Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2023 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear ionstraim éigeandála le haghaidh an Mhargaidh Aonair agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 ón gComhairle (COM(2022)0459 – C9-0315/2022 – 2022/0278(COD))(1)
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Leasú 1 Togra le haghaidh rialacháin Teideal
Togra le haghaidh
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena mbunaítear ionstraim éigeandála le haghaidh an Mhargaidh Aonairagus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 ón gComhairle
lena mbunaítear creat beart maidir le héigeandálaí agus athléimneacht an mhargaidh inmheánaigh (an Gníomh um éigeandáil agus athléimneacht an mhargaidh inmheánaigh) agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Leasú 2 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 1
(1) Léiríodh le géarchéimeanna roimhe seo, go háirithe laethanta tosaigh phaindéim COVID-19, go bhféadfaí cur isteach go mór ar an margadh inmheánach (dá ngairtear an Margadh Aonair agus a shlabhraí soláthair freisin) mar gheall ar ghéarchéimeanna den sórt sin, agus go bhfuil uirlisí cuí bainistithe géarchéime agus sásraí comhordaithe in easnamh, nach gclúdaítear iontu gach gné den Mhargadh Aonair nó nach n-éascaítear leo freagairt thráthúil ar thionchair den sórt sin.
(1) Léirigh géarchéimeanna roimhe seo, go háirithe laethanta tosaigh phaindéim COVID-19, gur féidir difear mór a dhéanamh don mhargadh inmheánach agus dá shlabhraí soláthair, agus go bhfuil uirlisí bainistithe géarchéime agus sásraí comhordúcháin iomchuí in easnamh, nach gcumhdaítear leo gach gné den mhargadh inmheánach nó nach gceadaíonn siad freagairt thráthúil agus éifeachtach ar ghéarchéimeanna den sórt sin.
Leasú 3 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 2
(2) Ní raibh an tAontas ullmhaithe go leor chun monarú, soláthar agus dáileadh éifeachtúil earraí neamhliachta atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú, amhail trealamh cosanta pearsanta, go háirithe i dtús phaindéim COVID-19 agus maidir leis na bearta ad hoc arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun feidhmiú an Mhargaidh Aonair a athbhunú agus chun a áirithiú go mbeadh fáil ar earraí neamhliachta atá ábhartha i gcás géarchéime le linn phaindéim COVID-19, ba bhearta frithghníomhacha iad a bhí dosheachanta ag an am. Léiríodh leis an bpaindéim freisin nach raibh forléargas leordhóthanach ar acmhainní monaraíochta ar fud an Aontais chomh maith le leochaileachtaí a bhaineann leis na slabhraí soláthair domhanda.
(2) Ní raibh an tAontas ullmhaithe go leor chun monarú, soláthar agus dáileadh éifeachtúil earraí neamhliachta atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú, amhail trealamh cosanta pearsanta, go háirithe i dtús phaindéim COVID-19 agus maidir leis na bearta ad hoc arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a athbhunú agus chun a áirithiú go mbeadh fáil ar earraí neamhliachta atá ábhartha i gcás géarchéime le linn phaindéim COVID-19, ba bhearta frithghníomhacha iad a bhí dosheachanta ag an am. Léiríodh leis an bpaindéim freisin nach raibh forléargas leordhóthanach ar acmhainní monaraíochta ar fud an Aontais chomh maith le leochaileachtaí a bhaineann leis na slabhraí soláthair domhanda.
Leasú 4 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 2 a (nua)
(2a) Le linn phaindéim COVID-19, bhí tionchar ar leith ar earnálacha ríthábhachtacha ag bearta neamhchomhordaithe lena gcuirtear srian ar shaorghluaiseacht daoine, go háirithe ar na hearnálacha sin a bhíonn ag brath ar oibrithe taistil, lena n-áirítear oibrithe teorann agus trasteorann, a raibh ról ríthábhachtach acu i ngeilleagar an Aontais a choinneáil ag dul ar aghaidh le linn an ama sin.
Leasú 5 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 3
(3) Cuireadh moill roinnt seachtainí ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin mar gheall ar easpa bearta pleanála teagmhais ar fud an Aontais agus mar gheall ar a shoiléire faoin cén pháirt denriarachán náisiúnta lena ndéanfaí teagmháil chun réitigh thapa a fháil ar an tionchar ar an Margadh Aonairde bharr na géarchéime. Ina theannta sin, bhí sé soiléir go ndéanfaí tionchair na géarchéime ar an margadh aonair níos measa fós leis na gníomhaíochtaí sriantacha neamh-chomhordaithe arna ndéanamh ag na Ballstáit. Tháinig sé chun solais go bhfuil gá le socruithe idir na Ballstáit agus údaráis an Aontais a mhéid a bhaineann le pleanáil theagmhasach, comhordú ar an leibhéal teicniúil agus comhar agus malartú faisnéise.
(3) Cuireadh moill roinnt seachtainí ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin mar gheall ar easpa bearta pleanála teagmhais ar fud an Aontais agus easpa soiléireachta maidir le cén t-údarás náisiúnta ar cheart teagmháil a dhéanamh leis chun teacht ar réitigh thapa ar an tionchar ar an margadh inmheánach arb í an ghéarchéim is cúis leis. Ina theannta sin, d’éirigh sé soiléir go ndéanfaí tionchair na géarchéime ar an margadh inmheánach níos measa fós leis na gníomhaíochtaí sriantacha neamh-chomhordaithe arna ndéanamh ag na Ballstáit. Tháinig sé chun solais go bhfuil gá le socruithe idir na Ballstáit agus údaráis an Aontais a mhéid a bhaineann le pleanáil theagmhasach, comhordú ar an leibhéal teicniúil agus comhar agus malartú faisnéise. Ina theannta sin, ba léir gur ghéaraigh an easpa comhordaithe éifeachtaigh idir na Ballstáit ar ghanntanais earraí agus gur chruthaigh sí níos mó bacainní ar shaorghluaiseacht seirbhísí agus daoine.
Leasú 6 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 4
(4) Thug eagraíochtaí ionadaíocha na n-oibreoirí eacnamaíocha le fios nach raibh go leor faisnéise ag oibreoirí eacnamaíocha faoi bhearta freagartha ar ghéarchéimeanna na mBallstát le linn na paindéime, mar gheall go páirteach nach raibh a fhios acu cá bhfaighidís an fhaisnéis sin, mar gheall go páirteach ar shrianta teanga agus ar an ualach riaracháin a bhain le fiosruithe a bheith á ndéanamh arís agus arís eile sna Ballstáit go léir, go háirithe i dtimpeallacht rialála a bhí ag síorathrú. Chuir sé sin bac orthu cinntí gnó eolacha a dhéanamh maidir lena mhéid a fhéadfadh siad brath ar a gcearta saorghluaiseachta nó leanúint le hoibríochtaí gnó trasteorann le linn na géarchéime. Is gá feabhas a chur ar infhaighteacht faisnéise maidir le bearta freagartha ar ghéarchéimeanna ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais
(4) Mar sin féin, in ainneoin na heaspa comhordaithe a bhí ann ar dtús, bhí ról lárnach ag rialacha an mhargaidh inmheánaigh maidir le tionchar diúltach a mhaolú agus maidir le téarnamh tapa gheilleagar an Aontais a áirithiú, eadhon trí chosc a chur ar shrianta náisiúnta gan údar agus díréireacha a bhí sna freagairtí aontaobhacha ó agus trí dhreasacht láidir a sholáthar chun teacht ar réitigh choiteanna, agus ar an gcaoi sin, an dlúthpháirtíocht a chur chun cinn.
Leasú 7 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 5
(5) Leis na teagmhais sin a tharla le déanaí, leagadh béim freisin ar an ngá go mbeadh an tAontas ullmhaithe ar bhealach níos fearr do ghéarchéimeanna a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo , go háirithe agus iarmhairtí leanúnacha an athraithe aeráide agus tubaistí nádúrtha a eascraíonn as sin á meas againn, mar aon leis an gcóras domhanda eacnamaíoch agus geopholaitiúil. Ós rud é nach fios cén cineál géarchéimeanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn san am atá romhainn agus go bhféadfadh tionchair thromchúiseacha a bheith acu ar an Margadh Aonair agus ar a shlabhraí soláthair amach anseo, is gá foráil a dhéanamh maidir le hionstraim a mbeadh feidhm aici maidir le tionchair réimse leathan géarchéimeanna ar an Margadh Aonair.
(5) Leis na teagmhais sin a tharla le déanaí, leagadh béim freisin ar an ngá go mbeadh an tAontas ullmhaithe ar bhealach níos fearr do ghéarchéimeanna a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, go háirithe i bhfianaise iarmhairtí leanúnacha an athraithe aeráide agus tubaistí nádúrtha a eascraíonn astu, mar aon leis an gcóras domhanda eacnamaíoch agus geopholaitiúil. Ós rud é nach eol cén cineál géarchéimeanna a d’fhéadfadh tarlú san am atá romhainn agus a bhféadfadh tionchar tromchúiseach a bheith acu ar an margadh inmheánach agus ar a shlabhraí soláthair, is gá foráil a dhéanamh maidir le hionstraim a mbeadh feidhm aici i gcás ina dtarlódh réimse leathan géarchéimeanna a mbeadh tionchar acu ar an margadh inmheánach agus a mbeadh éifeacht trasteorann acu.
Leasú 8 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 6
(6) D’fhéadfadh a dhá oiread de thionchar a bheith ag géarchéim sa Mhargadh Aonair. Ar thaobh amháin, d’fhéadfadh bacainní ar shaorghluaiseacht laistigh den Mhargadh Aonair a bheith mar thoradh ar ghéarchéim, rud a chuirfeadh isteach ar ghnáthfheidhmiú an mhargaidh sin. Ar an taobh eile, d’fhéadfadh géarchéim cur le ganntanas earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime sa Mhargadh Aonair. Ba cheart aghaidh a thabhairt leis an Rialachán ar an dá chineál tionchair ar an Margadh Aonair.
(6) D’fhéadfadh bacainní ar shaorghluaiseacht laistigh den mhargadh inmheánach a bheith mar thoradh ar thionchar géarchéime ar an margadh inmheánach, rud a chuirfeadh isteach ar ghnáthfheidhmiú an mhargaidh sin. D’fhéadfadh géarchéim géarú ar ghanntanas earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime sa mhargadh inmheánach. Ba cheart don Rialachán seo aghaidh a thabhairt ar an tionchar díobhálach ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí nó daoine sa mhargadh inmheánach.
Leasú 9 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 7
(7) Ós rud é gur deacair aon ghné shonrach de ghéarchéimeanna amach anseo a thuar a mbeadh tionchar acu ar an Margadh Aonair agus ar a shlabhraí soláthair, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo i leith creat ginearálta chun na tionchair dhiúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag aon ghéarchéim ar an Margadh Aonair agus ar a shlabhraí soláthair a réamh-mheas, ullmhú dóibh, iad a mhaolú agus iad a íoslaghdú. . .
(7) Ós rud é gur deacair aon ghné shonrach de ghéarchéimeanna amach anseo a thuar a mbeadh tionchar acu ar an margadh inmheánach agus ar a shlabhraí soláthair, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo i leith creat ginearálta chun na tionchair dhiúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag aon ghéarchéim ar an margadh inmheánach agus ar a shlabhraí soláthair a réamh-mheas, ullmhú dóibh, iad a mhaolú agus iad a íoslaghdú agus i leith a n-athléimneacht a neartú.
Leasú 10 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 8
(8) Ba cheart creat na mbeart a leagtar amach faoin Rialachán seo a dháileadh ar bhealach comhleanúnach, trédhearcach, éifeachtúil, comhréireach agus tráthúil, agus aird chuí á tabhairt ar an ngá atá le feidhmeanna ríthábhachtacha na sochaí a choimeád, lena n-áirítear an tslándáil phoiblí, an tsábháilteacht, an t-ord poiblí nó an tsláinte phoiblí a urramú, ar an bhfreagracht ar na Ballstáit an tslándáil náisiúnta a chosaint agus ar an gcumhacht atá acu feidhmeanna riachtanacha stáit eile a chosaint, lena n-áirítear iomláine chríochach an Stáit a áirithiú agus an dlí agus an t-ord a chaomhnú.
(8) Ba cheart creat na mbeart a leagtar amach sa Rialachán sin a chur i bhfeidhm ar bhealach comhleanúnach, trédhearcach, éifeachtúil, comhréireach agus tráthúil, agus aird chuí á tabhairt ar an ngá atá le feidhmeanna ríthábhachtacha na sochaí a choimeád, lena n-áirítear an tslándáil phoiblí, an tsábháilteacht, an t-ord poiblí nó an tsláinte phoiblí a urramú, agus urraim á tabhairt don fhreagracht atá ar na Ballstáit an tslándáil náisiúnta a chosaint mar aon leis an gcumhacht atá acu feidhmeanna bunriachtanacha eile stáit a chosaint, lena n-áirítear iomláine chríochach an stáit a áirithiú agus an t-ord poiblí a choimeád. Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar d’ábhair a bhaineann le slándáil agus cosaint náisiúnta.
Leasú 11 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 9
(9) Chun na críche sin, déanfar foráil sa Rialachán seo maidir le:
(9) Chun na críche sin, déanfar foráil sa Rialachán do na nithe seo a leanas a áirithiú: na hacmhainní is gá chun feidhmiú leanúnach an mhargaidh inmheánaigh, saorchúrsaíocht earraí, seirbhísí agus daoine, lena n-áirítear oibrithe, agus earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a bheith ar fáil do shaoránaigh, do ghnólachtaí agus d’údaráis phoiblí le linn géarchéime.
— na modhanna is gá chun feidhmiú leanúnach an Mhargaidh Aonair, na ngnólachtaí a fheidhmíonn ar an Margadh Aonair agus a slabhraí soláthair straitéiseacha a áirithiú, lena n-áirítear saorchúrsaíocht earraí, seirbhísí agus daoine le linn géarchéime agus infhaighteacht earraí agus seirbhísí i gcás géarchéime do shaoránaigh, do ghnólachtaí agus d’údaráis phoiblí le linn géarchéime;
— fóram le haghaidh comhordú, comhar leordhóthanach agus malartú faisnéise; agus
— na modhanna maidir le hinrochtaineacht thráthúil agus infhaighteacht na faisnéise atá riachtanach le haghaidh freagairt spriocdhírithe agus iompar leordhóthanach margaidh ag gnólachtaí agus saoránaigh le linn géarchéime.
Leasú 12 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 10
(10) Nuair is féidir, ba cheart go n-éascófar leis an Rialachán seo réamh-mheastachán teagmhas agus géarchéimeanna, ag forbairt ar anailís leanúnach a bhaineann le réimsí tábhachtacha straitéiseacha gheilleagar an Mhargaidh Aonair agus le hobair fhadbhreathnaitheach leanúnach an Aontais.
scriosta
Leasú 13 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 11
(11) Níor cheart go ndéanfar dúbláil leis an Rialachán seo ar an gcreat atá ann cheana maidir le táirgí íocshláinte, feistí leighis nó frithbhearta leighis eile faoi Chreat Slándála Sláinte an Aontais, lena n-áirítear Rialachán (AE) …/… maidir le bagairtí trasteorann tromchúiseacha ar shláinte [Rialachán SCBTH (COM/2020/727)], Rialachán (AE )…/… ón gComhairle maidir le creat beart chun soláthar frithbheart leighis atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú [Rialachán Réime maidir le hÉigeandálaí (COM/2021/577)], Rialachán (AE )…/… maidir le sainordú leathnaithe ECDC [Rialachán ECDC (COM/2020/726)] agus Rialachán (AE) 2022/123 maidir le sainordú leathnaithe EMA [Rialachán EMA].Dá bhrí sin, sula ndéanfar táirgí íocshláinte, feistí leighis nó frithbhearta leighis eile, nuair a bheidh siad curtha ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 6 (1) den Chreat Éigeandála déanfar iad a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo, ach amháin i ndáil leis na forálacha a bhaineann le saorghluaiseacht le linn na héigeandála sa Mhargadh aonair, agus go háirithe na cinn a bhaineann le saorghluaiseacht agus an sásra fógrúcháin a athbhunú agus a éascú.
(11) Níor cheart go ndéanfaí dúbláil leis an Rialachán seo ar an gcreat atá ann cheana maidir le táirgí íocshláinte, feistí leighis nó frithbhearta leighis eile faoi Chreat Slándála Sláinte an Aontais, lena n‑áirítear Rialachán (AE) 2022/123 agus Rialachán (AE) 2022/2371. Dá bhrí sin, déanfar táirgí íocshláinte, feistí leighis nó frithbhearta leighis eile a thagann faoina sainchúram a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo, ach amháin i ndáil leis na forálacha a bhaineann le saorghluaiseacht le linn éigeandáil sa mhargadh inmheánach, agus go háirithe na cinn sin atá ceaptha chun saorghluaiseacht agus an sásra fógrúcháin a athbhunú agus a éascú.
Leasú 14 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 12
(12) Ba cheart go gcomhlánófaí leis an Rialachán seo an sásra maidir le Freagairt Chomhtháite do Ghéarchéim Pholaitiúil arna oibriú ag an gComhairle faoi Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1993 ón gComhairle a mhéid a bhaineann lena hobair ar thionchair géarchéimeanna trasearnála sa Mhargadh Aonair a bhfuil cinnteoireacht pholaitiúil ag teastáil ina leith.
(12) Ba cheart go gcomhlánófaí leis an Rialachán seo na socruithe maidir le Freagairt Chomhtháite do Ghéarchéim Pholaitiúil arna oibriú ag an gComhairle faoi Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1993 ón gComhairle a mhéid a bhaineann lena hobair ar thionchair géarchéimeanna trasearnála sa mhargadh inmheánach a bhfuil cinnteoireacht pholaitiúil ag teastáil ina leith.
Leasú 15 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 16
(16) Chun cineál eisceachtúil oibriú bunúsach Mhargadh Aonair éigeandáil Margaidh Aonair agus ar na hiarmhairtí forleathana a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis a chur san áireamh, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt go heisceachtúil don Chomhairle chun modh éigeandála an Mhargaidh Aonair a ghníomhachtú de bhun Airteagal 281(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
(16) Ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar do dhlí an tsaothair nó do dhálaí oibre, lena n-áirítear sláinte agus sábháilteacht ag an obair, agus do chearta cómhargála agus do neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta.
Leasú 16 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 17
(17) Le hAirteagal 21 CFAE leagtar síos an ceart atá ag saoránaigh den Aontas gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, faoi réir na dteorainneacha agus na gcoinníollacha a leagtar síos sna Conarthaí agus sna bearta a glacadh chun éifeacht a thabhairt dóibh. Tá na coinníollacha agus na teorainneacha mionsonraithe leagtha síos i dTreoir 2004/38/CE. Leagtar amach sa Treoir sin na prionsabail ghinearálta is infheidhme maidir leis na teorainneacha sin agus na forais a fhéadfar a úsáid chun údar a thabhairt do bhearta den sórt sin. Is iad na forais sin beartas poiblí, slándáil phoiblí nó sláinte phoiblí. Sa chomhthéacs sin, is féidir údar a thabhairt le srianta ar shaoirse gluaiseachta má bhíonn siad comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach.Níl sé beartaithe leis an Rialachán seo foráil a dhéanamh i leith forais bhreise chun an ceart chun saorghluaiseachta daoine a theorannú thar na forais dá bhforáiltear i gCaibidil VI de Threoir 2004/38/CE.
(17) I gcás ina bhfuil próiseáil sonraí pearsanta i gceist leis na gníomhaíochtaí atá le déanamh de bhun an Rialacháin seo, ba cheart go gcomhlíonfadh próiseáil den sórt sin reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, eadhon Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1b.
__________________
1aRialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den chineál sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
1bRialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
Leasú 17 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 18
(18) A mhéid a bhaineann leis na bearta chun saorghluaiseacht daoine a athbhunú agus a éascú agus maidir le haon bheart eile a bhaineann le saorghluaiseacht daoine dá bhforáiltear faoin Rialachán seo, tá siad bunaithe ar Airteagal 21 CFAE agus comhlánaítear leo siad Treoir 2004/38/CE gan dul i gcion ar chur i bhfeidhm na Treorach sin tráth a mbeadh éigeandálaí sa Mhargadh Aonair. Níor cheart go mbeadh sé de thoradh ar bhearta sin go dtabharfaí údarú nó údar le srianta ar shaorghluaiseacht a thagann salach ar na Conarthaí nó forálacha eile de dhlí an Aontais.
(18) Leagtar síos leis an Rialachán seo cearta agus oibleagáidí d’oibreoirí eacnamaíocha, go háirithe do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, lena n-áirítear aon chomhlachas sealadach de ghnóthais, a thairgeann táirgí nó seirbhísí a bhfuil ríthábhacht ag baint leo ar an margadh. Ina theannta sin, sainítear ann réimsí ríthábhachtacha atá sistéamach agus ríthábhachtach d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, go háirithe réimsí a bhaineann le saorghluaiseacht trasteorann earraí, seirbhísí nó daoine, mar shampla i réimsí an bhia, an iompair, na cothabhála, na sláinte, nó na dteicneolaíochtaí faisnéise.
Leasú 18 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 19
(19) Le hAirteagal 45 CFAE leagtar síos an ceart chun saorghluaiseachta oibrithe, faoi réir na dteorainneacha agus na gcoinníollacha a leagtar síos sna Conarthaí agus sna bearta arna nglacadh chun éifeacht a thabhairt dóibh. Tá forálacha sa Rialachán seo lena gcomhlánaítear na bearta atá ann cheana chun saorghluaiseacht daoine a threisiú, chun trédhearcacht a mhéadú agus chun cúnamh riaracháin a sholáthar le linn éigeandálaí sa Mhargadh Aonair. Áirítear ar bhearta den sórt sin na pointí teagmhála aonair a chur ar bun agus a chur ar fáil d’oibrithe agus dá n-ionadaithe sna Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais le linn mhodhanna faireachais agus éigeandála an Mhargaidh Aonair faoin rialachán seo.
(19) Chun feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, ba cheart Bord um Chásanna Éigeandála agus Athléimneacht an Mhargaidh Inmheánaigh (‘an Bord’) a chur ar bun leis an Rialachán seo chun comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir leis na bearta iomchuí chun tionchar géarchéime a thuar, a chosc nó chun freagairt dó. Ba cheart go mbeadh Parlaimint na hEorpa in ann saineolaí a cheapadh mar chomhalta den Bhord. Ba cheart don Choimisiún cuireadh a thabhairt d’ionadaithe comhlachtaí eile atá ábhartha i gcás géarchéime ar leibhéal an Aontais mar bhreathnóirí chuig cruinnithe ábhartha an Bhoird, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, ionadaithe ó Choiste na Réigiún agus ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhfaighidh Parlaimint na hEorpa na doiciméid uile ag an am céanna le hionadaithe na mBallstát. Ba cheart rochtain chórasach a bheith ag Parlaimint na hEorpa freisin ar chruinnithe an Bhoird a dtugtar cuireadh do shaineolaithe na mBallstát chucu. Ba cheart rannpháirtíocht ionadaithe Stáit CSTE mar bhreathnóirí a áirithiú i gcomhréir leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, chomh maith leis na comhaontuithe déthaobhacha idir an tAontas agus Cónaidhm na hEilvéise. Ba cheart don Bhord, go háirithe, cúnamh agus comhairle a thabhairt don Choimisiún maidir le bearta a bhfuil tionchar acu ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine, lena n-áirítear oibrithe, agus béim ar leith á leagan ar oibrithe taistil, lena n-áirítear oibrithe teorann agus trasteorann.
Leasú 19 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 20
(20) Má ghlacann na Ballstáit bearta a bhaineann le saorghluaiseacht earraí nó daoine, earraí nó saoirse chun seirbhísí a sholáthar mar ullmhúchán d’éigeandálaí an Mhargaidh Aonair agus lena linn, ba cheart dóibh na bearta sin a theorannú don mhéid is gá agus iad a bhaint a luaithe is féidir de réir an cháis. Le bearta den sórt sin ba cheart prionsabail na comhréireachta agus an neamh-idirdhealaithe a urramú agus staid ar leith na réigiún teorann a chur san áireamh.
(20) Tá sé ríthábhachtach trédhearcacht agus cuntasacht níos fearr a ráthú, go háirithe le linn géarchéimeanna, i gcomhréir leis na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe. Tá ról lárnach ag Parlaimint na hEorpa maidir le cuntasacht dhaonlathach a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart rialacha a leagan síos leis an Rialachán seo chun an t-idirphlé éigeandála agus athléimneachta idir an Coimisiún, Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a fheabhsú.
Leasú 20 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 21
(21) Ba cheart go spreagfadh gníomhachtú mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair oibleagáid ar na Ballstáit fógra a thabhairt maidir le srianta saorghluaiseachta atá ábhartha i gcás géarchéime.
(21) Chun comhordú éifeachtach agus malartú faisnéise éifeachtach a áirithiú i gcásanna éigeandála, leagtar síos leis an Rialachán seo oibleagáid ar na Ballstáit lároifigí idirchaidrimh a ainmniú, a bheidh freagrach as teagmháil le lároifig idirchaidrimh arna hainmniú ag an gCoimisiún agus le lároifigí idirchaidrimh na mBallstát eile.
Leasú 21 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 22
(22) Agus scrúdú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar chomhoiriúnacht aon dréachtbheart ar tugadh fógra ina leith nó aon bheart a glacadh le prionsabal na comhréireachta, ba cheart dó aird chuí a thabhairt ar an ngéarchéim atá ag teacht chun cinn agus ar an bhfaisnéis atá ar fáil do na Ballstáit a bhíonn teoranta go minic agus iad ag iarraidh na rioscaí atá ag teacht chun cinn i gcomhthéacs na géarchéime a laghdú. I gcás ina mbeidh údar leis agus inar gá é sna himthosca, féadfaidh an Coimisiún breathnú, bunaithe ar aon fhaisnéis atá ar fáil, lena n-áirítear faisnéis speisialaithe nó eolaíoch, ar fhiúntas argóintí na mBallstát, ar argóintí iad a bhraitheann ar phrionsabal an réamhchúraim, mar chúis le srianta ar shaorghluaiseacht daoine a ghlacadh. Tá sé de chúram ar an gCoimisiún a áirithiú go gcomhlíonfar leis na bearta sin dlí an Aontais agus nach gcruthaítear leo bacainní gan údar ar fheidhmiú an Mhargaidh Aonair. Ba cheart don Choimisiún freagairt d’fhógraí na mBallstát chomh tapa agus is féidir, ag cur san áireamh imthosca na géarchéime ar leith, agus ar a dhéanaí laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach leis an Rialachán seo.
(22) Tá athléimneacht ríthábhachtach chun a áirithiú go mbainfidh an margadh inmheánach ceann dá spriocanna deiridh amach, is é sin tacú le geilleagar an Aontais. Leis an Rialachán seo, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le teagmhais agus géarchéimeanna a thuar, ag tógáil ar anailís leanúnach maidir le réimsí ríthábhachtacha de gheilleagar an mhargaidh inmheánaigh agus le hobair fhadbhreathnaitheach leanúnach an Aontais. Chun ullmhacht na ngníomhaithe uile i gcomhair géarchéimeanna a áirithiú, is gá rialacha a leagan amach maidir le tástálacha struis a bheidh le déanamh gach dhá bhliain ar a laghad, agus maidir le hoiliúint agus prótacail ghéarchéime a mbeidh baint, ní hamháin ag na húdaráis náisiúnta ábhartha, ach ag geallsealbhóirí amhail gnólachtaí, comhpháirtithe sóisialta agus saineolaithe freisin. Tá sé ríthábhachtach freisin rialacha a leagan síos maidir le cúlchistí straitéiseacha earraí a bhfuil ríthábhacht ag baint leo, chun malartú cuí faisnéise a áirithiú agus tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit chun cabhrú leo a n-iarrachtaí a chomhordú agus a chuíchóiriú.
Leasú 22 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 23
(23) Lena áirithiú nach n-úsáidfear na bearta sonracha éigeandála de chuid an Mhargaidh Aonair dá bhforáiltear sa Rialachán seo ach amháin i gcás ina bhfuil sé sin fíor-riachtanach chun freagairt d’éigeandáil áirithe sa Mhargadh Aonair, ba cheart go gceanglófaí gníomhachtú aonair le bearta den sórt sin trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme ón gCoimisiún, ina léireofar na cúiseanna leis an ngníomhachtú sin agus na hearraí nó na seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime.
(23) Chun earnálacha criticiúla a aithint, ba cheart modheolaíocht a bhunú agus critéir shonracha á gcur san áireamh, eadhon sreafaí trádála, éileamh agus soláthar, comhchruinniú an tsoláthair, táirgeacht agus acmhainneacht táirgeachta an Aontais agus domhanda ag céimeanna éagsúla den slabhra luacha agus na hidirthuilleamaíochtaí idir oibreoirí eacnamaíocha.
Leasú 23 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 24
(24) Ina theannta sin, d’fhonn comhréireacht na ngníomhartha cur chun feidhme agus urraim chuí do ról na n-oibreoirí eacnamaíocha i mbainistiú géarchéime a áirithiú, níor cheart don Choimisiún dul i muinín mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair a ghníomhachtú ach amháin i gcás nach bhfuil oibreoirí eacnamaíocha ábalta réiteach a sholáthar ar bhonn deonach laistigh de thréimhse réasúnta. Ba cheart an fáth leis sin a chur in iúl i ngach gníomh den sórt sin, agus maidir le gach gné ar leith géarchéime.
(24) Tá sé tábhachtach slabhraí soláthair earraí, seirbhísí a bhfuil ríthábhacht ag baint leo le linn an mhodha faireachais, a shainaithint agus faireachán a dhéanamh orthu, chomh maith le saorghluaiseacht catagóirí oibrithe a bhfuil ríthábhacht ag baint leo, sula mbeidh éigeandáil sa mhargadh inmheánach. Chun go gcuirfear san áireamh gníomhachtú an mhodha faireachais agus na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a spreagfaidh sé, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun an modh sin a ghníomhachtú de bhun Airteagal 291(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Ba cheart an modh faireachais a ghníomhachtú ar feadh uastréimhse sé mhí agus an fhéidearthacht a bheith ann síneadh a chur leis an tréimhse chéanna, agus aird chuí á tabhairt ar an tuairim ón mBord. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar a thorthaí maidir leis an bhfaireachán, a rinneadh le linn an mhodha faireachais, ar shlabhraí soláthair earraí, ar sheirbhísí a bhfuil ríthábhacht ag baint leo, ar shaorghluaiseacht catagóirí oibrithe a bhfuil ríthábhacht leo agus ar fhardal na n-oibreoirí eacnamaíocha is ábhartha.
Leasú 24 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 25
(25) Níor cheart don Choimisiún iarratais ar fhaisnéis chuig oibreoirí eacnamaíocha a úsáid ach amháin i gcás nach féidir an fhaisnéis is gá chun freagairt go leordhóthanach d’éigeandáil sa Mhargadh Aonair a fháil, amhail an fhaisnéis is gá le haghaidh soláthair ag an gCoimisiún thar ceann na mBallstát nó chun acmhainneacht táirgeacht monaróirí earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a mheas, ar earraí iad ar cuireadh isteach ar a slabhraí soláthair, a fháil ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí nó de bharr faisnéise a cuireadh ar fáil go deonach.
(25) Ba cheart don Choimisiún measúnú cúramach a dhéanamh ar a thromchúisí atá suaitheadh ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus ar thionchar géarchéime ar bhonn fianaise nithiúil iontaofa, agus aird chuí á tabhairt ar na critéir a leagtar síos sa Rialachán seo.
Leasú 25 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 26
(26) Le gníomhachtú mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair, nuair is gá, ba cheart go spreagfaí cur i bhfeidhm nósanna imeachta áirithe freagartha i gcomhair géarchéimeanna lena dtugtar isteach coigeartuithe ar na rialacha lena rialaítear dearadh, monarú, measúnú comhréireachta agus cur ar an margadh earraí atá faoi réir rialacha comhchuibhithe an Aontais. Leis na nósanna imeachta sin um fhreagairt ar ghéarchéimeanna, ba cheart go mbeifí ábalta táirgí, arna n-ainmniú mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a chur ar an margadh go tapa i gcomhthéacs éigeandála. Ba cheart do na comhlachtaí um measúnú comhréireachta tús áite a thabhairt don mheasúnú comhréireachta ar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime roimh aon iarratas leanúnach eile ar tháirgí eile. Ar an láimh eile, i gcásanna ina bhfuil moill mhíchuí ar na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta, ba cheart go mbeadh na húdaráis inniúla náisiúnta ábalta údaruithe a eisiúint chun táirgí, nach cuireadh faoin na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta is infheidhme a chur ar a margadh faoi seach, ar n gcoinníoll go gcomhlíonann siad na ceanglais sábháilteachta is infheidhme. Ní bheidh na húdaruithe sin bailí ach amháin ar chríoch an Bhallstáit eisiúna agus beidh siad teoranta d’fhad éigeandáil an Mhargaidh Aonair. Ina theannta sin, chun an méadú ar sholáthar táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime a éascú, ba cheart solúbthachtaí áirithe a thabhairt isteach i ndáil leis an sásra um thoimhde comhréireachta. I gcomhthéacs éigeandáil sa Mhargadh Aonair, ba cheart do mhonaróirí earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a bheith ábalta brath freisin ar chaighdeáin náisiúnta agus idirnáisiúnta, lena gcuirtear leibhéal coibhéiseach cosanta ar fáil do na caighdeáin chomhchuibhithe Eorpacha. I gcásanna nach ann do na caighdeáin sin nó i gcás go meastar go bhfuil sé thar a bheith deacair iad a chomhlíonadh mar gheall ar an gcur isteach ar an Margadh Aonair, ba cheart don Choimisiún a bheith ábalta sonraíochtaí comhchoiteanna teicniúla a eisiúint a bhaineann le cur i bhfeidhm deonach nó le cur i bhfeidhm éigeantach chun réitigh theicniúla atá réidh le húsáid a sholáthar do na monaróirí.
(26) Chun cineál eisceachtúil agus iarmhairtí forleathana féideartha ghníomhachtú mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a chur san áireamh, rud a d’fhéadfadh tionchar diúltach a imirt ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine, agus chun grinnscrúdú poiblí iomchuí a áirithiú, níor cheart modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a ghníomhachtú ach amháin le gníomh reachtach i bhfoirm cinneadh maidir le togra arna dhéanamh ag an gCoimisiún agus arna ghlacadh go pras agus go comhpháirteach ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle. Chun aghaidh a thabhairt ar an ngá atá le cinnteoireacht thapa le linn géarchéime, d’fhéadfaí cinntí a ghlacadh chun modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a ghníomhachtú trí úsáid a bhaint as nósanna imeachta práinne, ós rud é gur úsáideadh na nósanna imeachta sin cheana féin san am a chuaigh thart.
Leasú 26 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 27
(27) Chun na coigeartuithe atá ábhartha i gcás géarchéime ar rialacha comhchuibhithe ábhartha earnála an Aontais a thabhairt isteach, is gá coigeartuithe spriocdhírithe ar na 19 gcreat earnála seo a leanas: Treoir 2000/14/CE, Treoir 2006/42/AE, Treoir 2010/35/AE, Treoir 2013/29/AE, Treoir 2014/28/AE, Treoir 2014/29/AE, Treoir 2014/30/AE, Treoir 2014/31/AE, Treoir 2014/32/AE, Treoir 2014/33/AE, Treoir 2014/34/AE, Treoir 2014/35/AE, Treoir 2014/53/AE, Treoir 2014/68/AE, Rialachán (AE) 2016/424, Rialachán (AE) 2016/425, Rialachán (AE) 2016/426, Rialachán (AE) 2019/1009 agus Rialachán (AE) 305/2011. Ba cheart gníomhachtú na nósanna imeachta éigeandála a bheith coinníollach ar éigeandáil an Mhargaidh Aonair a ghníomhachtú agus ba cheart go mbeadh sé teoranta do na táirgí atá ainmnithe mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime.
(27) Ba cheart gníomhachtú na nósanna imeachta éigeandála a bheith coinníollach ar mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a ghníomhachtú agus ba cheart go mbeadh sé teoranta do na táirgí atá ainmnithe mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime. Dá bhrí sin, ba cheart go spreagfadh gníomhachtú mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh, i gcás inar gá, nósanna imeachta freagartha géarchéime áirithe freisin lena rialaítear dearadh, monarú, measúnú comhréireachta agus cur ar an margadh earraí atá faoi réir rialacha comhchuibhithe an Aontais nó a thagann faoi na rialacha creata sábháilteachta ginearálta, agus iad teoranta do na táirgí a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime.
Leasú 27 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 28
(28) I gcásanna ina bhfuil rioscaí substaintiúla ann d’fheidhmiú an Mhargaidh Aonair nó i gcásanna ina bhfuil ganntanas mór earraí nó ina bhfuil éileamh thar a bheith ard ar earraí a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo, d’fhéadfadh sé go mbeadh bearta ar leibhéal an Aontais a bhfuil sé mar aidhm leo a áirithiú go mbeadh fáil ar tháirgí atá ábhartha i gcás géarchéime, amhail orduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo, fíor-riachtanach chun go bhfeidhmeoidh an Margadh Aonair ar an ngnáthbhealach arís.
(28) Ba cheart srianta ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine arna bhforchur ag na Ballstáit a thoirmeasc, mura rud é go bhfuil siad neamh-idirdhealaitheach, go bhfuil údar leo agus go bhfuil siad comhréireach. Níor cheart go bhféadfaí na saoirsí bunúsacha a leagtar síos sa Chonradh a chur ar fionraí in aimsir géarchéime agus níor cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as an staid éigeandála mar leithscéal chun srianta a ghlacadh a théann níos faide ná rialacha an Chonartha. Ba cheart go gcomhlíonfadh aon fhreagairt ar éigeandáil sa mhargadh inmheánach na rialacha sin go docht, chomh maith leis na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo. Má ghlacann na Ballstáit bearta a dhéanann difear do shaorghluaiseacht earraí nó daoine, nó an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar mar ullmhúchán d’éigeandálaí sa mhargadh inmheánach agus lena linn, ba cheart dóibh na bearta sin a theorannú don mhéid is gá agus iad a bhaint a luaithe a dhíghníomhachtófar an modh éigeandála nó níos luaithe, nuair nach mbeidh gá leo a thuilleadh. Le bearta den sórt sin ba cheart prionsabail na comhréireachta agus an neamh-idirdhealaithe a urramú agus staid ar leith na réigiún teorann a chur san áireamh.
Leasú 28 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 29
(29) Chun cumhacht ceannaigh agus seasamh caibidlíochta an Choimisiúin a threisiú le linn mhodh faireachais an Mhargaidh Aonair agus mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair, ba cheart do na Ballstáit bheith ábalta a iarraidh ar an gCoimisiún soláthar a dhéanamh thar a gceann.
(29) Thug eagraíochtaí ionadaíocha na n-oibreoirí eacnamaíocha le fios nach raibh go leor faisnéise ag oibreoirí eacnamaíocha faoi bhearta freagartha ar ghéarchéimeanna na mBallstát le linn na paindéime, mar gheall go páirteach nach raibh a fhios acu cá bhfaighidís an fhaisnéis sin, mar gheall go páirteach ar shrianta teanga agus ar an ualach riaracháin a bhain le fiosruithe a bheith á ndéanamh arís agus arís eile sna Ballstáit go léir, go háirithe i dtimpeallacht rialála a bhí ag síorathrú. Chuir sé sin bac orthu cinntí gnó eolacha a dhéanamh maidir lena mhéid a fhéadfadh siad brath ar a gcearta saorghluaiseachta nó leanúint le hoibríochtaí gnó trasteorann le linn na géarchéime. Is gá feabhas a chur ar infhaighteacht faisnéise maidir le bearta freagartha ar ghéarchéimeanna ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais.
Leasú 29 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 30
(30) I gcás ina bhfuil ganntanas mór táirgí nó seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime ar an margadh aonair le linn éigeandála sa Mhargadh Aonair, agus gur léir nach dtáirgeann na hoibreoirí eacnamaíocha a oibríonn ar an margadh aonair aon earra den sórt sin, ach go mbeadh siad, i bprionsabal, ábalta athearraíocht a bhaint as a línte táirgeachta nó nach mbeadh sé d’acmhainn leordhóthanach acu na hearraí nó na seirbhísí is gá a sholáthar, ba cheart go mbeadh an Coimisiún ábalta a mholadh do na Ballstáit mar rogha dheiridh bearta a dhéanamh chun cur le hacmhainneacht táirgeachta nó athrú cuspóra acmhainneacht táirgeachta na monaróirí nó cur le hacmhainneacht táirgeachta nó athrú cuspóra acmhainneacht na soláthraithe seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a sholáthar a éascú nó a iarraidh. Agus é sin á dhéanamh aige, chuirfeadh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas maidir le déine an ghanntanais agus an cineál earraí nó seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a theastaíonn agus chuirfeadh sé tacaíocht agus comhairle ar fáil maidir leis an tsolúbthacht in acquis an Aontais chun na gcríoch sin.
(30) Le hAirteagal 21 CFAE leagtar síos an ceart atá ag saoránaigh den Aontas gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, faoi réir na dteorainneacha agus na gcoinníollacha a leagtar síos sna Conarthaí agus sna bearta a glacadh chun éifeacht a thabhairt dóibh. Tá na coinníollacha agus na teorainneacha mionsonraithe leagtha síos i dTreoir 2004/38/CE. Leagtar amach sa Treoir sin na prionsabail ghinearálta is infheidhme maidir leis na teorainneacha sin agus na forais a fhéadfar a úsáid chun údar a thabhairt do bhearta den sórt sin. Is iad na forais sin beartas poiblí, slándáil phoiblí nó sláinte phoiblí. Sa chomhthéacs sin, is féidir údar a thabhairt le srianta ar an tsaoirse gluaiseachta má bhíonn siad comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach. Níl sé beartaithe leis an Rialachán seo foráil a dhéanamh i leith forais bhreise chun an ceart chun saorghluaiseachta daoine a theorannú thar na forais dá bhforáiltear i gCaibidil VI de Threoir 2004/38/CE.
Leasú 30 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 31
(31) Leis na bearta lena n-áirithítear solúbthacht rialála, bheadh an Coimisiún ábalta a mholadh do na Ballstáit dlús a chur leis na nósanna imeachta chun ceadanna a dheonú a bheadh riachtanach chun feabhas a chur ar an gcumas earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a tháirgeadh nó chun seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a sholáthar.
(31) Na bearta chun saorghluaiseacht daoine a éascú agus aon bhearta eile a dhéanann difear do shaorghluaiseacht daoine dá bhforáiltear faoin Rialachán seo, tá siad bunaithe ar Airteagal 21 CFAE agus comhlánaítear leo Treoir 2004/38/CE, gan difear a dhéanamh dá chur i bhfeidhm i gcás éigeandálaí sa mhargadh inmheánach. Níor cheart go mbeadh sé de thoradh ar bhearta de sórt sin go dtabharfaí údarú nó údar le srianta ar shaorghluaiseacht a thagann salach ar na Conarthaí nó forálacha eile de dhlí an Aontais.
Leasú 31 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 32
(32) Ina theannta sin, lena áirithiú go mbeidh earraí atá ábhartha i gcás géarchéime ar fáil le linn éigeandála sa Mhargaidh Aonair, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na hoibreoirí eacnamaíocha a oibríonn i slabhraí soláthair i gcás géarchéime tús áite a thabhairt d’orduithe na n-ionchur is gá chun earraí deiridh i gcás géarchéime a tháirgeadh, nó d’orduithe na n-earraí deiridh sin féin. I gcás go ndiúltódh oibreoir eacnamaíoch glacadh le horduithe den sórt sin agus tús áite a thabhairt dóibh, i ndiaidh fianaise oibiachtúil a bheith ann go bhfuil infhaighteacht earraí atá ábhartha i gcás géarchéime fíor-riachtanach, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh a iarraidh ar na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann glacadh le horduithe áirithe agus tús áite a thabhairt dóibh, agus beidh tosaíocht ag a gcomhlíonadh leo sin ar aon oibleagáid eile faoin dlí príobháideach nó poiblí. I gcás nach nglacfar leis an iarratas, ba cheart don oibreoir lena mbaineann na cúiseanna dlisteanacha leis an iarratas a dhiúltú a mhíniú. Féadfaidh an Coimisiún an míniú réasúnaithe sin, nó codanna de, a phoibliú, agus aird chuí á tabhairt ar rúndacht ghnó.
(32) Le hAirteagal 45 CFAE leagtar síos an ceart chun saorghluaiseachta oibrithe, faoi réir na dteorainneacha agus na gcoinníollacha a leagtar síos sna Conarthaí agus sna bearta arna nglacadh chun éifeacht a thabhairt dóibh. Tá forálacha sa Rialachán seo lena gcomhlánaítear na bearta atá ann cheana chun saorghluaiseacht daoine a éascú, trédhearcacht a mhéadú agus cúnamh riaracháin a sholáthar le linn éigeandálaí sa mhargadh inmheánach. Áirítear ar bhearta den sórt sin na pointí teagmhála aonair a chur ar bun agus a chur ar fáil d’oibrithe agus dá n-ionadaithe sna Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais le linn mhodhanna faireachais agus éigeandála an mhargaidh inmheánaigh faoin Rialachán seo. Moltar do na Ballstáit agus don Choimisiún ionstraimí atá ann cheana a úsáid chun na pointí teagmhála sin a chur ar bun agus a oibriú. Ba cheart go mbeadh na pointí teagmhála sin gníomhach lasmuigh den mhodh éigeandála agus ba cheart go gcuideoidís le cumarsáid idir na Ballstáit agus leis an mBord.
Leasú 32 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 33
(33) Ina theannta sin, lena áirithiú go mbeidh earraí atá ábhartha i gcás géarchéime ar fáil le linn éigeandála sa Mhargadh Aonair, féadfaidh an Coimisiún a mholadh go ndáilfidh na Ballstáit cúltacaí straitéiseacha, ag féachaint go cuí do phrionsabail na dlúthpháirtíochta, an riachtanais agus na comhréireachta.
(33) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún a mhéid a bhaineann leis an bhféidearthacht bearta tacaíochta a ghlacadh chun saorghluaiseacht daoine a éascú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
Leasú 33 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 34
(34) I gcás ina bhfuil próiseáil sonraí pearsanta i gceist leis na gníomhaíochtaí atá le déanamh de bhun an Rialacháin seo, ba cheart go gcomhlíonfadh próiseáil den sórt sin reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, eadhon Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle41gus Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle42
(34) Le gníomhachtú mhodhanna faireachais agus éigeandála an mhargaidh inmheánaigh, ba cheart go spreagfaí oibleagáid ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi bhearta a ghlacadh maidir le srianta atá ábhartha i gcás géarchéime ar shaorghluaiseacht earraí, ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus ar shaorghluaiseacht daoine, lena n-áirítear oibrithe, lena ngabhann ráiteas lena dtugtar údar cuí le bearta den sórt sin a thabhairt isteach. Ba cheart go gcuirfí san áireamh sa ráiteas maidir le comhréireacht na mbeart sin tionchar na mbeart, a raon feidhme agus an fad a mheastar a mhairfidh siad.
__________________
41 Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
42 Rialachán (AE) 2016/769 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den chineál sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
Leasú 34 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 35
(35) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún a mhéid a bhaineann leis an bhféidearthacht bearta tacaíochta a ghlacadh chun saorghluaiseacht daoine a éascú, chun liosta a bhunú de spriocanna aonair (cainníochtaí agus spriocdhátaí) le haghaidh na gcúltacaí straitéiseacha sin ar cheart do na Ballstáit iad a choinneáil, ionas go mbainfear na cuspóirí leis an tionscnamh amach. Thairis sin, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún a mhéid a bhaineann leis an modh faireachais agus bearta faireachais a ghníomhachtú chun faireachán cúramach a dhéanamh ar na slabhraí soláthair straitéiseacha agus chun forbairt cúltacaí straitéiseacha d’earraí agus do sheirbhísí lena mbaineann tábhacht straitéiseach a chomhordú. Thairis sin, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún a mhéid a bhaineann le bearta sonracha práinnfhreagartha a ghníomhachtú tráth a bheadh éigeandáil sa Mhargadh Aonair, chun freagairt thapa chomhordaithe a éascú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(35) Agus scrúdú á dhéanamh aige ar chomhoiriúnacht aon dréachtbheart ar tugadh fógra ina leith nó aon bheart a glacadh le prionsabal na comhréireachta, ba cheart don Choimisiún aird chuí a thabhairt ar an ngéarchéim atá ag teacht chun cinn agus ar an bhfaisnéis atá ar fáil do na Ballstáit a bhíonn teoranta go minic agus iad ag iarraidh na rioscaí atá ag teacht chun cinn i gcomhthéacs na géarchéime a laghdú. I gcás ina mbeidh bonn cirt leis agus inar gá sin sna himthosca, féadfaidh an Coimisiún fiúntas argóintí na mBallstát a mheas, bunaithe ar aon fhaisnéis atá ar fáil, lena n-áirítear faisnéis speisialaithe nó eolaíoch. Tá sé de chúram ar an gCoimisiún a áirithiú go gcomhlíonfar leis na bearta sin dlí an Aontais agus nach gcruthaítear leo bacainní gan údar ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Ba cheart don Choimisiún freagairt d’fhógraí na mBallstát chomh tapa agus is féidir, ag cur san áireamh imthosca na géarchéime ar leith, agus ar a dhéanaí laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach sa Rialachán seo.
Leasú 35 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 36
(36) Leis an Rialachán seo urramaítear cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’). Go sonrach, urramaítear leis ceart chun príobháideachta na n-oibreoirí eacnamaíocha a chumhdaítear in Airteagal 7 den Chairt, an ceart chun cosaint sonraí a leagtar amach in Airteagal 8 den Chairt, an tsaoirse chun gnó a dhéanamh agus an tsaoirse conartha, a chosnaítear le hAirteagal 16 den Chairt, an ceart chun maoine, a chosnaítear le hAirteagal 17 den Chairt, an ceart chun cómhargála agus caingne a chosnaítear le hAirteagal 26 den Chairt agus an ceart chun leighis bhreithiúnaigh éifeachtaigh agus trialach cora dá bhforáiltear in Airteagal 47 den Chairt. Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a bhaint amach go leormhaith agus, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. Níor cheart go rachfaí i gcion leis an Rialachán ar neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta mar a aithnítear in CFAE.
(36) Má chinneann an Coimisiún nach bhfuil na bearta ar tugadh fógra fúthu i gcomhréir le dlí an Aontais, féadfaidh sé cinneadh a eisiúint lena gceanglófar ar an mBallstát lena mbaineann an dréachtbheart ar tugadh fógra faoi a mhodhnú nó staonadh óna ghlacadh. Tá glacadh cinntí gan dochar do shainchumais an Choimisiúin mar chaomhnóir na gConarthaí, agus é de fhreagracht air a áirithiú go n-urramófar saorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine. Chun cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo a ráthú, ba cheart don Choimisiún freagairt éifeachtach a thabhairt ar sháruithe ar dhlí an Aontais trí imeachtaí um shárú.
Leasú 36 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 37
(37) Tá an tAontas tiomanta go hiomlán i gcónaí don dlúthpháirtíocht idirnáisiúnta agus tacaíonn sé go láidir leis an bprionsabal go ndéanfar aon bheart a mheastar is gá arna ghlacadh faoin Rialachán seo, lena n-áirítear na bearta sin is gá chun ganntanais chriticiúla a chosc nó chun faoiseamh a thabhairt ina leith, a chur chun feidhme ar bhealach atá spriocdhírithe, trédhearcach, comhréireach, sealadach agus comhsheasmhach le hoibleagáidí na hEagraíochta Domhanda Trádála.
(37) Chun a áirithiú go dtabharfar cúnamh do shaoránaigh, do thomhaltóirí, d’oibreoirí eacnamaíocha agus d’oibrithe agus dá n-ionadaithe i gcás éigeandála, tá sé tábhachtach pointí teagmhála aonair náisiúnta agus pointe teagmhála aonair ar leibhéal an Aontais a bhunú. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur féidir le haon duine dá ndéanann bearta náisiúnta freagartha ar ghéarchéimeanna difear faisnéis ábhartha a fháil ó na húdaráis inniúla, ar faisnéis í a sholáthrófar i dteanga shoiléir agus intuigthe, agus ar bhealach atá inrochtana go héasca do dhaoine faoi mhíchumas.
Leasú 37 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 38
(38) Cuimseofar i gcreat an Aontais gnéithe idir-réigiúnacha chun bearta comhtháite ilearnála trasteorann um fhaireachas agus freagairt éigeandála an Mhargaidh Aonair a bhunú, go háirithe agus na hacmhainní, an acmhainneacht agus na leochaileachtaí ar fud na réigiún comharsanachta, go háirithe na réigiúin teorann á gcur san áireamh.
(38) Lena áirithiú nach n-úsáidfear na bearta sonracha éigeandála de chuid an mhargaidh inmheánaigh dá bhforáiltear sa Rialachán seo ach amháin i gcás ina bhfuil sé sin fíor-riachtanach chun freagairt d’éigeandáil áirithe sa mhargadh inmheánach, ba cheart go gceanglófaí gníomhachtú aonair le bearta den sórt sin trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme ón gCoimisiún, ina léireofar na cúiseanna leis an ngníomhachtú sin agus na hearraí nó na seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime.
Leasú 38 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 39
(39) Rachaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, i gcomhairle nó i gcomhar, thar ceann an Aontais, le tríú tíortha ábhartha, agus aird ar leith á tabhairt ar thíortha i mbéal forbartha, chun réitigh chomhoibritheacha a lorg chun aghaidh a thabhairt ar shuaití sa slabhra soláthair, i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta. Beidh comhordú i bhfóraim idirnáisiúnta ábhartha i gceist leis sin, i gcás inarb iomchuí.
(39) Ina theannta sin, d’fhonn comhréireacht na ngníomhartha cur chun feidhme agus urraim chuí do ról na n-oibreoirí eacnamaíocha i mbainistiú géarchéime a áirithiú, níor cheart don Choimisiún dul i muinín bearta mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a ghníomhachtú ach amháin i gcás nach bhfuil oibreoirí eacnamaíocha ábalta réiteach a sholáthar ar bhonn deonach laistigh de thréimhse réasúnta. Ba cheart na cúiseanna leis an ngníomhachtú sin a léiriú i ngach gníomh, agus ba cheart gach gné ar leith de ghéarchéim a chur san áireamh.
Leasú 39 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 40
(40) Chun creat prótacal géarchéime a chur ar bun, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an creat rialála a leagtar amach sa Rialachán seo a fhorlíonadh trí na módúlachtaí maidir le comhar idir na Ballstáit agus údaráis an Aontais le linn mhodhanna faireachais agus éigeandála an Mhargaidh Aonair, malartú slán faisnéise agus malartú riosca agus cumarsáid i ndáil le géarchéimeanna a shonrú tuilleadh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go háirithe, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(40) Níor cheart don Choimisiún iarrataí ar fhaisnéis chuig oibreoirí eacnamaíocha a úsáid mar rogha dheireanach ach amháin i gcás nach féidir an fhaisnéis atá riachtanach chun freagairt go leordhóthanach d’éigeandáil an mhargaidh inmheánaigh a fháil ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí, amhail an fhaisnéis is gá le haghaidh soláthair ag an gCoimisiún thar ceann na mBallstát nó meastachán a dhéanamh ar acmhainneachtaí táirgeachta monaróirí earraí atá ábhartha i gcás géarchéime agus ar cuireadh isteach ar a slabhraí soláthair, nó mar thoradh ar fhaisnéis arna soláthar go deonach ar aon bhealach eile, i gcomhar leis an mBord agus leis na Ballstáit.
Leasú 40 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 41
(41) B’annamh a úsáideadh Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 ón gComhairle lena bhforáiltear i leith sásra maidir le plé déthaobhach faoi bhacainní ar fheidhmiú an Mhargaidh Aonair agus tá sé as dáta. Léiríodh ina mheastóireacht nach féidir leis na réitigh dá bhforáiltear leis an Rialachán sin freastal ar na réaltachtaí a bhaineann le géarchéimeanna casta, nach bhfuil teoranta do theagmhais a tharlaíonn ag teorainneacha dhá Bhallstát chomharsanachta. Ba cheart é a aisghairm dá bhrí sin.
(41) I gcás ina bhfuil rioscaí substaintiúla ann d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh nó i gcásanna ina bhfuil ganntanas mór earraí nó ina bhfuil éileamh thar a bheith ard ar earraí a bhfuil ríthábhacht ag baint leo, d’fhéadfadh sé go mbeadh bearta ar leibhéal an Aontais a bhfuil sé mar aidhm leo a áirithiú go mbeadh fáil ar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, amhail orduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo, fíor-riachtanach chun go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach ar an ngnáthbhealach arís.
Leasú 41 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 41 a (nua)
(41a) I gcás ina bhfuil ganntanas mór earraí nó seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime ar an margadh inmheánach le linn éigeandála sa mhargadh inmheánach, agus gur léir nach dtáirgeann na hoibreoirí eacnamaíocha a oibríonn ar an margadh inmheánach earraí den sórt sin, ach go mbeadh siad, i bprionsabal, ábalta athearraíocht a bhaint as a línte táirgeachta nó go mbeadh sé d’acmhainn leordhóthanach acu na hearraí nó na seirbhísí is gá a sholáthar, ba cheart go mbeadh an Coimisiún ábalta a mholadh do na Ballstáit mar rogha dheiridh bearta a dhéanamh chun cur le hacmhainneacht táirgeachta nó athrú cuspóra acmhainneacht táirgeachta na monaróirí nó cur le hacmhainneacht táirgeachta nó athrú cuspóra acmhainneacht soláthraithe seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a sholáthar a éascú nó a iarraidh. Agus é sin á dhéanamh aige, ba cheart don Choimisiún na Ballstáit a chur ar an eolas maidir le déine an ghanntanais agus maidir le cineál na n-earraí nó na seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a theastaíonn agus ba cheart dó tacaíocht agus comhairle a chur ar fáil maidir leis an tsolúbthacht in acquis an Aontais chun na gcríoch sin.
Leasú 42 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 41 b (nua)
(41b) Leis na bearta lena n-áirithítear solúbthacht rialála, bheadh an Coimisiún ábalta a mholadh do na Ballstáit dlús a chur leis na nósanna imeachta chun ceadanna a dheonú atá riachtanach chun feabhas a chur ar an acmhainneacht earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a tháirgeadh nó chun seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a sholáthar.
Leasú 43 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 41 c (nua)
(41c) Ina theannta sin, chun a áirithiú go mbeidh earraí atá ábhartha i gcás géarchéime ar fáil le linn éigeandáil an mhargaidh inmheánaigh, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na hoibreoirí eacnamaíocha a oibríonn slabhraí soláthair atá ábhartha i gcás géarchéime tosaíocht a thabhairt d’orduithe le haghaidh earraí atá ábhartha i gcás géarchéime nó d’orduithe le haghaidh ionchuir atá riachtanach chun earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a tháirgeadh. I gcás ina ndiúltódh oibreoir eacnamaíoch glacadh leis an iarraidh tosaíocht a thabhairt d’orduithe den sórt sin, in ainneoin fianaise oibiachtúil a bheith ann go bhfuil infhaighteacht earraí atá ábhartha i gcás géarchéime fíor-riachtanach, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann glacadh le horduithe áirithe, agus tús áite a thabhairt dóibh, agus beidh tosaíocht ag a gcomhlíonadh ansin ar aon oibleagáid eile faoin dlí príobháideach nó poiblí. I gcás nach nglacfar leis an iarraidh, ba cheart don oibreoir lena mbaineann cúiseanna dlisteanacha a thabhairt maidir leis an iarraidh a dhiúltú.
Leasú 44 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 41 d (nua)
(41d) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir cur chun feidhme an Rialacháin, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le bearta práinnfhreagartha sonracha a ghníomhachtú, eadhon orduithe tosaíochta, le linn éigeandáil an mhargaidh inmheánaigh, chun gur féidir mearfhreagairt chomhordaithe a thabhairt. Ba cheart an t-ordú a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis a chur ar phraghas cothrom agus réasúnta, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, cúiteamh iomchuí as na costais bhreise uile arna dtabhú ag an oibreoir eacnamaíoch, lena n-áirítear costais a eascraíonn, mar shampla, as conarthaí lasmuigh den Aontas nó as línte táirgeachta atá ag athrú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Leasú 45 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 41 e (nua)
(41e) Thairis sin, i gcás ina ndéanann ganntanais mhóra earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime difear do Bhallstát, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún a chur ar an eolas faoi sin agus na cainníochtaí is gá a chur in iúl. Ba cheart don Choimisiún an fhaisnéis a tharchur chuig na húdaráis inniúla uile agus comhordú fhreagairtí na mBallstát a chuíchóiriú. Lena áirithiú go mbeidh earraí atá ábhartha i gcás géarchéime ar fáil le linn éigeandála sa mhargadh inmheánach, féadfaidh an Coimisiún a mholadh go ndáilfidh na Ballstáit cúltacaí straitéiseacha, ag féachaint go cuí do phrionsabail na dlúthpháirtíochta, an riachtanais agus na comhréireachta.
Leasú 46 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 41 f (nua)
(41f) Chun cumhacht ceannaigh agus seasamh caibidlíochta an Choimisiúin a ghiaráil le linn mhodhanna faireachais agus éigeandála an mhargaidh inmheánaigh, ba cheart do na Ballstáit a bheith ábalta a iarraidh ar an gCoimisiún soláthar a dhéanamh thar a gceann. Tá sé ríthábhachtach freisin a áirithiú go ndéanfaidh na Ballstáit a gcuid gníomhaíochtaí a chomhordú le tacaíocht ón gCoimisiún agus ón mBord sula seolfar nósanna imeachta chun earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a sholáthar. Is croíphrionsabal de sholáthar poiblí éifeachtach í an trédhearcacht: feabhsaíonn sí an iomaíocht, méadaíonn sí an éifeachtúlacht agus cruthaíonn sí cothrom iomaíochta. Ba cheart Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas faoi nósanna imeachta a bhaineann le soláthairtí comhpháirteacha faoin Rialachán seo agus, arna iarraidh sin, ba cheart rochtain a thabhairt di ar chonarthaí arna dtabhairt i gcrích mar thoradh ar na nósanna imeachta sin, faoi réir cosaint leordhóthanach faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de, lena n-áirítear rúin ghnó.
Leasú 47 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 41 g (nua)
(41g) Is gá rialacha a leagan síos maidir le huirlisí digiteacha chun ullmhacht a áirithiú agus freagairt á tabhairt ar bhealach tráthúil agus éifeachtúil ar éigeandálaí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, chomh maith le feidhmiú leanúnach an mhargaidh inmheánaigh, saorchúrsaíocht earraí, seirbhísí agus daoine in aimsir géarchéime a ráthú agus fáil a ráthú do ghnólachtaí agus d’údaráis phoiblí ar earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime. Agus uirlisí den sórt sin á mbunú, ba cheart don Choimisiún féachaint le hidir-inoibritheacht a áirithiú le huirlisí digiteacha atá ann cheana, amhail Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI) chun dúbláil ceanglas agus aon ualach breise riaracháin a sheachaint. Ba cheart rialacha a leagan amach freisin sa Rialachán seo maidir le comhordú, comhar agus malartú leordhóthanach faisnéise, agus uirlisí digiteacha a bhunú leis chun feidhmiú lánaí gasta le haghaidh earraí agus seirbhísí criticiúla a ráthú, agus é mar aidhm leis dlús a chur le nósanna imeachta údaraithe, clárúcháin nó dearbhaithe. Thairis sin, chun rannpháirtíocht na ngníomhaithe eacnamaíocha uile a fheabhsú, go háirithe gnólachtaí agus an tsochaí shibhialta, ba cheart don Choimisiún ardán geallsealbhóirí a chur ar bun chun freagairt dheonach ar éigeandálaí sa mhargadh inmheánach a éascú agus a spreagadh.
Leasú 48 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 41 h (nua)
(41h) Leis an Rialachán seo urramaítear cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’). Go háirithe, urramaítear leis ceart chun príobháideachta na n-oibreoirí eacnamaíocha a chumhdaítear in Airteagal 7 den Chairt, an ceart chun cosaint sonraí a leagtar amach in Airteagal 8 den Chairt, an tsaoirse chun gnó a dhéanamh agus an tsaoirse chonarthach, a chosnaítear le hAirteagal 16 den Chairt, an ceart chun maoine, a chosnaítear le hAirteagal 17 den Chairt, an ceart chun cómhargála agus chun caingne, arna gcosaint le hAirteagal 28 den Chairt agus an ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach agus triail chóir a fháil dá bhforáiltear in Airteagal 47 den Chairt.
Leasú 49 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 41 i
(41i) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a bhaint amach go leormhaith agus, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.
Leasú 50 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 41 j (nua)
(41j) Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar éifeacht an Rialacháin seo agus tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, lena n-áirítear measúnú ar obair an Bhoird, tástálacha struis, prótacail oiliúna agus ghéarchéime, na critéir do ghníomhachtú an mhodha éigeandála chomh maith le húsáid uirlisí digiteacha. Thairis sin, ba cheart tuarascálacha a thíolacadh tar éis dhíghníomhachtú na modhanna éigeandála. Ba cheart go mbeadh meastóireacht sna tuarascálacha sin ar fheidhmiú an chórais práinnfhreagartha agus ar thionchar na mbeart éigeandála ar na cearta bunúsacha, eadhon ar an tsaoirse fiontraíochta, ar an tsaoirse chun fostaíocht a lorg agus chun obair a dhéanamh, agus ar an gceart chun cómhargála agus chun caingne, lena n-áirítear an ceart dul ar stailc. Níor cheart an Rialachán seo a léirmhíniú mar rialachán a théann i bhfeidhm ar an gceart cómhargála agus ar an gceart gníomhaíocht chomhchoiteann a dhéanamh i gcomhréir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), lena n-áirítear ceart na n-oibrithe agus na bhfostaithe gníomhaíocht chomhchoiteann a dhéanamh chun a leasanna a chosaint, lena n-áirítear dul ar stailc. Thairis sin, níor cheart go rachfaí i gcion leis an Rialachán ar neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta mar a aithnítear in CFAE.
Leasú 51 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 41 k (nua)
(41k) Ba cheart aon ghníomhaíochtaí faoin Rialachán seo a bheith comhsheasmhach le hoibleagáidí an Aontais faoin dlí idirnáisiúnta ábhartha. Tá an tAontas tiomanta go hiomlán i gcónaí don dlúthpháirtíocht idirnáisiúnta agus tacaíonn sé go láidir leis an bprionsabal go ndéanfar aon bheart a mheastar is gá arna ghlacadh faoin Rialachán seo, lena n-áirítear na bearta sin is gá chun ganntanais chriticiúla a chosc nó chun faoiseamh a thabhairt ina leith, a chur chun feidhme ar bhealach atá spriocdhírithe, trédhearcach, comhréireach, sealadach agus comhsheasmhach le hoibleagáidí na hEagraíochta Domhanda Trádála.
Leasú 52 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 41 l (nua)
(41l) Ba cheart go gcuimseofaí i gcreat an Aontais gnéithe idir-réigiúnacha chun bearta comhleanúnacha ilearnála faireachais trasteorann agus práinnfhreagartha an mhargaidh inmheánaigh a bhunú, go háirithe agus na hacmhainní, an acmhainneacht agus na leochaileachtaí ar fud na réigiún comharsanachta, go sonrach na réigiúin teorann, á gcur san áireamh.
Leasú 53 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 41 m (nua)
(41m) Chun creat prótacal géarchéime a chur ar bun, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na módúlachtaí maidir le comhar idir na Ballstáit agus údaráis an Aontais le linn mhodhanna faireachais agus éigeandála an mhargaidh inmheánaigh, chomh maith le módúlachtaí an mhalartaithe shláin faisnéise agus an riosca agus na cumarsáide i ndáil le géarchéimeanna a shonrú tuilleadh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go háirithe, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
Leasú 54 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 41 n (nua)
(41n) Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 ón gComhairle do shásra maidir le plé déthaobhach agus fógraí faoi bhacainní ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Chun dúbláil ceanglas maidir le fógra a thabhairt le linn géarchéimeanna a sheachaint, ba cheart, dá bhrí sin, an Rialachán sin a leasú dá réir. Níor cheart go ndéanfadh Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 difear ar bith d’fheidhmiú na gceart bunúsach mar a athnaítear ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear an ceart nó an tsaoirse chun dul ar stailc nó gníomh eile a dhéanamh a chumhdaítear leis na córais shonracha caidrimh thionsclaíoch atá sna Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Ba cheart go mbeadh sé gan dochar freisin don cheart chun comhaontuithe comhchoiteanna a chaibidliú, a thabhairt i gcrích ná a fhorfheidhmiú nó chun gníomhaíocht chomhchoiteann a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
1. Bunaítear leis an Rialachán seo creat beart chuntionchair géarchéimeanna ar an Margadh Aonair a réamh-mheas, ullmhú dóibh agus freagairt dóibh, chun saorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine a chosaintagus chun infhaighteacht earraí agus seirbhísí lena mbaineann tábhacht straitéiseach agus earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime sa Mhargadh Aonair a áirithiú.
1. Is é is aidhm don Rialachán seo rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh trí chreat rialacha comhchuibhithe a leagan amach chun a athléimneacht a neartú, chun géarchéimeanna a réamh-mheas agus a sheachaint go héifeachtach, chun freagairt éifeachtach ar ghéarchéimeanna a áirithiú agus chun saorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine a éascú.
2. Áirítear leis na bearta dá dtagraítear i mír 1:
scriosta
(a) grúpa comhairleach chun comhairle a thabhairt don Choimisiún maidir leis na bearta iomchuí chun tionchar géarchéime ar an Margadh Aonair a réamh-mheas, a chosc nó freagairt dóibh;
(b) bearta chun an fhaisnéis ábhartha a fháil, a roinnt agus a mhalartú;
(c) bearta teagmhasacha atá dírithe ar réamh-mheas agus ar phleanáil;
(d) bearta chun aghaidh a thabhairt ar thionchair teagmhas suntasach de chuid an Mhargaidh Aonair nach raibh éigeandáil sa Mhargadh Aonair mar thoradh uirthi go fóill (faireachas sa Mhargadh Aonair), lena n-áirítear sraith beart faireachais agus
(e) bearta chun aghaidh a thabhairt ar éigeandálaí an Mhargaidh Aonair, lena n-áirítear sraith de bhearta práinnfhreagartha.
3. Déanfaidh na Ballstáit faisnéis ar gach ábhar a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a mhalartú go rialta eatarthu féin agus leis an gCoimisiún.
4. Féadfaidh an Coimisiún aon eolas speisialaithe agus/nó eolaíoch ábhartha a fháil, ar eolas é atá riachtanach chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm.
scriosta
Leasú 59 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 2 – teideal
1. Tá feidhm ag na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo maidir le tionchair shuntasacha géarchéime ar fheidhmiú an Mhargaidh Aonair agus a shlabhraí soláthair.
1. Tá feidhm ag na bearta a leagtar amach sa Rialachán sin maidir le tionchair shuntasacha géarchéime ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, gan dochar do chearta bunúsacha, lena n-áirítear an tsaoirse fiontraíochta, mar a leagtar síos i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
Leasú 61 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 2 – mír 2 – pointe a
(a) táirgí íocshláinte dá sainítear in Airteagal 2, mír 2 de Threoir 2001/83/CE;
(a) táirgí íocshláinte mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe 2 de Threoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
Leasú 62 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 2 – mír 2 – pointe c
(c) frithbhearta leighis eile arna sainiú i bpointe (8) d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) …/… maidir le Bagairtí Tromchúiseacha Trasteorann ar Shláinte [Rialachán SCBTH]44agus a chuimsítear sa liosta a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 6 (1) den togra le haghaidh] Rialachán (AE )…/… ón gComhairle maidir le creat beart chun soláthar frithbheart leighis atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú45;
(c) frithbhearta leighis eile mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (10), de Rialachán (AE) 2022/2371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle45;
__________________
__________________
44[tagairt don Acht glactha le cur isteach a luaithe a bheidh sí ar fáil]
45[tagairt don Acht glactha le cur isteach a luaithe a bheidh sí ar fáil]
45Rialachán (AE) 2022/2371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 maidir le bagairtí trasteorann tromchúiseacha ar an tsláinte agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE (IO L 314, 6.12.2022, lch. 26.).
Leasú 63 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 2 – mír 2 – pointe f
(f) seirbhísí airgeadais amhail baincéireacht, creidmheas, árachas agus athárachas, pinsin cheirde nó phearsanta, urrúis, cistí infheistíochta, comhairle íocaíochta agus infheistíochta, lena n-áirítear na seirbhísí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36, chomh maith le gníomhaíochtaí socraíochta agus imréitigh agus seirbhísí comhairleacha, idirghabhála agus cúnta airgeadais eile.
(f) seirbhísí airgeadais amhail baincéireacht, creidmheas, árachas agus athárachas, pinsin cheirde nó phearsanta, urrúis, cistí infheistíochta, comhairle íocaíochta agus infheistíochta, lena n-áirítear na seirbhísí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE, chomh maith le gníomhaíochtaí socraíochta agus imréitigh agus seirbhísí comhairleacha, idirghabhála agus cúnta airgeadais eile.
3. De mhaolú ar mhír 2, beidh feidhm ag pointí (a), (b) agus (c), Airteagail 16 go 20 agus Airteagal 41 den Rialachán seo maidir leis na táirgí dá dtagraítear sna pointí sin.
3. De mhaolú ar mhír 2, beidh feidhm ag pointí (a), (b) agus (c), Airteagail 16 go 20 agus Airteagail 41 go 41c maidir leis na táirgí dá dtagraítear sna pointí sin.
Leasú 65 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 2 – mír 3 a (nua)
3a. Tá an Rialachán seo gan dochar do na socruithe Comhtháite maidir le Freagairt Pholaitiúil ar Ghéarchéimeanna a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1993 ón gComhairle.
5. Tá an Rialachán seo gan dochar do rialacha iomaíochta an Aontais (Airteagail 101 go 109 CFAE agus rialacháin cur chun feidhme), lena n-áirítear rialacha in aghaidh trustaí, rialacha cumaisc agus rialacha maidir le Státchabhair.
5. Tá an Rialachán seo gan dochar do rialacha iomaíochta an Aontais, lena n-áirítear rialacha in aghaidh trustaí, rialacha cumaisc agus rialacha maidir le Státchabhair.
Leasú 67 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 2 – mír 6 – an chuid réamhráiteach
6. Tá Rialachán seo gan dochar don Choimisiún:
6. Tá an Rialachán seo gan dochar do dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, go háirithe Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 agus Treoir 2002/58/CE.
Leasú 68 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 2 – mír 6 – pointe a
(a) dul isteach, i gcomhairliúcháin nó i gcomhar, thar ceann an Aontais, le tríú tíortha ábhartha, agus aird ar leith á tabhairt ar thíortha i mbéal forbartha, chun réitigh chomhoibritheacha a lorg chun suaití sa slabhra soláthair a sheachaint, i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta. D’fhéadfadh comhordú i bhfóraim idirnáisiúnta ábhartha a bheith i gceist leis sin, i gcás inarb iomchuí; nó
scriosta
Leasú 69 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 2 – mír 6 – pointe b
(b) measúnú a dhéanamh an iomchuí é srianta a fhorchur ar onnmhairiú earraí i gcomhréir le cearta agus oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais faoi Rialachán (AE) 2015/479 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle48.
scriosta
__________________
48IO L 83, 27.3.2015, lch. 34.
Leasú 70 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 2 – mír 6 a (nua)
6a. Leis an Rialachán seo, ní dhéanfar aon difear d’fheidhmiú na gceart bunúsach mar a aithníonn na Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear an ceart dul ar stailc nó chun caingean eile a ghlacadh a chumhdaítear leis na córais shonracha caidrimh thionsclaíoch atá sna Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta. Níor cheart go ndéanfaí difear leis ach an oiread don cheart chun comhaontuithe comhchoiteanna a chaibidliú, a thabhairt i gcrích agus a fhorfheidhmiú nó chun gníomhaíocht chomhchoiteann a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta.
8. Tá an Rialachán seo gan dochar do fhreagracht na mBallstát as an tslándáil náisiúnta a chosaint nó dá gcumhacht feidhmeanna bunúsacha stáit a chosaint, lena n-áirítear iomláine chríochach an Stáit a áirithiú agus an t-ord poiblí a chaomhnú.
(1) ciallaíonn ‘géarchéim’ teagmhas eisceachtúil gan choinne, tobann, nádúrtha nó de dhéantús an duine de chineál agus de scála neamhghnách a tharlaíonn laistigh nó lasmuigh den Aontas;
(1) ciallaíonn ‘géarchéim’ teagmhas eisceachtúil nádúrtha nó de dhéantús an duine de chineál agus de scála neamhghnách a tharlaíonn laistigh nó lasmuigh den Aontas, agus a mbíonn tionchar díobhálach aige ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí nó daoine sa mhargadh inmheánach;
(2) ciallaíonn ‘modh faireachais an Mhargaidh Aonair’ creat chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol go gcuirfí isteach go mór ar sholáthar earraí agus seirbhísí lena mbaineann tábhacht straitéiseach agus a bhféadfadh éigeandáil sa Mhargadh Aonair laistigh den chéad 6 mhí eile a bheith mar thoradh air;
(2) ‘ciallaíonn ‘modh faireachais an Mhargaidh inmheánaigh’ creat chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol go dtarlódh géarchéim a gcuirfí isteach go mór dá bharr ar sholáthar earraí agus seirbhísí ríthábhachtacha agus a bhféadfadh éigeandáil sa Mhargadh inmheánach laistigh den chéad 6 mhí eile a bheith mar thoradh air;
(3) ciallaíonn ‘éigeandáil sa Mhargadh Aonair’ tionchar forleathan géarchéime ar an Margadh Aonair a chuireann isteach go mór ar shaorghluaiseacht an Mhargaidh Aonair nó ar fheidhmiú na slabhraí soláthair atá fíor-riachtanach chun gníomhaíochtaí ríthábhachtacha sochaíocha nó eacnamaíocha sa Mhargadh Aonair a choinneáil ar bun;
(3) ciallaíonn ‘modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh’ creat chun aghaidh a thabhairt ar thionchar suntasach forleathan géarchéime ar an margadh inmheánach a chuireann isteach go mór ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí nó daoine, nó ar fheidhmiú na slabhraí soláthair atá fíor-riachtanach chun gníomhaíochtaí ríthábhachtacha sochaíocha nó eacnamaíocha sa Mhargadh inmheánach a choinneáil ar bun;
(4) ciallaíonn ‘limistéir a bhfuil tábhacht straitéiseach leo’ na limistéir sin a bhfuil tábhacht chriticiúil ag baint leo don Aontas agus dá Bhallstáit, is é sin le rá go bhfuil siad ríthábhachtach ó thaobh na slándála poiblí, na sábháilteachta poiblí, an oird phoiblí nó na sláinte poiblí de, agus a mbeadh tionchar suntasach ag a gcur isteach, a gcliseadh, a gcaillteanas nó a scriosadh ar fheidhmiú an Mhargaidh Aonair;
(4) ciallaíonn ‘réimsí ríthábhachtacha’ réimsí atá ríthábhachtach don Aontas agus dá Bhallstáit, agus lena mbaineann ríthábhacht agus tábhacht chórasach ó thaobh na slándála poiblí, na sábháilteachta poiblí, an oird phoiblí, na sláinte poiblí nó an chomhshaoil de, agus a mbeadh tionchar suntasach ag a gcur isteach, a gcliseadh, a gcaillteanas nó a scriosadh ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh go háirithe saorghluaiseacht earraí, seirbhísí nó daoine;
(5) ciallaíonn ‘earraí agus seirbhísí lena mbaineann tábhacht straitéiseach’ earraí agus seirbhísí atá fíor-riachtanach chun feidhmiú an Mhargaidh Aonair a áirithiú i réimsí a bhfuil tábhacht straitéiseach leo agus nach féidir iad a ionadú ná a éagsúlú;
(5) ciallaíonn ‘earraí, seirbhísí agus oibrithe ríthábhachtacha’ earraí, seirbhísí agus catagóirí oibrithe atá fíor-riachtanach chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú i réimsí ríthábhachtacha agus nach féidir iad a ionadú ná, i gcás inarb ábhartha, a éagsúlú;
(6) ciallaíonn ‘earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime’ earraí agus seirbhísí atá fíor-riachtanach chun freagairt don ghéarchéim nó chun aghaidh a thabhairt ar thionchair na géarchéime ar an Margadh Aonair le linn éigeandála sa Mhargadh Aonair;
(6) ciallaíonn ‘earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime’ earraí agus seirbhísí atá fíor-riachtanach chun freagairt don ghéarchéim nó chun aghaidh a thabhairt ar thionchair na géarchéime ar an margadh inmheánach le linn éigeandáil sa mhargadh inmheánach;
(7) ciallaíonn ‘cúltacaí straitéiseacha’ stoc earraí a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leis agus a bhféadfadh sé go mbeadh gá le cúltaca a fhorbairt ina leith chun ullmhú d’éigeandáil sa Mhargadh Aonair, faoi rialú Ballstáit.
(7) ciallaíonn ‘cúltacaí straitéiseacha’ stoc earraí ríthábhachtacha atá faoi rialú Ballstáit agus a bhféadfadh sé go mbeadh gá le cúltaca a fhorbairt ina leith chun ullmhú d’éigeandáil sa mhargadh inmheánach.
Leasú 80 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 4 – teideal
Grúpa comhairleach
An Bord um Chásanna Éigeandála agus Athléimneacht an Mhargaidh Inmheánaigh
2. Beidh an grúpa comhairleach comhdhéanta d’ionadaí amháin ó gach Ballstát. Ainmneoidh gach Ballstát ionadaí agus ionadaí malartach.
2. Beidh an Bord comhdhéanta d’ionadaí amháin ó gach Ballstát agus saineolaí amháin arna gceapadh ag Parlaimint na hEorpa. Ainmneoidh gach Ballstát ionadaí agus ionadaí malartach.
3. Déanfaidh an Coimisiún cathaoirleacht ar an ngrúpa comhairleach agus áiritheoidh sé a rúnaíocht. Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar ionadaí ar Pharlaimint na hEorpa, ar ionadaithe ar Stáit CSTE ar páirtithe conarthacha sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch49iad, ar ionadaithe ar oibreoirí eacnamaíocha iad, ar eagraíochtaí páirtithe leasmhara iad, ar pháirtithe sóisialta agus ar shaineolaithe iad, freastal ar chruinnithe an ghrúpa chomhairligh mar bhreathnóirí. Tabharfaidh sé cuireadh d’ionadaithe comhlachtaí eile atá ábhartha i gcás géarchéime ar leibhéal an Aontais mar bhreathnóirí chuig cruinnithe ábhartha an ghrúpa chomhairligh.
3. Déanfaidh an Coimisiún cathaoirleacht ar an mBord agus cuirfidh sé a rúnaíocht ar fáil. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún foghrúpaí buana nó sealadacha den Bhord a bhunú chun ceisteanna sonracha a scrúdú.
__________________
49IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.
Leasú 84 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 4 – mír 3 a (nua)
3a. Iarrfaidh an Coimisiún ar ionadaithe comhlachtaí eile atá ábhartha i gcás géarchéime ar leibhéal an Aontais mar bhreathnóirí teacht chuig cruinnithe ábhartha an Bhoird, chomh maith le hionadaithe ó thríú tíortha nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, i gcomhréir le comhaontuithe déthaobhacha nó idirnáisiúnta. I gcás inarb ábhartha, iarrfaidh an Coimisiún ar eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar na páirtithe leasmhara freisin, go háirithe ionadaithe oibreoirí eacnamaíocha, eagraíochtaí páirtithe leasmhara agus comhpháirtithe sóisialta, freastal ar chruinnithe an Bhoird mar bhreathnóirí. Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar shaineolaithe a bhfuil inniúlacht shonrach acu in ábhar atá ábhartha i gcás géarchéime a bheith rannpháirteach in obair an Bhoird ar bhonn ad hoc.
Leasú 85 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 4 – mír 3 b (nua)
3b. Féadfaidh an Bord tuairimí, moltaí nó tuarascálacha a ghlacadh, a chuirfear ar fáil go poiblí, gan dochar do shonraí pearsanta ná do rúin trádála. Tabharfaidh an Coimisiún lánaird ar thuairimí, ar mholtaí nó ar thuarascálacha an Bhoird ar bhealach trédhearcach.
Leasú 86 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 4 – mír 4 – an chuid réamhráiteach
4. Chun críche pleanála teagmhais faoi Airteagal 6 go hAirteagal 8, tabharfaidh an grúpa comhairleach cúnamh agus comhairle don Choimisiún a mhéid a bhaineann leis na cúraimí seo a leanas:
4. Chun athléimneacht an mhargaidh inmheánaigh a neartú, chun críche pleanála teagmhais faoi Airteagail 6 go hAirteagal 8, tabharfaidh an Bord cúnamh agus comhairle don Choimisiún a mhéid a bhaineann leis na cúraimí seo a leanas:
Leasú 87 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 4 – mír 4 – pointe a
(a) socruithe a mholadh maidir le comhar riaracháin idir an Coimisiún agus na Ballstáit tráth mhodhanna faireachais agus éigeandála an Mhargaidh Aonair a bheadh sna prótacail ghéarchéime;
(a) socruithe a mholadh maidir le comhar riaracháin idir an Coimisiún agus na Ballstáit tráth mhodhanna faireachais agus éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a bheadh sna prótacail ghéarchéime dá dtagraítear in Airteagal 6;
Leasú 88 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 4 – mír 4 – pointe b
(b) measúnú a dhéanamh ar theagmhais shuntasacha ar chuir na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas ina leith.
(b) measúnú a dhéanamh ar theagmhais ar chuir na Ballstáit nó páirtithe leasmhara ábhartha eile an Coimisiún ar an eolas ina leith i gcomhréir le hAirteagal 8 agus ar a dtionchar ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine, lena n-áirítear oibrithe;
Leasú 89 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 4 –mír 4 – pointe b a (nua)
(ba) a mholadh do na Ballstáit cúltaca earraí criticiúla a thógáil chun ullmhú d’éigeandáil sa mhargadh inmheánach, agus dóchúlacht agus tionchar na nganntanas á gcur san áireamh;
Leasú 90 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 4 – mír 4 – pointe b b (nua)
(bb) fadbhreathnaitheacht a bhailiú ar an bhféidearthacht go dtarlódh géarchéim, anailís ar shonraí a dhéanamh agus faisnéis mhargaidh a chur ar fáil;
Leasú 91 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 4 – mír 4 – pointe b c (nua)
(bc) dul i gcomhairle le hionadaithe oibreoirí eacnamaíocha, lena n-áirítear FBManna, agus le heagraíochtaí ionadaíocha, chomh maith le comhpháirtithe sóisialta, i gcás inarb ábhartha, chun faisnéis mhargaidh a bhailiú;
Leasú 92 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 4 – mír 4 – pointe b d (nua)
(bd) anailís a dhéanamh ar shonraí comhiomlánaithe arna bhfáil ag comhlachtaí eile atá ábhartha i gcás géarchéime ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal idirnáisiúnta;
Leasú 93 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 4 b – mír 4 – pointe b e (nua)
(be) stór beart géarchéime náisiúnta agus Aontais a choinneáil, ar bearta iad a úsáideadh i ngéarchéimeanna roimhe seo agus a raibh tionchar acu ar an margadh inmheánach agus ar a shlabhraí soláthair;
Leasú 94 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 4 – mír 4 – pointe b f (nua)
(bf) bearta a dhéanamh chun athléimneacht an mhargaidh inmheánaigh a neartú i gcomhréir leis an Rialachán seo, amhail oiliúint agus ionsamhlúcháin a eagrú, agus oibreoirí eacnamaíocha agus slabhraí soláthair ábhartha a shainaithint mar chuid de thástálacha struis.
Leasú 95 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 4 – mír 5 – an chuid réamhráiteach
5. Chun críche chur i bhfeidhm mhodh faireachais an Mhargaidh Aonair dá dtagraítear in Airteagal 9, cuideoidh an grúpa comhairleach leis an gCoimisiún na cúraimí seo a leanas a dhéanamh:
5. Chun críche mhodh faireachais an mhargaidh inmheánaigh dá dtagraítear in Airteagal 9, tabharfaidh an Bord cúnamh don Choimisiún maidir leis na cúraimí seo a leanas:
Leasú 96 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 4 – mír 5 – pointe a
(a) a dheimhniú an bhfuil an bhagairt dá dtagraítear in Airteagal 3(2) ann, agus raon feidhme na bagartha sin;
(a) a dheimhniú an bhfuil na critéir ann do ghníomhachtú nó díghníomhachtú an mhodha faireachais agus go háirithe an bhagairt dá dtagraítear in Airteagal 3(2), agus raon feidhme na bagartha sin;
Leasú 97 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 4 – mír 5 – pointe b
(b) fadbhreathnaitheacht, anailís sonraí agus faisnéis mhargaidh a bhailiú;
scriosta
Leasú 98 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 4 – mír 5 – pointe c
(c) dul i gcomhairle le hionadaithe na n-oibreoirí eacnamaíocha, lena n-áirítear FBManna, agus le lucht tionscail chun faisnéis faoin margadh a bhailiú;
scriosta
Leasú 99 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 4 – mír 5 – pointe d
(d) anailís a dhéanamh ar shonraí comhiomlánaithe arna bhfáil ag comhlachtaí eile atá ábhartha i gcás géarchéime ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta;
scriosta
Leasú 100 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 4 – mír 5 – pointe e
(e) malartuithe agus comhroinnt faisnéise a éascú, lena n-áirítear le comhlachtaí ábhartha eile agus le comhlachtaí eile atá ábhartha i gcás géarchéime ar leibhéal an Aontais, chomh maith le tríú tíortha eile, de réir mar is iomchuí, agus aird ar leith á tabhairt ar thíortha atá i mbéal forbartha agus ar eagraíochtaí idirnáisiúnta;
(e) malartuithe agus comhroinnt faisnéise a éascú, lena n-áirítear le comhlachtaí ábhartha eile agus le comhlachtaí eile atá ábhartha i gcás géarchéime ar leibhéal an Aontais, chomh maith le tríú tíortha eile, de réir mar is iomchuí, agus aird ar leith á tabhairt ar thíortha atá i mbéal forbartha agus ar eagraíochtaí idirnáisiúnta;
Leasú 101 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 4 – mír 5 – pointe f
(f) stór a choinneáil de bhearta géarchéime náisiúnta agus de bhearta an Aontais a úsáideadh i ngéarchéimeanna roimhe seo a raibh tionchar acu ar an Margadh Aonair agus ar a shlabhraí soláthair
scriosta
Leasú 102 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 4 – mír 6 – an chuid réamhráiteach
6. Chun críche chur i bhfeidhm mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair dá dtagraítear in Airteagal 14, cuideoidh an grúpa comhairleach leis an gCoimisiún na cúraimí seo a leanas a dhéanamh:
6. Chun críoch mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh dá dtagraítear in Airteagal 14, tabharfaidh an Bord cúnamh don Choimisiún maidir leis na cúraimí seo a leanas:
Leasú 103 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 4 – mír 6 – pointe b
(b) a dheimhniú ar comhlíonadh na critéir maidir leis an modh éigeandála a ghníomhachtú nó a dhíghníomhachtú;
(b) a dheimhniú an bhfuil na critéir maidir leis an modh éigeandála a ghníomhachtú nó a dhíghníomhachtú comhlíonta, bunaithe ar fhianaise leordhóthanach iontaofa;
Leasú 104 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 4 – mír 6 – pointe c
(c) comhairle a chur ar fáil maidir le cur chun feidhme na mbeart a roghnaítear chun freagairt d’éigeandáil an Mhargaidh Aonair ar leibhéal an Aontais;
(c) comhairle a chur ar fáil maidir le cur chun feidhme na mbeart a roghnaítear chun freagairt d’éigeandáil an mhargaidh inmheánaigh ar leibhéal an Aontais;
Leasú 105 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 4 – mír 6 – pointe e
(e) malartuithe agus comhroinnt faisnéise a éascú, lena n-áirítear le comhlachtaí eile atá ábhartha i gcás géarchéime ar leibhéal an Aontais, chomh maith le tríú tíortha eile, de réir mar is iomchuí, agus aird ar leith á tabhairt ar thíortha atá i mbéal forbartha agus ar eagraíochtaí idirnáisiúnta.
(e) malartuithe agus comhroinnt faisnéise a éascú, lena n-áirítear le comhlachtaí eile atá ábhartha i gcás géarchéime ar leibhéal an Aontais, chomh maith le tríú tíortha eile, de réir mar is iomchuí, agus aird ar leith á tabhairt ar bhaill de CSTE, ar thíortha is iarrthóirí agus ar thíortha i mbéal forbartha, agus ar eagraíochtaí idirnáisiúnta.
7. Áiritheoidh an Coimisiún rannpháirtíocht gach comhlachta ar leibhéal an Aontais i gcás a ngéarchéime faoi seach. Comhoibreoidh agus comhordóidh an grúpa comhairleach go dlúth, i gcás inarb iomchuí, le comhlachtaí ábhartha eile i gcás géarchéime ar leibhéal an Aontais. Áiritheoidh an Coimisiún comhordú leis na bearta a chuirfear chun feidhme trí shásraí eile de chuid an Aontais, amhail an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (UCPM) nó Creat Slándála Sláinte an Aontais Eorpaigh. Áiritheoidh an grúpa comhairleach go ndéanfar faisnéis a mhalartú leis an Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha faoi UCPM.
7. Áiritheoidh an Coimisiún rannpháirtíocht Pharlaimint na hEorpa agus rannpháirtíocht gach comhlachta ar leibhéal an Aontais atá ábhartha don ghéarchéim faoi seach. Áiritheoidh an Coimisiún, go háirithe, go mbeidh rochtain chomhionann ar an bhfaisnéis uile, ionas go bhfaighidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna. Comhoibreoidh agus comhordóidh an Bord go dlúth, i gcás inarb iomchuí, le comhlachtaí eile atá ábhartha i gcás géarchéime ar leibhéal an Aontais. Áiritheoidh an Coimisiún comhordú leis na bearta a chuirfear chun feidhme trí shásraí eile de chuid an Aontais, amhail an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (UCPM), Creat Slándála Sláinte an Aontais Eorpaigh, nó an sásra faoin nGníomh Eorpach um Shliseanna. Áiritheoidh an Bord go ndéanfar faisnéis a mhalartú leis an Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha faoi UCPM.
8. Tiocfaidh an grúpa comhairleach le chéile trí huaire sa bhliain ar a laghad. Ag a chéad chruinniú, ar thogra ón gCoimisiún agus le comhaontú ón gCoimisiún, glacfaidh an grúpa comhairleach a rialacha nós imeachta.
8. Tiocfaidh an Bord le chéile trí huaire sa bhliain ar a laghad. Ag a chéad chruinniú, glacfaidh an Bord a rialacha nós imeachta.
Leasú 108 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 4 – mír 8 a (nua)
8a. Déanfaidh an Bord, i gcomhar leis an gCoimisiún, a thuarascáil ar ghníomhaíochtaí a ghlacadh gach bliain agus í a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.
9. Féadfaidh an grúpa comhairleach tuairimí, moltaí nó tuarascálacha a ghlacadh i gcomhthéacs a chúraimí a leagtar amach i mír 4 go mír 6.
scriosta
Leasú 110 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 4 a (nua)
Airteagal 4a
Idirphlé maidir le Cásanna Éigeandála agus Athléimneacht
1. Chun idirphlé idir institiúidí an Aontais a fheabhsú, go háirithe idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, agus chun tuilleadh trédhearcachta agus cuntasachta a áirithiú, féadfaidh Parlaimint na hEorpa a iarraidh ar an saineolaí atá ceaptha aici agus ar an gCoimisiún na hábhair seo a leanas a phlé:
(a) tuairimí, moltaí agus tuarascálacha arna nglacadh ag an mBord;
(b) toradh na dtástálacha struis;
(c) gníomhachtú an mhodha faireachais, fadú agus díghníomhachtú an mhodha sin, agus aon bheart arna ghlacadh de bhun Chuid III;
(d) gníomhachtú an mhodha éigeandála, fadú agus díghníomhachtú an mhodha sin, agus aon bheart arna ghlacadh de bhun Chuid IV;
(e) aon bheart lena gcuirtear srian ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus oibrithe;
2. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa a iarraidh ar ionadaithe na mBallstát páirt a ghlacadh san idirphlé dá dtagraítear i mír 1.
1. Ainmneoidh na Ballstáit oifigí idirchaidrimh lárnacha a bheidh freagrach as teagmhálacha, as comhordú agus as malartú faisnéise le hoifigí idirchaidrimh lárnacha Ballstát eile agus le hoifigí idirchaidrimh lárnacha ar leibhéal an Aontais faoin Rialachán seo. Déanfaidh na hoifigí idirchaidrimh sin na hionchuir ó údaráis inniúla náisiúnta ábhartha a chomhordú agus a thiomsú.
1. Ainmneoidh na Ballstáit oifigí idirchaidrimh lárnacha a bheidh freagrach as teagmhálaithe, as comhordú agus as malartú faisnéise le hoifigí idirchaidrimh lárnacha na mBallstát eile agus leis an oifig idirchaidrimh lárnach ar leibhéal an Aontais faoin Rialachán seo. Déanfaidh na hoifigí idirchaidrimh sin na hionchuir ó údaráis inniúla náisiúnta ábhartha a chomhordú agus a thiomsú, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil. Déanfaidh na hoifigí idirchaidrimh sin an fhaisnéis uile atá ábhartha i gcás géarchéime a tharchur chuig na pointí teagmhála náisiúnta aonair dá dtagraítear in Airteagal 21, i bhfíor-am nuair is féidir.
2. Ainmneoidh an Coimisiún oifig idirchaidrimh lárnach ar leibhéal an Aontais le haghaidh teagmhálacha le hoifigí idirchaidrimh lárnacha na mBallstát le linn mhodhanna faireachais agus éigeandála an Mhargaidh Aonair faoin Rialachán seo. Áiritheoidh an phríomhoifig idirchaidrimh ar leibhéal an Aontais go ndéanfar comhordú agus malartú faisnéise le hoifigí lárnacha idirchaidrimh na mBallstát chun modhanna faireachais agus éigeandála an Mhargaidh Aonair agus a bhainistiú.
2. Ainmneoidh an Coimisiún oifig idirchaidrimh lárnach ar leibhéal an Aontais le haghaidh teagmháil le hoifigí idirchaidrimh lárnacha na mBallstát le linn mhodhanna faireachais agus éigeandála an mhargaidh inmheánaigh faoin Rialachán seo, agus i gcás inarb infheidhme, le comhlachtaí eile ar leibhéal an Aontais atá ábhartha don ghéarchéim faoi seach. Áiritheoidh an oifig idirchaidrimh lárnach ar leibhéal an Aontais go ndéanfar comhordú agus malartú faisnéise le hoifigí lárnacha idirchaidrimh na mBallstát chun modhanna faireachais agus éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a bhainistiú, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le faisnéis atá ábhartha i gcás géarchéime, a bheidh le cur ar fáil go poiblí de bhun Airteagal 41.
Leasú 113 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 6 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
1. Agus tuairim an ghrúpa chomhairligh agus ionchur comhlachtaí ábhartha ar leibhéal an Aontais á cur san áireamh ag an gCoimisiún, tugtar de chumhacht dó, i ndiaidh dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit, gníomh tarmligthe a ghlacadh chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le creat lena leagtar amach prótacail ghéarchéime maidir le comhar i gcás géarchéime, le malartú faisnéise agus le cumarsáid i gcás géarchéimeanna i dtaca le modhanna faireachais agus éigeandála an Mhargaidh Aonair, go háirithe an méid seo a leanas:
1. Agus tuairim an Bhoird agus ionchur comhlachtaí ábhartha ar leibhéal an Aontais á gcur san áireamh go cuí ag an gCoimisiún, i ndiaidh dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit, tugtar de chumhacht dó gníomh tarmligthe a ghlacadh chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le creat ginearálta lena leagtar amach prótacail ghéarchéime maidir le hullmhacht i gcomhair géarchéime, le comhar, le malartú faisnéise agus le cumarsáid i gcás géarchéimeanna i dtaca le modhanna faireachais agus éigeandála an mhargaidh inmheánaigh, agus go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:
Leasú 114 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 6 – mír 1 – pointe a
(a) comhar idir údaráis inniúla ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais maidir le modhanna faireachais agus éigeandála an Mhargaidh Aonair agus modhanna éigeandála ar fud earnálacha an Mhargaidh Aonair a bhainistiú;
(a) comhar idir údaráis inniúla náisiúnta, lena n-áirítear iad siúd ar leibhéal áitiúil agus réigiúnach, agus údaráis inniúla ar leibhéal an Aontais maidir le bainistiú mhodhanna faireachais agus éigeandála an mhargaidh inmheánaigh;
Leasú 115 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 6 – mír 1 – pointe c
(c) cur chuige comhordaithe maidir le cumarsáid riosca agus géarchéime freisin i leith phobail agus ról comhordaithe don Choimisiún;
(c) cur chuige comhordaithe maidir le cumarsáid ghéarchéime freisin tríd an bpobal agus páirtithe leasmhara ábhartha, lena n-áirítear oibreoirí eacnamaíocha, agus ról comhordaithe don Choimisiún.
Leasú 116 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 6 – mír 1 – pointe d
(d) bainistíocht an chreata.
scriosta
Leasú 117 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 6 – mír 2 – pointe a
(a) fardal údarás inniúil náisiúnta ábhartha, na hoifigí idirchaidrimh lárnacha arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 5 agus pointí teagmhála aonair dá dtagraítear in Airteagal 21, a sonraí teagmhála, a róil agus a bhfreagrachtaí sannta le linn mhodhanna faireachais agus éigeandála an Rialacháin seo faoin dlí náisiúnta;
(a) fardal údarás inniúil náisiúnta, na n-oifigí idirchaidrimh lárnacha arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 5 agus na bpointí teagmhála aonair dá dtagraítear in Airteagal 21, a sonraí teagmhála, a róil agus a bhfreagrachtaí sannta le linn mhodhanna faireachais agus éigeandála faoin Rialacháin seo i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;
Leasú 118 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 6 – mír 2 – pointe b
(b) comhairliúchán le hionadaithe na n-oibreoirí eacnamaíocha agus na gcomhpháirtithe sóisialta, lena n-áirítear FBManna, maidir lena dtionscnaimh agus lena ngníomhaíochtaí chun suaití féideartha sa slabhra soláthair a mhaolú agus freagairt dó agus chun ganntanais fhéideartha earraí agus seirbhísí sa Mhargadh Aonair a shárú;
(b) comhairliúchán le hionadaithe na n-oibreoirí eacnamaíocha, lena n-áirítear FBManna, maidir lena dtionscnaimh agus lena ngníomhaíochtaí chun éigeandálaí féideartha sa mhargadh inmheánach a mhaolú agus freagairt dóibh;
Leasú 119 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 6 –mír 2 – pointe b a (nua)
(ba) comhairliúchán leis na comhpháirtithe sóisialta maidir leis na himpleachtaí ar shaorghluaiseacht oibrithe sna réimsí ríthábhachtacha;
Leasú 120 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 6 – mír 2 – pointe c
(c) comhar teicniúil ar an leibhéal teicniúil sna modhanna faireachais agus éigeandála ar fud earnálacha an Mhargaidh Aonair;
(c) comhar teicniúil ar an leibhéal teicniúil sna modhanna faireachais agus éigeandála ar fud earnálacha an mhargaidh inmheánaigh;
Leasú 121 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 6 – mír 2 – pointe d
(d) cumarsáid riosca agus éigeandála, agus ról comhordaithe don Choimisiún, agus na struchtúir atá ann cheana á gcur san áireamh go leordhóthanach;
(d) cumarsáid riosca agus éigeandála, agus ról comhordaithe don Choimisiún, agus na struchtúir atá ann cheana á gcur san áireamh;
Leasú 122 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 6 – mír 2 a (nua)
2a. Féadfaidh an Coimisiún, agus tuairim an Bhoird á cur san áireamh aige, tarraingt suas prótacal géarchéime deonach ag oibreoirí eacnamaíocha a thionscnamh, a spreagadh agus a éascú chun aghaidh a thabhairt ar éigeandálaí sa mhargadh inmheánach, agus iad teoranta go docht d’imthosca urghnácha. Féadfaidh an Coimisiún, i gcás inar gá agus inarb iomchuí, eagraíochtaí na sochaí sibhialta nó eagraíochtaí ábhartha eile a rannpháirtiú i ndréachtú na bprótacal géarchéime deonach. Leagfar amach na nithe seo a leanas sna prótacail ghéarchéime dheonacha:
(a) paraiméadair shonracha an chuir isteach a bhféachtar leis an bprótacal géarchéime deonach aghaidh a thabhairt air agus na cuspóirí a shaothraítear leis;
(b) ról gach rannpháirtí, na bearta ullmhúcháin atá le cur i bhfeidhm acu agus a ról nuair a bheidh an prótacal géarchéime curtha i ngníomh;
(c) an nós imeachta lena gcinntear cathain agus conas a oibreoidh an prótacal géarchéime;
(d) gníomhaíochtaí chun éigeandálaí ionchasacha sa mhargadh inmheánach a mhaolú agus chun freagairt dóibh, atá teoranta go docht don mhéid is gá chun aghaidh a thabhairt orthu;
(e) cosaintí chun aghaidh a thabhairt ar aon éifeacht dhiúltach ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus oibrithe.
3. Chun oibriú an chreata dá dtagraítear i mír 1 a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún tástálacha struis, ionsamhlúcháin agus athbhreithnithe le linn gnímh agus i ndiaidh gnímh a dhéanamh leis na Ballstáit, agus féadfaidh sé a mholadh do na comhlachtaí ábhartha ar leibhéal an Aontais agus do na Ballstáit an creat a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is gá.
Eagróidh an Coimisiún an oiliúint maidir le comhordú géarchéime, comhar agus malartú faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 6 do bhaill foirne na n-oifigí idirchaidrimh lárnacha ainmnithe. Eagróidh sé ionsamhlúcháin ina mbeidh foireann na n-oifigí idirchaidrimh lárnacha ó na Ballstáit go léir páirteach bunaithe ar chásanna féideartha éigeandálaí sa Mhargadh Aonair.
1. Eagróidh agus forbróidh an Coimisiún oiliúint go rialta maidir le hullmhú i gcomhair géarchéime, comhordú, comhar, cumarsáid agus malartú faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 6 do bhaill foirne na n-oifigí idirchaidrimh lárnacha ainmnithe agus d’oibreoirí eacnamaíocha. Eagróidh sé ionsamhlúcháin ina mbeidh foireann na n-oifigí idirchaidrimh lárnacha chomh maith le gníomhaithe ábhartha eile, lena n-áirítear oibreoirí eacnamaíocha, nó comhlachtaí a bhfuil baint acu le héigeandálaí sa mhargadh inmheánach a chosc, ullmhacht dóibh agus freagairt dóibh.
Leasú 125 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 7 – mír 1 a (nua)
1a. Go háirithe, déanfaidh an Coimisiún clár oiliúna a fhorbairt agus a bhainistiú a eascraíonn as na ceachtanna a foghlaimíodh ó ghéarchéimeanna roimhe sin, lena n-áirítear gnéithe den timthriall bainistithe éigeandála ina iomláine, chun freagairt thapa a thabhairt ar ghéarchéimeanna. Áireofar an méid seo a leanas sa chlár sin:
(a) faireachán, anailís agus meastóireacht a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí ábhartha uile chun saorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine a éascú;
(b) cur chun feidhme dea-chleachtas a chur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, agus, i gcás inarb iomchuí, cur chun cinn dea-chleachtas arna bhforbairt ag tríú tíortha agus ag eagraíochtaí idirnáisiúnta;
(c) treoir a fhorbairt maidir le scaipeadh eolais agus cur chun feidhme cúraimí éagsúla ar an leibhéal náisiúnta agus, i gcás inarb ábhartha, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil;
(d) tabhairt isteach agus úsáid teicneolaíochtaí agus uirlisí digiteacha ábhartha nua a spreagadh chun freagairt d’éigeandálaí sa mhargadh inmheánach.
Leasú 126 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 7 – mír 1 b (nua)
1b. Ar iarraidh ó Bhallstát atá ag déileáil le cur isteach, féadfaidh an Coimisiún foireann saineolaithe a imlonnú ar an láthair chun comhairle a sholáthar maidir le bearta ullmhachta agus freagartha, agus aird ar leith á tabhairt ar riachtanais agus leasanna an Bhallstáit sin.
Leasú 127 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 7 a (nua)
Airteagal 7a
Tástálacha struis
1. Chun saorghluaiseacht agus infhaighteacht earraí agus seirbhísí ríthábhachtacha a áirithiú agus chun réamh-mheastachán a dhéanamh ar chur isteach ar an margadh inmheánach, agus chun ullmhú do chur isteach ar an margadh inmheánach, déanfaidh an Coimisiún, agus tuairim an Bhoird á cur san áireamh aige, tástálacha struis a dhéanamh agus a chomhordú, lena n-áirítear ionsamhlúcháin agus athbhreithnithe piaraí, go háirithe d’earnálacha ríthábhachtacha arna sainaithint ag an gCoimisiún.
Go háirithe, iarrfaidh an Coimisiún ar bhaill foirne ó oifigí idirchaidrimh lárnacha na mBallstát uile páirt a ghlacadh in ionsamhlúcháin agus déanfaidh sé:
(a) cásanna agus paraiméadair a fhorbairt lena léirítear na rioscaí sonracha a bhaineann le héigeandálaí sa mhargadh inmheánach agus arb é is aidhm dóibh leochaileachtaí i réimsí ríthábhachtacha a shainaithint, chomh maith le measúnú a dhéanamh ar an tionchar ionchasach ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine;
(b) oibreoirí eacnamaíocha agus eagraíochtaí ionadaíocha ábhartha a shainaithint, chomh maith le gníomhaithe nó comhlachtaí ábhartha eile a bhfuil baint acu le cosc éigeandálaí, ullmhacht dóibh agus freagairt dóibh agus déanfaidh sé cuireadh a thabhairt dóibh páirt a ghlacadh ar bhonn deonach;
(c) athbhreithnithe piaraí a éascú agus forbairt straitéisí maidir le hullmhacht éigeandála a spreagadh;
(d) bearta maolaithe riosca a shainaithint, i gcomhar leis na gníomhaithe uile lena mbaineann, tar éis na tástálacha struis a chur i gcrích.
2. Déanfaidh an Coimisiún tástálacha struis go rialta agus uair amháin gach 2 bhliain ar a laghad, lena gcumhdófar tástálacha struis cuimsitheacha ar fud an Aontais nó limistéir gheografacha shonracha nó réigiúin teorann shonracha.
3. Cuirfidh an Coimisiún torthaí na dtástálacha struis in iúl don Bhord agus foilseoidh sé tuarascáil ina leith.
Leasú 128 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 7 b (nua)
Airteagal 7b
Mapáil na n-earnálacha ríthábhachtacha
1. Agus aird chuí á tabhairt ar thuairim an Bhoird agus ar ionchur na gcomhlachtaí ábhartha ar leibhéal an Aontais, agus tar éis dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí mhodheolaíocht a leagan síos le haghaidh cleachtadh mapála chun earnálacha ríthábhachtacha a chinneadh.
2. Chun críche na modheolaíochta dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas san áireamh:
(a) sreabha trádála;
(b) éileamh agus soláthar;
(c) comhchruinniú soláthair;
(d) táirgeadh agus acmhainneachtaí táirgeachta an Aontais agus an domhain ag céimeanna éagsúla den slabhra luacha.
(e) idirspleáchais i measc oibreoirí eacnamaíocha, le hoibreoirí atá ag feidhmiú laistigh den mhargadh inmheánach agus lasmuigh de araon.
3. Déanfaidh an Coimisiún, agus leas á bhaint aige as an modheolaíocht dá dtagraítear i mír 1, agus tuairim an Bhoird á cur san áireamh aige, a chleachtadh mapála go rialta chun earnálacha ríthábhachtacha a shainaithint. Beidh na cleachtaí mapála sin bunaithe go heisiach ar shonraí atá ar fáil go poiblí nó ar bhonn tráchtála agus ar fhaisnéis ábhartha neamhrúnda ó ghnóthais.
4. Foilseoidh an Coimisiún torthaí an chleachtaidh mapála sin.
1. Tabharfaidh oifig idirchaidrimh lárnach Ballstáit fógra don Choimisiún agus do oifigí idirchaidrimh lárnacha Ballstát eile gan moill mhíchuí faoi aon teagmhais a chuireann isteach go suntasach ar fheidhmiú an Mhargaidh Aonair agus a shlabhraí soláthair (teagmhais shuntasacha) nó a d’fhéadfadh cur isteach go suntasach ar fheidhmiú an Mhargaidh Aonair agus a shlabhraí soláthair (teagmhais shuntasacha).
1. Tabharfaidh an oifig idirchaidrimh lárnach de Bhallstát fógra don Choimisiún agus d’oifigí idirchaidrimh lárnacha na mBallstát eile láithreach faoi aon teagmhas ar dócha go n-eascródh éigeandáil sa mhargadh inmheánach as.
2. Déileálfaidh na hoifigí idirchaidrimh lárnacha agus aon údarás inniúil náisiúnta ábhartha, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an reachtaíocht náisiúnta a chomhlíonann dlí an Aontais, leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar bhealach lena n-urramófar a rúndacht, lena gcosnófar slándáil agus ord poiblí an Aontais Eorpaigh nó a Bhallstát, agus lena gcosnaítear leasanna slándála agus tráchtála na n-oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann.
2. Déanfaidh na hoifigí idirchaidrimh lárnacha agus aon údarás inniúil náisiúnta ábhartha, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an reachtaíocht náisiúnta a chomhlíonann dlí an Aontais, gach beart is gá chun déileáil leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar bhealach lena n-urramófar a rúndacht, lena gcosnófar slándáil agus ord poiblí an Aontais nó a Bhallstát, agus lena gcosnaítear leasanna slándála agus tráchtála na n-oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann.
Leasú 131 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 8 – mír 3 – an chuid réamhráiteach
3. Chun a chinneadh an bhfuil an cur isteach nó an cur isteach féideartha ar fheidhmiú an Mhargaidh Aonair agus a shlabhraí soláthair earraí agus seirbhísí suntasach agus ar cheart é a bheith ina ábhar i bhfoláirimh, cuirfidh oifig lárnach idirchaidrimh Ballstáit an méid seo a leanas san áireamh:
3. Chun a chinneadh ar cheart na teagmhais dá dtagraítear i mír 1 a bheith ina n-ábhar i bhfoláirimh, cuirfidh oifig lárnach idirchaidrimh Ballstáit an méid seo a leanas san áireamh:
Leasú 132 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 8 – mír 3 – pointe a
(a) líon na n-oibreoirí eacnamaíocha a mbaineann an cur isteach nó an cur isteach féideartha leo;
(a) líon na n-oibreoirí eacnamaíocha a ndéantar difear dóibh ar fud an Aontais;
Leasú 133 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 8 – mír 3 – pointe b
(b) fad nó fad réamh-mheasta cur isteach nó cur isteach fhéideartha;
(b) fad nó fad réamh-mheasta na dteagmhas;
Leasú 134 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 8 – mír 3 – pointe c
(c) an limistéar geografach; an cion den Mhargadh Aonair a raibh tionchar ag an gcur isteach nó an gcur isteach féideartha orthu; an tionchar ar limistéir gheografacha shonracha go háirithe limistéir leochaileacha nó neamhchosanta i leith suaití sa slabhra soláthair, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí san Aontas;
(c) an limistéar geografach; an cion den mhargadh inmheánach a ndearnadh difear dó agus na héifeachtaí trasteorann lena mbaineann; an tionchar ar limistéir gheografacha atá an-leochaileach nó neamhchosanta amhail na réigiúin is forimeallaí;
Leasú 135 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 8 – mír 3 – pointe d
(d) éifeacht an chur isteach nó an chur isteach fhéideartha ar ionchuir neamh-in-éagsúlaithe agus neamh-ionadacha.
(d) éifeacht na dteagmhas sin ar ionchuir neamh-inéagsúlaithe agus neamh-ionadacha.
Leasú 136 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 8 a (nua)
Airteagal 8a
Cúltacaí straitéiseacha
1. Déanfaidh na Ballstáit a ndícheall chun cúltacaí straitéiseacha d’earraí ríthábhachtacha a fhorbairt. Tabharfaidh an Coimisiún tacaíocht do na Ballstáit chun cuidiú leo a gcuid iarrachtaí a chomhordú agus a chuíchóiriú. Go háirithe, áiritheoidh an Coimisiún comhordú agus malartú faisnéise, agus cuirfidh sé dlúthpháirtíocht chun cinn idir na húdaráis inniúla náisiúnta i ndáil le ganntanais earraí nó seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime, nó i ndáil le cúltacaí straitéiseacha a thógáil le haghaidh earraí ríthábhachtacha. Déanfar acmhainneachtaí atá mar chuid de chúltaca rescEU i gcomhréir le hAirteagal 12 de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE a eisiamh ó chur i bhfeidhm an Airteagail seo.
2. Go háirithe, féadfar an méid seo a leanas a chumhdach le malartú faisnéise agus dea-chleachtas dá dtagraítear i mír 1:
(a) dóchúlacht agus tionchar féideartha na nganntanas dá dtagraítear i mír 1;
(b) leibhéal stoic reatha na n-oibreoirí eacnamaíocha agus na gcúltacaí straitéiseacha ar fud an Aontais, agus aon fhaisnéis maidir le gníomhaíochtaí leanúnacha na n-oibreoirí eacnamaíocha chun a stoic a mhéadú;
(c) na costais a bhaineann leis na cúltacaí straitéiseacha sin a thógáil agus a chothabháil;
(d) na roghanna maidir le soláthar malartach agus an fhéidearthacht maidir le soláthar malartach;
(e) tuilleadh faisnéise a d’fhéadfadh infhaighteacht na n-earraí agus na seirbhísí sin a áirithiú.
Déanfar an fhaisnéis agus na dea-chleachtais sin a mhalartú trí bhealach slán cumarsáide.
Leasú 137 Togra le haghaidh rialacháin Caibidil III – teideal
Faireachas ar an Margadh Aonair
Modh faireachais an mhargaidh inmheánaigh
Leasú 138 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 9 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
1. I gcás ina measann an Coimisiún, agus an tuairim a thug an grúpa comhairleach á cur san áireamh aige, go bhfuil an bhagairt dá dtagraítear in Airteagal 3(2) ann, déanfaidh sé an modh faireachais a ghníomhachtú ar feadh uastréimhse sé mhí trí ghníomh cur chun feidhme. Beidh an méid seo a leanas san áireamh i ngníomh cur chun feidhme den sórt sin:
1. I gcás ina measann an Coimisiún, agus an tuairim a thug an Bord chomh maith leis na critéir arna leagan amach in Airteagal 3(8) á cur san áireamh go cuí aige, go bhfuil na coinníollacha arna leagan síos in Airteagal 3(2) comhlíonta, déanfaidh sé an modh faireachais a ghníomhachtú ar feadh uastréimhse 6 mhí trí ghníomh cur chun feidhme. I gcás ina n-imeoidh breithniú an Choimisiúin ó thuairim an Bhoird, soláthróidh an Coimisiún bonn cirt cuí. Beidh an méid seo a leanas san áireamh sa ghníomh cur chun feidhme sin:
Leasú 139 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 9 – mír 1 – pointe a
(a) measúnú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an ngéarchéim;
(a) measúnú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an ngéarchéim lena bhfuiltear ag súil, lena n-áirítear cás sonrach na réigiún teorann agus na réigiún is forimeallaí;
Leasú 140 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 9 – mír 1 – pointe b
(b) liosta de na hearraí agus na seirbhísí lena mbaineann tábhacht straitéiseach, agus
(b) liosta de na hearraí, na seirbhísí agus de na catagóirí d’oibrithe ríthábhachtacha lena mbaineann, agus
Leasú 141 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 9 – mír 1 – pointe c
(c) na bearta faireachais atá le déanamh.
(c) na bearta faireachais atá le déanamh, lena n-áirítear bonn cirt maidir le riachtanas agus comhréireacht na mbeart sin.
1. Féadfaidh an Coimisiún, má mheasann sé go bhfuil na cúiseanna leis an modh faireachais a ghníomhachtú de bhun Airteagal 9(1) fós bailí, agus an tuairim a thug an grúpa comhairleach á cur san áireamh aige, an modh faireachais a shíneadh ar feadh uastréimhse sé mhí trí ghníomh cur chun feidhme.
1. Féadfaidh an Coimisiún, má mheasann sé go bhfuil na cúiseanna leis an modh faireachais a ghníomhachtú de bhun Airteagal 9(1) fós bailí, agus an tuairim a thug an Bord á cur san áireamh go cuí aige, síneadh a chur leis an modh faireachais ar feadh uastréimhse 6 mhí trí ghníomh cur chun feidhme. I gcás ina bhfuil fianaise láidir iontaofa ag an mBord gur cheart an modh faireachais a dhíghníomhachtú, féadfaidh sé tuairim a ghlacadh chun na críche sin, agus an tuairim sin a chur in iúl don Choimisiún.
2. I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, agus an tuairim a thug an grúpa comhairleach á cur san áireamh aige, nach bhfuil an bhagairt dá dtagraítear in Airteagal 3(2) ann a thuilleadh, i ndáil le cuid de na bearta faireachais nó leis na bearta faireachais go léir nó i ndáil le cuid de na hearraí agus na seirbhísí, nó i ndáil leis na hearraí agus na seirbhísí go léir, déanfaidh sé an modh faireachais a dhíghníomhachtú go hiomlán nó go páirteach trí ghníomh cur chun feidhme.
2. I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, agus an tuairim a thug an Bord á cur san áireamh go cuí aige, nach bhfuil na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3(2) á gcomhlíonadh a thuilleadh, i ndáil le cuid de na bearta faireachais nó leis na bearta faireachais go léir nó i ndáil le cuid de na hearraí, na seirbhísí, agus na catagóirí d’oibrithe nó i ndáil leis na hearraí, na seirbhísí agus na catagóirí d’oibrithe go léir, déanfaidh sé an modh faireachais a dhíghníomhachtú go hiomlán nó go páirteach trí ghníomh cur chun feidhme.
1. Nuair a bheidh an modh faireachais gníomhachtaithe i gcomhréir le hAirteagal 9, déanfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta faireachán ar shlabhraí soláthair earraí agus seirbhísí lena mbaineann tábhacht straitéiseach agus a sainaithníodh sa ghníomh cur chun feidhme lena ngníomhaítear an modh faireachais.
1. Nuair a bheidh an modh faireachais gníomhachtaithe i gcomhréir le hAirteagal 9, déanfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta faireachán ar shlabhraí soláthair earraí agus seirbhísí ríthábhachtacha agus ar shaorghluaiseacht na gcatagóirí d’oibrithe ríthábhachtacha agus atá sainaitheanta sa ghníomh cur chun feidhme lena ngníomhaítear an modh faireachais.
2. Déanfaidh an Coimisiún foráil maidir le modhanna caighdeánaithe agus slána i leith faisnéis a bhailiú agus a phróiseáil chun críche mhír 1, agus úsáid á baint as modhanna leictreonacha. Gan dochar don reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear faisnéis bhailithe, lena n-áirítear rúin ghnó, a choinneáil faoi rún, áiritheofar rúndacht maidir leis an bhfaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de agus faisnéis a bhaineann le slándáil agus ord poiblí an Aontais nó a Bhallstát.
2. Déanfaidh an Coimisiún foráil maidir le modhanna caighdeánaithe agus slána i leith faisnéis a bhailiú agus a phróiseáil chun críche mhír 1, agus úsáid á baint as modhanna leictreonacha. Gan dochar don reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear faisnéis bhailithe, lena n‑áirítear rúin ghnó, a choinneáil faoi rún, áiritheofar rúndacht maidir leis an bhfaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de agus faisnéis a bhaineann le slándáil agus ord poiblí an Aontais nó a Bhallstát.
3. Déanfaidh na Ballstáit fardal a bhunú agus a choimeád de na hoibreoirí eacnamaíocha is ábhartha atá bunaithe ar a gcríoch náisiúnta faoi seach agus a oibríonn ar feadh slabhraí soláthair earraí agus seirbhísí lena mbaineann tábhacht straitéiseach a sainaithníodh sa ghníomh cur chun feidhme lena ngníomhaítear an modh faireachais.
3. Déanfaidh na Ballstáit fardal a bhunú, a dhéanamh cothrom le dáta agus a choimeád, i gcás inar féidir, de na hoibreoirí eacnamaíocha is ábhartha atá bunaithe ar a gcríoch náisiúnta faoi seach agus a oibríonn ar feadh slabhraí soláthair earraí agus seirbhísí chomh maith le catagóirí d’oibrithe ríthábhachtacha atá sainaitheanta sa ghníomh cur chun feidhme lena ngníomhaítear an modh faireachais. Beidh inneachar an fhardail faoi rún i gcónaí.
4. Ar bhonn an fhardail arna bhunú de bhun Airteagal 6, díreoidh na húdaráis náisiúnta inniúla iarratais ar sholáthar deonach faisnéise chuig na hoibreoirí is ábhartha feadh na slabhraí soláthair earraí agus seirbhísí a shainaithnítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 9 agus chuig páirtithe ábhartha eile atá bunaithe ina gcríoch náisiúnta faoi seach. Sonrófar go háirithe sna hiarratais sin cén fhaisnéis faoi thosca a bhfuil tionchar acu ar infhaighteacht na n-earraí agus na seirbhísí lena mbaineann tábhacht straitéiseach a iarrtar. Gach oibreoir eacnamaíoch/páirtí leasmhara a chuirfidh faisnéis ar fáil go deonach, cuirfidh siad ar fáil í ar bhonn aonair i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le hiomaíocht lena rialófar an malartú faisnéise. Tarchuirfidh na húdaráis inniúla náisiúnta na torthaí ábhartha chuig an gCoimisiún agus chuig an ngrúpa comhairleach gan moill mhíchuí tríd an oifig idirchaidrimh lárnach faoi seach.
4. Ar bhonn an fhardail arna bhunú de bhun mhír 3, díreoidh na húdaráis náisiúnta inniúla, i gcás inar gá, iarratais ar sholáthar deonach faisnéise chuig na hoibreoirí is ábhartha feadh na slabhraí soláthair earraí agus seirbhísí ríthábhachtacha a shainaithnítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 9 atá bunaithe ina gcríoch náisiúnta faoi seach. Sonrófar go háirithe sna hiarratais sin cén fhaisnéis faoi thosca a bhfuil tionchar acu ar infhaighteacht na n-earraí agus na seirbhísí ríthábhachtacha sainaitheanta a iarrtar. Gach oibreoir eacnamaíoch a chuirfidh faisnéis ar fáil go deonach, cuirfidh siad ar fáil í ar bhonn aonair i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le hiomaíocht lena rialaítear an malartú faisnéise. Tarchuirfidh na húdaráis inniúla náisiúnta na torthaí ábhartha chuig an gCoimisiún agus chuig an mBord gan moill mhíchuí tríd an oifig idirchaidrimh lárnach faoi seach.
5. Tabharfaidh na húdaráis náisiúnta inniúla aird chuí ar an ualach riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha, agus go háirithe ar FBManna, a d’fhéadfadh a bheith i gceist le hiarratais ar fhaisnéis agus áiritheoidh siad go gcoinneofar chomh híseal agus is féidir é.
5. Tabharfaidh na húdaráis náisiúnta inniúla aird chuí ar an ualach riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha, agus go háirithe ar FBManna, a d’fhéadfadh a bheith i gceist le hiarratais ar fhaisnéis, agus áiritheoidh siad go gcoinneofar an t-ualach riaracháin sin chomh híseal agus is féidir agus go n-urramófar rúndacht na faisnéise.
6. Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an ngrúpa comhairleach torthaí agus ionchais na héabhlóide a phlé, bunaithe ar an bhfaireachán ar shlabhraí soláthair earraí agus seirbhísí lena mbaineann tábhacht straitéiseach.
6. Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an mBord torthaí agus ionchais na héabhlóide a phlé, bunaithe ar an bhfaireachán ar shlabhraí soláthair earraí agus seirbhísí ríthábhachtacha.
7. Ar bhonn na faisnéise a bhailítear trí na gníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhréir le mír 1, féadfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis na torthaí comhiomlánaithe a sholáthar.
7. Ar bhonn na faisnéise a bhailítear trí na gníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhréir le mír 1, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis na torthaí comhiomlánaithe faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
Leasú 151 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 11 – mír 7 a (nua)
7a. Féadfaidh an Coimisiún a cheangal, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ar na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar faoi na hearraí a bhfuil fíorthábhacht leo a liostaítear i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 9(1):
(a) leibhéil na gcúltacaí straitéiseacha ina gcríoch;
(b) aon cheannachán breise a d’fhéadfaí a dhéanamh.
Leasú 152 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 11 – mír 7 b (nua)
7b. Sula nglacfaidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme, déanfaidh sé an méid seo a leanas:
(a) a léiriú nach bhfuil aon rochtain eile aige ar an bhfaisnéis sin agus údar cuí a thabhairt leis an ngá atá léi; agus
(b) tuairim an Bhoird a iarraidh.
I gcás ina n-imeoidh breithniú an Choimisiúin ó thuairim an Bhoird, cuirfidh an Coimisiún bonn cirt cuí ar fáil freisin.
Leasú 153 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 11 – mír 7 c (nua)
7c. Sonrófar sa ghníomh cur chun feidhme na hearraí a bhfuil faisnéis le tabhairt ina leith.
Leasú 154 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 11 – mír 7 d (nua)
7d. Ní fhéadfaidh an iarraidh ar fhaisnéis a bheith níos faide ná 6 mhí agus ní féidir í a athnuachan.
Leasú 155 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 12
[...]
scriosta
Leasú 156 Togra le haghaidh rialacháin Cuid IV – teideal
Éigeandáil Margaidh Aonair
Éigeandáil an mhargaidh inmheánaigh
Leasú 157 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 13 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
1. Agus measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar a thromchúisí atá cur isteach lena fháil amach an gcáilíonn tionchar géarchéime ar an Margadh Aonair mar éigeandáil sa Mhargadh Aonair, déanfaidh sé an méid seo a leanas, bunaithe ar fhianaise láidir iontaofa, agus na táscairí seo a leanas á gcur san áireamh ar a laghad:
1. Agus measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar a thromchúisí atá cur isteach lena fháil amach an gcáilíonn tionchar géarchéime ar an margadh inmheánach mar éigeandáil sa mhargadh inmheánach, cuirfidh sé na táscairí seo a leanas ar a laghad, bunaithe ar fhianaise láidir iontaofa, san áireamh:
Leasú 158 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 13 – mír 1 – pointe a
(a) bhí an ghéarchéim ina cúis le gníomhachtú aon sásra ábhartha freagartha géarchéime ón gComhairle, an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta nó na sásraí arna mbunú laistigh de Chreat Slándála Sláinte an Aontais, lena n- áirítear [an togra le haghaidh] Rialachán (AE)... /… maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte agus [an togra le haghaidh] Rialachán (AE) …/… ón gComhairle maidir le creat beart chun soláthar frithbheart leighis atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú;
(a) spreag an ghéarchéim gníomhachtú sásra ábhartha freagartha géarchéime de chuid na Comhairle, lena n-áirítear an Fhreagairt Chomhtháite Pholaitiúil ar Ghéarchéimeanna, an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta nó ceann arbith de na sásraí arna mbunú laistigh de Chreat Slándála Sláinte an Aontais, lena n-áirítear an creat éigeandála faoi Rialachán (AE) 2022/2372;
Leasú 159 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 13 – mír 1 – pointe b
(b) meastachán ar líon na n-oibríochtaí eacnamaíocha nó na n-úsáideoirí a bhraitheann ar earnáil shuaite ar earnálacha an Mhargaidh Aonair ar cuireadh isteach orthu chun na hearraí nó na seirbhísí lena mbaineann a sholáthar;
(b) meastachán ar líon nó sciar den mhargadh agus éileamh an mhargaidh maidir le hoibríochtaí eacnamaíocha nó úsáideoirí a bhraitheann ar an earnáil ar cuireadh isteach uirthi nó ar earnálacha an mhargaidh inmheánaigh chun na hearraí nó na seirbhísí lena mbaineann a sholáthar;
Leasú 160 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 13 – mír 1 – pointe c
(c) tábhacht na n-earraí nó na seirbhísí lena mbaineann d’earnálacha eile;
(c) ríthábhacht na n-earraí, seirbhísí nó oibrithe lena mbaineann d’earnálacha eile;
Leasú 161 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 13 – mír 1 – pointe c a (nua)
(ca) an ganntanas measta earraí agus seirbhísí sa mhargadh inmheánach;
Leasú 162 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 13 – mír 1 – pointe d
(d) na tionchair i gcomhthéacs méide agus faid ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha agus sochaíocha, ar an gcomhshaol agus ar an tsábháilteacht phoiblí;
(d) tionchar iarbhír nó féideartha na géarchéime i gcomhthéacs méide agus faid ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha agus sochaíocha ríthábhachtacha, ar an gcomhshaol agus ar an tsábháilteacht phoiblí;
Leasú 163 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 13 – mír 1 – pointe e
(e) ní raibh na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann ábalta réiteach a sholáthar, laistigh de thréimhse réasúnta ama, ar ghnéithe áirithe na géarchéime ar bhonn deonach.
(e) ós rud é nach raibh na hoibreoirí eacnamaíocha a ndearna an cur isteach difear dóibh in ann réiteach a chur ar fáil laistigh de thréimhse réasúnta ama ar ghnéithe áirithe na géarchéime ar bhonn deonach;
Leasú 164 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 13 – mír 1 – pointe g
(g) an limistéar geografach atá buailte agus a d’fhéadfaí a bheith buailte, lena n-áirítear aon tionchar trasteorann ar fheidhmiú slabhraí soláthair atá fíor-riachtanach chun gníomhaíochtaí sochaíocha nó eacnamaíocha ríthábhachtacha sa Mhargadh Aonair a choimeád;
(g) an limistéar geografach,lena n-áirítear réigiúin teorann agus na réigiúin is forimeallaí, a bhfuil tionchar ag an gcur isteach orthu agus a bhféadfadh sé difear a dhéanamh dóibh, lena n-áirítear aon tionchar trasteorann ar fheidhmiú slabhraí soláthair atá fíor-riachtanach chun gníomhaíochtaí sochaíocha nó eacnamaíocha sa mhargadh inmheánach a chothabháil;
Leasú 165 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 13 – mír 1 – pointe i
(i) easpa earraí, ionchuir nó seirbhísí ionaid.
(i) easpa nó ganntanais earraí, ionchuir nó seirbhísí ionaid atá ábharthai gcás géarchéime;
Leasú 166 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 13 – mír 1 – pointe i a (nua)
(ia) srianta taistil nó rialuithe teorann a thabhairt isteach.
1. Féadfar modh Éigeandála an Mhargaidh Aonair a ghníomhachtú i gcás nach ndearnadh modh faireachais an Mhargaidh Aonair a ghníomhachtú roimhe sin i ndáil leis na hearraí nó seirbhísí céanna. I gcás ina ndearnadh an modh faireachais a ghníomhachtú roimhe seo, féadfar an modh éigeandála a chur ina ionad go páirteach nó go hiomlán.
1. Féadfar modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a ghníomhachtú i gcás nach ndearnadh modh faireachais an mhargaidh inmheánaigh a ghníomhachtú roimhe sin i ndáil leis na hearraí nó seirbhísí céanna. I gcás ina ndearnadh an modh faireachais a ghníomhachtú roimhe seo, féadfar an modh éigeandála a chur ina ionad go páirteach nó go hiomlán.
2. I gcás ina measfaidh an Coimisiún, agus an tuairim a thug an grúpa comhairleach á cur san áireamh aige, go bhfuil éigeandáil sa Mhargadh Aonair, molfaidh sé don Chomhairle modh éigeandála an Mhargaidh Aonair a ghníomhachtú.
2. I gcás ina measfaidh an Coimisiún, agus tuairim an Bhoird á cur san áireamh gocuí, gobhfuil éigeandáil margaidh inmheánaigh ann, glacfaidh sé togra reachtach chun modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a ghníomhachtú.
3. Féadfaidh an Chomhairle modh éigeandála an Mhargaidh Aonair a ghníomhachtú trí bhíthin gníomh cur chun feidhme ón gComhairle. Sonrófar fad tréimhse an ghníomhachtaithe sa ghníomh cur chun feidhme agus sé mhí ar a mhéad a bheidh i gceist leis.
3. Féadfar modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a ghníomhachtú trí bhíthin gníomh reachtach arna ghlacadh ar bhonn an togra reachtaigh dá dtagraítear i mír 2. Sonrófar fad tréimhse an ghníomhachtaithe sa ghníomh reachtachsin agus déanfar é a shrianadh go tréimhse 6 mhí ar a mhéad.
4. Ní chuirtear cosc le gníomhachtú mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair maidir le hearraí agus seirbhísí áirithe ar ghníomhachtú ná ar chur i bhfeidhm leanúnach an mhodha faireachais agus dáileadh na mbeart a leagtar síos in Airteagal 11 agus in Airteagal 12 maidir leis na hearraí agus na seirbhísí céanna.
4. Ní chuirtear cosc le gníomhachtú mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh maidir le hearraí agus seirbhísí áirithe ar ghníomhachtú ná ar chur i bhfeidhm leanúnach an mhodha faireachais agus dáileadh na mbeart a leagtar síos in Airteagal 8a maidir leis na hearraí agus na seirbhísí céanna.
5. A luaithe aghníomhachtófar modh éigeandála an Mhargaidh Aonair, glacfaidh an Coimisiún, gan mhoill, liosta earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime trí ghníomh cur chun feidhme. Féadfar an liosta a leasú trí ghníomhartha cur chun feidhme.
5. Nuair a bheidh gníomhachtú mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh á mholadh ag an gCoimisiún, cuirfidh sé i láthair liosta earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime. A luaithe a dhéanfar modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a ghníomhachtú trí bhíthin an ghnímh reachtaigh dá dtagraítear i mír 3, glacfaidh an Coimisiún liosta den sórt sin gan mhoill trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. Féadfar an liosta sin a leasú trí ghníomhartha cur chun feidhme.
6. Déanfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5 a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(2). Ar mhórchúiseanna práinne cuí-réasúnaithe le tionchair na géarchéime ar an Mhargadh Aonair, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach bonn a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 42(3).
6. Glacfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5 i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(2). Ar mhórfhorais práinne cuí-réasúnaithe a bhaineann le tionchair na géarchéime ar an margadh inmheánach, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach bonn a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 42(3).
1. I gcás ina measann an Coimisiún, agus an tuairim ón ngrúpa comhairleach á cur san áireamh aige, gur gá síneadh a chur le modh éigeandála an Mhargaidh Aonair, molfaidh sé don Chomhairle síneadh a chur le modh éigeandála an Mhargaidh Aonair. Faoi réir athruithe práinneacha agus eisceachtúla ar imthosca, féachfaidh an Coimisiún le déanamh amhlaidh tráth nach déanaí ná 30 lá roimh dhul in éag na tréimhse a mbeidh modh éigeandála an Mhargaidh Aonair gníomhachtaithe ina leith. Féadfaidh an Chomhairle cur le modh éigeandála an Mhargaidh Aonair ar feadh tréimhse nach faide ná sé mhí ag an am trí ghníomh cur chun feidhme.
1. I gcás ina measfaidh an Coimisiún, agus aird chuí á tabhairt aige ar an tuairim ón mBord agus bunaithe ar na forais dá dtagraítear in Airteagal 14(2), gur gá síneadh a chur le modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh, molfaidh sé do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle síneadh a chur le modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh. Faoi réir athruithe práinneacha agus eisceachtúla ar imthosca, féachfaidh an Coimisiún le déanamh amhlaidh tráth nach déanaí ná 30 lá roimh dhul in éag na tréimhse a mbeidh modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh gníomhachtaithe ina leith.
Féadfar síneadh a chur le modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh trí bhíthin gníomh reachtach ar bhonn an togra reachtaigh dá dtagraítear sa chéad fhomhír.Sonrófar fad tréimhse an tsínithe sa ghníomh reachtach sin agus déanfar é a shrianadh go tréimhse 6 mhí ar a mhéad.
2. I gcás ina bhfuil fianaise láidir iontaofa ag an ngrúpa comhairleach gur cheart éigeandáil an Mhargaidh Aonair a dhíghníomhachtú, féadfaidh sé tuairim a cheapadh chun na críche sin agus an tuairim sin a tharchur chuig an gCoimisiún. I gcás ina measfaidh an Coimisiún, agus an tuairim a thug an grúpa comhairleach á cur san áireamh aige, nach bhfuil éigeandáil sa Mhargadh Aonair a thuilleadh, molfaidh sé don Chomhairle gan mhoill modh éigeandála an Mhargaidh Aonair a dhíghníomhachtú.
2. I gcás ina bhfuil fianaise nithiúil iontaofa ag an mBord gur cheart modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a dhíghníomhachtú, féadfaidh sé tuairim a cheapadh chun na críche sin agus an tuairim sin a tharchur chuig an gCoimisiún. I gcás ina measfaidh an Coimisiún, agus an tuairim a thug an Bord á cur san áireamh aige, nach bhfuil éigeandáil sa mhargadh inmheánach a thuilleadh, molfaidh sé do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, gan mhoill, modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a dhíghníomhachtú.
3. Na bearta a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 24 go hAirteagal 33 agus de bhun na nósanna imeachta éigeandála a tugadh isteach i gcreataí dlíthiúla an Aontais faoi seach trí bhíthin na leasuithe ar reachtaíocht earnála táirgí a leagtar amach i Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/424, Rialachán (AE) 2016/425, Rialachán (AE) 2016/426, Rialachán (AE) 2019/1009 agus Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 agus lena dtugtar isteach nósanna imeachta éigeandála maidir le measúnú comhréireachta, sonraíochtaí coiteanna a ghlacadh agus faireachas margaidh i gcomhthéacs éigeandáil sa Mhargadh Aonair agus Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoracha 2000/14/CE, 2006/42/CE, 2010/35/AE, 2013/29/AE, 2014/28/AE, 2014/29/AE, 2014/30 /AE, 2014/31/AE, 2014/32/AE, 2014/33/AE, 2014/34/AE, 2014/35/AE, 2014/53/AE, agus 2014/68/AE agus lena dtugtar isteach maidir le nósanna imeachta éigeandála maidir leis an maidir le measúnú comhréireachta, sonraíochtaí coiteanna a ghlacadh agus faireachas margaidh i gcomhthéacs éigeandáil sa Mhargadh Aonair, scoirfear d’fheidhm a bheith acu nuair a dhíghníomhófar fad mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair. Cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle measúnú ar éifeachtacht na mbeart arna nglacadh chun aghaidh a thabhairt ar éigeandáil sa Mhargadh Aonair tráth nach déanaí ná trí mhí i ndiaidh dhul in éag na mbeart, ar bhonn na faisnéise a bhaileofar tríd an sásra faireacháin dá bhforáiltear in Airteagal 11.
3. Scoirfidh na bearta arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagail 24 go 33 d’fheidhm a bheith acu ar mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a dhíghníomhachtú. Cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle measúnú ar éifeachtacht na mbeart arna nglacadh chun aghaidh a thabhairt ar éigeandáil sa mhargadh inmheánach tráth nach déanaí ná 3 mhí i ndiaidh dhul in éag na mbeart, ar bhonn na faisnéise a bhaileofar tríd an sásra faireacháin a leagtar amach in Airteagal 11.
Leasú 176 Togra le haghaidh rialacháin Cuid IV – Teideal II – teideal
saorghluaiseacht le linn éigeandáil sa Mhargadh Aonair
saorghluaiseacht le linn éigeandáil an mhargaidh inmheánaigh
Leasú 177 Togra le haghaidh rialacháin Cuid IV – Teideal II – Caibidil I – teideal
Bearta chun saorghluaiseacht a athbhunú agus a éascú
Bearta chun saorghluaiseacht a éascú
Leasú 178 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 16 – teideal
Ceanglais ghinearálta maidir le bearta lena gcuirtear srian ar shaorghluaiseacht chun aghaidh a thabhairt ar éigeandáil sa Mhargadh Aonair
Srianta toirmiscthe ar an tsaorghluaiseacht le linn éigeandála sa mhargadh inmheánach
1. Agus bearta náisiúnta á nglacadh agus á gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit mar fhreagairt ar éigeandáil sa Mhargadh Aonairagus ar an ngéarchéim is bun leo, áiritheoidh siad go gcomhlíonfaidh a ngníomhaíochtaí na Conarthaí agus dlí an Aontais ina n-iomláine agus, go háirithe, na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo.
1. Toirmiscfear srianta ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine arna bhforchur ag na Ballstáit mar fhreagairt ar éigeandáil sa mhargadh inmheánach, ach amháin má tá bonn cirt leo ar mhaithe le cuspóirí dlisteanacha leas an phobail, amhail an beartas poiblí, an tslándáil phoiblí nó an tsláinte phoiblí, agus go bhfuil siad i gcomhréirle prionsabal an neamh-idirdhealaithe agus prionsabal na comhréireachta.
2. Beidh teorainn ama le haon srian agus cuirfear deireadh leis a luaithe de réir an cháis. Ina theannta sin, ba cheart staid na réigiún teorann a chur san áireamh le haon srian.
2. Beidh teorainn ama le haon srian den sórt sin agus cuirfear deireadh láithreach leis a luaithe a dhéanfar modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a dhíghníomhachtú nó níos luaithe, nó i gcás nach mbeidh údar leis a thuilleadh nónach mbeidh sé comhréireach a thuilleadh.
Leasú 181 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 16 – mír 2 a (nua)
2a. Ba cheart cás na réigiún teorann agus na réigiún is forimeallaí a chur san áireamh in aon srian, go háirithe i gcás oibrithe trasteorann.
3. Ní chruthófar le haon cheanglas arna fhorchur ar shaoránaigh agus ar ghnólachtaí ualach riaracháin míchuí ná neamhriachtanach.
3. Ní chruthófar le haon cheanglas arna fhorchur ar shaoránaigh agus ar oibreoirí eacnamaíocha ualach riaracháin míchuí nó neamhriachtanach. Glacfaidh na Ballstáit gach beart atá ar fáil chun aon ualach riaracháin a theorannú agus a laghdú.
Leasú 183 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 16 – mír 3 a (nua)
3a. Ní ghlacfaidh na Ballstáit aon cheann díobh seo a leanas:
(a) srianta ar onnmhairiú earraí laistigh den Aontas nó soláthar nó fáil seirbhísí, nó bearta ag a bhfuil comhéifeacht;
(b) idirdhealú idir Ballstáit nó idir saoránaigh, lena n-áirítear ina ról mar sholáthraithe seirbhíse nó oibrithe, bunaithe go díreach nó go hindíreach ar náisiúntacht nó, i gcás cuideachtaí, suíomh na hoifige cláraithe, an riaracháin lárnaigh nó na príomháite gnó; nó
(c) srianta ar shaorghluaiseacht daoine nó srianta taistil ar dhaoine a bhfuil baint acu le táirgeadh, cothabháil nó iompar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime agus a liostaítear i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 14(5) agus a gcodanna nó a srianta ar dhaoine a bhfuil baint acu le soláthar seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime agus a liostaítear i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 14(5), nó bearta eile a bhfuil éifeacht choibhéiseach acu, ar bearta iad:
(i) atá ina gcúis le ganntanais lucht saothair riachtanach ar an margadh inmheánach agus, dá bhrí sin, a chuireann isteach ar shlabhraí soláthair earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime nó ganntanais earraí agus seirbhísí den sórt sin sa mhargadh inmheánach a chruthú nó a mhéadú; nó
(ii) atá idirdhealaitheach go díreach nó go hindíreach bunaithe ar náisiúntacht nó áit chónaithe an duine.
Leasú 184 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 17
1. Le linn mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair, féadfaidh an Coimisiún foráil a dhéanamh i leith bearta tacaíochta chun saorghluaiseacht daoine dá dtagraítear in Airteagal 17(6) agus in Airteagal 17 (7) a threisiú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 422(2). Ar mhórchúiseanna práinne cuí-réasúnaithe le tionchair na géarchéime ar an Mhargadh aonair, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach bonn a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 42(3).
1. Le linn mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh, féadfaidh an Coimisiún foráil a dhéanamh maidir le bearta tacaíochta chun saorghluaiseacht daoine a éascú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme.
2. Le linn mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair, i gcás go ndeimhníonn an Coimisiún go bhfuil teimpléid curtha i bhfeidhm ag na Ballstáit chun a fhianú gur soláthraí seirbhíse é an t-oibreoir aonair nó an t-oibreoir eacnamaíoch a sholáthraíonn seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime, ionadaí nó oibrí gnó a bhfuil baint aige nó aici le hearraí atá ábhartha i gcás géarchéime a tháirgeadh nó le seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a sholáthar nó gur oibrí cosanta sibhialta é nó í agus go measann sé go bhfuil úsáid teimpléid éagsúla ina bac ar shaorghluaiseacht tráth na héigeandála sa Mhargadh Aonair, féadfaidh an Coimisiún teimpléid a eisiúint, má mheasann sé gur gá sin chun tacú le saorghluaiseacht na gcatagóirí sin daoine agus a dtrealaimh le linn na héigeandála reatha sa Mhargadh Aonair, chun a fhianú go gcomhlíonann siad na critéir ábhartha maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 17(6) i ngach Ballstát trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme.
2. Le linn mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh, i gcás go ndeimhníonn an Coimisiún go bhfuil teimpléid curtha i bhfeidhm ag na Ballstáit chun a fhianú gur soláthraí seirbhíse é an t-oibreoir aonair nó an t-oibreoir eacnamaíoch a sholáthraíonn seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime, ionadaí nó oibrí gnó a bhfuil baint aige nó aici le hearraí atá ábhartha i gcás géarchéime a tháirgeadh nó le seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a sholáthar, nó gur oibrí cosanta sibhialta é nó í agus go measann sé nó sí go bhfuil úsáid teimpléid éagsúla ag gach Ballstát ina bac ar shaorghluaiseacht tráth na héigeandála sa mhargadh inmheánach, féadfaidh an Coimisiún teimpléid a eisiúint, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, má mheasann sé gur gá sin chun tacú le saorghluaiseacht na gcatagóirí sin daoine agus a dtrealaimh le linn na héigeandála reatha sa mhargadh inmheánach, chun a fhianú go gcomhlíonann siad na critéir ábhartha maidir le cur i bhfeidhm Airteagal16 i ngach Ballstát.
3. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(2). Ar mhórchúiseanna práinne cuí-réasúnaithe le tionchair na géarchéime ar an Mhargadh Aonair, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach bonn a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 42(3).
3. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(2). Ar mhórfhorais práinne cuí-réasúnaithe a bhaineann le tionchair na géarchéime ar an margadh inmheánach, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach bonn a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 42(3).
Leasú 188 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 19 – teideal
Le linn éigeandáil sa Mhargadh Aonair, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon dréachtbheart atá ábhartha i gcás géarchéime, lena gcuirtear srian le saorghluaiseacht earraí agus leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar mar aon le srianta ar shaorghluaiseacht daoine atá ábhartha i gcás géarchéime, lena n-áirítear oibrithe mar aon leis na cúiseanna atá leis na bearta sin.
Le linn mhodh éigeandála nó faireachais an mhargaidh inmheánaigh, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon dréachtbheart a bhaineann leis an ngéarchéim agus lena sriantar saorghluaiseacht earraí agus an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar chomh maith le bearta atá glactha lena sriantar saorghluaiseacht daoine, lena n-áirítear oibrithe mar aon leis na cúiseanna atá leis na bearta sin.
2. Soláthróidh na Ballstáit ráiteas don Choimisiún maidir leis na cúiseanna a fhágann go bhfuil údar le hachtú birt dá leithéid agus go bhfuil sé agus comhréireach, i gcás nár soiléiríodh na cúiseanna sin sa bheart dá dtugtar fógra cheana féin. Cuirfidh na Ballstáit téacs iomlán na bhforálacha reachtacha nó rialála náisiúnta in iúl don Choimisiún, ar forálacha iad ina bhfuil an beart nó a mionathraíodh leis an mbeart.
2. Cuirfidh na Ballstáit ráiteas ar fáil don Choimisiún ina léireofar go bhfuil achtú beart den sórt sin neamh-idirdhealaitheach, go bhfuil bonn cirt leis agus go bhfuil sé comhréireach agus, i gcás inar féidir, go bhfuil fianaise nithiúil ag gabháil leis. Cuirfidh na Ballstáit téacs iomlán na bhforálacha reachtacha nó rialála náisiúnta in iúl don Choimisiún, ar forálacha iad ina bhfuil an beart, nó atá modhnaithe le beart den sórt sin.
4. Cuirfidh an Coimisiún na bearta dá dtugtar fógra in iúl do na Ballstáit eile gan mhoill agus roinnfidh iad leis an ngrúpa comhairleach an tráth céanna.
4. Cuirfidh an Coimisiún na bearta dá dtugtar fógra in iúl do na Ballstáit eile gan mhoill agus roinnfidh iad leis an mBord an tráth céanna.
5. Má roghnaíonn an grúpa comhairleach tuairim a thabhairt maidir le beart ar tugadh fógra ina leith, déanfaidh sé amhlaidh laistigh de cheithre lá oibre ón dáta a bhfaighidh an Coimisiún an fógra maidir leis an mbeart sin.
5. Má roghnaíonn an Bord tuairim a thabhairt maidir le beart ar tugadh fógra ina leith, déanfaidh sé amhlaidh laistigh de 4 lá oibre ón dáta a bhfaighidh an Coimisiún an fógra maidir leis an mbeart sin.
6. Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear saoránaigh agus gnólachtaí ar an eolas faoi na bearta ar tugadh fógra ina leith, mura n-iarrfaidh na Ballstáit go na bearta a choinneáil faoi rún, nó mura measfaidh an Coimisiún go rachadh nochtadh na mbeart i bhfeidhm ar shlándáil agus ar ord poiblí an Aontais Eorpaigh nó a Bhallstát, agus ar na cinntí agus na barúlacha ó na Ballstáit arna nglacadh i gcomhréir leis an Airteagal seo.
6. Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear saoránaigh agus gnólachtaí ar an eolas faoi na bearta ar tugadh fógra ina leith, mura n-iarrfaidh na Ballstáit na bearta a choinneáil faoi rún i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, nó mura measfaidh an Coimisiún go rachadh nochtadh na mbeart sin i bhfeidhm ar shlándáil agus ar ord poiblí an Aontais Eorpaigh nó a Bhallstát, agus ar na cinntí agus na barúlacha ó na Ballstáit arna nglacadh i gcomhréir leis an Airteagal seo.
8. Laistigh de 10 lá ó dháta an fhógra a fháil, scrúdóidh an Coimisiún an bhfuil aon dréacht nó aon bheart a glacadh ag luí le dlí an Aontais, lena n-áirítear Airteagal 16 agus Airteagal 17 den Rialachán seo, chomh maith le prionsabail na comhréireachta agus an neamh-idirdhealaithe, agus féadfaidh sé barúlacha a thabhairt maidir leis an mbeart ar tugadh fógra ina leith nuair a bheidh forais shoiléire agus thromchúiseacha láithreacha ann chun a chreidiúint nach gcomhlíonann sé dlí an Aontais. Cuirfidh an Ballstát a thugann fógra barúlacha den sórt sin san áireamh. In imthosca eisceachtúla, go háirithe chun comhairle eolaíoch, fianaise nó saineolas teicniúil a fháil i gcomhthéacs staid atá ag teacht chun cinn, féadfaidh an Coimisiún an tréimhse 10 lá a shíneadh. Leagfaidh an Coimisiún amach na cúiseanna lena dtugtar údar le haon síneadh den sórt sin, socróidh sé spriocdháta nua agus cuirfidh sé na Ballstáit ar an eolas faoin spriocdháta nua agus na cúiseanna leis an síneadh gan mhoill.
8. Laistigh de 10 lá ó dháta an fhógra a fháil, scrúdóidh an Coimisiún an bhfuil aon dréacht nó aon bheart atá glactha ag luí le dlí an Aontais, lena n-áirítear Airteagal16 den Rialachán seo, chomh maith le prionsabail na comhréireachta agus an neamh-idirdhealaithe, agus féadfaidh sé barúlacha a thabhairt maidir leis an mbeart ar tugadh fógra ina leith nuair a bheidh forais shoiléire agus thromchúiseacha láithreacha ann chun a chreidiúint nach gcomhlíonann sé dlí an Aontais. Cuirfidh an Ballstát a thugann fógra barúlacha den sórt sin san áireamh. In imthosca eisceachtúla, go háirithe chun comhairle eolaíoch, fianaise nó saineolas teicniúil a fháil i gcomhthéacs staid atá ag teacht chun cinn, féadfaidh an Coimisiún síneadh a chur leis an tréimhse 10 lá. Leagfaidh an Coimisiún amach na cúiseanna lena dtugtar údar maith le haon síneadh den sórt sin, agus leagfaidh sé síos spriocdháta nua nach faide ná 30 lá. Cuirfidh sé na Ballstáit ar an eolas faoin spriocdháta nua agus faoi na cúiseanna atá leis an síneadh gan mhoill.
9. Féadfaidh na Ballstáit barúlacha a thabhairt freisin don Bhallstát a thug fógra faoi bheart; cuirfidh an Ballstát sin barúlacha den sórt sin san áireamh.
9. Féadfaidh na Ballstáit barúlacha a thabhairt freisin don Bhallstát a thug fógra faoi bheart agus cuirfidh an Ballstát sin na barúlacha sin san áireamh.
10. Cuirfidh an Ballstát a thugann fógra na bearta a bhfuil sé beartaithe aige a ghlacadh chun na barúlacha a tugadh i gcomhréir le mír 8 a chomhlíonadh laistigh de 10 lá i ndiaidh dó iad a fháil.
10. Déanfaidh an Ballstát a thugann fógra na bearta a bhfuil sé beartaithe aige a ghlacadh agus údar maidir le conas a dhéanann sé na barúlacha a tugadh a chomhlíonadh i gcomhréir le mír 8 a chur in iúl don Choimisiún laistigh de 10 lá i ndiaidh dó iad a fháil.
11. Má chinneann an Coimisiún nach bhfuil na bearta arna gcur in iúl ag an mBallstát a thugann fógra i gcomhréir le dlí an Aontais fós, féadfaidh sé, laistigh de 30 lá ón dáta a gcuirtear an méid sin in iúl dó, cinneadh a eisiúint lena gceanglaítear ar an mBallstát sin gan an dréachtbheart dá dtugtar fógra a ghlacadh. Déanfaidh an Ballstát a thugann fógra téacs glactha dréachtbhirt ar tugadh fógra ina leith a chur in iúl don Choimisiún gan mhoill.
11. Má chinneann an Coimisiún nach bhfuil na bearta arna gcur in iúl ag an mBallstát a thugann fógra i gcomhréir le dlí an Aontais fós, féadfaidh sé, laistigh de 15 lá ón dáta a gcuirtear an méid sin in iúl dó, cinneadh a eisiúint lena gceanglaítear ar an mBallstát sin an dréachtbheart dá dtugtar fógra a mhodhnú nó gan é a ghlacadh. Déanfaidh an Ballstát a thugann fógra téacs glactha an dréachtbhirt ar tugadh fógra ina leith a chur in iúl don Choimisiún gan mhoill.
12. Má chinneann an Coimisiún nach bhfuil beart atá glactha cheana agus ar tugadh fógra ina leith i gcomhréir le dlí an Aontais, féadfaidh sé, laistigh de 30 lá ón bhfógra sin, cinneadh a eisiúint lena gceanglaítear ar an mBallstát é a dhíothú. Cuirfidh an Ballstát a thugann fógra téacs birt athbhreithnithe in iúl i gcás go mionathraigh sé an beart glactha ar tugadh fógra ina leith gan mhoill.
12. Má chinneann an Coimisiún nach bhfuil beart atá glactha cheana agus ar tugadh fógra ina leith i gcomhréir le dlí an Aontais, féadfaidh sé, laistigh de 15 lá ón bhfógra sin, cinneadh a eisiúint lena gceanglaítear ar an mBallstát é a dhíothú. Cuirfidh an Ballstát a thugann fógra téacs birt athbhreithnithe in iúl i gcás go modhnaíonn sé an beart glactha ar tugadh fógra ina leith gan mhoill.
13. Féadfaidh an Coimisiún an tréimhse 30 lá dá dtagraítear i mír 11 agus i mír 12 a shíneadh ar bhonn eisceachtúil chun athrú ar imthosca a chur san áireamh, go háirithe chun comhairle eolaíoch, fianaise nó saineolas teicniúil a fháil i gcomhthéacs staid atá ag athrú. Leagfaidh an Coimisiún amach na cúiseanna lena dtugtar údar le haon síneadh den sórt sin agus socróidh sé spriocdháta nua agus cuirfidh sé na Ballstáit ar an eolas faoin spriocdháta nua agus na cúiseanna leis an síneadh gan mhoill.
13. Féadfaidh an Coimisiún síneadh a chur leis an tréimhse 15 lá dá dtagraítear i mír 11 agus i mír 12 ar bhonn eisceachtúil chun athrú ar imthosca a chur san áireamh, go háirithe chun comhairle eolaíoch, fianaise nó saineolas teicniúil a fháil i gcomhthéacs staid atá ag athrú. Leagfaidh an Coimisiún amach na cúiseanna lena dtugtar údar le haon síneadh den sórt sin agus socróidh sé spriocdháta nua agus cuirfidh sé na Ballstáit ar an eolas faoin spriocdháta nua agus na cúiseanna atá leis an síneadh gan mhoill.
14. Beidh na cinntí ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 11 agus i mír 12 bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil agus féadfar iad a eisiúint nuair atá forais shoiléire agus thromchúiseacha láithreacha ann lena chreidiúint nach gcomhlíonann na bearta dá dtugtar fógra dlí an Aontais, lena n-áirítear Airteagal 16 nó Airteagal 17 den Rialachán seo, prionsabal na comhréireachta nó prionsabal an neamh-idirdhealaithe. Beidh glacadh na gcinntí sin gan dochar don fhéidearthacht don Choimisiún bearta a ghlacadh tráth níos déanaí, lena n-áirítear nós imeachta um shárú a sheoladh ar bhonn Airteagal 258 CFAE.
14. Beidh na cinntí ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 11 agus i mír 12 bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil agus féadfar iad a eisiúint nuair atá forais shoiléire agus thromchúiseacha láithreacha ann lena chreidiúint nach gcomhlíonann na bearta dá dtugtar fógra dlí an Aontais, lena n-áirítear Airteagal 16 den Rialachán seo, prionsabal na comhréireachta ná prionsabal an neamh-idirdhealaithe. Beidh glacadh na gcinntí sin gan dochar don fhéidearthacht don Choimisiún bearta a ghlacadh tráth níos déanaí, lena n-áirítear nós imeachta um shárú a sheoladh ar bhonn Airteagal 258 CFAE.
15. Ní bheidh faisnéis a sholáthraítear faoin Airteagal seo faoi rún ach amháin i gcás go n-iarrfaidh an Ballstát a bhfuil fógra á thabhairt aige an méid sin go sainráite. Bainfidh aon iarratas den sórt sin le dréachtbhearta agus tabharfar údar leis.
15. Déanfar faisnéis arna soláthar ag na Ballstáit faoin Airteagal seo a phoibliú. Féadfaidh na Ballstáit a iarraidh go gcoinneofar faisnéis a bhaineann le dréachtbhearta faoi rún. Beidh bonn cirt leis an iarraidh sin.
16. Foilseoidh an Coimisiún téacs na mbeart arna nglacadh ag na Ballstáit i gcomhthéacs éigeandáil sa Mhargadh Aonair lena gcuirtear srian le saorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine, lena n-áirítear oibrithe, a cuireadh in iúl trí bhíthin na bhfógraí dá dtagraítear san Airteagal seo agus trí fhoinsí eile. Foilseofar téacs na mbeart laistigh de lá oibre amháin i ndiaidh é a fháil trí bhíthin ardán leictreonach arna bhainistiú ag an gCoimisiún.
16. Foilseoidh an Coimisiún aon fhaisnéis a sholáthraítear faoin Airteagal seo, seachas faisnéis a mheastar a bheith rúnda i gcomhréir le mír 15.
Leasú 203 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 19 – mír 16 a (nua)
16a. Foilseoidh an Coimisiún na bearta arna nglacadh ag na Ballstáit i gcomhthéacs éigeandáil an mhargaidh inmheánaigh lena gcuirtear srian ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine, lena n-áirítear oibrithe, atá curtha in iúl. Foilseofar na bearta sin laistigh d’aon lá oibre amháin tar éis iad a fháil trí ardán leictreonach arna bhainistiú ag an gCoimisiún.
Leasú 204 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 19 – mír 16 b (nua)
16b. Déanfaidh na Ballstáit saoránaigh, tomhaltóirí, gnólachtaí, oibrithe agus a n-ionadaithe agus aon gheallsealbhóirí dá ndéantar difear a chur ar an eolas, ar bhealach soiléir agus gan débhrí, faoi bhearta a dhéanann difear do shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine, lena n-áirítear oibrithe agus soláthraithe seirbhíse, sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm, go háirithe trína bpointe náisiúnta teagmhála aonair dá dtagraítear in Airteagal 21. Áiritheoidh na Ballstáit idirphlé leanúnach leis na geallsealbhóirí ábhartha uile, lena n-áirítear comhpháirtithe sóisialta agus idirnáisiúnta.
Leasú 205 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 21 – mír 1 – pointe a
(a) cúnamh maidir le faisnéis a iarraidh agus a fháil faoi shrianta náisiúnta ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí, daoine agus oibrithe a bhaineann le héigeandáil ghníomhachtaithe sa Mhargadh Aonair;
(a) cúnamh maidir le faisnéis a iarraidh agus a fháil faoi shrianta náisiúnta ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí, daoine agus oibrithe a bhaineann le modh éigeandála gníomhachtaithe sa mhargadh inmheánach;
Leasú 206 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 21 – mír 1 – pointe b
(b) cúnamh maidir le feidhmíocht aon nós imeachta agus foirmiúlachtaí géarchéime ar an leibhéal náisiúnta a cuireadh i bhfeidhm mar gheall ar éigeandáil ghníomhachtaithe sa Mhargadh Aonair.
(b) cúnamh maidir le feidhmíocht aon nós imeachta agus foirmiúlachtaí géarchéime ar an leibhéal náisiúnta a cuireadh i bhfeidhm mar gheall ar mhodh éigeandála gníomhachtaithe sa mhargadh inmheánach;
Leasú 207 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 21 –mír 1 – pointe b a (nua)
(ba) cúnamh maidir le faisnéis a scaipeadh ar shaoránaigh, tomhaltóirí, oibreoirí eacnamaíocha agus oibrithe agus a n-ionadaithe.
2. Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le saoránaigh, tomhaltóirí, oibreoirí eacnamaíocha agus oibrithe agus a n-ionadaithe, arna iarraidh sin dóibh agus trí na pointí teagmhála aonair faoi seach, faisnéis a fháil ó na húdaráis inniúla maidir leis an dóigh a ndéantar na bearta náisiúnta um fhreagairt ar ghéarchéimeanna faoi seach a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i gcoitinne. I gcás inarb iomchuí, beidh treoir céim ar chéim san fhaisnéis sin. Soláthrófar an fhaisnéis i dteanga shoiléir, shothuigthe agus intuigthe. Beidh sé inrochtana go héasca ó chian agus trí mheán leictreonach agus coimeádfar cothrom le dáta é.
2. Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le saoránaigh, tomhaltóirí, oibreoirí eacnamaíocha agus oibrithe agus a n-ionadaithe, arna iarraidh sin dóibh agus trí na pointí teagmhála aonair faoi seach, faisnéis a fháil ó na húdaráis inniúla maidir leis an dóigh a ndéantar na bearta náisiúnta um fhreagairt ar ghéarchéimeanna faoi seach a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i gcoitinne. I gcás inarb iomchuí, beidh treoir céim ar chéim san fhaisnéis sin. Soláthrófar an fhaisnéis i dteanga shoiléir, shothuigthe agus intuigthe. Beidh sé inrochtana go héasca ó chian agus trí mheán leictreonach agus coimeádfar cothrom le dáta é. Déanfaidh na Ballstáit a ndícheall an fhaisnéis sin a chur ar fáil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais, agus aird ar leith á tabhairt ar staid agus ar riachtanais na réigiún teorann.
Leasú 209 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 22 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
2. Cuirfidh an pointe teagmhála aonair ar leibhéal an Aontais an cúnamh seo a leanas ar fáil do shaoránaigh, do thomhaltóirí, d’oibreoirí eacnamaíocha, d’oibrithe agus dá n-ionadaithe:
2. Cuirfidh an pointe teagmhála aonair ar leibhéal an Aontais an méid seo a leanas ar fáil do shaoránaigh, do thomhaltóirí, do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, d’oibreoirí eacnamaíocha, d’oibrithe agus dá gcuid ionadaithe:
Leasú 210 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 22 – mír 2 – pointe a
(a) cúnamh maidir le faisnéis a iarraidh agus a fháil a mhéid a bhaineann le bearta freagartha géarchéime ar leibhéal an Aontais atá ábhartha d’éigeandáil ghníomhachtaithe sa Mhargadh Aonair nó a théann i gcion ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí, daoine agus oibrithe;
(a) cúnamh maidir le faisnéis a iarraidh agus a fháil a mhéid a bhaineann le bearta freagartha géarchéime ar leibhéal an Aontais atá ábhartha do mhodh éigeandála gníomhachtaithe sa mhargadh inmheánach nó a théann i gcion ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine, lena n-áirítear oibrithe;
Leasú 211 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 22 – mír 2 – pointe b
(b) cúnamh maidir le feidhmíocht aon nós imeachta agus foirmiúlachtaí géarchéime a cuireadh i bhfeidhm ar leibhéal an Aontais mar gheall ar éigeandáil ghníomhachtaithe sa Mhargadh Aonair;
(b) cúnamh maidir le feidhmíocht aon nós imeachta agus foirmiúlachtaí géarchéime atá curtha i bhfeidhm ar leibhéal an Aontais mar gheall ar mhodh éigeandála gníomhachtaithe sa mhargadh inmheánach;
Leasú 212 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 22 – mír 2 – pointe c
(c) liosta a chur le chéile leis na bearta náisiúnta géarchéime agus leis na pointí teagmhála náisiúnta ar fad.
(c) cúnamh maidir le liosta a bhunú leis na bearta náisiúnta géarchéime agus leis na pointí teagmhála náisiúnta ar fad.
Leasú 213 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 22 – mír 2 a (nua)
2a. Leithdháilfear acmhainní daonna agus airgeadais leordhóthanacha ar phointe teagmhála aonair ar leibhéal an Aontais.
Leasú 214 Togra le haghaidh rialacháin Teideal III – teideal
1. Ní fhéadfaidh an Coimisiún bearta ceangailteacha atá sa Chaibidil seo a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 24(2), leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 26 agus le hAirteagal 27 (2) ach nuair a rinneadh Éigeandáil sa Mhargadh Aonair a ghníomhachtú trí gníomh cur chun feidhme ón gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 14.
1. Ní fhéadfaidh an Coimisiún bearta ceangailteacha a áirítear sa Chaibidil seo a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme ach amháin nuair a bheidh modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh gníomhachtaithe i gcomhréir le hAirteagal 14.
2. I ngníomh cur chun feidhme lena dtabharfar isteach beart a áirítear sa Chaibidil seo liosta déanfar liosta soiléir sonrach de na hearraí agus na seirbhísí i gcéas géarchéime. Ní bheidh feidhm ag an mbeart sin ach amháin ar feadh fad an mhodha éigeandála.
2. Le gníomh cur chun feidhme lena dtugtar isteach beart a áirítear sa Chaibidil seo, liostófar go soiléir agus go sonrach na hearraí agus na seirbhísí atá ábhartha don ghéarchéim agus a shainaithnítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14(5) a bhfuil feidhm ag beart den sórt sin maidir leo. Ní bheidh feidhm ag an mbeart sin ach amháin ar feadh fhad an mhodha éigeandála.
Leasú 217 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 23 – mír 2 a (nua)
2a. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(2). Ar mhórfhorais práinne cuí-réasúnaithe a bhaineann le tionchair na géarchéime ar an margadh inmheánach, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach bonn a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 42(3).
1. I gcás ina bhfuil géarghanntanas atá ábhartha i gcás géarchéime nó ina bhfuil bagairt láithreach ganntanais, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar eagraíochtaí ionadaíocha nó ar oibreoirí eacnamaíocha i slabhraí soláthair atá ábhartha i gcás géarchéime faisnéis shonrach a tharchur chuig an gCoimisiún ar bhonn deonach, laistigh de theorainn ama shocraithe, maidir le hacmhainneacht táirgeachta agus maidir le stoic earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a d’fhéadfadh a bheith ann agus maidir le comhpháirteanna díobh sin i saoráidí táirgthe an Aontais agus i saoráidí tríú tír ina n-oibríonn sé soláthar, ina bhfuil soláthar ar conradh aige nó ina gceannaíonn sé soláthar, chomh maith le faisnéis faoi aon suaitheadh ábhartha sa slabhra soláthair laistigh de spriocdháta ar leith.
1. I gcás ina bhfuil ganntanas tromchúiseach a bhaineann le géarchéim nó bagairt láithreach de, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar oibreoirí eacnamaíocha i slabhraí soláthair atá ábhartha i gcás géarchéime faisnéis shonrach atá ábhartha d'éigeandáil an mhargaidh inmheánaigha tharchur, ar bhonn deonach agus laistigh de theorainn ama réasúnta, i gcomhréir le mír 3.
2. Mura dtarchuireann na seolaithe an fhaisnéis a iarradh i gcomhréir le mír 1 laistigh den teorainn ama agus mura dtugann siad bonn cirt bailí gan déanamh amhlaidh, féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomh cur chun feidhme, a cheangal go dtarchuirfidh siad an fhaisnéis, ina léireofar sa ghníomh cur chun feidhme an fáth a bhfuil sé comhréireach agus riachtanach déanamh amhlaidh, agus na hearraí agus na seirbhísí lena mbaineann an t-iarratas ar fhaisnéis agus ar an bhfaisnéis a iarrtar a shonrú, agus teimpléad a chur ar fáil, i gcás inar gá, leis na ceisteanna a d’fhéadfaí a dhíriú chuig na hoibreoirí eacnamaíocha.
2. Mura dtarchuirfidh na seolaithe an fhaisnéis a iarrtar i gcomhréir le mír 1 laistigh den teorainn ama agus mura dtugann siad údar bailí gan sin a dhéanamh, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin moladh, a iarraidh go dtarchuirfidh siad an fhaisnéis arna hiarraidh, agus léiriú á thabhairt ar an bhfáth a bhfuil sé comhréireach agus riachtanach é sin a dhéanamh, lena sonrófar na hearraí agus na seirbhísí agus na seolaithe atá ábhartha i gcás géarchéime lena mbaineann an iarraidh ar fhaisnéis, agus an fhaisnéis atá á lorg, lena gcuirtear teimpléad ar fáil, i gcás inar gá, ina mbeidh na ceisteanna a d’fhéadfaí a chur ar na hoibreoirí eacnamaíocha.
Leasú 220 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 24 – mír 3 – an chuid réamhráiteach
3. Féadfaidh an méid seo a leanas a bheith i gceist leis na hiarratais ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1:
3. Féadfaidh na hiarratais ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a bheith bainteach leis an méid seo a leanas:
Leasú 221 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 24 – mír 3 – pointe a
(a) faisnéis spriocdhírithe a thabhairt don Choimisiún maidir le hacmhainní táirgeacht agus maidir le stoic a d’fhéadfadh a bheith ann do na hearraí atá ábhartha i gcás géarchéime agus comhpháirteanna díobh i saoráidí táirgthe atá lonnaithe san Aontas agus i saoráidí táirgthe atá lonnaithe i dtríú tír a oibríonn an eagraíocht nó an t-oibreoir dá dtagraítear i mír 1 soláthar, ina bhfuil soláthar ar conradh acu nó ina gceannaíonn siad soláthar, agus lánurraim á tabhairt do rúin trádála agus gnó agus ceangal á chur orthu sceideal d’aschur táirgeachta ionchasach do na 3 mhí ina dhiaidh sin a tharchur chuig an gCoimisiún, i gcás saoráid táirgthe atá lonnaithe san Aontas chomh maith le haon suaitheadh ábhartha sa slabhra soláthair;
(a) faisnéis spriocdhírithe a thabhairt don Choimisiún maidir leis na hacmhainneachtaí táirgthe agus na stoic a d’fhéadfadh a bheith ann de na hearraí atá ábhartha i gcás géarchéime agus comhpháirteanna díobh i saoráidí táirgthe atá lonnaithe san Aontas agus i saoráidí táirgthe atá lonnaithe i dtríú tír a oibríonn a ndéanann an eagraíocht nó an t-oibreoir dá dtagraítear i mír 1 a oibriú nó conradh ina leith;
Leasú 222 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 24 – mír 3 – pointe b
(b) faisnéis eile is gá chun measúnú a dhéanamh ar chineál nó ar mhéid aon chur isteach nó aon ghanntanas ar an slabhra soláthair.
(b) sceideal d’aschur táirgeachta ionchasach na n-earraí atá ábhartha i gcás géarchéime do na 3 mhí tar éis na hiarrata ar fhaisnéis maidir le saoráidí táirgthe atá lonnaithe san Aontas nó i dtríú tír a oibríonn an t-oibreoir nó a ndéanann an t-oibreoir conradh ina leith.
4. I ndiaidh ghníomhachtú na n-iarratas ar fhaisnéis éigeantach chuig oibreoirí eacnamaíocha trí ghníomh cur chun feidhme, díreoidh an Coimisiún cinneadh foirmiúil chuig gach duine de na heagraíochtaí ionadaíocha sin nó chuig gach oibreoir eacnamaíoch i slabhraí soláthair atá ábhartha i gcás géarchéime a sainaithníodh sa ghníomh cur chun feidhme, ina n-iarrfar an fhaisnéis a shonraítear sa ghníomh cur chun feidhme a sholáthar orthu. Beidh an Coimisiún ag brath, i gcás inar féidir, ar liostaí teagmhála ábhartha na n-oibreoirí eacnamaíocha atá gníomhach sna slabhraí soláthair roghnaithe earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime, arna dtiomsú ag na Ballstáit. Féadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis riachtanacha a fháil faoi na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha ó na Ballstáit.
4. Agus cuireadh á thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha faisnéis a sholáthar nó á iarraidh orthu faisnéis a sholáthar chun críocha an Airteagail seo, braithfidh an Coimisiún, i gcás inar féidir, ar na liostaí teagmhála ábhartha agus atá ar fáil de na hoibreoirí eacnamaíocha atá gníomhach sna slabhraí soláthair roghnaithe d’earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime, arna dtiomsú ag na Ballstáit. Féadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis riachtanach a fháil faoi na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha ó na Ballstáit.
5. Sna Cinntí ón gCoimisiún ina bhfuil iarratais aonair ar fhaisnéis, beidh tagairt don ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 ar a bhfuil siad bunaithe agus do chásanna géarghanntanas a bhaineann i gcás géarchéime nó bagairt láithreach ar ghéarchéimeanna ar eascair siad astu. Beidh údar cuí le haon iarratas ar fhaisnéis agus beidh sé comhréireach i dtéarmaí mhéid, chineál agus ghráinneacht na sonraí, chomh maith le minicíocht na rochtana ar na sonraí arna n-iarraidh, agus beidh sé riachtanach do bhainistiú na héigeandála nó do thiomsú staidrimh oifigiúil ábhartha. Leagfar amach in iarratas teorainn réasúnta ama nach mór an fhaisnéis a sholáthar laistigh di. Cuirfear san áireamh ann an iarracht is gá chun na sonraí a bhailiú agus a chur ar fáil ag an oibreoir eacnamaíoch nó ag an eagraíocht ionadaíoch. Beidh cosaintí sa chinneadh foirmiúil freisin maidir le cosaint sonraí i gcomhréir le hAirteagal 39 den Rialachán seo, cosaintí maidir le neamhnochtadh faisnéise íogaire gnó atá sa fhreagra i gcomhréir le hAirteagal 25, agus faisnéis maidir leis an bhféidearthacht go ndéanfaí conspóid ina leith os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais agus leis na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 28 as mainneachtain comhlíonadh agus an amlíne le haghaidh freagra.
5. Beidh tagairt sa mholadh ón gCoimisiún, ina bhfuil iarratais aonair ar fhaisnéis, do na cásanna de ghanntanais thromchúiseacha a bhaineann le géarchéim nó de bhagairt láithreach ina leith ba chúis leo. Beidh údar cuí le haon iarraidh ar fhaisnéis agus beidh sí comhréireach i dtéarmaí mhéid, chineál agus ghráinneacht na sonraí, chomh maith le minicíocht na rochtana ar na sonraí arna n-iarraidh, agus beidh sí riachtanach chun an éigeandáil a bhainistiú. Leagfar amach in iarratas teorainn réasúnta ama nach faide ná 14 lá nach mór an fhaisnéis a sholáthar laistigh di. Féadfaidh an t-oibreoir síneadh aonuaire a iarraidh ar an teorainn ama go dtí 2 lá sula rachaidh sé in éag i gcás inar gá síneadh den sórt sin de bharr thromchúis an cháis. Tabharfaidh an Coimisiún freagra, laistigh de lá oibre amháin, ar aon iarraidh den sórt sin ar shíneadh a chur leis an teorainn ama. Cuirfear san áireamh ann an iarracht is gá chun na sonraí a bhailiú agus a chur ar fáil ag an oibreoir eacnamaíoch. Beidh coimircí sa mholadh freisin maidir le sonraí a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 39 den Rialachán seo, coimircí le haghaidh neamhnochtadh faisnéise íogaire gnó atá ann, agus coimircí maidir le neamhnochtadh rún trádála agus maoine intleachtúla sa fhreagra i gcomhréir le hAirteagal 25.
6. Féadfaidh úinéirí na hoibreoirí eacnamaíocha nó a n-ionadaithe agus, i gcás daoine dlítheanacha, cuideachtaí nó gnólachtaí, nó comhlachais nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, na daoine atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh dóibh de réir dlí nó de réir a mbunreachta, an fhaisnéis arna hiarraidh thar ceann an oibreora eacnamaíoch nó chomhlachas n-oibreoirí eacnamaíoch lena mbaineann a sholáthar. Cuirfidh gach oibreoir eacnamaíoch nó comhlachas oibreoirí eacnamaíocha an fhaisnéis a iarradh ar fáil ar bhonn aonair i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le hiomaíocht lena rialaítear an malartú faisnéise. Dlíodóirí atá údaraithe go cuí gníomhú, féadfaidh siad an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcliant. Leanfaidh na cliaint sin le bheith freagrach go hiomlán má bhíonn an fhaisnéis a sholáthrófar neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.
6. Féadfaidh úinéirí na n-oibreoirí eacnamaíocha nó na daoine atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann de réir dlí nó de réir a mbunreachta an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar thar ceann an oibreora eacnamaíoch lena mbaineann. Cuirfidh gach oibreoir eacnamaíoch an fhaisnéis a iarradh ar fáil ar bhonn aonair i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le hiomaíocht lena rialaítear an malartú faisnéise. Féadfaidh dlíodóirí arna n-údarú go cuí chun gníomhú an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcliant. Is iad na cliaint a bheidh freagrach go hiomlán fós má tá an fhaisnéis a sholáthraítear neamhiomlán, míchruinn nó míthreorach.
7. Beidh dlínse neamhtheoranta ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí lena bhforchuir an Coimisiún iarratas éigeantach ar fhaisnéis ar oibreoir eacnamaíoch.
8. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta coiste dá dtagraítear in Airteagal 42(2). Ar mhórchúiseanna práinne cuí-réasúnaithe le tionchair na géarchéime ar an Mhargadh aonair, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach bonn a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 42(3).
1. Ní úsáidfear faisnéis a fhaightear mar thoradh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ach amháin chun na críche ar iarradh í.
1. Ní úsáidfear faisnéis a fhaightear ó oifigí idirchaidrimh na mBallstát, ón mBord, ó oibreoirí eacnamaíocha nó ó aon fhoinse eile mar thoradh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ach amháin chun na críche ar iarradh í ina leith.
2. Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go gcosnófar rúin trádála agus ghnó agus faisnéis íogair agus rúnda eile a gheofar agus a chruthófar agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, lena n-áirítear moltaí agus bearta a dhéanfar, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta faoi seach.
2. Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go gcosnófar rúin trádála agus ghnó,maoin intleachtúil agus faisnéis íogair agus rúnda eile a gheofar agus a ghinfear agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, lena n-áirítear moltaí agus bearta a bheidh le déanamh i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta faoi seach.
4. Féadfaidh an Coimisiún faisnéis chomhiomlán bunaithe ar aon fhaisnéis arna bailiú de bhun Airteagal 24 a chur i láthair an ghrúpa chomhairligh dá dtagraítear in Airteagal 4.
4. Féadfaidh an Coimisiún faisnéis chomhiomlán bunaithe ar aon fhaisnéis arna bailiú de bhun Airteagal 24 a chur i láthair an Bhoird.
Leasú 231 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 25 – mír 5 a (nua)
5a. Scriosfar aon fhaisnéis a gheofar trí iarrataí ar fhaisnéis a luaithe a rachaidh modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh in éag, nó níos luaithe ná sin má chuirfear isteach na tuarascálacha ábhartha uile a bhaineann le modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh. Seolfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit deimhniú go ndearnadh an fhaisnéis sin a scriosadh chuig na hoibreoirí eacnamaíocha a ndearnadh difear dóibh díreach tar éis a scriosta.
Leasú 232 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 26
Airteagal 26
scriosta
Leasuithe spriocdhírithe ar reachtaíocht chomhchuibhithe táirgí
Nuair a ghníomhachtaítear modh éigeandála an Mhargaidh Aonair trí ghníomh cur chun feidhme ón gComhairle arna ghlacadh de bhun Airteagal 14, agus nuair a bheidh ganntanas earraí atá ábhartha i gcás géarchéime ann, féadfaidh an Coimisiún na nósanna imeachta éigeandála atá i gcreataí dlí an Aontais arna leasú le [Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/424, Rialachán (AE) 2016/425, Rialachán (AE) 2016/426, Rialachán (AE) 2019/1009 agus Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 agus lena dtugtar isteach nósanna imeachta éigeandála maidir le measúnú comhréireachta, glacadh sonraíochtaí coiteanna agus faireachas margaidh i gcomhthéacs éigeandáil sa Mhargadh Aonair agus Threoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoracha 2000/14/CE, 2006/42/CE, 2010/ 35/AE, 2013/29/AE, 2014/28/AE, 2014/29/AE, 2014/30/AE, 2014/31/AE, 2014/32/AE, 2014/33/AE, 2014/34/ AE, 2014/35/AE, 2014/53/AE, agus 2014/68/AE agus lena dtugtar isteach i dtaca le nósanna imeachta éigeandála maidir le measúnú comhréireachta, glacadh sonraíochtaí coiteanna agus faireachas margaidh i gcomhthéacs Margaidh Aonair] a mhéid a bhaineann le hearraí atá ábhartha i gcás géarchéime, lena léireofar na hearraí atá ábhartha i gcás géarchéime agus na nósanna imeachta éigeandála atá faoi réir an ghníomhachtaithe, ag tabhairt cúiseanna le gníomhachtú den sórt sin agus a lena chomhréireacht, agus ina léireofar fad an ghníomhachtaithe sin.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(2). Ar mhórchúiseanna práinne cuí-réasúnaithe le tionchair na géarchéime ar an Mhargadh aonair, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach bonn a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 42(3).
1. Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar oibreoir eacnamaíoch amháin nó níos mó i slabhraí soláthair atá ábhartha i gcás géarchéime agus atá bunaithe san Aontas glacadh le horduithe áirithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo i ndáil le táirgeadh nó soláthar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime (‘ ord a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis’).
1. Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh, ar bhonn deonach, ar oibreoir eacnamaíoch amháin nó níos mó i slabhraí soláthair atá ábhartha i gcás géarchéime agus atá bunaithe san Aontas glacadh le horduithe áirithe agus tosaíocht a thabhairt dóibh i ndáil le táirgeadh nó soláthar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime (‘ord a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis’). Sonróidh an Coimisiún an fhaisnéis ábhartha uile, lena n-áirítear cainníocht na n-earraí agus na seirbhísí atá ábhartha don ghéarchéim, an t-am seachadta agus an praghas agus cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi sin.
2. Mura nglacfaidh oibreoir eacnamaíoch le horduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo agus mura dtabharfaidh sé tús áite dóibh, féadfaidh an Coimisiún, as a stuaim féin, nó arna iarraidh sin do ag 14 Bhallstát, measúnú a dhéanamh ar an ngá agus ar an gcomhréireacht a bhaineann le dul i muinín orduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo i gcásanna den sórt sin, tabharfaidh an Coimisiún an deis don oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann agus d’aon pháirtí ar féidir a léiriú go ndeachaigh an t-ordú féideartha a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis i gcion orthu, a seasamh a shonrú laistigh de theorainn réasúnta ama arna leagan síos ag an gCoimisiún i bhfianaise imthosca an cháis. In imthosca eisceachtúla, tar éis measúnú den sórt sin a dhéanamh, féadfaidh an Coimisiún, tar éis tuairim dhearfach a fháil ón ngrúpa comhairleach, gníomh cur chun feidhme a dhíriú ar an oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann, lena gceanglófar air glacadh leis na horduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo a shonraítear sa ghníomh cur chun feidhme agus tosaíocht a thabhairt dóibh nó a mhíniú cén fáth nach féidir nó nach iomchuí don oibreoir sin déanamh amhlaidh. Beidh cinneadh an Choimisiúin bunaithe ar shonraí oibiachtúla lena léirítear go bhfuil tosaíocht den sórt sin fíor-riachtanach chun a áirithiú go gcoimeádfar gníomhaíochtaí eacnamaíocha sochaíocha ríthábhachtacha ar bun sa mhargadh inmheánach.
2. Mura nglacann oibreoir eacnamaíoch le horduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo nó mura dtugann sé tosaíocht dóibh, féadfaidh an Coimisiún, as a stuaim féin nó arna iarraidh sin do 14 Bhallstát, measúnú a dhéanamh ar an ngá agus ar an gcomhréireacht a bhaineann le dul i muinín orduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo. I gcásanna den sórt sin, tabharfaidh an Coimisiún an deis don oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann chomh maith le haon pháirtithe ar féidir a léiriú go ndearna an t-ordú a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis difear dóibh, an deis a seasamh a chur in iúl laistigh de theorainn ama réasúnach arna leagan síos ag an gCoimisiún i bhfianaise imthosca an cháis. In imthosca eisceachtúla, tar éis measúnú den sórt sin a dhéanamh agus aird chuí á thabhairt ar thuairim an Bhoird, féadfaidh an Coimisiún, gníomh cur chun feidhme a dhíriú ar an oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann, lena gceanglófar air glacadh leis na horduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo a shonraítear sa ghníomh cur chun feidhme agus tosaíocht a thabhairt dóibh nó a mhíniú i scríbhinn cén fáth nach féidir nó nach iomchuí don oibreoir sin déanamh amhlaidh. I gcás ina n-imeoidh breithniú an Choimisiúin ó thuairm an Bhoird, cuirfidh an Coimisiún bonn cirt cuí ar fáil. Beidh an cinneadh ón gCoimisiún bunaithe ar shonraí oibiachtúla atá fíorasach, intomhaiste agus réasúnaithe lena léirítear go bhfuil sé fíor-riachtanach tosaíocht den sórt sin a thabhairt chun a áirithiú go gcoimeádfar gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha sa tsochaí sa mhargadh inmheánach.
I gcás go ndiúltóidh an t-oibreoir eacnamaíoch ar chuige nó chuici a ndírítear an cinneadh dá dtagraítear i mír 2 glacadh leis an gceanglas glacadh leis na horduithe a shonraítear sa chinneadh agus iad a chur in ord tosaíochta, soláthróidh sé nó sí don Choimisiún, laistigh de 10 lá ón bhfógra faoin gcinneadh sin, míniú réasúnaithe ina leagfar amach na cúiseanna nach bhfuil sé indéanta nó iomchuí, i bhfianaise chuspóirí na forála seo, an ceanglas a chomhlíonadh. Áirítear ar chúiseanna den sórt sin neamhábaltacht an oibreora an t-ordú a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis a dhéanamh mar gheall ar acmhainneacht táirgeachta neamhleor nó mar gheall ar riosca tromchúiseach go mbeadh cruatan nó ualach eacnamaíoch ar leith ar an oibreoir dá nglacfaí leis an ordú, nó toisc breithnithe eile den tromchúis cheanna.
I gcás go ndiúltóidh an t-oibreoir eacnamaíoch, ar chuige nó chuici a ndírítear an cinneadh dá dtagraítear i mír 2, glacadh leis an gceanglas glacadh leis na horduithe a shonraítear sa chinneadh agus iad a chur in ord tosaíochta, soláthróidh sé nó sí don Choimisiún, laistigh de 10 lá ón bhfógra faoin gcinneadh sin, míniú réasúnaithe ina leagfar amach na cúiseanna a bhfuil údar cuí leo nach bhfuil sé indéanta nó iomchuí an ceanglas a chomhlíonadh. Áirítear ar chúiseanna den sórt sin neamhábaltacht an oibreora an t-ordú lena mbaineann rátáil tosaíochta a dhéanamh mar gheall ar acmhainneacht táirgeachta neamhleor nó mar gheall ar riosca tromchúiseach go mbeadh cruatan nó ualach eacnamaíoch ar leith ar an oibreoir dá nglacfaí leis an ordú, agus na praghsanna agus na cainníochtaí arna sonrú ag an gCoimisiún, go háirithe, á gcur san áireamh, nó breithnithe eile den tromchúis chéanna. D’fhéadfadh aidhmeanna dlisteanacha an ghnóthais lena mbaineann agus an costas, an iarracht, an phraiticiúlacht theicniúil agus na hiarmhairtí gnó fadtéarmacha is gá le haghaidh aon athrú ar an seicheamh táirgthe a bheith i gceist leis na cúiseanna sin.
6. Déanfaidh an Coimisiún an cinneadh dá dtagraítear i mír 2 i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme, lena n-áirítear prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta, agus oibleagáidí an Aontais faoin dlí idirnáisiúnta. Cuirfear san áireamh sa chinneadh sin go sonrach leasanna dlisteanacha an oibreora eacnamaíoch lena mbaineann agus aon fhaisnéis atá ar fáil maidir leis an gcostas agus leis an iarracht is gá d’aon athrú ar an seicheamh táirgthe. Sonrófar ann an bunús dlí lena ghlacadh, socrófar leis na teorainneacha ama ar laistigh díobh a dhéanfar an t-ordú a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint léi agus, i gcás inarb infheidhme, sonrófar ann an táirge agus an chainníocht. Sonrófar ann na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 28 má mhainnítear an cinneadh a chomhlíonadh. An t-ordú a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis, déanfar é ar phraghas cóir réasúnta.
6. Déanfaidh an Coimisiún an cinneadh dá dtagraítear i mír 2 i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme, lena n-áirítear prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta, agus oibleagáidí an Aontais faoin dlí idirnáisiúnta. Cuirfear san áireamh sa chinneadh sin go sonrach leasanna dlisteanacha an oibreora eacnamaíoch lena mbaineann agus aon fhaisnéis atá ar fáil maidir leis an gcostas agus leis an iarracht is gá le haghaidh aon athrú ar an seicheamh táirgthe. Sonrófar ann an bunús dlí lena ghlacadh, socrófar leis na teorainneacha ama ar laistigh díobh a dhéanfar an t‑ordú lena mbaineann rátáil tosaíochta agus, i gcás inarb infheidhme, sonrófar ann an táirge, an praghas agus an chainníocht. Sonrófar ann na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 28 má mhainnítear an cinneadh a chomhlíonadh. An t-ordú lena mbaineann rátáil tosaíochta, déanfar é ar phraghas cóir réasúnta, lena n-áireofar, i gcás inarb ábhartha, cúiteamh iomchuí as na costais bhreise uile arna dtabhú ag an oibreoir eacnamaíoch.
Leasú 238 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 28 – teideal
Fíneálacha ar oibreoirí mar gheall ar mhainneachtain cloí leis an oibleagáid iarratais ar fhaisnéis éigeantach a fhreagairt nó orduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo a chomhlíonadh
Fíneálacha ar oibreoirí mar gheall ar mhainneachtain orduithe lena mbaineann rátáil tosaíochta a chomhlíonadh
Leasú 239 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 28 – mír 1 – pointe a
(a) i gcás ina soláthraíonn eagraíocht ionadaíoch oibreoirí eacnamaíocha nó oibreora eacnamaíoch, d’aon ghnó nó trí mhórfhaillí, faisnéis mhíchruinn, neamhiomlán nó mhíthreorach mar fhreagairt ar iarraidh a rinneadh de bhun Airteagal 24, nó mura soláthraíonn gnóthas nó eagraíochtaí ionadaíocha gnóthas an fhaisnéis laistigh den teorainn ama atá forordaithe;
2. Fíneálacha a fhorchuirfear sna cásanna dá dtagraítear i mír 1(a) agus (b), ní sháróidh siad EUR 200 000.
2. Fíneálacha a ghearrfar sna cásanna dá dtagraítear i mír 1(b), ní sháróidh siad EUR 200 000. Fíneálacha a ghearrfar ar oibreoirí eacnamaíocha ar FBManna iad, mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE, ní sháróidh siad EUR 25 000.
3. Ní bheidh na fíneálacha a ghearrfar sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 (c) níos mó ná 1 % den mheánláimhdeachas laethúil sa bhliain ghnó roimhe sin do gach lá oibre i gcás neamhchomhlíonadh na hoibleagáide de bhun Airteagal 27 (orduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis) arna ríomh ón dáta a bunaíodh sa chinneadh agus nach mó ná 1 % den láimhdeachas iomlán sa bhliain ghnó roimhe sin iad.
3. Ní bheidh na fíneálacha a ghearrfar sna cásanna dá dtagraítear i mír 1(c) níos mó ná 1 % den mheánláimhdeachas laethúil sa bhliain ghnó roimhe sin do gach lá oibre i gcás neamhchomhlíonadh na hoibleagáide de bhun Airteagal 27 (orduithe lena mbaineann rátáil tosaíochta) arna ríomh ón dáta a bunaíodh sa chinneadh agus nach mó ná 1 % den láimhdeachas iomlán sa bhliain ghnó roimhe sin iad. Ní bheidh fíneálacha a ghearrfar ar oibreoirí eacnamaíocha ar FBManna iad, mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE, níos mó ná 0,25 % den láimhdeachas iomlán sa bhliain ghnó roimhe sin.
4. Agus méid na fíneála á shocrú, tabharfar aird ar mhéid agus ar acmhainní eacnamaíocha an oibreora eacnamaíoch lena mbaineann, ar chineál, ar thromchúis agus ar fhad an tsáraithe, agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabal na comhréireachta agus chomh hiomchuí agus atá sé.
4. Agus méid na fíneála á shocrú, cuirfidh an Coimisiún méid agus acmhainní eacnamaíocha an oibreora eacnamaíoch lena mbaineann san áireamh, chomh maith le cineál, tromchúis agus fad an tsáraithe, agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabail na comhréireachta agus na hoiriúnachta. Cuirfear san áireamh freisin tionchar na géarchéime ar an oibreoir eacnamaíoch agus ar a ghníomhaíochtaí gnó.
Leasú 243 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 29 – mír 1 – pointe a
(a) dhá bhliain i gcás sáruithe forálacha a bhaineann le hiarratais ar fhaisnéis de bhun Airteagal 24;
scriosta
Leasú 244 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 29 – mír 1 – pointe b
(b) trí bliana i gcás sáruithe forálacha a bhaineann leis an oibleagáid chun tús áite a thabhairt do tháirgeadh na n-earraí atá ábhartha i gcás géarchéime de bhun Airteagal 26(2).
(b) 3 bliana i gcás sáruithe ar fhorálacha a bhaineann leis an oibleagáid tosaíocht a thabhairt do tháirgeadh na n-earraí atá ábhartha i gcás géarchéime de bhun Airteagal 27.
Leasú 245 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 31 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
1. Sula nglacfaidh sé cinneadh de bhun Airteagal 28, tabharfaidh an Coimisiún an deis d’oibreoir eacnamaíoch nó d’eagraíochtaí ionadaíocha na n-oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann éisteacht a fháil maidir leis an méid seo a leanas:
1. Sula nglacfaidh sé cinneadh de bhun Airteagal 28, tabharfaidh an Coimisiún an deis don oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann éisteacht a fháil maidir leis an méid seo a leanas:
2. Féadfaidh gnóthais agus eagraíochtaí ionadaíocha oibreoirí eacnamaíochta lena mbaineann a gcuid tuairimí maidir le réamhthorthaí an Choimisiúin a chur isteach laistigh de theorainn ama a shocróidh an Coimisiún sna réamhthorthaí uaidh agus nach bhféadfaidh a bheith níos lú ná 21 lá.
2. Féadfaidh na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann a gcuid tuairimí maidir le réamhthorthaí an Choimisiúin a chur isteach laistigh de theorainn ama a shocróidh an Coimisiún sna réamhthorthaí uaidh agus nach bhféadfaidh a bheith níos lú ná 21 lá.
3. Bunóidh an Coimisiún a chuid cinntí ar agóidí a raibh oibreoirí eacnamaíocha agus eagraíochtaí ionadaíocha na n-oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann ábalta tuairimí a thabhairt ina leith.
3. Bunóidh an Coimisiún a chuid cinntí ar agóidí a raibh oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann ábalta tuairimí a thabhairt ina leith, agus orthu sin amháin.
4. Déanfar cearta cosanta an oibreora eacnamaíoch nó eagraíochtaí ionadaíocha na n-oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann a urramú go hiomlán in aon imeacht. Beidh oibreoir eacnamaíoch nó eagraíochtaí ionadaíocha na n-oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann i dteideal rochtain a fháil ar chomhad an Choimisiúin faoi théarmaí nochta idirbheartaithe, faoi réir leas dlisteanach na n-oibreoirí eacnamaíocha a rúin ghnó a chosaint. Ní áireofar leis an gceart rochtana ar an gcomhad faisnéis rúnda agus doiciméid inmheánacha de chuid an Choimisiúin nó de chuid údaráis na mBallstát. Ní áireofar leis an gceart rochtana comhfhreagras idir an Coimisiún agus údaráis na mBallstát go háirithe. Ní chuirfidh aon rud sa mhír seo cosc ar an gCoimisiún faisnéis a nochtadh agus a úsáid, ar faisnéis í atá riachtanach chun sárú a chruthú.
4. Déanfar cearta cosanta an oibreora eacnamaíoch lena mbaineann a urramú go hiomlán in aon imeacht. Beidh an t-oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann i dteideal rochtain a fháil ar chomhad an Choimisiúin faoi théarmaí nochta idirbheartaithe, faoi réir leas dlisteanach na n-oibreoirí eacnamaíocha a rúin ghnó a chosaint. Ní áireofar leis an gceart rochtana ar an gcomhad faisnéis rúnda agus doiciméid inmheánacha de chuid an Choimisiúin nó de chuid údaráis na mBallstát. Ní áireofar leis an gceart rochtana comhfhreagras idir an Coimisiún agus údaráis na mBallstát go háirithe. Ní chuirfidh aon rud sa mhír seo cosc ar an gCoimisiún faisnéis a nochtadh agus a úsáid, ar faisnéis í atá riachtanach chun sárú a chruthú.
Leasú 249 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 32 – teideal
Leithdháileadh spriocdhírithe agus comhordaithe cúltacaí straitéiseacha
Dlúthpháirtíocht agus dáileadh comhordaithe cúltacaí straitéiseacha
-1. I gcás ganntanas earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a dhéanann difear do Bhallstát amháin nó níos mó, féadfaidh na Ballstáit lena mbaineann fógra a thabhairt don Choimisiún ina leith agus na cainníochtaí is gá agus aon fhaisnéis ábhartha eile a chur in iúl. Tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis chuig na húdaráis inniúla uile agus déanfaidh sé comhordú fhreagairtí na mBallstát a chuíchóiriú.
I gcás nach leor na cúltacaí straitéiseacha a chomhdhéanann na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 12 chun freastal ar na riachtanais a bhaineann le héigeandáil sa Mhargaidh Aonair, féadfaidh an Coimisiún, agus aird á tabhairt aige ar an tuairim a thug an grúpa comhairleach, a mholadh do na Ballstáit na cúltacaí straitéiseacha a dháileadh ar bhealach spriocdhírithe, i gcás inar féidir, ag féachaint don ghá nach gcuirfear isteach tuilleadh ar an Margadh Aonair, lena n-áirítear i limistéir gheografacha a dtéann an cur isteach sin i gcion go mór orthu agus i gcomhréir le prionsabail an riachtanais, na comhréireachta agus na dlúthpháirtíochta agus úsáid is éifeachtúla as cúltacaí a bhunú d’fhonn deireadh a chur le héigeandáil sa Mhargadh Aonair.
I gcás nach leor na cúltacaí straitéiseacha a chomhdhéanann na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 8a chun freastal ar na riachtanais a bhaineann le héigeandáil sa mhargadh inmheánach, féadfaidh an Coimisiún, agus aird chuí á tabhairt aige ar an tuairim a thug an Bord, a mholadh do na Ballstáit na cúltacaí straitéiseacha a dháileadh ar bhealach spriocdhírithe, i gcás inar féidir, ag féachaint don ghá nach gcuirfear isteach tuilleadh ar an margadh inmheánach, lena n‑áirítear i limistéir gheografacha a dtéann an cur isteach sin i gcion go mór orthu agus i gcomhréir le prionsabail an riachtanais, na comhréireachta agus na dlúthpháirtíochta agus an úsáid is éifeachtúla as cúltacaí a bhunú d’fhonn deireadh a chur le héigeandáil sa mhargadh inmheánach.
Leasú 252 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 33 – teideal
Bearta chun infhaighteacht agus soláthar earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú
Bearta chun infhaighteacht agus soláthar earraí nó seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú
1. Féadfaidh an Coimisiún, nuair a mheasann sé go bhfuil baol ann go mbeidh ganntanas earraí atá ábhartha i gcás géarchéime ann, a mholadh do na Ballstáit bearta sonracha a chur chun feidhme chun atheagrú éifeachtúil na slabhraí soláthair agus na línte táirgeachta a áirithiú agus chun stoic atá ann cheana a úsáid chun infhaighteacht agus soláthar earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a mhéadú a luaithe is féidir.
1. Féadfaidh an Coimisiún, nuair a mheasann sé go bhfuil baol ann go mbeidh ganntanas earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime ann, agus tuairim an Bhoird á cur san áireamh, a mholadh do na Ballstáit bearta sonracha a dhéanamh, lena n-áirítear chun slabhraí soláthair agus línte táirgthe éifeachtúla a áirithiú.
Leasú 254 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 33 – mír 2 – pointe a
(a) éascaíocht a dhéanamh ar mhéadú nó athrú cuspóra na n-acmhainní táirgeachta atá ann cheana, nó ar bhunú acmhainní nua táirgeachta le haghaidh earraí atá ábhartha i gcás géarchéime;
(a) méadú nó athrú cuspóra na n‑acmhainneachtaí táirgeachta atá ann cheana, nó bunú acmhainneachtaí nua táirgeachta le haghaidh earraí nó seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a éascú;
Leasú 255 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 33 – mír 2 – pointe c a (nua)
(ca) saorghluaiseacht seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a éascú.
Leasú 256 Togra le haghaidh rialacháin Cuid V – teideal
Soláthar
Soláthar poiblí
Leasú 257 Togra le haghaidh rialacháin Cuid V – Caibidil I – teideal
Soláthar earraí agus seirbhísí a bhfuil tábhacht straitéiseach leo agus earraí atá ábhartha i gcás géarchéime ag an gCoimisiún thar ceann na mBallstát le linn modhanna faireachais agus éigeandála
Soláthar poiblí earraí agus seirbhísí ríthábhachtacha agus earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime ag an gCoimisiún thar ceann na mBallstát le linn modhanna faireachais agus éigeandála
1. Féadfaidh dhá Bhallstát nó níos mó a iarraidh ar an gCoimisiún soláthar a sheoladh thar ceann na mBallstát ar mian leo go ndéanfadh an Coimisiún ("na Ballstáit rannpháirteacha") ionadaíocht ar a son, chun earraí agus seirbhísí lena mbaineann tábhacht straitéiseach agus a liostaítear i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 9 (1) nó earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime agus a liostaítear i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 14 (5) a cheannach.
1. Féadfaidh dhá Bhallstát nó níos mó a iarraidh ar an gCoimisiún soláthar a sheoladh thar ceann na mBallstát ar mian leo go ndéanfadh an Coimisiún (‘na Ballstáit rannpháirteacha’) ionadaíocht ar a son, chun earraí agus seirbhísí ríthábhachtacha agus a liostaítear i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 9(1) nó earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime agus a liostaítear i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 14(5) a cheannach.
2. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar fhóntas, ar riachtanas agus ar chomhréireacht an iarratais. I gcás nach bhfuil rún ag an gCoimisiún an t-iarratas a chomhlíonadh, cuirfidh sé na Ballstáit lena mbaineann agus an grúpa comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 4 ar an eolas faoin méid sin, agus luafaidh sé na cúiseanna ar dhiúltaigh sé an t-iarratas.
2. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhairle leis an mBord, measúnú ar riachtanas agus ar chomhréireacht an iarratais dá dtagraítear i mír 1 gan mhoill. I gcás nach bhfuil rún ag an gCoimisiún an t-iarratas sin a chomhlíonadh, cuirfidh sé na Ballstáit lena mbaineann agus an Bord ar an eolas faoin méid sin, agus luafaidh sé na cúiseanna ar dhiúltaigh sé an t-iarratas.
3. I gcás ina n-aontódh an Coimisiún comhaontú a thabhairt i gcrích thar ceann na mBallstát, dréachtóidh sé togra le haghaidh creat-chomhaontú a bheidh le tabhairt i gcrích leis na Ballstáit rannpháirteacha lena gceadófar don Choimisiún comhaontú a thabhairt i gcrích ar a son. Leagfar síos leis an gcomhaontú sin na coinníollacha mionsonraithe maidir leis an soláthar thar ceann na mBallstát rannpháirteach dá dtagraítear i mír 1.
3. I gcás ina n-aontóidh an Coimisiún soláthar a dhéanamh thar ceann na mBallstát, déanfaidh sé an méid seo a leanas:
(a) na Ballstáit uile agus an Bord a chur ar an eolas faoin rún atá aige an nós imeachta soláthair a chur i gcrích agus iarraidh ar na Ballstáit leasmhara a bheith rannpháirteach ann;
(b) togra a dhréachtú le haghaidh creat-chomhaontú a bheidh le tabhairt i gcrích leis na Ballstáit rannpháirteacha lena gceadófar don Choimisiún soláthar a dhéanamh thar a gceann. Leagfar síos leis an gcomhaontú sin na coinníollacha mionsonraithe maidir leis an soláthar, lena n-áirítear socruithe praiticiúla, rialacha cinnteoireachta agus na cainníochtaí atá beartaithe, thar ceann na mBallstát rannpháirteach dá dtagraítear i mír 1.
Leasú 261 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 34 – mír 3 a (nua)
3a. I gcás nach bhfuil an Coimisiún in ann an conradh a dhámhachtain ar oibreoir eacnamaíoch oiriúnach, cuirfidh sé na Ballstáit ar an eolas láithreach ina leith ionas gur féidir leo a bpróisis soláthair féin a thionscnamh gan mhoill.
1. Bunófar leis an gcomhaontú [dá dtagraítear in Airteagal 34(3) sainordú caibidlíochta don Choimisiún chun gníomhú mar chomhlacht lárnach ceannaigh le haghaidh earraí agus seirbhísí ábhartha lena mbaineann tábhacht straitéiseach nó le haghaidh earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime thar ceann na mBallstát rannpháirteach trí chonarthaí nua a thabhairt i gcrích.
1. Bunófar leis an gcomhaontú dá dtagraítear in Airteagal 34(3), pointe (b), sainordú caibidlíochta, lena n-áireofar gnéithe amhail critéir dhámhachtana agus conas a dhéanfar tairiscintí a mheasúnú, ionas go ngníomhóidh an Coimisiún mar chomhlacht lárnach ceannaigh le haghaidh earraí agus seirbhísí ábhartha ríthábhachtacha nó le haghaidh earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime thar ceann na mBallstát rannpháirteach trí chonarthaí nua a thabhairt i gcrích.
2. I gcomhréir leis an gcomhaontú, féadfaidh an Coimisiún a bheith i dteideal, thar ceann na mBallstát rannpháirteach, conarthaí a dhéanamh le hoibreoirí eacnamaíocha, lena n-áirítear táirgeoirí aonair earraí agus seirbhísí lena mbaineann tábhacht straitéiseach nó earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime, maidir le hearraí agus seirbhísí den sórt sin a cheannach.
2. I gcomhréir leis an gcomhaontú sin, féadfaidh an Coimisiún a bheith i dteideal, thar ceann na mBallstát rannpháirteach, conarthaí a dhéanamh le hoibreoirí eacnamaíocha, lena n-áirítear táirgeoirí aonair earraí agus seirbhísí ríthábhachtacha nó earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime, maidir le hearraí agus seirbhísí den sórt sin a cheannach.
3. Féadfaidh ionadaithe an Choimisiúin nó saineolaithe arna n-ainmniú ag an gCoimisiún cuairteanna a thabhairt ar an láthair ag láithreacha saoráidí táirgthe earraí ábhartha lena mbaineann tábhacht straitéiseach nó earraí atá ábhartha i gcás géarchéime.
scriosta
Leasú 265 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 35 – mír 3 a (nua)
3a. Iarrfaidh an Coimisiún ar na Ballstáit rannpháirteacha ionadaithe a cheapadh chun páirt a ghlacadh in ullmhú na nósanna imeachta soláthair.
2. Féadfar clásal a chuimsiú sna conarthaí ina sonrófar go bhféadfaidh Ballstát nach raibh rannpháirteach sa nós imeachta soláthair bheith ina pháirtí sa chonradh nuair a shíneofar é, agus leagfar amach go mionchruinn an nós imeachta chun é sin a dhéanamh agus na héifeachtaí a bheidh i gceist leis.
2. Déanfar clásal a chuimsiú sna conarthaí ina sonrófar go bhféadfaidh Ballstát nach raibh rannpháirteach sa nós imeachta soláthair, faoi réir chomhaontú thromlach na mBallstát rannpháirteach, a bheith ina pháirtí sa chonradh nuair a shíneofar é, agus leagfar amach go mionchruinn an nós imeachta chun é sin a dhéanamh agus na héifeachtaí a bheidh i gceist leis.
I gcás inar gá soláthar comhpháirteach a dhéanamh idir an Coimisiún agus údarás conarthach amháin nó níos mó ó na Ballstáit i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach in Airteagal 165(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, féadfaidh na Ballstáit na hacmhainní arna soláthar go comhpháirteach a fháil, a fháil ar cíos nó a léasú ina n-iomláine.
1. Féadfaidh an Coimisiún agus údarás conarthach amháin nó níos mó ó na Ballstáit páirt a ghlacadh, mar pháirtithe conarthacha, i nós imeachta soláthair chomhpháirtigh arna dhéanamh de bhun Airteagal 165(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 d’fhonn earraí atá ábhartha i gcás géarchéime nó earraí agus seirbhísí ríthábhachtacha a cheannach laistigh de thréimhse ama réasúnta.
Leasú 268 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 37 – mír 1 a (nua)
1a. Maidir le páirt a ghlacadh sa nós imeachta soláthair chomhpháirtigh, beidh cead ag na Ballstáit uile agus, de mhaolú ar Airteagal 165(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, ag Stáit Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa agus ag tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas chomh maith le Prionsacht Andóra, Prionsacht Mhonacó, Poblacht San Mairíne agus Stát Chathair na Vatacáine, go háirithe i gcás ina bhforáiltear don mhéid sin go sonrach i gconradh déthaobhach nó iltaobhach.
Leasú 269 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 37 – mír 1 b (nua)
1b. Roimh an nós imeachta soláthair chomhpháirtigh, beidh comhaontú maidir le soláthar comhpháirteach idir na páirtithe chun na socruithe praiticiúla lena rialaítear an nós imeachta sin agus an próiseas cinnteoireachta a chinneadh a mhéid a bhaineann le roghnú an nós imeachta, conas a dhéanfar na tairiscintí a mheasúnú agus na critéir chun an conradh a dhámhachtain, i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais.
Leasú 270 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 37 – mír 1 c (nua)
1c. Beidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas maidir leis an nós imeachta soláthair chomhpháirtigh:
(a) ní bheidh tionchar diúltach aige ar oibriú an mhargaidh inmheánaigh, ní idirdhealú ná srian ar an trádáil é ná ní bheidh sé ina chúis le saobhadh iomaíochta;
(b) ní bheidh aon tionchar díreach airgeadais aige ar bhuiséad na dtíortha dá dtagraítear i mír 1a nach bhfuil rannpháirteach sa nós imeachta soláthair chomhpháirtigh.
Leasú 271 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 37 – mír 1 d (nua)
1d. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi na nósanna imeachta soláthair chomhpháirtigh arna ndéanamh i gcomhréir leis an Airteagal seo agus, arna iarraidh sin, tabharfaidh sé rochtain ar na conarthaí a thabharfar i gcrích mar thoradh ar na nósanna imeachta sin, faoi réir cosaint leordhóthanach faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de, lena n-áirítear rúin ghnó, caidreamh tráchtála agus leasanna an Aontais. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis in iúl do Pharlaimint na hEorpa maidir le doiciméid íogaire i gcomhréir le hAirteagal 9(7) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.
Nuair a ghníomhachtófar modh éigeandála an Mhargaidh Aonair de bhun Airteagal 14, rachaidh na Ballstáit i gcomhairle lena chéile agus leis an gCoimisiún agus déanfaidh siad comhordú ar a ngníomhaíochtaí leis an gCoimisiún agus le hionadaithe na mBallstát eile sa ghrúpa comhairleach sula seolfar soláthar earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime, ar earraí agus seirbhísí iad a liostaítear i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 14 (5), i gcomhréir le Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle55.
Nuair a ghníomhachtófar modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh de bhun Airteagal 14, rachaidh na Ballstáit i gcomhairle le chéile agus leis an gCoimisiún agus déanfaidh siad comhordú ar a ngníomhaíochtaí leis an gCoimisiún agus le hionadaithe na mBallstát eile sa Bhord sula seolfar soláthar earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime, ar earraí agus seirbhísí iad a liostaítear i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 14(5), i gcomhréir le Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle55. Féadfaidh an Bord moltaí a eisiúint maidir le comhordú na ngníomhaíochtaí sin
__________________
__________________
55 Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).
55 Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).
I gcás gur gníomhachtaíodh modh éigeandála an Mhargaidh Aonair de bhun Airteagal 16 agus inar seoladh soláthar ag an gCoimisiún thar ceann na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 34 go hAirteagal 36, ní bhfaighidh údaráis chonarthacha na mBallstát rannpháirteach earraí ná seirbhísí a chumhdaítear leis an soláthar sin ar mhodh eile.
I gcás inar gníomhachtaíodh modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh de bhun Airteagal 14 agus inar seoladh soláthar ag an gCoimisiún thar ceann na mBallstát i gcomhréir le hAirteagail 34 go 36, ní bhfaighidh údaráis chonarthacha na mBallstát rannpháirteach earraí ná seirbhísí a chumhdaítear leis an soláthar sin ar mhodh eile, seachas sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 34(3a). Measfar aon chonradh soláthair a thabharfar i gcrích de shárú ar an Airteagal seo a bheith ar neamhní.
Leasú 274 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 40
Airteagal 40
scriosta
Cosaint sonraí pearsanta
1. Beidh an Rialachán seo gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát maidir lena bpróiseáil sonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 agus faoi Threoir 2002/58/CE maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach, nó oibleagáidí an Choimisiúin agus, i gcás inarb iomchuí, institiúidí agus comhlachtaí eile an Aontais, maidir lena bpróiseáil sonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725, agus a bhfreagrachtaí á gcomhlíonadh acu.
2. Ní dhéanfar sonraí pearsanta a phróiseáil ná a chur in iúl ach amháin i gcásanna ina bhfuil géarghá leis sin chun críocha an Rialacháin seo. I gcásanna den sórt sin, beidh feidhm ag coinníollacha Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 agus Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 de réir mar is iomchuí.
3. I gcás nach bhfuil géarghá le sonraí pearsanta a phróiseáil chun na sásraí a bhunaítear leis an Rialachán seo a chomhlíonadh, déanfar sonraí pearsanta anaithnid sa dóigh nach mbeidh an t-ábhar sonraí inaitheanta.
Leasú 275 Togra le haghaidh rialacháin Cuid V a (nua)
Cuid Va
Uirlisí digiteacha
Leasú 276 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 41 – teideal
Uirlisí digiteacha
Forálacha ginearálta maidir le huirlisí digiteacha
Féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit uirlisí digiteacha idir-inoibritheacha nó bonneagair TF a bhunú a thacóidh le cuspóirí an Rialacháin seo. Féadfar uirlisí nó bonneagair den sórt sin a fhorbairt lasmuigh den thréimhse Éigeandála sa Mhargadh Aonair.
1. Faoin ... [6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit uirlisí digiteacha idir-inoibritheacha nó bonneagair TF, ar uirlisí nó bonneagair iad lena dtacaítear le cuspóirí an Rialacháin seo, a chur ar bun, a chothabháil agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta. Forbrófar na huirlisí nó na bonneagair sin lasmuigh d’fhad na héigeandála sa mhargadh inmheánach chun freagairt ar bhealach tráthúil éifeachtúil d’éigeandálaí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo. Áireofar orthu sin, inter alia, uirlisí digiteacha caighdeánaithe, slána agus éifeachtacha chun faisnéis a bhailiú agus a mhalartú ar bhealach slán chun críocha Airteagal 7a, faisnéis fíor-ama faoi shrianta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 41a, lánaí tapa dá dtagraítear in Airteagal 41b agus ardán na ngeallsealbhóirí dá dtagraítear in Airteagal 41c.
Leagfaidh an Coimisiún amach, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, gnéithe teicniúla na n-uirlisí nó na mbonneagar sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(2).
2. Leagfaidh an Coimisiún amach, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, gnéithe teicniúla na n-uirlisí nó na mbonneagar sin agus úsáid á baint, i gcás inar féidir, as uirlisí nó tairseacha TF atá ann cheana, amhail An Eoraip Agatsa. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(2).
Leasú 279 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 41 – mír 2 a (nua)
2a. Déanfaidh na Ballstáit faisnéis a mhalartú go rialta leis an gCoimisiún agus eatarthu féin maidir le gach ábhar a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo trí bhealach slán cumarsáide.
Leasú 280 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 41 a (nua)
Airteagal 41a
Faisnéis fíor-ama faoi shrianta náisiúnta
Cuirfidh an Coimisiún suíomh gréasáin poiblí tiomnaithe ar bun ina mbeidh faisnéis ó na Ballstáit faoi na srianta náisiúnta dá bhforáiltear i ndlíthe, rialacháin nó forálacha riaracháin na mBallstát, ar tugadh fógra don Choimisiún ina leith de bhun Airteagal 19, lena n-áirítear faisnéis faoina raon feidhme agus faoina bhfad. Áireofar ar an suíomh gréasáin poiblí tiomnaithe léarscáil idirghníomhach ina mbeidh faisnéis fíor-ama ábhartha faoi na srianta náisiúnta sin.
Leasú 281 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 41 b (nua)
Airteagal 41b
Lánaí tapa
1. Bunóidh an Coimisiún lánaí tapa arb é is aidhm dóibh saorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus oibrithe a éascú, go háirithe earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime. Go háirithe, soláthróidh an Coimisiún teimpléid ábhartha nó foirmeacha aonair digiteacha dearbhaithe, clárúcháin nó údaraithe le haghaidh gníomhaíochtaí trasteorann, go háirithe le haghaidh seirbhísí gairmiúla i réimse an chúraim sláinte, na suiteála, na cothabhála agus an deisiúcháin, na tógála, an bhia agus na talmhaíochta chun dlús a chur le nósanna imeachta dearbhaithe, clárúcháin nó údaraithe, lena n-áirítear cáilíochtaí gairmiúla a aithint nó oibrithe a phostú. Beidh na teimpléid nó na foirmeacha digiteacha sin ar fáil saor in aisce i dteangacha oifigiúla uile an Aontais, agus beidh siad bailí i ngach Ballstát.
2. Más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais, go bhfuil srianta teorann tugtha isteach ag na Ballstáit, cuirfidh an Coimisiún na lánaí tapa a bunaíodh ag trasnuithe teorann in iúl, lena n-áirítear, i gcás inar féidir, faisnéis fíor-ama, chun saorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine a éascú.
Leasú 282 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 41 c (nua)
Airteagal 41c
Ardán na ngeallsealbhóirí maidir le cásanna éigeandála agus athléimneacht
1. Bunóidh an Coimisiún ardán na ngeallsealbhóirí chun idirphlé agus comhpháirtíochtaí earnáilsonracha a éascú trí phríomh-gheallsealbhóirí a thabhairt le chéile, eadhon ionadaithe oibreoirí eacnamaíocha, comhpháirtithe sóisialta, taighdeoirí agus an tsochaí shibhialta. Beidh sé d’aidhm ag an ardán sin oibreoirí eacnamaíocha a spreagadh chun treochláir dheonacha a dhréachtú mar fhreagairt ar éigeandáil sa mhargadh inmheánach. Go háirithe, cuirfidh an t-ardán sin feidhmiúlacht ar fáil a chuirfidh ar chumas geallsealbhóirí leasmhara an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a) gníomhaíochtaí deonacha a léiriú a bhfuil gá leo chun freagairt go rathúil d’éigeandáil sa mhargadh inmheánach;
(b) comhairle eolaíoch, tuairimí nó tuarascálacha a chur ar fáil ar cheisteanna a bhaineann le géarchéim;
(c) rannchuidiú le malartú faisnéise agus dea-chleachtas.
2. Cuirfidh an Coimisiún agus an Bord torthaí an idirphlé agus na gcomhpháirtíochtaí earnáilsonracha san áireamh, chomh maith le haon ionchur ábhartha a sholáthróidh geallsealbhóirí i gcomhréir le mír 1, i gcur chun feidhme an Rialacháin seo.
1. Cuideoidh an Coiste um an Ionstraim Éigeandála le haghaidh an Mhargaidh Aonair leis an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
1. Tabharfaidh an Coiste um Chásanna Éigeandála agus Athléimneacht an Mhargaidh Inmheánaigh cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Leasú 284 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 42 – mír 3 a (nua)
3a. Sula nglacfar aon ghníomh cur chun feidhme de bhun an Rialacháin seo, agus a phráinn á cur san áireamh, foilseoidh an Coimisiún dréacht de agus iarrfaidh sé ar na páirtithe leasmhara uile a mbarúlacha a thíolacadh laistigh de thréimhse ama réasúnta.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 6 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo nó aon dáta eile arna leagan síos ag na comhreachtóirí.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 6 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón ... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a dhréachtú maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar síneadh a chur go hintuigthe le tarmligean na cumhachta go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
Leasú 286 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 43 – mír 5 a (nua)
5a. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 6 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar síneadh 3 mhí a chur leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Leasú 287 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 44 – teideal
1. De réir [OP: cuir isteach an dáta = cúig bliana i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le feidhmiú na pleanála teagmhasaí, faireachais, agus an chórais um fhreagairt éigeandála don Mhargadh Aonair ag moladh aon fheabhsúchán, más gá, agus, i gcás inarb iomchuí, beidh tograí reachtacha ábhartha ag gabháil léi.
1. Faoin ... [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 5 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar éifeachtacht an Rialacháin seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Áireofar sa tuarascáil sin, go háirithe, meastóireacht ar an méid seo a leanas:
(a) obair an Bhoird, chomh maith lena chuid oibre i ndáil le hobair comhlachtaí bainistithe géarchéime ábhartha eile ar leibhéal an Aontais;
(b) na tástálacha struis, an oiliúint agus na prótacail ghéarchéime, dá dtagraítear sa Rialachán seo;
(c) na critéir chun an modh éigeandála, dá dtagraítear in Airteagal 13, a ghníomhachtú;
(d) na huirlisí digiteacha arna gcur i bhfeidhm i gcomhréir le Cuid Va;
Beidh tograí reachtacha ábhartha ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí.
Leasú 289 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 44 – mír 1 a (nua)
1a. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, tar éis gach uaire a dhéanfar an modh éigeandála a dhíghníomhachtú, maidir le feidhmiú an chórais práinnfhreagartha maille le moltaí i dtaobh feabhais, más gá. Déanfar meastóireacht sa tuarascáil sin, go háirithe, ar thionchar na mbeart éigeandála ar na cearta bunúsacha a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, eadhon ar an tsaoirse fiontraíochta, ar an tsaoirse chun fostaíocht a lorg agus chun obair a dhéanamh, agus ar an gceart chun cómhargála agus chun caingne, lena n-áirítear an ceart dul ar stailc.
Leasú 290 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 44 – mír 2 a (nua)
2a. Chun críoch mhír 1, soláthróidh an Bord agus údaráis inniúla na mBallstát an fhaisnéis uile a bheidh ar fáil don Choimisiún arna iarraidh sin dó.
Leasú 291 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 45 – teideal
Déantar Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 ón gComhairle a aisghairm le héifeacht ón [dáta].
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 ón gComhairle mar a leanas:
(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:
‘Leis an Rialachán seo, ní dhéanfar aon difear d’fheidhmiú na gceart bunúsach mar a aithnítear iad sna Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear an ceart nó an tsaoirse dul ar stailc nó chun caingean a ghlacadh a chumhdaítear leis na córais shonracha caidrimh thionsclaíoch atá sna Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus/nó leis an gcleachtas náisiúnta. Ná ní dhéanfar difear leis don cheart chun comhaontuithe comhchoiteanna a chaibidil, a thabhairt i gcrích agus a fhorfheidhmiú nó chun gníomhaíocht chomhchoiteann a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus/nó leis an gcleachtas náisiúnta.’;
(2) Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:
‘Airteagal 5a
1. I gcás ina ndéanfar modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh dá dtagraítear in Airteagal 14 de Rialachán .../2023 [IMERA] a ghníomhachtú, scoirfidh Airteagail 3, 4 agus 5 den Rialachán seo d’fheidhm a bheith acu ar feadh fhad an mhodha sin.
2. Tá mír 1 gan dochar d’aon oibleagáid a eascraíonn as an Rialachán seo roimh ghníomhachtú an mhodha éigeandála i gcomhréir le [Rialachán IMERA].’.
Leasú 293 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 46 – teideal
Teacht i bhfeidhm
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Leasú 294 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 46 – mír 1 a (nua)
Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón ... [6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0246/2023).