh, agus de bhrí nach féidir, i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, Feisire a mheas mar chosantóir(3);

F.  de bhrí nach mbaineann an cion líomhnaithe le tuairimí nó vótaí arna gcaitheamh ag Maria Spyraki i gcomhlíonadh a dualgas mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa de réir bhrí Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh;

G.  de bhrí, de bhun Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, go dteachtann na Feisirí, ina gcríoch náisiúnta, na díolúintí a dheonaítear do chomhaltaí pharlaimint náisiúnta a dtíre;

H.  de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 62 de Bhunreacht na Gréige, inter alia, nach ndéanfar, le linn an téarma pharlaimintigh, Feisirí den Pharlaimint a ionchúiseamh, a ghabháil, a phríosúnú ná a chur faoi aon srian eile gan údarú a fháil roimh ré ón bParlaimint;

I.  de bhrí gurb é is cuspóir do dhíolúine pharlaiminteach ná Parlaimint na hEorpa agus a Fheisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéantar agus dualgais pharlaiminteacha á gcomhlíonadh agus nach féidir a scaradh ó na dualgais sin;

J.  de bhrí gur faoi Pharlaimint na hEorpa amháin atá sé a chinneadh cibé acu a tharscaoilfidh sí nó nach dtarscaoilfidh sí díolúine i gcás ar leith; de bhrí gur féidir le Parlaimint na hEorpa seasamh an Fheisire a chur san áireamh go réasúnach chun a chinneadh cibé acu a dhéanfaidh sí nó nach ndéanfaidh sí a dhíolúine a tharscaoileadh(4);

K.  de bhrí nár aimsigh an Pharlaimint, sa chás seo, aon fhianaise ar fumus persecutionis, i.e. gnéithe fíorasacha a thugann le fios go bhféadfadh sé gurb é rún an nós imeachta dlíthiúil ná dochar a dhéanamh do ghníomhaíocht pholaitiúil an Fheisire agus, dá bhrí sin, do Pharlaimint na hEorpa;

1.  á chinneadh díolúine Maria Spyraki a tharscaoileadh

2.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil an choiste inniúil a chur ar aghaidh láithreach chuig Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus chuig Maria Spyraki.

(1) IO L 283, 31.10.2017, lch. 1.
(2) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, Marra v De Gregorio agus Clemente, C-200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, Gollnisch v Parlaimint, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, Patriciello, C 163/10, ECLI: EU:C:2011:543; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, Gollnisch v an Pharlaimint, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, Junqueras Vies, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115.
(3) Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 30 Aibreán 2019, Briois v Parlaimint, T-214/18, ECLI:EU:T:2019:266;
(4) Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 15 Deireadh Fómhair 2008, Mote v Parlaimint, T-345/05, ECLI:EU:T:2008:440, pointe 28.

An nuashonrú is déanaí: 3 Deireadh Fómhair 2023Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais