Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2022/0252M(NLE)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0193/2023

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0193/2023

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 14/06/2023 - 10.2

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2023)0232

Téacsanna atá glactha
PDF 158kWORD 54k
Dé Céadaoin, 14 Meitheamh 2023 - Strasbourg
Comhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Téalainn (Rún)
P9_TA(2023)0232A9-0193/2023

Rún neamhreachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Meitheamh 2023 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle, thar ceann an Aontais, maidir leis an gCreat-Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht agus Comhar Cuimsitheach idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht na Téalainne, den pháirt eile, a thabhairt i gcrích (11908/2022 – C9-0429/2022 – 2022/0252M(NLE))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (11908/2022),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 209 agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(iii) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9-0429/2022),

–  ag féachaint don dréacht-Chreat-Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht agus Comhar Cuimsitheach idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Ríocht na Téalainne, den pháirt eile(1),

–  ag féachaint do na teachtaireachtaí comhpháirteacha ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 16 Meán Fómhair 2021 dar teideal The EU strategy for cooperation in the Indo-Pacific [Straitéis an Aontais um chomhar sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach] (JOIN(2021)0024) agus an 1 Nollaig 2021 dar teideal The Global Gateway [An Tairseach Dhomhanda] (JOIN(2021)0030),

–  ag féachaint do rúin uaithi an 7 Meitheamh 2022 maidir le AE agus na dúshláin slándála sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach(2) agus an 5 Iúil 2022 maidir leis an straitéis Ind-Chiúin-Aigéanach i réimse na trádála agus na hinfheistíochta(3),

–  ag féachaint don ráiteas comhpháirteach ó na ceannairí a comhaontaíodh ag cruinniú mullaigh comórtha AE-ASEAN (Comhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas) a tionóladh sa Bhruiséil an 14 Nollaig 2022,

–  ag féachaint do rún uaithi an 3 Deireadh Fómhair 2017 maidir le caidreamh polaitiúil AE le ASEAN(4),

–  ag féachaint don Chomhaontú Comhair idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Indinéis, an Mhalaeisia, na hOileáin Fhilipíneacha, Singeapór agus an Téalainn — balltíortha Chomhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas, a síníodh an 7 Márta 1980, arb é an creat dlíthiúil don chaidreamh idir AE agus ASEAN(5),

–  ag féachaint do rúin uaithi an 8 Deireadh Fómhair 2015 maidir leis an staid sa Téalainn(6) agus an 6 Deireadh Fómhair 2016 maidir leis an Téalainn, go háirithe staid Andy Hall(7),

–  ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2019 maidir leis an Téalainn,

–  ag féachaint don 12ú cruinniú idirpharlaiminteach idir AE agus an Téalainn, a tionóladh go cianda an 8 Nollaig 2022,

–  ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dídeanaithe 1951 agus do Phrótacal 1967 a ghabhann leis,

–  ag féachaint do choinbhinsiúin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS),

–  ag féachaint don Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla an 16 Nollaig 1966, a bhfuil an Téalainn ina stát rannpháirteach ann,

–  ag féachaint don Dara Prótacal Roghnach don Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla an 15 Nollaig 1989, darb aidhm pionós an bháis a dhíothú,

–  ag féachaint don Choinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir leis an Uile Dhuine a Chosaint ón bhFuadach Forfheidhmithe an 23 Nollaig 2010,

–  ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionós eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach an 10 Nollaig 1984 agus don Phrótacal Roghnach a ghabhann leis,

–  ag féachaint don Choinbhinsiún um Chearta an Linbh,

–  ag féachaint do Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta an 17 Iúil 1998,

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Meitheamh 2022 dar teideal The power of trade partnerships: together for green and just economic growth [An chumhacht atá ag comhpháirtíochtaí trádála: le chéile ar mhaithe le fás eacnamaíoch glas agus cóir] (COM(2022)0409),

–  ag féachaint do Riail 105(2) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don litir ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0193/2023),

A.  de bhrí go bhfuil comhpháirtithe polaitiúla, trádála agus slándála AE a bhfuil a dtábhacht á méadú, lena n-áirítear an Téalainn, sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach; de bhrí go bhfuil réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach atá saor, nasctha agus cobhsaí bunaithe ar rialacha agus ar urraim don dlí idirnáisiúnta, i gcomhréir le prionsabail agus caighdeáin Eorpacha, an-inmhianaithe do shlándáil agus leasanna an Aontais;

B.  de bhrí gur comhalta bunaidh ASEAN í an Téalainn; de bhrí, ag an gcéad chruinniú mullaigh riamh idir ceannairí Bhallstáit AE agus ASEAN, a bhí ar siúl an 14 Nollaig 2022, go ndearnadh comóradh ar chaidreamh taidhleoireachta 45 bliana idir AE agus ASEAN agus gur athdhearbhaigh siad a dtiomantas frithpháirteach dá gcomhpháirtíocht straitéiseach;

C.  de bhrí go bhfuil caidreamh idir AE agus an Téalainn bunaithe ar naisc pholaitiúla, eacnamaíocha agus chultúrtha atá seanbhunaithe;

D.  de bhrí go bhfuil comhar reatha AE agus na Téalainne bunaithe ar Chomhaontú Comhair 1980 AE-ASEAN;

E.  de bhrí gur údaraigh an Chomhairle don Choimisiún in 2004 comhaontú aonair comhpháirtíochta agus comhair (CCC) a chaibidliú leis an Téalainn;

F.  de bhrí go ndearna AE agus an Téalainn caibidlíocht maidir le CCC a thabhairt chun críche i mí an Mhárta 2013, ach gur chuir an coup míleata sa Téalainn in 2014 stop leis an bpróiseas, rud a chuir moill, dá réir sin, ar thoghadh rialtais shibhialtaigh go dtí 2019;

G.  de bhrí, tar éis thoghcháin mhí an Mhárta 2019 sa Téalainn, gur shonraigh an Chomhairle ina conclúidí i mí Dheireadh Fómhair 2019 gurbh iomchuí don Aontas bearta a dhéanamh chun a rannpháirtíocht leis an Téalainn a leathnú trí ullmhú do shíniú tráthúil CCC;

H.  de bhrí gur tugadh an chaibidlíocht athnuaite maidir le CCC chun críche an 11 Meitheamh 2022;

I.  de bhrí go bhfuil an Téalainn an-leochaileach don athrú aeráide agus gur mórtháirgeoir astaíochtaí domhanda í; de bhrí, ag an 26ú Comhdháil Pháirtithe Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP26), gur gheall an Téalainn neodracht carbóin a bhaint amach faoi 2050;

J.  de bhrí go bhfuil sé mar aidhm ag AE agus an Téalainn comhpháirtíocht nua-aimseartha, leathan agus a rachaidh chun tairbhe don dá thaobh a bhunú, bunaithe ar leasanna agus prionsabail chomhroinnte; de bhrí go n-athdhearbhaíonn siad trí CCC a n-urraim do phrionsabail dhaonlathacha, do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha, mar a leagtar síos i nDearbhú Uilechoiteann na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta an Duine, 1948;

K.  de bhrí go raibh an Téalainn ar cheann de na chéad tíortha a shínigh Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, ach go bhfuil fadhbanna fós ag baint lena taifead foriomlán ar chearta an duine;

L.  de bhrí go raibh an Téalainn sa 79ú háit in Innéacs Neamhionannas Inscne 2021 agus go bhfuil mná na Téalainne fós faoi ghannionadaíocht san fhostaíocht agus sa pholaitíocht, cé go bhfacthas bearna inscne droim ar ais san ardoideachas sa tír, lena rangaítear mar cheannródaí domhanda í ó thaobh an chóimheasa idir mic léinn bhaineanna agus mic léinn fhireanna;

M.  de bhrí gur thaifead Meitheal na Náisiún Aontaithe um Easnaimh Fhorneartaithe nó Neamhdheonacha 76 chás de fhuadach forfheidhmithe atá fós gan réiteach sa Téalainn;

N.  de bhrí go bhfuil pionós an bháis fós á chur i bhfeidhm sa Téalainn, cé go bhfuil gealltanas sa cheathrú Plean Náisiúnta um Chearta an Duine de chuid na tíre (2019-2023) bogadh i dtreo dhíothú phionós an bháis; de bhrí nach sínitheoir í an Téalainn leis an Dara Prótacal Roghnach don Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, darb aidhm pionós an bháis a dhíothú;

O.  de bhrí nach sínitheoir í an Téalainn le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dídeanaithe 1951 agus do Phrótacal 1967 a ghabhann leis, agus nach bhfuil creat dlíthiúil náisiúnta aici chun aitheantas sonrach a thabhairt do dhídeanaithe agus chun cosaint a sholáthar dóibh, go háirithe dóibh siúd ó Mhaenmar, a ndéantar iad a theorannú go rialta do champaí nó a mbíonnn orthu aghaidh a thabhairt ar ghabháil threallach, ar choinneáil nó díbirt le forneart ar ais chuig a dtír thionscnaimh, de shárú ar an gceart chun tearmainn agus ar phrionsabal an non-refoulement;

P.  de bhrí gur chuir Rialtas na Téalainne srian le cearta bunúsacha le déanaí, go háirithe na cearta chun saoirse tuairimí a nochtadh agus na cearta chun tionóil, lena n-áirítear trí ghníomhaithe ar son an daonlathais agus ceannairí freasúra a ghabháil go treallach, agus in 2022 thug sé dréachtdlí isteach chun eagraíochtaí uile na sochaí sibhialta a rialú go docht;

Q.  de bhrí nár dhaingnigh an Téalainn coinbhinsiúin bhunúsacha EIS go fóill, go háirithe an Coinbhinsiún maidir le Saoirse Comhlachais agus Cosaint an Chirt Eagrúcháin agus an Coinbhinsiún maidir leis an gCeart Eagrúcháin agus leis an gCómhargáil; de bhrí, sa chleachtas, gur minic a bhíonn cúisimh choiriúla os comhair ceannairí ceardchumainn agus oibrithe nó go mbristear as a bpost iad de bharr a ngníomhaíochta ceardchumainn; de bhrí go ndéantar idirdhealú ar níos mó ná dhá mhilliún oibrí imirceacha sa tír agus nach bhfuil na cearta saothair céanna acu agus atá ag oibrithe áitiúla, lena n-áirítear an ceart chun eagraithe;

R.  de bhrí go n-oibríonn níos mó ná leath de shoithí iascaireachta an domhain i muir na Síne Theas, arb í amháin atá freagrach as thart ar 12 % d’iascaireacht an domhain; de bhrí go bhfuil AE i mbun idirphlé leis an Téalainn agus go bhfuil meitheal um iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN) curtha ar bun aige sa tír; de bhrí, in ainneoin athchóirithe a bhunaigh an rialtas i dtionscal na hiascaireachta, go bhfuil go leor oibrithe imirceacha sa Téalainn fós faoi réir saothar éigeantais;

S.  de bhrí gurb í an Téalainn an táirgeoir is mó ar domhan de thuinnín stánaithe agus gurb í príomhiomaitheoir an Aontais san earnáil sin í; de bhrí go bhféadfadh comhaontú saorthrádála leis an Téalainn a bheith ina bhagairt thromchúiseach do thionscal na n-iasc agus an bhia mara stánaithe in AE, rud atá ríthábhachtach do roinnt réigiún cósta mar gheall ar an ról ceannasach atá aige maidir le rachmas a ghiniúint agus fostaíocht a chruthú agus maidir le poist dhlúthshaothair a sholáthar do mhná;

T.  de bhrí gurb iad AE agus réigiún ASEAN na tríú comhpháirtithe trádála is mó dá chéile, de bhrí gurb é AE an ceathrú comhpháirtí trádála is mó atá ag an Téalainn agus an dara hinfheisteoir is mó sa Téalainn;

U.  de bhrí gur cuireadh tús in 2013 leis an gcaibidlíocht idir AE agus an Téalainn maidir le comhaontú saorthrádála déthaobhach (FTA) ach gur chuir AE an chaibidlíocht ar feitheamh in 2014; de bhrí gur chuir AE agus an Téalainn tús arís leis an gcaibidlíocht an 15 Márta 2023;

Rannpháirtíocht an Aontais sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach

1.  á thabhairt chun suntais gur comhpháirtí tábhachtach í an Téalainn sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, atá anois ar cheann de thosaíochtaí geopholaitiúla AE;

2.  á chur i bhfios go láidir tiomantas an Aontais do réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach atá saor, oscailte agus bunaithe ar rialacha; á athdhearbhú gur gá straitéis nua AE um an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach a chur chun feidhme go pras, chun an deis a thabhairt do chomhpháirtithe AE sa réigiún aghaidh a thabhairt ar na dúshláin choiteanna le chéile, an t-ord idirnáisiúnta riailbhunaithe a chosaint agus seasamh le luachanna agus prionsabail chomhroinnte AE-ASEAN; ag moladh go mbeadh comhar níos láidre ann le tíortha sa réigiún, lena n-áirítear go háirithe le tíortha ASEAN;

3.  á athdhearbhú an tábhacht polaitiúil a bhaineann le caidreamh déthaobhach láidir, bunaithe ar luachanna agus prionsabail chomhroinnte, idir ASEAN agus AE i gcoitinne, agus idir an Téalainn agus AE go háirithe; á chur in iúl gur geal léi cruinniú mullaigh AE-ASEAN i mí na Nollag 2022 agus an tiomantas chun an chomhpháirtíocht straitéiseach sin a dhoimhniú tuilleadh;

4.  ag athdhearbhú a hiarrata go ndéanfar straitéis Global Gateway an Aontais a chur chun feidhme go pras i gcomhar leis an straitéis Ind-Chiúin-Aigéanach; ag cur béim ar lárnacht gheopholaitiúil an chur chuige sin, lena gcomhtháthaítear an fhorbairt inbhuanaithe le gnéithe atá spriocdhírithe, claochlaitheacha, a chuireann leis an athléimneacht agus atá bunaithe ar luachanna i gcur chuige ‘Foireann na hEorpa’; á chur in iúl gur geal léi gur fógraíodh pacáiste airgeadais EUR 10 mbilliún chun dlús a chur le hinfheistíochtaí bonneagair i dtíortha ASEAN, agus é mar aidhm leis sin comhpháirtíocht nua, a bheidh inbhuanaithe ar bhonn eacnamaíoch a fhorbairt, go háirithe maidir leis an aistriú glas agus an nascacht inbhuanaithe;

5.  ag tabhairt dá haire go bhfuil réigiún ASEAN ar cheann de na réigiúin is leochailí i leith thionchair an athraithe aeráide; á thabhairt chun suntais tionscnamh Fhoireann Ghlas na hEorpa chun tacú leis an aistriú glas i dtíortha ASEAN; á thabhairt chun suntais, thairis sin, a thábhachtaí atá ról na Téalainne mar Chomhordaitheoir ASEAN maidir le Comhar um Fhorbairt Inbhuanaithe;

6.  ag tabhairt dá haire go raibh agus go bhfuil tacaíocht na gcomhpháirtithe sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach an-luachmhar maidir le vótáil i gComhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe a bhaineann le cogadh gan údar, gan chúis agus neamhdhleathach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; á chur in iúl gur geal léi gur vótáil an Téalainn i bhfabhar rúin ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe chun fogha na Rúise i gcoinne na hÚcráine a cháineadh agus á chur in iúl gur mór aici an chabhair dhaonnúil a chuir an Téalainn ar fáil don Úcráin; ag spreagadh na Téalainne urraim don dlí idirnáisiúnta a chur chun cinn, tacú leis an Úcráin agus seasamh soiléir a ghlacadh i gcoinne chogadh foghach na Rúise faoi chuimsiú ASEAN freisin;

CCC idir AE agus an Téalainn

7.  ag athdhearbhú a thábhachtaí atá an caidreamh atá ag an Aontas leis an Téalainn; á chur in iúl gur geal léi tabhairt i gcrích CCC, lena gcuirfear creat dlíthiúil ar fáil chun feabhas a chur ar an gcaidreamh déthaobhach polaitiúil agus eacnamaíoch atá ann le fada an lá agus ar an gcomhar maidir le saincheisteanna ar ábhar imní domhanda iad agus ar céim thábhachtach é i dtreo ról AE sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach a neartú;

8.  ag tabhairt dá haire gur comhaontú cuimsitheach nua-aimseartha é CCC agus go mbeidh sé indéanta bogadh i dtreo samhlacha nua d’fhás agus d’fhorbairt inbhuanaithe agus freagairt níos fearr a thabhairt ar dhúshláin reatha i líon leathan réimsí beartais, lena n-áirítear an comhshaol, fuinneamh, an t-athrú aeráide, iompar, an eolaíocht agus an teicneolaíocht, trádáil, fostaíocht agus gnóthaí sóisialta, cearta an duine, an t-oideachas, talmhaíocht, an imirce, an cultúr, neamhleathadh núicléach, frithsceimhlitheoireacht, agus an comhrac i gcoinne an éillithe agus na coireachta eagraithe;

9.  á chur in iúl go bhfuil súil aici go dtabharfaidh tabhairt i gcrích CCC spreagadh láidir do chomhar níos fearr idir AE agus an Téalainn ar mhaithe le saoránaigh uile an Aontais agus na Téalainne, le cónaitheoirí, le gnólachtaí agus le geallsealbhóirí eile; á iarraidh go mbeadh taisteal gan víosa chuig an Téalainn ar fáil do shaoránaigh uile AE; ag tacú le hoibriú i dtreo córas taistil gan víosa chun taisteal chuig an Aontas a bheith ar fáil do shaoránaigh na Téalainne;

10.  á chur in iúl gur geal léi gur ghlac an Téalainn Plean Gníomhaíochta Náisiúnta maidir le Gnó agus Cearta an Duine, a d’fhág gurb í an chéad tír í i réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise chun plean den sórt sin a ionchorprú, agus á iarraidh go gcuirfí chun feidhme go héifeachtach é;

11.  á iarraidh ar na páirtithe gealltanas a thabhairt go dtacóidh siad le cur chun feidhme agus forfheidhmiú na reachtaíochta intíre maidir le dícheall cuí corparáideach agus cuntasacht chorparáideach, teacht ar chomhaontú maidir le hoibleagáidí níos sonraí i bhfianaise measúnuithe tionchair inbhuanaithe, faisnéis ábhartha a mhalartú amhail líon na n-imscrúduithe, na seiceálacha agus na ngníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin, agus oiliúint nó cúnamh teicniúil a chur ar fáil do chuideachtaí maidir le dícheall cuí corparáideach agus cuntasacht chorparáideach;

12.  á thabhairt chun suntais go gcomhaontaíonn na páirtithe comhoibriú i réimsí leasa fhrithpháirtigh i ngach réimse den eolaíocht, den teicneolaíocht agus den nuálaíocht; á chur in iúl gur geal léi gur síníodh socrú riaracháin an 9 Meán Fómhair 2022 le haghaidh comhar idir AE agus an Téalainn maidir le taighde ar theorainneacha an eolais;

13.  á chur i bhfáth cuspóir coiteann na bpáirtithe an fhreagairt dhomhanda ar an athrú aeráide agus an tionchar atá aige a neartú agus comhar a fheabhsú maidir le beartais chun cabhrú leis an athrú aeráide a mhaolú i gcomhréir le Comhaontú Pháras; á thabhairt chun suntais gealltanais na bpáirtithe Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide agus Comhaontú Pháras a chur chun feidhme go héifeachtach;

14.  á thabhairt chun suntais gurb í an Téalainn an naoú tír is mó atá buailte ar domhan maidir leis an athrú aeráide; á chur in iúl gur geal léi gur gheall an Téalainn, ag COP26, feabhas a chur ar a rannchuidiú arna chinneadh go náisiúnta agus é mar aidhm leis sin a cuid astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 30 % faoi 2030; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, gur ghlac an tír straitéis fhadtéarmach forbartha íseal-astaíochtaí athbhreithnithe in 2022;

15.  ag cur béim ar iarrachtaí na bpáirtithe feabhas a chur ar an gcomhar in earnáil an fhuinnimh, lena n-áirítear maidir le rochtain ar sheirbhísí fuinnimh inacmhainne agus inbhuanaithe, foirmeacha inbhuanaithe agus in-athnuaite fuinnimh a fhorbairt agus giniúint cumhachta ísealcharbóin a chur chun cinn a rannchuidíonn le haistriú chuig fuinneamh glan; ag spreagadh an dá pháirtí dlús a chur leis na hiarrachtaí chun dul i ngleic le héifeachtaí an athraithe aeráide trí bheartais aeráide níos éifeachtaí maidir leis an aistriú fuinnimh agus dícharbónú a ghlacadh agus a chur chun feidhme;

16.  á thabhairt chun suntais go dtugann an Téalainn aghaidh ar dhíghrádú comhshaoil atá ag dul i méid i roinnt mhaith réigiún, lena n-áirítear cailliúint na bithéagsúlachta agus pobail fiadhúlra ag dul i léig, dífhoraoisiú, gaineamhlú, ganntanas uisce, agus truailliú aeir agus uisce; ag tathant ar na páirtithe comhoibriú chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin;

17.  á chur in iúl gur geal léi forálacha maidir le comhar i ndáil le córais bhia inbhuanaithe a áireamh in CCC; á chur i bhfáth go bhfuil íogaireachtaí tábhachtacha ag earnáil na talmhaíochta don Téalainn agus don Aontas araon;

18.  á mheas gur cheart do AE a thiomantas d’iascaireacht inbhuanaithe sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach a choinneáil agus a chomhar leis an Téalainn a neartú maidir leis an ró-iascaireacht, an ró-acmhainneacht agus iascaireacht NNN a chomhrac sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach;

19.  ag tathant ar an gCoimisiún a mheabhrú arís nach mór staidéir dhiana ar thionchar inbhuanaitheachta agus anailís mhionsonraithe a dhéanamh ar na tionchair eacnamaíocha, shóisialta, agus chomhshaoil a d’fhéadfadh a bheith ann sula ndéanfar comhaontú saorthrádála déthaobhach idir AE agus an Téalainn;

20.  ag tathant ar an gCoimisiún arís eile éisc stánaithe agus bia mara stánaithe a áireamh mar ‘tháirgí íogaire’ chun críocha caibidlíochtaí trádála a d’fhéadfadh a bheith ann leis an Téalainn;

21.  á chur in iúl gur geal léi go dtacaíonn CCC le malartuithe duine le duine, amhail soghluaisteacht acadúil faoi chlár Erasmus+, agus malartuithe dea-chleachtais i mbeartais don óige agus san obair don óige;

22.  á chur in iúl gur geal léi go dtacaíonn CCC le comhar maidir le comhionannas inscne agus cumhachtú na mban a chur chun cinn; á chur in iúl gur geal léi reachtaíocht na Téalainne chun cearta na mban a chur chun cinn, lena n-áirítear glacadh an Achta um Chomhionannas Inscne 2015; á iarraidh ar údaráis na Téalainne dlús a chur lena n-iarrachtaí cur chun feidhme, chomh maith le hiarrachtaí chun foréigean inscnebhunaithe a chomhrac agus mná agus cailíní a chumhachtú, go háirithe mná imirceacha, mná ó cheantair thuaithe agus mná ar de ghrúpaí mionlaigh iad, i gcomhréir le hAirteagal 21 de CCC;

23.  á chur i bhfáth go bhforáiltear le hAirteagal 1(1) de CCC gur gnéithe bunriachtanacha de CCC iad cearta an duine agus urraim do phrionsabail dhaonlathacha, an smacht reachta agus an dea-rialachas;

24.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di na cniogbheartaíochtaí foréigneacha i gcoinne agóideoirí síochánta sa Téalainn in 2020 agus 2021; á iarraidh ar údaráis na Téalainne imscrúdú a dhéanamh ar na sáruithe ar chearta an duine a rinneadh i gcoinne na n-agóideoirí; ag tathant ar údaráis na Téalainne na príosúnaigh sin a coinníodh go treallach mar gheall ar a gceart chun comhthionóil shíochánta a fheidhmiú a scaoileadh saor;

25.  á iarraidh ar Rialtas na Téalainne ról eagraíochtaí na sochaí sibhialta, cosantóirí chearta an duine, cosantóirí an daonlathais, gníomhaithe na sochaí sibhialta, iriseoirí agus daoine eile a urramú, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus saoirse comhthionóil a áirithiú, athbhreithniú a dhéanamh ar dhlí lese-majesty na tíre agus gach duine aonair a gabhadh faoin dlí sin a scaoileadh saor go pras, agus athbhreithniú a dhéanamh ar a Dréacht-Ghníomh maidir le hOibriú Eagraíochtaí Neamhbhrabúsacha 2021, a dlí coireachta ríomhaireachta agus a dlí maidir le clúmhilleadh coiriúil, i gcomhréir leis an gCúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, atá sínithe agus daingnithe ag an Téalainn;

26.  ag tabhairt dá haire an chosaint mhéadaithe a thugann an tAcht um Chomhionannas Inscne 2015 don phobal LGBTI; á iarraidh ar an Téalainn oibriú chun cearta an phobail LGBTI a chur chun cinn agus a chosaint ina n-iomláine;

27.  á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an díriú gan fasach ar leanaí faoin dlí llese-majesty agus á iarraidh ar an Téalainn cloí lena hoibleagáidí idirnáisiúnta faoin gCoinbhinsiún um Chearta an Linbh, atá daingnithe ag an tír;

28.  á chur in iúl gur geal léi gur rith an Téalainn an Gníomh um Chéastóireacht agus um Dhíláithriú Forfheidhmithe a Chosc agus a Dhíchur in 2022 mar chloch mhíle ríthábhachtach chun an chéastóireacht, drochíde agus fuadach forfheidhmithe sa Téalainn a chomhrac; á chur in iúl gur oth léi gur fhormheas Rialtas na Téalainne, an 14 Feabhra 2023, foraithne lena gcuirtear siar forfheidhmiú codanna den ghníomh ó mhí Feabhra go mí Dheireadh Fómhair 2023; á iarraidh go dtiocfaidh sé i bhfeidhm go pras agus go gcuirfear chun feidhme go hiomlán agus go héifeachtach é; ag tathant ar an Téalainn an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir leis an Uile Dhuine a Chosaint ón bhFuadach Forfheidhmithe a dhaingniú go pras;

29.  á iarraidh an athuair ar an Téalainn céimeanna nithiúla a ghlacadh chun pionós an bháis a dhíothú, lena n-áirítear tríd an Dara Prótacal Roghnach a ghabhann leis an gCúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla a shíniú agus a dhaingniú, darb aidhm pionós an bháis a dhíothú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an dearbhú comhpháirteach maidir le hAirteagal 23 de CCC ó thaobh a áirithiú nach dtabharfar aon phianbhreitheanna báis ná nach gcuirfear aon phianbhreitheanna báis i gcrích amach anseo;

30.  á iarraidh ar an Téalainn Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dídeanaithe 1951 agus Prótacal 1967 a ghabhann leis a shíniú agus a dhaingniú; ag tathant ar údaráis na Téalainne deireadh a chur láithreach le díbirt na Róihinse agus na nUigiúrach eitneach agus na n-iarrthóirí tearmainn eile, ar sárú follasach iad ar oibleagáidí idirnáisiúnta bunúsacha atá ina gceangal ar an Téalainn, go háirithe prionsabal an non-refoulement; á chur in iúl gur geal léi cláir cabhrach daonnúla AE lena gcuirtear seirbhísí cosanta agus cúnamh cúraim sláinte ar fáil do dhídeanaithe Róihinseach atá ina gcónaí i gcampaí dídeanaithe sa tír;

31.  ag aithint na n-iarrachtaí atá déanta ag Rialtas na Téalainne chun dul i ngleic le sáruithe ar chearta an duine a bhaineann le gáinneáil agus saothar éigeantais; á chur in iúl gur cúis bhuartha di i gcónaí, áfach, dálaí saothair na n-oibrithe imirceacha;

32.  á chur in iúl gur geal léi comhaontú na bpáirtithe oibriú i gcomhar le chéile agus cúnamh teicniúil a chur ar fáil d’fhonn oibriú i dtreo coinbhinsiúin bhunúsacha EIS a dhaingniú agus a chur chun feidhme; á iarraidh ar an Téalainn Coinbhinsiúin EIS Uimh. 87, 98 agus 155 a dhaingniú, chun cearta oibrithe chun eagrú agus dul ar stailc a ráthú go héifeachtach agus chun na cearta céanna a aithint do gach oibrí, gan beann ar a dtír thionscnaimh, chomh maith le comhoibriú le AE maidir le daingniú agus cur chun feidhme coinbhinsiún eile níos déanaí de chuid EIS a chur chun cinn;

33.  á mholadh don don Téalainn Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta a dhaingniú i gcomhréir le hAirteagal 5 de CCC agus leis an dearbhú comhpháirteach maidir leis an Airteagal sin;

34.  á mheabhrú, má mheasann ceachtar páirtí gur mhainnigh an páirtí eile aon cheann dá oibleagáidí faoi CCC a chomhlíonadh, go háirithe maidir lena eilimintí bunriachtanacha, go bhféadfaidh sé bearta iomchuí a ghlacadh, lena n-áirítear CCC a chur ar fionraí;

35.  ag tabhairt dá haire go bhfuil sé mar aidhm ag an gCoimisiún, sa chaibidlíocht athsheolta maidir le FTA, borradh a chur faoin trádáil agus faoin infheistíocht trí aghaidh a thabhairt ar rochtain ar an margadh d’earraí, do sheirbhísí, d’infheistíocht agus do sholáthar rialtais; nósanna imeachta sláintíochta agus fíteashláintíochta atá tapa agus éifeachtach; cosaint cearta maoine intleachtúla; agus deireadh a chur le bacainní ar thrádáil dhigiteach agus ar thrádáil fuinnimh agus amhábhar, agus ag an am céanna tacú le hardleibhéil chosanta do chearta oibrithe, don chomhshaol agus do spriocanna uaillmhianacha aeráide a bhaint amach;

36.  á mheabhrú go ndeimhnítear in Airteagal 1(2) de CCC tiomantas na bPáirtithe do chur chun cinn gach gné den fhorbairt inbhuanaithe, don chomhar chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an athraithe aeráide agus an domhandaithe, agus do bheith ag rannchuidiú le Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe; á thabhairt chun suntais cur chuige nua an Aontais, i ndáil leis sin, mar a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Meitheamh 2022 dar teideal The power of trade partnerships: together for green and just economic growth [An chumhacht atá ag comhpháirtíochtaí trádála: le chéile ar mhaithe le fás eacnamaíoch glas agus cóir];

37.  á chur i bhfáth gur gá ábhair imní maidir le cearta an duine a mheas le linn aon chaibidlíocht leis an Téalainn;

38.  á chur i bhfáth go bhforáiltear le comhaontuithe saorthrádála AE don chlásal neamhfhorghníomhaithe, mar a thugtar air, fionraí fabhar trádála i gcás sáruithe ar eilimintí bunriachtanacha CCC;

o
o   o

39.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig Rialtas agus Parlaimint na Téalainne.

(1) IO L 330, 23. 12. 2022, lch. 72.
(2) IO C 493, 27.12.2022, lch. 32.
(3) IO C 47, 7.2.2023, lch. 15.
(4) IO C 346, 27.09.2018, lch. 44.
(5) IO L 144, 10.6.1980, lch. 2.
(6) IO C 349, 17.10.2017, lch. 26.
(7) IO C 215, 19.6.2018, lch. 37.

An nuashonrú is déanaí: 10 Deireadh Fómhair 2023Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais