Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Téacsanna atá glactha
PDF 118kWORD 41k
Dé Máirt, 12 Meán Fómhair 2023 - Strasbourg
Ceapachán Iliana Ivanova mar chomhalta den Choimisiún Eorpach a fhormheas
P9_TA(2023)0296

Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Meán Fómhair 2023 maidir le Iliana Ivanova a cheapadh mar Chomhalta den Choimisiún (C9-0242/2023 - 2023/0805(NLE))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagal 246, an dara mír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint d'Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

–  ag féachaint do phointe 6 den Chreat-Chomhaontú maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach(1),

–  ag féachaint do Mariya Gabriel d’éirí as oifig mar Chomhalta den Choimisiún,

–  ag féachaint don litir ón gComhairle dar dáta an 7 Iúil 2023, trína ndeachaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa maidir le cinneadh, a ghlacfar de chomhthoil le hUachtarán an Choimisiúin, maidir le Iliana Ivanova a cheapadh mar Chomhalta den Choimisiún (C9-0242/2023),

–  ag féachaint do na litreacha ó Uachtarán an Choimisiúin an 29 Meitheamh agus an 5 Iúil 2023,

–  ag féachaint don éisteacht le Iliana Ivanova an 5 Meán Fómhair 2023, a raibh an Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh agus an Coiste um Chultúr agus um Oideachas i gceannas uirthi, agus don litir mheastóireachta a tarraingíodh suas tar éis na héisteachta sin,

–  ag féachaint don scrúdú a rinne Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí ag a cruinniú an 6 Meán Fómhair 2023, agus don scrúdú a rinne Comhdháil na nUachtarán ag a cruinniú an 6 Meán Fómhair 2023,

–  ag féachaint do Riail 125 dá Rialacha Nós Imeachta agus d’Iarscríbhinn VII a ghabhann leo,

1.  ag formheas cheapachán Iliana Ivanova mar Chomhalta den Choimisiún don chuid eile de théarma oifige an Choimisiúin go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2024;

2.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais na mBallstát.

(1) IO L 304, 20.11.2010, lch. 47.

An nuashonrú is déanaí: 19 Nollaig 2023Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais