Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Deireadh Fómhair 2023 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an Aontas agus a Bhallstáit a chosaint ar chomhéigean eacnamaíoch de dhéanamh tríú tíortha (COM(2021)0775 – C9-0458/2021 – 2021/0406(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0775),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 207(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0458/2021),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta, agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle ina litir an 14 Meitheamh 2023 go ndéanfaí seasamh na Parlaiminte a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha agus ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A9-0246/2022),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. ag formheas an ráitis chomhpháirtigh ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
3. ag cur sonrú sa ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo, agus a fhoilseofar i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
4. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
5. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 3 Deireadh Fómhair 2023 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2023/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an Aontas agus a Bhallstáit a chosaint ar chomhéigean eacnamaíoch de dhéanamh tríú tíortha
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2023/2675.)
IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH
Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le Rialachán (AE) 2023/2675 maidir leis an Aontas agus a Bhallstáit a chosaint ar chomhéigean eacnamaíoch de dhéanamh tríú tíortha
Féadfaidh comhéigean eacnamaíoch difear a dhéanamh d’aon réimse de ghníomhaíochtaí an Aontais nó Ballstáit agus d’fhéadfadh impleachtaí casta polaitiúla, eacnamaíocha agus dlíthiúla a bheith ag baint leis. Is freagairt riachtanach agus éifeachtach é an Rialachán seo ar an gcomhéigean eacnamaíoch agus oibríonn sé trí dhíspreagadh ach d’fhéadfadh glacadh frithbheart a bheith mar thoradh air, i gcás inar gá mar rogha dheireanach. Níl aon fhasach ag an Rialachán seo, tá sé ceaptha go cúramach agus aird chuí á tabhairt ar impleachtaí suntasacha na gcásanna comhéigin eacnamaíoch. Dá bhrí sin, tá an Rialachán seo agus na cineálacha cur chuige atá ann, go háirithe cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Chomhairle faoi Airteagal 4, bainteach go docht le hábhar agus ní hionann iad agus fasach do chomhaid reachtacha eile bunaithe ar Airteagal 207 CFAE, ná do na gníomhartha sin a mholadh. Chomh maith céanna, ní dhéanann na rialacha maidir le húsáid an nós imeachta scrúdúcháin i ndáil le bearta freagartha de chuid an Aontais a comhaontaíodh san ionstraim seo réamhbhreith ar thoradh na caibidlíochta reachtaí eile atá ar siúl nó a bheidh ann amach anseo agus ní mheasfar gur fasach iad do chomhaid reachtacha eile. Dá bhrí sin, ní mheasfar gur fasach é an Rialachán seo do ghníomhartha eile.’
Ráiteas ón gCoimisiún maidir le húsáid nós imeachta scrúdúcháin le haghaidh bearta freagartha an Aontais faoi Rialachán (AE) 2023/2675 maidir leis an Aontas agus a Bhallstáit a chosaint ar chomhéigean eacnamaíoch de dhéanamh tríú tíortha
Tá an Coimisiún tiomanta do bheith ag comhoibriú go dlúth le Parlaimint na hEorpa, leis an gComhairle agus le Ballstáit an Aontais agus Ionstraim Frith‑chomhéigin an Aontais á cur i bhfeidhm, ag gach céim, de réir na rialacha agus na ndea-chleachtas is infheidhme. Tugann an Coimisiún dá aire go dtacóidh freagairt aontaithe ón Aontas le príomhghnéithe na hionstraime, mar atá, díspreagadh agus éifeachtacht, agus go mbeidh sé ar an gceann is iomchuí i bhfianaise chineál íogair na hionstraime.
Cuireann an Coimisiún i dtábhacht go láidir, i gcomhthéacs an Rialacháin seo, gur féidir teacht ar réitigh a bhfuil an tacaíocht is leithne is féidir acu i bhfianaise chineál agus thionchar ghníomhaíocht an Aontais faoin rialachán. Chun an rialachán seo a chur i bhfeidhm, is gá measúnú a dhéanamh ar ábhair chasta eacnamaíocha, beartais agus dlí, rud a chuireann spás mór ar fáil maidir le réitigh a roghnú, go háirithe iad siúd a bhfuil an tacaíocht is leithne is féidir acu ó Bhallstáit an Aontais.
I ndáil leis an méid sin, agus a chumhachtaí cur chun feidhme faoin rialachán á bhfeidhmiú aige, agus de réir na rialacha agus na bprionsabal ginearálta arna mbunú ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle agus arna leagan síos i Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar dheiseanna luatha éifeachtacha a thabhairt do choiste Bhallstáit an Aontais scrúdú a dhéanamh ar aon dréachtghníomh cur chun feidhme agus tuairimí a chur in iúl sula ndéanfar vótáil agus, i gcónaí, chun oibriú i dtreo réitigh a mbeidh an tacaíocht is leithne is féidir acu ó Bhallstáit an Aontais laistigh den choiste. Faoi réir cosaint faisnéise rúnda, an anailís ar na bearta atá beartaithe dá dtagraítear in Airteagal 13(4), cuirfidh an Coimisiún í ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle go pras nuair a chuirfear faoi bhráid na mBallstát iad. I gcás ina mbaineann bearta freagartha beartaithe an Aontais leis na bearta sin a bhfuil cur síos orthu in Airteagal 8(4), tarraingeoidh an Coimisiún aird Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle air sin.
Thairis sin, i gcás nach dtugann coiste aon tuairim maidir le dréachtghníomh cur chun feidhme, tabharfaidh an Coimisiún lánaird ar na tuairimí a cuireadh in iúl laistigh den choiste agus tabharfaidh sé tús áite d’fhilleadh ar an gcoiste le dréachtghníomh leasaithe chun a áirithiú go dtabharfar an tacaíocht is leithne is féidir do thuairim dhearfach trí chomhthoil nó trí thromlach cáilithe i bhfabhar maidir le dréachtghníomh leasaithe. Más gá dul i muinín an choiste achomhairc, tabharfaidh an Coimisiún lánaird ar na tuairimí a cuireadh in iúl laistigh den choiste achomhairc agus oibreoidh sé i dtreo bearta a ghlacadh atá bunaithe ar an tacaíocht is leithne is féidir do thuairim dhearfach trí chomhthoil nó trí thromlach cáilithe i bhfabhar. I gcás nach dtabharfaidh an coiste achomhairc tuairim uaidh maidir le dréachtghníomh cur chun feidhme, gníomhóidh an Coimisiún ar shlí ina seachnófar dul i gcoinne aon seasaimh cheannasaigh laistigh den choiste achomhairc, ar seasamh é a bheadh in aghaidh oiriúnacht dréachtghnímh chur chun feidhme.’