Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2021/0205(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0199/2022

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0199/2022

Díospóireachtaí :

PV 07/07/2022 - 4
CRE 07/07/2022 - 4
PV 12/09/2023 - 21
CRE 12/09/2023 - 21

Vótaí :

PV 07/07/2022 - 9.7
CRE 07/07/2022 - 9.7
Mínithe ar vótaí
PV 13/09/2023 - 7.9
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2022)0297
P9_TA(2023)0319

Téacsanna atá glactha
PDF 119kWORD 56k
Dé Céadaoin, 13 Meán Fómhair 2023 - Strasbourg
Breoslaí eitlíochta inbhuanaithe (Tionscnamh Eitlíochta ReFuelEU)
P9_TA(2023)0319A9-0199/2022
Rún
 Téacs

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2023 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cothrom iomaíochta a áirithiú le haghaidh aeriompar inbhuanaithe (COM(2021)0561 – C9-0332/2021 – 2021/0205(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0561),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 100(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0332/2021),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 20 Deireadh Fómhair 2021(1),

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 16 Meitheamh 2023 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia agus ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A9-0199/2022),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 105, 4.3.2022, lch. 134.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Meán Fómhair 2023 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2023/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cothrom na Féinne a áirithiú le haghaidh aeriompar inbhuanaithe (ReFuelEU Aviation)
P9_TC1-COD(2021)0205

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2023/2405)

An nuashonrú is déanaí: 19 Nollaig 2023Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais