Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2023 ar an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát (COM(2023)0599 – C9-0200/2023 – 2023/0173(NLE))
(Comhairliúchán)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2023)0599),
– ag féachaint d’Airteagal 148(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9‑0200/2023),
– ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta (A9-0241/2023),
1. ag formheas an togra ón gCoimisiún;
2. á iarraidh ar an gComhairle a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag Parlaimint na hEorpa;
3. á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle leis an bParlaimint má tá sé ar intinn aici an téacs a d’fhormheas an Pharlaimint a leasú go substaintiúil;
4. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.