Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2023 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip (athmhúnlú) (COM(2022)0542 – C9-0364/2022 – 2022/0347(COD))(1)
(An gnáthnós imeachta reachtach - athmhúnlú)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Leasú 1 Togra le haghaidh treorach Aithris 2
(2) I mí na Nollag 2019, leag an Coimisiún Eorpach amach ina Theachtaireacht ‘An Comhaontú Glas don Eoraip’ treochlár uaillmhianach chun an tAontas a chlaochlú ina shochaí chóir rathúil ag a bhfuil geilleagar nua-aimseartha iomaíoch atá tíosach ar acmhainní, arb é is aidhm leis caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú, agus sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ar rioscaí agus ar thionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. Go sonrach i dtaobh aer glan, rinneadh gealltanas sa Chomhaontú Glas don Eoraip cáilíocht an aeir a fheabhsú a thuilleadh agus caighdeáin an Aontais maidir le cáilíocht an aeir a ailíniú go pointe níos dlúithe le moltaí na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS). D’fhógair sé freisin go neartófaí na forálacha maidir le faireachán, samhaltú agus pleanáil ar cháilíocht an aeir.
(2) I mí na Nollag 2019, leag an Coimisiún Eorpach amach ina Theachtaireacht ‘An Comhaontú Glas don Eoraip’40 treochlár uaillmhianach chun an tAontas a chlaochlú ina shochaí chóir rathúil ag a bhfuil geilleagar nua-aimseartha iomaíoch atá tíosach ar acmhainní, arb é is aidhm leis caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú, agus sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ar rioscaí agus ar thionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. Go sonrach i dtaobh aer glan, thug an Coimisiún gealltanas cáilíocht an aeir a fheabhsú a thuilleadh agus caighdeáin an Aontais maidir le cáilíocht an aeir a ailíniú go pointe níos dlúithe le moltaí na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS). D’fhógair sé freisin go neartófaí na forálacha maidir le faireachán ar cháilíocht an aeir, maidir lena samhaltú agus maidir le pleanáil ina leith.
__________________
__________________
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip. COM(2019)0640.
40 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip; COM(2019)0640.
Leasú 293 Togra le haghaidh Treorach Aithris 4
(4) Leagtar amach freisin sa Phlean Gníomhaíochta maidir le Truailliú Nialasach fís don bhliain 2050, ina laghdófaí an truailliú aeir go leibhéil nach meastar a thuilleadh a bheith díobhálach d'éiceachórais sláinte agus nádúrtha. Chuige sin, ba cheart cur chuige céimnithe a shaothrú i ndáil le caighdeáin an Aontais maidir le cáilíocht an aeir atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, lena mbunófar caighdeáin idirmheánacha maidir le cáilíocht an aeir don bhliain 2030 agus ina dhiaidh sin, agus lena bhforbrófar peirspictíocht maidir le hailíniú le Treoirlínte EDS maidir le Cáilíocht an Aeir faoin mbliain 2050 ar a dhéanaí, bunaithe ar shásra athbhreithnithe rialta chun an tuiscint eolaíoch is déanaí a chur san áireamh. I bhfianaise na nasc idir laghdú ar thruailliú agus dícharbónú, ba cheart an cuspóir fadtéarmach a shaothrú, is é sin an uaillmhian maidir le truailliú nialasach a bhaint amach, in éineacht le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(4) Leagtar amach freisin sa Phlean Gníomhaíochta maidir le Truailliú Nialasach fís don bhliain 2050, ina laghdófaí an truailliú aeir go leibhéil nach meastar a thuilleadh a bheith díobhálach d'éiceachórais sláinte agus nádúrtha. Chuige sin, ba cheart cur chuige uaillmhianach a shaothrú i ndáil le caighdeáin an Aontais maidir le cáilíocht an aeir atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, lena mbunófar caighdeáin maidir le cáilíocht an aeir don bhliain 2030 agus go tráthrialta ina dhiaidh sin, agus lena bhforbrófar peirspictíocht maidir le hailíniú leanúnach agus iomlán le Treoirlínte EDS is cothroime le dáta maidir le Cáilíocht an Aeir chun an cuspóir maidir le truailliú nialasach a ghnóthú faoin mbliain 2050 ar a dhéanaí, bunaithe ar shásra athbhreithnithe rialta chun an fhianaise eolaíoch is déanaí a chur san áireamh. I bhfianaise na nasc idir laghdú ar thruailliú agus dícharbónú, ba cheart an cuspóir fadtéarmach a shaothrú, is é sin an uaillmhian maidir le truailliú nialasach a bhaint amach, in éineacht le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
__________________
__________________
42 Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1–17).
42 Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1–17).
Leasú 3 Togra le haghaidh treorach Aithris 4 a (nua)
(4a) I mí Mheán Fómhair 2021, d’eisigh EDS Treoirlínte nua maidir le Cáilíocht an Aeir, bunaithe ar shintéis chuimsitheach den fhianaise eolaíoch maidir le héifeachtaí an truaillithe aeir ar an tsláinte. Leagtar béim shonrach i gconclúidí na dTreoirlínte maidir le Cáilíocht an Aeir ar a thábhachtaí atá sé na tiúchain truaillithe a ísliú ar gach leibhéal agus tairbhí soiléire a léiriú don tsláinte phoiblí agus don chomhshaol mar gheall ar na gníomhaíochtaí sin. Cuirtear san áireamh sa Treoir seo an tuiscint eolaíoch is déanaí agus an gá atá le caighdeáin an Aontais maidir le cáilíocht an aeir a ailíniú go hiomlán leis na Treoirlínte is déanaí ó EDS maidir le Cáilíocht an Aeir chun cuspóirí foriomlána an Phlean Gníomhaíochta maidir le Truailliú Nialasach a chomhlíonadh.
Leasú 4 Togra le haghaidh treorach Aithris 4 b (nua)
(4b) Is mó i bhfad na tairbhí sochaíocha atá le baint as laghdú leanúnach feabhsaithe ar thruailliú aeir ná na costais atá i gceist. De réir mheastacháin an Choimisiúin, is ionann na costais dhíreacha bhliantúla a bhaineann le cásanna beartais éagsúla a chomhlíonadh a ndearnadh anailís orthu faoin measúnú tionchair a ghabhann leis an Treoir seo agus idir EUR 3,3 billiún agus EUR 7 mbilliún, agus is ionann na tairbhí sláinte agus comhshaoil a bheidh ann in 2030, má chuirtear luach airgid orthu, agus idir EUR 36 bhilliún agus EUR 130 billiún, rud a léiríonn go sáraíonn tairbhí an bheartais maidir le cáilíocht an aeir go mór an costas cur chun feidhme.Ón mbliain 2000 i leith, tá laghdú leanúnach tagtha ar astaíochtaí aerthruaillithe san Aontas mar thoradh ar reachtaíocht an Aontais agus ar an reachtaíocht náisiúnta.
Leasú 5 Togra le haghaidh treorach Aithris 5
(5) Agus na bearta ábhartha á ndéanamh acu ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun an cuspóir maidir le truailliú nialasach a bhaint amach i dtaca leis an truailliú aeir, ba cheart do na Ballstáit, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún a bheith faoi threoir ‘phrionsabal an réamhchúraim’ agus an phrionsabail gurb é ‘údar an truaillithe a íocfaidh as’, arna bhunú sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus faoi threoir an phrionsabail ‘gan dochar a dhéanamh’ sa Chomhaontú Glas don Eoraip. Ba cheart dóibh, inter alia, an méid seo a leanas a chur san áireamh: an méid a chuireann cáilíocht fheabhsaithe an aeir leis an tsláinte phoiblí, le cáilíocht an chomhshaoil, le folláine na saoránach, le rathúnas na sochaí, le fostaíocht agus le hiomaíochas an gheilleagair; an t-aistriú fuinnimh, slándáil fuinnimh neartaithe agus dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh; slándáil agus inacmhainneacht bia; réitigh soghluaisteachta agus iompair inbhuanaithe agus chliste a fhorbairt; tionchar na n-athruithe iompraíochta; cothroime agus dlúthpháirtíocht ar fud na mBallstát agus laistigh díobh, i bhfianaise a gcumais eacnamaíoch, a n-imthosca náisiúnta, amhail sainiúlachtaí oileán, agus an gá atá le cóineasú le himeacht ama; an gá atá leis an aistriú a bheith cóir agus cothrom ó thaobh na sochaí de trí chláir oideachais agus oiliúna iomchuí a chur i gcrích; an fhianaise eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil agus is déanaí, go háirithe na torthaí a thuairiscigh EDS; an gá atá le rioscaí a bhaineann le truailliú aeir a chomhtháthú i gcinntí infheistíochta agus pleanála; cost-éifeachtúlacht agus neodracht theicneolaíoch maidir le laghduithe ar astaíochtaí truailleán aeir a bhaint amach; agus dul chun cinn le himeacht ama i dtaca le sláine an chomhshaoil agus i dtaca leis an leibhéal uaillmhéine.
(5) Agus na bearta ábhartha á ndéanamh acu ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun an cuspóir maidir le truailliú nialasach a bhaint amach i dtaca leis an truailliú aeir, ba cheart do na Ballstáit, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún a bheith faoi threoir ‘phrionsabal an réamhchúraim’, faoi threoir ‘an phrionsabail gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as’ agus faoi threoir ‘an phrionsabail maidir le cosc agus truailliú a cheartú ag an bhfoinse’, arna mbunú sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus faoi threoir an phrionsabail ‘gan dochar a dhéanamh’ sa Chomhaontú Glas don Eoraip agus mar aon le hurraim do cheart an duine chun comhshaoil ghlain, shláintiúil agus inbhuanaithe. Ba cheart dóibh, inter alia, an méid seo a leanas a chur i gcuntas: rannchuidiú cháilíocht an aeir leis an tsláinte phoiblí, cáilíocht an chomhshaoil agus athléimneacht na n-éiceachóras, folláine na saoránach, comhionannas agus cosaint daonraí íogaire agus grúpaí leochaileacha, costais cúraim sláinte, gnóthú na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna), ról na sochaí sibhialta, rathúnas na sochaí, fostaíocht agus iomaíochas an gheilleagair; an t-aistriú fuinnimh, slándáil fuinnimh neartaithe agus dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh; slándáil agus inacmhainneacht bia; réitigh soghluaisteachta agus iompair inbhuanaithe agus chliste, agus a mbonneagair, a fhorbairt; tionchar na n-athruithe iompraíochta; tionchar na mbeartas fioscach; cothroime agus dlúthpháirtíocht ar fud na mBallstát agus laistigh díobh, i bhfianaise a gcumais eacnamaíoch, a n-imthosca náisiúnta, amhail sainiúlachtaí oileán, agus an gá atá le cóineasú le himeacht ama; an gá atá leis an aistriú a bheith cóir agus cothrom ó thaobh na sochaí de trí chláir oideachais agus oiliúna iomchuí a chur i gcrích, lena n-áirítear do ghairmithe cúraim sláinte; an fhianaise eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil agus is déanaí, go háirithe na torthaí a thuairiscigh EDS; an gá atá le rioscaí a bhaineann le truailliú aeir a chomhtháthú i gcinntí infheistíochta agus pleanála; cost-éifeachtúlacht, na réitigh theicneolaíocha is fearr atá ar fáil agus neodracht theicneolaíoch maidir le laghduithe ar astaíochtaí truailleán aeir a bhaint amach; agus dul chun cinn le himeacht ama maidir le sláine comhshaoil agus leibhéal uaillmhéine, faoi threoir phrionsabal an neamh-chúlchéimnithe a bhunaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
Leasú 6 Togra le haghaidh treorach Aithris 5 a (nua)
(5a) Leis an Treoir seo, rannchuidítear leis na SDGanna a bhaint amach, go háirithe SDGanna 3, 7, 10, 11 agus 13.
Leasú 7 Togra le haghaidh treorach Aithris 6
(6) Le ‘Ochtú Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030’ arna ghlacadh le Cinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022, bunaítear an cuspóir timpeallacht neamhthocsaineach a bhaint amach lena gcosnófar sláinte agus folláine daoine, ainmhithe agus éiceachórais ar rioscaí agus tionchair dhiúltacha a bhaineann leis an gcomhshaol, agus, chun na críche sin, sonraítear go mbeidh gá le modhanna faireacháin a fheabhsú a thuilleadh, le faisnéis níos fearr a chur ar fáil don phobal agus le rochtain ar cheartas. Treoraíonn sé sin na cuspóirí a leagtar amach sa Treoir seo.
(6) Le ‘Ochtú Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030’ arna ghlacadh le Cinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022, bunaítear an cuspóir timpeallacht neamhthocsaineach a bhaint amach lena gcosnófar sláinte agus folláine daoine, ainmhithe agus éiceachórais ar rioscaí agus tionchair dhiúltacha a bhaineann leis an gcomhshaol, agus, chun na críche sin, sonraítear go mbeidh gá le modhanna faireacháin a fheabhsú a thuilleadh, le faisnéis níos fearr a chur ar fáil don phobal agus le rochtain ar cheartas. Treoraíonn sé sin na cuspóirí a leagtar amach sa Treoir seo.
__________________
__________________
43 Cinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030 (IO L 114, 12.4.2022, lch. 22).
43 Cinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030 (IO L 114, 12.4.2022, lch. 22).
Leasú 8 Togra le haghaidh treorach Aithris 7
(7) Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an bhfianaise eolaíoch a bhaineann le truailleáin, a n-éifeachtaí ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol agus forbairt theicneolaíoch. Ar bhonn an athbhreithnithe, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh féachaint an bhfuil na caighdeáin cáilíochta aeir is infheidhme fós iomchuí chun cuspóirí na Treorach seo a bhaint amach. Ba cheart an chéad athbhreithniú a dhéanamh faoin 31/12/2028 chun a mheas an gá caighdeáin maidir le cáilíocht an aeir a thabhairt cothrom le dáta bunaithe ar an bhfaisnéis eolaíoch is déanaí.
(7) Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an bhfianaise eolaíoch a bhaineann le truailleáin, a n-éifeachtaí ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol, éagothromaíochtaí sláinte, costais dhíreacha agus indíreacha cúraim sláinte a bhaineann le truailliú aeir, costais chomhshaoil, agus forbairtí iompraíochta, fioscacha agus teicneolaíocha. Ar bhonn an athbhreithnithe, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh féachaint an bhfuil na caighdeáin cáilíochta aeir is infheidhme fós iomchuí chun cuspóirí na Treorach seo a bhaint amach. Ba cheart an chéad athbhreithniú a dhéanamh faoin 31/12/2028 chun a mheas an gá caighdeáin maidir le cáilíocht an aeir a thabhairt cothrom le dáta bunaithe ar an bhfaisnéis eolaíoch is déanaí. Ba cheart don Choimisiún measúnú rialta a dhéanamh ar a mhéid a rannchuidíonn reachtaíocht an Aontais lena leagtar síos caighdeáin astaíochtaí le haghaidh foinsí truaillithe aeir le gnóthú na gcaighdeán maidir le cáilíocht an aeir arna mbunú leis an Treoir seo agus, i gcás inar gá, bearta breise de chuid an Aontais a mholadh.
Leasú 9 Togra le haghaidh treorach Aithris 10
(10) Ba cheart feidhmchláir samhaltaithe a chur i bhfeidhm le gur féidir sonraí pointí a léirmhíniú de réir dháileadh geografach an chomhchruinnithe , chun cuidiú le sáruithe ar chaighdeáin maidir le cáilíocht an aeir a bhrath, bonn eolais a chur le pleananna cáilíochta aeir agus pointí samplála a chur ar bun . Sa bhreis ar na ceanglais maidir le faireachán ar cháilíocht an aeir a shainítear sa Treoir seo, chun críoch faireacháin, spreagtar na Ballstáit táirgí faisnéise agus uirlisí forlíontacha a shaothrú (e.g. tuarascálacha rialta ar mheastóireacht agus ar mheasúnú cáilíochta, feidhmchláir bheartais ar líne), arna soláthar ag an gcomhpháirt um Fhaireachán na Cruinne de Chlár Spáis an Aontais, go háirithe Seirbhís Copernicus um Fhaireachán ar an Atmaisféar (CAMS).
(10) I gcás inarb ábhartha, ba cheart feidhmchláir samhaltaithe a chur i bhfeidhm le gur féidir sonraí pointí a léirmhíniú de réir dháileadh geografach an chomhchruinnithe truailleán, chun cuidiú le sáruithe ar chaighdeáin maidir le cáilíocht an aeir a bhrath, bonn eolais a chur ar fáil do phleananna cáilíochta aeir agus do threochláir um cháilíocht an aeir agus do phointí samplála a chur ar bun. Sa bhreis ar na ceanglais maidir le faireachán ar cháilíocht an aeir a shainítear sa Treoir seo, chun críocha faireacháin, spreagtar na Ballstáit táirgí faisnéise agus uirlisí forlíontacha a shaothrú (e.g. tuarascálacha rialta ar mheastóireacht agus ar mheasúnú cáilíochta, feidhmchláir bheartais ar líne), arna soláthar ag an gcomhpháirt um Fhaireachán na Cruinne de Chlár Spáis an Aontais, go háirithe Seirbhís Copernicus um Fhaireachán ar an Atmaisféar (CAMS).
Leasú 10 Togra le haghaidh treorach Aithris 11
(11) Tá sé tábhachtach faireachán a dhéanamh ar thruailleáin a bhfuil imní ag teacht chun cinn ina leith, amhail cáithníní sármhíne, carbón dubh agus carbón eiliminteach, chomh maith le amóinia agus acmhainneacht ocsaídiúcháin an ábhair cháithnínigh, chun tacú le tuiscint eolaíoch ar a n-éifeachtaí ar an tsláinte agus ar an gcomhshaol, mar a mhol EDS.
(11) Tá sé tábhachtach faireachán a dhéanamh ar thruailleáin a bhfuil imní ag teacht chun cinn ina leith, amhail cáithníní sármhíne, carbón dubh agus carbón eiliminteach, chomh maith le amóinia agus acmhainneacht ocsaídiúcháin an ábhair cháithnínigh, chun tacú le tuiscint eolaíoch ar a n-éifeachtaí ar an tsláinte agus ar an gcomhshaol, mar a mhol EDS, agus d’fhonn teorainnluachanna a bhunú dóibh faoi chuimsiú an chéad athbhreithnithe ar na Treoir seo in 2028.Ba cheart don Choimisiún leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar fhorbairtí eolaíocha maidir le haon truailleáin eile nach gcumhdaítear leis an Treoir seo agus measúnú a dhéanamh ar an ngá atá lena forálacha a leathnú chuig na truailleáin sin.
Leasú 11 Togra le haghaidh treorach Aithris 12
(12) Ba cheart ábhar cáithníneach sármhín a thomhas go mion ag culsuíomhanna faoin tuath chun tuiscint níos fearr a fháil ar iarmhairtí an truailleáin sin agus chun beartais iomchuí a fhorbairt. Ba cheart na tomhais sin a dhéanamh ar dhóigh atá comhsheasmhach le tomhais an chomhchláir chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar tharchur fadraoin truailleán aeir san Eoraip (EMEP) arna bhunú faoi Coimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) 1979 Coinbhinsiún um Thruailliú Aeir Trasteorann Fadraoin arna fhaomhadh le Cinneadh 81/462/CEE ón gComhairle an 11 Meitheamh 1981 agus na Prótacail lena mbaineann, lena n-áirítear Protocol 1999 chun laghdú a dhéanamh ar an Aigéadú, ar an Eotrófú agus ar an Ózón ar Leibhéal na Talún, a ndearnadh athbhreithniú air in 2012 .
(12) Ba cheart ábhar cáithníneach sármhín, carbón dubh, mearcair agus amóinia a thomhas go mion ag culsuíomhanna faoin tuath chun tuiscint níos fearr a fháil ar rannchuidiú trasteorann agus ar thionchair na dtruailleán sin, agus chun beartais iomchuí a fhorbairt, lena n-áirítear an fhéidearthacht teorainnluachanna, spriocluachanna nó leibhéil chriticiúla a thabhairt isteach. Ba cheart na tomhais sin a dhéanamh ar dhóigh atá comhsheasmhach le tomhais an chomhchláir chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar tharchur fadraoin truailleán aeir san Eoraip (EMEP) arna bhunú faoin gCoinbhinsiún um Thruailliú Aeir Trasteorann Fadraoin de chuid Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) 1979 arna fhaomhadh le Cinneadh 81/462/CEE ón gComhairle an 11 Meitheamh 198144 agus na Prótacail lena mbaineann, lena n-áirítear Prótacal1999 chun laghdú a dhéanamh ar an Aigéadú, ar an Eotrófú agus ar an Ózón ar Leibhéal na Talún, a ndearnadh athbhreithniú air in 2012.
__________________
__________________
44 Cinneadh 81/462/CEE ón gComhairle an 11 Meitheamh 1981 maidir le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin maidir le truailliú aeir trasteorann fadraoin (IO L 171, 27.6.1981, lch. 11).
44 Cinneadh 81/462/CEE ón gComhairle an 11 Meitheamh 1981 maidir le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin maidir le truailliú aeir trasteorann fadraoin (IO L 171, 27.6.1981, lch. 11).
Leasú 12 Togra le haghaidh treorach Aithris 15
(15) Chun sláinte an duine agus an comhshaol ina iomláine a chosaint, tá sé thar a bheith tábhachtach astaíochtaí truailleán a chomhrac ag an bhfoinse agus na bearta is éifeachtaí chun astaíochtaí a laghdú a shainaithint agus a chur chun feidhme ar leibhéal áitiúil, ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, go háirithe a mhéid a bhaineann le hastaíochtaí ón earnáil talmhaíochta, tionsclaíochta, iompair agus giniúna fuinnimh. Dá bhrí sin, ba cheart astaíochtaí truailleán díobhálach aeir a sheachaint, a chosc nó a laghdú agus caighdeáin iomchuí a leagan síos maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh, agus caighdeáin, treoirlínte agus cláir ábhartha na hEagraíochta Domhanda Sláinte á gcur san áireamh.
(15) Chun sláinte an duine agus an comhshaol ina iomláine a chosaint, tá sé thar a bheith tábhachtach astaíochtaí truailleán a chomhrac ag an bhfoinse agus na bearta is éifeachtaí chun astaíochtaí a laghdú a shainaithint agus a chur chun feidhme ar leibhéal áitiúil, ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, go háirithe a mhéid a bhaineann le hastaíochtaí ó na hearnálacha talmhaíochta, tionsclaíochta, iompair, córas téimh agus fuaraithe agus giniúna fuinnimh. Tá reachtaíocht ábhartha an Aontais, amhail reachtaíocht maidir le caighdeáin astaíochtaí feithiclí Eorpacha nó maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha, ríthábhachtach chun truailliú an aeir chomhthimpeallaigh a laghdú a thuilleadh. Dá bhrí sin, ba cheart astaíochtaí truailleán díobhálach aeir a sheachaint, a chosc nó a laghdú agus caighdeáin iomchuí a leagan síos maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh ar bhonn na fianaise eolaíche is déanaí mar a foilsíodh i dTreoirlínte is déanaí EDS maidir le Cáilíocht an Aeir agus i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta maidir le Truailliú Nialasach le haghaidh 2050.
Leasú 14 Togra le haghaidh treorach Aithris 15 b (nua)
(15b) Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar chomhsheasmhacht aon dréachtbhirt ábhartha nó aon dréacht-togra reachtaigh ábhartha, lena n-áirítear tograí buiséadacha, leis na caighdeáin maidir le cáilíocht an aeir a leagtar amach sa Treoir seo, sula nglacfar iad, agus an measúnú sin a áireamh in aon mheasúnú tionchair a ghabhann leis na bearta nó na tograí sin, agus toradh an mheasúnaithe sin a chur ar fáil go poiblí tráth a ghlactha. Ba cheart don Choimisiún iarracht a dhéanamh a dhréachtbhearta agus a thograí reachtacha a ailíniú le cuspóirí na Treorach seo. In aon chás neamhailínithe, ba cheart don Choimisiún na cúiseanna atá aige a sholáthar mar chuid den mheasúnú comhsheasmhachta.
Leasú 15 Togra le haghaidh treorach Aithris 15 c (nua)
(15c) Baineann riosca ar leith le truailleáin aeir a astaítear ón earnáil iompair do shláinte daoine atá ina gcónaí i gceantair uirbeacha agus gar do mhoil iompair. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit agus do na húdaráis ábhartha réigiúnacha agus áitiúla breithniú a dhéanamh ar Phleananna Soghluaisteachta Uirbí Inbhuanaithe a chur chun feidhme agus infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí atá saor ó astaíochtaí agus i mbearta lena gcumasaítear aistriú módach i dtreo córais iompair ghníomhacha, chomhchoiteanna agus inbhuanaithe, chomh maith le spásanna glasa agus limistéir coisithe a chruthú sna cathracha a bhfuil sé mar aidhm leo truailliú aeir agus brú tráchta ar bhóithre a laghdú, go háirithe i limistéir uirbeacha i gcomhréir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2020 dar teideal Sustainable and Smart Mobility Strategy - putting European transport on track for the future’ [Straitéis Soghluaisteachta Cliste agus Inbhuanaithe — iompar Eorpach a chur ar an mbóthar ceart don todhchaí]. Ba cheart do na Ballstáit gach beart is gá a dhéanamh freisin chun dlús a chur le himscaradh bonneagair breoslaí ionadúla, go háirithe bonneagar athluchtaithe leictrigh d’fheithiclí saothair éadroim agus tromshaothair, chomh maith le seiceálacha rialta cáilíochta bonneagair iompair a dhéanamh chun na réimsí ina bhfuil díphlódú agus barrfheabhsú bonneagair de dhíth a shainaithint, agus bearta iomchuí a dhéanamh, le tacaíocht ó chistiú an Aontais, i gcás inarb infheidhme.
Leasú 16 Togra le haghaidh treorach Aithris 15 d (nua)
(15d) Tarlaíonn breis agus 50 000 bás anabaí gach bliain san Aontas mar thoradh ar thruailliú aeir ón muiriompar amháin1a. Cé gurb é truailliú dé-ocsaíde sulfair an chuid is díobhálaí de sceitheanna iompair mhuirí, níor cheart dearmad a dhéanamh ar NOx. D’fhéadfaí tionchar an iompair mhuirí ar an gcomhshaol agus ar phobail chósta, ó thaobh damáiste don éiceachóras agus ó thaobh na sláinte poiblí de, a mhaolú trí leictriú cuimsitheach a dhéanamh ar iompar muirí gearrthurais agus uirbeach, chomh maith le ceanglais agus bonneagar i mbeart atá saor ó astaíochtaí. Thairis sin, chuirfeadh cumhdach cuimsitheach spás muirí an Aontais faoi limistéir rialaithe astaíochtaí sulfair (SECA) agus limistéir rialaithe astaíochtaí nítrigine (NECA) go mór le truailliú aeir a laghdú i gcalafoirt agus i gcathracha calafoirt, agus in uiscí an Aontais.
__________________
1a Brandt, J., Silver, J. D., & Frohn, L. M., Assessment of Health-Cost Externalities of Air Pollution at the National Level using the EVA Model System, CEEH Scientific Report No 3, 2011.
Leasú 17 Togra le haghaidh treorach Aithris 16
(16) Léirítear i bhfianaise eolaíoch go bhfuil dé-ocsaíd sulfair, dé-ocsaíd nítrigine agus oscaídí nítrigine, ábhar cáithníneach, luaidhe, beinséin agus aonocsaíd charbóin, arsanaic, caidmiam, nicil, roinnt hidreacarbón il-timthriallach aramatach agus ózón ina gcúis le tionchair dhíobhálacha shuntasacha ar shláinte an duine . Eascraíonn an tionchar ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol as tiúchain san aer comhthimpeallach .
(16) Léirítear i bhfianaise eolaíoch go bhfuil dé-ocsaíd sulfair, dé-ocsaíd nítrigine agus ocsaídí nítrigine, ábhar cáithníneach, luaidhe, beinséin agus aonocsaíd charbóin, arsanaic, caidmiam, nicil, roinnt hidreacarbón il-timthriallach aramatach agus ózón ina gcúis le réimse suntasach d’éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a bhféadfadh bás anabaí a bheith mar thoradh orthu, agus nach bhfuil aon tairseach inaitheanta ann nach gcuireann na substaintí sin sláinte an duine i mbaol faoina bun. Déanann na substaintí sin damáiste do na córais i bhformhór na n-orgán sa chorp agus tá siad nasctha le go leor galar díblithe, amhail asma in aois an pháiste agus plúchadh a thosaíonn in aois an duine fhásta, galair chardashoithíocha, galar scamhóige toirmeascach ainsealach, niúmóine, strócanna, diaibéiteas, ailse scamhóg, forbairt chognaíoch lagaithe agus néaltrú. Eascraíonn an tionchar ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol as tiúchain san aer comhthimpeallach agus as deascadh.
Leasú 18 Togra le haghaidh treorach Aithris 16 a (nua)
(16a) Bíonn tionchar ag truailliú aeir ar chorp an duine sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma araon, ar bhealaí atá díobhálach don tsláinte. Cé gur fadhb sláinte uilíoch é truailliú aeir a théann i bhfeidhm ar gach duine, níl na rioscaí dáilte go cothrom i measc an phobail, agus tá roinnt grúpaí daoine i mbaol níos mó díobhála ná grúpaí eile. Pobail íogaire agus grúpaí leochaileacha, amhail iad siúd a bhfuil riochtaí sláinte sonracha atá ann cheana acu (e.g. galair riospráide nó chardashoithíocha), mná torracha, naíonán nuabheirthe, leanaí, daoine scothaosta, daoine atá ina gcónaí faoi mhíchumas nó a bhfuil rochtain neamhleor acu ar chúram leighis, agus oibrithe atá neamhchosanta ar leibhéil an-ard truaillithe aeir ina ngairm, is cosúil gurb iad is mó atá i mbaol, mar a léirítear i staidéir a nascann truailliú aeir le feidhmíocht chognaíoch laghdaithe i measc daoine scothaosta agus a thugann le fios go bhfuil droch-cháilíocht aeir an-chontúirteach do leanaí. Ba cheart na grúpaí sin a chur ar an eolas agus a chosaint. Aithnítear sa Treoir seo na rioscaí méadaithe agus na riachtanais shonracha atá ag daonra íogair agus ag grúpaí leochaileacha maidir le truailliú aeir agus is é is aidhm léi aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí sláinte a eascraíonn as aer truaillithe.
Leasú 19 Togra le haghaidh treorach Aithris 16 b (nua)
(16b) Cé gur mórbhaol don tsláinte ón gcomhshaol é truailliú an aeir chomhthimpeallaigh a dhéanann difear do gach duine agus do na Ballstáit uile, tá neart fianaise ag teacht chun cinn maidir leis an ngaol idir stádas socheacnamaíoch agus truailliú aeir, rud a léiríonn go háirithe go mbíonn tionchar níos mó ag truailliú aeir ar shláinte daoine a bhfuil stádas socheacnamaíoch níos ísle acu ná sláinte an phobail i gcoitinne mar thoradh ar a neamhchosaint níos mó agus toisc go bhfuil siad níos leochailí1a. Ba cheart do na Ballstáit tosca den sórt sin a chur i gcuntas agus a bpleananna cáilíochta aeir nó a dtreochláir maidir le cáilíocht an aeir á ndréachtú, á gcur chun feidhme nó á dtabhairt cothrom le dáta acu chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar ghnéithe sóisialta an truaillithe aeir agus chun tionchair shocheacnamaíocha na mbeart arna ndéanamh a íoslaghdú.
__________________
1a Unequal exposure and unequal impacts: social vulnerability to air pollution, noise and extreme temperatures in Europe, European Environment Agency, 2018 [Teagmháil neamh-chomhionann agus tionchair neamh-chomhionanna: leochaileacht shóisialta maidir le truailliú aeir, torann agus teochtaí foircneacha san Eoraip, an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil 2018].
Leasú 20 Togra le haghaidh treorach Aithris 18
(18) Ba cheart meánteagmháil an daonra leis na truailleáin lena mbaineann an tionchar is mó dá bhfuil doiciméadaithe ar shláinte an duine, mínábhar cáithníneach (PM2.5) agus dé-ocsaíd nítrigine (NO2), a laghdú de réir mholtaí EDS. agus dé-ocsaíd nítrigine (NO2), a laghdú bunaithe ar mholtaí an EDS Chuige sin, ba cheart oibleagáid maidir le laghdú meánteagmhála a thabhairt isteach i gcás na dtruailleán sin, anuas ar theorainnluachanna.
(18) Ba cheart meánteagmháil an daonra leis na truailleáin lena mbaineann an tionchar is mó dá bhfuil doiciméadaithe ar shláinte an duine, mínábhar cáithníneach (PM2.5) agus dé-ocsaíd nítrigine (NO2), a laghdú bunaithe na moltaí is cothroime le dáta ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. Chuige sin, ba cheart oibleagáid maidir le laghdú meánteagmhála a thabhairt isteach i gcás na dtruailleán sin, anuas ar theorainnluachanna. Ba cheart go ndéanfadh an oibleagáid maidir leis an meánteagmháil a laghdú comhlánú ar na teorainnluachanna sin a léirigh gurb iad na caighdeáin is infhorfheidhmithe go dtí seo iad agus níor cheart í a chur in ionad na dteorainnluachanna sin.
Leasú 21 Togra le haghaidh treorach Aithris 19
(19) Léiríodh sa tSeiceáil Oiriúnachta ar na Treoracha maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh (Treoir 2004/107/CE agus Treoir 2008/50/CE) go bhfuil teorainnluachanna níos éifeachtaí maidir le tiúchain truailleán a ísliú ná spriocluachanna. Agus é mar aidhm éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a íoslaghdú, agus aird ar leith á tabhairt ar ghrúpaí leochaileacha agus ar dhaonraí íogaire, agus ar an gcomhshaol ba cheart teorainnluachanna a shocrú don tiúchan de dhé-ocsaíd sulfair, dé-ocsaíd nítrigine, ábhar cáithníneach, luaidhe, beinséin, aonocsaíd charbóin, arsanaic, caidmiam, nicil agus hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha san aer comhthimpeallach. Ba cheart beinsi(a)piréin a úsáid mar shlat tomhais don riosca carcanaigineach a bhaineann le hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha san aer comhthimpeallach.
(19) Léiríodh sa tSeiceáil Oiriúnachta ar na Treoracha maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh (Treoir 2004/107/CE agus Treoir 2008/50/CE)45 go bhfuil teorainnluachanna níos éifeachtaí maidir le tiúchain truailleán a ísliú ná cineálacha eile caighdeán cáilíochta aeir, amhail spriocluachanna. Agus é mar aidhm éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a íoslaghdú, agus aird ar leith á tabhairt ar ghrúpaí leochaileacha agus ar phobail íogaire, agus ar an gcomhshaol ba cheart teorainnluachanna a shocrú don tiúchan de dhé-ocsaíd sulfair, dé-ocsaíd nítrigine, ábhar cáithníneach, luaidhe, beinséin, aonocsaíd charbóin, arsanaic, caidmiam, nicil agus hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha san aer comhthimpeallach. Chun cosaint éifeachtach ar éifeachtaí díobhálacha ar éiceachórais a áirithiú, ba cheart na teorainnluachanna sin a thabhairt cothrom le dáta go rialta i bhfianaise na moltaí is déanaí ó EDS. Ba cheart beinsi(a)piréin a úsáid mar shlat tomhais don riosca carcanaigineach a bhaineann le hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha san aer comhthimpeallach.
__________________
__________________
45 Seiceáil oiriúnachta ar na Treoracha maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh an 28 Samhain 2019 (SWD(2019) 427 final).
45 Seiceáil oiriúnachta ar na Treoracha maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh an 28 Samhain 2019 (SWD(2019) 427 final).
Leasú 22 Togra le haghaidh treorach Aithris 21
(21) Is truailleán trasteorann é ózón a fhoirmítear san atmaisféar as astaíochtaí príomhthruailleán a dtugtar aghaidh orthu i dTreoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle . Ba cheart an dul chun cinn i dtreo na spriocanna cáilíochta aeir agus na cuspóirí fadtéarmacha i dtaca le hózón arna leagan amach sa Treoir seo a chinneadh de réir na spriocanna agus na ngealltanas laghdaithe astaíochtaí dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2016/2284 agus, trí chur chun feidhme na mbeart costéifeachtach agus na bpleananna cáilíochta aeir.
(21) Is truailleán trasteorann é ózón a fhoirmítear san atmaisféar as astaíochtaí príomhthruailleán a dtugtar aghaidh ar chuid acu i dTreoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle46. Bíonn drochthionchar ag ózón ar leibhéal na talún ní hamháin ar shláinte an duine ach ar fhásra agus ar éiceachórais freisin, as a n-eascraíonn laghdú ar tháirgeacht barr agus ar fhás foraoisí, agus ar chailliúint na bithéagsúlachta. Ba cheart an dul chun cinn i dtreo na spriocanna cáilíochta aeir agus na cuspóirí fadtéarmacha i dtaca le hózón arna leagan amach sa Treoir seo a chinneadh de réir na spriocanna agus na ngealltanas laghdaithe astaíochtaí dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2016/2284 agus, trí chur chun feidhme na mbeart costéifeachtach, na dtreochlár maidir le cáilíocht an aeir agus na bpleananna cáilíochta aeir.
__________________
__________________
46 Treoir (AE) 2016/2284 ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú, lena leasaítear Treoir 2003/35/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/81/CE (IO L 344, 17.12.2016, lch. 1).
46 Treoir (AE) 2016/2284 ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú, lena leasaítear Treoir 2003/35/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/81/CE (IO L 344, 17.12.2016, lch. 1).
Leasú 23 Togra le haghaidh treorach Aithris 22
(22) Na spriocluachanna ózóin agus na cuspóirí fadtéarmacha i ndáil le cosaint éifeachtach a áirithiú i gcoinne éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine agus ar an bhfásra agus ar éiceachórais mar thoradh ar theagmháil le hózón ba cheart iad a nuashonrú i bhfianaise na moltaí is déanaí ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte.
(22) Na spriocluachanna ózóin agus na cuspóirí fadtéarmacha i ndáil le cosaint éifeachtach a áirithiú i gcoinne éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine agus ar an bhfásra agus ar éiceachórais mar thoradh ar theagmháil le hózón ba cheart iad a nuashonrú go rialta i bhfianaise na moltaí is déanaí ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte.
Leasú 24 Togra le haghaidh treorach Aithris 23
(23) Ba cheart tairseach foláirimh le haghaidh dé-ocsaíd sulfair, dé-ocsaíd nítrigine, ábhar cáithníneach (PM10 agus PM2.5) agus ózón, mar aon le tairseach faisnéise le haghaidh ózóin, a shocrú chun an daonra ginearálta, codannaleochaileacha agus íogaire, faoi seach, a chosaint ar theagmhálacha gearrthréimhseacha le tiúchaintí mhéadaithe ózóin. Ba cheart do na tairseacha sin scaipeadh faisnéise i measc an phobail a spreagadh maidir leis na rioscaí a bhaineann le teagmháil agus maidir le cur chun feidhme, más iomchuí, na mbeart gearrthéarma chun na leibhéil truaillithe a laghdú i gcás ina sáraítear an tairseach foláirimh.
(23) Ba cheart tairseach foláirimh agus tairseach faisnéise le haghaidh dé-ocsaíd sulfair, dé-ocsaíd nítrigine, ábhar cáithníneach (PM10 agus PM2.5) agus ózóin a shocrú chun an daonra ginearálta, codanna leochaileacha, agus go háirithe do ghrúpaí íogaire agus leochaileacha den daonra, a chosaint ar theagmhálacha gearrthréimhseacha le tiúchaintí mhéadaithe truailleán. Ba cheart do na tairseacha sin scaipeadh faisnéise i measc an phobail a spreagadh maidir leis na rioscaí sláinte gaolmhara a bhaineann le teagmháil agus maidir le cur chun feidhme na mbeart gearrthéarma chun na leibhéil truaillithe a laghdú i gcás ina sáraítear an tairseach foláirimh. Ní shocraítear tairseacha foláirimh agus faisnéise le haghaidh na dtruailleán rialáilte eile, ós rud é gur minic nach ndéantar ach éifeachtaí fadtéarmacha nochta amháin a mheas san fhianaise ar éifeachtaí sláinte na dtruailleán sin.I gcás ina dtagann fianaise eolaíoch chun cinn maidir lena n-éifeachtaí nochta ghearrthéarmaigh, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an ngá atá le tairseacha foláirimh agus faisnéise a thabhairt isteach i leith na dtruailleán sin.
Leasú 25 Togra le haghaidh treorach Aithris 25
(25) Ba cheart stádas na cáilíochta aeir a choinneáil i gcás ina bhfuil sé go maith cheana féin, nó i gcás ina bhfuil feabhas tagtha air. Na caighdeáin maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh a leagtar síos sa Treoir seo, i gcás gur ann do bhaol nach gcomhlíonfar iad, nó i gcás nár comhlíonadh iad, ba cheart do na Ballstáit gníomh láithreach a dhéanamh chun na teorainnluachanna, na hoibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála agus leibhéil chriticiúla a chomhlíonadh, agus nuair is féidir, na spriocluachanna agus na cuspóirí fadtéarmacha ózóin a bhaint amach.
(25) Ba cheart stádas na cáilíochta aeir a choinneáil i gcás ina bhfuil sé go maith cheana féin, nó i gcás ina bhfuil feabhas tagtha air. I gcás ina bhfuil an baol ann nach gcomhlíonfar na caighdeáin maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh a leagtar síos sa Treoir seo, nó nár comhlíonadh iad, ba cheart do na Ballstáit gníomhú láithreach agus go leanúnach chun na teorainnluachanna, na meánoibleagáidí laghdaithe neamhchosanta agus na leibhéil chriticiúla a chomhlíonadh, agus i gcás inar féidir, chun na spriocluachanna ózóin agus na cuspóirí fadtéarmacha a bhaint amach.
Leasú 26 Togra le haghaidh treorach Aithris 29
(29) Is féidir measúnú a dhéanamh ar rannchuidiú ó fhoinsí nádúrtha ach ní féidir é a rialú. Dá bhrí sin, i gcás inar féidir rannchuidiú nádúrtha le truailleáin in aer comhthimpeallach a chinneadh le cinnteacht leordhóthanach, agus i gcásanna inarb é an rannchuidiú nádúrtha sin is cúis le sáruithe, go hiomlán nó go páirteach, is féidir, faoi na coinníollacha arna leagan síos leis an Treoir seo, an rannchuidiú a dhealú agus comhlíonadh teorainnluachanna cáilíochta an aeir agus oibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála á measúnú. Is féidir rannchuidiú le sáruithe ar theorainnluachanna an ábhair cháithnínigh atá inchurtha i leith gaineamh nó salann a bheith á gcur ar na bóithre sa gheimhreadh a dhealú nuair atá measúnú á dhéanamh ar chomhlíonadh na dteorainnluachanna cáilíochta aeir ar choinníoll go ndearnadh bearta réasúnta chun na tiúchain a ísliú.
(29) Is féidir measúnú a dhéanamh ar rannchuidiú ó fhoinsí nádúrtha ach is féidir leis a bheith deacair a rialú i gcásanna áirithe. Dá bhrí sin, i gcás inar féidir rannchuidiú nádúrtha le truailleáin in aer comhthimpeallach a chinneadh le cinnteacht leordhóthanach, agus i gcásanna inarb é an rannchuidiú nádúrtha sin is cúis le sáruithe, go hiomlán nó go páirteach, ar sáruithe iad nach bhfuil neart ag na Ballstáit orthu agus nárbh fhéidir a bheith ag dréim leo, iad a mhaolú ná iad a chosc, is féidir, faoi na coinníollacha arna leagan síos leis an Treoir seo, an rannchuidiú a dhealú agus comhlíonadh theorainnluachanna cáilíochta an aeir agus oibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála á measúnú. Ní féidir rannchuidiú le sáruithe ar theorainnluachanna an ábhair cháithnínigh atá inchurtha i leith gainimh nó salainn a bheith á gcur ar na bóithre sa gheimhreadh a dhealú nuair atá measúnú á dhéanamh ar chomhlíonadh na dteorainnluachanna cáilíochta aeir ach amháin ar choinníoll go ndearnadh na bearta réasúnta uile chun na tiúchain a ísliú. Níor cheart go gcuirfeadh asbhaintí na rannchuidithe sin, agus measúnú á dhéanamh acu ar chomhlíonadh teorainnluachanna maidir le cáilíocht an aeir agus na hoibleagáidí maidir le meánteagmháil, cosc ar na Ballstáit beart a dhéanamh chun a dtionchar ar an tsláinte a laghdú.
Leasú 27 Togra le haghaidh treorach Aithris 29 a (nua)
(29a) Tá sé ríthábhachtach faireachán córasach a dhéanamh ar cháilíocht an aeir i gcóngar na dteophointí truaillithe aeir i gcás ina mbíonn tionchar mór ag na hastaíochtaí ó fhoinsí tromthruaillithe ar leibhéal an truaillithe aeir, rud a d’fhéadfadh daoine aonair agus grúpaí daonra a nochtadh do rioscaí méadaithe maidir le héifeachtaí díobhálacha ar an tsláinte. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit pointí samplála a shuiteáil sna teophointí truaillithe aeir, amhail calafoirt nó aerfoirt, chun feabhas a chur ar an tuiscint ar thionchar na bhfoinsí sin ar thruailliú an aeir, agus bearta iomchuí a dhéanamh chun a dtionchar ar shláinte an duine a íoslaghdú.
Leasú 28 Togra le haghaidh treorach Aithris 30
(30) Maidir le limistéir ina bhfuil na dálaí an-deacair, ba cheart go mbeifí in ann an spriocdháta a chur siar maidir le comhlíonadh na dteorainnluachanna cáilíochta aeir i gcásanna ina bhfuil géardeacrachtaí comhlíonta ann, d'ainneoin cur chun feidhme na mbeart laghdaithe truaillithe iomchuí, i limistéir shonracha agus i gceirtleáin shonracha. Ba cheart plean cuimsitheach a bheith ag gabháil le haon chur siar le haghaidh limistéar nó ceirtleán áirithe, agus beidh an plean sin le hathbhreithniú ag an gCoimisiún chun comhlíonadh an spriocdháta athbhreithnithe a áirithiú.
(30) Maidir le limistéir ina bhfuil na dálaí an-deacair, ba cheart go mbeifí in ann an spriocdháta a chur siar maidir le comhlíonadh na dteorainnluachanna cáilíochta aeir i gcásanna ina bhfuil géardeacrachtaí comhlíonta ann, d'ainneoin chur chun feidhme na mbeart laghdaithe truaillithe iomchuí, i limistéir shonracha agus i gceirtleáin shonracha. Ba cheart plean cuimsitheach a bheith ag gabháil le haon chur siar le haghaidh limistéar áirithe, agus beidh an plean sin le measúnú ag an gCoimisiún chun comhlíonadh an spriocdháta athbhreithnithe a áirithiú.
Leasú 29 Togra le haghaidh treorach Aithris 31
(31) Ba cheart pleananna a fhorbairt maidir le cáilíocht an aeir do limistéir ina sáraíonn leibhéil na dtruailleán in aer comhthimpeallach na teorainnluachanna ábhartha maidir le cáilíocht an aeir, na spriocluachanna ózóin nó na hoibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála. Astaítear truailleáin aeir óna lán foinsí agus gníomhaíochtaí éagsúla. Chun comhleanúnachas idir beartais éagsúla a áirithiú, ba cheart na pleananna cáilíochta aeir sin a bheith comhsheasmhach i gcás inarb indéanta le pleananna agus cláir arna n-ullmhú de bhun Threoir 2010/75/AE 2001/80/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle , Treoir (AE) 2016/2284, agus Treoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle .
(31) Ba cheart pleananna a fhorbairt maidir le cáilíocht an aeir do limistéir ina sáraíonn leibhéil na dtruailleán in aer comhthimpeallach na teorainnluachanna ábhartha maidir le cáilíocht an aeir, na spriocluachanna ózóin nó na hoibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála. Astaítear truailleáin aeir óna lán foinsí agus gníomhaíochtaí éagsúla. Chun comhleanúnachas idir beartais éagsúla a áirithiú, ba cheart na pleananna cáilíochta aeir sin a bheith comhsheasmhach i gcás inarb indéanta le pleananna agus cláir arna n-ullmhú de bhun Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle48, Treoir (AE) 2016/2284, agus Treoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle49.
__________________
__________________
48 Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).
48 Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).
49 Treoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir le torann timpeallachta a mheasúnú agus a bhainistiú (IO L 189, 18.7.2002, lch. 12).
49 Treoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir le torann timpeallachta a mheasúnú agus a bhainistiú (IO L 189, 18.7.2002, lch. 12).
Leasú 30 Togra le haghaidh treorach Aithris 31 a (nua)
(31a) Mar a shoiléirítear i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais1a, ní cheadaítear síneadh a chur leis an sprioc-am chun caighdeáin maidir le cáilíocht an aeir a chomhlíonadh leis na forálacha maidir le pleananna cáilíochta aeir.Ní chiallaíonn sé sin ann féin gur chomhlíon Ballstát a oibleagáidí chun a áirithiú nach sáraíonn leibhéil na dtruailleán aeir na caighdeáin maidir le cáilíocht an aeir a bhunaítear leis an Treoir seo.
__________________
1a Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 10 Samhain 2020, an Coimisiún Eorpach v Poblacht na hIodáile, C-644/18, ECLI:EU:C:2020:895, mír 154, agus breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Samhain 2014, ClientEarth v An Státrúnaí Comhshaoil, Bia agus Gnóthaí Tuaithe, C-404/13, ECLI:EU:C:2014:2382, mír 49.
Leasú 31 Togra le haghaidh treorach Aithris 32
(32) Ba cheart pleananna maidir le cáilíocht an aeir a ullmhú roimh 2030 freisin i gcás ina bhfuil baol ann nach mbainfidh na Ballstáit na teorainnluachanna ná an spriocluach ózóin amach faoin dáta sin chun a áirithiú go laghdófar leibhéil na dtruailleán dá réir sin.
(32) Chun reachtaíocht an Aontais a ailíniú leis an bhfianaise eolaíoch is déanaí agus leis na Treoirlínte is déanaí ó EDS maidir le Cáilíocht an Aeir, leagtar síos sa Treoir seo caighdeáin nua maidir le cáilíocht an aeir atá le comhlíonadh faoi 2030. Ba cheart do na Ballstáit agus do na húdaráis inniúla, in oirchill spriocdháta 2030 le haghaidh teorainnluachanna nua a leagtar síos i Roinn 1, Tábla 1, d’Iarscríbhinn I, cineál ar leith de phlean maidir le cáilíocht an aeir a fhorbairt, ar treochlár é ar a dtugtar treochlár maidir le cáilíocht an aeir, le haghaidh criosanna ina sáraíonn tiúchan na dtruailleán san aer comhthimpeallach na teorainnluachanna ábhartha maidir le cáilíocht an aeir a socraíodh do 2030.Ba cheart beartais agus bearta gearrthéarmacha agus fadtéarmacha a leagan amach sa treochlár maidir le cáilíocht an aeir chun na teorainnluachanna sin a chomhlíonadh faoi 2030 ar a dhéanaí. Ar mhaithe le soiléireacht dhlíthiúil, agus d’ainneoin na téarmaíochta sonraí a úsáidtear, ba cheart treochlár maidir le cáilíocht an aeir a mheas mar phlean cáilíochta aeir mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (36).
Leasú 32 Togra le haghaidh treorach Aithris 34
(34) Ba cheart do na Ballstáit dul i gcomhar le chéile más rud é, tar éis truailliú suntasach de thionscnamh Ballstáit eile, go sáraíonn, nó gur dócha go sárófar, leibhéal an truailleáin aon teorainnluach, spriocluach ózóin, oibleagáid maidir le laghdú meánteagmhála nó an tairseach foláirimh. B'fhéidir go bhfágfadh cineál trasteorann truailleán sonrach aeir, ar nós ózóin agus ábhar cáithníneach, go mbeidh comhordú idir na Ballstáit ag teastáil i dtaca le pleananna cáilíochta aeir agus pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha a tharraingt suas agus a chur chun feidhme agus an pobal a chur ar an eolas maidir leo. I gcás inarb iomchuí, ba cheart do na Ballstáit dul i mbun comhair le tríú tíortha, agus béim faoi leith a chur ar rannpháirtíocht luath na dtíortha is iarrthóirí. Ba cheart an Coimisiún a chur ar an eolas go tráthúil faoi aon chomhar den sórt sin agus ba cheart cuireadh a thabhairt dó cuidiú leis an gcomhar sin.
(34) Ba cheart do na Ballstáit dul i gcomhar le chéile más rud é, tar éis truailliú suntasach de thionscnamh Ballstáit eile, go sáraíonn, nó gur dócha go sárófar, leibhéal an truailleáin aon teorainnluach, spriocluach ózóin, oibleagáid maidir le laghdú meánteagmhála nó an tairseach foláirimh. Ba cheart go bhfágfadh cineál trasteorann truailleán sonrach aeir, ar nós ózóin agus ábhar cáithníneach, go mbeidh comhordú gasta idir na Ballstáit ag teastáil i dtaca le pleananna cáilíochta aeir agus pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha a tharraingt suas agus a chur chun feidhme agus an pobal a chur ar an eolas maidir leo a luaithe is féidir. I gcás inarb iomchuí, ba cheart do na Ballstáit dul i mbun comhair le tríú tíortha, agus béim faoi leith a chur ar rannpháirtíocht luath na dtíortha is iarrthóirí. Ba cheart an Coimisiún a chur ar an eolas go tráthúil faoi aon chomhar den sórt sin agus ba cheart cuireadh a thabhairt dó cuidiú leis an gcomhar sin.
Leasú 33 Togra le haghaidh treorach Aithris 35
(35) Is gá do na Ballstáit agus don Choimisiún faisnéis maidir le cáilíocht an aeir a bhailiú, a mhalartú agus a scaipeadh chun tuiscint níos fearr a chur ar na tionchair a bhaineann le truailliú aeir agus beartais iomchuí a fhorbairt. Ba cheart faisnéis atá cothrom le dáta maidir le tiúchan na dtruailleán rialáilte uile in aer comhthimpeallach mar aon le pleananna cáilíochta aeir agus pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha a bheith ar fáil go réidh don phobal freisin.
(35) Is gá do na Ballstáit agus don Choimisiún faisnéis maidir le cáilíocht an aeir a bhailiú, a mhalartú agus a scaipeadh chun tuiscint níos fearr a fháil ar na tionchair a bhaineann le truailliú aeir agus beartais iomchuí a fhorbairt. Ba cheart faisnéis atá cothrom le dáta maidir le tiúchan na dtruailleán rialáilte uile in aer comhthimpeallach mar aon le pleananna cáilíochta aeir, treochláir um cháilíocht an aeir agus pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha a bheith ar fáil go réidh don phobal freisin ar bhealach comhleanúnach atá éasca le tuiscint.
Leasú 34 Togra le haghaidh treorach Aithris 35 a (nua)
(35a) Léirítear san Innéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach (DESI) nach bhfuil bunscileanna digiteacha ag 40% de dhaoine fásta san Aontas1a. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar faisnéis atá le cur ar fáil go poiblí i gcomhréir leis an Treoir seo a chur in iúl, i gcás inarb ábhartha, trí bhealaí cumarsáide neamhdhigiteacha freisin.
__________________
1a Innéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach (DESI) 2022 (https://digital-strategy.ec.europa.eu/en/policies/desi).
Leasú 35 Togra le haghaidh treorach Aithris 40
(40) Leis an Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. I gcás ina ndearnadh damáiste do shláinte an duine mar thoradh ar shárú ar Airteagail 19, 20 agus 21 den Treoir seo, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na daoine aonair a ndéanann na sáruithe sin difear dóibh in ann cúiteamh as an damáiste sin a éileamh agus a fháil ón údarás inniúil ábhartha. Is é is cuspóir do na rialacha maidir le cúiteamh, rochtain ar cheartas agus pionóis a leagtar síos sa Treoir seo éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol ó thruailliú aeir a sheachaint, a chosc agus a laghdú, i gcomhréir le hAirteagal 191(1) CFAE. Dá bhrí sin, féachann siad le hardleibhéal cosanta comhshaoil agus feabhsú cháilíocht an chomhshaoil a chomhtháthú i mbeartais an Aontais i gcomhréir le prionsabal na forbartha inbhuanaithe mar a leagtar síos in Airteagal 37 den Chairt, agus cuirtear i dtéarmaí nithiúla an oibleagáid an ceart chun beatha a chosaint agus chun sláine an duine a leagtar síos in Airteagail 2 agus 3 den Chairt. Rannchuidíonn sé freisin leis an gceart chun leigheas éifeachtach a fháil mar a leagtar síos in Airteagal 47 den Chairt, i ndáil le sláinte an duine a chosaint.
(40) Leis an Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. I gcás ina ndearnadh damáiste do shláinte agus d’fholláine an duine mar thoradh ar shárú ar Airteagail 13, 19, 20 agus 21 den Treoir seo, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na daoine aonair a ndéanann na sáruithe sin difear dóibh in ann cúiteamh as an damáiste sin a éileamh agus a fháil ón údarás inniúil ábhartha. Is é is aidhm leis an Treoir seo éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol ó thruailliú aeir a sheachaint, a chosc agus a laghdú, i gcomhréir le hAirteagal 191(1) CFAE. Dá bhrí sin, féachtar léi le hardleibhéal cosanta comhshaoil agus feabhsú cháilíocht an chomhshaoil a chomhtháthú i mbeartais an Aontais i gcomhréir le prionsabal na forbartha inbhuanaithe mar a leagtar síos in Airteagal 37 den Chairt, agus cuirtear i dtéarmaí nithiúla an oibleagáid an ceart chun beatha a chosaint agus chun sláine an duine, an ceart chun saoil phríobháidigh agus an ceart chun cúraim sláinte a leagtar síos in Airteagail 2, 3, 7 agus 35 den Chairt. Rannchuidíonn sé freisin leis an gceart chun leigheas éifeachtach a fháil mar a leagtar síos in Airteagal 47 den Chairt, i ndáil le sláinte an duine a chosaint. Ina theannta sin, aithnítear agus cosnaítear inti ceart an duine chun comhshaoil ghlain, shláintiúil agus inbhuanaithe mar a d’aithin Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i rún 76/300 an 28 Iúil 2022.
Leasú 36 Togra le haghaidh treorach Aithris 40 a (nua)
(40a) Is sásra comhchoiteann iad toimhdí infhrisnéise chun deacrachtaí fianaiseacha an éilitheora a mhaolú, agus cearta an chosantóra á gcaomhnú ag an am céanna. Níl toimhdí infhrisnéise infheidhme ach amháin ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe. Chun cionroinnt chothrom an riosca a choinneáil, agus chun aisiompú an dualgais cruthúnais a sheachaint, ba cheart a cheangal ar éilitheoir fianaise atá ábhartha go leor a léiriú, lena n-áirítear sonraí eolaíocha, as a n-eascraíonn toimhde go raibh an sárú ina chúis leis an damáiste nó gur rannchuidigh sé le tarlú an damáiste. I bhfianaise na ndúshlán fianaiseach a mbíonn ar dhaoine gortaithe aghaidh a thabhairt orthu, go háirithe i gcásanna casta, bainfear cothromaíocht chóir amach le toimhde infhrisnéise den sórt sin idir cearta na ndaoine aonair atá ag fulaingt ón damáiste do shláinte an duine agus cearta na n-údarás ábhartha. Ba cheart go bhféadfaí sonraí eolaíocha ábhartha a úsáid mar fhianaise i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. I gcás nach bhfuil sonraí eolaíocha ábhartha den sórt sin ar fáil, ba cheart go bhféadfaí fianaise eile a úsáid chun tacú leis an maíomh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Ós rud é go leagtar síos caighdeáin maidir le cáilíocht an aeir ar bhonn an eolais eolaíoch maidir le héifeachtaí díobhálacha an truaillithe aeir ar shláinte an duine, i gcás ina sáraítear teorainnluachanna, éiríonn truailliú aeir díobhálach do shláinte agus d’fholláine na ndaoine a nochtar dó iad1a.
__________________
1a Breithiúnas ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine in Fadeyeva v. An Rúis, 55723/00, (ECtHR, 9 Meitheamh 2005), §87.
1. Leagtar amach sa Treoir seo cuspóir maidir le truailliú nialasach do cháilíocht an aeir, ionas go gcuirfear feabhas de réir a chéile ar cháilíocht an aeir laistigh den Aontas go leibhéil nach meastar a bheith díobhálach a thuilleadh do shláinte an duine agus d’éiceachórais nádúrtha, mar a shainítear le fianaise eolaíoch, rud a chuirfidh le timpeallacht atá saor ó thocsainí faoi 2050 ar a dhéanaí.
1. Leagtar amach sa Treoir seo cuspóir maidir le truailliú nialasach do cháilíocht an aeir, ionas go gcuirfear feabhas de réir a chéile ar cháilíocht an aeir laistigh den Aontas go leibhéil nach meastar a bheith díobhálach a thuilleadh do shláinte an duine, d’éiceachórais nádúrtha agus do bhithéagsúlacht mar a shainítear leis an bhfianaise eolaíoch is fearr atá ar fáil agus is cothroime le dáta, rud a chuirfidh le timpeallacht atá saor ó thocsainí faoi 2050 ar a dhéanaí.
2. Leagtar síos sa Treoir seo teorainnluachanna idirmheánacha, spriocluachanna, oibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála, cuspóirí maidir le tiúchan na meánteagmhála, leibhéil chriticiúla, tairseacha faisnéise, tairseacha foláirimh agus cuspóirí fadtéarmacha (‘caighdeáin cáilíochta aeir’) atá le comhlíonadh faoin mbliain 2030, agus a ndéanfar athbhreithniú rialta orthu ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 3.
2. Leis an Treoir seo, socraítear teorainnluachanna, spriocluachanna, oibleagáidí maidir le meánteagmháil a laghdú, cuspóirí maidir le tiúchan meánteagmhála agus leibhéil chriticiúla, a bheidh le comhlíonadh a luaithe is féidir agus faoin mbliain 2030 ar a dhéanaí, agus a ndéanfar athbhreithniú rialta orthu ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 3. Leagtar amach ann freisin cuspóirí fadtéarmacha, tairseacha faisnéise agus tairseacha foláirimh mar chuid de chaighdeáin maidir le cáilíocht an aeir.
3. Thairis sin, rannchuidíonn an Treoir seo leis an méid seo a leanas a bhaint amach: cuspóirí an Aontais maidir le laghdú truaillithe, bithéagsúlacht agus éiceachórais i gcomhréir leis an 8ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol, mar a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
3. Thairis sin, rannchuidíonn an Treoir seo le cuspóirí laghdaithe truaillithe, bithéagsúlachta agus éiceachórais an Aontais a ghnóthú i gcomhréir leis an 8ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol, mar a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle55, agus le sineirgí feabhsaithe idir beartas an Aontais maidir le cáilíocht an aeir agus beartais ábhartha eile de chuid an Aontais, go háirithe beartais aeráide, iompair agus fuinnimh.
__________________
__________________
55 Cinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030 (IO L 114, 12.4.2022, lch. 22).
55 Cinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030 (IO L 114, 12.4.2022, lch. 22).
3. Bearta chun faireachán a dhéanamh ar cháilíocht an aeir chomhthimpeallaigh , ar na treochtaí fadtéarmacha agus ar thionchair beart náisiúnta agus bhearta an Aontais ar cháilíocht an aeir chomhthimpeallaigh ;
3. bearta chun faireachán a dhéanamh ar cháilíocht an aeir chomhthimpeallaigh, ar na treochtaí fadtéarmacha agus ar thionchair na mbeart náisiúnta agus bhearta an Aontais, agus na mbeart arna mbunú i gcomhar le tríú tíortha, ar cháilíocht an aeir chomhthimpeallaigh;
4. bearta chun a áirithiú go gcuirfear an fhaisnéis maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh ar fáil don phobal;
4. bearta chun a áirithiú go ndéanfar an fhaisnéis maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh a chomhchuibhiú ar fud an Aontais agus go gcuirfear ar fáil don phobal í;
6. bearta chun comhar breise a chur chun cinn idir na Ballstáit i dtaca le truailliú aeir a laghdú.
6. bearta lena gcuirtear chun cinn comhar méadaithe idir na Ballstáit, údaráis réigiúnacha agus áitiúla, laistigh de na Ballstáit agus idir na Ballstáit, chomh maith le tríú tíortha a bhfuil comhtheorainn acu leis an Aontas, chun truailliú aeir a laghdú.
1. Faoin 31 Nollaig 2028, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, agus níos minice má léiríonn torthaí eolaíocha nua substaintiúla go bhfuil gá leis, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an bhfianaise eolaíoch a bhaineann le truailleáin aeir agus a n-éifeachtaí ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol atá ábhartha chun an cuspóir a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach agus cuirfidh sé tuarascáil ina mbeidh na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
1. Faoin 31 Nollaig 2028, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, agus níos minice má léiríonn torthaí eolaíocha nua substaintiúla go bhfuil gá leis, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an bhfianaise eolaíoch a bhaineann le truailleáin aeir agus a n-éifeachtaí ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol atá ábhartha chun an cuspóir a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach agus cuirfidh sé tuarascáil ina mbeidh na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Déanfar an t-athbhreithniú gan moill mhíchuí tar éis fhoilsiú Threoirlínte EDS maidir le Cáilíocht an Aeir.
Chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, measfar san athbhreithniú an gá an Treoir seo a athbhreithniú d’fhonn ailíniú a áirithiú le Treoirlínte na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) maidir le Cáilíocht an Aeir agus leis an bhfaisnéis eolaíoch is déanaí.
Chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a ghnóthú, measfar san athbhreithniú an gá an Treoir seo a athbhreithniú d’fhonn ailíniú iomlán agus leanúnach a áirithiú leis na Treoirlínte is cothroime le dáta ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) maidir le Cáilíocht an Aeir,leis an athbhreithniú is déanaí ó Oifig Réigiúnach EDS don Eoraip agus leis an bhfaisnéis eolaíoch is déanaí.
Leasú 45 Togra le haghaidh treorach Airteagal 3 – mír 2 – fomhír 3 – pointe a
(a) an fhaisnéis eolaíoch is déanaí ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus ó eagraíochtaí ábhartha eile,
(a) an fhaisnéis eolaíoch is déanaí ó chomhlachtaí ábhartha an Aontais, ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus ó eagraíochtaí eolaíocha ábhartha eile,
Leasú 46 Togra le haghaidh treorach Airteagal 3 – mír 2 – fomhír 3 – pointe b
(b) forbairtí teicneolaíochta a mbíonn tionchar acu ar cháilíocht an aeir agus ar a measúnú,
(b) athruithe ar iompraíocht, bearta fioscach agus forbairtí teicneolaíochta a mbíonn tionchar acu ar cháilíocht an aeir agus ar a measúnú,
Leasú 47 Togra le haghaidh treorach Airteagal 3 – mír 2 – fomhír 3 – pointe c
(c) cásanna a bhaineann le cáilíocht an aeir agus na tionchair ghaolmhara ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol sna Ballstáit,
(c) cáilíocht an aeir agus na tionchair ghaolmhara ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol sna Ballstáit,
Leasú 48 Togra le haghaidh treorach Airteagal 3 – mír 2 – fomhír 3 – pointe c a (nua)
(ca) cúram sláinte díreach agus indíreach agus costais chomhshaoil a bhaineann le truailliú aeir chomh maith le hanailís costais is tairbhe,
Leasú 49 Togra le haghaidh treorach Airteagal 3 – mír 2 – fomhír 3 – pointe a (nua)
(da) an dul chun cinn atá déanta maidir le reachtaíocht ábhartha eile an Aontais a chur chun feidhme, go háirithe i réimse na haeráide, an iompair agus an fhuinnimh,
Leasú 50 Togra le haghaidh treorach Airteagal 3 – mír 2 – fomhír 3 – pointe d b (nua)
(db) caighdeáin níos déine maidir le cáilíocht an aeir a bheith á dtabhairt isteach ag Ballstáit aonair i gcomhréir le hAirteagal 193 CFAE.
Leasú 51 Togra le haghaidh treorach Airteagal 3 – mír 2 – fomhír 3 a (nua)
Tacóidh an Coimisiún le hOifig Réigiúnach EDS don Eoraip agus oibreoidh sé go dlúth léi chun faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar an bhfianaise eolaíoch maidir le héifeachtaí truaillithe aeir ar an tsláinte.
Leasú 52 Togra le haghaidh treorach Airteagal 3 – mír 2 a (nua)
2a. Sa chéad athbhreithniú rialta, faoin 31 Nollaig 2028, molfaidh an Coimisiún, más iomchuí, teorainnluachanna, spriocluachanna nó leibhéil chriticiúla le haghaidh na dtruailleán aeir arna dtomhas leis na sárláithreáin faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 10 ach nach n-áirítear faoi láthair in Iarscríbhinn I. Beidh na luachanna nó na leibhéil sin i gcomhréir leis an bhfianaise eolaíoch is déanaí maidir lena bhfuil riachtanach chun sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint. Faoi chuimsiú an chéad athbhreithnithe rialta, foilseoidh an Coimisiún measúnú ar an bhféidearthacht an spriocluach d’ózón a thiontú ina theorainnluach, lena ngabhfaidh, más iomchuí, togra reachtach.
4. I gcás ina measfaidh an Coimisiún gurb iomchuí sin, mar thoradh ar an athbhreithniú, tíolacfaidh sé togra chun caighdeáin maidir le cáilíocht an aeir a athbhreithniú nó truailleáin aeir eile a chumhdach.
4. I gcás ina measfaidh an Coimisiún gurb iomchuí sin, mar thoradh ar an athbhreithniú, tíolacfaidh sé togra chun caighdeáin maidir le cáilíocht an aeir a athbhreithniú nó truailleáin aeir eile a chumhdach. Déanfar an togra sin a fhorbairt i gcomhréir le prionsabal an neamh-chúlchéimnithe.
Leasú 54 Togra le haghaidh treorach Airteagal 4 – mír 1 – pointe 1 a (nua)
(1a) ciallaíonn ‘caighdeáin maidir le cáilíocht an aeir’ teorainnluachanna, spriocluachanna, oibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála, cuspóirí maidir le tiúchan meánteagmhála, leibhéil chriticiúla, tairseacha faisnéise agus tairseacha foláirimh;
(21) ciallaíonn ‘meastachán oibiachtúil’ modh measúnaithe chun faisnéis chainníochtúil nó cháilíochtúil a fháil maidir le tiúchan nó leibhéal deasctha truailleáin trí bhreithiúnas saineolach, lena bhféadfaí úsáid uirlisí staidrimh, cianbhraiteacht, agus braiteoirí in situ a áireamh;
(23) ciallaíonn ‘cúlsuíomhanna uirbeacha’ áiteanna i gceantair uirbeacha ina bhfuil na leibhéil ionadaíoch ar theagmháil an daonra uirbigh ghinearálta;
(23) ciallaíonn ‘cúlsuíomhanna uirbeacha’ áiteanna i gceantair uirbeacha ina bhfuil na leibhéil ionadaíoch ar theagmháil an daonra uirbigh ghinearálta,lena n-áirítear daonra íogair agus grúpaí leochaileachauirbeacha;
(24) ciallaíonn ‘cúlsuíomhanna tuaithe’ áiteanna i gceantair thuaithe ina bhfuil dlús an daonra íseal agus ina bhfuil na leibhéil ionadaíoch ar theagmháil an daonra tuaithe ghinearálta;
(24) ciallaíonn ‘cúlsuíomhanna tuaithe’ áiteanna i gceantair thuaithe ina bhfuil dlús an daonra íseal agus ina bhfuil na leibhéil ionadaíoch ar theagmháil an daonra tuaithe ghinearálta, lena n-áirítear daonra íogair agus grúpaí leochaileacha tuaithe;
Leasú 58 Togra le haghaidh treorach Airteagal 4 – mír 1 – pointe 24 a (nua)
(24a) ciallaíonn ‘teophointí truaillithe aeir’ i gcás ina mbíonn tionchar mór ag na hastaíochtaí ó fhoinsí tromthruaillithe ar leibhéal an truaillithe, amhail bóithre plódaithe agus bóithre a mbíonn trácht trom orthu, mótarbhealaí nó mórbhealaí eile, foinse thionsclaíoch aonair nó limistéar tionsclaíoch ina bhfuil go leor foinsí, calafort, aerfort, téamh dianchónaithe, nó meascán díobh sin, ach gan a bheith teoranta dóibh sin;
(26) ciallaíonn ‘teorainnluach’ leibhéal nár cheart é a shárú agus atá socraithe ar bhonn an eolais eolaíoch, agus é d’aidhm aige éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine nó ar an gcomhshaol a sheachaint, a chosc nó a laghdú ;
(26) ciallaíonn ‘teorainnluach’ leibhéal atá socraithe ar bhonn an eolais eolaíoch, agus é d’aidhm aige éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine nó ar an gcomhshaol a sheachaint, a chosc nó a laghdú, agus atá le baint amach laistigh de thréimhse áirithe agus nár cheart é a shárú agus é bainte amach ;
(28) ciallaíonn ‘táscaire meánteagmhála’ meánleibhéal arna chinneadh ar bhonn na dtomhas ag cúlsuíomhanna uirbeacha ar fud an aonaid chríochaigh ag NUTS leibhéal 1 de réir mar a thugtar tuairisc air i Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003, nó, i gcás nach bhfuil aon cheantar uirbeach suite san aonad críochach sin, ag culsuíomhanna tuaithe, ina léirítear teagmháil an daonra, úsáidtear é chun a sheiceáil cé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh an oibleagáid maidir le laghdú meánteagmhála agus an cuspóir maidir le tiúchan meánteagmhála don aonad críochach sin;
(28) ciallaíonn ‘táscaire meánteagmhála’ meánleibhéal arna chinneadh ar bhonn na dtomhas ag cúlsuíomhanna uirbeacha ar fud an aonaid chríochaigh ag NUTS leibhéal 2 de réir mar a thugtar tuairisc air i Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003, nó, i gcás nach bhfuil aon cheantar uirbeach suite san aonad críochach sin, ag culsuíomhanna tuaithe, ina léirítear teagmháil an daonra, úsáidtear é chun a sheiceáil cé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh an oibleagáid maidir le laghdú meánteagmhála agus an cuspóir maidir le tiúchan meánteagmhála don aonad críochach sin;
(29) ciallaíonn‘an oibleagáid maidir le laghdú meánteagmhála’ laghdú céatadáin ar mheánteagmháil an daonra, arna shloinneadh mar tháscaire meánteagmhála, d’aonad críochach ag NUTS leibhéal 1 de réir mar a thugtar tuairisc air i Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle57 atá socraithe don bhliain thagartha agus é mar aidhm aige laghdú a bhaint amach ar éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine, atá le baint amach thar thréimhse áirithe;
(29) ciallaíonn‘an oibleagáid maidir le laghdú meánteagmhála’ laghdú céatadáin ar mheánteagmháil an daonra, arna shloinneadh mar tháscaire meánteagmhála, d’aonad críochach ag NUTS leibhéal 2 de réir mar a thugtar tuairisc air i Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle57 atá socraithe don bhliain thagartha agus é mar aidhm aige laghdú a bhaint amach ar éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine, atá le baint amach thar thréimhse áirithe agus nár cheart é a shárú agus é bainte amach;
__________________
__________________
57 Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú coiteann ar aonaid chríochacha le haghaidh staitisticí (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003, lch. 1).
57 Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú coiteann ar aonaid chríochacha le haghaidh staitisticí (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003, lch. 1).
(30) ciallaíonn ‘oibleagáid maidir le tiúchan meánteagmhála’ leibhéal den táscaire meánteagmhála atá le baint amach, agus é mar aidhm aige na héifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a laghdú ;
(30) ciallaíonn ‘oibleagáid maidir le tiúchan meánteagmhála’ leibhéal den táscaire meánteagmhála a shocraítear, agus é mar aidhm aige na héifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a laghdú, agus atá le baint amach laistigh de thréimhse áirithe agus nár cheart é a shárú agus é bainte amach;
(35) ciallaíonn ‘rannchuidiú ó fhoinsí nádúrtha’ astaíochtaí truailleán nach n-eascraíonn go díreach ná go hindíreach as gníomhaíochtaí an duine, lena n-áirítear teagmhais nádúrtha ar nós brúchta bholcánaigh, gníomhaíochtaí seismeacha, gníomhaíochtaí geoiteirmeacha, dóiteáin fhiathalún, imeachtaí ardghaoithe, cáitheadh farraige nó cáithníní nádúrtha ó réigiúin thirime á athfhuaidreamh nó a n-iompar san atmaisféar;
(35) ciallaíonn ‘rannchuidiú ó fhoinsí nádúrtha’ astaíochtaí truailleán nach n-eascraíonn go díreach ná go hindíreach as gníomhaíochtaí an duine, lena n-áirítear teagmhais nádúrtha ar nós brúchta bholcánaigh, gníomhaíochtaí seismeacha, gníomhaíochtaí geoiteirmeacha, dóiteáin fhiathalún, imeachtaí ardghaoithe, cáitheadh farraige nó cáithníní nádúrtha ó réigiúin thirime á athfhuaidreamh nó a n-iompar san atmaisféar, nach bhféadfadh an Ballstát lena mbaineann iad a chosc ná a mhaolú trí ghníomhaíochtaí beartais;
Leasú 296 Togra le haghaidh Treorach Airteagal 4 – mír 1 – pointe 35 a (nua)
(35a) ciallaíonn ‘treochlár cáilíochta aeir’ plean cáilíochta aeir, a ghlactar roimh an spriocdháta gnóthachtála maidir le teorainnluachanna nua a leagtar síos i Roinn 1, Tábla 1, d’Iarscríbhinn I, ina leagtar amach beartais agus bearta gearrthéarmacha agus fadtéarmacha chun na teorainnluachanna sin a chomhlíonadh;
(36) ciallaíonn ‘pleananna cáilíochta aeir’ pleananna ina leagtar síos bearta chun na teorainnluachanna, spriocluachanna ózóin nó oibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála a chomhlíonadh ;
(36) ciallaíonn ‘pleananna cáilíochta aeir’ pleananna ina leagtar síos bearta chun na teorainnluachanna, spriocluachanna ózóin nó oibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála a chomhlíonadh tar éis sárú a bheith déanta orthu;
(38) ciallaíonn ‘an pobal lena mbaineann’ an pobal a ndéanann sáruithe ar chaighdeáin cáilíochta aeir difear dóibh, nó a bhfuil leas acu sna nósanna imeachta cinnteoireachta a bhaineann le cur chun feidhme na n-oibleagáidí faoin Treoir seo, lena n-áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha a chuireann cosaint shláinte an duine nó an chomhshaoil chun cinn agus a chomhlíonann aon cheanglas faoin dlí náisiúnta;
(38) ciallaíonn ‘an pobal lena mbaineann’ an pobal a ndéanann sáruithe ar chaighdeáin cáilíochta aeir difear dóibh, nó a bhfuil leas acu sna nósanna imeachta cinnteoireachta a bhaineann le cur chun feidhme na n-oibleagáidí faoin Treoir seo, lena n-áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha a chuireann cosaint shláinte an duine nó an chomhshaoil chun cinn;
(39) ciallaíonn ‘daonra íogair agus grúpaí leochaileacha’ na grúpaí daonra sin atá níos leochailí do theagmháil le haerthruailliú ná an meándaonra, toisc go bhfuil íogaireacht níos airde nó tairseach níos ísle acu maidir le héifeachtaí ar an tsláinte nó toisc go bhfuil cumas laghdaithe acu iad féin a chosaint.
(39) ciallaíonn ‘daonra íogair agus grúpaí leochaileacha’ na grúpaí daonra sin atá níos íogaire nó níos leochailí, go buan nó go sealadach, d’éifeachtaí an truaillithe aeir ná an meándaonra, mar gheall ar shaintréithe sonracha a fhágann gur suntasaí na hiarmhairtí sláinte a bhaineann le teagmháil nó toisc go bhfuil íogaireacht níos airde nó tairseach níos ísle acu maidir le héifeachtaí ar an tsláinte nó toisc go bhfuil cumas laghdaithe acu iad féin a chosaint.
Leasú 68 Togra le haghaidh treorach Airteagal 5 – mír 1 – pointe b
(b) ceadú na gcóras tomhais (modhanna, trealamh, líonraí agus saotharlanna);
(b) ceadú na gcóras tomhais (suíomhanna, modhanna, trealamh, líonraí agus saotharlanna) agus feidhmiú agus cothabháil leormhaith an líonra faireacháin a áirithiú;
Leasú 69 Togra le haghaidh treorach Airteagal 5 – mír 1 – pointe c
(c) beachtas na dtomhas a áirithiú;
(c) beachtas na dtomhas a áirithiú mar aon le haistriú agus comhroinnt sonraí tomhais, lena n-áirítear go gcomhlíonann siad na cuspóirí cáilíochta sonraí a leagtar síos in Iarscríbhinn V;
Leasú 70 Togra le haghaidh treorach Airteagal 5 – mír 1 – pointe d
(d) cruinneas na bhfeidhmchlár samhaltaithe a áirithiú;
(d) cruinneas na bhfeidhmchlár samhaltaithe maidir le cáilíocht aeir a áirithiú;
Leasú 71 Togra le haghaidh treorach Airteagal 5 – mír 1 – pointe g
(g) comhar leis na Ballstáit eile agus leis an gCoimisiún;
(g) comhar leis na Ballstáit eile, le tríú tíortha agus leis an gCoimisiún;
Leasú 72 Togra le haghaidh treorach Airteagal 5 – mír 1 – pointe h
(h) pleananna cáilíochta aeir a bhunú;
(h) pleananna cáilíochta aeir agus treochláir cáilíochta aeir a bhunú;
Leasú 73 Togra le haghaidh treorach Airteagal 5 – mír 1 – pointe i a (nua)
(ia) innéacs maidir le cáilíocht an aeir a thabharfar cothrom le dáta in aghaidh na huaire agus faisnéis phoiblí ábhartha eile a sholáthar agus a chothabháil.
4. I ngach limistéar ina bhfuil leibhéal na dtruailleán faoin tairseach measúnaithe arna socrú do na truailleáin sin, is leor feidhmchláir samhaltaithe, tomhais tháscacha, teicníochtaí meastóireachta oibiachtúla, nó comhcheangal díobh chun cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh a mheasúnú.
4. I ngach limistéar ina bhfuil leibhéal na dtruailleán faoin tairseach measúnaithe arna socrú do na truailleáin sin, is leor comhcheangal d’fheidhmchláir samhaltaithe agus tomhais tháscacha chun cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh a mheasúnú.
5. Má léiríonn samhaltú sárú aon teorainnluacha nó sárú aon spriocluacha ózóin i gcuid den limistéar nach gcumhdaítear le tomhais sheasta, úsáidfear tomhais sheasta nó tháscacha bhreise ar feadh bliana féilire amháin ar a laghad tar éis an sárú a thaifeadadh, chun leibhéal tiúchana an truailleáin ábhartha a mheasúnú.
5. Má léiríonn samhaltú nó tomhais tháscacha sárú aon teorainnluacha nó sárú aon spriocluacha ózóin i gcuid den limistéar nach gcumhdaítear le tomhais sheasta, déanfar tomhais sheasta bhreise a shuiteáil laistigh de 6 mhí tar éis an sárú a thaifeadadh agus úsáidfear iad ar feadh bliana féilire amháin ar a laghad chun leibhéal tiúchana an truailleáin ábhartha a mheasúnú.
7. De bhreis ar an bhfaireachán a cheanglaítear faoi Airteagal 10, déanfaidh na Ballstáit, i gcás inarb infheidhme, faireachán ar leibhéil na gcáithníní sármhíne i gcomhréir le Pointe D d’Iarscríbhinn III agus Roinn 3 d’Iarscríbhinn VII.
7. De bhreis ar an bhfaireachán a cheanglaítear faoi Airteagal 10, déanfaidh na Ballstáit faireachán ar leibhéil na gcáithníní sármhíne, ar charbón dubh, ar amóinia agus ar mhearcair i gcomhréir le Pointe D d’Iarscríbhinn III agus le Ranna 3, 3a, 3b agus 3c d’Iarscríbhinn VII.
Leasú 77 Togra le haghaidh treorach Airteagal 9 – mír 1 – fomhír 1 a (nua)
Beidh suíomh na bpointí samplála ionadaíoch ar theagmháil na bpobal atá i mbaol agus ar theagmháil ceann amháin nó níos mó de dhaonra íogair agus grúpaí leochaileacha.
2. I ngach limistéar ina sáraíonn leibhéal na dtruailleán an tairseach measúnaithe a shonraítear in Iarscríbhinn II, ní bheidh líon na bpointí samplála le haghaidh gach truailleán níos lú ná líon íosta na bpointí samplála a shonraítear i Táblaí 3 agus 4 dePhointí A agus C, d’Iarscríbhinn III.
2. I ngach limistéar ina sáraíonn leibhéal na dtruailleán an tairseach measúnaithe a shonraítear in Iarscríbhinn II, ní bheidh líon na bpointí samplála le haghaidh gach truailleán níos lú ná líon íosta na bpointí samplála a shonraítear i bPointí A agus C, d’Iarscríbhinn III.
Leasú 79 Togra le haghaidh treorach Airteagal 9 – mír 3 – pointe c
(c) is ionann líon na dtomhas táscach agus líon na dtomhas seasta atá á n-ionadú agus maireann na tomhais tháscacha 2 mhí ar a laghad in aghaidh na bliana féilire;
(c) is ionann líon na dtomhas táscach agus líon na dtomhas seasta atá á n-ionadú agus maireann na tomhais tháscacha 2 mhí ar a laghad in aghaidh na bliana féilire, dáilte go cothrom thar an mbliain féilire;
5. Áiritheoidh gach Ballstát, i gcomhréir le hIarscríbhinn IV, go léiríonn an dáileadh arna úsáid chun ríomh a dhéanamh ar na táscairí meánteagmhála le haghaidh PM2.5 agus NO2, teagmháil an daonra ghinearálta go leordhóthanach. Ní bheidh líon na bpointí samplála níos lú ná an líon arna chinneadh le cur i bhfeidhm Phointe B, d’Iarscríbhinn III.
5. Áiritheoidh gach Ballstát, i gcomhréir le hIarscríbhinn IV, go léiríonn an dáileadh arna úsáid chun ríomh a dhéanamh ar na táscairí meánteagmhála le haghaidh PM2.5 agus dé-ocsaíd nítrigine(NO2), teagmháil an daonra ghinearálta go leordhóthanach. Ní bheidh líon na bpointí samplála níos lú ná an líon arna chinneadh le cur i bhfeidhm Phointe B, d’Iarscríbhinn III.
7. Pointí samplála ar taifeadadh sáruithe ar aon teorainnluach a shonraítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I le 3 bliana roimhe sin acu, ní dhéanfar iad a athlonnú ach amháin má tá gá le hathlonnú de bharr imthosca speisialta, lena n-áirítear forbairt spásúil. Déanfar pointí samplála a athlonnú laistigh dá limistéar ionadaíochta spásúla agus beidh sé bunaithe ar thorthaí samhaltaithe.
7. Pointí samplála ar taifeadadh sáruithe ar aon teorainnluach a shonraítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I le 3 bliana roimhe sin acu, ní dhéanfar iad a athlonnú ach amháin má tá fíorghá le hathlonnú. Déanfar pointí samplála a athlonnú laistigh dá limistéar ionadaíochta spásúla, áiritheofar leanúnachas an tomhais agus beidh sé bunaithe ar thorthaí samhaltaithe.
Bunóidh gach Ballstát sárláithreán faireacháin amháin ar a laghad in aghaidh an 10 milliún áitritheoir ag cúlsuíomh uirbeach. Déanfaidh Ballstáit a bhfuil níos lú ná 10 milliún áitritheoir iontu sárláithreán faireacháin amháin ar a laghad a bhunú ag cúlsuíomh uirbeach.
Bunóidh gach Ballstát sárláithreán faireacháin amháin ar a laghad in aghaidh an 2 milliún áitritheoir ag cúlsuíomh uirbeach. Déanfaidh Ballstáit a bhfuil níos lú ná 2 milliún áitritheoir iontu sárláithreán faireacháin amháin ar a laghad a bhunú ag cúlsuíomh uirbeach.
5. Áireofar sna tomhais ar gach sárláithreán faireacháin ag cúlsuíomhanna uirbeacha tomhais sheasta nó tháscacha maidir le dáileadh méide cáithníní sármhíne agus acmhainneacht ocsaídiúcháin ábhair cháithnínigh.
5. Áireofar sna tomhais ar gach sárláithreán faireacháin ag cúlsuíomhanna uirbeacha tomhais sheasta maidir le dáileadh méide cáithníní sármhíne agus acmhainneacht ocsaídiúcháin ábhair cháithnínigh.
Leasú 84 Togra le haghaidh treorach Airteagal 10 – mír 6 – pointe a
(a) tomhais sheasta ar ábhar cáithníneach (PM10 agus PM2.5), dé-ocsaíd nítrigine (NO2), ózón (O3), carbón dubh (BC), amóinia (NH3) agus cáithníní sármhíne (UFP).
(a) tomhais sheasta ar ábhar cáithníneach (PM10 agus PM2.5), dé-ocsaíd nítrigine (NO2), dé-ocsaíd sulfair (SO2), aonocsaíd charbóin (CO), ózón (O3), carbón dubh (BC), amóinia (NH3) agus cáithníní sármhíne (UFP).
Leasú 85 Togra le haghaidh treorach Airteagal 10 – mír 6 – pointe b
(b) tomhais sheasta nó tháscacha ar mhínábhar cáithníneach (PM2.5) chun faisnéis a sholáthar, ar a laghad, maidir lena mais-tiúchan iomlán agus a dtiúchain um speiceasú ceimiceach ar bhonn meán bliantúil i gcomhréir le Roinn 1 d’Iarscríbhinn VII;
(b) tomhais sheasta ar mhínábhar cáithníneach (PM2.5) chun faisnéis a sholáthar, ar a laghad, maidir lena mais-tiúchan iomlán agus a dtiúchain um speiceasú ceimiceach ar bhonn meán bliantúil i gcomhréir le Roinn 1 d’Iarscríbhinn VII;
Leasú 86 Togra le haghaidh treorach Airteagal 10 – mír 6 – pointe c
(c) tomhais sheasta nó tháscacha ar arsanaic, caidmiam, nicil, mearcair gásach iomlán, beansó(ai)piréin agus ar na hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha eile dá dtagraítear in Airteagal 8(6), agus ar an deascadh iomlán d’arsanaic, caidmiam, nicil, beansó(a)phíréin agus de na hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha eile dá dtagraítear in Airteagal 8(6), gan beann ar na leibhéil tiúchana.
(c) tomhais sheasta ar arsanaic, caidmiam, nicil, mearcair gásach iomlán, beinsi[a]piréin agus ar na hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha eile dá dtagraítear in Airteagal 8(6), agus ar an deascadh iomlán d’arsanaic, caidmiam, mearcair, nicil, luaidhe, beinséin, beinsi[a]piréin agus de na hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha eile dá dtagraítear in Airteagal 8(6), gan beann ar na leibhéil tiúchana.
7. Féadfar mearcair cáithníneach agus mearcair débhlaoscach gásach a thomhas freisin ag sárláithreáin faireacháin ag cúlsuíomhanna uirbeacha agus ag cúlsuíomhanna tuaithe.
7. Déanfar mearcair cáithníneach agus mearcair débhlaoscach gásach a thomhas freisin ag sárláithreáin faireacháin ag cúlsuíomhanna uirbeacha agus ag cúlsuíomhanna tuaithe.
Leasú 88 Togra le haghaidh treorach Airteagal 12 – teideal
Ceanglais i gcás ina bhfuil leibhéil níos ísle ná na teorainnluachanna, spriocluach ózóin agus cuspóirí maidir le tiúchan na meánteagmhála, ach os cionn na dtairseach measúnaithe
Ceanglais i gcás ina bhfuil leibhéil níos ísle ná na teorainnluachanna, spriocluach ózóin agus cuspóirí maidir le tiúchan na meánteagmhála
2. I limistéir ina bhfuil na leibhéil ózóin faoi bhun an spriocluacha ózóin déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun na leibhéil sin a choinneáil faoi bhun an spriocluacha ózóin agus déanfaidh siad iarracht na cuspóirí fadtéarmacha a shonraítear i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I , a mhéid is féidir de réir na dtosca lena n-áirítear cineál trasteorann an truailleáin ózóin agus na dálaí meitéareolaíocha , agus ar an gcoinníoll nach gcuimsíonn aon bheart riachtanach costas díréireach.
2. I limistéir ina bhfuil na leibhéil ózóin faoi bhun an spriocluacha ózóin déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun na leibhéil sin a choinneáil faoi bhun an spriocluacha ózóin agus na cuspóirí fadtéarmacha a shonraítear i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I a bhaint amach, a mhéid is féidir de réir na dtosca lena n-áirítear cineál trasteorann an truailleáin ózóin agus na dálaí meitéareolaíocha. A luaithe a bheidh na cuspóirí fadtéarmacha bainte amach, coinneoidh na Ballstáit na leibhéil ózóin faoi bhun na gcuspóirí fadtéarmacha.
3. In aonaid chríochacha ar leibhéal NUTS 1 mar a thuairiscítear i Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 i gcás ina bhfuil na táscairí meánteagmhála le haghaidh PM2.5 agus NO2 faoi bhun luach na gcuspóirí maidir le tiúchan na meánteagmhála le haghaidh na dtruailleán sin mar a leagtar síos i Roinn 5 d’Iarscríbhinn I, coinneoidh na Ballstáit leibhéil na dtruailleán sin faoi bhun na gcuspóirí maidir le tiúchan na meánteagmhála
3. In aonaid chríochacha ar leibhéal NUTS 2 mar a thuairiscítear i Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 i gcás ina bhfuil na táscairí meánteagmhála le haghaidh PM2.5 agus NO2 faoi bhun luach na gcuspóirí maidir le tiúchan na meánteagmhála le haghaidh na dtruailleán sin mar a leagtar síos i Roinn 5 d’Iarscríbhinn I, coinneoidh na Ballstáit leibhéil na dtruailleán sin faoi bhun na gcuspóirí maidir le tiúchan na meánteagmhála
4. Déanfaidh na Ballstáit iarracht chun an cháilíocht is fearr maidir leis an aer comhthimpeallach a bhaint amach agus a chaomhnú mar aon le hardleibhéal cosanta ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol , i gcomhréir leis na treoirlínte cáilíochta aeir arna bhfoilsiú ag EDS agus faoi bhun na dtairseacha measúnaithe a leagtar síos in Iarscríbhinn II .
4. Déanfaidh na Ballstáit iarracht chun an cháilíocht is fearr maidir leis an aer comhthimpeallach a bhaint amach agus a chaomhnú mar aon le hardleibhéal cosanta ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol, i gcomhréir le treoirlínte EDS is déanaí maidir le Cáilíocht An Aeir agus athbhreithnithe arna bhfoilsiú ag Oifig Réigiúnach EDS don Eoraip agus faoi bhun na dtairseach measúnaithe a leagtar síos in Iarscríbhinn II, agus aird ar leith á tabhairt ar dhaonra íogair agus grúpaí leochaileacha a chosaint.
3. Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar na hoibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála i ndáil le PM2.5 agus NO2 a leagtar síos i Roinn 5, Pointe B, Iarscríbhinn I, ar fud a gcuid aonad críochach ar leibhéal NUTS 1, ina sáraíonn siad na cuspóirí maidir le tiúchan na meánteagmhála a leagtar amach i Roinn 5, Pointe C, d’Iarscríbhinn I.
3. Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar na hoibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála i ndáil le PM2.5 agus NO2 a leagtar síos i Roinn 5, Pointe B, Iarscríbhinn I, ar fud a gcuid aonad críochach ar leibhéal NUTS 2, ina sáraíonn siad na cuspóirí maidir le tiúchan na meánteagmhála a leagtar amach i Roinn 5, Pointe C, d’Iarscríbhinn I.
6. Féadfaidh sé go ndéanfar an spriocdháta le haghaidh na teorainnluachanna a bhaint amach a leagtar síos idTábla 1 de Roinn 1 d’Iarscríbhinn I a chur siar i gcomhréir le hAirteagal 18.
6. Féadfaidh sé go ndéanfar an spriocdháta le haghaidh na teorainnluachanna a bhaint amach a leagtar síos i dTábla 1 de Roinn 1 d’Iarscríbhinn I le haghaidh na dtruailleán dá dtagraítear in Airteagal 18(1) a chur siar i gcomhréir le hAirteagal 18.
1. Na tairseacha foláirimh le haghaidh na dtiúchan de dhé-ocsaíd sulfair, dé-ocsaíd nítrigine , agus ábhar cáithníneach (PM10 agus PM2.5) san aer comhthimpeallach, is iad na cinn a leagtar síos i Roinn 4, Pointe A d’Iarscríbhinn I.
1. Na tairseacha foláirimh le haghaidh na dtiúchan de dhé-ocsaíd sulfair, dé-ocsaíd nítrigine , d’ábhar cáithníneach (PM10 agus PM2.5) agus d’ózón san aer comhthimpeallach, is iad na cinn a leagtar síos i Roinn 4, Pointe A d’Iarscríbhinn I.
2. Is é an tairseach foláirimh agus an tairseach faisnéise le haghaidh ózóin an tairseach a leagtar síos i Roinn 4, Pointe B, d’Iarscríbhinn I.
2. Is iad na tairseacha faisnéise le haghaidh tiúchain dé-ocsaíde sulfair, dé-ocsaíde nítrigine, ábhair cháithnínigh (PM10 agus PM2.5) agus ózóin na tairseacha a leagtar síos i Roinn 4, Pointe B, d’Iarscríbhinn I.
Leasú 96 Togra le haghaidh treorach Airteagal 15 – mír 2 a (nua)
2a. I gcás ina sáraítear aon tairseach foláirimh a leagtar síos i Roinn 4, Pointe A, d’Iarscríbhinn I, cuirfidh na Ballstáit, na bearta éigeandála a luaitear sna pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha arna dtarraingt suas faoi Airteagal 20 chun feidhme gan moill mhíchuí.
3. I gcás ina sáraítear aon tairseach foláirimh nó aon tairseach faisnéise a leagtar síos i Roinn 4 d’Iarscríbhinn I, glacfaidh na Ballstáit na céimeanna ar fad is gá chun an pobal a chur ar an eolas laistigh de roinnt uaireanta an chloig, ag baint úsáid as na bealaí meán agus cumarsáide éagsúla agus rochtain leathan ag an bpobal a áirithiú .
3. I gcás ina sáraítear aon tairseach foláirimh a leagtar síos i Roinn 4 d’Iarscríbhinn I, glacfaidh na Ballstáit na céimeanna ar fad is gá chun an pobal a chur ar an eolas laistigh de roinnt uaireanta an chloig, ar a dhéanaí, ar bhealach comhleanúnach agus sothuigthe, lena soláthrófar faisnéis mhionsonraithe faoi dhéine an tsáraithe agus faoi na tionchair sláinte ghaolmhara, chomh maith le moltaí chun an daonra a chosaint, agus béim ar leith á leagan ar dhaonra íogair agus grúpaí leochaileacha. Bainfidh na Ballstáit úsáid as na bealaí meán agus cumarsáide éagsúla agus áiritheoidh siad go mbeidh rochtain leathan ag an bpobal.
Leasú 98 Togra le haghaidh treorach Airteagal 15 – mír 3 a (nua)
3a. I gcás ina sáraítear aon tairseach faisnéise a leagtar síos i Roinn 4 d’Iarscríbhinn I, glacfaidh na Ballstáit na céimeanna ar fad is gá chun an pobal, agus daonra íogair agus grúpaí leochaileacha. go háirithe, a chur ar an eolas, laistigh de roinnt uaireanta an chloig ar a dhéanaí, ar bhealach inrochtana, comhleanúnach agus sothuigthe.
4. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar faisnéis faoi sháruithe iarbhír nó tuartha ar aon tairseach foláirimh nó tairseach faisnéise a sholáthar don phobal a luaithe is féidir i gcomhréir le pointí 2 agus 3 d’Iarscríbhinn IX.
4. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar faisnéis faoi sháruithe iarbhír nó tuartha ar aon tairseach foláirimh nó tairseach faisnéise a sholáthar don phobal ar bhealach comhleanúnach agus sothuigthe a luaithe is féidir i gcomhréir le pointí 2 agus 3 d’Iarscríbhinn IX.
Leasú 100 Togra le haghaidh treorach Airteagal 16 – mír 1 – pointe b
(b) aonaid chríochacha NUTS 1 i gcás ina bhfuil sáruithe ar an leibhéal arna chinneadh leis na hoibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála inchurtha i leith foinsí nádúrtha.
(b) aonaid chríochacha NUTS 2 i gcás ina bhfuil sáruithe ar an leibhéal arna chinneadh leis na hoibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála inchurtha i leith foinsí nádúrtha.
2. Cuirfidh na Ballstáit liostaí ar fáil don Choimisiún d’aon limistéar den sórt sin agus d’aonaid chríochacha NUTS 1, dá dtagraítear i mír 1, mar aon le faisnéis maidir le tiúchan agus foinsí agus fianaise lena léirítear go bhfuil na sáruithe inchurtha i leith foinsí nádúrtha.
2. Cuirfidh na Ballstáit liostaí ar fáil don Choimisiún d’aon limistéar den sórt sin agus d’aonaid chríochacha NUTS 2, dá dtagraítear i mír 1, mar aon leis an méid seo a leanas:
(a) faisnéis maidir le tiúchain agus foinsí;
(b) an fhianaise lena léirítear go bhfuil na sáruithe inchurtha i leith foinsí nádúrtha agus nárbh fhéidir leis an mBallstát lena mbaineann iad a thuar, a chosc nó a mhaolú, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an fhianaise lena léirítear tionchar na suaití éiceachórais arna dtiomáint ag an athrú aeráide a bhfuil sáruithe den sórt sin mar thoradh air sin;
(c) faisnéis maidir le cur chun feidhme beart ábhartha faoin straitéis náisiúnta um oiriúnú don athrú aeráide arna glacadh de bhun Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) 2021/1119.
3. I gcás inar cuireadh sárú atá inchurtha i leith foinsí nádúrtha in iúl don Choimisiún i gcomhréir le mír 2, ní mheasfar an sárú sin a bheith ina shárú chun críocha na Treorach seo.
3. I gcás inar cuireadh sárú atá inchurtha i leith foinsí nádúrtha in iúl don Choimisiún i gcomhréir le mír 2, déanfaidh sé athbhreithniú ar an bhfianaise agus cuirfidh sé in iúl don Bhallstát cibé acu nach bhféadfar a mheas gur sárú é an sárú sin chun críocha na Treorach seo.
1. Féadfaidh na Ballstáit, le haghaidh bliain áirithe, limistéir a shainaithint ina sáraítear teorainnluachanna le haghaidh PM10 san aer comhthimpeallach mar gheall ar athfhuaidreán cáithníní tar éis gaineamh nó salainn a bheith curtha ar na bóithre le linn an gheimhridh.
1. Féadfaidh na Ballstáit, le haghaidh mí áirithe, limistéir a shainaithint ina sáraítear teorainnluachanna le haghaidh PM10 san aer comhthimpeallach mar gheall ar athfhuaidreán cáithníní tar éis gaineamh nó salainn a bheith curtha ar na bóithre le linn an gheimhridh.
Leasú 298 Togra le haghaidh Treorach Airteagal 18 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
1. In aon chás, i limistéar áirithe , nuair nach féidir comhlíonadh na dteorainnluachanna le haghaidh ábhar cáithníneach (PM10 agus PM2.5) nó dé-ocsaíd nítrigine a bhaint amach faoin spriocdháta a shonraítear i dTábla 1 de Roinn 1 d’Iarscríbhinn I, mar gheall ar shaintréithe eisceachtúla scaipthe a bhaineann go sonrach le suíomh, dálaí teorann oragrafacha, dálaí aeráide díobhálacha nó rannchuidithe trasteorann, féadfaidh Ballstát an spriocdháta sin a chur siar aon uair amháin faoi uastréimhse 5 bliana don limistéar áirithe sin , má chomhlíontar na coinníollacha a leanas:
1. In aon chás, i limistéar áirithe , nuair nach féidir comhlíonadh na dteorainnluachanna le haghaidh ábhar cáithníneach (PM10 agus PM2.5) nó dé-ocsaíd nítrigine a bhaint amach faoin spriocdháta a shonraítear i dTábla 1 de Roinn 1 d’Iarscríbhinn I, mar gheall ar shaintréithe eisceachtúla agus dosheachanta scaipthe a bhaineann go sonrach le suíomh, dálaí teorann oragrafacha, nó rannchuidithe trasteorann, féadfaidh Ballstát an spriocdháta sin a chur siar aon uair amháin faoi uastréimhse 5 bliana don limistéar áirithe sin , má chomhlíontar na coinníollacha a leanas:
Leasú 105 Togra le haghaidh treorach Airteagal 18 – mír 1 – pointe -a (nua)
(-a) go bhfuil leibhéil na dtruailleán san aer comhthimpeallach sa limistéar ábhartha faoi bhun na dteorainnluachanna a shonraítear i Roinn 1, Tábla 2, d’Iarscríbhinn I;
Leasú 106 Togra le haghaidh treorach Airteagal 18 – mír 1 – pointe a
(a) bunaítear plean cáilíochta aeir i gcomhréir le hAirteagal 19(4) agus comhlíontar na ceanglais a liostaítear in Airteagal 19(5) go (7) don limistéar sin lena mbainfeadh an cur siar;
(a) bunaítear treochlár cáilíochta aeir i gcomhréir le hAirteagal 19(-1) agus comhlíontar na ceanglais a liostaítear in Airteagal 19(5) go (7) don limistéar sin lena mbainfeadh an cur siar;
Leasú 107 Togra le haghaidh treorach Airteagal 18 – mír 1 – pointe b
(b) an plean cáilíochta aeir dá dtagraítear i bpointe (a), déantar é a fhorlíonadh leis an bhfaisnéis a liostaítear i bPointe B d’Iarscríbhinn VIII a bhaineann leis na truailleáin agus léirítear an dóigh a gcoimeádfar tréimhsí sáraithe os cionn na dteorainnluachanna chomh gearr agus is féidir ;
(b) an treochlár cáilíochta aeir dá dtagraítear i bpointe (a), déantar é a fhorlíonadh leis an bhfaisnéis a liostaítear i bPointe B d’Iarscríbhinn VIII a bhaineann leis na truailleáin chomh maith le réamh-mheastacháin bhliantúla maidir le héabhlóid na n-astaíochtaí agus na dtiúchan sa limistéar lena mbaineann go dtí an dáta bainte amach agus léirítear conas a bhainfear amach na teorainnluachanna faoi dheireadh an spriocdháta maidir le comhlíonadh a cuireadh siar agus an dóigh a gcoimeádfar tréimhsí sáraithe os cionn na dteorainnluachanna chomh gearr agus is féidir;
Leasú 108 Togra le haghaidh treorach Airteagal 18 – mír 1 – pointe c
(c) leagtar amach sa phlean maidir le cáilíocht an aeir dá dtagraítear i bpointe (a) conas a chuirfear an pobal agus, go háirithe, grúpaí íogaire agus leochaileacha sa daonra ar an eolas faoi iarmhairtí an chur siar ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol;
(c) leagtar amach sa treochlár cáilíochta aeir dá dtagraítear i bpointe (a) conas a chuirfear an pobal agus, go háirithe, ghrúpaí íogaire agus leochaileacha den daonra ar an eolas ar bhealach comhleanúnach agus sothuigthe faoi iarmhairtí an chur siar ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol;
Leasú 109 Togra le haghaidh treorach Airteagal 18 – mír 1 – pointe d
(d) leagtar amach sa phlean maidir le cáilíocht an aeir dá dtagraítear i bpointe (a) conas a shlógfar cistiú breise, lena n-áirítear trí chláir chistiúcháin ábhartha náisiúnta agus de chuid an Aontais, chun dlús a chur le feabhas a chur ar cháilíocht an aeir sa limistéar a mbeadh feidhm ag an gcur siar maidir leis;
(d) leagtar amach sa treochlár cáilíochta aeir dá dtagraítear i bpointe (a) conas a shlógfar cistiú breise, lena n-áirítear trí chláir chistiúcháin ábhartha náisiúnta agus de chuid an Aontais, i gcás ina ndéantar foráil maidir le cistiú den sórt sin, chun dlús a chur le feabhas a chur ar cháilíocht an aeir sa limistéar a mbeadh feidhm ag an gcur siar maidir leis;
I gcás inar dóigh leis na Ballstáit go bhfuil, mír 1 infheidhme , cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas maidir leis sin agus faoin bplean maidir le cáilíocht an aeir dá dtagraítear i mír 1 agus an fhaisnéis ábhartha go léir atá riachtanach chun go ndéanfaidh an Coimisiún measúnú an bhfuil na coinníollacha agus an chúis arna hagairt don chur siar a leagtar amach sa mhír sin comhlíonta. Ina mheasúnú, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na héifeachtaí measta ar cháilíocht an aeir chomhthimpeallaigh sna Ballstáit, faoi láthair agus amach anseo, a bheith ag bearta arna nglacadh ag na Ballstáit chomh maith le héifeachtaí measta ar cháilíocht an aeir chomhthimpeallaigh ar bhearta an Aontais .
I gcás inar dóigh leis na Ballstáit go bhfuil, mír 1 infheidhme , cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas maidir leis sin agus faoin treochlár cáilíochta aeir dá dtagraítear i mír 1 agus an fhaisnéis ábhartha go léir atá riachtanach chun go ndéanfaidh an Coimisiún measúnú an bhfuil na coinníollacha agus an chúis arna hagairt don chur siar a leagtar amach sa mhír sin comhlíonta. Ina mheasúnú, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na héifeachtaí measta ar cháilíocht an aeir chomhthimpeallaigh sna Ballstáit, faoi láthair agus amach anseo, a bheith ag bearta arna nglacadh ag na Ballstáit chomh maith le héifeachtaí measta ar cháilíocht an aeir chomhthimpeallaigh ar bhearta an Aontais . I gcás ina léirítear sna réamh-mheastacháin bhliantúla arna soláthar i gcomhréir le mír 1, pointe (b), nach leor na bearta a leagtar amach sa treochlár cáilíochta aeir chun comhlíonadh dóchúil a bhaint amach maidir le teorainnluach an truailleáin lena mbaineann faoin spriocdháta gnóthachtála a cuireadh siar, déanfaidh na Ballstáit an treochlár cáilíochta aeir a thabhairt cothrom le dáta agus na bearta atá ann a athbhreithniú chun comhlíonadh faoin spriocdháta sin a áirithiú.
Leasú 111 Togra le haghaidh treorach Airteagal 19 – teideal
Pleananna um cháilíocht an aeir
Pleananna cáilíochta aeir agus treochláir cáilíochta aeir
-1. Ón ... [trí mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo], i limistéar nó in aonad críochach NUTS 2, go bhfuil leibhéil aon truailleáin arna dtaifeadadh don bhliain féilire roimhe sin os cionn aon teorainnluach atá le baint amach faoin 1 Eanáir 2035 mar a leagtar síos i dTábla 1 de Roinn 1 d’Iarscríbhinn I nó aon spriocluach atá le baint amach faoin 1 Eanáir 2030 mar a leagtar síos i Roinn 2, Pointe B, d’Iarscríbhinn I, bunóidh an Ballstát lena mbaineann treochlár cáilíochta aeir don truailleán sin a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis na bliana féilire inar taifeadadh sárú an truailleáin chun na teorainnluachanna nó an spriocluach ózóin faoi seach a bhaint amach faoin spriocdháta gnóthachtála. I gcás ina gceanglófar ar Bhallstát, i gcás an truailleáin chéanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, treochlár cáilíochta aeir a bhunú i gcomhréir leis an bhfomhír sin chomh maith le plean cáilíochta aeir i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, féadfar plean comhcheangailte cáilíochta aeir a bhunú i gcomhréir le míreanna 5, 6 agus 7 den Airteagal seo agus faisnéis a sholáthar maidir leis an tionchar a mheastar a bheidh ag na bearta chun comhlíonadh a bhaint amach i gcás gach teorainnluacha a dtugann sé aghaidh air, mar a cheanglaítear i bPointe A, pointí 5 agus 6 d’Iarscríbhinn VIII. Leagfar amach in aon chomhphlean cáilíochta aeir den sórt sin bearta iomchuí chun na teorainnluachanna gaolmhara uile a bhaint amach agus chun na tréimhsí sáraithe uile a choimeád chomh gearr agus is féidir.
I gcás, i limistéir áirithe go sáraíonn leibhéil na dtruailleán san aer comhthimpeallach aon teorainnluach, arna leagan síos i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I, bunóidh na Ballstáit pleananna cáilíochta aeir do na limistéir sin chomh luath agus is féidir tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis na bliana féilire inar taifeadadh an sárú ar aon aon teorainnluach. Leagtar amach sna pleananna cáilíochta aeir sin na bearta iomchuí chun an teorainnluach lena mbaineann a bhaint amach agus an tréimhse sáraithe a choimeád chomh gearr agus is féidir, agus in aon chás tráth nach faide ná 3 bliana ó dheireadh na bliana féilire inar tuairiscíodh an chéad sárú.
I gcás, i limistéir áirithe go sáraíonn leibhéil na dtruailleán san aer comhthimpeallach aon teorainnluach, arna leagan síos i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I, bunóidh na Ballstáit pleananna cáilíochta aeir do na limistéir sin chomh luath agus is féidir tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis na bliana féilire inar taifeadadh an sárú ar aon teorainnluach. Leagtar amach sna pleananna cáilíochta aeir sin gach beart iomchuí agus leordhóthanach chun an teorainnluach lena mbaineann a bhaint amach agus an tréimhse sáraithe a choimeád chomh gearr agus is féidir, agus in aon chás tráth nach faide ná 3 bliana ó dheireadh na bliana féilire inar taifeadadh an chéad sárú.
I gcás ina leanfar de shárú ar aon teorainnluachanna le linn an tríú bliain féilire tar éis bhunú an phlean um cháilíocht an aeir, déanfaidh na Ballstáit an plean um cháilíocht an aeir agus na bearta atá ann a nuashonrú, agus déanfaidh siad bearta breise agus bearta níos éifeachtaí, sa bhliain féilire ina dhiaidh sin chun an tréimhse sáraithe a choimeád chomh gearr agus is féidir.
I gcás ina leanfar de shárú ar aon teorainnluachanna le linn an tríú bliain féilire tar éis dheireadh na bliana féilire inar taifeadadh an chéad sárú, déanfaidh na Ballstáit an plean cáilíochta aeir agus na bearta atá ann a nuashonrú, lena n-áirítear faisnéis mhionsonraithe nuashonraithe maidir le stádas chur chun feidhme na dTreoracha dá dtagraítear i bPointe B, pointe 1 d’Iarscríbhinn VIII agus déanfaidh siad bearta breise agus bearta níos éifeachtaí, sa bhliain féilire ina dhiaidh sin chun an tréimhse sáraithe a choimeád chomh gearr agus is féidir agus in aon chás tráth nach faide ná bliain féilire amháin tar éis an plean cáilíochta aeir a thabhairt cothrom le dáta.
I gcás in aonad críochach NUTS 1 ar leith, ina sáraíonn leibhéil na dtruailleán in aer comhthimpeallach an spriocluach ózóin, a leagtar síos i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I, bunóidh na Ballstáit pleananna cáilíochta aeir do na haonaid chríochacha NUTS 1 sin a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis na bliana féilire inar taifeadadh sárú an spriocluacha ózóin. Leagfar amach sna pleananna sin um cháilíocht an aeir bearta iomchuí chun an spriochluach ózóin a bhaint amach agus chun an tréimhse sáraithe a choimeád chomh gearr agus is féidir.
I gcás in aonad críochach NUTS 2 ar leith, ina sáraíonn leibhéil na dtruailleán in aer comhthimpeallach an spriocluach ózóin, a leagtar síos i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I, bunóidh na Ballstáit pleananna cáilíochta aeir do na haonaid chríochacha NUTS 2 sin a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis na bliana féilire inar taifeadadh sárú an spriocluacha ózóin. Leagfar amach sna pleananna cáilíochta aeir sin bearta iomchuí agus leordhóthanacha chun an spriocluach ózóin a bhaint amach agus an tréimhse sáraithe a choimeád chomh gearr agus is féidir, agus in aon chás tráth nach faide ná 3 bliana ó dheireadh na bliana féilire inar taifeadadh an chéad sárú.
I gcás ina leanfaidh sáruithe ar an spriocluach ózóin le linn an chúigiú bliain féilire tar éis bhunú an phlean cáilíochta aeir san aonad críochach ábhartha NUTS 1, nuashonróidh na Ballstáit an plean um cháilíocht an aeir agus na bearta ann, agus déanfaidh siad bearta breise agus bearta níos éifeachtaí, sa bhliain féilire ina dhiaidh sin, chun an tréimhse sáraithe a choimeád chomh gearr agus is féidir.
I gcás ina leanfaidh sáruithe ar an spriocluach ózóin le linn an tríú bliain féilire tar éis dheireadh na bliana féilire inar taifeadadh an chéad sárú san aonad críochach ábhartha NUTS2, nuashonróidh na Ballstáit an plean cáilíochta aeir agus na bearta atá ann, agus déanfaidh siad bearta breise agus bearta níos éifeachtaí, sa bhliain féilire ina dhiaidh sin chun an tréimhse sáraithe a choimeád chomh gearr agus is féidir, agus in aon chás tráth nach faide ná 2 bhliain féilire tar éis an plean cáilíochta aeir a thabhairt cothrom le dáta.
Maidir le haonaid chríochacha NUTS 1 ina sáraítear an spriocluach ózóin, áiritheoidh na Ballstáit go n-áireofar sa chlár ábhartha náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir a ullmhaítear de bhun Airteagal 6 de Threoir (AE) 2016/2284 bearta lena dtugtar aghaidh ar na sáruithe sin.
Maidir le haonaid chríochacha NUTS 2 ina sáraítear an spriocluach ózóin, áiritheoidh na Ballstáit go n-áireofar sa chlár ábhartha náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir a ullmhaítear de bhun Airteagal 6 de Threoir (AE) 2016/2284 bearta lena dtugtar aghaidh ar na sáruithe sin.
I gcás ina sárófar an oibleagáid maidir le laghdú meánteagmhála a leagtar síos i Roinn 5 d’Iarscríbhinn I in aonad críochach NUTS 1 ar leith, bunóidh na Ballstáit pleananna cáilíochta aeir do na haonaid chríochacha NUTS 1 sin a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis na bliana féilire inar taifeadadh sárú na hoibleagáide maidir le laghdú meánteagmhála. Leagfar amach sna pleananna sin bearta iomchuí chun an oibleagáid maidir le laghdú meánteagmhála a bhaint amach agus chun an tréimhse sáraithe a choimeád chomh gearr agus is féidir.
I gcás ina sárófar an oibleagáid maidir le laghdú meánteagmhála a leagtar síos i Roinn 5 d’Iarscríbhinn I in aonad críochach NUTS 2 ar leith, bunóidh na Ballstáit pleananna cáilíochta aeir do na haonaid chríochacha NUTS 2 sin a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis na bliana féilire inar taifeadadh sárú na hoibleagáide maidir le laghdú meánteagmhála. Leagfar amach sna pleananna cáilíochta aeir sin bearta iomchuí agus leordhóthanacha chun an oibleagáid maidir le laghdú meánteagmhála a bhaint amach agus chun an tréimhse sáraithe a choimeád chomh gearr agus is féidir, agus in aon chás tráth nach faide ná 3 bliana ó dheireadh na bliana féilire inar taifeadadh an chéad sárú.
I gcás ina leanfar de shárú na hoibleagáide maidir le laghdú meánteagmhála le linn an chúigiú bliain féilire tar éis bhunú an phlean um cháilíocht an aeir, nuashonróidh na Ballstáit an plean um cháilíocht an aeir agus na bearta ann, agus déanfaidh siad bearta breise agus bearta níos éifeachtaí, sa bhliain féilire ina dhiaidh sin, chun an tréimhse sáraithe a choimeád chomh gearr agus is féidir.
I gcás ina leanfar de shárú na hoibleagáide maidir le laghdú meánteagmhála le linn an tríú bliain féilire tar éis dheireadh na bliana féilire inar taifeadadh an chéad sárú, nuashonróidh na Ballstáit an plean cáilíochta aeir agus na bearta atá ann, lena n-áirítear faisnéis mhionsonraithe nuashonraithe maidir le stádas chur chun feidhme na dTreoracha dá dtagraítear i bPointe B, pointe 1 d’Iarscríbhinn VIII agus déanfaidh siad bearta breise agus bearta níos éifeachtaí, sa bhliain féilire ina dhiaidh sin chun an tréimhse sáraithe a choimeád chomh gearr agus is féidir, agus in aon chás tráth nach faide ná bliain féilire amháin tar éis an plean cáilíochta aeir a thabhairt cothrom le dáta.
4. Ón [cuir isteach an bhliain 2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo], go dtí an 31 Nollaig 2029 i limistéar nó in aonad críochach NUTS 1, i gcás ina bhfuil leibhéil na dtruailleán os cionn aon teorainnluacha atá le baint amach faoin 1 Eanáir 2030 mar a leagtar síos i dTábla 1 de Roinn 1 d’Iarscríbhinn I, bunóidh na Ballstáit plean cáilíochta aeir don truailleán lena mbaineann a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis na bliana féilire inar taifeadadh sárú chun na teorainnluachanna nó an spriocluach ózóin faoi seach a bhaint amach faoin spriocdháta gnóthachtála.
scriosta
I gcás ina gceanglófar ar na Ballstáit, i gcás an truailleáin chéanna, plean cáilíochta aeir a bhunú i gcomhréir leis an mír seo chomh maith le plean um cháilíocht an aeir i gcomhréir le hAirteagal 19(1), féadfaidh siad plean comhcheangailte um cháilíocht an aeir a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 19(5), (6) agus (7) agus faisnéis a sholáthar maidir leis an tionchar a mheastar a bheidh ag na bearta chun comhlíonadh a bhaint amach i gcás gach teorainnluacha a dtugann sé aghaidh air, mar a cheanglaítear in Iarscríbhinn VIII, pointe 5 agus pointe 6. Leagfar amach in aon chomhphlean cáilíochta aeir den sórt sin bearta iomchuí chun na teorainnluachanna gaolmhara uile a bhaint amach agus chun na tréimhsí sáraithe uile a choimeád chomh gearr agus is féidir.
Leasú 121 Togra le haghaidh treorach Airteagal 19 – mír 5 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach
Beidh an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad, i bpleananna cáilíochta aeir:
Beidh an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad, i bpleananna cáilíochta aeir agus treochláir cáilíochta aeir:
Leasú 122 Togra le haghaidh treorach Airteagal 19 – mír 5 – fomhír 1 – pointe b a (nua)
(ba) an fhaisnéis dá dtagraítear i bPointe B, pointe 1 d’Iarscríbhinn VIII, agus go háirithe bearta a áirítear sa Chlár Náisiúnta um Rialú ar Thruailliú Aeir (NAPCP);
Leasú 123 Togra le haghaidh treorach Airteagal 19 – mír 5 – fomhír 1 – pointe c
(c) i gcás inarb iomchuí, faisnéis maidir le bearta laghdaithe a liostaítear i bPointe B, Pointe 2 d’Iarscríbhinn VIII.
(c) faisnéis maidir le bearta laghdaithe a liostaítear i bPointe B, Pointe 2 d’Iarscríbhinn VIII.
Breithneoidh na Ballstáit bearta a chur san áireamh, bearta dá dtagraítear in Airteagal 20(2) agus bearta sonracha arb é is aidhm leo grúpaí íogaire agus leochaileacha den daonra a chosaint , lena n-áirítear leanaí, ina gcuid pleananna um cháilíocht an aeir.
Déanfaidh na Ballstáit bearta a chur san áireamh, bearta dá dtagraítear in Airteagal 20(2) agus bearta sonracha arb é is aidhm leo grúpaí íogaire agus leochaileacha den daonra a chosaint, lena n-áirítear leanaí, ina gcuid pleananna cáilíochta aeir agus treochlár cáilíochta aeir.
Maidir leis na truailleáin lena mbaineann, agus pleananna um cháilíocht an aeir á n-ullmhú acu, déanfaidh na Ballstáit measúnú ar an riosca go sárófar na tairseacha foláirimh faoi seach. Úsáidfear an anailís sin chun pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha a bhunú i gcás inarb infheidhme.
Maidir leis na truailleáin lena mbaineann, agus pleananna cáilíochta aeir nó treochláir cáilíochta aeir á n-ullmhú acu, déanfaidh na Ballstáit measúnú ar an riosca go sárófar na tairseacha foláirimh faoi seach. Úsáidfear an anailís sin chun pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha a bhunú i gcás inarb infheidhme.
I gcás ina ndéanfar pleananna um cháilíocht an aeir i leith roinnt truailleán nó caighdeáin maidir le cáilíocht an aeir déanfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, pleananna comhtháite um cháilíocht an aeir, lena gclúdaítear gach truailleán lena mbaineann, a bhunú.
I gcás ina ndéanfar pleananna cáilíochta aeir nó treochláir cáilíochta aeir i leith roinnt truailleán nó caighdeáin maidir le cáilíocht an aeir déanfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, pleananna comhtháite cáilíochta aeir nó treochláir cáilíochta aeir, lena gclúdaítear gach truailleán agus caighdeán maidir le cáilíocht an aeir lena mbaineann, a bhunú.
Áiritheoidh na Ballstáit, a mhéid is féidir, comhsheasmhacht a bpleananna cáilíochta aeir le pleananna eile a mbíonn tionchar suntasach acu ar cháilíocht an aeir, lena n-áirítear na cinn is gá faoi Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle58, Treoracha (AE) 2016/2284 agus 2002/49/CE agus faoi reachtaíocht aeráide, fuinnimh, iompair agus talmhaíochta.
Áiritheoidh na Ballstáit, a mhéid is féidir, comhsheasmhacht a bpleananna cáilíochta aeir agus a dtreochlár cáilíochta aeir le pleananna eile a mbíonn tionchar suntasach acu ar cháilíocht an aeir, lena n-áirítear na cinn is gá faoi Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle58, Treoracha (AE) 2016/2284 agus 2002/49/CE agus faoi reachtaíocht aeráide, chosaint na bithéagsúlachta, fuinnimh, iompair agus talmhaíochta.
__________________
__________________
58 Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).
58 Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).
Leasú 128 Togra le haghaidh treorach Airteagal 19 – mír 5 a (nua)
5a. Féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin do Bhallstát, cúnamh agus saineolas teicniúil a sholáthar faoi chuimsiú na hIonstraime um Thacaíocht Theicniúil (TSI) chun tacú le beartais agus bearta maidir le cáilíocht an aeir sa Bhallstát lena mbaineann.
Áiritheoidh na Ballstáit, sula gcuirfear tús leis an tréimhse ama chun barúlacha a fháil ón bpobal, go ndéanfar an dréachtphlean cáilíochta aeir nó an dréacht-treochlár cáilíochta aeir ina bhfuil an fhaisnéis íosta a cheanglaítear faoi Phointe A agus faoi Phointe B d’Iarscríbhinn VIII a chur ar fáil don phobal ar an idirlíon, saor in aisce agus gan rochtain d’úsáideoirí cláraithe a shrianadh, agus, i gcás inarb iomchuí, trí bhealaí cumarsáide neamhdhigiteacha eile. Féadfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas a chur ar fáil don phobal ar an idirlíon freisin, saor in aisce agus gan rochtain d’úsáideoirí cláraithe a shrianadh, agus, i gcás inarb iomchuí, trí bhealaí cumarsáide neamhdhigiteacha eile:
(a) faisnéis maidir leis na modhanna a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar thionchar measta an phlean cáilíochta aeir nó an treochláir cáilíochta aeir de bhun Phointe Ba d’Iarscríbhinn VIII, agus na ndoiciméad cúlra agus an fhaisnéis a úsáidtear chun an dréachtphlean cáilíochta aeir nó an dréacht-treochlár cáilíochta aeir a fhorbairt;
(b) achoimre neamhtheicniúil ar an bhfaisnéis dá dtagraítear san fhomhír seo.
Rachaidh na Ballstáit i gcomhairle leis an bpobal, i gcomhréir le Treoir 2003/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle59 , agus leis na húdaráis inniúla ar dócha go mbeidh baint acu, mar gheall ar a bhfreagrachtaí i réimse an truaillithe aeir agus cháilíocht an aeir, le cur chun feidhme na bpleananna um cháilíocht an aeir, le dréachtphleananna um cháilíocht an aeir agus le haon nuashonrú suntasach ar phleananna cáilíochta aeir sula dtabharfar chun críche iad.
Rachaidh na Ballstáit i gcomhairle leis an bpobal, i gcomhréir le Treoir 2003/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle59, agus leis na húdaráis inniúla ar dócha go mbeidh baint acu, mar gheall ar a bhfreagrachtaí i réimse an truaillithe aeir agus cháilíocht an aeir, le cur chun feidhme na bpleananna cáilíochta aeir agus na dtreochlár cáilíochta aeir, maidir le dréachtphleananna cáilíochta aeir agus dréacht-treochláir cáilíochta aeir agus le haon nuashonrú suntasach ar phleananna cáilíochta aeir agus ar threochláir cáilíochta aeir sula dtabharfar chun críche iad.
__________________
__________________
59 Treoir 2003/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 lena bhforáiltear do rannpháirtíocht an phobail i leith pleananna agus cláir áirithe a bhaineann leis an gcomhshaol a tharraingt suas agus lena leasaítear, maidir le rannpháirtíocht phoiblí agus rochtain ar cheartas, Treoir 85/337/CEE ón gComhairle agus Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 156, 25.6.2003, lch. 17).
59 Treoir 2003/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 lena bhforáiltear do rannpháirtíocht an phobail i leith pleananna agus cláir áirithe a bhaineann leis an gcomhshaol a tharraingt suas agus lena leasaítear, maidir le rannpháirtíocht phoiblí agus rochtain ar cheartas, Treoir 85/337/CEE ón gComhairle agus Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 156, 25.6.2003, lch. 17).
Agus pleananna um cháilíocht an aeir á n-ullmhú, áiritheoidh na Ballstáit go spreagfar geallsealbhóirí a gcuireann a ngníomhaíochtaí leis an staid sáraithe, bearta a mholadh a bheidh siad in ann a dhéanamh chun cuidiú le deireadh a chur leis na sáruithe agus go gceadófar d’eagraíochtaí neamhrialtasacha, amhail eagraíochtaí comhshaoil, eagraíochtaí tomhaltóirí, eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar leasanna grúpaí íogaire agus leochaileacha den daonra, comhlachtaí ábhartha eile cúraim sláinte agus na cónaidhmeanna tionsclaíocha ábhartha páirt a ghlacadh sna comhairliúcháin sin.
Spreagfaidh na Ballstáit rannpháirtíocht ghníomhach na bpáirtithe leasmhara uile i gcur chun feidhme na Treorach seo, go háirithe maidir le pleananna cáilíochta aeir agus treochláir cáilíochta aeir a ullmhú, a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta. Agus pleananna cáilíochta aeir agus treochláir cáilíochta aeir á n-ullmhú, áiritheoidh na Ballstáit go spreagfar geallsealbhóirí a gcuireann a ngníomhaíochtaí leis an staid sáraithe, bearta a mholadh a bheidh siad in ann a dhéanamh chun cuidiú le deireadh a chur leis na sáruithe agus go gceadófar d’eagraíochtaí neamhrialtasacha, amhail eagraíochtaí comhshaoil agus sláinte, eagraíochtaí tomhaltóirí, eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar leasanna grúpaí íogaire agus leochaileacha den daonra, comhlachtaí ábhartha eile cúraim sláinte, lena n-áirítear gairmithe cúraim sláinte agus spreagfar na cónaidhmeanna tionsclaíocha ábhartha páirt a ghlacadh sna comhairliúcháin sin. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na geallsealbhóirí agus na saoránaigh ábhartha ar an eolas go cuí faoi na foinsí sonracha agus na truailleáin aeir a dhéanann difear do cháilíocht an aeir agus faoi na bearta ábhartha maolaithe truaillithe aeir atá ann agus atá ar fáil ar an margadh.
7. Cuirfear na pleananna um cháilíocht an aeir in iúl don Choimisiún laistigh de 2 mhí tar éis iad a ghlacadh .
7. Cuirfear na pleananna cáilíochta aeir agus treochláir cáilíochta aeir in iúl don Choimisiún laistigh de 2 mhí tar éis iad a ghlacadh .
Leasú 133 Togra le haghaidh treorach Airteagal 19 – mír 7 a (nua)
7a. Bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, teimpléad ina mbeidh formáid agus struchtúr na bpleananna cáilíochta aeir agus na dtreochlár cáilíochta aeir. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26(2).
Leasú 134 Togra le haghaidh treorach Airteagal 19 – mír 7 b (nua)
7b. Féadfaidh an Coimisiún treoir a bhunú maidir le pleananna cáilíochta aeir a ullmhú, a chur chun feidhme agus a athbhreithniú, agus i gcás inarb iomchuí, treochláir cáilíochta aeir.
Leasú 135 Togra le haghaidh treorach Airteagal 19 – mír 7 c (nua)
7c. Éascóidh an Coimisiún ullmhú agus cur chun feidhme na bpleananna cáilíochta aeir agus na dtreochlár cáilíochta aeir, i gcás inarb iomchuí, trí mhalartú dea-chleachtas.
I gcás, áfach, ina bhfuil baol ann go sárófar an tairseach foláirimh ózóin, d’fhéadfadh na Ballstáit gan na pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha sin a tharraingt suas i gcás nach bhfuil féidearthacht shuntasach ann, ag cur dálaí náisiúnta geografacha, meitéareolaíochta agus eacnamaíocha san áireamh, chun riosca, fad nó déine an tsáraithe sin a laghdú.
I gcás, áfach, ina bhfuil baol ann go sárófar an tairseach foláirimh ózóin, d’fhéadfadh na Ballstáit gan na pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha sin a tharraingt suas i gcás nach bhfuil féidearthacht shuntasach ann, ag cur dálaí náisiúnta geografacha, meitéareolaíochta agus eacnamaíocha san áireamh, chun riosca, fad nó déine an tsáraithe sin a laghdú.
Leasú 137 Togra le haghaidh treorach Airteagal 20 – mír 1 – fomhír 2 a (nua)
Chun saoránaigh a chur ar an eolas faoi dhroch-cháilíocht aeir agus a éifeachtaí, éileoidh údaráis inniúla go dtaispeánfar go buan faisnéis shothuigthe maidir le siomptóim a bhaineann le buaicphointí truaillithe aeir agus maidir le hiompar chun teagmháil le truailliú aeir a laghdú i gcóngar na bpobal de dhaonra íogair agus grúpaí leochaileacha.
2. Agus na pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha dá dtagraítear i mír 1 á dtarraingt suas, féadfaidh na Ballstáit, ag brath ar an gcás ar leith, foráil a dhéanamh maidir le bearta éifeachtacha chun gníomhaíochtaí a rialú agus, más gá, gníomhaíochtaí a chur ar fionraí go sealadach ar gníomhaíochtaí iad a chuireann leis an riosca go sárófar na teorainnluachanna nó na spriocluachanna nó tairseach foláirimh faoi seach. Ag brath ar sciar na bpríomhfhoinsí truaillithe i dtaobh na sáruithe ar gá aghaidh a thabhairt orthu, deanfar breithniú i dtaobh na bpleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha bearta maidir le hiompar , oibreacha tógála, suiteálacha tionsclaíocha agus úsáid táirgí agus téimh baile a chur san áireamh . Cuirfear gníomhartha sonracha a dhírítear ar chosaint a thabhairt do ghrúpaí íogaire den daonra agus leochaileacha, lena n-áirítear leanaí, san áireamh freisin i gcreat na bpleananna sin.
2. Agus na pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha dá dtagraítear i mír 1 á dtarraingt suas, féadfaidh na Ballstáit, ag brath ar an gcás ar leith, foráil a dhéanamh maidir le bearta éifeachtacha chun gníomhaíochtaí a rialú agus, más gá, gníomhaíochtaí a chur ar fionraí go sealadach ar gníomhaíochtaí iad a chuireann leis an riosca go sárófar na teorainnluachanna nó na spriocluachanna nó tairseach foláirimh faoi seach. Cuirfidh na Ballstáit san áireamh freisin liosta na mbeart a leagtar amach in Iarscríbhinn VIIIa dá bpleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha, agus ag brath ar sciar na bpríomhfhoinsí truaillithe chuig na sáruithe ar a dtabharfar aghaidh, breithneoidh siad ar a laghad bearta i ndáil le hiompar, oibreacha foirgníochta, suiteálacha tionsclaíocha agus úsáid táirgí agus téamh baile. Cuirfear gníomhartha sonracha a dhírítear ar chosaint a thabhairt do ghrúpaí íogaire den daonra agus leochaileacha, lena n-áirítear leanaí, san áireamh freisin i gcreat na bpleananna sin.
Leasú 139 Togra le haghaidh treorach Airteagal 20 – mír 3 a (nua)
3a. Féadfaidh na Ballstáit a iarraidh ar an gCoimisiún cúnamh agus tacaíocht theicniúil a sholáthar chun na pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha a tharraingt suas.
4. Nuair a bheidh plean gníomhaíochta gearrthéarmach tarraingthe suas ag na Ballstáit, déanfaidh siad torthaí a gcuid imscrúduithe ar indéantacht agus ábhar pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha sonracha chomh maith le faisnéis maidir le cur chun feidhme na bpleananna sin, a chur ar fáil don phobal agus d’eagraíochtaí iomchuí ar nós eagraíochtaí comhshaoil, eagraíochtaí tomhaltóirí, eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar leasanna grúpaí íogaire agus leochaileacha den daonra, comhlachtaí cúraim sláinte ábhartha eile agus na cónaidhmeanna tionsclaíocha ábhartha.
4. Nuair a bheidh plean gníomhaíochta gearrthéarmach tarraingthe suas ag na Ballstáit, déanfaidh siad torthaí a gcuid imscrúduithe ar indéantacht agus ábhar pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha sonracha chomh maith le faisnéis maidir le cur chun feidhme na bpleananna sin, a chur ar fáil don phobal agus d’eagraíochtaí iomchuí ar nós eagraíochtaí comhshaoil agus sláinte, eagraíochtaí tomhaltóirí, eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar leasanna grúpaí íogaire agus leochaileacha den daonra, gairmithe cúraim sláinte, comhlachtaí cúraim sláinte ábhartha eile agus na cónaidhmeanna tionsclaíocha ábhartha.
Leasú 141 Togra le haghaidh treorach Airteagal 20 – mír 4 a (nua)
4a. Úsáidfidh na Ballstáit samhaltú agus réamhaisnéis chun an riosca a shainaithint go sáróidh leibhéil na dtruailleán ceann amháin nó níos mó de na tairseacha foláirimh agus áiritheoidh siad go dtiocfaidh bearta éigeandála i bhfeidhm go luath tar éis riosca sáraithe a thuar chun an sárú sin a chosc.
Leasú 142 Togra le haghaidh treorach Airteagal 20 – mír 5 a (nua)
5a. Féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a bhunú lena leagfar amach dea-chleachtais chun pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha a tharraingt suas, lena n-áirítear samplaí de dhea-chleachtais chun grúpaí íogaire agus leochaileacha den daonra, lena n-áirítear leanaí, a chosaint. Déanfar na samplaí sin a thabhairt cothrom le dáta go rialta. Cuirfidh an Coimisiún malartú dea-chleachtas chun cinn i measc na mBallstát tríd an bhFóram Eorpach um Aer Glan.
Na Ballstáit lena mbaineann, comhoibreoidh siad chun foinsí an truaillithe aeir agus na bearta is gá a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na foinsí sin a shainaithint, agus comhghníomhaíochtaí a dhréachtú, amhail pleananna cáilíochta aeir comhpháirteacha nó comhordaithe a ullmhú de bhun Airteagal 19, chun na sáruithe sin a bhaint .
Na Ballstáit lena mbaineann, comhoibreoidh siad ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, lena n-áirítear trí chomhfhoirne saineolaithe a bhunú, chun foinsí an truaillithe aeir agus an sciar den thruailliú a eascraíonn ó gach tír agus na bearta is gá a dhéanamh ina n-aonar nó i gcomhpháirt chun aghaidh a thabhairt ar na foinsí sin a shainaithint, agus comhghníomhaíochtaí a dhréachtú, amhail pleananna cáilíochta aeir comhpháirteacha nó comhordaithe a ullmhú de bhun Airteagal 19, chun na sáruithe sin a bhaint.
Leasú 144 Togra le haghaidh treorach Airteagal 21 – mír 1 – fomhír 2 a (nua)
Cuirfidh na Ballstáit lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas gan moill mhíchuí faoin gcás agus faoi na bearta a glacadh.
Freagróidh na Ballstáit dá chéile go tráthúil, agus tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis fógra a fháil ó Bhallstát eile i gcomhréir leis an gcéad fhomhír.
Freagróidh na Ballstáit dá chéile go tráthúil, agus tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis fógra a fháil ó Bhallstát eile i gcomhréir leis an gcéad fhomhír.
2. Iarrfar ar an gCoimisiún a bheith i láthair, cuirfear ar an eolas é, agus iarrfar air cabhrú le haon chomhar dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo . I gcás inarb iomchuí, breithneoidh an Coimisiún, agus na tuairiscí arna mbunú de bhun Airteagal 11 de Threoir (AE) 2016/2284 á gcur san áireamh, ar cheart gníomh breise a dhéanamh ar leibhéal an Aontais chun astaíochtaí réamhtheachtacha atá freagrach as truailliú trasteorann a laghdú.
2. Cuirfear an Coimisiún ar an eolas, agus iarrfar air a bheith i láthair, cuidiú agus maoirseacht a dhéanamh maidir le haon chomhar dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Féadfaidh an Coimisiún freisin, i gcomhar leis na Ballstáit lena mbaineann, pleananna oibre a tharraingt suas chun na bearta atá beartaithe a chur chun feidhme. I gcás inarb iomchuí, breithneoidh an Coimisiún, agus na tuairiscí arna mbunú de bhun Airteagal 11 de Threoir (AE) 2016/2284 á gcur san áireamh, ar cheart gníomh breise a dhéanamh ar leibhéal an Aontais chun astaíochtaí réamhtheachtacha atá freagrach as truailliú trasteorann a laghdú.
Leasú 147 Togra le haghaidh treorach Airteagal 21 – mír 3 a (nua)
3a. I gcás ina dtugann Ballstát caingean dlí i leith sárú ar na forálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo, dá dtagraítear in Airteagal 29, arbh iad ba chúis le truailliú aeir i mBallstát eile, comhoibreoidh na Ballstáit ar bhealach éifeachtúil.
Leasú 148 Togra le haghaidh treorach Airteagal 22 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
1. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an pobal, chomh maith le heagraíochtaí iomchuí ar nós eagraíochtaí comhshaoil, eagraíochtaí tomhaltóirí, eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar leasanna grúpaí íogaire agus leochaileacha den daonra, comhlachtaí cúraim sláinte ábhartha eile agus na cónaidhmeanna tionsclaíocha ábhartha ar an eolas, go leordhóthanach agus in am trátha, maidir leis an méid seo a leanas:
1. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an pobal, chomh maith le heagraíochtaí iomchuí ar nós eagraíochtaí comhshaoil agus sláinte, eagraíochtaí tomhaltóirí, eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar leasanna daonraí íogaire agus grúpaí leochaileacha, gairmithe cúraim sláinte agus comhlachtaí cúraim sláinte ábhartha eile agus na cónaidhmeanna tionsclaíocha ábhartha ar an eolas, go leordhóthanach agus in am trátha, maidir leis an méid seo a leanas:
Leasú 149 Togra le haghaidh treorach Airteagal 22 – mír 1 – pointe a
(a) cáilíocht an aeir i gcomhréir le hIarscríbhinn IX, pointí 1 agus 3;
(a) cáilíocht an aeir i gcomhréir le hIarscríbhinn IX;
Leasú 150 Togra le haghaidh treorach Airteagal 22 – mír 1 – pointe a a (nua)
(aa) aon easpa sonraí a thugtar faoi deara ó phointí samplála, go háirithe maidir leis na sonraí dá dtagraítear i bpointe 1, pointí (a) agus (b), d’Iarscríbhinn IX;
Leasú 151 Togra le haghaidh treorach Airteagal 22 – mír 1 – pointe c
(c) pleananna i dtaca le cáilíocht an aeir dá bhforáiltear in Airteagal 19;
(c) pleananna cáilíochta aeir agus treochláir cáilíochta aeir dá bhforáiltear in Airteagal 19;
Leasú 152 Togra le haghaidh treorach Airteagal 22 – mír 1 – pointe d
(d) pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha dá bhforáiltear in Airteagal 20;
(d) pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha arna dtarraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 20;
Leasú 153 Togra le haghaidh treorach Airteagal 22 – mír 1 – pointe d a (nua)
(da) forléargas ar fhoinsí truaillithe aeir agus truailleáin aeir a dhéanann difear do cháilíocht an aeir i mBallstát lena mbaineann;
Leasú 154 Togra le haghaidh treorach Airteagal 22 – mír 1 – pointe d b (nua)
(db) doiciméadacht arna cur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le sáruithe arb iad na foinsí nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 16(2) is cúis leo;
Leasú 155 Togra le haghaidh treorach Airteagal 22 – mír 1 – pointe d c (nua)
(dc) doiciméadacht maidir le láithreán a roghnú dá dtagraítear i bpointe D d’Iarscríbhinn IV;
Leasú 156 Togra le haghaidh treorach Airteagal 22 – mír 1 – pointe e
(e) na héifeachtaí de na sáruithe ar theorainnluachanna, ar spriocluachanna ózóin, ar oibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála, ar thairseacha faisnéise agus ar thairseacha foláirimh i measúnú achomair ; an measúnú achomair áireofar leis, i gcás inarb iomchuí, faisnéis bhreise agus measúnuithe maidir le cosaint foraoise mar aon le faisnéis maidir le truailleáin arna gclúdach le hAirteagal 10 agus Iarscríbhinn VII.
(e) na héifeachtaí de na sáruithe ar theorainnluachanna, ar spriocluachanna ózóin, ar oibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála agus cuspóirí maidir le tiúchan meánteagmhála, ar thairseacha faisnéise agus ar thairseacha foláirimh i measúnú achomair; an measúnú achomair áireofar leis, i gcás inarb iomchuí, faisnéis bhreise agus measúnuithe maidir le cosaint foraoise mar aon le faisnéis maidir le truailleáin arna gclúdach le hAirteagal 10 agus Iarscríbhinn VII.
2. Bunóidh na Ballstáit innéacs maidir le cáilíocht an aeir lena gcumhdófar dé-ocsaíd sulfair, dé-ocsaíd nítrigine, ábhar cáithníneach (PM10 agus PM2.5) agus ózón, agus é a chur ar fáil trí fhoinse phoiblí ina gcuirfear nuashonrú ar fáil in aghaidh na huaire. Déanfaidh an t-innéacs cáilíochta aeir na moltaí ó EDS a mheas agus cuirfidh sé leis na hinnéacsanna maidir le cáilíocht an aeir ar scála Eorpach arna soláthar ag an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil.
2. Bunóidh na Ballstáit innéacs maidir le cáilíocht an aeir lena gcumhdófar dé-ocsaíd sulfair, dé-ocsaíd nítrigine, ábhar cáithníneach (PM10 agus PM2.5) agus ózón, agus cuirfidh siad ar fáil é ar bhealach comhleanúnach agus sothuigthe trí fhoinse phoiblí lena soláthrófar nuashonrú in aghaidh na huaire, lena n-áiritheofar go mbeidh sonraí leordhóthanacha fíor-ama ar fáil i ngach stáisiún. Beidh an t-innéacs maidir le cáilíocht an aeir inchomparáide ar fud na mBallstát uile, leanfaidh sé na moltaí is déanaí ó EDS, beidh sé bunaithe ar na hinnéacsanna maidir le cáilíocht an aeir ar scála Eorpach arna soláthar ag an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil. Beidh faisnéis faoi na rioscaí sláinte gaolmhara do gach truailleán ag gabháil leis an innéacs maidir le cáilíocht an aeir, lena n-áirítear faisnéis atá saincheaptha do dhaonra íogair agus do ghrúpaí leochaileacha.
Leasú 158 Togra le haghaidh treorach Airteagal 22 – mír 2 a (nua)
2a. Faoin ... [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 25 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí shonrú a dhéanamh ar an gcaoi a ndéanfar an t-innéacs maidir le cáilíocht an aeir a ríomh agus a chur i láthair, agus formáid agus struchtúr na faisnéise arna soláthar don phobal.
Leasú 159 Togra le haghaidh treorach Airteagal 22 – mír 2 b (nua)
2b. Déanfaidh na Ballstáit taispeáint faisnéise a chur chun cinn maidir le siomptóim a bhaineann le buaicphointí truaillithe aeir agus maidir le nochtadh do thruailliú aeir a laghdú agus maidir le hiompraíochtaí cosanta, i bhfoirgnimh ina gcruinníonn daonra íogair agus grúpaí leochaileacha, amhail saoráidí cúraim sláinte.
3. Cuirfidh na Ballstáit an pobal ar an eolas maidir leis an údarás inniúil nó an gcomhlacht inniúil arna ainmniú i ndáil leis na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 5.
3. Cuirfidh na Ballstáit an pobal ar an eolas maidir leis an údarás inniúil nó an gcomhlacht inniúil arna ainmniú i ndáil leis na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 5 agus maidir leis an údarás inniúil nó an comhlacht inniúil a oibríonn na pointí samplála arna mbunú de bhun Airteagal 9 agus Iarscríbhinn IV.
4. Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear san Airteagal seo ar fáil don phobal saor in aisce trí bhíthin meáin a bhfuil rochtain éasca orthu mar aon le bealaí cumarsáide i gcomhréir le Treoir 2007/2/CE60 agus Treoir (AE)2019/102461 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
4. Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear san Airteagal seo ar fáil don phobal saor in aisce trí bhíthin meáin agus bealaí cumarsáide a bhfuil rochtain éasca orthu ar bhealach comhleanúnach agus sothuigthe i gcomhréir le Treoir 2007/2/CE60 agus Treoir (AE)2019/102461 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus rochtain leathan ag an bpobal a áirithiú.
__________________
__________________
60 Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear bonneagar d’fhaisnéis spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).
60 Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear bonneagar d’fhaisnéis spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).
61 Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).
61 Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).
Leasú 162 Togra le haghaidh treorach Airteagal 23 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
2. Ar mhaithe leis an sainchuspóir comhlíontacht leis na teorainnluachanna, na spriocluachanna ózóin, na hoibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála agus le leibhéil chriticiúla a mheas , cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar fáil don Choimisiún tráth nach déanaí ná 4 mhí tar éis dheireadh gach bliana féilire agus áireofar léi:
2. Ar mhaithe leis an sainchuspóir comhlíontacht leis na teorainnluachanna, na spriocluachanna ózóin, na hoibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála, cuspóirí maidir le tiúchan meánteagmhála, agus le leibhéil chriticiúla a mheas, cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar fáil don Choimisiún tráth nach déanaí ná 4 mhí tar éis dheireadh gach bliana féilire agus áireofar léi:
Leasú 163 Togra le haghaidh treorach Airteagal 23 – mír 2 – pointe a
(a) na hathruithe a rinneadh sa bhliain sin ar liosta agus teorannú na limistéar arna mbunú faoi Airteagal 6 nó aon aonad críochach NUTS 1;
(a) na hathruithe a rinneadh sa bhliain sin ar liosta agus teorannú na limistéar arna mbunú faoi Airteagal 6 nó aon aonad críochach NUTS 2;
Leasú 164 Togra le haghaidh treorach Airteagal 23 – mír 2 – pointe b – an chuid réamhráiteach
(b) liosta na limistéar agus na n-aonad críochach NUTS 1 agus leibhéil na dtruailleán a ndearnadh measúnú orthu. I gcás limistéir ina bhfuil na leibhéil d’aon truailleán nó níos mó ná sin níos airde ná na teorainnluachanna nó na leibhéil chriticiúla , agus i gcás aonaid chríochacha NUTS 1 ina bhfuil na leibhéil d’aon cheann de na truailleáin nó níos mó ná sin níos airde ná na spriocluachanna nó na hoibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála:
(b) liosta na limistéar agus na n-aonad críochach NUTS 2 agus leibhéil na dtruailleán a ndearnadh measúnú orthu. I gcás limistéir ina bhfuil na leibhéil d’aon truailleán nó níos mó ná sin níos airde ná na teorainnluachanna nó na leibhéil chriticiúla , agus i gcás aonaid chríochacha NUTS 2 ina bhfuil na leibhéil d’aon cheann de na truailleáin nó níos mó ná sin níos airde ná na spriocluachanna, na hoibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála nó na cuspóirí maidir le tiúchan meánteagmhála:
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 12 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ó … [dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 22(2a), Airteagal 24 agus Airteagal 29(3a) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón … [dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 24 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh feidhm aige an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 22(2a), Airteagal 24 agus Airteagal 29(3a) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh feidhm aige an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 24 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 22(2a), Airteagal 24 agus Airteagal 29(3a) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Leasú 168 Togra le haghaidh treorach Airteagal 27 – mír 1 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach
Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhréir lena gcóras dlí náisiúnta, go mbeidh rochtain ag an bpobal lena mbaineann ar nós imeachta um athbhreithniú os comhair cúirt dlí, nó comhlacht neamhspleách neamhchlaonta eile arna bhunú le dlí, chun agóid a dhéanamh i gcoinne dlíthiúlacht nós imeachta nó shubstainteach na gcinntí, na ngníomhartha nó na neamhghníomhartha go léir a bhaineann le pleananna cáilíochta aeir dá dtagraítear in Airteagal 19, agus pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha dá dtagraítear in Airteagal 20, de chuid an Bhallstáit, ar choinníoll go gcomhlíonfar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhréir lena gcóras dlí náisiúnta, go mbeidh rochtain ag daoine den phobal lena mbaineann ar nós imeachta um athbhreithniú os comhair cúirt dlí, nó comhlacht neamhspleách neamhchlaonta eile arna bhunú le dlí, chun agóid a dhéanamh i gcoinne dlíthiúlacht shubstainteach nó dlíthiúlacht nós imeachta na gcinntí, na ngníomhartha nó neamhghníomhartha uile a rinne na Ballstáit, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta dóibh, iad siúd a bhaineann le haicmiú criosanna faoi Airteagal 7, dearadh, suíomh agus athshocrú pointí samplála faoi Airteagal 9, pleananna cáilíochta aeir agus treochláir cáilíochta aeir dá dtagraítear in Airteagal 19 agus pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha dá dtagraítear in Airteagal 20, ar choinníoll go gcomhlíonfar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
Measfar gur leordhóthanach an leas atá ag aon eagraíocht neamhrialtasach ar duine den phobal lena mbaineann é chun críocha na chéad mhíre, pointe (a). Measfar freisin go bhfuil cearta ar féidir iad a shárú chun críoch na chéad mhíre, pointe (b) ag na heagraíochtaí sin.
Leas aon duine nádúrtha a ndéanfaidh sáruithe ar chaighdeáin aercháilíochta difear dó nó di, nó a bhfuil leas aige sna nósanna imeachta cinnteoireachta a bhaineann le cur chun feidhme na n-oibleagáidí faoin Treoir seo, agus aon eagraíocht neamhrialtasach,ar baill an dá cheann acu den phobal lena mbaineann, measfar gur leor iad sin de réir bhrí phointe (a) den chéad fhomhír. Measfar freisin go bhfuil cearta ar féidir iad a shárú chun críoch na chéad mhíre, pointe (b) ag na daoine nádúrtha agus na heagraíochtaí sin.
2. Ní bheidh an seasamh chun páirt a ghlacadh sa nós imeachta um athbhreithniú coinníollach ar an ról a bhí ag an duine den phobal lena mbaineann le linn céim rannpháirtíochta de na nósanna imeachta cinnteoireachta a bhaineann le hAirteagal 19 nó 20.
2. Ní bheidh an seasamh chun páirt a ghlacadh sa nós imeachta um athbhreithniú coinníollach ar an ról a bhí ag an duine den phobal lena mbaineann le linn céim rannpháirtíochta de na nósanna imeachta cinnteoireachta faoin Treoir seo.
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh daoine nádúrtha a fhulaingíonn damáiste dá sláinte mar thoradh ar shárú ar Airteagail 19(1) go 19(4), 20(1) agus 20(2), 21(1) an dara fomhír agus 21(3) den Treoir seo ag na húdaráis inniúla i dteideal cúitimh i gcomhréir leis an Airteagal seo.
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh daoine nádúrtha a fhulaingíonn damáiste, ag na húdaráis inniúla, do shláinte an duine mar thoradh ar shárú ar an Treoir seo, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta d’Airteagal 13, Airteagail 19(1) go 19(4), 20(1) agus 20(2), Airteagal 21(1), an dara fomhír, agus Airteagal 21(3) den Treoir seo trí neamhghníomh, cinneadh, gníomh nó moill ar chinneadh nó gníomh ag na húdaráis inniúla i dteideal cúitimh i gcomhréir leis an Airteagal seo.
2. Maidir le heagraíochtaí neamhrialtasacha a chuireann cosaint shláinte an duine nó cosaint an chomhshaoil chun cinn agus a chomhlíonann aon cheanglas faoin dlí náisiúnta, áiritheoidh na Ballstáit go gceadófar dóibh ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na ndaoine nádúrtha dá dtagraítear i mír 1 agus caingne comhchoiteanna le haghaidh cúitimh a thionscnamh. Beidh feidhm mutatis mutandis ag na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 10 agus in Airteagal 12(1) de Threoir (AE) 2020/1828 maidir le caingne comhchoiteanna den sórt sin.
2. Maidir le heagraíochtaí neamhrialtasacha a chuireann cosaint shláinte an duine nó cosaint an chomhshaoil chun cinn, áiritheoidh na Ballstáit go gceadófar dóibh ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na ndaoine nádúrtha dá dtagraítear i mír 1 agus caingne comhchoiteanna le haghaidh cúitimh a thionscnamh. Beidh feidhm mutatis mutandis ag na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 10 agus in Airteagal 12(1) de Threoir (AE) 2020/1828 maidir le caingne comhchoiteanna den sórt sin.
I gcás ina mbeidh fianaise mar thaca leis an éileamh ar chúiteamh lena léirítear gurb é an sárú dá dtagraítear i mír 1 an míniú is inchreidte ar tharlú damáiste an duine sin, toimhdeofar an nasc cúisíoch idir an sárú agus tarlú an damáiste.
I gcás ina mbeidh fianaise mar thaca leis an éileamh ar chúiteamh, lena n-áirítear sonraí eolaíocha ábhartha, ónar féidir a thoimhdiú gurb é an sárú dá dtagraítear i mír 1 a raibh ina chúis nó a rannchuidigh le tarlú damáiste an duine sin, toimhdeofar an nasc cúisíoch idir an sárú agus tarlú an damáiste.
Leasú 174 Togra le haghaidh treorach Airteagal 28 – mír 4 – fomhír 2 a (nua)
Sa chás gur sholáthair an t-éilitheoir fianaise atá ar fáil go réasúnta chun tacú le héileamh ar chúiteamh i gcomhréir le mír 1, agus má thug an t-éilitheoir sin bunús réasúnta go bhfuil fianaise bhreise faoi rialú an údaráis phoiblí is freagróir nó tríú páirtí, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chúirt nó an t-údarás riaracháin in ann a ordú, arna iarraidh sin don éilitheoir sin, go nochtfaidh an t-údarás poiblí is freagróir nó an tríú páirtí an fhianaise sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nós imeachta agus faoi réir na rialacha de chuid an Aontais agus na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le rúndacht agus comhréireacht.
Leasú 175 Togra le haghaidh treorach Airteagal 28 – mír 4 – fomhír 2 b (nua)
Toimhdeofar gur sháraigh an t-údarás poiblí is freagróir an Treoir seo i gcás inar mhainnigh an t-údarás poiblí is freagróir oibleagáid a chomhlíonadh fianaise ábhartha a iarradh a nochtadh de bhun na míre seo.
Leasú 176 Togra le haghaidh treorach Airteagal 28 – mír 4 a (nua)
4a. Chun críche an Airteagail seo, ciallaíonn ‘sonraí eolaíocha ábhartha’ sonraí staidrimh, sonraí eipidéimeolaíocha agus sonraí eile lena léirítear gaolmhaireacht chúise atá láidir ó thaobh staidrimh de idir cineálacha áirithe truaillithe agus dálaí sláinte áirithe.
6. Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh na tréimhsí teorann chun caingne a thionscnamh le haghaidh cúitimh dá dtagraítear i mír 1 níos lú ná 5 bliana. Ní chuirfear tús leis na tréimhsí sin sula mbeidh deireadh leis an sárú agus go mbeidh a fhios ag an duine a éileoidh an cúiteamh gur bhain dochar dó nó di de dheasca sárú de bhun mhír 1, nó gur féidir coinne réasúnta a bheith leis go mbeidh a fhios aige nó aici faoi sin.
6. Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh na tréimhsí teorann chun caingne a thionscnamh le haghaidh cúitimh dá dtagraítear i mír 1 níos lú ná 10 mbliana. Ní chuirfear tús leis na tréimhsí sin sula mbeidh deireadh leis an sárú agus go mbeidh a fhios ag an duine a éileoidh an cúiteamh gur bhain dochar dó nó di de dheasca sárú de bhun mhír 1, nó gur féidir coinne réasúnta a bheith leis go mbeidh a fhios aige nó aici faoi sin.
Leasú 178 Togra le haghaidh treorach Airteagal 29 – mír 3 – pointe a a (nua)
(aa) na tairbhí eacnamaíocha réadacha nó measta a eascraíonn as an sárú;
Leasú 179 Togra le haghaidh treorach Airteagal 29 – mír 3 – pointe c
(c) an daonra, lena n-áirítear grúpaí íogaire agus leochaileacha den daonra, nó an comhshaol a ndéanann an sárú difear dó, agus an cuspóir maidir le hardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol a bhaint amach á chur san áireamh;
(c) an daonra, lena n-áirítear daonra íogair agus grúpaí leochaileacha, nó an comhshaol a ndéanann an sárú difear dó, agus an díobháil a rinneadh, agus an cuspóir maidir le hardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol a bhaint amach á chur san áireamh;
Leasú 180 Togra le haghaidh treorach Airteagal 29 – mír 3 – pointe d
(d) minicíocht an tsáraithe, an ndearnadh é aon uair amháin nó ar bhonn atriallach.
(d) minicíocht an tsáraithe, an ndearnadh é aon uair amháin nó ar bhonn atriallach, lena n-áirítear aon phionós foláirimh a fuarthas roimhe sin, nó smachtbhanna riaracháin nó coiriúil.
Leasú 181 Togra le haghaidh treorach Airteagal 29 – mír 3 a (nua)
3a. Faoin ... [6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 25 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí chritéir choiteanna a leagan síos chun líon na bpionós dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal sin a chinneadh.
Leasú 182 Togra le haghaidh treorach Airteagal 29 – mír 3 b (nua)
3b. Áiritheoidh na Ballstáit go n-úsáidfear an t-ioncam ó phionóis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, mar ábhar tosaíochta, chun bearta a bhaineann le feabhsú cháilíocht an aeir a mhaoiniú. Cuirfidh na Ballstáit faisnéis ar fáil go poiblí maidir le húsáid na n-ioncam sin. Gan dochar d’Airteagal 28, ní úsáidfear an t-ioncam arna dtiomsú ó phionóis chun críche an Airteagail sin.
Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun Airteagail 1, 2 agus 3, Airteagal 4, pointí (2), (13), (14), (16), (18), (19), (21), (22), pointí (24) go (30), pointí (36), (37), (38) agus (39), Airteagail 5 go 12, Airteagail 13(1), (2), (3), (6) agus (7), Airteagal 15, Airteagail 16(1) agus (2), Airteagail 17 go 21, Airteagal 22(1), (2) agus (4), Airteagail 23 go 29 agus Iarscríbhinní I go IX a chomhlíonadh faoin [cuir isteach an dáta : dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm] ar a dhéanaí .
Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun Airteagail 1, 2 agus 3, Airteagal 4, pointí (2), (13), (14), (16), (18), (19), (21), (22), pointí (24) go (30), pointí (36), (37), (38) agus (39), Airteagail 5 go 12, Airteagail 13(1), (2), (3), (6) agus (7), Airteagal 15, Airteagail 16(1) agus (2), Airteagail 17, 18, 20 agus 21, Airteagal 22(1), (2) agus (4), Airteagail 23 go 29 agus Iarscríbhinní I go IX a chomhlíonadh faoin [cuir isteach an dáta : 18 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] ar a dhéanaí.
Leasú 184 Togra le haghaidh treorach Airteagal 31 – mír 1 – fomhír 1 a (nua)
Déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá chun Airteagal 19 a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin ... [3 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo] ar a dhéanaí.
Leasuithe 300 agus 330 Togra le haghaidh Treorach Iarscríbhinn I – Roinn 1 – mír 1
Tábla 1 - Teorainnluachanna chun sláinte an duine a chosaint atá le baint amach faoi 2030
Tábla 1 - Teorainnluachanna chun sláinte an duine a chosaint atá le baint amach faoi 2035
Leasú 185 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn I – Roinn 1 – tábla 1
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Tréimhse mheánaithe
Teorainnluach
PM2.5
1 lá amháin
25 μg/m3
nach sárófar níos mó ná 18 n-uaire in aon bhliain féilire amháin
Bliain féilire
10 μg/m³
PM10
1 lá amháin
45 μg/m3
nach sárófar níos mó ná 18 n-uaire in aon bhliain féilire amháin
Bliain féilire
20 μg/m3
Dé-ocsaíd nítrigine (NO2)
1 uair
200 μg/m3
nach sárófar níos mó ná uair amháin in aon bhliain féilire amháin
1 lá amháin
50 μg/m3
nach sárófar níos mó ná 18 n-uaire in aon bhliain féilire amháin
Bliain féilire
20 μg/m3
Dé-ocsaíd sulfair (SO2)
1 uair
350 μg/m3
nach sárófar níos mó ná uair amháin in aon bhliain féilire amháin
1 lá amháin
50 μg/m3
nach sárófar níos mó ná 18 n-uaire in aon bhliain féilire amháin
Bliain féilire
20 μg/m3
Beinséin
Bliain féilire
3,4 μg/m3
Aonocsaíd charbóin (CO)
An meán laethúil uasta – 8 n-uaire an chloig (1)
10 mg/m3
1 lá amháin
4 mg/m3
nach sárófar níos mó ná 18 n-uaire in aon bhliain féilire amháin
Luaidhe (Pb)
Bliain féilire
0,5 μg/m3
Arsanaic (As)
Bliain féilire
6,0 ng/m³
Caidmiam (Cd)
Bliain féilire
5,0 ng/m³
Nicil (Ni)
Bliain féilire
20 ng/m³
Beinsi[a]piréin
Bliain féilire
1,0 ng/m³
(1) Roghnófar an meántiúchan laethúil uasta 8 n-uaire an chloig trí mheáin ghluaisteacha 8 n-uaire an chloig a scrúdú, arna ríomh ó shonraí in aghaidh na huaire agus arna dtabhairt cothrom le dáta gach uair an chloig. Déanfar gach meán 8 n-uaire an chloig a ríomhfar amhlaidh a shannadh don lá ar a gcríochnaíonn sé, i.e. is í an tréimhse ó 17:00 ar an lá roimhe go 01:00 ar an lá sin an chéad tréimhse ríomha d’aon lá amháin; is í an tréimhse ó 16:00 go 24:00 an lá sin an tréimhse dheiridh ríomha d’aon lá amháin.
Leasú
Tréimhse mheánaithe
Teorainnluach
PM2.5
1 lá amháin
15 μg/m3
nach sárófar níos mó ná 18 n-uaire in aon bhliain féilire amháin
Bliain féilire
5 μg/m³
PM10
1 lá amháin
45 μg/m3
nach sárófar níos mó ná 18 n-uaire in aon bhliain féilire amháin
Bliain féilire
15 μg/m3
Dé-ocsaíd nítrigine (NO2)
1 uair
200 μg/m3
nach sárófar níos mó ná uair amháin in aon bhliain féilire amháin
1 lá amháin
25 μg/m3
nach sárófar níos mó ná 18 n-uaire in aon bhliain féilire amháin
Bliain féilire
10 μg/m3
Dé-ocsaíd sulfair (SO2)
1 uair
200 μg/m3
nach sárófar níos mó ná uair amháin in aon bhliain féilire amháin
1 lá amháin
40 μg/m3
nach sárófar níos mó ná 18 n-uaire in aon bhliain féilire amháin
Bliain féilire
20 μg/m3
Beinséin
Bliain féilire
0,17 μg/m3
Aonocsaíd charbóin (CO)
An meán laethúil uasta – 8 n-uaire an chloig (1)
10 mg/m3
1 lá amháin
4 mg/m3
nach sárófar níos mó ná 18 n-uaire in aon bhliain féilire amháin
Luaidhe (Pb)
Bliain féilire
0,15 μg/m3
Arsanaic (As)
Bliain féilire
6,0 ng/m³
Caidmiam (Cd)
Bliain féilire
5,0 ng/m³
Nicil (Ni)
Bliain féilire
20 ng/m³
Beinsi[a]piréin
Bliain féilire
1,0 ng/m³
(1) Roghnófar an meántiúchan laethúil uasta 8 n-uaire an chloig trí mheáin ghluaisteacha 8 n-uaire an chloig a scrúdú, arna ríomh ó shonraí in aghaidh na huaire agus arna dtabhairt cothrom le dáta gach uair an chloig. Déanfar gach meán 8 n-uaire an chloig a ríomhfar amhlaidh a shannadh don lá ar a gcríochnaíonn sé, i.e. is í an tréimhse ó 17:00 ar an lá roimhe go 01:00 ar an lá sin an chéad tréimhse ríomha d’aon lá amháin; is í an tréimhse ó 16:00 go 24:00 an lá sin an tréimhse dheiridh ríomha d’aon lá amháin.
Leasú 301 Togra le haghaidh Treorach Iarscríbhinn I – Roinn 1 – tábla 1 A (nua) – teideal
Tábla 1A – Teorainnluachanna chun sláinte an duine a chosaint atá le baint amach faoin 1 Eanáir 2030
Leasú 302 Togra le haghaidh Treorach Iarscríbhinn I – Roinn 1 – tábla 1 A (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Tréimhse mheánaithe
Teorainnluach
PM2,5
1 lá amháin
25 μg/m3
nach sárófar níos mó ná 18 n-uaire in aon bhliain féilire amháin
Bliain féilire
10 μg/m³
PM10
1 lá amháin
45 μg/m3
nach sárófar níos mó ná 18 n-uaire in aon bhliain féilire amháin
Bliain féilire
20 μg/m3
Dé-ocsaíd nítrigine (NO2)
1 uair
200 μg/m3
nach sárófar níos mó ná uair amháin in aon bhliain féilire amháin
1 lá amháin
50 μg/m3
nach sárófar níos mó ná 18 n-uaire in aon bhliain féilire amháin
Bliain féilire
20 μg/m3
Dé-ocsaíd sulfair (SO2)
1 uair
350 μg/m3
nach sárófar níos mó ná uair amháin in aon bhliain féilire amháin
1 lá amháin
50 μg/m3
nach sárófar níos mó ná 18 n-uaire in aon bhliain féilire amháin
Bliain féilire
20 μg/m3
Beinséin
Bliain féilire
3.4 μg/m3
Aonocsaíd charbóin (CO)
An meán laethúil uasta – 8 n-uaire an chloig (1)
10 mg/m3
1 lá amháin
4 mg/m3
nach sárófar níos mó ná 18 n-uaire in aon bhliain féilire amháin
Luaidhe (Pb)
Bliain féilire
0.5 μg/m3
Arsanaic (As)
Bliain féilire
6,0 ng/m³
Caidmiam (Cd)
Bliain féilire
5,0 ng/m³
Nicil (Ni)
Bliain féilire
20 ng/m³
Beinsi[a]piréin
Bliain féilire
1,0 ng/m³
(1) Roghnófar an meántiúchan laethúil uasta 8 n-uaire an chloig trí mheáin ghluaisteacha 8 n-uaire an chloig a scrúdú, arna ríomh ó shonraí in aghaidh na huaire agus arna dtabhairt cothrom le dáta gach uair an chloig. Déanfar gach meán 8 n-uaire an chloig a ríomhfar amhlaidh a shannadh don lá ar a gcríochnaíonn sé, i.e. is í an tréimhse ó 17:00 ar an lá roimhe go 01:00 ar an lá sin an chéad tréimhse ríomha d’aon lá amháin; is í an tréimhse ó 16:00 go 24:00 an lá sin an tréimhse dheiridh ríomha d’aon lá amháin.
Leasú 186 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn I – Roinn 2 – pointe B – tábla
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
B Spriocluachanna ózóin
Cuspóir
Tréimhse mheánaithe
Spriocluach
Sláinte an duine a chosaint
An meán laethúil uasta 8 n-uaire an chloig (1)
120 μg/m3
nach sárófar níos mó ná 18 lá in aghaidh na bliana féilire, meánaithe thar 3 bliana (2)
An comhshaol a chosaint
Mí na Bealtaine go mí Iúil
AOT40 (arna ríomh as luachanna 1 uair an chloig)
18 000 μg/m3 × uaireanta an chloig meánaithe thar 5 bliana (2)
(1) Roghnófar an meántiúchan laethúil uasta 8 n-uaire an chloig trí mheáin ghluaisteacha 8 n-uaire an chloig a scrúdú, arna ríomh ó shonraí in aghaidh na huaire agus arna dtabhairt cothrom le dáta gach uair an chloig. Déanfar gach meán 8 n-uaire an chloig a ríomhfar amhlaidh a shannadh don lá ar a gcríochnaíonn sé, i.e. is í an tréimhse ó 17.00 ar an lá roimhe go 01.00 ar an lá sin an chéad tréimhse ríomha d’aon lá amháin; is í an tréimhse ó 16.00 go 24.00 an lá sin an tréimhse dheiridh ríomha d’aon lá amháin.
(2) Mura féidir na meáin 3 bliana nó 5 bliana a chinneadh ar bhonn tacar iomlán leantach de shonraí bliantúla, is mar seo a leanas a bheidh na sonraí íosta bliantúla atá riachtanach chun comhlíonadh na spriocluachanna a sheiceáil:
— i gcás an spriocluacha chun sláinte an duine a chosaint: sonraí bailí le haghaidh aon bhliain amháin,
— i gcás an spriocluacha chun an fásra a chosaint: sonraí bailí le haghaidh 3 bliana.
Leasú
B Spriocluachanna ózóin
Cuspóir
Tréimhse mheánaithe
Spriocluach
Sláinte an duine a chosaint
An meán laethúil uasta 8 n-uaire an chloig (1)
110 μg/m3
nach sárófar níos mó ná 18 lá in aghaidh na bliana féilire, meánaithe thar 3 bliana (2)
An comhshaol a chosaint
Mí na Bealtaine go mí Iúil
AOT40 (arna ríomh as luachanna 1 uair an chloig)
18 000 μg/m3 × uaireanta an chloig meánaithe thar 5 bliana (2)
(1) Roghnófar an meántiúchan laethúil uasta 8 n-uaire an chloig trí mheáin ghluaisteacha 8 n-uaire an chloig a scrúdú, arna ríomh ó shonraí in aghaidh na huaire agus arna dtabhairt cothrom le dáta gach uair an chloig. Déanfar gach meán 8 n-uaire an chloig a ríomhfar amhlaidh a shannadh don lá ar a gcríochnaíonn sé, i.e. is í an tréimhse ó 17.00 ar an lá roimhe go 01.00 ar an lá sin an chéad tréimhse ríomha d’aon lá amháin; is í an tréimhse ó 16.00 go 24.00 an lá sin an tréimhse dheiridh ríomha d’aon lá amháin.
(2) Mura féidir na meáin 3 bliana nó 5 bliana a chinneadh ar bhonn tacar iomlán leantach de shonraí bliantúla, is mar seo a leanas a bheidh na sonraí íosta bliantúla atá riachtanach chun comhlíonadh na spriocluachanna a sheiceáil:
— i gcás an spriocluacha chun sláinte an duine a chosaint: sonraí bailí le haghaidh aon bhliain amháin,
— i gcás an spriocluacha chun an fásra a chosaint: sonraí bailí le haghaidh 3 bliana.
Leasú 187 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn I – Roinn 2 – pointe C – tábla
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
C Cuspóirí fadtéarmacha ózóin (O3)
Cuspóir
Tréimhse mheánaithe
Cuspóir fadtéarmach
Sláinte an duine a chosaint
Meán laethúil uasta 8 n-uaire an chloig laistigh de bhliain féilire
100 μg/m3 (1)
Fásra a chosaint
Mí na Bealtaine go mí Iúil
AOT40 (ríofa as luachanna 1 uair an chloig)
6 000 μg/m3 × uaireanta an chloig
(1) 99ú peircintíl (i.e. 3 lá sháraitheacha in aghaidh na bliana).
Leasú
Cuspóir
Tréimhse mheánaithe
Cuspóir fadtéarmach
Sláinte an duine a chosaint
Meán laethúil uasta 8 n-uaire an chloig laistigh de bhliain féilire
Buaicshéasúr
100 μg/m3 (1)
60 μg/m3(2)
Fásra a chosaint
Mí na Bealtaine go mí Iúil
AOT40 (ríofa as luachanna 1 uair an chloig)
6 000 μg/m3 × uaireanta an chloig
(1) 99ú peircintíl (i.e. 3 lá sháraitheacha in aghaidh na bliana).
(2) Meántiúchan laethúil uasta 8 n-uaire an chloig O3 sna sé mhí as a chéile leis an meántiúchan O3 sé mhí leanúnach is airde.
Leasú 188 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn I – Roinn 4 – pointe A – teideal
A Tairseacha foláirimh le haghaidh truailleán seachas ózón
A Tairseacha foláirimh
Leasú 189 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn I – Roinn 4 – pointe A – mír 1
Le tomhas thar 3 uair an chloig as a chéile i gcás dé-ocsaíd sulfair agus dé-ocsaíd nítrigine, agus thar 3 lá as a chéile i gcás PM10 agus PM2.5, ag suíomhanna atá ionadaíoch do cháilíocht an aeir thar 100 km2 ar a laghad, nó ar fud limistéar iomlán, cibé acu is lú.
Spreagtar na tairseacha foláirimh nuair a sháraítear na luachanna sa tábla seo a leanas ar feadh 3 uair an chloig as a chéile i gcás dé-ocsaíde sulfair, dé-ocsaíde nítrigine agus ózóin, agus thar 3 lá as a chéile i gcás PM10 agus PM2.5, ag suíomhanna atá ionadaíoch do cháilíocht an aeir thar 100 km2 ar a laghad, nó ar fud limistéar iomlán, cibé acu is lú.
Leasú 190 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn I – Roinn 4 – pointe A – tábla
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Truailleán
Tairseach foláirimh
Dé-ocsaíd sulfair (SO2)
500 μg/m3
Dé-ocsaíd nítrigine (NO2)
400 μg/m3
PM2.5
50 μg/m3
PM10
90 μg/m3
Leasú
Truailleán
Tairseach foláirimh
Dé-ocsaíd sulfair (SO2)
200 μg/m3
Dé-ocsaíd nítrigine (NO2)
100 μg/m3
PM2.5
50 μg/m3
PM10
90 μg/m3
Ózón (O3)
240 μg/m3
Leasú 191 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn I – Roinn 4 – pointe B – teideal
B Tairseacha faisnéise agus foláirimh le haghaidh ózóin
B Tairseacha faisnéise
Leasú 192 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn I – Roinn 4 – pointe B – mír -1 (nua)
Spreagtar na tairseacha faisnéise nuair a sháraítear na luachanna sa tábla seo a leanas ar feadh tréimhse 24 uair an chloig i gcás dé-ocsaíde sulfair, dé-ocsaíde nítrigine, PM10 agus PM2.5, agus ar feadh 3 huaire an chloig as a chéile i gcás ózóin.
Leasú 193 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn I – Roinn 4 – pointe B – tábla
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Cuspóir
Tréimhse mheánaithe
Tairseach
Faisnéis
1 uair
180 μg/m3
Foláireamh
1 uair an chloig (1)
240 μg/m3
(1) Chun Airteagal 20 a chur chun feidhme, déanfar sárú na tairsí a thomhas nó a thuar ar feadh 3 uair an chloig as a chéile.
Leasú
Truailleán
Tairseach faisnéise
Dé-ocsaíd sulfair (SO2)
40 μg/m3
Dé-ocsaíd nítrigine (NO2)
25 μg/m3
PM2.5
15 μg/m3
PM10
45 μg/m3
Ózón (O3)
180 μg/m3
Leasú 194 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn I – Roinn 5 – pointe A – mír 1
Beidh an Táscaire Meánteagmhála, arna shloinneadh i µg/m3 (AEI), bunaithe ar thomhais a dhéantar ar chúlsuíomhanna uirbeacha in aonaid chríche ar leibhéal NUTS 1 ar fud críoch Ballstáit. Déanfar measúnú air mar mheántiúchan bliantúil gluaisteach thar 3 bliana féilire, meánaithe thar phointí samplála uile an truailleáin ábhartha arna mbunú de bhun Phointe B d’Iarscríbhinn III i ngach aonad críche NUTS 1. Is éard a bheidh sa Táscaire Meánteagmhála le haghaidh bliain ar leith meántiúchan na bliana céanna agus an dá bhliain roimhe sin.
Beidh an Táscaire Meánteagmhála, arna shloinneadh i µg/m3 (AEI), bunaithe ar thomhais a dhéantar ag gach pointe samplála ar chúlsuíomhanna uirbeacha in aonaid chríche ar leibhéal NUTS 2 ar fud críoch Ballstáit. Déanfar measúnú air mar mheántiúchan bliantúil gluaisteach thar 3 bliana féilire, meánaithe thar phointí samplála uile an truailleáin ábhartha i ngach aonad críche NUTS 2. Is éard a bheidh sa Táscaire Meánteagmhála le haghaidh bliain ar leith meántiúchan na bliana céanna agus an 2 bhliain roimhe sin.
Leasú 195 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn I – Roinn 5 – pointe A – mír 2
I gcás ina sainaithníonn Ballstáit sáruithe atá inchurtha i leith foinsí nádúrtha, déanfar rannchuidithe ó fhoinsí nádúrtha a asbhaint sula ríomhfar an Táscaire Meánteagmhála.
I gcás ina sainaithníonn Ballstáit sáruithe atá inchurtha i leith foinsí nádúrtha, nárbh fhéadfadh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann iad a mhaolú, déanfar rannchuidithe ó fhoinsí nádúrtha a asbhaint sula ríomhfar an Táscaire Meánteagmhála.
Leasú 196 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn I – Roinn 5 – pointe B – mír 1 – fleasc 1
– i gcás PM2.5, 25 % níos ísle ná mar a bhí an Táscaire Meánteagmhála 10 mbliana roimhe sin, seachas i gcás nach bhfuil sé níos airde cheana ná an cuspóir maidir le tiúchan meánteagmhála le haghaidh PM2.5, cuspóir a shainítear i Roinn C.
– i gcás PM2.5, 25 % níos ísle ná mar a bhí an Táscaire Meánteagmhála 7 mbliana roimhe sin, seachas i gcás nach bhfuil sé níos airde cheana ná an cuspóir maidir le tiúchan meánteagmhála le haghaidh PM2.5, cuspóir a shainítear i Roinn C.
Leasú 197 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn I – Roinn 5 – pointe B – mír 1 – fleasc 2
– i gcás NO2, 25 % níos ísle ná mar a bhí an Táscaire Meánteagmhála 10 mbliana roimhe sin, seachas i gcás nach bhfuil sé níos airde cheana ná an cuspóir maidir le tiúchan meánteagmhála le haghaidh NO2, cuspóir a shainítear i Roinn C.
– i gcás NO2, 25 % níos ísle ná mar a bhí an Táscaire Meánteagmhála 7 mbliana roimhe sin, seachas i gcás nach bhfuil sé níos airde cheana ná an cuspóir maidir le tiúchan meánteagmhála le haghaidh NO2, cuspóir a shainítear i Roinn C.
Leasú 303 Togra le haghaidh Treorach Iarscríbhinn II – Roinn 1 – teideal
Roinn 1 - tairseacha measúnaithe maidir le cosaint sláinte
ROINN 1 — TAIRSEACHA MEASÚNAITHE DO NA TEORAINNLUACHANNA DO CHOSAINT SHLÁINTE AN DUINE ATÁ LE BAINT AMACH FAOIN 1 EANÁIR 2035
Leasú 198 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn II – Roinn 1 – tábla
(1) 99ú peircintíl (i.e. 3 lá sháraitheacha in aghaidh na bliana).
Leasú 199 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn III – Roinn A – pointe 1 – mír 1
Tábla 1 - An líon íosta pointí samplála le haghaidh tomhas seasta chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht le teorainnluachanna chun sláinte an duine a chosaint agus le tairseacha foláirimh i limistéir inarb é tomhas seasta an t-aon fhoinse faisnéise (i gcás gach truailleáin seachas ózón)
Tábla 1 - An líon íosta pointí samplála le haghaidh tomhas seasta chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht le teorainnluachanna chun sláinte an duine a chosaint agus le tairseacha faisnéise agus foláirimh i limistéir inarb é tomhas seasta an t-aon fhoinse faisnéise (i gcás gach truailleáin seachas ózón)
Leasú 200 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn III – Roinn A – pointe 1 – tábla 1
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Daonra an limistéir (ina mhílte)
An líon íosta pointí samplála má sháraíonn leibhéil tiúchana an tairseach mheasúnaithe
NO2, SO2, CO, beinséin
Suim
PM
(1)
Líon íosta PM10
Líon íosta PM2.5
Pb, Cd, As, Ni in PM10
Beinsi[a]piréin in PM10
0 - 249
2
4
2
2
1
1
250 - 499
2
4
2
2
1
1
500 - 749
2
4
2
2
1
1
750 - 999
3
4
2
2
2
2
1 000 - 1 499
4
6
2
2
2
2
1 500 - 1 999
5
7
3
3
2
2
2 000 - 2 749
6
8
3
3
2
3
2 750 - 3 749
7
10
4
4
2
3
3 750 - 4 749
8
11
4
4
3
4
4 750 - 5 999
9
13
5
5
4
5
6 000+
10
15
5
5
5
5
(1) An líon pointí samplála PM2.5 agus NO2 ar chúlsuíomhanna uirbeacha i gceantair uirbeacha, beidh an líon sin i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i bPointe B.
Leasú
Daonra an limistéir (ina mhílte)
An líon íosta pointí samplála má sháraíonn leibhéil tiúchana an tairseach mheasúnaithe
NO2, SO2, CO, beinséin
Suim
PM
Líon íosta PM10
Líon íosta PM2.5
Pb, Cd, As, Ni in PM10
Beinsi[a]piréin in PM10
0 - 249
2
4
2
2
1
1
250 - 499
2
4
2
2
1
1
500 - 749
2
4
2
2
1
1
750 - 999
3
4
2
2
2
2
1 000 - 1 499
4
6
2
2
2
2
1 500 - 1 999
5
7
3
3
2
2
2 000 - 2 749
6
8
3
3
2
3
2 750 - 3 749
7
10
4
4
2
3
3 750 - 4 749
8
11
4
4
3
4
4 750 - 5 999
9
13
5
5
4
5
6 000+
10
15
5
5
5
5
Leasú 201 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn III – Roinn A – pointe 1 – tábla 2
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Daonra (mílte)
An líon íosta pointí samplála má laghdaítear an líon pointí samplála faoi suas le 50 %(1)
< 250
1
< 500
2
< 1 000
2
< 1 500
3
< 2 000
4
< 2 750
5
< 3 750
6
≥ 3 750
Pointe samplála breise amháin in aghaidh an 2 mhilliún áitritheoir
(1) Pointe samplála amháin ar a laghad i gceantair inar dócha go mbeidh an daonra neamhchosanta ar na tiúchain ózóin is airde. I gceirtleáin, beidh ar a laghad 50 % de na pointí samplála lonnaithe i gceantair fo-uirbeacha.
Leasú
Daonra (mílte)
An líon íosta pointí samplála má sháraíonn leibhéil tiúchana an tairseach mheasúnaithe(1)
< 250
1
< 500
2
< 1 000
2
< 1 500
3
< 2 000
4
< 2 750
5
< 3 750
6
≥ 3 750
Pointe samplála breise amháin in aghaidh an 2 mhilliún áitritheoir
(1) Pointe samplála amháin ar a laghad i gceantair inar dócha go mbeidh an daonra neamhchosanta ar na tiúchain ózóin is airde. I gceirtleáin, beidh ar a laghad 50 % de na pointí samplála lonnaithe i gceantair fo-uirbeacha.
Leasú 202 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn III – Roinn A – pointe 1 – mír 3
Tábla 3 - An líon íosta pointí samplála le haghaidh tomhas seasta chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht le teorainnluachanna chun sláinte an duine a chosaint agus le tairseacha foláirimh i limistéir ina bhfuil feidhm ag laghdú 50 % ar na tomhais sin (i gcás gach truailleáin seachas ózón)
Tábla 3 - An líon íosta pointí samplála le haghaidh tomhas seasta chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht le teorainnluachanna chun sláinte an duine a chosaint agus le tairseacha faisnéise agus foláirimh i limistéir ina bhfuil feidhm ag laghdú 50 % ar na tomhais sin (i gcás gach truailleáin seachas ózón)
Leasú 203 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn III – Roinn A – pointe 1 – tábla 3
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Daonra an limistéir (ina mhílte)
An líon íosta pointí samplála má laghdaítear an líon pointí samplála faoi suas le 50 %
NO2, SO2, CO, beinséin
Suim PM (1)
Líon íosta PM10
Líon íosta PM2.5
Pb, Cd, As, Ni in PM10
Beinsi[a]piréin in PM10
0 - 249
1
2
1
1
1
1
250 - 499
1
2
1
1
1
1
500 - 749
1
2
1
1
1
1
750 - 999
2
2
1
1
1
1
1 000 - 1 499
2
3
1
1
1
1
1 500 - 1 999
3
4
2
2
1
1
2 000 - 2 749
3
4
2
2
1
2
2 750 - 3 749
4
5
2
2
1
2
3 750 - 4 749
4
6
2
2
2
2
4 750 - 5 999
5
7
3
3
2
3
6 000+
5
8
3
3
3
3
(1) An líon pointí samplála PM2.5 agus NO2 ar chúlsuíomhanna uirbeacha i gceantair uirbeacha, beidh an líon sin i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i bpointe B.
Leasú
Daonra an limistéir (ina mhílte)
An líon íosta pointí samplála má laghdaítear an líon pointí samplála faoi suas le 50 %
NO2, SO2, CO, beinséin
Suim PM
Líon íosta PM10
Líon íosta PM2.5
Pb, Cd, As, Ni in PM10
Beinsi[a]piréin in PM10
0 - 249
1
2
1
1
1
1
250 - 499
1
2
1
1
1
1
500 - 749
1
2
1
1
1
1
750 - 999
2
2
1
1
1
1
1 000 - 1 499
2
3
1
1
1
1
1 500 - 1 999
3
4
2
2
1
1
2 000 - 2 749
3
4
2
2
1
2
2 750 - 3 749
4
5
2
2
1
2
3 750 - 4 749
4
6
2
2
2
2
4 750 - 5 999
5
7
3
3
2
3
6 000+
5
8
3
3
3
3
Leasú 204 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn III – Roinn A – pointe 1 – mír 5
I gcás gach limistéir, sa líon íosta pointí samplála le haghaidh tomhais sheasta a leagtar amach sna táblaí faoin bpointe seo áireofar ar a laghad pointe samplála amháin ar chúlsuíomh uirbeach agus pointe samplála amháin sa limistéar ina bhfuil na tiúchain is airde de réir Phointe B, d’Iarscríbhinn IV, ar choinníoll nach méadófar an líon pointí samplála dá bharr sin. I gcás dé-ocsaíd nítrigine, ábhar cáithníneach, beinséine agus aonocsaíd charbóin, áireofar leis sin pointe samplála amháin ar a laghad atá dírithe ar thomhas a dhéanamh ar an rannchuidiú ó astaíochtaí iompair. Mar sin féin, i gcásanna nach bhfuil ach pointe samplála amháin ag teastáil, beidh an pointe samplála sin lonnaithe sa limistéar ina bhfuil na tiúchain is airde is dócha a mbeidh an daonra neamhchosanta go díreach nó go hindíreach orthu.
I gcás gach limistéir, sa líon íosta pointí samplála le haghaidh tomhais sheasta a leagtar amach sna táblaí faoin bpointe seo áireofar ar a laghad pointe samplála amháin ar chúlsuíomh uirbeach agus pointe samplála amháin i dteophointí truaillithe aeir de réir Phointe B, d’Iarscríbhinn IV. Maidir le dé-ocsaíd nítrigine, ábhar cáithníneach, beinséine, dé-ocsaíd sulfair agus aonocsaíd charbóin, áireofar leis sin pointe samplála amháin ar a laghad atá dírithe ar thomhas a dhéanamh ar an rannchuidiú ó astaíochtaí iompair. Mar sin féin, i gcásanna nach bhfuil ach pointe samplála amháin ag teastáil, beidh an pointe samplála sin lonnaithe sa limistéar ina bhfuil na tiúchain is airde is dócha a mbeidh an daonra neamhchosanta go díreach nó go hindíreach orthu.
Leasú 205 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn III – Roinn A – pointe 1 – mír 6
I gcás gach limistéir, ní bheidh níos mó ná fachtóir 2 de dhifríocht idir an líon iomlán pointí samplála ar chúlsuíomhanna uirbeacha agus an líon iomlán pointí samplála i gceantar ina bhfuil na tiúchain is airde i gcás dé-ocsaíd nítrigine, ábhar cáithníneach, beinséine agus aonocsaíd charbóin. An líon pointí samplála PM2.5 agus dé-ocsaíde nítrigine ar chúlsuíomhanna uirbeacha, beidh an líon sin i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i bPointe B.
I gcás gach limistéir, ní bheidh níos mó ná fachtóir 2 de dhifríocht idir an líon iomlán pointí samplála ar chúlsuíomhanna uirbeacha agus an líon iomlán pointí samplála i dteophointí truaillithe aeir i gcás dé-ocsaíd nítrigine, ábhar cáithníneach, beinséine agus aonocsaíd charbóin. An líon pointí samplála PM2.5 agus dé-ocsaíde nítrigine ar chúlsuíomhanna uirbeacha agus teophointí truaillithe aeir, beidh an líon sin i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i bPointe B.
Leasú 206 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn III – Roinn B
B An líon íosta pointí samplála le haghaidh tomhas seasta chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht le hoibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála PM2.5 agus NO2 chun sláinte an duine a chosaint
scriosta
I gcás PM2.5 agus NO2, déanfar pointe samplála amháin in aghaidh an réigiúin NUTS 1 mar a thugtar tuairisc air i Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003, agus ar a laghad pointe samplála amháin in aghaidh an mhilliúin áitritheoir arna ríomh i limistéir uirbeacha ina bhfuil níos mó ná 100 000 áitritheoir, a oibriú chun na críche sin. D’fhéadfadh na pointí samplála sin a bheith san áit chéanna leis na pointí samplála faoi Phointe A.
Leasú 207 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn III – Roinn 2 – teideal
D An líon pointí samplála le haghaidh tomhais sheasta ar cháithníní sármhíne i gcás tiúchain arda
D An líon pointí samplála le haghaidh tomhais sheasta ar cháithníní sármhíne, carbón dubh, mearcair agus amóinia i gcás inar dócha go dtarlóidh tiúchain arda
Leasú 208 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn III – Roinn D – mír 1
Déanfar faireachán ar cháithníní sármhíne ag suíomhanna roghnaithe mar aon le truailleáin aeir eile. Beidh pointí samplála chun faireachán a dhéanamh ar cháithníní sármhíne i comhthráth, i gcás inarb iomchuí, le pointí samplála le haghaidh ábhar cáithníneach nó dé-ocsaíd nítrigine dá dtagraítear i bPointe A, agus beidh siad lonnaithe i gcomhréir le Roinn 3 d’Iarscríbhinn VII. Chun na críche sin, bunófar pointe samplála amháin ar a laghad in aghaidh gach 5 mhilliún áitritheoir ag suíomh inar dócha go mbeidh tiúchain arda cáithníní sármhíne ann. Bunóidh na Ballstáit ina bhfuil níos lú ná 5 mhilliún áitritheoir aon phointe samplála seasta amháin ar shuíomh inar dócha go mbeidh tiúchain ard cáithníní sármhíne ann.
Déanfar faireachán ar líon thiúcháin cáithníní sármhíne agus BC ag suíomhanna roghnaithe mar aon le truailleáin aeir eile ag na suíomhanna céanna le pointí samplála le haghaidh ábhar cáithníneach nó dé-ocsaíd nítrigine dá dtagraítear i bPointe A den Iarscríbhinn seo, agus beidh siad lonnaithe i gcomhréir le Roinn 3 d’Iarscríbhinn VII. Beidh pointí samplála chun faireachán a dhéanamh ar amóinia i comhthráth, i gcás inarb iomchuí, le pointí samplála le haghaidh ábhar cáithníneach dá dtagraítear i bPointe A den Iarscríbhinn seo, agus beidh siad lonnaithe i gcomhréir le Roinn 3 d’Iarscríbhinn VII. Beidh pointí samplála chun faireachán a dhéanamh ar mhearcair lonnaithe i gcomhréir le Roinn 3 d’Iarscríbhinn VII. Chun na críche sin, bunófar pointe samplála amháin ar a laghad in aghaidh an 1 mhilliún áitritheoir ag suíomh inar dócha go mbeidh tiúchain arda cáithníní sármhíne ann, bunófar pointe samplála amháin ar a laghad in aghaidh an 1 mhilliún áitritheoir ag suíomh inar dócha go dtarlóidh tiúchana arda BC, bunófar pointe samplála amháin ar a laghad in aghaidh an 1 mhilliún áitritheoir ag suíomh ar dócha go dtarlóidh tiúchana arda mearcair ann, agus bunófar pointe samplála amháin ar a laghad in aghaidh an 1 mhilliún áitritheoir ag suíomh ar dócha go dtarlóidh ardtiúchain NH3 ann. Bunóidh na Ballstáit ina bhfuil níos lú ná 1 mhilliún áitritheoir aon phointe samplála seasta amháin ar shuíomh inar dócha go mbeidh tiúchain ard cáithníní sármhíne ann, pointe samplála amháin ag suíomh inar dócha go dtarlóidh tiúchana arda BC, pointe samplála amháin ag suíomh inar dócha go dtarlóidh ardtiúchain NH3, agus pointe samplála amháin ag suíomh inar dócha go dtarlóidh tiúchana arda mearcair.
Leasú 209 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn III – Roinn D – mír 2
Maidir le mórláithreáin faireacháin ar chúlsuíomhanna tuaithe nó de chúlra uirbeacha a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 10, ní chuirfear iad san áireamh chun na ceanglais maidir leis an líon íosta pointí samplála le haghaidh cáithníní sármhíne a leagtar amach anseo a chomhlíonadh.
Maidir le mórláithreáin faireacháin ar chúlsuíomhanna tuaithe nó de chúlra uirbeacha a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 10, ní chuirfear iad san áireamh chun na ceanglais maidir leis an líon íosta pointí samplála le haghaidh cáithníní sármhíne, BC agus NH3 a leagtar amach anseo a chomhlíonadh.
Leasú 210 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn IV – Roinn A – mír 1 – pointe 2 – pointe c
(c) ar charrbhealaigh bóithre; agus ar lárthearmainn bóithre seachas áiteanna ina mbíonn rochtain ag coisithe ar an lárthearmann de ghnáth.
(c) ar charrbhealaigh bóithre; agus ar lárthearmainn bóithre seachas áiteanna ina mbíonn rochtain ag coisithe ar an lárthearmann de ghnáth, nó áiteanna ina bhfuil lánaí rothaíochta.
Leasú 211 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn IV – Roinn B – pointe 2 – pointe a – an chuid réamhráiteach
(a) Déanfar pointí samplála atá dírithe ar chosaint shláinte an duine a lonnú ar bhealach ina gcuirfear sonraí ar fáil faoi gach ceann de na nithe seo a leanas:
(a) Déanfar pointí samplála atá dírithe ar chosaint shláinte an duine a lonnú ar bhealach ina gcuirfear sonraí iontaofa ar fáil faoi gach ceann de na nithe seo a leanas:
Leasú 212 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn IV – Roinn B – pointe 2 – pointe a – pointe i
(i) leibhéil tiúchana sna ceantair laistigh de limistéir ina bhfuil na tiúchain is airde is dócha a mbeidh an daonra neamhchosanta go díreach nó go hindíreach orthu ar feadh tréimhse atá suntasach i ndáil le tréimhse mheánaithe an teorainnluacha nó na dteorainnluachanna,
(i) leibhéil tiúchana sna ceantair laistigh de limistéir ina bhfuil na tiúchaintí is airde is dócha a mbeidh an daonra neamhchosanta go díreach nó go hindíreach orthu ar feadh tréimhse atá suntasach i ndáil le tréimhse mheánaithe an teorainnluacha nó na dteorainnluachanna, lena n-áirítear i ngarchomharsanacht na dteophointí truaillithe aeir ar fad,
Leasú 213 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn IV – Roinn B – pointe 2 – pointe a – pointe ii
(ii) leibhéil tiúchana i gceantair eile laistigh de na limistéir atá ina léiriú ar theagmháil an phobail i gcoitinne, agus
(ii) leibhéil tiúchana i gceantair eile laistigh de na limistéir atá ina léiriú ar theagmháil an phobail i gcoitinne, i gcúlsuíomhanna uirbeacha agus tuaithe araon, agus
Leasú 214 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn IV – Cuid B – pointe 2 – pointe b a (nua)
(ba) beidh suíomhanna atá ceaptha a bheith ionadaíoch suite ar bhealach ina soláthrófar sonraí ar na sráideanna ina dtarlaíonn na tiúchain is airde, agus méid tráchta (10 000 feithicil ar a laghad in aghaidh an lae nó an dlús tráchta is mó sa chrios), dálaí scaipthe áitiúla agus úsáid na talún spásúla (mar shampla i gcainneon sráide) á gcur san áireamh;
Leasú 215 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn IV – Cuid B – pointe 2 – pointe c
(c) déanfar cúlsuíomhanna uirbeacha a lonnú ionas go mbeidh tionchar ag an rannchuidiú comhtháite ó na foinsí go léir atá ar thaobh na gaoithe den phointe samplála ar a leibhéal truaillithe. Ní bheidh an chuid is mó den tionchar ag foinse aonair ar an leibhéal truaillithe ach amháin má tá a leithéid de chás tipiciúil i gceantar mór uirbeach. Mar riail ghinearálta, beidh na pointí samplála sin ionadaíoch do roinnt ciliméadar cearnach;
(c) déanfar cúlsuíomhanna uirbeacha a lonnú ionas go mbeidh tionchar ag an rannchuidiú comhtháite ó na foinsí go léir atá ar thaobh na gaoithe den phointe samplála ar a leibhéal truaillithe, agus príomhthreo na gaoithe á leanúint. Ní bheidh an chuid is mó den tionchar ag foinse aonair ar an leibhéal truaillithe ach amháin má tá a leithéid de chás tipiciúil i gceantar mór uirbeach. Mar riail ghinearálta, beidh na pointí samplála sin ionadaíoch do roinnt ciliméadar cearnach;
Leasú 216 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn IV – Roinn B – pointe 2 – pointe c a (nua)
(ca) cumhdófar teophointí truaillithe aeir le líon leordhóthanach pointí samplála a shuiteáiltear laistigh de phríomhthreo gaoithe na foinse ina bhfuil limistéar beagnach cónaithe nó limistéar inar dócha go nochtfar an daonra go díreach nó go hindíreach ar feadh tréimhse atá suntasach i ndáil le meántréimhse na teorann nó an spriocluacha nó na luachanna, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do scoileanna, ospidéil, saoráidí maireachtála cuidithe agus limistéir oifige;
Leasú 217 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn IV – Cuid B – pointe 2 – pointe c b (nua)
(cb) i gcás inarb é an cuspóir leibhéil tiúchana a thomhas sna limistéir dá dtagraítear i bpointí (a)(i) agus (a)(ii), déanfar pointí samplála a shuíomh gar do shuíomhanna a mbíonn daonra íogair agus grúpaí leochaileacha agus pobail atá i mbaol iontu, amhail scoileanna, clóis súgartha, ospidéil agus tithe do dhaoine scothaosta;
Leasú 218 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn IV – Roinn B – pointe 2 – pointe d
(d) i gcás inarb é an cuspóir tomhas a dhéanamh ar rannchuidiú an téimh bhaile, suiteálfar pointe samplála amháin ar a laghad laistigh de phríomhthreo gaoithe na bhfoinsí sin;
(d) i gcás inarb é an cuspóir tomhas a dhéanamh ar rannchuidiú an téimh, suiteálfar pointe samplála amháin ar a laghad laistigh de phríomhthreo gaoithe na bhfoinsí sin; déanfar pointí samplála a shuíomh sa chaoi go mbeidh an t-aer a shamplaíltear ionadaíoch do cháilíocht an aeir le haghaidh limistéar 250 m × 250 m ar a laghad;
Leasú 219 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn IV – Roinn B – pointe 2 – pointe e
(e) i gcás inarb é an cuspóir measúnú a dhéanamh ar leibhéil i gceantair de chúlra tuaithe, ní bheidh tionchar ag ceantair uirbeacha ná laithreáin tionscail atá i ngarchomharsanacht an phointe samplála ar an bpointe samplála sin, i.e. laithreáin atá níos gaire ná 5 km;
(e) déanfar pointí samplála i gcúlsuíomhanna tuaithe a lonnú ionas nach mbeidh tionchar ag ceantair uirbeacha orthu agus ionas go mbeidh tionchar ag rannchuidiú comhtháite ó gach foinse ábhartha ar a leibhéal truaillithe;
Leasú 220 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn IV – Roinn B – pointe 2 – pointe f
(f) i gcás ina bhfuil measúnú le déanamh ar rannchuidithe ó fhoinsí tionsclaíocha, ó chalafoirt nó ó aerfoirt, déanfar pointe samplála amháin ar a laghad a shuiteáil ar chúl na gaoithe ón bhfoinse sa limistéar cónaithe is gaire. I gcás nach eol an tiúchan chúlra, déanfar pointe samplála breise a lonnú laistigh de phríomhthreo na gaoithe. Déanfar na pointí samplála a lonnú ar bhealach lenar féidir faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na dteicnící is fearr atá ar fáil;
(f) i gcás ina bhfuil measúnú le déanamh ar rannchuidithe ó fhoinsí tionsclaíocha, ó chalafoirt agus ó aerfoirt, déanfar pointe samplála amháin ar a laghad a shuiteáil ar chúl na gaoithe agus príomhthreo na gaoithe á leanúint ón bhfoinse sa limistéar cónaithe is gaire. I gcás nach eol an tiúchan chúlra, déanfar pointe samplála breise a lonnú laistigh de phríomhthreo na gaoithe. Déanfar na pointí samplála a lonnú ar bhealach lenar féidir faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na dteicnící is fearr atá ar fáil;
Leasú 221 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn IV – Roinn B – pointe 2 – pointe i
(i) i gcás inar féidir, déanfar pointí samplála lena dtomhaistear arsanaic, cadmiam, mearcair, nicil agus hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha a chomhlonnú le pointí samplála le haghaidh PM10.
(i) déanfar pointí samplála lena dtomhaistear arsanaic, cadmiam, mearcair, nicil agus hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha a chomhlonnú le pointí samplála le haghaidh PM10.
Leasú 222 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn IV – Roinn B – pointe 4 – tábla
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Cineál pointe samplála
Cuspóirí tomhais
Ionadaíochas (1)
Critéir maidir le lonnú macrascála
Cúlsuíomhanna uirbeacha le haghaidh measúnuithe ózóin
Sláinte an duine a chosaint:
chun measúnú a dhéanamh ar theagmháil an daonra i gceantair uirbeacha ar ózóin, i.e. in áit ina bhfuil dlús an daonra agus tiúchain ózóin measartha ard agus ionadaíoch do theagmháil an phobail i gcoitinne
1 go 10 km2
Ar shiúl ó thionchar astaíochtaí áitiúla ar nós tráchta, stáisiúin pheitril, etc.;
suíomhanna le gaothairí inar féidir leibhéil atá measctha go maith a thomhas;
suíomhanna ar nós limistéir chónaitheacha agus tráchtála i gcathracha, páirceanna (ar shiúl ó chrainn), sráideanna nó cearnóga leathana ar a bhfuil beagán tráchta nó gan aon trácht, limistéir oscailte den chineál a bhíonn ag áiseanna oideachais, spóirt nó áineasa, de ghnáth.
Suíomhanna fo-uirbeacha le haghaidh measúnuithe ózóin
Sláinte an duine agus an fásra a chosaint:
chun measúnú a dhéanamh ar theagmháil an daonra agus an fhásra atá lonnaithe ar imeall an cheantair uirbigh, áit a bhfuil na leibhéil is airde ózóin is dócha a mbeidh an daonra agus an fásra i dteagmháil leo go díreach nó go hindíreach.
10 go 100 km2
Fad áirithe ó limistéar na n-astaíochtaí uasta, ar chúl na gaoithe a leanann príomhthreo/príomhthreonna na gaoithe le linn coinníollacha atá fabhrach d’fhoirmiú ózóin;
i gcás ina bhfuil an daonra, barra leochaileacha nó éiceachórais nádúrtha atá lonnaithe ar imeall ceantair uirbigh neamhchosanta ar leibhéil arda ozóin;
i gcás inarb iomchuí, roinnt pointí samplála fo-uirbeacha atá ar thaobh na gaoithe de limistéar na n-astaíochtaí uasta, ionas go mbeifear in ann na leibhéil chúlracha réigiúnacha ózóin a chinneadh.
Suíomhanna tuaithe le haghaidh measúnuithe ózóin
Sláinte an duine agus an fásra a chosaint:
chun teagmháil an daonra, na mbarr agus éiceachórais nádúrtha ar thiúchain ózóin ar scála fo-réigiúnach a mheas.
Leibhéil fho-réigiúnacha
(100 go 1 000 km2)
D’fhéadfadh pointí samplála a bheith lonnaithe i lonnaíochtaí beaga agus/nó ceantair ina bhfuil éiceachórais nádúrtha, foraoisí nó barra;
ionadaíoch d’ózón ar shiúl ó thionchar astaíochtaí áitiúla ar nós láithreáin tionscail agus bóithre;
ag suíomhanna oscailte, ach ní ar mhullaigh sléibhte níos airde
Cúlsuíomhanna tuaithe le haghaidh measúnuithe ózóin
Sláinte an duine agus an fásra a chosaint:
chun teagmháil barr agus éiceachóras nádúrtha ar thiúchain ózóin ar scála réigiúnach a mheas chomh maith le teagmháil an daonra.
Leibhéil réigiúnacha/náisiúnta/ilchríochacha
(1 000 go 10 000 km2)
Pointí samplála atá lonnaithe i gceantair ina bhfuil dlús daonra níos ísle, e.g. ina bhfuil éiceachórais nádúrtha, foraoisí, atá ar a laghad 20 km ó cheantair uirbeacha agus thionsclaíocha agus ar shiúl ó astaíochtaí áitiúla;
seachain suíomhanna atá faoi réir cruthú coinníollacha inbhéartaithe gar don talamh atá feabhsaithe go háitiúil, chomh maith le mullaigh sléibhte níos airde;
ní moltar láithreáin ar an gcósta áit a bhfuil timthriallta gaoithe laethúla suntasacha ag a bhfuil gné áitiúil.
(1) Beidh pointí samplála, i gcás inar féidir, ionadaíoch freisin do shuíomhanna comhchosúla nach bhfuil i ngarchomharsanacht na bpointí samplála.
Leasú
Cineál pointe samplála
Cuspóirí tomhais
Ionadaíochas (1)
Critéir maidir le lonnú macrascála
Cúlsuíomhanna uirbeacha le haghaidh measúnuithe ózóin
Sláinte an duine a chosaint:
chun measúnú a dhéanamh ar theagmháil an daonra i gceantair uirbeacha ar ózóin, i.e. in áit ina bhfuil dlús an daonra agus tiúchain ózóin measartha ard agus ionadaíoch do theagmháil an phobail i gcoitinne
1 go 10 km2
Ar shiúl ó thionchar astaíochtaí áitiúla ar nós tráchta, stáisiúin pheitril, etc.;
suíomhanna le gaothairí inar féidir leibhéil atá measctha go maith a thomhas;
suíomhanna ina gcruinníonn daonra íogair agus grúpaí leochaileacha, amhail scoileanna, clóis súgartha, ospidéil agus tithe do dhaoine scothaosta;
suíomhanna ar nós limistéir chónaitheacha agus tráchtála i gcathracha, páirceanna (ar shiúl ó chrainn), sráideanna nó cearnóga leathana ar a bhfuil beagán tráchta nó gan aon trácht, limistéir oscailte den chineál a bhíonn ag áiseanna oideachais, spóirt nó áineasa, de ghnáth.
Suíomhanna fo-uirbeacha le haghaidh measúnuithe ózóin
Sláinte an duine agus an fásra a chosaint:
chun measúnú a dhéanamh ar theagmháil an daonra agus an fhásra atá lonnaithe ar imeall an cheantair uirbigh, áit a bhfuil na leibhéil is airde ózóin is dócha a mbeidh an daonra agus an fásra i dteagmháil leo go díreach nó go hindíreach.
10 go 100 km2
Fad áirithe ó limistéar na n-astaíochtaí uasta, ar chúl na gaoithe a leanann príomhthreo/príomhthreonna na gaoithe le linn coinníollacha atá fabhrach d’fhoirmiú ózóin;
suíomhanna ina gcruinníonn daonra íogair agus grúpaí leochaileacha, amhail scoileanna, clóis súgartha, ospidéil agus tithe do dhaoine scothaosta;
i gcás ina bhfuil an daonra, barra leochaileacha nó éiceachórais nádúrtha atá lonnaithe ar imeall ceantair uirbigh neamhchosanta ar leibhéil arda ozóin;
i gcás inarb iomchuí, roinnt pointí samplála fo-uirbeacha atá ar thaobh na gaoithe de limistéar na n-astaíochtaí uasta, ionas go mbeifear in ann na leibhéil chúlracha réigiúnacha ózóin a chinneadh.
Suíomhanna tuaithe le haghaidh measúnuithe ózóin
Sláinte an duine agus an fásra a chosaint:
chun teagmháil an daonra, na mbarr agus éiceachórais nádúrtha ar thiúchain ózóin ar scála fo-réigiúnach a mheas.
Leibhéil fho-réigiúnacha
(100 go 1 000 km2)
D’fhéadfadh pointí samplála a bheith lonnaithe i lonnaíochtaí beaga agus/nó ceantair ina bhfuil éiceachórais nádúrtha, foraoisí nó barra;
suíomhanna ina gcruinníonn daonra íogair agus grúpaí leochaileacha, amhail scoileanna, clóis súgartha, ospidéil agus tithe do dhaoine scothaosta;
ionadaíoch d’ózón ar shiúl ó thionchar astaíochtaí áitiúla ar nós láithreáin tionscail agus bóithre;
ag suíomhanna oscailte, ach ní ar mhullaigh sléibhte níos airde
Cúlsuíomhanna tuaithe le haghaidh measúnuithe ózóin
Sláinte an duine agus an fásra a chosaint:
chun teagmháil barr agus éiceachóras nádúrtha ar thiúchain ózóin ar scála réigiúnach a mheas chomh maith le teagmháil an daonra.
Leibhéil réigiúnacha/náisiúnta/ilchríochacha
(1 000 go 10 000 km2)
Pointí samplála atá lonnaithe i gceantair ina bhfuil dlús daonra níos ísle, e.g. ina bhfuil éiceachórais nádúrtha, foraoisí, atá ar a laghad 20 km ó cheantair uirbeacha agus thionsclaíocha agus ar shiúl ó astaíochtaí áitiúla;
seachain suíomhanna atá faoi réir cruthú coinníollacha inbhéartaithe gar don talamh atá feabhsaithe go háitiúil, chomh maith le mullaigh sléibhte níos airde;
ní moltar láithreáin ar an gcósta áit a bhfuil timthriallta gaoithe laethúla suntasacha ag a bhfuil gné áitiúil.
(1) Beidh pointí samplála, i gcás inar féidir, ionadaíoch freisin do shuíomhanna comhchosúla nach bhfuil i ngarchomharsanacht na bpointí samplála.
Leasú 223 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn IV – Roinn C – mír 1 – an chuid réamhráiteach
Beidh feidhm ag an méid seo a leanas a mhéid is indéanta:
Beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
Leasú 224 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn IV – Roinn C – mír 1 – pointe b
(b) go ginearálta, beidh ionraon an phointe samplála idir 0,5 m (an limistéar análaithe) agus 4 m os cionn na talún. D’fhéadfadh lonnú níos airde (suas le 8m) a bheith iomchuí má tá an pointe samplála ionadaíoch do limistéar mór (cúlsuíomh) nó in imthosca sonracha eile agus déanfar aon mhaolú a dhoiciméadú go hiomlán;
(b) go ginearálta, beidh ionraon an phointe samplála idir 0,5 m (an limistéar análaithe) agus 3 m os cionn na talún. D’fhéadfadh lonnú níos airde (suas le 6 m) a bheith iomchuí má tá an pointe samplála ionadaíoch do limistéar mór (cúlsuíomh). Déanfar an cinneadh suíomh níos airde den sórt sin a chur i bhfeidhm a dhoiciméadú go hiomlán;
Leasú 225 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn IV – Roinn C – mír 1 – pointe e
(e) maidir le gach truailleán, beidh tóireadóirí samplála ar a laghad 25 m ar shiúl ó imeall mór-acomhal agus ní bheidh siad níos mó ná 10 m ó cholbha an chosáin; chun críocha an phointe seo. ciallaíonn ‘colbha an chosáin’ an líne a scarann trácht mótair ó limistéir eile; ciallaíonn ‘mór-acomhal’ acomhal a chuireann isteach ar an sreabhadh tráchta agus is cúis le hastaíochtaí eile (astaíochtaí stoptha agus imeachta) i gcomparáid leis an gcuid eile den bhóthar;
(e) maidir le gach truailleán, ní bheidh na tóireadóirí samplála suite níos mó ná 5 m ó cholbha an chosáin; breithneofar, i gcás ina n-aimsítear an pointe samplála ag níos lú ná 25 m ó imeall mór-acomhal, an mbeadh ró- mheastachán nó tearc-mheastachán ar na tiúchain mar thoradh air sin agus an ndéanfaí micrea-chomhshaol an-bheag nach bhfuil ionadaíoch ar leibhéil feadh na deighleoige bóthair sin a thomhas; chun críocha an phointe seo. ciallaíonn ‘colbha an chosáin’ an líne a scarann trácht mótair ó limistéir eile; ciallaíonn ‘mór-acomhal’ acomhal a chuireann isteach ar an sreabhadh tráchta agus is cúis le hastaíochtaí eile (astaíochtaí stoptha agus imeachta) i gcomparáid leis an gcuid eile den bhóthar;
Leasú 226 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn IV – Roinn C – mír 1 – pointe f
(f) maidir leis na tomhais ar dheascadh i gcúlsuíomhanna tuaithe, beidh feidhm ag treoirlínte agus critéir EMEP a mhéid is féidir;
(f) maidir leis na tomhais ar dheascadh i gcúlsuíomhanna tuaithe, beidh feidhm ag treoirlínte agus critéir EMEP;
Leasú 227 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn IV – Roinn D – pointe 1
1. Déanfaidh na húdaráis inniúla atá freagrach as measúnú ar cháilíocht an aeir, na nósanna imeachta maidir le roghnú láithreáin a dhoiciméadú go hiomlán le haghaidh gach limistéir agus déanfaidh siad faisnéis a thaifeadadh chun tacú le dearadh an líonra agus leis an rogha láithreáin i gcás gach láithreáin faireacháin. Tacófar le dearadh an líonra faireacháin ar a laghad trí shamhaltú nó trí thomhais tháscacha.
1. Déanfaidh na húdaráis inniúla atá freagrach as measúnú ar cháilíocht an aeir measúnú sonraíbhunaithe a chur ar fáil do gach crios, déanfaidh siad na nósanna imeachta maidir le roghnú suímh a dhoiciméadú go hiomlán, déanfaidh siad faisnéis a thaifeadadh chun tacú le dearadh an líonra agus leis an rogha suímh do gach láithreán faireacháin agus tabharfaidh siad údar maith leis sin. Tacófar le dearadh an líonra faireacháin ar a laghad trí shamhaltú le leibhéal neamhchinnteachta íseal go leor nó tomhais tháscacha.
Leasú 228 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn IV – Roinn D – pointe 2
2. Áireofar leis an doiciméadacht suíomh na bpointí samplála trí chomhordanáidí spásúla, léarscáileanna mionsonraithe agus áireofar inti faisnéis maidir le hionadaíochas spásúil na bpointí samplála uile.
2. Áireofar leis an doiciméadacht suíomh na bpointí samplála trí chomhordanáidí spásúla, trí léarscáileanna mionsonraithe agus trí ghrianghraif agus áireofar inti faisnéis maidir le hionadaíocht spásúil na bpointí samplála uile.
Leasú 229 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn IV – Roinn D – pointe 3
3. Áireofar leis na doiciméid aon athrú ar na critéir maidir le lonnú micreascála, na cúiseanna is bunús leis an athrú sin agus an tionchar is dócha a bheidh aige sin ar na leibhéil thomhaiste.
3. Áireofar leis an doiciméadacht fianaise lena míneofar na cúiseanna atá le dearadh an líonra agus cruthúnas go bhfuil na ceanglais dá dtagraítear i bPointí B agus C á gcomhlíonadh, go háirithe:
(a) na cúiseanna ar roghnaíodh suíomhanna atá ionadaíoch do na leibhéil truaillithe is airde sa limistéar nó sa cheirtleán do gach truailleán;
(b) na cúiseanna ar roghnaíodh suíomhanna atá ionadaíoch do neamhchosaint ghinearálta an daonra; agus
(c) aon athrú ar na critéir maidir le lonnú micreascála, na cúiseanna is bunús leis an athrú sin agus an tionchar is dócha a bheidh aige sin ar na leibhéil thomhaiste.
Leasú 230 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn IV – Roinn D – pointe 4
4. I gcás ina mbaintear úsáid as tomhais tháscacha, samhaltú nó meastachán oibiachtúil, nó meascán díobh sin laistigh de limistéar, áireofar leis an doiciméadacht mionsonraí maidir leis na modhanna sin agus faisnéis maidir leis an gcaoi a gcomhlíontar na critéir a liostaítear in Airteagal 9(3).
4. I gcás ina mbaintear úsáid as tomhais tháscacha nó samhaltú, nó meascán díobh sin laistigh de limistéar, áireofar leis an doiciméadacht mionsonraí maidir leis na modhanna sin agus faisnéis maidir leis an gcaoi a gcomhlíontar na critéir a liostaítear in Airteagal 9(3).
Leasú 231 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn IV – Roinn D – pointe 5
5. I gcás ina mbaintear úsáid as tomhais tháscacha, samhaltú nó meastachán oibiachtúil, úsáidfidh na húdaráis inniúla sonraí greillithe a thuairiscítear faoi Threoir (AE) 2016/2284 agus faisnéis maidir le hastaíochtaí a thuairiscítear faoi Threoir 2010/75/AE.
5. I gcás ina mbaintear úsáid as tomhais tháscacha nó samhaltú, úsáidfidh na húdaráis inniúla sonraí greillithe a thuairiscítear faoi Threoir (AE) 2016/2284 agus faisnéis maidir le hastaíochtaí a thuairiscítear faoi Threoir 2010/75/AE.
Leasú 232 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn IV – Roinn D – pointe 9
9. Déanfar athbhreithniú gach 5 bliana ar a laghad ar na critéir roghnúcháin, ar dhearadh an líonra agus ar shuíomhanna na láithreán faireacháin, arna sainiú ag na húdaráis inniúla i bhfianaise cheanglais na hIarscríbhinne seo, chun a áirithiú go mbeidh siad fós bailí agus optamach le himeacht ama. Tacófar leis an athbhreithniú ar a laghad trí shamhaltú nó trí thomhais tháscacha.
9. Déanfar athbhreithniú gach 5 bliana ar a laghad ar na critéir roghnúcháin, ar dhearadh an líonra agus ar shuíomhanna na láithreán faireacháin, arna sainiú ag na húdaráis inniúla i bhfianaise cheanglais na hIarscríbhinne seo, chun a áirithiú go mbeidh siad fós bailí agus optamach le himeacht ama. Tacófar leis an athbhreithniú ar a laghad trí shamhaltú nó trí thomhais tháscacha agus sainaithneofar ann bearta a bheidh le déanamh laistigh de thréimhse ama i gcomhréir leis na treoirlínte chun a áirithiú go leanfaidh dearadh an líonra de bheith bailí agus optamach. I gcás ina nochtar le hathbhreithniú den sórt sin nach bhfuil dearadh an líonra ná suíomhanna na láithreán faireacháin bailí a thuilleadh (mar shampla, i gcás nach bhfuil aon stáisiún faireacháin seasta i réimse na n-uasleibhéal samhaltaithe), déanfaidh an t-údarás inniúil dearadh an líonra a cheartú agus a thabhairt cothrom le dáta laistigh de bhliain amháin.
Leasú 233 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn IV – Roinn D – pointe 10 a (nua)
10a. Déanfaidh na húdaráis inniúla atá freagrach as measúnú ar cháilíocht an aeir seiceálacha agus cothabháil rialta ar na stáisiúin faireacháin ar cháilíocht an aeir chomhthimpeallaigh chun a áirithiú go leanfaidh siad de bheith ag oibriú agus chun cruinneas na dtomhas agus iontaofacht ionstraimíochta a áirithiú agus déanfaidh siad na seiceálacha agus an chothabháil sin a dhoiciméadú.
Leasú 306 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn V – Roinn A – teideal
A. Neamhchinnteacht maidir le tomhais agus samhaltú le haghaidh an mheasúnaithe ar cháilíocht an aeir chomhthimpeallaigh
A. Neamhchinnteacht tomhais agus samhaltú le haghaidh measúnú ar cháilíocht an aeir chomhthimpeallaigh (le haghaidh caighdeáin maidir le cáilíocht an aeir a bheidh le baint amach faoin 1 Eanáir 2035)
Leasú 234 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn V – Roinn A – pointe 1 – tábla
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Truailleán aeir
Neamhchinnteacht uasta maidir le tomhais sheasta
Neamhchinnteacht uasta maidir le tomhais tháscacha (1)
Cóimheas uasta idir neamhchinnteacht maidir le samhaltú agus meastachán oibiachtúil agus neamhchinnteacht maidir le tomhais sheasta
Luach absalóideach
Luach coibhneasta
Luach absalóideach
Luach coibhneasta
Cóimheas uasta
PM2,5
3,0 μg/ m3
30 %
4,0 μg/m3
40 %
1,7
PM10
4,0 μg/ m3
20 %
6,0 μg/m3
30 %
1,3
NO2 / NOx
6,0 μg/ m3
30 %
8,0 μg/m3
40 %
1,4
Beinséin
0,75 μg/ m3
25 %
1,2 μg/m3
35 %
1,7
Luaidhe
0,125 μg/ m3
25 %
0,175 μg/m3
35 %
1,7
Arsanaic
2,4 ng/ m3
40 %
3,0 ng/m3
50 %
1,1
Caidmiam
2,0 ng/ m3
40 %
2,5 ng/m3
50 %
1,1
Nicil
8,0 ng/ m3
40 %
10,0 ng/m3
50 %
1,1
Beinsi[a]piréin
0,5 ng m3
50 %
0,6 ng/m3
60 %
1,1
(1) I gcás ina n-úsáidtear tomhais tháscacha chun críoch eile seachas measúnú ar chomhlíontacht, cuir i gcás, ach ní hamháin: dearadh nó athbhreithniú an líonra faireacháin, calabrú agus bailíochtú na samhla, d’fhéadfadh sé gurb í an neamhchinnteacht arna suíomh i gcás feidhmchláir samhaltaithe an neamhchinnteacht atá i gceist.
Leasú
Truailleán aeir
Neamhchinnteacht uasta maidir le tomhais sheasta
Neamhchinnteacht uasta maidir le tomhais tháscacha (1)
Cóimheas uasta idir neamhchinnteacht maidir le samhaltú agus neamhchinnteacht maidir le tomhais sheasta
Luach absalóideach
Luach coibhneasta
Luach absalóideach
Luach coibhneasta
Cóimheas uasta
PM2,5
1,25 μg m3
25 %
2,0 μg/ m3
40 %
1,7
PM10
3,0 μg/ m3
20 %
4,5 μg/ m3
30 %
1,3
NO2 / NOx
1,5 μg/ m3
15 %
2,5 μg/ m3
25 %
1,4
Beinséin
0,0425 μg m3
25 %
0,05 μg/ m3
30 %
1,7
Luaidhe
0,0375 μg/ m3
25 %
0,045 μg/ m3
30 %
1,7
Arsanaic
0,26 ng/ m3
40 %
0,33 ng/ m3
50 %
1,1
Caidmiam
2,0 ng/ m3
40 %
2,5 ng/ m3
50 %
1,1
Nicil
1,0 ng/ m3
40 %
1,25 ng/ m3
50 %
1,1
Beinsi[a]piréin
0,125 ng m3
50 %
0,15 ng/ m3
60 %
1,1
(1) I gcás ina n-úsáidtear tomhais tháscacha chun críoch eile seachas measúnú ar chomhlíontacht, cuir i gcás, ach ní hamháin: dearadh an líonra faireacháin nó athbhreithniú air, calabrú agus bailíochtú na samhla, d’fhéadfadh sé gurb í an neamhchinnteacht arna suíomh i gcás feidhmchláir samhaltaithe an neamhchinnteacht atá i gceist.
Leasú 235 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn V – Roinn A – pointe 2 – tábla
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Truailleán aeir
Neamhchinnteacht uasta maidir le tomhais sheasta
Neamhchinnteacht uasta maidir le tomhais tháscacha (1)
Cóimheas uasta idir neamhchinnteacht maidir le samhaltú agus meastachán oibiachtúil agus neamhchinnteacht maidir le tomhais sheasta
Luach absalóideach
Luach coibhneasta
Luach absalóideach
Luach coibhneasta
Cóimheas uasta
PM2,5 (24 uair an chloig)
6,3 μg/m3
25 %
8,8 μg/m3
35 %
2,5
PM10 (24 uair an chloig)
11,3 μg/m3
25 %
22,5 μg/m3
50 %
2,2
NO2 (laethúil)
7,5 μg/m3
15 %
12,5 μg/m3
25 %
3,2
NO2 (in aghaidh na huaire)
30 μg/m3
15 %
50 μg/m3
25 %
3,2
SO2 (laethúil)
7,5 μg/m3
15 %
12,5 μg/m3
25 %
3,2
SO2 (in aghaidh na huaire)
52,5 μg/m3
15 %
87,5 μg/m3
25 %
3,2
CO (24 uair an chloig)
0,6 mg/m3
15 %
1,0 mg/m3
25 %
3,2
CO (8 n-uaire an chloig)
1,0 mg/m3
10 %
2,0 mg/m3
20 %
4,9
Ózón (buaicshéasúr): neamhchinnteacht na luachanna 8 n-uaire an chloig
10,5 μg/m3
15 %
17,5 μg/m3
25 %
1,7
Ózón (meán 8 n-uaire an chloig)
18 μg/m3
15 %
30 μg/m3
25 %
2,2
(1) I gcás ina n-úsáidtear tomhais tháscacha chun críoch eile seachas measúnú ar chomhlíontacht, cuir i gcás, ach ní hamháin: dearadh an líonra faireacháin nó athbhreithniú air, calabrú agus bailíochtú na samhla, d’fhéadfadh sé gurb í an neamhchinnteacht arna suíomh i gcás feidhmchláir samhaltaithe an neamhchinnteacht atá i gceist.
Leasú
Truailleán aeir
Neamhchinnteacht uasta maidir le tomhais sheasta
Neamhchinnteacht uasta maidir le tomhais tháscacha (1)
Neamhchinnteacht uasta maidir le samhaltú agus neamhchinnteacht maidir le tomhais sheasta
Luach absalóideach
Luach coibhneasta
Luach absalóideach
Luach coibhneasta
Cóimheas uasta
PM2,5 (24 uair an chloig)
3,75 μg/m3
25 %
5,25 μg/m3
35 %
2,5
PM10 (24 uair an chloig)
11,25 μg/m3
25 %
22,5 μg/m3
50 %
2,2
NO2 (laethúil)
3,75 μg/m3
15 %
6,25 μg/m3
25 %
3,2
NO2 (in aghaidh na huaire)
30 μg/m3
15 %
50 μg/m3
25 %
3,2
SO2 (laethúil)
6,0 μg/m3
15 %
10,0 μg/m3
25 %
3,2
SO2 (in aghaidh na huaire)
30,0 μg/m3
15 %
50,0 μg/m3
25 %
3,2
CO (24 uair an chloig)
0,6 mg/m3
15 %
1,0 mg/m3
25 %
3,2
CO (8 n-uaire an chloig)
1,0 mg/m3
10 %
2,0 mg/m3
20 %
4,9
Ózón (buaicshéasúr): neamhchinnteacht na luachanna 8 n-uaire an chloig
9,0 μg/m3
15 %
15,0 μg/m3
25 %
1,7
Ózón (meán 8 n-uaire an chloig)
16,5 μg/m3
15 %
27,5 μg/m3
25 %
2,2
(1) I gcás ina n-úsáidtear tomhais tháscacha chun críoch eile seachas measúnú ar chomhlíontacht, cuir i gcás, ach ní hamháin: dearadh an líonra faireacháin nó athbhreithniú air, calabrú agus bailíochtú na samhla, d’fhéadfadh sé gurb í an neamhchinnteacht arna suíomh i gcás feidhmchláir samhaltaithe an neamhchinnteacht atá i gceist.
Leasú 236 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn V – Roinn A – pointe 2 – mír 3
Tá feidhm ag na céatadáin le haghaidh neamhchinnteachta atá sna táblaí sa Roinn seo maidir le gach teorainnluach (agus maidir leis an spriocluach ózóin) a ríomhtar trí mheánú simplí tomhas aonair amhail luachanna an mheáin in aghaidh na huaire, an mheáin laethúil nó an mheáin bhliantúil, gan breithniú a dhéanamh ar an neamhchinnteacht bhreise maidir leis an líon sáruithe a ríomh. Déanfar an neamhchinnteacht a léirmhíniú mar ní is infheidhme i réigiún na dteorainnluachanna iomchuí (nó i réigiún an spriocluacha ózóin). Níl feidhm ag ríomh na neamhchinnteachta maidir le AOT40 agus le luachanna lena n-áirítear níos mó ná bliain amháin, níos mó ná stáisiún amháin (e.g. AEI) nó níos mó ná comhpháirt amháin. Níl feidhm acu freisin maidir le tairseacha faisnéise, tairseacha foláirimh agus leibhéil chriticiúla chun fásra agus éiceachórais nádúrtha a chosaint.
Tá feidhm ag na céatadáin le haghaidh neamhchinnteachta atá sna táblaí sa Roinn seo maidir le gach teorainnluach (agus maidir leis an spriocluach ózóin) a ríomhtar trí mheánú simplí tomhas aonair amhail luachanna an mheáin in aghaidh na huaire, an mheáin laethúil nó an mheáin bhliantúil, gan breithniú a dhéanamh ar an neamhchinnteacht bhreise maidir leis an líon sáruithe a ríomh. Ceadófar céatadáin maidir le héiginnteacht 30 % a bheith ag leibhéil faoi bhun 5 do PM2.5 agus 10 i gcás NO2. Déanfar an neamhchinnteacht a léirmhíniú mar ní is infheidhme i réigiún na dteorainnluachanna iomchuí (nó i réigiún an spriocluacha ózóin). Níl feidhm ag ríomh na neamhchinnteachta maidir le AOT40 agus le luachanna lena n-áirítear níos mó ná bliain amháin, níos mó ná stáisiún amháin (e.g. AEI) nó níos mó ná comhpháirt amháin. Níl feidhm acu freisin maidir le tairseacha faisnéise, tairseacha foláirimh agus leibhéil chriticiúla chun fásra agus éiceachórais nádúrtha a chosaint.
Leasú 237 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn V – Roinn A – pointe 2 – mír 9
I gcás ina n-úsáidtear samhail cáilíochta aeir chun measúnú a dhéanamh, tiomsófar tagairtí do thuairiscí ar an tsamhail agus faisnéis maidir le ríomh na hoibleagáide cáilíochta samhaltaithe.
I gcás ina n-úsáidtear samhail cáilíochta aeir chun measúnú a dhéanamh, tiomsófar tagairtí do thuairiscí ar an tsamhail, lena n-áirítear taifeach spásúil na samhla féin agus sonraí ionchuir foinse-shonracha agus faisnéis maidir le ríomh an chuspóra cáilíochta samhaltaithe.
Leasú 238 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn V – Roinn A – pointe 2 – mír 10
Ní rachaidh neamhchinnteacht an mheastacháin oibiachtúil thar an neamhchinnteacht maidir le tomhais tháscacha faoi níos mó ná an cóimheas uasta is infheidhme agus ní rachaidh sé thar 85 %. Sainítear an neamhchinnteacht maidir le meastachán oibiachtúil mar uasdiallas na leibhéal tiúchana tomhaiste agus ríofa, thar an tréimhse a breithníodh, leis an teorainnluach (nó an spriocluach ózóin), gan uainiú na dteagmhas a chur san áireamh.
scriosta
Leasú 307 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn V – Roinn AA (nua) – teideal
AA. Neamhchinnteacht tomhais agus samhaltú le haghaidh measúnú ar cháilíocht an aeir chomhthimpeallaigh (le haghaidh caighdeáin maidir le cáilíocht an aeir a bheidh le baint amach faoin 1 Eanáir 2030)
Leasú 308 Togra le haghaidh Treorach Iarscríbhinn V – Roinn AA (nua) – pointe 1 – tábla
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Truailleán aeir
Neamhchinnteacht uasta maidir le tomhais sheasta
Neamhchinnteacht uasta maidir le tomhais tháscacha (1)
Cóimheas uasta idir neamhchinnteacht maidir le samhaltú agus neamhchinnteacht maidir le tomhais sheasta
Luach absalóideach
Luach coibhneasta
Luach absalóideach
Luach coibhneasta
Cóimheas uasta
PM2.5
3,0 μg/ m3
30%
4,0 μg/m3
40%
1.7
PM10
4,0 μg/ m3
20%
6,0 μg/m3
Ar an 30%
1.3
NO2 / NOx
6,0 μg/ m3
30%
8,0 μg/m3
40%
1.4
Beinséin
0,75 μg/ m3
25%
1,2 μg/m3
35%
1.7
Luaidhe
0,125 μg/ m3
25%
0,175 μg/m3
35%
1.7
Arsanaic
2,4 ng/ m3
40%
3,0 ng/m3
50%
1.1
Caidmiam
2,0 ng/ m3
40%
2,5 ng/m3
50%
1.1
Nicil
8,0 ng/ m3
40%
10,0 ng/m3
50%
1.1
Beinsi[a]piréin
0,5 ng m3
50%
0,6 ng/m3
60%
1.1
(1) I gcás ina n-úsáidtear tomhais tháscacha chun críoch eile seachas measúnú ar chomhlíontacht, cuir i gcás, ach ní hamháin: dearadh nó athbhreithniú an líonra faireacháin, calabrú agus bailíochtú na samhla, d’fhéadfadh sé gurb í an neamhchinnteacht arna suíomh i gcás feidhmchláir samhaltaithe an neamhchinnteacht atá i gceist.
Leasú 309 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn V – Roinn AA (nua) – pointe 2 – tábla
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Truailleán aeir
Neamhchinnteacht uasta maidir le tomhais sheasta
Neamhchinnteacht uasta maidir le tomhais tháscacha (1)
Cóimheas uasta idir neamhchinnteacht maidir le samhaltú agus neamhchinnteacht maidir le tomhais sheasta
Luach absalóideach
Luach coibhneasta
Luach absalóideach
Luach coibhneasta
Cóimheas uasta
PM2.5 (24(in aghaidh na huaire)
6,3 μg/m3
25%
8,8 μg/m3
35%
2.5
PM10 (24 uair an chloig)
11,3 μg/m3
25%
22,5 μg/m3
50%
2.2
NO2 (laethúil)
7,5 μg/m3
15%
12,5 μg/m3
25%
3.2
NO2 (in aghaidh na huaire)
30 μg/m3
15%
50 μg/m3
25%
3.2
SO2 (laethúil)
7,5 μg/m3
15%
12,5 μg/m3
25%
3.2
SO2 (in aghaidh na huaire)
52,5 μg/m3
15%
87,5 μg/m3
25%
3.2
CO (24 uair an chloig)
0,6 mg/m3
15%
1,0 mg/m3
5%
3.2
CO (8 n-uaire an chloig)
1,0 mg/m3
10%
2,0 mg/m3
20%
4.9
Ózón (buaicshéasúr): neamhchinnteacht na luachanna 8 n-uaire an chloig
10,5 μg/m3
15%
17,5 μg/m3
5%
1.7
Ózón (meán 8 n-uaire an chloig)
18 μg/m3
15%
30 μg/m3
25%
2.2
(1) I gcás ina n-úsáidtear tomhais tháscacha chun críoch eile seachas measúnú ar chomhlíontacht, cuir i gcás, ach ní hamháin: dearadh an líonra faireacháin nó athbhreithniú air, calabrú agus bailíochtú na samhla, d’fhéadfadh sé gurb í an neamhchinnteacht arna suíomh i gcás feidhmchláir samhaltaithe an neamhchinnteacht atá i gceist.
Leasú 239 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn V – Roinn B – mír 3
I gcásanna eile, tá na tomhais le dáileadh go cothrom thar an mbliain féilire (nó thar an tréimhse ó mhí Aibreáin go mí Mheán Fómhair le haghaidh tomhais tháscacha ar O3). Chun na ceanglais sin a chomhlíonadh agus chun a áirithiú nach gcuirfear torthaí as a riocht mar gheall ar chaillteanas sonraí a d’fhéadfadh a bheith ann, comhlíonfar na ceanglais maidir le cumhdach sonraí íosta le haghaidh tréimhsí sonracha (ráithe, mí, lá i rith na seachtaine) den bhliain iomlán ag brath ar an truailleán agus ar mhodh/minicíocht an tomhais.
I gcásanna eile, tá na tomhais le dáileadh go cothrom thar an mbliain féilire (nó thar an tréimhse ó mhí Aibreáin go mí Mheán Fómhair le haghaidh tomhais tháscacha ar O3). Chun na ceanglais sin a chomhlíonadh agus chun a áirithiú nach gcuirfear torthaí as a riocht mar gheall ar chaillteanas sonraí a d’fhéadfadh a bheith ann, comhlíonfar na ceanglais maidir le cumhdach sonraí íosta agus le dáileadh le haghaidh tréimhsí sonracha (ráithe, mí, lá i rith na seachtaine) den bhliain iomlán ag brath ar an truailleán agus ar mhodh/minicíocht an tomhais.
Leasú 240 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn V – Roinn D – mír 1 – an chuid réamhráiteach
Tiomsófar an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh limistéir ina n-úsáidtear samhaltú cáilíochta aeir nó meastachán oibiachtúil:
Tiomsófar an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh limistéir ina n-úsáidtear samhaltú cáilíochta aeir:
Leasú 241 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn V – Roinn D – mír 1 – pointe c a (nua)
(ca) easpa sonraí nó faisnéise a breathnaíodh ó phointí samplála sonracha,
Leasú 242 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn V – Roinn D – mír 1 – pointe e a (nua)
(ea) maidir le tomhais ó stáisiúin trasteorann, meastachán ar thruailliú trasteorann a bhaineann le Ballstát eile nó le tríú tír;
Leasú 243 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn V – Roinn F – pointe 1 a (nua)
1a. Soláthróidh an Coimisiún treoir shoiléir agus ceanglais shoiléire maidir le samhlacha cáilíochta aeir a úsáid, d’fhonn oibriú i dtreo an chomhchuibhithe.
Leasú 244 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn VI – Roinn B – pointe 2
2. Féadfaidh an Coimisiún ceangal a chur ar na Ballstáit tuarascáil a ullmhú agus a chur faoina bhráid maidir leis an léiriú coibhéise i gcomhréir le pointe 1.
2. Ceanglóidh an Coimisiún ar na Ballstáit tuarascáil a ullmhú agus a chur faoina bhráid maidir leis an léiriú coibhéise i gcomhréir le pointe 1.
Leasú 245 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn VII – Roinn 1 – pointe A – mír 1
Is iad príomhchuspóirí na dtomhas sin a áirithiú go gcuirfear faisnéis leordhóthanach ar fáil maidir le leibhéil ar chúlsuíomhanna uirbeacha agus ar chúlsuíomhanna tuaithe. Tá an fhaisnéis sin fíor-riachtanach chun na leibhéil mhéadaithe a bhreithniú i gceantair níos truaillithe (ar nós cúlsuíomhanna uirbeacha, suíomhanna a bhaineann le tionscal, suíomhanna a bhaineann le trácht), measúnú a dhéanamh ar an rannchuidiú féideartha ó iompar fadraoin truailleán, tacú le hanailís ar chionroinnt foinsí agus chun tuiscint a fháil ar thruailleáin shonracha amhail ábhar cáithníneach. Tá sé fíor-riachtanach freisin maidir leis an úsáid mhéadaithe a bhaintear as samhaltú i gceantair uirbeacha.
Is iad príomhchuspóirí na dtomhas sin a áirithiú go gcuirfear faisnéis leordhóthanach ar fáil maidir le leibhéil ar chúlsuíomhanna uirbeacha agus ar chúlsuíomhanna tuaithe. Tá an fhaisnéis sin fíor-riachtanach chun na leibhéil mhéadaithe a bhreithniú i gceantair níos truaillithe (amhail cúlsuíomhanna uirbeacha, teophointí truaillithe aeir, suíomhanna a bhaineann le tionscal agus suíomhanna a bhaineann le trácht), measúnú a dhéanamh ar an rannchuidiú féideartha ó iompar fadraoin truailleán, tacú le hanailís ar chionroinnt foinsí agus chun tuiscint a fháil ar thruailleáin shonracha amhail ábhar cáithníneach. Tá sí fíor-riachtanach freisin maidir leis an úsáid mhéadaithe a bhaintear as samhaltú i gceantair uirbeacha.
Leasú 246 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn VII – Roinn 1 – pointe C – mír 1
Déanfar tomhais ar chúlsuíomhanna uirbeacha agus ar chúlsuíomhanna tuaithe i gcomhréir le hIarscríbhinn IV.
Déanfar tomhais ar chúlsuíomhanna uirbeacha, ar theophointí truaillithe aeir agus ar chúlsuíomhanna tuaithe i gcomhréir le hIarscríbhinn IV.
Leasú 247 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn VII – Roinn 2 – pointe B – mír 1
Áireofar le tomhas na substaintí réamhtheachtaithe ózóin ocsaídí nítrigine (NO agus NO2) agus comhdhúile so-ghalaithe orgánacha (CSO) ar a laghad. Beidh roghnú na gcomhdhúl sonrach atá le tomhas, arna chomhlánú le comhdhúile spéise eile, ag brath ar an gcuspóir atá á shaothrú.
Áireofar le tomhas na substaintí réamhtheachtacha ózóin ocsaídí nítrigine (NO agus NO2), meatán (CH4) agus comhdhúile so-ghalaithe orgánacha (CSO) iomchuí eile ar a laghad. Beidh roghnú na gcomhdhúl sonrach atá le tomhas, arna chomhlánú le comhdhúile spéise eile, ag brath ar an gcuspóir atá á shaothrú.
Leasú 248 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn VII – Roinn 3 a (nua)
ROINN 3A – TOMHAS AR CHARBÓN DUBH (BC)
A. Cuspóirí
Is é is cuspóir do na tomhais sin a áirithiú go mbeidh faisnéis leordhóthanach ar fáil ag suíomhanna ina bhfuil tiúchain arda BC a mbíonn tionchar orthu den chuid is mó ag foinsí iompair aeir, uisce nó bóthair (amhail aerfoirt, calafoirt nó bóithre), láithreáin tionscail nó téamh baile. Beidh an fhaisnéis iomchuí chun breithniú a dhéanamh ar leibhéil mhéadaithe de thiúchain BC ó na foinsí sin.
B. Substaintí
BC
C. Lonnú
Bunófar pointí samplála i gcomhréir le hIarscríbhinní IV agus V ag suíomh inar dócha go mbeidh tiúchain arda BC, agus ag suíomhanna atá laistigh de phríomhthreo na gaoithe.
Leasú 249 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn VII – Roinn 3 b (nua)
ROINN 3B – TOMHAS AR AMÓINIA (NH3)
A. Cuspóirí
Is é is cuspóir do na tomhais sin a áirithiú go mbeidh faisnéis leordhóthanach ar fáil ag suíomhanna ina bhfuil tiúchain arda NH3 a mbíonn tionchar orthu den chuid is mó ag foinsí talmhaíochta agus feirmeoireachta ainmhithe (amhail páirceanna agus féarthalamh ar a gcuirtear leasachán, stáblaí agus stóráil aoiligh). Beidh an fhaisnéis iomchuí chun breithniú a dhéanamh ar leibhéil mhéadaithe de thiúchain NH3 ó na foinsí sin.
B. Substaintí
NH3
C. Lonnú
Bunófar pointí samplála i gcomhréir le hIarscríbhinní IV agus V ag suíomh inar dócha go mbeidh tiúchain arda NH3, agus ag suíomhanna atá laistigh de phríomhthreo na gaoithe.
Leasú 250 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn VII – Roinn 3 c (nua)
ROINN 3C – TOMHAS AR MHEARCAIR
A. Cuspóirí
Is é is cuspóir do na tomhais sin a áirithiú go mbeidh faisnéis leordhóthanach ar fáil ag suíomhanna ina bhfuil tiúchain arda mearcair a mbíonn tionchar orthu den chuid is mó ag foinsí táirgthe fuinnimh agus tionscail. Beidh an fhaisnéis iomchuí chun breithniú a dhéanamh ar leibhéil mhéadaithe de thiúchain mhearcair ó na foinsí sin.
B. SUBSTAINTÍ
Mearcair
C. Lonnú
Bunófar pointí samplála i gcomhréir le hIarscríbhinní IV agus V ag suíomh inar dócha go mbeidh tiúchain arda mhearcair, agus ag suíomhanna atá laistigh de phríomhthreo na gaoithe.
Leasú 251 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn VIII – teideal
Faisnéis le háireamh sna pleananna cáilíochta aeir chun feabhas a chur ar cháilíocht an aeir chomhthimpeallaigh
Faisnéis le háireamh sna pleananna cáilíochta aeir agus sna treochláir cáilíochta aeir chun feabhas a chur ar cháilíocht an aeir chomhthimpeallaigh
Leasú 252 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn VIII – Roinn A – pointe 2 – pointe a
(a) cineál limistéir (uirbeach, tionsclaíoch nó tuaithe) nó saintréithe an aonaid chríochaigh NUTS 1 (lena n-áirítear limistéir uirbeacha, thionsclaíocha nó thuaithe);
(a) cineál limistéir (ceantar uirbeach, ceantar tionsclaíoch, teophointe truaillithe aeir nó ceantar tuaithe) nó saintréithe an aonaid chríochaigh NUTS 2 (lena n-áirítear ceantar uirbeach, ceantar tionsclaíoch, teophointe truaillithe aeir nó ceantar tuaithe);
Leasú 253 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn VIII – Roinn A – pointe 2 – pointe c
(c) leibhéil tiúchana nó táscaire meánteagmhála an truailleáin ábhartha a breathnaíodh ar a laghad 5 bliana roimh an sárú;
(c) leibhéil tiúchana nó táscaire meánteagmhála an truailleáin ábhartha a breathnaíodh ar a laghad 5 bliana roimh an sárú agus comparáid le teorainnluachanna nó leis an oibleagáid maidir le laghdú meánteagmhála agus leis an cuspóir maidir le tiúchan meánteagmhála;
Leasú 254 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn VIII – Roinn A – pointe 3 – mír 1
Ainmneacha agus seoltaí na n-údarás inniúil atá freagrach as forbairt agus cur chun feidhme pleananna cáilíochta aeir.
Ainmneacha agus seoltaí na n-údarás inniúil atá freagrach as forbairt agus cur chun feidhme pleananna cáilíochta aeir nó treochlár cáilíochta aeir.
Leasú 255 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn VIII – Roinn A – pointe 3 a (nua)
3a. Measúnú ar na tionchair ar an gcomhshaol agus ar éifeachtaí ar an tsláinte
(a) tiúchain agus sáruithe a taifeadadh sna blianta roimhe sin, roimh thús chur chun feidhme an phlean cáilíochta aeir, an phlean cáilíochta aeir nuashonraithe nó an treochláir cáilíochta aeir;
(b) i gcás plean cáilíochta aeir nuashonraithe, tiúchain agus sáruithe a taifeadadh ó thús chur chun feidhme na mbeart a leagtar amach sa phlean cáilíochta aeir nuashonraithe;
(c) measúnú ar na tionchair ar an gcomhshaol agus ar éifeachtaí ar an tsláinte a bhaineann le nochtadh an daonra do thiúchain thomhaiste, lena n-áirítear measúnú ar bhásmhaireacht agus ar ghalracht de bharr éifeachtaí sláinte géara agus ainsealacha ar an bpobal i gcoitinne, ar ghrúpaí daonra íogaire agus ar ghrúpaí leochaileacha araon;
(d) Modhanna a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar na tionchair ar an gcomhshaol, ar nochtadh agus ar éifeachtaí ar an tsláinte.
Maidir lena measúnú, déanfar na Ballstáit a threorú leis na feidhmeanna freagartha tiúchana (C-R) arna sainiú ag EDS a nascann tiúchain truailleán san aer comhthimpeallach le rioscaí mortlaíochta nó éifeachtaí díobhálacha eile ar an tsláinte (Rioscaí sláinte a bhaineann le truailliú aeir san Eoraip – tionscadal HRAPIE), chomh maith leis na tiúchain fhrithfhíorasacha ar os a gcionn a mheastar na tionchair ar an tsláinte (‘ scoithphointí’).
Leasú 256 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn VIII – Roinn A – pointe 4 – pointe a
(a) liosta na bpríomhfhoinsí astaíochtaí is cúis leis an truailliú;
(a) liosta de na príomhfhoinsí astaíochtaí agus, i gcás inar féidir, de na heintitis shonracha is cúis leis an truailliú;
Leasú 257 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn VIII – Roinn A – pointe 4 – pointe b
(b) cainníocht iomlán na n-astaíochtaí ó na foinsí sin (i dtonaí in aghaidh na bliana);
(b) cainníocht iomlán na n-astaíochtaí ó na foinsí sin agus, i gcás inar féidir, na n-eintiteas sonrach (i dtonaí in aghaidh na bliana);
Leasú 258 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn VIII – Roinn A – pointe 4 – pointe d
(d) cionroinnt foinsí de réir earnálacha ábhartha a bhfuil tionchar acu ar an sárú sa chlár náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir.
(d) cionroinnt foinsí de réir earnálacha ábhartha agus, i gcás inar féidir, cionroinnt de réir eintitis shonracha, a bhfuil tionchar acu ar an sárú sa chlár náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir.
Leasú 259 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn VIII – Roinn A – pointe 4 a (nua)
4a. Bearta éifeachtacha laghdaithe truaillithe a shainaithint
(a) faisnéis faoi gach beart laghdaithe truaillithe aeir a d’fhéadfaí a ghlacadh ar an leibhéal iomchuí áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta chun rannchuidiú le cuspóirí cáilíochta aeir a bhaint amach agus an éifeacht mheasta a bheidh acu ar thruailliú aeir a laghdú i gcás gach truailleáin aeir, lena n-áirítear ar a laghad na bearta laghdaithe truaillithe a liostaítear faoi Phointe B;
(b) measúnú ar an acmhainneacht astaíochtaí a laghdú agus ar an tionchar réamh-mheasta ar thiúchain a laghdú a eascraíonn as cur chun feidhme gach ceann de na bearta laghdaithe truaillithe a d’fhéadfadh a bheith ann arna sainaithint, tionchair aonair agus tionchair chomhcheangailte araon, lena n-áirítear an modh anailíse agus na neamhchinnteachtaí gaolmhara i gcomhréir leis an modheolaíocht dá dtagraítear i bPointe Ba.
Leasú 260 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn VIII – Roinn A – pointe 4 b (nua)
4b. Cás bunlíne
(a) tuairisc ar na bearta laghdaithe truaillithe aeir atá ann cheana ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus idirnáisiúnta, lena n-áirítear faisnéis atá cothrom le dáta maidir le stádas agus amchlár an chur chun feidhme;
(b) faisnéis maidir le stádas chur chun feidhme na dTreoracha dá dtagraítear i bPointe B, pointe 1, agus go háirithe bearta a áirítear sa Chlár Náisiúnta um Rialú ar Thruailliú Aeir (NAPCP);
(c) éifeachtaí breathnaithe na mbeart dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) chun aghaidh a thabhairt ar na tosca is cúis leis an sárú (laghduithe astaíochtaí a baineadh amach agus laghduithe tiúchana gaolmhara);
(d) forbairt bhreise réamh-mheasta ar cháilíocht an aeir, idir astaíochtaí agus tiúchain, ag glacadh leis nach ndéanfar aon athrú ar bhearta a glacadh cheana (‘cás bunlíne’), lena gcumhdófar na blianta go léir go dtí an dáta gnóthachtála;
(e) meastachán ar na héifeachtaí ar an tsláinte a bhaineann le nochtadh an daonra do thruailliú aeir sa chás bunlíne;
(f) tuairisc ar an modh anailíse do na réamh-mheastacháin agus ar na neamhchinnteachtaí gaolmhara i gcomhréir leis an modheolaíocht dá dtagraítear i bPointe Ba.
Leasú 261 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn VIII – Roinn A – pointe 5 – an chuid réamhráiteach
5. Tionchar measta na mbeart chun comhlíontacht a bhaint amach laistigh de 3 bliana tar éis an plean cáilíochta aeir a ghlacadh
5. Tionchar measta na mbeart chun comhlíontacht a bhaint amach a luaithe is féidir agus, ar a dhéanaí, laistigh de 3 bliana tar éis dheireadh na bliana féilire inar taifeadadh an chéad sárú lena linn
Leasú 262 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn VIII – Roinn A – pointe 5 – pointe b
(b) bliain mheasta chomhlíontachta in aghaidh an truailleáin aeir a chumhdaítear leis an bplean cáilíochta aeir agus na bearta dá dtagraítear i bpointe 6 á gcur san áireamh.
(b) conair tháscach i dtreo comhlíontachta agus bliain mheasta chomhlíontachta in aghaidh an truailleáin aeir a chumhdaítear leis an treochlár cáilíochta aeir nó leis an bplean cáilíochta aeir agus na bearta dá dtagraítear i bpointe 6 á gcur san áireamh.
Leasú 263 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn VIII – Roinn A – pointe 5 – pointe b a (nua)
(ba) maidir le treochláir cáilíochta aeir faoi Airteagal 19(-1) agus pleananna cáilíochta aeir faoi Airteagal 19(1), d’fhonn a áirithiú go gcoinneofar an tréimhse sáraithe chomh gearr agus is féidir, cúiseanna mionsonraithe chun míniú a thabhairt ar an gcaoi a leagtar amach na bearta dá dtagraítear i bpointe 4a den Phointe seo sa phlean, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
(i) i gcás ina mbeidh an dáta tosaigh chun beart a chur chun feidhme níos déanaí ná 6 mhí ó dháta glactha an phlean cáilíochta aeir nó an treochláir cáilíochta aeir, míniú ar na cúiseanna nach féidir dáta tosaigh níos luaithe a bheith ann;
(ii) i gcás inar sainaithníodh san anailís de bhun phointe 4a bearta a mbeadh tionchair níos mó acu maidir le cáilíocht an aeir a fheabhsú, ach nár roghnaíodh iad lena nglacadh, míniú ar na cúiseanna a mheastar nach bhfuil sé indéanta na bearta sin a ghlacadh.
Leasú 264 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn VIII – Roinn A – pointe 6 – pointe -a (nua)
(-a) athbhreithniú ar bhearta laghdaithe truaillithe dá dtagraítear i bpointe 4a den Phointe seo agus an éifeacht mheasta a bheidh acu ar thruailliú aeir a laghdú i gcás gach truailleáin aeir, lena n-áirítear ar a laghad na bearta a liostaítear faoi Phointe B;
Leasú 265 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn VIII – Roinn A – pointe 6 – pointe a
(a) liostú na mbeart uile a leagtar amach sa phlean cáilíochta aeir agus tuairisc orthu, lena n-áirítear sainaithint an údaráis inniúil atá i gceannas ar a gcur chun feidhme;
(a) liostú na mbeart uile a leagtar amach sa phlean cáilíochta aeir nó sa treochlár cáilíochta aeir agus tuairisc orthu, agus an t-údar atá leis na bearta sin maidir leis an bhfoinse sáraithe, a n-éifeachtacht, a n-éifeachtúlacht agus a n-infhaighteacht le himeacht ama, lena n-áirítear sainaithint an údaráis inniúil atá i gceannas ar a gcur chun feidhme;
Leasú 266 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn VIII – Roinn A – pointe 6 – pointe b
(b) cainníochtú an laghdaithe ar astaíochtaí (i dtonaí in aghaidh na bliana) a bhaineann le gach beart faoi phointe (a);
(b) cainníochtú an laghdaithe ar astaíochtaí (i dtonaí in aghaidh na bliana), de réir foinse agus, i gcás inar féidir, de réir na n-eintiteas sonrach, a bhaineann le gach beart, bearta aonair agus bearta comhcheangailte araon, faoi phointe (a);
Leasú 267 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn VIII – Roinn A – pointe 6 – pointe c
(c) amchlár cur chun feidhme gach birt agus gníomhaithe freagracha;
(c) amchlár cur chun feidhme gach birt agus sainaithint, i gcás inar féidir, na n-eintiteas sonrach a bhfuil oibleagáidí orthu a eascraíonn as na bearta a leagtar amach sa phlean cáilíochta aeir nó sa treochlár cáilíochta aeir, agus tuairisc ar na hoibleagáidí sin agus ar a dtionchair eacnamaíocha agus shóisialta;
Leasú 268 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn VIII – Roinn A – pointe 6 – pointe d
(d) meastachán ar an laghdú tiúchana mar iarmhairt ar gach beart cáilíochta aeir, i ndáil leis an sárú lena mbaineann;
(d) meastachán ar an laghdú tiúchana i ndáil leis an sárú lena mbaineann, mar thoradh ar gach beart maidir le cáilíocht an aeir, bearta aonair agus bearta comhcheangailte araon, faoi phointe (a);
Leasú 269 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn VIII – Roinn A – pointe 7 – pointe d
(d) liostú na mbeart breise uile agus tuairisc orthu, ar bearta iad a dtagann a dtionchar iomlán ar thiúchain de thruailleán aeir chomhthimpeallaigh chun cinn laistigh de 3 bliana nó níos mó.
(d) liostú na mbeart breise uile agus tuairisc orthu, an t-údar atá leo agus an tionchar socheacnamaíoch atá acu gach beart breise, ar bearta iad a dtagann a dtionchar iomlán ar thiúchain truailleán aeir chomhthimpeallaigh laistigh de 3 bliana nó níos mó.
Leasú 270 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn VIII – Roinn A – pointe 7 a (nua)
7a. Iarscríbhinn 2a: Achoimre ar na bearta faisnéise poiblí agus ar na bearta comhairliúcháin a rinneadh de bhun Airteagal 19(6), a dtorthaí agus míniú ar an gcaoi ar cuireadh na torthaí sin san áireamh sa phlean cáilíochta aeir deiridh nó sa treochlár cáilíochta aeir deiridh.
Leasú 271 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn VIII – Roinn B – pointe 2 – an chuid réamhráiteach
2. Faisnéis maidir le gach beart laghdaithe truaillithe aeir a breithníodh ar leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta lena chur chun feidhme i dtaca le baint amach cuspóirí cáilíochta aeir, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
2. Agus pleananna cáilíochta aeir nó treochláir cáilíochta aeir á n-ullmhú acu, breithneoidh na Ballstáit na bearta laghdaithe truaillithe aeir seo a leanas ar a laghad ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta don chur chun feidhme i dtaca leis na cuspóirí cáilíochta aeir a bhaint amach, lena n-áirítear:
Leasú 272 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn VIII – Roinn B – pointe 2 – pointe d
(c) soláthar feithiclí bóthair, breoslaí agus trealamh dócháin astaíochtaí nialasacha a dhéanann údaráis phoiblí, i gcomhréir leis an lámhleabhar maidir le soláthar comhshaoil poiblí, chun astaíochtaí a laghdú;
(c) soláthar breoslaí, trealaimh dócháin chun astaíochtaí a laghdú agus feithiclí astaíochtaí nialasacha ag údaráis phoiblí, i gcomhréir leis an lámhleabhar maidir le soláthar poiblí glas, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (m), de Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a;
___________
1a Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 (IO L 111, 25.4.2019, lch. 13).
Leasú 273 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn VIII – Roinn B – pointe 2 – pointe c a (nua)
(ca) laghdú ar astaíochtaí trí ghlacadh feithiclí astaíochtaí nialasacha agus feithiclí astaíochtaí ísle le haghaidh iompar comhchoiteann agus iompar poiblí agus/nó feithiclí atá feistithe le réitigh dhigiteacha nua-aimseartha a dhéanann difear do laghdú astaíochtaí;
Leasú 274 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn VIII – Roinn B – pointe 2 – pointe c b (nua)
(cb) bearta chun cáilíocht, éifeachtúlacht, inacmhainneacht agus nascacht an iompair chomhchoitinn agus an iompair phoiblí a fheabhsú;
Leasú 275 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn VIII – Roinn B – pointe 2 – pointe c c (nua)
(cc) bearta a bhaineann le glacadh agus cur chun feidhme bonneagair breoslaí malartacha;
Leasú 276 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn VIII – Roinn B – pointe 2 – pointe d
(d) Bearta chun astaíochtaí iompair a theorannú trí phleanáil agus bainistiú tráchta (lena n-áirítear praghsáil brú tráchta, táillí difreáilte páirceála nó dreasachtaí eacnamaíocha eile; scéimeanna maidir le srianta ar rochtain ar fheithiclí uirbeacha a bhunú, lena n-áirítear limistéir astaíochtaí ísle);
(d) bearta chun astaíochtaí iompair a theorannú trí phleanáil uirbeach agus bainistiú tráchta, lena n-áirítear ar a laghad:
(i) praghsáil brú tráchta, amhail dolú bóthair agus táillí d’úsáideoirí atá bunaithe ar mhíleáiste;
(ii) rogha na n-ábhar le haghaidh tógáil bóithre;
(iii) táillí páirceála ar thalamh poiblí nó dreasachtaí eacnamaíocha eile agus táillí difreáilte ar fheithiclí truaillithe agus ar fheithiclí astaíochtaí nialasacha;
(iv) scéimeanna maidir le srianta ar rochtain ar fheithiclí uirbeacha a bhunú, lena n-áirítear limistéir astaíochtaí ísle i gcomhréir leis an gcaighdeán Euro is déanaí, agus limistéir astaíochtaí nialasacha;
(v) comharsanachtaí ísealtráchta, ollbhloic agus comharsanachtaí atá saor ó ghluaisteáin a bhunú;
(vi) sráideanna atá saor ó ghluaisteáin a bhunú;
(vii) teorainneacha luais ísil a thabhairt isteach;
(viii) réitigh ‘an mhíle deiridh’ chun astaíochtaí nialasacha (sceite) a bhaint amach;
(ix) roinnt gluaisteán a chur chun cinn; (x) córais chliste iompair agus réitigh dhigiteacha a bhaineann le laghdú astaíochtaí a chur chun feidhme;
(xi) moil ilmhódacha a chruthú lena nascfar réitigh iompair inbhuanaithe éagsúla agus saoráidí páirceála;
Leasú 277 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn VIII – Roinn B – pointe 2 – pointe e
(e) bearta chun aistriú a spreagadh i dtreo cineálacha iompair ar lú an truailliú a bhaineann leo;
(e) bearta chun aistriú córa iompair i dtreo soghluaisteacht ghníomhach agus cineálacha iompair ar lú an truailliú a bhaineann leo a spreagadh (e.g. siúl, rothaíocht, iompar poiblí nó iarnród), lena n-áirítear ar a laghad:
(i) iompar poiblí a leictriú, an gréasán iompair phoiblí a neartú, costas iompair phoiblí do shaoránaigh a laghdú, agus rochtain agus úsáid a shimpliú, mar shampla trí áirithintí digiteacha idirnasctha agus trí fhaisnéis fíor-ama idirthurais;
(ii) idirmhódúlacht shocair a áirithiú don chomaitéireacht idir ceantair thuaithe agus uirbeacha, mar shampla idir iarnród agus rothaíocht, agus idir gluaisteáin agus iompar poiblí (scéimeanna páirceála agus taistil);
(iii) rothaíocht agus siúl a dhreasú, mar shampla trí spás a leathnú do rothaithe agus do choisithe, tosaíocht a thabhairt do rothaíocht agus siúl i bpleanáil bonneagair, gréasán na rotharbhealaí a leathnú, agus dreasachtaí fioscacha agus eacnamaíocha a atreorú i dtreo soghluaisteacht ghníomhach agus chomhroinnte, lena n-áirítear dreasachtaí chun bheith ag rothaíocht agus ag siúl chun na hoibre;
(iv) pleanáil do dhlúthchathracha;
(v) scéimeanna traipisithe do na feithiclí is truaillithí;
Leasú 278 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn VIII – Roinn B – pointe 2 – pointe g
(g) bearta chun a áirithiú go dtabharfar tús áite do bhreoslaí astaíochtaí ísle i bhfoinsí seasta beaga, meánmhéide agus móra agus i bhfoinsí soghluaiste;
(g) ceanglais maidir le húsáid na dteicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil chun astaíochtaí ó fhoinsí seasta beaga, meánmhéide agus móra agus i bhfoinsí soghluaiste a dhíothú nó, i gcás nach féidir iad a dhíothú, a laghdú a mhéid is féidir;
Leasú 279 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn VIII – Roinn B – pointe 2 – pointe h a (nua)
(ha) bearta chun truailliú aeir a laghdú ag teophointí truaillithe aeir, lena n-áirítear i gcalafoirt agus i gcathracha calafoirt, agus ceanglais shonracha a bhunú maidir le longa agus báid i mbeart agus trácht calafoirt, agus dlús á chur le soláthar cumhachta ar tír agus le leictriú long agus innealra oibre calafoirt;
Leasú 280 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn VIII – Roinn B – pointe 2 – pointe h b (nua)
(hb) astaíochtaí ó iompar de bhóthar, ó mhuiriompar agus ó aeriompar a laghdú trí bhreoslaí malartacha a úsáid agus bonneagar breoslaí malartacha a imscaradh, chomh maith le dreasachtaí eacnamaíocha a úsáid chun dlús a chur lena nglacadh;
Leasú 281 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn VIII – Roinn B – pointe 2 – pointe h c (nua)
(hc) bearta chun astaíochtaí ón talmhaíocht agus ón bhforaoiseacht a laghdú;
Leasú 282 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn VIII – Roinn B – pointe 2 – pointe i
(i) bearta chun sláinte na leanaí nó sláinte grúpaí daonra íogaire eile a chosaint.
(i) bearta chun sláinte leanaí nó sláinte grúpaí daonra íogaire eile agus grúpaí leochaileacha eile a chosaint;
Leasú 283 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn VIII – Roinn B – pointe 2 – pointe i a (nua)
(ia) bearta a dhéanann údaráis sláinte chun athruithe iompraíochta a spreagadh.
Leasú 284 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn VIII – Roinn B a (nua)
Ba. Treoir agus íoscheanglais chun anailís a dhéanamh ar an tionchar réamh-mheasta a bheidh ag pleananna cáilíochta aeir nó ag treochláir cáilíochta aeir agus ag bearta laghdaithe truaillithe
1. Beidh na Ballstáit ag brath ar mhodhanna oibiachtúla agus eolaíocha chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar réamh-mheasta a bheidh ag pleananna cáilíochta aeir, ag treochláir cáilíochta aeir agus ag bearta laghdaithe truaillithe. I gcás ina mbeifear ag brath ar thionchair réamh-mheasta na mbeart laghdaithe truaillithe chun comhlíonadh na gcuspóirí cáilíochta aeir a bhaint amach, beidh leibhéal íseal neamhchinnteachta ag baint leis na réamh-mheastacháin sin.
2. Beidh dóthain faisnéise sna pleananna cáilíochta aeir nó sna treochláir cáilíochta aeir, ar faisnéis í a bheidh mionsonraithe go leor chun údar a thabhairt leis an measúnú tionchair, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
(a) tuairisc ar an modh a úsáidtear chun an fhorbairt ar cháilíocht an aeir a thuar;
(b) míniú ar an bhfuil na réamh-mheastacháin bunaithe ar shonraí oibiachtúla nó ar thoimhdí; agus nuair atáthar ag brath ar thoimhdí, anailís íogaireachta chun na cásanna is fearr, is dóchúla agus is measa a mhíniú;
(c) na doiciméid chúlra agus an fhaisnéis a úsáidtear don mheasúnú;
(d) measúnú ar thionchar aonair gach birt laghdaithe truaillithe aeir ar laghduithe astaíochtaí agus laghduithe tiúchana gaolmhara agus ar na toimhdí ábhartha;
(e) measúnú ar thionchar comhcheangailte na mbeart laghdaithe truaillithe aeir a áirítear sa phlean cáilíochta aeir nó sa treochlár cáilíochta aeir maidir le laghduithe astaíochtaí agus laghduithe tiúchana gaolmhara agus na toimhdí ábhartha.
3. Áireofar sa mheasúnú tionchair lamháil neamhchinnteachta na réamh-mheastachán, agus an lamháil muiníne maidir le tosca, amhail fíorastaíochtaí feithiclí nó sorn, nó an neamhchinnteacht faoi thionchar na mbeart deonach arb é is aidhm dóibh athruithe iompraíochta a chur chun cinn.
4. I gcomhréir leis an oibleagáid comhlíontacht a bhaint amach sa tréimhse ama is giorra is féidir, nuair a bheidh cásanna a bheidh ann amach anseo á samhaltú, aon uair a mhairfidh na réamh-mheastacháin níos faide ná 3 bliana, taispeánfar na torthaí do gach bliain den tréimhse réamh-mheasta.
5. Cuirfear cásanna íogaireachta san áireamh, lena ndéanfar cur síos ar na heatraimh mhuiníne uasta agus íosta i bhfianaise éagsúlachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann sna toimhdí éagsúla agus tuairisc ar na cásanna is fearr, is dóchúla agus is measa.
Leasú 285 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn VIII a (nua)
IARSCRÍBHINN VIIIa
BEARTA ÉIGEANDÁLA A D’FHÉADFAÍ A CHUR SAN ÁIREAMH SNA PLEANANNA GNÍOMHAÍOCHTA GEARRTHÉARMACHA A CHEANGLAÍTEAR FAOI AIRTEAGAL 20
1. Bearta atá le déanamh sa ghearrthéarma arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar na foinsí a chuireann leis an riosca go sárófaí na teorainnluachanna ábhartha, na spriocluachanna ábhartha nó an tairseach foláirimh ábhartha:
(a) srian a chur le cúrsaíocht feithiclí;
(b) iompar poiblí a bhfuil táille íseal i gceist leis nó atá saor ó tháillí;
(c) teorainneacha astaíochta níos déine a chur chun feidhme;
(d) oibríochtaí ag oibreacha foirgníochta a chur ar fionraí; (e) glanadh sráideanna; (f) socruithe solúbtha oibre;
(g) srianta tiomána a thabhairt isteach i suíomhanna ina gcruinníonn grúpaí daonra íogaire agus grúpaí leochaileacha.
3. Bearta réamhghníomhacha atá le déanamh chun faisnéis shonrach faoi thruailliú aeir, sláinte agus cosaint sláinte a sholáthar don phobal i gcoitinne agus do grúpaí daonra íogaire agus grúpaí leochaileacha araon, trí bhealaí cumarsáide atá inrochtana go héasca, ar líne nó as líne, a luaithe a réamh-mheastar sáruithe ar thairseacha faisnéise agus foláirimh agus ar theorainnluachanna agus spriocluachanna a bheith ann.
Leasú 286 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn IX – pointe 1 – pointe b
(b) tiúchain thomhaiste de gach truailleán a chuirtear i láthair de réir na dtréimhsí iomchuí mar a leagtar síos in Iarscríbhinn I;
(b) tiúchain thomhaiste de gach truailleán agus comparáid idir na tiúchain sin agus na huastiúchain is déanaí atá molta ag EDS, a chuirtear i láthair de réir na dtréimhsí iomchuí mar a leagtar síos in Iarscríbhinn I;
Leasú 287 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn IX – pointe 1 – pointe c – an chuid réamhráiteach
(c) faisnéis maidir le sárú/sáruithe breathnaithe ar aon teorainnluach, spriocluach ózóin, agus oibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála, lena n-áirítear ar a laghad an méid seo a leanas:
(c) faisnéis maidir le sárú/sáruithe breathnaithe ar aon teorainnluach, spriocluach ózóin, tairseach faisnéise, tairseach foláirimh, agus oibleagáid maidir le laghdú meánteagmhála, lena n-áirítear ar a laghad an méid seo a leanas:
Leasú 288 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn IX – pointe 1 – pointe d – pointe i
(i) tionchar sláinte an truaillithe aeir ar an bpobal i gcoitinne,
(i) na tionchair ar an tsláinte a bhíonn ag truailliú aeir, agus go sonrach ag gach truailleán arna thomhas faoin Treoir seo, ar an bpobal i gcoitinne,
Leasú 289 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn IX – pointe 1 – pointe d – pointe ii
(ii) tionchar sláinte an truaillithe aeir ar ghrúpaí leochaileacha,
(ii) na tionchair ar an tsláinte a bhíonn ag truailliú aeir, agus go sonrach ag gach truailleán arna thomhas faoin Treoir seo, ar ghrúpaí leochaileacha,
Leasú 290 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn IX – pointe 1 – pointe d – pointe iv
(iv) na réamhchúraimí a mholtar a dhéanamh,
(iv) na réamhchúraimí a mholtar le déanamh, arna miondealú de réir réamhchúraimí atá le déanamh ag an bpobal i gcoitinne agus ag grúpaí daonra íogaire agus grúpaí leochaileacha, agus gníomhaíochtaí chun na siomptóim a mhaolú a luaithe a nochtfar iad,
Leasú 291 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn IX – pointe 2 – pointe d
(d) faisnéis maidir le gníomhaíocht choisctheach chun truailliú agus/nó teagmháil leis a laghdú: léiriú na bpríomhearnálacha foinseacha; moltaí maidir le gníomhaíocht chun astaíochtaí a laghdú;
(d) faisnéis faoi bhearta gearrthéarmacha agus gníomhaíochtaí coisctheacha chun truailliú agus/nó teagmháil leis a laghdú: léiriú ar na príomhearnálacha foinseacha; moltaí maidir le gníomhaíocht chun astaíochtaí a laghdú agus teorainneacha le teagmháil;
Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0233/2023).