Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Meán Fómhair 2023 ar sheasamh na Comhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfaí rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear plean bainistíochta ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1936/2001, (AE) 2017/2107, agus (AE) 2019/833, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2016/1627 (08143/1/2023 – C9-0222/2023 – 2019/0272(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an dara léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh (08143/1/2023 – C9‑0222/2023),
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 7 Bealtaine 2020(1),
– ag féachaint dá seasamh ar an gcéad léamh(2) ar an togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2019)0619),
– ag féachaint d’Airteagal 294(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do Riail 67 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don mholadh don dara léamh ón gCoiste um Iascach (A9-0243/2023),
1. ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh;
2. á thabhairt dá haire go nglactar an gníomh i gcomhréir le seasamh na Comhairle;
3. á threorú dá hUachtarán an gníomh a shíniú le hUachtarán na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 297(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
4. á threorú dá hArd-Rúnaí an gníomh a shíniú, ach a mbeidh sé fíoraithe go bhfuil na nósanna imeachta go léir curtha i gcrích go cuí, agus, i gcomhaontú le hArd-Rúnaí na Comhairle, socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
5. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.