Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
Na doiciméid roghnaithe :

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0000/2023

Díospóireachtaí :

Vótaí :

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2023)0329

Téacsanna atá glactha
PDF 161kWORD 55k
Déardaoin, 14 Meán Fómhair 2023 - Strasbourg
Earnáil Eorpach na leabhar amach anseo
P9_TA(2023)0329

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Meán Fómhair 2023 maidir le hearnáil Eorpach na leabhar amach anseo (2023/2053(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagal 167 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas an 13 Nollaig 2006,

–  ag féachaint do Chonradh Marrakech maidir le Rochtain ar Shaothair Fhoilsithe a Éascú do Dhaoine Dalla, do Dhaoine Lagamhairc nó Dóibh Siúd atá faoi Mhíchumas Léitheoireachta Cló ar Bhealach Eile an 27 Meitheamh 2013,

–  ag féachaint do Threoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le gnéithe áirithe de chóipcheart agus de chearta gaolmhara a chomhchuibhiú sa tsochaí faisnéise(1).

–  ag féachaint do Threoir 2001/84/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 2001 maidir leis an gceart athdhíola ar mhaithe le húdar bunsaothair ealaíne(2).

–  ag féachaint do Threoir 2006/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir leis an gceart cíosa agus ceart iasachta agus maidir le cearta áirithe a bhaineann le cóipcheart i réimse na maoine intleachtúla(3),

–  ag féachaint do Threoir 2012/28/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le húsáidí ceadaithe áirithe de shaothair dhílleachtacha(4),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1563 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2017 maidir leis an malartú trasteorann idir an tAontas agus tríú tíortha de chóipeanna i bhformáid inrochtana de shaothair áirithe agus ábhar eile atá cosanta le cóipcheart agus cearta gaolmhara chun leasa daoine dalla, daoine lagamhairc nó daoine atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar aon bhealach eile(5),

–  ag féachaint do Threoir (AE) 2017/1564 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2017 maidir le húsáidí ceadaithe áirithe de shaothair áirithe agus ábhar eile atá cosanta le cóipcheart agus le cearta gaolmhara chun leasa daoine dalla, daoine lagamhairc nó daoine atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar bhealach eile agus lena leasaítear Treoir 2001/29/CE maidir le comhchuibhiú gnéithe áirithe den chóipcheart agus cearta gaolmhara sa tsochaí faisnéise(6),

–  ag féachaint do Threoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí(7),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1128 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le hinaistritheacht trasteorann seirbhísí ábhair ar líne sa mhargadh inmheánach(8),

–  ag féachaint do Threoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE(9),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013(10),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2021 go 2027) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013(11),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (an Ionstraim um Margaí Digiteacha)(12),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha)(13),

–  ag féachaint don Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh,

–  ag féachaint do rún uaithi an 19 Bealtaine 2021 maidir leis an intleacht shaorga san oideachas, sa chultúr agus san earnáil chlosamhairc(14),

–  ag féachaint do rún uaithi an 5 Bealtaine 2010 maidir le ‘Europeana – na chéad chéimeanna eile’(15),

–  ag féachaint don rún uaithi an 27 Meán Fómhair 2007 maidir le ‘i2010: i dtreo leabharlann dhigiteach Eorpach’(16),

–  ag féachaint do rún ón gComhairle an 12 Feabhra 2001 maidir le córais náisiúnta praghsanna seasta leabhar a chur i bhfeidhm(17),

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas (A9-0257/2023),

A.  de bhrí go bhfuil ról fíor-riachtanach ag leabhair inár sochaithe, mar fhoinse luachmhar eolais, oideachais, chultúir, faisnéise agus shiamsaíochta agus mar mhodh ríthábhachtach chun luachanna, éagsúlacht chultúrtha agus teanga agus oidhreacht chultúrtha an Aontais a chaomhnú agus a scaipeadh;

B.  de bhrí go bhfeabhsaítear stór focal agus scileanna teanga le leabhair, rud a chuidíonn le daoine smaointe casta a thuiscint agus a chur in iúl, chomh maith le smaointeoireacht chriticiúil, fiosracht, scileanna anailíse, rannpháirtíocht dhaonlathach agus cuimsiú sóisialta a chothú;

C.  de bhrí go bhfuil ról an-tábhachtach ag leabhair freisin i saol duine ó aois an-óg, trí rannchuidiú le forbairt chognaíoch, mhothúchánach agus shóisialta leanaí;

D.  de bhrí go bhfuil earnáil Eorpach na leabhar ar cheann de na tionscail chultúrtha agus chruthaitheacha is mó san Eoraip, agus thart ar 600 000 teideal á bhfoilsiú go bliantúil, agus go meastar go bhfostaíonn an slabhra luacha foriomlán níos mó ná leathmhilliún duine in AE

E.  de bhrí go mbraitheann slabhra luacha na hearnála leabhar ar fad ar an gcothromaíocht idir a ghníomhaithe éagsúla, amhail údair, foilsitheoirí, dáileoirí, clódóirí, aistritheoirí, díoltóirí leabhar, leabharlanna agus léitheoirí ar deireadh thiar; de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag gach gníomhaí agus go bhfuil tionchar diúltach ag aon bheart a imríonn tionchar diúltach ar cheann amháin acu ar an slabhra iomlán;

F.  de bhrí gurb iad na húdair foinse chruthaitheach na leabhar uile agus cnámh droma na hearnála;

G.  de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag foilsitheoirí Eorpacha, ar FBManna nó fiú micrifhiontair a bhformhór mór, maidir leis an éagsúlacht chultúrtha agus an tsaoirse go ráthófaí tuairimí a nochtadh, rud a fhágann gur féidir iolrachas guthanna a chloisteáil;

H.  de bhrí, chun leabhar a chruthú, go gceanglaítear ar fhoilsitheoirí infheistíochtaí fadtéarmacha comhsheasmhacha agus rioscúla a dhéanamh chun raon leathan saothar cruthaitheach a áirithiú;

I.  de bhrí go mbraitheann cumas earnáil Eorpach na leabhar raon leathan leabhar a sholáthar don phobal ar chreat cóipchirt éifeachtach lena gceadaítear do gach cuid den slabhra luacha an chruthaitheacht a chúiteamh agus infheistíocht a dhéanamh i leabhair nua;

J.  de bhrí go bhfuil ról fíor-riachtanach ag earnáil na leabhar maidir le saoirse cainte a chothú, rud nach féidir a fheidhmiú ach amháin trí shaoirse, neamhspleáchas, iolrachas eagarthóireachta agus freagracht údar a áirithiú laistigh de thionscal na foilsitheoireachta;

K.  de bhrí go bhfuil tionchar diúltach ag an tionchar agus ag an mbrú rialála a chuireann rialtais roinnt Ballstát ar earnáil na leabhar agus ar fheiniméan na féinchinsireachta ag údair ar an éagsúlacht chultúrtha agus ar an tsaoirse tuairimí a nochtadh, rud atá i gcoinbhleacht le luachanna AE;

L.  de bhrí gur roghanna ar leith atá ar fáil ar an margadh iad leabhair chlóite, ríomhleabhair agus closleabhair, agus go gcomhlánaíonn siad a chéile;

M.  de bhrí gurb ionann leabhair chlóite agus thart ar 85 %(18) de dhíolacháin leabhar i margadh na hEorpa, gurb iad léitheoirí óga go háirithe is fearr leo agus go bhfuil sé cruthaithe go bhfuil siad níos tairbhiúla d’fhorbairt leanaí;

N.  de bhrí go bhfónann siopaí leabhar agus leabharlanna, go háirithe laistigh de phobail áitiúla, mar thairseacha chun an léitheoireacht, an t-eolas agus an cultúr a chur chun cinn agus go bhfuil ról ríthábhachtach acu maidir le cuimsitheacht shóisialta agus dhigiteach a chothú;

O.  de bhrí gur chuir cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, an t-ardú dá dheasca sin ar chostais don earnáil, boilsciú ar luas agus géarchéim an pháipéir dúshláin shuntasacha d’earnáil na leabhar agus gur chuir siad bac ar a hiomaíochas;

P.  de bhrí go raibh tionchar suntasach ag paindéim COVID-19 ar earnáil Eorpach na leabhar, rud a d’fhág go raibh éifeachtaí éagsúla ann sna Ballstáit agus ar chodanna éagsúla den slabhra luacha; de bhrí gur léirigh an earnáil athléimneacht ina leith sin, go háirithe sna Ballstáit sin a thairg tacaíocht leormhaith agus spriocdhírithe;

Q.  de bhrí nach bhfuil go leor leabhar a fhoilsítear san Aontais ar fáil do léitheoirí Eorpacha, mar thoradh ar ilroinnt theangeolaíoch agus thíreolaíoch mhargadh an Aontais agus, go háirithe, easpa aistriúcháin ó theangacha seachas an Béarla, lena n-áirítear teangacha neamhfhorleathana;

R.  de bhrí go bhfuil meath seasta tagtha ar an léitheoireacht mar gheall ar an tóir atá ar na meáin shóisialta, ar ardáin dhigiteacha agus ar aipeanna, a tháinig in ionad léamh ar mhaithe le pléisiúr i mórán cásanna;

S.  de bhrí go bhfuil cion na leabhar a tháirgtear i bhformáidí atá inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas ag dul i méid de réir a chéile ach nach leor fós é;

T.  de bhrí go dtugann infhaighteacht leabhar digiteach deis chun feabhas a chur ar inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas, rud a éilíonn infheistíocht leormhaith i dtáirgeadh formáidí éagsúla agus i bhforbairt scileanna ábhartha;

U.  de bhrí go dtreisíonn an easpa idir-inoibritheachta idir formáidí ríomhleabhair seasamh na ngníomhaithe ceannasacha sa mhargadh agus srian á chur le rogha agus cosaint tomhaltóirí;

V.  de bhrí go bhfuil tionchar suntasach ag Brexit ar shlabhra soláthair mhargadh Eorpach na leabhar trí chur isteach ar allmhairí agus onnmhairí agus trí phraghsanna leabhar agus costais loingseoireachta agus custaim a mhéadú, rud a bhfuil tionchar diúltach aige ar scaipeadh inneachair Eorpaigh;

W.  de bhrí go raibh drochthionchar ag Brexit freisin ar fhorbairt scileanna a bhfuil géarghá leo san earnáil foilsitheoireachta trí mhalartuithe mac léinn idir an Ríocht Aontaithe, Éire agus tíortha Eorpacha eile, a laghdú i gcláir foilsitheoireachta a bhfuil ardmheas orthu;

X.  de bhrí go bhfuil sé níos deacra leabhair a tháirgeadh mar gheall ar an nganntanas páipéir agus dúigh atá ann faoi láthair;

Y.  de bhrí go bhfuil go leor leabhar do leanaí curtha i gcló san Áise mar thoradh ar acmhainneacht táirgeachta neamhleor san Eoraip;

Z.  de bhrí go gceanglófar leis an Rialachán maidir le Dífhoraoisiú(19) ar chlódóirí agus ar mhonaróirí páipéir sonraí a bhailiú agus a tharchur maidir le foinsí an adhmaid a úsáidtear chun páipéar a tháirgeadh le haghaidh leabhar, toisc nach féidir é sin a rianú a luaithe a dhéantar páipéar de;

AA.  de bhrí go bhfónann praghsanna seasta do leabhair i roinnt Ballstát mar ionstraim chun a mbeartais chultúrtha a choimirciú agus gur féidir leo cuidiú le hiolrachas eagarthóireachta, soláthar flúirseach leabhar agus líonra éagsúil áitiúil de dhíoltóirí leabhar neamhspleácha a áirithiú, go háirithe i bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar dhíolacháin ar líne;

An tábhacht shochaíoch a bhaineann le rochtain ar leabhair

1.  á iarraidh ar na Ballstáit go léir leabhair a aithint mar earraí bunriachtanacha agus bearta a ghlacadh ar an leibhéal náisiúnta chun léitheoireacht a chur chun cinn tuilleadh ó aois an-óg;

2.  á chur i bhfios go láidir gur gá cothromaíocht a bhaint amach in éiceachóras na leabhar trí róil shonracha na ngníomhaithe éagsúla sa slabhra luacha a choimirciú, amhail údair, foilsitheoirí, clódóirí, dáileoirí, aistritheoirí, díoltóirí leabhar agus leabharlanna;

3.  ag cur béim ar luach na leabhar mar uirlisí chun éagsúlacht a chur chun cinn agus cuimsiú grúpaí atá i mbaol imeallú sa tsochaí, go háirithe daoine nach bhfuil scileanna digiteacha acu, daoine faoi mhíchumas agus mionlaigh;

4.  á iarraidh ar na Ballstáit, i ndáil leis sin, an Ghníomh Eorpach Inrochtaineachta(20) a chur chun feidhme a luaithe is féidir agus bearta a ghlacadh chun a áirithiú go mbeidh leabhair ar fáil i bhformáidí inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas, ar mhaithe leis an gcuimsiú cultúrtha, sóisialta agus gairmiúil;

5.  á mheabhrú go bhfuil an Ionstraim Eorpach Inrochtaineachta fite fuaite le Conradh Marrakech, a trasuíodh i reachtaíocht AE trí Threoir (AE) 2017/1564 agus Rialachán (AE) 2017/1563, agus á chur i bhfios go láidir, dá bhrí sin, gur gá dúbailt agus iomaíocht éagórach a sheachaint agus leabhair á gcur ar fáil;

6.  á chur i bhfios go láidir, mar gheall ar an líon mór teideal atá ar fáil ar an margadh agus na dúshláin theicniúla a bhaineann le hinrochtaineacht, nach mbeidh gach ríomhleabhar inrochtana faoi 2025;

7.  á iarraidh ar na Ballstáit, dá bhrí sin, a áirithiú go gcuirfear acmhainní leormhaithe ar fáil chun freastal ar na costais arda, agus á mheabhrú gur gá na maoluithe a dheonaítear leis an Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht a urramú, go háirithe do mhionfhoilsitheoirí agus do mhicreafhoilsitheoirí, agus a áirithiú nach mbeidh raon laghdaithe leabhar atá ar fáil ar an margadh mar thoradh ar an gceanglas ríomhleabhair a dhéanamh inrochtana;

8.  á iarraidh ar na Ballstáit tacaíocht leormhaith airgeadais agus struchtúrach a sholáthar don earnáil, go háirithe do FBManna agus do mhicrifhiontair, agus taighde agus nuálaíocht atá tiomnaithe don inrochtaineacht á mhaoiniú;

9.  á iarraidh ar an gCoimisiún ina athbhreithniú meántéarma ar chlár Eoraip na Cruthaitheachta 2021-2027 spriocanna intomhaiste a thabhairt isteach maidir leis an gcaoi a n-úsáidtear cistiú chun feabhas a chur ar inrochtaineacht leabhar do dhaoine faoi mhíchumas;

Tacú le cúrsaíocht níos fearr leabhar Eorpach agus í a chur chun cinn

10.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an buiséad do chlár Eoraip na Cruthaitheachta do 2028-2034 a mhéadú, go háirithe trí níos mó cistí a thiomnú d’earnáil na leabhar, agus an tacaíocht don earnáil a leathnú trí chlár Fís Eorpach do 2028-2034;

11.  ag tathant ar na Ballstáit saothair éagsúla a bhfuil luach suntasach cultúrtha agus sochaíoch ag baint leo a chur chun cinn trí bhuiséad éadála leabharlanna a mhéadú ionas gur féidir leo raon a leabhar agus a mbailiúchán a leathnú agus freastal ar riachtanais a bpobal; ag tathant ar na Ballstáit, thairis sin, tacú le siopaí leabhar áitiúla agus acmhainneacht infheistíochta foilsitheoirí a choimirciú;

12.  á chur i bhfáth gur gá tacú le cruthú agus le haistriú leabhar Eorpach, go háirithe trí mhaoiniú poiblí a fheabhsú ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach chun cúrsaíocht, infheictheacht agus éagsúlacht na leabhar aistrithe a fheabhsú;

13.  á iarraidh, sa chomhthéacs sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit éagsúlacht chultúrtha a chur chun cinn trí thacú le leabhair a aistriú go teangacha réigiúnacha, mionlaigh agus neamhfhorleathana;

14.  á chur i bhfáth gur gá tacú leis an aistriúchán ar leabhair Eorpacha neamhfhicsin, go háirithe trí chlár Eoraip na Cruthaitheachta, nach gceadaíonn é sin faoi láthair;

15.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá soghluaisteacht agus malartuithe d’údair agus d’aistritheoirí chun a saothar cruthaitheach a éascú agus chun feabhas a chur ar na deiseanna atá acu taithí ghairmiúil nua a fháil thar lear;

16.  á chur in iúl gur geal léi an tionscnamh nua soghluaisteachta Culture Moves Europe, atá mar chuid den chlár Eoraip na Cruthaitheachta agus lena gcuirtear deontais soghluaisteachta ar fáil d’ealaíontóirí agus do ghairmithe cultúrtha, go háirithe d’aistritheoirí liteartha;

17.  á iarraidh ar an gCoimisiún, sa chomhthéacs sin, féachaint an bhféadfaí an tionscnamh sin a leathnú tuilleadh chuig ionadaithe eile ó earnáil na leabhar;

18.  á mheabhrú go bhfuil cumas earnáil na leabhar líonra éagsúil díoltóirí leabhar agus margadh atá faoi thionchar na nuálaíochta a choinneáil ag brath ar oideachas agus oiliúint chuí a chuireann ar chumas daoine dul i mbun gairme i dtionscal na leabhar;

19.  á chur i bhfios go láidir gur ainmnigh an Coimisiún 2023 mar Bhliain Eorpach na Scileanna agus, sa chomhthéacs sin, á iarraidh ar na Ballstáit tacú le cláir oideachais agus oiliúna atá tiomnaithe do ghníomhaithe éagsúla earnáil na leabhar;

20.  ag cur béim ar thábhacht Dhuais Litríochta an Aontais Eorpaigh (EUPL), a leagann béim ar chruthaitheacht agus éagsúlacht fhicsean chomhaimseartha an Aontais, a chuireann scaipeadh saothair liteartha an Aontais chun cinn agus a spreagann suim níos mó i saothair liteartha de thionscnamh Ballstát eile;

21.  ag tacú le cur chun cinn breise agus for-rochtain níos leithne EUPL sna Ballstáit, lena n-áirítear trí chatagóir a chruthú do leabhair Eorpacha do leanaí;

22.  ag cur béim ar an ról dearfach atá ag lucht tionchair maidir le leabhair ar na meáin shóisialta a chur chun cinn ar bhealach nuálach, agus ar an gcaoi sin an léitheoireacht agus cultúr na hEorpa a chothú i measc na nglún óg;

I dtreo cultúr cuimsitheach léitheoireachta

23.  á iarraidh go mbeadh níos mó tionscnamh ann chun an léitheoireacht a chur chun cinn sna Ballstáit, amhail ‘dearbháin chultúrtha’ a thabhairt isteach, go háirithe do dhaoine óga agus do ghrúpaí imeallaithe, rud a d’fhéadfadh é a dhéanamh níos éasca leabhair a cheannach;

24.  ag spreagadh na mBallstát beartas comhtháite náisiúnta a fhorbairt chun scileanna litearthachta a chur chun cinn, lena n-áirítear trí chomhar idir na hearnálacha leabhar agus oideachais, agus á iarraidh ar Eurostat sonraí atá cothrom le dáta agus inchomparáide a chur ar fáil maidir le nósanna léitheoireachta, go háirithe i measc leanaí;

25.  á iarraidh go dtabharfaí níos mó tacaíochta do leabhair do leanaí go háirithe, ar cheart iad a chur chun cinn trí ‘chlár chéad leabhair’ a bhunú, nó tionscnaimh chomhchosúla a bhunú ar an leibhéal náisiúnta chun an léitheoireacht a spreagadh;

26.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá léitheoireacht luath-óige, go háirithe leabhair chlóite, chun scileanna cognaíocha agus litearthachta leanaí a fhorbairt;

27.  ag cur béim, ina leith sin, ar ról leabharlanna scoile agus leabharlannaithe oilte maidir le treoir a chur ar fáil, rochtain ar eolas a éascú agus nósanna léitheoireachta a chothú;

28.  á chur in iúl gur geal léi gur sheol an Coimisiún an chéad Lá d’Údair Eorpacha d’fhonn léamh leabhar ag na glúnta óga a spreagadh, agus ag tabhairt le fios gur mian leis a bheith rannpháirteach i leanúint ar aghaidh agus i neartú an tionscnaimh sin chun oidhreacht fhadtéarmach a ráthú;

29.  á iarraidh ar na Ballstáit líonra ‘ambasadóirí léitheoireachta’ a bhunú, ar a mbeidh eiseamláirí a bhfuil meas ag daoine orthu agus a bhfuil tionchar acu a roinnfeadh a bpaisean agus a ndíograis chun an léitheoireacht a chur chun cinn;

30.  ag cur sonrú sa ról tábhachtach atá ag Europeana, ardán digiteach na hEorpa don oidhreacht chultúrtha; á iarraidh, sa chomhthéacs sin, go ndéanfaí iarrachtaí níos mó chun an t-ardán a fhorbairt tuilleadh, a mhaoiniú agus a chur chun cinn;

31.  á chur i bhfáth go bhfuil ról ag leabharlanna agus ag siopaí leabhar mar spásanna sábháilte fáiltiúla ina n-urramaítear éagsúlacht leathan tuairimí agus ina dtugtar beocht do ghníomhaíochtaí léitheoireachta agus cultúrtha; á chur in iúl gur saoth léi gach ionsaí ina gcoinne;

32.  ag cur béim ar ról sóisialta na leabharlann mar áiteanna ina mbuaileann saoránaigh le húdair agus ina ndéanann siad tuairimí a mhalartú, go háirithe i mbailte beaga agus i réigiúin bheagfhorbartha; á iarraidh ar na Ballstáit cistiú iomchuí a leithdháileadh ar leabharlanna agus á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an comhar idir leabharlanna poiblí ar fud na hEorpa;

33.  á chur i bhfios go láidir gur clocha coirnéil de chuid na bpobal áitiúil iad siopaí leabhar neamhspleácha, lena gcuirtear eispéireas difreáilte custaiméara ar fáil agus gur minic a thacaíonn siad le húdair atá ag teacht chun cinn agus le húdair áitiúla;

34.  á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún lipéad a chruthú do shiopaí leabhar neamhspleácha san Aontas Eorpaigh chun infheictheacht na siopaí leabhar áitiúla a threisiú agus chun éagsúlacht na leabhar Eorpach a chur chun cinn;

35.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról dearfach ag aontaí leabhar maidir leis an léitheoireacht agus na húdair a chur chun cinn, cúrsaíocht leabhar Eorpach a chothú agus dea-chleachtais a roinnt laistigh den earnáil;

36.  ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil treochtaí méadaitheacha i dtreo cinsireachta i roinnt Ballstát, agus á mheabhrú go bhfuil ról suntasach ag earnáil na leabhar maidir leis an tsaoirse chun go gcosnófaí tuairimí a nochtadh agus maidir leis an mbréagaisnéis a chomhrac, go háirithe trína áirithiú go mbeidh rochtain ag údair, lena n-áirítear iad siúd ó chúlraí éagsúla agus imeallaithe, ar thacaíocht agus ar dheiseanna oiliúna;

37.  á chur in iúl gur geal léi na tionscnaimh éagsúla chun tacú leis an Úcráin ó thús an chogaidh, agus go háirithe na tionscnaimh sin atá dírithe ar rochtain leanaí ar leabhair a áirithiú, lánpháirtiú dídeanaithe a éascú agus cultúr na hÚcráine a chosaint;

38.  á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go leanfaidh cistiú leordhóthanach de thacaíocht a thabhairt d’earnáil leabhar na hÚcráine, lena n-áirítear ealaíontóirí agus údair, ar feadh ré an chogaidh agus atógála na tíre;

39.  ag cur béim ar an ról atá ag Clár Eoraip na Cruthaitheachta maidir le cuid de na tionscadail sin a chistiú, amhail an tionscnamh Tales of EUkraine;

Dúshláin d’fhás earnáil na leabhar amach anseo

40.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú leis an earnáil ina haistriú glas, go háirithe trí dhreasachtaí airgeadais, taighde agus comhoibriú idir na gníomhaithe uile sa slabhra soláthair, lena n-áirítear maidir le húsáid amhábhar, pacáistiú inbhuanaithe agus an t-iompar is gá chun leabhair chlóite a tháirgeadh agus a dháileadh;

41.  ag cur béim ar chineál páipéarbhunaithe atá i réim i dtionscal na leabhar agus á iarraidh ar an gCoimisiún é sin a chur san áireamh agus beartais um aistriú glas á gceapadh agus á gcur chun feidhme;

42.  á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí na hearnála leabhair chlóite a tháirgeadh ar bhealach níos glaise agus níos inbhuanaithe trí úsáid a bhaint as páipéar deimhnithe agus athchúrsáilte, chomh maith le tionscnaimh ghaolmhara éagsúla, amhail áireamháin loirg carbóin agus lipéid ghlasa a chabhraíonn le tomhaltóirí a dtionchar ar an gcomhshaol a thuiscint agus a íoslaghdú;

43.  á iarraidh ar an gCoimisiún lipéad ‘Clóite san Eoraip’ a chruthú;

44.  á iarraidh ar na Ballstáit agus ar na geallsealbhóirí in earnáil na leabhar pleananna a chruthú chun leabhair bhreise agus leabhair lochtacha a chosc agus a dhiúscairt mar chuid d’aistriú glas na hearnála, lena n-áirítear trí thacú le cláir chlóite ar éileamh agus trí shíneadh leabhar a theorannú, go háirithe nuair atá siad nasctha le hathnuachan bailiúchán;

45.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar tháirgeadh páipéir agus dúch agus tacú le forbairt acmhainneachtaí tionsclaíocha earnáil leabhar na hEorpa chun astaíochtaí carbóin a laghdú trí leabhair a phriontáil san Eoraip, lena n-áirítear do leabhair do leanaí agus do dhaoine óga;

46.  á iarraidh ar an gCoimisiún treoirlínte soiléire a bhunú chun an Rialachán maidir le Dífhoraoisiú a chur chun feidhme, agus cineál sonrach agus castacht shlabhra earnáil na leabhar á gcur san áireamh chun a áirithiú go leanfaidh oibleagáidí na ngníomhaithe éagsúla de bheith comhréireach agus indéanta;

47.  ag aithint úsáid na hintleachta saorga (IS), amhail anailís uathoibrithe téacs, clibeáil meiteashonraí, infhionntacht ar líne agus uirlisí gairmiúla uathoibrithe aistriúcháin;

48.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá trédhearcacht a bhaineann le hoiliúint IS, lena n-áirítear bailiúcháin sonraí agus a bhfoinsí;

49.  ag spreagadh na mBallstát agus an Choimisiúin chun tacú le hoiliúint dóibh siúd a bhfuil baint acu le hearnáil na leabhar chun an t-eolas agus na scileanna is gá a thabhairt dóibh chun oiriúnú go rathúil d’athruithe a bhaineann le IS;

50.  á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le tionscadail taighde agus nuálaíochta maidir le húsáid IS chun éifeachtúlacht na hearnála a fheabhsú, go háirithe maidir le hinbhuanaitheacht chomhshaoil agus inrochtaineacht, mar shampla tríd an gclár Fís Eorpach;

51.  á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le tionscnaimh náisiúnta maidir le comhroinnt agus caighdeánú sonraí, agus sonraí a bhailiú maidir le hearnáil na leabhar Eorpach ina hiomláine, chun tuiscint níos fearr a fháil ar na dúshláin atá os comhair na hearnála agus chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt di, agus chun barr feabhais a chur ar iarrachtaí táirgthe, dáileacháin agus inbhuanaitheachta sa phróiseas;

52.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé sonraí a bhailiú ó fhoilsitheoirí chun bunús gach cuid den leabhar a thaispeáint ar fud an tslabhra táirgeachta, lena n-áirítear faisnéis maidir le háit tionscnaimh agus deimhniú foinsithe na n-ábhar a úsáidtear;

53.  á iarraidh ar na Ballstáit dálaí oibre cuibhiúla a áirithiú d’fhostaithe in earnáil na leabhar, lena n-áirítear luach saothair cóir d’aistritheoirí agus d’údair;

54.  ag tabhairt dá haire, cé gurb ionann mná agus tromlach na bhfostaithe in earnáil na leabhar, go bhfuil siad fós faoi ghannionadaíocht i bpoist shinsearacha feidhmiúcháin;

55.  á iarraidh go mbeadh ráta nialasach ag leabhair le haghaidh CBL sna Ballstáit, beag beann ar a bhformáid nó conas a fhaightear rochtain orthu, chun tacú le geilleagar an eolais, an léitheoireacht a spreagadh agus a tairbhí ar feadh an tsaoil a chur chun cinn;

56.  á chur i bhfáth gur gá iomaíocht chóir agus trédhearcacht a áirithiú maidir le húinéireacht tithe foilsitheoireachta i margadh na leabhar chun rogha tomhaltóirí agus éagsúlacht chultúrtha a ráthú; ag leagan béim ar chleachtais éagóracha gníomhaithe ceannasacha áirithe ar líne a bhaineann mí-úsáid as a seasamh chun aimhleasa gníomhaithe níos lú sa slabhra luacha;

57.  ag cur béim ar an ról atá ag na muirir saor in aisce nó ísle seachadta a thairgeann roinnt ardáin cheannasach ar líne chun tomhaltóirí a mhealladh agus an tionchar atá aige sin ar iomaíocht chóir, go háirithe maidir le siopaí leabhar neamhspleácha;

58.  á iarraidh go mbeadh idir-inoibritheacht ríomhleabhar thar fheistí, mar gur cheart go mbeadh tomhaltóirí in ann a ríomhleabhair a fháil ó aon soláthraí, gan beann ar a ngléas r-léitheoireachta, agus rochtain, léamh, stóráil agus aistriú ar aon ríomhleabhar i bhformáid ar bith a bheith acu;

59.  ag tathant ar an gCoimisiún idir-inoibritheacht formáidí agus gléasanna ríomhleabhar a áireamh faoi raon feidhme na hIonstraime um Margaí Digiteacha;

60.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme éifeachtach na hIonstraime um Margaí Digiteacha ag gníomhaithe ceannasacha sa mhargadh ar líne agus ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí;

o
o   o

61.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1) IO L 167, 22.6.2001, lch. 10.
(2) IO L 272, 13.10.2001, lch. 32.
(3) IO L 376, 27.12.2006, lch. 28.
(4) IO L 299, 27.10.2012, lch. 5.
(5) IO L 242, 20.9.2017, lch. 1.
(6) IO L 242, 20.9.2017, lch. 6.
(7) IO L 151, 7.6.2019, lch. 70.
(8) IO L 168, 30.6.2017, lch. 1.
(9) IO L 130, 17.5.2019, lch. 92.
(10) IO L 170, 12.5.2021, lch. 1.
(11) IO L 189, 28.5.2021, lch. 34.
(12) IO L 265, 12.10.2022, lch. 1.
(13) IO L 277, 27.10.2022, lch. 1.
(14) IO C 15, 12.1.2022, lch. 28.
(15) IO C 81 E, 15.3.2011, lch. 16.
(16) IO C 219 E, 28.8.2008, lch. 296.
(17) IO C 73, 6.3.2001, lch. 5.
(18) Staitisticí an Mhargaidh Leabhar Eorpaigh 2021-2022, Cónaidhm na bhFoilsitheoirí Eorpacha.
(19) Rialachán (AE) 2023/1115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoisí a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 206).
(20) Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).

An nuashonrú is déanaí: 19 Nollaig 2023Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais