Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2022/0051(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0184/2023

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0184/2023

Díospóireachtaí :

PV 31/05/2023 - 13
CRE 31/05/2023 - 13

Vótaí :

PV 01/06/2023 - 6.4
CRE 01/06/2023 - 6.4
Mínithe ar vótaí
PV 24/04/2024 - 7.16
CRE 24/04/2024 - 7.16

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2023)0209
P9_TA(2024)0329

Téacsanna atá glactha
PDF 583kWORD 188k
Déardaoin, 1 Meitheamh 2023 - Brussels
Dícheall Cuí maidir le hInbhuanaitheacht Chorparáideach
P9_TA(2023)0209A9-0184/2023

Leasuithe(1) a ghlac Parlaimint na hEorpa an 1 Meitheamh 2023 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le Dícheall Cuí maidir le hInbhuanaitheacht Chorparáideach agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 (COM(2022)0071 – C9-0050/2022 – 2022/0051(COD))(2)

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún   Leasú
Leasú 1
Togra le haghaidh treorach
Aithris 1
(1)   Tá an tAontas fothaithe ar an meas ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus ar an meas ar chearta an duine mar a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Na bunluachanna sin a spreag cruthú an Aontais féin, chomh maith le huilíocht agus dodhealaitheacht chearta an duine, agus meas ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus an dlí idirnáisiúnta, ba cheart dóibh gníomhaíocht an Aontais ar an ardán idirnáisiúnta a threorú. Áirítear ar ghníomhaíocht den sórt sin forbairt inbhuanaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil na dtíortha i mbéal forbartha a chothú.
(1)   Tá an tAontas fothaithe ar an meas ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus ar an meas ar chearta an duine mar a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Na bunluachanna sin a spreag cruthú an Aontais féin, chomh maith le huilíocht agus dodhealaitheacht chearta an duine agus an chomhshaoil, agus meas ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus an dlí idirnáisiúnta, ba cheart dóibh gníomhaíocht an Aontais ar an ardán idirnáisiúnta a threorú. Áirítear ar ghníomhaíocht den sórt sin forbairt inbhuanaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil na dtíortha i mbéal forbartha a chothú.
Leasú 2
Togra le haghaidh treorach
Aithris 2
(2)   Ar thosaíochtaí an Aontais tá ardleibhéal cosanta agus feabhas a chur ar cháilíocht an chomhshaoil agus bunluachanna na hEorpa a chur chun cinn, mar a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Comhaontú Glas don Eoraip74. Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, tá gá ní hamháin le rannpháirtíocht na n-údarás poiblí ach le rannpháirtíocht gníomhaithe príobháideacha freisin, go háirithe cuideachtaí.
(2)   Ar thosaíochtaí an Aontais tá ardleibhéal cosanta agus feabhas a chur ar cháilíocht an chomhshaoil agus bunluachanna na hEorpa a chur chun cinn, mar a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Comhaontú Glas don Eoraip74. Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, tá gá ní hamháin le rannpháirtíocht na n-údarás poiblí ach le rannpháirtíocht gníomhaithe príobháideacha freisin, go háirithe cuideachtaí. Luaitear in Airteagal 191 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go rannchuideoidh beartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol le cáilíocht an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú, le sláinte an duine a chosaint, le húsáid stuama agus réasúnach acmhainní nádúrtha agus le bearta a chur chun cinn ar an leibhéal idirnáisiúnta chun déileáil le fadhbanna comhshaoil réigiúnacha nó domhanda, agus go háirithe leis an athrú aeráide a chomhrac.
__________________
__________________
74 Communication from the Commission to the European Parliament the European Council, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Region “The European Green Deal” [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: ‘An Comhaontú Glas don Eoraip’] (COM(2019)0640).
74 Communication from the Commission to the European Parliament the European Council, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Region “The European Green Deal” [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: ‘An Comhaontú Glas don Eoraip’] (COM(2019)0640).
Leasú 3
Togra le haghaidh treorach
Aithris 3
(3)   Ina Theachtaireacht maidir le hEoraip Láidir Shóisialta don Aistriú Cóir75, gheall an Coimisiún geilleagar sóisialta margaidh na hEorpa a uasghrádú chun aistriú cóir i dtreo na hinbhuanaitheachta a bhaint amach. Rannchuideoidh an Treoir seo freisin le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, lena gcuirtear chun cinn cearta lena n-áirithítear dálaí oibre cothroma. Is cuid í de bheartais agus de straitéisí an Aontais a bhaineann le hobair chuibhiúil a chur chun cinn ar fud an domhain, lena n-áirítear i slabhraí luacha domhanda, dá dtagraítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hobair chuibhiúil ar fud an domhain76.
(3)   Ina Theachtaireacht maidir le hEoraip Láidir Shóisialta don Aistriú Cóir75, gheall an Coimisiún geilleagar sóisialta margaidh na hEorpa a uasghrádú chun aistriú cóir i dtreo na hinbhuanaitheachta a bhaint amach, agus á áirithiú nach bhfágfaí aon duine ar lár. Rannchuideoidh an Treoir seo freisin le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, lena gcuirtear chun cinn cearta lena n-áirithítear dálaí oibre cothroma. Ina theannta sin, cuirfidh sí le hinfheictheacht an Cholúin, agus le úinéireacht de, i measc cuideachtaí, a bhfuil a rannpháirtíocht riachtanach chun an Colún a chur chun feidhme go héifeachtach. Is cuid í de bheartais agus de straitéisí an Aontais a bhaineann le hobair chóir chuibhiúil a chur chun cinn ar fud an domhain, lena n-áirítear i slabhraí luacha domhanda, dá dtagraítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hobair chuibhiúil ar fud an domhain76.
__________________
__________________
75 Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions – A Strong Social Europe for Just Transitions [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Eoraip Láidir Shóisialta d’Aistrithe Córa] (COM(2020)0014).
75 Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions – A Strong Social Europe for Just Transitions [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Eoraip Láidir Shóisialta d’Aistrithe Córa] (COM(2020)0014).
76 Communication from the Commission to the European Parliament, the Council and the European Economic and Social Committee on decent work worldwide for a global just transition and a sustainable recovery [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le hobair chuibhiúil ar fud an domhain le haghaidh aistriú cóir domhanda agus téarnamh inbhuanaithe], (COM(2022)0066).
76 Communication from the Commission to the European Parliament, the Council and the European Economic and Social Committee on decent work worldwide for a global just transition and a sustainable recovery [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le hobair chuibhiúil ar fud an domhain le haghaidh aistriú cóir domhanda agus téarnamh inbhuanaithe], (COM(2022)0066).
Leasú 4
Togra le haghaidh treorach
Aithris 4
(4)   Tá iompraíocht chuideachtaí i ngach earnáil den gheilleagar ríthábhachtach chun go n-éireofar cuspóirí inbhuanaitheachta an Aontais a bhaint amach toisc go mbraitheann cuideachtaí de chuid an Aontais, go háirithe cuideachtaí móra, ar shlabhraí luacha domhanda. Is chun leasa cuideachtaí freisin é cearta an duine agus an comhshaol a chosaint, go háirithe ós rud é go bhfuil méadú ag teacht ar imní tomhaltóirí agus infheisteoirí maidir leis na hábhair sin. Is ann do roinnt tionscnamh cheana féin ar leibhéal an Aontais77 agus ar an leibhéal náisiúnta78, tionscnaimh lena gcothaítear fiontair a thacaíonn le claochlú atá dírithe ar luach.
(4)   Tá iompraíocht cuideachtaí i ngach earnáil den gheilleagar ríthábhachtach do bhaint amach chuspóirí inbhuanaitheachta an Aontais toisc go mbraitheann a lán cuideachtaí de chuid an Aontais ar shlabhraí luacha domhanda. Is chun leasa cuideachtaí freisin é cearta an duine agus an comhshaol a chosaint, go háirithe ós rud é go bhfuil méadú ag teacht ar imní tomhaltóirí agus infheisteoirí maidir leis na hábhair sin. Is ann do roinnt tionscnamh cheana féin lena gcothaítear fiontair a thacaíonn le claochlú atá dírithe ar luach ar leibhéal an Aontais77 agus ar an leibhéal náisiúnta78, lena n-áirítear reachtaíocht cheangailteach i roinnt Ballstát amhail an Fhrainc agus an Ghearmáin, as a n-eascraíonn an gá atá le cothrom iomaíochta do chuideachtaí chun ilroinnt a sheachaint agus chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar do ghnólachtaí atá ag feidhmiú sa mhargadh aonair. Thairis sin, tá sé ríthábhachtach creat Eorpach a bhunú le haghaidh cur chuige freagrach agus inbhuanaithe i leith slabhraí luacha domhanda, i bhfianaise a thábhachtaí atá cuideachtaí mar cholún i gcruthú sochaí agus geilleagair inbhuanaithe.
__________________
__________________
77Enterprise Models and the EU agenda’ [Fiontraíocht agus clár oibre an Aontais], CEPS Policy Insights, Uimh. PI2021-02/ Eanáir 2021.
77 Enterprise Models and the EU agenda [Samhlacha Fiontraíochta agus clár oibre an Aontais], CEPS Policy Insights, Uimh. PI2021-02/ Eanáir 2021.
78 E.g. https://www.economie.gouv.fr/entreprises/societe-mission
78 E.g. https://www.economie.gouv.fr/entreprises/societe-mission
Leasú 5
Togra le haghaidh treorach
Aithris 5
(5)   Sonraítear leis na caighdeáin idirnáisiúnta atá ann cheana maidir le hiompar freagrach gnó gur cheart do chuideachtaí cearta an duine a chosaint agus leagtar amach iontu an chaoi ar cheart dóibh aghaidh a thabhairt ar chosaint an chomhshaoil ina gcuid oibríochtaí agus slabhraí luacha. Aithnítear le Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine79 freagracht cuideachtaí dícheall cuí a fheidhmiú maidir le cearta an duine trí dhrochthionchair a n-oibríochtaí ar chearta an duine a shainaithint, a chosc agus a mhaolú agus tríd an gcaoi a dtugann siad aghaidh ar na tionchair sin a chur san áireamh. Luaitear sna Prionsabail Threoracha sin gur cheart do ghnólachtaí sárú ar chearta an duine a sheachaint agus gur cheart dóibh aghaidh a thabhairt ar dhrochthionchair ar chearta an duine arbh iadsan ba chúis leo, ar rannchuidigh siad leo nó a bhfuil baint acu leo trína gcuid oibríochtaí féin, trína bhfochuideachtaí agus trína gcaidrimh ghnó dhíreacha agus indíreacha.
(5)   Sonraítear leis na caighdeáin idirnáisiúnta sheanbhunaithe atá ann cheana maidir le hiompar freagrach gnó amhail Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine79 agus Treoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta79a mar a shoiléirítear i dTreoir ECFE um Dhícheall Cuí maidir le hIompar Freagrach Gnó79b gur cheart do chuideachtaí cearta an duine a chosaint agus an chaoi ar cheart dóibh meas a bheith acu ar agus aghaidh a thabhairt ar chosaint an chomhshaoil ina gcuid oibríochtaí agus ina slabhraí luacha a leagan amach. Aithnítear le Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine freagracht cuideachtaí dícheall cuí a fheidhmiú maidir le cearta an duine trí iarmhairtí dochracha a n-oibríochtaí ar chearta an duine a shainaithint, a chosc agus a mhaolú agus tríd an gcaoi a dtugann siad aghaidh ar na hiarmhairtí sin a chur san áireamh. Luaitear sna Prionsabail Threoracha sin gur cheart do ghnólachtaí sárú ar chearta an duine a sheachaint agus gur cheart dóibh aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí dochracha ar chearta an duine arbh iadsan ba chúis leo, ar rannchuidigh siad leo nó a bhfuil baint acu leo trína gcuid oibríochtaí féin, trína bhfochuideachtaí agus trína gcaidrimh ghnó dhíreacha agus indíreacha.
__________________
__________________
79Guiding Principles on Business and Human Rights: Implementing the United Nations “Protect, Respect and Remedy” Framework, [Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine: Creat ‘Cosaint, Meas agus Leigheas’ na Náisiún Aontaithe á Chur Chun Feidhme], na Náisiúin Aontaithe, 2011, ar fáil ag https://www.ohchr.org/documents/publications/guidingprinciplesbusinesshr_en.pdf.
79 Guiding Principles on Business and Human Rights: Implementing the United Nations “Protect, Respect and Remedy” Framework, [Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine: Creat ‘Cosaint, Meas agus Leigheas’ na Náisiún Aontaithe á Chur Chun Feidhme], na Náisiúin Aontaithe, 2011, ar fáil ag https://www.ohchr.org/documents/publications/guidingprinciplesbusinesshr_en.pdf.
79a Treoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta, eagrán nuashonraithe 2011, ar fáil ag http://mneguidelines.oecd.org/guidelines/
79b Treoir ECFE maidir le hIompar Freagrach Gnó, 2018, agus treoir earnáil-shonrach, ar fáil ag https://www.oecd.org/investment/due-diligence-guidance-for-responsible-business-conduct.htm.
Leasú 6
Togra le haghaidh treorach
Aithris 6
(6)   Rinneadh coincheap an díchill chuí maidir le cearta an duine a shonrú agus a fhorbairt tuilleadh sna Treoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta80 lenar leathnaíodh cur i bhfeidhm an díchill chuí chun ábhair chomhshaoil agus rialachais a chumhdach. Is creataí a aithnítear go hidirnáisiúnta iad Treoir ECFE maidir le hIompar Freagrach Gnó agus treoir earnála81, creataí ina leagtar amach céimeanna praiticiúla maidir le dícheall cuí chun cuidiú le cuideachtaí tionchair iarbhír agus fhéideartha ina n-oibríochtaí, ina slabhraí luacha agus ina gcaidrimh ghnó eile a shainaithint, a chosc agus a mhaolú agus an chaoi a dtugann siad aghaidh orthu a chur san áireamh. Tá coincheap an díchill chuí leabaithe freisin i moltaí Dhearbhú Trípháirteach Prionsabal na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus Beartas Sóisialta.82
(6)   Rinneadh coincheap an díchill chuí maidir le cearta an duine a shonrú agus a fhorbairt tuilleadh i dTreoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta lenar leathnaíodh cur i bhfeidhm an díchill chuí chun ábhair chomhshaoil agus rialachais a chumhdach. Is creataí a aithnítear go hidirnáisiúnta iad Treoir ECFE maidir le hIompar Freagrach Gnó agus treoir earnála, creataí ina leagtar amach céimeanna praiticiúla maidir le dícheall cuí chun cuidiú le cuideachtaí iarmhairtí iarbhír agus féideartha ina n-oibríochtaí, ina slabhraí luacha agus ina gcaidrimh ghnó eile a shainaithint, a chosc agus a mhaolú agus an chaoi a dtugann siad aghaidh orthu a chur san áireamh. Tá ról tábhachtach ag Pointí Teagmhála Náisiúnta (NCPanna) arna gcruthú ag tíortha a chloíonn le Treoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta maidir le dícheall cuí cuideachtaí a chur chun cinn trína róil i gcur chun cinn na dTreoirlínte agus i bhfeidhmiú mar shásraí casaoide neamhbhreithiúnacha. Tá coincheap an díchill chuí leabaithe freisin i moltaí Dhearbhú Trípháirteach Prionsabal na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus Beartas Sóisialta.82
__________________
__________________
80 Treoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta, eagrán nuashonraithe 2011, ar fáil ag http://mneguidelines.oecd.org/guidelines/.https://mneguidelines.oecd.org/mneguidelines/
81 Treoir ECFE maidir le hIompar Freagrach Gnó, 2018, agus treoir earnáil-shonrach, atá ar fáil ag https://www.oecd.org/investment/due-diligence-guidance-for-responsible-business-conduct.htm.
82 Dearbhú Trípháirteach Prionsabal na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus Beartas Sóisialta, an Cúigiú hEagrán, 2017, atá ar fáil ag: https://www.ilo.org/empent/Publications/WCMS_094386/lang--en/index.htm.
82 Dearbhú Trípháirteach Prionsabal na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus Beartas Sóisialta, an Cúigiú hEagrán, 2017, atá ar fáil ag: https://www.ilo.org/empent/Publications/WCMS_094386/lang--en/index.htm.
Leasú 7
Togra le haghaidh treorach
Aithris 6 a (nua)
(6a)  Ba cheart do gach cuideachta cearta an duine a urramú, mar a chumhdaítear sna coinbhinsiúin agus sna hionstraimí idirnáisiúnta a liostaítear san Iarscríbhinn, Cuid I, Roinn 2, agus ba cheart ceangal a bheith orthu siúd faoi raon feidhme na Treorach seo dícheall cuí a dhéanamh agus ba cheart dóibh bearta iomchuí a dhéanamh chun iarmhairtí dochracha ar chearta an duine feadh a slabhra luacha a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu. Féadfaidh méid agus cineál an díchill chuí a bheith éagsúil de réir mhéid, earnáil, chomhthéacs oibriúcháin, agus phróifíl riosca na cuideachta.
Leasú 8
Togra le haghaidh treorach
Aithris 7
(7)   Áirítear ar Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe83, a ghlac Ballstáit uile na Náisiún Aontaithe in 2015, na cuspóirí go gcuirfí chun cinn fás eacnamaíoch marthanach, cuimsitheach agus inbhuanaithe. Tá an cuspóir leagtha amach ag an Aontas dó féin Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach. Rannchuidíonn an earnáil phríobháideach leis na haidhmeanna sin.
(7)   Áirítear ar Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe83, a ghlac Ballstáit uile na Náisiún Aontaithe in 2015, na cuspóirí go gcuirfí chun cinn fás eacnamaíoch marthanach, cuimsitheach agus inbhuanaithe. Tá an cuspóir leagtha amach ag an Aontas dó féin Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach. Rannchuidíonn an earnáil phríobháideach leis na haidhmeanna sin. Maidir leis an staid gheopholaitiúil atá ann faoi láthair, ar staid í a eascraíonn as ionsaí na Rúise san Úcráin, as an ngéarchéim fuinnimh, as iarmhairtí leanúnacha COVID-19 agus as iarrachtaí chun slándáil an tslabhra agraibhia a choinneáil agus a neartú, d’fhéadfadh an earnáil phríobháideach cabhrú le fás eacnamaíoch marthanach, cuimsitheach agus inbhuanaithe a chur chun cinn, agus cruthú míchothromaíochtaí ar an margadh inmheánach á sheachaint ag an am céanna.
__________________
__________________
83 https://www.un.org/ga/search/view_doc.asp?symbol=A/RES/70/1&Lang=E.
83 https://www.un.org/en/search/view_doc.asp?symbol=A/RES/70/1&Lang=E.
Leasú 9
Togra le haghaidh treorach
Aithris 8
(8)   Sna comhaontuithe idirnáisiúnta faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, a bhfuil an tAontas agus na Ballstáit ina bpáirtithe iontu, amhail Comhaontú Pháras84 agus an Comhaontú Glaschú maidir leis an Aeráid85 a comhaontaíodh le déanaí, leagtar amach bealaí beachta chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus an téamh domhanda a choinneáil laistigh de 1.5°C. Chomh maith le gníomhaíochtaí sonracha a bhfuiltear ag súil leo ó na Páirtithe sínitheacha go léir, meastar go bhfuil ról lárnach ag an earnáil phríobháideach, go háirithe a straitéisí infheistíochta, chun na cuspóirí sin a bhaint amach.
(8)   Sna comhaontuithe idirnáisiúnta faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, a bhfuil an tAontas agus na Ballstáit ina bpáirtithe iontu, amhail Comhaontú Pháras84 agus an Comhaontú Glaschú maidir leis an Aeráid85 a comhaontaíodh le déanaí, leagtar amach bealaí beachta chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus an téamh domhanda a choinneáil laistigh de 1.5°C. Chomh maith le gníomhaíochtaí sonracha a bhfuiltear ag súil leo ó na Páirtithe sínitheacha go léir, meastar freisin go bhfuil ról lárnach ag an earnáil phríobháideach, go háirithe a straitéisí infheistíochta, chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Cé nach bhfuil ach 100 cuideachta freagrach as níos mó ná 70 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an domhain ó 1988 i leith, tá neamhréir bhunúsach ann idir gealltanais chorparáideacha aeráide agus a n-infheistíochtaí iarbhír chun an t-athrú aeráide a chomhrac. Dá bhrí sin, is uirlis thábhachtach reachtach í an Treoir seo chun aon mhaíomh míthreorach maidir le haeráidneodracht a sheachaint agus chun deireadh a chur leis an méadú ar snas glas agus ar bhreoslaí iontaise ar fud an domhain chun cuspóirí aeráide idirnáisiúnta agus Eorpacha a bhaint amach, ar cuspóirí iad a mholtar freisin sna tuarascálacha eolaíocha is déanaí85a.
__________________
__________________
84 https://unfccc.int/files/essential_background/convention/application/pdf/english_paris_agreement.pdf.
84 https://unfccc.int/files/essential_background/convention/application/pdf/english_paris_agreement.pdf.
85 Comhaontú Glaschú maidir leis an Aeráid, arna ghlacadh an 13 Samhain 2021 ag COP26 i nGlaschú, https://unfccc.int/sites/default/files/resource/cma2021_L16_adv.pdf.https://unfccc.int/sites/default/files/resource/cma2021_L16_adv.pdf.
85 Comhaontú Glaschú maidir leis an Aeráid, arna ghlacadh an 13 Samhain 2021 ag COP26 i nGlaschú, https://unfccc.int/sites/default/files/resource/cma2021_L16_adv.pdf.https://unfccc.int/sites/default/files/resource/cma2021_L16_adv.pdf.
85a CDP Carbon Majors Report, 2017 Influence Map Report, Big Oil's Real Agenda on Climate Change 2022, Meán Fómhair 2022, https://influencemap.org/report/Big-Oil-s-Agenda-on-Climate-Change-2022-19585 IEA, Net Zero by 2050, A Roadmap for the Global Energy Sector, lch. 51.
Leasú 10
Togra le haghaidh treorach
Aithris 9
(9)   Sa Dlí Aeráide Eorpach86, thug an tAontas gealltanas dlíthiúil freisin go mbeadh sé aeráidneodrach faoi 2050 agus go laghdódh sé astaíochtaí 55 % ar a laghad faoi 2030. Chun an dá ghealltanas sin a chomhlíonadh, beidh gá an chaoi a dtáirgeann agus a sholáthraíonn cuideachtaí a athrú. I bPlean um Sprioc Aeráide 2030 an Choimisiúin87, leagtar amach céimeanna éagsúla laghduithe ar astaíochtaí a éilítear ar earnálacha eacnamaíocha éagsúla, cé go gcaithfear laghduithe suntasacha a dhéanamh i ngach earnáil i ngach cás chun go bhféadfadh an tAontas a chuspóirí aeráide a bhaint amach. Cuirtear i dtábhacht sa Phlean freisin ‘go mbeidh ar úinéirí agus bainisteoirí cuideachtaí tosaíocht a thabhairt do chuspóirí inbhuanaitheachta ina ngníomhaíochtaí agus ina straitéisí, de thoradh athruithe ar rialacha agus cleachtais rialachais, lena n-áirítear maidir le maoiniú inbhuanaithe.’ I dTeachtaireacht 2019 ar an gComhaontú Glas don Eoraip88 leagtar amach gur ceart gníomhaíochtaí agus beartais uile an Aontais a bheith ar aon dul le chéile chun cuidiú leis an Aontas aistriú rathúil cóir chuig todhchaí inbhuanaithe a bhaint amach. Leagtar amach ann freisin gur cheart an inbhuanaitheacht a neadú tuilleadh sa chreat rialachais chorparáidigh.
(9)   Sa Dlí Aeráide Eorpach86, thug an tAontas gealltanas dlíthiúil freisin go mbeadh sé aeráidneodrach faoi 2050 agus go laghdódh sé astaíochtaí 55 % ar a laghad faoi 2030. Chun an dá ghealltanas sin a chomhlíonadh, beidh gá an chaoi a dtáirgeann agus a soláthraíonn cuideachtaí a athrú. I bPlean um Sprioc Aeráide 2030 an Choimisiúin87, leagtar amach céimeanna éagsúla laghduithe ar astaíochtaí a éilítear ar earnálacha eacnamaíocha éagsúla, cé go gcaithfear laghduithe suntasacha a dhéanamh i ngach earnáil i ngach cás chun go bhféadfadh an tAontas a chuspóirí aeráide a bhaint amach. Cuirtear i dtábhacht sa Phlean freisin ‘go mbeidh ar úinéirí agus bainisteoirí cuideachtaí tosaíocht a thabhairt do chuspóirí inbhuanaitheachta ina ngníomhaíochtaí agus ina straitéisí, de thoradh athruithe ar rialacha agus cleachtais rialachais chorparáidigh, lena n-áirítear maidir le maoiniú inbhuanaithe.’ Is é is aidhm le Clár Ginearálta Gníomhaíochta an Aontais don Chomhshaol go dtí 203087a (‘an 8ú CGC’), arb é an creat do ghníomhaíocht an Aontais i réimse an chomhshaoil agus na haeráide, dlús a chur leis an aistriú glas chuig geilleagar ciorclach atá aeráidneodrach, inbhuanaithe, neamhthocsaineach, tíosach ar acmhainní, bunaithe ar fhuinneamh in-athnuaite, athléimneach agus iomaíoch ar bhealach cóir, cothrom agus cuimsitheach agus staid an chomhshaoil a chosaint, a athbhunú agus a fheabhsú trí, inter alia, cailliúint na bithéagsúlachta a stopadh agus a aisiompú. I dTeachtaireacht 2019 ar an gComhaontú Glas don Eoraip88, leagtar amach gur ceart go mbeadh gníomhaíochtaí agus beartais uile an Aontais ar aon dul le chéile chun cuidiú leis an Aontas aistriú rathúil cóir chuig todhchaí inbhuanaithe nach bhfágfar aon duine ar lár inti a bhaint amach. Leagtar amach ann freisin gur cheart an inbhuanaitheacht a neadú tuilleadh sa chreat rialachais chorparáidigh.
__________________
__________________
86 Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) PE/27/2021/REV/1 (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
86 Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) PE/27/2021/REV/1 (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
87 SWD/2020/176 final.
87 SWD/2020/176 final.
87ú Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030.
88 COM/2019/640 final.
88 COM/2019/640 final.
Leasú 11
Togra le haghaidh treorach
Aithris 11
(11)   Sa Phlean Gníomhaíochta maidir leis an nGeilleagar Ciorclach91, sa Straitéis Bhithéagsúlachta92, sa Straitéis Ón bhFeirm go dtí an Forc93 agus sa Straitéis Ceimiceán94 agus in Updating the 2020 New Industrial Strategy: Building a stronger Single Market for Europe’s recovery [Straitéis Tionsclaíochta Nua 2020 a Thabhairt Cothrom le Dáta: Margadh Aonair níos láidre a Thógáil le haghaidh théarnamh na hEorpa]95, in Industry 5.0 [Earnáil na Tionsclaíochta 5.0]96 agus i bPlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta97 agus in Athbhreithniú ar an mBeartas Trádála 202198, liostaítear tionscnamh maidir le rialachas corparáideach inbhuanaithe i measc a ngnéithe.
(11)   Sa Phlean Gníomhaíochta maidir leis an nGeilleagar Ciorclach91, sa Straitéis Bhithéagsúlachta92, sa Straitéis Ón bhFeirm go dtí an Forc93 agus sa Straitéis Ceimiceán94, sa Straitéis Chógaisíochta, i bPlean Gníomhaíochta 2021 AE um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú agus in Updating the 2020 New Industrial Strategy: Building a stronger Single Market for Europe’s recovery [Straitéis Tionsclaíochta Nua 2020 a thabhairt cothrom le dáta: Margadh aonair níos láidre a thógáil le haghaidh théarnamh na hEorpa]95, in Industry 5.0 [Earnáil na Tionsclaíochta 5.0]96 agus i bPlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta97 agus san Athbhreithniú ar an mBeartas Trádála 202198, liostaítear tionscnamh maidir le rialachas corparáideach inbhuanaithe i measc a ngnéithe. Dá bhrí sin, ba cheart do cheanglais díchill chuí faoin Treoir seo rannchuidiú leis an mbithéagsúlacht a chaomhnú agus a athbhunú agus trí staid an chomhshaoil a fheabhsú, go háirithe an t-aer, an t-uisce agus an ithir. Ba cheart dóibh rannchuidiú freisin le dlús a chur leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach neamhthocsaineach. Ba cheart do cheanglais díchill chuí faoin Treoir seo rannchuidiú freisin le cuspóirí an Phlean Gníomhaíochta Saor ó Thruailliú a mhéid a bhaineann le comhshaol saor ó thocsainí a chruthú agus sláinte agus folláine daoine, ainmhithe agus éiceachóras a chosaint ar rioscaí a bhaineann leis an gcomhshaol agus ar iarmhairtí diúltacha.
__________________
__________________
91 Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions on A new Circular Economy Action Plan For a cleaner and more competitive Europe [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Plean nua Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach i gcomhair Eoraip níos glaine agus níos iomaíche] (COM/2020/98 final).
91 Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions on A new Circular Economy Action Plan For a cleaner and more competitive Europe [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Plean nua Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach i gcomhair Eoraip níos glaine agus níos iomaíche] (COM/2020/98 final).
92 Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions on the EU Biodiversity Strategy for 2030 Bringing nature back into our lives [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 An dúlra a thabhairt ar ais inár saol], (COM/2020/380 final).
92 Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions on the EU Biodiversity Strategy for 2030 Bringing nature back into our lives [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 An dúlra a thabhairt ar ais inár saol] (COM/2020/380 final).
93 Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions on A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol] (COM/2020/381 final).
93 Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions on A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol] (COM/2020/381 final).
94 Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions on the Chemicals Strategy for Sustainability Towards a Toxic-Free Environment [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir leis an Straitéis Ceimiceán don Inbhuanaitheacht – I dTreo Timpeallacht Saor ó Thocsainí] (COM/2020/667 final).
94 Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions on the Chemicals Strategy for Sustainability Towards a Toxic-Free Environment [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir leis an Straitéis Ceimiceán don Inbhuanaitheacht – I dTreo Timpeallacht Saor ó Thocsainí] (COM/2020/667 final).
95 Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions on Updating the 2020 New Industrial Strategy: Building a stronger Single Market for Europe’s recovery [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Straitéis Tionsclaíochta Nua 2020 a Thabhairt Cothrom le Dáta: Margadh Aonair níos láidre a Thógáil le haghaidh théarnamh na hEorpa] (COM/2021/350 final).
95 Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions on Updating the 2020 New Industrial Strategy: Building a stronger Single Market for Europe’s recovery [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Straitéis Tionsclaíochta Nua 2020 a thabhairt cothrom le dáta: Margadh aonair níos láidre a thógáil le haghaidh théarnamh na hEorpa] (COM/2021/350 final).
96 Industry 5.0 [Earnáil na Tionsclaíochta 5.0]; https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/industrial-research-and-innovation/industry-50_en
96 Industry 5.0 [Earnáil na Tionsclaíochta 5.0]; https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/research-area/industrial-research-and-innovation/industry-50_ga
97 https://op.europa.eu/webpub/empl/european-pillar-of-social-rights/en/
97 https://op.europa.eu/webpub/empl/european-pillar-of-social-rights/en/
98 Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions, Trade Policy Review - An Open, Sustainable and Assertive Trade Policy [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Athbhreithniú ar an mBeartas Trádála – Beartas Trádála Oscailte, Inbhuanaithe agus Teanntásach] (COM/2021/66/final).
98 Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions, Trade Policy Review - An Open, Sustainable and Assertive Trade Policy [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Athbhreithniú ar an mBeartas Trádála – Beartas Trádála Oscailte, Inbhuanaithe agus Teanntásach] (COM/2021/66/final).
Leasú 12
Togra le haghaidh treorach
Aithris 12
(12)   Tá an Treoir seo comhleanúnach le Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas 2020-202499. Sainmhínítear sa Phlean Gníomhaíochta sin gur tosaíocht é rannpháirtíocht an Aontais a neartú chun cur chun feidhme domhanda Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine agus treoirlínte idirnáisiúnta ábhartha eile amhail Treoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta a chur chun cinn, lena n-áirítear trí chaighdeáin ábhartha an díchill chuí a chur chun cinn.
(12)   Tá an Treoir seo comhleanúnach le Plean Gníomhaíochta AE maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas 2020-202499. Sainmhínítear sa Phlean Gníomhaíochta sin gur tosaíocht í rannpháirtíocht an Aontais a neartú chun cur chun feidhme domhanda Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine agus Treoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta mar a shoiléirítear i dTreoir ECFE um Dhícheall Cuí maidir le hIompar Freagrach Gnó mar na treoirlínte ábhartha a chur chun cinn, lena n-áirítear trí chaighdeáin ábhartha díchill chuí a chur chun cinn.
__________________
__________________
99 Joint Communication to the European Parliament and the Council on the EU Action Plan on Human Rights and Democracy 2020-2024 [Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas 2020-2024] (JOIN/2020/5 final).
99 Joint Communication to the European Parliament and the Council on the EU Action Plan on Human Rights and Democracy 2020-2024 [Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas 2020-2024] (JOIN/2020/5 final).
Leasú 13
Togra le haghaidh treorach
Aithris 13
(13)   Sa rún uaithi an 10 Márta 2021, iarrann Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún rialacha an Aontais a mholadh le haghaidh oibleagáid chuimsitheach maidir le dícheall cuí corparáideach100. Sna Conclúidí ón gComhairle maidir le Cearta an Duine agus Obair Chuibhiúil i Slabhraí Soláthair Domhanda, conclúidí a eisíodh an 1 Nollaig 2020, iarradh ar an gCoimisiún togra a chur síos le haghaidh creat dlíthiúil de chuid an Aontais maidir le rialachas corparáideach inbhuanaithe, lena n-áirítear oibleagáidí trasearnálacha maidir le dícheall cuí corparáideach feadh na slabhraí soláthair domhanda.101 Ina tuarascáil féintionscnaimh a glacadh an 2 Nollaig 2020 maidir le rialachas corparáideach inbhuanaithe, iarrann Parlaimint na hEorpa freisin go ndéanfaí dualgais stiúrthóirí a shoiléiriú. Sa Dearbhú Comhpháirteach uathu maidir le Tosaíochtaí Reachtacha an Aontais do 2022102, tá gealltanas tugtha ag Parlaimint na hEorpa, ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus ag an gCoimisiún geilleagar a fhóireann do dhaoine a bhaint amach, agus an creat rialála maidir le rialachas corparáideach inbhuanaithe a fheabhsú.
(13)   I rún an 10 Márta 2021 uaithi, d’iarr Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún rialacha de chuid an Aontais a mholadh le haghaidh oibleagáidí cuimsitheacha maidir le dícheall cuí corparáideach, a mbeidh iarmhairtí uirthi nó air lena n-áirítear dliteanas sibhialta do na cuideachtaí sin is cúis le díobháil nó a rannchuidíonn le díobháil trí mhainneachtain dícheall cuí a dhéanamh100. Sna Conclúidí ón gComhairle maidir le Cearta an Duine agus Obair Chuibhiúil i Slabhraí Soláthair Domhanda, conclúidí a eisíodh an 1 Nollaig 2020, iarradh ar an gCoimisiún togra a chur síos le haghaidh creat dlíthiúil de chuid an Aontais maidir le rialachas corparáideach inbhuanaithe, lena n-áirítear oibleagáidí trasearnálacha maidir le dícheall cuí corparáideach feadh na slabhraí soláthair domhanda.101 Ina tuarascáil féintionscnaimh a glacadh an 2 Nollaig 2020 maidir le rialachas corparáideach inbhuanaithe, iarrann Parlaimint na hEorpa freisin go ndéanfaí dualgais stiúrthóirí a shoiléiriú. Sa Dearbhú Comhpháirteach uathu maidir le Tosaíochtaí Reachtacha an Aontais do 2022102, tá gealltanas tugtha ag Parlaimint na hEorpa, ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus ag an gCoimisiún geilleagar a fhóireann do dhaoine a bhaint amach, agus an creat rialála maidir le rialachas corparáideach inbhuanaithe a fheabhsú.
__________________
__________________
100 European Parliament resolution of 10 March 2021 with recommendations to the Commission on corporate due diligence and corporate accountability [Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Márta 2021 lena ngabhann moltaí don Choimisiún maidir le dícheall cuí corparáideach agus cuntasacht chorparáideach] (2020/2129(INL)), P9_TA(2021)0073, atá ar fáil ag https://oeil.secure.europarl.europa.eu/oeil/popups/ficheprocedure.do?lang=en&reference=2020/2129(INL).
100 Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Márta 2021 lena ngabhann moltaí don Choimisiún maidir le dícheall cuí corparáideach agus cuntasacht chorparáideach (2020/2129(INL)), P9_TA(2021)0073, ar fáil ag https://oeil.secure.europarl.europa.eu/oeil/popups/ficheprocedure.do?lang=en&reference=2020/2129(INL).
101 Conclúidí ón gComhairle maidir le Cearta an Duine agus Obair Chuibhiúil i Slabhraí Soláthair Domhanda, 1 Nollaig 2020 (13512/20).
101 Conclúidí ón gComhairle maidir le Cearta an Duine agus Obair Chuibhiúil i Slabhraí Soláthair Domhanda, 1 Nollaig 2020 (13512/20).
102 Dearbhú Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ón gCoimisiún Eorpach maidir le Tosaíochtaí Reachtacha an Aontais do 2022, ar fáil ag https://ec.europa.eu/info/sites/default/files/joint_declaration_2022.pdf.
102 Dearbhú Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ón gCoimisiún Eorpach maidir le Tosaíochtaí Reachtacha an Aontais do 2022, ar fáil ag https://ec.europa.eu/info/sites/default/files/joint_declaration_2022.pdf.
Leasú 14
Togra le haghaidh treorach
Aithris 14
(14)   Is é is aidhm don Treoir seo a áirithiú go rannchuideoidh cuideachtaí atá gníomhach sa mhargadh inmheánach le forbairt inbhuanaithe agus le haistriú inbhuanaitheachta na ngeilleagar agus na sochaithe trí dhrochthionchair fhéideartha nó iarbhír ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol a shainaithint, a chosc agus a mhaolú, a thabhairt chun deiridh agus a íoslaghdú, ar drochthionchair iad a bhfuil baint acu le hoibríochtaí na gcuideachtaí féin, lena bhfochuideachtaí agus lena slabhraí luacha.
(14)   Is é is aidhm don Treoir seo a áirithiú go rannchuideoidh cuideachtaí atá gníomhach sa mhargadh inmheánach le forbairt inbhuanaithe agus le haistriú inbhuanaitheachta na ngeilleagar agus na sochaithe trí chearta an duine agus an comhshaol a urramú, trí iarmhairtí dochracha féideartha nó iarbhír ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol a shainaithint, a chosc agus a mhaolú, a thabhairt chun deiridh, a fheabhsú agus a íoslaghdú, agus i gcás inar gá, tosaíocht a thabhairt dóibh, ar iarmhairtí dochracha iad a bhfuil baint acu le hoibríochtaí na gcuideachtaí féin, lena bhfochuideachtaí agus lena slabhraí luacha, agus lena áirithiú go mbeidh rochtain ar cheartas agus ar leigheasanna dlí ag iad siúd a ndéanann mainneachtain an dualgas sin a urramú difear dóibh. Ba cheart go mbeadh an Treoir seo gan dochar don fhreagracht atá ar na Ballstáit cearta an duine agus an comhshaol a urramú agus an dualgas atá orthu cearta an duine agus an comhshaol a chosaint faoin dlí idirnáisiúnta.
Leasú 15
Togra le haghaidh treorach
Aithris 15
(15)   Ba cheart do chuideachtaí bearta iomchuí a dhéanamh chun bearta díchill chuí a chur ar bun agus a dhéanamh, maidir lena n-oibríochtaí féin agus a bhfochuideachtaí, chomh maith lena gcaidrimh ghnó dhíreacha agus indíreacha sheanbhunaithe ar fud a slabhraí luacha i gcomhréir le forálacha na Treorach seo. Níor cheart go gcuirfeadh an treoir seo de cheangal ar chuideachtaí a ráthú, i ngach uile chás, nach dtarlóidh drochthionchair riamh nó go gcuirfear stop leo. Mar shampla, i dtaca le caidrimh ghnó i gcás ina n-eascraíonn an drochthionchar as idirghabháil Stáit, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an chuideachta in ann na torthaí sin a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart gur ‘oibleagáidí acmhainne’ na príomhoibleagáidí sa Treoir seo. Ba cheart don chuideachta na bearta iomchuí a dhéanamh a mbeifí ag súil le réasún gur cosc nó íoslaghdú an drochtionchair a bheadh mar thoradh orthu in imthosca an cháis shonraigh. Ba cheart aird a thabhairt ar shainiúlachtaí shlabhra luacha na cuideachta, na hearnála nó an limistéir gheografaigh ina n-oibríonn a comhpháirtithe sa slabhra luacha, ar chumhacht na cuideachta tionchar a imirt ar a caidrimh ghnó dhíreacha agus indíreacha, agus i dtaobh an bhféadfadh an chuideachta a cumhacht tionchair a mhéadú.
(15)   Ba cheart do chuideachtaí bearta iomchuí a dhéanamh de réir a n-acmhainní chun bearta díchill chuí a chur ar bun agus a dhéanamh, maidir lena n-oibríochtaí féin, oibríochtaí a bhfochuideachtaí, chomh maith lena gcaidrimh ghnó dhíreacha agus indíreacha ina slabhraí luacha i gcomhréir le forálacha na Treorach seo. Níor cheart go gcuirfeadh an Treoir seo de cheangal ar chuideachtaí a ráthú, i ngach uile chás, nach dtarlóidh iarmhairtí dochracha riamh nó go gcuirfear stop leo. Mar shampla, i dtaca le caidrimh ghnó i gcás ina n-eascraíonn an iarmhairt dhochrach as idirghabháil Stáit, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an chuideachta in ann na torthaí sin a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart gur ‘oibleagáidí acmhainne’ na príomhoibleagáidí sa Treoir seo. Ba cheart don chuideachta na bearta iomchuí a dhéanamh a bhféadfaí a bheith ag súil leis go réasúnta go ndéanfaí de thoradh orthu an iarmhairt dhochrach a chosc nó a íoslaghdú faoi chúinsí an cháis shonraigh, a bheadh comhréireach agus comhchuimseach le leibhéal déine agus dóchúlacht na hiarmharta dochraí agus le méid, acmhainní, agus cumais na cuideachta. Ba cheart aird a thabhairt ar shainiúlachtaí shlabhra luacha na cuideachta, na hearnála nó an limistéir gheografaigh ina n-oibríonn a comhpháirtithe sa slabhra luacha, ar chumhacht na cuideachta tionchar a imirt ar a caidrimh ghnó, agus i dtaobh an bhféadfadh an chuideachta a cumhacht tionchair a mhéadú.
Leasú 16
Togra le haghaidh treorach
Aithris 16
(16)   Ba cheart a chumhdach leis an bpróiseas díchill chuí a leagtar amach sa treoir sin na sé chéim arna sainiú ag Treoir Díchill Chuí ECFE maidir le hIompar Freagrach Gnó, lena n-áirítear bearta díchill chuí le haghaidh cuideachtaí chun drochthionchair ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol a shainaithint agus chun aghaidh a thabhairt orthu. Cumhdaítear leis sin na céimeanna seo a leanas: (1) dícheall cuí a chomhtháthú i mbeartais agus i gcórais bhainistíochta, (2) drochthionchair ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol a shainaithint agus a mheasúnú, (3) drochthionchair iarbhír agus fhéideartha ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol a chosc, a thabhairt chun deiridh nó a íoslaghdú, (4) éifeachtacht na mbeart a mheasúnú, (5) cumarsáid a dhéanamh, (6) agus feabhsúchán a sholáthar.
(16)   Ba cheart go gcumhdófaí leis an bpróiseas díchill chuí a leagtar amach sa Treoir sin na sé chéim arna sainiú i dTreoir ECFE um Dhícheall Cuí maidir le hIompar Freagrach Gnó, lena n-áirítear bearta díchill chuí le haghaidh cuideachtaí chun iarmhairtí dochracha ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol a shainaithint agus chun aghaidh a thabhairt orthu. Cumhdaítear leis sin na céimeanna seo a leanas: (1) dícheall cuí a chomhtháthú i mbeartais agus i gcórais bhainistíochta, (2) iarmhairtí dochracha ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol a shainaithint agus a mheasúnú, (3) iarmhairtí dochracha iarbhír agus féideartha ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol a chosc, a thabhairt chun deiridh nó a íoslaghdú, (4) éifeachtacht na mbeart a fhíorú, faireachán a dhéanamh uirthi agus í a mheasúnú, (5) cumarsáid a dhéanamh, (6) agus feabhsúchán a sholáthar.
Leasú 17
Togra le haghaidh treorach
Aithris 17
(17)   Bíonn drochthionchar ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol ann in oibríochtaí na gcuideachtaí féin, ina bhfochuideachtaí, ina gcuid táirgí, agus ina slabhraí luacha, go háirithe ar leibhéal an fhoinsithe amhábhar, na monaraíochta, nó ar leibhéal diúscartha na dtáirgí nó na dramhaíola. Chun go mbeidh tionchar fóinteach ag an dícheall cuí, ba cheart a chumhdach leis drochthionchair ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol arna nginiúint le linn shaolré tháirgeadh, úsáid agus diúscairt an táirge nó soláthair seirbhísí, ar leibhéal a n-oibríochtaí féin agus a bhfochuideachtaí agus i slabhraí luacha.
(17)   Bíonn iarmhairtí dochracha ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol ann in oibríochtaí na gcuideachtaí féin, ina bhfochuideachtaí, ina gcuid táirgí, ina gcuid seirbhísí agus ina slabhraí luacha, go háirithe ar leibhéal an fhoinsithe amhábhar, na monaraíochta, nó ar leibhéal diúscartha na dtáirgí nó na dramhaíola. Chun go mbeidh tionchar fóinteach ag an dícheall cuí, ba cheart go gcumhdófaí leis iarmhairtí dochracha ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol arna nginiúint le linn shaolré tháirgeadh, dhíol agus bhainistiú dramhaíola an táirge nó soláthair seirbhísí, ar leibhéal a n-oibríochtaí féin agus a bhfochuideachtaí agus i slabhraí luacha.
Leasú 18
Togra le haghaidh treorach
Aithris 17 a (nua)
(17a)  Bíonn tionchar ag éifeachtaí díobhálacha guaiseacha nádúrtha nó guaiseacha de dhéantús an duine ar shlabhraí luacha domhanda, go háirithe ar shlabhraí luacha amhábhar criticiúil. Léiríodh le géarchéim COVID-19 na rioscaí a bhaineann le slabhraí luacha criticiúla agus is dócha go dtiocfaidh méadú ar mhinicíocht agus ar thionchar na suaití sin amach anseo, rud a bheidh ina spreagadh don bhoilsciú agus as a dtiocfaidh méadú ina dhiaidh sin ar luaineacht mhaicreacnamaíoch chomh maith le héiginnteacht sa mhargadh agus sa trádáil. Chun aghaidh a thabhairt air sin, ba cheart don Aontas tús a chur le measúnú bliantúil ar fud an Aontais ar athléimneacht cuideachtaí i leith cásanna dochracha a bhaineann lena slabhraí luacha, lena ndéanfaí freagairtí féideartha ar a rioscaí slabhra luacha a mhapáil, a mheasúnú agus a sholáthar, lena n-áirítear seachtrachtaí chomh maith le rioscaí sóisialta, comhshaoil agus polaitiúla.
Leasú 19
Togra le haghaidh treorach
Aithris 18
(18)   Ba cheart a chumhdach leis an slabhra luacha gníomhaíochtaí a bhaineann le táirgeadh earra nó le soláthar seirbhísí ag cuideachta, lena n-áirítear forbairt an táirge nó na seirbhíse agus úsáid agus diúscairt an táirge mar aon leis na gníomhaíochtaí gaolmhara de chaidrimh ghnó sheanbhunaithe na cuideachta. Ba cheart a chumhdach leis caidrimh ghnó dhíreacha agus indíreacha sheanbhunaithe réamhtheachtacha lena ndéantar amhábhar, táirgí nó codanna de tháirgí a dhearadh, a eastóscadh, a mhonarú, a iompar, a stóráil agus a sholáthar, nó a dhéanann seirbhísí a sholáthar don chuideachta, seirbhísí a bhfuil gá leo chun gníomhaíochtaí na cuideachta a chur i gcrích, agus ba cheart a chumhdach freisin caidrimh iartheachtacha, lena n-áirítear caidrimh gnó dhíreacha agus indíreacha sheanbhunaithe, caidrimh a úsáideann nó a fhaigheann táirgí, codanna de tháirgí nó seirbhísí ón gcuideachta suas le deireadh ré an táirge, lena n-áirítear inter alia dáileadh an táirge ar mhiondíoltóirí, iompar agus stóráil an táirge, díchóimeáil an táirge, a athchúrsáil, a mhúiríniú nó a chur i líonadh talún.
(18)   Ba cheart go gcumhdófaí leis an slabhra luacha gníomhaíochtaí a bhaineann le táirgeadh, dáileadh agus díol earra nó le soláthar seirbhísí ag cuideachta, lena n-áirítear forbairt an táirge nó na seirbhíse agus bainistiú dramhaíola an táirge mar aon leis na gníomhaíochtaí gaolmhara de chaidrimh ghnó na cuideachta. Ba cheart go gcuimseofaí leis gníomhaíochtaí caidreamh gnó cuideachta a bhaineann le dearadh, eastóscadh, monarú, iompar, stóráil agus soláthar amhábhair, táirgí nó codanna de tháirgí, chomh maith le díol nó dáileadh earraí nó soláthar nó forbairt seirbhísí, lena n-áirítear bainistiú dramhaíola, iompar agus stóráil, gan bainistiú dramhaíola an táirge ag tomhaltóirí aonair a áireamh.
Leasú 20
Togra le haghaidh treorach
Aithris 18 a (nua)
(18a)  I gcásanna áirithe, a luaithe a dhíoltar nó a dháiltear táirgí trí chaidreamh gnó, d’fhéadfadh sé go mbeadh cumas laghdaithe ag cuideachtaí faireachán a dhéanamh ar iarmhairtí d’fhonn bearta réasúnta a dhéanamh chun iad a chosc nó a mhaolú. Sna cásanna sin, beidh sé tábhachtach iarmhairtí iarbhír agus féideartha a shainaithint agus gníomhaíochtaí coisctheacha nó maolaitheacha a dhéanamh roimh agus tráth an díola tosaigh nó an dáilte tosaigh, agus in idirghníomhaíochtaí leantacha nó leanúnacha leis na caidrimh ghnó sin nuair atá na hiarmhairtí sin intuartha go réasúnta nó nuair a thugtar fógra faoi iarmhairtí suntasacha tríd an nós imeachta um fhógra a thabhairt.
Leasú 21
Togra le haghaidh treorach
Aithris 18 b (nua)
(18b)  Nuair a fhoinsíonn cuideachta táirgí ina bhfuil ábhar athchúrsáilte, d’fhéadfadh sé a bheith deacair tionscnamh na n-amhábhar tánaisteach a fhíorú. Sna cásanna sin, ba cheart don chuideachta bearta iomchuí a dhéanamh chun amhábhair thánaisteacha a rianú chuig an soláthróir ábhartha agus meastóireacht a dhéanamh an bhfuil faisnéis leormhaith ann chun a léiriú gur ábhar athchúrsáilte atá ann.
Leasú 22
Togra le haghaidh treorach
Aithris 19
(19)   A mhéid a bhaineann le gnóthais airgeadais rialáilte a sholáthraíonn seirbhísí iasachtaí, seirbhísí creidmheasa nó seirbhísí airgeadais eile, ba cheart ‘slabhra luacha’ maidir le soláthar seirbhísí den sórt sin a bheith teoranta do ghníomhaíochtaí na gcliant a fhaigheann na seirbhísí sin, agus bhfochuideachtaí a bhfuil a ngníomhaíochtaí nasctha leis an gconradh atá i gceist. Cliaint ar teaghlaigh agus daoine nádúrtha iad nach bhfuil ag gníomhú i gcáil ghairmiúil nó i gcáil gnó, mar aon le gnóthais bheaga agus mheánmhéide, níor cheart iad a mheas mar chuid den slabhra luacha. Níor cheart gníomhaíochtaí na gcuideachtaí nó na n-eintiteas dlíthiúil eile atá san áireamh i slabhra luacha an chliaint sin a chumhdach.
(19)   A mhéid a bhaineann le gnóthais airgeadais rialáilte a sholáthraíonn seirbhísí iasachtaí, atá nasctha le tabhairt i gcrích conartha laistigh de shlabhra luacha, ba cheart go n-áireofaí i soláthar na seirbhísí sin gníomhaíochtaí na gcliant a fhaigheann iad go díreach, agus gníomhaíochtaí na bhfochuideachtaí sin a bhfuil a ngníomhaíochtaí nasctha leis an gconradh atá i gceist. Chun forluí idir cleachtaí díchill chuí na ngnóthas airgeadais rialáilte a sheachaint, déantar gníomhaíochtaí cuideachtaí nó eintiteas dlíthiúil eile atá mar chuid de shlabhra luacha an chliaint sin a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo má shocraítear oibleagáidí díchill chuí in áit eile faoi dhlí an Aontais. Cliaint ar teaghlaigh agus daoine nádúrtha iad nach bhfuil ag gníomhú i gcáil ghairmiúil nó i gcáil gnó, mar aon le gnóthais bheaga agus mheánmhéide, níor cheart iad a mheas mar chuid de shlabhra luacha na ngnóthas airgeadais rialáilte.
Leasú 23
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 19 a (nua)
(19a)  Ba cheart do ghnóthais airgeadais rialáilte chomh maith le cuideachtaí eile úsáid a bhaint as faisnéis lasmuigh den fhaisnéis a dhíorthaítear ó ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa, ó ghníomhaireachtaí rátála inbhuanaitheachta nó ó riarthóirí tagarmharcanna.
Leasú 24
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 20
(20)  Chun go mbeidh cuideachtaí in ann na drochthionchair ina slabhra luacha a shainaithint mar is ceart agus chun gur féidir leo giaráil iomchuí a fheidhmiú, ba cheart na hoibleagáidí díchill chuí a theorannú sa Treoir seo do chaidrimh ghnó sheanbhunaithe. Chun críoch na Treorach seo, ba cheart a bheith i gceist le caidrimh ghnó sheanbhunaithe na caidrimh ghnó dhíreacha agus indíreacha atá marthanach, nó a mheastar a bheidh marthanach, i bhfianaise dhéine agus fhad an chaidrimh sin agus nach cuid diomaibhseach nó choimhdeach den slabhra luacha iad. Ba cheart athmheasúnú tráthrialta a dhéanamh ar chineál na gcaidreamh gnó mar ‘chaidrimh sheanbhunaithe, agus sin a dhéanamh gach 12 mhí ar a laghad. Más seanbhunaithe atá caidreamh gnó díreach cuideachta, ba cheart gach caidreamh gnó indíreach nasctha a mheas mar chaidreamh seanbhunaithe maidir leis an gcuideachta sin freisin.
scriosta
Leasú 25
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 21
(21)   Faoin Treoir seo, maidir le cuideachtaí de chuid an Aontais a bhfuil níos mó ná 500 fostaí acu ar an meán agus a bhfuil glanláimhdeachas domhanda os cionn EUR 150 milliún acu sa bhliain airgeadais roimh an mbliain airgeadais dheireanach, ba cheart a cheangal orthu dícheall cuí a chomhlíonadh. A mhéid a bhaineann le cuideachtaí nach gcomhlíonann na critéir sin, ach a raibh níos mó ná 250 fostaí acu ar an meán agus níos mó ná EUR 40 milliún acu i nglanláimhdeachas domhanda sa bhliain airgeadais roimh an mbliain airgeadais dheireanach agus a oibríonn in earnáil ardtionchair amháin nó níos mó, ba cheart go gcuirfí dícheall cuí i bhfeidhm 2 bhliain tar éis dheireadh thréimhse trasuí na Treorach seo, chun foráil a dhéanamh maidir le tréimhse oiriúnúcháin níos faide. Chun ualach comhréireach a áirithiú, ba cheart a cheangal ar chuideachtaí atá ag feidhmiú in earnálacha ardtionchair den sórt sin dícheall cuí níos spriocdhírithe a chomhlíonadh lena ndíreofaí ar dhrochthionchair thromchúiseacha. Maidir le hoibrithe gníomhaireachta sealadacha, lena n-áirítear iad siúd ar postú faoi Airteagal 1(3), pointe (c), de Threoir 96/71/CE, arna leasú le Treoir 2018/957/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle103, ba cheart iad a chur san áireamh i ríomh líon na bhfostaithe sa chuideachta úsáideora. Oibrithe ar postú faoi Airteagal 1(3), pointí (a) agus (b), de Threoir 96/71/CE, arna leasú le Treoir 2018/957/AE, níor cheart iad a áireamh ach amháin i ríomh líon fostaithe na cuideachta seolta.
(21)   Faoin Treoir seo, maidir le cuideachtaí de chuid an Aontais a bhfuil níos mó ná 250 fostaí acu ar an meán agus a bhfuil glanláimhdeachas domhanda os cionn EUR 40 milliún sa bhliain airgeadais roimh an mbliain airgeadais dheireanach nó cuideachtaí ar máthairchuideachta dheiridh iad de ghrúpa a raibh 500 fostaí aige agus glanláimhdeachas domhanda de níos mó ná 150 milliún sa bhliain airgeadais dheireanach ar ullmhaíodh ráitis airgeadais bhliantúla ina leith, ba cheart go gceanglófaí orthu dícheall cuí a chomhlíonadh. Ba cheart go n-áireofaí i ríomh na dtairseach líon na bhfostaithe agus láimhdeachas brainsí cuideachta, ar áiteanna gnó iad seachas an cheannoifig atá spleách air go dlíthiúil, agus a mheastar, dá bhrí sin, mar chuid den chuideachta, i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais agus leis an reachtaíocht náisiúnta. Maidir le hoibrithe gníomhaireachta sealadacha agus oibrithe eile i gcineálacha neamhchaighdeánacha fostaíochta, lena n-áirítear iad siúd ar postú faoi Airteagal 1(3), pointe (c), de Threoir 96/71/CE, arna leasú le Treoir (AE) 2018/957 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle103, ba cheart iad a chur san áireamh i ríomh líon na bhfostaithe sa chuideachta úsáideora. Oibrithe ar postú faoi Airteagal 1(3), pointí (a) agus (b), de Threoir 96/71/CE, arna leasú le Treoir 2018/957/AE, níor cheart iad a áireamh ach amháin i ríomh líon fostaithe na cuideachta seolta.
__________________
__________________
103 Treoir (AE) 2018/957 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Meitheamh 2018 lena leasaítear Treoir 96/71/CE maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar (IO L 173, 9.7.2018, lch. 16).
103 Treoir (AE) 2018/957 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Meitheamh 2018 lena leasaítear Treoir 96/71/CE maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar (IO L 173, 9.7.2018, lch. 16).
Leasú 26
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 22
(22)   Chun na réimsí tosaíochta de ghníomhaíocht idirnáisiúnta atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar chearta an duine agus ar shaincheisteanna comhshaoil a léiriú, ba cheart roghnú na n-earnálacha ardtionchair chun críocha na Treorach seo a bheith bunaithe ar threoir earnála reatha ECFE maidir le dícheall cuí. Ba cheart féachaint ar na hearnálacha seo a leanas mar earnálacha ardtionchair chun críocha na Treorach seo: monarú teicstílí, leathair agus táirgí gaolmhara (lena n-áirítear coisbheart), agus trádáil mhórdhíola teicstílí, éadaí agus coisbhirt; talmhaíocht, foraoiseacht, iascach (lena n-áirítear dobharshaothrú), monarú táirgí bia, agus trádáil mhórdhíola amhábhar talmhaíochta, ainmhithe beo, adhmaid, bia agus deochanna; eastóscadh acmhainní mianraí gan beann ar an áit as a n-eastósctar iad (lena n-áirítear peitriliam amh, gás nádúrtha, gual, lignít, miotail agus mianta miotail, chomh maith le gach mianra neamh-mhiotalach agus táirgí cairéil eile), monarú buntáirgí miotail, táirgí mianracha neamh-mhiotalacha eile agus táirgí miotail monaraithe (seachas innealra agus trealamh), agus trádáil mhórdhíola acmhainní mianraí, táirgí mianraí bunúsacha agus idirmheánacha (lena n-áirítear miotail agus mianta miotail, ábhair thógála, breoslaí, ceimiceáin agus táirgí idirmheánacha eile). Maidir leis an earnáil airgeadais, mar gheall ar na sainiúlachtaí a bhaineann léi, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an slabhra luacha agus na seirbhísí a chuirtear ar fáil, fiú má chumhdaítear le treoir earnáil-shonrach ó ECFE í, níor cheart í a bheith mar chuid de na hearnálacha ardtionchair a chumhdaítear leis an Treoir seo. An tráth céanna, san earnáil seo, ba cheart cumhdach níos leithne na ndrochthionchar iarbhír agus féideartha a áirithiú trí chuideachtaí an-mhór ar gnóthais airgeadais rialáilte iad a áireamh sa raon feidhme, fiú mura bhfuil foirm dhlíthiúil acu lena ngabhann dliteanas teoranta.
(22)   Chun na réimsí tosaíochta de ghníomhaíocht idirnáisiúnta atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar chearta an duine agus ar shaincheisteanna comhshaoil a léiriú, don Choimisiún treoirlínte earnáilsonracha a fhorbairt, lena n-áirítear do na hearnálacha seo a leanas, bunaithe ar threoir earnála reatha ECFE maidir le dícheall cuí: monarú teicstílí, corpbhirt, leathair agus táirgí gaolmhara (lena n-áirítear coisbheart), agus trádáil mhórdhíola agus mhiondíola teicstílí, éadaí agus coisbhirt; talmhaíocht, foraoiseacht, iascach (lena n-áirítear dobharshaothrú), monarú táirgí bia, margaíocht agus fógraíocht bia agus deochanna, agus trádáil mhórdhíola amhábhar talmhaíochta, ainmhithe beo, táirgí de bhunadh ainmhíoch, táirgí ó ainmhithe, táirgí adhmaid, bia agus deochanna; fuinneamh,eastóscadh, iompar agus láimhseáil acmhainní mianraí gan beann ar an áit as a n-eastósctar iad (lena n-áirítear peitriliam amh, gás nádúrtha, gual, lignít, miotail agus mianta miotail, chomh maith le gach mianra neamh-mhiotalach agus táirgí cairéil eile), monarú buntáirgí miotail, táirgí mianracha neamh-mhiotalacha eile agus táirgí miotail monaraithe (seachas innealra agus trealamh), agus trádáil mhórdhíola acmhainní mianraí, táirgí mianraí bunúsacha agus idirmheánacha (lena n-áirítear miotail agus mianta miotail, ábhair thógála, breoslaí, ceimiceáin agus táirgí idirmheánacha eile), gníomhaíochtaí tógála agus gníomhaíochtaí gaolmhara, soláthar seirbhísí airgeadais, seirbhísí infheistíochta agus gníomhaíochtaí infheistíochta agus seirbhísí airgeadais eile; agus táirgeadh, soláthar agus dáileadh teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide nó seirbhísí gaolmhara, lena n-áirítear crua-earraí, réitigh bogearraí, lena n-áirítear intleacht shaorga, faireachas, aghaidh-aithint, stóráil nó próiseáil sonraí, seirbhísí teileachumarsáide, seirbhísí gréasánbhunaithe agus néalbhunaithe, lena n-áirítear na meáin shóisialta agus líonrú, teachtaireachtaí, ríomhthráchtáil, seachadadh, soghluaisteacht, agus seirbhísí ardáin eile.
Leasú 27
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 23
(23)   Chun cuspóirí na Treorach seo a bhaint amach ina n-iomláine, ar cuspóirí iad lena dtugtar aghaidh ar dhrochthionchair ar chearta an duine agus ar an gcomhshaoil i ndáil le hoibríochtaí, fochuideachtaí agus slabhraí luacha cuideachtaí, ba cheart cuideachtaí tríú tír a bhfuil oibríochtaí suntasacha acu san Aontas a chumhdach freisin. Go sonrach, ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir maidir le cuideachtaí tríú tír a ghin glanláimhdeachas EUR 150 milliún ar a laghad san Aontas sa bhliain airgeadais roimh an mbliain airgeadais dheireanach nó glanláimhdeachas níos mó ná EUR 40 milliún ach níos lú ná EUR 150 milliún sa bhliain airgeadais roimh an mbliain airgeadais dheireanach i gceann amháin nó níos mó de na hearnálacha ardtionchair, amhail ó 2 bhliain tar éis dheireadh thréimhse trasuí na Treorach seo.
(23)   Chun cuspóirí na Treorach seo a bhaint amach ina n-iomláine, ar cuspóirí iad lena dtugtar aghaidh ar iarmhairtí dochracha ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol i ndáil le hoibríochtaí cuideachtaí, agus oibríochtaí a bhfochuideachtaí agus a slabhraí luacha, ba cheart cuideachtaí tríú tír a bhfuil oibríochtaí suntasacha acu san Aontas a chumhdach freisin. Go sonrach, ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir maidir le cuideachtaí tríú tír a ghin glanláimhdeachas EUR 40 milliún ar a laghad san Aontas sa bhliain airgeadais roimh an mbliain airgeadais dheireanach nó maidir le cuideachtaí ar máthairchuideachta deiridh iad de ghrúpa a raibh 500 fostaí aige agus glanláimhdeachas domhanda de níos mó ná 150 milliún agus a gineadh 40 milliún ar a laghad san Aontas sa bhliain airgeadais dheireanach ar ullmhaíodh ráitis airgeadais bhliantúla ina leith. Ba cheart go gcuirfí san áireamh i ríomh an ghlanláimhdeachais láimhdeachas arna ghiniúint ag cuideachtaí tríú páirtí lena bhfuil comhaontú ingearach déanta ag an gcuideachta agus/nó ag a fochuideachtaí san Aontas i gcomaoin ar ríchíosanna.
Leasú 28
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 25
(25)   Chun rannchuidiú fóinteach leis an aistriú inbhuanaitheachta a bhaint amach, ba cheart dícheall cuí faoin Treoir seo a dhéanamh i ndáil le drochthionchair ar chearta an duine ar dhaoine faoi chosaint de thoradh sárú ar cheann de na cearta nó na toirmisc a chumhdaítear sna coinbhinsiúin idirnáisiúnta a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo. Chun cumhdach cuimsitheach ar chearta an duine a áirithiú, ba cheart sárú ar thoirmeasc nó ar cheart nach liostaítear go sonrach san Iarscríbhinn sin agus a chuireann isteach go díreach ar leas dlíthiúil a chosnaítear sna coinbhinsiúin sin a bheith mar chuid den drochthionchar ar chearta an duine a chumhdaítear leis an Treoir seo, ar choinníoll go bhféadfadh an chuideachta lena mbaineann an riosca go ndéanfaí cur isteach den sórt sin agus aon bheart iomchuí a bheadh le déanamh chun na hoibleagáidí díchill chuí faoin Treoir seo a chomhlíonadh a shuíomh go réasúnta, agus aird á tabhairt ar imthosca ábhartha uile a gcuid oibríochtaí, amhail an earnáil agus an chomhthéacs oibríochtúil. Ba cheart a chumhdach le dícheall cuí freisin drochthionchair ar an gcomhshaol de thoradh sárú ar cheann de na toirmisc agus na hoibleagáidí de bhun na gcoinbhinsiún idirnáisiúnta maidir leis an gcomhshaol a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.
(25)   Chun rannchuidiú fóinteach leis an aistriú inbhuanaitheachta a bhaint amach, ba cheart dícheall cuí faoin Treoir seo a dhéanamh i ndáil le hiarmhairt dhochrach ar chearta an duine ar dhaoine faoi chosaint de thoradh aon ghníomhaíocht lena mbaintear nó lena laghdaítear cumas duine aonair nó grúpa leas a bhaint as na cearta nó atá le bheith faoi chosaint ag toirmisc atá cumhdaithe sna coinbhinsiúin agus hionstraimí idirnáisiúnta a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo,agus cásdlí agus obair comhlachtaí conartha ina dhiaidh sin bhaineann leis na coinbhinsiúin sin, lena n-áirítear cearta ceardchumann, cearta oibrithe agus cearta sóisialta. Chun cumhdach cuimsitheach ar chearta an duine a áirithiú, ba cheart iarmhairt dhiúltach ar thairbhiú de cheart nach liostaítear go sonrach san Iarscríbhinn sin agus a chuireann isteach go díreach ar leas dlíthiúil a chosnaítear sna coinbhinsiúin agus sna hionstraimí sin a bheith mar chuid den iarmhairt dhochrach ar chearta an duine a chumhdaítear leis an Treoir seo, ar choinníoll go bhféadfadh an chuideachta lena mbaineann an riosca go ndéanfaí cur isteach den sórt sin agus aon bheart iomchuí a bheadh le déanamh chun na hoibleagáidí díchill chuí faoin Treoir seo a chomhlíonadh a shuíomh go réasúnta, agus aird á tabhairt ar imthosca ábhartha uile a gcuid oibríochtaí, amhail an earnáil agus an comhthéacs oibríochtúil. Ba cheart a chumhdach le dícheall cuí freisin iarmhairtí dochracha ar an gcomhshaol de thoradh sárú ar cheann de na toirmisc agus na hoibleagáidí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.
Leasú 29
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 25 a (nua)
(25a)  Leis an Treoir seo, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le bearta sonracha i gcás iarmhairtí dochracha sistéamacha státurraithe a eascraíonn as gníomhaíochtaí, beartais, rialacháin nó cleachtais institiúidithe arna gcinneadh, arna gcur chun feidhme agus arna bhforfheidhmiú ag údaráis náisiúnta nó áitiúla na Stát nó arna ndéanamh le tacaíocht ghníomhach uathu.
Leasú 30
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 25 b (nua)
(25b)  Ba cheart go mbeadh cuideachtaí freagrach freisin as a dtionchar a úsáid chun cur le caighdeán leordhóthanach maireachtála i slabhraí luacha. Tuigtear gurb ionann sin agus pá maireachtála d’fhostaithe agus ioncam maireachtála d’oibrithe féinfhostaithe agus do shealbhóirí beaga, a thuilleann siad óna gcuid oibre agus óna dtáirgeadh agus ní mór dó freastal ar a riachtanais agus ar riachtanais a dteaghlaigh.
Leasú 31
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 25 c (nua)
(25c)  Aithnítear sa Treoir seo an cur chuige ‘Aon Sláinte Amháin’ mar a d’aithin an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte é, mar chur chuige comhtháite agus aontaithe arb é is aidhm dó cothromaíocht inbhuanaithe a bhaint amach agus sláinte daoine, ainmhithe agus éiceachóras a bharrfheabhsú. Aithnítear leis an gcur chuige ‘Aon Sláinte Amháin’ go bhfuil dlúthnasc idir sláinte an duine, sláinte ainmhithe clóis agus sláinte ainmhithe fiáine, sláinte plandaí agus sláinte an chomhshaoil i gcoitinne, lena n-áirítear éiceachórais. Is iomchuí, dá bhrí sin, a leagan síos gur cheart go gcuimseodh dícheall cuí comhshaoil díghrádú comhshaoil a bhfuil éifeachtaí díobhálacha ar an tsláinte amhail eipidéimí mar thoradh air a sheachaint, agus an ceart chun comhshaol glan, sláintiúil agus inbhuanaithe a urramú. Maidir le tiomantas G7 aitheantas a thabhairt don mhéadú tapa atá tagtha ar an bhfrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha (AMR) ar an scála domhanda, is gá úsáid stuama agus fhreagrach antaibheathach i gcógas don duine agus i gcógas tréidliachta a chur chun cinn.
Leasú 32
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 25 d (nua)
(25d)  D’fhéadfadh tosca amhail éilliú agus breabaireacht a bheith fite fuaite le hiarmhairtí dochracha ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol nó mar bhonn taca leo, agus dá bhrí sin, áirítear i dTreoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé gur ghá do chuideachtaí na tosca sin a chur san áireamh agus iad ag déanamh díchill chuí maidir le cearta an duine agus maidir leis an gcomhshaol.
Leasú 33
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 26
(26)   treoraíocht ar fáil do chuideachtaí a léiríonn an chaoi a bhféadfadh a gcuid gníomhaíochtaí tionchar a imirt ar chearta an duine agus a léiríonn an iompraíocht chorparáideach a thoirmisctear i gcomhréir le cearta an duine atá aitheanta go hidirnáisiúnta. Áirítear an treoraíocht sin, mar shampla, i gCreat Tuairiscithe Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe104 agus i dTreoirleabhar Léirmhínithe Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe105. Agus treoirlínte agus caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta á n-úsáid mar thagairt, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann treoraíocht bhreise a eisiúint a bheidh mar uirlis phraiticiúil le haghaidh cuideachtaí.
(26)   Ba cheart treoraíocht a chur ar fáil do chuideachtaí a léiríonn an chaoi a bhféadfadh a gcuid gníomhaíochtaí iarmhairt a imirt ar chearta an duine agus a léiríonn an iompraíocht chorparáideach a thoirmisctear i gcomhréir le cearta an duine atá aitheanta go hidirnáisiúnta. Áirítear an treoraíocht sin, mar shampla, i gCreat Tuairiscithe Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe104 agus i dTreoirleabhar Léirmhínithe Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe105 agus ba cheart rochtain éasca a bheith ag cuideachtaí uirthi. Dá bhrí sin, agus treoirlínte agus caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta á n-úsáid mar thagairt, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann treoraíocht bhreise a eisiúint a bheidh mar uirlis phraiticiúil le haghaidh cuideachtaí.
__________________
__________________
104 https://www.ungpreporting.org/wp-content/uploads/UNGPReportingFramework_withguidance2017.pdf.
104 https://www.ungpreporting.org/wp-content/uploads/UNGPReportingFramework_withguidance2017.pdf.
105 https://www.ohchr.org/Documents/Issues/Business/RtRInterpretativeGuide.pdf.https://www.ohchr.org/Documents/Issues/Business/RtRInterpretativeGuide.pdf.
105 https://www.ohchr.org/Documents/Issues/Business/RtRInterpretativeGuide.pdf.https://www.ohchr.org/Documents/Issues/Business/RtRInterpretativeGuide.pdf.
Leasú 34
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 27
(27)   Chun dícheall cuí maidir le cearta an duine agus leis an gcomhshaol a dhéanamh i leith a gcuid oibríochtaí, fochuideachtaí, agus slabhraí luacha, ba cheart do chuideachtaí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo an dícheall cuí a chomhtháthú ina mbeartais chorparáideacha, ba cheart dóibh drochthionchair iarbhír agus fhéideartha ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol a shainaithint, a chosc agus a mhaolú, deireadh a chur leo agus a méid a íoslaghdú, ba cheart dóibh nós imeachta gearán a bhunú agus a choinneáil ar bun, ba cheart dóibh faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart a dhéantar i gcomhréir leis na ceanglais a bhunaítear sa Treoir seo agus ba cheart dóibh a ndícheall cuí a chur in iúl go poiblí. Na céimeanna, go háirithe, chun drochthionchair fhéideartha a chosc agus a mhaolú agus chun deireadh a chur le drochthionchair iarbhír nó, nuair nach féidir sin, iad a íoslaghdú, ba cheart iad a aithint go soiléir sa Treoir seo chun an tsoiléireacht a áirithiú le haghaidh cuideachtaí.
(27)   Chun dícheall cuí iomchuí maidir le cearta an duine agus leis an gcomhshaol a dhéanamh i leith a gcuid oibríochtaí, fochuideachtaí agus slabhraí luacha, ba cheart do chuideachtaí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo an dícheall cuí a chomhtháthú ina mbeartais chorparáideacha, ba cheart dóibh iarmhairtí dochracha iarbhír agus féideartha ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol a shainaithint, tús áite a thabhairt dóibh nuair is gá, iad a chosc, a mhaolú, a leigheas agus deireadh a chur leo agus a méid a íoslaghdú, ba cheart dóibh sásra um fhógra agus sásra casaoide neamhbhreithiúnach a bhunú nó páirt a ghlacadh iontu, ba cheart dóibh faireachán agus fíorú a dhéanamh ar éifeachtacht a ngníomhaíochtaí atá déanta acu i gcomhréir leis na ceanglais a bhunaítear sa Treoir seo, agus ba cheart dóibh a ndícheall cuí a chur in iúl go poiblí, agus dul i dteagmháil le geallsealbhóirí a ndéantar difear dóibh le linn an phróisis iomláin seo. Na céimeanna, go háirithe, chun iarmhairtí dochracha féideartha a chosc agus a mhaolú agus chun deireadh a chur le hiarmhairtí dochracha iarbhír nó, nuair nach féidir sin, a méid a íoslaghdú, ba cheart iad a aithint go soiléir sa Treoir seo chun an tsoiléireacht a áirithiú le haghaidh cuideachtaí.
Leasú 35
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 28
(28)   Chun a áirithiú gur cuid de bheartais chorparáideacha na gcuideachtaí an dícheall cuí, agus i gcomhréir leis an gcreat idirnáisiúnta ábhartha, ba cheart do chuideachtaí an dícheall cuí a chomhtháthú ina mbeartais chorparáideacha uile agus ba cheart dóibh beartas díchill chuí a bheith i bhfeidhm acu. Ba cheart na rudaí seo a leanas a bheith sa bheartas díchill chuí: tuairisc ar chur chuige na cuideachta maidir leis an dícheall cuí, an fadtéarma san áireamh, cód iompair ina mbeidh tuairisc ar na rialacha agus ar na prionsabail a bheidh le leanúint ag fostaithe agus ag fochuideachtaí na cuideachta; tuairisc ar na próisis a cuireadh i bhfeidhm chun dícheall cuí a chur chun feidhme, lena n-áirítear na bearta a glacadh chun comhlíonadh an chóid iompair a fhíorú agus chun cur i bhfeidhm an chóid sin a leathnú chuig caidrimh ghnó sheanbhunaithe. Ba cheart feidhm a bheith ag an gcód iompair maidir leis na feidhmeanna agus na hoibríochtaí corparáideacha ábhartha uile, lena n-áirítear cinntí soláthair agus cinntí ceannaigh. Ba cheart do chuideachtaí, freisin, a mbeartas díchill chuí a thabhairt cothrom le dáta gach bliain.
(28)   Chun a áirithiú gur cuid de bheartais chorparáideacha na gcuideachtaí an dícheall cuí, agus i gcomhréir leis an gcreat idirnáisiúnta ábhartha, ba cheart do chuideachtaí an dícheall cuí a chomhtháthú ina mbeartais chorparáideacha ábhartha agus ag gach leibhéal oibríochta agus ba cheart dóibh beartas díchill chuí a bheith i bhfeidhm acu le spriocanna gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha. Ba cheart na rudaí seo a leanas a bheith sa bheartas díchill chuí: tuairisc ar chur chuige na cuideachta maidir leis an dícheall cuí, cód iompair lena sainmhínítear na rialacha, na prionsabail agus na bearta a bheidh le leanúint agus le cur chun feidhme i gcás inarb ábhartha ar fud na cuideachta agus a fochuideachtaí thar na hoibríochtaí corparáideacha uile; tuairisc ar na próisis a cuireadh i bhfeidhm agus na bearta iomchuí arna nglacadh chun dícheall cuí a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagail 7 agus 8 sa slabhra luacha, lena n-áirítear na bearta ábhartha a glacadh chun dícheall cuí a ionchorprú ina samhail ghnó féin, ina cleachtais fostaíochta agus ceannaigh le heintitis a bhfuil caidreamh gnó ag an gcuideachta leo agus bearta arna ndéanamh chun faireachán agus fíorú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí díchill chuí, agus beartais leordhóthanacha chun nach gcuirfear na costais a bhaineann le próiseas an díchill chuí a chur ar aghaidh chuig comhpháirtithe gnó atá níos laige. Ba cheart feidhm a bheith ag an gcód iompair maidir leis na feidhmeanna agus na hoibríochtaí corparáideacha ábhartha uile, lena n-áirítear cleachtais phraghsála agus cinntí ceannaigh. mar shampla maidir le trádáil agus soláthar. Ba cheart do chuideachtaí, freisin, a mbeartas díchill chuí a thabhairt cothrom le dáta nuair a tharlaíonn athruithe suntasacha.
Leasú 36
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 28 a (nua)
(28a)  Ba cheart go mbeadh máthairchuideachtaí in ann gníomhaíochtaí a déanamh ar féidir leo rannchuidiú le dícheall cuí a bhfochuideachtaí, i gcás ina soláthraíonn an fhochuideachta an fhaisnéis uile is ábhartha agus is gá dá máthairchuideachta agus ina gcomhoibríonn sí léi, agus go gcloíonn sí le beartas díchill chuí a máthairchuideachta, go ndéanann an mháthairchuideachta a beartas díchill chuí a oiriúnú dá réir sin chun a áirithiú go gcomhlíontar na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 5(1) a mhéid a bhaineann leis an bhfochuideachta, go gcomhtháthaíonn an fhochuideachta dícheall cuí ina beartais agus ina córais bhainistíochta riosca uile i gcomhréir le hAirteagal 5, i gcás inar gá, go leanann an fhochuideachta de bhearta iomchuí a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 7 agus le hAirteagal 8, agus go leanann sí dá hoibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagal 8a, Airteagal 8b agus Airteagal 8d, i gcás ina ndéanann an mháthairchuideachta gníomhaíochtaí sonracha thar ceann na fochuideachta, go gcuireann an mháthairchuideachta agus an fhochuideachta araon an méid sin in iúl go soiléir agus go trédhearcach do gheallsealbhóirí ábhartha agus don fhearann poiblí, agus go gcomhtháthaíonn an fhochuideachta an aeráid ina cuid beartas agus córas bainistithe riosca i gcomhréir le hAirteagal 15. Ar mhaithe le fochuideachtaí a thabhairt chun cuntais, ba cheart an dliteanas dá bhforáiltear in Airteagal 22 den Treoir seo a fhágáil ar leibhéal an eintitis gan dochar do reachtaíocht na mBallstát maidir le dliteanas comhpháirteach agus leithleach.
Leasú 37
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 28 b (nua)
(28b)  I limistéir ina bhfuil coinbhleacht agus i limistéir ardriosca, tá baol níos mó ann go mbeidh cuideachtaí páirteach i sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Sna limistéir sin, ba cheart do chuideachtaí, dá bhrí sin, dícheall cuí méadaithe, coinbhleacht-íogair a dhéanamh, chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí méadaithe sin agus chun a áirithiú nach ndéanfaidh siad an choinbhleacht a éascú, a mhaoiniú, a ghéarú nó iarmhairt diúltach a imirt uirthi ar bhealach eile nó nach gcuirfidh siad le sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine nó ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta i limistéir ina bhfuil coinbhleacht nó i limistéir ardriosca. Áirítear le dícheall cuí méadaithe anailís chríochnúil coinbhleachta a dhéanamh mar chomhlánú ar ghnáthdhícheall cuí, bunaithe ar rannpháirtíocht fhóinteach agus coinbhleacht-íogair na ngeallsealbhóirí, a bhfuil sé d’aidhm léi tuiscint a áirithiú ar na bunchúiseanna, truicir agus páirtithe a spreagann an choinbhleacht agus an iarmhairt atá ag gníomhaíochtaí gnó na cuideachta ar an gcoinbhleacht. I gcásanna coinbhleachta armtha agus/nó forghabhála míleata, ba cheart do chuideachtaí na hoibleagáidí agus na caighdeáin a shainaithnítear i gcaighdeáin an Dlí Dhaonnúil Idirnáisiúnta (DDI) agus an Dlí Choiriúil Idirnáisiúnta (ICL) a urramú. Ba cheart do chuideachtaí treoraíocht a leanúint ó chomhlachtaí idirnáisiúnta ábhartha, lena n-áirítear Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge agus UNDP.
Leasú 38
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 28 c (nua)
(28c)  Tá éagsúlachtaí sna bealaí ar féidir le cuideachta a bheith páirteach in iarmhairt dhochrach. Is féidir le cuideachta a bheith ina chúis le hiarmhairt dhochrach i gcás inar leor a cuid gníomhaíochtaí ina n-aonar go mbeidh iarmhairt dhochrach mar thoradh orthu. Is féidir le cuideachta cur le hiarmhairt dhochrach i gcás inarb iad a gníomhaíochtaí féin, in éineacht le gníomhaíochtaí eintiteas eile, a chruthaíonn iarmhairt, nó inarb iad gníomhaíochtaí na cuideachta is cúis le cruthú iarmharta dochraí ag eintiteas eile, go n-éascaíonn siad sin nó go ndreasaíonn siad sin. Ní mór go mbeadh an ranníocaíocht substaintiúil, rud a chiallaíonn nach bhfuil mion-ranníocaíochtaí ná ranníocaíochtaí fánacha san áireamh inti. D’fhéadfadh an iliomad tosca a bheith i gceist le measúnú a dhéanamh ar chineál suntasach an rannchuidithe agus le tuiscint a fháil ar cathain a d’fhéadfadh gníomhaíochtaí na cuideachta a bheith ina gcúis le cruthú iarmharta dochraí ag eintiteas eile, cathain a d’fhéadfadh sí é sin a éascú agus cathain a d’fhéadfadh sí é a dhreasú. Is féidir roinnt tosca a chur san áireamh, lena n-áirítear a mhéid a d’fhéadfadh cuideachta iarmhairt dhochrach eintiteas eile a spreagadh, i.e. a mhéid a mhéadaigh an ghníomhaíocht an baol go dtarlódh an iarmhairt, a mhéid a d’fhéadfadh nó ar cheart do chuideachta eolas a bheith aici faoin iarmhairt dhochrach nó faoin bhféidearthacht iarmhairt dhochrach a bheith aici, i.e. méid na hintuarthachta, agus a mhéid a mhaolaigh aon cheann de ghníomhaíochtaí na cuideachta an iarmhairt dhochrach nó a laghdaigh siad an riosca go dtarlódh an iarmhairt. Níor cheart gurb ionann caidreamh gnó nó gníomhaíochtaí a bheith ann go simplí, lena gcruthaítear na coinníollacha ginearálta inar féidir iarmhairtí dochracha a bheith ann, agus caidreamh rannchuidithe. Ba cheart go méadódh an ghníomhaíocht atá i gceist an baol go mbeadh iarmhairt dhochrach ann go suntasach. Ar deireadh, is féidir baint dhíreach a bheith ag cuideachta le hiarmhairt dhochrach, i gcás ina bhfuil gaol idir an iarmhairt dhochrach agus táirgí, seirbhísí nó oibríochtaí na cuideachta trí chaidreamh gnó eile agus i gcás nach í an chuideachta is cúis leis an iarmhairt ná nár chuir sí léi. Níl sé nasctha go díreach le caidreamh gnó díreach. Chomh maith leis sin, níor cheart go dtugfaí le tuiscint le nasc díreach go n-aistríonn an fhreagracht ón gcaidreamh gnó atá ina chúis le hiarmhairt dhochrach chuig an gcuideachta a bhfuil baint aici léi.
Leasú 39
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 29
(29)   Chun a n-oibleagáidí díchill chuí a chomhlíonadh, ní mór do chuideachtaí bearta iomchuí a dhéanamh i leith shainaithint agus chosc na ndrochthionchar agus i leith deireadh a chur leo. Ba cheart go gciallódh ‘beart iomchuí’ beart a bhíonn in ann cuspóirí an díchill chuí a bhaint amach, i gcomhréir le déine agus dóchúlacht an drochthionchair, agus a bhíonn ar fáil go réasúnta don chuideachta, agus imthosca an cháis shonraigh á gcur san áireamh, lena n-áirítear saintréithe na hearnála eacnamaíche agus an chaidrimh ghnó ar leith agus tionchar na cuideachta air sin, agus an gá lena áirithiú go sannfar tosaíochtaí ar an ngníomhaíocht. Sa chomhthéacs sin, i gcomhréir le creataí idirnáisiúnta, ba cheart go n-áireofaí le tionchar na cuideachta ar chaidreamh gnó, ar thaobh amháin, a cumas a chur ina luí ar an gcaidreamh gnó gníomhaíocht a dhéanamh chun drochthionchair a chosc nó chun deireadh a chur leo (mar shampla trí úinéireacht nó smacht fíorasach, cumhacht mhargaidh, ceanglais réamhcháiliúcháin, dreasachtaí gnó a nascadh leis an bhfeidhmíocht i ndáil le cearta an duine agus leis an gcomhshaol, etc.) agus, ar an taobh eile, an méid tionchair nó giarála a d’fhéadfadh an chuideachta a fheidhmiú go réasúnta, mar shampla trí chomhar leis an gcomhpháirtí gnó ábhartha nó trí idirghabháil le cuideachta eile is í comhpháirtí gnó díreach an chaidrimh ghnó a bhfuil baint aige leis an drochthionchar.
(29)   Chun a n-oibleagáidí díchill chuí a chomhlíonadh, ní mór do chuideachtaí bearta iomchuí a dhéanamh i leith shainaithint, cosc agus deireadh a chur leis na hiarmhairtí dochracha arb iad is cúis leo, ar rannchuidigh siad leo nó a bhfuil baint dhíreach acu leo. Ba cheart go gciallódh ‘bearta iomchuí’ bearta a bhíonn in ann cuspóirí an díchill chuí a bhaint amach agus aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar an iarmhairt dhochrach arna shainaithint de bhun Airteagal 6 ar bhealach atá comhréireach agus i gcomhréir le leibhéal na déine agus le dóchúlacht na hiarmharta dochraí, agus atá comhréireach agus i gcomhréir le méid, le hacmhainní agus le hacmhainneachtaí na cuideachta, agus imthosca an cháis shonraigh á gcur san áireamh, lena n-áirítear cineál na hiarmharta dochraí, saintréithena hearnála eacnamaíche, cineál ghníomhaíochtaí, táirgí, seirbhísí, sonracha na cuideachta, an caidreamh sonrach gnó. Chun críocha Airteagal 7 agus Airteagal 8, i gcásanna inar cuideachta ba chúis, nó ina bhféadfadh sé gurbh í cuideachta ba chúis, le hiarmhairt, ba cheart bearta iomchuí a thuiscint mar bhearta a bhfuil sé d’aidhm leo iarmhairt a chosc nó a mhaolú, agus aon damáiste arb é an iarmhairt ba chúis leis a leigheas. Chun críocha Airteagal 7 agus Airteagal 8, i gcásanna inar rannchuidigh cuideachta nó ina bhféadfadh gur rannchuidigh sí le hiarmhairt, ba cheart bearta iomchuí a thuiscint mar bhearta arb é is aidhm leo rannchuidiú leis an iarmhairt a chosc nó a mhaolú, cumas dul i gcion na cuideachta ar pháirtithe freagracha eile a úsáid nó a mhéadú chun an iarmhairt a chosc nó a mhaolú, agus rannchuidiú le haon damáiste a thagann as iarmhairt a leigheas, go méid an rannchuidithe. Chun críocha Airteagal 7 agus Airteagal 8, i gcásanna ina bhfuil baint dhíreach ag oibríochtaí, táirgí nó seirbhísí cuideachta le hiarmhairt trína caidrimh le heintitis eile, ba cheart bearta iomchuí a thuiscint mar bhearta a bhfuil sé mar aidhm leo cumas dul i gcion na cuideachta ar pháirtithe freagracha a úsáid nó a mhéadú chun féachaint leis an iarmhairt a chosc nó a mhaolú, agus breithniú a dhéanamh ar a cumas dul i gcion ar pháirtithe freagracha a úsáid chun aon damáiste arb é an iarmhairt ba chúis leis a leigheas.
Leasú 40
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 30
(30)   Faoi na hoibleagáidí díchill chuí a leagtar amach sa Treoir seo, ba cheart do chuideachta drochthionchair iarbhír nó fhéideartha ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol a shainaithint. Chun go bhféadfar na drochthionchair a shainaithint go cuimsitheach, ba cheart an tsainaithint sin a bhunú ar fhaisnéis chainníochtúil agus cháilíochtúil. Mar shampla, maidir le drochthionchair ar an gcomhshaoil, ba cheart don chuideachta faisnéis a fháil faoi dhálaí bonnlíne ag láithreáin saoráidí ardriosca sna slabhraí luacha. Ba cheart go gcuimseodh sainaithint na ndrochthionchar measúnú ar chearta an duine agus ar chomhthéacs an chomhshaoil ar bhealach dinimiciúil agus go tráthrialta: roimh ghníomhaíocht nó caidreamh nua, roimh chinntí móra nó athruithe ar an oibríocht; mar fhreagra ar athruithe sa timpeallacht oibriúcháin nó chun teacht rompu; agus go tréimhsiúil, gach 12 mhí ar a laghad, i rith aon ghníomhaíochta nó aon chaidrimh. Maidir le gnóthais airgeadais rialáilte a sholáthraíonn iasacht, creidmheas nó seirbhísí airgeadais eile, is ag tús an chonartha amháin ar cheart dóibh na drochthionchair a shainaithint. Agus drochthionchair á sainaithint acu, ba cheart do chuideachtaí tionchar na samhla gnó agus na straitéisí atá ag caidreamh gnó, lena n-áirítear a chleachtais trádála, soláthair agus phraghsála, a shainaithint agus measúnú a dhéanamh orthu freisin. I gcás nach féidir leis an gcuideachta a cuid drochthionchar uile a chosc nó a íoslaghdú nó deireadh a chur leo an tráth céanna, ba cheart di a bheith in ann tosaíochtaí a shannadh ar a cuid gníomhaíochtaí, ar choinníoll go ndéanfaidh sí na bearta atá ar fáil go réasúnach di agus na himthosca sonracha á gcur san áireamh.
(30)   Faoi na hoibleagáidí díchill chuí a leagtar amach sa Treoir seo, ba cheart do chuideachta iarmhairtí dochracha iarbhír nó fhéideartha ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol a shainaithint agus a mheasúnú. Chun go bhféadfar na hiarmhairtí dochracha a shainaithint agus a mheasúnú go cuimsitheach, ba cheart an tsainaithint agus an measúnú sin a bhunú ar rannpháirtíocht fhóinteach le geallsealbhóirí agus ar fhaisnéis chainníochtúil agus cháilíochtúil. Mar shampla, maidir le hiarmhairtí dochracha ar an gcomhshaoil, ba cheart don chuideachta faisnéis a fháil faoi dhálaí bonnlíne ag láithreáin saoráidí ardriosca sna slabhraí luacha. Ba cheart go gcuimseodh sainaithint agus measúnú na n-iarmhairtí dochracha measúnú ar chearta an duine agus ar chomhthéacs an chomhshaoil ar bhealach dinimiciúil agus leanúnach, lena n-áirítear roimh ghníomhaíocht nó caidreamh nua, sula ndéanfar cinntí móra nó athruithe san oibríocht; mar fhreagra ar athruithe sa timpeallacht oibriúcháin nó chun teacht rompu; Maidir le gnóthais airgeadais rialáilte a sholáthraíonn seirbhísí airgeadais, is ag tús an chonartha amháin ar cheart dóibh na hiarmhairtí dochracha a shainaithint agus sula dtarlóidh oibríochtaí airgeadais ina dhiaidh sin, agus má thugtar fógra dóibh faoi rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann trí na nósanna imeachta in Airteagal 9, le linn sholáthar na seirbhíse. Agus iarmhairtí dochracha á sainaithint agus á measúnú acu, ba cheart do chuideachtaí iarmhairt na samhla gnó agus na straitéisí atá ag caidreamh gnó, lena n-áirítear cleachtais cheannaigh.
Leasú 41
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 30 a (nua)
(30a)  I gcás nach féidir leis an gcuideachta na hiarmhairtí dochracha uile a sainaithníodh agus a ndearnadh measúnú orthu a chosc, a thabhairt chun críche nó a mhaolú ag an am céanna, ba cheart cead a bheith aici tosaíocht a thabhairt don ord ina ndéanann sí bearta iomchuí bunaithe ar dhéine agus ar dhóchúlacht na hiarmharta dochraí agus fachtóirí riosca á gcur san áireamh, trí straitéis tosaíochta a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a athbhreithniú go rialta. I gcomhréir leis an gcreat idirnáisiúnta ábhartha, ba cheart déine iarmharta dochraí a mheasúnú bunaithe ar scála, raon feidhme agus carachtar doleigheasta iarmharta dochraí, agus tromchúis na hiarmharta dochraí á cur san áireamh, lena n-áirítear líon na ndaoine aonair a ndéantar difear dóibh nó a ndéanfar difear dóibh, a mhéid a dhéantar nó a bhféadfaí damáiste a dhéanamh don chomhshaol nó difear a dhéanamh dó ar bhealach eile, a dho-athraitheacht agus na teorainneacha ar an gcumas daoine aonair a ndéantar difear dóibh nó ar an gcomhshaol a athbhunú i staid atá coibhéiseach lena staid roimh an iarmhairt. A luaithe a thabharfar aghaidh ar na hiarmhairtí is déine agus is dochraí, ba cheart don chuideachta aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí dochracha nach bhfuil chomh dian céanna agus nach bhfuil aon dóchúlacht ann ina leith.
Leasú 42
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 30 b (nua)
(30b)  Ba cheart do chuideachtaí tosaíocht a thabhairt do thionchair ar bhonn déine agus dóchúlachta. Níl méid an chumais dul i gcion atá ag cuideachta thar chaidreamh gnó ábhartha maidir lena cinntí nó próisis tosaíochta. Is féidir le méid an chumais dul i gcion, mar sin féin, tionchar a imirt ar na bearta iomchuí a roghnaíonn cuideachta a ghlacadh chun iarmhairtí a bhaineann le comhpháirtithe gnó a mhaolú agus/nó a chosc go héifeachtach.
Leasú 43
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 31
(31)  Chun ualach míchuí a sheachaint ar na cuideachtaí beaga a fheidhmíonn in earnálacha ardtionchair a chumhdaítear leis an Treoir seo, níor cheart oibleagáid a chur ar na cuideachtaí sin ach amháin na drochthionchair dhiana iarbhír nó fhéideartha is ábhartha don earnáil lena mbaineann siad a shainaithint.
scriosta
Leasú 44
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 32
(32)   I gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta, ba cheart leasanna na ndaoine a n-imrítear drochthionchair orthu a chur san áireamh agus na drochthionchair sin á gcosc, á maolú agus á n-íoslaghdú nó deireadh á chur leo. Chun go bhféadfar idirghabháil leanúnach a dhéanamh leis an gcomhpháirtí gnó sa slabhra luacha seachas deireadh a chur leis an gcaidreamh gnó (díscor), rud a d’fhéadfadh na drochthionchair a chur chun an donais, ba cheart a áirithiú leis an Treoir seo gur gníomhaíocht rogha dheiridh é an díscor, i gcomhréir le beartas neamhfhulaingthe an Aontais maidir le saothar na leanaí. Dá gcuirfí deireadh le caidreamh gnó ina n-aimseofaí saothar leanaí, d’fhéadfaí an leanbh a chur i mbaol drochthionchair níos déine fós ó thaobh chearta an duine de. Ba cheart é sin a chur san áireamh, dá bhrí sin, agus cinneadh á dhéanamh maidir leis an ngníomhaíocht iomchuí a bheidh le déanamh.
(32)   I gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta, ba cheart leasanna na ndaoine a n-imrítear iarmhairtí dochracha orthu a chur san áireamh agus na hiarmhairtí dochracha sin á gcosc, á maolú agus á n-íoslaghdú nó deireadh á chur leo. Chun go bhféadfar dul i mbun rannpháirtíocht leanúnach leis an gcomhpháirtí gnó sa slabhra luacha seachas deireadh a chur leis an gcaidreamh gnó (díscor), rud a d’fhéadfadh na hiarmhairtí dochracha a chur chun an donais, ba cheart a áirithiú leis an Treoir seo gur gníomhaíocht rogha dheiridh é an díscor, i gcomhréir le beartas neamhfhulaingthe an Aontais maidir le saothar leanaí, straitéis an Aontais maidir le cearta an Linbh agus an spriocdháta 2025 a d’fhógair na Náisiúin Aontaithe chun saothar leanaí a dhíothú ar fud an domhain. Dá gcuirfí deireadh le caidreamh gnó ina n-aimseofaí saothar leanaí, d’fhéadfaí an leanbh a chur i mbaol maidir le hiarmhairt dhochrach níos déine fós ó thaobh chearta an duine de. Ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfadh mná i ndálaí oibre forbhásacha aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí dochracha níos déine ó thaobh chearta an duine de, rud a mhéadódh a gcuid leochaileachta. Dá bhrí sin, ba cheart é sin a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh maidir leis an ngníomhaíocht iomchuí a bheidh le déanamh, agus ba cheart díscor a sheachaint i gcás ina mbeadh iarmhairt an díscoir níos mó ná an iarmhairt dhochrach atá an chuideachta ag iarraidh a chosc nó a mhaolú. I gcásanna saothair éigeantais arna fhorchur ag an stát, i gcás ina n-eagraíonn na húdaráis pholaitiúla an iarmhairt dhochrach, ní féidir teagmháil gan bhac a dhéanamh leo siúd a bhfuil iarmhairt dhochrach orthu ná ní féidir mhaolú a dhéanamh. Ba cheart a áirithiú leis an Treoir seo go gcuirfidh cuideachtaí deireadh le caidreamh gnó i gcás ina bhfuil saothar éignithe arna fhorchur ag an stát ag tarlú. Thairis sin, ba cheart a chur san áireamh sa díscor freagrach freisin na hiarmhairtí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann dóibh siúd a bhraitheann ar an táirge nó a ndéanann briseadh sna slabhraí soláthair difear dóibh.
Leasú 45
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 34
(34)   Chun an oibleagáid maidir le cosc agus maolú faoin Treoir seo a chomhlíonadh, ba cheart a chur de cheangal ar chuideachtaí na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh, i gcás inarbh ábhartha. I gcás inar gá sin i ngeall ar chastacht na mbeart coiscthe, ba cheart do chuideachtaí plean gníomhaíochta coisc a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Ba cheart do chuideachtaí féachaint le dearbhuithe conarthacha a fháil ó chomhpháirtí díreach a bhfuil caidreamh gnó seanbhunaithe acu leis go n-áiritheoidh an comhpháirtí sin go gcomhlíonfar an cód iompair nó an plean gníomhaíochta coisc, lena n-áirítear trí dearbhuithe conarthacha comhfhreagracha a lorg óna chomhpháirtithe féin a mhéid is cuid de shlabhra luacha na gcuideachtaí iad a gcuid gníomhaíochtaí siúd. Ba cheart bearta iomchuí chun an chomhlíontacht a fhíorú a bheith ag gabháil leis na dearbhuithe conarthacha. Chun cosc cuimsitheach ar dhrochthionchair iarbhír agus fhéideartha a áirithiú, ba cheart do chuideachtaí infheistíochtaí a dhéanamh freisin a mbeidh sé d’aidhm acu drochthionchair a chosc, ba cheart dóibh tacaíocht spriocdhírithe chomhréireach a thabhairt do FBM a bhfuil caidreamh gnó seanbhunaithe acu leis, amhail maoiniú, mar shampla, trí mhaoiniú díreach, iasachtaí ar ús íseal, ráthaíochtaí maidir le foinsiú leanúnach, agus cúnamh chun maoiniú a áirithiú, chun cabhrú leis an gcód iompair nó leis an bplean gníomhaíochta coisc a chur chun feidhme, nó trí threoraíocht theicniúil amhail an oiliúint, uasghrádú na gcóras bainistíochta, agus ba cheart dul i gcomhar le cuideachtaí eile.
(34)   Chun an oibleagáid maidir le cosc agus maolú faoin Treoir seo a chomhlíonadh, ba cheart a chur de cheangal ar chuideachtaí na bearta iomchuí seo a leanas a dhéanamh, i gcás inarbh ábhartha. I gcás inar gá sin i ngeall ar chastacht na mbeart coiscthe, ba cheart do chuideachtaí plean gníomhaíochta coisc a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Ba cheart do chuideachtaí breithniú a dhéanamh go suífear trí fhorálacha conarthacha agus in éineacht le comhpháirtí ag a bhfuil caidreamh gnó acu go n-áiritheoidh go gcomhlíonfar an cód iompair agus, de réir mar is gá, plean gníomhaíochta um chosc. D'fhéadfadh sé go n-iarrfaí ar chomhpháirtithe a bhfuil caidreamh gnó ag an gcuideachta leo féachaint le forálacha conarthacha comhfhreagracha a lorg óna gcomhpháirtithe a mhéid is cuid de shlabhra luacha na cuideachta a gcuid gníomhaíochtaí.
Leasú 46
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 34 a (nua)
(34a)  Níor cheart go mbeadh na forálacha conarthacha den chineál a fhágfaidh go n-aistreofar an fhreagracht as dícheall cuí a dhéanamh i gcomhréir leis an Treoir seo agus an dliteanas as mainneachtain déanamh amhlaidh. Thairis sin, ba cheart go mbeadh na forálacha conarthacha cothrom, réasúnach agus neamh-idirdhealaitheach sna himthosca, agus ba cheart go léireofaí leo cúraimí comhpháirteach na bpáirtithe dícheall cuí a dhéanamh sa chomhar leanúnach. Ba cheart do chuideachtaí a mheasúnú freisin an féidir a bheith ag súil leis go réasúnach go gcomhlíonfaidh an comhpháirtí gnó na forálacha sin. Is minic a dhéanann ceannaitheoir téarmaí conarthacha a fhorchur go haontaobhach ar sholáthróir, agus is dócha gurb é an toradh a bheidh ar aon sárú air sin go ndéanfaidh an ceannaitheoir gníomhaíocht aontaobhach, amhail foirceannadh nó díscor. Níl gníomhaíocht aontaobhach den sórt sin iomchuí i gcomhthéacs an díchill chuí agus is dócha go mbeadh iarmhairtí dhochracha mar thoradh uirthi féin. I gcásanna ina bhféadfadh iarmhairt dhochrach a bheith mar thoradh ar shárú forálacha conarthacha den sórt sin, ba cheart don chuideachta bearta iomchuí a dhéanamh ar dtús chun iarmhairtí den sórt sin a chosc nó a mhaolú go leormhaith, seachas breithniú a dhéanamh ar dheireadh a chur leis an gconradh nó é a chur ar fionraí, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme. Chun cosc cuimsitheach ar iarmhairtí dochracha iarbhír agus fhéideartha a áirithiú, ba cheart do chuideachtaí infheistíochtaí a dhéanamh freisin a mbeidh sé d’aidhm acu iarmhairtí dochracha a chosc, ba cheart dóibh tacaíocht spriocdhírithe chomhréireach airgeadais agus riaracháin a thabhairt do FBM a bhfuil caidreamh gnó seanbhunaithe acu leis, amhail maoiniú, mar shampla, trí mhaoiniú díreach, iasachtaí ar ús íseal, ráthaíochtaí maidir le foinsiú leanúnach, agus cúnamh chun maoiniú a áirithiú, chun cabhrú leis an gcód iompair nó leis an bplean gníomhaíochta coisc a chur chun feidhme, nó trí threoraíocht theicniúil amhail an oiliúint, uasghrádú na gcóras bainistíochta, agus ba cheart dul i gcomhar le cuideachtaí eile.
Leasú 47
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 35
(35)  D’fhonn raon iomlán na roghanna don chuideachta a léiriú i gcásanna nach bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar na tionchair fhéideartha leis na bearta coisctheacha nó íoslaghdaithe a bhfuil tuairisc orthu, ba cheart tagairt a dhéanamh sa Treoir seo freisin don rogha atá ag an gcuideachta féachaint le conradh a thabhairt i gcrích leis an gcomhpháirtí gnó indíreach, d’fhonn comhlíonadh chód iompair na cuideachta nó comhlíonadh plean gníomhaíochta coisc a bhaint amach, agus bearta iomchuí a dhéanamh chun a fhíorú go bhfuil an caidreamh gnó indíreach ag comhlíonadh an chonartha.
scriosta
Leasú 48
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 36
(36)   Chun a áirithiú gurb éifeachtach cosc agus maolú na ndrochthionchar féideartha, ba cheart do chuideachtaí tosaíocht a thabhairt don idirghabháil le caidrimh ghnó sa slabhra luacha, seachas deireadh a chur leis an gcaidreamh gnó, mar ghníomhaíocht rogha deiridh tar éis iarracht in aisce drochthionchair fhéideartha a chosc agus a mhaolú. Mar sin féin, i gcásanna nach bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar na drochthionchair fhéideartha leis na bearta coisctheacha nó maolaithe a bhfuil tuairisc orthu, ba cheart tagairt a dhéanamh sa Treoir freisin don oibleagáid atá ar chuideachtaí gan caidrimh nua a bhunú leis an gcomhpháirtí atá i gceist ná na caidrimh atá acu leis cheana a leathnú agus, i gcás ina gceadaítear sin leis an dlí lena rialaítear a gcaidrimh, caidrimh thráchtála leis an gcomhpháirtí atá i gceist a chur ar fionraí go sealadach, agus iarrachtaí coiscthe agus íoslaghdaithe á saothrú acu, má bhíonn súil réasúnta ann go n-éireoidh leis na hiarrachtaí sin sa ghearrthéarma; nó deireadh a chur leis an gcaidreamh gnó maidir leis na gníomhaíochtaí lena mbaineann más dian an drochthionchar féideartha. Chun a chur ar a gcumas do chuideachtaí an oibleagáid sin a chomhlíonadh, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le rogha a bheith ar fáil deireadh a chur leis an gcaidreamh gnó i gconarthaí a rialaíonn a ndlíthe iad. D’fhéadfadh sé go bhfuil gá le comhar le cuideachta eile chun drochthionchair ar leibhéal na gcaidreamh ghnó indíreach a chosc, mar shampla comhar le cuideachta a bhfuil caidreamh conarthach díreach aici leis an soláthróir. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh gurbh é comhar den sórt sin an t-aon bhealach réalaíoch chun drochthionchair a chosc, go háirithe i gcás nach bhfuil an caidreamh gnó indíreach ullamh chun conradh a dhéanamh leis an gcuideachta. Sna cásanna sin, ba cheart don chuideachta dul i mbun comhair leis an eintiteas is éifeachtaí is féidir leis drochthionchair a chosc nó a mhaolú ar leibhéal an chaidrimh gnó indírigh agus dlí na hiomaíochta á urramú an tráth céanna.
(36)   Chun a áirithiú go bhfuil éifeacht le cosc a chur agus maolú a dhéanamh ar na hiarmhairtí dochracha féideartha, ba cheart do chuideachtaí tosaíocht a thabhairt don idirghabháil le caidrimh ghnó sa slabhra luacha, seachas deireadh a chur leis an gcaidreamh gnó, mar ghníomhaíocht rogha deiridh tar éis iarracht in aisce a dhéanamh na hiarmhairtí dochracha fhéideartha a chosc agus a mhaolú. Mar sin féin, i gcásanna nach bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí dochracha fhéideartha, a raibh cuideachta ina cúis nó ina rannchuidiú leo, leis na bearta coisctheacha nó maolaithe a bhfuil tuairisc orthu, agus nach bhfuil aon ionchas réasúnta ann go dtiocfaidh athrú orthu, ba cheart tagairt a dhéanamh sa Treoir freisin don oibleagáid atá ar chuideachtaí staonadh ó chaidreamh nua nó ó chaidreamh atá ann cheana a leathnú leis an gcomhpháirtí atá i gceist agus i gcás, leis an dlí lena rialaítear a gcaidreamh, ina bhfuil siad i dteideal, mar rogha dheireanach, i gcomhréir le díscor freagrach, caidreamh tráchtála leis an gcomhpháirtí atá i gceist a chur ar fionraí go sealadach, agus iarrachtaí coisctheacha agus maolaithe á saothrú acu; nó chun deireadh a chur leis an gcaidreamh gnó i ndáil leis na gníomhaíochtaí lena mbaineann mar gheall ar dhéine na hiarmharta dochraí féideartha, nó mura gcomhlíontar na coinníollacha maidir le fionraí sealadach. Chun ligean do chuideachtaí an oibleagáid sin a chomhlíonadh, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le rogha a bheith ar fáil i dtaobh deireadh a chur leis an gcaidreamh gnó nó é a chur ar fionraí go sealadach i gconarthaí atá rialaithe ag a ndlithe. Agus cinneadh á dhéanamh caidreamh gnó a fhoirceannadh nó a chur ar fionraí, ba cheart don chuideachta a mheas an mbeadh iarmhairtí dochracha an chinnidh sin níos mó ná an iarmhairt dhochrach a bhfuil sé beartaithe í a chosc nó a mhaolú. I gcás ina ndéanann cuideachtaí caidreamh tráchtála a fhionraí go sealadach nó an caidreamh gnó a fhoirceannadh, ba cheart dóibh bearta a chur i gcrích chun na hiarmhairtí a bhaineann le fionraí nó le foirceannadh a chosc, a mhaolú nó deireadh a chur leo, fógra réasúnta a thabhairt don chomhpháirtí gnó agus an cinneadh sin a choinneáil faoi athbhreithniú. D’fhéadfadh sé go bhfuil gá le comhar le cuideachta eile a bheith ann chun na hiarmhairtí dochracha ar leibhéal na gcaidreamh ghnó indíreach a chosc, mar shampla comhar le cuideachta a bhfuil caidreamh conarthach díreach aici leis an soláthróir. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh gurbh é an comhar sin an t-aon bhealach réalaíoch chun iarmhairtí dochracha a chosc, go háirithe i gcás nach bhfuil an caidreamh gnó indíreach ullamh chun conradh a dhéanamh leis an gcuideachta. Sna cásanna sin, ba cheart don chuideachta dul i mbun comhair leis an eintiteas is éifeachtaí atá ábalta iarmhairtí dochracha a chosc nó a mhaolú ar leibhéal an chaidrimh gnó indírigh agus dlí na hiomaíochta á urramú an tráth céanna.
Leasú 49
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 37
(37)   Maidir le caidrimh ghnó dhíreacha agus indíreacha, is féidir leis an gcomhar tionsclaíochta, le scéimeanna tionscail agus le tionscnaimh lena mbaineann raon páirtithe leasmhara cabhrú le giaráil bhreise a chruthú chun drochthionchair a shainaithint, a mhaolú agus a chosc. Dá bhrí sin, ba cheart go bhféadfadh cuideachtaí brath ar thionscnaimh den sórt sin chun tacú le cur chun feidhme a n-oibleagáidí díchill chuí a leagtar síos sa Treoir seo a mhéid is iomchuí na scéimeanna agus na tionscnaimh sin chun tacú le comhlíonadh na n-oibleagáidí sin. D’fhéadfadh cuideachtaí measúnú a dhéanamh, ar a dtionscnamh féin, ar ailíniú na scéimeanna agus na dtionscnamh sin leis na hoibleagáidí faoin Treoir seo. Chun faisnéis iomlán faoi thionscnaimh den sórt sin a áirithiú, ba cheart freisin tagairt a dhéanamh sa Treoir don rogha atá ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit scaipeadh faisnéise faoi na scéimeanna nó faoi na tionscnaimh sin agus faoina dtorthaí a éascú. Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, treoraíocht a eisiúint maidir le measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht na scéimeanna tionscail agus na dtionscnamh lena mbaineann raon páirtithe leasmhara.
(37)   Is féidir le scéimeanna tionscail agus le tionscnaimh il-gheallsealbhóra cabhrú le cumas dul i gcion sa bhreis a chruthú chun iarmhairtí dochracha a shainaithint, a mhaolú agus a chosc. Dá bhrí sin, ba cheart do chuideachtaí a bheith in ann a bheith rannpháirteach sna tionscnaimh sin chun tacú le gnéithe dá ndícheall cuí, lena n-áirítear dul i gcion ar bhonn comhpháirteach a chomhordú, éifeachtúlachtaí a bhaint amach, dea-chleachtais a mhéadú, agus saineolas a lorg atá ábhartha d’earnálacha sonracha, do limistéir gheografacha, do thráchtearraí nó do shaincheisteanna riosca. Tá brí leathan le tionscnaimh agus áirítear leis tionscnaimh a thacaíonn le gnéithe de dhícheall cuí cuideachta agus a dhéanann faireachán, meastóireacht, deimhniú agus/nó fíorú ar ghnéithe de dhícheall cuí cuideachta, nó ar an dícheall cuí arna dhéanamh ag a fochuideachtaí agus/nó ag a caidrimh ghnó. Féadfaidh rialtais, comhlachais tionscail, grúpálacha d’eagraíochtaí leasmhara, comhpháirtithe sóisialta nó eagraíochtaí na sochaí sibhialta na tionscnaimh sin a fhorbairt agus a mhaoirsiú, agus eagraíochtaí faireacháin, comhaontuithe creata domhanda, idirphlé earnála agus tionscnaimh a dheimhníonn gnéithe den dícheall cuí a bheith ar áireamh iontu. Chun faisnéis iomlán faoi thionscnaimh den sórt sin a áirithiú, ba cheart freisin tagairt a dhéanamh sa Treoir don fhéidearthacht atá ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit éascú a dhéanamh ar scaipeadh na faisnéise faoi na scéimeanna nó faoi na tionscnaimh sin agus faoina dtorthaí. Ba cheart don Choimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, le ECFE agus le geallsealbhóirí ábhartha, treoraíocht a eisiúint i dtaobh measúnú a dhéanamh ar raon feidhme beacht, ailíniú leis an Treoir seo, agus inchreidteacht na scéimeanna tionscail agus na dtionscnamh il-gheallsealbhóirí. Maidir le cuideachtaí atá rannpháirteach i dtionscnaimh tionscail nó i dtionscnaimh il-gheallsealbhóra nó a úsáideann fíorú tríú páirtí maidir le gnéithe dá ndícheall cuí, ba cheart go mbeidís fós in ann smachtbhannaí a ghearradh orthu nó iad a bheith faoi dhliteanas i leith sáruithe ar an Treoir seo agus i leith damáiste a d’fhulaing íospartaigh dá thoradh sin. Ba cheart na híoschaighdeáin le haghaidh fíoraitheoirí tríú páirtí atá le glacadh trí ghníomhartha tarmligthe faoin Treoir seo a fhorbairt i ndlúthchomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha uile agus ba cheart iad a athbhreithniú i bhfianaise a oiriúnachta i gcomhréir le cuspóirí na Treorach seo. Ba cheart fíoraitheoirí tríú páirtí a bheith faoi réir formhaoirseachta ag na húdaráis ábhartha agus, i gcás inar gá, ba cheart iad a bheith faoi réir smachtbhannaí, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta agus le reachtaíocht an Aontais.
Leasú 50
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 38
(38)   Faoi na hoibleagáidí díchill chuí a leagtar amach sa Treoir seo, má shainaithníonn cuideachta drochthionchair iarbhír ar chearta an duine nó ar an gcomhshaol, ba cheart di bearta iomchuí a dhéanamh chun deireadh a chur leo sin. Is féidir a bheith ag súil leis go mbeidh cuideachta in ann deireadh a chur le drochthionchair iarbhír ina cuid oibríochtaí féin agus in oibríochta a cuid fochuideachtaí. Mar sin féin, ba cheart a shoiléiriú, a mhéid a bhaineann le caidrimh ghnó sheanbhunaithe, i gcás nach féidir deireadh a chur le drochthionchair, gur cheart do chuideachtaí méid na dtionchar sin a íoslaghdú. Ba cheart ceangal a bheith ann gurb é an toradh a bheidh ar íoslaghdú mhéid na ndrochthionchar an toradh is gaire is féidir do dheireadh a chur leis an drochthionchar. Chun an deimhneacht agus an tsoiléireacht dhlíthiúil a sholáthar do chuideachtaí, ba cheart a shainiú leis an Treoir seo na gníomhaíochtaí a bheidh ina gceangal ar chuideachtaí chun deireadh a chur le drochthionchair iarbhír ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol agus chun méid na ndrochthionchar sin a íoslaghdú, i gcás inarb iomchuí de réir na n-imthosca.
(38)   Faoi na hoibleagáidí díchill chuí a leagtar amach sa Treoir seo, má shainaithníonn cuideachta iarmhairtí dochracha iarbhír do chearta an duine agus don chomhshaol, ba cheart di bearta iomchuí a dhéanamh chun deireadh a chur leo sin. Is féidir a bheith ag dréim leis go mbeidh cuideachta in ann deireadh a chur le hiarmhairtí dochracha iarbhír ina cuid oibríochtaí féin agus in oibríochta a cuid fochuideachtaí. Mar sin féin, ba cheart a shoiléiriú, i gcás nach féidir deireadh a chur le hiarmhairtí dochracha, gur cheart do chuideachtaí méid na n-iarmhairtí sin a mhaolú, agus iarrachtaí á ndéanamh acu deireadh a chur leis an iarmhairt dhochrach, agus plean gníomhaíochta ceartaithí a chur chun feidhme, arna fhorbairt i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara a ndéantar difear dóibh. Ba cheart a cheangal gurb é an toradh a bheidh ar íoslaghdú mhéid na n-iarmhairtí dochracha ná an toradh is gaire is féidir do dheireadh a chur leis an iarmhairt dhochrach. Chun an deimhneacht agus an tsoiléireacht dhlíthiúil a sholáthar do chuideachtaí, ba cheart a shainiú leis an Treoir seo na gníomhaíochtaí ar cheart dóibh a bheith ina gceangal ar chuideachtaí a dhéanamh chun deireadh a chur le hiarmhairtí dochracha iarbhír do chearta an duine agus don chomhshaol agus chun méid na n-iarmhairtí sin a íoslaghdú, i gcás inarb iomchuí ag brath ar na himthosca.
Leasú 51
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 39
(39)   Chun an oibleagáid atá orthu faoin Treoir seo a chomhlíonadh maidir le deireadh a chur leis na drochthionchair iarbhír agus méid na ndrochthionchar sin a íoslaghdú, ba cheart a cheangal ar chuideachtaí na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh, i gcás inarb ábhartha. Ba cheart dóibh an drochthionchar a neodrú nó méid an drochthionchair a íoslaghdú, le gníomhaíocht a bheidh i gcomhréir le tromchúis agus scála an drochthionchair agus leis an méid a chuireann iompar na cuideachta leis an drochthionchar. I gcás inar gá sin toisc nach féidir deireadh a chur láithreach leis an drochthionchar, ba cheart go ndéanfadh cuideachtaí plean gníomhaíochta ceartaitheach a fhorbairt agus a chur chun feidhme ina mbeidh amlínte réasúnta a shaineofar go soiléir maidir le gníomhaíocht a dhéanamh, agus táscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla chun an feabhas a thomhas. Ba cheart do chuideachtaí féachaint le dearbhuithe conarthacha a fháil ó chomhpháirtí gnó díreach a bhfuil caidreamh gnó seanbhunaithe acu leis go n-áiritheoidh an comhpháirtí sin go gcomhlíonfar cód iompair na cuideachta agus, de réir mar is gá, plean gníomhaíochta coisc, lena n-áirítear trí dhearbhuithe conarthacha comhfhreagracha a lorg óna chomhpháirtithe féin, a mhéid is cuid de shlabhra luacha na cuideachta iad a ngníomhaíochtaí. Ba cheart na bearta iomchuí chun an comhlíonadh a fhíorú a bheith ag gabháil leis na dearbhuithe conarthacha. Ar deireadh, ba cheart do chuideachtaí infheistíochtaí a dhéanamh arb é is aidhm dóibh deireadh a chur leis an drochthionchar nó méid an drochthionchair a íoslaghdú, ba cheart dóibh tacaíocht spriocdhírithe chomhréireach a thabhairt do FBManna a bhfuil caidreamh gnó seanbhunaithe acu leo agus ba cheart dóibh dul i mbun comhair le heintitis eile, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, comhar chun feabhas a chur ar chumas na cuideachta deireadh a chur leis an drochthionchar.
(39)   Chun an oibleagáid atá orthu faoin Treoir seo a chomhlíonadh maidir le deireadh a chur leis na hiarmhairtí dochracha iarbhír agus méid na n-iarmhairtí dochracha sin a mhaolú, ba cheart a cheangal ar chuideachtaí na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh, i gcás inarb ábhartha. Ba cheart dóibh an iarmhairt dhochrach a neodrú nó a méid a mhaolú go leormhaith trí na daoine, na grúpaí agus na pobail agus/nó an comhshaol dá ndéantar difear a athbhunú go staid atá coibhéiseach nó chomh gar agus is féidir don staid ina raibh siad roimh an iarmhairt dhochrach. I gcás inar gá, toisc nach féidir an iarmhairt dhochrach a thabhairt chun deiridh láithreach, ba cheart do chuideachtaí plean gníomhaíochta ceartaitheach a fhorbairt agus a chur chun feidhme ina mbeidh amlínte réasúnta atá sainithe go soiléir le haghaidh bearta iomchuí agus gníomhaíochta agus táscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla a chur chun feidhme chun feabhsúchán a thomhas. D’fhéadfadh cuideachtaí a shuí freisin trí fhorálacha conarthacha le comhpháirtí a bhfuil caidreamh gnó acu leo go n-áiritheoidh siad go gcomhlíonfar an cód iompair agus, de réir mar is gá, plean gníomhaíochta ceartaithí. D’fhéadfaí a iarraidh ar chomhpháirtithe a bhfuil caidreamh gnó ag an gcuideachta leo forálacha conarthacha a bheidh comhréireach, réasúnach, neamh-idirdhealaitheach agus cothrom a leagan síos lena gcomhpháirtithe, a mhéid is gur cuid de shlabhra luacha na cuideachta iad a gcuid gníomhaíochtaí. Ba cheart bearta a bheith ag gabháil leis na forálacha conarthacha chun tacú le dícheall cuí a dhéanamh mar a leagtar amach sa Treoir seo. Thairis sin, ba cheart d’fhorálacha conarthacha a bheith cothrom, réasúnach agus neamh-idirdhealaitheach, agus ba cheart go léireofaí leo cúraimí comhpháirteacha na bpáirtithe chun dícheall cuí a dhéanamh sa chomhar leanúnach, agus béim á leagan ar bhearta iomchuí a dhéanamh chun deireadh a chur le hiarmhairtí dochracha. Ba cheart do chuideachtaí a mheas freisin cibé acu an féidir a bheith ag dréim leis go réasúnach go gcomhlíonfaidh an comhpháirtí gnó na forálacha sin nó nach gcomhlíonfaidh. Is minic a dhéanann ceannaitheoir téarmaí conarthacha a fhorchur go haontaobhach ar sholáthróir, agus is dócha gurb é an toradh a bheidh ar aon sárú a dhéanfar ina leith sin go ngníomhóidh an ceannaitheoir go haontaobhach amhail trí fhoirceannadh nó díscor a dhéanamh. Níl an ghníomhaíocht aontaobhach sin iomchuí i gcomhthéacs an díchill chuí agus is dócha go mbeadh iarmhairtí dochracha mar thoradh ar an ngníomhaíocht féin. I gcásanna ina bhféadfadh iarmhairt dhochrach a bheith mar thoradh ar shárú forálacha conarthacha den sórt sin, ba cheart don chuideachta bearta iomchuí a dhéanamh ar dtús chun na hiarmhairtí sin a chosc nó a mhaolú go leormhaith, seachas breithniú a dhéanamh i dtaobh deireadh a chur leis an gconradh nó é a chur ar fionraí, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme. Ar deireadh, ba cheart do chuideachtaí infheistíochtaí a dhéanamh arb é is aidhm dóibh deireadh a chur leis an iarmhairt dhochrach nó méid na hiarmharta dochraí a mhaolú, ba cheart dóibh tacaíocht spriocdhírithe agus chomhréireach a thabhairt do FBManna a bhfuil caidreamh gnó acu leo agus ba cheart dóibh dul i mbun comhair le heintitis eile, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, méadú a dhéanamh ar chumas na cuideachta deireadh a chur leis an iarmhairt dhochrach.
Leasú 52
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 40
(40)  Chun raon iomlán na roghanna don chuideachta a léiriú i gcásanna nach bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí iarbhír leis na bearta a bhfuil tuairisc orthu, ba cheart tagairt a dhéanamh sa Treoir seo freisin don rogha atá ag an gcuideachta féachaint le conradh a thabhairt i gcrích leis an gcomhpháirtí gnó indíreach, d’fhonn comhlíonadh chód iompair na cuideachta nó comhlíonadh plean gníomhaíochta ceartaithí a bhaint amach, agus bearta iomchuí a dhéanamh chun comhlíontacht an chaidrimh gnó indírigh leis an gconradh a fhíorú.
scriosta
Leasú 53
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 41
(41)   Chun a áirithiú gur deireadh éifeachtach a chuirtear le drochthionchair iarbhír nó gurb éifeachtach an t-íoslaghdú a dhéantar orthu, ba cheart do chuideachtaí tosaíocht a thabhairt don idirghabháil le caidrimh ghnó sa slabhra luacha, seachas an caidreamh gnó a fhoirceannadh, mar ghníomhaíocht rogha deiridh tar éis iarracht in aisce deireadh a chur le drochthionchair iarbhír nó iad a íoslaghdú. Mar sin féin, ba cheart sa Treoir seo freisin, i gcásanna nach bhféadfaí deireadh a chur le drochthionchair iarbhír nó iad a mhaolú go leormhaithe leis na bearta a bhfuil tuairisc orthu, tagairt a dhéanamh don oibleagáid atá ar chuideachtaí gan caidrimh nua a bhunú leis an gcomhpháirtí atá i gceist ná na caidrimh atá acu leis cheana a leathnú agus, i gcás ina gceadaítear sin leis an dlí lena rialaítear a gcaidrimh, caidrimh thráchtála leis an gcomhpháirtí atá i gceist a chur ar fionraí go sealadach, agus iarrachtaí á saothrú chun deireadh a chur leis an drochthionchair nó chun méid an drochthionchair a íoslaghdú, nó deireadh a chur leis an gcaidreamh gnó maidir leis na gníomhaíochtaí lena mbaineann, má mheastar gur tionchar dian é an drochthionchar. Chun a chur ar a gcumas do chuideachtaí an oibleagáid sin a chomhlíonadh, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le rogha a bheith ar fáil deireadh a chur leis an gcaidreamh gnó i gconarthaí a rialaíonn a ndlíthe iad.
(41)   Chun a áirithiú go bhfuil éifeacht le deireadh a chur le hiarmhairtí dochracha iarbhír nó le híoslaghdú a dhéanamh orthu, ba cheart do chuideachtaí tosaíocht a thabhairt don idirghabháil le caidrimh ghnó sa slabhra luacha, seachas an caidreamh gnó a fhoirceannadh, mar ghníomhaíocht rogha deiridh tar éis iarracht in aisce a dhéanamh deireadh a chur le hiarmhairtí dochracha iarbhír nó iad a íoslaghdú. Mar sin féin, ba cheart don Treoir seo freisin, i gcásanna nach bhféadfaí deireadh a chur leis na hiarmhairtí díobhálacha iarbhír a raibh cuideachta ina cúis ina rannchuidiú leo nó iad a mhaolú go leordhóthanach leis an mbeart a bhfuil tuairisc air, agus nach bhfuil aon ionchas réasúnta ann go dtiocfaidh athrú orthu, tagairt a dhéanamh don oibleagáid atá ar chuideachtaí staonadh ó chaidreamh nua nó ó chaidreamh atá ann cheana a leathnú leis an gcomhpháirtí atá i gceist agus, i gcás, leis an dlí lena rialaítear a gcaidreamh, ina bhfuil siad i dteideal, mar rogha dheireanach, i gcomhréir le díscor freagrach, caidreamh tráchtála leis an gcomhpháirtí atá i gceist a chur ar fionraí go sealadach, agus iarrachtaí á saothrú acu deireadh a chur leis an iarmhairt dhochrach nó maolú a dhéanamh ina leith, nó deireadh a chur leis an gcaidreamh gnó i ndáil leis na gníomhaíochtaí lena mbaineann, mar gheall ar dhéine na hiarmharta dochraí iarbhír nó mura gcomhlíontar na coinníollacha maidir le fionraí sealadach. Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le rogha a bheith ar fáil i dtaobh deireadh a chur leis an gcaidreamh gnó nó é a chur ar fionraí i gconarthaí atá rialaithe ag a ndlithe. Agus cinneadh á dhéanamh i dtaobh caidreamh gnó a fhoirceannadh nó a chur ar fionraí, ba cheart don chuideachta a mheas an mbeadh iarmhairtí dochracha an chinnidh sin níos mó ná an iarmhairt dhochrach a bhfuil sé beartaithe deireadh a chur léi nó maolú a dhéanamh ina leith. I gcás ina ndéanann cuideachtaí caidreamh tráchtála a fhionraí go sealadach nó an caidreamh gnó a fhoirceannadh, ba cheart dóibh bearta a chur i gcrích chun na hiarmhairtí a bhaineann le fionraí nó le foirceannadh a chosc, a mhaolú nó deireadh a chur leo, fógra réasúnta a thabhairt don chomhpháirtí gnó agus an cinneadh a choinneáil faoi athbhreithniú.
Leasú 54
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 41 a (nua)
(41a)  I gcás ina raibh cuideachta ina cúis nó ina rannchuidiú le hiarmhairt dhochrach iarbhír, ba cheart don chuideachta bearta iomchuí a dhéanamh chun an iarmhairt sin a leigheas. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag bearta feabhais na daoine agus na grúpaí nó na pobail agus/nó an comhshaol dá ndéantar difear a athbhunú i staid atá coibhéiseach nó chomh gar agus is féidir don staid ina raibh siad roimh an iarmhairt, agus ba cheart iad a fhorbairt agus riachtanais agus tuairimí na ngeallsealbhóirí lena mbaineann á gcur san áireamh. Féadfar a áireamh iontu ach gan a bheith teoranta do chúiteamh, aiseag, athshlánú, leithscéal poiblí, athbhunú nó comhar de mheon macánta le himscrúduithe. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh cúiteamh airgeadais a bheith riachtanach chun an t-athbhunú sin a sholáthar. I gcás ina bhfuil baint dhíreach ag cuideachta le hiarmhairt dhochrach, ba cheart go mbeadh sí in ann a bheith rannpháirteach go deonach in aon bhearta feabhais, i gcás inarb iomchuí, agus breithniú a dhéanamh i dtaobh úsáid a bhaint as a cumas dul i gcion ar pháirtithe freagracha chun gur féidir aon damáiste a tharla de dheasca na hiarmharta a leigheas. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nár cheart a cheangal ar gheallsealbhóirí a ndéanann iarmhairt dhochrach difear dóibh leigheas a lorg sula ndéanfaidh siad éilimh a chomhdú sa chúirt.
Leasú 55
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 42
(42)   Ba cheart do chuideachtaí an deis a thabhairt do dhaoine agus d’eagraíochtaí gearáin a chur go díreach faoina mbráid i gcás ábhair imní dhlisteanacha maidir le drochthionchair iarbhír nó fhéideartha ar chearta an duine nó ar an gcomhshaol. Ba cheart go n-áireofaí ar na heagraíochtaí a d’fhéadfadh gearáin den sórt sin a chur isteach ceardchumainn agus ionadaithe oibrithe eile a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine aonair a oibríonn sa slabhra luacha lena mbaineann, agus eagraíochtaí sochaí sibhialta atá gníomhach sna réimsí a bhaineann leis an slabhra luacha lena mbaineann i gcás ina bhfuil eolas acu ar dhrochthionchar féideartha nó iarbhír. Ba cheart do chuideachtaí nós imeachta a bhunú chun déileáil leis na gearáin sin agus ba cheart dóibh na hoibrithe, na ceardchumainn agus ionadaithe eile na n-oibrithe a chur ar an eolas, i gcás inarb ábhartha, faoi na próisis sin. Má théann gearánach i muinín an tsásra leighis agus gearán, níor cheart go gcuirfeadh sé sin cosc air dul i muinín leigheasanna breithiúnacha. I gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta, ba cheart go mbeadh gearánaigh i dteideal obair leantach iomchuí ar an ngearán a iarraidh ar an gcuideachta agus bualadh le hionadaithe na cuideachta ar leibhéal iomchuí chun drochthionchair dhiana fhéideartha nó iarbhír is ábhar don ghearán a phlé. Níor cheart sirtheoireachtaí míréasúnta ar chuideachtaí a bheith ina dtoradh ar an rochtain sin.
(42)   Ba cheart do chuideachtaí sásraí éifeachtacha maidir le fógra a thabhairt agus sásraí casaoide neamhbhreithiúnach atá ar fáil go poiblí a chur ar fáil ar an leibhéal oibríochtúil, ar féidir le daoine agus eagraíochtaí iad a úsáid chun fógra a thabhairt dóibh nó chun casaoidí a ardú agus chun leigheas a iarraidh i gcás ábhair imní dhlisteanacha maidir le cearta an duine iarbhír nó féideartha, iarmhairtí dochracha comhshaoil sa slabhra luacha. Ar na daoine agus eagraíochtaí a d’fhéadfadh casaoidí den sórt sin a chur isteach ba cheart a bheith san áireamh daoine a ndéantar difear dóibh nó a bhfuil forais réasúnacha acu lena chreidiúint go bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh agus a n-ionadaithe dlisteanacha, ceardchumainn agus ionadaithe oibrithe eile a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine aonair atá ag obair sa slabhra luacha lena mbaineann agus eagraíochtaí inchreidte a bhfuil taithí acu a n-áirítear cosaint an chomhshaoil mar chuspóir acu. Féadfaidh na daoine agus na heagraíochtaí thuasluaite chomh maith le heagraíochtaí na sochaí sibhialta atá gníomhach sna réimsí a bhaineann leis an slabhra luacha atá i gceist fógraí a thíolacadh i gcás ina bhfuil eolas acu faoi iarmhairt dhochrach féideartha nó iarbhír, agus faoi dhaoine dlítheanacha agus nádúrtha a chosnaíonn cearta an duine agus an comhshaol. Ba cheart do chuideachtaí nós imeachta a leagan síos chun déileáil leis na fógraí agus leis na casaoidí sin agus ba cheart dóibh na hoibrithe, na ceardchumainn agus ionadaithe eile na n-oibrithe a chur ar an eolas, i gcás inarb ábhartha, faoi na próisis sin. Ba cheart do chuideachtaí an deis a chur ar fáil chun fógraí agus casaoidí a chur isteach trí shocruithe comhoibríocha, lena n-áirítear tionscnaimh tionscail, le cuideachtaí nó eagraíochtaí eile, trí bheith rannpháirteach i sásraí casaoide il-gheallsealbhóra nó trí dhul isteach i gcreat-chomhaontú domhanda. Níor cheart gur réamhriachtanas é fógra nó casaoid a chur isteach ná níor cheart cosc a chur ar an duine atá á dtíolacadh ó rochtain a bheith aige ar an nós imeachta maidir le hábhar imní a bhfuil bunús leis ná ar shásraí breithiúnacha ná ar shásraí neamhbhreithiúnacha eile, amhail pointí teagmhála náisiúnta ECFE i gcás inarb ann dóibh. I gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta, ba cheart daoine a bhfuil casaoidí nó fógraí á gcur isteach acu, i gcás nach gcuireann siad isteach go hanaithnid iad, a bheith i dteideal obair leantach thráthúil iomchuí a fháil ón gcuideachta agus ba cheart do dhaoine a bhfuil casaoidí á gcur isteach acu a bheith i dteideal freisin teagmháil a dhéanamh le hionadaithe na cuideachta ar leibhéal iomchuí chun na hiarmhairtí dochracha fhéideartha nó iarbhír is ábhar don ghearán a phlé, agus ba cheart an réasúnaíocht a thabhairt dóibh i dtaobh an bhfuil sé measta go bhfuil bunús leis an gcasaoid nó an bhfuil an chasaoid gan bhunús agus faisnéis a bheith curtha ar fáil dóibh maidir leis na bearta agus na gníomhaíochtaí atá déanta, agus chun leigheas nó rannchuidiú leis an leigheas a iarraidh. Níor cheart sirtheoireachtaí míréasúnta ar chuideachtaí a bheith mar thoradh ar an rochtain sin. Ba cheart do chuideachtaí a bheith freagrach freisin as a áirithiú go ndéanfar aon duine a chuireann casaoidí nó fógraí isteach a chosaint ar fhrithbheart agus ar chúiteamh a d’fhéadfadh a bheith ann, lena n-áirítear trí anaithnideacht nó rúndacht a áirithiú sa phróiseas fógartha agus casaoide, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Ba cheart an nós imeachta um fhógra a thabhairt agus an nós imeachta casaoide neamhbhreithiúnach a bheith dlisteanach, inrochtana, intuartha, cothrom, trédhearcach, comhoiriúnach do chearta, freagrúil ó thaobh inscne agus cultúir de, bunaithe ar rannpháirtíocht agus ar idirphlé, agus ba cheart é a bheith inoiriúnaithe mar a leagtar amach sna critéir éifeachtachta le haghaidh sásraí casaoide neamhbhreithiúnacha i bPrionsabal 31 de Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine agus Barúil Ghinearálta Uimh. 16 ó Choiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh. Ba cheart do chuideachtaí feasacht a mhúscailt i measc na ngeallsealbhóirí a ndéantar difear dóibh maidir le fógraí agus sásraí casaoide a bheith ann, cuspóirí agus próisis na bhfógraí agus na sásraí casaoide, i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an stáit ina bhfuil siad ag feidhmiú, lena n-áirítear maidir le conas rochtain a fháil orthu, cinntí agus leigheasanna a bhaineann le cuideachta agus an chaoi a bhfuil siad á gcur chun feidhme ag an gcuideachta. Ba cheart cosaint chuí a thabhairt d’oibrithe agus dá n-ionadaithe freisin, agus ba cheart aon iarrachtaí neamhbhreithiúnacha ar leigheas a bheith gan dochar do chómhargáil agus aitheantas do cheardchumainn a spreagadh agus níor cheart, ar bhealach ar bith, an bonn a bhaint ó ról na gceardchumann dlisteanach nó ionadaithe na n-oibrithe maidir le haghaidh a thabhairt ar dhíospóidí a bhaineann leis an lucht saothair.
Leasú 56
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 43
(43)   Ba cheart go ndéanfadh cuideachtaí faireachán ar chur chun feidhme agus ar éifeachtacht a mbeart díchill chuí. Ba cheart dóibh measúnuithe tréimhsiúla a dhéanamh ar a n-oibríochtaí féin, ar oibríochtaí a bhfochuideachtaí agus, i gcás ina bhfuil baint acu le slabhraí luacha na cuideachta, ar oibríochtaí a gcaidrimh ghnó sheanbhunaithe, chun faireachán a dhéanamh ar a éifeachtaí atá na bearta chun drochthionchair ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol a shainaithint, a chosc, a íoslaghdú agus a mhaolú agus chun deireadh a chur leo. Ba cheart leis na measúnuithe sin a fhíorú go sainaithnítear na drochthionchair go cuí, go gcuirtear bearta díchill chuí chun feidhme, agus gur coisceadh na drochthionchair nó gur cuireadh deireadh leo go hiarbhír. Chun a áirithiú go mbeidh na measúnuithe sin cothrom le dáta, ba cheart iad a dhéanamh gach 12 mhí ar a laghad agus ba cheart iad a athbhreithniú idir an dá linn má tá forais réasúnacha ann a chreidiúint go bhféadfadh rioscaí móra nua drochthionchair a bheith tagtha chun cinn.
(43)   Ba cheart do chuideachtaí cur chun feidhme a fhíorú go leanúnach agus faireachán a dhéanamh ar leormhaitheas agus éifeachtacht a ngníomhaíochtaí arna ndéanamh i gcomhréir leis an Treoir seo. Ba cheart dóibh measúnuithe a dhéanamh ar a n-oibríochtaí, a dtáirgí agus a seirbhísí féin, ar a bhfochuideachtaí agus ar a gcaidrimh ghnó, chun faireachán a dhéanamh ar a éifeachtaí atá na bearta chun iarmhairtí dochracha do chearta an duine agus don chomhshaol a shainaithint, a chosc, a íoslaghdú, a mhaolú agus a fheabhsú, agus chun deireadh a chur leo. Ba cheart do na measúnuithe sin a fhíorú go sainaithnítear na hiarmhairtí dochracha go cuí, go gcuirtear bearta díchill chuí chun feidhme, agus go bhfuil cosc curtha leis na hiarmhairtí dochracha nó go bhfuil deireadh curtha leo go hiarbhír. Chun a áirithiú go mbeidh na measúnuithe sin cothrom le dáta, ba cheart iad a dhéanamh ar bhonn leanúnach agus tar éis d’athrú suntasach tarlú, agus ba cheart iad a athbhreithniú go leanúnach má tá forais réasúnacha ann lena chreidiúint go bhféadfadh rioscaí móra o thaobh iarmhairtí dochracha de a bheith tagtha chun cinn. Ba cheart do chuideachtaí doiciméadacht lena léirítear go bhfuil an ceanglas sin á chomhlíonadh acu a choinneáil ar feadh 10 bliana.
Leasú 57
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 44
(44)   Dála na gcaighdeán idirnáisiúnta a leagadh síos cheana i bPrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine agus i gcreat OECD, is cuid dhílis den cheanglas díchill chuí í faisnéis ábhartha a chur in iúl go seachtrach maidir leis na beartais, próisis agus gníomhaíochtaí díchill chuí a rinneadh chun drochthionchair iarbhír nó fhéideartha a shainaithint agus chun aghaidh a thabhairt orthu, lena n-áirítear cinntí agus torthaí na ngníomhaíochtaí sin. Sa togra chun Treoir 2013/34/AE a leasú a mhéid a bhaineann le tuairisciú maidir le hinbhuanaitheacht chorparáideach, leagtar amach oibleagáidí tuairiscithe ábhartha le haghaidh na gcuideachtaí a chumhdaítear leis an Treoir seo. Chun dúbláil na n-oibleagáidí tuairiscithe a sheachaint, níor cheart, dá bhrí sin, go dtabharfaí aon oibleagáidí tuairiscithe nua isteach leis an Treoir seo de bhreis ar na hoibleagáidí faoi Threoir 2013/34/AE le haghaidh na gcuideachtaí a chumhdaítear leis an Treoir sin agus leis na caighdeáin tuairiscithe ba cheart a fhorbairt fúithi. Maidir le cuideachtaí atá faoi raon feidhme na Treorach seo, ach nach dtagann faoi raon feidhme Threoir 2013/34/AE, chun a n-oibleagáid chumarsáide a chomhlíonadh mar chuid den dícheall cuí faoin Treoir seo, ba cheart dóibh ráiteas bliantúil a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin i dteanga is gnách a húsáid i réimse an ghnó idirnáisiúnta.
(44)   Dála na gcaighdeán idirnáisiúnta a leagadh síos cheana i bPrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine agus i gcreat ECFE, is cuid dhílis den cheanglas díchill chuí í faisnéis ábhartha a chur in iúl go seachtrach maidir leis na beartais, próisis agus gníomhaíochtaí díchill chuí a rinneadh chun iarmhairtí dochracha iarbhír nó fhéideartha a shainaithint agus chun aghaidh a thabhairt orthu, lena n-áirítear cinntí agus torthaí na ngníomhaíochtaí sin. Le Treoir 2013/34/AE maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach leagtar amach oibleagáidí tuairiscithe ábhartha do na cuideachtaí a chumhdaítear leis an treoir seo chomh maith le Rialachán (AE) 2019/2088 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de in earnáil na seirbhísí airgeadais, le haghaidh gnóthais airgeadais. Chun dúbláil oibleagáidí tuairiscithe a sheachaint, níor cheart, dá bhrí sin, leis an Treoir seo, aon oibleagáidí tuairiscithe nua a thabhairt isteach sa bhreis orthu sin faoi Threoir 2013/34/AE le haghaidh na gcuideachtaí a chumhdaítear leis an Treoir sin chomh maith leis na caighdeáin tuairiscithe ba cheart a fhorbairt fúithi, ná níor cheart di aon oibleagáidí tuairiscithe nua a thabhairt isteach sa bhreis orthu sin faoi Rialachán (AE) 2019/2088. Maidir le cuideachtaí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, ach nach dtagann faoi raon feidhme Threoir 2013/34/AE, chun a n-oibleagáid maidir le cumarsáid a dhéanamh mar chuid den dícheall cuí faoin Treoir seo a chomhlíonadh, ba cheart dóibh ráiteas bliantúil atá i gcomhréir leis na ceanglais sin a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais ar a laghad.
Leasú 58
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 44 a (nua)
(44a)  Maidir le ceanglais ar chuideachtaí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo agus atá, ag an am céanna, faoi réir ceanglais tuairiscithe faoi Airteagail 19a, 29a agus 40a de Threoir 2013/34/AE agus ar cheart dóibh, dá bhrí sin, tuairisciú a dhéanamh ar a bpróiseas díchill chuí mar a shonraítear in Airteagail 19a, 29a agus 40a de Threoir 2013/34/AE, ba cheart iad a thuiscint mar cheanglas atá ar chuideachtaí cur síos a dhéanamh ar an gcaoi a gcuireann siad dícheall cuí chun feidhme dá bhforáiltear sa Treoir seo. Agus ceanglais Threoir 2013/34/AE á gcomhlíonadh acu maidir le tuairisciú ar ghníomhaíochtaí atá déanta chun iarmhairtí dochracha féideartha nó iarbhír a shainaithint, ba cheart do chuideachtaí míniú a thabhairt i dtaobh cibé acu a thug siad tosaíocht don ord ina ndearna siad bearta iomchuí nó nár thug, conas a cuireadh an cur chuige sin i bhfeidhm, agus cén fáth ar ghá tosaíocht a thabhairt. Agus ceanglais Threoir 2013/34/AE á gcomhlíonadh aici maidir le tuairisciú ar aon ghníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an ngnóthas chun iarmhairtí dochracha iarbhír nó fhéideartha a chosc, a mhaolú, a leigheas nó deireadh a chur leo, agus toradh na ngníomhaíochtaí sin, ba cheart don chuideachta líon na gcásanna inar chinn sí díscor a dhéanamh, an chúis atá leis an díscor sin agus suíomh na gcaidreamh gnó lena mbaineann a nochtadh gan a gcéannacht a nochtadh.
Leasú 59
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 44 b (nua)
(44b)  Níl sé mar chuspóir leis an Treoir seo a cheangal ar chuideachtaí caipiteal intleachtúil, maoin intleachtúil, fios gnó nó torthaí nuálaíochta a nochtadh go poiblí a cháileodh mar rúin trádála mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ba cheart na ceanglais tuairiscithe dá bhforáiltear sa Treoir seo, dá bhrí sin, a bheith gan dochar do Threoir (AE) 2016/943. Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo freisin gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún.
Leasú 60
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 44 c (nua)
(44c)  Ba cheart do chuideachtaí bearta iomchuí a dhéanamh chun rannpháirtíocht fhóinteach a dhéanamh leis na geallsealbhóirí a ndéantar difear dóibh lena gcumasaítear fíor-idirghníomhaíocht agus idirphlé ina bpróiseas díchill chuí. Ba cheart don rannpháirtíocht faisnéis agus comhairliúchán a chumhdach leis na geallsealbhóirí a ndéantar difear dóibh agus ba cheart go mbeadh sí cuimsitheach, struchtúrach, éifeachtach, tráthúil agus freagrúil ó thaobh an chultúir de agus ó thaobh inscne de. Tá cásanna ann nach mbeifear in ann dul i mbun rannpháirtíocht fhóinteach leis na geallsealbhóirí a ndéantar difear dóibh, nó i gcás ina mbeidh rannpháirtíocht le peirspictíochtaí saineolaithe breise úsáideach chun go mbeidh an chuideachta in ann ceanglais na Treorach seo a chomhlíonadh go hiomlán, go háirithe i gcomhthéacs cinntí scóipe agus tosaíochta. . Sna cásanna sin, ba cheart do chuideachtaí dul i mbun rannpháirtíocht fhóinteach le geallsealbhóirí ábhartha eile, amhail eagraíochtaí na sochaí sibhialta nó daoine dlítheanacha nó nádúrtha a chosnaíonn cearta an duine nó an comhshaol chun léargas inchreidte a fháil ar iarmhairtí dochracha fhéideartha nó iarbhír. Ba cheart go mbeadh comhairliúchán fós ar siúl agus ba cheart do chuideachtaí faisnéis chuimsitheach, spriocdhírithe agus ábhartha a chur ar fáil do gheallsealbhóirí a ndéantar difear dóibh. Ba cheart é a bheith de cheart ag na geallsealbhóirí dá ndéantar difear faisnéis bhreise i scríbhinn a iarraidh, ar cheart don chuideachta í a chur ar fáil laistigh de thréimhse ama réasúnta agus i bhformáid iomchuí agus intuigthe. I gcás ina ndiúltaítear iarraidh den sórt sin, ba cheart an ceart a bheith ag na geallsealbhóirí dá ndéantar difear réasúnú i scríbhinn a fháil i gcás diúltú den sórt sin. San fhaisnéis agus sa chomhairliúchán leis na geallsealbhóirí a ndéantar difear dóibh, ba cheart aird chuí a thabhairt ar bhacainní ar rannpháirtíocht, a áirithiú go bhfuil geallsealbhóirí saor ó fhrithbheart agus ó chúiteamh, lena n-áirítear trí rúndacht agus anaithnideacht a choinneáil, agus ba cheart aird ar leith a thabhairt ar riachtanais geallsealbhóirí leochaileacha, agus ar leochaileachtaí forluiteacha agus ar thosca forluiteacha, lena n-áirítear trí chur chuige inscne-fhreagrúil a áirithiú, agus trí Dhearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach a urramú go hiomlán. Ba cheart do chuideachta a n-ionadaithe oibrithe a chur ar an eolas faoina straitéis díchill chuí agus a cur chun feidhme, i gcomhréir le dlí AE atá ann cheana agus gan dochar dá gcearta is infheidhme maidir le faisnéis, comhairliúchán agus rannpháirtíocht, agus go háirithe na cearta sin a chumhdaítear le reachtaíocht ábhartha AE i réimse na fostaíochta agus na gceart sóisialta, lena n-áirítear Treoir 2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 106a, Treoir 2009/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 107a, agus Treoir 2001/86/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 108a. Ba cheart a mheas go bhfuil comhairliúchán le geallsealbhóirí ábhartha i gcásanna inar féidir a thuar go réasúnta go ndéanfaidh na hiarmhairtí dochracha féideartha agus iarbhír nó na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear faoi Airteagal 4 go hAirteagal 10 difear do chearta nó do leas geallsealbhóirí nó nuair atá faisnéis, comhairliúchán nó idirphlé iarrtha ag geallsealbhóirí a ndéantar difear dóibh.
__________________
1a Treoir 2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 lena mbunaítear creat ginearálta chun fostaithe sa Chomhphobal Eorpach a chur ar an eolas agus chun dul i gcomhairle leo - Dearbhú comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le hionadaíocht fostaithe (IO L 80, 23.3.2002, lch. 29).
1b Treoir 2009/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le Comhairle Oibreacha Eorpacha a bhunú nó nós imeachta i ngnóthais ar leibhéal an Chomhphobail agus i ngrúpaí gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail a bhunú chun fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo (IO L 122, 16.5.2009, lch. 28).
1c Treoir 2001/86/CE ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2001 lena bhforlíontar an Reacht do Chuideachta Eorpach maidir le rannpháirtíocht fostaithe (IO L 294, 10.11.2001, lch. 22).
Leasú 61
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 44 d (nua)
(44d)  Is cineál áirithe ciaptha in aghaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha iad cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí chun cosc nó pionós a ghearradh ar labhairt amach ar shaincheisteanna a bhaineann le leas an phobail. Ba cheart do na Ballstáit coimircí riachtanacha a sholáthar chun aghaidh a thabhairt ar na héilimh sin is follasach go bhfuil siad gan bhunús nó ar imeachtaí mí-úsáideacha cúirte i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta agus le reachtaíocht an Aontais.
Leasú 62
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 45
(45)   Chun comhlíontacht na gcuideachtaí lena gceanglais díchill chuí trína slabhra luacha a éascú agus chun teorainn a chur le bogadh ualach an chomhlíonta ar chomhpháirtithe gnó FBM, ba cheart don Choimisiún treoir a sholáthar maidir le clásail chonarthacha eiseamláireacha.
(45)   Chun uirlisí a thabhairt do chuideachtaí chun cabhrú leo a gceanglais díchill chuí a chomhlíonadh trína slabhra luacha, ba cheart don Choimisiún, i gcomhairle leis na Ballstáit agus leis na geallsealbhóirí ábhartha, treoraíocht a chur ar fáil maidir le clásail chonarthacha eiseamláireacha, ar féidir le cuideachtaí iad a úsáid go deonach mar uirlis chun cabhrú lena n-oibleagáidí in Airteagal 7 agus Airteagal 8 a chomhlíonadh. Ba cheart a leagan síos sna clásail chonarthacha sin, ar a laghad, leithdháileadh soiléir cúraimí idir páirtithe conarthacha i gcomhar leanúnach, nach féidir aistriú freagrachta as dícheall cuí a dhéanamh a bheith mar thoradh orthu, agus, nuair a sháraítear na clásail sin, gur cheart do chuideachtaí staonadh ó na clásail sin a fhoirceannadh trí bhearta iomchuí a dhéanamh ar dtús i gcomhréir le hAirteagail 7 agus 8 den Treoir seo. Ba cheart a shoiléiriú sa treoraíocht freisin nach féidir le forálacha conarthacha, astu féin, caighdeáin díchill chuí na Treorach seo a chomhlíonadh. Níor cheart na caighdeáin sin a chomhlíonadh ach amháin má shanntar oibleagáidí díchill chuí do dhaoine eile ar bhealach dícheallach lena n-áirithítear feidhmíocht éifeachtach na n-oibleagáidí sin agus lena n-áirítear bearta is iomchuí do na himthosca, amhail faireachán, cúnamh airgeadais agus neamhairgeadais, agus cleachtais ceannaigh fhreagracha.
Leasú 63
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 46
(46)   Chun tacaíocht agus uirlisí praiticiúla a sholáthar do chuideachtaí nó d’údaráis na mBallstát maidir leis an gcaoi ar cheart do chuideachtaí a n-oibleagáidí díchill chuí a chomhlíonadh, ba cheart an rogha a bheith ag an gCoimisiún, agus leas á bhaint aige as treoirlínte agus caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha mar thagairt, i gcomhairle leis na Ballstáit agus le geallsealbhóirí, le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, agus i gcás inarb iomchuí le comhlachtaí idirnáisiúnta a bhfuil saineolas acu ar an dícheall cuí, treoirlínte a eisiúint, lena n-áirítear treoirlínte le haghaidh earnálacha sonracha nó maidir le drochthionchair shonracha.
(46)   Chun tacaíocht agus uirlisí praiticiúla a chur ar fáil do chuideachtaí nó d’údaráis na mBallstát maidir leis an gcaoi ar cheart do chuideachtaí a n-oibleagáidí díchill chuí a chomhlíonadh, ba cheart don Choimisiún, agus treoirlínte agus caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha á n-úsáid mar thagairt aige, agus i gcomhairle leis na Ballstáit, leis na comhpháirtithe sóisialta trastionscail agus earnálacha Eorpacha agus le geallsealbhóirí ábhartha eile, lena n-áirítear eagraíochtaí na sochaí sibhialta, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, an tÚdarás Eorpach Saothair, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide (EISMEA), an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, agus i gcás inarb iomchuí don ECFE agus do chomhlachtaí idirnáisiúnta eile a bhfuil saineolas acu ar dhícheall cuí, treoirlínte soiléire agus sothuigthe a eisiúint, lena n-áirítear treoraíocht ghinearálta agus treoraíocht a bhaineann go sonrach le hearnáil faoi leith, ar mhaithe le comhlíonadh a éascú ar bhealach praiticiúil.
Leasú 64
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 46 a (nua)
(46a)  Chun tacú le cuideachtaí a n-oibleagáidí díchill chuí a chomhlíonadh feadh a slabhra luacha, ba cheart don Choimisiún Eorpach tuilleadh taighde a dhéanamh ar uirlisí digiteacha agus iad a chur chun cinn.
Leasú 65
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 47
(47)   Cé nach n-áirítear FBManna faoi raon feidhme na Treorach seo, d’fhéadfadh forálacha na Treorach seo tionchar a imirt orthu nuair a fheidhmíonn siad mar chonraitheoirí nó mar fhochonraitheoirí do na cuideachtaí atá faoi raon feidhme na Treorach seo. Mar sin féin, is é an aidhm atá ann an t-ualach airgeadais nó riaracháin ar FBManna a mhaolú, nó tá cuid mhór díobh ag streachailt cheana féin i gcomhthéacs na géarchéime domhanda eacnamaíche agus sláintíochta. Chun tacú le FBManna, ba cheart go ndéanfadh na Ballstáit, ina n-aonar nó i gcomhpháirt, suímh ghréasáin, tairseacha nó ardáin dhílsithe a chur ar bun agus a oibriú, agus d’fhéadfadh na Ballstáit tacaíocht airgeadais a thabhairt do FBManna freisin agus cuidiú leo cur lena gcumas. Ba cheart tacaíocht den sórt sin a chur ar fáil freisin d’oibreoirí eacnamaíocha réamhtheachtacha i dtríú tíortha agus í a chur in oiriúint agus a leathnú chucu i gcás inar gá. Moltar freisin do chuideachtaí ar FBM é a gcomhpháirtí gnó tacú leis bearta díchill chuí a chomhlíonadh, i gcás ina gcuirfeadh na ceanglais sin inmharthanacht an FBM i mbaol, agus ceanglais chothroma réasúnacha neamh-idirdhealaitheacha chomhréireacha a úsáid i leith na FBManna.
(47)   Cé nach n-áirítear FBManna faoi raon feidhme na Treorach seo, d’fhéadfadh forálacha na Treorach seo tionchar a imirt orthu nuair a fheidhmíonn siad mar chonraitheoirí nó mar fhochonraitheoirí do na cuideachtaí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo. Mar sin féin, is é an aidhm atá ann an t-ualach airgeadais nó riaracháin ar FBManna a mhaolú, ós rud é go bhfuil cuid mhór díobh ag streachailt cheana féin i gcomhthéacs na géarchéime domhanda eacnamaíche agus sláintíochta. Chun tacú le FBManna, ba cheart go ndéanfadh na Ballstáit, le tacaíocht ón gCoimisiún, suíomhanna gréasáin, tairseacha nó ardáin tiomnaithe agus so-úsáidte a chur ar bun agus a oibriú, ina n-aonar nó i gcomhpháirt, agus ba cheart do na Ballstáit tacaíocht airgeadais a thabhairt do FBManna freisin agus cabhrú leo cur lena n-acmhainneacht. Ba cheart tacaíocht den sórt sin a chur ar fáil freisin d’oibreoirí eacnamaíocha réamhtheachtacha i dtríú tíortha agus í a chur in oiriúint agus a leathnú chucu i gcás inar gá. Moltar freisin do chuideachtaí a bhfuil comhpháirtí gnó acu ar FBM é tacú leis bearta díchill chuí a chomhlíonadh, agus ceanglais chothroma, réasúnacha, neamh-idirdhealaitheacha agus chomhréireacha a úsáid i leith na FBManna. Ba cheart an deis a bheith ag FBManna an Treoir seo a chur i bhfeidhm ar bhonn deonach agus ba cheart, chun na críche sin, tacaíocht a thabhairt dóibh trí bhearta agus uirlisí leormhaithe, agus ba cheart iad a dhreasú.
Leasú 66
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 48
(48)   D’fhonn an tacaíocht a thugann na Ballstáit do FBManna a chomhlánú, féadfaidh an Coimisiún cur le huirlisí, tionscadail agus gníomhaíochtaí eile ata ag an Aontas cheana agus a chabhraíonn le cur chun feidhme an díchill chuí san Aontas agus i dtríú tíortha. Féadfaidh sé bearta tacaíochta nua a chur ar bun a chuideoidh le cuideachtaí, lena n-áirítear FBManna, maidir le ceanglais díchill chuí, lena n-áirítear faireachlann le haghaidh trédhearcacht an tslabhra luacha agus éascú na dtionscnamh comhpháirteach ó pháirtithe leasmhara.
(48)   Chun an tacaíocht a thugann na Ballstáit do chuideachtaí ina gcur chun feidhme a chomhlánú, lena n-áirítear FBManna, ba cheart don Choimisiún cur le huirlisí, tionscadail agus gníomhaíochtaí eile atá ag an Aontas cheana agus a chabhraíonn le cur chun feidhme an díchill chuí san Aontas agus i dtríú tíortha. Ba cheart dó bearta tacaíochta nua a bhunú lena dtabharfaí cabhair do chuideachtaí, lena n-áirítear FBManna maidir le ceanglais díchill chuí, lena n-áirítear faireachlann do thrédhearcacht an tslabhra luacha agus éascú tionscnamh comhpháirteach ó gheallsealbhóirí.
Leasú 67
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 49
(49)   Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit leanúint de bheith ag obair i gcomhpháirtíocht le tríú tíortha chun tacú le hoibreoirí eacnamaíocha réamhtheachtacha cur lena gcumas drochthionchair a n-oibríochtaí agus a gcaidrimh ghnó ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol a chosc agus a mhaolú go héifeachtach, agus aird ar leith á tabhairt ar na dúshláin atá os comhair feirmeoirí beaga. Ba cheart dóibh a n-ionstraimí comharsanachta, forbartha agus comhair idirnáisiúnta a úsáid chun tacú le rialtais tríú tíortha agus le hoibreoirí eacnamaíocha réamhtheachtacha i dtríú tíortha chun aghaidh a thabhairt ar dhrochthionchair a gcuid oibríochtaí agus a gcaidrimh ghnó réamhtheachtacha ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol. D’fhéadfaí a áireamh leis sin an comhar le rialtais tíortha comhpháirtíochta, leis an earnáil phríobháideach áitiúil agus le páirtithe leasmhara chun aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna a bhaineann le drochthionchair ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol.
(49)   Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit leanúint de bheith ag obair i gcomhpháirtíocht le tríú tíortha chun tacú le hoibreoirí eacnamaíocha réamhtheachtacha cur lena n-acmhainneacht iarmhairtí dochracha a n-oibríochtaí agus a gcaidrimh ghnó ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol a chosc agus a mhaolú go héifeachtach, agus aird ar leith á tabhairt ar na dúshláin atá os comhair feirmeoirí beaga. Ba cheart dóibh a n-ionstraimí comharsanachta, forbartha agus comhair idirnáisiúnta a úsáid, lena n-áirítear Comhaontuithe Saorthrádála, chun tacú le rialtais tríú tíortha agus le hoibreoirí eacnamaíocha réamhtheachtacha i dtríú tíortha lena dtugtar aghaidh ar iarmhairtí dochracha a n-oibríochtaí do chearta an duine agus don chomhshaol agus do chaidrimh ghnó réamhtheachtacha. D’fhéadfaí a áireamh leis sin an comhar le rialtais tíortha comhpháirtíochta, leis an earnáil phríobháideach áitiúil agus le geallsealbhóirí chun aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna a bhaineann le hiarmhairtí dochracha do chearta an duine agus ar don chomhshaol.
Leasú 68
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 50
(50)   Chun a áirithiú go rannchuidíonn an Treoir seo go héifeachtach leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide, ba cheart do chuideachtaí plean a ghlacadh chun a áirithiú go bhfuil samhail ghnó agus straitéis na cuideachta comhoiriúnach leis an aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe agus leis an téamh domhanda a theorannú go 1.5 °C i gcomhréir le Comhaontú Pháras. I gcás ina sainaithnítear, nó inar cheart go sainaithneofaí, an aeráid mar phríomh-riosca d’oibríochtaí na cuideachta nó mar phríomhthionchar ó na hoibríochtaí sin, ba cheart don chuideachta cuspóirí laghdaithe astaíochtaí a chur ina plean.
(50)   Chun a áirithiú go rannchuidíonn an Treoir seo go héifeachtach leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide, ba cheart do chuideachtaí, i gcomhairle leis na geallsealbhóirí, plean aistrithe a ghlacadh agus a chur chun feidhme i gcomhréir leis na ceanglais tuairiscithe in Airteagal 19ú de Threoir (AE) 2022/2464 (CSRD) chun a áirithiú go bhfuil samhail ghnó agus straitéis na cuideachta ailínithe le cuspóirí an aistrithe chuig geilleagar inbhuanaithe agus leis an téamh domhanda a theorannú go 1.5 °C i gcomhréir le Comhaontú Pháras, chomh maith leis an gcuspóir aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 mar a bhunaítear i Rialachán (AE) 2021/1119 (An Dlí Aeráide Eorpach) agus i sprioc aeráide 2030. Ba cheart leis an bplean go gcuirfí i gcuntas an slabhra luacha agus ba cheart spriocanna faoi cheangal ama a áireamh ann a bhaineann lena gcuspóirí aeráide do raon feidhme astaíochtaí 1, 2 agus, i gcás inarb ábhartha, 3, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, dearbhspriocanna laghdaithe astaíochtaí do ghás ceaptha teasa lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, astaíochtaí meatáin, do 2030 agus i gcéimeanna cúig bliana suas go dtí 2050 bunaithe ar fhianaise dhochloíte eolaíoch, ach amháin i gcás inar féidir le cuideachta a léiriú nach bhfuil a hoibríochtaí agus a slabhra luacha ina gcúis le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus nach mbeadh na spriocanna sin maidir le hastaíochtaí a laghdú iomchuí, dá bhrí sin. Ba cheart leis na pleananna go bhforbrófaí gníomhaíochtaí cur chun feidhme chun spriocanna aeráide na cuideachta a bhaint amach agus ba cheart iad a bheith bunaithe ar fhianaise eolaíoch dhochloíte, rud a chiallaíonn fianaise le bailíochtú eolaíoch neamhspleách atá comhsheasmhach le teorannú an téimh dhomhanda ag 1.5 °C mar atá sainithe ag an bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) agus na moltaí ón mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide á gcur i gcuntas.
Leasú 69
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 51
(51)   D’fhonn a áirithiú go ndéanfar an plean sin maidir le laghdú astaíochtaí a chur chun feidhme go cuí agus a leabú i ndreasachtaí airgeadais na stiúrthóirí, ba cheart an plean a chur san áireamh go cuí agus luach saothair inathraithe na stiúrthóirí á shocrú, má bhíonn an luach saothair inathraithe nasctha le rannchuidiú an stiúrthóra le straitéis ghnó na cuideachta agus le leasanna fadtéarmacha agus inbhuanaitheacht na cuideachta.
(51)   Ba cheart go n-áireofaí sna pleananna oibleagáidí soiléire do stiúrthóirí agus do chomhaltaí boird chun a áirithiú go dtugtar aghaidh ar rioscaí agus ar thionchair ar an gcomhshaol agus ar an aeráid i straitéis na cuideachta. D’fhonn dreasachtaí airgeadais stiúrthóirí a mhéadú, ba cheart beartas ábhartha agus éifeachtach a bheith i bhfeidhm ag cuideachtaí a bhfuil níos mó ná 1000 fostaí acu ar an meán chun a áirithiú go mbeidh cuid de luach saothair inathraithe na stiúrthóirí nasctha le baint amach spriocanna phlean aistrithe na cuideachta chun an t-athrú aeráide a chomhrac.
Leasú 70
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 53
(53)   Chun a áirithiú go ndéanfar faireachán ar chur chun feidhme ceart oibleagáidí díchill chuí na gcuideachtaí agus chun forfheidhmiú cuí na Treorach seo a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit údarás nó údaráis maoirseachta náisiúnta a ainmniú. Ba cheart na húdaráis mhaoirseachta sin a bheith de chineál poiblí, neamhspleách ar na cuideachtaí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo agus ar leasanna margaidh eile, agus iad a bheith saor ó choinbhleachtaí leasa. I gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ba cheart do na Ballstáit maoiniú iomchuí an údaráis inniúil a áirithiú. Ba cheart dóibh a bheith i dteideal imscrúduithe a dhéanamh, ar a dtionscnamh féin nó ar bhonn gearán nó ábhar imní a bhfuil bunús leo a agraítear faoin Treoir seo. I gcás inarb ann d’údaráis inniúla faoi reachtaíocht earnála, d’fhéadfadh na Ballstáit iad siúd a shainaithint mar údaráis atá freagrach as cur i bhfeidhm na Treorach seo ina réimsí inniúlachta. D’fhéadfaidís údaráis mhaoirseachta ar ghnóthais airgeadais rialáilte a ainmniú freisin mar údaráis mhaoirseachta chun críocha na Treorach seo.
(53)   Chun a áirithiú go ndéanfar faireachán ar chur chun feidhme ceart oibleagáidí díchill chuí na gcuideachtaí agus chun forfheidhmiú cuí na Treorach seo a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit údarás nó údaráis maoirseachta náisiúnta a ainmniú. Ba cheart na húdaráis mhaoirseachta sin a bheith de chineál poiblí, neamhspleách ar na cuideachtaí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo agus ar leasanna margaidh eile, agus iad a bheith saor ó choinbhleachtaí leasa. I gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ba cheart do na Ballstáit maoiniú iomchuí an údaráis inniúil a áirithiú. Ba cheart dóibh a bheith i dteideal imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cigireachtaí ar an láthair agus éisteacht a thabhairt do gheallsealbhóirí ábhartha, ar a dtionscnamh féin nó ar bhonn casaoidí nó ábhair imní a bhfuil bunús leo a ardaíodh faoin Treoir seo. I gcás inarb ann d’údaráis inniúla faoi reachtaíocht earnála, d’fhéadfadh na Ballstáit iad siúd a shainaithint mar údaráis atá freagrach as cur i bhfeidhm na Treorach seo ina réimsí inniúlachta. D’fhéadfaidís údaráis mhaoirseachta ar ghnóthais airgeadais rialáilte a ainmniú freisin mar údaráis mhaoirseachta chun críocha na Treorach seo. Ba cheart do na Ballstáit, agus iad ag ainmniú údarás maoirseachta agus ag sainiú na nósanna imeachta trína n-oibríonn siad, comhordú agus comhlántacht a áirithiú le próisis eile atá ar fáil faoi ionstraimí idirnáisiúnta eile, amhail an sásra casaoide neamhbhreithiúnach arna oibriú ag Pointí Teagmhála Náisiúnta.
Leasú 71
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 54
(54)   Chun forfheidhmiú éifeachtach na mbeart náisiúnta lena gcuirtear an Treoir seo chun feidhme a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí athchomhairleacha comhréireacha éifeachtacha i gcás sáruithe ar na bearta sin. Chun go mbeidh an córas smachtbhannaí sin éifeachtach, ba cheart smachtbhannaí airgid a bheith ar áireamh sna smachtbhannaí riaracháin a bheidh le forchur ag na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta. I gcás nach ndéantar foráil i gcóras dlí Ballstáit maidir le smachtbhannaí riaracháin mar a fhoráiltear sa Treoir seo, ba cheart na rialacha maidir le smachtbhannaí riaracháin a chur i bhfeidhm sa chaoi is go dtionscnóidh an t-údarás maoirseachta inniúil an smachtbhanna agus go bhforchuirfidh an t-údarás breithiúnach é. Dá bhrí sin, is gá go n-áiritheoidh na Ballstáit sin go mbeidh éifeacht chur i bhfeidhm na rialacha agus na smachtbhannaí coibhéiseach le héifeacht na smachtbhannaí riaracháin a fhorchuireann na húdaráis mhaoirseachta inniúla.
(54)   Chun forfheidhmiú éifeachtach na mbeart náisiúnta lena gcuirtear an Treoir seo chun feidhme a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí athchomhairleacha comhréireacha éifeachtacha i gcás sáruithe ar na bearta sin. Chun go mbeidh an córas smachtbhannaí sin éifeachtach, ba cheart go n-áireofaí leis na smachtbhannaí riaracháin atá le forchur ag na húdaráis maoirseachta náisiúnta smachtbhannaí airgid, ráiteas poiblí ina léirítear gurb í an chuideachta atá freagrach agus cineál an tsáraithe, oibleagáidí maidir le gníomhaíocht a dhéanamh lena n-áirítear deireadh a chur leis an iompar arb ionann é agus an sárú agus staonadh ó aon athdhéanamh ar an iompar sin, agus táirgí ó shaorchúrsaíocht nó ó onnmhairiú a chur ar fionraí. I gcás nach ndéantar foráil i gcóras dlí Ballstáit maidir le smachtbhannaí riaracháin mar a fhoráiltear sa Treoir seo, ba cheart na rialacha maidir le smachtbhannaí riaracháin a chur i bhfeidhm sa chaoi is go dtionscnóidh an t-údarás maoirseachta inniúil an smachtbhanna agus go bhforchuirfidh an t-údarás breithiúnach é. Dá bhrí sin, is gá go n-áiritheoidh na Ballstáit sin go mbeidh éifeacht chur i bhfeidhm na rialacha agus na smachtbhannaí coibhéiseach le héifeacht na smachtbhannaí riaracháin a fhorchuireann na húdaráis mhaoirseachta inniúla.
Leasú 72
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 54 a (nua)
(54a)  Chun laghdú saorga a chosc ar fhíneálacha riaracháin a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar mháthairchuideachta deiridh a bheith ag aistriú a glanláimhdeachais dhomhanda chuig tríú heintitis, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, maidir le cuideachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1)(b) agus Airteagal 2(2)(b), go ndéanfar smachtbhannaí airgid riaracháin a ríomh agus an láimhdeachas comhdhlúite arna thuairisciú ag an gcuideachta sin á chur i gcuntas.
Leasú 73
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 54 b (nua)
(54b)  Faoi Airteagal 18(2) de Threoir 2014/24/AE, Airteagal 36(2) de Threoir 2014/25/AE agus Airteagal 30(3) de Threoir 2014/23/AE, ceanglaítear ar na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar oibleagáidí faoi dhlí an Aontais maidir le conarthaí soláthair agus conarthaí lamháltais. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún a mheas an bhfuil sé ábhartha athbhreithniú a dhéanamh ar na treoracha sin chun na ceanglais agus na bearta atá le glacadh ag na Ballstáit a shonrú tuilleadh chun comhlíonadh na n-oibleagáidí inbhuanaitheachta agus díchill chuí faoin Treoir seo a áirithiú ar fud na bpróiseas soláthair agus lamháltais, ó roghnú go feidhmíocht an chonartha.
Leasú 74
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 56
(56)   D’fhonn cúiteamh éifeachtach d’íospartaigh na ndrochthionchar a áirithiú, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit rialacha a leagan síos lena rialaítear dliteanas sibhialta na gcuideachtaí as damáistí a thagann chun cinn toisc nár chomhlíon cuideachta an próiseas díchill chuí. Ba cheart go mbeadh an chuideachta faoi dhliteanas i leith damáistí más rud é nár chomhlíon sí na hoibleagáidí drochthionchair fhéideartha a chosc agus a mhaolú nó deireadh a chur le tionchair iarbhír nó méid na dtionchar iarbhír sin a íoslaghdú, agus más rud é, toisc nár chomhlíon, gur tharla drochthionchar ar cheart é a shainaithint, a chosc, a mhaolú, nó deireadh a chur leis nó a mhéid a íoslaghdú trí na bearta iomchuí agus gur tharla damáiste dá dheasca sin.
(56)   D’fhonn cúiteamh éifeachtach d’íospartaigh na n-iarmhairtí dochracha a áirithiú, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit rialacha a leagan síos lena rialaítear dliteanas sibhialta na gcuideachtaí as damáistí a thagann chun cinn toisc nár chomhlíon cuideachta an próiseas díchill chuí. Ba cheart go mbeadh an chuideachta faoi dhliteanas i leith damáistí más rud é nár chomhlíon sí na hoibleagáidí iarmhairtí dochracha féideartha a chosc agus a mhaolú nó deireadh a chur le hiarmhairtí iarbhír nó méid na n-iarmhairtí iarbhír sin a mhaolú, nó leigheas a chur ar fáil, agus más rud é, toisc nár chomhlíon, go raibh an chuideachta ina cúis le hiarmhairt dhochrach nó gur rannchuidigh sí le hiarmhairt dhochrach ar cheart í a shainaithint, tús áite a bheith tugtha di, í a chosc, a mhaolú, a fheabhsú nó deireadh a chur léi, a leigheas nó a mhéid a íoslaghdú trí na bearta iomchuí, agus gur tharla damáiste dá dheasca sin. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin, i gcás nach bhfuil aon chomharba dlíthiúil ann, gur féidir na máithreacha a chur faoi dhliteanas as a bhfochuideachta i gcás ina bhfuil an fhochuideachta faoi raon feidhme na Treorach seo nó ina raibh sí tráth na hiarmhairte agus ina ndearna an mháthairchuideachta í a dhíscaoileadh d’aon ghnó chun dliteanas a sheachaint, gan beann ar aon chomhoibriú leis an máthairchuideachta maidir le dícheall cuí a dhéanamh.
Leasú 75
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 57
(57)   Maidir le damáistí a tharlaíonn ar leibhéal caidrimh ghnó seanbhunaithe indíreacha, ba cheart dliteanas na cuideachta a bheith faoi réir coinníollacha sonracha. Níor cheart an chuideachta a bheith faoi dhliteanas más rud é gur chuir sí bearta díchill chuí sonracha i gcrích. Níor cheart, áfach, go saorfaí ó dhliteanas í trí bhearta den sórt sin a chur chun feidhme i gcás ina raibh sé míréasúnta a bheith ag súil leis gur leormhaith an beart iarbhír a rinneadh, lena n-áirítear i ndáil leis an gcomhlíonadh a fhíorú, chun an drochthionchar a chosc nó a mhaolú nó chun deireadh a chur leis nó chun méid an drochthionchair a íoslaghdú. Ina theannta sin, agus measúnú á dhéanamh ar dhliteanas a bheith ann agus ar mhéid an dliteanais sin, aird chuí le tabhairt ar iarrachtaí na cuideachta, a mhéid a bhaineann siad go díreach leis an damáiste atá i gceist, aon ghníomhaíocht feabhais a d’éiligh údarás maoirseachta uirthi a chomhlíonadh, ar aon infheistíochtaí a rinneadh agus ar aon tacaíocht spriocdhírithe a soláthraíodh, agus ar aon chomhar le heintitis eile chun aghaidh a thabhairt ar dhrochthionchair ina slabhraí luacha.
(57)   Agus measúnú á dhéanamh ar dhliteanas a bheith ann agus ar mhéid an dliteanais sin, ba cheart aird chuí a thabhairt ar iarrachtaí na cuideachta, a mhéid a bhaineann siad go díreach leis an damáiste atá i gceist, aon ghníomhaíocht feabhais a dhéanamh, lena n-áirítear gníomhaíocht ar éiligh údarás maoirseachta uirthi a chomhlíonadh, ar aon infheistíochtaí a rinneadh agus ar aon tacaíocht spriocdhírithe a soláthraíodh, agus ar aon chomhar le geallsealbhóirí a ndéantar difear dóibh agus le heintitis eile chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí dochracha ina slabhraí luacha.
Leasú 76
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 57 a (nua)
(57a)  Thairis sin, ba cheart an deis atá ag cuideachta tosaíocht a thabhairt, nuair is gá, a chur san áireamh maidir lena dliteanas féideartha faoi Airteagal 22. Ar choinníoll go ndearnadh an tosaíocht go dílis maidir le déine agus dóchúlacht na hiarmhairte dochraí, níor cheart cuideachta a chur faoi dhliteanas má eascraíonn iarmhairt dhochrach as gníomhaíocht nó oibríocht nár tugadh tosaíocht di go dlisteanach.
Leasú 77
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 58
(58)   Ní rialaítear leis an gcóras dliteanais cé air a bhfuil sé a chruthú gur leordhóthanach gníomhaíocht na cuideachta go réasúnta in imthosca an cháis, agus dá bhrí sin fágtar an cheist sin faoin dlí náisiúnta.
(58)   Ní rialaítear leis an gcóras dliteanais cé air a bhfuil sé a chruthú gur leormhaith gníomhaíocht na cuideachta go réasúnta in imthosca an cháis, ach féadfaidh na Ballstáit a fhoráil ina ndlí náisiúnta, i gcás ina dtugann éilitheoir eilimintí prima facie a thugann bunús leis an dóchúlacht go mbeidh dliteanas an chosantóra ann, go mbeidh an cosantóir faoi dhliteanas, ach amháin más féidir leis a chruthú gur chomhlíon sé a oibleagáidí faoin Treoir seo.
Leasú 78
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 59
(59)   Maidir le rialacha dliteanais shibhialta, ba cheart dliteanas sibhialta cuideachta as damáistí a eascraíonn as gan dícheall cuí leordhóthanach a bheith déanta aici a bheith gan dochar do dhliteanas sibhialta a cuid fochuideachtaí ná do dhliteanas sibhialta faoi seach comhpháirtithe gnó díreacha agus indíreacha sa slabhra luacha. Chomh maith leis sin, ba cheart na rialacha dliteanais shibhialta faoin Treoir seo a bheith gan dochar do rialacha Aontais nó do rialacha náisiúnta maidir le dliteanas sibhialta a bhaineann le drochthionchair ar chearta an duine nó le drochthionchar ar an gcomhshaol lena bhforáiltear do dhliteanas i gcásanna nach gcumhdaítear leis an Treoir seo nó lena bhforáiltear do dhliteanas níos déine ná mar a fhoráiltear leis an Treoir seo.
(59)   Maidir le rialacha dliteanais shibhialta, ba cheart dliteanas sibhialta cuideachta as damáistí arbh í ba chúis leo nó ar rannchuidigh sí leo a eascraíonn as gan dícheall cuí leormhaith a bheith déanta aici a bheith gan dochar do dhliteanas sibhialta a cuid fochuideachtaí ná do dhliteanas sibhialta faoi seach comhpháirtithe gnó díreacha agus indíreacha sa slabhra luacha. Chomh maith leis sin, níor cheart go gcuirfí leis na rialacha maidir le dliteanas sibhialta faoin Treoir seo teorainn le dliteanas cuideachtaí faoi chórais dlí an Aontais faoi chórais dlí náisiúnta, lena n-áirítear rialacha maidir le dliteanas comhpháirteach agus leithleach.
Leasú 79
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 59 a (nua)
(59a)  Is ceart daonna a aithnítear go hidirnáisiúnta é an ceart chun leighis éifeachtaigh, a chumhdaítear in Airteagal 8 de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, in Airteagal 9(3) de Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil agus in Airteagal 2(3) den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, agus is ceart bunúsach de chuid an Aontais é freisin de réir bhrí Airteagal 47 den Chairt. D’fhéadfadh moilleanna agus deacrachtaí maidir le rochtain a fháil ar fhianaise, chomh maith le héagsúlacht inscne, suíomh geografach, leochaileachtaí agus imeallú a bheith ina mbacainní móra praiticiúla agus nós imeachta do na daoine lena mbaineann, rud a chuireann bac ar a rochtain ar leigheas éifeachtach gan eagla roimh bheart díoltais. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag íospartaigh ar leigheas éifeachtach agus nach gcuirfidh costais agus fad na n-imeachtaí cosc orthu rochtain a fháil ar chúirteanna. Féadfaidh na bearta sin a bheith i bhfoirm cistiú poiblí mar shampla, lena n-áirítear tacaíocht struchtúrtha d’íospartaigh iarmhairtí dochracha iarbhír agus féideartha, teorainn a chur leis na táillí cúirte nó riaracháin is infheidhme, nó rochtain a thabhairt ar chúnamh dlíthiúil.
Leasú 80
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 59 b (nua)
(59b)  Ba cheart do cheardchumainn shainordaithe, d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta nó do ghníomhaithe ábhartha eile atá ag gníomhú ar mhaithe le leas an phobail, amhail Institiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine nó Ombudsman, a bheith in ann caingne a thabhairt os comhair a gcúirteanna thar ceann íospartaigh nó grúpa íospartach a bhfuil iarmhairtí dochracha acu, agus ba cheart cearta agus oibleagáidí páirtí is éilitheoir sna himeachtaí a bheith acu, gan dochar don dlí náisiúnta atá ann cheana.
Leasú 81
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 59 c (nua)
(59c)  Ba cheart deich mbliana ar a laghad a bheith sna tréimhsí teorann chun éilimh ar dhliteanas sibhialta a dhéanamh ar dhamáistí. Agus túsphointe na dtréimhsí teorann sin á shocrú, ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar an tráth a bhfuil deireadh tagtha leis an iarmhairt is cúis leis an damáiste a chur i gcuntas agus nuair a bhí an t-íospartach lena mbaineann ar an eolas, nó a d’fhéadfaí a bheith ag súil go réasúnach go mbeadh a fhios aige, gurbh í an iarmhairt dhochrach ba chúis leis an damáiste a bhain dóibh.
Leasú 82
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 65 a (nua)
(65a)  Tá cosantóirí chearta an duine agus chearta an chomhshaoil ar thús cadhnaíochta maidir leis na hiarmhairtí a bhíonn ag iarmhairtí dochracha ar an gcomhshaol agus ar chearta an duine ar fud an domhain agus in AE, agus tá siad faoi bhagairt, imeaglaithe, géarleanúint déanta orthu, ciaptha nó dúnmharaithe fiú. Dá bhrí sin, níor cheart do chuideachtaí iad a nochtadh d’aon chineál foréigin.
Leasú 83
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 69
(69)   Tá an Treoir seo gan dochar d’oibleagáidí i réimsí chearta an duine, chosaint an chomhshaoil agus an athraithe aeráide faoi ghníomhartha reachtacha eile de chuid an Aontais. Má thagann forálacha na Treorach seo salach ar fhoráil de ghníomh reachtach eile de chuid an Aontais a bhfuil na cuspóirí céanna á saothrú aige agus ina ndéantar foráil maidir le hoibleagáidí níos fairsinge nó níos sonraí, ba cheart forlámhas a bheith ag forálacha an ghnímh reachtaigh eile de chuid an Aontais ar feadh na coinbhleachta agus beidh feidhm acu maidir leis na hoibleagáidí sonracha sin.
(69)   Tá an Treoir seo gan dochar d’oibleagáidí i réimsí chearta an duine, chosaint an chomhshaoil agus an athraithe aeráide faoi ghníomhartha reachtacha eile de chuid an Aontais. Má thagann forálacha na Treorach seo salach ar fhoráil de ghníomh reachtach eile de chuid an Aontais a bhfuil na cuspóirí céanna á saothrú aige agus ina ndéantar foráil maidir le hoibleagáidí níos fairsinge nó níos sonraí, ba cheart forlámhas a bheith ag forálacha an ghnímh reachtaigh eile de chuid an Aontais ar feadh na coinbhleachta agus ba cheart feidhm a bheith acu maidir leis na hoibleagáidí sonracha sin, sna cásanna sin ina bhfuil feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar amach i ngníomh reachtach eile maidir le hearnáil nó ábhar níos sonraí. Áirítear ar na gníomhartha sin, ach gan a bheith teoranta dóibh, reachtaíocht AE atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo maidir le hadhmad agus dífhoraoisiú, oibrithe a phostú agus saothar éigeantais.
Leasú 84
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 70
(70)   Ba cheart don Choimisiún measúnú agus tuairisciú a dhéanamh ar cibé ar cheart nó nár cheart earnálacha nua a chur le liosta na n-earnálacha ardtionchair a chumhdaítear leis an Treoir seo, chun í a ailíniú le treoir ón Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, nó de bharr fianaise shoiléir a bheith ann maidir le dúshaothrú saothair, sáruithe ar chearta an duine nó bagairtí comhshaoil atá ag teacht chun cinn, ar cheart an liosta de choinbhinsiúin idirnáisiúnta ábhartha dá dtagraítear sa Treoir seo a leasú, go háirithe i bhfianaise forbairtí idirnáisiúnta, nó ar cheart na forálacha maidir le dícheall cuí faoin Treoir seo a leathnú chun drochthionchair aeráide a chumhdach.
(70)   Ba cheart don Choimisiún measúnú agus tuairisciú a dhéanamh ar cheart raon feidhme na Treorach a ísliú, go háirithe i gcás earnálacha áirithe, chun í a ailíniú le treoir ón Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta nó i bhfianaise sonraí soiléire nó fianaise maidir le dúshaothrú saothair, sáruithe ar chearta an duine nó bagairtí comhshaoil nua atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear sonraí ó BEAF, EIS nó FRA.
Leasú 85
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – fomhír 1 – pointe a
(a)   i dtaca le hoibleagáidí ar chuideachtaí maidir le drochthionchair iarbhír agus fhéideartha ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol, i ndáil lena n-oibríochtaí féin, oibríochtaí a bhfochuideachtaí, agus oibríochtaí an tslabhra luacha arna ndéanamh ag eintitis a bhfuil caidreamh gnó bunaithe ag an gcuideachta leo agus
(a)   maidir le hoibleagáidí ar chuideachtaí maidir le hiarmhairtí dochracha iarbhír agus ionchasacha ar chearta an duine agus iarmhairtí dochracha comhshaoil arbh iad ba chúis leo, ar rannchuidigh siad leo nó a bhfuil baint dhíreach acu leo, i ndáil lena n-oibríochtaí féin, agus oibríochtaí a bhfochuideachtaí, agus maidir leis na hoibríochtaí a dhéanann eintitis ina slabhra luacha a bhfuil caidreamh gnó ag an gcuideachta leo agus
Leasú 86
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – fomhír 1 – pointe b
(b)   maidir le dliteanas i leith sáruithe ar na hoibleagáidí thuasluaite.
(b)   maidir le dliteanas i leith sáruithe ar na hoibleagáidí thuasluaite as ar eascair damáiste;
Leasú 87
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – fomhír 2
Déanfar athmheasúnú ar chineál na gcaidreamh gnó mar ‘chaidreamh bunaithe’ go tréimhsiúil, agus gach 12 mhí ar a laghad.
scriosta
Leasú 88
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 2
2.   Ní bheidh an Treoir seo ina foras chun leibhéal cosanta chearta an duine nó chun cosaint an chomhshaoil a laghdú nó chun an aeráid a chosaint dá bhforáiltear le dlí namBallstát tráth a nglacfar an Treoir seo.
2.   Ní bheidh an Treoir seo ina forais chun an leibhéal cosanta do chearta an duine a laghdú, lena n-áirítear cearta fostaíochta agus sóisialta mar a shonraítear i reachtaíocht an Aontais agus sa reachtaíocht náisiúnta atá ann cheana, sa chomhshaol san aeráid dá bhforáiltear ag na Ballstáit nó sna comhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme, tráth a nglacfar an Treoir seo.
Leasú 89
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 2 – mír 1 – pointe a
(a)   bhí níos mó ná 500 fostaí ag an gcuideachta ar an meán agus bhí glanláimhdeachas domhanda ar mhó é ná EUR 150 milliún aici sa bhliain airgeadais dheireanach a bhfuil ráitis airgeadais bhliantúla ullmhaithe ina leith;
(a)   bhí níos mó ná 250 fostaí ag an gcuideachta ar an meán agus bhí glanláimhdeachas domhanda ar mhó é ná EUR 40milliún aici sa bhliain airgeadais dheireanach a bhfuil ráitis airgeadais bhliantúla ullmhaithe ina leith;
Leasú 90
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 2 – mír 1 – pointe b – an chuid réamhráiteach
(b)   níor shroich an chuideachta na tairseacha faoi phointe (a), ach bhí níos mó ná 250 fostaí aici ar an meán agus bhí glanláimhdeachas de níos mó ná EUR 40 milliún aici sa bhliain airgeadais dheireanach a bhfuil ráitis airgeadais bhliantúla ullmhaithe ina leith, ar choinníoll gur gineadh ar a laghad 50 % den ghlanláimhdeachas sin i gceann amháin nó níos mó de na hearnálacha seo a leanas:
(b)   níor shroich an chuideachta an tairseach faoi (a) ach is í máthairchuideachta deiridh grúpa í a raibh 500 fostaí aige agus glanláimhdeachas domhanda de níos mó ná 150 milliún sa bhliain airgeadais dheireanach ar ullmhaíodh ráitis airgeadais bhliantúla ina leith.
Leasú 91
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 2 – mír 1 – pointe b – pointe i
(i)  monarú teicstílí, leathair agus táirgí gaolmhara (lena n-áirítear coisbheart), agus trádáil mhórdhíola teicstílí, éadaí agus coisbheart;
scriosta
Leasú 92
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 2 – mír 1 – pointe b – pointe ii
(ii)  talmhaíocht, foraoiseacht, iascach (lena n-áirítear dobharshaothrú), monarú táirgí bia, agus trádáil mhórdhíola amhábhar talmhaíochta, ainmhithe beo, adhmaid, bia agus deochanna;
scriosta
Leasú 93
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 2 – mír 1 – pointe b – pointe iii
(iii)  eastóscadh acmhainní mianraí gan beann ar an áit as a n-eastósctar iad (lena n-áirítear peitriliam amh, gás nádúrtha, gual, lignít, miotail agus mianta miotail, chomh maith le gach mianra neamh-mhiotalach agus táirgí cairéil eile), monarú buntáirgí miotail, táirgí mianracha neamh-mhiotalacha eile agus táirgí miotail monaraithe (seachas innealra agus trealamh), agus trádáil mhórdhíola acmhainní mianraí, táirgí mianraí bunúsacha agus idirmheánacha (lena n-áirítear miotail agus mianta miotail, ábhair thógála, breoslaí, ceimiceáin agus táirgí idirmheánacha eile).
scriosta
Leasú 94
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 2 – mír 2 – pointe a
(a)   gineadh glanláimhdeachas níos mó ná EUR 150 milliún san Aontas sa bhliain airgeadais roimh an mbliain airgeadais dheireanach;
(a)   ghin an chuideachta glanláimhdeachas domhanda níos mó ná EUR 150 milliún, archoinníoll gur gineadh EUR 40 milliún ar a laghad san Aontas sa bhliain airgeadais roimh an mbliain airgeadais dheireanach, lena n-áirítear láimhdeachas arna ghiniúint ag cuideachtaí tríú páirtí lena bhfuil comhaontú ingearach déanta ag an gcuideachta agus/nó ag a fochuideachtaí san Aontas i gcomaoin ríchíosanna;
Leasú 95
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 2 – mír 2 – pointe b
(b)   gineadh glanláimhdeachas níos mó ná EUR 40 milliún ach nach mó ná EUR 150 milliún san Aontas sa bhliain airgeadais roimh an mbliain airgeadais dheireanach, ar choinníoll gur gineadh ar a laghad 50 % dá ghlanláimhdeachas domhanda i gceann amháin nó níos mó de na hearnálacha a liostaítear i mír 1, pointe (b).
(b)   níor shroich an chuideachta na tairseacha faoi (a) ach is í an mháthairchuideachta deiridh de ghrúpa a raibh 500 fostaí aige agus a gineadh glanláimhdeachas domhanda de níos mó ná 150 milliún agus 40 milliún ar a laghad san Aontas sa bhliain airgeadais dheireanach dár ullmhaíodh ráitis airgeadais bhliantúla, lena n-áirítear láimhdeachas arna ghiniúint ag cuideachtaí tríú páirtí lena bhfuil comhaontú ingearach déanta ag an gcuideachta agus/nó ag a fochuideachtaí san Aontas i gcomaoin ríchíosanna.
Leasú 96
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 2 – mír 3
3.   Chun críocha mhír 1, déanfar líon na bhfostaithe páirtaimseartha a ríomh ar bhonn coibhéis lánaimseartha. Déanfar oibrithe gníomhaireachta sealadacha a áireamh nuair a bheidh líon na bhfostaithe á ríomh amhail is dá mb’oibrithe iad atá fostaithe go díreach ar feadh tréimhse chomhionann ama ag an gcuideachta.
3.   Chun críocha mhír 1, déanfar líon na bhfostaithe páirtaimseartha a ríomh ar bhonn coibhéis lánaimseartha. Déanfar oibrithe gníomhaireachta sealadacha agus oibrithe eile i gcineálacha neamhchaighdeánacha fostaíochta a áireamh nuair a bheidh líon na bhfostaithe á ríomh amhail is dá mb’oibrithe iad atá fostaithe go díreach ar feadh tréimhse chomhionann ama ag an gcuideachta.
Leasú 97
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 3 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
1.  Chun críche na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
Leasú 98
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 3 – mír 1 – pointe a – pointe i
(i)   duine dlítheanach atá bunaithe mar cheann de na foirmeacha dlíthiúla a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle110;
(i)   duine dlítheanach atá bunaithe mar cheann de na foirmeacha dlíthiúla a liostaítear in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle110;
__________________
__________________
110 Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara ó chineálacha áirithe gnóthas (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
110 Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara ó chineálacha áirithe gnóthas (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
Leasú 99
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 3 – mír 1 – pointe a – pointe iii
(iii)  duine dlítheanach atá bunaithe mar cheann de na foirmeacha dlíthiúla a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2013/34/AE atá comhdhéanta go hiomlán de ghnóthais a eagraítear i gceann de na foirmeacha dlíthiúla a thagann faoi phointí (i) agus (ii);
scriosta
Leasú 100
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 3 – mír 1 – pointe a – pointe iv– fleasc 8
—  institiúidí pinsin a oibríonn scéimeanna pinsin a mheastar a bheith ina scéimeanna slándála sóisialta a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle119agus le Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle120 mar aon le haon eintiteas dlítheanach a bhunaítear chun infheistíocht a dhéanamh i scéimeanna den sórt sin;
scriosta
__________________
119 Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta (IO L 166, 30.4.2004, lch. 1).
120 Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta a chur chun feidhme (IO L 284, 30.10.2009, lch. 1).
Leasú 101
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 3 – mír 1 – pointe a – pointe iv– fleasc 9
—  ciste infheistíochta malartach (CIM) arna bhainistiú ag BCIM mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (b), de Threoir 2011/61/AE nó CIM arna mhaoirsiú faoin dlí náisiúnta is infheidhme;
scriosta
Leasú 102
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 3 – mír 1 – pointe a – pointe iv– fleasc 10
—  tá GCUI de réir bhrí Airteagal 1(2) de Threoir 2009/65/CE;
scriosta
Leasú 103
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 3 – mír 1 – pointe a a (nua)
(aa)  ciallaíonn ‘cuideachta infheistiúcháin’ cuideachta ina n-infheistíonn infheisteoir institiúideach nó bainisteoir sócmhainní nach féidir a mheas mar ghnóthas rialaithe;
Leasú 104
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 3 – mír 1 – pointe a b (nua)
(ab)  ciallaíonn ‘infheisteoir institiúideach’ eintiteas mar a shainmhínítear in Airteagal 2(e) de Threoir 2007/36/CE, faoi raon feidhme Airteagal 2 den Treoir seo;
Leasú 105
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 3 – mír 1 – pointe a c (nua)
(ac)  ciallaíonn ‘bainisteoir sócmhainní’ eintiteas mar a shainmhínítear in Airteagal 2(f) de Threoir 2007/36/CE, faoi raon feidhme Airteagal 2 den Treoir seo;
Leasú 106
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 3 – mír 1 – pointe b
(b)   ciallaíonn ‘drochthionchar ar an gcomhshaol’ drochthionchar ar an gcomhshaol de thoradh sárú ar cheann de na toirmisc agus na hoibleagáidí de bhun na gcoinbhinsiún idirnáisiúnta maidir leis an gcomhshaol a liostaítear san Iarscríbhinn, Cuid II;
(b)   ciallaíonn ‘iarmhairt dhochrach ar an gcomhshaol’ iarmhairt dhocrach ar an gcomhshaol a eascraíonn as mainneachtain oibleagáidí a chomhlíonadh i gcomhréir le forálacha ábhartha na n-ionstraimí a liostaítear i gCuid I, pointe 18 agus pointe 19, den Iarscríbhinn agus i gCuid II den Iarscríbhinn, agus an reachtaíocht náisiúnta agus bearta atá nasctha leis na forálacha sin a bhaineann leis na téacsanna idirnáisiúnta a liostaítear i gCuid I, i bpointe 18 agus i bpointe 19 den Iarscríbhinn agus i gCuid II den Iarscríbhinn á gcur i gcuntas, i gcás ina mbeidh fáil orthu;
Leasú 107
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 3 – mír 1 – pointe c
(c)   ciallaíonn ‘drochthionchar ar chearta an duine’ drochthionchar ar dhaoine faoi chosaint de thoradh sárú ar cheann de na cearta nó na toirmisc a liostaítear san Iarscríbhinn, Cuid I Roinn 1, mar atá cumhdaithe sna coinbhinsiúin idirnáisiúnta a liostaítear san Iarscríbhinn, Cuid I Roinn 2;
(c)   ciallaíonn ‘iarmhairt dhochrach ar chearta an duine’ iarmhairt dhochrach ar dhaoine ó aon ghníomhaíocht lena gcuirtear deireadh le cumas an duine nó an ghrúpa na cearta a theachtadh nó lena ndéantar laghdú ar an gcumas sin nó ó bheith faoi chosaint ag toirmisc atá cumhdaithe sna coinbhinsiúin agus ionstraimí idirnáisiúnta a liostaítear san Iarscríbhinn, Cuid I, Roinn 1 agus san Iarscríbhinn, Cuid I, Roinn 2;
Leasú 108
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 3 – mír 1 – pointe c a (nua)
(ca)  ciallaíonn ‘iarmhairt dhochrach’ aon iarmhairt dhochrach fhéideartha nó iarbhír ar chearta an duine nó ar iarmhairt dhochrach ar an gcomhshaol;
Leasú 109
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 3 – mír 1 – pointe d
(d)   ciallaíonn ‘fochuideachta’ duine dlítheanach trína bhfeidhmítear gníomhaíocht ‘gnóthas rialaithe’ mar a shainmhínítear i bpointe (f) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle128;
(d)   ciallaíonn ‘fochuideachta’ duine dlítheanach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10) de Threoir 2013/34/AE agus duine dlítheanach trína bhfeidhmítear gníomhaíocht ‘gnóthas rialaithe’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (f) de Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 128;
__________________
__________________
128 Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialaithe agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 390, 31.12.2004, lch. 38);
128 Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialaithe agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 390, 31.12.2004, lch. 38);
Leasú 110
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 3 – mír 1 – pointe e – an chuid réamhráiteach
(e)   ciallaíonn ‘caidreamh gnó’ caidreamh le conraitheoir, le fochonraitheoir nó le haon eintiteas dlíthiúil eile (‘comhpháirtí’)
(e)   ciallaíonn ‘caidreamh gnó’ caidreamh díreach nó indíreachcuideachta le conraitheoir, fochonraitheoir, eintitis eile ina slabhra luacha:
Leasú 111
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 3 – mír 1 – pointe e – pointe i
(i)   a bhfuil comhaontú tráchtála ag an gcuideachta leis nó lena soláthraíonn an chuideachta maoiniú, árachas nó athárachas, nó
(i)   a bhfuil comhaontú tráchtála ag an gcuideachta leis nó lena soláthraíonn an chuideachta seirbhísí airgeadais;
Leasú 112
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 3 – mír 1 – pointe e – pointe ii
(ii)   a dhéanann oibríochtaí gnó a bhaineann le táirgí nó seirbhísí na cuideachta don chuideachta nó thar a ceann;
(ii)   a dhéanann gníomhaíochtaí a bhaineann le táirgí nó seirbhísí na cuideachta;
Leasú 113
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 3 – mír 1 – pointe f
(f)  ciallaíonn ‘caidreamh gnó bunaithe’ caidreamh gnó, bíodh sé díreach nó indíreach, atá marthanach, nó a mheastar a bheidh marthanach, i bhfianaise dhéine nó fhad an chaidrimh sin agus nach ach cuid dhiomaibhseach nó cuid choimhdeach den slabhra luacha é.
scriosta
Leasú 114
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 3 – mír 1 – pointe g
(g)   ciallaíonn ‘slabhra luacha’ gníomhaíochtaí a bhaineann le táirgeadh earraí nó le soláthar seirbhísí ag cuideachta, lena n-áirítear forbairt an táirge nó na seirbhíse agus úsáid agus diúscairt an táirge mar aon leis na gníomhaíochtaí gaolmhara de chaidrimh ghnó bhunaithe na cuideachta atá réamhtheachtach agus iartheachtach. Maidir le cuideachtaí de réir bhrí phointe (a)(iv), ní áireofar le ‘slabhra luacha’ i ndáil le soláthar na seirbhísí sonracha sin ach gníomhaíochtaí na gcliant a fhaigheann iasacht, creidmheas agus seirbhísí airgeadais eile den sórt sin agus gníomhaíochtaí cuideachtaí eile de chuid an ghrúpa chéanna a bhfuil a gcuid gníomhaíochtaí nasctha leis an gconradh i dtrácht. Ní chumhdaíonn slabhra luacha na ngnóthas airgeadais rialáilte sin FBManna a fhaigheann iasacht, creidmheas, maoiniú, árachas nó athárachas na n-eintiteas sin;
(g)   ciallaíonn ‘slabhra luacha’:
Leasuithe 115 agus 422cp2
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 3 – mír 1 – pointe g – pointe i (nua)
(i)  gníomhaíochtaí a bhaineann le hamhábhair, táirgí nó codanna de tháirge cuideachta a tháirgeadh, a dhearadh, a fhoinsiú, a eastóscadh, a mhonarú, a iompar, a stóráil agus a sholáthar agus a bhfuil baint acu le forbairt táirge cuideachta nó le forbairt nó soláthar seirbhíse, agus
Leasú 116
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 3 – mír 1 – pointe g – pointe ii (nua)
(ii)  gníomhaíochtaí a bhaineann le díol, dáileadh, iompar, stóráil agus bainistiú dramhaíola táirgí cuideachta nó soláthar seirbhísí, agus eintitis atá páirteach iontu, agus gan bainistiú dramhaíola an táirge ag tomhaltóirí aonair a áireamh.
Leasú 117
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 3 – mír 1 – pointe g – pointe ii (nua)
Maidir le cuideachtaí de réir bhrí phointe (a)(iv), áireofar le ‘slabhra luacha’ i ndáil leis na seirbhísí sonracha sin a sholáthar gníomhaíochtaí na gcliant a fhaigheann go díreach seirbhísí airgeadais den sórt sin arna soláthar ag gnóthais airgeadais de bhun phointe (iv) agus gníomhaíochtaí cuideachtaí eile atá sa ghrúpa céanna a bhfuil a ngníomhaíochtaí nasctha leis an gconradh atá i gceist. Ní chumhdaítear teaghlaigh agus daoine nádúrtha nó FBManna le slabhra luacha na ngnóthas airgeadais rialáilte de réir bhrí phointe (a)-(iv);
Leasú 118
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 3 – mír 1 – pointe h
(h)   ciallaíonn ‘fíorú neamhspleách tríú páirtí’ fíorú go gcomhlíonann cuideachta, nó codanna dá slabhra luacha, ceanglais maidir le cearta an duine agus maidir leis an gcomhshaol a eascraíonn as forálacha na Treorach seo, ar fíorú é a dhéanann iniúchóir atá neamhspleách ar an gcuideachta, atá saor ó aon choinbhleacht leasa, a bhfuil taithí agus inniúlacht aige in ábhair a bhaineann leis an gcomhshaol agus le cearta an duine agus atá cuntasach as cáilíocht agus iontaofacht an iniúchta;
(h)   ciallaíonn ‘fíorú neamhspleách tríú páirtí’ fíorú ar ghnéithe de dhícheall cuí cuideachta nó ar chodanna dá slabhra luacha a eascraíonn as forálacha na Treorach seo ag iniúchóir nó ag gnólacht iniúchóireachta atá formheasta i gcomhréir le hAirteagal 3 de Threoir 2006/43/CE nó atá creidiúnaithe i mBallstát chun deimhnithe a dhéanamh, nó ag soláthraí seirbhísí dearbhaithe neamhspleách mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (23), de Threoir 2006/43/CE arna gcreidiúnú i mBallstát i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh na gníomhaíochta measúnaithe comhréireachta sonraí dá dtagraítear in Airteagal 14(4ú) nó ag tríú páirtí neamhspleách atá creidiúnaithe i mBallstát le haghaidh deimhnithe a sheoladh agus atá neamhspleách ón gcuideachta, go bhfuil sé saor ó aon choinbhleachtaí leasa, go bhfuil taithí, saineolas agus inniúlacht léirithe aige i gcúrsaí comhshaoil, aeráide, agus chearta an duine, agus go bhfuil sé freagrach as cáilíocht agus iontaofacht an iniúchta nó an mheasúnaithe, agus go gcomhlíonann sé na híoschaighdeáin a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe mar a thuairiscítear in Airteagal 14(4a);
Leasú 119
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 3 – mír 1 – pointe j
(j)   ciallaíonn ‘tionscnamh tionscail’ meascán de nósanna imeachta díchill chuí sa slabhra luacha deonacha, uirlisí agus sásraí, lena n-áirítear fíoruithe neamhspleácha tríú páirtí, arna bhforbairt agus arna maoirsiú ag rialtais, comhlachais tionscail grúpálacha d’eagraíochtaí leasmhara;
(j)   ciallaíonn ‘tionscnamh tionscail nó il-gheallsealbhóra tionscnamh ina nglacann cuideachtaí páirt, lena gcuirtear caighdeáin, nósanna imeachta, uirlisí agus/nó sásraí ar fáil, chun gnéithe dá ndícheall cuí, nó dícheall cuí arna ndéanamh ag a bhfochuideachtaí agus/nó a gcaidrimh ghnó, a thacú, faireachán a dhéanamh orthu, meastóireacht a dhéanamh orthu, iad a dheimhniú agus/nó a fhíorú. Féadfaidh rialtais, comhlachais tionscail, grúpálacha d’eagraíochtaí leasmhara, nó eagraíochtaí na sochaí sibhialta na tionscnaimh sin a fhorbairt agus a mhaoirsiú;
Leasú 120
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 3 – mír 1 – pointe l
(l)  ciallaíonn ‘drochthionchar tromchúiseach’ drochthionchar ar an gcomhshaol nó drochthionchar ar chearta an duine a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis de bharr a chineáil, nó a dhéanann difear do líon mór daoine nó do limistéar mór den chomhshaol, nó atá dochúlaithe, nó atá thar a bheith deacair a leigheas mar thoradh ar na bearta is gá chun an staid a bhí ann roimh an tionchar a athbhunú;
scriosta
Leasú 121
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 3 – mír 1 – pointe n
(n)   ciallaíonn ‘páirtithe leasmhara’ fostaithe na cuideachta, fostaithe a fochuideachtaí, agus daoine aonair, grúpaí, pobail nó eintitis eile a ndéanann táirgí, seirbhísí agus oibríochtaí na cuideachta sin, a fochuideachtaí agus a gcaidreamh gnó difear dá gcearta nó dá leasanna, nó a bhféadfadh difear a dhéanamh dóibh.
(n)   ciallaíonn ‘geallsealbhóirí dá ndéantar difear’ na daoine aonair, na grúpaí nó na pobail sin a bhfuil cearta nó leasanna dlisteanacha acu a ndéantar difear dóibh nó a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh leis na hiamhairtí dochracha a eascraíonn as gníomhaíochtaí cuideachta nó as gníomhaíochtaí eintiteas ina slabhra luacha, agus ionadaithe dlisteanacha na ndaoine aonair nó na ngrúpaí sin, lena n-áirítear na hoibrithe agus a n-ionadaithe agus ceardchumainn na cuideachta, a fochuideachtaí agus ar fud a slabhra luacha, nó i gcásanna nach bhfuil aon daoine aonair, grúpaí pobail a ndéanann iarmhairtí ar an gcomhshaol difear dóibh, eagraíochtaí inchreidte a bhfuil taithí acu ar a n-áirítear cosaint an chomhshaoil;
Leasú 122
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 3 – mír 1 – pointe n a (nua)
(na)  ciallaíonn ‘geallsealbhóirí leochaileacha’ geallsealbhóirí a ndéantar difear dóibh atá i staideanna imeallaithe agus i staideanna leochaileachta, de dheasca comhthéacsanna ar leith nó tosca trasnacha, lena n-áirítear, i measc nithe eile, gnéas, inscne, aois, cine, eitneacht, aicme, sainaicme, oideachas, pobail dhúchasacha, stádas imirce, míchumas, chomh maith le stádas sóisialta agus eacnamaíoch, agus áirítear leis geallsealbhóirí a bhfuil cónaí orthu i limistéir ina bhfuil coinbhleacht agus i limistéir ardriosca, atá ina gcúis le hiamhairtí dochracha éagsúla agus ar minic díréireach iad, agus a gcruthaítear leo idirdhealú agus bacainní breise ar rannpháirtíocht agus ar rochtain ar cheartas;
Leasú 123
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 3 – mír 1 – pointe q
(q)   ciallaíonn ‘beart iomchuí’ beart atá in ann cuspóirí an díchill chuí a bhaint amach, i gcomhréir le déine agus dóchúlacht na iarmharta dochraí, agus atá ar fáil go réasúnta don chuideachta, agus imthosca an cháis shonraigh á gcur san áireamh, lena n-áirítear saintréithe na hearnála eacnamaíche agus an chaidrimh ghnó ar leith agus tionchar na cuideachta air sin, agus an gá lena áirithiú go dtabharfar tosaíocht don ghníomhaíocht.
(q)   ciallaíonn ‘bearta iomchuí’ bearta lenar féidir cuspóirí an díchill chuí a bhaint amach agus aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar an iarmhairt dhochrach arna shainaithint de bhun Airteagal 6 ar bhealach atá comhréireach agus i gcomhréir le leibhéal na déine agus le dóchúlacht na hiarmharta dochraí, agus atá comhréireach agus comhréireach le méid, acmhainní agus acmhainneachtaí na cuideachta. Cuirfear san áireamh leis sin imthosca an cháis shonraigh, lena n-áirítear cineál na hiarmharta dochraí, saintréithe na hearnála eacnamaíche, cineál gníomhaíochtaí, táirgí agus seirbhísí sonracha na cuideachta, an caidreamh sonrach gnó;
Leasú 124
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 3 –mír 1 – pointe q a (nua)
(qa)  ciallaíonn ‘cumas dul i gcion’ an acmhainn difear a dhéanamh d’athrú ar chleachtais an eintitis is cúis leis an iarmhairt dhochrach nó a rannchuidíonn léi;
Leasú 125
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 3 –mír 1 – pointe q b (nua)
(qb)  ciallaíonn ‘a bheith ina chúis le hiarmhairt dhochrach’ gur leor gníomhaíochtaí na cuideachta ina n-aonar chun iarmhairt dhochrach a bheith ina toradh orthu;
Leasú 126
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 3 –mír 1 – pointe q c (nua)
(qc)  ciallaíonn ‘rannchuidiú le hiarmhairt dhochrach’ gurb iad gníomhaíochtaí cuideachta, in éineacht le gníomhaíochtaí eintiteas eile, a chruthaíonn iarmhairt, nó gurb iad gníomhaíochtaí cuideachta is cúis le cruthú iarmharta dochraí ag eintiteas eile, go n-éascaíonn siad sin nó go ndreasaíonn siad sin. Ní mór go mbeadh an ranníocaíocht substaintiúil, rud a chiallaíonn nach bhfuil mion-ranníocaíochtaí ná ranníocaíochtaí fánacha san áireamh inti. D’fhéadfadh an iliomad fachtóirí a bheith i gceist le measúnú a dhéanamh ar chineál suntasach an rannchuidithe agus le tuiscint a fháil ar cathain a d’fhéadfadh gníomhaíochtaí na cuideachta a bheith ina gcúis le cruthú iarmharta dochraí ag eintiteas eile, cathain a d’fhéadfadh sí é sin a éascú agus cathain a d’fhéadfadh sí é a dhreasú. Is féidir na fachtóirí seo a leanas a chur san áireamh:
–  a mhéid a fhéadfaidh cuideachta iarmhairt dhochrach ag eintiteas eile a spreagadh nó a fhéadfaidh sé a bheith ina chúis léi, i.e. a mhéid a mhéadaigh an ghníomhaíocht an baol go dtarlódh an iarmhairt,
–  a mhéid a d’fhéadfadh cuideachta nó ar cheart do ghnóthas fios a bheith aige faoin iarmhairt dhochrach nó faoin bhféidearthacht go dtarlódh iarmhairt dhochrach, i.e. méid na hintuarthachta,
–  a mhéid a mhaolaigh aon cheann de ghníomhaíochtaí na cuideachta an iarmhairt dhochrach go hiarbhír nó gur laghdaigh siad an baol go dtarlódh an iarmhairt.
Ní hionann caidreamh gnó nó gníomhaíochtaí a bheith ann go simplí, lena gcruthaítear na coinníollacha ginearálta inar féidir iarmhairtí dochracha a bheith ann agus caidreamh rannchuidithe. Ba cheart go méadódh an ghníomhaíocht atá i gceist an baol go mbeadh iarmhairt dhochrach ann go suntasach;
Leasú 127
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 3 –mír 1 – pointe q d (nua)
(qd)  ciallaíonn ‘baint dhíreach le hiarmhairt dhochrach’ go bhfuil gaol idir an iarmhairt dhochrach agus táirgí, seirbhísí nó oibríochtaí na cuideachta trí chaidreamh gnó eile agus i gcás nár chuir an chuideachta leis an iarmhairt ná nár chuir sí leis an iarmhairt sin. Níl sé nasctha go díreach le caidreamh gnó díreach. Chomh maith leis sin, ní thugtar le tuiscint le nasc díreach go n-aistríonn an fhreagracht ón gcaidreamh gnó atá ina chúis le hiarmhairt dhochrach chuig an gcuideachta a bhfuil baint aici léi;
Leasú 128
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 3 — mír 1 — pointe q e (nua)
(qe)  ciallaíonn ‘bunaithe ar riosca’ comhréireach le dóchúlacht agus déine na hiarmharta dochraí féideartha;
Leasú 129
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 3 — mír 1 — pointe q f (nua)
(qf)  ciallaíonn ‘fachtóirí riosca’ fachtóirí riosca ar leibhéal cuideachta, fachtóirí riosca de réir samhla gnó, fachtóirí riosca geografacha, fachtóirí riosca táirge agus seirbhíse agus fachtóirí riosca earnála;
Leasú 130
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 3 — mír 1 — pointe q g (nua)
(qg)  ciallaíonn ‘déine iarmharta dochraí’ scála, raon feidhme agus carachtar doleigheasta na hiarmharta dochraí, agus tromchúis na hiarmharta dochraí á cur san áireamh, lena n-áirítear líon na ndaoine aonair a ndéantar difear dóibh nó a ndéanfar difear dóibh, a mhéid a dhéantar nó a bhféadfaí damáiste a dhéanamh don chomhshaol nó difear a dhéanamh dó ar bhealach eile, a dho-athraitheacht agus na teorainneacha ar an gcumas daoine aonair a ndéantar difear dóibh nó ar an gcomhshaol a athbhunú i staid atá coibhéiseach lena staid roimh an iarmhairt.
Leasú 131
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 3 – mír 1 a (nua)
1a.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 chun an Iarscríbhinn a leasú, chun a áirithiú go leanfaidh sí de bheith ag teacht le cuspóirí an Aontais maidir le cearta an duine agus an comhshaol.
Leasú 132
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 3 a (nua)
Airteagal 3 a
Clásal an mhargaidh aonair
1.  Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit comhordú le linn thrasuí na Treorach seo agus ina dhiaidh sin i bhfianaise leibhéal iomlán comhchuibhithe idir na Ballstáit, chun machaire comhréidh a áirithiú do chuideachtaí agus chun ilroinnt an Mhargaidh Aonair a chosc.
2.  Déanfaidh an Coimisiún, sé bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo, a mheas an gá athruithe a dhéanamh ar leibhéal comhchuibhithe na Treorach seo chun machaire comhréidh a áirithiú do chuideachtaí sa Mhargadh Aonair, lena n-áirítear an bhféadfaí forálacha na Treorach seo a thiontú ina Rialachán.
Leasú 133
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 4 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh cuideachtaí dícheall cuí maidir le cearta an duine agus leis an gcomhshaol mar a leagtar síos in Airteagal 5 go hAirteagal 11 (‘dícheall cuí’) trí na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh:
1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh cuideachtaí dícheall cuí maidir le cearta an duine rioscabhunaithe agus leis an gcomhshaol mar a leagtar síos in Airteagal 5 go hAirteagal 11 (‘dícheall cuí’) trí na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh:
Leasú 134
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 4 – mír 1 – pointe c a (nua)
(ca)  i gcás inar gá, tosaíocht a thabhairt d’iarmhairtí dochracha féideartha agus iarbhír i gcomhréir le hAirteagal 8b;
Leasú 135
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 4 – mír 1 – pointe c b (nua)
(cb)  iarmhairtí dhochracha iarbhír a leigheas i gcomhréir le hAirteagal 8c;
Leasú 136
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 4 – mír 1 – pointe d
(d)   nós imeachta gearán a bhunú agus a choinneáil ar bun i gcomhréir le hAirteagal 9;
(d)   sásra um fhógra a thabhairt agus um chasaoid neamhbhreithiúnach a bhunú nó páirt a ghlacadh ann i gcomhréir le hAirteagal 9;
Leasú 137
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 4 – mír 1 – pointe e
(e)   faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht a mbeartais díchill chuí agus a mbeart díchill chuí i gcomhréir le hAirteagal 10;
(e)   faireachán agus fíorú a dhéanamh ar éifeachtacht a mbeartas díchill chuí agus a mbeart díchill chuí i gcomhréir le hAirteagal 10;
Leasú 138
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 4 – mír 1 – pointe f a (nua)
(fa)  dul i gcomhairle le geallsealbhóirí a ndéantar difear dóibh agus dul i dteagmháil leo ar bhealach fóinteach i gcomhréir le hAirteagal 8d.
Leasú 139
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 4 – mír 2 a (nua)
2a.  Déanfaidh cuideachtaí doiciméadacht lena léirítear go bhfuil an Treoir seo á comhlíonadh acu a choinneáil ar feadh 10 mbliana ar a laghad.
Leasú 140
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 4 a (nua)
Airteagal 4a
Tacaíocht díchill chuí ar leibhéal an ghrúpa
1.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh máthairchuideachtaí gníomhaíochtaí a dhéanamh ar féidir leo rannchuidiú lena bhfochuideachtaí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo a n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 5 go hAirteagal 11 agus in Airteagal 15 a chomhlíonadh. Tá an méid sin gan dochar do dhliteanas sibhialta fochuideachtaí i gcomhréir le hAirteagal 22.
2.  Féadfaidh an mháthairchuideachta gníomhaíochtaí a dhéanamh a rannchuidíonn le comhlíonadh na n-oibleagáidí díchill chuí ag an bhfochuideachta i gcomhréir le mír 1, faoi réir na gcoinníollacha uile seo a leanas:
(a)  go gcuireann an fhochuideachta an fhaisnéis uile is ábhartha agus is gá ar fáil dá máthairchuideachta agus go gcomhoibríonn sí léi;
(b)  go gcloíonn an fhochuideachta le beartas díchill chuí a máthairchuideachta;
(c)  go ndéanann an mháthairchuideachta a beartas díchill chuí a oiriúnú dá réir sin chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 5(1) i ndáil leis an bhfochuideachta;
(d)  go gcomhtháthaíonn an fhochuideachta dícheall cuí ina beartais agus ina córais bainistíochta riosca go léir i gcomhréir le hAirteagal 5;
(e)  i gcás inar gá, go leanann an fhochuideachta de bhearta iomchuí a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagail 7 agus 8, agus go leanann sí dá hoibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagal 8a, Airteagal 8b agus Airteagal 8d;
(f)  i gcás ina ndéanann an mháthairchuideachta gníomhaíochtaí sonracha thar ceann na fochuideachta, go gcuireann an mháthairchuideachta agus an fhochuideachta araon in iúl go soiléir agus go trédhearcach do gheallsealbhóirí ábhartha agus don fhearann poiblí;
(g)  go gcomhtháthaíonn an fhochuideachta an aeráid ina beartais agus ina córais bhainistíochta riosca i gcomhréir le hAirteagal 15.
Leasú 141
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 5 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh cuideachtaí an dícheall cuí a chomhtháthú ina mbeartais chorparáideacha go léir agus go mbeidh beartas díchill chuí i bhfeidhm acu. Beidh gach ceann de na nithe seo a leanas sa bheartas díchill chuí:
1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh cuideachtaí an dícheall cuí a chomhtháthú ina mbeartais chorparáideacha ábhartha go léir agus go mbeidh beartas díchill chuí i bhfeidhm acu. Beidh gach ceann de na nithe seo a leanas sa bheartas díchill chuí:
Leasú 142
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 5 – mír 1 – pointe -a (nua)
(-a)  tuairisc ar na hiarmhairtí dochracha fhéideartha nó iarbhír a shainaithin an chuideachta i gcomhréir le hAirteagal 6;
Leasú 143
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 5 – mír 1 – pointe a
(a)   tuairisc ar chur chuige na cuideachta, lena n-áirítear a beartas san fhadtéarma, maidir le dícheall cuí;
(a)   tuairisc ar chur chuige na cuideachta maidir le dícheall cuí, lena n-áirítear a beartas sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma;
Leasú 144
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 5 – mír 1 – pointe b
(b)   cód iompair ina dtugtar tuairisc ar rialacha agus ar phrionsabail atá le leanúint ag fostaithe agus ag fochuideachtaí na cuideachta;
(b)   cód iompair lena sainítear na rialacha agus na prionsabail agus na bearta a bheidh le leanúint agus le cur chun feidhme, i gcás inarb ábhartha, ar fud na cuideachta agus a fochuideachtaí i ngach oibríocht. Ceapfar an cód iompair chun a áirithiú go n-urramóidh an chuideachta cearta an duine agus an comhshaol, agus déanfar é a ailíniú le luachanna bunúsacha an Aontais;
Leasú 145
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 5 – mír 1 – pointe c
(c)   tuairisc ar na próisis a cuireadh i bhfeidhm chun dícheall cuí a chur chun feidhme, lena n-áirítear na bearta a glacadh chun comhlíonadh an chóid iompair a fhíorú agus chun cur i bhfeidhm an chóid sin a leathnú chuig caidrimh ghnó sheanbhunaithe.
(c)   tuairisc ar na próisis a cuireadh i bhfeidhm agus na bearta iomchuí arna nglacadh chun dícheall cuí a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagail 7 agus 8 sa slabhra luacha, lena n-áirítear na bearta ábhartha arna ndéanamh chun dícheall cuí a ionchorprú ina samhail ghnó féin, ina cleachtais fostaíochta agus ceannaigh le heintitis a bhfuil caidreamh gnó ag an gcuideachta leo agus bearta arna ndéanamh chun faireachán agus fíorú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí díchill chuí.
Leasú 146
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 5 – mír 2
2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na cuideachtaí a mbeartas díchill chuí a thabhairt cothrom le dáta gach bliain.
2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na cuideachtaí athbhreithniú leanúnach ar a mbeartas díchill chuí agus go dtabharfaidh siad cothrom le dáta é nuair a tharlaíonn athruithe suntasacha.
Leasú 147
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 5 – mír 2 a (nua)
2a.  Déanfaidh cuideachtaí beartas díchill chuí atá comhréireach agus ar cóimhéid le dóchúlacht agus déine a n-iarmhairtí dochracha ionchasacha agus déine a n-iarmhairtí dochracha iarbhír, chomh maith lena gcúinsí sonracha agus a bhfachtóirí riosca, go háirithe a n-earnáil agus suíomh a ngníomhaíochta, méid agus fad a slabhra luacha, méid na cuideachta, a hacmhainneacht, a hacmhainní agus a cumas dul i gcion.
Leasú 148
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 5 – mír 2 b (nua)
2b.  Nuair a oibríonn cuideachtaí i limistéir ina bhfuil coinbhleacht armtha nó i staid leochaileach iarchoinbhleachta, i limistéir atá faoi fhorghabháil agus/nó in iarscríbhinneacht, chomh maith le limistéir ina bhfeictear rialachas agus slándáil lag nó nach ann dóibh, amhail stáit theipthe, áiritheoidh na Ballstáit go n-urramóidh siad oibleagáidí faoin dlí daonnúil idirnáisiúnta agus go ndéanfaidh siad dícheall cuí méadaithe, íogair ó thaobh coinbhleachta de maidir lena n-oibríochtaí agus lena gcaidreamh gnó trína gcomhtháthú ina ndícheall cuí, anailís choinbhleachta bunaithe ar rannpháirtíocht fhóinteach geallsealbhóirí atá íogair ó thaobh coinbhleachta de, ar bhunchúiseanna, truicir agus páirtithe lena gcuirtear an choinbhleacht chun cinn, agus ar thionchar ghníomhaíochtaí na cuideachta ar an gcoinbhleacht.
Leasú 149
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 6 – teideal
Iarmhairtí dochracha iarbhír agus fhéideartha a shainaithint
Iarmhairtí dochracha iarbhír agus fhéideartha a shainaithint agus a mheasúnú
Leasú 150
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 6 – mír 1
1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh cuideachtaí bearta iomchuí chun iarmhairtí dochracha iarbhír agus féideartha ar chearta an duine agus iarmhairtí dochracha ar an gcomhshaol a shainaithint, ar iarmhairtí dochracha iad a eascraíonn as a n-oibríochtaí féin mar chuideachtaí nó as oibríochtaí a bhfochuideachtaí agus, i gcás ina bhfuil baint acu lena slabhraí luacha, as a gcaidrimh ghnó sheanbhunaithe, i gcomhréir le míreanna 2, 3 agus 4.
1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh cuideachtaí bearta iomchuí chun iarmhairtí a n-oibríochtaí, a bhfochuideachtaí agus a gcaidrimh ghnó a raon feidhme a bheag nó a mhór chun iarmhairtí dochracha iarbhír agus féideartha ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol a eascraíonn as a n-oibríochtaí féin, astáirgí agus as seirbhísí a bhfochuideachtaí agus as na hiarmhairtí sin a bhaineann lena slabhraí luacha a shainaithint agus a mheas, agus cibé acu an ndéanann siad na hiarmhairtí sin nó an gcuireann siad leo nó an bhfuil baint dhíreach acu leo.
Leasú 151
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 6 – mír 2
2.   De mhaolú ar mhír 1, ní cheanglófar ar chuideachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (b), agus Airteagal 2(2), pointe (b), ach iarmhairtí dochracha tromchúiseacha iarbhír agus féideartha a bhaineann leis an earnáil faoi seach dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (b) a shainaithint.
2.   Áiritheoidh na Ballstáit, mar chuid dá bpróiseas díchill chuí, go ndéanfaidh cuideachtaí an méid seo a leanas:
(a)  a shainaithint cá háit is dóichí go dtarlóidh iarmhairtí dochracha agus go mbeidh siad dian, lena n-áirítear trí oibríochtaí riosca níos airde, fochuideachtaí agus caidrimh ghnó aonair a shainaithint ar cheart tosaíocht a thabhairt dóibh agus na fachtóirí riosca ábhartha á gcur san áireamh; agus
(b)  grinnmheasúnuithe a dhéanamh ar oibríochtaí tosaíochta, ar fhochuideachtaí agus ar chaidrimh ghnó chun nádúr agus méid na n-iarmhairtí dochracha sonracha iarbhír agus féideartha a chinneadh.
Leasú 152
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 6 – mír 2 a (nua)
2 a.  Agus caidrimh ghnó riosca níos airde á sainaithint, áireofar le fachtóirí riosca ábhartha ar leibhéal na cuideachta cibé an cuideachta atá sa ghaolmhaireacht ghnó nó nach ea.
Leasú 153
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 6 – mír 3
3.   Nuair a dhéanann cuideachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (a)(iv), creidmheas, iasacht nó seirbhísí airgeadais eile a sholáthar, ní dhéanfar iarmhairtí dochracha iarbhír agus féideartha ar chearta an duine agus iarmhairtí dochracha ar an gcomhshaol a shainaithint ach amháin sula soláthrófar an tseirbhís sin.
3.   Nuair a dhéanann cuideachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (a)(iv), seirbhísí airgeadais a sholáthar, sainaithneofar iarmhairtí dochracha iarbhír agus féideartha ar chearta an duine agus iarmhairtí dochracha comhshaoil sula soláthrófar an tseirbhís sin agus roimh oibríochtaí airgeadais ina dhiaidh sin, agus, má thugtar fógra faoi rioscaí féideartha trí bhíthin na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 9, le linn sholáthar na seirbhíse.
Leasú 154
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 6 – mír 4
4.   Áiritheoidh na Ballstáit, chun na hiarmhairtí dochracha dá dtagraítear i mír 1 a shainaithint bunaithe ar fhaisnéis chainníochtúil agus cháilíochtúil, i gcás inarb iomchuí, go mbeidh cuideachtaí i dteideal úsáid a bhaint as acmhainní iomchuí, lena n-áirítear tuarascálacha neamhspleácha agus faisnéis a bhailítear tríd an nós imeachta gearán dá bhforáiltear in Airteagal 9. I gcás inarb ábhartha, rachaidh cuideachtaí i mbun comhairliúcháin le grúpaí a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh, lena n-áirítear oibrithe agus geallsealbhóirí ábhartha eile chun faisnéis a bhailiú maidir leis na hiarmhairtí dochracha iarbhír nó féideartha.
4.   Áiritheoidh na Ballstáit, chun críoch iarmhairtí dochracha a shainaithint agus a mheasúnú bunaithe ar fhaisnéis chainníochtúil agus cháilíochtúil, i gcás inarb iomchuí, lena n-áirítear na sonraí imdhealaithe ábhartha is féidir le cuideachta a fháil go réasúnta, go mbainfidh cuideachtaí úsáid as modhanna agus acmhainní iomchuí, lena n-áirítear tuarascálacha poiblí, tuarascálacha neamhspleácha agus faisnéis a bhailítear tríd an sásra um fhógra a thabhairt agus um chasaoid neamhbhreithiúnach a bhunú dá bhforáiltear in Airteagal 9. Déanfaidh cuideachtaí rannpháirtíocht fhóinteach freisin i gcomhréir le hAirteagal 8d le geallsealbhóirí a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh, lena n-áirítear oibrithe agus geallsealbhóirí ábhartha eile chun faisnéis a bhailiú maidir le hiarmhairtí dochracha iarbhír nó féideartha agus chun iarmhairtí dochracha iarbhír nó féideartha a shainaithint agus a mheasúnú.
Leasú 155
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 6 – mír 4 a (nua)
4a.  I gcás nach bhfuil an fhaisnéis uile is gá maidir lena slabhra luacha ar fáil, míneoidh an chuideachta na hiarrachtaí a rinneadh chun an fhaisnéis is gá a fháil faoina slabhra luacha, na cúiseanna nach bhféadfaí an fhaisnéis uile is gá a fháil, agus na pleananna atá aici an fhaisnéis is gá a fháil amach anseo.
Leasú 156
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 7 – mír 1
1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh cuideachtaí bearta iomchuí chun iarmhairtí dochracha féideartha ar chearta an duine agus iarmhairtí dochracha féideartha ar an gcomhshaol a shainaithnítear de bhun Airteagal 6 a chosc nó, i gcás nach féidir iad a chosc láithreach, a mhaolú go leordhóthanach i gcomhréir le míreanna 2, 3, 4 agus 5 den Airteagal seo.
1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh cuideachtaí bearta iomchuí chun cosc a chur, nó i gcás nach féidir cosc a dhéanamh láithreach nó nach féidir é a chosc láithreach nó gur theip orthu, chun maolú leormhaith a dhéanamh ar iarmhairtí dochracha féideartha ar chearta an duine agus ar iarmhairtí dochracha comhshaoil, a sainaithníodh de bhun Airteagal 6, nó ar cheart iad a bheith sainaitheanta de bhun Airteagal 6, i gcomhréir leis an Airteagal seo.
Leasú 157
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 7 – mír 1 a (nua)
1a.  Chun críoch an Airteagail seo, i gcásanna ina bhféadfadh cuideachta a bheith ina cúis le hiarmhairt dhochrach féideartha, tuigfear gurb ionann bearta iomchuí agus bearta a bhfuil sé mar aidhm leo iarmhairt dhochrach féideartha a mhaolú, agus damáiste a leigheas. I gcásanna ina bhféadfadh cuideachta rannchuidiú a dhéanamh le hiarmhairt dhochrach, tuigfear gurb ionann bearta iomchuí agus bearta arb é is aidhm dóibh an rannchuidiú leis an iarmhairt a chosc nó a mhaolú, agus úsáid á baint nó méadú á dhéanamh ar an gcumas dul i gcion atá ag an gcuideachta ar pháirtithe freagracha eile chun an iarmhairt dhochrach féideartha a chosc nó a mhaolú. I gcásanna ina bhfuil baint dhíreach ag oibríochtaí, táirgí nó seirbhísí cuideachta le hiarmhairt dhochrach trína caidreamh gnó le heintitis eile, tuigfear gurb ionann bearta iomchuí agus bearta arb é is aidhm dóibh úsáid a bhaint nó méadú a dhéanamh ar chumas dul i gcion na cuideachta ar pháirtithe freagracha chun féachaint leis an iarmhairt dhochrach féideartha a chosc nó a mhaolú agus tionchar a imirt ar an eintiteas is cúis leis an iarmhairt.
Leasú 158
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 7 – mír 1 b (nua)
1b.  Chun críoch an Airteagail seo, toimhdeofar go bhfuil baint dhíreach ag gnóthais airgeadais le hiarmhairt dhochrach ina slabhra luacha gan é a bheith ina chúis leis ná rannchuidiú leis.
Leasú 159
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 7 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
2.   Beidh sé de cheangal ar chuideachtaí na bearta seo a leanas a dhéanamh, i gcás inarb ábhartha:
2.   Beidh sé de cheangal ar chuideachtaí bearta iomchuí a dhéanamh, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí seo a leanas, i gcás inarb ábhartha:
Leasú 160
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 7 – mír 2 – pointe a
(a)   i gcás inar gá, i ngeall ar chineál nó ar chastacht na mbeart is gá maidir le cosc, plean gníomhaíochta coisctheacha a fhorbairt agus a chur chun feidhme ina mbeidh amlínte réasúnta atá sainithe go soiléir le haghaidh gníomhaíochta agus le haghaidh táscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla chun feabhsú a thomhas. Déanfar an plean gníomhaíochta um chosc a fhorbairt i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara dá ndéantar difear;
(a)   i gcás inar gá, i ngeall ar chineál nó ar chastacht na mbeart is gá maidir le cosc, plean gníomhaíochta coisctheacha a fhorbairt agus a chur chun feidhme ina mbeidh amlíne réasúnta atá sainithe go soiléir le haghaidh bearta agus gníomhaíocht iomchuí a chur chun feidhme agus le haghaidh táscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla chun feabhsú a thomhas. Beidh an plean gníomhaíochta coisc infheidhme agus curtha in oiriúint go cruinn do chomhthéacs oibríochtaí agus slabhra luacha cuideachtaí. Measfar gur beart iomchuí é plean aistrithe aeráide a fhorbairt agus a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 15 chun iarmhairtí dochracha ar an gcomhshaol a bhaineann le maolú ar an athrú aeráide a chosc de bhun mhír 1 den Airteagal seo.
Leasú 161
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 7 – mír 2 – pointe b
(b)   dearbhuithe conarthacha a lorg ó chomhpháirtí gnó a bhfuil gaol díreach gnó aige leis go n-áiritheoidh sé go gcomhlíonfar cód iompair na cuideachta agus, de réir mar is gá, plean gníomhaíochta um chosc, lena n-áirítear trí urrúis chonarthacha chomhfhreagracha a lorg óna chomhpháirtithe, a mhéid agus is cuid de shlabhra luacha na cuideachta iad a gcuid gníomhaíochtaí (cascáidiú conarthach). Nuair a fhaightear na dearbhuithe conarthacha sin, beidh feidhm ag mír 4;
(b)   measúnú a dhéanamh go suífear trí fhorálacha conarthacha agus in éineacht le comhpháirtí a bhfuil caidreamh gnó aige leis go n-áiritheoidh sé go gcomhlíonfar cód iompair na cuideachta agus, de réir mar is gá, plean gníomhaíochta um chosc. D’fhéadfaí a iarraidh ar chomhpháirtithe a bhfuil caidreamh gnó ag an gcuideachta leo forálacha conarthacha a bheidh comhréireach, réasúnach, neamh-idirdhealaitheach agus cóir a leagan síos lena gcomhpháirtithe, a mhéid is gur cuid de shlabhra luacha na cuideachta iad a gcuid gníomhaíochtaí. Nuair a fhaightear na dearbhuithe conarthacha sin, beidh feidhm ag mír 4;
Leasú 162
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 7 – mír 2 – pointe c
(c)   na hinfheistíochtaí is gá a dhéanamh, amhail infheistíochtaí sna próisis agus sna bonneagair bhainistíochta nó táirgthe, chun mír 1 a chomhlíonadh;
(c)   na modhnuithe, na feabhsuithe, na haistarraingtí nó na hinfheistíochtaí is gá a dhéanamh ar oibríochtaí na cuideachta féin, nó infeistíochtaí a dhéanamh iontu, amhail bainistíocht, táirgeadh nó próisis oibríochtúla, saoráidí, táirgí agus inrianaitheacht táirgí, tionscadail, seirbhísí agus scileanna;
Leasú 163
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 7 – mír 2 – pointe c a (nua)
(ca)  samhlacha gnó agus straitéisí gnó a oiriúnú, lena n-áirítear cleachtais cheannaigh, lena n-áirítear iad siúd a chuireann le pá maireachtála agus ioncaim dá soláthróirí, chun iarmhairt dhochrach a d’fhéadfadh a bheith ann a chosc, agus beartais cheannaigh a fhorbairt agus a úsáid nach spreagann iarmhairt dhochrach féideartha ar chearta an duine ná ar an gcomhshaol;
Leasú 164
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 7 – mír 2 – pointe d
(d)   tacaíocht dhírithe chomhréireach a chur ar fáil do FBM a bhfuil caidreamh gnó seanbhunaithe ag an gcuideachta leis, i gcás ina gcuirfeadh an chomhlíontacht leis an gcód iompair nó leis an bplean gníomhaíochta coisc inmharthanacht an FBM i mbaol;
(d)   tacaíocht airgeadais agus riaracháin spriocdhírithe agus chomhréireach a sholáthar do FBM a bhfuil caidreamh gnó ag an gcuideachta leis;
Leasú 165
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 7 – mír 2 – pointe d a (nua)
(da)  dul i dteagmháil le caidreamh gnó faoi ionchais na cuideachta maidir leis na hiarmhairtí dochracha fhéideartha a chosc agus a mhaolú, lena n-áirítear trí rochtain ar fhothú acmhainneachta, treoir, tacaíocht riaracháin agus airgeadais amhail iasachtaí nó maoiniú a sholáthar nó a chumasú, agus acmhainní, eolas agus srianta an chomhpháirtí gnó á gcur san áireamh;
Leasú 166
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 7 – mír 2 – pointe e
(e)   i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear dlí na hiomaíochta, comhoibriú le heintitis eile, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, cur le cumas na cuideachta deireadh a chur leis an iarmhairt dhochrach, go háirithe i gcás nach bhfuil aon ghníomhaíocht eile oiriúnach ná éifeachtach.
(e)   i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear dlí na hiomaíochta, comhoibriú le heintitis eile, lena n-áirítear cur le cumas na cuideachta deireadh a chur leis an iarmhairt dhochrach, go háirithe i gcás nach bhfuil aon ghníomhaíocht eile oiriúnach ná éifeachtach;
Leasú 167
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 7 – mír 2 – pointe e a (nua)
(ea)  i gcás ina bhfuil nasc díreach ann le hiarmhairtí a tharlaíonn i gcaidrimh ghnó le cuideachtaí eile atá ag feidhmiú san Aontas, féadfar a áireamh ar bhearta iomchuí fógra a thabhairt don údarás maoirseachta ábhartha agus leanúint d’iarrachtaí réasúnacha a dhéanamh féachaint leis an iarmhairt a chosc nó a mhaolú.
Leasú 168
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 7 – mír 2 a (nua)
2a.  Agus táirge á dháileadh nó á dhíol nó seirbhís á soláthar acu, déanfaidh cuideachtaí bearta iomchuí chun a áirithiú go bhfuil comhdhéanamh, dearadh agus tráchtálú táirge nó seirbhíse i gcomhréir le dlí an Aontais agus nach mbeidh iarmhairtí dochracha mar thoradh air, bíodh sin ina aonar nó i dteannta a chéile. Ina leith sin, tabharfar aird ar leith ar an iarmhairt dhochrach a d’fhéadfadh a bheith ar leanaí.
Leasú 169
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 7 – mír 3
3.  Maidir le hiarmhairtí dochracha féideartha nach bhféadfaí a chosc ná a íoslaghdú go leordhóthanach leis na bearta i mír 2, féadfaidh an chuideachta iarracht a dhéanamh conradh a thabhairt i gcrích le comhpháirtí a bhfuil caidreamh indíreach aici leis, d’fhonn an chomhlíontacht le cód iompair na cuideachta nó le plean gníomhaíochta um chosc a bhaint amach. Nuair a thugtar conradh den sórt sin i gcrích, beidh feidhm ag mír 4.
scriosta
Leasú 170
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 7 – mír 4 – fomhír 1
Beidh na bearta iomchuí chun an chomhlíontacht a fhíorú ag gabháil leis na dearbhuithe conarthacha nó leis an gconradh. Chun comhlíontacht a fhíorú, féadfaidh an chuideachta tagairt a dhéanamh do thionscnaimh oiriúnacha de chuid an tionscail nó d’fhíorú neamhspleách tríú páirtí.
Beidh bearta chun tacú le dícheall cuí a dhéanamh ag gabháil leis na forálacha conarthacha.
Leasú 171
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 7 – mír 4 – fomhír 2
Nuair a fhaightear dearbhuithe conarthacha ó FBM, nó nuair a dhéantar conradh le FBM, beidh na téarmaí a úsáidfear cothrom, réasúnach agus neamh-idirdhealaitheach. I gcás ina ndéantar bearta chun comhlíontacht a fhíorú i ndáil le FBManna, is í an chuideachta a íocfaidh as costas an fhíoraithe neamhspleách tríú páirtí.
Nuair a bhunaítear forálacha, lena n-áirítear forálacha conarthacha, nó nuair a dhéantar conradh le heintiteas ag a bhfuil caidreamh gnó, beidh na téarmaí a úsáidtear cothrom, réasúnach agus neamh-idirdhealaitheach. I gcás ina ndéantar bearta chun comhlíontacht a fhíorú i ndáil le FBManna, is í an chuideachta a íocfaidh as costas an fhíoraithe neamhspleách tríú páirtí. Arna iarraidh sin do FBM, cumhdóidh siad na costais ina n-iomláine nó roinnfidh siad leis an gcuideachta iad. Féadfaidh FBManna torthaí na bhfíoruithe a dhéantar i ndáil leo féin a roinnt le níos mó ná cuideachta amháin.
Ní bheidh na forálacha conarthacha arna lorg i gcomhréir le mír 2 de chineál a fhágfaidh go n-aistreofar an fhreagracht as dícheall cuí a dhéanamh i gcomhréir leis an Treoir seo agus aistriú an dliteanais as mainneachtain déanamh amhlaidh.
Agus na forálacha conarthacha sin á lorg acu, measfaidh cuideachtaí an féidir a bheith ag súil leis go réasúnach go gcomhlíonfaidh an comhpháirtí gnó na forálacha sin.
Leasú 172
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 7 – mír 5 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach
Maidir le hiarmhairtí dochracha féideartha de réir bhrí mhír 1 nach bhféadfaí a chosc nó a mhaolú go leormhaith leis na bearta i míreanna 2, 3 agus 4, beidh sé de cheangal ar an gcuideachta staonadh ó chaidreamh nua a dhéanamh leis an gcomhpháirtí nó ón gcaidreamh sin a leathnú leis an gcomhpháirtí ar eascair an iarmhairt sin ina leith nó sa slabhra luacha, i gcás ina bhfuil siad ina theideal de réir an dlí lena rialaítear a gcaidreamh, agus déanfaidh sí na gníomhaíochtaí seo a leanas:
Maidir le hiarmhairtí dochracha féideartha de réir bhrí mhír 1, ar thionchair dhochracha iad ba chúis le cuideachta nó ar rannchuidigh sí léi agus nach bhféadfaí í a chosc nó a mhaolú go leormhaith, agus i gcás nach bhfuil ionchas réasúnach ann go n-athróidh sí, beidh sé de cheangal ar an gcuideachta staonadh ó chaidreamh nua a dhéanamh leis an gcomhpháirtí nó ón gcaidreamh sin a leathnú leis an gcomhpháirtí ar eascair an iarmhairt sin ina leith nó sa slabhra luacha, agus, i gcás ina bhfuil siad ina theideal de réir an dlí lena rialaítear a gcaidreamh, agus déanfaidh sí na gníomhaíochtaí seo a leanas mar rogha dheiridh, i gcomhréir leis an díscor freagrach:
Leasú 173
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 7 – mír 5 – fomhír 1 – pointe a
(a)   caidreamh tráchtála leis an gcomhpháirtí atá i gceist a fhionraí go sealadach, agus iarrachtaí coisctheacha agus íoslaghdúcháin á saothrú ag an am céanna, má tá súil réasúnta ann go n-éireoidh leis na hiarrachtaí sin sa ghearrthéarma;
(a)   caidreamh tráchtála leis an gcomhpháirtí atá i gceist a chur ar fionraí go sealadach, agus iarrachtaí coisctheacha agus maolaithe á saothrú ag an am céanna;
Leasú 174
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 7 – mír 5 – fomhír 1 – pointe b
(b)   deireadh a chur leis an gcaidreamh gnó maidir leis na gníomhaíochtaí lena mbaineann más mór an iarmhairt dhochrach féideartha.
(b)   deireadh a chur leis an gcaidreamh gnó i ndáil leis na gníomhaíochtaí lena mbaineann, mar gheall ar dhéine na hiarmharta dochraí féideartha nó mura gcomhlíontar na coinníollacha maidir le fionraí sealadach faoi phointe (a).
Leasú 175
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 7 – mír 5 – fomhír 1 a (nua)
Sula gcuirfear caidreamh tráchtála ar fionraí go sealadach nó sula bhfoirceannfar an caidreamh gnó, ceanglófar ar chuideachtaí ar dtús a mheas an mbeadh na hiarmhairtí dochracha a bhainfeadh leis sin níos mó ná an iarmhairt dhochrach a bheartaítear a chosc nó a mhaolú. Más amhlaidh a bheadh, féadfaidh cuideachtaí staonadh ó chaidreamh tráchtála a chur ar fionraí go sealadach nó ón gcaidreamh gnó a fhoirceannadh. I gcás ina ndéanann cuideachtaí caidreamh tráchtála a fhionraí go sealadach nó an caidreamh gnó a fhoirceannadh, déanfaidh siad bearta chun iarmhairtí is toradh le fionraí nó foirceanta a chosc, a mhaolú nó deireadh a chur leo, tabharfaidh siad fógra réasúnach don chomhpháirtí gnó agus coinneoidh siad an cinneadh sin faoi athbhreithniú.
Leasú 176
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 7 – mír 3 – fomhír 2
Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le rogha a bheith ar fáil chun deireadh a chur leis an gcaidreamh gnó i gconarthaí a rialaítear lena ndlíthe.
Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le rogha a bheith ar fáil caidreamh gnó a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh i gconarthaí arna rialú ag andlíthe, ach amháin i gcás conarthaí ina bhfuil oibleagáid dlí ar na páirtithe iad a dhéanamh. Féadfaidh cuideachtaí tagairt a dhéanamh d’údaráis mhaoirseachta chun treoir a fháil maidir leis an ngníomhaíocht atá le déanamh.
Leasú 177
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 7 – mír 6
6.   De mhaolú ar mhír 5, pointe (b), i gcás ina gcuirfidh cuideachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (a)(iv), creidmheas, iasacht nó seirbhísí airgeadais eile ar fáil, ní bheidh sé de cheangal orthu deireadh a chur leis an gconradh creidmheasa, iasachta nó conradh seirbhíse airgeadais eile nuair is féidir a bheith ag súil leis le réasún go ndéanfadh sé sin dochar substaintiúil don eintiteas a bhfuil an tseirbhís sin á soláthar dó.
6.   De mhaolú ar mhír 5, an chéad fhomhír, pointe (b), i gcás ina gcuireann cuideachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (a)(iv), seirbhísí airgeadais d’eintitis atá ina gcúis le hiarmhairtí dochracha féideartha fhéideartha nó a rannchuidíonn leo de réir bhrí mhír 1, ní bheidh sé de cheangal orthu an conradh seirbhíse airgeadais a fhoirceannadh má tá fíorghá leis sin chun féimheacht a chosc don eintiteas a bhfuil an tseirbhís sin á soláthar dó. Sa bhreis ar mhír 5, an dara fomhír, ní fhéadfar cinneadh a dhéanamh an conradh seirbhíse airgeadais a fhoirceannadh de mhaolú ar mhír 5, an chéad fhomhír, pointe (b), ach amháin, mar rogha dheireanach, i gcás inar mhainnigh iarrachtaí dhul i gcion na gcuideachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (a)(iv) tionchar a imirt ar an eintiteas a bhfuil an tseirbhís sin á soláthar dó chun iarmhairtí dochracha a d’fhéadfadh a bheith ann a chosc nó a mhaolú go leormhaith.
Leasú 178
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 8 – mír 1
1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh cuideachtaí bearta iomchuí chun iarmhairtí dochracha iarbhír a sainaithníodh, nó ba cheart a bheith sainaitheanta, de bhun Airteagal 6 a thabhairt chun deiridh, i gcomhréir le míreanna 2 go 6 den Airteagal seo.
1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh cuideachtaí bearta iomchuí chun iarmhairtí dochracha iarbhír a sainaithníodh, nó ba cheart a bheith sainaitheanta, de bhun Airteagal 6 a thabhairt chun deiridh, i gcomhréir le míreanna 2 go 6 den Airteagal seo.
Leasú 179
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 8 – mír 2
2.   I gcás nach féidir an iarmhairt dhochrach a thabhairt chun deiridh, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh cuideachtaí méid na hiarmharta sin a íoslaghdú.
2.   I gcás nach féidir deireadh a chur leis an iarmhairt dhochrach láithreach, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh cuideachtaí méid na hiarmharta sin a mhaolú go leormhaith, agus gach iarracht á déanamh acu chun deireadh a chur leis an iarmhairt dhochrach.
Leasú 180
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 8 – mír 2 a (nua)
2a.  Chun críoch an Airteagail seo, i gcásanna inar tharla iarmhairt iarbhír ag cuideachta, tuigfear gurb ionann bearta iomchuí agus bearta a bhfuil sé mar aidhm leo méid na hiarmharta dochraí iarbhír a mhaolú, agus damáiste a leigheas. I gcásanna inar chuir cuideachta le hiarmhairt dhochrach, tuigfear gurb ionann bearta iomchuí agus bearta arb é is aidhm dóibh an méid a cuireadh leis an iarmhairt dhochrach a mhaolú, agus an dul i gcion is féidir leis an gcuideachta a imirt ar pháirtithe freagracha eile á úsáid nó á mhéadú, chun an iarmhairt dhochrach a d’fhéadfaí a imirt a mhaolú agus chun rannchuidiú le damáiste a leigheas, a mhéid a cuireadh leis an iarmhairt dhochrach. I gcásanna ina bhfuil baint dhíreach ag oibríochtaí, táirgí nó seirbhísí cuideachta le hiarmhairt dhochrach trína caidreamh le heintitis eile, tuigfear gurb ionann bearta iomchuí agus bearta arb é is aidhm dóibh cumas dul i gcion na cuideachta ar pháirtithe freagracha a úsáid nó a mhéadú chun féachaint leis an iarmhairt dhochrach a mhaolú. Aon chuideachta atá nasctha go díreach le hiarmhairt dhochrach, breathnóidh sí ar úsáid a bhaint as an gcumas dul i gcion is féidir léi a imirt ar pháirtithe freagracha chun gur féidir aon damáiste de dheasca aon iarmharta dochraí a leigheas.
Leasú 181
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 8 – mír 2 b (nua)
2b.  Chun críoch an Airteagail seo, toimhdeofar go bhfuil baint dhíreach ag gnóthais airgeadais le hiarmhairt dhochrach ina slabhra luacha gan é a bheith ina chúis leis ná rannchuidiú leis.
Leasú 182
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 8 – mír 3 – an chuid réamhráiteach
3.   Beidh sé de cheangal ar chuideachtaí na bearta seo a leanas a dhéanamh, i gcás inarb ábhartha:
3.   Beidh sé de cheangal ar chuideachtaí bearta iomchuí a dhéanamh, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí seo a leanas, i gcás inarb ábhartha:
Leasú 183
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 8 – mír 3 – pointe a
(a)   an iarmhairt dhochrach a neodrú nó a mhéid a íoslaghdú, lena n-áirítear trí dhamáistí a íoc leis na daoine lena mbaineann agus trí chúiteamh airgeadais a íoc leis na pobail lena mbaineann. Beidh an ghníomhaíocht comhréireach le suntasacht agus scála na hiarmharta dochraí agus le rannchuidiú iompar na cuideachta leis an iarmhairt dhochrach;
(a)   i gcomhréir le hAirteagal 8c, an iarmhairt dhochrach a neodrú nó a mhéid a mhaolú go leormhaith trí na daoine dá ndéantar difear agus/nó an comhshaol a athbhunú i staid atá coibhéiseach nó chomh gar agus is féidir dá gcás roimh an iarmhairt. Beidh an ghníomhaíocht comhréireach agus ar cóimhéid le suntasacht agus scála na hiarmharta dochraí agus leis an méid a chuir iompar na cuideachta leis an iarmhairt dhochrach, chomh maith lena hacmhainní agus a cumas dul i gcion;
Leasú 184
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 8 – mír 3 – pointe b
(b)   i gcás inar gá, toisc nach féidir an iarmhairt dhochrach a thabhairt chun deiridh láithreach, plean gníomhaíochta ceartaitheach a fhorbairt agus a chur chun feidhme ina mbeidh amlínte réasúnta atá sainithe go soiléir le haghaidh gníomhaíochta agus le haghaidh táscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla chun feabhsú a thomhas. I gcás inarb ábhartha, déanfar an plean gníomhaíochta ceartaitheach a fhorbairt i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara dá ndéantar difear;
(b)   i gcás inar gá, toisc nach féidir an iarmhairt dhochrach a thabhairt chun deiridh láithreach, plean gníomhaíochta ceartaitheach a fhorbairt agus a chur chun feidhme ina mbeidh amlínte réasúnta atá sainithe go soiléir le haghaidh bearta agus gníomhaíochta iomchuí a chur chun feidhme agus le haghaidh táscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla chun feabhsú a thomhas. Beidh an plean gníomhaíochta coisctheach infheidhme agus curtha in oiriúint go cruinn do chomhthéacs oibríochtaí agus slabhra luacha cuideachtaí. Féadfaidh cuideachtaí a bpleananna gníomhaíochta a fhorbairt i gcomhar le tionscnaimh tionscail. Measfar gur beart iomchuí é plean aistrithe aeráide a fhorbairt agus a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 15 chun iarmhairtí dochracha ar an gcomhshaol a bhaineann le maolú ar an athrú aeráide a íoslaghdú de bhun mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo.
Leasú 185
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 8 – mír 3 – pointe c
(c)   dearbhuithe conarthacha a lorg ó chomhpháirtí gnó a bhfuil caidreamh gnó díreach aige leis go n-áiritheoidh sé go gcomhlíonfar cód iompair na cuideachta agus, de réir mar is gá, plean gníomhaíochta um chosc, lena n-áirítear trí urrúis chonarthacha chomhfhreagracha a lorg óna chomhpháirtithe, a mhéid agus is cuid de shlabhra luacha na cuideachta iad a gcuid gníomhaíochtaí (cascáidiú conarthach). Nuair a fhaightear na dearbhuithe conarthacha sin, beidh feidhm ag mír 5.
(c)   a roghnú, trí fhorálacha conarthacha agus in éineacht le comhpháirtí a bhfuil caidreamh gnó acu leis, a shuí go n-áiritheoidh sé go gcomhlíonfar cód iompair cuideachta, agus de réir mar is gá, plean gníomhaíochta ceartaithí. D’fhéadfaí a iarraidh ar chomhpháirtithe a bhfuil caidreamh gnó ag an gcuideachta leo forálacha conarthacha a bheidh comhréireach, réasúnach, neamh-idirdhealaitheach agus cóir a leagan síos lena gcomhpháirtithe, a mhéid is cuid den slabhra luacha iad. Nuair a fhaightear na dearbhuithe conarthacha sin, beidh feidhm ag mír 5;
Leasú 186
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 8 – mír 3 – pointe d
(d)   na hinfheistíochtaí is gá a dhéanamh, amhail infheistíochtaí sna próisis agus sna bonneagair bhainistíochta nó táirgthe, chun míreanna 1, 2 agus 3 a chomhlíonadh;
(d)   na modhnuithe, na feabhsuithe, na haistarraingtí nó na hinfheistíochtaí is gá a dhéanamh ar oibríochtaí na cuideachta féin, nó infeistíochtaí a dhéanamh iontu, amhail bainistíocht, táirgeadh nó próisis oibríochtúla, saoráidí, táirgí agus inrianaitheacht táirgí, tionscadail, seirbhísí agus scileanna;
Leasú 187
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 8 – mír 3 – pointe d a (nua)
(da)  samhlacha gnó agus straitéisí gnó a oiriúnú, lena n-áirítear cleachtais cheannaigh, lena n-áirítear iad siúd a chuireann le pá maireachtála agus ioncaim dá soláthróirí, chun deireadh a chur le hiarmhairtí dochracha iarbhír nó iad a mhaolú, agus beartais cheannaigh a fhorbairt agus a úsáid nach spreagann iarmhairtí dochracha iarbhír ar chearta an duine ná ar an gcomhshaol;
Leasú 188
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 8 – mír 3 – pointe e
(e)   tacaíocht spriocdhírithe chomhréireach a chur ar fáil do FBM a bhfuil caidreamh gnó ag an gcuideachta leis, i gcás ina gcuirfeadh an chomhlíontacht leis an gcód iompair nó leis an bplean gníomhaíochta ceartaithí inmharthanacht an FBM i mbaol;
(e)   tacaíocht airgeadais agus riaracháin spriocdhírithe agus chomhréireach a sholáthar do FBM a bhfuil caidreamh gnó ag an gcuideachta leis;
Leasú 189
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 8 – mír 3 – pointe e a (nua)
(ea)  dul i dteagmháil le caidreamh gnó faoi ionchais na cuideachta maidir le deireadh a chur le hiarmhairtí dochracha iarbhír agus iarmhairtí dochracha iarbhír a mhaolú, lena n-áirítear trí rochtain ar fhothú acmhainneachta, treoir, tacaíocht riaracháin agus airgeadais amhail iasachtaí nó maoiniú a sholáthar nó a chumasú, agus acmhainní, eolas agus srianta an chomhpháirtí gnó á gcur san áireamh;
Leasú 190
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 8 – mír 3 – pointe f a (nua)
(fa)  i gcás ina bhfuil nasc díreach ann le hiarmhairtí a tharlaíonn i gcaidrimh ghnó le cuideachtaí eile atá ag feidhmiú san Aontas, féadfar a áireamh ar bhearta iomchuí fógra a thabhairt don údarás maoirseachta ábhartha agus leanúint d’iarrachtaí réasúnacha a dhéanamh féachaint leis an iarmhairt a thabhairt chun deiridh nó an iarmhairt a mhaolú.
Leasú 191
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 8 – mír 3 a (nua)
3a.  Agus táirge á dháileadh nó á dhíol nó seirbhís á soláthar acu, déanfaidh cuideachtaí bearta iomchuí chun a áirithiú go bhfuil comhdhéanamh, dearadh agus tráchtálú táirge nó seirbhíse i gcomhréir le dlí an Aontais agus nach mbeidh iarmhairtí dochracha mar thoradh air, bíodh sin ina aonar nó i dteannta a chéile. Ina leith sin, tabharfar aird ar leith ar an iarmhairt dhochrach a d’fhéadfadh a bheith ar leanaí.
Leasú 192
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 8 – mír 4
4.  Maidir le drochthionchair iarbhír nach bhféadfaí a thabhairt chun deiridh ná a íoslaghdú go leordhóthanach leis na bearta i mír 3, féadfaidh an chuideachta iarracht a dhéanamh conradh a thabhairt i gcrích le comhpháirtí a bhfuil caidreamh indíreach aici leis, d’fhonn an chomhlíontacht le cód iompair na cuideachta nó le plean gníomhaíochta ceartaitheach a bhaint amach. Nuair a thugtar conradh den sórt sin i gcrích, beidh feidhm ag mír 5.
scriosta
Leasú 193
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 8 – mír 5 – fomhír 1
Beidh na bearta iomchuí chun an chomhlíontacht a fhíorú ag gabháil leis na dearbhuithe conarthacha nó leis an gconradh. Chun comhlíontacht a fhíorú, féadfaidh an chuideachta tagairt a dhéanamh do thionscnaimh oiriúnacha de chuid an tionscail nó d’fhíorú neamhspleách tríú páirtí.
Beidh bearta chun tacú le dícheall cuí a dhéanamh ag gabháil leis na forálacha conarthacha.
Leasú 194
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 8 – mír 5 – fomhír 2
Nuair a fhaightear dearbhuithe conarthacha ó FBM, nó nuair a dhéantar conradh le FBM, beidh na téarmaí a úsáidfear cothrom, réasúnach agus neamh-idirdhealaitheach. I gcás ina ndéantar bearta chun comhlíontacht a fhíorú i ndáil le FBManna, is í an chuideachta a íocfaidh as costas an fhíoraithe neamhspleách tríú páirtí.
Nuair a bhunaítear forálacha, lena n-áirítear forálacha conarthacha, nó nuair a dhéantar conradh le heintiteas ag a bhfuil caidreamh gnó, beidh na téarmaí a úsáidtear cothrom, réasúnach agus neamh-idirdhealaitheach. I gcás ina ndéantar bearta chun comhlíontacht a fhíorú i ndáil le FBManna, is í an chuideachta a íocfaidh as costas an fhíoraithe neamhspleách tríú páirtí. Féadfaidh FBManna torthaí na bhfíoruithe a dhéantar i ndáil leo féin a roinnt le níos mó ná cuideachta amháin.
Leasú 195
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 8 – mír 5 – fomhír 2 a (nua)
Ní bheidh na forálacha conarthacha arna lorg i gcomhréir le mír 3 de chineál a fhágfaidh go n-aistreofar an fhreagracht as dícheall cuí a dhéanamh i gcomhréir leis an Treoir seo mar aon leis an dliteanas as mainneachtain déanamh amhlaidh.
Leasú 196
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 8 – mír 5 – fomhír 2 b (nua)
Agus na forálacha conarthacha sin á lorg acu, measfaidh cuideachtaí an féidir a bheith ag súil leis go réasúnach go gcomhlíonfaidh an comhpháirtí gnó na forálacha sin.
Leasú 197
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 8 – mír 6 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach
Maidir le drochthionchair iarbhír de réir bhrí mhír 1 nach bhféadfaí a thabhairt chun deiridh nó nach bhféadfaí a méid a íoslaghdú leis na bearta i míreanna 3, 4 agus 5, staonfaidh an chuideachta ó chaidreamh nua a dhéanamh leis an gcomhpháirtí nó ón gcaidreamh sin a leathnú leis an gcomhpháirtí ar eascair an tionchar sin ina leith nó sa slabhra luacha, i gcás ina bhfuil siad ina theideal de réir an dlí lena rialaítear a gcaidreamh, agus déanfaidh sí ceann amháin de na gníomhaíochtaí seo a leanas:
Maidir le hiarmhairtí dochracha iarbhír de réir bhrí mhír 1, ar iarmhairtí dochracha iad ba chúis le cuideachta nó ar rannchuidigh sí léi agus nach bhféadfaí a thabhairt chun deiridh nó nach bhféadfaí a méid a mhaolú, agus i gcás nach bhfuil ionchas réasúnach ann go n-athróidh sí, beidh sé de cheangal ar an gcuideachta staonadh ó chaidreamh nua a dhéanamh leis an gcomhpháirtí nó ón gcaidreamh sin a leathnú leis an gcomhpháirtí ar eascair an tionchar sin ina leith nó sa slabhra luacha, agus, i gcás ina bhfuil siad ina theideal de réir an dlí lena rialaítear a gcaidreamh, agus déanfaidh sí na gníomhaíochtaí seo a leanas mar rogha dheiridh, i gcomhréir leis an díscor freagrach:
Leasú 198
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 8 – mír 6 – fomhír 1 – pointe a
(a)   an caidreamh tráchtála leis an gcomhpháirtí atá i gceist a chur ar fionraí go sealadach, agus iarrachtaí á saothrú chun deireadh a chur leis an drochthionchair nó chun méid an drochthionchair a íoslaghdú, nó
(a)   an caidreamh tráchtála leis an gcomhpháirtí atá i gceist a chur ar fionraí go sealadach, agus iarrachtaí coisctheacha agus maolaithe á saothrú ag an am céanna
Leasú 199
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 8 – mír 6 – fomhír 1 – pointe b
(b)   deireadh a chur leis an gcaidreamh gnó maidir leis na gníomhaíochtaí lena mbaineann, má mheastar gur tionchar dian é an drochthionchar.
(b)   deireadh a chur leis an gcaidreamh gnó i ndáil leis na gníomhaíochtaí lena mbaineann, mar gheall ar dhéine na hiarmharta dochraí iarbhír nó mura gcomhlíontar na coinníollacha maidir le fionraí shealadach faoi phointe (a).
Leasú 200
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 8 – mír 6 – fomhír 1 a (nua)
Sula gcuirfear caidreamh tráchtála ar fionraí go sealadach nó sula bhfoirceannfar an caidreamh gnó, ceanglófar ar chuideachtaí ar dtús a mheas an mbeadh na hiarmhairtí dochracha a bhainfeadh leis sin níos mó ná an iarmhairt dhochrach a bheartaítear deireadh a chur léi nó a mhaolú. Más amhlaidh a bheadh, féadfaidh cuideachtaí staonadh ó chaidreamh tráchtála a chur ar fionraí go sealadach nó ón gcaidreamh gnó a fhoirceannadh. I gcás ina ndéanann cuideachtaí caidreamh tráchtála a fhionraí go sealadach nó an caidreamh gnó a fhoirceannadh, déanfaidh siad bearta a chur i gcrích chun na hiarmhairtí a bhaineann le fionraí nó le foirceannadh a chosc, a mhaolú nó deireadh a chur leo, fógra réasúnta a thabhairt don chomhpháirtí gnó agus an cinneadh sin a choinneáil faoi athbhreithniú.
Leasú 201
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 8 – mír 6 – fomhír 2
Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le rogha a bheith ar fáil chun deireadh a chur leis an gcaidreamh gnó i gconarthaí a rialaítear lena ndlíthe.
Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le rogha a bheith ar fáil caidreamh gnó a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh i gconarthaí arna rialú ag a ndlíthe, ach amháin i gcás conarthaí ina bhfuil oibleagáid dlí ar na páirtithe iad a dhéanamh. Féadfaidh cuideachtaí tagairt a dhéanamh d’údaráis mhaoirseachta chun treoraíocht a fháil maidir leis an ngníomhaíocht atá le déanamh.
Leasú 202
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 8 – mír 7
7.   De mhaolú ar mhír 6, pointe (b), i gcás ina gcuirfidh cuideachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (a)(iv), creidmheas, iasacht nó seirbhísí airgeadais eile ar fáil, ní bheidh sé de cheangal orthu deireadh a chur leis an gconradh creidmheasa, iasachta nó conradh seirbhíse airgeadais eile nuair is féidir a bheith ag súil leis le réasún go ndéanfadh sé sin dochar substaintiúil don eintiteas a bhfuil an tseirbhís sin á soláthar dó.
7.   De mhaolú ar mhír 6, pointe (b), i gcás ina gcuireann cuideachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (a)(iv), seirbhísí airgeadais ar fáil d’eintitis atá ina gcúis le hiarmhairtí dochracha iarbhír nó a rannchuidíonn leo de réir bhrí mhír 1, ní bheidh sé de cheangal orthu an conradh seirbhíse airgeadais a fhoirceannadh má tá fíorghá leis sin chun féimheacht a chosc don eintiteas a bhfuil an tseirbhís sin á soláthar dó. De bhreis ar mhír 6, an dara fomhír, ní fhéadfar cinneadh a dhéanamh an conradh seirbhíse airgeadais a fhoirceannadh de mhaolú ar mhír 6, pointe (b), ach amháin, mar rogha dheiridh, i gcás inar mhainnigh iarrachtaí dhul i gcion na gcuideachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (a)(iv) tionchar a imirt ar an eintiteas a bhfuil an tseirbhís sin á soláthar dó chun deireadh a chur le hiarmhairtí dochracha iarbhír nó chun a méid a íoslaghdú.
Leasú 203
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 8 a (nua)
Airteagal 8 a
Bearta iomchuí ó infheisteoirí institiúideacha agus ó bhainisteoirí sócmhainní chun a gcuid cuideachtaí infheistiúcháin a spreagadh chun na hiarmhairtí dochracha iarbhír a bhfuil siad ina gcúis leo a thabhairt chun deiridh
1.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh infheisteoirí institiúideacha agus bainisteoirí sócmhainní bearta iomchuí mar a thuairiscítear i mír 3 den Airteagal seo chun a gcuid cuideachtaí infheistiúcháin a spreagadh chun na hiarmhairtí dochracha iarbhír a sainaithníodh nó ba cheart iad a bheith sainaitheanta de bhun Airteagal 6, a thabhairt chun deiridh.
2.  I gcás nach féidir an iarmhairt dhochrach a thabhairt chun deiridh, áiritheoidh na Ballstáit go spreagfaidh infheisteoirí institiúideacha agus bainisteoirí sócmhainní a gcuid cuideachtaí infheistiúcháin chun méid na hiarmharta sin a íoslaghdú.
3.  I gcás inarb ábhartha, beidh sé de cheangal ar infheisteoirí institiúideacha agus ar bhainisteoirí sócmhainní dul i dteagmháil leis an gcuideachta infheistiúcháin agus cearta vótála a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 3 g (1), pointe (a) de Threoir 2007/36/CE [SRD2], chun comhlacht bainistíochta de chuideachta infheistiúcháin a spreagadh chun an iarmhairt iarbhír a thabhairt chun deiridh nó a méid a íoslaghdú. Beidh an ghníomhaíocht a lorgófar ón gcuideachta infheistiúcháin comhréireach le suntasacht agus scála na hiarmharta dochraí agus le rannchuidiú iompar na cuideachta infheistiúcháin leis an iarmhairt dhochrach. Ar an gcaoi chéanna, beidh na gníomhaíochtaí a cheanglófar ar infheisteoirí institiúideacha agus ar bhainisteoirí sócmhainní comhréireach agus comhchuimseach, agus tabharfaidh siad aird chuí ar an méid rialaithe atá acu ar an gcuideachta infheistiúcháin.
Leasú 204
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 8 b (nua)
Airteagal 8b
Tosaíocht a thabhairt d'iarmhairtí dochracha iarbhír agus féideartha
1.  I gcásanna nach féidir gach iarmhairt dhochrach arna sainaithint a chosc, a thabhairt chun deiridh nó a mhaolú ag an am céanna trí bhearta iomchuí mar a leagtar amach in Airteagal 7 agus in Airteagal 8, féadfaidh cuideachtaí tosaíocht a thabhairt don ord ina ndéanann siad bearta iomchuí ar bhonn dóchúlacht agus déine iarmhairtí dochracha.
2.  Beidh sé de cheangal ar chuideachtaí bearta iomchuí a dhéanamh de réir mhír 1 de réir dhéine agus dhóchúlacht na n-iarmhairtí agus fachtóirí riosca á gcur san áireamh.
3.  A luaithe a thabharfar aghaidh ar na hiarmhairtí dochracha is déine agus is dóchúla i gcomhréir le hAirteagal 7 nó 8 laistigh de thréimhse réasúnta, tabharfaidh an chuideachta aghaidh ar iarmhairtí dochracha nach bhfuil chomh dian céanna agus nach bhfuil aon dóchúlacht ann ina leith.
Leasú 205
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 8 c (nua)
Airteagal 8c
Iarmhairtí dochracha iarbhír a leigheas
1.  Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás iarmhairt dhochrach iarbhír, ba chúis le cuideachta nó ar rannchuidigh sí léi, go ndéanfaidh an chuideachta sin bearta iomchuí chun an iarmhairt dhochrach sin agus an dochar a d’fhéadfadh a bheith déanta aici do dhaoine nó don chomhshaol a leigheas nó rannchuidiú leis sin. Féadfar an feabhsúchán a mholadh mar thoradh ar nós imeachta casaoide neamhbhreithiúnach mar a leagtar síos in Airteagal 9.
2.  Beidh sé d’aidhm ag bearta feabhais den sórt sin na daoine agus na grúpaí nó na pobail agus/nó an comhshaol a ndéantar difear dóibh a athbhunú go staid atá coibhéiseach nó chomh gar agus is féidir don staid ina raibh siad roimh an iarmhairt. Féadfar a áireamh orthu sin cúiteamh, aiseag, athshlánú, leithscéal poiblí, athbhunú nó rannchuidiú le himscrúduithe. Cuirfidh cuideachtaí cosc ar dhíobháil bhreise a dhéanamh.
3.  Áiritheoidh na Ballstáit go ngníomhóidh an deasc chabhrach aonair arna hainmniú de bhun Airteagal 14a mar phointe teagmhála d’idirghabháil díchill chuí chun cabhrú le cuideachtaí agus le geallsealbhóirí teacht ar réitigh feabhais. Agus na dualgais sin á gcomhlíonadh aici, beidh an deasc chabhrach aonair neamhchlaonta, intuartha agus cothromasach.
4.  I gcás ina bhfuil cuideachta nasctha go díreach le hiarmhairt dhochrach, molfaidh na Ballstáit di a bheith rannpháirteach go deonach in aon bhearta feabhais, i gcás inarb iomchuí, agus molfaidh siad do chuideachtaí a gcumas dul i gcion ar pháirtithe freagracha a úsáid chun gur féidir aon damáiste a dhéantar de bharr iarmharta a leigheas.
Leasú 206
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 8 d (nua)
Airteagal 8d
Rannpháirtíocht fhóinteach a dhéanamh leis na geallsealbhóirí a ndéantar difear dóibh
1.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh cuideachtaí bearta iomchuí chun rannpháirtíocht fhóinteach a dhéanamh leis na geallsealbhóirí a ndéantar difear dóibh lena gcumasaítear fíor-idirghníomhaíocht agus idirphlé ina bpróiseas díchill chuí. Chuige sin, ba cheart go gcumhdófar leis an rannpháirtíocht faisnéis agus comhairliúchán leis na geallsealbhóirí a ndéantar difear dóibh agus ba cheart go mbeadh sí cuimsitheach, struchtúrach, éifeachtach, tráthúil agus freagrúil ó thaobh an chultúir de agus ó thaobh inscne de.
2.  I gcásanna nach mbeifear in ann dul i mbun rannpháirtíocht fhóinteach leis na geallsealbhóirí a ndéantar difear dóibh, nó i gcás ina mbeidh rannpháirtíocht le peirspictíochtaí saineolaithe breise úsáideach chun go mbeidh an chuideachta in ann ceanglais na Treorach seo a chomhlíonadh go hiomlán, go háirithe i gcomhthéacs cinntí scóipe agus tosaíochta faoi Airteagal 6, rachaidh cuideachtaí i dteagmháil ar bhealach fóinteach le geallsealbhóirí ábhartha eile, amhail eagraíochtaí na sochaí sibhialta, nó daoine dlítheanacha nó nádúrtha a chosnaíonn cearta an duine nó an comhshaol chun léargas inchreidte a fháil ar iarmhairtí dochracha féideartha nó iarbhír, chun go mbeifear in ann ceanglais na Treorach seo a chomhlíonadh.
3.  Déanfaidh cuideachtaí, de réir mar is iomchuí, faisnéis chuimsitheach, spriocdhírithe agus ábhartha a sholáthar do gheallsealbhóirí a ndéantar difear dóibh faoina slabhra luacha agus faoina n-iarmhairtí dochracha iarbhír nó féideartha ar an gcomhshaol, ar chearta an duine agus ar dhea-rialachas.
4.  Beidh cead ag na geallsealbhóirí a ndéantar difear dóibh faisnéis bhreise i scríbhinn a iarraidh, a chuirfidh an chuideachta ar fáil laistigh de thréimhse réasúnta ama agus i bhformáid iomchuí agus intuigthe. Gan dochar do Threoir (AE) 2016/943, má dhiúltaíonn an chuideachta d’iarraidh ar fhaisnéis bhreise, beidh an geallsealbhóir a ndéantar difear dó i dteideal an bonn cirt leis an diúltú sin a fháil i scríbhinn. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na húdaráis mhaoirseachta nó bhreithiúnacha i dteideal a ordú go nochtfaí an fhaisnéis.
5.  Bunóidh cuideachtaí creat iomchuí chun dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí a ndéantar difear dóibh. Féadfaidh cuideachtaí a chinneadh geallsealbhóirí éagsúla a ndéantar difear dóibh a shainaithint agus dul i gcomhairle leo ag brath ar an gcomhthéacs nó ar an iarmhairt dhochrach lena mbaineann. Cuirfidh cuideachtaí go háirithe oibrithe agus ionadaithe oibrithe chomh maith le geallsealbhóirí ábhartha eile a ndéantar difear dóibh ar an eolas agus beartas díchill chuí á fhorbairt acu i gcomhréir le hAirteagal 5, agus iarmhairtí dochracha á sainaithint acu i gcomhréir le hAirteagal 6, agus pleananna gníomhaíochta á bhforbairt acu nó caidreamh gnó á fhoirceannadh acu i gcomhréir le hAirteagal 7 agus le hAirteagal 8, agus tús áite á thabhairt dá n-iarmhairtí dochracha i gcomhréir le hAirteagal 8b, agus bearta feabhais á bhforbairt acu i gcomhréir le hAirteagal 8c, agus sásra maidir le fógra a thabhairt nó sásra casaoide neamhbhreithiúnach á mbunú acu i gcomhréir le hAirteagal 9 agus nuair a bheidh a n-oibleagáidí á gcur i gcrích acu i gcomhréir le hAirteagal 10.
6.  Cuirfidh a gcuideachta oibrithe agus a n-ionadaithe ar an eolas faoina beartas díchill chuí agus faoi chur chun feidhme an bheartais sin, agus beidh rannpháirtíocht leo gan dochar do reachtaíocht an Aontais agus don reachtaíocht náisiúnta atá ann cheana i réimse na fostaíochta agus na gceart sóisialta mar aon leis na comhaontuithe cómhargála is infheidhme.
7.  Agus iad ag cur geallsealbhóirí a ndéantar difear dóibh ar an eolas agus ag dul i gcomhairle leo, sainaithneoidh cuideachtaí bacainní ar rannpháirtíocht agus tabharfaidh siad aghaidh orthu agus áiritheoidh cuideachtaí nach ndéanfar frithbhearta ná bearta díoltais in éadan rannpháirtithe, lena n-áirítear trí rúndacht nó anaithnideacht a choinneáil. Tabharfaidh cuideachtaí aird ar leith ar riachtanais geallsealbhóirí leochaileacha, agus ar leochaileachtaí forluiteacha agus ar thosca trasnacha, áiritheoidh siad cur chuige atá freagrúil ó thaobh inscne de, agus urramóidh siad go hiomlán Dearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach.
Leasú 207
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 9 – teideal
Nósanna imeachta gearán
Sásra maidir le fógra a thabhairt agus sásra casaoide neamhbhreithiúnach
Leasú 208
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 9 – mír 1
1.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh cuideachtaí an deis ar fáil do dhaoine agus d’eagraíochtaí atá liostaithe i mír 2 gearáin a chur faoina mbráid i gcás ina bhfuil imní dhlisteanach orthu maidir le drochthionchair iarbhír nó fhéideartha ar chearta an duine agus drochthionchair ar an gcomhshaol i ndáil lena n-oibríochtaí féin, oibríochtaí a bhfochuideachtaí agus a slabhraí luacha.
1.   Áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh cuideachtaí sásraí éifeachtacha maidir le fógra a thabhairt agus sásraí casaoide neamhbhreithiúnacha atá ar fáil go poiblí a chur ar fáil ar an leibhéal oibríochtúil, ar féidir le daoine agus eagraíochtaí atá liostaithe i mír 2 iad a úsáid chun fógra a thabhairt dóibh nó chun casaoidí a ardú agus chun leigheas a iarraidh, i gcás ina bhfuil faisnéis dhlisteanach nó ábhair imní acu maidir le hiarmhairtí dochracha iarbhír nó féideartha ar chearta an duine ar an gcomhshaol i ndáil le hoibríochtaí na gcuideachtaí féin, oibríochtaí a bhfochuideachtaí agus a slabhraí luacha. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cuideachtaí in ann an deis sin a thabhairt chun fógraí agus casaoidí a chur isteach trí shocruithe comhoibríocha, lena n-áirítear tionscnaimh tionscail, le cuideachtaí nó eagraíochtaí eile, trí pháirt a ghlacadh i sásraí casaoide il-gheallsealbhóra nó trí dhul isteach i gcreat-chomhaontú domhanda.
Leasú 209
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 9 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
(2)   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh siad seo a leanas na gearáin a chur isteach:
(2)   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh siad seo a leanas na casaoidí a chur isteach:
Leasú 210
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 9 – mír 2 – pointe a
(a)   daoine ndéantar difear nó a bhfuil forais réasúnacha acu chun a chreidiúint go bhféadfadh drochthionchar a bheith acu orthu,
(a)   daoine a ndéantar difear dóibh nó a bhfuil forais réasúnacha acu chun a chreidiúint go bhféadfadh iarmhairt dhochrach a bheith acu orthu, agus ionadaithe dlisteanacha na ndaoine aonair sin, nó, i gcásanna nach bhfuil aon daoine aonair, grúpaí nó pobail ann a ndéanann iarmhairt dhochrach ar an gcomhshaol difear dóibh, eagraíochtaí inchreidte a bhfuil taithí acu a n-áirítear cosaint an chomhshaoil mar chuspóir acu,
Leasú 211
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 9 – mír 2 – pointe c
(c)  eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá gníomhach sna réimsí a bhaineann leis an slabhra luacha lena mbaineann.
scriosta
Leasú 212
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 9 – mír 2 a (nua)
2a.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na daoine agus na heagraíochtaí a liostaítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 2 fógraí a thíolacadh, agus de bhreis air sin, a mhéid nach bhfuil siad cumhdaithe faoi na pointí sin, leis an méid seo a leanas:
(a)  daoine dlítheanacha nó nádúrtha a chosnaíonn cearta an duine nó an comhshaol;
(b)  eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá gníomhach sna réimsí a bhaineann leis an slabhra luacha lena mbaineann.
Leasú 213
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 9 – mír 3
3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbunóidh na cuideachtaí nós imeachta chun déileáil leis na gearáin dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear nós imeachta nuair a mheasann an chuideachta go bhfuil an gearán gan bhunús, agus na hoibrithe agus na ceardchumainn ábhartha a chur ar an eolas faoi na nósanna imeachta sin. Áiritheoidh na Ballstáit i gcás ina bhfuil bunús maith leis an ngearán, go measfar an drochthionchar is ábhar don ghearán a bheith sainaitheanta de réir bhrí Airteagal 6.
3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbunóidh na cuideachtaí nós imeachta chun déileáil le fógraí agus casaoidí dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear nós imeachta nuair a mheasann an chuideachta go bhfuil na fógraí nó na casaoidí gan bhunús, agus cuirfidh siad na geallsealbhóirí ábhartha a ndéantar difear dóibh, agus a n-ionadaithe i gcás inarb infheidhme, agus daoine nó eagraíochtaí ábhartha eile a chumhdaítear le mír 2 agus mír 2a ar an eolas faoi na nósanna imeachta sin. Áiritheoidh na Ballstáit i gcás ina bhfuil bunús maith leis an bhfógra nó leis an gcasaoid, go measfar an iarmhairt dhochrach is ábhar don fhógra nó don chasaoid a bheith sainaitheanta de réir bhrí Airteagal 6.
Leasú 214
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 9 – mír 3 a (nua)
3a.  Áiritheoidh na Ballstáit, nuair a bhunóidh cuideachtaí sásraí maidir le fógra a thabhairt agus sásraí casaoide nó nuair a bheidh siad rannpháirteach iontu, go mbeidh na sásraí sin dlisteanach, inrochtana, intuartha, cothrom, trédhearcach, comhoiriúnach do chearta, freagrúil ó thaobh inscne agus an chultúir de agus bunaithe ar rannpháirtíocht agus ar idirphlé. Déanfar sásraí maidir le fógra a thabhairt agus sásraí casaoide a dhearadh agus a oibriú ar bhealach a bheidh bunaithe ar pheirspictíochtaí na ngeallsealbhóirí agus a chuirfear in oiriúint do riachtanais na ndaoine ar dóigh dóibh a bheith ar na daoine is leochailí i leith iarmhairtí dochracha. Déanfaidh cuideachtaí beartais agus próisis a ghlacadh agus a chur chun feidhme chun neamhspleáchas an tsásra maidir le fógra a thabhairt agus an tsásra casaoide a chaomhnú.
Leasú 215
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 9 – mír 3 b (nua)
3b.  Déanfaidh cuideachtaí bearta chun a áirithiú go bhfuil daoine a chuireann isteach fógraí nó casaoidí saor ó fhrithbheart nó díoltas, lena n-áirítear trína áirithiú gur féidir fógraí agus casaoidí a dhéanamh gan ainm a thabhairt nó faoi rún, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus beartais a ghlacadh agus a chur chun feidhme chuige sin. I gcás inar gá faisnéis a roinnt, déanfar é ar bhealach nach gcuirfidh sábháilteacht na ngeallsealbhóirí i mbaol, lena n-áirítear trí gan a gcéannacht a nochtadh.
Leasú 216
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 9 – mír 3 c (nua)
3c.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh daoine a chuireann casaoidí isteach faoi mhír 2, i gcás nach ndéanfaidh siad amhlaidh ar bhealach anaithnid, i dteideal obair leantach thráthúil iomchuí a fháil ón gcuideachta a bhfuil casaoid curtha isteach acu léi de bhun mhír 1 agus go mbeidh siad i dteideal an méid seo a leanas freisin:
(a)  go dtabharfar réasúnaíocht dóibh i dtaobh an bhfuil sé measta go bhfuil bunús leis an gcasaoid nó an bhfuil an chasaoid gan bhunús agus faisnéis a bheith curtha ar fáil dóibh maidir leis na bearta agus na gníomhaíochtaí atá déanta;
(b)  idirphlé a dhéanamh le hionadaithe na cuideachta ar leibhéal iomchuí chun iarmhairtí dochracha féideartha nó iarbhír atá ina n-ábhar don chasaoid a phlé;
(c)  iarraidh ar chuideachtaí iarmhairtí dochracha iarbhír a leigheas nó rannchuidiú leis na hiarmhairtí dochracha iarbhír a leigheas, i gcomhréir le hAirteagal 8c.
Leasú 217
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 9 – mír 4 – an chuid réamhráiteach
4.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na gearánaithe i dteideal an mhéid a leanas:
4.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh daoine a chuireann fógraí isteach faoi mhír 2a, i gcás nach ndéanfaidh siad amhlaidh ar bhealach anaithnid, i dteideal obair leantach thráthúil iomchuí a fháil ón gcuideachta a bhfuil fógra curtha isteach acu léi de bhun mhír 1.
Leasú 218
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 9 – mír 4 – pointe a
(a)  obair leantach iomchuí a iarraidh ar an ngearán ón gcuideachta a bhfuil gearán curtha isteach aici léi de bhun mhír 1, agus
scriosta
Leasú 219
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 9 – mír 4 – pointe b
(b)  bualadh le hionadaithe na cuideachta ar leibhéal cuí chun drochthionchair iarbhír nó fhéideartha atá ina n-ábhar don ghearán a phlé.
scriosta
Leasú 220
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 9 – mír 4 a (nua)
4a.  Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar de chumhacht do na húdaráis mhaoirseachta treoraíocht a thabhairt do chuideachtaí agus do ghníomhaithe ábhartha eile atá freagrach as sásraí maidir le fógra a thabhairt agus sásraí casaoide a fhorbairt agus a riar, lena n-áirítear i ndáil leis na critéir a leagtar amach san Airteagal seo a bheith á gcomhlíonadh acu, i gcomhréir leis na caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta.
Leasú 221
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 9 – mír 4 b (nua)
4b.  Ní réamhriachtanas a bheidh i bhfógra nó casaoid a chur isteach faoin Airteagal seo ná ní chuirfidh sé cosc ar an duine atá á gcur isteach ó rochtain a bheith aige ar an nós imeachta maidir le hábhar imní a bhfuil bunús leis faoi Airteagal 19 ná ar shásraí breithiúnacha ná ar shásraí neamhbhreithiúnacha eile, amhail pointí teagmhála náisiúnta ECFE i gcás inarb ann dóibh.
Leasú 222
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 10 – teideal
Faireachán
Faireachán agus fíorú
Leasú 223
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 10 – mír 1
Áirtheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh cuideachtaí measúnuithe tréimhsiúla ar a n-oibríochtaí agus ar a mbearta féin, ar oibríochtaí a bhfochuideachtaí agus, i gcás ina bhfuil baint acu le slabhraí luacha na cuideachta, ar oibríochtaí a gcaidrimh ghnó, chun faireachán a dhéanamh ar a éifeachtaí atá na bearta chun drochthionchair ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol a shainaithint, a chosc, a mhaolú agus a thabhairt chun deiridh agus a íoslaghdú. Beidh na measúnuithe sin bunaithe, i gcás inarb iomchuí, ar tháscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla agus déanfar iad gach 12 mhí ar a laghad agus aon uair a bheidh forais réasúnacha ann lena chreidiúint go bhféadfadh rioscaí suntasacha nua teacht chun cinn maidir leis na drochthionchair sin a tharlú. Déanfar an beartas díchill chuí a nuashonrú i gcomhréir le toradh na measúnuithe sin.
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh cuideachtaí cur chun feidhme a fhíorú go leanúnach agus faireachán a dhéanamh ar leormhaitheas agus éifeachtacht a ngníomhaíochtaí arna ndéanamh i gcomhréir leis an Treoir seo. Beidh an faireachán agus an fíorú bunaithe, i gcás inarb iomchuí, ar tháscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla agus déanfar ar bhonn leanúnach iad, agus cineál, déine agus dóchúlacht na n-iarmhairtí dochracha i dtrácht á gcur san áireamh agus aon uair a bheidh forais réasúnacha ann lena chreidiúint go bhféadfadh rioscaí nua teacht chun cinn maidir leis na hiarmhairtí dochracha sin a tharlú. I gcás inarb iomchuí, déanfar an beartas díchill chuí, an plean gníomhaíochta coisc agus an plean gníomhaíochta ceartaithí a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an toradh a bheidh ar na measúnuithe sin.
Leasú 224
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 11 – mír 1
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh cuideachtaí nach bhfuil faoi réir ceanglas tuairiscithe faoi Airteagal 19a agus Airteagal 29a de Threoir 2013/34/AE tuarascáil ar na hábhair a chumhdaítear leis an Treoir seo trí ráiteas bliantúil a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin i dteanga is gnách a úsáid i réimse an ghnó idirnáisiúnta. Foilseofar an ráiteas faoin 30 Aibreán gach bliain, ina gcumhdófar an bhliain féilire roimhe sin.
1.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh cuideachtaí nach bhfuil faoi réir ceanglas tuairiscithe faoi Airteagal 19a, Airteagal 29a agus Airteagal 40a de Threoir 2013/34/AE tuarascáil ar na hábhair a chumhdaítear leis an Treoir seo trí ráiteas bliantúil a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais ar a laghad. Foilseofar an ráiteas tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis dháta chlár comhardaithe na bliana airgeadais a bhfuil an ráiteas tarraingthe suas ina leith. I gcás cuideachtaí nach cuideachtaí de chuid an Aontais iad, beidh faisnéis sa ráiteas maidir leis an mbealach chun teagmháil a dhéanamh le hionadaí údaraithe na cuideachta mar a shainmhínítear in Airteagal 16.
Leasú 225
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 11 – mír 2
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 28 maidir le hinneachar agus critéir an tuairiscithe sin faoi mhír 1, lena sonrófar faisnéis maidir leis an tuairisc ar dhícheall cuí, drochthionchair fhéideartha agus iarbhír agus gníomhaíochtaí arna ndéanamh ina leith sin.
2.  Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 28 maidir le hinneachar agus critéir an tuairiscithe sin faoi mhír 1, lena n-áiritheofar go bhfuil sé comhsheasmhach leis na ceanglais maidir le nochtadh díchill chuí a leagtar amach in Airteagal 40b de Threoir 2013/34/AE, agus lena sonrófar faisnéis maidir leis an tuairisc ar dhícheall cuí, iarmhairtí dochracha féideartha agus iarbhír agus gníomhaíochtaí arna ndéanamh ina leith sin. Ba cheart an tuairisciú sin a bheith sách mionsonraithe chun a léiriú gur chomhlíon sé na hoibleagáidí faoin Treoir seo.
Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh aige, áiritheoidh an Coimisiún nach mbeidh aon dúbláil sna ceanglais tuairiscithe le haghaidh cuideachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (a)(iv), atá faoi réir ceanglais tuairiscithe agus a dhéanann iarmhairtí dochracha príomha a mheas i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus fós na hoibleagáidí íosta a shonraítear sa Treoir seo á gcoinneáil go hiomlán.
I gcás cuideachtaí nach bhfuil suíomh gréasáin acu, tiomnóidh na Ballstáit suíomh gréasáin d’fhoilsiú ráiteas bliantúil na gcuideachtaí lena mbaineann.
Leasú 226
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 11 a (nua)
Airteagal 11 a
Inrochtaineacht faisnéise ar an bPointe Rochtana Aonair Eorpaigh (ESAP)
1.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh cuideachtaí, agus na ráitis bhliantúla arna dtarraingt suas de bhun Airteagal 11(1) den Treoir seo á bpoibliú acu, an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo ag an am céanna, le haghaidh inrochtaineachta ar ESAP arna bhunú faoi Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a.
Comhlíonfaidh an fhaisnéis sin na ceanglais uile seo a leanas:
(a)  ullmhófar an fhaisnéis i bhformáid ar féidir sonraí a bhaint di mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP]1b nó, i gcás ina gceanglaítear é le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (13), de Threoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1c;
(b)  beidh na meiteashonraí uile seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:
(i)  ainmneacha uile na cuideachta lena mbaineann an fhaisnéis;
(ii)  aitheantóir eintitis dhlítheanaigh na cuideachta, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP];
(iii)  méid na cuideachta de réir catagóire, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP];
(iv)  an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP];
(v)  an tréimhse shonrach a mbeidh an fhaisnéis le cur ar fáil go poiblí ar ESAP ina leith, i gcás inarb ábhartha.
2.  Chun críocha mhír 1(b)(ii), áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh cuideachtaí aitheantóir eintitis dhlítheanaigh mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP].
3.  Faoin [1 lá sula dtiocfaidh an oibleagáid ar chuideachtaí i bhfeidhm maidir le faisnéis a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin], chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil ar ESAP, ainmneoidh na Ballstáit ceann de na sásraí atá ceaptha go hoifigiúil dá dtagraítear in Airteagal 21, pointe (2) de Threoir 2004/109/CE mar an comhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP] agus tabharfaidh siad fógra do ESMA ina leith.
4.  D’fhonn bailiú agus riarachán éifeachtúil na sonraí arna gcur isteach i gcomhréir le mír 1, pointí (a) agus (b), a áirithiú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún bearta cur chun feidhme a ghlacadh lena sonrófar:
(a)  aon mheiteashonraí eile chun gabháil leis an bhfaisnéis;
(b)  struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;
(c)  cé acu atá nó nach bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite agus cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.
__________________
1a Rialachán (AE) XX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Pointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP) lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis, atá ar fáil go poiblí, is ábhartha do sheirbhísí airgeadais, do mhargaí caipitil agus don inbhuanaitheacht (IO L [...], […], lch. […]).
1b Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).
1c Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73)
Leasú 227
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 12 – mír 1
Chun tacaíocht a thabhairt do chuideachtaí chun comhlíonadh Airteagal 7(2), pointe (b) agus Airteagal 8(3), pointe (c) a éascú, glacfaidh an Coimisiún treoir maidir le clásail chonarthacha shamplacha dheonacha.
Chun tacaíocht a thabhairt do chuideachtaí chun comhlíonadh Airteagal 7(2), pointe (b) agus Airteagal 8(3), pointe (c), a éascú, glacfaidh an Coimisiún, i gcomhairle leis na Ballstáit agus leis na geallsealbhóirí ábhartha, treoraíocht, a bheidh curtha in oiriúint d’earnáil agus do mhéid na gcuideachtaí, maidir le clásail chonarthacha eiseamláireacha dheonacha faoi dháta chur i bhfeidhm na Treorach seo. Déanfar an méid seo a leanas, ar a laghad, a leagan síos sna clásail chonarthacha eiseamláireacha sin:
Leasú 228
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 12 – mír 1 – pointe a (nua)
(a)  leithdháileadh soiléir cúraimí idir an dá pháirtí chonarthacha i gcomhar leanúnach, agus nach mbeidh na clásail chonarthacha de chineál a fhágfaidh go n-aistreofar an fhreagracht as dícheall cuí a dhéanamh; agus
Leasú 229
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 12 – mír 1 – pointe b (nua)
(b)  gan dochar d’Airteagal 7(5) agus d’Airteagal 8(6), i gcás ina sárófar clásail chonarthacha, déanfaidh cuideachtaí bearta iomchuí ar dtús i gcomhréir le hAirteagal 7 (4) agus le hAirteagal 8(5) agus seachnóidh siad clásail den sórt sin a fhoirceannadh.
Leasú 230
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 13 – mír 1
Chun tacaíocht a sholáthar do chuideachtaí nó d’údaráis na mBallstát maidir leis an gcaoi ar cheart do chuideachtaí a n-oibleagáidí díchill chuí a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara, le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, agus i gcás inarb iomchuí le comhlachtaí idirnáisiúnta a bhfuil saineolas acu ar an dícheall cuí, treoirlínte a eisiúint, lena n-áirítear treoirlínte le haghaidh earnálacha sonracha nó maidir le drochthionchair shonracha.
1.  Chun tacaíocht a chur ar fáil do chuideachtaí nó d’údaráis na mBallstát maidir leis an gcaoi ar cheart do chuideachtaí a n-oibleagáidí díchill chuí a chomhlíonadh, lena n-áirítear maidir le cearta agus cosaintí atá cumhdaithe san Iarscríbhinn, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhairle leis na Ballstáit, leis na comhpháirtithe sóisialta trastionscail agus earnálacha Eorpacha agus le geallsealbhóirí ábhartha eile, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, an tÚdarás Eorpach Saothair, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide (EISMEA), an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, agus i gcás inarb iomchuí le ECFE agus le comhlachtaí idirnáisiúnta eile a bhfuil saineolas acu ar dhícheall cuí, treoirlínte soiléire agus sothuigthe a eisiúint, lena n-áirítear treoraíocht ghinearálta agus treoraíocht a bhaineann go sonrach le hearnáil faoi leith, ar mhaithe le comhlíonadh a éascú ar bhealach praiticiúil.
Leasú 231
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 13 – mír 1 a (nua)
1a.  Chun tacaíocht a chur ar fáil do chuideachtaí nó d’údaráis na mBallstát maidir leis an gcaoi ar cheart do chuideachtaí a n-oibleagáidí díchill chuí a chomhlíonadh, áireofar na nithe seo a leanas sna treoirlínte:
(a)  faisnéis maidir le cur chun feidhme chearta an duine agus na gcaighdeán comhshaoil is infheidhme maidir le gnólachtaí bunaithe ar Threoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta mar a soiléiríodh i dTreoir ECFE um Dhícheall Cuí maidir le hIompar Freagrach Gnó chomh maith le Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine;
(b)  liostaí d’fhachtóirí riosca agus de threoraíocht a ghabhann leo, lena n-áirítear fachtóirí riosca ar leibhéal fiontair, fachtóirí riosca geografacha agus fachtóirí riosca earnála;
(c)  treoraíocht earnáilsonrach, go háirithe don earnáil seo a leanas, i gcomhréir le treoirlínte ECFE atá ann faoi láthair nó a bheidh ann amach anseo:
(i)  monarú, trádáil mhórdhíola agus miondíol teicstílí, corpbhirt, fionnaidh, leathair agus táirgí gaolmhara (lena n-áirítear coisbheart),
(ii)  talmhaíocht, soláthar uisce, bainistiú talún agus acmhainní, lena n-áirítear caomhnú an dúlra, foraoiseacht, iascach (lena n-áirítear dobharshaothrú), tionscal rubair, monarú táirgí bia, margaíocht agus fógraíocht bia agus deochanna, agus trádáil mhórdhíola agus miondíol amhábhar talmhaíochta, ainmhithe beo, táirgí ainmhithe, adhmad, bia agus deochanna, agus bainistiú dramhaíola,
(iii)  mianadóireacht agus cairéalacht, eastóscadh, scagadh, iompar agus láimhseáil acmhainní mianraí gan beann ar an áit as a n-eastósctar iad (lena n-áirítear peitriliam amh, gás nádúrtha, gual, lignít, miotail agus mianta miotail, chomh maith le gach mianra neamh-mhiotalach agus táirgí cairéil eile), monarú buntáirgí miotail, táirgí mianracha neamh-mhiotalacha eile agus táirgí miotail monaraithe (seachas innealra agus trealamh), agus trádáil mhórdhíola acmhainní mianraí, táirgí mianraí bunúsacha agus idirmheánacha (lena n-áirítear miotail agus mianta miotail, ábhair thógála, breoslaí, ceimiceáin agus táirgí idirmheánacha eile), tógáil, earnáil an fhuinnimh,
(iv)  seirbhísí airgeadais, seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta, agus seirbhísí airgeadais eile a sholáthar;
(d)  faisnéis maidir le conas dícheall cuí méadaithe, íogair ó thaobh coinbhleachta de a dhéanamh i limistéir ina bhfuil coinbhleacht;
(e)  faisnéis maidir le conas acmhainní agus faisnéis a roinnt i measc cuideachtaí agus eintiteas dlíthiúil eile chun iarmhairtí dochracha a chosc, a mhaolú agus a leigheas i gcomhréir le dlí na hiomaíochta;
(f)  faisnéis maidir le conas riachtanais shonracha FBManna a chur san áireamh;
(g)  faisnéis maidir le sásra maidir le fógra a thabhairt agus sásra casaoide neamhbhreithiúnach a bhunú,
(h)  faisnéis faoi dhíscor freagrach agus faoi mheasúnú agus liostú dinimiciúil comhthéacsanna ina bhfuil iarmhairtí dochracha sistéamach státurraithe;
(i)  treoraíocht phraiticiúil maidir le conas geallsealbhóirí a ndéantar difear dóibh a shainaithint agus dul i dteagmháil leo;
(j)  faisnéis faoi éascú ag na Ballstáit ar rochtain ar cheartas d’íospartaigh agus frithbheart na ngeallsealbhóirí a ndéantar difear dóibh a chosc;
(k)  lena n-áirítear treoraíocht phraiticiúil maidir leis an gcaoi a bhféadfar straitéisí tosaíochta a fhorbairt agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear treoir phraiticiúil maidir le conas is féidir comhréireacht agus beartú tosaíochta ó thaobh iarmhairtí, earnálacha agus limistéir gheografacha de, a chur i bhfeidhm maidir le hoibleagáidí díchill chuí ag brath ar mhéid agus earnáil na cuideachta;
(l)  faisnéis maidir le cleachtais cheannaigh fhreagracha;
(m)  faisnéis maidir le dícheall cuí atá freagrúil ó thaobh inscne agus an chultúir de, agus bearta ar cheart do chuideachtaí a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá os comhair sealbhóirí beaga, lena n-áirítear rochtain ar ioncam maireachtála;
(n)  faisnéis maidir le conas tacú le sonraí neamhspleácha a bhailiú go rannpháirtíoch agus go sábháilte maidir le sáruithe ar chearta an duine agus damáistí don chomhshaol agus maidir le conas tabhairt faoi na gníomhaíochtaí is gá chun na sonraí a chur san áireamh;
(o)  faisnéis le haghaidh ghníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin an Aontais chun cabhrú le cistí agus creidmheasanna onnmhairiúcháin an Aontais agus na mBallstát a oibriú i gcomhréir le prionsabail na Treorach seo.
Leasú 232
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 13 – mír 1 b (nua)
1b.  Cuirfear na treoirlínte ar fáil tráth nach déanaí ná ... [1 bhliain roimh dháta theacht i bhfeidhm na n-oibleagáidí do chuideachtaí faoin Treoir seo], saor in aisce agus i bhformáid atá inrochtana go héasca, lena n-áirítear formáid dhigiteach, agus i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú tréimhsiúil ar ábharthacht a threoirlínte agus déanfaidh sé iad a oiriúnú do dhea-chleachtais nua.
Leasú 233
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 13 – mír 1 c (nua)
1c.  Tabharfaidh an Coimisiún bileoga eolais tíre cothrom le dáta go rialta agus cuirfear ar fáil go poiblí iad chun faisnéis cothrom le dáta a chur ar fáil maidir leis na Coinbhinsiúin agus na Conarthaí idirnáisiúnta arna ndaingniú ag gach comhpháirtí trádála de chuid an Aontais. Baileoidh agus foilseoidh an Coimisiún sonraí trádála agus custaim maidir le tionscnamh amhábhar, agus maidir le táirgí idirmheánacha agus críochnaithe, agus foilseoidh sé faisnéis faoi rioscaí a bhaineann le hiarmhairtí dochracha féideartha nó iarbhír, ar chearta an duine, ar an gcomhshaol agus ar rialachas a bhaineann le tíortha nó réigiúin, earnálacha agus fo-earnálacha áirithe, agus táirgí áirithe.
Leasú 234
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 14 – mír 1
1.   Chun faisnéis agus tacaíocht a chur ar fáil do chuideachtaí agus do na comhpháirtithe a bhfuil caidreamh gnó seanbhunaithe acu leo ina slabhraí luacha, déanfaidh na Ballstáit, ina n-iarrachtaí na hoibleagáidí a eascraíonn as an Treoir seo a chomhlíonadh, suíomhanna gréasáin, ardáin nó tairseacha atá tiomnaithe go leithleach nó i gcomhpháirt a chur ar bun agus a oibriú. Tabharfar aird ar leith, i ndáil leis sin, ar FBManna atá i láthair i slabhraí luacha na gcuideachtaí.
1.   Roimh theacht i bhfeidhm na Treorach seo, déanfaidh na Ballstáit, le tacaíocht ón gCoimisiún, bearta agus boscaí uirlisí a fhorbairt agus a chur chun feidhme, chun faisnéis, comhairle agus tacaíocht a sholáthar do chuideachtaí agus do na comhpháirtithe a bhfuil caidreamh gnó acu leo ina slabhraí luacha ina n-iarrachtaí na hoibleagáidí a eascraíonn as an Treoir seo a chomhlíonadh, agus déanfaidh siad suíomhanna gréasáin, ardáin nó tairseacha atá tiomnaithe go leithleach nó i gcomhpháirt agus is furasta a úsáid a chur ar bun agus a oibriú. Is faisnéis, comhairle agus tacaíocht phraiticiúil a bheidh ansin agus déanfar í a shaincheapadh do shainriachtanais FBManna go háirithe. Áiritheoidh na Ballstáit freisin go gcuirfear oiliúint maidir le conas dícheall cuí a dhéanamh ar fáil do chuideachtaí. Agus an méid sin á dhéanamh acu, áiritheoidh na Ballstáit comhlántacht agus comhleanúnachas le bearta comhchosúla atá ann cheana, amhail faisnéis agus cur chun cinn arna gcur ar fáil ag Pointí Teagmhála Náisiúnta ECFE.
Leasú 235
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 14 – mír 1 a (nua)
1a.  Déanfaidh an Coimisiún tairseach dhigiteach thiomnaithe a chur ar bun chun go mbeidh cuideachtaí in ann rochtain a fháil saor in aisce ar gach teimpléad agus faisnéis a bhaineann leis na ceanglais tuairiscithe uile a eascraíonn as an Treoir seo agus as ionstraimí reachtacha eile de chuid an Aontais a bhaineann go sonrach le cuideachta ar leith bunaithe ar a méid, a hearnáil, a táirge agus a seirbhís, a neamhchosaint ar riosca etc., chomh maith le rochtain ar fhaisnéis maidir le deiseanna cistiúcháin agus tairisceana chun a n-oibleagáidí díchill chuí a chur chun feidhme, a chomhlíonadh agus leas a bhaint astu.
Leasú 236
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 14 – mír 1 b (nua)
1b.  Cuirfidh na Ballstáit faisnéis agus tacaíocht ar fáil do gheallsealbhóirí agus dá n-ionadaithe chun a rannpháirtíocht i ndícheall cuí a fheidhmiú, le haghaidh fhorbairt a n-acmhainneachta, agus cuirfidh siad faisnéis agus cúnamh ar fáil dóibh chun a rochtain ar cheartas a éascú. Áireofar leis sin comhairle dlí agus suíomhanna gréasáin, ardáin nó tairseacha tiomnaithe a chur ar bun agus a oibriú astu féin nó i gcomhar le daoine eile. Féadfaidh na Ballstáit tacaíocht airgeadais a sholáthar do gheallsealbhóirí freisin chun a bhfeasacht a ardú agus chun rochtain ar na cearta a thugtar dóibh leis an Treoir seo a éascú, chomh maith le tacaíocht agus cosaint a thabhairt do gheallsealbhóirí a ndéantar difear dóibh i ndáil le hiarmhairtí dochracha féideartha nó iarbhír, a bhaineann le hoibríochtaí gnó.
Leasú 237
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 14 – mír 2
2.   Gan dochar do na rialacha is infheidhme maidir le Státchabhair, féadfaidh na Ballstáit tacaíocht airgeadais a thabhairt do FBManna.
2.   Gan dochar do na rialacha is infheidhme maidir le Státchabhair, cuirfidh na Ballstáit tacaíocht airgeadais agus tacaíocht eile ar fáil do FBManna, i gcás inarb ábhartha.
Leasú 238
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 14 – mír 3
3.   Féadfaidh an Coimisiún bearta tacaíochta na mBallstát a chomhlánú lena gcuirfear le gníomhaíocht an Aontais atá ann cheana chun tacú le dícheall cuí san Aontas agus i dtríú tíortha agus chun bearta nua a cheapadh, lena n-áirítear tionscnaimh chomhpháirteacha geallsealbhóirí a éascú chun cabhrú le cuideachtaí a n-oibleagáidí a chomhlíonadh.
3.   Bunóidh an Coimisiún comhairleoirí le haghaidh díchill chuí faoi raon feidhme an Líonra Fiontar Eorpaigh agus comhlánóidh sé, lena n-áirítear d’fhonn comhsheasmhacht a áirithiú, bearta tacaíochta na mBallstát lena gcuirfear le gníomhaíocht an Aontais atá ann cheana chun tacú le dícheall cuí san Aontas agus i dtríú tíortha agus féadfaidh sé bearta nua a cheapadh, lena n-áirítear tionscnaimh chomhpháirteacha geallsealbhóirí a éascú chun cabhrú le cuideachtaí a n-oibleagáidí a chomhlíonadh.
Leasú 239
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 14 – mír 3 a (nua)
3a.  Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit go dtacóidh ionstraimí comhair agus trádála an Aontais le timpeallacht chumasúcháin a fhorbairt i dtríú tíortha, chomh maith le sásraí comhair agus comhpháirtíochta le tríú tíortha a fhorbairt agus a neartú, agus ag brath ar ionstraimí atá ann cheana, chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na n-iarmhairtí dochracha ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol, agus chun cur le cumas gníomhaithe eacnamaíocha tríú tíortha an comhshaol agus cearta an duine a urramú.
Leasú 240
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 14 – mír 4
4.   Féadfaidh cuideachtaí dul i muinín scéimeanna tionscail agus tionscnaimh lena mbaineann raon páirtithe leasmhara chun tacú le cur chun feidhme a n-oibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 5 go hAirteagal 11 den Treoir seo a mhéid is iomchuí na scéimeanna agus na tionscnaimh sin chun tacú le comhlíonadh na n-oibleagáidí sin. Féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit scaipeadh faisnéise maidir leis na scéimeanna nó na tionscnaimh sin, agus torthaí na scéimeanna nó na dtionscnamh sin, a éascú. Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, treoraíocht a eisiúint maidir le measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht na scéimeanna tionscail agus na dtionscnamh lena mbaineann raon páirtithe leasmhara.
4.   Gan dochar d’Airteagail 18, 19 agus 22, féadfaidh cuideachtaí a bheith rannpháirteach i dtionscnaimh thionscail agus il-gheallsealbhóra chun tacú le cur chun feidhme gnéithe dá n-oibleagáidí díchill chuí dá dtagraítear in Airteagal 5 go hAirteagal 11 den Treoir seo a mhéid is iomchuí na tionscnaimh sin chun tacú le comhlíonadh na n-oibleagáidí ábhartha. D’fhéadfaidís a bheith iomchuí go háirithe chun tacú le sainaithint rioscaí ar fud na hearnála, uirlisí a sholáthar chun rioscaí sonracha a mhaolú, comhordú a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as cumas cuideachtaí dul i gcion chun feabhsúchán a chumasú, agus rochtain ar shásra casaoide a sholáthar. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, ECFE, OHCHR agus geallsealbhóirí ábhartha an méid seo a leanas:
Leasú 241
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 14 – mír 4 – pointe a (nua)
(a)  treoraíocht agus modheolaíocht a eisiúint chun measúnú a dhéanamh ar raon feidhme tionscnamh tionscail agus il-gheallsealbhóra aonair, ar a n-ailíniú leis an Treoir seo, agus ar a gcreidiúnacht, lena n-áirítear maidir le trédhearcacht, rialachas, sásraí maoirseachta agus cuntasacht cuideachtaí rannpháirteacha, ag tógáil ar mhodheolaíocht measúnaithe ailínithe ECFE;
Leasú 242
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 14 – mír 4 – pointe b (nua)
(b)  ardán digiteach láraithe agus poiblí a bhunú do chuideachtaí, do rialtais agus do gheallsealbhóirí eile chun rochtain a fháil saor in aisce ar mheasúnuithe neamhspleácha tríú páirtí ar raon feidhme, ailíniú agus inchreidteacht tionscnamh tionscail agus il-gheallsealbhóra aonair, agus úsáid á baint as an modheolaíocht a d’fhorbair an Coimisiún faoi phointe (a). Féadfaidh Ballstáit, ECFE nó measúnóirí neamhspleácha tríú páirtí tabhairt faoi mheasúnuithe neamhspleácha tríú páirtí;
Leasú 243
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 14 – mír 4 – pointe c (nua)
(c)  scaipeadh faisnéise ábhartha eile a éascú maidir le raon feidhme, ailíniú agus inchreidteacht tionscnamh tionscail agus il-gheallsealbhóra agus a dtorthaí. Cothóidh na Ballstáit forbairt tionscnamh tionscail nó il-gheallsealbhóra iomchuí chun tacú le cuideachtaí in earnálacha ar leith nó maidir le saincheisteanna ar leith lena mbaineann rioscaí tromchúiseacha inbhuanaitheachta ach a bhfuil tionscnaimh den sórt sin in easnamh ina leith.
Leasú 244
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 14 – mír 4 a (nua)
4a.  Gan dochar d’Airteagail 18, 19 agus 22, féadfaidh cuideachtaí úsáid a bhaint as fíorú neamhspleách tríú páirtí chun tacú le cur chun feidhme gnéithe dá n-oibleagáidí díchill chuí dá dtagraítear in Airteagal 5 go hAirteagal 11 den Treoir seo a mhéid is iomchuí an fíorú sin chun tacú le comhlíonadh na n-oibleagáidí ábhartha. Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 28 chun na híoschaighdeáin, lena n-áirítear caighdeáin trédhearcachta, don fhíorú neamhspleách tríú páirtí a shonrú.
Leasú 245
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 14 – mír 4 b (nua)
4b.  Féadfaidh geallsealbhóirí ábhartha fógraí agus casaoidí a chur isteach de bhun Airteagal 9 trí thionscnaimh thionscail agus il-gheallsealbhóra a nglacann an chuideachta páirt iontu.
Leasú 246
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 14 a (nua)
Airteagal 14 a
Deasc chabhrach aonair
1.  Ainmneoidh gach Ballstát deasc chabhrach náisiúnta amháin nó níos mó i dtaca le dícheall cuí maidir le hinbhuanaitheacht chorparáideach. Féadfaidh na Ballstáit an ról sin a shannadh d’údarás atá ann cheana amhail Pointí Teagmhála Náisiúnta i gcás inarb ann dóibh ach áiritheoidh siad go mbeidh na deasca cabhrach aonair neamhspleách ó thaobh feidhme de ar chúraimí agus ar ról na n-údarás maoirseachta.
2.  Féadfaidh cuideachtaí treoraíocht bhreise a lorg agus tuilleadh tacaíochta agus faisnéise a fháil maidir leis an mbealach is fearr chun a n-oibleagáidí díchill chuí a chomhlíonadh tríd an bpointe teagmhála seo, lena n-áirítear maidir le ról tionscnamh tionscail agus il-gheallsealbhóra comhoibríoch chun tacú le cuideachtaí agus cabhrú leo gnéithe sonracha dá n-oibleagáidí díchill chuí a chomhlíonadh.
3.  Féadfaidh na deasca cabhrach aonair dul i gcomhairle le chéile freisin chun comhar trasteorann a áirithiú, agus, i gcás inarb ábhartha, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhordóidh deasca cabhrach aonair le comhlachtaí cur chun feidhme eile nó le hionstraimí idirnáisiúnta ábhartha eile, amhail Pointí Teagmhála Náisiúnta ECFE.
Leasú 247
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 15 – mír 1
1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na cuideachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (a) agus in Airteagal 2(2), pointe (a), plean a ghlacadh chun a áirithiú go bhfuil samhail ghnó agus straitéis na cuideachta comhoiriúnach leis an aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe agus leis an téamh domhanda a theorannú go 1.5 °C i gcomhréir le Comhaontú Pháras. Sainaithneofar leis an bplean sin, go háirithe, ar bhonn faisnéise atá ar fáil go réasúnach don chuideachta, a mhéid atá an t-athrú aeráide ina riosca nó ina thionchar ar oibríochtaí na cuideachta.
1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na cuideachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2plean aistrithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme i gcomhréir leis na ceanglais tuairiscithe in Airteagal 19a de Rialachán (AE) 2021/0104 (CSRD), chun a áirithiú go ndéanfar samhail ghnó agus straitéis ghnó na cuideachta a ailíniú leis na cuspóirí a bhaineann leis an aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe agus leis an teorannú ar an téamh domhanda go 1.5 °C i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus leis an gcuspóir aeráidneodracht a bhaint amach mar a bhunaítear i Rialachán (AE) 2021/1119 (An Dlí Aeráide Eorpach) a mhéid a bhaineann lena chuid oibríochtaí san Aontas, lena n-áirítear a sprioc maidir le haeráidneodracht 2050 agus sprioc aeráide 2030. Áireofar sa phlean sin tuairisc ar na nithe seo a leanas:
Leasú 248
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 15 – mír 1 – pointe a (nua)
(a)  athléimneacht shamhail ghnó agus straitéis ghnó na cuideachta i leith rioscaí a bhaineann leis an aeráid;
Leasú 249
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 15 – mír 1 – pointe b (nua)
(b)  na deiseanna don chuideachta a bhaineann le cúrsaí aeráide;
Leasú 250
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 15 – mír 1 – pointe c (nua)
(c)  i gcás inarb iomchuí, sainaithint agus míniú ar luamháin dhícharbónaithe laistigh d’oibríochtaí agus de shlabhra luacha na cuideachta, lena n-áirítear neamhchosaint na cuideachta ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le gual, ola agus gás, dá dtagraítear in Airteagail 19ú(2), pointe (a)(iii), agus 29a(2), pointe (a)(iii), de Threoir 2013/34/AE;
Leasú 251
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 15 – mír 1 – pointe d (nua)
(d)  conas a chuirtear leasanna gheallsealbhóirí na cuideachta dá ndéantar difear agus iarmhairtí na cuideachta ar an athrú aeráide i gcuntas i samhail ghnó agus i straitéis ghnó na cuideachta;
Leasú 252
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 15 – mír 1 – pointe e (nua)
(e)  conas a cuireadh straitéis na cuideachta chun feidhme agus conas a chuirfear chun feidhme í maidir le cúrsaí aeráide, lena n-áirítear pleananna airgeadais agus infheistíochta gaolmhara;
Leasú 253
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 15 – mír 1 – pointe f (nua)
(f)  na spriocanna atá faoi cheangal ama a bhaineann leis an athrú aeráide arna leagan síos ag an gcuideachta d’astaíochtaí raon feidhme 1, 2 agus, i gcás inarb ábhartha, 3, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, dearbhspriocanna maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú do 2030 agus i gcéimeanna 5 bliana suas go dtí 2050 bunaithe ar fhianaise dhochloíte eolaíoch, agus tuairisc ar an dul chun cinn atá déanta ag an gcuideachta i dtreo na spriocanna sin a bhaint amach;
Leasú 254
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 15 – mír 1 – pointe g (nua)
(g)  tuairisc ar ról na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta maidir le hábhair aeráide;
Leasú 255
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 15 – mír 2
2.  Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina sainaithnítear, nó inar cheart gur sainaithníodh, an t-athrú aeráide mar phríomh-riosca d’oibríochtaí na cuideachta nó mar phríomhthionchar ó na hoibríochtaí sin, go ndéanfaidh an chuideachta cuspóirí laghdaithe astaíochtaí a chur ina plean.
scriosta
Leasú 256
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 15 – mír 3
3.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh cuideachtaí san áireamh go cuí comhlíonadh na n-oibleagáidí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 agus luach saothair inathraithe á shocrú acu, má tá luach saothair inathraithe nasctha le rannchuidiú stiúrthóra le straitéis ghnó na cuideachta agus le leasanna fadtéarmacha agus inbhuanaitheacht na cuideachta.
3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh stiúrthóirí freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na hoibleagáidí a leagtar amach san Airteagal seo agus go mbeidh beartas ábhartha agus éifeachtach i bhfeidhm ag cuideachtaí a bhfuil níos mó ná 1000 fostaí acu ar an meán chun a áirithiú go mbeidh cuid d’aon luach saothair inathraithe do stiúrthóirí nasctha le plean aistrithe na cuideachta dá dtagraítear san Airteagal seo. Formheasfaidh an Cruinniú Ginearálta Bliantúil beartas den sórt sin.
Leasú 257
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 17 – mír 1
1.   Ainmneoidh gach Ballstát údarás maoirseachta amháin nó níos mó chun maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíontacht leis na hoibleagáidí a leagtar síos i bhforálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun Airteagail 6 go 11 agus Airteagal 15(1) agus (2) (‘údarás maoirseachta’).
1.   Ainmneoidh gach Ballstát údarás maoirseachta amháin nó níos mó chun maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíontacht leis na hoibleagáidí a leagtar síos i bhforálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo (‘údarás maoirseachta’).
Leasú 258
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 17 – mír 6
6.   Faoin dáta a léirítear in Airteagal 30(1), pointe (a) cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi ainmneacha agus sonraí teagmhála na n-údarás maoirseachta arna n-ainmniú de bhun an Airteagail seo, mar aon lena n-inniúlachtaí faoi seach i gcás ina bhfuil roinnt údarás maoirseachta ainmnithe ann. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi aon athruithe orthu.
6.   Faoin dáta a léirítear in Airteagal 30(1), pointe (a) cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi ainmneacha agus sonraí teagmhála na n-údarás maoirseachta agus, de réir mar is infheidhme, faoi inniúlachtaí faoi seach na n-údarás sin arna n-ainmniú de bhun an Airteagail seo, mar aon lena n-inniúlachtaí faoi seach i gcás ina bhfuil roinnt údarás maoirseachta ainmnithe. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi aon athruithe orthu.
Leasú 259
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 17 – mír 7
7.   Cuirfidh an Coimisiún liosta na n-údarás maoirseachta ar fáil go poiblí, lena n-áirítear ar a shuíomh gréasáin. Tabharfaidh an Coimisiún an liosta cothrom le dáta go rialta ar bhonn na faisnéise a gheofar ó na Ballstáit.
7.   Cuirfidh an Coimisiún ar fáil go poiblí, lena n-áirítear ar a shuíomh gréasáin liosta na n-údarás maoirseachta, agus, i gcás ina bhfuil roinnt údarás maoirseachta ag Ballstát, inniúlachtaí na n-údarás sin faoi seach. Tabharfaidh an Coimisiún an liosta cothrom le dáta go rialta ar bhonn na faisnéise a gheofar ó na Ballstáit.
Leasú 260
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 17 – mír 8
8.   Ráthóidh na Ballstáit neamhspleáchas na n-údarás maoirseachta agus áiritheoidh siad go ndéanfaidh siad féin agus gach duine a oibríonn dóibh nó a d’oibrigh dóibh agus iniúchóirí nó saineolaithe a bheidh ag gníomhú thar a gceann, a gcuid cumhachtaí a fheidhmiú ar bhealach neamhchlaonta, trédhearcach agus le hurraim chuí ar oibleagáidí na rúndachta gairmiúla. Go háirithe, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an t-údarás neamhspleách go dlíthiúil agus go feidhmiúil ar na cuideachtaí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo nó ar leasanna margaidh eile, go mbeidh a fhoireann agus na daoine atá freagrach as a bhainistiú saor ó choinbhleachtaí leasa, faoi réir ceanglais rúndachta, agus go staonfaidh siad ó aon ghníomh nach luíonn lena ndualgais.
8.   Ráthóidh na Ballstáit neamhspleáchas na n-údarás maoirseachta agus áiritheoidh siad go ndéanfaidh siad féin agus gach duine a oibríonn dóibh nó a d’oibrigh dóibh agus daoine a bheidh ag gníomhú thar a gceann, a gcuid cumhachtaí a fheidhmiú ar bhealach neamhchlaonta, trédhearcach agus le hurraim chuí ar oibleagáidí na rúndachta gairmiúla. Go háirithe, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an t-údarás neamhspleách go dlíthiúil agus go feidhmiúil ar na cuideachtaí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo nó ar leasanna margaidh eile, go mbeidh a fhoireann agus na daoine atá freagrach as a bhainistiú saor ó choinbhleachtaí leasa, faoi réir ceanglais rúndachta, agus go staonfaidh siad ó aon ghníomh nach luíonn lena ndualgais.
Leasú 261
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 17 – mír 8 a (nua)
8a.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseoidh na húdaráis mhaoirseachta tuarascáil bhliantúil ina mbeidh mionsonraí ar a ngníomhaíochtaí san am a chuaigh thart, ar a bplean oibre amach anseo agus ar a dtosaíochtaí agus go gcuirfidh siad an tuarascáil sin ar fáil ar shuíomh gréasáin.
Leasú 262
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 17 – mír 8 b (nua)
8b.  Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh na húdaráis mhaoirseachta aitheantas don ról atá ag comhlachtaí cur chun feidhme ionstraimí idirnáisiúnta ábhartha eile, amhail Pointí Teagmhála Náisiúnta ECFE. Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhairle leis na comhlachtaí ábhartha idirnáisiúnta, treoirlínte a fhorbairt maidir leis an gcomhordú idir údaráis mhaoirseachta agus na comhlachtaí cur chun feidhme sin.
Leasú 263
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 18 – mír 1
1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cumhachtaí agus na hacmhainní leordhóthanacha ag na húdaráis mhaoirseachta chun na cúraimí a shanntar dóibh faoin Treoir seo a dhéanamh, lena n-áirítear an chumhacht faisnéis a iarraidh agus imscrúduithe a dhéanamh maidir le comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach sa Treoir seo.
1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na húdaráis mhaoirseachta neamhspleách agus neamhchlaonta agus go mbeidh cumhachtaí, acmhainní agus saineolas leormhaith acu chun na cúraimí a shanntar dóibh faoin Treoir seo a dhéanamh, lena n-áirítear an chumhacht a cheangal ar chuideachtaí faisnéis a sholáthar agus imscrúduithe a dhéanamh, ar féidir cigireachtaí ar an láthair agus éisteacht geallsealbhóirí ábhartha a bhaineann le comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach sa Treoir seo a áireamh, i gcás inarb iomchuí.
Leasú 264
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 18 – mír 4 – fomhír 2
Le gníomh feabhais a dhéanamh, ní chuirtear bac ar smachtbhannaí riaracháin a fhorchur ná ar dhliteanas sibhialta a ghníomhachtú i gcás damáistí, i gcomhréir le hAirteagal 20 agus le hAirteagal 22, faoi seach.
Le gníomh feabhais a dhéanamh, ní chuirtear bac ar smachtbhannaí riaracháin a fhorchur ná ar dhliteanas sibhialta a ghníomhachtú i gcás damáistí, lena n-áirítear i gcomhréir le hAirteagal 20 agus le hAirteagal 22, faoi seach.
Leasú 265
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 18 – mír 5 – pointe b
(b)   smachtbhannaí airgid a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 20;
(b)   smachtbhannaí a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 20;
Leasú 266
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 18 – mír 5 – pointe c
(c)   bearta eatramhacha a ghlacadh chun an baol go ndéanfaí díobháil thromchúiseach dholeasaithe a sheachaint.
(c)   bearta eatramhacha a ghlacadh chun an baol go ndéanfaí díobháil thromchúiseach nó dholeigheasta a sheachaint.
Leasú 267
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 18 – mír 5 – pointe c a (nua)
(ca)  measúnú a dhéanamh ar bhailíocht straitéisí tosaíochta dá bhforáiltear faoi Airteagal 8b agus athbhreithniú a ordú más rud é nár comhlíonadh na ceanglais maidir le straitéisí den sórt sin.
Leasú 268
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 18 – mír 7
7.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an ceart ag gach duine nádúrtha nó dlítheanach leigheas éifeachtach breithiúnach a fháil in aghaidh cinneadh ó údarás maoirseachta a bhaineann leis an duine sin agus atá ceangailteach ó thaobh dlí de.
7.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an ceart ag gach duine nádúrtha nó dlítheanach leigheas éifeachtach breithiúnach a fháil in aghaidh cinneadh ó údarás maoirseachta a bhaineann leis an duine sin agus atá ceangailteach ó thaobh dlí de, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus gan dochar do rialacha na mBallstát maidir leis an gceart atá ag cuideachtaí chun achomhairc cúirte agus coimircí ábhartha eile.
Leasú 269
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 18 – mír 7 a (nua)
7a.  Déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta liosta de na cuideachtaí uile atá faoi réir na Treorach seo faoina ndlínse a fhoilsiú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta, gan aon sonraí pearsanta a bheith iontu de réir bhrí Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2016/679. Taispeánfar ar liostaí na gcuideachtaí atá faoi réir na Treorach seo naisc chun rochtain a fháil ar ráitis díchill chuí cuideachtaí i gcás inarb infheidhme.
Leasú 270
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 18 – mír 7 b (nua)
7b.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcoimeádann na húdaráis inniúla náisiúnta taifid ar na himscrúduithe dá dtagraítear i mír 1, ina léirítear, go háirithe, cineál agus toradh na n-imscrúduithe sin, chomh maith le taifid ar aon fhógra faoi ghníomhaíocht leighis arna eisiúint faoi mhír 5.
Leasú 271
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 18 – mír 7 c (nua)
7c.  Beidh cinntí na n-údarás maoirseachta maidir le comhlíonadh na Treorach seo ag cuideachta gan dochar do dhliteanas sibhialta na cuideachta faoi Airteagal 22. I gcomhthéacs imeachtaí atá ar siúl maidir le dliteanas sibhialta agus arna iarraidh sin do chúirt, roinnfidh na húdaráis mhaoirseachta aon fhaisnéis a d’fhéadfadh a bheith acu maidir le cuideachta ar leith leis an gcúirt a bhfuil na himeachtaí arna dtionscnamh faoi Airteagal 22 le héisteacht os a comhair.
Leasú 272
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 19 – mír 1 a (nua)
1a.  Áiritheoidh na Ballstáit, arna iarraidh sin do dhaoine a bhfuil údair imní a bhfuil bunús leo á gcur isteach acu go ndéanfaidh an t-údarás maoirseachta na bearta is gá chun céannacht agus faisnéis phearsanta an duine sin, a bheadh díobhálach don duine sin dá nochtfaí í, a chosaint go hiomchuí.
Leasú 273
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 19 – mír 2
2.   I gcás ina dtagann ábhar imní cuí-réasúnaithe faoi inniúlacht údaráis mhaoirseachta eile, déanfaidh an t-údarás a fhaigheann an t-ábhar imní é a tharchur chuig an údarás sin.
2.   I gcás ina dtagann ábhar imní a bhfuil bunús leis faoi inniúlacht údaráis mhaoirseachta eile, déanfaidh an t-údarás a fhaigheann an t-ábhar imní é a tharchur chuig an údarás sin agus an duine a thíolaic ábhar imní a bhfuil bunús leis a chur ar an eolas mar a fhoráiltear i mír 1.
Leasú 274
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 19 – mír 3
3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis mhaoirseachta measúnú ar na hábhair imní chuí-réasúnaithe agus, i gcás inarb iomchuí, go bhfeidhmeoidh siad a gcumhachtaí amhail dá dtagraítear in Airteagal 18.
3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis mhaoirseachta measúnú ar na hábhair imní a bhfuil bunús leo agus, i gcás inarb iomchuí, go bhfeidhmeoidh siad a gcumhachtaí amhail dá dtagraítear in Airteagal 18 laistigh de thréimhse réasúnta ama.
Leasú 275
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 19 – mír 4
4.   Déanfaidh an t-údarás maoirseachta, a luaithe is féidir agus i gcomhréir le forálacha ábhartha an dlí náisiúnta agus i gcomhréir le dlí an Aontais, an duine dá dtagraítear i mír 1 a chur ar an eolas faoi thoradh an mheasúnaithe ar a ábhar imní cuí-réasúnaithe agus soláthróidh sé an réasúnú chuige sin.
4.   Déanfaidh an t-údarás maoirseachta, a luaithe is féidir agus i gcomhréir le forálacha ábhartha an dlí náisiúnta agus i gcomhréir le dlí an Aontais, an duine dá dtagraítear i mír 1 a chur ar an eolas faoi thoradh an mheasúnaithe ar a ábhar imní a bhfuil bunús leis agus faoina chinneadh aontú don iarraidh ar ghníomhaíocht nó diúltú di, agus soláthróidh sé an réasúnú chuige sin, mar aon le tuairisc ar na céimeanna agus ar na bearta breise a dhéanfaidh sé. Féadfaidh údaráis mhaoirseachta cead a thabhairt don duine a chuir an t-ábhar imní isteach faisnéis bhreise a chur ar fáil.
Leasú 276
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 19 – mír 4 a (nua)
4a.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbunóidh na húdaráis mhaoirseachta bealaí inrochtana chun ábhair imní a fháil. Is cóir, cothrom, tráthúil agus saor in aisce a bheidh nósanna imeachta maidir le hábhair imní a bhfuil bunús leo a thíolacadh. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear faisnéis phraiticiúil ar fáil don phobal i dtaobh rochtain ar nósanna imeachta um athbhreithniú riaracháin agus athbhreithniú breithiúnach.
Leasú 277
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 19 – mír 5
5.   Na daoine a chuireann isteach ábhar imní cuí-réasúnaithe de réir an Airteagail seo agus a bhfuil, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, leas dlisteanach acu san ábhar i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain acu ar chúirt nó ar chomhlacht poiblí neamhchlaonta eile atá inniúil chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht nós imeachta agus shubstainteach chinntí, ghníomhartha nó neamhghníomh an údaráis mhaoirseachta.
5.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag na daoine a chuireann isteach ábhar imní a bhfuil bunús leis de réir an Airteagail seo ar chúirt nó ar chomhlacht poiblí neamhchlaonta eile atá inniúil chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht nós imeachta agus shubstainteach chinntí, ghníomhartha nó neamhghníomh an údaráis mhaoirseachta.
Leasú 278
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 20 – mír 2
2.   Agus cinneadh á dhéanamh an ndéanfar smachtbhannaí a fhorchur agus, má tá, nuair atá cineál agus leibhéal iomchuí na smachtbhannaí á gcinneadh, tabharfar aird chuí ar iarrachtaí na cuideachta aon ghníomhaíocht feabhais a éilíonn údarás maoirseachta orthu a chomhlíonadh, aon infheistíochtaí a rinneadh agus aon tacaíocht spriocdhírithe arna soláthar de bhun Airteagail 7 agus 8, chomh maith le comhar le heintitis eile chun aghaidh a thabhairt ar dhrochthionchair ina slabhraí luacha, de réir mar a bheidh.
2.   Agus cinneadh á dhéanamh an ndéanfar smachtbhannaí a fhorchur agus, i gcás ina ndéanfar, nuair a bheidh cineál agus leibhéal iomchuí na smachtbhannaí á gcinneadh, tabharfar aird chuí ar an méid seo a leanas:
Leasú 279
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 20 – mír 2 – pointe a (nua)
(a)  iarrachtaí na cuideachta aon gníomhaíocht cheartaitheach arna héileamh ag údarás maoirseachta uirthi a chomhlíonadh;
Leasú 280
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 20 – mír 2 – pointe b (nua)
(b)  aon infheistíochtaí arna ndéanamh agus aon tacaíocht spriocdhírithe arna soláthar de bhun Airteagail 7 agus 8;
Leasú 281
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 20 – mír 2 – pointe c (nua)
(c)  aon chomhoibriú le heintitis eile chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí dochracha ina slabhraí luacha;
Leasú 282
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 20 – mír 2 – pointe d (nua)
(d)  tromchúis agus fad shárú na cuideachta, nó déine na n-iarmhairtí a tharla;
Leasú 283
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 20 – mír 2 – pointe e (nua)
(e)  a mhéid a bhí cinntí tosaíochta réasúnta, inchreidte agus déanta de mheon macánta;
Leasú 284
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 20 – mír 2 – pointe f (nua)
(f)  aon sháruithe a bhís déanta roimhe sin ag an gcuideachta ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo;
Leasú 285
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 20 – mír 2 – pointe g (nua)
(g)  na tairbhí airgeadais a ghnóthaigh an chuideachta nó na caillteanais a sheachain sí de bharr an tsáraithe, má tá na sonraí ábhartha ar fáil;;
Leasú 286
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 20 – mír 2 – pointe h (nua)
(h)  pionóis arna bhforchur i leith sáruithe den chineál céanna i mBallstáit eile;
Leasú 287
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 20 – mír 2 – pointe i (nua)
(i)  cibé acu ar dhéileáil an chuideachta go héifeachtach le gearáin nó tograí a d’ardaigh daoine nó geallsealbhóirí dá ndearnadh difear, lena n-áirítear de bhun Airteagal 9;
Leasú 288
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 20 – mír 2 – pointe j (nua)
(j)  aon toisc ghéaraitheach nó mhaolaitheach eile is infheidhme i leith chúinsí an cháis.
Leasú 289
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 20 – mír 2 a (nua)
2a.  Déanfar foráil maidir leis na bearta agus na smachtbhannaí seo a leanas ar a laghad:
(a)  smachtbhannaí airgid;
(b)  ráiteas poiblí lena gcuirtear an chuideachta atá freagrach as an sárú in iúl agus cineál an tsáraithe freisin;
(c)  an oibleagáid gníomhaíocht a dhéanamh, lena n-áirítear chun scor den iompar arb ionann é agus an sárú agus gan an t-iompar sin a dhéanamh in athuair;
(d)  táirgí ó shaorchúrsaíocht nó ó onnmhairiú a chur ar fionraí.
Leasú 290
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 20 – mír 3
3.   Nuair a fhorchuirfear smachtbhannaí airgid, beidh siad bunaithe ar láimhdeachas na cuideachta.
3.   Nuair a fhorchuirfear smachtbhannaí airgid, beidh siad bunaithe ar ghlanláimhdeachas domhanda na cuideachta. Ní bheidh uasteorainn smachtbhannaí airgid níos lú ná 5 % de ghlanláimhdeachas domhanda na cuideachta sa bhliain ghnó roimh an gcinneadh fíneála.
Leasú 291
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 20 – mír 3 – fomhír 1 a (nua)
Áiritheoidh na Ballstáit, maidir le cuideachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (b), agus in Airteagal 2(2), pointe (b), go ndéanfar smachtbhannaí airgid riaracháin a ríomh agus an láimhdeachas comhdhlúite arna thuairisciú ag an gcuideachta sin á chur san áireamh.
Leasú 292
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 20 – mír 3 a (nua)
3a.  Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha ionas go ndéanfar cuideachtaí arna gcruthú i gcomhréir le reachtaíocht tríú tír faoi Airteagal 2(2) a eisiamh ó phróisis soláthair phoiblí má mhainníonn siad ionadaí údaraithe a cheapadh faoi Airteagal 16.
Leasú 293
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 20 – mír 4
4.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseofar aon chinneadh de chuid na n-údarás maoirseachta ina bhfuil smachtbhannaí a bhaineann le sárú fhorálacha na Treorach seo.
4.   Coinneoidh na Ballstáit taifead ar na smachtbhannaí a forchuireadh agus áiritheoidh siad go bhfoilseofar aon chinneadh de chuid na n-údarás maoirseachta ina bhfuil smachtbhannaí a bhaineann le sárú fhorálacha na Treorach seo. Ní bheidh aon sonraí pearsanta de réir bhrí Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2016/679 sa chinneadh foilsithe.
Leasú 294
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 21 – mír 1 – fomhír 1
Bunóidh an Coimisiún Líonra Eorpach na nÚdarás Maoirseachta, ina mbeidh ionadaithe ó na húdaráis mhaoirseachta. Éascóidh an Líonra comhar na n-údarás maoirseachta agus comhordú agus ailíniú cleachtas rialála, imscrúdaitheacha, smachtbhannaí agus maoirseachta na n-údarás maoirseachta agus, de réir mar is iomchuí, comhroinnt faisnéise eatarthu.
Bunóidh an Coimisiún Líonra Eorpach na nÚdarás Maoirseachta, ina mbeidh ionadaithe ó na húdaráis mhaoirseachta. Éascóidh an Líonra comhar na n-údarás maoirseachta agus comhordú agus ailíniú cleachtas rialála, imscrúdaitheacha, smachtbhannaí agus maoirseachta na n-údarás maoirseachta, de réir mar is iomchuí, chun faisnéis a chomhroinnt eatarthu, chomh maith le cumarsáid rialta phoiblí maidir le gníomhaíochtaí an Líonra a áirithiú.
Leasú 295
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 21 – mír 1 – fomhír 2
Féadfaidh an Coimisiún cuireadh a thabhairt do ghníomhaireachtaí an Aontais a bhfuil saineolas ábhartha acu sna réimsí a chumhdaítear leis an Treoir seo dul isteach i Líonra Eorpach na nÚdarás Maoirseachta.
Déanfaidh an Coimisiún cuireadh a thabhairt do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, don Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, don Údarás Eorpach Saothair, do Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide, agus don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí agus do ghníomhaireachtaí eile an Aontais a bhfuil saineolas ábhartha acu sna réimsí a chumhdaítear leis an Treoir seo dul isteach i Líonra Eorpach na nÚdarás Maoirseachta.
Leasú 296
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 21 – mír 2 a (nua)
2a.  Comhoibreoidh na Ballstáit leis an Líonra chun na cuideachtaí laistigh dá ndlínse a shainaithint, go háirithe tríd an bhfaisnéis uile is gá a sholáthar chun measúnú a dhéanamh i dtaobh an gcomhlíonann cuideachta neamh-Eorpach na critéir a leagtar síos in Airteagal 2.
Leasú 297
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 21 – mír 8 a (nua)
8a.  Foilseoidh Líonra Eorpach na nÚdarás Maoirseachta clár de chuideachtaí nach cuideachtaí de chuid an Aontais iad agus a gcomhlíontacht.
Leasú 298
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 22 – mír 1 – pointe a
(a)   gur mhainnigh siad na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 a chomhlíonadh agus;
(a)   gur mhainnigh siad na hoibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo a chomhlíonadh agus;
Leasú 299
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 22 – mír 1 – pointe b
(b)   mar thoradh ar an mainneachtain sin, gur tharla drochthionchar ba cheart a shainaithint, a chosc, a íoslaghdú, a thabhairt chun deiridh nó a mhéid a mhaolú leis na bearta iomchuí a leagtar síos in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 agus a raibh damáiste mar thoradh air.
(b)   mar thoradh ar an mainneachtain sin, go raibh an chuideachta ina cúis le hiarmhairt dhochrach iarbhír nó gur rannchuidigh sí le hiarmhairt dhochrach iarbhír a raibh sé de cheart í a shainaithint, tús áite a thabhairt di, í a chosc, a íoslaghdú, a thabhairt chun deiridh nó a leigheas, nó a méid a mhaolú leis na bearta iomchuí a leagtar síos sa Treoir seo, agus go raibh damáiste mar thoradh uirthi.
Leasú 300
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 22 – mír 2 – fomhír 1
D’ainneoin mhír 1, áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina ndearna cuideachta na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 7(2), pointe (b) agus Airteagal 7(4), nó Airteagal 8(3), pointe (c), agus Airteagal 8(5), nach mbeidh sí faoi dhliteanas as damáistí arb é is cúis leo drochthionchar a thagann chun cinn mar thoradh ar ghníomhaíochtaí comhpháirtí indírigh a bhfuil caidreamh gnó seanbhunaithe aige leis, mura rud é go raibh sé míréasúnach, in imthosca an cháis, a bheith ag súil gur leor an ghníomhaíocht a rinneadh iarbhír, lena n-áirítear maidir le comhlíonadh, chun drochthionchar a chosc, a mhaolú nó a laghdú.
scriosta
Leasú 301
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 22 – mír 2 – fomhír 2
Agus measúnú á dhéanamh an ann do dhliteanas agus ar mhéid an dliteanais faoin mír seo, tabharfar aird chuí ar iarrachtaí na cuideachta, a mhéid a bhaineann siad go díreach leis an damáiste atá i gceist, aon ghníomhaíocht feabhais a éilíonn údarás maoirseachta orthu a chomhlíonadh, aon infheistíochtaí a rinneadh agus aon tacaíocht spriocdhírithe arna soláthar de bhun Airteagal 7 agus Airteagal 8, chomh maith le haon chomhoibriú le heintitis eile chun aghaidh a thabhairt ar dhrochthionchair ar a slabhraí luacha.
Agus measúnú á dhéanamh an ann do dhliteanas agus ar mhéid an dliteanais, tabharfar aird chuí ar mhéid iarrachtaí na cuideachta, a mhéid a bhaineann siad go díreach leis an damáiste atá i gceist, aon ghníomhaíocht feabhais a éilíonn údarás maoirseachta orthu a dhéanamh, lena n-áirítear aon infheistíochtaí a rinneadh agus aon tacaíocht spriocdhírithe arna soláthar de bhun Airteagal 7 agus Airteagal 8, chomh maith le haon chomhoibriú le heintitis eile agus geallsealbhóirí lena mbaineann chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí dochracha ar a slabhraí luacha.
Leasú 302
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 22 – mír 2 a (nua)
2a.  Áiritheoidh na Ballstáit na nithe seo a leanas:
(a)  10 mbliana ar a laghad a bheidh sa tréimhse theorann chun caingne i leith damáistí a ghnóthú agus beidh bearta i bhfeidhm chun a áirithiú nach mbeidh costais na n-imeachtaí róchostasach d’éilitheoirí ceartas a lorg;
(b)  beidh éilitheoirí in ann bearta urghaire a lorg, lena n-áirítear nósanna imeachta eatramhacha. Beidh siad i bhfoirm birt chinntithigh nó shealadaigh chun deireadh a chur le gníomhaíocht a d’fhéadfadh a bheith ina sárú ar an Treoir seo, nó chun beart faoin Treoir seo a chomhlíonadh;
(c)  beidh bearta i bhfeidhm chun a áirithiú gur féidir le ceardchumainn shainordaithe, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, nó gníomhaithe ábhartha eile a bhíonn ag gníomhú ar mhaithe le leas an phobail caingne a thabhairt os comhair cúirte thar ceann íospartaigh nó grúpa íospartach d’iarmhairtí dochrocha, agus go mbeidh cearta agus oibleagáidí páirtí is éilitheoir sna himeachtaí ag na heintitis sin, gan dochar don dlí náisiúnta atá ann cheana;
(d)  i gcás ina ndéantar éileamh, go gcuireann éilitheoir eilimintí ar fáil lena dtugtar bunús leis an dóchúlacht go mbeadh dliteanas cuideachta ann faoin Treoir seo agus gur thug sé le fios gur faoi rialú na cuideachta atá an fhianaise bhreise, is féidir leis na cúirteanna a ordú go nochtfaidh an chuideachta an fhianaise sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nós imeachta, faoi réir rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta maidir le rúndacht agus comhréireacht.
Leasú 303
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 22 – mír 2 b (nua)
2b.  Cuideachtaí a ghlac páirt i dtionscnaimh thionscail nó il-gheallsealbhóra nó a d’úsáid fíorú tríú páirtí nó clásail chonarthacha chun tacú le gnéithe sonracha dá n-oibleagáidí díchill chuí a chur chun feidhme, is féidir iad a chur faoi dhliteanas fós i gcomhréir leis an Airteagal seo.
Leasú 304
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 22 – mír 3
3.   Beidh dliteanas sibhialta cuideachta i leith damáistí a eascraíonn faoin bhforáil seo gan dochar do dhliteanas sibhialta a fochuideachtaí nó aon chomhpháirtí gnó díreach nó indíreach sa slabhra luacha.
3.   Beidh dliteanas sibhialta cuideachta i leith damáistí a eascraíonn faoin bhforáil seo gan dochar do dhliteanas sibhialta a fochuideachtaí nó aon chomhpháirtí gnó díreach nó indíreach sa slabhra luacha. I gcásanna amhail i gcás ina bhfuil fochuideachta faoi raon feidhme na Treorach seo agus go ndearna an mháthairchuideachta í a dhíscaoileadh nó go ndearna sí í féin a dhíscaoileadh d’aon ghnó chun dliteanas a sheachaint, is féidir an dliteanas a chur i leith na máthairchuideachta i gcás nach bhfuil aon chomharba dlíthiúil ann.
Leasú 305
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 22 – mír 4
4.   Beidh na rialacha maidir le dliteanas sibhialta faoin Treoir seo gan dochar do rialacha an Aontais nó do rialacha náisiúnta maidir le dliteanas sibhialta a bhaineann le drochthionchair ar chearta an duine nó le drochthionchair ar an gcomhshaol lena bhforáiltear do dhliteanas i gcásanna nach gcumhdaítear le dliteanas níos déine ná an Treoir seo nó nach bhforáiltear dóibh maidir le dliteanas níos déine.
4.   Leis na rialacha maidir le dliteanas sibhialta faoin Treoir seo, ní chuirfear teorainn le dliteanas cuideachtaí faoi chórais dlí an Aontais nó faoi chórais dlí náisiúnta, lena n-áirítear rialacha maidir le dliteanas comhpháirteach agus leithleach.
Leasú 306
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 24 – teideal
Tacaíocht phoiblí
Tacaíocht phoiblí, soláthar poiblí agus lamháltais phoiblí
Leasú 307
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 24 – mír 1
Áiritheoidh na Ballstáit go ndeimhneoidh cuideachtaí a dhéanann iarratas ar thacaíocht phoiblí nár forchuireadh aon smachtbhannaí orthu as mainneachtain oibleagáidí na Treorach seo a chomhlíonadh.
Áiritheoidh na Ballstáit go gcáileoidh comhlíonadh nó neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí a eascraíonn as an Treoir seo nó a gcur chun feidhme deonach mar cheann de na gnéithe comhshaoil agus sóisialta atá le cur san áireamh i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le tacaíocht phoiblí a sholáthar nó conarthaí poiblí agus lamháltais a dhámhachtain.
Leasuithe 391 agus 405
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 26
Airteagal 26
scriosta
Dícheall cuí a chur ar bun agus a mhaoirsiú
1 Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh stiúrthóirí cuideachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1) freagrach as na gníomhaíochtaí díchill chuí dá dtagraítear in Airteagal 4 a chur ar bun agus as maoirseacht a dhéanamh orthu, agus go háirithe an beartas díchill chuí dá dtagraítear in Airteagal 5, agus aird chuí á tabhairt ar ionchur ábhartha ó gheallsealbhóirí agus ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Tabharfaidh na stiúrthóirí tuarascáil ina leith sin don bhord stiúrthóirí.
2 Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh stiúrthóirí bearta chun an straitéis chorparáideach a oiriúnú chun na drochthionchair iarbhír agus fhéideartha arna sainaithint de bhun Airteagal 6 agus aon bhearta arna ndéanamh de bhun Airteagal 7 go hAirteagal 9 a chur san áireamh.
Leasú 308
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 28 – mír 2
2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 11 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama.
2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(2), Airteagal 11 agus Airteagal 14(4a) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón … [dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Dréachtóidh an Coimisiún tuarascáil maidir le tarmligean na cumhachta tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana sin. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
Leasú 309
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 28 – mír 3
3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 11 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(2), agus in Airteagal 11 nó Airteagal 14(4a) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
Leasú 310
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 28 – mír 6
6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 11 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle."
6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3(2), Airteagal 11 nó Airteagal 14(4a) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Leasú 311
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 29 – teideal
Athbhreithniú
Athbhreithniú agus tuairisciú
Leasú 312
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 29 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
Faoin … [OP: cuir isteach an dáta = 7 bliana tar éis teacht i bhfeidhm na Treorach] ar a dhéanaí, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme na Treorach seo. Déanfar meastóireacht sa tuarascáil ar éifeachtacht na Treorach seo maidir lena cuspóirí a bhaint amach agus déanfar measúnú ar na saincheisteanna seo a leanas:
1.  Tráth nach déanaí ná ... [OP: cuir isteach an dáta = 6 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], agus gach 3 bliana dá éis sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil chuimsitheach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme na Treorach seo. Déanfar meastóireacht sa tuarascáil ar éifeachtacht na Treorach seo maidir lena cuspóirí a bhaint amach, go háirithe maidir lena héifeachtacht i dtaca le hiarmhairtí dochracha féideartha a chosc, iarmhairtí dochracha iarbhír a thabhairt chun críche nó a méid a íoslaghdú ar fud an domhain, déanfar moltaí inti le haghaidh gníomhaíochtaí agus beidh togra reachtach ag gabháil léi, más iomchuí. Déanfar meastóireacht sa tuarascáil go háirithe ar na saincheisteanna seo a leanas:
Leasú 313
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 29 – mír 1 – pointe -a (nua)
(-a)  iarmhairt na Treorach seo ar FBManna, mar aon le cuntas agus measúnú ar éifeachtacht na mbeart agus na n-uirlisí éagsúla le haghaidh tacaíochta arna soláthar do FBManna ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit;
Leasú 314
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 29 – mír 1 – pointe -a a (nua)
(-aa)  measúnú ar líon na ngnóthas beag agus meánmhéide a chuireann inbhuanaitheacht chorparáideach agus dícheall cuí i bhfeidhm go deonach i gcomhréir leis an Treoir seo;
Leasú 315
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 29 – mír 1 – pointe -a b (nua)
(-ab)  éifeachtacht na Treorach seo maidir lena cuspóirí a bhaint amach, lena n-áirítear na costais indíreacha ghaolmhara agus na tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil a bhaineann léi chomh maith leis na héifeachtaí ar iomaíochas chuideachtaí an Aontais Eorpaigh;
Leasú 316
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 29 – mír 1 – pointe a
(a)  an gá na tairseacha maidir le líon na bhfostaithe agus glanláimhdeachas a leagtar síos in Airteagal 2(1) a ísliú;
(a)   an gá na tairseacha maidir le líon na bhfostaithe agus glanláimhdeachas a leagtar síos in Airteagal 2 a ísliú, go háirithe i gcás earnálacha áirithe, an bhfuil na módúlachtaí maidir le tairseacha a ríomh iomchuí agus an gá bealaí éalaithe suntasacha a dhúnadh ionas go mbeidh feidhm ag an Treoir maidir le gach cineál dlíthiúil ábhartha d’oibreoirí eacnamaíocha agus struchtúir chasta chorparáideacha;
Leasú 317
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 29 – mír 1 – pointe a a (nua)
(aa)  éifeachtacht na sásraí forfheidhmiúcháin arna gcur i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta agus éifeachtacht na smachtbhannaí agus na nósanna imeachta maidir le dliteanas sibhialta go háirithe;
Leasú 318
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 29 – mír 1 – pointe a b (nua)
(ab)  an cóineasú agus an éagsúlacht idir dlíthe náisiúnta na mBallstát lena dtrasuitear an Treoir seo;
Leasú 319
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 29 – mír 1 – pointe b
(b)  an gá liosta na n-earnálacha in Airteagal 2(1), pointe (b) a athrú, lena n-áirítear chun é a ailíniú le treoir ón Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta;
scriosta
Leasú 320
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 29 – mír 1 – pointe c
(c)  an gá an Iarscríbhinn a mhodhnú, lena n-áirítear i bhfianaise forbairtí idirnáisiúnta
scriosta
Leasú 321
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 29 – mír 1 – pointe d
(d)   ar cheart Airteagal 4 go hAirteagal 14 a leathnú amach chun drochthionchair aeráide a chumhdach.
(d)   ar cheart Airteagal 4 go hAirteagal 14 a leathnú amach chun iarmhairtí dochracha breise a chumhdach freisin, go háirithe iarmhairtí dochracha ar an dea-rialachas.
Leasú 322
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 29 – mír 1 – pointe d a (nua)
(da)  an bhforbrófar plean inbhuanaitheachta leathan, a dhéileálann le hiarmhairtí eile ar an gcomhshaol seachas an aeráid;
Leasú 323
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 29 – mír 1 – pointe d b (nua)
(db)  ar cheart an sainmhíniú ar ‘slabhra luacha’ maidir le gnóthais airgeadais rialáilte a leathnú chun raon níos leithne cuideachtaí a chuimsiú;
Leasú 324
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 29 – mír 1 a (nua)
1a.  Déanfaidh an Coimisiún measúnú bliantúil uile-Aontais a thionscnamh agus a chomhordú, ar measúnú é ar athléimneacht cuideachtaí i gcásanna dochracha a bhaineann lena slabhraí luacha. Cuirfidh an Coimisiún an measúnú sin ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
Leasú 325
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 30 – mír 1 – fomhír 2 – an chuid réamhráiteach
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm mar a leanas:
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón… [IO le cur isteach: 3 bliana ó theacht i bhfeidhm na Treorach seo] a mhéid a bhaineann le cuideachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1) a raibh níos mó ná 1000 fostaí acu ar an meán agus a raibh glanláimhdeachas domhanda níos mó ná EUR 150 milliún acu sa bhliain airgeadais dheireanach, nó cuideachtaí a bhí ina máthairchuideachta deiridh ag grúpa a raibh an líon sin fostaithe acu agus a ghin láimhdeachas den sórt sin, agus in Airteagal 2(2) a ghin glanláimhdeachas níos mó ná EUR 150 milliún san Aontas sa bhliain airgeadais roimh an mbliain airgeadais dheireanach, nó a bhí ina máthairchuideachta deiridh ag grúpa a ghin láimhdeachas den sórt sin.
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón… [OJ le cur isteach: 4 bliana ó theacht i bhfeidhm na Treorach seo] a mhéid a bhaineann le cuideachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), a raibh níos mó ná 500 fostaí acu ar an meán agus a raibh glanláimhdeachas domhanda de níos mó ná EUR 150 milliún acu sa bhliain airgeadais dheireanach, nó a bhí ina máthairchuideachta deiridh ag grúpa a raibh an líon sin fostaithe acu agus a ghin láimhdeachas den sórt sin.
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón… [IO le cur isteach: 4 bliana ó theacht i bhfeidhm na Treorach seo] a mhéid a bhaineann le cuideachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1) pointe (a), a raibh níos mó ná 250 fostaí acu ar an meán agus a raibh glanláimhdeachas domhanda níos mó ná EUR 40 milliún acu, agus in Airteagal 2(2) a ghin glanláimhdeachas níos mó ná EUR 40 milliún san Aontas agus EUR 150 milliún ar fud an domhain sa bhliain airgeadais roimh an mbliain airgeadais dheireanach nó a bhí ina máthairchuideachta deiridh ag grúpa a ghin láimhdeachas den sórt sin.
De mhaolú ar an gceathrú fomhír den mhír seo, cuideachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (a), a raibh níos mó ná 250 fostaí acu ar an meán agus a raibh glanláimhdeachas domhanda níos mó ná EUR 40 milliún ach nach mó ná EUR 150 milliún sa bhliain airgeadais dheireanach, féadfaidh siad a chinneadh gan na hoibleagáidí faoin Treoir seo a chomhlíonadh go dtí [IO le cur isteach: 5 bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. I gcásanna den sórt sin, tabharfaidh an chuideachta fógra don údarás maoirseachta, agus tabharfaidh sí ráiteas gearr faoin gcúis gurb amhlaidh atá.
Leasú 326
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 30 – mír 1 – fomhír 2 – pointe a
(a)  ón... [IO le cur isteach: ón... [2 bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo] a mhéid a bhaineann le cuideachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (a), agus Airteagal 2(2), pointe (a);
scriosta
Leasú 327
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 30 – mír 1 – fomhír 2 – pointe b
(b)  ón... [IO le cur isteach: ón... [4 bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo] a mhéid a bhaineann le cuideachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (b), agus Airteagal 2(2), pointe (b).
scriosta
Leasú 328
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – Cuid II – fotheideal 1 - teideal
1.   Sáruithe ar chearta agus ar thoirmisc a áirítear i gcomhaontuithe idirnáisiúnta um chearta an duine
1.   Cearta agus toirmisc a áirítear i gcomhaontuithe idirnáisiúnta um chearta an duine
Leasú 329
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I — Cuid I — fo-cheannteideal 1 — pointe 1
1.   Sárú ar an gceart atá ag daoine fónamh a bhaint as acmhainní nádúrtha talún agus gan a gcóir mhaireachtála a bhaint de réir Airteagal 1 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla;
1.   an ceart atá ag daoine acmhainní nádúrtha talún a chur de láimh agus gan a gcóir mhaireachtála a bhaint de réir Airteagal 1 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla;
Leasú 330
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – Cuid I– pointe 2
2.   Sárú ar an gceart chun na beatha agus slándála i gcomhréir le hAirteagal 3 den Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine;
2.   an ceart chun na beatha agus slándála i gcomhréir le hAirteagal 3 de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine;
Leasú 331
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – Cuid I– pointe 3
3.   Sárú ar an toirmeasc ar chéastóireacht, ar íde atá cruálach, mídhaonna nó táireach i gcomhréir le hAirteagal 5 de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine;
3.   an toirmeasc ar chéastóireacht, ar íde atá cruálach, mídhaonna nó táireach i gcomhréir le hAirteagal 5 de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine;
Leasú 332
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – Cuid I– pointe 4
4.   Sárú ar an gceart chun saoirse agus slándála i gcomhréir le hAirteagal 9 de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine;
4.   an ceart chun saoirse agus slándála i gcomhréir le hAirteagal 9 de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine;
Leasú 333
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – Cuid I– pointe 5
5.   Sárú ar an toirmeasc ar chur isteach treallach nó neamhdhleathach ar phríobháideachas, ar theaghlach, ar theach nó ar chomhfhreagras duine agus ar ionsaithe ar a chlú, i gcomhréir le hAirteagal 17 de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine;
5.   An toirmeasc ar chur isteach treallach nó neamhdhleathach ar phríobháideachas, ar theaghlach, ar theach nó ar chomhfhreagras duine agus ar ionsaithe ar a chlú, i gcomhréir le hAirteagal 17 de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine;
Leasú 334
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – Cuid I– fo-cheannteideal 1 - pointe 6
6.   Sárú ar an toirmeasc ar chur isteach ar shaoirse smaoinimh, coinsiasa agus reiligiúin i gcomhréir le hAirteagal 18 de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine;
6.   An toirmeasc ar chur isteach ar shaoirse smaointeoireachta, coinsiasa agus reiligiúin i gcomhréir le hAirteagal 18 de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine;
Leasú 335
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – Cuid I– pointe 7
7.   Sárú ar an gceart chun tairbhiú de dhálaí oibre córa fabhracha a lena n-áirítear pá cóir, saol cuibhiúil, dálaí oibre sábháilte sláintiúla agus teorainn réasúnach le huaireanta oibre i gcomhréir le hAirteagal 7 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha;
7.   An ceart tairbhiú de dhálaí oibre córa fabhracha lena n-áirítear luach saothair a sholáthraíonn saol cuibhiúil, dálaí oibre sábháilte agus sláintiúla agus teorainn réasúnach le huaireanta oibre. Áirítear leis sin an ceart chun íosphá maireachtála d’fhostaithe agus an ceart chun ioncaim maireachtála d’oibrithe féinfhostaithe agus do shealbhóirí beaga i gcomhréir le hAirteagal 7 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha agus Airteagal 23(3) de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine;
Leasú 336
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – cuid 1 – pointe 7 a (nua)
7a.  An ceart go mbeadh caighdeán maireachtála leormhaith ag gach duine agus ag a dteaghlaigh, lena n-áirítear bia, éadaí agus tithíocht leormhaith, agus go gcuirfí feabhas leanúnach ar dhálaí maireachtála de réir Airteagal 11 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha agus d’Airteagal 25 de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine;
Leasú 337
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – Cuid I– pointe 8
8.   Sárú ar an toirmeasc ar shrian a chur le rochtain oibrithe ar thithíocht leordhóthanach, más i gcóiríocht arna soláthar ag an gcuideachta a bhfuil cónaí ar an lucht saothair, agus an toirmeasc ar shrian a chur le rochtain oibrithe ar bhia, éadaí, uisce agus sláintíocht leordhóthanach san ionad oibre i gcomhréir le hAirteagal 11 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha;
8.   An toirmeasc ar shrian a chur le rochtain oibrithe ar thithíocht leordhóthanach, más i gcóiríocht arna soláthar ag an gcuideachta a bhfuil cónaí ar an lucht saothair, agus an toirmeasc ar shrian a chur le rochtain oibrithe ar bhia, éadaí, uisce agus sláintíocht leordhóthanach san ionad oibre, i gcomhréir le hAirteagal 11 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha;
Leasú 338
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – Cuid I– pointe 9
9.   Sárú ar cheart an linbh go dtabharfaí tús áite dá leasanna i ngach cinneadh agus gníomhaíocht a dhéanann difear do leanaí i gcomhréir le hAirteagal 3 den Choinbhinsiún um Chearta an Linbh; sárú ar cheart an linbh a chumas iomlán a fhorbairt i gcomhréir le hAirteagal 6 den Choinbhinsiún um Chearta an Linbh; sárú ar cheart an linbh chun an chaighdeán sláinte is airde is féidir a bhaint amach i gcomhréir le hAirteagal 24 den Choinbhinsiún um Chearta an Linbh; sárú ar an gceart chun slándála sóisialta agus caighdeáin leordhóthanach maireachtála i gcomhréir le hAirteagail 26 agus 27 den Choinbhinsiún um Chearta an Linbh; sárú ar an gceart chun oideachais i gcomhréir le hAirteagal 28 den Choinbhinsiún um Chearta an Linbh; sárú ar cheart an linbh a bheith cosanta ar gach cineál teacht i dtír ghnéasaigh agus mí-úsáide ghnéasaigh agus a bheith cosanta ar fhuadach, ar dhíol nó ar ghluaiseacht neamhdhleathach chuig áit eile laistigh nó lasmuigh dá thír chun críocha teacht i dtír, i gcomhréir le hAirteagail 34 agus 35 den Choinbhinsiún um Chearta an Linbh;
9.   Ceart an linbh go dtabharfaí tús áite dá leasanna i ngach cinneadh agus gníomhaíocht a dhéanann difear do leanaí i gcomhréir le hAirteagal 3 den Choinbhinsiún um Chearta an Linbh; ceart an linbh a chumas iomlán a fhorbairt i gcomhréir le hAirteagal 6 den Choinbhinsiún um Chearta an Linbh; ceart an linbh an caighdeán sláinte is airde is féidir a bhaint amach i gcomhréir le hAirteagal 24 den Choinbhinsiún um Chearta an Linbh; an ceart chun slándála sóisialta agus caighdeáin leordhóthanach maireachtála i gcomhréir le hAirteagail 26 agus 27 den Choinbhinsiún um Chearta an Linbh; an ceart chun oideachais i gcomhréir le hAirteagal 28 den Choinbhinsiún um Chearta an Linbh; ceart an linbh a bheith cosanta ar gach cineál teacht i dtír ghnéasaigh agus mí-úsáide ghnéasaigh agus a bheith cosanta ar fhuadach, ar dhíol nó ar ghluaiseacht neamhdhleathach chuig áit eile laistigh nó lasmuigh dá thír chun críocha teacht i dtír, i gcomhréir le hAirteagail 34 agus 35 den Choinbhinsiún um Chearta an Linbh;
Leasú 339
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – Cuid I– pointe 10
10.   Sárú ar an toirmeasc ar fhostú linbh faoi bhun na haoise ag a gcríochnaítear an scolaíocht éigeantach agus, in aon chás, leanbh nach óige ná 15 mbliana d’aois é, ach amháin i gcás ina bhforáiltear amhlaidh i ndlí na háite fostaíochta i gcomhréir le hAirteagal 2(4) agus Airteagail 4 go 8 den Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir leis an Aois Íosta, 1973 (Uimh. 138) ;
10.   An toirmeasc ar fhostú linbh faoi bhun na haoise ag a gcríochnaítear an scolaíocht éigeantach agus, in aon chás, leanbh nach óige ná 15 mbliana d’aois é, ach amháin i gcás ina bhforáiltear amhlaidh i ndlí na háite fostaíochta i gcomhréir le hAirteagal 2(4) agus Airteagail 4 go 8 den Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir leis an Aois Íosta, 1973, (Uimh. 138) ;
Leasú 340
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – cuid 1 – pointe 11 – an chuid réamhráiteach
11.   Sárú ar an toirmeasc ar shaothar leanaí de bhun Airteagal 32 den Choinbhinsiún um Chearta an Linbh, lena n-áirítear na cineálacha is measa saothair leanaí do leanaí (daoine faoi bhun 18 mbliana d’aois) i gcomhréir le hAirteagal 3 de Choinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir leis na Cineálacha is measa de Shaothar Leanaí, 1999 (Uimh. 182). Áirítear sa mhéid sin:
11.   An toirmeasc ar shaothar leanaí de bhun Airteagal 32 den Choinbhinsiún um Chearta an Linbh, lena n-áirítear na cineálacha is measa saothair leanaí do leanaí (daoine faoi bhun 18 mbliana d’aois) i gcomhréir le hAirteagal 3 de Choinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir leis na Cineálacha is measa de Shaothar Leanaí, 1999 (Uimh. 182). Áirítear sa mhéid sin:
Leasú 341
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – Cuid I– pointe 12
12.   Sárú ar an toirmeasc ar shaothar éigeantais; áirítear leis sin gach obair nó seirbhís a éilítear ó aon duine faoi bhagairt aon phionóis agus nár thairg an duine sin é féin dá dheoin féin, mar shampla de bharr cuibhriú fiachais nó gáinneáil ar dhaoine; eisiatar ó shaothar éignithe aon obair nó seirbhísí a chomhlíonann Airteagal 2(2) de Choinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le hObair Éigeantais, 1930 (Uimh. 29) nó Airteagal 8 (3) (b) agus (c) den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla;
12.   An toirmeasc ar shaothar éignithe; áirítear leis sin gach obair nó seirbhís a éilítear ó aon duine faoi bhagairt aon phionóis agus nár thairg an duine sin é féin dá dheoin féin, mar shampla de bharr cuibhriú fiachais nó gáinneáil ar dhaoine; eisiatar ó shaothar éignithe aon obair nó seirbhísí a chomhlíonann Airteagal 2(2) de Choinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le hObair Éigeantais, 1930 (Uimh. 29) nó Airteagal 8 (3) (b) agus (c) den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla;
Leasú 342
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – Cuid I– pointe 13
13.   Sárú ar an toirmeasc ar gach cineál sclábhaíochta, cleachtais cosúil leis an sclábhaíocht, seirfeachas nó cineálacha eile forlámhas nó leatroim san ionad oibre, amhail teacht i dtír agus uirísliú ollmhór eacnamaíoch nó gnéasach i gcomhréir le hAirteagal 4 de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus Airt. 8 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla;
13.   An toirmeasc ar gach cineál sclábhaíochta, cleachtais cosúil leis an sclábhaíocht, seirfeachas nó cineálacha eile forlámhas nó leatroim san ionad oibre, amhail teacht i dtír agus uirísliú ollmhór eacnamaíoch nó gnéasach i gcomhréir le hAirteagal 4 de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus Airt. 8 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla;
Leasú 343
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – Cuid I– pointe 14
14.   Sárú ar an toirmeasc ar gháinneáil ar dhaoine i gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Palermo chun Gáinneáil ar Dhaoine, go háirithe ar Mhná agus ar Leanaí, a Chosc, a Chur faoi Chois agus Pionós a Ghearradh ina leith, lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta;
14.   An toirmeasc ar gháinneáil ar dhaoine i gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Palermo chun Gáinneáil ar Dhaoine, go háirithe ar Mhná agus ar Leanaí, a Chosc, a Chur faoi Chois agus Pionós a Ghearradh ina leith, lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta;
Leasú 344
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – cuid 1 – pointe 15 – an chuid réamhráiteach
15.   Sárú ar an gceart chun saoirse comhlachais, comhthionóil, an ceart eagrúcháin agus chun cómhargála i gcomhréir le hAirteagal 20 de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, Airteagail 21 agus 22 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, Airteagal 8 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha, Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Saoirse Comhlachais agus Cosaint an Chirt Eagrúcháin, 1948 (Uimh. 87) agus Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair i dtaca leis an gCeart Eagrúcháin agus leis an gCómhargáil, 1949 (Uimh. 98), lena n-áirítear na cearta seo a leanas:
15.   An ceart chun saoirse comhlachais, comhthionóil, an ceart eagrúcháin agus chun cómhargála i gcomhréir le hAirteagal 20 de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, Airteagail 21 agus 22 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, Airteagal 8 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha, Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Saoirse Comhlachais agus Cosaint an Chirt Eagrúcháin, 1948 (Uimh. 87) agus Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair i dtaca leis an gCeart Eagrúcháin agus leis an gCómhargáil, 1949 (Uimh. 98), lena n-áirítear na cearta seo a leanas:
Leasú 345
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – Cuid I– pointe 16
16.   Sárú ar an toirmeasc ar chóir neamh-chomhionann san fhostaíocht, mura rud é go bhfuil údar leis sin de bharr cheanglais na fostaíochta de réir Airteagail 2 agus 3 de Choinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Luach Saothair Comhionann, 1951 (Uimh. 100), Airteagail 1 agus 2 de Choinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le hIdirdhealú (Fostaíocht agus Slí Bheatha), 1958 (Uimh. 111) agus Airteagal 7 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha; cuimsíonn cóir neamh-chomhionann, go háirithe, luach saothair neamh-chomhionann a íoc as obair ar luach comhionann;
16.   An toirmeasc ar chóir neamh-chomhionann san fhostaíocht, mura rud é go bhfuil údar leis sin de bharr cheanglais na fostaíochta de réir Airteagail 2 agus 3 de Choinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Luach Saothair Comhionann, 1951 (Uimh. 100), Airteagail 1 agus 2 de Choinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le hIdirdhealú (Fostaíocht agus Slí Bheatha), 1958 (Uimh. 111) agus Airteagal 7 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha; cuimsíonn cóir neamh-chomhionann, go háirithe, luach saothair neamh-chomhionann a íoc as obair ar luach comhionann;
Leasú 346
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – Cuid I– pointe 17
17.   Sárú ar an toirmeasc ar íosphá leordhóthanach maireachtála a choinneáil siar i gcomhréir le hAirteagal 7 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha;
17.   An toirmeasc ar íosphá leordhóthanach maireachtála a choinneáil siar i gcomhréir le hAirteagal 7 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha;
Leasú 347
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – cuid 1 – pointe 18 – an chuid réamhráiteach
18.   Sárú ar an toirmeasc ar aon díghrádú comhshaoil intomhaiste a chruthú, amhail athrú díobhálach ithreach, truailliú uisce nó aeir, astaíochtaí díobhálacha nó ídiú iomarcach uisce nó tionchar eile ar acmhainní nádúrtha, a
18.   An toirmeasc ar aon díghrádú comhshaoil a chruthú, amhail athrú díobhálach ithreach, truailliú uisce nó aeir, astaíochtaí díobhálacha nó ídiú iomarcach uisce nó iarmhairt eile ar acmhainní nádúrtha,
Leasú 348
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – Cuid I – pointe 18 – pointe a
(a)   chuireann as do na bunúis nádúrtha maidir le bia a chaomhnú agus a tháirgeadh nó
(a)   a chuireann as do na bunúis nádúrtha maidir le bia agus beatha a chaomhnú agus a tháirgeadh nó
Leasú 349
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – cuid 1 – pointe 18 – pointe a a (nua)
(da)  a chuireann isteach ar an tsláinte, amhail eipidéimí a chruthú, agus cur chuige na hAon Sláinte Amháin á chur san áireamh nó
Leasú 350
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – Cuid I – pointe 18 – pointe e
(e)   a dhéanann difear do shláine éiceolaíoch, amhail dífhoraoisiú,
(e)   a dhéanann difear do shláine éiceolaíoch, amhail dífhoraoisiú, i gcomhréir le hAirteagal 3 de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, le hAirteagal 5 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla agus le hAirteagal 12 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha;
Leasú 351
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – Cuid I– pointe 19
19.   Sárú ar an toirmeasc ar thalamh, ar fhoraoisí agus ar uiscí a dhíbirt nó a thógáil go neamhdhleathach nuair atá talamh, foraoisí agus uiscí á bhfáil, á bhforbairt nó á n-úsáid ar shlí eile, lena n-áirítear trí dhífhoraoisiú, nuair a áirithítear a úsáid slí bheatha duine i gcomhréir le hAirteagal 11 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha;
19.   An toirmeasc ar thalamh, ar fhoraoisí agus ar uiscí a dhíbirt nó a thógáil go neamhdhleathach nuair atá talamh, foraoisí agus uiscí á bhfáil, á bhforbairt nó á n-úsáid ar shlí eile, lena n-áirítear trí dhífhoraoisiú, nuair a áirithítear lena n-úsáid slí bheatha duine i gcomhréir le hAirteagal 11 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha;
Leasú 352
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – cuid 1 – pointe 19 a (nua)
19a.  Cearta na bpobal dúchasach chun féinchinntiúcháin de réir Airteagal 1 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, Airteagal 1 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha, agus Airteagal 5 den Choinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe Chiníoch a Dhíothú, agus an ceart atá acu a dtoiliú saor, roimh ré agus feasach a thabhairt, a mhodhnú, a choinneáil siar nó a tharraingt siar maidir le hidirghabhálacha, cinntí agus gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá dtailte, críocha, acmhainní agus cearta, i gcomhréir le hAirteagal 27 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla agus le hAirteagal 15 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha agus le hAirteagail 2 agus 5 den Choinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe Chiníoch a Dhíothú;
Leasú 353
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – Cuid I– pointe 20
20.   Sárú ar cheart na bpobal dúchasach chun na dtailte, na gcríoch agus na n-acmhainní ba leosan go traidisiúnta, a bhí ina seilbh go traidisiúnta nó a bhí á n-úsáid nó á bhfáil ar shlí eile acu i gcomhréir le hAirteagal 25, Airteagal 26(1) agus (2), Airteagal 27, agus Airteagal 29(2) de Dhearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach;
20.   Ceart na bpobal dúchasach chun na dtailte, na gcríoch agus na n-acmhainní atá faoina n-úinéireacht, a n-áitiú nó a n-úsáid nó faighte ar shlí eile acu go traidisiúnta i gcomhréir le hAirteagail 1 agus 27 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla agus le hAirteagail 1, 2 agus 15 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha agus le hAirteagal 5 den Choinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe Chiníoch a Dhíothú
Leasú 354
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – Cuid I– pointe 21
21.   Sárú ar thoirmeasc nó ar cheart nach gcumhdaítear faoi phointí 1 go 20 thuas ach atá san áireamh sna comhaontuithe um chearta an duine atá liostaithe i Roinn 2 den Chuid seo, rud a dhéanann dochar díreach do leas dlíthiúil a chosnaítear sna comhaontuithe sin, ar choinníoll go bhféadfadh an chuideachta lena mbaineann riosca lagaithe den sórt sin a shuíomh go réasúnta mar aon le haon bheart iomchuí a bheadh le déanamh chun na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 4 den Treoir seo a chomhlíonadh agus imthosca ábhartha uile a n-oibríochtaí á gcur san áireamh, amhail an earnáil agus an comhthéacs oibríochtúil.
21.   Toirmeasc nó ceart nach gcumhdaítear le pointí 1 go 20 thuas ach atá san áireamh sna comhaontuithe um chearta an duine a liostaítear i Roinn 2 den Chuid seo, i gcás ina bhfuil riosca intuartha ann go ndéanfaí difear do thoirmeasc nó do cheart den sórt sin.
Leasú 355
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – Cuid II – fotheideal 2
2.   Coinbhinsiúin maidir le cearta an duine agus saoirsí bunúsacha
2.   Coinbhinsiúin agus ionstraimí maidir le cearta an duine agus saoirsí bunúsacha
Leasú 356
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I — Cuid I — fo-cheannteideal 2 — fleasc 11
—   An Dearbhú maidir le Cearta Daoine a bhaineann le Mionlaigh Náisiúnta nó Eitneacha, Reiligiúnacha agus Teanga;
—   Dearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta Daoine a bhaineann le Mionlaigh Náisiúnta nó Eitneacha, Reiligiúnacha agus Teanga;
Leasú 357
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – cuid A – fophointe 2 – fleasc 11 a (nua)
—  Dearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na dTuathánach agus Daoine Eile a bhíonn ag Obair i gCeantair Thuaithe;
Leasú 358
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – cuid A – fophointe 2 – fleasc 12 a (nua)
—  Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe, 2003;
Leasú 359
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I — Cuid I — fo-cheannteideal 2 — fleasc 12 b (nua)
—  Coinbhinsiún ECFE in aghaidh na Breabaireachta, 1997;
Leasú 360
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – cuid A – fophointe 2 – fleasc 14 a (nua)
—  Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Pobail Dhúchasacha agus Threibheacha, 1989 (Uimh. 169);
Leasú 361
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I — Cuid I — fo-cheannteideal 2 — fleasc 15 — fo-fhleasc 5 a (nua)
—  Coinbhinsiún EIS maidir le Sábháilteacht agus Sláinte Cheirde, 1981 (Uimh. 155).
Leasú 362
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I — Cuid I — fo-cheannteideal 2 — fleasc 15 — fo-alt 5 b (nua)
—  Coinbhinsiún EIS maidir le Cur Chun Cinn an Chreata um Shábháilteacht agus Sláinte Cheirde, 2006 (Uimh. 187)
Leasú 363
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – cuid A – fophointe 2 – fleasc 15 a (nua)
—  Ionstraimí an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta mar a leagtar amach iad i gCoinbhinsiúin na Ginéive agus i bprótacail bhreise
Leasú 364
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – cuid 2 – pointe 15 b (nua)
—  Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean baile a chosc agus a chomhrac
Leasú 365
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I — Cuid II — teideal
Sáruithe ar chuspóirí agus ar thoirmisc a aithnítear go hidirnáisiúnta agus a áirítear i gcoinbhinsiúin chomhshaoil
cuspóirí agus toirmisc de chuid an Aontais agus a aithnítear go hidirnáisiúnta agus a áirítear i gcoinbhinsiúin chomhshaoil agus aeráide agus i reachtaíocht an Aontais
Leasú 366
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – Cuid II – pointe 1 (nua)
- 1.  An oibleagáid iarmhairt dhochrach ar cheann de na catagóirí comhshaoil seo a leanas a shainaithint agus a chosc, a mhaolú nó deireadh a chur leis:
(a)  an t-athrú aeráide;
(b)  caillteanas bithéagsúlachta;
(c)  truailliú aeir, uisce agus ithreach;
(d)  díghrádú éiceachóras talún, muirí agus fionnuisce;
(e)  dífhoraoisiú;
(f)  ró-thomhaltas ábhair, uisce, fuinnimh agus acmhainní nádúrtha eile;
(g)  giniúint dhíobhálach agus míbhainistiú dramhaíola, lena n-áirítear substaintí guaiseacha;
Leasú 367
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – Cuid II – pointe 1
1.  Sárú ar an oibleagáid maidir leis na bearta is gá a bhaineann le húsáid acmhainní bitheolaíocha a ghlacadh chun drochthionchair ar an éagsúlacht bhitheolaíoch a sheachaint nó a íoslaghdú, i gcomhréir le hAirteagal 10(b) de Choinbhinsiún 1992 maidir leis an mBithéagsúlacht agus [agus leasuithe féideartha á gcur san áireamh i gcomhréir le Coinbhinsiún iar-2020 na Náisiún Aontaithe maidir leis an mBithéagsúlacht], lena n-áirítear na oibleagáidí Phrótacal Cartagena maidir le forbairt, láimhseáil, iompar, úsáid, aistriú agus scaoileadh orgánach modhnaithe beo agus oibleagáidí Prótacal Nagoya maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus na Tairbhí a Bhaineann leis na hAcmhainní sin mar aon lena n-Úsáid a Roinnt go Cóir agus go Cothromasach an 12 Deireadh Fómhair 2014;
scriosta
Leasú 368
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – Cuid II – pointe 2
2.   Sárú ar an toirmeasc ar allmhairiú nó a onnmhairiú aon eiseamail a áirítear in Aguisín den Coinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES) an 3 Márta 1973 gan chead, de bhun Airteagail III, IV agus V;
2.   Toirmeasc ar allmhairiú nó a onnmhairiú aon eiseamail a áirítear in Aguisín den Coinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES) an 3 Márta 1973 gan chead, de bhun Airteagail III, IV agus V;
Leasú 369
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – Cuid II – pointe 3
3.   Sárú ar an toirmeasc ar mhonarú táirgí ar cuireadh mearcair leo de bhun Airteagal 4(1) agus Iarscríbhinn A, Cuid I de Choinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair an 10 Deireadh Fómhair 2013 (Coinbhinsiún Minamata);
3.   Toirmeasc ar mhonarú táirgí ar cuireadh mearcair leo de bhun Airteagal 4(1) agus Iarscríbhinn A, Cuid I de Choinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair an 10 Deireadh Fómhair 2013 (Coinbhinsiún Minamata);
Leasú 370
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – Cuid II – pointe 4
4.   Sárú ar an toirmeasc ar úsáid mearcair agus comhdhúl mearcair i bpróisis mhonaraíochta de réir bhrí Airteagal 5(2) agus Iarscríbhinn B, Cuid I de Choinbhinsiún Minamata ón dáta céimnithe a shonraítear sa Choinbhinsiún maidir leis na táirgí agus na próisis faoi seach;
4.   An toirmeasc ar úsáid mearcair agus comhdhúl mearcair i bpróisis mhonaraíochta de réir bhrí Airteagal 5(2) agus Iarscríbhinn B, Cuid I de Choinbhinsiún Minamata ón dáta céimnithe amach a shonraítear sa Choinbhinsiún maidir leis na táirgí agus na próisis faoi seach;
Leasú 371
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – Cuid II – pointe 5
5.   Sárú ar an toirmeasc ar chóireáil dramhaíola mearcair d’aineoinn fhorálacha Airteagal 11(3) de Choinbhinsiún Minamata;
5.   An toirmeasc ar chóireáil dramhaíola mearcair conrártha le forálacha Airteagal 11(3) de Choinbhinsiún Minamata;
Leasú 372
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – Cuid II – pointe 6
6.   Sárú ar an toirmeasc ar tháirgeadh agus úsáid ceimiceán de bhun Airteagal 3 (1) (a) (i) agus Iarscríbhinn A a ghabhann le Coinbhinsiún Stócólm an 22 Bealtaine 2001 ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha, sa leagan de Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (IO L 169 an 25 Meitheamh 2019 lgh. 45-77;
6.   Toirmeasc ar tháirgeadh agus úsáid ceimiceán de bhun Airteagal 3 (1) (a) (i) agus Iarscríbhinn A a ghabhann le Coinbhinsiún Stócólm an 22 Bealtaine 2001 ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha, sa leagan de Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (IO L 169 an 25 Meitheamh 2019 lgh. 45-77;
Leasú 373
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – Cuid II – pointe 7
7.   Sárú ar an toirmeasc ar láimhseáil, bailiú, stóráil agus diúscairt dramhaíola ar bhealach nach mbeidh slán ó thaobh an chomhshaoil de i gcomhréir leis na rialacháin atá i bhfeidhm sa dlínse is infheidhme faoi fhorálacha Airteagal 6 (1) (d) (i) agus (ii) den Choinbhinsiún ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha;
7.   An toirmeasc ar láimhseáil, bailiú, stóráil agus diúscairt dramhaíola ar bhealach nach mbeidh slán ó thaobh an chomhshaoil de i gcomhréir leis na rialacháin atá i bhfeidhm sa dlínse is infheidhme faoi fhorálacha Airteagal 6 (1) (d) (i) agus (ii) den Choinbhinsiún ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha;
Leasú 374
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – Cuid II – pointe 8
8.  Sárú ar an toirmeasc ar allmhairiú ceimiceáin a liostaítear in Iarscríbhinn III den Choinbhinsiún ar an Nós Imeachta i dTaobh Toiliú Feasach a chur in iúl roimh ré le haghaidh Ceimiceán Guaiseach agus Lotnaidicídí áirithe sa Trádáil Idirnáisiúnta (UNEP/FAO), Coinbhinsiún a glacadh an 10 Meán Fómhair 1998, mar a léirigh an Páirtí allmhairíochta sa Choinbhinsiún i gcomhréir leis an nós imeachta i dtaobh toiliú feasach;
scriosta
Leasú 375
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – Cuid II – pointe 9
9.   Sárú ar an toirmeasc ar tháirgeadh agus ar ídiú substaintí sonracha a ídíonn an ciseal ózóin (i.e. clórafluaracarbóin, Halóin, teitreaclóiríd charbóin, 1,1,1-tríchlóireatán, brómaclóraimeatán, bróimíd mheitile, hidreabrómafluaracarbóin agus hidreaclórafluaracarbóin) tar éis a gcéimnithe amach de bhun Choinbhinsiún Vín um Chosaint an Chisil Ózóin agus a Phrótacal Montréal um Shubstaintí a Ídíonn an Ciseal Ózóin;
9.   An toirmeasc ar tháirgeadh agus ar ídiú substaintí sonracha a ídíonn an ciseal ózóin (i.e. clórafluaracarbóin, Halóin, teitreaclóiríd charbóin, 1,1,1-tríchlóireatán, brómaclóraimeatán, bróimíd mheitile, hidreabrómafluaracarbóin agus hidreaclórafluaracarbóin) tar éis a gcéimnithe amach de bhun Choinbhinsiún Vín um Chosaint an Chisil Ózóin agus a Phrótacal Montréal um Shubstaintí a Ídíonn an Ciseal Ózóin;
Leasú 376
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn IX – Cuid I – pointe 10 – an chuid réamhráiteach
10.   Sárú ar an toirmeasc ar onnmhairí dramhaíola guaisí de réir bhrí Airteagal 1 (1) agus dramhaíola eile de réir bhrí Airteagal 1 (2) de Choinbhinsiún Basel maidir le Rialú Gluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíolacha Guaiseacha agus a nDiúscairt an 22 Márta 1989 (Coinbhinsiún Basel) agus de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le loingsithe dramhaíola (IO L 190 an 12 Iúil 2006 lgh. 1-98) (Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006), arna leasú go deireanach le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2174 ón gCoimisiún an 19 Deireadh Fómhair 2020 (IO L 433 an 22 Nollaig 2020 lgh. 11-19)
10.   Toirmeasc ar onnmhairí dramhaíola guaisí de réir bhrí Airteagal 1 (1) agus dramhaíola eile de réir bhrí Airteagal 1 (2) de Choinbhinsiún Basel maidir le Rialú Gluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíolacha Guaiseacha agus a nDiúscairt an 22 Márta 1989 (Coinbhinsiún Basel) agus de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le loingsithe dramhaíola (IO L 190 an 12 Iúil 2006 lgh. 1-98) (Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006), arna leasú go deireanach le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2174 ón gCoimisiún an 19 Deireadh Fómhair 2020 (IO L 433 an 22 Nollaig 2020 lgh. 11-19)
Leasú 377
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – Cuid II – pointe 12 a (nua)
12a.  An oibleagáid laghduithe a bhaint amach in astaíochtaí gás ceaptha teasa arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 2(1)(a), Airteagal 4(1), Airteagal 4(2) agus Airteagal 5(1) de Chomhaontú Pháras faoi Chreat na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide, an Dlí Aeráide Eorpach agus an Gealltanas Domhanda maidir le Meatán.
Leasú 378
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – cuid 4 – pointe 12 b (nua)
12b.  An oibleagáid gach beart a dhéanamh atá comhsheasmhach le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlíthe na Farraige (UNCLOS) atá riachtanach chun truailliú na muirthimpeallachta ó aon fhoinse a chosc, a laghdú agus a rialú, agus úsáid á baint chun na críche sin as na modhanna is fearr is féidir atá ar fáil dóibh agus i gcomhréir lena gcumais, i gcomhréir le hAirteagal 194(1) de UNCLOS, lena n-áirítear Airteagal 194 (3)(a), Airteagal 194 (3)(b), Airteagal 194 (3)(c), agus Airteagal 194 (3)(d) de UNCLOS.
Leasú 379
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – Cuid II – pointe 12 c (nua)
12c.  Na cearta rochtana ar fhaisnéis, rannpháirtíocht an phobail i gcinnteoireacht agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil i gcomhréir, go háirithe, le hAirteagail 4, 6, agus 9 den Choinbhinsiún maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil (Coinbhinsiún Aarhus)
Leasú 380
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – cuid II – pointe 12 d (nua)
12d.  An oibleagáid chun a áirithiú go mbeidh daoine, grúpaí agus eagraíochtaí a dhéanann cearta an duine i gcúrsaí comhshaoil a bhaineann le slabhra luacha cuideachta a chur chun cinn agus a chosaint in ann gníomhú saor ó bhagairt, ó shrian agus ó neamhdheimhneacht agus nach ngearrfar pionós orthu, nach ndéanfar géarleanúint orthu ná nach ndéanfar iad a chiapadh ar bhealach ar bith as a rannpháirtíocht, i gcomhréir le hAirteagal 3(8) de Choinbhinsiún Aarhus;
Leasú 381
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – Cuid II – pointe 12 e (nua)
12e.  An oibleagáid gach beart iomchuí a dhéanamh chun aon iarmhairt trasteorann ar uiscí trasteorann a chosc, a rialú agus a laghdú i gcomhréir le Coinbhinsiún 1992 maidir le Sruthchúrsaí Trasteorann agus Lochanna Idirnáisiúnta a Chosaint agus a Úsáid.

(1)* Tuigfear gurb é tagairtí do “cp” i gceannteidil na leasuithe a glacadh an chuid chomhfhreagrach de na leasuithe sin
(2) Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0184/2023).

An nuashonrú is déanaí: 3 Deireadh Fómhair 2023Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais