Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2022/0089(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0173/2023

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0173/2023

Díospóireachtaí :

PV 31/05/2023 - 17
CRE 31/05/2023 - 17
PV 27/02/2024 - 10
CRE 27/02/2024 - 10

Vótaí :

PV 01/06/2023 - 6.5
CRE 01/06/2023 - 6.5
Mínithe ar vótaí
PV 28/02/2024 - 8.7
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2023)0210
P9_TA(2024)0101

Téacsanna atá glactha
PDF 417kWORD 171k
Déardaoin, 1 Meitheamh 2023 - Brussels
Tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta
P9_TA(2023)0210A9-0173/2023

Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 1 Meitheamh 2023 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tásca geografacha an Aontais Eorpaigh le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, agus scéimeanna cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2017/1001 agus (AE) 2019/787 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (COM(2022)0134 – C9-0130/2022 – 2022/0089(COD))(1)

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún   Leasú
Leasú 1
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 1
(1)  Cuimsítear sa Chomhaontú Glas don Eoraip22 dearadh le haghaidh córas bia atá cóir, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol (‘ón bhfeirm go dtí an forc’) i measc na mbeartas chun geilleagar an Aontais a chlaochlú le haghaidh todhchaí inbhuanaithe.
(1)  Cuimsítear sa Chomhaontú Glas don Eoraip22 dearadh le haghaidh córas bia atá cóir, inbhuanaithe, níos sláintiúla, níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol agus inrochtana do chách (‘ón bhfeirm go dtí an forc’) i measc na mbeartas chun geilleagar an Aontais a chlaochlú le haghaidh todhchaí inbhuanaithe.
__________________
__________________
22 https://ec.europa.eu/info/publications/communication-european-green-deal_en
22 https://ec.europa.eu/info/publications/communication-european-green-deal_en
Leasú 2
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 1 a (nua)
(1a)   Féadfaidh ról tábhachtach a bheith ag tásca geografacha ó thaobh na hinbhuanaitheachta de, lena n-áirítear sa gheilleagar ciorclach, a d’fhéadfadh feabhas a chur ar a luach oireachta agus ar an gcaoi sin a dtábhacht a neartú faoi chuimsiú na mbeartas náisiúnta agus réigiúnach d’fhonn cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a chomhlíonadh.
Leasú 3
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 2
(2)  Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal A Farm to Fork Strategy - for a fair, healthy and environmentally-friendly food system [Straitéis ‘ón bhFeirm go dtí an Forc’ le haghaidh córas bia atá cóir, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol], iarradh go mbeadh aistriú ann chuig córais bhia inbhuanaithe, iarradh léi freisin go láidreofaí an creat reachtach maidir le tásca geografacha agus, i gcás inarb iomchuí, go gcuirfí critéir shonracha inbhuanaitheachta san áireamh. Sa Teachtaireacht sin, gheall an Coimisiún seasamh táirgeoirí táirgí lena ngabhann tásca geografacha, a gcomharchumann agus eagraíochtaí táirgeoirí i slabhra an tsoláthair bia agus gníomhaithe eile nach iad a láidriú.
(2)  Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal A Farm to Fork Strategy - for a fair, healthy and environmentally-friendly food system [Straitéis ‘ón bhFeirm go dtí an Forc’ le haghaidh córas bia atá cóir, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol], iarradh go mbeadh aistriú ann chuig córais bhia inbhuanaithe, iarradh léi freisin go láidreofaí an creat reachtach maidir le tásca geografacha agus go gcuirfí critéir shonracha inbhuanaitheachta san áireamh. Sa Teachtaireacht sin, gheall an Coimisiún seasamh táirgeoirí táirgí lena ngabhann tásca geografacha, a gcomharchumann agus eagraíochtaí táirgeoirí i slabhra an tsoláthair bia agus gníomhaithe eile nach iad a láidriú. Ba cheart go ndíreofaí ar tháirgeoirí beaga, go háirithe táirgeoirí a chaomhnaíonn scileanna traidisiúnta agus oilteacht.
Leasú 4
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 4
(4)  Tá an cháilíocht agus an éagsúlacht a bhaineann le fíon, le deochanna biotáilleacha agus le táirgeadh talmhaíochta an Aontais ar cheann de na buanna is tábhachtaí atá aige, mar is leo a thugtar buntáiste iomaíoch do tháirgeoirí an Aontais agus a chuirtear go mór le hoidhreacht chultúrtha agus ghastranómach an Aontais atá fós ar marthain. Is de bharr scileanna agus dhiongbháilteacht tháirgeoirí an Aontais atá an buntáiste sin acu óir choimeád siad na traidisiúin beo le linn dóibh na forbairtí ar mhodhanna nua táirgthe agus ar ábhair nua a chur san áireamh.
(4)  Tá an cháilíocht, an inrochtaineacht agus an éagsúlacht a bhaineann le fíon, le deochanna biotáilleacha agus le táirgeadh talmhaíochta an Aontais ar cheann de na buanna is tábhachtaí atá aige, mar is leo a thugtar buntáiste iomaíoch do tháirgeoirí an Aontais agus a chuirtear go mór le hoidhreacht chultúrtha agus ghastranómach an Aontais atá fós ar marthain. Is de bharr scileanna agus dhiongbháilteacht tháirgeoirí an Aontais atá an buntáiste sin acu óir choimeád siad na traidisiúin agus an fhéiniúlacht chultúrtha beo le linn dóibh na forbairtí ar mhodhanna nua táirgthe agus ar ábhair nua a chur san áireamh, rud a fhágann gur siombail den cháilíocht iad táirgí traidisiúnta an Aontais.
Leasú 5
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5
(5)  Is minice ná riamh anois a éilíonn saoránaigh agus tomhaltóirí san Aontas táirgí atá ar ardchaighdeán, mar aon le táirgí traidisiúnta. Is cúram dóibh freisin éagsúlacht tháirgeadh talmhaíochta an Aontais a choinneáil ar bun. Cruthaíonn an méid sin éileamh ar fhíon, ar dheochanna biotáilleacha agus ar tháirgí talmhaíochta lena mbaineann saintréithe sonracha inaitheanta, go háirithe saintréithe a bhaineann lena dtionscnamh geografach.
(5)  Is minice ná riamh anois a éilíonn saoránaigh agus tomhaltóirí san Aontas táirgí atá ar ardchaighdeán, traidisiúnta agus inrochtana, a bhfuil saintréithe sonracha acu atá inchurtha i leith a dtionscnaimh agus a modh táirgthe araon. Is cúram dóibh freisin éagsúlacht agus slándáil soláthair tháirgeadh talmhaíochta an Aontais a choinneáil ar bun. Cruthaíonn an méid sin éileamh ar fhíon, ar dheochanna biotáilleacha agus ar tháirgí talmhaíochta lena mbaineann saintréithe sonracha inaitheanta, go háirithe saintréithe a bhaineann lena dtionscnamh geografach, chomh maith leis na dálaí táirgthe a mhúnlaigh clú agus féiniúlacht na dtáirgí sin a áirithiú.
Leasú 6
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5 a (nua)
(5a)   Tá táirgí ardcháilíochta ar cheann de na sócmhainní is mó atá ag an Aontas, dár ngeilleagar agus dár bhféiniúlacht chultúrtha araon. Is iad na táirgí sin an léiriú is láidre ar an mbranda ‘déanta in AE’, branda atá inaitheanta ar fud an domhain ar fad, a ghineann fás agus a chaomhnaíonn ár n-oidhreacht. Is sócmhainní Eorpacha iad fíonta, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta nach mór a neartú agus a chosaint tuilleadh.
Leasú 7
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5 b (nua)
(5b)   Tá saoránaigh agus tomhaltóirí i dteideal a bheith ag dréim leis go mbeidh córas láidir fíorúcháin agus rialaithe mar thaca le haon tásc geografach agus scéim cáilíochta, gan beann ar cibé acu an de thionscnamh an Aontais nó ó tríú tír atá an táirge.
Leasú 8
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9
(9)  Maidir le haitheantas agus cosaint aonfhoirmeach a áirithiú ar fud an Aontais le haghaidh na gceart maoine intleachtúla a bhaineann le hainmneacha atá faoi chosaint san Aontas, is tosaíocht é nach féidir a bhaint amach go héifeachtach ach ar leibhéal an Aontais. Tásca geografacha lena gcosnaítear ainmneacha fíonta, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta lena ngabhann saintréithe, airíonna agus clú a bhaineann lena láthair táirgthe, is inniúlacht eisiach de chuid an Aontais iad. Dá bhrí sin, ní mór córas aonadach eisiach tásc geografach a sholáthar. Is ceart comhchoiteann iad tásca geografacha a shealbhaíonn na táirgeoirí incháilithe uile i limistéar ainmnithe atá toilteanach cloí le sonraíocht táirge. Bíonn níos mó cumhachtaí ag táirgeoirí a ghníomhaíonn i dteannta a chéile i gcomparáid le táirgeoirí aonair agus glacann siad freagrachtaí comhchoiteanna orthu féin chun a dtásca geografacha a bhainistiú, lena n-áirítear freagairt d’éilimh ón tsochaí ar tháirgí a tháirgtear ar bhealach inbhuanaithe. Trí thásca geografacha a oibriú, cúitítear go cóir le táirgeoirí a n-iarrachtaí réimse éagsúil táirgí ardchaighdeáin a tháirgeadh. San am céanna, d’fhéadfadh sé sin dul chun tairbhe don gheilleagar tuaithe, rud a bhíonn amhlaidh go háirithe i gceantair atá faoi shrianta nádúrtha nó faoi shrianta sonracha eile, amhail ceantair shléibhe agus na réigiúin is forimeallaí, áiteanna inar cuid thábhachtach den gheilleagar í earnáil na feirmeoireachta agus ina mbíonn costais arda táirgthe. Ar an gcaoi sin, is féidir le scéimeanna cáilíochta rannchuidiú leis an mbeartas forbartha tuaithe mar aon le beartas margaidh agus le beartas tacaíochta ioncaim CBT agus na beartais sin a chomhlánú. D’fhéadfadh na scéimeanna rannchuidiú go sonrach le forbairtí in earnáil na feirmeoireachta, agus go háirithe le ceantair faoi mhíbhuntáiste. Le creat Aontais lena gcosnaítear tásca geografacha trí fhoráil a dhéanamh maidir lena gcuimsiú ar chlár ar leibhéal an Aontais, éascaítear forbairt na hearnála talmhaíochta, ós rud é go n-áirithítear leis an gcur chuige níos aonfhoirmí a bheidh ann mar thoradh air sin go mbeidh iomaíocht chóir ann idir táirgeoirí táirgí a ngabhann tásca den sórt sin leo agus go dtiocfaidh méadú ar chreidiúnacht na dtáirgí i súile an tomhaltóra. Is é is aidhm don chóras tásc geografach é a chur ar a gcumas do thomhaltóirí roghanna ceannaigh níos eolaí a dhéanamh agus trí bhíthin lipéadú nó fógraíochta, cabhrú leo a dtáirgí a shainaithint ar an margadh. Le tásca geografacha, ar cineál cirt maoine intleachtúla iad, cabhraítear le hoibreoirí agus le cuideachtaí a sócmhainní doláimhsithe a luacháil. Chun nach gcruthófar coinníollacha éagóracha iomaíochta agus chun an margadh inmheánach a chothú, ba cheart d’aon táirgeoir, lena n-áirítear táirgeoir tríú tír, a bheith in ann ainm cláraithe a úsáid agus táirgí arna n-ainmniú mar thásca geografacha a mhargú ar fud an Aontais agus sa ríomhthráchtáil, ar choinníoll go gcomhlíonann an táirge lena mbaineann ceanglais na sonraíochta ábhartha agus go gcumhdaítear an táirgeoir le córas rialuithe. I bhfianaise na taithí a fuarthas ó Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle27 a chur chun feidhme, is gá aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna áirithe dlí, rialacha áirithe a shoiléiriú agus a shimpliú agus na nósanna imeachta a chuíchóiriú.
(9)  Maidir le haitheantas agus cosaint aonfhoirmeach a áirithiú ar fud an Aontais le haghaidh na gceart maoine intleachtúla a bhaineann le hainmneacha atá faoi chosaint san Aontas, is tosaíocht é nach féidir a bhaint amach go héifeachtach ach ar leibhéal an Aontais. Tásca geografacha lena gcosnaítear ainmneacha fíonta, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta lena ngabhann saintréithe, airíonna agus clú a bhaineann lena láthair táirgthe, is inniúlacht eisiach de chuid an Aontais iad. Dá bhrí sin, ní mór córas comhsheasmhach eisiach tásc geografach a sholáthar. Is ceart comhchoiteann iad tásca geografacha a shealbhaíonn na táirgeoirí incháilithe uile i limistéar ainmnithe atá toilteanach cloí le sonraíocht táirge. Bíonn níos mó cumhachtaí ag táirgeoirí a ghníomhaíonn i dteannta a chéile i gcomparáid le táirgeoirí aonair agus glacann siad freagrachtaí comhchoiteanna orthu féin chun a dtásca geografacha a bhainistiú, lena n-áirítear freagairt d’éilimh ón tsochaí ar tháirgí a tháirgtear ar bhealach inbhuanaithe. Ar an gcaoi chéanna, is fearr is féidir le comheagrú táirgeoirí táisc gheografaigh dáileadh cothrom an bhreisluacha a áirithiú i measc na ngníomhaithe sa slabhra soláthair, chun ioncam cothrom a chur ar fáil do tháirgeoirí, a chumhdaíonn a gcostais agus a ligeann dóibh tuilleadh infheistíochta a dhéanamh i gcáilíocht agus inbhuanaitheacht a dtáirgí. Trí thásca geografacha a oibriú, cúitítear go cóir le táirgeoirí a n-iarrachtaí réimse éagsúil táirgí ardchaighdeáin a tháirgeadh. San am céanna, d’fhéadfadh sé sin dul chun tairbhe don gheilleagar tuaithe, rud a bhíonn amhlaidh go háirithe i gceantair atá faoi shrianta nádúrtha nó faoi shrianta sonracha eile, amhail ceantair shléibhe agus na réigiúin is iargúlta, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí, áiteanna inar cuid thábhachtach den gheilleagar í earnáil na feirmeoireachta agus ina mbíonn costais arda táirgthe. Ar an gcaoi sin, is féidir le scéimeanna cáilíochta rannchuidiú leis an mbeartas forbartha tuaithe mar aon le beartas margaidh agus le beartas tacaíochta ioncaim CBT agus na beartais sin a chomhlánú. D’fhéadfadh na scéimeanna rannchuidiú go sonrach le forbairtí in earnáil na feirmeoireachta, agus go háirithe le ceantair faoi mhíbhuntáiste. I dTeachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2021 dar teideal A long-term vision for the EU’s Rural Area – Towards stronger, connected, resilient and prosperous rural areas by 2040 [Fís fhadtéarmach do cheantair thuaithe an Aontais – I dtreo limistéir thuaithe níos láidre, nasctha, athléimneacha agus rathúla faoi 2040], aithnítear ról lárnach na dtásc geografach i measc na dtionscnamh suaitheanta lena gcuirtear ceantair thuaithe chun cinn, i bhfianaise an mhéid a rannchuidíonn siad le rathúnas, le héagsúlú eacnamaíoch agus le forbairt ceantar tuaithe agus leis an gceangal láidir idir táirge agus a thionscnamh críochach. Le creat Aontais lena gcosnaítear tásca geografacha trí fhoráil a dhéanamh maidir lena gcuimsiú ar chlár ar leibhéal an Aontais, éascaítear forbairt na hearnála talmhaíochta, ós rud é go n-áirithítear leis an gcur chuige níos aonfhoirmí a bheidh ann mar thoradh air sin go mbeidh iomaíocht chóir ann idir táirgeoirí táirgí a ngabhann tásca den sórt sin leo agus go dtiocfaidh méadú ar chreidiúnacht na dtáirgí i súile an tomhaltóra. Is é is aidhm don chóras tásc geografach é a chur ar a gcumas do thomhaltóirí roghanna ceannaigh níos eolaí a dhéanamh agus trí bhíthin lipéadú nó fógraíochta, cabhrú leo a dtáirgí a shainaithint ar an margadh. Le tásca geografacha, ar cineál cirt maoine intleachtúla iad, cabhraítear le hoibreoirí agus le cuideachtaí a sócmhainní doláimhsithe a luacháil. Chun nach gcruthófar coinníollacha éagóracha iomaíochta agus chun an margadh inmheánach a chothú, ba cheart d’aon táirgeoir, lena n-áirítear táirgeoir tríú tír, a bheith in ann ainm cláraithe a úsáid agus táirgí arna n-ainmniú mar thásca geografacha a mhargú ar fud an Aontais agus sa ríomhthráchtáil, ar choinníoll go gcomhlíonann an táirge lena mbaineann ceanglais na sonraíochta ábhartha agus go gcumhdaítear an táirgeoir le córas rialuithe. I bhfianaise na taithí a fuarthas ó Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle27 a chur chun feidhme, is gá aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna áirithe dlí, rialacha áirithe a shoiléiriú agus a shimpliú agus na nósanna imeachta a chuíchóiriú.
__________________
__________________
27 Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 343, 14.12.2012, lch. 1).
27 Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 343, 14.12.2012, lch. 1).
Leasú 9
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9 a (nua)
(9a)   Ba cheart go gcuirfeadh córas aonadach eisiach de thásca geografacha go mór le feasacht, aitheantas agus tuiscint tomhaltóirí a mhéadú, san Aontas agus i dtríú tíortha araon, a mhéid a bhaineann leis na siombailí, na tásca agus na giorrúcháin lena léirítear rannpháirtíocht sna scéimeanna Eorpacha cáilíochta agus a mbreisluach, lena gcomhlánaítear Rialachán (AE) Uimh. 1144/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a.
____________________
1a Rialachán (AE) Uimh. 1144/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le bearta um sholáthar faisnéise agus bearta cur chun cinn a bhaineann le táirgí talmhaíochta a chuirtear chun feidhme sa mhargadh inmheánach agus i dtríú tíortha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 3/2008 ón gComhairle (IO L 317, 4.11.2014, lch. 56).
Leasú 10
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 11
(11)  Le tamall anuas, tá an tAontas ag féachaint le creat rialála an Chomhbheartais Talmhaíochta a shimpliú. Ba cheart feidhm a bheith ag an gcur chuige sin maidir le rialacháin i réimse na dtásc geografach freisin, gan amhras a chaitheamh ar shaintréithe sonracha gach earnála. Chun na nósanna imeachta fadálacha um chlárúchán agus um leasúchán a shimpliú, ba cheart rialacha comhchuibhithe nós imeachta maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta a leagan síos in aon ionstraim dlí amháin, agus na forálacha sonracha táirge le haghaidh fíona i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, le haghaidh deochanna biotáilleacha i Rialachán (AE) 2019/787 agus le haghaidh táirgí talmhaíochta sa Rialachán seo á gcoinneáil ar bun. Na nósanna imeachta um chlárúchán, um leasúcháin ar an tsonraíocht táirge agus um an gclárú a chur ar ceal i leith tásc geografach arna dtionscnamh san Aontas, lena n-áirítear nósanna imeachta freasúra, ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún iad a dhéanamh. Ba cheart na Ballstáit agus an Coimisiún a bheith freagrach as céimeanna ar leithligh de gach nós imeachta. Ba cheart na Ballstáit a bheith freagrach as an gcéad chéim den nós imeachta, arb éard atá inti an t-iarratas a fháil ón ngrúpa táirgeoirí, measúnú a dhéanamh air, lena n-áirítear nós imeachta freasúra náisiúnta a reáchtáil, agus, tar éis torthaí an mheasúnaithe a fháil, iarratas an Aontais a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart an Coimisiún a bheith freagrach as grinnscrúdú a dhéanamh ar an iarratas sa dara céim den nós imeachta, lena n-áirítear nós imeachta freasúra domhanda a reáchtáil, agus as cinneadh a dhéanamh maidir le cosaint a dheonú don tásc geografach nó gan an chosaint a dheonú. Níor cheart tásca geografacha a chlárú ach ar leibhéal an Aontais. Le héifeacht ó dháta an iarratais chuig an gCoimisiún chun clárú ar leibhéal an Aontais, áfach, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann cosaint idirthréimhseach a dheonú ar an leibhéal náisiúnta gan difear a dhéanamh don mhargadh inmheánach nó don trádáil idirnáisiúnta. Ba cheart an chosaint a thugtar faoin Rialachán seo tráth an chlárúcháin a bheith ar fáil gan idirdhealú do thásca geografacha tríú tíortha, ar tásca iad a chomhlíonann na critéir chomhfhreagracha agus atá faoi chosaint ina dtír thionscnaimh. Ba cheart don Choimisiún na nósanna imeachta comhfhreagracha um thásca geografacha de thionscnamh tríú tíortha a chur i gcrích.
(11)  Le tamall anuas, tá an tAontas ag féachaint le creat rialála an Chomhbheartais Talmhaíochta a shimpliú. Rinneadh na nósanna imeachta chun leasú a dhéanamh ar shonraíochtaí táirge do tháirgí arna n-ainmniú le tásc geografach a shimpliú cheana féin agus rinneadh níos éifeachtúla iad le haghaidh táirgí fíona agus agraibhia mar chuid den athbhreithniú ar an gComhbheartas Talmhaíochta. Chun na nósanna imeachta fadálacha um chlárúchán agus um leasúchán a shimpliú tuilleadh, ba cheart rialacha comhchuibhithe nós imeachta maidir le tásca geografacha le haghaidh deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta a leagan síos in aon ionstraim dlí amháin, agus na forálacha sonracha táirge le haghaidh deochanna biotáilleacha i Rialachán (AE) 2019/787 agus le haghaidh táirgí talmhaíochta sa Rialachán seo á gcoinneáil ar bun. Ba cheart roinnt uirlisí a bheith ag gabháil leis an Rialachán seo chun tacaíocht iomchuí a chur ar fáil do tháirgeoirí beaga agus do ghrúpaí beaga táirgeoirí, amhail cúrsaí oiliúna saincheaptha maidir leis na hathruithe atá á dtabhairt isteach, ar cheart do na húdaráis náisiúnta agus don Choimisiún iad a eagrú.Na nósanna imeachta um chlárúchán, um leasúcháin ar an tsonraíocht táirge agus um an gclárú a chur ar ceal i leith tásc geografach arna dtionscnamh san Aontas, lena n-áirítear nósanna imeachta freasúra, ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún iad a dhéanamh. Ba cheart na Ballstáit agus an Coimisiún a bheith freagrach as céimeanna ar leithligh de gach nós imeachta. Ba cheart na Ballstáit a bheith freagrach as an gcéad chéim den nós imeachta, arb éard atá inti an t-iarratas a fháil ón ngrúpa táirgeoirí, measúnú a dhéanamh air, lena n-áirítear nós imeachta freasúra náisiúnta a reáchtáil, agus, tar éis torthaí an mheasúnaithe a fháil, an t-iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart an Coimisiún a bheith freagrach as grinnscrúdú a dhéanamh ar an iarratas sa dara céim den nós imeachta, lena n-áirítear nós imeachta freasúra domhanda a reáchtáil, agus as cinneadh a dhéanamh maidir le cosaint a dheonú don tásc geografach nó gan an chosaint a dheonú. Níor cheart tásca geografacha a chlárú ach ar leibhéal an Aontais. Le héifeacht ó dháta an iarratais chuig an gCoimisiún chun clárú ar leibhéal an Aontais, áfach, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann cosaint idirthréimhseach a dheonú ar an leibhéal náisiúnta gan difear a dhéanamh don mhargadh inmheánach nó don trádáil idirnáisiúnta. Ba cheart an chosaint a thugtar faoin Rialachán seo tráth an chlárúcháin a bheith ar fáil gan idirdhealú do thásca geografacha tríú tíortha, ar tásca iad a chomhlíonann na critéir chomhfhreagracha agus atá faoi chosaint ina dtír thionscnaimh. Ba cheart don Choimisiún na nósanna imeachta comhfhreagracha um thásca geografacha de thionscnamh tríú tíortha a chur i gcrích.
Leasú 11
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 11 a (nua)
(11a)   Is beartas poiblí é beartas cáilíochta an Aontais a bhfuil baint aige le hearraí poiblí a tháirgeadh ar cheart dóibh rannchuidiú leis an aistriú chuig córas bia inbhuanaithe cóir agus cothrom a chumasú. Is uirlisí iad tásca geografacha atá in ann rannchuidiú leis an méid seo a leanas: an fhorbairt inbhuanaithe tuaithe; éagsúlú an gheilleagair tuaithe; cosc a chur ar easáitiú agus ar dhídhaonrú trí phoist a chruthú agus a chaomhnú i gceantair thuaithe na hEorpa agus trí tháirgeoirí beaga, áitiúil agus traidisiúnta a chothú; éagsúlacht chultúrtha agus shocheacnamaíoch a chaomhnú; an tírdhreach tuaithe a chosaint; acmhainní nádúrtha a bhainistiú agus a atáirgeadh ar bhealach inbhuanaithe; caomhnú na bithéagsúlachta; leas ainmhithe; agus sábháilteacht agus slándáil bia chomh maith le hinrianaitheacht.
Leasú 12
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 12
(12)  Chun rannchuidiú leis an aistriú chuig córas bia inbhuanaithe agus chun freagairt d’éilimh ón tsochaí ar mhodhanna táirgthe atá inbhuanaithe, neamhdhíobhálach don chomhshaol agus don aeráid, atá tíosach ar acmhainní agus atá freagrach ó thaobh na sochaí agus na heitice de agus lena n-áirithítear leas ainmhithe, ba cheart táirgeoirí tásc geografach a spreagadh chun cloí le caighdeáin inbhuanaitheachta atá níos déine ná na caighdeáin sainordaitheacha agus a théann níos faide ná an dea-chleachtas. D’fhéadfaí na ceanglais shonracha sin a leagan amach sa tsonraíocht táirge.
(12)  Chun rannchuidiú leis an aistriú chuig córas bia inbhuanaithe agus chun freagairt d’éilimh ón tsochaí ar mhodhanna táirgthe atá inbhuanaithe, neamhdhíobhálach don chomhshaol agus don aeráid, atá tíosach ar acmhainní agus atá freagrach ó thaobh na sochaí agus na heitice de agus lena n-áirithítear leas ainmhithe, ba cheart táirgeoirí tásc geografach a spreagadh chun cloí le caighdeáin inbhuanaitheachta atá níos déine ná na caighdeáin sainordaitheacha, lena gcuimsítear cuspóirí comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha. Ba cheart na ceanglais shonracha sin a leagan amach sa tsonraíocht táirge nó i dtionscnamh ar leithligh. Chun glacadh gnóthas inbhuanaitheachta a chumasú, ba cheart do tháirgeoirí tacaíocht airgeadais a fháil trí bhíthin cistiú réamhbhunaithe sonrach a bhfuil rochtain éasca air agus ba cheart iad a chur ar an eolas mar is ceart faoi na deiseanna a eascraíonn as glacadh gnóthas inbhuanaitheachta, lena n-áirítear trí sheisiúin faisnéise agus córais chomhairleacha maidir leis na bealaí inar féidir le táirgeoirí an t-eolas is gá a fháil go héasca faoi airíonna a dtáirgí féin lena ngabhann breisluach agus a chuirfear ar aghaidh chuig tomhaltóirí ina dhiaidh sin. Ba cheart baint a bheith ag na gnóthais inbhuanaitheachta a chuirtear san áireamh sa tsonraíocht táirge leis na trí phríomhchineál inbhuanaitheachta: eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil.
Leasú 13
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 12 a (nua)
(12a)   Ba cheart do ghnóthais inbhuanaitheachta rannchuidiú le ceann amháin nó níos mó de chuspóirí comhshaoil, sóisialta nó eacnamaíocha. Ba cheart go n-áiritheofaí sna cuspóirí comhshaoil maolú ar an athrú aeráide, caomhnú agus úsáid inbhuanaithe na n-ithreacha, na dtírdhreach agus na n-acmhainní nádúrtha, caomhnú na bithéagsúlachta agus cosaint síolta neamhchoitianta, pórtha áitiúla agus cineálacha plandaí, cur chun cinn slabhraí soláthair ghairid nó bainistiú agus cur chun cinn sláinte agus leasa ainmhithe. I measc na gcuspóirí sóisialta, ba cheart go n-áiritheofaí dálaí oibre agus fostaíochta, chomh maith le cómhargáil, cosanta sóisialta agus caighdeáin sábháilteachta, a fheabhsú, idir tháirgeoirí óga agus tháirgeoirí nua de tháirgí arna n-ainmniú ag tásc geografach a mhealladh agus tacaíocht a thabhairt dóibh chun athnuachan ó ghlúin go glúin a éascú agus chun dlúthpháirtíocht agus tarchur eolais ó ghlúin go glúin a éascú nó chun aistí bia níos sláintiúla a chur chun cinn. Ba cheart a áireamh ar na cuspóirí eacnamaíocha ioncam cobhsaí agus cóir agus seasamh láidir a dhaingniú feadh an tslabhra luacha do tháirgeoirí táirgí arna n-ainmniú ag tásc geografach, feabhas a chur ar luach eacnamaíoch na dtáirgí a ainmnítear le tásc geografach agus athdháileadh an bhreisluacha feadh an tslabhra luacha, ag cur le héagsúlú an gheilleagair tuaithe, nó ag caomhnú limistéar tuaithe agus forbairt áitiúil, lena n-áirítear fostaíocht talmhaíochta.
Leasú 14
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 12 b (nua)
(12b)   Ba cheart go gcuimseofaí tásca geografacha agus scéimeanna cáilíochta eile i gcritéir soláthair phoiblí ar choinníoll go rannchuideoidís le táirgeadh inbhuanaithe bia.
Leasú 15
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 13
(13)  Chun cinnteoireacht comhleanúnach a áirithiú a mhéid a bhaineann le hiarratais ar chosaint agus le hagóidí breithiúnacha ina n-aghaidh, arna gcur isteach sa nós imeachta náisiúnta, ba cheart an Coimisiún a chur ar an eolas ar mhodh rialta tráthúil, nuair a thionscnaítear nósanna imeachta os comhair cúirteanna náisiúnta nó comhlachtaí eile, ar nósanna imeachta iad a bhaineann le hiarratas ar chlárúchán arna chur ag an mBallstát chuig an gCoimisiún agus ba cheart an Coimisiún a chur ar an eolas faoi thorthaí deiridh na nósanna imeachta sin. Ar an gcúis chéanna, i gcás ina measann Ballstát gur dócha go neamhbhaileofar cinneadh náisiúnta ar a bhfuil an t-iarratas ar chosaint bunaithe mar thoradh ar imeachtaí breithiúnacha náisiúnta, ba cheart dó an Coimisiún a chur ar an eolas faoin measúnú sin. Má iarrann an Ballstát go gcuirfí grinnscrúdú iarratais ar leibhéal an Aontais ar fionraí, ba cheart an Coimisiún a dhíolmhú ón oibleagáid a leagtar síos ann maidir leis an sprioc-am le haghaidh an ghrinnscrúdaithe a chomhlíonadh. Chun an t-iarratasóir a chosaint ar ghníomhaíochtaí dlíthiúla cráiteacha agus chun ceart an iarrthóra a chaomhnú chun cosaint ainm a fháil laistigh de thréimhse réasúnach, ba cheart an díolúine a theorannú do chásanna inar neamhbhailíodh an t-iarratas ar chosaint ar an leibhéal náisiúnta trí bhíthin cinneadh breithiúnach atá infheidhme láithreach ach nach bhfuil críochnaitheach, nó do chásanna ina measann an Ballstát go bhfuil an ghníomhaíocht chun bailíocht an iarratais a cheistiú bunaithe ar fhorais bhailí.
(13)  Chun cinnteoireacht comhleanúnach agus éifeachtúil a áirithiú a mhéid a bhaineann le hiarratais ar chosaint agus le hagóidí breithiúnacha ina n-aghaidh, arna gcur isteach sa nós imeachta náisiúnta, ba cheart an Coimisiún a chur ar an eolas ar mhodh rialta láithreach, nuair a thionscnaítear nósanna imeachta os comhair cúirteanna náisiúnta nó comhlachtaí inniúla eile, ar nósanna imeachta iad a bhaineann le hiarratas ar chlárúchán arna chur ag an mBallstát chuig an gCoimisiún agus ba cheart an Coimisiún a chur ar an eolas faoi thorthaí deiridh na nósanna imeachta sin. Ar an gcúis chéanna, i gcás ina bhfuil cúis ag Ballstát a chreidiúint gur dócha go neamhbhaileofar cinneadh náisiúnta ar a bhfuil an t-iarratas ar chosaint bunaithe mar thoradh ar imeachtaí breithiúnacha náisiúnta, ba cheart dó an Coimisiún a chur ar an eolas faoin measúnú sin, agus údar cuí a thabhairt ina leith. Má iarrann an Ballstát go gcuirfí grinnscrúdú iarratais ar leibhéal an Aontais ar fionraí, ba cheart an Coimisiún a dhíolmhú ón oibleagáid a leagtar síos ann maidir leis an sprioc-am le haghaidh an ghrinnscrúdaithe a chomhlíonadh. Chun an t-iarratasóir a chosaint ar ghníomhaíochtaí dlíthiúla cráiteacha agus chun ceart an iarrthóra a chaomhnú chun cosaint ainm a fháil laistigh de thréimhse réasúnach, ba cheart an díolúine a theorannú do chásanna inar neamhbhailíodh an t-iarratas ar chosaint ar an leibhéal náisiúnta trí bhíthin cinneadh breithiúnach atá infheidhme láithreach ach nach gá a bheith críochnaitheach, nó do chásanna ina bhfuil cúis ag an mBallstát a chreidiúint go bhfuil an ghníomhaíocht chun bailíocht an iarratais a cheistiú bunaithe ar fhorais bhailí.
Leasú 16
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 14 a (nua)
(14a)  Maidir leis an bpróiseas um leasú ar shonraíocht táirge, ba cheart go measfaí gur leasú caighdeánach a bheidh i leasú sealadach má bhaineann sé le hathrú sealadach ar an tsonraíocht táirge mar thoradh ar bhearta éigeantacha sláintíochta nó fíteashláintíochta a d’fhorchuir na húdaráis phoiblí nó leasú sealadach ab éigean a dhéanamh de dheasca tubaiste nádúrtha nó dálaí díobhálacha aimsire a ndearna na húdaráis inniúla iad a aithint, nó tubaiste de dhéanamh an duine, amhail cogadh.
Leasú 17
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 15
(15)  Chun trédhearcacht agus aonfhoirmeacht ar fud na mBallstát a áirithiú, is gá clár leictreonach de na tásca geografacha a bhunú san Aontas, ar tásca geografacha iad atá cláraithe mar shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó mar thásca geografacha faoi chosaint. Trí bhíthin an chláir, ba cheart faisnéis a sholáthar do thomhaltóirí agus dóibh siúd a bhaineann leis an trádáil. Maidir leis an gclár, ba cheart bunachar sonraí leictreonach a stóráiltear laistigh de chóras faisnéise a bheith ann agus ba cheart é a bheith inrochtana don phobal.
(15)  Chun trédhearcacht agus aonfhoirmeacht ar fud na mBallstát a áirithiú, is gá clár leictreonach aonair de na tásca geografacha a bhunú san Aontas, ar tásca geografacha iad atá cláraithe mar shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó mar thásca geografacha faoi chosaint. Ba cheart don chlár a nuashonraítear go tréimhsiúil faisnéis a chur ar fáil do thomhaltóirí agus dóibh siúd a bhfuil baint acu leis an trádáil, i gcomhréir le rialacha an Aontais atá i bhfeidhm ar oilteacht agus rúin cheirde a chosaint, maidir le gach cineál táisc gheografaigh a iontráladh sa chlár de bhun a gcláraithe sa Bhallstát, le hiarratas tríú tír, mar thoradh ar chomhaontú trádála idirnáisiúnta a tugadh i gcrích nó ar chlárú idirnáisiúnta díorthaithe ó Ionstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha. Maidir leis an gclár, ba cheart bunachar sonraí leictreonach a stóráiltear laistigh de chóras faisnéise a bheith ann agus ba cheart é a bheith inrochtana don phobal. Leis an gclár sin, ba cheart rochtain éasca ar shonraíochtaí an táirge atá taobh thiar de gach tásc geografach agus gach scéim cáilíochta a chumasú, gan beann ar cibé acu an ón Aontas nó ó thríú tíortha iad, lena n-áirítear iad siúd a aithnítear trí chomhaontuithe trádála nó tríd an sásra dá bhforáiltear in Ionstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha.
Leasú 18
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 15
(15)  Chun trédhearcacht agus aonfhoirmeacht ar fud na mBallstát a áirithiú, is gá clár leictreonach de na tásca geografacha a bhunú san Aontas, ar tásca geografacha iad atá cláraithe mar shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó mar thásca geografacha faoi chosaint. Trí bhíthin an chláir, ba cheart faisnéis a sholáthar do thomhaltóirí agus dóibh siúd a bhaineann leis an trádáil. Maidir leis an gclár, ba cheart bunachar sonraí leictreonach a stóráiltear laistigh de chóras faisnéise a bheith ann agus ba cheart é a bheith inrochtana don phobal.
(15)  Chun trédhearcacht agus aonfhoirmeacht ar fud na mBallstát a áirithiú, is gá clár leictreonach de na tásca geografacha a bhunú san Aontas, ar tásca geografacha iad atá cláraithe mar shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó mar thásca geografacha faoi chosaint. Trí bhíthin an chláir, ba cheart faisnéis a sholáthar do thomhaltóirí agus dóibh siúd a bhaineann leis an trádáil. Maidir leis an gclár, ba cheart bunachar sonraí leictreonach slán a stóráiltear laistigh de chóras faisnéise a bheith ann agus ba cheart é a bheith inrochtana don phobal. Ba cheart d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) é a choinneáil cothrom le dáta agus a chothabháil. Leis an gclár sin, ba cheart rochtain éasca ar shonraíochtaí an táirge atá taobh thiar de gach tásc geografach agus gach scéim cáilíochta a chumasú, gan beann ar cibé acu an ón Aontas nó ó thríú tíortha iad, lena n-áirítear iad siúd a aithnítear trí chomhaontuithe trádála nó tríd an sásra dá bhforáiltear in Ionstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha.
Leasú 19
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 16
(16)  Déanann an tAontas comhaontuithe idirnáisiúnta, lena n-áirítear comhaontuithe a bhaineann le sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha a chosaint, trí bhíthin caibidlíocht lena chomhpháirtithe trádála. Maidir le soláthar na faisnéise faoi na hainmneacha don phobal, ar ainmneacha iad a chosnaítear leis na comhaontuithe idirnáisiúnta sin, agus chun cosaint agus rialú úsáid na n-ainmneacha sin a áirithiú, chun an soláthar sin a éascú féadfar na hainmneacha sin a chur ar chlár an Aontais um thásca geografacha. Mura n-aithnítear iad go sonrach mar shonrúcháin tionscnaimh i gcomhaontuithe idirnáisiúnta den sórt sin, ba cheart na hainmneacha a iontráil sa chlár mar thásca geografacha faoi chosaint.
(16)  I bhfianaise an róil aitheanta atá acu maidir le luach eacnamaíoch agus poist a chruthú, traidisiúin agus eolas áitiúil a chothabháil agus acmhainní nádúrtha a chosaint, ba cheart tásca geografacha uile an Aontais a chosaint faoi chomhaontuithe trádála déthaobhacha agus iltaobhacha agus faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta eile trí chóras an Aontais a aithint mar sin. I ndáil leis sin, ba cheart don Aontas iarrachtaí suntasacha tráchtála agus taidhleoireachta a dhíriú chun cosaint cleachtas traidisiúnta a áirithiú lena dtugtar le chéile oidhreacht stairiúil, chultúrtha agus ghastranómach agus táirgeadh inbhuanaithe á áirithiú ag an am céanna. Ina theannta sin, tá tábhacht ar leith ag baint le comhaontuithe trádála idirnáisiúnta lena ngabhann forálacha áirithe maidir le sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha a chosaint, toisc go soláthraíonn siad rochtain ar an margadh agus deiseanna le haghaidh fás eacnamaíoch agus poist do shealbhóirí cirt an Aontais agus tríú tíortha araon, agus cosaint ar chleachtais éagóracha agus cosaint shábháilteacht agus shláinte an tomhaltóra á háirithiú. Maidir le soláthar na faisnéise faoi na hainmneacha don phobal, ar ainmneacha iad a chosnaítear leis na comhaontuithe idirnáisiúnta, agus chun cosaint agus rialú úsáid na n-ainmneacha sin a áirithiú, chun an soláthar sin a éascú ba cheart na hainmneacha sin a chur ar chlár an Aontais um thásca geografacha. Mura n-aithnítear iad go sonrach mar shonrúcháin tionscnaimh i gcomhaontuithe idirnáisiúnta den sórt sin, ba cheart na hainmneacha a iontráil sa chlár mar thásca geografacha faoi chosaint.
Leasú 20
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 16 a (nua)
(16a)   Chun ligean le lánacmhainneacht sonrúchán tionscnaimh agus tásc geografach sa trádáil idirnáisiúnta, ba cheart an Rialachán seo a chomhlánú le tuilleadh comhair agus rannpháirtíochta le tríú tíortha trí bheartas trádála d’fhonn feabhas a chur ar chreataí reachtacha maidir le sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha i margaí tríú tíortha a chosaint agus a fhorfheidhmiú, agus aird chuí á tabhairt ar leibhéal forbartha tríú tíortha.
Leasú 21
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 17
(17)  Ar mhaithe le feidhmiú barrfheabhais an mhargaidh inmheánaigh, tá sé tábhachtach gur féidir le táirgeoirí agus le hoibreoirí eile lena mbaineann, le húdaráis agus le tomhaltóirí rochtain a fháil go tapa agus go héasca ar an bhfaisnéis ábhartha a bhaineann le sonrúchán tionscnamh faoi chosaint nó le tásc geografach faoi chosaint atá cláraithe. Ba cheart a áireamh ar an bhfaisnéis sin, i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis faoi chéannacht an ghrúpa táirgeoirí a aithnítear ar an leibhéal náisiúnta.
(17)  Ar mhaithe le feidhmiú barrfheabhais an mhargaidh inmheánaigh, tá sé tábhachtach gur féidir le táirgeoirí agus le hoibreoirí eile lena mbaineann, le húdaráis agus le tomhaltóirí rochtain a fháil go tapa agus go héasca, i dteangacha oifigiúla uile an Aontais, ar an bhfaisnéis ábhartha a bhaineann le sonrúchán tionscnamh faoi chosaint nó le tásc geografach faoi chosaint atá cláraithe. Ba cheart a áireamh ar an bhfaisnéis sin, i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis faoi chéannacht an ghrúpa táirgeoirí a aithnítear ar an leibhéal náisiúnta.
Leasú 22
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 17 a (nua)
(17a)  Agus comhaontuithe trádála, nó comhaontuithe déthaobhacha sonracha maidir le tásca geografacha á gcaibidliú, ba cheart do na páirtithe aird a thabhairt i gcónaí ar a sainiúlachtaí agus ar shaincheist chasta na dtáirgeoirí a thagann isteach i raon feidhme na dtáirgí faoi chosaint. I ndáil leis sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar mhicrifhiontair agus ar tháirgeoirí beaga agus meánmhéide a bhfuil ualaí díréireacha agus costais bhreise á seachaint acu ós rud é gur príomhghníomhaithe agus príomhchaomhaitheoirí de chuid an chórais iad. Chun iomaíocht chóir a áirithiú agus trádáil idirnáisiúnta a chur chun cinn, níor cheart, dá bhrí sin, go gcruthófaí idirdhealú leis an Rialachán seo ná níor cheart go mbeadh sé ina bhac ar iarratasóirí féideartha, go háirithe táirgeoirí san Aontas agus i dtríú tíortha a cháilíonn mar mhicrifhiontair nó mar fhiontair bheaga nó mheánmhéide.
Leasú 23
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 23
(23)  Bíonn ról fíor-riachtanach ag grúpaí táirgeoirí sa phróiseas iarratais um thásca geografacha a chlárú, agus maidir le sonraíochtaí a leasú agus iarrataí a chur ar ceal freisin. Ba cheart a chur ar a gcumas dóibh saintréithe sonracha a dtáirgí a shainaithint agus a mhargú ar bhealach níos fearr. Dá bhrí sin, ba cheart ról an ghrúpa táirgeoirí a shoiléiriú.
(23)  Bíonn ról fíor-riachtanach ag grúpaí táirgeoirí, lena n-áirítear iad siúd a shainmhínítear i ndlí náisiúnta na mBallstát, i mbainistiú a dtásc grografach, lena n-áirítear sa phróiseas iarratais do chlárú, agus maidir le sonraíochtaí a leasú agus iarrataí a chur ar ceal freisin. Ba cheart a chur ar a gcumas dóibh saintréithe sonracha a dtáirgí a shainaithint agus a mhargú ar bhealach níos fearr mar aon le hacmhainní leormhaithe chun a gcumhachtaí agus a bhfreagrachtaí a fheidhmiú. Dá bhrí sin, ba cheart ról an ghrúpa táirgeoirí a shoiléiriú. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann foráil a dhéanamh go mbeidh an ranníocaíocht le costais a bhaineann le feidhmiú cumhachtaí agus freagrachtaí an ghrúpa táirgeoirí aitheanta éigeantach do tháirgeoirí uile na dtáirgí arna n-ainmniú leis an tásc gheografaigh sin. Féadfaidh páirtithe leasmhara eile, lena n-áirítear eagraíochtaí speisialtóireachta, eagraíochtaí neamhrialtasacha amhail grúpaí tomhaltóirí, nó comhlachtaí poiblí, comhairle theicniúil a sholáthar agus cuidiú leis an iarratas a ullmhú agus leis an nós imeachta lena mbaineann.
Leasú 24
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 25 a (nua)
(25a)   Tá sé riachtanach cearta seanbhunaithe i dtionscal na n-ainmneacha fearainn ar an leibhéal idirnáisiúnta a aithint agus a chosaint chun cosc a chur le forghabháil chlú na dtásc geografach mar gheall ar fhorbairt láidir na tráchtála ar an idirlíon. Faoi láthair, is iad comhaontuithe trádála an Aontais le tríú tíortha an creat is iomchuí chun cosaint a threisiú ar an leibhéal idirnáisiúnta. Ba cheart don Choimisiún aird ar leith a thabhairt ar an ngá atá le cosaint chearta na dtásc geografach ar leibhéal na n-ainmneacha fearainn a chur san áireamh i gcomhaontuithe trádála déthaobhacha agus i gCaibidlíochta trádála idirnáisiúnta eile, agus a chuid oibre idirghabhála a neartú leis na comhlachtaí atá i gceannas ar ainmneacha fearainn a shannadh, agus go háirithe leis an gCorparáid Sannta Ainmneacha agus Uimhreacha Idirlín (ICANN), agus é mar chuspóir leis sin na cearta atá ag tásca geografacha atá ann cheana a áireamh sa Bheartas um Réiteach Díospóidí Ainmneacha Fearainn (UDRP).
Leasú 25
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 26
(26)  Ba cheart an gaol idir trádmharcanna agus tásca geografacha a shoiléiriú i ndáil le critéir chun iarratais ar thrádmharc a dhiúltú, i ndáil le trádmharcanna a neamhbhailiú agus i ndáil le cómhaireachtáil idir trádmharcanna agus tásca geografacha.
(26)  Ba cheart an gaol idir trádmharcanna agus tásca geografacha a shoiléiriú agus a dhéanamh níos trédhearcaí i ndáil le critéir chun iarratais ar thrádmharc a dhiúltú, i ndáil le trádmharcanna a neamhbhailiú agus i ndáil le cómhaireachtáil idir trádmharcanna agus tásca geografacha.
Leasú 26
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 27
(27)  Chun nach gcruthófar coinníollacha éagóracha iomaíochta, ba cheart aon táirgeoir, lena n-áirítear táirgeoir tríú tír a bheith in ann tásc geografach cláraithe a úsáid ar choinníoll go gcomhlíonann an táirge lena mbaineann ceanglais na sonraíochta táirge ábhartha nó doiciméid aonair nó doiciméid atá coibhéiseach leis sin i.e. achoimre iomlán ar an tsonraíocht táirge. Ba cheart a ráthú freisin leis an gcóras a bhunóidh na Ballstáit go mbeidh táirgeoirí a chomhlíonann na rialacha i dteideal a bheith faoi chumhdach ag an bhfíorú ar chomhlíontacht leis an tsonraíocht táirge.
(27)  Chun nach gcruthófar coinníollacha éagóracha iomaíochta, ba cheart aon táirgeoir, lena n-áirítear táirgeoir tríú tír a bheith in ann tásc geografach cláraithe a úsáid ar choinníoll go gcomhlíonann an táirge lena mbaineann ceanglais na sonraíochta táirge ábhartha nó doiciméid aonair nó doiciméid atá coibhéiseach leis sin i.e. achoimre iomlán ar an tsonraíocht táirge. Ba cheart a ráthú freisin leis an gcóras a bhunóidh na Ballstáit go mbeidh táirgeoirí a chomhlíonann na rialacha i dteideal a bheith faoi chumhdach ag an bhfíorú ar chomhlíontacht leis an tsonraíocht táirge. Ba cheart táirgeoirí tríú tír a bheith faoi réir nósanna imeachta fíorúcháin atá inchomparáide le nósanna imeachta fíorúcháin an Aontas, arna mbunú ag a n-údaráis formhaoirseachta faoi seach.
Leasú 27
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 29
(29)  Ba cheart lipéadú fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta a bheith faoi réir na rialacha ginearálta a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle29, agus go háirithe na forálacha arb é is aidhm dóibh cosc a chur ar lipéadú a d’fhéadfadh mearbhall a chur ar thomhaltóirí nó iad a chur amú.
(29)  Ba cheart lipéadú deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta a bheith faoi réir na rialacha ginearálta a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle29, agus go háirithe na forálacha arb é is aidhm dóibh cosc a chur ar lipéadú a d’fhéadfadh mearbhall a chur ar thomhaltóirí nó iad a chur amú.
_________________
_________________
29 IO L 304, 22.11.2011, lch. 18.
29 IO L 304, 22.11.2011, lch. 18.
Leasú 28
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 30
(30)  Úsáid siombailí nó tásca Aontais ar phacáistiú táirgí arna n-ainmniú le tásc geografach, ba cheart an úsáid sin a bheith éigeantach chun go mbeidh tomhaltóirí níos eolaí ar an gcatagóir sin táirgí, agus ar na ráthaíochtaí a ghabhann leo, agus chun go mbeidh sé níos éasca na táirgí sin a shainaithint ar an margadh agus ar an gcaoi sin, seiceálacha a éascú. I bhfianaise chineál sonrach na dtáirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, áfach, ba cheart forálacha speisialta maidir le lipéadú a choinneáil ar bun le haghaidh fíona agus deochanna biotáilleacha. Ba cheart úsáid na siombailí nó na dtásc sin a bheith deonach i gcás tásca geografacha agus sonrúcháin tionscnaimh tríú tír.
(30)  Úsáid siombailí nó tásca Aontais ar phacáistiú agus ar leathanaigh chur i láthair suíomhanna gréasáin miondíola do tháirgí arna n-ainmniú le tásc geografach, ba cheart an úsáid sin a bheith éigeantach chun go mbeidh tomhaltóirí níos eolaí ar an gcatagóir sin táirgí, agus ar na ráthaíochtaí a ghabhann leo, agus chun go mbeidh sé níos éasca na táirgí sin a shainaithint ar an margadh agus ar an gcaoi sin, seiceálacha a éascú. I bhfianaise chineál sonrach na dtáirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, áfach, ba cheart forálacha speisialta maidir le lipéadú a choinneáil ar bun le haghaidh deochanna biotáilleacha. Ba cheart úsáid na siombailí nó na dtásc sin a bheith deonach i gcás tásca geografacha agus sonrúcháin tionscnaimh tríú tír.
Leasú 29
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 31
(31)  Is ar mhuinín na dtomhaltóirí a bhunaítear breisluach tásc geografach. Braitheann an córas tásc geografach go mór ar fhéinrialú, ar dhícheall cuí agus ar fhreagracht aonair táirgeoirí ach is é ról údaráis inniúla na mBallstát na bearta is gá a dhéanamh chun úsáid ainmneacha táirgí a chosc nó a stopadh i gcás ina sáraítear na rialacha lena rialaítear tásca geografacha. Is é ról an Choimisiúin idirghníomhú a dhéanamh i gcás mainneachtain shistéamach dlí an Aontais a chur i bhfeidhm. Ba cheart tásca geografacha a bheith faoi réir an chórais rialuithe oifigiúla, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle30, córas lenar cheart córas rialuithe a áireamh le haghaidh gach céime den táirgeadh, den phróiseáil agus den dáileadh. Ba cheart gach oibreoir a bheith faoi réir córas rialaithe lena bhfíoraítear comhlíontacht leis an tsonraíocht táirge. Agus é á chur san áireamh go bhfuil fíon faoi réir rialuithe sonracha arna sainmhíniú sa reachtaíocht earnála, ba cheart rialuithe a leagan síos leis an Rialachán seo le haghaidh deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta amháin.
(31)  Is ar mhuinín na dtomhaltóirí a bhunaítear breisluach tásc geografach. Braitheann an córas tásc geografach go mór ar fhéinrialú, ar dhícheall cuí agus ar fhreagracht aonair táirgeoirí ach is é ról údaráis inniúla na mBallstát na bearta is gá a dhéanamh chun úsáid ainmneacha táirgí a chosc nó a stopadh i gcás ina sáraítear na rialacha lena rialaítear tásca geografacha. Is é ról an Choimisiúin idirghníomhú a dhéanamh i gcás mainneachtain shistéamach dlí an Aontais a chur i bhfeidhm. Ba cheart tásca geografacha a bheith faoi réir an chórais rialuithe oifigiúla, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle30, córas lenar cheart córas rialuithe a áireamh le haghaidh gach céime den táirgeadh, den phróiseáil agus den dáileadh. Ba cheart gach oibreoir a bheith faoi réir córas rialaithe lena bhfíoraítear comhlíontacht leis an tsonraíocht táirge.
_________________
_________________
30 IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.
30 IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.
Leasú 30
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 31 a (nua)
(31a)   Tá luach sócmhainne ag trádmharcanna cláraithe na dtásc geografach, luach is féidir a chinneadh tar éis anailís shoiléir oibiachtúil a bheith déanta ag tríú páirtí neamhspleách. Féadfar luach den sórt sin a áireamh i gclár comhardaithe bliantúil na ngrúpaí táirgeoirí agus na dtáirgeoirí aonair araon.
Leasú 31
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 32
(32)  Chun a áirithiú go bhfuil na húdaráis inniúla neamhchlaonta agus éifeachtach, ba cheart do na húdaráis inniúla a ainmnítear chun comhlíontacht an táirge leis an tsonraíocht táirge a fhíorú, ba cheart dóibh roinnt critéir oibríochtúla a chomhlíonadh. Ba cheart forálacha a bheartú chun roinnt inniúlachtaí a bhaineann le cúraimí sonracha rialaithe a tharmligean chuig comhlachtaí deimhniúcháin chun cúram na n-údarás rialaithe a éascú agus chun an córas a dhéanamh níos éifeachtaí.
(32)  Chun a áirithiú go bhfuil na húdaráis inniúla neamhchlaonta agus éifeachtach, ba cheart do na húdaráis inniúla a ainmnítear chun comhlíontacht an táirge leis an tsonraíocht táirge a fhíorú, ba cheart dóibh roinnt critéir oibríochtúla a chomhlíonadh. Agus údaráis á n-ainmniú acu a bheidh freagrach as céimeanna riaracháin agus breithiúnacha iomchuí a ghlacadh chun úsáid neamhdhleathach sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus tásc geografach faoi chosaint a chosc nó a stopadh, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go dtabharfaidh na húdaráis sin ráthaíochtaí leordhóthanacha maidir le trédhearcacht, oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht, agus go mbeidh an fhoireann cháilithe agus na hacmhainní is gá acu chun a bhfeidhmeanna a chur i gcrích. Ba cheart forálacha a bheartú chun roinnt inniúlachtaí a bhaineann le cúraimí sonracha rialaithe a tharmligean chuig comhlachtaí deimhniúcháin chun cúram na n-údarás rialaithe a éascú agus chun an córas a dhéanamh níos éifeachtaí.
Leasú 32
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 35
(35)  Tá forfheidhmiú tásc geografach sa mhargadh tábhachtach chun cosc a chur ar chleachtais chalaoiseacha agus mheabhlacha agus ar an gcaoi sin, chun a áirithiú go gcúitítear go cuí le táirgeoirí breisluach a dtáirgí lena ngabhann tásc geografach agus chun a áirithiú go gcuirtear cosc ar úsáideoirí neamhdhleathacha na dtásc geografach sin a dtáirgí a dhíol. Ba cheart rialuithe a dhéanamh bunaithe ar mheasúnú riosca nó ar fhógraí ó oibreoirí agus ba cheart bearta iomchuí riaracháin agus breithiúnacha a dhéanamh chun úsáid ainmneacha a chosc nó a stopadh ar tháirgí nó ar sheirbhísí lena sáraítear na tásca geografacha faoi chosaint.
(35)  Tá forfheidhmiú tásc geografach sa mhargadh tábhachtach chun cosc a chur ar chleachtais chalaoiseacha agus mheabhlacha agus chun góchumadh a chomhrac go héifeachtach agus ar an gcaoi sin, chun a áirithiú go gcúitítear go cuí le táirgeoirí breisluach a dtáirgí lena ngabhann tásc geografach agus chun a áirithiú go gcuirtear cosc ar úsáideoirí neamhdhleathacha na dtásc geografach sin a dtáirgí a dhíol. Ba cheart rialuithe a dhéanamh bunaithe ar mheasúnú riosca nó ar fhógraí ó oibreoirí agus ba cheart bearta iomchuí, éifeachtacha agus comhréireacha riaracháin agus breithiúnacha a dhéanamh chun úsáid ainmneacha a chosc nó a stopadh ar tháirgí nó ar sheirbhísí nach n-urramaíonn, nó a sháraíonn na tásca geografacha faoi chosaint.
Leasú 33
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 37
(37)  Agus é á chur san áireamh go bhféadfaí táirge arna ainmniú le tásc geografach agus arna tháirgeadh i mBallstát amháin a dhíol i mBallstát eile, ba cheart cúnamh riaracháin idir na Ballstáit a áirithiú chun go mbeidh rialuithe éifeachtacha ann agus ba cheart a phraiticiúlachtaí sin a leagan síos.
(37)  Agus é á chur san áireamh go bhféadfaí táirge arna ainmniú le tásc geografach agus arna tháirgeadh i mBallstát amháin a dhíol i mBallstát eile, ba cheart cúnamh riaracháin idir na Ballstáit agus tríú tíortha a áirithiú chun go mbeidh rialuithe éifeachtacha ann agus ba cheart a phraiticiúlachtaí sin a leagan síos.
Leasú 34
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 39
(39)  Na nósanna imeachta um thásca geografacha a chlárú, a leasú agus a chur ar ceal, lena n-áirítear an nós imeachta um ghrinnscrúdú agus an nós imeachta freasúra, ba cheart iad a dhéanamh ar an mbealach is éifeachtúla. Is féidir sin a dhéanamh trí leas a bhaint as an gcúnamh le haghaidh grinnscrúdú a dhéanamh ar iarratais, ar cúnamh é a sholáthraíonn Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO). Cé gur breithníodh seachfhoinsiú páirteach chuig EUIPO, bheadh an Coimisiún fós freagrach as an gclárúchán, as an leasúchán agus as an gcur ar ceal, mar gheall ar an ngaol láidir leis an gComhbheartas Talmhaíochta agus leis an saineolas is gá chun a áirithiú go ndéantar measúnú leormhaith ar shainiúlachtaí fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta.
(39)  Na nósanna imeachta um thásca geografacha a chlárú, a leasú agus a chur ar ceal, lena n-áirítear an nós imeachta um ghrinnscrúdú agus an nós imeachta cur i gcoinne, ba cheart iad a dhéanamh ar an mbealach is éifeachtúla. De réir na Tuarascála Speisialta a dhréachtaigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, ó síníodh an Meabhrán Tuisceana in 2018 idir an Coimisiún agus EUIPO, níl aon fheabhas tagtha ar fhad na nósanna imeachta, go háirithe, maidir le hanailís a dhéanamh ar iarratais ar chlárú agus ar leasuithe ar shonraíochtaí táirgí na dtásc geografach. Ba cheart don Choimisiún leanúint de bheith freagrach as an gclárúchán, as an leasúchán agus as an gcur ar ceal, mar gheall ar an ngaol láidir leis an gComhbheartas Talmhaíochta agus leis an saineolas is gá chun a áirithiú go ndéantar measúnú leormhaith ar shainiúlachtaí fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta.
Leasú 35
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 44
(44)  Is é cuspóir sonrach na scéime um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht cabhrú le táirgeoirí táirgí traidisiúnta tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi airíonna breisluacha a dtáirge. Chun nach gcruthófar coinníollacha éagóracha iomaíochta, ba cheart d’aon táirgeoir, lena n-áirítear táirgeoir tríú tír, a bheith in ann ainm cláraithe sainearra thraidisiúnta faoi ráthaíocht a úsáid, ar choinníoll go gcomhlíonann an táirge lena mbaineann ceanglais na sonraíochta ábhartha agus go gcumhdaítear an táirgeoir le córas rialuithe.
(44)  Is é cuspóir sonrach na scéime um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht cabhrú le táirgeoirí táirgí traidisiúnta tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi airíonna breisluacha a dtáirge. Chun nach gcruthófar éagothroime ar an margadh inmheánach nó coinníollacha éagóracha iomaíochta, ba cheart d’aon táirgeoir, lena n-áirítear táirgeoir tríú tír, a bheith in ann ainm cláraithe sainearra thraidisiúnta faoi ráthaíocht a úsáid, ar choinníoll go gcomhlíonann an táirge lena mbaineann ceanglais na sonraíochta ábhartha agus go gcumhdaítear an táirgeoir le córas rialuithe.
Leasú 36
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 46
(46)  Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht na sonraíochtaí a ghabhann leo, agus go mbeidh siad comhsheasmhach, ba cheart do tháirgeoirí atá eagraithe ina ngrúpaí sainmhíniú a thabhairt ar an táirge i bhfoirm sonraíochta. Ba cheart an rogha chun ainm a chlárú mar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht a bheith ar fáil do tháirgeoirí tríú tír.
(46)  Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht na sonraíochtaí a ghabhann leo, agus go mbeidh siad comhsheasmhach, ba cheart do tháirgeoirí atá eagraithe ina ngrúpaí sainmhíniú a thabhairt ar an táirge i bhfoirm sonraíochta. Ba cheart an rogha chun ainm a chlárú mar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht a bheith ar fáil do tháirgeoirí tríú tír le córas rialuithe nó a choibhéis.
Leasú 37
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 47
(47)  Chun trédhearcthacht a áirithiú, ba cheart na sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a chur ar an gclár.
(47)  Chun trédhearcthacht a áirithiú, ba cheart na sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a chur isteach ar an gclár aonair dá bhforáiltear sa Rialachán seo.
Leasú 38
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 48
(48)  Chun nach gcruthófar coinníollacha éagóracha iomaíochta, ba cheart d’aon táirgeoir, lena n-áirítear táirgeoir tríú tír, a bheith in ann ainm cláraithe sainearra thraidisiúnta faoi ráthaíocht a úsáid, ar choinníoll go gcomhlíonann an táirge lena mbaineann ceanglais na sonraíochta ábhartha agus go gcumhdaítear an táirgeoir le córas rialuithe. I gcás sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a tháirgtear laistigh den Aontas, ba cheart an tsiombail Aontais a léiriú ar an lipéad agus ba cheart a bheith in ann an bhaint idir é agus an tásc ‘sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht’ a dhéanamh amach. Ba cheart úsáid na n-ainmneacha, na siombaile Aontais agus an táisc a rialáil chun cur chuige aonfhoirmeach ar fud an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú.
(48)  Chun nach gcruthófar éagothroime ar an margadh inmheánach nó coinníollacha éagóracha iomaíochta, ba cheart d’aon táirgeoir, lena n-áirítear táirgeoir tríú tír, a bheith in ann ainm cláraithe sainearra thraidisiúnta faoi ráthaíocht a úsáid, ar choinníoll go gcomhlíonann an táirge lena mbaineann ceanglais na sonraíochta ábhartha agus go gcumhdaítear an táirgeoir leis an gcóras rialuithe. I gcás sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a tháirgtear laistigh den Aontas, ba cheart an tsiombail Aontais a léiriú ar an lipéad agus ba cheart a bheith in ann an bhaint idir é agus an tásc ‘sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht’ a dhéanamh amach. Ba cheart úsáid na n-ainmneacha, na siombaile Aontais agus an táisc a rialáil dá réir sin chun cur chuige aonfhoirmeach ar fud an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú.
Leasú 39
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 50
(50)  Chun nach gcuirfear tomhaltóirí amú, ba cheart sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht atá cláraithe a chosaint ar aon mhí-úsáid nó ar aon aithris, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le táirgí a úsáidtear mar chomhábhair, nó ar aon chleachtas eile lena bhféadfaí an tomhaltóir a chur amú. Chun an chuspóra chéanna, ba cheart rialacha a leagan síos le haghaidh úsáidí sonracha sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht, go háirithe maidir le húsáid téarmaí atá cineálach san Aontas, lipéadú ar a bhfuil ainmníocht cineáil planda nó póir ainmhí nó lipéadú arb éard atá ann ainmníocht cineáil planda nó póir ainmhí agus trádmharcanna.
(50)  Chun nach gcuirfear tomhaltóirí amú agus chun faisnéis chruinn ar fáil dóibh, ba cheart sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht atá cláraithe a chosaint ar aon mhí-úsáid, ar aon aithris nó ar ghóchumadh, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le táirgí a úsáidtear mar chomhábhair, nó ar aon chleachtas eile lena bhféadfaí an tomhaltóir a chur amú agus a lena bhféadfaí an fhaisnéis a thugtar dóibh a shaobhadh. Chun an chuspóra chéanna, ba cheart rialacha a leagan síos le haghaidh úsáidí sonracha sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht, go háirithe maidir le húsáid téarmaí atá cineálach san Aontas, lipéadú ar a bhfuil ainmníocht cineáil planda nó póir ainmhí nó lipéadú arb éard atá ann ainmníocht cineáil planda nó póir ainmhí agus trádmharcanna.
Leasú 40
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 53 a (nua)
(53а)   Mar gheall ar an méadú atá ag teacht ar an éileamh ó tháirgeoirí táirgí éagsúla, lena n-áirítear táirgí a tháirgeann feirmeoirí aonair, nach dtagann faoi aon chatagóir eile ach a bhfuil saintréithe scéime cáilíochta ag baint leo, agus ag cur san áireamh iomaíochas níos laige feirmeoirí ar mian leo, mar sin féin, díol go díreach le tomhaltóirí deiridh, ba cheart téarma roghnach cáilíochta nua ‘táirge feirmeora’ a thabhairt isteach d’fhonn faisnéis a chur ar fáil do thomhaltóirí maidir le saintréith shonrach táirge. Ba cheart do na Ballstáit critéir a tharraingt suas a shásóidh táirge chun go mbeidh siad in ann an téarma roghnach cáilíochta ‘táirge feirmeora’ a úsáid.
Leasú 41
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 56
(56)  Chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe den Rialachán seo a fhorlíonadh nó a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith caighdeáin inbhuanaitheachta a shainmhíniú agus critéir a leagan síos chun caighdeáin inbhuanaitheachta atá ann faoi láthair a shainaithint; nithe atá le soláthar mar chuid den fhaisnéis tionlacain a shoiléiriú nó a chur isteach; cúraimí a shannadh do EUIPO ar cúraimí iad a bhaineann le grinnscrúdú le haghaidh freasúra agus an nós imeachta freasúra, leis an gclár a oibriú, le leasuithe caighdeánacha ar shonraíocht táirge a fhoilsiú, le comhairliúchán i gcomhthéacs an nós imeachta um chur ar ceal, le córas rabhaidh a bhunú agus a bhainistiú lena gcuirtear iarratasóirí ar an eolas faoi infhaighteacht a dtásc geografach mar ainm fearainn, le grinnscrúdú a dhéanamh ar thásca geografacha tríú tír seachas tásca geografacha faoi Ionstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha34, ar thásca geografacha iad atá beartaithe lena gcosaint de bhun idirbheartaíocht idirnáisiúnta nó comhaontuithe idirnáisiúnta; critéir iomchuí a leagan síos chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú EUIPO i bhforfheidhmiú na gcúraimí a shanntar dó; rialacha breise a leagan síos maidir le húsáid tásc geografach chun comhábhair a shainaithint i dtáirgí próiseáilte; rialacha breise a leagan síos maidir le stádas cineálach téarmaí a chinneadh; na srianta agus na maoluithe a leagan síos maidir leis an bhfoinsiú beatha i gcás sonrúchán tionscnaimh; srianta agus maoluithe a leagan síos maidir le marú ainmhithe beo nó maidir leis an bhfoinsiú amhábhar; rialacha a leagan síos chun úsáid ainmníochta cineáil planda nó póir ainmhí a chinneadh; rialacha a leagan síos lena dteorannaítear an fhaisnéis a chuimsítear sa tsonraíocht táirge le haghaidh tásca geografacha agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht; sonraí breise a leagan síos maidir leis na critéir incháilitheachta le haghaidh sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht; rialacha breise a leagan síos chun foráil a dhéanamh maidir le nósanna imeachta iomchuí deimhniúcháin agus creidiúnúcháin a mbeadh feidhm acu i leith comhlachtaí deimhnithe táirgí; rialacha breise a leagan síos chun cosaint sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a mhionsonrú a thuilleadh; rialacha a leagan síos maidir le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht chun stádas cineálach téarmaí a chinneadh, agus coinníollacha a leagan síos maidir le hainmníochtaí cineálacha plandaí agus pórtha ainmnithe a úsáid agus maidir le cearta maoine intleachtúla; rialacha breise a shainmhíniú maidir le hiarratais chomhpháirteacha a bhaineann le níos mó ná críoch náisiúnta amháin agus rialacha an phróisis iarratais a chomhlánú le haghaidh sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht; na rialacha maidir leis an nós imeachta freasúra um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a chomhlánú chun nósanna imeachta agus sprioc-amanna mionsonraithe a leagan síos; na rialacha a fhorlíonadh maidir leis an bpróiseas chun iarratas a dhéanamh ar leasú i gcás sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht ; na rialacha a fhorlíonadh maidir leis an bpróiseas cur ar ceal i gcás sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht; rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis na critéir le haghaidh téarmaí roghnacha cáilíochta; téarma roghnach breise cáilíochta a fhorchoimeád, agus coinníollacha a úsáide a leagan síos; maoluithe a leagan síos le haghaidh úsáid an téarma ‘táirge sléibhe’ agus na modhanna táirgeachta agus critéir eile atá ábhartha maidir le cur i bhfeidhm an téarma roghnach cáilíochta sin a leagan síos, go háirithe na coinníollacha a leagan síos faoina gceadaítear amhábhair nó beatha ainmhithe teacht ó áiteanna lasmuigh de na limistéir sléibhe. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr35. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(56)  Chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe den Rialachán seo a fhorlíonadh nó a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le cúraimí a chur ar iontaoibh EUIPO a bhaineann le córas rabhaidh de chuid an Aontais a fhorbairt chun góchumadh tásc geografach ar líne a chomhrac, iarratasóirí a chur ar an eolas faoi infhaighteacht a dtásc geografach mar ainm fearainn; faireachán a dhéanamh ar chlárú ainmneacha fearainn san Aontas a bheadh i gcoinbhleacht leis na hainmneacha a áirítear i gclár an Aontais de thásca geografacha; critéir iomchuí a leagan síos chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú EUIPO i bhforfheidhmiú na gcúraimí a shanntar dó; na srianta agus na maoluithe a leagan síos maidir leis an bhfoinsiú beatha i gcás sonrúchán tionscnaimh; srianta agus maoluithe a leagan síos maidir le marú ainmhithe beo nó maidir leis an bhfoinsiú amhábhar; rialacha a leagan síos chun úsáid ainmníochta cineáil planda nó póir ainmhí a chinneadh; rialacha a leagan síos lena dteorannaítear an fhaisnéis a chuimsítear sa tsonraíocht táirge le haghaidh tásca geografacha agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht; sonraí breise a leagan síos maidir leis na critéir incháilitheachta le haghaidh sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht; rialacha breise a leagan síos chun foráil a dhéanamh maidir le nósanna imeachta iomchuí deimhniúcháin agus creidiúnúcháin a mbeadh feidhm acu i leith comhlachtaí deimhnithe táirgí; rialacha breise a leagan síos chun cosaint sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a mhionsonrú a thuilleadh; rialacha a leagan síos maidir le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht chun stádas cineálach téarmaí a chinneadh, coinníollacha a leagan síos maidir le hainmníochtaí cineálacha plandaí agus pórtha ainmnithe a úsáid agus maidir le cearta maoine intleachtúla; rialacha breise a shainmhíniú maidir le hiarratais chomhpháirteacha a bhaineann le níos mó ná críoch náisiúnta amháin agus rialacha an phróisis iarratais a chomhlánú le haghaidh sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht; na rialacha maidir leis an nós imeachta cur i gcoinne um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a chomhlánú chun nósanna imeachta agus sprioc-amanna mionsonraithe a leagan síos; na rialacha a fhorlíonadh maidir leis an bpróiseas chun iarratas a dhéanamh ar leasú i gcás sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht; na rialacha a fhorlíonadh maidir leis an bpróiseas cur ar ceal i gcás sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht; rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis na critéir le haghaidh téarmaí roghnacha cáilíochta; téarma roghnach breise cáilíochta a fhorchoimeád, agus coinníollacha a úsáide a leagan síos; maoluithe a leagan síos le haghaidh úsáid an téarma ‘táirge sléibhe’ agus na modhanna táirgeachta agus critéir eile atá ábhartha maidir le cur i bhfeidhm an téarma roghnach cáilíochta sin a leagan síos, go háirithe na coinníollacha a leagan síos faoina gceadaítear amhábhair nó beatha ainmhithe teacht ó áiteanna lasmuigh de na limistéir sléibhe. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr35. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
__________________
__________________
34 https://www.wipo.int/publications/en/details.jsp?id=3983
35 IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
35 IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
Leasú 42
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 60 a (nua)
(60а)   I gcás táirgí a bhfuil tús curtha le nós imeachta cosanta de chuid an Aontais ina leith roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, amhail ‘sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint’, ‘tásc geografach faoi chosaint’ nó ‘bia traidisiúnta sonrach’ i gcomhréir le rialacha agus ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, ba cheart d’iarratasóirí ar chosaint a bheith i dteideal leanúint den nós imeachta atá tosaithe acu agus é a chur i gcrích.
Leasú 43
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
Leagann an Rialachán seo na rialacha síos maidir leis an méid seo a leanas:
Leagann an Rialachán seo na rialacha síos maidir leis na scéimeanna cáilíochta seo a leanas:
Leasú 44
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe a
(a)  tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta.
(a)  ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint (ATFCanna) agus tásca geografacha faoi chosaint (TGFCanna) d’fhíon, táirgí talmhaíochta agus bia-earraí, agus tásca geografacha do dheochanna biotáilleacha;
Leasú 45
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe b
(b)  sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta.
(b)  sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht (STR); agus
Leasú 46
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 –mír 1 – pointe b a (nua)
(ba)  téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta.
Leasú 47
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe -a (nua)
(-a)  ciallaíonn ‘scéimeanna cáilíochta’ na scéimeanna a bhunaítear faoi Theidil II, III agus IV;
Leasú 48
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe a
(a)  ciallaíonn ‘grúpa táirgeoirí’ aon chomhlachas, is cuma cén fhoirm dhlíthiúil atá aige, ina bhfuil táirgeoirí nó próiseálaithe, den chuid is mó, atá ag obair leis an táirge céanna;
(a)  ciallaíonn ‘grúpa táirgeoirí’ aon chomhlachas, is cuma cén fhoirm dhlíthiúil atá aige, ina bhfuil táirgeoirí amhábhair, próiseálaithe nó oibreoirí a bhfuil baint acu le táirgeadh an táirge chéanna;
Leasú 49
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe b
(b)  ciallaíonn ‘traidisiúnta’ agus ‘traidisiún’, i dtaca le táirge de thionscnamh limistéir gheografaigh, go bhfuil cruthúnas ann gur úsáid táirgeoirí an táirge i bpobal ar feadh tréimhse a bhféadtar an úsáid sin a tharchur ó ghlúin go glúin lena linn; 30 bliain ar a laghad a bheidh sa tréimhse sin agus féadtar a chuimsiú leis an úsáid sin leasuithe ar ghá iad a dhéanamh de bharr athruithe ar na cleachtais sláinteachais agus sábháilteachta;
(b)  ciallaíonn ‘traidisiúnta’ agus ‘traidisiún’, i dtaca le táirge go bhfuil cruthúnas ann gur úsáid táirgeoirí an t-ainm i bpobal ar feadh tréimhse a bhféadtar an úsáid sin a tharchur ó ghlúin go glúin lena linn; 30 bliain ar a laghad a bheidh sa tréimhse sin agus féadtar a chuimsiú, le húsáid den sórt sin, leasuithe ar ghá iad a dhéanamh de bharr athruithe ar na cleachtais sláinteachais, sábháilteachta agus cleachtais ábhartha eile, amhail na cinn sin a bhaineann le hinbhuanaitheacht, sláinte agus leas ainmhithe;
Leasú 50
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe d
(d)  ciallaíonn ‘céim tháirgthe’ aon chéim den táirgeadh, den phróiseáil, den ullmhúchán nó den aosú, go dtí an pointe ag a mbíonn an táirge i bhfoirm a fhéadtar a chur ar an margadh inmheánach;
(d)  ciallaíonn ‘céim tháirgthe’ aon chéim den soláthar, den táirgeadh, den phróiseáil, den ullmhúchán nó den aosú, a dhéantar go dtí an pointe ag a gcomhlíonann an táirge na ceanglais go léir a bhfuil gá leo chun é chur ar an margadh inmheánach;
Leasú 51
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe f
(f)  ciallaíonn ‘comhlachtaí deimhnithe táirgí’ de réir bhrí Theideal II, Caibidil III de Rialachán (AE) 2017/625 comhlachtaí a dheimhníonn, maidir le táirgí arna n-ainmniú le tásca geografacha nó sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht, go gcomhlíonann na táirgí sin an tsonraíocht táirge.
(f)  ciallaíonn ‘comhlachtaí deimhnithe táirgí’ de réir bhrí Theideal II, Caibidil III de Rialachán (AE) 2017/625 comhlachtaí tarmligthe a dheimhníonn, maidir le táirgí arna n-ainmniú le tásca geografacha nó sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht, go gcomhlíonann na táirgí sin an tsonraíocht táirge;
Leasú 52
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe g – an chuid réamhráiteach
(g)  ciallaíonn ‘téarma cineálach’:
(g)  ciallaíonn ‘téarma cineálach’ ainm táirgí, agus bíodh is go mbaineann sé leis an ionad, leis an réigiún nó leis an tír inar táirgeadh nó inar margaíodh táirge i dtosach, arb é an t-ainm coitianta ar an táirge san Aontas anois é;
Leasú 53
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe g – pointe i
(i)  ainmneacha táirgí, agus bíodh is go mbaineann siad leis an ionad, leis an réigiún nó leis an tír inar táirgeadh nó inar margaíodh an táirge i dtosach, arb iad an t-ainm coitianta ar an táirge san Aontas anois iad; agus
scriosta
Leasú 54
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe g – pointe ii
(ii)  téarma coiteann lena dtuairiscítear ar chineálacha táirgí, airíonna táirgí nó téarmaí eile nach dtagraíonn do tháirge sonrach;
scriosta
Leasú 55
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
1.  Leis an Teideal seo foráiltear maidir le córas aonadach eisiach tásc geografach lena gcosnaítear ainmneacha fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta a bhfuil saintréithe nó airíonna acu, nó clú orthu, a bhfuil nasc idir iad agus a láthair táirgthe, lena n-áirithítear ar an gcaoi sin an méid seo a leanas:
1.  Leis an Teideal seo foráiltear maidir le córas aonadach eisiach tásc geografach lena gcosnaítear ainmneacha fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta a bhfuil saintréithe nó airíonna acu, nó clú orthu, a bhfuil nasc idir iad agus a láthair táirgthe, agus ar an gcaoi sin:
Leasú 56
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe -a (nua)
(-a)  cuidiú le táirgeoirí toradh cothrom a fháil ar cháilíocht a dtáirgí;
Leasú 57
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe -a a (nua)
(-aa)  rannchuidiú le cuspóirí beartais forbartha tuaithe a bhaint amach trí thacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí talmhaíochta agus próiseála agus do na córais feirmeoireachta a bhaineann le táirgí ardcháilíochta;
Leasú 58
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe a
(a)  go mbeidh an chumhacht agus na freagrachtaí is gá ag táirgeoirí, ag gníomhú dóibh le chéile, a dtásc geografach a bhainistiú, lena n-áirítear freagairt d’éilimh shochaíocha ar tháirgí a thagann as táirgeacht inbhuanaithe sna trí réimse, luach eacnamaíoch, luach comhshaoil agus luach sóisialta agus oibriú sa mhargadh;
(a)  a áirithiú go mbeidh an chumhacht agus na freagrachtaí is gá ag táirgeoirí, ag gníomhú dóibh le chéile, a dtásc geografach a bhainistiú, lena n-áirítear luach a chruthú agus freagairt d’éilimh shochaíocha ar tháirgí a thagann as táirgeacht inbhuanaithe sna trí réimse, luach eacnamaíoch, luach comhshaoil agus luach sóisialta, leas agus sláinte ainmhithe, agus oibriú i margadh inmheánach an Aontais agus i margaí idirnáisiúnta;
Leasú 59
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe b
(b)  iomaíocht chóir le haghaidh táirgeoirí sa slabhra margaíochta;
(b)  a áirithiú go mbeidh iomaíocht chóir ann d’fheirmeoirí agus do tháirgeoirí táirgí talmhaíochta agus bia-earraí, chun breisluach a ghiniúint sa slabhra margaíochta;
Leasú 60
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 –mír 1 – pointe b a (nua)
(ba)  rannchuidiú leis an aidhm an breisluach sin a chomhroinnt ar fud an tslabhra soláthair, chun a áirithiú go mbeidh na táirgeoirí in ann infheistiú i gcáilíocht, i gclú agus in inbhuanaitheacht a dtáirgí;
Leasú 61
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe c
(c)  go bhfaighidh tomhaltóirí faisnéis iontaofa agus ráthaíocht maidir le barántúlacht na dtáirgí sin agus go mbeidh siad in ann iad a shainaithint go héasca sa mhargadh lena n-áirítear sa ríomhthráchtáil;
(c)  a áirithiú go bhfaighidh tomhaltóirí faisnéis iontaofa agus ráthaíocht maidir le barántúlacht agus inrianaitheacht na cáilíochta, an chlú agus saintréithe eile atá nasctha leis an láthair táirgthe i leith na dtáirgí sin agus go mbeidh siad in ann iad a shainaithint go héasca sa mhargadh lena n-áirítear sa chóras ainmneacha fearainn agus sa ríomhthráchtáil;
Leasú 62
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe d
(d)  clárú éifeachtúil na dtásc geografach agus cosaint iomchuí na gceart maoine intleachtúla á cur san áireamh; agus
(d)  a áirithiú clárú simplí, éifeachtúil agus soláimhsithe na dtásc geografach, agus cosaint aonfhoirmeach, iomchuí agus éifeachtach na gceart maoine intleachtúla sa mhargadh inmheánach, lena n-áirítear i margaí digiteacha ar fud an Aontais, á cur san áireamh; agus
Leasú 63
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe e
(e)  forfheidhmiú agus margú éifeachtach ar fud an Aontais agus sa ríomhthráchtáil lena n-áirithítear sláine an mhargaidh inmheánaigh.
(e)  a áirithiú go bhfuil rialuithe, forfheidhmiú, úsáid agus margú éifeachtach ann ar fud an Aontais agus sa chóras ainmneacha fearainn agus sa ríomhthráchtáil, agus ar an gcaoi sin go ndéanfar sláine an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú;
Leasú 64
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe e a (nua)
(ea)  fios gnó a chaomhnú, agus táirgí áitiúla agus réigiúnacha a chur chun cinn agus tacú leo;
Leasú 65
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe e b (nua)
(eb)  a áirithiú go ndéanfar cosaint éifeachtach ar chearta maoine intleachtúla tháirgeoirí na dtáirgí sin i dtríú margaí i gcomhréir le comhaontuithe, le caighdeáin, le dea-chleachtais agus le chaontuithe le tríú tíortha.
Leasú 66
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 1
1.  Maidir le táirgí arna n-ainmniú le tásca geografacha, déanfar iad a aicmiú de réir na comhainmníochta comhcheangailte ar leibhéal dhá dhigit, ceithre dhigit nó sé dhigit. I gcás ina gcumhdaítear táirgí de chuid níos mó ná aon chatagóir amháin le tásc geografach, déanfar gach iontráil a shonrú. Is chun críoch cláraithe, staitistiúil agus coinneála taifid, agus chuig an méid sin amháin a bhainfear úsáid as an aicmiú táirgí. Ní bhainfear úsáid as an aicmiú sin chun táirgí inchomparáide a chinneadh chun críoch cosanta ar an úsáid tráchtála díreach agus neamhdhíreach dá dtagraítear in Airteagal 27(1), pointe (a).
1.  Maidir le táirgí arna n-ainmniú le tásca geografacha, déanfar iad a aicmiú de réir na comhainmníochta comhcheangailte ar leibhéal dhá dhigit, ceithre dhigit, sé dhigit nó ocht ndigit. Féadfaidh an Coimisiún cóid bhreise arna mbunú de bhun Airteagal 3 agus Airteagal 5 de Rialachán (CEE) Uimh. 2658/1987 a chur leis an ainmníocht chomhcheangailte, arna iarraidh sin do Bhallstát. I gcás ina gcumhdaítear táirgí de chuid níos mó ná aon chatagóir amháin le tásc geografach, déanfar gach iontráil a shonrú. Is chun críoch cláraithe, staitistiúil agus coinneála taifid, agus chuig an méid sin amháin a bhainfear úsáid as an aicmiú táirgí. Ní bhainfear úsáid as an aicmiú sin chun táirgí inchomparáide a chinneadh chun críoch cosanta ar an úsáid tráchtála díreach agus neamhdhíreach dá dtagraítear in Airteagal 27(1), pointe (a) den Rialachán seo.
Leasú 67
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1 – pointe f
(f)  ciallaíonn ‘grúpa táirgeoirí aitheanta’ comhlachas foirmiúil a bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige agus a n-aithníonn na húdaráis inniúla náisiúnta gurb é atá ann an t-aon ghrúpa amháin a ghníomhaíonn thar ceann na dtáirgeoirí uile;
(f)  ciallaíonn ‘grúpa táirgeoirí aitheanta’ comhlachas foirmiúil táirgeoirí a n-aithníonn na húdaráis náisiúnta inniúla gurb é atá ann an t-aon ghrúpa amháin é chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na dtáirgeoirí uile agus a ghníomhaíonn thar a gceann, agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 33(1) agus (2);
Leasú 68
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 1
1.  Maidir le hiarratais ar chlárú tásc geografach a chur isteach, ní fhéadfaidh ach grúpa tairgeoirí táirge(‘an grúpa táirgeoirí iarrthach’), arb é a ainm a mholtar a chlárú, iarratais a chur isteach. Féadfaidh comhlachtaí réigiúnacha nó áitiúla cuidiú leis an iarratas a ullmhú agus leis an nós imeachta lena mbaineann.
1.  Maidir le hiarratais ar chlárú tásc geografach a chur isteach, ní fhéadfaidh ach grúpa tairgeoirí táirge (‘an grúpa táirgeoirí iarrthach’), arb é a ainm a mholtar a chlárú, iarratais a chur isteach. Féadfaidh páirtithe leasmhara eile, lena n-áirítear eagraíochtaí speisialtóireachta, eagraíochtaí neamhrialtasacha nó comhlachtaí poiblí, comhairle theicniúil a sholáthar agus cuidiú leis an iarratas a ullmhú agus leis an nós imeachta lena mbaineann.
Leasú 69
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 2
2.  Féadfar údarás arna ainmniú ag Ballstát a mheas mar ghrúpa táirgeoirí iarrthach chun críocha an Teidil seo maidir le tásca geografacha dí biotáillí más rud é nach bhfuil sé indéanta do na táirgeoirí lena mbaineann grúpa a chruthú mar gheall ar a líon, a suíomh geografach nó a saintréithe eagrúcháin. Sa chás sin, sonrófar na cúiseanna sin san iarratas dá dtagraítear in Airteagal 9(2).
2.  Féadfar údarás arna ainmniú ag Ballstát nó ag tríú tír a mheas mar ghrúpa táirgeoirí iarrthach chun críoch an Teidil seo, maidir le tásca geografacha dí biotáillí, más rud é nach bhfuil sé indéanta do na táirgeoirí lena mbaineann grúpa a chruthú mar gheall ar a líon, a suíomh geografach nó a saintréithe eagrúcháin. Sa chás sin, sonrófar na cúiseanna sin san iarratas dá dtagraítear in Airteagal 9(2).
Leasú 70
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 3 – pointe a
(a)  is é an duine lena mbaineann an t-aon táirgeoir atá toilteanach iarratas a chur isteach ar chlárú táisc gheografaigh; agus
(a)  is é an duine lena mbaineann an t-aon táirgeoir den táirge sin tráth an iarratais ar chlárú táisc gheografaigh; agus
Leasú 71
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 3 – pointe b
(b)  is le tréithe nádúrtha a shainítear an limistéar lena mbaineann gan tagairt do theorainneacha maoine agus tá airíonna aige atá éagsúil go suntasach le saintréithe na limistéar comharsanachta sin nó tá saintréithe an táirge éagsúil le tréithe na dtáirgí a tháirgtear i limistéir chomharsanachta.
(b)  is le timpeallacht nádúrtha a shainítear an limistéar geografach agus tá saintréithe aige atá éagsúil go suntasach le saintréithe na limistéar comharsanachta sin nó tá saintréithe an táirge éagsúil le saintréithe na dtáirgí a tháirgtear i limistéir chomharsanachta nó, i gcás deochanna biotáilleacha, i gcás ina bhfuil cáilíocht, clú nó saintréith ar leith ag an deoch bhiotáilleach atá inchurtha go soiléir i leith a tionscnaimh gheografaigh.
Leasú 72
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 3 – fomhír 1 a (nua)
I gcás fíonta, is é an déantóir fíona a bheidh san iarratasóir amháin.
Leasú 73
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 4 a (nua)
4a.  Ní dhéanfaidh an Rialachán seo idirdhealú in aghaidh iarratasóirí ná ní chruthóidh sé bacainní dóibh, go háirithe do tháirgeoirí san Aontas agus i dtríú tíortha a cháilíonn mar mhicrifhiontair, mar fhiontair bheaga nó mar fhiontair mheánmhéide de réir bhrí na hIarscríbhinne a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún.
Leasú 74
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 2 – pointe c a (nua)
(ca)   staidéar ar inbhuanaitheacht eacnamaíoch an tslabhra soláthair lena mbaineann.
Leasú 75
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 4
4.  Mar chuid den ghrinnscrúdú dá dtagraítear i mír (3), cuirfidh an Ballstát nós imeachta náisiúnta freasúra ar bun. Leis an nós imeachta freasúra náisiúnta áiritheofar go bhfoilseofar an t-iarratas ar chlárú agus go bhforálfar maidir le tréimhse 2 mhí ar a laghad ó dháta an fhoilsithe ar féidir, lena linn, le haon duine nádúrtha nó dlítheanach, a bhfuil leas dlisteanach aige nó atá bunaithe nó ina chónaí i gcríoch Bhallstát tionscnaimh an táirge lena mbaineann, gur féidir leis an duine sin freasúra a dhéanamh i gcoinne an iarratais ar chlárú sa Bhallstát sin.
4.  Mar chuid den ghrinnscrúdú dá dtagraítear i mír (3), cuirfidh an Ballstát nós imeachta náisiúnta freasúra ar bun. Leis an nós imeachta freasúra náisiúnta, áiritheofar go bhfoilseofar an tsonraíocht táirge dá bhforáiltear in Airteagal 11 agus go bhforálfar maidir le tréimhse 2 mhí ar a laghad ó dháta an fhoilsithe ar féidir, lena linn, le haon duine nádúrtha nó dlítheanach, a bhfuil leas dlisteanach aige nó atá bunaithe nó ina chónaí i gcríoch Bhallstát tionscnaimh an táirge lena mbaineann, gur féidir leis an duine sin freasúra a thaisceadh i gcoinne an iarratais ar chlárú sa Bhallstát sin.
Leasú 76
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 7
7.  Áiritheoidh an Ballstát go bpoibleofar a chinneadh, bíodh sin fabhrach nó na bíodh, agus go mbeidh deis achomharc a thaisceadh ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige ann. Áiritheoidh an Ballstát freisin go bhfoilseofar an leagan sin den tsonraíocht táirge ar a bhfuil a chinneadh fabhrach bunaithe, agus cuirfidh sé an tsonraíocht táirge ar fáil go leictreonach.
7.  Áiritheoidh an Ballstát go bpoibleofar a chinneadh, bíodh sin fabhrach nó na bíodh, agus go mbeidh deis ag an iarratasóir achomharc a thaisceadh. Áiritheoidh an Ballstát freisin go bhfoilseofar an leagan sin den tsonraíocht táirge ar a bhfuil a chinneadh fabhrach bunaithe, agus cuirfidh sé an tsonraíocht táirge ar fáil go leictreonach.
Leasú 77
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 7 a (nua)
7a.   I gcás iarratais chlárúcháin thrasteorann, déanfar na nósanna imeachta náisiúnta gaolmhara, lena n-áirítear an chéim agóide, sna Ballstáit uile lena mbaineann.
Leasú 78
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír -1 (nua)
-1.  Chun críche an Airteagail seo, tagraíonn ‘gnóthas inbhuanaitheachta’ do ghnóthas a rannchuidíonn le cuspóir sóisialta, comhshaoil nó eacnamaíoch amháin nó níos mó, lena n-áirítear na cuspóirí seo a leanas:
(a)  maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, lena n-áirítear éifeachtúlacht fuinnimh agus laghdú ar tomhaltas uisce;
(b)  ithir, tírdhreacha agus acmhainní nádúrtha a chaomhnú agus a úsáid ar bhealach inbhuanaithe;
(c)  torthúlacht na hithreach a fheabhsú;
(d)  bithéagsúlacht agus cineálacha plandaí a chaomhnú, agus aistriú chuig geilleagar ciorclach;
(e)  aistriú chuig geilleagar ciorclach;
(f)  úsáid lotnaidicídí a laghdú;
(g)  astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú;
(h)  úsáid ábhar frithmhiocróbach a laghdú;
(i)  sláinte agus leas ainmhithe a fheabhsú;
(j)  ioncam inmharthana a áirithiú agus athléimneacht a fheabhsú do tháirgeoirí táirgí a thairbhíonn de shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó de thásc geografach faoi chosaint;
(k)  feabhas a chur ar cháilíocht agus ar luach eacnamaíoch táirgí a thairbhíonn de shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó de thásc geografach faoi chosaint, agus breisluach a athdháileadh feadh an tslabhra soláthair;
(l)  rannchuidiú le héagsúlú gníomhaíochtaí lena gcuirtear an geilleagar tuaithe chun cinn;
(m)  táirgeadh talmhaíochta áitiúil a chur chun cinn, agus an chreatlach thuaithe agus forbairt áitiúil a chaomhnú, lena n-áirítear fostaíocht talmhaíochta;
(n)  táirgeoirí óga táirgí a thairbhíonn de shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó de thásc geografach faoi chosaint agus táirgeoirí nua táirgí a thairbhíonn de shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó de thásc geografach faoi chosaint a mhealladh agus a chothú, agus tarchur fios gnó agus cultúir ó ghlúin go glúin a éascú;
(o)  feabhas a chur ar dhálaí oibre agus sábháilteachta i ngníomhaíochtaí talmhaíochta agus próiseála;
(p)  rannchuidiú le ceantair thuaithe a luachshocrú chomh maith leis an oidhreacht chultúrtha agus ghastranómach chun oideachas a chur chun cinn maidir le téamaí a bhaineann leis an gcóras cáilíochta, sábháilteacht bia agus aistí bia cothroma agus éagsúlaithe;
(q)  feabhas a chur ar an gcomhordú idir táirgeoirí trí fheabhas a chur ar éifeachtúlacht na n-ionstraimí rialachais.
Leasú 79
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 1
1.  Féadfaidh grúpa táirgeoirí teacht ar chomhaontú maidir le gealltanais inbhuanaitheachta a bheidh le comhlíonadh maidir le táirgeadh an táirge arna ainmniú le tásc geografach. Leis na gealltanais sin féachfar le caighdeán inbhuanaitheachta a chur i bhfeidhm atá níos airde ná an caighdeán a shainordaítear le dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta agus, go praiticiúil, le dul thar an méid is gá ó thaobh dea-chleachtais de i dtéarmaí gealltanas sóisialta, comhshaoil eacnamaíoch. Is gealltanais shonracha a bheidh iontu, cuirfear san áireamh leo cleachtais inbhuanaithe atá ann cheana agus a úsáidtear le haghaidh táirgí arna n-ainmniú le tásca geografacha agus féadfar tagairt a dhéanamh iontu do scéimeanna inbhuanaitheachta atá ann cheana.
1.  Féadfaidh grúpa táirgeoirí teacht ar chomhaontú maidir le gealltanais inbhuanaitheachta a bheidh le comhlíonadh maidir le táirgeadh an táirge arna ainmniú le tásc geografach. Leis na gealltanais sin féachfar le caighdeán inbhuanaitheachta a chur i bhfeidhm a théann thar an méid a cheanglaítear le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta ó thaobh gnóthais shóisialta, chomhshaoil, eacnamaíocha nó sláinte agus leasa ainmhithe. Is gealltanais shonracha a bheidh iontu, cuirfear san áireamh leo cleachtais inbhuanaithe atá ann cheana agus a úsáidtear le haghaidh táirgí arna n-ainmniú le tásca geografacha, féadfaidh siad straiteisí níos leithne agrai-eiceolaíocha na dtáirgeoirí chun an t-athrú aeráide a chomhrac a chomhlánú agus rannchuidiú leo agus féadfar tagairt a dhéanamh iontu do scéimeanna inbhuanaitheachta atá ann cheana.
Leasú 80
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 2
2.  Cuimseofar na gealltanais inbhuanaitheachta dá dtagraítear i mír (1) sa tsonraíocht táirge.
2.  Cuimseofar na gealltanais inbhuanaitheachta arna gcomhaontú i gcomhréir le mír (1) sa tsonraíocht táirge nó déanfar iad a fhorbairt faoi thionscnaimh ar leithligh.
Leasú 81
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 4
4.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 lena sainítear caighdeáin inbhunaitheachta in earnálacha éagsúla agus lena leagtar síos critéir maidir le haitheantas a thabhairt do chaighdeáin inbhuanaitheachta atá ann cheana a bhféadfaidh táirgeoirí táirgí arna n-ainmniú le tásca geografacha déanamh dá réir.
scriosta
Leasú 82
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 5
5.  Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sainítear cur i láthair comhchuibhithe gealltanas inbhuanaitheachta. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 53(2).
scriosta
Leasú 83
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 a (nua)
Airteagal 12a
Tuarascáil Inbhuanaitheachta
1.  Féadfaidh grúpaí táirgeoirí tuarascáil inbhuanaitheachta a ullmhú bunaithe ar ghníomhaíochtaí iniúchóireachta inmheánaí, ina mbeidh tuairisc ar chleachtais inbhuanaithe atá ann cheana arna gcur chun feidhme i dtáirgeadh an táirge, ar thionchair an mhodha trína bhfaightear an táirge ar an inbhuanaitheacht, ó thaobh gealltanais shóisialta, chomhshaoil, eacnamaíocha nó sláinte agus leasa ainmhithe de, agus an fhaisnéis is gá chun tuiscint a fháil ar an gcaoi a ndéanann an inbhuanaitheacht difear d’fhorbairt, d’fheidhmíocht agus do staid an táirge.
Féadfar an tuarascáil inbhuanaitheachta a thabhairt cothrom le dáta chun dul chun cinn a chur san áireamh, go háirithe i gcomparáid leis an toradh a bhí ar ghníomhaíochtaí iniúchóireachta inmheánaí a rinneadh roimhe seo.
2.  Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach formáid chomhchuibhithe agus cur i láthair ar líne na tuarascála dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo, lena rannchuidítear leis an aidhm cleachtais inbhuanaithe a chomhroinnt agus a mhacasamhlú, lena n-áirítear trí sheirbhísí comhairleacha agus trí líonra a fhorbairt chun cleachtais den sórt sin a mhalartú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 53(2).
Leasú 84
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 2
2.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 lena bhforlíontar an Rialachán seo le forálacha lena soiléirítear na ceanglais nó lena liostaítear ítimí breise na doiciméadachta tionlacain atá le soláthar.
2.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 lena bhforlíontar an Rialachán seo le forálacha lena soiléirítear ceanglais na doiciméadachta tionlacain atá le soláthar.
Leasú 85
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 1 – pointe -a (nua)
(-a)  an tsonraíocht táirge dá dtagraítear in Airteagal 11;
Leasú 86
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 6
6.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 lena sainítear nósanna imeachta agus coinníollacha is infheidhme maidir le hiarratais Aontais ar chlárú a ullmhú agus a chur isteach.
scriosta
Leasú 87
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 1
1.  Iarratas Aontais ar chlárú táisc gheografaigh, cuirfear isteach chuig an gCoimisiún é go leictreonach, trí chóras digiteach. Beidh ag an gcóras digiteach an acmhainn lena bhféadfar iarratais a chur isteach chuig údaráis náisiúnta Ballstáit agus féadfaidh an Ballstát sin a úsáid sa nós imeachta náisiúnta.
1.  Iarratas Aontais ar chlárú táisc gheografaigh, cuirfear isteach chuig an gCoimisiún é go leictreonach, trí chóras digiteach. Beidh ag an gcóras digiteach an acmhainn lena bhféadfar iarratais a chur isteach chuig údaráis inniúla Ballstáit agus féadfaidh an Ballstát é sin a úsáid sa nós imeachta náisiúnta.
Leasú 88
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – teideal
Grinnscrúdú ag an gCoimisiún agus foilsiú le haghaidh freasúra
Imscrúdú ag an gCoimisiún agus foilsiú le haghaidh freasúra
Leasú 89
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 1
1.  Déanfaidh an Coimisiún grinnscrúdú ar aon iarratas ar chlárú a gheobhaidh sé de bhun Airteagal 16(1). Is é a bheidh sa ghrinnscrúdú sin seiceáil nach ann d’earráidí follasacha, maidir leis an bhfaisnéis a sholáthraítear i gcomhréir le hAirteagal 15, go bhfuil an fhaisnéis sin iomlán agus gur de chineál beacht teicniúil an doiciméad aonair dá dtagraítear in Airteagal 13. Cuirfear san áireamh leis toradh an nós imeachta náisiúnta a dhéanann an Ballstát i gceist. Díreofar ann go háirithe ar an doiciméad aonair dá dtagraítear in Airteagal 13.
1.  Déanfaidh an Coimisiún imscrúdú ar aon iarratas ar chlárú a gheobhaidh sé de bhun Airteagal 16(1). Fíoróidh an Coimisiún nach ann d’earráidí follasacha, maidir leis an bhfaisnéis a sholáthraítear i gcomhréir le hAirteagal 15, go bhfuil an fhaisnéis sin iomlán agus go bhfuil an doiciméad aonair dá dtagraítear in Airteagal 13 beacht. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh leis an imscrúdú toradh an nós imeachta náisiúnta a dhéanann an Ballstát i gceist.
Leasú 90
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 2
2.  Níor cheart gur fhaide ná 6 mhí tréimhse an ghrinnscrúdaithe. I gcás inar faide an tréimhse grinnscrúdaithe sin ná 6 mhí nó inar dóchúil gur faide ná 6 mhí í, cuirfidh an Coimisiún an t-iarratasóir ar an eolas faoi chúiseanna na moille i scríbhinn.
2.  Faoi réir mhír 3, ní rachaidh an tréimhse scrúdúcháin thar cúig mhí ón dáta a thíolacfar an t-iarratas ar chlárú.
Ní áireofar ar an tréimhse scrúdúcháin sin an tréimhse a thosóidh ar an dáta a seolfaidh an Coimisiún a bharúlacha nó a iarraidh ar fhaisnéis fhorlíontach chuig an mBallstát, agus tiocfaidh deireadh léi ar an dáta a dtabharfaidh an Ballstát freagra don Choimisiún i ndáil leis na barúlacha sin nó leis an iarraidh sin.
I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfar síneadh 3 mhí ar a mhéad a chur leis an tréimhse imscrúdaithe. I gcás ina gcuirfear síneadh leis an tréimhse scrúdúcháin nó gur dócha go gcuirfear síneadh léi, cuirfidh an Coimisiún na cúiseanna leis an moill in iúl i scríbhinn don iarratasóir agus ar an dáta ar dócha go dtiocfaidh deireadh leis an tréimhse scrúdúcháin.
Leasú 91
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 3
3.  Féadfaidh an Coimisiún faisnéis fhorlíontach a iarraidh ar an iarratasóir.
3.  Laistigh de thrí mhí tar éis an t-iarratas ar chlárú a chur isteach, féadfaidh an Coimisiún faisnéis fhorlíontach a iarraidh ar an údarás inniúil nó ar an iarratasóir.
Leasú 92
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 4
4.  I gcás, bunaithe ar an ngrinnscrúdú a dhéantar de bhun mhír 1, inarb é breith an Coimisiún go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo agus i Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) Uimh. 2019/787, de réir mar is iomchuí, foilseoidh sé in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an doiciméad aonair agus an tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge.
4.  I gcás, bunaithe ar an scrúdú a dhéantar de bhun mhír 1, inarb é breith an Choimisiúin go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo agus i Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) Uimh. 2019/787, de réir mar is iomchuí, foilseoidh sé in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an doiciméad aonair agus an tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge.
Leasú 93
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 5
5.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 lena bhforlíontar an Rialachán seo le rialacha maidir leis na cúraimí a leagtar amach san Airteagal sin a shannadh do EUIPO.
scriosta
Leasú 94
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 1
1.  Coinneoidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le haon nós imeachta náisiúnta riaracháin nó breithiúnach a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chlárú táisc gheografaigh.
1.  Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas láithreach maidir le haon nós imeachta náisiúnta riaracháin nó breithiúnacha a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chlárú táisc gheografaigh.
Leasú 95
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
2.  Díolmhófar an Coimisiún ón oibleagáid cloí leis an spriocdháta don ghrinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 17(2) a dhéanamh agus na cúiseanna leis an moill a chur in iúl don iarratasóir, i gcás ina bhfaigheann sé teachtaireacht ó Bhallstát, maidir le hiarratas ar chlárú i gcomhréir le hAirteagal 9(6), ar cumarsáid í:
2.  Díolmhófar an Coimisiún ón oibleagáid cloí leis an spriocdháta don scrúdú dá dtagraítear in Airteagal 17(2) a dhéanamh i gcás ina bhfaigheann sé teachtaireacht ó Bhallstát, maidir le hiarratas ar chlárú i gcomhréir le hAirteagal 9(6), ar cumarsáid í:
Leasú 96
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 2 – pointe b
(b)  lena n-iarrtar ar an gCoimisiún an grinnscrúdú a chur ar fionraí toisc gur tionscnaíodh imeachtaí náisiúnta breithiúnacha nó riaracháin chun agóid a dhéanamh in aghaidh bhailíocht an iarratais agus toisc go measann na Ballstáit go bhfuil na himeachtaí sin bunaithe ar fhorais bhailí.
(b)  lena n-iarrtar ar an gCoimisiún an scrúdú a chur ar fionraí toisc gur tionscnaíodh imeachtaí náisiúnta breithiúnacha nó riaracháin chun agóid a dhéanamh in aghaidh bhailíocht an iarratais agus toisc go measann na Ballstáit go bhfuil na himeachtaí sin bunaithe ar fhorais bhailí.
Cuirfidh an Coimisiún cúiseanna na moille in iúl don iarratasóir.
Leasú 97
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 3
3.  Beidh éifeacht ag an díolúine go dtí go gcuirfidh an Ballstát in iúl don Choimisiún go bhfuil an t-iarratas bunaidh infheidhme arís nó go bhfuil an iarraidh ar fhionraí á tarraingt siar ag an mBallstát.
3.  Beidh éifeacht ag an díolúine dá bhforáiltear i mír 2 go dtí go gcuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit in iúl don Choimisiún go bhfuil an t-iarratas bunaidh infheidhme arís nó go bhfuil an iarraidh ar fhionraí á tarraingt siar ag an mBallstát.
Leasú 98
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 4
4.  Más rud é go ndearna cúirt náisiúnta an t-iarratas a neamhbhailíochtú trí chinneadh críochnaitheach, déanfaidh an Ballstát an ghníomhaíocht iomchuí, amhail tarraingt siar nó modhnú an iarratais Aontais ar chlárú, a bhreith, de réir mar is gá.
4.  Más rud é go ndearna cúirt náisiúnta an t-iarratas a neamhbhailíochtú trí chinneadh críochnaitheach, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit an ghníomhaíocht iomchuí, amhail tarraingt siar nó modhnú an iarratais Aontais ar chlárú, a bhreith, de réir mar is gá.
Leasú 99
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 1
1.  Laistigh de 3 mhí ó dháta foilsithe an doiciméid aonair agus na tagartha don tsonraíocht táirge de bhun Airteagal 17(4) in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, féadfaidh údaráis Bhallstáit nó údaráis tríú tír nó duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige agus atá bunaithe nó atá ina chónaí i dtríú tír freasúra nó fógra maidir le barúlacha a thaisceadh leis an gCoimisiún.
1.  Laistigh de 3 mhí ó dháta foilsithe an doiciméid aonair agus na tagartha don tsonraíocht táirge de bhun Airteagal 17(4) in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, féadfaidh údaráis Bhallstáit nó údaráis tríú tír nó duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige agus atá bunaithe nó atá ina chónaí i dtríú tír freasúra a thaisceadh leis an gCoimisiún.
Leasú 100
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 2
2.  Aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige ann agus atá bunaithe nó ina chónaí i mBallstát seachas an Ballstát sin ónar cuireadh an t-iarratas Aontais isteach, féadfaidh sé freasúra a thaisceadh leis an mBallstát ina bhfuil sé bunaithe nó ina bhfuil cónaí air laistigh de theorainn ama lenar féidir freasúra nó fógra maidir le barúlacha a chur isteach de bhun mhír (1).
2.  Aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige ann agus atá bunaithe nó ina chónaí i mBallstát seachas an Ballstát sin ónar cuireadh an t-iarratas Aontais isteach, féadfaidh sé freasúra a thaisceadh leis an mBallstát ina bhfuil sé bunaithe nó ina bhfuil cónaí air laistigh de theorainn ama lenar féidir freasúra a chur isteach de bhun mhír (1).
Leasú 101
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 4
4.  Is é an Coimisiún a dhéanfaidh inghlacthacht an fhreasúra a sheiceáil. I gcás ina measfaidh an Coimisiún gurb inghlactha an ráiteas freasúra, tabharfaidh sé, laistigh de 5 mhí ón dáta foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, cuireadh don údarás nó don duine a thaisc an ráiteas freasúra, agus don údarás nó don ghrúpa táirgeoirí iarrthach a chuir isteach an t-iarratas a bheith páirteach i gcomhairliúcháin iomchuí ar feadh tréimhse réasúnach nach faide ná 3 mhí. Tráth ar bith le linn na tréimhse sin, féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin don údarás nó don ghrúpa táirgeoirí iarrthach, 3 mhí ar a mhéad a chur leis an tréimhse le haghaidh na gcomhairliúchán.
4.  Is é an Coimisiún a dhéanfaidh scrúdú ar inghlacthacht an fhreasúra. I gcás ina measfaidh an Coimisiún gurb inghlactha an ráiteas freasúra, tabharfaidh sé, laistigh de 5 mhí ón dáta foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus laistigh de 30 lá tar éis an dáta a bhfaightear an ráiteas freasúra sin, cuireadh i scríbhinn don údarás nó don duine a thaisc an ráiteas freasúra, agus don údarás nó don ghrúpa táirgeoirí iarrthach a chuir isteach an t-iarratas a bheith páirteach i gcomhairliúcháin iomchuí ar feadh tréimhse réasúnach nach faide ná 3 mhí. Tráth ar bith le linn na tréimhse sin, féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin don údarás nó don ghrúpa táirgeoirí iarrthach, 3 mhí ar a mhéad a chur leis an tréimhse le haghaidh na gcomhairliúchán.
Leasú 102
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 6
6.  Laistigh d’aon mhí amháin ó dheireadh na gcomhairliúchán dá dtagraítear i mír (4), cuirfidh an grúpa táirgeoirí iarrthach atá bunaithe sa tríú tír nó údaráis an Bhallstáit nó an tríú tír óna ndearnadh an t-iarratas Aontais ar chlárú a thaisceadh, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi thoradh na gcomhairliúchán, lena n-áirítear an fhaisnéis uile a malartaíodh, ar thángthas ar chomhaontú le ceann amháin nó níos mó de na freasúróirí, agus maidir le haon athrú iarmhartach ar an iarratas ar chlárú. An t-údarás nó an duine a thaisc freasúra leis an gCoimisiún, féadfaidh sé fógra a thabhairt don Choimisiún freisin faoina sheasamh ag deireadh na gcomhairliúchán.
6.  Laistigh d’aon mhí amháin ó dheireadh na gcomhairliúchán dá dtagraítear i mír (4), an grúpa táirgeoirí iarrthach atá bunaithe sa tríú tír nó údaráis inniúla an Bhallstáit nó an tríú tír óna ndearnadh an t-iarratas Aontais ar chlárú a thaisceadh, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi thoradh na gcomhairliúchán, lena n-áirítear an fhaisnéis uile a malartaíodh, ar thángthas ar chomhaontú le ceann amháin nó níos mó de na freasúróirí, agus maidir le haon athrú iarmhartach ar an iarratas ar chlárú. An t-údarás nó an duine a thaisc freasúra leis an gCoimisiún, féadfaidh sé fógra a thabhairt don Choimisiún freisin faoina sheasamh ag deireadh na gcomhairliúchán.
Leasú 103
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 7
7.  I gcás, tar éis deireadh a bheith curtha leis na comhairliúcháin dá dtagraítear i mír (4), ina modhnaítear na sonraí a foilsíodh i gcomhréir le hAirteagal 17(4), déanfaidh an Coimisiún grinnscrúdú athuair ar an iarratas ar chlárú arna mhodhnú. I gcás ina modhnaítear an t-iarratas ar chlárú ar bhealach substaintiúil, agus más é breith an Choimisiúin go gcomhlíonann an t-iarratas modhnaithe na coinníollacha maidir le clárú, foilseoidh sé an t-iarratas athuair i gcomhréir leis an mír sin.
7.  I gcás, tar éis deireadh a bheith curtha leis na comhairliúcháin dá dtagraítear i mír (4), ina modhnaítear na sonraí a foilsíodh i gcomhréir le hAirteagal 17(4), déanfaidh an Coimisiún scrúdú athuair ar an iarratas ar chlárú arna mhodhnú. I gcás ina modhnaítear an t-iarratas ar chlárú ar bhealach substaintiúil, agus más é breith an Choimisiúin go gcomhlíonann an t-iarratas modhnaithe na coinníollacha maidir le clárú, foilseoidh sé an t-iarratas athuair i gcomhréir leis an mír sin.
Leasú 104
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 9
9.  Tar éis an nós imeachta freasúra a thabhairt chun críche, cuirfidh an Coimisiún críoch leis an measúnú ar an iarratas Aontais ar chlárú agus cuirfidh sé san áireamh aon iarratas ar idirthréimhsí, toradh an nós imeachta freasúra, aon fhógra maidir le barúlacha a fhaightear agus aon ábhar eile a thagann as a ghrinnscrúdú a d’fhéadfadh athrú ar an doiciméad aonair a bheith i gceist leis, cuirfidh sé an méid sin san áireamh.
9.  Tar éis an nós imeachta freasúra a thabhairt chun críche, cuirfidh an Coimisiún críoch lena mheasúnú ar an iarratas Aontais ar chlárú agus maidir le haon iarratas ar idirthréimhsí, le toradh an nós imeachta freasúra a fhaightear agus le haon ábhar eile a thagann as a scrúdú a d’fhéadfadh athrú ar an doiciméad aonair a bheith i gceist leis, cuirfidh sé an méid sin san áireamh.
Leasú 105
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 10
10.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí bhíthin nósanna imeachta mionsonraithe agus sprioc-amanna le haghaidh an nós imeachta freasúra, le haghaidh barúlacha a chur isteach go hoifigiúil ag na húdaráis náisiúnta agus ag daoine a bhfuil leas dlisteanach acu, nach dtionscnóidh an nós imeachta freasúra, agus trí rialacha maidir lena chúraimí a leagtar amach san Airteagal seo a shannadh do EUIPO.
10.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí nósanna imeachta mionsonraithe agus sprioc-amanna le haghaidh an nós imeachta freasúra, le haghaidh barúlacha a chur isteach go hoifigiúil ag na húdaráis náisiúnta agus ag daoine a bhfuil leas dlisteanach acu, nach dtionscnóidh an nós imeachta freasúra.
Leasú 106
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 a (nua)
Airteagal 20a
An nós imeachta um fhógra maidir le barúlacha
1.  D’fhonn míchruinneas a cheartú i nós imeachta clárúcháin atá ar siúl maidir le tásc geografach, féadfaidh údarás inniúil Ballstáit nó údarás inniúil tríú tír, nó duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige agus atá bunaithe nó ina chónaí i dtríú tír nó i mBallstát eile fógra maidir le barúlacha a thaisceadh leis an gCoimisiún laistigh de thrí mhí ó dháta foilsithe an doiciméid aonair agus na tagartha sonraíochta táirge i gclár an Aontais.
2.  Ní bheidh an fógra maidir le barúlacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo bunaithe ar na forais le freasúra dá dtagraítear in Airteagal 19. Ní mheasfar gur páirtí sa nós imeachta é an t-údarás inniúil ná an duine a thaisceann fógra tráchta.
3.  Roinnfidh an Coimisiún an fógra maidir le barúlacha leis an iarratasóir agus cuirfidh sé an fógra tráchta san áireamh nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh aige maidir le hiarratas an chláraithe, ach amháin má tá sé doiléir nó follasach go bhfuil sé mícheart.
4.  Chun bainistiú an nós imeachta um fhógra maidir le barúlacha a éascú, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha maidir le fógra tráchta den sórt sin a chur isteach agus lena sonraítear a bhformáid agus a gcur i láthair ar líne. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 53(2).
Leasú 107
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 3 – an chuid réamhráiteach
3.  Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sínfear an idirthréimhse a deonaíodh faoi mhír (1) suas le 15 bliana, nó lena gceadófar leanúint den úsáid ar feadh suas le 15 bliana, ar choinníoll go léireofar, anuas air sin, an méid seo a leanas:
3.  Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sínfear an idirthréimhse a deonaíodh faoi mhír (1) suas le 15 bliana, ar choinníoll go léireofar, anuas air sin, an méid seo a leanas:
Leasú 108
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 5
5.  Agus sonrúchán dá dtagraítear i mír 1 agus mír 3 á úsáid, beidh tásc na tíre tionscnaimh le feiceáil go soiléir agus go sofheicthe ar an lipéad.
5.  Agus sonrúchán dá dtagraítear i mír 1 agus mír 3 á úsáid, beidh tásc na tíre tionscnaimh le feiceáil go soiléir agus go sofheicthe ar an lipéad agus i gcás inarb infheidhme, ar an tuairisc ar an táirge nuair a chuirfear ar an margadh é ar shuíomh gréasáin díolacháin ar líne.
Leasú 109
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 6
6.  Ar mhaithe le deacrachtaí sealadacha a shárú, agus é mar chuspóir fadtéarmach a áirithiú go gcomhlíonfaidh na táirgeoirí táirge uile arna ainmniú faoi thásc geografach i gceantar lena mbaineann sonraíocht ghaolmhar an táirge, féadfaidh Ballstát idirthréimhse suas le 10 mbliana le haghaidh comhlíonadh a dheonú, le héifeacht ón dáta a taisceadh an t-iarratas leis an gCoimisiún, ar choinníoll go raibh na táirgí i dtrácht á margú go dleathach ag na hoibreoirí lena mbaineann, agus na hainmneacha sin in úsáid acu, go leanúnach, ar feadh 5 bliana roimhe sin ar a laghad sular taisceadh an t-iarratas le húdaráis an Bhallstáit agus gur dúradh sin sa nós imeachta náisiúnta freasúra dá dtagraítear in Airteagal 9(4).
6.  Ar mhaithe le deacrachtaí sealadacha a shárú, agus é mar chuspóir fadtéarmach a áirithiú go gcomhlíonfaidh na táirgeoirí táirge uile arna n-ainmniú faoi thásc geografach i gceantar lena mbaineann sonraíocht ghaolmhar an táirge, féadfaidh Ballstát idirthréimhse suas le 10 mbliana le haghaidh comhlíonadh a dheonú, le héifeacht ón dáta a cláraíodh an t-iarratas leis an gCoimisiún, ar choinníoll go raibh na táirgí i dtrácht á margú go dleathach ag na hoibreoirí lena mbaineann, agus na hainmneacha sin in úsáid acu, go leanúnach, ar feadh 5 bliana roimhe sin ar a laghad sular taisceadh an t-iarratas le húdaráis an Bhallstáit agus gur dúradh sin sa nós imeachta náisiúnta freasúra dá dtagraítear in Airteagal 9(4).
Leasú 110
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 1
1.  Más rud é, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil don Choimisiún ón ngrinnscrúdú a dhéantar de bhun Airteagal 17, go measann an Coimisiún nach gcomhlíontar aon cheann de na ceanglais dá dtagraítear ann, glacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme lena ndiúltófar an t-iarratas ar chlárú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 53(2).
1.  Más rud é, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil don Choimisiún ón scrúdú a dhéantar de bhun Airteagal 17, go measann an Coimisiún nach gcomhlíontar aon cheann de na ceanglais dá dtagraítear ann, glacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme lena ndiúltófar an t-iarratas ar chlárú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 53(2).
Leasú 111
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 2
2.  Más rud é nach bhfaigheann an Coimisiún freasúra inghlactha glacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme, gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 53(2), lena gclárófaí an tásc geografach, a chur i bhfeidhm. Na fógraí maidir le barúlacha, féadfaidh an Coimisiún iad a chur san áireamh i gcomhréir le hAirteagal 19(1).
2.  Más rud é nach bhfaigheann an Coimisiún freasúra inghlactha glacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme, gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 53(2), lena gclárófaí an tásc geografach, a chur i bhfeidhm.
Leasú 112
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 3 – an chuid réamhráiteach
3.  Tar éis na gcomhairliúchán dá dtagraítear in Airteagal 19(4), agus torthaí na gcomhairliúchán sin a bheith curtha san áireamh, i gcás ina bhfaigheann an Coimisiún freasúra atá inghlactha, déanfaidh sé ceann de na nithe seo a leanas,
3.  Tar éis na gcomhairliúchán dá dtagraítear in Airteagal 19(4), agus torthaí na gcomhairliúchán sin a bheith curtha san áireamh, i gcás ina bhfaigheann an Coimisiún freasúra atá inghlactha agus a bhfuil foras leis, déanfaidh sé ceann de na nithe seo a leanas:
Leasú 113
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 5
5.  Déanfar Rialacháin clárúcháin agus cinntí maidir le diúltú a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, sraith L.
5.  Déanfar Rialacháin clárúcháin agus cinntí maidir le diúltú a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, sraith L, agus i gclár an Aontais um thásca geografacha.
Leasú 114
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 23 – mír 1
1.  Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme, gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 53(2) a chur i bhfeidhm, ina bhfuil forálacha maidir le clár leictreonach tásc geografach a bhunú agus a choinneáil ar bun, ar clár é a bheidh ar fáil go poiblí, a chosnaítear faoin Rialachán seo (‘clár an Aontais um thásca geografacha’). Trí chuid a bheidh sa chlár a chomhfhreagraíonn do thásca geografacha fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta faoi seach.
1.  Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme, gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 53(2) a chur i bhfeidhm, ina bhfuil forálacha maidir le clár leictreonach tásc geografach a bhunú agus a choinneáil ar bun a chosnaítear faoin Rialachán seo (‘clár an Aontais um thásca geografacha’), a mbeidh rochtain éasca ag an bpobal air agus a bheidh i bhformáid mheaisín-inléite faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 13 de Threoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.1a Trí chuid a bheidh sa chlár a chomhfhreagraíonn do thásca geografacha fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta faoi seach.
__________________
1a Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).
Leasú 115
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 23 – mír 1 a (nua)
1a.  Déanfaidh EUIPO clár an Aontais a chothabháil agus a choinneáil cothrom le dáta maidir le clárú agus cealuithe tásc geografach agus leasuithe orthu.
Leasú 116
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 23 – mír 3
3.  Féadfar tásca geografacha a bhaineann le táirgí ó thríú tíortha agus atá faoi chosaint san Aontas faoi chomhaontú idirnáisiúnta ina bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach a chlárú i gclár an Aontais um thásca geografacha. Cláróidh an Coimisiún na tásca geografacha sin trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 53(2). A mhéid a bhaineann le fíon agus táirgí talmhaíochta, cuirfear ainmneacha na dtáirgí sin, mura sainaithnítear go sonrach iad mar shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint sna comhaontuithe sin, isteach i gclár an Aontais um thásca geografacha thásca geografacha faoi chosaint.
3.  Féadfar tásca geografacha a bhaineann le táirgí ó thríú tíortha agus atá faoi chosaint san Aontas faoi chomhaontú idirnáisiúnta ina bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach a chlárú i gclár an Aontais um thásca geografacha. Cláróidh an Coimisiún na tásca geografacha sin trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 53(2) agus poibleoidh sé na critéir arna n-úsáid chun cinneadh a dhéanamh maidir leis na tásca geografacha atá faoi chosaint faoin gcomhaontú idirnáisiúnta ábhartha. A mhéid a bhaineann le fíon agus táirgí talmhaíochta, cuirfear ainmneacha na dtáirgí sin, mura sainaithnítear go sonrach iad mar shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint sna comhaontuithe sin, isteach i gclár an Aontais um thásca geografacha faoi chosaint.
Leasú 117
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 23 – mír 5
5.  Poibleoidh an Coimisiún liosta na gcomhaontuithe idirnáisiúnta dá dtagraítear i mír (3) agus liosta na dtásc geografach a bheidh á gcosaint faoi na comhaontuithe sin agus tabharfaidh sé cothrom le dáta iad go tráthrialta.
5.  Poibleoidh EUIPO liosta na gcomhaontuithe idirnáisiúnta dá dtagraítear i mír (3) agus liosta na dtásc geografach a bheidh á gcosaint faoi na comhaontuithe sin agus, i gcás athruithe, tabharfaidh sé cothrom le dáta iad.
Leasú 118
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 23 – mír 6
6.  I dtaca le doiciméadacht a bhaineann le clárú táisc gheografaigh, coinneoidh an Coimisiún an doiciméadacht sin i bhfoirm dhigiteach nó i bhfoirm pháipéir ar feadh thréimhse bhailíochta an táisc gheografaigh, agus i gcás cealú, go ceann 10 mbliana eile dá éis sin.
6.  I dtaca le doiciméadacht a bhaineann le clárú táisc gheografaigh, coinneoidh an Coimisiún an doiciméadacht sin i bhfoirm dhigiteach nó i bhfoirm pháipéir. I gcás cealaithe nó diúltaithe, coinneoidh an Coimisiún an doiciméadacht go ceann 10 mbliana eile dá éis sin.
Leasú 119
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 23 – mír 6 a (nua)
6a.  A luaithe a chuirfidh EUIPO tásc geografach nua nó modhnú ar thásc geografach a bhí ann roimhe sin isteach i gclár an Aontais um thásca geografacha, déanfaidh an Coimisiún, ina cháil mar Údarás Inniúil de réir bhrí Airteagal 3 d’Ionstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le Sonrúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha (‘Ionstraim na Ginéive’), iarratas a chomhdú maidir le clárú idirnáisiúnta an táisc gheografaigh a iontráladh ar an gcaoi sin i gclár an Aontais um thásca geografacha agus a bhaineann le táirge ar de thionscnamh an Aontais é de bhun Airteagal 5(1) agus (2) d’Ionstraim na Ginéive le Biúró Idirnáisiúnta na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil. Is ar an mBallstát as a dtagann an tásc geografach sin a thitfidh na táillí atá le híoc faoi Airteagal 7 d’Ionstraim na Ginéive, mar a shonraítear sna Comhrialacháin faoi Chomhaontú Liospóin agus faoi Ionstraim na Ginéive.
Leasú 120
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 23 – mír 7
7.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 lena bhforlíontar an Rialachán seo le rialacha maidir le hoibriú chlár an Aontais um thásca geografacha a shannadh do EUIPO.
scriosta
Leasú 121
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 1
1.  Maidir le sliocht oifigiúil as clár an Aontais um thásca geografacha lena dtugtar cruthúnas ar chlárú an táisc gheografaigh, agus ar na sonraí ábhartha lena n-áirítear dáta an iarratais ar chlárú an táisc gheografaigh nó aon dáta tosaíochta eile, féadfaidh aon duine an sliocht oifigiúil sin a íoslódáil. Féadfar an sliocht oifigiúil sin a úsáid mar dheimhniú barántúil in imeachtaí dlí, i gcúirt dlí, i gcúirt eadrána nó i gcomhlacht comhchosúil.
1.  Maidir le sliocht oifigiúil as clár an Aontais um thásca geografacha lena dtugtar cruthúnas gur cláraíodh an tásc geografach nó gur diúltaíodh dó, agus ar shonraí ábhartha eile lena n-áirítear dáta an iarratais ar chlárú an táisc gheografaigh nó aon dáta tosaíochta eile, féadfaidh aon duine an sliocht oifigiúil sin a íoslódáil go héasca agus saor in aisce. Ullmhófar an sliocht oifigiúil i bhformáid mheaisín-inléite mar a shainmhínítear í in Airteagal 2, pointe 13 de Threoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a. Féadfar an sliocht oifigiúil sin a úsáid mar dheimhniú barántúil in imeachtaí dlí, i gcúirt dlí, i gcúirt eadrána nó i gcomhlacht comhchosúil.
__________________
1a Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).
Leasú 122
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 2
2.  I gcás ina dtugann na húdaráis náisiúnta aitheantas do ghrúpa táirgeoirí i gcomhréir le hAirteagal 33, sainaithneofar gurb é atá sa ghrúpa sin sealbhóir cheart an táisc gheografaigh i gclár an Aontais um thásca geografacha agus sa sliocht oifigiúil dá dtagraítear i mír (1).
2.  I gcás ina dtugann na húdaráis náisiúnta nó údarás tríú tír aitheantas do ghrúpa táirgeoirí i gcomhréir le hAirteagal 33, sainaithneofar gurb é atá sa ghrúpa sin ionadaí ar tháirgeoirí táirge arna ainmniú le tásc geografach i gclár an Aontais um thásca geografacha agus sa sliocht oifigiúil dá dtagraítear i mír (1) den Airteagal seo.
Leasú 123
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 3
3.  Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena dtugtar sainmhíniú ar fhormáid agus ar chur i láthair ar líne sleachta as clár an Aontais um thásca geografacha agus foráil a dhéanamh maidir le sonraí pearsanta cosanta a eisiamh nó a anaithnidiú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 53(2).
3.  Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach cur i láthair ar líne sleachta as clár an Aontais um thásca geografacha agus cé acu formáid mheasín-inléite atá le húsáid, agus foráil a dhéanamh maidir le sonraí pearsanta cosanta a eisiamh nó a anaithnidiú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 53(2).
Leasú 124
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 25 – mír 1
1.  Féadfaidh grúpa táirgeoirí a bhfuil leas dlisteanach acu iarratas a dhéanamh ar leasú ar shonraíocht táirge de chuid táisc gheografaigh chláraithe a fhormheas.
1.  Féadfaidh grúpa táirgeoirí aitheanta iarratas a dhéanamh ar leasú ar shonraíocht táirge de chuid táisc gheografaigh chláraithe a fhormheas.
Leasú 125
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 25 – mír 1 a (nua)
1a.  I gcás nach ann do ghrúpa táirgeoirí aitheanta, féadfaidh grúpa táirgeoirí a bhfuil leas dlisteanach acu nó táirgeoir aonair arb é an t-aon táirgeoir táisc gheografaigh é iarratas a dhéanamh ar leasú ar shonraíocht táirge de chuid táisc gheografaigh chláraithe a fhormheas.
Leasú 126
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 25 – mír 3 – an chuid réamhráiteach
3.  Is leasú Aontais a bheidh i leasú más é a bheidh i gceist leis athrú ar an doiciméad aonair agus:
3.  Measfar gur leasú Aontais a bheidh i leasú más é a bheidh i gceist leis athrú ar an doiciméad aonair agus:
Leasú 127
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 25 – mír 3 – pointe a
(a)  má chuimsítear ann athrú ar ainm, nó ar úsáid ainm, nó i gcás fíona agus deochanna biotáilleacha, ar chatagóir an táirge nó na dtáirgí, arna n-ainmniú leis an tásc geografach nó, i gcás deochanna biotáilleacha, ar an ainm dlíthiúil; nó
(a)  má chuimsítear ann athrú ar ainm; nó
Leasú 128
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 25 – mír 3 – pointe b
(b)  má bhíonn baol ann dá dheasca go gcuirfí an nasc leis an limistéar geografach dá dtagraítear sa doiciméad aonair ar neamhní;
(b)  i gcás inarb é an tátal a bhaintear as an ngrinnscrúdú a rinne an Ballstát ábhartha faoi mhír 2, pointe (b), go bhféadfadh an leasú sin an nasc leis an limistéar geografach dá dtagraítear sa doiciméad aonair a chur ar neamhní; nó
Leasú 129
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 25 – mír 5
5.  Measfar gur leasú sealadach a bheidh i leasú caighdeánach má bhaineann sé le hathrú sealadach ar an sonraíocht táirge mar thoradh ar bhearta éigeantacha sláintíochta nó fíteashláintíochta a d’fhorchuir na húdaráis phoiblí nó leasú sealadach ab éigean a dhéanamh de dheasca tubaiste nádúrtha nó dálaí díobhálacha aimsire a ndearna na húdaráis inniúla iad a aithint go foirmiúil.
5.  Measfar gur leasú caighdeánach a bheidh i leasú sealadach má bhaineann sé le hathrú sealadach ar an sonraíocht táirge mar thoradh ar bhearta éigeantacha sláintíochta nó fíteashláintíochta a d’fhorchuir na húdaráis phoiblí nó leasú sealadach ab éigean a dhéanamh de dheasca iarmhairtí tubaiste nádúrtha, dálaí drochaimsire, teagmhais gheopholaitiúla nó aon dálaí eisceachtúla eile a ndearna na húdaráis inniúla iad a aithint go foirmiúil.
Leasú 130
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 25 – mír 6
6.  Formheasfaidh an Coimisiún leasuithe Aontais. Leanfaidh an nós imeachta formheasa, mutatis mutandis, an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 8 go 22.
6.  Déanfaidh an Coimisiún leasuithe Aontais a mheasúnú agus a fhormheas laistigh de thrí mhí ón iarratas ar leasú ar shonraíocht táirge táisc gheografaigh chláraithe a fhormheas.
Gan dochar don chéad fhomhír den mhír seo, leanfaidh an nós imeachta formheasa, mutatis mutandis, an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 8 go 22.
I gcás ina mbaineann na leasuithe le sonraíochtaí táirge táisc gheografaigh atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 23(6a).
Leasú 131
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 25 – mír 7
7.  Maidir le hiarratais ar leasuithe Aontais arna gcur isteach ag tríú tír nó ag táirgeoirí tríú tír, beidh cruthúnas iontu go gcomhlíontar, leis an leasú atá á iarraidh, na dlíthe maidir le cosaint tásc geografach atá i bhfeidhm sa tríú tír sin.
7.  Maidir le hiarratais ar leasuithe ar leibhéal an Aontais arna gcur isteach ag tríú tír, ag grúpaí táirgeoirí nó, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, ag táirgeoirí aonair atá bunaithe i dtríú tír, beidh cruthúnas iontu go gcomhlíontar, leis an leasú atá á iarraidh, na dlíthe maidir le cosaint tásc geografach atá i bhfeidhm sa tríú tír sin.
Leasú 132
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 25 – mír 8
8.  Maidir le hiarratas ar leasú Aontais ar shonraíocht táirge táisc gheografaigh chláraithe, má chuimsítear ann freisin leasuithe caighdeánacha nó leasuithe sealadacha, ní dhéanfaidh an Coimisiún grinnscrúdú ach ar an leasú Aontais amháin. Maidir le haon leasú caighdeánach nó leasú sealadach, measfar nár cuireadh isteach iad. Leis an ngrinnscrúdú ar iarratais den sórt sin, beifear ag díriú ar na leasuithe atá molta ar leibhéal an Aontais. I gcás inarb iomchuí sin, féadfaidh an Coimisiún nó an Ballstát lena mbaineann deis a thairiscint don iarratasóir eilimintí eile de na sonraíochtaí táirge a mhodhnú.
8.  Maidir le hiarratas ar leasú Aontais ar shonraíocht táirge táisc gheografaigh chláraithe, má chuimsítear ann freisin leasuithe caighdeánacha nó leasuithe sealadacha, ní dhéanfaidh an Coimisiún scrúdú ach ar an leasú Aontais amháin. Maidir le haon leasú caighdeánach nó leasú sealadach, measfar nár cuireadh isteach iad. Leis an scrúdú ar iarratais den sórt sin, beifear ag díriú ar na leasuithe atá molta ar leibhéal an Aontais.
Leasú 133
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 25 – mír 9
9.  Is iad na Ballstáit nó na tríú tíortha ina bhfuil limistéar geografach an táirge lena mbaineann lonnaithe a fhormheasfaidh leasuithe caighdeánacha agus a chuirfidh iad in iúl don Choimisiún iad. Déanfaidh an Coimisiún na leasuithe sin a phoibliú.
9.  Is iad na Ballstáit nó na tríú tíortha ina bhfuil limistéar geografach an táirge lena mbaineann lonnaithe a mheasúnóidh agus a fhormheasfaidh leasuithe caighdeánacha agus a chuirfidh in iúl don Choimisiún iad. Déanfaidh an Coimisiún na leasuithe sin a phoibliú trína bhfoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus i gclár an Aontais um thásca geografacha.
Leasú 134
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 25 – mír 10
10.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 lena bhforlíontar an Rialachán seo le forálacha lena sanntar do EUIPO leasuithe caighdeánacha, dá dtagraítear i mír 9, a fhoilsiú.
scriosta
Leasú 135
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 1 – pointe b
(b)  i gcás nár cuireadh táirge ar an margadh faoin tásc geografach ar feadh 7 mbliana as a chéile ar a laghad.
(b)  i gcás nár cuireadh táirge ar an margadh faoin tásc geografach sna 7 mbliana as a chéile roimhe sin ar a laghad.
Leasú 136
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 2
2.  Féadfaidh an Coimisiún freisin gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an clárú a chealú arna iarraidh sin do tháirgeoirí an táirge a mhargaítear faoin ainm cláraithe.
2.  Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an clárú a chealú arna iarraidh sin do ghrúpa táirgeoirí ina bhfuil tromlach tháirgeoirí an táirge a mhargaítear faoin ainm cláraithe.
Leasú 137
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 2 a (nua)
2a.  Toirmiscfear úsáid agus cosaint an ainm chláraithe mar cheart maoine intleachtúla eile, go háirithe mar thrádmharc, ar feadh 10 mbliana tar éis clárú an táisc gheografaigh a chealú, mura rud é go raibh an ceart maoine intleachtúla sin ann, nó go raibh an trádmharc sin cláraithe, sular cláraíodh an tásc geografach.
Leasú 138
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 6
6.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 lena bhforlíontar an Rialachán seo le rialacha maidir leis na cúraimí a leagtar amach i mír (5) a shannadh do EUIPO.
scriosta
Leasú 139
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 27 – mír 1 – pointe a
(a)  aon úsáid dhíreach nó indíreach tráchtála a bhaintear as an tásc geografach maidir le táirgí nach gcumhdaítear faoin gclárú i gcás ina bhfuil na táirgí sin inchomparáide leis na táirgí atá cláraithe faoin ainm sin nó i gcás ina dtagann úsáid an ainm sin i dtír ar chlú an ainm atá faoi chosaint nó i gcás ina lagaítear nó ina gcaolaítear ar an ainm sin nó ina ndéantar dochar dá chlú;
(a)  aon úsáid dhíreach nó indíreach tráchtála a bhaintear as an tásc geografach maidir le táirgí nach gcumhdaítear faoin gclárú i gcás ina bhfuil na táirgí sin inchomparáide leis na táirgí atá cláraithe faoin ainm sin nó i gcás ina dtagann úsáid an ainm sin i dtír ar chlú an ainm atá faoi chosaint nó i gcás ina lagaítear nó ina gcaolaítear ar an ainm sin nó ina ndéantar dochar dá chlú, lena n-áirítear i gcás ina n-úsáidtear na táirgí sin mar chomhábhair;
Leasú 140
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 27 – mír 1 – pointe b
(b)  aon mhí-úsáid, aithris nó tabhairt chun cuimhne, fiú má léirítear fíorthionscnamh na dtáirgí nó na seirbhísí nó má aistrítear an t-ainm faoi chosaint nó má chuirtear frása leis amhail ‘ar nós’, ‘cineál’, ‘modh’, ‘mar a tháirgtear i’, ‘aithris’, ‘blas’, ‘cosúil le’ nó a leithéidí.
(b)  aon mhí-úsáid, góchumadh, aithris nó tabhairt chun cuimhne, fiú má léirítear fíorthionscnamh na dtáirgí nó na seirbhísí nó má aistrítear, má thras-scríobhtar nó má thraslitrítear an t-ainm faoi chosaint nó má chuirtear frása leis amhail ‘ar nós’, ‘cineál’, ‘modh’, ‘mar a tháirgtear i’, ‘aithris’, ‘blas’, ‘cosúil le’ nó a leithéidí, lena n-áirítear i gcás ina n-úsáidtear na táirgí sin mar chomhábhair;
Leasú 141
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 27 – mír 1 – pointe c
(c)  aon tásc bréagach nó míthreorach eile maidir le foinse, tionscnamh, nádúr nó cáilíochtaí sár-riachtanacha an táirge a úsáidtear ar an bpacáistiú laistigh nó ar an bpacáistiú lasmuigh, san ábhar fógraíochta nó sna doiciméid nó san fhaisnéis a chuirtear ar fáil ar shuíomhanna gréasáin a bhaineann leis an táirge áirithe, chomh maith le pacáistiú an táirge i gcoimeádán a d’fhéadfadh barúil bhréige a chur in iúl faoina thionscnamh;
(c)  aon tásc bréagach nó míthreorach eile maidir le bunáitíocht, tionscnamh, cineál nó cáilíochtaí riachtanacha an táirge a úsáidtear ar an bpacáistiú laistigh nó ar an bpacáistiú lasmuigh, san ábhar fógraíochta nó sna doiciméid nó san fhaisnéis a chuirtear ar fáil ar shuíomhanna gréasáin nó ar ainmneacha fearainn a bhaineann leis an táirge áirithe, chomh maith le pacáistiú an táirge i gcoimeádán a d’fhéadfadh tuiscint bhréagach a chur in iúl faoina thionscnamh;
Leasú 142
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 27 – mír 2
2.  Chun críocha mhír (1), pointe (b), beidh ann do thabhairt chun cuimhne táisc gheografaigh, go háirithe, i gcás ina ndéantar le téarma, comhartha, nó suaitheantas lipéadaithe nó pacáistithe nasc díreach soiléir leis an táirge a chumhdaítear leis an tásc geografach cláraithe in intinn an tomhaltóra réasúnta cáiréiseach agus, ar an gcaoi sin, teacht i dtír ar chlú an ainm atá cláraithe nó i gcás ina lagaítear nó ina gcaolaítear ar an ainm cláraithe sin nó ina ndéantar dochar dá chlú.
scriosta
Leasú 143
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 27 – mír 4 – pointe a
(a)  earraí a thugtar isteach i gcríoch chustaim an Aontais ach a bheidh gan scaoileadh i saorchúrsaíocht laistigh den chríoch sin; agus
(a)  earraí a thugtar isteach i gcríoch chustaim an Aontais ach a bheidh gan scaoileadh i saorchúrsaíocht laistigh den chríoch sin;
Leasú 144
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 27 – mír 4 – pointe a a (nua)
(aa)  earraí a tháirgtear san Aontas agus a bheartaítear a onnmhairiú agus a mhargú i dtríú tíortha; agus
Leasú 145
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 27 – mír 4 a (nua)
4a.  I gcás ina bhfuil téarma neamhchineálach amháin nó níos mó sa tásc geografach, is ceann de na cineálacha iompair dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b) a bheidh in úsáid ceann amháin, cuid díobh nó iad ar fad san ord céanna nó in ord difriúil ón gceann a cláraíodh.
Leasú 146
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 27 – mír 5
5.  Beidh an grúpa táirgeoirí aitheanta nó aon oibreoir atá i dteideal úsáid a bhaint as an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó an tásc geografach faoi chosaint, beidh sé i dteideal cosc a chur ar gach tríú páirtí earraí a thabhairt isteach san Aontas, le linn trádála, gan iad a scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta ansin, i gcás inar tháinig na hearraí sin, lena n-áirítear an phacáistíocht, ó thríú tíortha agus ina ndéantar leo sárú ar mhír (1).
5.  An grúpa táirgeoirí nó aon oibreoir atá i dteideal úsáid a bhaint as an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó an tásc geografach faoi chosaint, beidh sé i dteideal cosc a chur ar gach tríú páirtí earraí a thabhairt isteach san Aontas, le linn trádála, gan iad a scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta ansin, i gcás inar tháinig na hearraí sin, lena n-áirítear an phacáistíocht, ó thríú tíortha agus ina ndéantar leo sárú ar mhír (1).
Leasú 147
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 27 – mír 7
7.  I gcás inarb é atá i dtásc geografach ainm comhshuite ina bhfuil téarma a meastar a bheith cineálach, ní hé a bheidh in úsáid an téarma sin an t-iompar dá dtagraítear i mír (1), pointe (a) agus (b).
7.  I gcás inarb é atá i dtásc geografach ainm comhshuite ina bhfuil téarma a meastar a bheith cineálach, mar riail ghinearálta, ní hé a bheidh in úsáid an téarma sin an t-iompar dá dtagraítear i mír (1), pointí (a) agus (b).
Leasú 148
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 27 – mír 7 a (nua)
7a.  Glacfaidh gach Ballstát céimeanna iomchuí riaracháin agus breithiúnacha chun úsáid neamhdhleathach na sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásc geografach faoi chosaint, dá bhforáiltear i mír 1, a tháirgfear nó a mhargófar sa Bhallstát sin, a chosc nó a stopadh. Chuige sin, ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis a bheidh freagrach as na céimeanna sin a thógáil i gcomhréir le nósanna imeachta a chinnfidh gach aon Bhallstát. Soláthróidh na húdaráis inniúla ráthaíochtaí leordhóthanacha oibiachtúlachta agus neamhchlaontachta, agus beidh an fhoireann cháilithe agus na hacmhainní is gá chun a gcuid feidhmeanna a chomhlíonadh ar fáil dóibh.
Leasú 149
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 1
1.  Tá Airteagal 27 gan dochar d’úsáid táisc gheografaigh ag oibreoirí i gcomhréir le hAirteagal 36 lena chur in iúl go bhfuil, i dtáirge próiseáilte, táirge ar comhábhar é, arna ainmniú le tásc geografach ar choinníoll go ndéanfar an úsáid sin i gcomhréir le cleachtais mhacánta tráchtála agus nach lagaítear ná nach gcaolaítear ar an ainm cláraithe sin ná nach ndéantar dochar dá chlú.
1.  Ainm táisc gheografaigh arna úsáid ag oibreoirí i gcomhréir le hAirteagal 36 mar chomhábhar i dtáirge próiseáilte, féadfar tagairt a dhéanamh dó i liosta na gcomhábhar, ar choinníoll go gcomhlíonann an úsáid sin Airteagal 27, go ndéanfar an úsáid sin i gcomhréir le cleachtais mhacánta tráchtála agus nach lagaítear ná nach gcaolaítear ar an ainm cláraithe sin ná nach ndéantar dochar dá chlú, agus go gcomhlíonann sé forálacha infheidhme Rialachán (AE) 2019/787 maidir le deochanna biotáilleacha.
Leasú 150
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 2
2.  Maidir leis an tásc geografach lena n-ainmnítear comhábhar táirge, ní úsáidfear é in ainm bia an táirge phróiseáilte lena mbaineann, ach amháin i gcásanna ina dtagtar ar chomhaontú le grúpa táirgeoirí ina bhfuil níos mó ná dhá thrian de na táirgeoirí.
2.  Maidir leis an tásc geografach lena n-ainmnítear comhábhar táirge, ní úsáidfear é in ainm bia, i lipéadú seachas i liosta na gcomhábhar, i suaitheantas pacáistithe nó ábhar fógraíochta an táirge phróiseáilte lena mbaineann, ach amháin i gcásanna ina bhfuil comhaontú i scríbhinn ann lena n-áirítear forálacha rialaithe arna gcur i gcríoch leis an ngrúpa táirgeoirí aitheanta, nó, i gcás nach ann do ghrúpa den sórt sin, leis an ngrúpa táirgeoirí ina bhfuil tromlach na dtáirgeoirí, a d’fhéadfadh coinníollacha íosta a bhunú maidir le húsaid chóir an ainm.
Leasú 151
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 3
3.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 lena bhforlíontar an Rialachán seo le rialacha breise maidir le tásca geografacha a úsáid chun comhábhair i dtáirgí próiseáilte, dá dtagraítear i mír (1) den Airteagal seo, a shainaithint.
scriosta
Leasú 152
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 29 – mír 3
(3)   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 lena bhforlíontar an Rialachán seo le rialacha breise maidir le stádas cineálach na dtéarmaí dá dtagraítear i mír (1) den Airteagal seo a chinneadh.
scriosta
Leasú 153
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 30 – mír 2
2.  Ní chlárófar ainm atá comhainmneach go hiomlán nó go páirteach a chuirfeadh an tomhaltóir amú sa chaoi go gcreidfeadh sé gur tháinig na táirgí ó chríoch eile fiú má tá an t-ainm ar an gcríoch, an réigiún nó áit tionscnaimh iarbhír na dtáirgí, má tá an t-ainm sin cruinn.
2.  Ní chlárófar ainm atá comhainmneach go hiomlán nó go páirteach agus a chuireann táirge eile in iúl nó a chuirfeadh an tomhaltóir amú sa chaoi go gcreidfeadh sé gur tháinig na táirgí ó chríoch eile fiú má tá an t-ainm ar an gcríoch, an réigiún nó áit tionscnaimh iarbhír na dtáirgí, cruinn.
Leasú 154
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 31
Airteagal 31
scriosta
Trádmharcanna
Ní dhéanfar ainm a chlárú mar thásc geografach más rud é, i bhfianaise an chlú agus na cáile atá ar thrádmharc, go bhféadfaí le clárú an ainm atá beartaithe mar thásc geografach an tomhaltóir a chur ar míthreoir maidir le fíorchéannacht an táirge.
Leasú 155
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 32 – mír 1
1.  Cuirfear grúpa táirgeoirí ar bun ar thionscnamh na bpáirtithe leasmhara, lena n-áirítear feirmeoirí, soláthraithe feirme, próiseálaithe idirmheánacha agus próiseálaithe deiridh de réir mar a shonraíonn na húdaráis náisiúnta agus de réir chineál an táirge lena mbaineann. Fíoróidh na Ballstáit go bhfeidhmeoidh an grúpa táirgeoirí ar bhealach trédhearcach daonlathach agus go mbeidh an ceart chun ballraíocht sa ghrúpa ag táirgeoirí uile an táirge arna ainmniú leis an tásc geografach. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go mbeidh oifigigh phoiblí agus páirtithe leasmhara eile amhail grúpaí tomhaltóirí, miondíoltóirí agus soláthraithe rannpháirteach in oibreacha an ghrúpa táirgeoirí.
1.  Cuirfear grúpa táirgeoirí ar bun ar thionscnamh na bpáirtithe leasmhara, lena n-áirítear feirmeoirí, soláthraithe feirme, táirgeoirí agus comhlachais táirgeoirí agus próiseálaithe de réir mar a shonraíonn na húdaráis náisiúnta ábhartha i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, agus de réir chineál an táirge lena mbaineann. Féadfar grúpa táirgeoirí a bhunú freisin ar thionscnamh Ballstáit.
Fíoróidh na Ballstáit go bhfeidhmeoidh an grúpa táirgeoirí ar bhealach trédhearcach daonlathach, go háirithe trí rialacha inmheánacha lena gcumasaítear dá mbaill grinnscrúdú a dhéanamh air ar bhealach daonlathach, agus go mbeidh an ceart chun ballraíocht sa ghrúpa ag táirgeoirí uile an táirge arna ainmniú leis an tásc geografach.
Féadfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos chun a áirithiú nach féidir ach grúpa táirgeoirí amháin, ina bhfuil tromlach na dtáirgeoirí, feidhmiú do gach tásc geografach agus go bhfuil ballraíocht an ghrúpa táirgeoirí agus an ranníocaíocht le costais a bhaineann le feidhmiú chumhachtaí an ghrúpa táirgeoirí agus comhlíonadh a fhreagrachtaí éigeantach do gach táirgeoir.
Gan dochar do mhír 2, féadfaidh na húdaráis náisiúnta, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, na cúraimí, na cumhachtaí agus na freagrachtaí a thugtar do ghrúpa táirgeoirí a shainiú.
Leasú 156
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 32 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
2.  Féadfaidh grúpa táirgeoirí na cumhachtaí agus na freagrachtaí seo a leanas go háirithe a fheidhmiú:
2.  I gcás nach ann do ghrúpa táirgeoirí aitheanta, féadfaidh grúpa táirgeoirí na cumhachtaí agus na freagrachtaí seo a leanas go háirithe a fheidhmiú:
Leasú 157
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 32 – mír 2 – pointe a
(a)  an tsonraíocht táirge a fhorbairt agus rialuithe inmheánacha a bhainistiú lena n-áirithítear go gcomhlíonann céimeanna táirgthe an táirge arna ainmniú leis an tásc geografach, go gcomhlíonann siad an tsonraíocht sin;
(a)  an tsonraíocht táirge a fhorbairt agus gníomhaíochtaí a bhainistiú a bhaineann lena fhíorú agus lena áirithiú go ndéanann céimeanna táirgthe an táirge arna ainmniú leis an tásc geografach an tsonraíocht sin a chomhlíonadh;
Leasú 158
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 32 – mír 2 – pointe b
(b)  beart dlíthiúil a dhéanamh chun cosaint a áirithiú don tásc geografach agus do na cearta maoine intleachtúla atá nasctha go díreach leis;
(b)  beart dlíthiúil a dhéanamh, lena n-áirítear bearta os comhair cúirteanna sibhialta agus coiriúla, chun cosaint a áirithiú as líne agus ar líne don tásc geografach agus do na cearta maoine intleachtúla atá nasctha go díreach leis, lena n-áirítear suíomhanna gréasáin, ainmneacha fearainn agus damáistí a éileamh;
Leasú 159
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 32 – mír 2 – pointe c
(c)  gealltanais inbhuanaitheachta a chomhaontú, bíodh sin san áireamh sa tsonraíocht táirge nó mar thionscnamh ar leithligh nó ná bíodh, lena n-áirítear socruithe chun fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh na ngealltanas sin agus poiblíocht leordhóthanach a áirithiú dóibh i gcóras faisnéise arna sholáthar ag an gCoimisiún;
(c)  gealltanais inbhuanaitheachta a chomhaontú, lena n-áirítear gealltanais a chomhlánaíonn straitéisí agrai-éiceolaíocha na dtáirgeoirí chun an t-athrú aeráide a chomhrac agus a rannchuidíonn leo, bíodh sin san áireamh sa tsonraíocht táirge nó in áit eile, agus poiblíocht leordhóthanach a áirithiú dóibh i gcóras faisnéise arna sholáthar ag an gCoimisiún;
Leasú 160
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 32 – mír 2 – pointe d – an chuid réamhráiteach
(d)  beart a dhéanamh chun feabhas a chur ar fheidhmíocht an táisc gheografaigh, lena n-áirítear:
(d)  beart a dhéanamh chun feabhas a chur ar fheidhmíocht an táisc gheografaigh, ó thaobh na hinbhuanaitheachta eacnamaíche, sóisialta agus comhshaoil de, lena n-áirítear:
Leasú 161
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 32 – mír 2 – pointe d – pointe -i (nua)
(-i)   coinníollacha íosta a bhunú maidir le húsáid ainm táisc gheografaigh;
Leasú 162
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 32 – mír 2 – pointe d – pointe ii
(ii)  gníomhaíochtaí faisnéise agus tionscnaimh a fhorbairt a bheidh dírithe ar airíonna an táirge arna ainmniú le tásc geografach a chur in iúl do thomhaltóirí;
(ii)  gníomhaíochtaí faisnéise agus tionscnaimh a fhorbairt a bheidh dírithe ar airíonna an táirge arna ainmniú le tásc geografach a chur in iúl do thomhaltóirí, lena n-áirítear forbairt seirbhísí turasóireachta a bhaineann le turasóireacht tuaithe inbhuanaithe agus fhreagrach sa limistéar geografach dá dtagraítear sa tsonraíocht táirge;
Leasú 163
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 32 – mír 2 – pointe d – pointe ii
(iii)  anailís a dhéanamh ar fheidhmíocht eacnamaíoch, inbhuanaitheacht táirgthe, próifíl chothaitheach agus próifíl orgánaileipteach an táirge arna ainmniú leis an tásc geografach;
(iii)  anailís a dhéanamh ar fheidhmíocht eacnamaíoch, shóisialta nó chomhshaoil an táirgthe, próifíl chothaitheach agus próifíl orgánaileipteach an táirge arna ainmniú leis an tásc geografach;
Leasú 164
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 32 – mír 2 – pointe e
(e)  comhrac a dhéanamh ar ghóchumadh agus úsáidí calaoiseacha amhrasta a bhaint as úsáid táisc gheografaigh, ar an margadh inmheánach, lena n-ainmnítear táirgí nach bhfuil i gcomhréir leis an tsonraíocht táirge, trí fhaireachán a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as an tasc geografach ar fud an mhargaidh inmheánaigh agus ar mhargaí tríú tíortha ina bhfuil na tásca geografacha faoi chosaint, lena n-áirítear ar an idirlíon, agus de réir mar is gá, na húdaráis forfheidhmithe a chur ar eolas trí úsáid a bhaint as na córais rúnda atá ar fáil.
(e)  comhrac a dhéanamh ar ghóchumadh agus úsáidí calaoiseacha amhrasta a bhaint as úsáid táisc gheografaigh, ar an margadh inmheánach, lena n-áirítear margadh digiteach an Aontais, lena n-ainmnítear táirgí nach bhfuil i gcomhréir leis an tsonraíocht táirge, trí fhaireachán a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as an tasc geografach ar fud an mhargaidh inmheánaigh agus ar mhargaí tríú tíortha ina bhfuil na tásca geografacha faoi chosaint, lena n-áirítear ar an idirlíon, agus de réir mar is gá, na húdaráis forfheidhmithe a chur ar eolas trí úsáid a bhaint as na córais rúnda atá ar fáil.
Leasú 165
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 32 – mír 2 – pointe e a (nua)
(ea)  bearta a dhéanamh chun luach táirgí a fheabhsú agus, i gcás inar gá, bearta a dhéanamh chun aon bheart nó cleachtas tráchtála atá díobhálach d’íomhá agus luach na dtáirgí sin, nó a bhfuil an baol ann go mbeadh sé díobhálach dóibh, a chosc nó dul ina choinne.
Leasú 166
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 32 – mír 2 – pointe e b (nua)
(eb)  bearta a dhéanamh chun dea-chleachtais a scaipeadh agus feasacht a ardú i measc táirgeoirí agus tomhaltóirí maidir leis na gealltanais inbhuanaitheachta dá bhforáiltear in Airteagal 12;
Leasú 167
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 32 – mír 2 – pointe e c (nua)
(ec)  na coinníollacha íosta a leagan síos maidir le húsáid chóir ainm táisc gheografaigh mar chomhábhar i dtáirge próiseáilte, dá dtagraítear in Airteagal 28(2), agus na rialacha a chinneadh maidir le ranníocaíocht airgeadais a iarraidh ar an bpróiseálaí don úsáid sin.
Leasú 168
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 32 – mír 2 a (nua)
2a.  De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit cuid de na cumhachtaí agus na freagrachtaí nó iad ar fad dá dtagraítear sa mhír sin a theorannú go heisiach do na grúpaí táirgeoirí aitheanta dá dtagraítear in Airteagal 33.
Leasú 169
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 1
1.  Ainmneoidh na Ballstáit, arna iarraidh sin do ghrúpaí táirgeoirí lena gcomhlíontar coinníollacha mhír 3, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, grúpa táirgeoirí amháin mar ghrúpa táirgeoirí aitheanta le haghaidh gach táisc gheografaigh de thionscnamh a gcríche atá cláraithe nó atá faoi réir iarratas ar chlárú nó le haghaidh ainmneacha táirge a d’fhéadfadh a bheith ina n-ábhar iarratais ar chlárú.
1.  Ainmneoidh na Ballstáit, arna iarraidh sin do ghrúpa táirgeoirí lena gcomhlíontar coinníollacha mhír 2, nó, i gcomhréir le comhaontú idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach ann, ainmneoidh tríú tíortha, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, grúpa táirgeoirí amháin mar ghrúpa táirgeoirí aitheanta le haghaidh tásc geografach ar leith nó le haghaidh dhá thásc gheografacha nó níos mó de thionscnamh a gcríche, atá cláraithe nó atá faoi réir iarratas ar chlárú nó le haghaidh ainmneacha táirge a d’fhéadfadh a bheith ina n-ábhar le haghaidh iarratas ar chlárú.
Leasú 170
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 1 a (nua)
1a.  Is é grúpa aitheanta táirgeoirí an t-aon ghrúpa amháin a ghníomhóidh thar ceann na dtáirgeoirí uile maidir le hinniúlachtaí dá dtagraítear san Airteagal seo agus in Airteagail 25 go 28.
Leasú 171
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 2
2.  Féadfar grúpa táirgeoirí a ainmniú mar ghrúpa táirgeoirí aitheanta faoi réir comhaontú a bheith ann roimh ré idir dhá thrian de tháirgeoirí an táirge arb ann do thásc geografach ina leith, grúpa a dhéanann ar a laghad dhá thrian de tháirgeadh an táirge sin sa limistéar geografach dá dtagraítear sa tsonraíocht táirge. Mar eisceacht, measfar gurb é a bheidh in údarás, dá dtagraítear in Airteagal 8(2), agus i dtáirgeoir aonair, dá dtagraítear in Airteagal 8(3), grúpa táirgeoirí aitheanta.
2.  Féadfar grúpa táirgeoirí a ainmniú mar ghrúpa táirgeoirí aitheanta faoi réir comhaontú a bheith ann roimh ré arna thabhairt i gcrích idir 50 % móide ceann amháin de tháirgeoirí an táirge a bhfuil tásc geografach acu, arb ionann é agus toirt íosta nó íosluach de tháirgeadh indíolta an táirge sin, a leagfaidh an Ballstát lena mbaineann síos, sa limistéar geografach dá dtagraítear sa tsonraíocht táirge. Mar eisceacht, féadfaidh na Ballstáit na cumhachtaí agus na freagrachtaí dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo agus in Airteagal 32(2) a thabhairt d’údarás, dá dtagraítear in Airteagal 8(2), agus do tháirgeoir aonair, dá dtagraítear in Airteagal 8(3).
Leasú 172
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 2 a (nua)
2a.  Féadfaidh na Ballstáit nó, i gcomhréir le comhaontú idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach ann, tríú tíortha a chinneadh, ar bhonn critéir oibiachtúla, go measfar gur grúpaí aitheanta táirgeoirí iad grúpaí táirgeoirí ar tugadh aitheantas dóibh cheana ar an leibhéal náisiúnta roimh... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Leasú 173
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 3 – an chuid réamhráiteach
3.  De bhreis ar na cumhachtaí agus na freagrachtaí dá dtagraítear in Airteagal 32(2), féadfaidh grúpa táirgeoirí aitheanta na cumhachtaí agus na freagrachtaí seo a leanas a fheidhmiú:
3.  De bhreis ar na cumhachtaí agus na freagrachtaí dá dtagraítear in Airteagal 32(2), féadfaidh grúpa táirgeoirí aitheanta na cumhachtaí agus na freagrachtaí seo a leanas a fheidhmiú erga omnes:
Leasú 174
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 3 – pointe b
(b)  gníomhartha forfheidhmiúcháin a ghlacadh, lena n-áirítear iarratais ar ghníomhartha a dhéanamh chuig údaráis chustaim, chun aon bheart atá díobhálach d’íomhá na dtáirgí sin nó a bhfuil an baol ann go mbeidís díobhálach dó a chosc nó cur ina gcoinne;
(b)  gníomhartha forfheidhmiúcháin a dhéanamh, lena n-áirítear iarratais ar ghníomhartha a dhéanamh chuig údaráis chustaim, chun cosc a chur ar aon bhearta nó cleachtais tráchtála atá díobhálach d’íomhá agus do luach a dtáirgí, nó a bhfuil an baol ann go mbeidh siad díobhálach dóibh, lena n-áirítear cleachtais mhargaíochta a chruthaíonn díluacháil agus praghsanna a laghdú;
Leasú 175
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 3 – pointe b a (nua)
(ba)  gníomhaíochtaí maoirseachta a dhéanamh agus calaois a chosc;
Leasú 176
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 3 – pointe c a (nua)
(ca)  teacht ar chomhaontú leis na hoibreoirí iartheachtacha i ndáil le clásail maidir le comhroinnt luacha de réir bhrí Airteagal 172a de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, lena n-áirítear bónais agus caillteanais sna margaí, lena gcinntear an chaoi a leithdháilfear aon éabhlóid ar phraghsanna margaidh na dtáirgí lena mbaineann nó tráchtearraí ábhartha eile idir na comhaltaí;
Leasú 177
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 3 – pointe c b (nua)
(cb)  idirchaidreamh a dhéanamh leis an gCoimisiún i gcomhthéacs na caibidlíochta ar chomhaontuithe idirnáisiúnta maidir le cosaint na dtásc geografach;
Leasú 178
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 4
4.  Beidh na cumhachtaí agus na freagrachtaí dá dtagraítear i mír 2 faoi réir comhaontú a bheith ann roimh ré idir dhá thrian de tháirgeoirí an táirge arna n-ainmniú le tásc geografach, ar táirgeoirí iad a dhéanann ar a laghad dhá thrian de tháirgeadh an táirge sin sa limistéar geografach dá dtagraítear sa tsonraíocht táirge.
4.  Féadfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos chun a áirithiú go mbeidh an ranníocaíocht le costais a bhaineann le feidhmiú cumhachtaí agus freagrachtaí an ghrúpa táirgeoirí aitheanta éigeantach do tháirgeoirí uile an táirge arna n-ainmniú leis an tásc geografach sin, a oibríonn sa limistéar geografach dá dtagraítear sa tsonraíocht táirge. Beidh an ranníocaíocht comhréireach le toirt nó luach tháirgeadh indíolta an táirge a bhfuil an tásc geografach sin ag gabháil leis.
Leasú 179
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 5
5.  Déanfaidh na Ballstáit seiceálacha chun a áirithiú go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i mír 2. I gcás ina bhfaigheann na húdaráis náisiúnta inniúla nach bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit an cinneadh maidir le haitheantas a thabhairt don ghrúpa táirgeoirí a neamhniú.
5.  Déanfaidh na Ballstáit nó, i gcomhréir le comhaontú idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach ann, deanfaidh tríú tíortha seiceálacha agus na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le haitheantas a thabhairt don ghrúpa táirgeoirí agus maidir le hoibriú an ghrúpa táirgeoirí. I gcás ina bhfaigheann na húdaráis náisiúnta inniúla amach nach bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit an cinneadh maidir le haitheantas a thabhairt don ghrúpa táirgeoirí a neamhniú.
Leasú 180
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 5 a (nua)
5a.  Cuirfidh na Ballstáit nó, i gcomhréir le comhaontú idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach ann, tríú tíortha an Coimisiún ar an eolas, faoin 31 Márta gach bliain, faoi gach cinneadh a rinneadh le linn na bliana féilire roimhe sin maidir le haitheantas a dheonú, a dhiúltú nó a neamhniú i leith grúpa táirgeoirí. Déanfaidh an Coimisiún liosta de na grúpaí táirgeoirí aitheanta a fhoilsiú agus a nuashonrú go rialta.
Leasú 181
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 a (nua)
Airteagal 33a
Comhlachais grúpaí táirgeoirí
1.  Féadfar comhlachas grúpaí táirgeoirí a chur ar bun ar thionscnamh grúpaí táirgeoirí leasmhara.
2.  Féadfaidh comhlachas grúpaí táirgeoirí na feidhmeanna seo a leanas go háirithe a fheidhmiú:
(a)  a bheith rannpháirteach i gcomhlachtaí comhairliúcháin;
(b)  faisnéis a mhalartú le húdaráis phoiblí maidir le topaicí a bhaineann le beartais i réimse na dtásc geografach;
(c)  moltaí a dhéanamh chun feabhas a chur ar fhorbairt beartas um thásca geografacha, go háirithe maidir le hinbhuanaitheacht, leis an gcomhrac i gcoinne na calaoise agus an ghóchumtha, le cruthú luacha i measc oibreoirí, le rialacha iomaíochta agus le forbairt tuaithe;
(d)  dea-chleachtais a chur chun cinn agus a scaipeadh i measc táirgeoirí maidir le beartais um thásca geografacha;
(e)  páirt a ghlacadh i mbearta cur chun cinn mar a shainmhínítear iad i Rialachán (AE) Uimh. 1144/2014.
Leasú 182
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 b (nua)
Airteagal 33b
Cúnamh maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta
1.  Tacóidh EUIPO le grúpaí táirgeoirí i ndáil le comhaontuithe idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach iontu, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)  faisnéis a sholáthar chun cabhrú leo a gcearta a chosaint agus creataí rialála éagsúla i margaí eachtracha a chomhlíonadh; agus
(b)  comhairleoireacht dhlíthiúil a sholáthar i gcomhthéacs na caibidlíochta ar chomhaontuithe idirnáisiúnta maidir le cosaint na dtásc geografach.
2.  Féadfaidh EUIPO costais an chúnaimh i ndáil le comhaontuithe idirnáisiúnta a sheasamh. Féadfaidh na Ballstáit ranníocaíocht a dhéanamh freisin i leith na gcostas sin.
Leasú 183
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 34 – mír 1
1.  Maidir le clárlanna ainm fearainn tírchóid uasleibhéil atá bunaithe san Aontas, féadfaidh siad, arna iarraidh sin do dhuine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach nó cearta dlisteanacha aige, ainm fearainn atá cláraithe faoi fhearann tírchóid uasleibhéil a athghairm nó a aistriú chuig grúpa táirgeoirí aitheanta na dtáirgí lena ngabhann an tásc geografach i gceist tar éis nós imeachta malartach réitigh díospóide nó nós imeachta breithiúnais más rud é gur chláraigh sealbhóir, nach bhfuil cearta ná leas dlisteanach aige sa tásc geografach, an t-ainm fearainn sin nó más rud é gur cláraíodh é nó go bhfuil úsáid á baint as de mheon mímhacánta agus más sárú ar Airteagal 27 an úsáid sin.
1.  Maidir le clárlanna ainm fearainn uasleibhéil agus clárlanna ainm fearainn eile atá ag oibriú san Aontas, déanfaidh siad ex-officio nó arna iarraidh sin do dhuine nádúrtha nó dlítheanach arb é sealbhóir chearta an táisc gheografaigh é a bhfuil leas dlisteanach nó cearta dlisteanacha aige i dtásc geografach, ainm fearainn atá cláraithe faoi fhearann uasleibhéil a athghairm nó a aistriú chuig grúpa táirgeoirí aitheanta na dtáirgí lena ngabhann an tásc geografach i gceist, nó chuig údarás inniúil an Bhallstáit as a dtagann an tásc geografach, tar éis nós imeachta malartach réitigh díospóide nó nós imeachta breithiúnais más rud é gur chláraigh sealbhóir, nach bhfuil cearta ná leas dlisteanach aige sa tásc geografach, an t-ainm fearainn sin nó más rud é gur cláraíodh é nó go bhfuil úsáid á baint as de mheon mímhacánta agus más sárú ar Airteagal 27 an úsáid sin.
Leasú 184
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 34 – mír 2
2.  Áiritheoidh clárlanna ainmneacha fearainn tírchóid uasleibhéil atá bunaithe san Aontas go n-aithneofar, le haon nós imeachta malartach réitigh díospóide a bhunaítear chun díospóidí a bhaineann le clárú ainmneacha fearainn dá dtagraítear i mír (1) a réiteach, gurb é atá i dtásca geografacha cearta lena bhféadfar cosc a chur ar chlárú ainm fearainn nó ar úsáid a bhaint as de mheon mímhacánta.
2.  Áiritheoidh clárlanna ainmneacha fearainn uasleibhéil agus clárlanna ainmneacha fearainn eile a oibríonn san Aontas go n-aithneofar le haon nós imeachta malartach iomchuí um réiteach díospóidí a bhunaítear chun díospóidí a bhaineann le clárú ainmneacha fearainn dá dtagraítear i mír (1) a réiteach, tásca geografacha mar chearta lena bhféadfar cosc a chur ar chlárú ainm fearainn nó ar úsáid a bhaint as de mheon mímhacánta.
Leasú 185
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 34 – mír 2 a (nua)
2a.  Beidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo maidir le croísheirbhísí ardáin a sholáthraíonn nó a thairgeann clárlanna d’úsáideoirí gnó atá bunaithe san Aontas nó d’úsáideoirí deiridh atá bunaithe nó lonnaithe san Aontas, beag beann ar áit bhunaithe nó chónaithe na gclárlann agus beag beann ar an dlí is infheidhme ar shlí eile maidir le soláthar nó tairiscint seirbhísí, i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán (AE) 2022/1925 [an Gníomh um Margaí Digiteacha]. [DMA].
Leasú 186
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 34 – mír 3
3.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 lena bhforlíontar an Rialachán seo le forálacha lena sanntar do EUIPO córas faisnéise ainm fearainn agus rabhaidh a chur ar bun agus a bhainistiú lena gcuirfí ar fáil don iarratasóir, ar iarratas ar thásc geografach a chur isteach dó, faisnéis maidir le hinfhaighteacht táisc gheografaigh mar ainm fearainn, agus, ar bhonn roghnach, maidir le clárú ainm fearainn arb ionann é agus a thásc geografach. Leis an ngníomh tarmligthe sin áireofar freisin an oibleagáid atá ar chlárlanna ainmneacha fearainn tírchóid uasleibhéil atá bunaithe san Aontas, an fhaisnéis agus na sonraí ábhartha a chur ar fáil do EUIPO.
3.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 lena bhforlíontar an Rialachán seo le forálacha maidir le cur ar bun agus bainistiú córais faisnéise agus rabhaidh i ndáil le hainm fearainn ag EUIPO lena gcuirfí ar fáil don iarratasóir, nó don Bhallstát as a dtagann an tásc geografach, ar iarratas ar thásc geografach a chur isteach dó, faisnéis maidir le hinfhaighteacht táisc gheografaigh mar ainm fearainn, agus, ar bhonn roghnach, maidir le clárú ainm fearainn arb ionann é agus a thásc geografach.
Faoi na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tabharfar de chumhacht do EUIPO córas rabhaidh a chur ar bun agus a bhainistiú lena ndéantar faireachán ar chlárú ainmneacha fearainn san Aontas a d’fhéadfadh a bheith i gcoinbhleacht leis na hainmneacha a áirítear i gclár an Aontais um thásca geografacha. Leis na gníomhartha tarmligthe sin, áireofar freisin an oibleagáid atá ar chlárlanna ainmneacha fearainn agus ar an gClárlann Eorpach um Fhearainn Idirlín (EURid), a oibríonn san Aontas, an fhaisnéis agus na sonraí ábhartha a chur ar fáil do EUIPO agus, chuige sin, comhar le EUIPO a bhunú.
Leasú 187
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 35 – teideal
Trádmharcanna ar neamhréir le chéile
An gaol idir trádmharcanna agus tásca geografacha
Leasú 188
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 35 – mír 1
1.  Maidir le clárú trádmhairc a sárófaí Airteagal 27 lena úsáid, diúltófar an clárú sin má chuirtear isteach an t-iarratas ar chlárú an trádmhairc sin tar éis an dáta a cuireadh an t-iarratas ar chlárú an táisc gheografaigh isteach chuig an gCoimisiún.
1.  Maidir le hiarratas ar chlárú trádmhairc a sárófaí Airteagal 27 lena úsáid, diúltófar don iarratas sin má chuirtear isteach an t-iarratas ar chlárú an trádmhairc sin tar éis an dáta a cuireadh an t-iarratas ar chlárú an táisc gheografaigh isteach chuig an gCoimisiún.
Leasú 189
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 35 – mír 1 a (nua)
1a.  Diúltófar d’iarratas ar chlárú táisc gheografaigh más rud é, i gcás inar ann do thrádmharc aitheanta nó i bhfianaise an chlú atá ag an trádmharc sin, go bhféadfaí leis an ainm atá beartaithe mar thásc geografach an tomhaltóir a chur ar míthreoir maidir le fíorchéannacht an táirge.
Leasú 190
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 35 – mír 3
3.   Maidir le trádmharc ar sárú a úsáid ar Airteagal 27, ar cuireadh iarratas isteach ina leith, ar cláraíodh é nó ar bunaíodh é trína úsáid de mheon macánta laistigh de chríoch an Aontais, má fhoráiltear don fhéidearthacht sin leis an reachtaíocht lena mbaineann, roimh an dáta a chuirtear isteach an t-iarratas ar chlárú an táisc gheografaigh don Choimisiún, féadtar leanúint dá úsáid agus é a nuashonrú d’ainneoin clárú táisc gheografaigh, ar choinníoll nach ann d’fhorais le neamhbhailíocht nó cúlghairm faoi Threoir (AE) 2015/2436 ná Rialachán (AE) 2017/1001. Sna cásanna sin, ceadófar úsáid an táisc gheografaigh, má chláraítear ansin é, agus úsáid an trádmhairc ábhartha.
3.   Gan dochar do mhír 2 den Airteagal seo, maidir le trádmharc ar sárú a úsáid ar Airteagal 27, ar cuireadh iarratas isteach ina leith, ar cláraíodh é nó ar bunaíodh é trína úsáid de mheon macánta laistigh de chríoch an Aontais, má fhoráiltear don fhéidearthacht sin leis an reachtaíocht lena mbaineann, roimh an dáta a chuirtear isteach an t-iarratas ar chlárú an táisc gheografaigh don Choimisiún, féadtar leanúint dá úsáid agus é a nuashonrú d’ainneoin clárú táisc gheografaigh, ar choinníoll nach ann d’fhorais le neamhbhailíocht ná cúlghairm faoi Threoir (AE) 2015/2436 ná Rialachán (AE) 2017/1001. Sna cásanna sin, ceadófar úsáid an táisc gheografaigh, má chláraítear ansin é, agus úsáid an trádmhairc ábhartha.
Leasú 191
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 36 – mír 1
Féadfaidh aon oibreoir atá ag margú táirge a chomhlíonann an tsonraíocht táirge chomhfhreagrach nó an doiciméad aonair nó a choibhéis sin úsáid a bhaint as tásc geografach cláraithe.
Féadfaidh aon oibreoir atá ag margú táirge a chomhlíonann an tsonraíocht táirge chomhfhreagrach nó an doiciméad aonair úsáid a bhaint as tásc geografach cláraithe.
Leasú 192
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 37 – mír 1 – pointe a
(a)  siombail lena sainaithnítear ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint fíona agus táirgí talmhaíochta; agus
(a)  siombail lena sainaithnítear ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint i ndáil le táirgí talmhaíochta; agus
Leasú 193
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 37 – mír 1 – pointe b
(b)  siombail lena sainaithnítear tásca geografacha faoi chosaint fíona agus táirgí talmhaíochta agus tásca geografacha deochanna biotáilleacha.
(b)  siombail lena sainaithnítear tásca geografacha faoi chosaint i ndáil le táirgí talmhaíochta agus tásca geografacha i ndáil le deochanna biotáilleacha.
Leasú 194
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 37 – mír 2
2.  I gcás táirgí de thionscnamh an Aontais, a mhargófar faoi thásc geografach, beidh an tsiombail Aontais a bhaineann leis le feiceáil ar an lipéad agus ar an ábhar fógraíochta. Beidh an tásc geografach le feiceáil sa réimse radhairc céanna ina bhfuil an tsiombail Aontais. Na ceanglais lipéadaithe a leagtar síos in Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 i ndáil le cur i láthair na sonraí sainordaitheacha, beidh feidhm acu maidir leis an tásc geografach.
2.  I gcás táirgí de thionscnamh an Aontais, a mhargófar faoi thásc geografach, beidh an tsiombail Aontais a bhaineann leis le feiceáil ar an lipéad agus ar an ábhar fógraíochta. Beidh an tásc geografach agus tásc ar ainm an táirgeora nó le feiceáil sa réimse céanna radhairc leis an tsiombail Aontais.
Marcálfar tír thionscnaimh príomh-chomhábhair, de réir bhrí Airteagal 2(2), pointe (q), de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011, nach ionann í agus tír thionscnaimh an táisc gheografaigh:
(a)  maidir le ceann amháin de na limistéir gheografacha seo a leanas:
(i)  ‘AE’, ‘neamh-AE’ nó ‘AE agus neamh-AE’;
(ii)  réigiún, nó aon limistéar geografach eile laistigh de dhá Bhallstát nó níos mó nó laistigh de thríú tíortha, má shainítear amhlaidh faoin dlí idirnáisiúnta poiblí;
(iii)  Limistéar iascaireachta FAO, nó comhlacht mara nó fionnuisce má shainmhínítear amhlaidh faoin dlí idirnáisiúnta poiblí nó má tá tuiscint mhaith ag meántomhaltóirí eolasacha air de ghnáth; nó
(iv)  Ballstát/Ballstáit nó tríú tír/tríú tíortha;
(v)  réigiún, nó aon limistéar geografach eile laistigh de Bhallstát nó laistigh de thríú tír, a bhfuil tuiscint mhaith air ag an meántomhaltóir atá ar an eolas de ghnáth;
(vi)  an tír thionscnaimh nó an bhunáitíocht i gcomhréir le forálacha sonracha de chuid an Aontais is infheidhme maidir leis an bpríomh-chomhábhar nó na príomh-chomhábhair; nó
(b)  trí bhíthin an mhéid seo a leanas:
(i)  an ráiteas ‘(ainm an phríomh-chomhábhair) nach de thionscnamh (tír thionscnaimh an táisc gheografaigh) iad’; nó
(ii)  aon fhoclaíocht atá comhchosúil leis an ráiteas a leagtar amach i bpointe (i) ar dócha go mbeidh an bhrí chéanna léi don tomhaltóir.
Leasú 195
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 37 – mír 3
3.  De mhaolú ar mhír (2),i gcás fíon agus deochanna biotáilleacha de thionscnamh an Aontais a mhargaítear faoi thásc geografach, féadfar siombailí Aontais a fhágáil as ábhar lipéadaithe agus fógraíochta an táirge lena mbaineann.
3.  De mhaolú ar mhír (2), i gcás deochanna biotáilleacha de thionscnamh an Aontais a mhargaítear faoi thásc geografach, féadfar siombailí Aontais a fhágáil as ábhar lipéadaithe agus fógraíochta an táirge lena mbaineann.
Leasú 196
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 37 – mír 5 – fomhír 1
I gcás ina n-ainmnítear fíon, táirgí talmhaíochta nó deochanna biotáilleacha le tásc geografach beidh na tásca ‘ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint’ nó ‘tásc geografach faoi chosaint’ le feiceáil ar lipéadú fíona, féadfaidh na tásca ‘ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint’ nó ‘tásc geografach faoi chosaint’ a bheith le feiceáil ar lipéadú táirgí talmhaíochta agus féadfaidh an tásc ‘tásc geografach’ a bheith le feiceáil ar lipéadú deochanna biotáilleacha, faoi seach.
I gcás ina n-ainmnítear táirgí talmhaíochta nó deochanna biotáilleacha le tásc geografach, féadfaidh na tásca ‘ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint’ nó ‘tásc geografach faoi chosaint’ a bheith le feiceáil ar lipéadú táirgí talmhaíochta agus féadfaidh an tásc ‘tásc geografach’ a bheith le feiceáil ar lipéadú deochanna biotáilleacha, faoi seach.
Leasú 197
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 37 – mír 5 – fomhír 2 (nua)
Féadfaidh na giorrúcháin ‘STFC’ nó ‘TGFC’ a chomhfhreagraíonn do na tásca ‘ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint’ agus ‘tásc geografach faoi chosaint’, a bheith le feiceáil ar lipéadú fíona agus táirgí talmhaíochta arna n-ainmniú le tásc geografach.
Féadfaidh na giorrúcháin ‘STFC’ nó ‘TGFC’ a chomhfhreagraíonn do na tásca ‘ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint’ agus ‘tásc geografach faoi chosaint’, a bheith le feiceáil ar lipéadú táirgí talmhaíochta arna n-ainmniú le tásc geografach.
Leasú 198
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 37 – mír 6
6.  Is féidir úsáid a bhaint as tásca, giorrúcháin agus siombailí Aontais in ábhar lipéadaithe agus fógraíochta táirgí próiseáilte nuair a dhéantar tagairt leis an tásc geografach do chomhábhar de chuid na dtáirgí sin. Sa chás sin, cuirfear an tásc, giorrúchán nó siombail Aontais in aice le hainm an chomhábhair a shainaithnítear go soiléir mar chomhábhar. Ní chuirfear an tsiombail Aontais fara ainm an bhia de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 nó ar bhealach lena dtugtar le fios don tomhaltóir gurb é an táirge próiseáilte seachas an comhábhar is ábhar don chlárú.
6.  Ní chuirfear an tsiombail Aontais fara ainm an bhia de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 nó ar bhealach lena dtugtar le fios don tomhaltóir gurb é an táirge próiseáilte seachas an comhábhar is ábhar don chlárú.
Leasú 199
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 37 – mír 7
7.  Tar éis iarratas Aontais ar thásc geografach a chlárú a bheith curtha isteach, féadfaidh táirgeoirí a léiriú ar an lipéadú agus ar chur i láthair an táirge go ndearnadh iarratas ar chlárú a chomhdú i gcomhréir le dlí an Aontais.
scriosta
Leasú 200
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 37 – mír 9
9.  I gcás ina ndiúltófar d’iarratas, aon táirge ar bith a lipéadaíodh i gcomhréir le mír (6), féadfar iad a mhargú go dtí go mbeidh na stoic ídithe.
scriosta
Leasú 201
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 37 – mír 10 – pointe b
(b)  téacs, grafaicí nó siombailí a thagraíonn don Bhallstát nó don réigiún ina bhfuil an limistéar geografach tionscnaimh suite.
(b)  téacs, grafaicí nó siombailí a thagraíonn don Bhallstát agus don réigiún ina bhfuil an limistéar geografach tionscnaimh sin suite, ar choinníoll nach n-atáirgeann na tagairtí sin, fiú i bpáirt, ainmneacha, nó eilimintí téacsúla, grafacha nó siombalacha de thásca geografacha eile atá faoi chosaint de bhun Airteagal 27.
Leasú 202
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 38 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
2.  Chun críocha na Caibidle seo, áirítear leis na rialuithe:
2.  Chun críocha na Caibidle seo, ciallaíonn na rialuithe:
Leasú 203
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 38 – mír 2 – pointe b
(b)  faireachán a dhéanamh ar úsáid tásc geografach sa mhargadh.
(b)  faireachán a dhéanamh ar úsáid tásc geografach sa mhargadh, lena n-áirítear sa ríomhthráchtáil.
Leasú 204
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 38 – mír 3
3.  Agus na rialuithe agus na gníomhaíochtaí forfheidhmithe dá bhforáiltear sa Teideal seo á ndéanamh, comhlíonfaidh na húdaráis inniúla fhreagracha agus na comhlachtaí deimhnithe táirgí freagracha na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/625. Mar sin féin, ní bheidh feidhm ag Teideal VI, Caibidil 1, de Rialachán (AE) 2017/625 maidir le rialuithe ar thásca geografacha.
3.  Agus na rialuithe agus na gníomhaíochtaí forfheidhmithe dá bhforáiltear sa Teideal seo á ndéanamh, comhlíonfaidh na húdaráis inniúla fhreagracha agus na comhlachtaí deimhnithe táirgí freagracha sna Ballstáit agus i dtríú tíortha na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/625, nó ceanglais dhlíthiúla choibhéiseacha i dtríú tiortha.
Leasú 205
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 39 – mír 1
1.  Maidir leis an liosta de na táirgeoirí táirgí arna n-ainmniú le tásc geografach a iontráiltear i gclár an Aontais um thásca geografacha de thionscnamh a gcríche, déanfaidh na Balstáit an liosta sin a tharraingt suas agus a choinneáil cothrom le dáta.
1.  Maidir leis an liosta de na táirgeoirí táirgí arna n-ainmniú le tásc geografach a iontráiltear i gclár an Aontais um thásca geografacha de thionscnamh a gcríche, déanfaidh na Ballstáit an liosta sin a tharraingt suas agus a chur ar fáil don phobal. Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis sin a choinneáil cothrom le dáta.
Leasú 206
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 39 – mír 2
2.  Tá táirgeoirí freagrach as rialuithe inmheánacha lena n-áirithítear go bhfuil táirgí arna n-ainmniú le tásca geografacha i gcomhréir le sonraíocht táirge na dtáirgí sin sula gcuirtear an táirge ar an margadh.
2.  Tá na táirgeoirí freagrach as a áirithiú go bhfuil táirgí arna n-ainmniú le tásca geografacha i gcomhréir le sonraíocht táirge na dtáirgí sin sula gcuirtear an táirge ar an margadh.
Leasú 207
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 39 – mír 3 – an chuid réamhráiteach
3.  De bhreis ar na rialuithe inmheánacha dá dtagraítear i mír 2, sula gcuirtear ar an margadh táirge arna ainmniú le tásc geografach agus ar de thionscnamh an Aontais é, déanfaidh ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas fíorú tríú páirtí ar chomhlíonadh na sonraíochta táirge:
3.  De bhreis ar na bearta chun comhlíonadh a áirithiú agus aon ghníomhaíochtaí eile chun comhlíonadh a áirithiú dá dtagraítear i mír 2, sula gcuirtear ar an margadh táirge arna ainmniú le tásc geografach agus ar de thionscnamh an Aontais é, déanfaidh ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas fíorú tríú páirtí ar chomhlíonadh na sonraíochta táirge:
Leasú 208
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 39 – mír 7
7.  Féadfaidh na hoibreoirí a bheidh faoi réir na rialuithe sin íoc as na costais a bhaineann le fíorú ar chomhlíonadh na sonraíochta táirge. Féadfaidh na Ballstáit ranníocaíocht a dhéanamh freisin i leith na gcostas sin.
7.  Féadfaidh na hoibreoirí a bheidh faoi réir na rialuithe sin íoc as na costais a bhaineann le fíorú ar chomhlíonadh na sonraíochta táirge. Rannchuideoidh na Ballstáit leis na gcostais sin freisin.
Leasú 209
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 41 – mír 1 – pointe a
(a)  Caighdeán Eorpach ISO/IEC 17065:2012 ‘Measúnú comhréireachta — Ceanglais ar chomhlachtaí a dheimhníonn táirgí, próisis agus seirbhísí’, lena n-áirítear caighdeán Eorpach ISO/IEC 17020:2012 ‘Measúnú comhréireachta – ‘Ceanglais maidir le hoibriú cineálacha éagsúla comhlachtaí a dhéanann cigireacht’; nó
(a)  Caighdeán Eorpach ISO/IEC 17065:2012 ‘Measúnú comhréireachta – Ceanglais ar chomhlachtaí a dheimhníonn táirgí, próisis agus seirbhísí’, caighdeán Eorpach ISO/IEC 17020:2012 ‘Measúnú comhréireachta – ‘Ceanglais maidir le hoibriú cineálacha éagsúla comhlachtaí a dhéanann cigireacht’; nó
Leasú 210
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 41 – mír 1 – pointe b
(b)   caighdeáin oiriúnacha eile a dtugtar aitheantas dóibh go hidirnáisiúnta, lena n-áirítear aon athbhreithniú ar na caighdeáin Eorpacha dá dtagraítear i bpointe (a) nó aon leagan leasaithe de.
scriosta
Leasú 211
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 41 – mír 2
2.  Maidir leis an gcreidiúnú dá dtagraítear i mír 1, is comhlacht creidiúnúcháin dá dtugtar aitheantas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, ar ball den Chreidiúnú Eorpach é, a dhéanfaidh an creidiúnú, é sin nó comhlacht creidiúnúcháin lasmuigh den Aontas ar ball den Fhóram Idirnáisiúnta Creidiúnúcháin é.
2.  Maidir leis an gcreidiúnú dá dtagraítear i mír 1, is comhlacht creidiúnúcháin náisiúnta dá dtugtar aitheantas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, ar sínitheoir é leis an socrú maidir le haitheantas iltaobhach is infheidhme den Chreidiúnú Eorpach é le haghaidh na ngníomhaíochtaí deimhniúcháin lena mbaineann a dhéanfaidh an creidiúnú, é sin nó comhlacht creidiúnúcháin lasmuigh den Aontas ar sínitheoir an tsocraithe aitheantais iltaobhaigh is infheidhme de chuid an Fhóraim Idirnáisiúnta um Chreidiúnú le haghaidh na ngníomhaíochtaí deimhniúcháin lena mbaineann é.
Leasú 212
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 42 – mír 2
2.  Déanfaidh an t-údarás forfheidhmithe rialuithe ar tháirgí arna n-ainmniú le tásca geografacha chun comhlíontacht leis an tsonraíocht táirge nó leis an doiciméad aonair nó a choibhéis a áirithiú.
2.  Déanfaidh an t-údarás forfheidhmithe rialuithe ar bhonn rialta ar tháirgí arna n-ainmniú ag tásca geografacha, bunaithe freisin ar anailís riosca agus ar fhógraí, chun inrianaitheacht agus comhréireacht leis an tsonraíocht táirge nó leis an doiciméad aonair a áirithiú nó, i gcás tásca geografacha a bhaineann le táirgí de thionscnamh lasmuigh den Aontas, atá coibhéiseach leis an doiciméad aonair.
Leasú 213
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 42 – mír 3
3.  Glacfaidh na Ballstáit na céimeanna iomchuí riaracháin agus breithiúnacha chun úsáid ainmneacha táirgí nó seirbhísí a tháirgtear, a oibrítear nó a mhargaítear ina gcríoch a chosc nó a stopadh más rud é go sáraítear cosaint na dtásc geografach dá bhforáiltear in Airteagail 27 agus 28 leis an úsáid sin.
3.  Glacfaidh na Ballstáit na céimeanna iomchuí riaracháin agus breithiúnacha chun úsáid ainmneacha táirgí nó seirbhísí, lena n-áirítear ainmneacha fearainn, a tháirgtear, a oibrítear nó a mhargaítear go fisiciúil nó tríd an idirlíon ina gcríoch a chosc nó a stopadh más rud é go sáraítear cosaint na dtásc geografach dá bhforáiltear in Airteagail 27 agus 28 leis an úsáid sin.
Leasú 214
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 42 – mír 3 a (nua)
3a.  Ní ghlacfaidh na Ballstáit rialacha náisiúnta, lena n-áirítear rialacha de chineál teicniúil, maidir le húsáid ainmneacha le haghaidh táirgí nó seirbhísí a tháirgtear, a oibrítear nó a mhargaítear ar a gcríoch, nach gcomhlíonann Airteagail 27 agus 28 den Rialachán seo agus Airteagail 7 agus 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011, agus nach gcomhlíonann prionsabal an chomhchuibhithe i gcóras dhlí bia an Aontais.
Leasú 215
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 42 – mír 4
4.  Comhordóidh an t-údarás arna ainmniú i gcomhréir le mír 1 forfheidhmiú na dtásc geografach sna ranna, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí ábhartha, lena n-áirítear póilíní, gníomhaireachtaí frith-ghóchumtha, custaim, oifigí maoine intleachtúla, údaráis dhlí an bhia agus cigirí miondíola.
4.  Comhoibreoidh an t-údarás arna ainmniú i gcomhréir le mír 1 leis na grúpaí táirgeoirí lena mbaineann agus comhordóidh sé forfheidhmiú na dtásc geografach sna ranna, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí ábhartha, lena n-áirítear póilíní, gníomhaireachtaí frith-ghóchumtha, custaim, oifigí maoine intleachtúla, údaráis dhlí an bhia agus cigirí miondíola.
Leasú 216
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 43 – mír 1
1.  Maidir le díol earraí a bhfuil rochtain ag daoine atá bunaithe san Aontas orthu, ar sárú é ar Airteagal 27 , measfar gur ábhar neamhdhleathach é de réir bhrí mhír 2, pointe (g) de Rialachán (AE) 2022/xxx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle46.
1.  Maidir le díol earraí a bhfuil rochtain ag daoine atá bunaithe san Aontas orthu, ar sárú é ar Airteagail 27 agus 28 den Rialachán seo, measfar gur ábhar neamhdhleathach é de réir bhrí Airteagal 2, pointe (g) de Rialachán (AE) 2022/2065 Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle46.
__________________
__________________
46 Rialachán (AE) [...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [...] maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha (DSA) agus lenaleasaítear Treoir 2000/31/CE (IO L …, XXX, ll/mm/bbbb, lch. X).
46 Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1).
Leasú 217
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 43 – mír 3
3.  De bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2022/xxx féadfaidh aon duine aonair nó eintiteas fógra a thabhairt do sholáthraithe seirbhísí óstála maidir le láithreacht ábhair shonraigh ar sárú ar Airteagal 27 den Rialachán sin é.
3.  De bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2022/2065 féadfaidh aon duine aonair nó eintiteas fógra a thabhairt do sholáthraithe seirbhísí óstála maidir le láithreacht ábhair shonraigh ar sárú ar Airteagail 27 agus 28 den Rialachán sin é.
Leasú 218
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 44 – mír 2
2.  Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina dtugtar mionsonrú ar nádúr agus cineál na faisnéise atá le malartú agus na modhanna chun faisnéis a mhalartú, chun críche rialuithe agus forfheidhmithe faoin gCaibidil seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 53(2).
2.  Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina dtugtar mionsonrú ar nádúr agus cineál na faisnéise atá le malartú agus na modhanna chun faisnéis a mhalartú, chun críche rialuithe agus forfheidhmithe faoin gCaibidil seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 53(2).
Leasú 219
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 44 – mír 4
4.  I gcás sárú féideartha ar chosaint a thugtar le tásc geografach, déanfaidh na Ballstáit bearta chun tarchur faisnéise maidir leis an sárú féideartha sin a éascú ó údaráis forfheidhmithe dlí, ó ionchúisitheoirí poiblí agus ó údaráis bhreithiúnacha chuig na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 39(3).
4.  I gcás sárú féideartha ar chosaint a thugtar do thásc geografach, déanfaidh na Ballstáit bearta chun go n-éascófaí tarchur na faisnéise maidir le sárú féideartha ó údaráis forfheidhmithe dlí, ó údaráis um fhaireachas margaidh, ó ionchúisitheoirí poiblí, ó údaráis phoiblí maidir le hainmneacha fearainn agus údaráis bhreithiúnacha, chuig na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 39(3).
Leasú 220
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 45 – teideal
Deimhnithe údarúcháin chun go dtáirgfí
deimhnithe comhlíontachta le sonraíochtaí táirge
Leasú 221
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 45 – mír 1
1.  Maidir le táirgeoir a chinntear, tar éis an fhíoraithe ar chomhlíonadh dá dtagraítear in Airteagal 39 go bhfuil a tháirge ag teacht le sonraíocht táirge táisc gheografaigh faoi chosaint i gcomhréir leis an Rialachán seo, beidh sé i dteideal deimhniú oifigiúil a fháil, nó cruthúnas eile ar dheimhniúchán, go bhfuil sé incháilithe chun táirgeadh a dhéanamh ar an táirge arna ainmniú leis an tásc geografach lena mbaineann i leith na gcéimeanna táirgthe a dhéanann an táirgeoir sin.
1.  Maidir le táirgeoir a chinntear, tar éis an fhíoraithe ar chomhlíonadh dá dtagraítear in Airteagal 39 go bhfuil a tháirge ag teacht le sonraíocht táirge táisc gheografaigh faoi chosaint i gcomhréir leis an Rialachán seo, beidh sé i dteideal deimhniú oifigiúil a fháil, nó cruthúnas eile ar dheimhniúchán lena n-áirítear trí mheán digiteach, go bhfuil sé incháilithe chun táirgeadh a dhéanamh ar an táirge arna ainmniú leis an tásc geografach lena mbaineann, amhail áireamh ar liosta na dtáirgeoirí dá bhforáiltear in Airteagal 39(1), i leith na gcéimeanna táirgthe a dhéanann an táirgeoir sin.
Leasú 222
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 45 – mír 2
2.  Cuirfear an cruthúnas ar dheimhniúchán dá dtagraítear i mír 1 ar fáil, arna iarraidh sin, d’údaráis forfheidhmithe, do chustaim nó d’údaráis eile san Aontas atá i mbun fíorú a dhéanamh ar úsáid tásc geografach ar earraí a dhearbhaítear le haghaidh saorchúrsaíochta nó a chuirtear ar an margadh inmheánach. Féadfaidh an táirgeoir an cruthúnas ar dheimhniúchán a chur ar fáil don phobal nó d’aon duine a iarrfaidh an cruthúnas sin le linn gnó.
2.  Cuirfear an cruthúnas ar chomhlíonadh dá dtagraítear i mír 1 ar fáil, arna iarraidh sin, d’údaráis forfheidhmithe, do chustaim nó d’údaráis eile san Aontas atá i mbun fíorú a dhéanamh ar úsáid tásc geografach ar earraí a dhearbhaítear le haghaidh saorchúrsaíochta nó a chuirtear ar an margadh inmheánach. Féadfaidh an táirgeoir an cruthúnas ar chomhlíonadh a chur ar fáil don phobal nó d’aon duine a iarrfaidh an cruthúnas sin le linn gnó.
Leasú 223
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 46
Airteagal 46
scriosta
Grinnscrúdú ar thásca geografacha tríú tíortha
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 lena bhforlíontar an Rialachán seo le rialacha maidir le grinnscrúdú a shannadh do EUIPO, ar grinnscrúdú é ar thásca geografacha tríú tíortha nach tásca geografacha faoi Ionstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha iad, ar tásca geografacha iad a moltar iad a chosaint de bhun caibidlíochtaí idirnáisiúnta nó de bhun comhaontuithe idirnáisiúnta.
Leasú 224
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 47 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
1.  I gcás ina bhfeidhmíonn an Coimisiún aon cheann de na cumhachtuithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo chun cúraimí a shannadh do EUIPO, tabharfar de chumhacht dó freisin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le critéir maidir le faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú i bhforghníomhú na gcúraimí sin. Féadfar a bheith san áireamh leis na critéir sin:
1.  I gcás ina bhfeidhmíonn an Coimisiún aon cheann de na cumhachtuithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo chun cúraimí a shannadh do EUIPO, tabharfar de chumhacht dó freisin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le critéir chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht agus cúnamh á thabhairt agus na cúraimí sin á bhforfheidhmiú. Áireofar an méid seo a leanas ar a laghad sna critéir sin:
Leasú 225
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 47 – mír 1 – pointe a
(a)  an méid a chomhtháthaítear tosca talmhaíochta sa phróiseas grinnscrúdaithe;
scriosta
Leasú 226
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 47 – mír 1 – pointe b
(b)  cáilíocht na measúnuithe;
(b)  cáilíocht na tacaíochta teicniúla;
Leasú 227
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 47 – mír 1 – pointe c
(c)  comhleanúnachas na measúnuithe ar thásca geografacha ó fhoinsí éagsúla;
scriosta
Leasú 228
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 47 – mír 1 – pointe e a (nua)
(ea)  rochtain ar fhaisnéis i gclár an Aontais um thásca geografacha.
Leasú 229
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 47 – mír 2
2.  Tráth nach déanaí ná 5 bliana tar éis aon chúram a tharmligean chuig EUIPO den chéad uair, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a ullmhú agus a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le torthaí agus an taithí a fuarthas ó fheidhmiú na gcúraimí sin ag EUIPO.
2.  Tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis aon chúram a tharmligean chuig EUIPO den chéad uair, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a ullmhú agus a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le torthaí agus an taithí a fuarthas ó fheidhmiú na gcúraimí sin ag EUIPO.
Leasú 230
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 48 – mír 3 – an chuid réamhráiteach
3.  Eisiatar na táirgí talmhaíochta seo a leanas ó bheith faoi réir ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint
3.  Gan dochar do na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 5(2), déanfar táirgí talmhaíochta atá contrártha don bheartas poiblí agus nach féidir a chur ar an margadh inmheánach a eisiamh ó bheith faoi réir ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint.
Leasú 231
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 48 – mír 3 – pointe a
(a)  táirgí nach féidir a thrádáil laistigh den mhargadh inmheánach de thoradh a gcineáil agus nach féidir a thomhailt ach amháin ina n-áit mhonaraíochta nó gar dá n-áit mhonaraíochta, amhail i mbialanna;
scriosta
Leasú 232
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 48 – mír 3 – pointe b
(b)  táirgí atá, gan dochar do na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 5(2), ar neamhréir le beartas poiblí nó le prionsabail na moráltachta a bhfuil glacadh leo go forleathan agus nach féidir a chur ar an margadh inmheánach.
scriosta
Leasú 233
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 48 – mír 5
5.  Chun críocha mhír (2), pointe (b), féadfar a áireamh le ‘saintréith eile’ cleachtais táirgthe thraidisiúnta, airíonna traidisiúnta táirgí agus cleachtais feirmeoireachta lena gcosnaítear luach comhshaoil, lena n-áirítear bithéagsúlacht, gnáthóga, criosanna comhshaoil a aithnítear go náisiúnta agus tírdhreach.
5.  Chun críocha mhír 1, phointe (b) agus mhír 2, pointe (b), féadfar a bheith san áireamh le ‘saintréithe’ agus ‘saintréithe eile’ cleachtais feirmeoireachta a chosnaíonn luach comhshaoil lena n-áirítear bithéagsúlacht, gnáthóga, criosanna comhshaoil a aithnítear go náisiúnta agus tírdhreach.
Leasú 234
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 48 – mír 6
6.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 maidir le srianta agus maoluithe i ndáil leis an bhfoinsiú beatha i gcás ainmniúchán tionscnaimh.
scriosta
Leasú 235
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 48 – mír 7
7.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 maidir le srianta agus maoluithe i ndáil le hainmhithe beo a mharú nó i ndáil leis an bhfoinsiú amhábhar. Leis na srianta agus na maoluithe sin, cuirfear san áireamh, ar bhonn critéar oibiachtúil, cáilíocht nó úsáid agus fios gnóithe aitheanta nó fachtóirí nádúrtha aitheanta.
7.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 maidir le srianta agus maoluithe lena ndéantar an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le hainmhithe beo a mharú nó i ndáil leis an bhfoinsiú amhábhar. Leis na srianta agus na maoluithe sin, cuirfear san áireamh, ar bhonn critéar oibiachtúil, cáilíocht nó úsáid agus fios gnó aitheanta nó srianta nádúrtha a dhéanann difear do tháirgeadh talmhaíochta i limistéir áirithe.
Leasú 236
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 50 – mír 2
2.  A mhéid nach bhfuil foinsiú ón limistéar geografach sainithe amháin indéanta ar bhonn teicniúil, féadfar beatha arna foinsiú ó lasmuigh den limistéar a chur leis, ar choinníoll nach ndéanfar difear do cháilíocht an táirge nó do shaintréith an táirge arb í an timpeallacht gheografach is cúis léi go bunúsach. Ní bheidh i mbeatha arna foinsiú ó lasmuigh den limistéar geografach sainithe níos mó ná 50 % d’ábhar tirim ar bhonn bliantúil.
2.  A mhéid nach bhfuil foinsiú ón limistéar geografach sainithe amháin indéanta ar bhonn teicniúil, féadfar beatha arna foinsiú ó lasmuigh den limistéar a chur leis, ar choinníoll nach ndéanfar difear do cháilíocht an táirge nó do shaintréith an táirge arb í an timpeallacht gheografach is cúis léi go bunúsach. Ní bheidh i mbeatha arna foinsiú ó lasmuigh den limistéar geografach sainithe níos mó ná 50 % d’ábhar tirim ar bhonn bliantúil.
Leasú 237
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 50 – mír 2 a (nua)
2a.  I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh na Ballstáit maoluithe a dheonú ar na céatadáin dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 de bharr imthosca eisceachtúla lena n-áirítear dálaí neamhfhabhracha geopholaitiúla, eacnamaíocha, geografacha agus aeráide, ar feadh tréimhse theoranta ama go dtí go bhféadfar foinsiú ó laistigh den limistéar geografach sainithe a athbhunú.
Leasú 238
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 50 – mír 2 b (nua)
2b.  I gcás ina ndeonaíonn Ballstát maolú den sórt sin i gcomhréir le mír 2a, áiritheoidh sé go ndéanfar sainchomhad ina dtabharfar na cúiseanna atá leis an maolú sin a sheoladh go hoifigiúil chuig an gCoimisiún agus go gcuirfear ar fáil go poiblí é, faoi réir dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta maidir le cosaint sonraí.
Leasú 239
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 50 – mír 3
3.  Aon srianta ar thionscnamh amhábhar a sholáthraítear i sonraíocht táirge i gcás táirge a bhfuil a ainm cláraithe mar thásc geografach, tabharfar údar cuí leis maidir leis an nasc dá dtagraítear in Airteagal 51(1), pointe (f).
3.  Aon fhoráil shonrach bhreise ar thionscnamh amhábhar a sholáthraítear i sonraíocht táirge i gcás táirge a bhfuil a ainm cláraithe mar thásc geografach, tabharfar údar cuí leis maidir leis an nasc dá dtagraítear in Airteagal 51(1), pointe (f).
Leasú 240
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 50 – mír 3 a (nua)
3a.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 lena ndéantar an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le maoluithe i ndáil le foinsiú beatha i gcás ainmniúchán tionscnaimh.
Leasú 241
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 51 – mír 1 – pointe e
(e)  tuairisc ar an modh trína bhfaightear an táirge agus, i gcás inarb iomchuí, ar na modhanna traidisiúnta agus ar na cleachtais shonracha a úsáidtear; mar aon le faisnéis faoi phacáistiú, má chinneann an grúpa iarrthach amhlaidh agus má thugann sé cúiseanna leordhóthanacha a bhaineann go sonrach leis an táirge chun a mhíniú cén fáth nach mór don phacáistiú tarlú sa limistéar geografach sainithe chun an cháilíocht a chosaint, chun an tionscnamh a áirithiú nó chun rialú a áirithiú, agus dlí an Aontais á chur san áireamh, go háirithe i ndáil le saorghluaiseacht earraí agus saorsholáthar seirbhísí;
(e)  tuairisc ar an modh trína bhfaightear an táirge agus, i gcás inarb iomchuí, ar na modhanna áitiúla barántúla agus gan athrú agus ar na cleachtais shonracha a úsáidtear; mar aon le faisnéis faoi phacáistiú, má chinneann an grúpa iarrthach amhlaidh agus má thugann sé cúiseanna leordhóthanacha a bhaineann go sonrach leis an táirge chun a mhíniú cén fáth nach mór don phacáistiú tarlú sa limistéar geografach sainithe chun an cháilíocht a chosaint, chun an tionscnamh a áirithiú nó chun rialú a áirithiú, agus dlí an Aontais á chur san áireamh, go háirithe i ndáil le saorghluaiseacht earraí agus saorsholáthar seirbhísí;
Leasú 242
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 51 – mír 2
2.  Féadfar gealltanais inbhuanaitheachta a áireamh sa tsonraíocht táirge freisin.
2.  Féadfar a bheith san áireamh sa tsonraíocht táirge gnóthais inbhuanaitheachta, a bhaineann le gnéithe comhshaoil, eacnamaíocha agus sóisialta na hinbhuanaitheachta, agus gnóthais a bhaineann le sláinte agus leas ainmhithe.
Leasú 243
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 51 – mír 3
3.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 maidir le rialacha lena gcuirtear teorainn leis an bhfaisnéis a bheidh sa tsonraíocht táirge dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, i gcás inar gá an teorainn sin chun iarratais róthoirtiúla ar chlárú a sheachaint.
3.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 lena ndéantar an Rialachán seo a fhorlíonadh maidir le rialacha lena gcuirtear teorainn leis an bhfaisnéis a bheidh sa tsonraíocht táirge dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, i gcás inar gá an teorainn sin chun iarratais róthoirtiúla ar chlárú a sheachaint.
Leasú 244
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 52 – mír 1 – pointe a
(a)  príomhphointí na sonraíochta táirge, eadhon: an t-ainm, tuairisc ar an táirge, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, rialacha sonracha maidir le pacáistiú agus lipéadú, agus sainiú achomair ar an limistéar geografach;
(a)  príomhphointí na sonraíochta táirge, eadhon: an t-ainm, tuairisc ar an táirge, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, rialacha sonracha maidir le pacáistiú agus lipéadú agus cur i láthair tráchtála, lena n-áirítear ar shuíomhanna gréasáin miondíola, in éineacht le sainiú achomair ar an limistéar geografach;
Leasú 245
Togra le haghaidh rialacháin
Teideal III – teideal
Scéimeanna cáilíochta
Scéimeanna eile cáilíochta
Leasú 246
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 54 – mír 2 – fomhír 2
Chun críocha na Caibidle seo, ciallaíonn táirgí talmhaíochta táirgí a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine agus a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus táirgí eile talmhaíochta agus earraí bia a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Chun críocha na Caibidle seo, ciallaíonn táirgí talmhaíochta táirgí a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine agus a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus táirgí eile talmhaíochta nach liostaítear san Iarscríbhinn sin ach a phróiseáiltear trí úsáid a bhaint as táirgí a liostaítear san Iarscríbhinn sin, a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. .
Leasú 247
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 55 – mír 3 a (nua)
3a.   Bainfidh cosaint an ainm chláraithe freisin le haon aistriúchán ar an ainm sin go teanga iasachta, má shonraíonn an grúpa táirgeoirí amhlaidh sa tsonraíocht táirge. Arna iarraidh sin do tháirgeoirí ar mian leo aistriúchán a úsáid, déanfaidh an Ballstát ina bhfuil na táirgeoirí sin bunaithe an t-aistriúchán a shainiú agus tabharfar fógra ina leith don Bhallstát a rinne an t-iarratas ar chlárú agus don Choimisiún. Foilseoidh an Coimisiún an t-aistriúchán i gclár an Aontais de Thásca Geografacha.
Leasú 248
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 55 – mír 5
(5)  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 lena bhforlíontar an Rialachán seo le mionsonraí breise faoi na critéir incháilitheachta a leagtar síos san Airteagal seo.
(5)  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 lena bhforlíontar an Rialachán seo le mionsonraí lena soiléireofar na critéir incháilitheachta a leagtar síos san Airteagal seo.
Leasú 249
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 56 – mír 1 – pointe a
(a)  an t-ainm táirge a mholtar a chlárú, sna leaganacha teanga iomchuí;
(a)  an t-ainm táirge a mholtar a chlárú, sna leaganacha teanga iomchuí, sna leaganacha teanga iomchuí, nó lena léirítear gur cheart an t-ainm sin a chosaint freisin agus é á aistriú go teanga iasachta;
Leasú 250
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 57 – mír 1
1.  Maidir le hiarratais ar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht a chlárú, ní fhéadfaidh ach grúpaí táirgeoirí táirgí iad a chur isteach, ar táirgí iad a bhfuil an t-ainm atá le cosaint orthu. Féadfaidh roinnt grúpaí ó Bhallstáit éagsúla nó ó thríú tíortha iarratas comhpháirteach ar chlárú a thaisceadh.
1.  Maidir le hiarratais ar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht a chlárú, ní fhéadfaidh ach grúpaí táirgeoirí táirgí iad a chur isteach, ar táirgí iad a bhfuil an t-ainm atá le cosaint orthu. Féadfaidh roinnt grúpaí ó Bhallstáit éagsúla nó ó thríú tíortha iarratas comhpháirteach ar chlárú a thaisceadh. Féadfaidh páirtithe leasmhara eile, lena n-áirítear comhlachtaí réigiúnacha nó áitiúla, cuidiú leis an iarratas a ullmhú agus leis an nós imeachta lena mbaineann.
Leasú 251
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 60 – mír 2
2.  Níor cheart gurbh fhaide ná 6 mhí tréimhse an ghrinnscrúdaithe. I gcás inar faide an tréimhse sin ná 6 mhí nó inar dóchúil gur faide ná 6 mhí í, cuirfidh an Coimisiún an t-iarratasóir ar an eolas faoi chúiseanna na moille i scríbhinn.
2.  Faoi réir mhír 3,bheidh an tréimhse grinnscrúdaithe níos faide ná 5 mhí ón dáta a dtíolacfar an t-iarratas ar chlárú.
Ní áireofar ar an tréimhse grinnscrúdaithe sin an tréimhse a thosóidh ar an dáta a seolfaidh an Coimisiún a bharúlacha nó a iarraidh ar fhaisnéis fhorlíontach chuig an mBallstát, agus tiocfaidh deireadh léi ar an dáta a dtabharfaidh an Ballstát freagra don Choimisiún i ndáil leis na barúlacha sin nó leis an iarraidh sin.
I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfar síneadh trí mhí ar a mhéad a chur leis an tréimhse ghrinnscrúdaithe. I gcás ina gcuirfear síneadh leis an tréimhse scrúdúcháin nó gur dócha go gcuirfear síneadh léi, cuirfidh an Coimisiún na cúiseanna leis an moill in iúl i scríbhinn don iarratasóir agus ar an dáta ar dócha go dtiocfaidh deireadh leis an tréimhse grinnscrúdaithe.
Leasú 252
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 60 – mír 3
3.  Féadfaidh an Coimisiún faisnéis fhorlíontach a iarraidh ar an iarratasóir.
3.  Laistigh de thrí mhí tar éis an t-iarratas ar chlárú a chur isteach, féadfaidh an Coimisiún faisnéis fhorlíontach a iarraidh ar an údarás inniúil nó ar an iarratasóir.
Leasú 253
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 61 – mír 1
1.  Coimeádfaidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le haon imeacht náisiúnta breithiúnach nó riaracháin a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chlárú sainearra thraidisiúnta faoi ráthaíocht. I gcás den sórt sin, féadfaidh na Ballstáit a iarraidh ar an gCoimisiún an nós imeachta scrúdúcháin a chur ar fionraí ar feadh 12 mhí, ar tréimhse í is féidir a athnuachan.
1.  Coimeádfaidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le haon imeacht náisiúnta breithiúnach nó riaracháin a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chlárú sainearra thraidisiúnta faoi ráthaíocht. I gcás den sórt sin, féadfaidh na Ballstáit a iarraidh iarraidh réasúnaithe a thíolacadh don Choimisiún an nós imeachta scrúdúcháin a chur ar fionraí ar feadh 12 mhí, ar tréimhse í is féidir a athnuachan.
Leasú 254
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 61 – mír 2
2.  Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún ar an eolas gan mhoill más rud é go ndearnadh an t-iarratas a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin a neamhbhailíochtú ar an leibhéal náisiúnta trí chinneadh breithiúnach is infheidhme láithreach ach nach cinneadh breithiúnach críochnaitheach é. Sa chás sin, díolmhófar an Coimisiún ón oibleagáid an sprioc-am a chomhlíonadh maidir leis an ngrinnscrúdú a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 60(2) agus an t-iarratasóir a chur ar an eolas faoi na cúiseanna leis an moill.
2.  Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún ar an eolas gan mhoill más rud é go ndearnadh an t-iarratas a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin a neamhbhailíochtú ar an leibhéal náisiúnta trí chinneadh breithiúnach is infheidhme láithreach ach nach cinneadh breithiúnach críochnaitheach é. Sa chás sin, díolmhófar an Coimisiún ón oibleagáid an sprioc-am a chomhlíonadh maidir leis an ngrinnscrúdú a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 60(2).
Leasú 255
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 62 – mír 3
(3)  Maífear le hagóid go bhféadfaí, leis an iarratas, sárú a dhéanamh ar na coinníollacha a leagtar síos sa Chaibidil seo agus cuirfear cúiseanna léi. Mura mbeidh maíomh den sórt sin i bhfreasúra, beidh an freasúra sin ar neamhní.
(3)  Maífear le hagóid go bhféadfaí, leis an iarratas, sárú a dhéanamh ar na coinníollacha a leagtar síos sa Chaibidil seo agus cuirfear cúiseanna ábhartha agus leormhaithe léi. Mura mbeidh maíomh den sórt sin i bhfreasúra, beidh an freasúra sin ar neamhní.
Leasú 256
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 63 – mír 1 – pointe a
(a)  ina dtabharfaidh an freasúróir cúiseanna cuí-réasúnaithe le neamh-chomhréireacht an chlárúcháin arna mholadh le forálacha na Caibidle seo; nó
(a)   ina dtabharfaidh an freasúróir cúiseanna cuí-réasúnaithe agus ábhartha le neamh-chomhréireacht an chlárúcháin arna mholadh le forálacha na Caibidle seo; nó
Leasú 257
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 68 – mír 1 – pointe a
(a)  i gcás nach n-áirithítear comhlíonadh na sonraíochta táirge;
(a)  i gcás nach gcomhlíontar an tsonraíocht táirge;
Leasú 258
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 69 – mír 4
(4)  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 lena leagtar síos rialacha breise chun tuilleadh mionsonraithe a dhéanamh ar chosaint sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht.
(4)  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 lena leagtar síos rialacha breise chun mionsonrú a dhéanamh ar chosaint sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht.
Leasú 259
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 72 – mír 1 a (nua)
1a.  Tarraingeoidh na Ballstáit suas liosta de tháirgeoirí sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht atá cláraithe i gclár an Aontais de thásca geografacha. Féadfaidh na Ballstáit an liosta a fhoilsiú, mar shampla ar an idirlíon;
Leasú 260
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 72 – mír 1 b (nua)
1b.  Ceanglófar ar tháirgeoirí sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht atá cláraithe i gclár an Aontais um thásca geografacha clárú leis na húdaráis ábhartha nó leis na comhlachtaí deimhnithe táirgí i gcomhréir le hAirteagal 73(2) chun na táirgí a sheiceáil sula gcuirfear ar díol iad den chéad uair.
Leasú 261
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 73 – mír 10
10.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 lena bhforlíontar an Rialachán seo le rialacha breise chun foráil a dhéanamh maidir le nósanna imeachta iomchuí deimhniúcháin agus creidiúnaithe a bheidh le cur i bhfeidhm i leith comhlachtaí deimhniúcháin táirgí dá dtagraítear i míreanna 2 agus 5.
10.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 84 lena bhforlíontar an Rialachán seo le rialacha breise chun foráil a dhéanamh maidir le nósanna imeachta iomchuí deimhniúcháin agus creidiúnaithe a bheidh le cur i bhfeidhm i leith comhlachtaí deimhniúcháin táirgí dá dtagraítear i míreanna 2, 5 agus 6.
Leasú 262
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 75 – mír 2
2.  Féadfaidh an Coimisiún córas digiteach a bhunú chun na téarmaí agus na scéimeanna dá dtagraítear i mír 1 a áireamh ann d’fhonn eolas ar na táirgí agus na scéimeanna a chothú ar fud an Aontais. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena leagtar síos mionsonraí teicniúla is gá chun fógra a thabhairt faoi na téarmaí roghnacha cáilíochta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 80(2).
2.  Faoin ... [bliain amháin tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], bunóidh an Coimisiún córas digiteach chun na téarmaí agus na scéimeanna dá dtagraítear i mír 1 a áireamh agus soláthróidh sé tacaíocht dó d’fhonn eolas ar na táirgí agus ar na scéimeanna a chothú ar fud an Aontais. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena leagtar síos mionsonraí teicniúla is gá chun fógra a thabhairt faoi na téarmaí roghnacha cáilíochta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 80(2).
Leasú 263
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 81 – mír 1 – pointe 1
Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013
Airteagal 93 – mír 1 – pointe b – pointe ii
(ii)  is de thionscnamh áite, réigiúin nó tíre ar leith é;
(ii)  tá sé de thionscnamh áit, réigiúin nó, i gcásanna eisceachtúla, tíre ar leith;
Leasú 265
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 81 – mír 1 – pointe 1 a (nua)
Rialachán (AE) 1308/2013
Airteagal 93 – mír 1 a (nua)
1a.  In Airteagal 93, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
‘1a. Chun críche mhír 1, pointe (b), féadfar a bheith san áireamh le ‘saintréith eile’ cleachtais táirgthe thraidisiúnta, airíonna traidisiúnta táirgí agus cleachtais feirmeoireachta lena gcosnaítear luach comhshaoil, lena n-áirítear bithéagsúlacht, gnáthóga, criosanna comhshaoil a aithnítear go náisiúnta agus tírdhreach.
Leasú 268
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 81 – mír 1 – pointe 2
Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013
Airteagal 94 – mír 2
2.  Féadfar gealltanais inbhuanaitheachta a áireamh sa tsonraíocht táirge de bhun Airteagal 12 de Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [an Rialachán maidir le TGanna]*.
2.  Féadfaidh gnóthais inbhuanaitheachta de réir bhrí Airteagal 94a a bheith sa tsonraíocht táirge.
Leasú 269
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 81 – mír 1 – pointe 2 a (nua)
Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013
Airteagal 94 a (nua)
(2 a)  cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:
‘Airteagal 94a
Gealltanais inbhuanaitheachta
1.   Chun críche an Airteagail seo, tagraíonn ‘gnóthas inbhuanaitheachta’ do ghnóthas a rannchuidíonn le cuspóir sóisialta, comhshaoil nó eacnamaíoch amháin nó níos mó, lena n-áirítear na cuspóirí seo a leanas:
(a)   maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, lena n-áirítear éifeachtúlacht fuinnimh agus laghdú ar tomhaltas uisce;
(b)   ithir, tírdhreacha agus acmhainní nádúrtha a chaomhnú agus a úsáid ar bhealach inbhuanaithe;
(c)   torthúlacht na hithreach a fheabhsú;
(d)   bithéagsúlacht agus cineálacha plandaí a chaomhnú;
(e)   aistriú chuig geilleagar ciorclach;
(f)   úsáid lotnaidicídí a laghdú;
g)   astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú;
(h)   ioncam inmharthana a áirithiú agus athléimneacht a fheabhsú do tháirgeoirí táirgí a thairbhíonn d’ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó de thásc geografach faoi chosaint;
(i)   feabhas a chur ar cháilíocht agus ar luach eacnamaíoch táirgí a thairbhíonn d’ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó de thásc geografach faoi chosaint, agus breisluach a athdháileadh feadh an tslabhra soláthair;
(j)   rannchuidiú le héagsúlú gníomhaíochtaí lena gcuirtear an geilleagar tuaithe chun cinn;
(k)   táirgeadh talmhaíochta áitiúil a chur chun cinn, agus an chreatlach thuaithe agus forbairt áitiúil a chaomhnú, lena n-áirítear fostaíocht talmhaíochta;
(l)   táirgeoirí óga táirgí a thairbhíonn d’ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó de thásc geografach faoi chosaint agus táirgeoirí nua táirgí a thairbhíonn d’ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó de thásc geografach faoi chosaint a mhealladh agus a chothú, agus tarchur fios gnó agus cultúir ó ghlúin go glúin a éascú;
(m)   feabhas a chur ar dhálaí oibre agus sábháilteachta i ngníomhaíochtaí talmhaíochta agus próiseála;
(n)   rannchuidiú le ceantair thuaithe a luachshocrú chomh maith leis an oidhreacht chultúrtha agus ghastranómach chun oideachas a chur chun cinn maidir le téamaí a bhaineann leis an gcóras cáilíochta, sábháilteacht bia agus aistí bia cothroma agus éagsúlaithe;
(o)   feabhas a chur ar an gcomhordú idir táirgeoirí trí fheabhas a chur ar éifeachtúlacht na n-ionstraimí rialachais.
2.   Féadfaidh grúpa táirgeoirí teacht ar chomhaontú maidir le gnóthais inbhuanaitheachta a gcloífear leo agus an táirge arna ainmniú ag ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint á tháirgeadh. Leis na gealltanais sin féachfar le caighdeán inbhuanaitheachta a chur i bhfeidhm a théann thar an gcaighdeán a shainordaítear le dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta agus, go praiticiúil, a théann thar an méid is gá ó thaobh dea-chleachtais de i dtéarmaí gealltanas sóisialta, comhshaoil nó eacnamaíoch. Is gealltanais shonracha a bheidh iontu, cuirfear san áireamh leo cleachtais inbhuanaithe atá ann cheana agus a úsáidtear le haghaidh táirgí arna n-ainmniú le ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó le tásca geografacha faoi chosaint, féadfaidh siad straitéisí níos leithne agrai-eiceolaíocha na dtáirgeoirí chun an t-athrú aeráide a chomhrac a chomhlánú agus rannchuidiú leo agus féadfar tagairt a dhéanamh iontu do scéimeanna inbhuanaitheachta atá ann cheana.
3.   Áireofar na gnóthais inbhuanaitheachta arna gcomhaontú i gcomhréir le mír 2 sa tsonraíocht táirge nó déanfar iad a fhorbairt faoi thionscnaimh ar leithligh.
4.   Beidh na gealltanais inbhuanaitheachta dá dtagraítear i mír 1 gan dochar do cheanglais maidir le comhlíontacht le sláinteachas, caighdeáin sábháilteachta agus rialacha iomaíochta.
Leasú 270
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 81 – mír 1 – pointe 2 a (nua)
Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013
Airteagal 94 b (nua)
Airteagal 94b
Tuarascáil Inbhuanaitheachta
1.   Féadfaidh grúpaí táirgeoirí tuarascáil inbhuanaitheachta a ullmhú bunaithe ar ghníomhaíochtaí iniúchóireachta inmheánaí, ina mbeidh tuairisc ar chleachtais inbhuanaithe atá ann cheana arna gcur chun feidhme i dtáirgeadh an táirge, ar thionchair an mhodha trína bhfaightear an táirge ar an inbhuanaitheacht, ó thaobh gealltanais shóisialta, chomhshaoil nó eacnamaíocha, agus an fhaisnéis is gá chun tuiscint a fháil ar an gcaoi a ndéanann an inbhuanaitheacht difear d’fhorbairt, d’fheidhmíocht agus do staid an táirge.
Féadfar an tuarascáil inbhuanaitheachta a thabhairt cothrom le dáta chun dul chun cinn a chur san áireamh, go háirithe i gcomparáid leis an toradh a bhí ar ghníomhaíochtaí iniúchóireachta inmheánaí a rinneadh roimhe seo.
2.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach formáid chomhchuibhithe agus cur i láthair ar líne na tuarascála dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo, lena rannchuidítear leis an aidhm cleachtais inbhuanaithe a chomhroinnt agus a mhacasamhlú, lena n-áirítear trí sheirbhísí comhairleacha agus trí líonra a fhorbairt chun cleachtais den sórt sin a mhalartú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 53(2).
Leasú 271
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 81 – mír 1 – pointe 3
Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013
Airteagal 95
(3)  Scriostar Airteagail 95 go 99, Airteagail 101 go 106 agus Airteagal 107.
(3)  Scriostar Airteagail 95 go 99;
Leasú 272
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 81 – mír 1 – pointe 3 a (nua)
Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013
Airteagal 100
(3 a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 100:
‘Airteagal 100
‘Airteagal 100
Comhainmneacha
Comhainmneacha
1.   I gcás ainm a dtíolactar iarratas ina leith agus atá comhainmneach go hiomlán nó go páirteach le hainm atá cláraithe faoin Rialachán seo cheana, clárófar an t-ainm sin ag tabhairt aird chuí ar an gcaoi a n-úsáidtear é go traidisiúnta agus go háitiúil agus ar aon bhaol mearbhaill a d'fhéadfadh a bheith ann.
1.   Maidir le ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint a ndearnadh iarratas ina leith tar éis iarratas a bheith déanta ar ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó ar thásc geografach faoi chosaint, go hiomlán nó go comhainmneach, san Aontas, ní chlárófar é ach amháin má dhéantar idirdhealú leordhóthanach i gcleachtas idir coinníollacha úsáide áitiúla agus traidisiúnta agus cur i láthair an dá thásc chomhainmneacha, ag cur san áireamh gur gá a áirithiú go gcaithfear go cothrom leis na táirgeoirí lena mbaineann agus nach gcuirfear na tomhaltóirí ar míthreoir i dtaca le fíorchéannacht nó tásc geografach na dtáirgí.
Ní chlárófar ainm comhainmneach a chuireann an tomhaltóir amú sa chaoi go gcreideann sé gur tháinig na táirgí ó chríoch eile fiú má tá an t-ainm cruinn fad is a bhaineann le críoch, le réigiún nó le háit tionscnaimh iarbhír na dtáirgí sin.
Ní chlárófar ainm atá comhainmneach go hiomlán nó go páirteach agus a chuireann táirge eile in iúl nó a chuirfeadh an tomhaltóir amú sa chaoi go gcreidfeadh sé gur tháinig na táirgí ó chríoch eile fiú má tá an t-ainm cruinn a mhéid a bhaineann le críoch, le réigiún nó le háit tionscnaimh iarbhír na dtáirgí sin.
Ní fhéadfar ainm comhainmneach cláraithe a úsáid ach amháin más leor an t-idirdhealú sa chleachtas idir an t-ainm atá sa chlár cheana féin agus an comhainm a cláraíodh ina dhiaidh sin, ag féachaint don ghá atá ann caitheamh go cothrom leis na táirgeoirí lena mbaineann agus an gá atá ann gan an tomhaltóir a chur amú.
1a.  Chun críocha an Airteagail seo, tagraíonn ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint comhainmneach nó tásc geografach faoi chosaint a ndéantar iarratas ina leith nó atá faoi chosaint san Aontas do na nithe seo a leanas:
(a)  ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó tásca geografacha faoi chosaint a iontráiltear i gclár an Aontais um thásca geografacha;
(b)  ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó tásca geografacha faoi chosaint a ndearnadh iarratas ina leith ar choinníoll go ndéantar iad a chlárú i gclár an Aontais um thásca geografacha ina dhiaidh sin;
(c)  ainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha atá faoi chosaint san Aontas de bhun Rialachán (AE) 2019/1753 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; agus
(d)  ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásca geografacha faoi chosaint, ainmneacha tionscnaimh agus téarmaí coibhéiseacha atá faoi chosaint de bhun comhaontú idirnáisiúnta idir an tAontas agus tríú tír amháin nó níos mó.
2.   Beidh feidhm ag mír 1 mutatis mutandis má tá ainm a bhfuil iarratas tíolactha ina leith, comhainmneach go hiomlán nó i bpáirt le tásc geografach atá faoi chosaint faoi dhlí náisiúnta na mBallstát.
2.  Beidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo mutatis mutandis má tá ainm a bhfuil iarratas tíolactha ina leith, comhainmneach go hiomlán nó i bpáirt le tásc geografach atá faoi chosaint faoi dhlí náisiúnta na mBallstát.
2a.  Cealóidh an Coimisiún an ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó an tásc geografach faoi chosaint a cláraíodh de shárú ar mhír 1.
3.   I gcás ina bhfuil ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint in ainm cineáil fíonchaor nó inarb é ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint atá san ainm sin, ní úsáidfear an t-ainm sin chun táirgí talmhaíochta a lipéadú.
3.   I gcás ina bhfuil ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint in ainm cineáil fíonchaor nó inarb é ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint atá san ainm sin, ní úsáidfear an t-ainm sin chun táirgí talmhaíochta a lipéadú.
3a.  Chun na cleachtais lipéadaithe atá ann cheana a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 den Rialachán seo lena leagtar síos eisceachtaí ón riail sin.
4.   Beidh cosaint ainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha táirgí atá cumhdaithe ag Airteagal 93 den Rialachán seo gan dochar do na tásca geografacha faoi chosaint a bhfuil feidhm acu maidir le deochanna biotáileacha mar atá siad sainmhínithe in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle9.
4.  Beidh cosaint ainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha táirgí atá cumhdaithe ag Airteagal 93 den Rialachán seo gan dochar do na tásca geografacha faoi chosaint a bhfuil feidhm acu maidir le deochanna biotáileacha mar atá siad sainmhínithe in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.’;
________________________
9Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha deochanna biotáilleacha (IO L 39, 13.2.2008, lch. 16).’
Leasú 273
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 81 – mír 1 – pointe 3 b (nua)
Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013
Airteagal 102
(3b)  Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagail 102 agus 103:
‘Airteagal 102
‘Airteagal 102
Gaol le trádmharcanna
Gaol le trádmharcanna
1.   I gcás ina bhfuil ainmniúchán tionscnaimh nó tásc geografach cláraithe faoin Rialachán seo, diúltófar do chlárú trádmhairc a sháródh aon úsáid a bhaintear as Airteagal 103(2), agus a bhaineann le táirge a thagann faoi cheann de na catagóirí a liostaítear in Iarscríbhinn VII, Cuid II, más rud é go ndearnadh an t-iarratas ar chlárú trádmhairc a thíolacadh tar éis an dáta a thíolactar an t-iarratas ar chlárú i ndáil leis an ainmniúchán tionscnaimh nó leis an tásc geografach don Choimisiún.
1.  Maidir le hiarratas ar chlárú trádmhairc a sárófaí Airteagal 103 lena úsáid, diúltófar don iarratas sin má chuirtear isteach iarratas ar chlárú an trádmhairc sin tar éis an dáta a cuireadh iarratas ar chlárú an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó an táisc gheografaigh faoi chosaint faoi bhráid an Choimisiúin.
Déanfar trádmharcanna a chláraítear de shárú ar an gcéad fhomhír a chur ó bhail.
1a.  Diúltófar d’aon chlárú in ainm duine seachas grúpa táirgeora trádmhairc, ar clárú é a ionchorpraíonn an t-ainm atá faoi chosaint ag tásc geografach, a dhéanann aithris air nó a mheabhraíonn an t-ainm sin.
1b.  Trádmharcanna a chláraítear de shárú ar mhír (1), déanfaidh EUIPO, agus i gcás inarb infheidhme, na húdaráis inniúla náisiúnta iad a neamhbhailíochtú.
2.   Gan dochar d’Airteagal 101(2) den Rialachán seo, trádmharc a sháraíonn Airteagal 103(2) den Rialachán seo, a ndearnadh iarratas ina leith, a cláraíodh nó a bunaíodh trína úsáid, má dhéantar foráil don fhéidearthacht sin sa reachtaíocht lena mbaineann, de mheon macánta laistigh de chríoch an Aontais, roimh an dáta a cuireadh isteach an t-iarratas ar chosaint an ainmniúcháin tionscnaimh nó an táisc gheografaigh chuig an gCoimisiúin, féadfar leanúint dá úsáid agus dá athnuachan, d’ainneoin clárú ainmniúcháin tionscnaimh nó clárú táisc gheografaigh, ar choinníoll nach bhfuil aon fhoras ann go mbeadh an trádmharc neamhbhailí nó go gcúlghairfí é faoi Threoir (AE) 2015/2436 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle10 nó faoi Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle11.
2.  Gan dochar do mhír 3 den Airteagal seo, maidir le trádmharc ar sárú a úsáid ar Airteagal 103, ar cuireadh iarratas isteach ina leith, ar cláraíodh é nó ar bunaíodh é trína úsáid de mheon macánta laistigh de chríoch an Aontais, má fhoráiltear don fhéidearthacht sin leis an reachtaíocht lena mbaineann, roimh an dáta a chuirtear isteach an t-iarratas ar chlárú an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó an táisc gheografaigh faoi chosaint don Choimisiún, féadtar leanúint dá úsáid agus é a nuashonrú d’ainneoin clárú táisc gheografaigh, ar choinníoll nach ann d’fhorais le neamhbhailíocht nó cúlghairm an trádmhairc faoi Threoir (AE) 2015/2436 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ná Rialachán (AE) 2017/1001. Sna cásanna sin, ceadófar an ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó an tásc geografach faoi chosaint agus an trádmharc ábhartha a úsáid.
I gcásanna den sórt sin, féadfar an ainmniúchán tionscnaimh nó an tásc geografach a úsáid chomh maith leis na trádmharcanna ábhartha.
2a.  I gcás ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásca geografacha faoi chosaint a chláraítear san Aontas gan iarratas Aontais ar chlárú a bheith curtha isteach, measfar gurb é dáta an chéad lá cosanta an dáta a cuireadh iarratas ar chlárú an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó an táisc gheografaigh faoi chosaint faoi bhráid an Choimisiúin chun críocha mhír 1 agus mhír 4.
2b.  Gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011, féadfar marcanna ráthaíochta nó deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(4) de Threoir (AE) 2015/2436 agus cómharcanna dá dtagraítear in Airteagal 29(3) den Treoir sin a úsáid ar lipéid, mar aon leis an ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó an tásc geografach faoi chosaint.’
______________
10 Treoir (AE) 2015/2436 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2015 maidir le dlíthe na mBallstát a bhaineann le trádmharcanna a chomhfhogasú (IO L 336, 23.12.2015, lch. 1).
11Treoir (AE) 2015/2436 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2015 maidir le dlíthe na mBallstát a bhaineann le trádmharcanna a chomhfhogasú (IO L 336, 23.12.2015, lch. 1).’
Leasú 274
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 81 – mír 1 – pointe 3 b (nua)
Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013
Article103.
‘Airteagal 103
‘Airteagal 103
Cosaint
Cosaint
1.  Féadfaidh aon oibreoir atá ag margú fíona t-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint agus tásc geografach faoi chosaint a úsáid má táirgeadh an fíon i gcomhréir leis an tsonraíocht táirge chomhfhreagrach.
2.   Déanfar ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint agus tásc geografach faoi chosaint agus an fíon a úsáideann an t-ainm sin faoi chosaint i gcomhréir leis na sonraíochtaí táirge a chosaint in aghaidh:
2.   Déanfar ainmniúcháin tionscnaimh tásca geografacha a chuirtear isteach i gclár an Aontais um ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó um thásca geografacha faoi chosaint a chosaint in aghaidh:
(a)   aon úsáid thráchtála dhíreach nó indíreach a bhainfear as an ainm faoi chosaint sin, lena n-áirítear úsáid le haghaidh táirgí a úsáidtear mar chomhábhair:
(a)  aon úsáid dhíreach nó indíreach tráchtála a bhaintear as an ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó an tásc geografach faoi chosaint maidir le táirgí nach gcumhdaítear faoin gclárú i gcás ina bhfuil na táirgí sin inchomparáide leis na táirgí atá cláraithe faoin ainm sin nó i gcás ina dtagann úsáid an ainm sin i dtír ar chlú an ainm atá faoi chosaint nó i gcás ina lagaítear nó ina gcaolaítear ar an ainm sin nó ina ndéantar dochar dá chlú, lena n-áirítear i gcás ina n-úsáidtear na táirgí sin mar chomhábhair;
(i)  ag táirgí inchomparáide nach gcomhlíonann sonraíocht táirge an ainm faoi chosaint; nó nó
(ii)  a mhéid a thagann úsáid den sórt sin i dtír ar chlú ainmniúcháin tionscnaimh nó táisc gheografaigh, nó a mhéid is a lagaítear nó a chaolaítear léi é;
(b)   aon mhí-úsáid, aon aithris nó aon tabhairt chun cuimhne, fiú má thugtar fíorthionscnamh an táirge nó na seirbhíse le fios nó má aistrítear, má thras-scríobhtar má thraslitrítear an t-ainm faoi chosaint nó má chuirtear slonn ar nós ‘stíl’, ‘cineál’, ‘modh’, ‘faoi mar a tháirgtear in’, ‘aithris’, ‘blas’, ‘cosúil’ nó rud éigin comhchosúil, lena n-áirítear i gcás ina n-úsáidtear na táirgí sin mar chomhábhair;
(b)  aon mhí-úsáid, góchumadh, aithris nó tabhairt chun cuimhne, fiú má léirítear fíorthionscnamh na dtáirgí nó na seirbhísí nó má aistrítear, má thras-scríobhtar nó má thraslitrítear an t-ainm faoi chosaint nó má chuirtear frása leis amhail ‘ar nós’, ‘cineál’, ‘modh’, ‘mar a tháirgtear i’, ‘aithris’, ‘blas’, ‘cosúil le’ nó a leithéidí, lena n-áirítear i gcás ina n-úsáidtear na táirgí sin mar chomhábhair;
(c)   aon tásc bréagach nó míthreorach eile maidir le foinse, tionscnamh, nádúr nó cáilíochtaí bunúsacha an táirge, ar an bpacáistiú laistigh nó ar an bpacáistiú lasmuigh, san ábhar fógraíochta sna doiciméid a bhaineann leis an táirge áirithe fíona, agus le pacáistiú an táirge i gcoimeádán a d’fhéadfadh barúil bhréige a thabhairt faoina thionscnamh;
(c)  aon tásc bréagach nó míthreorach eile maidir le bunáitíocht, tionscnamh, cineál nó cáilíochtaí riachtanacha an táirge a úsáidtear ar an bpacáistiú laistigh nó ar an bpacáistiú lasmuigh, san ábhar fógraíochta nó sna doiciméid nó san fhaisnéis a chuirtear ar fáil ar shuíomhanna gréasáin nó ar ainmneacha fearainn a bhaineann leis an táirge áirithe, chomh maith le pacáistiú an táirge i gcoimeádán a d’fhéadfadh tuiscint bhréagach a chur in iúl faoina thionscnamh;
(d)   aon chleachtas eile a d’fhéadfadh an tomhaltóir a chur amú maidir le fíorthionscnamh an táirge.
(d)  aon chleachtas eile a d’fhéadfadh an tomhaltóir a chur amú maidir le fíorthionscnamh an táirge.
2a.  Beidh feidhm ag mír 1 freisin maidir le hainm fearainn ina bhfuil an t-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó an tásc geografach faoi chosaint nó arb éard atá ann an t-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó an tásc geografach faoi chosaint.
3.  Ní thiocfaidh ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint ná tásca geografacha faoi chosaint chun bheith cineálach san Aontas de réir bhrí Airteagal 101(1).
4.   Tá feidhm ag an gcosaint dá dtagraítear i mír 2 maidir leis an méid seo a leanas freisin:
4.  Beidh feidhm ag an gcosaint dá dtagraítear i (1) maidir leis an méid seo a leanas freisin:
(a)   earraí a thugtar isteach i gcríoch chustaim an Aontais ach a bheidh gan scaoileadh i saorchúrsaíocht laistigh de chríoch chustaim an Aontais; agus
(a)  earraí a thugtar isteach i gcríoch chustaim an Aontais ach a bheidh gan scaoileadh i saorchúrsaíocht laistigh den chríoch sin;
(aa)  earraí a tháirgtear san Aontas agus a bheartaítear a onnmhairiú agus a mhargú i dtríú tíortha; agus
(b)   earraí a dhíoltar trí mhodhanna ciandíola amhail ríomhthráchtáil.
(b)  earraí a dhíoltar trí mhodhanna ciandíola amhail ríomhthráchtáil.
Maidir le hearraí a thagann isteach i gcríoch chustaim an Aontais ach nach scaoiltear sa tsaorchúrsaíocht laistigh den chríoch sin, beidh an grúpa táirgeoirí nó aon oibreoir atá i dteideal úsáid a bhaint as an ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó an tásc geografach faoi chosaint, beidh sé i dteideal cosc a chur ar gach tríú páirtí earraí a thabhairt isteach san Aontas, le linn trádála, gan iad a scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta ansin, i gcás inar tháinig na hearraí sin, lena n-áirítear an phacáistíocht, ó thríú tíortha agus ina bhfuil orthu, gan údarú, an t-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó an tásc geografach faoi chosaint.’
4a.  I gcás ina bhfuil téarma neamhchineálach amháin nó níos mó sa ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó sa tásc geografach faoi chosaint, is ceann de na cineálacha iompair dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b) a bheidh in úsáid ceann amháin, cuid díobh nó iad ar fad san ord céanna nó in ord difriúil ón gceann a cláraíodh.
4b.  Beidh an grúpa táirgeoirí aitheanta nó aon oibreoir atá i dteideal úsáid a bhaint as an ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó an tásc geografach faoi chosaint, beidh sé i dteideal cosc a chur ar gach tríú páirtí earraí a thabhairt isteach san Aontas, le linn trádála, gan iad a scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta ansin, i gcás inar tháinig na hearraí sin, lena n-áirítear an phacáistíocht, ó thríú tíortha agus ina ndéantar leo sárú ar mhír (1).
4c.  Ní thiocfaidh ainmniúchán tionscnaimh ná tásca geografacha atá faoi chosaint faoin Rialachán seo chun bheith cineálach san Aontas.
4d.  I gcás inarb é atá i ainmniúchán tionscnaimh nó i dtásc geografach ainm comhshuite ina bhfuil téarma a mheastar a bheith cineálach, mar riail ghinearálta, ní iompar dá dtagraítear i mír 1, pointe (a) agus pointe (b), mar riail ghinearálta, a bheidh in úsáid an téarma sin.
4e.  Glacfaidh gach Ballstát céimeanna iomchuí riaracháin agus breithiúnacha chun úsáid neamhdhleathach na n-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásc tionscnaimh faoi chosaint, dá bhforáiltear i mír 1, a tháirgfear nó a mhargófar sa Bhallstát sin, a chosc nó a stopadh.
Chuige sin, ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis a bheidh freagrach as na céimeanna sin a thógáil i gcomhréir le nósanna imeachta a chinnfidh gach aon Bhallstát.
Soláthróidh na húdaráis inniúla ráthaíochtaí leormhaithe oibiachtúlachta agus neamhchlaontachta, agus beidh an fhoireann cháilithe agus na hacmhainní is gá chun a gcuid feidhmeanna a chomhlíonadh ar fáil dóibh.’;
Leasú 275
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 81 – mír 1 – pointe 3 c (nua)
Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013
Airteagal 104 go hAirteagal 107
(3c)  Scriostar Airteagail 104 go 106 agus Airteagal 107(2);
Leasú 276
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 81 – mír 1 – pointe 3 d (nua)
Rialachán (AE) 1308/2013
Airteagal 113 – mír -1 (nua)
(3d)  In Airteagal 113, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:
‘-1. Beidh téarma traidisiúnta cuimsithe i sonraíocht táirge an táirge a mhargaítear faoi ainmniúchán tionscnaimh nó faoi thásc geografach.’.
Leasú 277
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 81 – mír 1 – pointe 3 e (nua)
Rialachán (AE) 1308/2013
Airteagal 113 a (nua)
(3e)  Cuirtear isteach an t-Airteagal seo a leanas:
‘Airteagal 113a
Caidreamh le hainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha
1.  Téarma traidisiúnta a chlárú a sháródh a úsáid Airteagal 27 de Rialachán... /... (an Rialachán nua maidir le tásca geografacha).’; diúltófar é má chuirtear isteach an t-iarratas ar chlárú an téarma traidisiúnta tar éis an dáta a chuirtear an t-iarratas ar chlárú an ainmniúcháin tionscnaimh nó an táisc gheografaigh faoi bhráid an Choimisiúin.
2.  Maidir le téarmaí traidisiúnta a chláraítear de shárú ar mhír (1), déanfaidh an Coimisiún agus, i gcás inarb infheidhme, na húdaráis inniúla náisiúnta iad a neamhbhailíochtú.’;
Leasú 278
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 81 – mír 1 – pointe 3 f (nua)
Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013
Airteagal 120 – mír 1 – pointe g a (nua)
(3f)  in Airteagal 120(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:
(ga)  na giorrúcháin ‘STFC’ nó ‘TGFC’ a chomhfhreagraíonn do na tásca ‘ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint’ nó ‘tásc geografach faoi chosaint.’.
Leasú 279
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 83 – mír 1 – pointe 1 a (nua)
Rialachán (AE) 2019/787
Airteagal 13 – mír 4 a (nua)
(1a)  In Airteagal 13, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:
‘4a. Maidir le deochanna biotáilleacha a mhargaítear faoi ainm cumaisc dá dtagraítear in Airteagal 11, lipéad dá dtagraítear in Airteagal 12, mar mheascán dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo nó mar theaglaim dá dtagraítear i mír 3a den Airteagal seo, ní cheanglófar cainníocht na gcomhábhar a luaitear i gcomhthéarmaí, mar thagairt nó mar thagairtí, i meascáin nó i dteaglamaí a léiriú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011.”;
Leasú 280
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 83 – mír 1 – pointe 4 a (nua)
Rialachán (AE) 2019/787
Iarscríbhinn I – pointe 9 a (nua)
(4a)  Cuirtear an pointe seo a leanas le hIarscríbhinn I:
‘9a. Biotáille prátaí
(a)  Is deoch bhiotáilleach biotáille prátaí ar trí choipeadh agus trí dhriogadh alcólach ag níos lú ná 94.8 % toirte ar thiúbair prátaí go heisiach a tháirgtear í, ionas go mbíonn cumhra agus blas ar an driogáit a thagann as na hamhábhair a úsáidtear.
(b)  Is é 1 000 gram in aghaidh an heictilítir d’alcól 100 % toirte an t-uasmhéid meatánóil a bheidh i mbiotáille torthaí.
(c)  Is é 38 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i mbiotáille prátaí.
(d)  Ní chuirfear alcól, bíodh sé caolaithe ná eile, leis.
(e)  Ní dhéanfar biotáille prátaí a bhlaistiú.
(f)  Ní fhéadfar caramal a chur le biotáille prátaí ach mar mhodh chun an dath a oiriúnú.
(g)  Féadfar biotáille prátaí a mhilsiú chun blas deiridh a chur uirthi. Ní fhéadfar níos mó ná 10 ngram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir, áfach, a bheith sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.
Leasú 281
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 83 – mír 1 – pointe 4 b (nua)
Rialachán (AE) 2019/787
Iarscríbhinn I – pointe 13 a (nua)
(4b)  Cuirtear an pointe seo a leanas le hIarscríbhinn I:
‘13a. Biotáille aráin
(a)  Is deoch bhiotáilleach biotáille aráin ar trí choipeadh agus trí dhriogadh alcólach ag níos lú ná 86 % toirte d’arán úr go heisiach a tháirgtear í, ionas go mbíonn cumhra agus blas ar an driogáit a thagann as na hamhábhair a úsáidtear.
(b)  Is é 38 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i mbiotáille aráin.
(c)  Ní chuirfear alcól, bíodh sé caolaithe ná eile, leis.
(d)  Ní dhéanfar biotáille aráin a bhlaistiú.
(e)  Ní fhéadfar caramal a chur le biotáille aráin ach mar mhodh chun an dath a oiriúnú.
(f)  Féadfar biotáille aráin a mhilsiú chun blas deiridh a chur uirthi. Ní fhéadfar níos mó ná 20 gram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir, áfach, a bheith sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.
Leasú 282
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 84 – mír 2
2.  Maidir leis an gcumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 12(4), Airteagal 14(2), Airteagal 15(6), Airteagal 17(5), Airteagal 19(10), Airteagal 23(7), Airteagal 25(10), Airteagal 26(6), Airteagal 28(3), Airteagal 29(3), Airteagal 34(3), Airteagal 46(1), Airteagal 46, Airteagal 47(1), Airteagal 48(6), Airteagal 48(7), Airteagal 49(4), Airteagal 51(3), Airteagal 55(5), Airteagal 56(2), Airteagal 73(10), Airteagal 69(4), Airteagal 70(2), Airteagal 58(3), Airteagal 62(10), Airteagal 67(3), Airteagal 68(6), Airteagal 76(4), Airteagal 77(1), Airteagal 78(3), Airteagal 78(4), tabharfar an chumhacht sin don Choimisiún ar feadh tréimhse 7 mbliana ó [dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 7 mbliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 14(2), Airteagal 19(10), Airteagal 23(7), Airteagal 34(3), Airteagal 47(1), Airteagal 48(7), Airteagal 49(4), Airteagal 50 (3b), Airteagal 51(3), Airteagal 55(5), Airteagal 56(2), Airteagal 73(10), Airteagal 69(4), Airteagal 70(2), Airteagal 58(3), Airteagal 62(10), Airteagal 67(3), Airteagal 68(6), Airteagal 76(4), Airteagal 77(1), Airteagal 78(3), Airteagal 78(4) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 3 bliana amhail ón ... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse trí bliana, tuarascáil maidir le tarmligean na cumhachta a tharraingt suas. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

(1) Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0173/2023).

An nuashonrú is déanaí: 3 Deireadh Fómhair 2023Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais