Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meitheamh 2023 maidir le cur chun feidhme na Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (2022/2206(INI))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint d’Airteagal 10(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE),
– ag féachaint d’Airteagal 11(4) agus don chéad mhír d’Airteagal 24 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh(1) (Rialachán athbhreithnithe ECI),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/1042 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 lena leagtar síos bearta sealadacha maidir leis na teorainneacha ama le haghaidh na gcéimeanna bailiúcháin, fíorúcháin agus scrúdúcháin dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2019/788 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh i bhfianaise ráig COVID-19(2) (Rialachán sealadach ECI),
– ag féachaint do Riail 222 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do rún uaithi an 17 Nollaig 2020 maidir le Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, ‘Pacáiste um Shábháilteacht do Mhionlaigh – milliún síniú ar son na héagsúlachta san Eoraip’(3),
– ag féachaint do rún uaithi an 7 Iúil 2021 maidir le hidirphlé leis na Saoránaigh agus rannpháirtíocht na Saoránach i gcinnteoireacht AE(4),
– ag féachaint do rún uaithi an 9 Márta 2022 maidir le rannpháirtíocht leis na saoránaigh: an ceart chun achainí a dhéanamh, an ceart tarchur a dhéanamh chuig an Ombudsman Eorpach agus an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh(5),
– ag féachaint do thograí 36 agus 37 den tuarascáil maidir le toradh deiridh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, agus do na moltaí ó Phainéal Saoránach Eorpach 2 maidir le ‘Daonlathas Eorpach/Luachanna agus cearta, an smacht reachta, slándáil’ go háirithe,
– ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta, mar aon le hAirteagal 1(1)(e) den chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 12 Nollaig 2002 maidir leis an nós imeachta i gcomhair údarú a dheonú chun tuarascálacha féintionscnaimh a tharraingt suas agus d’Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gcinneadh sin,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A9-0182/2023),
A. de bhrí go luaitear, le hAirteagal 10(3) CAE, go bhfuil an ceart ag gach saoránach a bheith rannpháirteach i saol daonlathach an Aontais agus nach mór cinntí a dhéanamh chomh hoscailte agus is féidir agus ar leibhéal chomh gar agus is féidir don saoránach;
B. de bhrí, de bhun Airteagal 11(4) CAE, go bhféadfaidh saoránaigh den Aontas, ar náisiúnaigh iad de líon suntasach de Bhallstáit agus nach lú a líon ná aon mhilliún amháin ar a laghad, an tionscnamh a ghlacadh iarraidh ar an gCoimisiún, faoi chuimsiú a chumhachtaí, togra iomchuí a thíolacadh maidir le ceisteanna a bhfuil gá dar leis na saoránaigh le gníomh dlí de chuid an Aontais ina leith chun na Conarthaí a chur chun feidhme;
C. de bhrí go bhfuil an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (ECI) ar cheann de na príomhnuálaíochtaí a tugadh isteach le Conradh Liospóin ó thaobh rannpháirtíocht dhaonlathach de agus gurb é an chéad sásra tionscnaimh trasnáisiúnta ó na saoránaigh ar domhan é; de bhrí gur tionscnóir glórach í an Pharlaimint i gcónaí maidir le ECI a dhéanamh ina ionstraim láidir agus sholáimhsithe do rannpháirtíocht dhaonlathach na saoránach i socrú chláir oibre AE; de bhrí gur uirlis shuntasach é ECI chun díospóireacht a chothú laistigh d’institiúidí AE;
D. de bhrí go bhfuil infheictheacht theoranta agus éifeachtacht íseal ó thaobh tograí ón gCoimisiún le haghaidh gníomhartha dlí de chuid an Aontais léirithe go dtí seo ag ECIanna, rud a d’fhéadfadh an sásra rannpháirtíochta sin a lagú; de bhrí gur gá ECI a neartú chun bheith ina fhíorphróiseas ón mbun aníos chun reachtaíocht a thionscnamh ar leibhéal AE;
E. de bhrí, de bhun Airteagal 11(7) den Rialachán athbhreithnithe maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, gur féidir ráitis tacaíochta a bhailiú trí chóras bailithe ar líne ar leithligh teoranta do ECIanna a cláraíodh roimh dheireadh 2022 agus, dá bhrí sin, nach bhfuil sí ar fáil do ECIanna arna gclárú ina dhiaidh sin;
F. de bhrí go bhfuil sé fíor-riachtanach d’eagraithe ECIanna dul i mbun feachtais agus ráitis tacaíochta a bhailiú ar líne; de bhrí go ndearnadh 17 ECI a bhainistiú trí úsáid a bhaint as córais bailithe ar líne ar leithligh as 101 ECI a cláraíodh ó tugadh isteach an ionstraim, agus go raibh cúig cinn acu in ann níos mó ná milliún síniú a bhailiú, agus go ndearnadh 74 ECI a bhainistiú trí úsáid a bhaint as an lárchóras bailithe ar líne, a raibh ocht gcinn acu in ann níos mó ná milliún síniú a bhailiú;
G. de bhrí nach bhfuil dóthain trédhearcachta ann maidir leis na rialacha cur chun feidhme i mBallstáit áirithe; de bhrí go mbraitheann rath ECI freisin ar thoradh na nósanna imeachta fíorúcháin agus deimhniúcháin sna Ballstáit;
H. de bhrí, de bhun Airteagal 15(2) den Rialachán athbhreithnithe maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, go bhfuil oibleagáid dhlíthiúil ar an gCoimisiún, laistigh de shé mhí ó fhoilsiú an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh agus tar éis éisteacht phoiblí arna reáchtáil ag Parlaimint na hEorpa, a chonclúidí dlíthiúla agus polaitiúla a leagan amach i dteachtaireacht maidir le ECI bailí, an ghníomhaíocht atá beartaithe aige a dhéanamh, más ann di, agus na cúiseanna atá aige le gníomhaíocht a dhéanamh nó gan é a dhéanamh;
I. de bhrí gur gá freagairtí an Choimisiúin ar ECIanna bailí a bheith soiléir agus nithiúil; de bhrí gur cheart tograí le haghaidh gníomhartha dlíthiúla a leanann teachtaireachtaí ón gCoimisiún a bheith tráthúil;
J. de bhrí go bhfuil oibleagáid dhlíthiúil ar an bParlaimint measúnú a dhéanamh ar an tacaíocht pholaitiúil do Thionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh agus ar na bearta arna ndéanamh ag an gCoimisiún mar thoradh ar a theachtaireacht faoi seach in Airteagal 14(3) agus in Airteagal 16 den Rialachán athbhreithnithe maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh;
K. de bhrí gur neartaíodh gné pholaitiúil na hionstraime rannpháirtíochta sin leis an Rialachán athbhreithnithe maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh trí dhíospóireacht iomlánach éigeantach a thabhairt isteach sa Pharlaimint leis an bhféidearthacht rún a ghlacadh;
L. de bhrí, de bhun aithris 5 de, gurb é is cuspóir don Rialachán athbhreithnithe maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a dhéanamh níos inrochtana, níos éadroime agus níos éasca le húsáid d’eagraithe agus do thacadóirí, an obair leantach a neartú agus rannpháirtíocht an oiread saoránach agus is féidir i bpróiseas cinnteoireachta daonlathach an Aontais a éascú;
M. de bhrí, cé gur chuir Rialachán athbhreithnithe maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh feabhas suntasach ar ionstraim an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, go bhfuil laigí fós ann maidir lena hinfheictheacht agus leibhéal na feasachta i measc na saoránach ina leith, a phlé, a ghnéithe digiteacha agus airgeadais agus a thionchar dlíthiúil agus polaitiúil;
N. de bhrí, de bhun Airteagal 25 den Rialachán athbhreithnithe maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, nach mór don Choimisiún athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar fheidhmiú an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh agus tuarascáil a chur faoi bhráid na Parlaiminte agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin; de bhrí go bhfuil a chéad tuarascáil dlite tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2024 agus go gcumhdófar tréimhse léi a bhfuil paindéim COVID-19 ag baint léi;
O. de bhrí go bhfuil sé ar intinn ag an bParlaimint rannchuidiú leis an athbhreithniú ón gCoimisiún atá ar na bacáin chun ECI a fheabhsú tuilleadh mar uirlis trasteorann uathúil don daonlathas rannpháirteach;
P. de bhrí gur léirigh paindéim COVID-19 leochaileacht uirlis ECI i leith géarchéimeanna seachtracha; de bhrí, leis an Rialachán sealadach maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, a bhí infheidhme go dtí deireadh 2022, gur cuireadh síneadh leis na teorainneacha ama do chéimeanna éagsúla phróiseas an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19;
Q. de bhrí go bhfuil 127 iarraidh ar Thionscnaimh Eorpacha ó na Saoránaigh faighte ag an gCoimisiún ó tugadh isteach ionstraim an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, ar cláraíodh 101 díobh sin; de bhrí go bhfuil 33 iarraidh ECI faighte ag an gCoimisiún faoin Rialachán athbhreithnithe maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, ar cláraíodh 30 díobh, agus go bhfuil measúnú á dhéanamh faoi láthair ar cheann acu; de bhrí go ndearna na heagraithe 21 iarraidh ECI a tharraingt siar roimh dheireadh na tréimhse bailiúcháin; de bhrí go bhfuil 55 ECI tar éis deireadh a dtréimhse bailiúcháin a bhaint amach gan an tairseach a bhaint amach;
R. de bhrí, go dtí seo, nach bhfuil tairseach aon mhilliún síniú bainte amach ach ag naoi ECI (‘Right2Water’, ‘One of Us’, ‘Stop vivisection’, ‘Ban glyphosate’, ‘Pacáiste um Shábháilteacht do Mhionlaigh’, ‘End the Cage Age’ [Ná Coinnímis Ainmhithe i gCásanna Feasta], ‘Sábhálaimis na beacha agus na feirmeoirí’, ‘Stop Finning — Stop the Trade’ agus ‘Save Cruelty Free Cosmetics’), a bhfuair na chéad seacht gcinn díobh freagra ón gCoimisiún; de bhrí gurbh é an tionscnamh ‘Pacáiste um Shábháilteacht do Mhionlaigh’ an chéad tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a ndearnadh díospóireacht air sa Pharlaimint bunaithe ar an Rialachán athbhreithnithe maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh;
S. de bhrí nach bhfuil ach mionlach beag de shaoránaigh an AE ar an eolas go bhfuil uirlis ECI ann agus gur ghlac siad páirt ghníomhach in ECI; de bhrí go gcuireann an easpa feasachta ar an ionstraim seo teorainn le cumas na n-eagraithe milliún síniú a bhailiú le haghaidh ECI;
T. de bhrí go moltar i gconclúidí deiridh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa feabhas a chur ar éifeachtacht ionstraimí rannpháirtíochta na saoránach atá ann cheana trí eolas níos fearr a thabhairt dóibh agus trína ndéanamh níos sláine, níos inrochtana, níos infheicthe agus níos cuimsithí; de bhrí gur mhol Painéal Saoránach Eorpach 2 ‘gur cheart do AE a bheith níos gaire do na saoránaigh ar bhealach níos teanntásaí’ agus ‘gur cheart do AE úsáid sásraí rannpháirtíochta na saoránach a chur chun cinn’;
Príomhchonclúidí
1. á chur i bhfios gur uirlis thábhachtach é an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh don daonlathas rannpháirteach ar leibhéal AE a bhféadfadh togra le haghaidh gníomh dlí de chuid an Aontais a bheith mar thoradh air; á chur in iúl gur oth léi, áfach, go bhfuil líon foriomlán na ECIanna agus tionchar ionstraim ECI ar chinnteoireacht AE an-íseal i gcónaí; á mheabhrú, dá bhrí sin, nach mór na creataí rialála agus institiúideacha agus úsáid ionstraim an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a fheabhsú trína hinfheictheacht, a inrochtaineacht agus a héifeachtacht dhlíthiúil a fheabhsú; á mheas go bhfuil sé tábhachtach rannpháirtíocht na saoránach, go háirithe daoine óga, i saol daonlathach an Aontais a neartú go suntasach; á chreidiúint gur féidir le ECI gné dhaonlathach AE a fheabhsú trí shaoránacht ghníomhach a chur chun cinn;
2. á chur in iúl gur geal léi clárú páirteach ECIanna a tugadh isteach leis an Rialachán athbhreithnithe maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh mar chéim i dtreo inghlacthacht mhéadaithe ECIanna agus obair leantach institiúideach níos éifeachtaí ina leith; á mheabhrú gur gá do ECIanna luachanna an Aontais a urramú mar a leagtar amach in Airteagal 2 CAE;
3. á chur i bhfáth go bhfuil bailiú ráiteas tacaíochta ar líne ríthábhachtach do rath ECIanna; á aithint go bhfuil buntáistí ag baint leis an lárchóras bailithe ar líne ó thaobh buiséid agus uainiúcháin de, agus á chur in iúl gur geal léi na feabhsuithe a rinne an Coimisiún air, lena n-áirítear an fhéidearthacht a ghnéithe a oiriúnú agus staidreamh a chur ar fáil do shaoránaigh; á aithint ag an am céanna, áfach, go bhfuil buntáistí ag baint leis na córais bailithe ar líne ar leithligh lena dtugtar níos mó saoirse d’eagraithe úsáid a bhaint as córais bailithe ar líne atá oiriúnaithe dá riachtanais; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, dá bhrí sin, go bhféadfadh éifeacht dhiúltach a bheith ag deireadh a chur de réir a chéile le córais bailithe ar líne ar leithligh;
4. á chur i bhfios go rabhthas in ann go dtí seo córais bailithe ar líne ar leithligh a leabú ar shuíomhanna gréasáin eagraíochtaí éagsúla na sochaí sibhialta a thacaíonn le ECI ar leith gan tuilleadh oibleagáidí deimhniúcháin; á mheabhrú go bhfuil córais bailithe ar líne ar leithligh ina spreagadh tábhachtach don nuálaíocht agus gur rannchuidigh siad go mór leis an tacaíocht do ECIanna a neartú;
5. á chur in iúl gur geal léi gur chinn roinnt Ballstát an aois íosta atá i dteideal tacú le ECIanna a ísliú;
6. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé córais ríomh-shainaitheantais (eID) a chomhtháthú i mbailiúcháin sínithe ECI agus ag spreagadh a n-úsáide, lena n-áirítear iad siúd a eisítear faoin gcóras ríomh-shainaitheantais Eorpach a luaithe a ghlacfar é;
7. ag tabhairt dá haire a dheacra atá sé sínithe a bhailiú i roinnt Ballstát mar gheall ar na cineálacha sonraí nach mór do shínitheoirí a sholáthar;
8. á thabhairt chun suntais nach bhfuil dóthain trédhearcachta ann maidir leis na nósanna imeachta fíorúcháin agus deimhniúcháin i mBallstáit áirithe;
9. á chur in iúl gur geal léi freagairt thapa an Choimisiúin maidir le síneadh a chur leis na tréimhsí bailiúcháin do ECIanna tar éis ráig phaindéim COVID-19;
10. á thabhairt chun suntais gur próiseas dian agus costasach é Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a eagrú; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil sé an-deacair do shaoránaigh aonair ECIanna a bhainistiú gan tacaíocht a fháil ó chomhlachais a bhfuil acmhainneachtaí eagraíochtúla láidre agus acmhainní airgeadais láidre acu; á chur i bhfios go láidir, dá bhrí sin, gur gá na bacainní rialála, riaracháin agus airgeadais a laghdú do shaoránaigh chun ECIanna a bhainistiú a mhéid is féidir; ag tabhairt dá haire go bhfuil éagsúlacht mhór idir na hacmhainní airgeadais atá ar fáil do ECIanna éagsúla; á chur i bhfios go láidir, dá bhrí sin, go bhfuil gá le tacaíocht airgeadais chun ECIanna a eagrú;
11. á thabhairt dá haire go bhfuil éagothroime idir ionchais na saoránach, an méid ollmhór iarrachta agus na hacmhainní fairsinge is gá chun ECIanna a eagrú agus an tionchar lag dlíthiúil agus polaitiúil a bhíonn acu, fiú má bhaintear amach an tairseach d'aon mhilliún síniú is gá, rud a d’fhéadfadh saoránaigh a dhíspreagadh ó ECIanna a sheoladh agus a n-iontaoibh in institiúidí AE a lagú; á chur i bhfáth gur gá bacainní rialála a laghdú a mhéid is féidir le linn na tréimhse clárúcháin chun leas iomlán a bhaint as acmhainneacht an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh mar uirlis socraithe clár oibre;
12. á chur in iúl gur geal léi go bhfuil tréimhse ama níos faide ann chun freagairt do ECIanna atá bailí faoin Rialachán athbhreithnithe ECI, lena gcuirtear ar chumas an Choimisiúin na tuairimí agus na seasaimh maidir leis na ECIanna a cuireadh in iúl le linn na céime scrúdúcháin a chur san áireamh go hiomlán;
13. á chur in iúl gur oth léi an tionchar lag dlíthiúil agus polaitiúil atá ag ECIanna bailí; á chur i bhfáth, chun cuspóirí an Rialacháin athbhreithnithe ECI a bhaint amach agus chun acmhainneacht iomlán na hionstraime sin a bhaint amach, gur gá don Choimisiún breithniú iomchuí a dhéanamh ar ECIanna bailí agus freagairt dóibh ar bhealach tráthúil; á chur i bhfáth gur cheart don Choimisiún aird chuí a thabhairt freisin ar argóintí na Parlaiminte agus tacaíocht á cur in iúl aige d’éilimh ECI bailí i rún;
14. á chur in iúl gur oth léi nár mheas an Coimisiún go raibh gá le haon ghníomh dlíthiúil breise ná leasú breise ar an reachtaíocht reatha chun aghaidh a thabhairt ar ECI dar teideal ‘Pacáiste um Shábháilteacht do Mhionlaigh – milliún síniú ar son na héagsúlachta san Eoraip’; á athdhearbhú go déanfadh an Coimisiún gníomhú ar a hiarrata maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh sin agus gníomhartha dlí a mholadh atá bunaithe air; á chur i bhfáth go bhfuil sé tábhachtach cearta mionlach a neartú, mar a mar a iarrtar san ECI ‘Pacáiste um Shábháilteacht do Mhionlaigh’, i gcomhthéacs mhéadú AE amach anseo;
15. á chur in iúl gur geal léi bunú Ghrúpa Saineolaithe an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh; á mheas, áfach, go bhfuil sé tábhachtach tuairimí eagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta a chur san áireamh go leormhaith laistigh den Sainghrúpa agus go dtabharfar cuireadh dá n-ionadaithe chuig a chruinnithe nuair a d’fhéadfadh a rannpháirtíocht breisluach a chur lena chuid oibre;
16. á mheabhrú go bhfuil sé d’oibleagáid ar an bParlaimint measúnú a dhéanamh ar gach Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh atá bailí agus ar na bearta arna ndéanamh ag an gCoimisiún i gcomhréir le Riail 222(8) agus (9) dá Rialacha Nós Imeachta, go háirithe nuair nach ndéanann an Coimisiún tograí a chur ar aghaidh nó a chur chun feidhme;
17. á mheas go bhfuil gá le plé níos doimhne ar na hábhair imní a chuirtear in iúl in ECIanna bailí seachas an díospóireacht sa Pharlaimint; á chreidiúint gur bealach amháin a d’fhéadfadh a bheith ann chun díospóireacht a mhéadú agus an obair leantach a neartú ná topaicí ábhartha ECIanna a chur le pléití na bPainéal Saoránach a thionóltar maidir le hábhair ghaolmhara;
Moltaí
18. á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún feachtais faisnéise ilteangacha leathana a sheoladh chun ionstraim ECI a chur chun cinn agus tionchar ECIanna a chur in iúl ar bhealach níos fearr, trí scéalta ratha agus éachtaí a roinnt le saoránaigh freisin; ag spreagadh na mBallstát feachtais ardaithe feasachta maidir le hionstraim ECI a chomhordú ar an leibhéal náisiúnta; á chreidiúint go láidir gur cheart go mbeadh an Pharlaimint agus a hOifigí Idirchaidrimh rannpháirteach sna feachtais faisnéise; ag tabhairt dá haire gur gá ról a thabhairt d’údaráis réigiúnacha agus áitiúla sna feachtais chumarsáide agus iad a oiriúnú chun díriú freisin ar ghrúpaí sonracha saoránach atá ina gcónaí i gceantair iargúlta nó a bhfuil droch-rochtain idirlín acu;
19. á thabhairt chun suntais go bhfuil nasc láidir idir rannpháirtíocht ghníomhach agus éifeachtach na saoránach i saol daonlathach AE, lena n-áirítear ECI, agus oideachas saoránachta; á athdhearbhú gur gá feasacht ar cheapadh beartais AE a áireamh agus a neartú tuilleadh i gcláir oideachais agus i gcuraclaim ar fud an Aontais;
20. Cá chur i bhfáth nach mór ECI a dhéanamh níos inrochtana do shaoránaigh trí gach modh atá ar fáil; á chur i bhfios go láidir gur gá leanúint d’fheasacht a fheabhsú maidir leis an ionstraim rannpháirtíochta sin, go háirithe trína cur chun cinn ar na meáin shóisialta, agus í a chur san áireamh i gcláir oideachais agus i gcuraclaim, chun teagmháil a dhéanamh leis an oiread saoránach agus is féidir, go háirithe daoine óga; á thabhairt chun suntais ról scoileanna agus ollscoileanna maidir le hoideachas saoránachta a chur chun cinn agus ag spreagadh na mBallstát rannpháirtíocht na saoránach i gcinnteoireacht AE a chur chun cinn in ábhair teagaisc agus i ngníomhaíochtaí seach-churaclaim scoileanna agus ollscoileanna; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, an modúl oideachais maidir le ECI do mheánscoileanna arna gcur chun cinn ag an gCoimisiún;
21. á chreidiúint go bhféadfadh ECIanna i bhfad níos mó tacaíochta agus poiblíochta a fháil dá gcuirfí chun cinn iad ar ardáin ábhartha ar an leibhéal náisiúnta freisin; ag spreagadh an Choimisiúin suíomh gréasáin ECI AE a idirnascadh le hardáin ábhartha ar líne maidir le rannpháirtíocht na saoránach ar an leibhéal náisiúnta, ionas go mbeidh ECI níos feiceálaí; á iarraidh go gcruthófaí mol lárnach de na hionstraimí rannpháirtíochta uile a úsáidtear in AE chun sineirgí a fhorbairt agus glacadh na n-ionstraimí sin a mhéadú, agus ilroinnt bhonneagar rannpháirtíochta na saoránach á teorannú ag an am céanna;
22. á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún nósanna imeachta soiléire agus simplí a ghlacadh agus freagraí mionsonraithe agus réitigh a d’fhéadfadh a bheith ann a chur ar fáil nuair a dhearbhófar go bhfuil tionscnaimh neamh-inghlactha go páirteach nó go hiomlán, rud a chuirfidh ar chumas na n-eagraithe iad a leasú agus a thíolacadh arís; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún machnamh ar bhealaí chun obair leantach níos éifeachtaí a chur ar fáil do ECIanna a thagann lasmuigh de shainchúram AE trí chomhar struchtúrtha le húdaráis ábhartha na mBallstát;
23. á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún measúnú ar an bhféidearthacht an rogha a thabhairt isteach an athuair d’eagraithe córais bailithe ar líne ar leithligh a úsáid, lena n-áirítear na coinníollacha slándála agus cosanta sonraí a bhaineann leo, d’fhonn gné dhigiteach an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a neartú agus d’fhonn a chur ar chumas eagraithe feachtais a phleanáil agus a chur i gcrích a chuireann comhthéacs ilteangach agus ilchultúrtha na mBallstát agus na réigiún éagsúil san áireamh;
24. á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún na Ballstáit a spreagadh chun an aois íosta atá i dteideal tacú le ECI a ísliú i gcomhréir lena ndlíthe náisiúnta;
25. á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún na Ballstáit a spreagadh chun an uirlis sínithe ríomh-shainaitheantas a úsáid;
26. á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit gníomhaíocht chun na caighdeáin náisiúnta maidir le bailiú sonraí a shimpliú agus a chomhchuibhiú tuilleadh agus chun a áirithiú go dtabharfar rochtain d’eagraithe ECI ar chomhad an údaráis inniúil chun go mbeidh siad in ann cosaint bhreithiúnach éifeachtach a lorg i gcoinne cinntí deimhniúcháin neamhdhleathacha;
27. Á iarraidh ar an gCoimisiún comhdhéanamh cothrom agus trédhearcach Ghrúpa Saineolaithe ECI a áirithiú, lena n-áirítear go háirithe rannpháirtíocht saineolaithe ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar bhonn buan, chun na gnéithe ábhartha uile a chur san áireamh agus gníomhartha dlí á n-ullmhú agus chun trédhearcacht agus rannpháirtíocht dhaonlathach á n-ullmhú;
28. á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do ECIanna bailí a shroicheann an tairseach aon mhilliún síniú; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún measúnú freisin ar an bhféidearthacht tacaíocht airgeadais fhorchéimnitheach a chur ar fáil do ECIanna a shroicheann tairseacha áirithe sínithe faoi aon mhilliún amháin;
29. á iarraidh go mbunódh an Coimisiún idirphlé cuí le heagraithe maidir lena spriocanna agus maidir leis na modhanna is fearr is féidir chun iad a bhaint amach chun measúnú dáiríre agus éifeachtach a dhéanamh ar ionchur na saoránach; mór a dhéanamh ar bhealach oscailte agus neamhchlaonta, a thionscnamh cheana féin le linn na tréimhse bailiúcháin agus gur cheart é a neartú le linn na tréimhse scrúdúcháin agus leanúint leis tar éis na teachtaireachta ón gCoimisiún maidir leis an ECI;
30. á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún measúnú críochnúil ar na tograí ó gach ECI bailí agus a oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh go hiomlán chun na cúiseanna atá aige le gníomhaíocht a dhéanamh nó gan gníomhú a leagan amach, ar cheart dó a dhéanamh ar bhealach soiléir, sothuigthe agus mionsonraithe; á mheabhrú nach mór caitheamh le gach ECI go neamhchlaonta le linn an nós imeachta ar fad;
31. á iarraidh go rachadh an Coimisiún i dteagmháil le heagraithe ECIanna bailí tar éis dó a theachtaireacht a eisiúint, rud a mhéadóidh an fhéidearthacht go ndéanfar obair leantach reachtach san fhadtéarma;
32. á chur in iúl go ngeallann sí vótáil ar rún parlaiminteach tar éis gach ECI bailí agus tar éis gach teachtaireachta ón gCoimisiún ina leagtar amach a chonclúidí dlíthiúla agus polaitiúla maidir le ECI ar leith, rud a d’éileodh Riail 222(8) agus (9) de Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte a athrú; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart tuarascáil reachtach féintionscnaimh a bheith i ndiaidh rún den sórt sin freisin;
33. á chur in iúl go bhfuil sí tiomanta tuilleadh measúnaithe a dhéanamh, lena n-áirítear i gcomhthéacs athbhreithniú a dhéanfar amach anseo ar na Conarthaí, ar conas an raon feidhme a leathnú, inrochtaineacht ECI a mhéadú agus éifeachtacht ECI a fheabhsú laistigh de chreat dlíthiúil AE atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo;
34. á chur in iúl go bhfuil sí tiomanta d’athbhreithniú a dhéanamh ar Airteagal 11(4) CAE d’fhonn inrochtaineacht agus éifeachtacht dhlíthiúil ECI a mhéadú trí ról na Parlaiminte a fheabhsú;
o o o
35. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.