Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Meitheamh 2023 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chreat-Chomhaontaithe maidir le Comhpháirtíocht Chuimsitheach agus Comhar Cuimsitheach idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Ríocht na Téalainne, den pháirt eile (11908/2022 – C9-0429/2022 – 2022/0252(NLE))
(Toiliú)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (11908/2022),
– ag féachaint don dréacht-Chreat-Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht Chuimsitheach agus Comhar Cuimsitheach idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Ríocht na Téalainne, den pháirt eile(1),
– ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 209 agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(iii) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9‑0429/2022),
– ag féachaint do rún neamhreachtach uaithi an 14 Meitheamh 2023(2) ar an dréachtchinneadh,
– ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) agus do Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0191/2023),
1. ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an chomhaontaithe;
2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Ríocht na Téalainne.